Uimhir 1 de 1961.
AN tACHT UM MARGÚ TÁIRGÍ DÉIRÍOCHTA, 1961.
[An tiontú oifigiúil.]
Tosach feidhme.
1.—Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin, le hordú nó le horduithe a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo, i gcoitinne nó maidir le haon chríoch nó foráil airithe agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú le haghaidh críocha éagsúla agus forálacha éagsúla.
Léiriú.
1924, Umih. 58.
2.—(1) San Acht seo ach amháin i gcás ina n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—
ciallaíonn “an Bord” an Bord Bainne a bhunaítear leis an Acht seo;
tá le “im”, “uachtarlann” “gnó uachtarlainne”, “im uachtarlainne” agus “gnó deighilte uachtair” na bríonna atá leo faoi seach san Acht Toradh Déiríochta, 1924;
ciallaíonn “tobhach ar im” an tobhach ar im dá bhforáiltear faoi alt 37 den Acht seo;
ciallaíonn “tobhach ar stoic ime” an tobhach ar stoic ime dá bhforáiltear faoi alt 38 den Acht seo;
tá le “an Coiste” sa bhrí a thugtar dó le halt 50 den Acht seo;
ciallaíonn “an Chuideachta” Cuideachta na Déirí-Dhéileála, Teoranta;
ciallaíonn “stáisiún deighilte uachtair” áitreabh atá cláraithe faoin Acht Toradh Déiríochta, 1924, sa chlár de stáisiúin deighilte uachtair;
ciallaíonn “an lá bunaithe” an lá a cheapfar chun bheith ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo le hordú ón Aire arna dhéanamh faoi alt 3 den Acht seo;
folaíonn “feidhmeanna”, maidir leis an mBord, cumhachtaí agus dualgais, agus folaíonn tagairtí d'fheidhmeanna a chomhlíonadh tagairtí do chumhachtaí a fheidhmiú agus do dhualgais a chomhlíonadh;
ciallaíonn “an Ciste” an Ciste Táirgí Déiríochta a bhunófar le halt 29 den Acht seo;
ciallaíonn “bainne” bainne i bhfoirm leachta agus folaíonn sé fíorbhainne, bainne bearrtha nó bainne deighilte, bláthach, nó meadhg, i bhfoirm leachta;
ciallaíonn “tobhach ar bhainne” an tobhach ar bhainne dá bhforáiltear faoi alt 36 den Acht seo;
folaíonn “táirge bainne” aon substaint atá déanta, go hiomlán nó go páirteach, as bainne nó is táirge nó fo-tháirge bainne agus arb éard é—
(a) im, uachtar, cáis amh, cáis phróisithe, bainne comhdhlúite, bainne tiormaithe nó bainne púdaraithe, grabhróg seacláide nó cáiséin, nó
(b) substaint a mbeidh sé dearbhaithe de thuras na huaire le rialacháin a rinne an tAire faoi fho-alt (2) den alt seo gur táirge bainne í;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Talmhaíochta;
ciallaíonn “la ainmniúcháin” lá a cheapfar chun a bheith ina lá ainmniúcháin chun críocha an Achta seo faoi alt 7 den Acht seo;
ciallaíonn “dílseánach cláraithe”, nuair a úsáidtear é maidir le huachtarlann, an duine a sheolann an gnó uachtarlainne san uachtarlann sin, agus, nuair a úsáidtear é maidir le stáisiún deighilte uachtair, an duine a sheolann an gnó deighilte uachtair sa stáisiún sin;
ciallaíonn “dílseánach cláraithe áitribh” an duine a sheolann in áitreabh atá cláraithe faoi Chuid III den Acht Toradh Déiríochta, 1924, an gnó a bhfuil an t-áitreabh cláraithe ina leith;
ciallaíonn “ceann comhairimh”, maidir le ballóid faoin Acht seo, an duine is ceann comhairimh le haghaidh na ballóide sin de bhua alt 12 den Acht seo;
ciallaíonn “cumann” cumann atá cláraithe faoi Achtanna na gCumann Tionscail agus Soláthair, 1893 go 1936;
ciallaíonn “lá an aistrithe” an lá a cheapfar mar lá an aistrithe chun críocha an Achta seo le hordú ón Aire arna dhéanamh faoi alt 50 den Acht seo.
(2) (a) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, a dhearbhú gur táirge bainne chun críocha an Achta seo aon substaint (seachas substaint dá dtagraítear go sonrach i mír (a) sa mhíniú ar “táirge bainne” i bhfo-alt (1) den alt seo) a bheidh déanta go hiomlán nó go páirteach as bainne nó as táirge nó fo-tháirge bainne.
(b) Aon uair agus an fad a bheidh rialacháin faoin bhfo-alt seo i bhfeidhm á dhearbhú gur táirge bainne chun críocha an Achta seo substaint áirithe, is tairge bainne chun na gcríocha sin an tsubstaint sin.
An lá bunaithe.
3.—Féadfaidh an tAire le hordú faoin alt seo lá a cheapadb chun bheith ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo.
Bunú agus dualgas ginearálta an Bhoird.
4.—(1) Déanfar, de bhua an ailt seo, bord ar a dtabharfar agus dá ngairfear An Bord Bainne a bhunú an lá bunaithe chun na feidhmeanna a shanntar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh.
(2) Beidh an Bord ina chomhlacht corpraithe le comharbas suthain agus séala oifigiúil (ar a dtabharfar aird bhreithiúnach) agus beidh cumhacht agartha aige agus beidh sé inagartha faoina ainm chorpraithe agus beidh cumhacht aige talamh a thógáil, a theachtadh, agus a dhiúscairt.
(3) Is é dualgas ginearálta an Bhoird iarracht a dhéanamh ar mhargú táirgí bainne lasmuigh den Stát a fheabhsú agus a fhorbairt agus an margú a dúradh agus a fhorbairt a dhéanamh chomh folúthach sin go n-áiritheofar, a mhéid is féidir é, go mbainfear an úsáid is tairbhí is feidir as an mbainne agus go bhfaighidh táirgeoirí bainne sochar réasúnach as.
Feidhmeanna an Bhoird.
5.—(1) Beidh ag an mBord, i dteannta na bhfeidhmeanna a shanntar dó le haon fhoráil eile den Acht seo, na feidhmeanna ginearálta seo, is é sin:
(a) bainne agus táirgí bainne de cibé saghas nó cineál a shonróidh an tAire ó am go ham, i scríbhinn, don Bhord a onnmhairiú nó socrú a dhéanamh chun iad a onnmhuiriú agus sin, mar a shonróidh an tAire ó am go ham, i scríbhinn, don Bhord, i gcoitinne nó go dtí cibé tír nó tíortha a shonróidh an tAire amhlaidh, agus
(b) onnmhairiú bainne agus táirgí bainne a chur chun cinn, a urasú, a spreagadh, a chomhoirdniú agus a fhorbairt, agus cabhrú (le hairgead nó ar shlí eile) leis an onnmhairiú sin, i cibé cuma is dóigh leis an mBord is gá nó is inmhianaithe.
(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an Bord aon ní nó gach ní acu seo a leanas a dhéanamh:
(a) bainne agus táirgí bainne a fháil, trí cheannach nó ar shlí eile, a stóráil, a dhiúscairt, trí dhíol nó ar shlí eile, a allmhairiú agus a onnmhairiú,
(b) gabháil do ghnó déileála mór-reaca agus mionreaca bainne agus táirgí bainne—
(i) lasmuigh den Stát, agus
(ii) le toiliú i scríbhinn ón Aire agus go dtí cibé tráth (más aon tráth é) a dhéanfaidh an tAire an toiliú a tharraingt siar i scríbhinn, sa Stát,
(c) fiosrúcháin, suirbhéireachtaí, anailíseanna, staidéir agus tuarascálacha maidir le margaí, margaí ionchasacha agus cúrsaí margaidh le haghaidh bainne agus táirgí bainne sa Stát agus lasmuigh den Stát a dhéanamh nó socrú á dhéanamh faoina chomhair sin,
(d) athbhreithnithe, suirbhéireachtaí agus staidéir forleitheadúla, tréimhsiúla maidir le trádáil i mbainne agus i dtáirgí bainne sa Stát agus lasmuigh den Stát a dhéanamh nó socrú a dhéanamh faoina chomhair sin,
(e) obair thurgnamhach agus forbartha agus fiosrúcháin, maidir le soláthar cineálacha nua agus feabhsaithe tairgí bainne, pacála le haghaidh bainne agus táirgí bainne agus modhanna chun bainne agus táirgí bainne a thairiscint le haghaidh an mhargaidh, a dhéanamh nó socrú a dhéanamh faoina chomhair sin agus cabhrú, le hairgead nó ar shlí eile, chuige sin,
(f) poiblíocht in aon fhoirm nó meán a chur ar fáil, nó socrú a dhéanamh lena chur ar fail, sa Stát agus lasmuigh den Stát chun daoine a spreagadh chun tuilleadh bainne agus táirgí bainne a thomhailt agus a úsáid agus chun dlús a chur le méadú ar na cainníochtaí bainne agus táirgí bainne a onnmhaireofar as an Stát,
(g) seomraí taispeántais, buróanna eolais agus bunachais dá samhail a bheidh beartaithe chun dlús a chur le tuilleadh bainne agus táirgí bainne a thomhailt agus a úsáid agus dlús a chur le méadú ar na cainníochtaí bainne agus táirgí bainne a onnmhaireofar as an Stát, a bhunú, a fheistiú agus a oibriú, agus socrú a dhéanamh chun iad a bhunú, a fheistiú agus a oibriú, agus cabhrú leis an oibriú sin, le hairgead nó ar shlí eile, sa Stát agus lasmuigh den Stát,
(h) paimfléid, fógraí irisí, iriseáin, nuachtáin, irisleabhair agus ábhar eile dá samhail is oiriúnach leis a fhoilsiú agus a imdháil, nó a chur dá bhfoilsiú agus dá n-imdháil, sa Stát agus lasmuigh den Stat, chun daoine a spreagadh chun tuilleadh bainne agus táirgí bainne a thomhailt agus a úsáid agus chun dlús a chur le méadú ar na cainníochtaí bainne agus táirgí bainne a onnmhaireofar as an Stát,
(i) aon ghníomhaíocht a mheasfaidh an Bord dá dtiocfaidh nó ar dócha go dtiocfaidh di, go díreach nó go neamhdhíreach, méadú ar na cainníochtaí bainne agus tráigí bainne a onnmhaireofar as an Stát a ghabhail de láimh, a chur chun cinn nó socrú a dhéanamh chun í a chur chun cinn, agus cabhrú, le hairgead nó ar shlí eile, lena cur chun cinn.
Feidhmeanna breise a shannadh don Bhord.
6.—(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, ó am go ham le hordú—
(a) cibé feidhmeanna breise maidir le bainne nó le táirgí bainne is oiriúnach leis a shannadh don Bhord,
(b) cibé foráil is dóigh leis is inmhianaithe nó is gá a dhéanamh maidir le nithe a ghabhfaidh le sannadh feidhmeanna don Bhord faoin Acht seo nó le comhlíonadh na bhfeidhmeanna sin ag an mBord nó a éireoidh as an sannadh nó an comhlíonadh sin.
(2) Féadfaidh an tAire le hordú ordú faoin alt seo (lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo) a chúlghairm nó a leasú.
An bhliain ainmniúcháin agus an lá ainmniúcháin.
7.—(1) Is iad na blianta ainmniúcháin chun críocha an Achta seo—
(a) an bhliain ar lá di an lá bunaithe, agus
(b) gach ceathrú bliain chomhleanúnach ina dhiaidh sin.
(2) Féadfaidh an tAire le rialacháin a dhéanfar faoin alt seo lá a cheapadh gach bliain ainmniúcháin chun bheith, chun críocha an Achta seo, ina lá ainmniúcháin an bhliain ainmniúcháin sin.
Comhdhéanamh an Bhoird.
8.—(1) Naonúr comhaltaí a bheidh ar an mBord agus beidh duine acu ina chathaoirleach agus gnathchomhaltaí a bheidh sna daoine eile.
