[EN]

harp.jpg


Uimhir 13 de 1988


[EN]

AN tACHT UM PÁIRTEACHAS LUCHT OIBRE (FIONTAIR STÁIT), 1988


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Oifigeach iomchuí.

3.

Iarrataí chun comhshocraíochtaí comhchomhairliúcháin a bhunú.

4.

Vótaíochtaí maidir le comhshocraíochtaí comhchomhairliúcháin dá dtagraítear in alt 6.

5.

Cinntí áirithe a bheith críochnaitheach, etc.

6.

Forálacha maidir le comhshocraíochtaí dá dtagraítear in alt 3 nó 4.

7.

Tuarascáil bhliantúil comhlachta shonraithe.

8.

Caiteachais chomhlachta shonraithe i ndáil le comhshocraíochtaí faoi alt 6.

9.

Cumhacht chun fochuideachtaí áirithe a thabhairt faoi réim na nAchtanna um Páirteachas Lucht Oibre (Fiontair Stáit), 1977 agus 1988.

10.

Bliain toghcháin agus lá ainmniúcháin.

11.

Orduithe faoi alt 23 nó 25 den Phríomh-Acht: forálacha forlíontacha.

12.

Duine a bheith dícháilithe chun bheith ina chomhalta nó ina stiúrthóir ar scor dó de bheith ina fhostaí.

13.

Leasú ar alt 1 den Phríomh-Acht.

14.

Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht.

15.

Leasú ar alt 5 den Phríomh-Acht.

16.

Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht.

17.

Leasú ar alt 12 den Phríomh-Acht.

18.

Leasú ar alt 13 den Phríomh-Acht.

19.

Leasú ar alt 15 den Phríomh-Acht.

20.

Leasú ar alt 22 den Phríomh-Acht.

21.

Leasú ar alt 23 den Phríomh-Acht.

22.

Leasú ar alt 25 den Phríomh-Acht.

23.

Leasú ar alt 26 den Phríomh-Acht.

24.

Leasú ar an Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

25.

Orduithe faoi ailt 9 agus 24 (2) (a) (ii).

26.

Aisghairm.

27.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht na nAerchuideachtaí, 1966

1966, Uimh. 4

An tAcht um an British & Irish Steam Packet Company Limited (Fáil), 1965

1965, Uimh. 5

An tAcht Leictreachais (Soláthar), 1927

1927, Uimh. 27

An tAcht Seirbhísí Poist agus Teileachumarsáide, 1983

1983, Uimh. 24

An tAcht Déantóireachta Siúicre, 1933

1933, Uimh. 31

An tAcht Iompair, 1950

1950, Uimh. 12

An tAcht Forbartha Móna, 1946

1946, Uimh. 10

An tAcht um Páirteachas Lucht Oibre (Fiontair Stáit), 1977

1977, Uimh. 6

Na hAchtanna um Páirteachas Lucht Oibre (Fiontair Stáit), 1977 agus 1988

harp.jpg


Uimhir 13 de 1988


AN tACHT UM PÁIRTEACHAS LUCHT OIBRE (FIONTAIR STÁIT), 1988

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA UM PÁIRTEACHAS LUCHT OIBRE (FIONTAIR STÁIT), 1977.

[12 Meitheamh, 1988]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

Léiriú.

1.—(1) San Acht seo—

[EN]

tá le “comhaontú” an bhrí a shonraítear in alt 6 den Acht seo;

[EN]

ciallaíonn “lá iomchuí” lá a cheapfaidh oifigeach iomchuí chun críocha alt 4 den Acht seo;

[EN]

tá le “oifigeach iomchuí” an bhrí a shanntar dó le halt 2 den Acht seo;

[EN]

folaíonn “achtachán” ionstraim reachtúil;

[EN]

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Páirteachas Lucht Oibre (Fiontair Stáit), 1977;

[EN]

tá le “ionadaithe d'fhostaithe” an bhrí a shonraítear in alt 6 den Acht seo;

[EN]

ciallaíonn “comhlacht sonraithe” comhlacht a shonraítear sa Chéad Sceideal (mar a leasaítear leis an Acht seo) a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

[EN]

(2) (a) Déanfar tagairtí in ailt 3 (b) agus 4 (1) den Acht seo do “fostaithe de chuid an chomhlachta”, i gcás gurb é Aer Lingus an comhlacht sonraithe, a fhorléiriú mar thagairt do “fostaithe de chuid Aer Lingus agus Aerlínte”.

[EN]

(b) Déanfar tagairtí do “an comhlacht sonraithe” in alt 6 den Acht seo, i gcás gurb é Aer Lingus an comhlacht sonraithe, a fhorléiriú mar thagairt do “Aer Lingus agus Aerlínte” agus déanfar tagairtí san alt sin do “ionadaithe don chomhlacht sonraithe”, do “ionadaithe d'fhostaithe de chuid an chomhlachta shonraithe” agus do “fostaithe de chuid an chomhlachta shonraithe” a fhorléiriú dá réir sin.

[EN]

Oifigeach iomchuí.

2.—(1) