[EN]

Uimhir 13 de 1981


[EN]

AN tACHT UM FHORBAIRT TIONSCAIL, 1981

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM FHORBAIRT TIONSCAIL, 1969 GO 1978. [26 Bealtaine, 1981] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

Mínithe.

1.—San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “Acht 1975” an tAcht um Fhorbairt Tionscail (Uimh. 2), 1975;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1977” an tAcht um Fhorbairt Tionscail, 1977;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1978” an tAcht um Fhorbairt Tionscail, 1978;

[EN]

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Fhorbairt Tionscail, 1969.

[EN]

Deontais agus ráthaíochtaí iasachtaí.

2.—(1) Cuirtear na fo-ailt seo a leanas in ionad fho-ailt (2) (a) agus (3) (a) d'alt 17 den Phríomh-Acht (a cuireadh isteach le hAcht 1978):

[EN]

“(2) (a) Ní rachaidh comhiomlán na ndeontas ón Údarás faoin Acht um Dheontais Tionscail, 1956, agus na ndeontas (seachas deontais faoi alt 12 d'Acht 1952) ón bhForas Tionscal agus ón Aire faoi na hAchtanna um Limistéir Neamhfhorbartha, 1952 go 1969, agus faoi na hAchtanna um Dheontais Tionscail, 1959 go 1969, agus ón Údarás faoin Acht seo, agus na n-íocaíochtaí ón bhForas Tionscal agus ón Aire ar scór ráthaíochtaí a thug an Foras Tionscal agus an tAire faoin Acht um Dheontais Tionscail, 1959, agus na n-íocaíochtaí ón bhForas Tionscal nó ón Údarás faoi alt 4 d'Acht 1966, agus na n-íocaíochtaí ón Údarás faoi alt 15 den Acht seo, agus na scaireanna a cheannóidh nó a thógfaidh an tÚdarás faoi alt 44 den Acht seo, agus na ndeontas ón Údarás faoi alt 2 nó 3 den Acht um Fhorbairt Tionscail, 1977, thar £1,500,000,000.

[EN]

(3) (a) Ní rachaidh comhiomlán na ndeontas faoi alt 12 d'Acht 1952, faoi alt 3 den Acht um Dheontais Tionscail, 1956, agus faoi fho-alt (1) (b) den alt seo (gan aon mhéideanna a áireamh a theastóidh ón Údarás le go bhféadfaidh sé freastal dá oibleagáidí agus dá dhliteanais de bharr ráthaíochtaí faoi alt 37 den Acht seo nó faoi alt 2 nó 3 den Acht um Fhorbairt Tionscail, 1977) thar £1,500,000,000.”.

[EN]

(2) Cuirtear an mhír seo a leanas in ionad mhír (b) d'alt 17 (2) den Phríomh-Acht (a cuireadh isteach le hAcht 1977):

[EN]

“(b) Ní rachaidh comhiomlán an airgid a bheidh ráthaithe i leith príomhshuime ag an Údarás faoi alt 37 den Acht seo nó faoi alt 2 nó 3 den Acht um Fhorbairt Tionscail, 1977, agus a bheidh gan aisíoc, agus na n-íocaíochtaí ón Údarás i leith príomhshuime ar scór ráthaíochtaí faoi aon cheann de na hailt sin, thar £125,000,000 tráth ar bith.”.

[EN]

(3) Cuirtear an mhír seo a leanas in ionad mhír (b) d'alt 17 (3) den Phríomh-Acht (a cuireadh isteach le hAcht 1977):

[EN]

“(b) Ní rachaidh comhiomlán na ndeontas a thabharfaidh an tAire don Údarás le go bhféadfaidh an tÚdarás freastal dá oibleagáidí nó dá dhliteanais de bharr ráthaíochtaí faoi alt 37 den Acht seo nó faoi alt 2 nó 3 den Acht um Fhorbairt Tionscail, 1977, i leith príomhshuime thar £125,000,000.”.

[EN]

Méid uasta deontas áirithe.

3.—Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 42 den Phríomh-Acht (a cuireadh isteach le hAcht 1978):

[EN]

“42. (1) Ní rachaidh an méid iomlán airgid a dheonófar faoi alt nó ailt acu seo a leanas den Acht seo, is é sin, ailt 33, 34, 35 agus 46, do ghnóthas tionscail áirithe nó ina leith thar £2,500,000.

[EN]

(2) D'ainneoin aon ní san alt seo féadfaidh an Rialtas, maidir le gnóthas tionscail áirithe, a cheadú deontas nó deontais is mó ná £2,500,000 a thabhairt faoi cheann amháin nó níos mó de na hailt dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo, ar choinníoll nach rachfar in aon chás ar leith den sórt sin thar na teorainneacha céatadáin a shonraítear in ailt 33 (2), 34 (2), 35 (2) agus 35 (4) den Acht seo (de réir mar is iomchuí).”.