(2) Is iad a bheidh ina gcomhaltaí den Bhord—
(a) triúr daoine a ainmneofar faoi alt 9 den Acht seo chun bheith ina gcomhaltaí den Bhord,
(b) duine amháin a ainmneofar faoi alt 10 den Acht seo chun bheith ina chomhalta den Bhord,
(c) duine amháin—
(i) is duine a ainmneoidh na monaróirí ceadúnaithe cáise chun bheith ina chomhalta den Bhord agus a ndéanfar fógra i scríbhinn maidir lena ainmniú a sheachadadh don Aire (maraon le ráiteas i scríbhinn arna shíniú ag an duine á chur in iúl go dtoilíonn sé leis an ainmniú) roimh an lá ainmniúcháin an bhliain ainmniúcháin a dhéanfar an t-ainmniú, nó
(ii) má tharlaíonn aon bhliain ainmniúcháin nach ndéanfaidh na monaróirí ceadúnaithe cáise, roimh an lá ainmniúcháin an bhliain sin, duine a ainmniú agus an fógra agus an ráiteas maidir leis an duine dá dtagraítear i bhfomhír (i) den mhír seo a sheachadadh don Aire, is duine a ainmneoidh an tAire agus a mheasfaidh an tAire a bheith ionadach do na monaróirí sin,
(d) duine amháin—
(i) is duine a ainmneoidh na monaróirí ceadúnaithe púdair bainne chun bheith ina chomhalta den Bhord agus a ndéanfar fógra i scríbhinn maidir lena ainmniú a sheachadadh don Aire (maraon le ráiteas i scríbhinn arna shíniú ag an duine á chur in iúl go dtoilíonn sé leis an ainmniú) roimh an lá ainmniúcháin an bhliain ainmniúcháin a dhéanfar an t-ainmniú, nó
(ii) má tharlaíonn aon bhliain ainmniúcháin nach ndéanfaidh na monaróirí ceadúnaithe púdair bainne, roimh an lá ainmniúcháin an bhliain sin, duine a ainmniú agus an fógra agus an ráiteas maidir leis an duine dá dtagraítear i bhfomhír (i) den mhír seo a sheachadadh don Aire, is duine a ainmneoidh an tAire agus a mheasfaidh an tAire a bheith ionadach do na monaróirí sin,
(e) duine amháin—
(i) is duine a ainmneoidh na monaróirí ceadúnaithe grabhróga seacláide chun bheith ina chomhalta den Bhord agus a ndéanfar fógra i scríbhinn maidir lena ainmniú a sheachadadh don Aire (maraon le ráiteas i scríbhinn arna shíniú ag an duine á chur in iúl go dtoilíonn sé leis an ainmniú roimh an lá ainmniúcháin an bhliain ainmniúcháin a dhéanfar an t-ainmniú, nó
(ii) má tharlaíonn aon bhliain ainmniúcháin nach ndéanfaidh na monaróirí ceadúnaithe grabhróga seaclaide, roimh an lá ainmniúcháin an bhliain sin, duine a ainmniú agus an fógra agus an ráiteas maidir leis an duine dá dtagraítear i bhfomhír (i) den mhír seo, is duine a ainmneoidh an tAire agus a mheasfaidh an tAire a bheith ionadach do na monaróirí sin,
(f) duine amháin a ainmneoidh an tAire agus a mheasfaidh an tAire a bheith ionadach don Chuideachta, agus
(g) oifigeach amhain don Aire a ainmneoidh an tAire.
(3) Déanfar na chéad chomhaltaí den Bhord a ainmniú roimh an lá bunaithe.
(4) Gach bliain ainmniúcháin i ndiaidh na bliana ainmniúcháin ar lá di an lá bunaithe ainmneofar comhaltaí an Bhoird roimh an lú lá de Dheireadh Fómhair an bhliain sin.
(5) San alt seo ciallaíonn “na monaróirí ceadúnaithe”, nuair a úsáidtear é maidir le cáis, púdar bainne nó grabhróg seacláide, gach duine a bhíonn ag gabháil do mhonarú cáise, púdair bainne nó grabhróige seacláide, de réir mar a bheidh, in áitreabh a fuarthas, a bunaíodh nó a chothabháiltear faoi réir agus de réir cheadúnas arna ndeonú faoi Acht na nUachtarlann, 1928, do na daoine sin nó dá réamhtheachtaithe i dteideal.
Triúr a ainmniú mar chomhaltaí den Bhord ag comhar-chumainn áirithe.
9.—(1) I rith na tréimhse míosa a chríochnóidh díreach roimh an lá ainmniúcháin aon bhliain ainmniúcháin, féadfaidh cumainn is dílseánaigh chláraithe ar uachtarlanna nó ar stáisiúin deighilte uachtair sna contaetha seo a leanas, is é sin, An Clár, Corcaigh, Ciarraí, Cill Chainnigh, Laoighis, Luimneach, Tiobraid Árann, Port Láirge nó Loch Garman, féadfaidh siad, de réir fhorálacha fho-alt (4) den alt seo, daoine a mholadh le hainmniú mar chomhaltaí den Bhord, ach ní mholfaidh cumann níos mó ná duine amháin faoin bhfo-alt seo aon bhliain ainmniúcháin áirithe.
(2) I rith na tréimhse míosa a chríochnóidh díreach roimh an lá ainmniúcháin aon bhliain ainmniúcháin, féadfaidh cumainn is dílseánaigh chláraithe ar uachtarlanna nó ar stáisiúin deighilte uachtair atá in áiteanna eile sa Stát, seachas na contaetha a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo, féadfaidh siad, de réir fhorálacha fho-alt (4) den alt seo, daoine a mholadh le hainmniú mar chomhaltaí den Bhord, ach ní mholfaidh cumann níos mó ná duine amháin faoin bhfo-alt seo aon bhliain ainmniúcháin áirithe.
(3) I rith na tréimhse míosa a chríochnóidh díreach roimh an lá ainmniúcháin aon bhliain ainmniúcháin, féadfaidh cumainn is dílseánaigh chláraithe ar uachtarlanna nó ar stáisiúin deighilte uachtair atá in aon áit sa Stát, féadfaidh siad, de réir fhorálacha fho-alt (4) den alt seo, daoine a mholadh le hainmniú mar chomhaltai den Bhord, ach ní mholfaidh cumann níos mó ná duine amháin faoin bhfo-alt seo aon bhliain ainmniúcháin áirithe.
(4) Maidir le moladh aon bhliain ainmniúcháin faoi aon fho-alt acu sin roimhe seo, déanfar é i scr bhinn ag aon sé cinn de na cumainn a shonraítear san fho-alt faoina ndéanfar an moladh (agus, i gcás moladh faoi fho-alt (3) den alt seo, déarfar ann gur faoin bhfo-alt sin atáthar á dhéanamh) agus seachadfar don cheann comhairimh é (maraon le ráiteas i scríbhinn arna shíniú ag an duine a bheidh molta á rá go dtoilíonn sé leis an moladh) i rith na tréimhse míosa a chríochnóidh díreach roimh an lá ainmniúcháin an bhliain sin.
(5) Mura mbeidh ach an t-aon-duine amháin molta faoi fho-alt (1) den alt seo an lá ainmniúcháin aon bhliain ainmniúcháin áirithe, measfar an duine sin a bheith ainmnithe mar chomhalta den Bhord faoin alt seo ag na cumainn a shonraítear san fho-alt sin.
(6) Má bhíonn níos mó ná duine amháin molta faoi fho-alt (1) den alt seo an lá ainmniúcháin in aon bhliain ainmniúcháin áirithe, seolfar ballóid ina mbeidh gach cumann a shonraítear san fho-alt sin i dteideal vótáil do dhuine de na daoine a bheidh molta mar a dúradh, agus—
(a) i gcás ina bhfaighidh duine amhain níos mó vótaí ná aon duine eile sa bhallóid, measfar an duine sin a bheith ainmnithe mar chomhalta den Bhord faoin alt seo ag na cumainn a shonraítear san fho-alt sin, agus
(b) i gcás ina bhfaighidh beirt daoine nó níos mó an uimhir chéanna vótaí sa bhallóid, cinnfidh an ceann comhairimh trí chrannchur cé acu de na daoine sin a bheidh ainmnithe mar chomhalta den Bhord, agus an duine a chinnfear amhlaidh measfar é a bheith ainmnithe ina chomhalta den Bhord faoin alt seo ag na cumainn a shonraítear san fho-alt sin.
(7) (a) Beidh feidhm ag forálacha fho-ailt (5) agus (6) den alt seo maidir le hainmniú daoine a mholfar faoi fho-alt (2) den alt seo sa tslí chéanna ina bhfuil feidhm acu maidir le hainmniú daoine a mholtar faoi fho-alt (1) den alt seo.
(b) Beidh feidhm ag forálacha fho-ailt (5) agus (6) den alt seo maidir le hainmniú daoine a mholfar faoi fho-alt (3) den alt seo sa tslí chéanna ina bhfuil feidhm acu maidir le daoine a mholtar faoi fho-alt (1) den alt seo.
(8) Aon duine a mheasfar a bheith ainmnithe mar chomhalta den Bhord faoin alt seo ag na cumainn a shonraítear i bhfo-alt (3) den alt seo déanfaidh sé a dhícheall eolas a chur ar leasa speisialta na gcumann a dúradh maidir le huachtar úr a tháirgeadh agus an Bord a choimeád eolach ar na leasa sin.
Duine a ainmniú mar chomhalta den Bhord ag daoine a sholáthraíonn bainne d'uachtarlanna leis an gColáiste Ollscoile, Corcaigh, leis an gCuideachta Déirí-Dhéileála, Teoranta, nó a chomhchuideachtaí.
10.—(1) I rith na tréimhse míosa a chríochnóidh díreach roimh an lá ainmniúcháin aon bhliain ainmniúcháin áirithe, féadfaidh daoine a sholáthraíonn bainne d'uachtarlanna nó do stáisiúin deighilte uachtair arb iad a ndílseánaigh chláraithe an Coláiste Ollscoile, Corcaigh, an Chuideachta, Cuideachta Bhainne Chomhdhlúite na hÉireann (1928), Teoranta, nó Cumann Déiríochta Ath Trasna (1932), Teoranta, féadfaidh siad, de réir fhorálacha fho-alt (2) den alt seo daoine a mholadh le hainmniú mar chomhaltaí den Bhord, ach ní mholfaidh duine níos mó ná duine amháin faoin bhfo-alt seo aon bhliain ainmniúcháin áirithe.
(2) Maidir le moladh aon bhliain ainmniúcháin faoi fho-alt (1) den alt seo déanfar é i scríbhinn ag aon fiche duine a ndearna gach duine acu bainne a sholáthar roimh thosach na tréimhse míosa dá dtagraítear san fho-alt sin (1) d'aon uachtarlann nó stáisiúin deighilte uachtair agus seachadfar don cheann comhairimh é (maraon le ráiteas i scríbhinn arna shíniú ag an duine a bheidh molta á rá go dtoilíonn sé leis an moladh) i rith na tréimhse míosa a chríochnóidh díreach roimh an lá ainmniúcháin an bhliain sin.
(3) Má tharlaíonn, an lá ainmniúcháin aon bhliain ainmniúcháin áirithe, nach mbeidh ach an t-aon-duine amháin molta faoin alt seo measfar an duine sin a bheith ainmnithe mar chomhalta den Bhord faoin alt seo.
(4) Má tharlaíonn, an lá ainmniúcháin aon bhliain ainmniúcháin áirithe, go mbeidh níos mó ná duine amháin molta faoin alt seo, seolfar ballóid ina mbeidh gach duine a bheidh i dteideal faoin alt seo duine a ainmniú an bhliain ainmniúcháin sin chun bheith ina chomhalta den Bhord i dteideal vótáil do dhuine de na daoine a bheidh molta mar a dúradh, agus
(a) i gcás ina bhfaighidh duine amháin níos mó vótaí ná aon duine eile sa bhallóid, measfar an duine sin a bheith ainmnithe mar chomhalta den Bhord faoin alt seo, agus
(b) i gcás ina bhfaighidh beirt daoine nó níos mó an uimhir chéanna vótaí sa bhallóid, cinnfidh an ceann comhairimh trí chrannchur cé acu de na daoine sin a bheidh ainmnithe mar chomhalta den Bhord, agus an duine a chinnfear amhlaidh measfar é a bheith ainmnithe ina chomhalta den Bhord faoin alt seo.
Srian maidir le toiliú le hainmniú nó moladh le hainmniú.
11.—(1) Aon duine a bheidh, aon bhliain ainmniúcháin áirithe, tar éis ráiteas i scríbhinn a shíniú á chur in iúl go dtoilíonn sé lena ainmniú mar chomhalta den Bhord ag aon cheann de na grúpaí monaróirí a shonraítear in alt 8 den Acht seo, ní dhéanfaidh sé, an bhliain ainmniúcháin sin, ráiteas i scríbhinn a shíniú—
(a) á chur in iúl go dtoilíonn sé lena ainmniú mar chomhalta den Bhord ag aon ghrúpa eile de na grúpaí monaróirí a shonraítear san alt sin 8, nó
(b) á chur in iúl go dtoilíonn sé le moladh go n-ainmneofaí é mar chomhalta den Bhord faoi alt 9 nó 10 den Acht seo.
(2) Aon duine a bheidh, aon bhliain ainmniúcháin áirithe, tar éis ráiteas i scríbhinn a shíniú á chur in iúl go dtoilíonn sé le moladh faoi aon fhoráil d'alt 9 den Acht seo ó aon cheann de na cumainn a shonraítear san fhoráil sin go n-ainmneofaí mar chomhalta den Bhord é, ní dhéanfaidh sé, an bhliain ainmniúcháin sin, ráiteas i scríbhinn a shíniú—
(a) á chur in iúl go dtoilíonn sé le moladh faoi aon fhoráil eile atá, nó ó aon cheann eile de na cumainn a shonraítear, san alt sin 9 go n-ainmneofaí é mar chomhalta den Bhord,
(b) á chur in iúl go dtoilíonn sé lena ainmniú mar chomhalta den Bhord ag aon cheann de na grúpaí monaróirí a shonraítear in alt 8 den Acht seo, nó
(c) á chur in iúl go dtoilíonn sé le moladh go n-ainmneofaí é mar chomhalta den Bhord faoi alt 10 den Acht seo.
(3) Aon duine a bheidh, aon bhliain ainmniúcháin áirithe, tar éis ráiteas i scríbhinn a shíniú á chur in iúl go dtoilíonn sé le moladh ó aon duine de na daoine a shonraítear in alt 10 den Acht seo go n-ainmneofaí mar chomhalta den Bhord é, ní dhéanfaidh sé, an bhliain ainmniúcháin sin, ráiteas i scríbhinn a shíniú—
(a) á chur in iúl go dtoilíonn sé le moladh ó aon duine eile de na daoine a shonraítear san alt sin 10 go n-ainmneofaí é mar chomhalta den Bhord,
(b) á chur in iúl go dtoilíonn sé lena ainmniú mar chomhalta den Bhord ag aon cheann de na grúpa monaróirí a shonraítear in alt 8 den Acht seo, nó
(c) á chur in iúl go dtoilíonn sé le moladh go n-ainmneofaí é mar chomhalta den Bhord faoi alt 9 den Acht seo.
(4) Má shíníonn duine ráiteas contrártha d'aon cheann de na forálacha sin roimhe seo den alt seo, beidh an t-ainmniú nó an moladh lena mbainfidh an ráiteas ar neamhní.
Forálacha maidir le ballóidí faoi ailt 9 agus 10.
12.—(1) (a) Seolfar ballóid faoi alt 9 nó alt 10 den Acht seo de réir fhorálacha rialachán a dhéanfaidh an tAire faoi alt seo.
(b) Gan dochar do ghinearáltacht mhír (a) den fho-alt seo, féadfaidh foráil a bheith i rialacháin faoin bhfo-alt seo i dtaobh na nithe seo:
(i) foirm an pháipéir bhallóide a bheidh le húsáid sa bhallóid agus foirm an mholta dá dtagraítear in ailt 9 agus 10 den Acht seo,
(ii) an tráth agus an tslí a n-iarrfar go n-eiseofaí foirmeacha molta agus an tráth agus an tslí a n-eiseofar na foirmeacha sin,
(iii) na sonraí nach mór a bheith san fhoirm mholta agus sa pháipéar ballóide maidir le daoine a mholfar go n-ainmneofaí iad faoi alt 9 nó 10 den Acht seo,
(iv) an tslí ina gcomhlánófar agus ina marcálfar foirmeacha molta agus páipéir bhallóide,
(v) an nós imeachta chun a dhéanamh amach cé hiad na daoine a bheidh i dteideal, aon bhliain ainmniúcháin áirithe, daoine a mholadh lena n-ainmniú faoi alt 10 den Acht seo agus chun vótáil i mballóid faoin alt sin agus chun céannacht daoine a mholfaidh daoine go n-ainmneofaí iad mar a dúradh nó a votálfaidh in aon bhallóid den sórt sin nó céannacht daoine a mholfar amhlaidh a dheimhniú,
(vi) dearbhuithe reachtúla a thógáil agus a ghlacadh maidir le céannacht—
(I) daoine a mholfaidh daoine go n-ainmneofaí iad faoi alt 10 den Acht seo agus a votálfaidh i mballóidí faoin alt sin, agus
(II) daoine a mholfar go n-ainmaeofaí iad faoin alt sin 10,
(vii) an tráth agus an tslí a n-eiseofar páipéir bhallóide chun daoine agus chun cumainn a mbeidh vótaí acu,
(viii) na daoine a eiseoidh na foirmeacha molta agus na páipéir bhallóide,
(ix) an tráth agus an tslí a gcuirfear foirmeacha molta agus páipéir bhallóide comhlánaithe chun an chinn comhairimh,
(x) an ceann comhairimh do scrúdú páipéar ballóide,
(xi) an tráth agus an tslí a gcomhairfear vótaí, agus
(xii) an ceann comhairimh do dhiúltú do pháipéir bhallóide agus do dhílamháil vótaí.
(2) Gach duine nó cumann a bheidh i dteideal vótáil i mballóid faoi alt 9 nó 10 den Acht seo is aon vóta amháin a bheidh sé i dteideal a chaitheamh.
(3) Is é a bheidh ina cheann comhairimh chun críocha ballóide faoi alt 9 nó 10 den Acht seo—
(a) i gcás ballóid a sheolfar roimh an lá bunaithe, duine a cheapfaidh an tAire,
(b) in aon chás eile, príomh-oifigeach an Bhoird.
(4) Déanfar an costas agus an caiteachas maidir le ballóid (seachas aon chostais faoina rachaidh an Coláiste Ollscoile, Corcaigh, an Chuideachta, Cuideachta Bhainne Chomhdhlúite na hÉireann (1928), Teoranta, Cuideachta Déiríochta Áth Trasna (1932), Teoranta, cumann, daoine a bheidh molta go n-ainmneofaí iad mar chomhaltaí den Bhord, daoine a bheidh i dteideal na daoine sin a mholadh nó daoine a bheidh i dteideal vótáil sa bhallóid) faoi alt 9 nó 10 den Acht seo, a íoc—
(a) i gcás ballóid a sheolfar roimh an lá bunaithe, as an gciste toradh déiríochta (praghas a dhéanamh seasmhach) agus
(b) in aon chás eile, as an gCiste.
Cathaoirleach an Bhoird.
13.—(1) Déanfaidh an Bord, ó am go ham de réir mar is gá comhalta den Bhord a cheapadh chun bheith ina chathaoirleach ar an mBord.
(2) Cinnfidh an Bord an nós imeachta chun comhalta a roghnú lena cheapadh mar chathaoirleach ar an mBord agus, mura gcinnfidh an Bord an nós imeachta nó mura roghnófar comhalta de réir an nós imeachta, roghnófar an cathaoirleach trí thoghchán a sheolfar i measc comhaltaí an Bhoird ag cruinniú den Bhord agus beidh feidhm ag forálacha mhíreanna (a) go (h) d'fho-alt (1) d'alt 43 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941, maidir leis an toghchán ionann agus dá mba thagairtí do chomhaltaí den Bhord na tagairtí atá sna míreanna sin do chomhaltaí.
(3) Féadfaidh cathaoirleach an Bhoird éirí as a oifig tráth ar bith trí litir go dtí príomh-oifigeach an Bhoird agus beidh éifeacht ag an éirí-as amhail ar an dáta a gheobhaidh an príomh-oifigeach an litir agus, má leanann sé de bheith ina chomhalta den Bhord, beidh sí intofa chun a athcheaptha mar chathaoirleach ar an mBord.
(4) Sealbhóidh cathaoirleach an Bhoird a oifig go dtí deireadh a théarma oifige mar chomhalta den Bhord mura n-éireoidh sé as a oifig roimhe sin.
Téarma oifige comhaltaí an Bhoird.
14.—(1) Tosóidh téarma oifige chomhalta den Bhord—
(a) i gcás chéad chomhalta, an lá bunaithe,
(b) i gcás comhalta a líonann corrfholúntas, lá a ainmnithe, agus
(c) i ngach cás eile, an lú lá de Dheireadh Fómhair an bhliain ainmniúcháin iomchuí.
(2) Murab éag, éirí as nó cur as oifig roimhe sin dó, beidh deireadh le téarma oifige chomhalta den Bhord—
(a) i gcás comhalta a líonann corrfholúntas, an lá a chríochnódh téarma oifige an chomhalta arb é a éag, a éirí as, a chur as oifig nó a theacht faoi dhícháilíocht ba chúis leis an bhfolúntas dá mba nár éag sé, nár éirigh sé as, nár cuireadh as oifig é nó nár tháinig sé faoi dhícháilíocht, cibé acu é, agus
(b) in aon chás eile, an 30ú lá de Mheán Fómhair an bhliain ainmniúcháin tar éis dá théarma oifige tosú.
Comhaltaí den Bhord d'éirí as agus a bheith dícháilithe.
15.—(1) Féadfaidh comhalta den Bhord éirí as a oifig tráth ar bith trí litir go dtí príomh-oifigeach an Bhoird agus beidh éifeacht ag an éirí-as amhail ar an dáta a gheobhaidh príomhoifigeach an Bhoird an litir.
(2) Beidh comhalta den Bhord dícháilithe chun oifig a shealbhú agus scoirfidh sé d'oifig a shealbhú má bhreithnítear ina fhéimheach é nó má dhéanann sé imshocraíocht nó comhshocraíocht le creidiúnaithe, nó má thugann cúirt dlínse inniúla pianbhreith phríosúnachta nó phianseirbhíse air nó má scoireann sé de bheith ina ghnáthchónaí sa Stát nó má bhíonn sé as láthair ar aon chúinse, seachas le cead ón mBord nó mar gheall ar bhreoiteacht, ar feadh aon tréimhse de thrí mhí as a chéile, ó gach cruinniú den Bhord a chomórfar i rith na tréimhse sin.
(3) Cuirfidh príomh-oifigeach an Bhoird éirí-as nó dícháiliú in iúl den Aire.
Féadfar comhaltaí a athcheapadh.
16.—Féadfar comhalta den Bhord a dtiocfaidh deireadh lena théarma oifige trí imeacht aimsire a athcheapadh.
Comhaltaí áirithe den Bhord a chur as oifig.
17.—Féadfaidh an tAire tráth ar bith comhalta den Bhord, nach comhalta a ainmníodh faoi mhír (c), (d) nó (e) d'fho-alt (2) d'alt 8 nó faoi alt 9 nó 10 den Acht seo, a chur as oifig.
Corrfholúntas i measc comhaltaí an Bhoird.
18.—(1) Má tharlaíonn corrfholúntas i measc comhaltaí an Bhoird líonfar é tríd an Aire d'ainmniú—
(a) i gcás arbh oifigeach don Aire an comhalta ba chúis leis an bhfolúntas, oifigeach don Aire,
(b) i gcás a ndearnadh an comhalta ba chúis leis an bhfolúntas a ainmniú ag aon ghrúpa daoine, monaróirí nó cumann, nó gur dhuine é é a mheas an tAire a bheith ionadach d'aon ghrúpa daoine, monaróirí nó cumann nó don Chuideachta, duine a mheasfaidh an tAire a bheith ionadach don ghrúpa sin nó don Chuideachta, de réir mar a bheidh, agus
(c) i gcás arbh é ba chúis leis an bhfolúntas aon ghrúpa daoine, monaróirí nó cumann dá sonraítear in ailt 9 agus 10 den Acht seo do mhainneachtain duine a ainmniú mar chomhalta, duine a mheasfaidh an tAire a bheith ionadach don ghrúpa sin.
(2) (a) Más rud é—
(i) maidir le foráil ainmniúcháin, nach mbeidh aon duine molta an lá ainmniúcháin aon bhliain ainmniúcháin áirithe faoi bhforáil ainmniúcháin sin, nó
(ii) go dtarlóidh do dhuine a bheidh ainmnithe mar chomhalta den Bhord aon bhliain ainmniúcháin áirithe faoi fhoráil ainmniúcháin nó faoi mhír (c), (d) nó (e) d'fho-alt (2) d'alt 8 den Acht seo, go n-éagfaidh sé roimh thosach a théarma oifige mar chomhalta den sórt sin,
measfar corrfholúntas a bheith i measc comhaltaí an Bhoird an lá a thosóidh téarma oifige na gcomhaltaí den Bhord a bheidh ainmnithe an bhliain sin.