[EN]

Deontais oiliúna.

4.—Cuirtear an fo-alt seo a leanas in ionad fho-alt (4) d'alt 39 den Phríomh-Acht (a cuireadh isteach le hAcht 1978):

[EN]

“(4) Ní dhéanfaidh an tÚdarás, gan cead roimh ré ón Rialtas, deontas oiliúna ná deontais oiliúna is mó san iomlán ná £2,000,000 a thabhairt i leith gnóthais áirithe.”.

[EN]

Iasachtaí do ghnóthais tionscail a ráthú.

5.—Cuirtear an fo-alt seo a leanas in ionad fho-alt (5) d'alt 37 den Phríomh-Acht (a cuireadh isteach le hAcht 1975):

[EN]

“(5) Ní thabharfaidh an tÚdarás, gan cead roimh ré ón Rialtas, ráthaíocht faoin alt seo, maidir le gnóthas tionscail áirithe, go n-aisíocfar thar £750,000 príomhshuime.”.

[EN]

Iasachtaí le haghaidh athchóirithe tionscail a ráthú.

6.—Cuirtear an fo-alt seo a leanas in ionad fho-alt (2) d'alt 2 d'Acht 1977:

[EN]

“(2) Ní thabharfaidh an tÚdarás, gan cead roimh ré ón Rialtas, ráthaíocht i leith airgead a gheofar ar iasacht i ndáil le fáil nó le cónascadh dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo i gcás ar mó ná £750,000 méid comhiomlán phríomhshuim aon airgid is ábhar don ráthaíocht.”.

[EN]

Iasachtaí a ráthú agus fóirdheontas úis le haghaidh forbartha fiontair.

7.—Cuirtear an fo-alt seo a leanas in ionad fho-alt (2) d'alt 3 d'Acht 1977:

[EN]

“(2) Ní dhéanfaidh an tÚdarás, gan cead roimh ré ón Rialtas, ráthaíocht a thabhairt i leith airgead a gheofar ar iasacht i ndáil le caipiteal oibre do ghnóthas dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo, ná deontas a thabhairt chun laghdú ar an ús is iníoctha ar iasacht a fuarthas chun caipiteal oibre a sholáthar do ghnóthas den sórt sin, i gcás ar mó san iomlán ná £300,000 méid phríomhshuim aon airgid is ábhar don ráthaíocht agus méid an deontais is iníoctha chun laghdú ar an ús.”.

[EN]

Deontais taighde.

8.—Cuirtear na míreanna seo a leanas in ionad mhíreanna (a) agus (b) d'alt 40 (4) den Phríomh-Acht (a cuireadh isteach le hAcht 1977):

[EN]

“(a) Faoi réir mhír (b), ní rachaidh méid deontais taighde thar 50 faoin gcéad de chostais cheadaithe an tionscadail iomchuí nó £250,000, cibé suim acu is lú.

[EN]

(b) Féadfaidh méid deontais taighde dul, le ceadú an Rialtais i gcás áirithe, thar £250,000 de cibé suim a shonróidh an Rialtas sa chás sin ach sin ar choinníoll nach rachfar thar an teorainn chéatadáin a shonraítear i mír (a) den fho-alt seo.”.

[EN]

Cumhacht chun scaireanna i ngnóthais tionscail áirithe a cheannach.

9.—Cuirtear an fo-alt seo a leanas in ionad alt 44 (4) den Phríomh-Acht (a cuireadh isteach le hAcht 1977):

[EN]

“(4) Ní chaithfidh an tÚdarás, gan cead roimh ré ón Rialtas, thar £1,500,000 ag ceannach nó ag tógáil scaireanna i gcomhlacht corpraithe áirithe.”.

[EN]

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

10.—(1) Féadfar an tAcht um Fhorbairt Tionscail, 1981, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Déanfar na hAchtanna um Fhorbairt Tionscail, 1969 go 1978, agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna um Fhorbairt Tionscail, 1969 go 1981, a ghairm díobh le chéile.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Na hAchtanna um Fhorbairt Tionscail, 1969 go 1978

Na hAchtanna um Fhorbairt Tionscail, 1969 go 1981

An tAcht um Fhorbairt Tionscail, 1969

1969, Uimh. 32

An tAcht um Fhorbairt Tionscail (Uimh. 2), 1975

1975, Uimh. 29

An tAcht um Fhorbairt Tionscail, 1977

1977, Uimh. 37

An tAcht um Fhorbairt Tionscail, 1978

1978, Uimh. 29

An tAcht um Dheontais Thionscail, 1956

1956, Uimh. 48

Na hAchtanna um Dheontais Tionscail, 1959 go 1969 An tAcht um Dheontais Tionscail (Leasú), 1966

1966, Uimh. 12

An tAcht um Límistéirí Neamhfhorbartha, 1952

1952, Uimh. 1

Na hAchtanna um Limistéir Neamhfhorbartha, 1952 go 1969