(b) Is foráil ainmniúcháin chun críocha an fho-ailt seo gach ceann de na forálacha seo a leanas den Acht seo, is é sin, fo-ailt (1), (2) agus (3) d'alt 9 agus alt 10.
Luach saothair agus costais comhaltaí an Bhoird.
19.—Íocfar le comhalta den Bhord amach as an gCiste cibé luach saothair agus liúntais i leith costas a chinnfidh an tAire ó am go ham tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais.
Comhaltaí an Bhoird do nochtadh leasa i gconradh a bheidh beartaithe.
20.—Aon chomhalta den Bhord ag a mbeidh—
(a) leas ar bith in aon chuideachta nó gnólacht a mbeartóidh an Bord aon chonradh a dhéanamh leis, nó
(b) leas ar bith in aon chonradh a bheartóidh an Bord a dhéanamh,
nochtfaidh sé don Bhord go bhfuil an leas sin aige agus cad é an cineál leasa é, agus ní ghlacfaidh sé aon pháirt in aon bhreithniú nó cinneadh a dhéanfaidh an Bord maidir leis an gconradh, agus taifeadfar i miontuairiscí an Bhoird go ndearnadh an nochtadh sin.
Beidh comhalta de cheachtar Teach den Oireachtas dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Bhord.
21.—(1) Má thagann comhalta den Bhord chun bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas, ansin, ar é theacht, faoi Bhuan-Orduithe an Tí sin, chun teideal a bheith aige suí sa Teach sin, scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Bhord.
(2) Aon duine a bheidh, de thuras na huaire, i dteideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Teach den Oireachtas suí sa Teach sin beidh sé, an fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Bhord.
Cruinnithe agus nós imeachta an Bhoird.
22.—(1) Beidh ag an mBord cibé cruinnithe agus cibé méid cruinnithe is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh go cuí.
(2) Féadfaidh an tAire dáta, am agus ionad chéad chruinniú an Bhoird a shocrú.
(3) Triúr is córam do chruinniú den Bhord.
(4) Ag cruinniú den Bhord—
(a) is é cathaoirleach an Bhoird, má bhíonn sé i láthair a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú,
(b) má bhíonn agus an fad a bheidh cathaoirleach an Bhoird as láthair nó má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh, déanfaidh na comhaltaí den Bhord a beidh i láthair duine dá líon a roghnú chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.
(5) Déanfar gach ceist ag cruinniú den Bhord a chinneadh le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótalfaidh ar an gceist agus, i gcás comhionannas vótaí, bheidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe.
(6) Féadfaidh an Bord gníomhú d'ainneoin folúntas nó folúntais i measc a chomhaltaí.
(7) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, rialóidh an Bord nós imeachta agus gnó an Bhoird le buan-orduithe nó ar shlí eile.
Séala an Bhoird.
23.—(1) Soláthróidh an Bord séala dó féin, agus fíordheimhneofar séala an Bhoird le síniú chathaoirleach an Bhoird nó chomhalta éigin eile den Bhord a mbeidh údarás aige ón mBord gníomhú chuige sin maraon le síniú oifigigh don Bhord a mbeidh údarás aige ón mBord gníomhú chuige sin.
(2) Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala an Bhoird, agus glacfar i bhfianaise gach doiciméad a airbheartóidh a bheith ina ionstraim a rinne an Bord agus a bheith séalaithe le séala an Bhoird (agus é airbheartaithe gur fíordheimhníodh de réir an ailt seo é) agus measfar gurb í an ionstraim sin é gan a thuilleadh cruthúnais, mura suítear a mhalairt.
Conarthaí agus ionstraimí nach mbeidh faoi shéala.
24.—Aon chonradh nó ionstraim nár ghá a bheith faoi shéala dá mba phearsa a dhéanfadh nó d'fhorghníomhódh é, féadfaidh aon duine a bheidh údaraithe go ginearálta nó go speisialta ag an mBord chuige sin é a dhéanamh nó a fhorghníomhú thar ceann an Bhoird.
Foireann an Bhoird.
25.—(1) Féadfaidh an Bord ó am go ham de réir mar is gá cibé daoine agus cibé méid daoine is cuí leis a cheapadh chun bheith ina n-oifigigh agus ina seirbhísigh don Bhord, ach, faoi réir fho-alt (6) den alt seo, ní cheapfar duine faoin alt seo chun bheith in oifigeach don Bhord mura mbeifear tar éis é a roghnú trí chomórtas poiblí.
(2) Sealbhóidh oifigeach nó seirbhíseach don Bhord a oifig nó a fhostaíocht ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an Bord ó am go ham.
(3) Íocfaidh an Bord lena oifigigh agus lena sheirbhísigh, as an gCiste, cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh—
(a) an tAire, i gcás an phríomh-oifigigh, ó am go ham le toiliú an Aire Airgeadais, agus
(b) an Bord ó am go ham in aon chás eile.
(4) Féadfaidh an Bord tráth ar bith aon oifigeach no seirbhíseach don Bhord a dhíchur ó bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach dó.
(5) A mhéid a bheidh téarmaí agus coinníollacha seirbhíse (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha maidir le luach saothair agus liúntais) a chinnfear faoi fho-ailt (2), (3) agus (4) den alt seo nó a shonraítear sna fo-ailt sin ar neamhréir le haon fhoráil a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire de chonradh seirbhíse a shonraítear in alt 51 den Acht seo maidir le haon oifigeach nó seirbhíseach don Bhord, ní bheidh feidhm acu maidir leis an oifigeach nó an seirbhíseach sin mura gcuirfidh agus go dtí go gcuirfidh sé in iúl don Bhord i scríbhinn gur mhaith leis feidhm a bheith ag na forálacha agus na coinníollacha sin maidir leis, agus, má chuireann sé sin in iúl don Bhord, scoirfidh an fhoráil sin den chonradh seirbhíse d'fheidhm a bheith aici maidir leis, ar sin a bheith curtha in iúl.
(6) Ní bheidh feidhm ag an gceanglas faoi fho-alt (1) den alt seo, i dtaobh duine a roghnú trí chomórtas poiblí, maidir le:
(a) duine a bhí, díreach roimh lá an aistrithe, ina oifigeach don Choiste,
(b) ceapachán is ardú céime do dhuine is oifigeach don Bhord cheana féin,
(c) oifig ar gá, i dtuairim an Bhoird, saincháilíochtaí chuici nach gnách ag daoine, nó
(d) oifig ar go ceann tréimhsí teoranta, tréimhsí dhá bhliain ar a mhéid, a dhéantar ceapacháin chuici.
(7) Má thagann oifigeach nó seirbhíseach don Bhord chun bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas ansin, ar é a theacht, faoi Bhuan-Orduithe an Tí sin, chun bheith i dteideal suí sa Teach sin, scoirfidh sé de bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach den sórt sin.
(8) Aon duine a bheidh de thuras na huaire, faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Teach den Oireachtas, i dteideal suí sa Teach sin, beidh sé dícháilithe chun bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Bhord.
Príomh-oifigeach an Bhoird.
26.—(1) Beidh príomh-oifigeach ann don Bhord.
(2) Caithfidh príomh-oifigeach an Bhoird iomlán a ama lena dhualgais mar phríomh-oifigeach agus ní shealbhóidh sí aon oifig ná post eile gan toiliú an Bhoird.
(3) Ní bheidh príomh-oifigeach an Bhoird ina chomhalta den Bhord.
Aoisliúntais d'oifigigh agus do sheirbhísigh an Bhoird.
27.—(1) Féadfaidh an Bord scéim nó scéimeanna a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire chun pinsin, aiscí agus liúntais eile a dheonú, ar scor dóibh, do cibé oifigigh agus seirbhísigh don Bhord is oiriúnach leis, nó ina leith.
(2) Socróidh gach scéim den sórt sin an tráth scoir agus na coinníollacha scoir do na daoine uile a mbeidh pinsin, aiscí nó liúntais iníoctha leo nó ina leith faoin scéim ar scor dóibh, agus féadfar tráthanna agus coinníollacha éagsúla a shocrú maidir le haicmí éagsúla daoine.
(3) Féadfaidh an Bord tráth ar bith scéim do leasú scéime a cuireadh faoi bhráid an Aire agus a ceadaíodh roimhe sin faoin alt seo a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire.
(4) Déanfaidh an Bord scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire faoin alt seo, má cheadaíonn an tAire í le comhthoiliú an Aire Airgeadais, a chur i gcrích de réir a téarmaí.
(5) Má tharlaíonn aon díspóid maidir le héileamh aon duine ar aon phinsean, aisce nó liúntas is iníoctha de bhun scéime faoi alt seo nó i dtaobh méid an chéanna, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire agus tarchuirfidh seisean chun an Aire Airgeadais í chun a chinneadh a fháil.
(6) Gach scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin alt seo leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ceadaithe agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá agus fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh scéim ar an neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.
(7) Íocfar amach as an gCiste an costas agus an caiteachas faoina rachaidh an Bord ag ullmhú scéime faoin alt seo agus á cur i gcrích.
Feidhmeanna an Bhoird a chomhlíonadh.
28.—Féadfaidh an Bord aon fheidhmeanna a fhorchuirtear ar an mBord leis an Acht seo a chomhlíonadh trí aon chomhalta den Bhord nó aon oifigeach nó seirbhíseach don Bhord a bheidh údaraithe chuige sin ag an mBord.
An Ciste Táirgí Déiríochta.
29.—(1) Bunóidh, cothabhálfaidh agus bainisteoidh an Bord, de réir an Achta seo, ciste (dá ngairtear an Ciste san Acht seo) ar a dtabharfar an Ciste Táirgí Déiríochta.
(2) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir leis an gCiste:
(a) íocfar isteach sa Chiste an t-airgead go léir a gheobhaidh an Bord as bainne agus táirgí bainne a dhíol agus i leith tobhaigh ar bhainne agus ar im faoin Acht seo agus aon airgead eile a gheobhaidh an Bord,
(b) íocfar amach as an gCiste luach ceannaigh an bhainne agus na dtáirgí bainne a cheannóidh an Bord agus méid aon chaiteachais (lena n-áirítear costas iompair, láimhsithe, stórála (lena n-áirítear fuarstóráil), pacála agus árachais bainne agus táirgí bainne) faoina rachaidh an Bord i ndáil lena idirbhearta maidir le bainne agus táirgí bainne a cheannach nó a dhíol agus an costas agus an caiteachas eile go léir faoina rachaidh an Bord ag comhlíonadh a dhualgas nó ar shlí eile faoin Acht seo,
(c) féadfar suimeanna a gheofar ar iasacht faoi alt 30 den Acht seo a chur faoi urrús an Chiste,
(d) féadfaidh an Bord an méid sin den Chiste nach mbeidh ag teastáil faoi láthair i dtuairim an Bhoird chun íocaíochtaí a dhéanamh faoi mhír (b) den fho-alt seo a infheistiú in urrúis a mbeidh údarás dlí de thuras na huaire ag iontaobhaithe cistí iontaobhais a infheistiú iontu,
(e) féadfaidh an Bord ó am go ham as a chomhairle féin aon airgead (is cuid den Chiste) a bheidh infheistithe faoin bhfo-alt seo a athrú nó a aistriú isteach in infheistíochtaí eile a údaraítear leis an bhfo-alt seo,
(f) déanfar na díbhinní agus an t-ús uile a gheobhaidh an Bord ar infheistíochtaí (is cuid den Chiste) a dhéanfaidh sé faoin bhfo-alt seo agus fós toradh díola aon infheistíochtaí den sórt sin a íoc isteach sa Chiste.
Cumhacht an Bhoird chun airgead a fháil ar iasacht.
30.—Féadfaidh an Bord le toiliú an Aire, cibé suimeanna is dóigh leis an mBord ó am go ham is gá a fháil ar iasacht chun críocha caipitiúla nó chun críocha reatha.
Iasachtaí a ráthú.
31.—(1) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis agus le toiliú an Aire Airgeadais, iasacht chun an Bhoird a ráthú.
(2) Aon uair a ráthóidh an tAire iasacht faoin alt seo, féadfaidh sé ráthaíocht a thabhairt, i cibé foirm agus slí agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha a cheadóidh an tAire Airgeadais, go n-aisíocfaidh an Bord go cuí príomhshuim na hiasachta nó go n-íocfar ús ar an iasacht nó go ndéanfar an phríomhshuim sin a aisíoc agus an t-ús sin a íoc.
(3) Ní dhéanfaidh an tAire na cumhachtaí a thugtar le fo-ailt (1) agus (2) den alt seo a fheidhmiú i slí gur mó ná £5,000,000 an méid, nó an méid comhiomlán, príomhshuime a dhlífidh sé aon tráth a íoc ar scór aon ráthaíochta nó ráthaíochtaí faoi na fo-ailt sin a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire i dteannta méid na príomhshuime (más ann) a bheidh íoctha cheana féin ag an Aire ar scór aon ráthaíochtaí den sórt sin agus nach mbeidh aisíoctha ag an mBord.
(4) I gcás ina dtabharfar nó inar tugadh ráthaíocht faoin alt seo, tabharfaidh an Bord don Aire, má fhoréilíonn an tAire é, cibé urrús a shonrófar san fhoréileamh chun aisíoc aon airgid a urrú don Aire a bheidh sé faoi dhliteanas a íoc nó tar éis a íoc faoin ráthaíocht.
(5) A luaithe is féidir é tar éis deireadh gach bliana airgeadais, leagfaidh an tAire faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ráiteas ina luafar, maidir le gach ráthaíocht faoin alt seo a tugadh i rith na bliana sin nó a tugadh aon tráth roimh thosach, agus a bhí i bhfeidhm i dtosach, na bliana sin—
(a) sonraí na ráthaíochta,
(b) má rinne an tAire aon íocaíocht faoin ráthaíocht roimh dheireadh na bliana sin, méid na híocaíochta agus an méid a aisíocadh (má aisíocadh) leis an Aire ar scór na híocaíochta,
(c) an méid príomhshuime a bhí faoi réim na ráthaíochta agus gan aisíoc i ndeireadh na bliana sin.
(6) Déanfaidh an Bord aon airgead a d'íoc an tAire faoi ráthaíocht faoin alt seo a aisíoc leis an Aire (maraon le hús air, má cheanglaíonn an tAire Airgeadais sin, de réir cibé rátaí a cheapfaidh an tAire Airgeadais) laistigh de dhá bhliain ó dháta an airleacain.
(7) Má bhíonn an t-airgead go léir, nó aon chuid den airgead, a cheanglaíonn fo-alt (6) den alt seo a aisíoc leis na Aire gan aisíoc de réir an fho-ailt sin, déanfar an méid a bheidh gan aisíoc amhlaidh a aisíoc leis an bPríomh-Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
(8) D'ainneoin airgead a sholáthar faoi fho-alt (7) den alt seo chun suim a aisíoc leis an bPríomh-Chiste, leanfaidh an Bord de bheith faoi dhliteanas don Aire i leith na suime sin agus déanfaidh an Bord an tsuim sin (maraon le hús uirthi, má cheanglaíonn an tAire Airgeadais é, de réir cibé rátaí a cheapfaidh an tAire Airgeadais) a aisíoc leis an Aire cibé tráthanna agus i cibé tráthchodanna a cheapfaidh an tAire Airgeadais agus, mura ndéantar aisíoc mar a dúradh, beidh sé, gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile, inghnóthaithe mar fhiach gnáth-chonartha in aon chúirt dlínse inniúla.
(9) Déanfar airgead a aisíocfaidh an Bord leis an Aire nó a ghnóthóidh an tAire ón mBord faoin alt seo a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste.
(10) Is as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a airleacfar an t-airgead go léir a theastóidh ó am go ham ón Aire chun suimeanna a íoc a thiocfaidh chun bheith iníoctha aige faoin alt seo.
(11) Féadfaidh an tAire Airgeadais, d'fhonn soláthar a dhéanamh faoi chomhair airleacan as an bPríomh-Chiste faoin alt seo, aon suim nó suimeanna a thógáil ar iasacht ó dhuine ar bith agus féadfaidh sé, chun críocha na hiasachta sin, urrúis a bhunú agus a eisiúint agua iad faoi cibé ráta úis agus faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca, fuascailte nó eile is oiriúnach leis agus íocfaidh sé isteach sa Státchiste an t-airgead a thógfar ar iasacht amhlaidh.
(12) Déanfar príomhshuim agus ús aon urrús a eiseofar faoin alt seo agus na costais faoina rachfar i ndáil leis na hurrúis sin a eisiúint a mhuirearú ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis agus beidh siad iníoctha as an gcéanna.
Deontais don Bhord.
32.—(1) Gach bliain airgeadais, féadfar deontas nó deontais de cibé méid nó méideanna a shocróidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord maidir le clár caiteachais an Bhoird don bhliain airgeadais sin, a íoc leis an mBord as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
(2) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo, úsáidfidh an Bord deontas faoin alt seo chun cibé críche nó críocha agus faoi réir cibé coinníollacha a shonróidh an tAire (má shonraíonn) i scríbhinn, le toiliú an Aire Airgeadais, an tráth a íocfar an deontas.
(3) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é agus le toiliú an Aire Airgeadais, na críocha nó na coinníollacha a shonróidh an tAire faoi fho-alt (2) den alt seo maidir le deontas a athrú i slí ar bith nó críoch a n-úsáidfear chuici nó coinníoll ar faoina réir a úsáidfear (nach coinníoll nó críoch a shonraítear faoin bhfo-alt sin (2)) an deontas a shonrú agus má dhéanann an tAire críoch a n-úsáidfear chuici, nó coinníollacha ar faoina réir a úsáidfear, an deontas a shonrú faoin alt seo, úsáidfidh an Bord an deontas chun na críche sin nó faoi réir na gcoinníollacha sin, de réir mar a bheidh.
(4) Ní úsáidfear deontas faoin alt seo chun íoc as níos mó ná—
(a) dhá thrian aon chaillteanais faoina rachaidh an Bord maidir le honnmhairiú táirgí bainne, nó
(b) dhá thrian aon chúnamh airgid, deontais nó íocaíochta eile dá shamhail a dhéanfaidh an Bord maidir le honnmhairiú táirgí bainne,
agus ní dhéanfar críoch nó coinníoll a bheidh ar neamhréir le forálacha an fho-ailt seo a shonrú faoi fho-alt (2) nó (3) den alt seo.
Oifigí agus áitribh.
33.—(1) Soláthróidh an Bord dó féin cibé oifigí, stórais, earralanna, siopaí agus áitribh eile sa Stát agus lasmuigh den Stát is dóigh leis a bheith riachtanach.
(2) Chun críocha fho-alt (1) den alt seo féadfaidh an Bord—
(a) aon talamh nó aon oifigí, stórais, earralanna, siopaí nó áitribh eile a cheannach nó a ghlacadh ar léas, agus
(b) oifigí, stórais, earralanna, siopaí agus áitribh eile a thógáil, a fheistiú agus a chothabháil.
(3) Féadfaidh an Bord aon talamh nó aon oifigí, stórais, earralanna, siopaí nó áitribh eile a bheidh ar teachtadh aige agus nach mbeidh ag teastáil a thuilleadh chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh, a dhíol, a léasadh nó a mhalartú.
An Bord d'iompar, do láimhsiú, do stóráil agus do phacáil bainne agus táirgí bainne.
34.—(1) Féadfaidh an Bord cibé saoráidí maidir le hiompar, láimhsiú, stóráil agus pacáil bainne agus táirgí bainne is dóigh leis a bheith riachtanach a sholáthar dó féin.
(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an Bord—
(a) socrú a dhéanamh le húinéirí saoráidí den sórt sin maidir lena n-úsáid ag an mBord nó thar ceann an Bhoird,
(b) aon talamh nó áitreabh a cheannach nó a ghlacadh ar léas,
(c) áitribh a thógáil, a fheistiú agus a chothabháil,
(d) inneallra, trealamh, longa agus feithiclí a cheannach, a ghlacadh ar fruiliú nó a chairtfhostú.
Coistí comhairleacha réigiún.
35.—(1) Féadfaidh an Bord, más oiriúnach leis, coistí comhairleacha réigiún a bhunú i cibé slí is oiriúnach leis a bheidh comhdhéanta de tháirgeoirí bainne, de dhaoine is ionadaithe do mhonaróirí táirgí bainne agus de dhaoine is ionadaithe do thion scal na déiríochta i gcoitinne nó a bheidh comhdhéanta d'aon aicme nó de roinnt de na haicmí sin daoine, chun an Bord a chomhairliú maidir le comhlíonadh a fheidhmeanna agus féadfaidh an Bord, más oiriúnach leis, iomlán caiteachais aon choistí a bhunófar faoin alt seo (lena n-áirítear costais taistil agus cothabhála comhaltaí na gcoistí sin) nó cibé cuid is cuí leis den chaiteachas sin a íoc amach as an gCiste.
(2) Beidh ceapadh duine chun gníomhú mar chomhalta de choiste a bhunófar faoin alt seo faoi réir cibé coinníollacha (lena n-áirítear coinníollacha maidir le téarma agus seilbh oifige an chomhalta) is oiriúnach leis an mBord a fhorchur nuair a bheidh an ceapadh á dhéanamh.
(3) Féadfaidh an Bord tráth ar bith coiste a bheidh ceaptha faoin alt seo a dhíscaoileadh.
Tobhach ar bhainne.
36.—(1) Íocfaidh gach dílseánach cláraithe uachtarlainne nó stáisiúin deighilte uachtair leis an mBord tobhach ar bhainne a cheannóidh sé nó a gheobhaidh sé ar shlí eile, seachas ó dhílseánach eile den saghas céanna, tráth a bheidh ráta le haghaidh tobhaigh den sórt sin socraithe de bhua ordú faoi fho-alt (3) den alt seo, agus beidh sa tobhach cibé méid is iomchuí ag féachaint don ráta a bheidh ceaptha faoin ordú.
(2) Déanfar an méid tobhaigh ar bhainne a bheidh dlite de dhílseánach cláraithe uachtarlainne nó stáisiúin deighilte uachtair i leith bainne a ceannaíodh nó a fuarthas aon mhí a íoc leis an mBord tráth nach déanaí ná seacht lá i ndiaidh lá deiridh na míosa.
(3) (a) Féadfaidh an Bord, aon uair is oiriúnach leis, ordú a dhéanamh ag socrú an ráta tobhaigh ar bhainne agus ag sonrú an dáta a thiocfaidh an ráta a shocrófar amhlaidh i ngníomh.
(b) Féadfaidh an Bord aon uair is oiriúnach leis, le hordú, ordú faoin bhfo-alt seo, lena n-áirítear ordú faoin mír seo, a chúlghairm nó a leasú.
(c) Féadfaidh ordú faoin bhfo-alt seo rátaí éagsúla tobhaigh ar bhainne a shocrú in aghaidh tréimhsí éagsúla a shonrófar san ordú.
(4) San alt seo ciallaíonn “bainne” fíorbhainne.
Tobhach ar im.
37.—(1) Íocfaidh gach dílseánach cláraithe uachtarlainne leis an mBord tobhach ar an im uachtarlainne uile a dhéanfaidh an dílseánach a sheachadadh arna dhíol nó a mhonarú do dhuine éigin eile tráth a bheidh ráta le haghaidh tobhaigh den sórt sin socraithe de bhua ordú faoi fho-alt (4) den alt seo agus beidh sa tobhach cibé méid is iomchuí ag féachaint don ráta a bheidh socraithe faoin ordú.
(2) Íocfaidh gach dílseánach cláraithe uachtarlainne tobhach ar an im allmhairithe uile a sheachadfaidh an dílseánach arna dhíol, seachas im allmhairithe a dhíolfar le dílseánach eile, nó a dhiúscarfar ar shlí éigin eile chun dílseánaigh eile, tráth a bheidh ráta le haghaidh tobhaigh den sórt sin socraithe de bhua ordú faoi fho-alt (4) den alt seo, agus beidh sa tobhach cibé méid is iomchuí ag féachaint don ráta a bheidh socraithe faoin ordú.
(3) Déanfar an méid tobhaigh ar im a bheidh dlite de dhílseánach cláraithe uachtarlainne i leith im a seachadadh arna dhíol nó i leith im uachtarlainne a monaraíodh do dhuine éigin eile aon mhí a íoc leis an mBord tráth nach déanaí ná seacht lá i ndiaidh—
(a) lá deiridh na míosa, nó
(b) dáta déanta an ordaithe faoi fho-alt (4) den alt seo ar faoina threoir a ríomhfar méid an tobhaigh,
cibé acu is déanaí.
(4) (a) Féadfaidh an Bord, aon uair is oiriúnach leis agus le toiliú an Aire, ordú a dhéanamh ag socrú ráta an thobhaigh ar im agus ag sonrú an dáta a thiocfaidh an ráta a cheapfar amhlaidh i ngníomh.
(b) Féadfaidh an Bord aon uair is oiriúnach leis agus le toiliú an Aire, le hordú, ordú faoin bhfo-alt seo, lena n-áirítear ordú faoin mír seo, a chúlghairm nó a leasú.
(c) Féadfaidh an tAire ó am go ham, de réir mar is oiriúnach leis, a ordú i scríbhinn don Bhord—
(i) ordú a dhéanamh faoi bhfo-alt seo ag socrú ráta an tobhaigh ar im, agus féadfaidh ordachán a bheith san ordachán ag sonrú ráta nó rátaí an tobhaigh ar im a shocrófar san ordú agus an dáta nó na dátaí a shocrófar san ordú chun an ráta nó na rátaí a theacht i ngníomh, nó
(ii) ordú a dhéanamh ag cúlghairm nó ag leasú ordú faoin alt seo,
agus déanfaidh an Bord de réir ordacháin faoin mír seo.
(d) In ordú faoin bhfo-alt seo, féadfar—
(i) rátaí tobhaigh ar im a shocrú, i leith ime uachtarlainne, ime allmhairithe nó ime uachtarlainne agus ime allmhairithe le chéile,
(ii) rátaí éagsúla tobhaigh ar im a shocrú i leith saghsanna nó cineálacha éagsúla ime a shonrófar i cibé slí agus faoi threoir cibé nithe is cuí leis an mBord nó leis an Aire, de réir mar is iomchuí,
(iii) rátaí éagsúla tobhaigh ar im a shocrú in aghaidh tréimhsí éagsúla a shonrófar san ordú,
(iv) foráil a dhéanamh chun aon ráta nó rátaí tobhaigh ar im a theacht i ngníomh ar dháta roimh dháta an ordaithe a dhéanamh.
Tobhach ar stoic ime.
38.—(1) Faoi réir fho-alt (4) den alt seo, déanfaidh gach dílseánach cláraithe áitribh agus gach trádálaí ime tobhach—
(a) ar im uachtarlainne (seachas, i gcás dílseánach cláraithe uachtarlainne, im a bhí nó a bheidh ar seilbh ag an dílseánach sin nó a bhí nó a bheidh ar seilbh thar a cheann agus a monaraíodh san uachtarlann sin) a bhí nó a bheidh ar seilbh ag an dílseánach nó an trádálaí sin nó thar a cheann aon lá a shonrófar maidir le him uachtarlainne, in ordú faoi fho-alt (3) den alt seo, agus
(b) ar im allmhairithe a bhí nó a bheidh ar seilbh ag an dílseánach nó an trádálaí sin nó a bhí nó a bheidh ar seilbh thar a cheann aon lá a shonrófar, maidir le him allmhairithe, in ordú faoi fho-alt (3) den alt seo,
a íoc leis an mBord agus is é méid a bheidh sa tobhach sin cibé méid is iomchuí ag féachaint don ráta a bheidh socraithe faoin ordú.
(2) Déanfar an méid tobhaigh ar stoic ime a bheidh dlite de dhuine i leith im a bhí nó a bheidh ar seilbh aige nó a bhí nó a bheidh ar seilbh thar a cheann aon lá a shonrófar in ordú faoi fho-alt (3) den alt seo a íoc leis an mBord tráth nach déanaí ná seacht lá i ndiaidh an lae sin.
(3) (a) Féadfaidh an Bord, aon uair is oiriúnach leis agus le toiliú an Aire, ordú a dhéanamh ag socrú an ráta tobhaigh ar stoic ime agus an lá ar ina aghaidh a bheidh sé le n-íoc.
(b) Féadfaidh an Bord aon uair is oiriúnach leis agus le toiliú an Aire, le hordú, ordú faoin bhfo-alt seo, lena n-áirítear ordú faoin mír seo, a chúlghairm nó a leasú.
(c) Féadfaidh an tAire ó am go ham, de réir mar is oiriúnach leis, a ordú i scríbhinn don Bhord—
(i) ordú a dhéanamh faoin bhfo-alt seo ag socrú an ráta tobhaigh ar stoic ime, agus féadfaidh ordachán a bheith san ordachán sin ag sonrú an ráta nó na ráthaí tobaigh ar stoic ime a shocrófar san ordú agus an lá a shonrófar san ordú ar ina aghaidh a bheidh an tobhach iníoctha, agus féadfaidh baint a bheith aige le him uachtarlainne, le him allmhairithe nó le him uachtarlainne agus im allmhairithe le chéile, nó
(ii) ordú a dhéanamh ag cúlghairm nó ag leasú ordú faoin bhfo-alt seo,
agus déanfaidh an Bord de réir ordacháin faoin mír seo.
(d) In ordú faoin bhfo-alt seo féadfar—
(i) rátaí tobhaigh ar stoic ime a shocrú i leith ime uachtarlainne, ime allmhairithe nó ime uachtarlainne agus ime allmhairithe le chéile,
(ii) rátaí éagsúla tobhaigh ar stoic ime a shocrú i leith saghsanna nó cineálacha éagsúla ime a shonrófar i cibé slí agus faoi threoir cibé nithe is cuí leis an mBord nó leis an Aire, de réir mar is iomchuí.
(4) Má tharlaíonn lá a shonrófar in ordú faoi fho-alt (3) den alt seo a mbeidh tobhach ar stoic ime iníoctha ina aghaidh gur lú na trí chéad meáchain na stoic ime lena mbainfidh an t-ordú agus a bhí nó a bheidh ar seilbh ag dílseánach cláraithe áitribh (seachas dílseánach cláraithe uachtarlainne) nó ag trádálaí ime nó a bhí nó a bheidh ar seilbh thar a cheann, ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir leis an dílseánach nó an trádálaí ime sin, de réir mar a bheidh, d'íoc tobhaigh ar stoic ime in aghaidh an lae sin.
(5) San alt seo agus in alt 40 den Acht seo ciallaíonn “trádálaí ime” duine (seachas dílseánach cláraithe áitribh) a sheolann gnó díola ime ar mór-reic nó ar mionreic, le haghaidh trádála nó brabúis, as féin nó i dteannta aon ghnó eile.
Tobhaigh a ghnóthú.
39.—(1) Gach suim is iníoctha ag duine leis an mBord de bhua an Achta seo i leith nó ar cuntas tobhaigh ar bhainne, tobhaigh ar im nó tobhaigh ar stoic ime is fiach conartha shimplí í a bheidh dlite den duine sin don Bhord agus féadfaidh an Bord í a ghnóthú dá réir sin ón duine sin in aon chúirt dlínse inniúla.
(2) In aon imeachtaí dlíthiúla ag an mBord i gcoinne duine ar bith ar lorg aon airgid a éilítear a bheith dlite den duine sin don Bhord ar scór tobhaigh ar bhainne, tobhaigh ar im nó tobhaigh ar stoic ime, beidh deimhniú faoi shéala an Bhoird á dheimhniú é a bheith dlite den duine tobhach ar bhainne, tobhachar im nó tobhach ar stoic ime, de réir mar a bheidh, de mhéid áirithe a íoc agus suim shonraithe a bheith dlite den duine sin agus gan íoc aige ar scór an tobhaigh ar bhainne, an tobhaigh ar im nó an tobhaigh ar stoic ime, de réir mar bheidh, maraon le deimhniú faoi shéala an Bhoird á dheimhniú nár íoc an duine an tsuim leis an mBord ina bhfianaise prima facie maidir leis an dliteanas i leith agus méid an tobhaigh ar bhainne, an tobhaigh ar im nó an tobhaigh ar stoic ime, de réir mar a bheidh, agus maidir leis an tsuim a bheidh dlite den duine agus gan íoc aige i leith an chéanna.
Tuairisceáin.
40.—(1) Gach duine a dhlífidh faoin Acht seo aon suim a íoc leis an mBord ar scór tobhaigh ar bhainne, tobhaigh ar im nó tobhaigh ar stoic ime déanfaidh sé, roimh dheireadh na tréimhse a mbeidh ceangal ann an tsuim a íoc laistigh di, cibé sonraí a bheidh forordaithe, a chur chun an Bhoird, i cibé foirm agus slí agus laistigh de cibé tréimhse a bheidh forordaithe, i dtaobh—
(a) i gcás an tsuim a dúradh a bheith iníoctha ar scór tobhaigh ar bhainne, fáil (trí cheannach nó ar shlí eile) bainne agus diúscairt (trí dhíol nó ar shlí eile) bainne ag an duine i gcaitheamh cibé tréimhse a bheidh forordaithe,
(b) i gcás an tsuim a dúradh a bheith iníoctha ar scór tobhaigh ar im, fáil (trí cheannach nó ar shlí eile) ime agus diúscairt (trí dhíol nó ar shlí eile) agus monarú ime ag an duine i gcaitheamh cibé tréimhse a bheidh forordaithe, agus
(c) i gcás an tsuim a dúradh a bheith iníoctha ar scór tobhaigh ar stoic ime, na stoic ime a bhí i seilbh an duine sin nó a bhí i seilbh thar a cheann i gcaitheamh cibé tréimhse nó cibé lá a bheidh forordaithe,
(2) (a) Féadfaidh an Bord fógra i scríbhinn a sheirbheáil ar aon dílseánach cláraithe áitribh nó trádálaí ime á cheangal air tuairisceán a chur chun an Bhoird laistigh de thrí lá tar éis an fógra a sheirbheáil i dtaobh an méid ime a bhí nó a bheidh ar seilbh in áit ar bith ag an dílseánach nó an trádálaí nó a bhí nó a bheidh ar seilbh thar a cheann lá a luafar san fhógra, is lá a mbeidh sé sonraithe in ordú faoi fho-alt (3) d'alt 38 den Acht seo tobhach ar stoic ime a bheith iníoctha ina aghaidh.
(b) Féadfaidh an Bord fógra i scríbhinn a sheirbheáil ar dhuine ar bith a choimeádann im ar stóras do dhílseánach cláraithe áitribh nó do thrádálaí ime á cheangal air tuairisceán a chur chun an Bhoird laistigh de thrí lá tar éis an fógra a sheirbheáil i dtaobh an méid ime a bhí nó a bheidh á choimeád in áit ar bith ag an duine lá a luafar san fhógra, is lá a mbeidh sé sonraithe in ordú faoi fho-alt (3) d'alt 38 den Acht seo tobhach ar stoic ime a bheith iníoctha ina aghaidh agus i dtaobh na ndaoine dá raibh nó dá mbeidh an t-im á choimeád amhlaidh agus an méid a bhí nó a bheidh á choimeád amhlaidh do gach duine den sórt sin.
(c) Is san fhoirm fhorordaithe a bheidh tuairisceán faoin bhfo-alt seo agus beidh ann, i dteannta sonraí a shonraítear i mír (a) nó (b), de réir mar a bheidh, den fho-alt seo, na sonraí forordaithe.
(d) Féadfar fógra faoin bhfo-alt seo a sheirbheáil trína sheachadadh don duine a mbeidh sé dírithe chuige nó trína fhágáil ag duine os cionn sé bliana déag d'aois san áitreabh ina seolann an duine a mbeidh sé dírithe chuige gnó nó trína chur leis an bpost cláraithe chuig an duine a mbeidh sé dírithe chuige chun an áitribh ina seolann sé gnó.
(e) Aon duine a seirbheálfar fógra air faoin bhfo-alt seo, déanfaidh sé de réir téarmaí an fhógra sin.
(3) Féadfaidh an Bord rialacháin a dhéanamh chun críocha an ailt seo agus san alt seo ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin faoin bhfo-alt seo.
(4) Aon duine a sháróidh aon fhoráil atá san alt seo nó a thabharfaidh tuairisceán is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt más é an chéad chion aige é, agus fíneáil nach mó ná céad punt más é an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin aige é, a chur air.
Taifid a iniúchadh.
41.—(1) Féadfaidh oifigeach don Bhord ag a mbeidh údarás i scríbhinn ón mBord chun na cumhachtaí a thugtar leis an alt seo d'oifigeach don Bhord a fheidhmiú na scríbhinní seo a leanas a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh díobh—
(a) na doiciméid agus na taifid uile a bhaineann le bainne leachtach a fháil (trí cheannach nó ar shlí eile), a dhiúscairt (trí dhíol nó ar shlí eile), a sheachadadh arna dhíol nó a stóráil, agus a bheidh á gcoimeád ag daoine, nó a bheidh á gcoimeád thar ceann daoine, a dhlíonn tobhach ar bhainne a íoc,
(b) na doiciméid agus na taifid uile a bhaineann le him a mhonarú, a fháil (trí cheannach nó ar shlí eile), a dhiúscairt (trí dhíol nó ar shlí eile), a sheachadadh arna dhíol nó a stóráil agus a bheidh á gcoimeád ag daoine, nó á bheidh á gcoimeád thar ceann daoine, a dhlíonn tobhach ar im nó tobhach ar stoic ime a íoc, agus
(c) na doiciméid agus na taifid uile a bhaineann le him a stóráil agus a bheidh á gcoimeád ag aon duine, nó a bheidh á gcoimeád thar ceann aon duine, a choimeádann im i stóras do dhílseánach cláraithe aitribh nó do thrádálaí ime,
agus chuige sin féadfaidh sé dul isteach gach tráth réasúnach in aon áitreabh a bhfuil cúis aige chun a chreidiúint doiciméid nó taifid den sórt sin a bheith á gcoimeád ann.
(2) Aon duine a mbeidh aon cheann de na doiciméid nó de na taifid a dúradh ina sheilbh nó ar a urláimh déanfaidh sé, ar oifigeach don Bhord a bheidh údaraithe mar a dúradh á iarraidh sin air, na doiciméid nó na taifid sin a thabhairt ar aird dó agus aon eolas a theastóidh uaidh le réasún i dtaobh aon ní iontu a thabhairt dó.
(3) Ní dhéanfaidh duine ar bith oifigeach don Bhord a chosc ná a bhac agus é ag feidhmiú aon cheann de na cumhachtaí a thugar leis an alt seo.
(4) Aon duine a sháróidh aon fhoráil atá san alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt más é an chéad chion aige é, agus fíneáil nach mó ná céad punt más é an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin aige é a chur air.
(5) Déanfaidh oifigeach don Bhord, nuair a bheidh sé ag feidhmiú aon cheann de na cumhachtaí a thugtar leis an alt seo, a údarás a thabhairt ar aird, má iarrtar air é, d'aon duine lena mbainfidh.
Gan an Bord do nochtadh eolais.
42.—(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, ní dhéanfar eolas a gheofar faoi alt 40 nó 41 den Acht seo nó le linn an Bord nó comhalta, oifigeach nó seirbhíseach dó a bheith ag comhlíonadh feidhmeanna an Bhoird a nochtadh, gan toiliú an duine a mbainfidh an t-eolas leis féin nó lena ghnó, do dhuine nach comhalta den Bhord nó oifigeach nó seirbhíseach ar fostú faoin mBord.
(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir le heolas a nochtadh don Aire nó don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste nó chun críocha, aon imeachtaí dlíthiúla (sibhialta nó coiriúil) a bhunófar nó a bheartófar a bhunú faoin Acht seo.
(3) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt más é an chéad chion aige é, agus fíneáil nach mó ná céad punt más é an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin aige é, a chur air.
Ranníoc ón mBord i leith costas im a choimeád i bhfuarstóras ag uachtarlanna.
43.—(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham ordachán i scríbhinn a thabhairt don Bhord á cheangal air—
(a) scéim a dhéanamh agus a chur i gcrích i rith cibé tréimhse nó tréimhsí a shonrófar san ordú chun liúntais a íoc le dílseánaigh chláraithe uachtarlanna i leith costas im a choimeád ar fuarstóras ag na dílseánaigh nó thar ceann na ndílseánach, nó
(b) scéim faoin bhfo-alt seo agus íocaíochtaí fúithi a fhionraí, nó socrú a dhéanamh chun deireadh a bheith leis an gcéanna, go hiomlán nó go páirteach, amhail ó dháta a shonrófar san ordachán.
(2) Déanfaidh an Bord de réir ordachán faoi fho-alt (1) den alt seo.
(3) Beidh téarmaí agus forálacha (lena n-áirítear téarmaí agus forálacha maidir le ráta an liúntais) scéime faoi fho-alt (1) den alt seo faoi réir cheadú an Aire.
(4) Íocfar amach as an gCiste an costas agus an caiteachas faoina rachaidh an Bord ag déanamh scéime faoin alt seo agus á cur i gcrích.
(5) Faoi réir cheadú an Aire, féadfaidh an Bord téarmaí agus forálacha scéime faoi fho-alt (1) den alt seo a leasú ó am go ham i cibé slí is oiriúnach leis an mBord.
(6) Déanfaidh an Bord, ar ordachán a fháil ón Aire, téarmaí agus forálacha scéime faoi fho-alt (1) den alt seo a leasú i cibé slí a shonróidh an tAire don Bhord i scríbhinn.
(7) Féadfaidh an tAire ordachán faoi fho-alt (6) den alt seo a thabhairt don Bhord ó am go ham de réir mar is oiriúnach leis.
É d'oibleagáid ar an mBord im a cheannach ó uachtarlanna.
44.—(1) Ceannóidh an Bord ar an bpraghas a bheidh socraithe de thuras na huaire faoi fho-alt (2) den alt seo, agus is iomchuí maidir leis an gceannach, an t-im go léir—
(a) a thairgfidh dílseánach cláraithe uachtarlainne don Bhord ar an bpraghas sin,
(b) a monaraíodh san uachtarlann sin, agus
(c) is im de chineál a chomhlíonann na forálacha de na hAchtanna Toradh Déiríochta, 1924 go 1947, agus de na rialacháin fúthu, a bhaineann le him uachtarlainne.
(2) Féadfaidh an Rialtas ó am go ham praghas ime a shocrú chun críocha fho-alt (1) den alt seo nó féadfaidh sé dhá phraghas nó níos mó a shocrú a athróidh de réir ceachtar ní nó an dá ní acu seo leanas, is é sin le rá, an chainníocht ime a dhíolfar agus an tslí ina mbeidh an t-im pacáilte, agus féadfaidh sé dáta nó dátaí a shonrú amhail ar a gceannófar nó óna gceannófar ar an bpraghas nó ar na praghasanna a bheidh socraithe amhlaidh agus cuirfidh an tAire in iúl don Bhord i scríbhinn an praghas nó na praghasanna a shocrófar amhlaidh agus an dáta nó na dátaí a shonrófar amhlaidh.
Díolfaidh an Bord im sa Stát ar phraghas a shocróidh an Rialtas.
45.—(1) Aon uair a dhíolfaidh an Bord im—
(a) a bheidh beartaithe le caitheamh sa Stát, agus
(b) is im de chineál a chomhlíonann na forálacha de na hAchtanna Toradh Déiríochta, 1924 go 1974, agus de na rialacháin fúthu, a bhaineann le him uachtarlainne nó is im allmhairithe,
déanfar an díol ar an bpraghas a bheidh socraithe de thuras na huaire faoi fho-alt (2) den alt seo maidir leis an díol sin agus is iomchuí maidir leis an díol.
(2) Féadfaidh an Rialtas ó am go ham praghas ime a shocrú chun críocha fho-alt (1) den alt seo nó féadfaidh sé dhá phraghas nó níos mó a shocrú a athróidh de réir ceachtar ní nó an dá ní acu seo a leanas, is é sin le rá, an chainníocht ime a dhíolfar agus an tslí ina mbeidh an t-im pacáilte, agus féadfaidh sé dáta nó dátaí a shonrú amhail ar a nó óna mbeidh feidhm ag an bpraghas nó na praghasanna a shocrófar amhlaidh agus cuirfidh an tAire in iúl don Bhord i scríbhinn an praghas nó na praghasanna a shocrófar amhlaidh agus an dáta nó na dátaí a shonrófar amhlaidh.
Airgead atá sa chiste toradh déiríochta (praghas a dhéanamh seasmhach) a aistriú chun an Bhoird.
46.—(1) I gcás ina dtarlóidh, de bhua ordú faoi fho-alt (2) d'alt 2 den Acht Toradh Déiríochta (Praghas a Dhéanamh Seasmhach) (Leasú), 1938, maidir le halt 41 den Acht Toradh Déiríochta (Praghas a Dhéanamh Seasmhach), 1935, (is é sin, an chéad ordú den sórt sin maidir leis an alt sin 41) go scoirfidh an t-alt sin 41 de bheith i bhfeidhm, cuirfidh an tAire, ar dháta an scoir sin má bhíonn aon suim an tráth sin, i gcreidiúint don chiste toradh déiríochta (praghas a dhéanamh seasmhach), a chur faoi deara an tsuim sin go léir a aistriú chun an Bhoird agus a íoc leis an mBord as an gciste sin.
(2) Féadfaidh an tAire, an lá bunaithe nó dá éis agus roimh dháta an scoir a dúradh, más oiriúnach leis é agus má bhíonn aon suim i gcreidiúint don chiste toradh déiríochta (praghas a dhéanamh seasmhach), a chur faoi deara go n-aistreofar chun an Bhoird agus go n-íocfar leis as an gciste sin cibé suim nó suimeanna a chinnfidh an tAire.
Tuarascáil bhliantúil.
47.—(1) A luaithe is féidir tar éis an 31ú lá de Mhárta gach bliain i ndiaidh na bliana 1960, tabharfaidh an Bord tuarascáil don Aire ar imeachtaí an Bhoird faoin Acht seo i gcaitheamh an dá mhí dhéag dar críoch an dáta sin agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.
(2) Aon uair a ordóidh an tAire amhlaidh, beidh sa tuarascáil bhliantúil freisin eolas ar cibé gnéithe áirithe d'imeachtaí an Bhoird faoin Acht seo a shonróidh an tAire.
Cuntais agus iniúchadh.
48.—(1) Coimeádfaidh an Bord, i cibé foirm a cheadóidh an tAire le comhthoiliú an Aire Airgeadais, na cuntais go léir is cuí agus is gnáth ar an airgead go léir a gheobhaidh nó a chaithfidh sé.
(2) A luaithe is féidir tar éis an 31ú lá de Mhárta gach bliain, cuirfidh an Bord a chuntais don dá mhí dhéag dar críoch an dáta sin, clár comhardaithe amhail ar an dáta sin, agus ráiteas cuntas don bhliain dar críoch an dáta sin chuig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus iniúchfaidh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste na cuntais agus tabharfaidh sé tuarascáil orthu agus ar na doiciméid eile a chuirfear faoina bhráid.
(3) Díreach tar éis iniúchadh a bheith déanta faoin alt seo ar chuntais an Bhoird, cuirfidh an Bord chuig an Aire cóip den ráiteas cuntas agus den chlár comhardaithe arna dheimhniú ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus coip de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste.
(4) Cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna de na doiciméid dá dtagraítear i bhfo-alt (3) den alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.
Eolas a thabhairt don Aire.
49.—Tabharfaidh an Bord don Aire, cibé tráthanna agus i cibé foirm agus slí a shonróidh an tAire, cibé eolas i dtaobh imeachtaí an Bhoird faoin Act seo a iarrfaidh an tAire.
An Coiste Margaíochta Ime a dhíscaoileadh.
50.—(1) Déanfar an Coiste Margaíochta Ime (dá ngairtear an Coiste san Acht seo), is é sin, príomh-eagraíocht margaíochta a oibríonn faoi rialacha arna gceadú ag an Aire faoin Acht Toradh Déiríochta (Praghas a Dhéanamh Seasmhach), 1935, a dhíscaoileadh lá an aistrithe.
(2) Féadfaidh an tAire le hordú faoin alt seo lá, is lá nach luaithe ná an lá bunaithe, a cheapadh mar lá an aistrithe chun críocha an Achta seo.
Conarthaí seirbhíse a rinne an Coiste a bhuanú.
51.—Gach conradh seirbhíse sainráite nó intuigthe a rinne an Coiste agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh lá an aistrithe leanfaidh sé i bhfeidhm lá an aistrithe agus dá éis ach forléireofar é agus beidh éifeacht aige ionann agus dá gcuirfí an Bord ann in ionad an Choiste, agus beidh gach conradh den sórt sin inchurtha i bhfeidhm dá réir sin ag an mBord nó ina choinne.
Maoin an Choiste a aistriú chun an Bhoird.
1881, c. 41.
52.—(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, an mhaoin uile réadach nó pearsanta (lena n-áirítear ábhair i gcaingean) a bhí, díreach roimh lá an aistrithe, dílsithe sa Choiste, nó dá chuid féin ag an gCoiste, nó ar teachtadh ar iontaobhas don Choiste, agus na cearta, na cumhachtaí agus na pribhléidí uile a bhaineann nó a ghabhann le haon mhaoin den sórt sin, tiocfaidh siad lá an aistrithe, agus gan tíolachadh ná sannadh ach faoi réir a n-aistriú, más gá sin, i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta nó údaráis, chun bheith dá chuid féin ag an mBord agus chun bheith dílsithe sa Bhord nó ar teachtadh ar iontaobhas dó, nó ar sealúchas aige (de réir mar a bheidh) chun an estáit, an iontaobhais nó an leasa uile chun a raibh an céanna, díreach roimh lá an aistrithe, dílsithe sa Choiste nó dá chuid féin aige, nó ar teachtadh ar iontaobhas dó.
(2) An mhaoin uile a aistrítear leis an alt seo agus a bhí, díreach roimh lá an aistrithe, ar seasamh i leabhair aon bhainc nó cláraithe i leabhair aon bhainc, corparáide, cuideachta nó údaráis, déanfaidh an banc, an chorparáid, an chuideachta nó an t-údarás sin, ar an mBord dá iarraidh sin lá an aistrithe nó dá éis, í a aistriú sna leabhair chun ainm an Bhoird.
(3) Lá an aistrithe agus dá éis, féadfaidh an Bord, ina ainm féin, agra a dhéanamh i leith gach ábhair i gcaingean a aistrítear chun an Bhoird leis an alt seo agus é a aisghabháil nó a chur i bhfeidhm agus ní gá don Bhord fógra i dtaobh an aistrithe a dhéantar leis an alt seo a thabhairt don duine a bheidh faoi cheangal an ábhair i gcaingean sin.
(4) A mhéid a oibríonn fo-alt (1) den alt seo chun talamh a aistriú, beidh éifeacht aige chun críocha an Conveyancing Act, 1881, mar thíolacas talún.
Dliteanais an Choiste a aistriú chun an Bhoird.
53.—Gach fiach agus dliteanas eile (lena n-áirítear dliteanais neamhleachtaithe as tortanna nó as sáruithe conartha a bhí, díreach roimh lá an aistrithe, dlite den Choiste agus gan íoc aige, nó tabhaithe agus gan fuascailt aige, tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé lá an aistrithe ina fhiach nó ina dhliteanas ar an mBord, agus íocfaidh nó fuasclóidh an Bord é agus féadfar é a ghnóthú ón mBord nó a chur i bhfeidhm i gcoinne an Bhoird dá réir sin.
Conarthaí leanúnacha an Choiste a bhuanú.
54.—Gach banna, ráthaíocht, morgáiste nó urrús eile de chineál leanúnach a rinne an Coiste nó a thug sé d'aon duine nó a rinne aon duine agus a thug sé don Choiste agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh lá an aistrithe agus gach conradh nó comhaontú i scríbhinn a rinneadh idir an Coiste agus duine eile agus nár comhlíonadh go hiomlán roimh lá an aistrithe, leanfaidh sé, d'ainneoin an Coiste a dhíscaoileadh, de bheith i bhfeidhm, lá an aistrithe agus dá éis, ach forléireofar é agus beidh éifeacht aige ionann agus dá gcuirfí ainm an Bhoird ann in ionad ainm an Choiste agus beidh an t-urrús, an conradh nó an comhaontú inchurtha i bhfeidhm dá réir sin ag an mBord nó ina choinne.
Leanúint d'imeachtaí dlíthiúla a bheidh ar feitheamh agus an Coiste mar pháirtí iontu.
55.—Gach caingean, agra nó imeachtaí a bheidh ar feitheamh díreach roimh lá an aistrithe in aon chúirt nó binse agus inar páirtí an Coiste tiocfaidh an Bord chun bheith agus beidh sé, lá an aistrithe, ina pháirtí sa chéanna in ionad an Choiste agus leanfaidh an caingean, an t-agra nó na himeachtaí sin, de réir mar a bheidh, idir an Bord agus na páirtithe eile sa chéanna dá réir sin agus ní thitfidh aon chaingean, agra nó imeachtaí den sórt sin ar lár ná ní scoirfear den chéanna ná ní dhéanfar dochar don chéanna de dhroim an Coiste a dhíscaoileadh.
Díolúine ó dhleacht stampa
1895, c. 16.
56.—Ní bheidh feidhm ag alt 12 den Finance Act, 1895, maidir le maoin an Choiste a dhílsiú sa Bhord.
Toirmeasc ar onnmhairiú agus allmhairiú bainne agus táirgí báinne.
57.—(1) Féadfaidh an tAire le hordú, aon uair agus a mhinicí is oiriúnach leis, a thoirmeasc bainne agus táirgí bainne a onnmhairiú as an Stát ach amháin faoi réim agus de réir ceadúnas arna eisiúint faoin Acht seo.
(2) Féadfaidh an tAire le hordú, aon uair agus a mhinicí is oiriúnach leis, a thoirmeasc bainne agus táirgí bainne a allmhairiú isteach sa Stát ach amháin faoi réim agus de réir ceadúnas arna eisiúint faoin Acht seo.
(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh baint a bheith ag ordú faoin bhfo-alt sin le bainne agus táirgí bainne nó aon saghas nó cineál áirithe bainne nó táirge bainne (arna shonrú i cibé slí agus faoi threoir cibé nithe is oiriúnach leis an Aire) a onnmhairiú i gcoitinne nó go dtí aon tír nó tíortha a shonrófar nó in aon slí nó slite a shonrófar.
(4) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2) den alt seo, féadfaidh baint a bheith ag ordú faoin bhfo-alt sin le bainne agus táirgí bainne nó aon saghas nó cineál áirithe bainne nó táirge bainne (arna shonrú i cibé slí agus faoi threoir cibé nithe is oiriúnach leis an Aire) a allmhairiú i gcoitinne nó ó aon tír nó tíortha nó in aon slí nó slite a shonrófar.
(5) Gan dochar do ghinearáltacht fho-ailt (1) agus (2) den alt seo, féadfaidh foráil a bheith in orduithe faoi na fo-ailt sin maidir le cibé nithe is dóigh leis an Aire is gá chun a áirithiú go gcuirfear na horduithe i bhfeidhm go cuí.
(6) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoi fho-alt (1) nó (2) den alt seo nó faoin bhfo-alt seo a chúlghairm nó a leasú.
(7) Ar dhuine do dhéanamh iarratais i cibé foirm, agus ina mbeidh cibé sonraí, a ordóidh an tAire, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, ceadúnas a eisiúint chun an duine sin chun bainne agus táirgí bainne nó aon saghas nó cineál áirithe bainne nó táirge bainne a allmhairiú nó ceadúnas a eisiúint chuige chun an céanna a onnmhairiú, i gcoitinne nó ó thír go nó dtí tír shonraithe nó ó thíortha nó go dtí tíortha sonraithe, de réir mar a bheidh, i gcás ina mbeidh an t-onnmhairiú nó an t-allmhairiú sin, de réir mar a bheidh, toirmiscthe le hordú faoi fho-alt (1) nó fo-alt (2) den alt seo.
(8) Aon uair a eiseoidh an tAire ceadúnas faoin alt seo féadfaidh sé cibé coinníollacha is oiriúnach leis agus a luafaidh sé sa cheadúnas a chur ag gabháil leis an gceadúnas.
(9) Féadfaidh an tAire ceadúnas a eisíodh faoin alt seo a chúlghairm.
(10) Aon duine dhéanfaidh, d'fhonn ceadúnas faoin alt seo a fháil dó féin nó d'aon duine eile, ráiteas nó uiríoll is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus, ar a chiontú ann go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt más é an chéad chion aige é, agus fíneáil nach mó ná céad punt, más an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin aige é, a chur air.
(11) San alt seo folaíonn tagairtí d'onnmhairiú agus d'allmhairiú tagairtí d'onnmhairiú agus d'allmhairiú ag an mBord agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin.
Leasú ar an Acht Toradh Déiríochta (Praghas a Dhéanamh Seasmhach) (Leasú), 1938,
58.—(1) San alt seo ciallaíonn “Acht 1938” an tAcht Toradh Déiríochta (Praghas a Dhéanamh Seasmhach) (Leasú), 1938.
(2) Leasaítear leis seo alt 1 d'Acht 1938 tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “na forálacha infhionraí”:
“ciallaíonn ‘ na forálacha infhionraí ’ forálacha na nAchtanna Toradh Déiríochta (Praghas a Dhéanamh Seasmhach), 1935 go 1956, seachas ailt 1 go 3 den Acht seo”.
(3) Féadfaidh baint a bheith ag ordú faoi alt 2 nó alt 3 d'Acht 1938 le ceann amháin nó níos mó de na forálacha infhionraí, agus i gcás nach mbaineann ordú leis na forálacha infhionraí go léir, déanfar na tagairtí sna hailt sin do na forálacha infhionraí a fhorléiriú, maidir leis an ordú sin, mar thagairtí don fhoráil nó do na forálacha, de réir mar a bheidh, lena mbaineann an t-ordú, agus forléireofar na hailt sin agus beidh éifeacht acu dá réir sin.
(4) Leasaítear leis seo alt 3 d'Acht 1938 trí—
(a) “maidir le halt 11 den Phríomh-Acht” a chur isteach i bhfo-alt (3) i ndiaidh “ordú athbheochainte”, agus
(b) an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):
“(4) Aon uair a dhéanfaidh an tAire ordú athbheochainte maidir le haon mhír nó míreanna (seachas mír (a)) d'fho-alt (1) d'alt 17 den Phríomh-Acht, féadfaidh sé, leis an ordú sin, lá a cheapadh chun bheith ina lá ceaptha chun críocha na míre nó na míreanna sin, de réir mar a bheidh, agus déanfar tagairtí don lá ceaptha sa mhír sin nó sna míreanna sin, de réir mar a bheidh, maidir le haon tréimhse a bheidh na forálacha infhionraí i bhfeidhm de bhua an ordaithe a fhorléiriú mar thagairtí don lá a cheapfar amhlaidh.”
Leasú ar an Acht Toradh Déiríochta (Leasú), 1941.
59.—Leasaítear leis seo alt 1 den Acht Toradh Déiríochta (Leasú), 1941, trí “an Bord Bainne nó” a chur isteach i ndiaidh “comhlacht údaraithe” sa mhíniú ar “comhlacht údaraithe”.
Ionchúiseamh i gcionta.
60.—(1) Féadfaidh an Bord ionchúiseamh a dhéanamh i leith cion faoi alt 40 nó alt 41 den Acht seo.
(2) Féadfaidh an tAire ionchúiseamh a dhéanamh i leith cion faoi aon fhoráil den Acht seo seachas na hailt sin 40 agus 41.
Cionta maidir le comhlachtaí corpraithe agus comhlachtaí neamhchorpraithe.
61.—(1) Má dhéanann comhlacht corpraithe nó duine a airbheartóidh a bheith ag gníomhú thar ceann comhlacht corpraithe daoine cion faoi aon alt den Acht seo agus go gcruthófar go ndearnadh an cion sin le toiliú nó le haontú, nó gur urasaíodh a dhéanamh trí aon mhainneachtain ar thaobh, aon duine agus é ina stiúrthóir, i gcás comhlachta chorpraithe, nó, i gcás comhlachta neamhchorpraithe, é ina chomhalta de choiste bainistí nó d'údarás rialaithe eile an chéanna, beidh an duine sin freisin ciontach sa chion.
(2) Aon toghairm nó doiciméad eile is gá a sheirbheáil ar chomhlacht corpraithe chun críocha nó i gcúrsa imeachtaí faoin Acht seo féadfar an céanna a sheirbheáil trína fhágáil in oifig chláraithe, nó a chur leis an bpost cláraithe go dtí oifig chláraithe, an chomhlachta sin, nó, mura mbeidh aon oifig den sórt sin sa Stát, trína fhágáil ag an gcomhlacht, nó a chur leis an bpost cláraithe go dtí an comhlacht, in aon áit sa Stát ina seolann sé a ghnó.
Táillí ar cheadúnais.
1879, c. 58.
62.—(1) Beidh cibé táille (más aon táille é) a ordóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, ó am go ham, iníoctha leis an Aire i leith ceadúnas faoi alt 57 den Acht seo agus baileofar agus glacfar an táille i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais ó am go ham agus déanfar í a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste de réir mar a ordóidh an tAire sin.
(2) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le táille is iníoctha leis an Aire faoin alt seo.
Orduithe agus rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.
63.—Gach ordú agus rialachán a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú nó an rialachán a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhiú an ordaithe nó an rialacháin beidh an t-ordú nó an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú nó faoin rialachán.
Costais.
64.—A mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a íocfar na costais faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo.
Gearrtheideal.
65.—Féadfar an tAcht um Margú Táirgí Déiríochta, 1961, a ghairm den Acht seo.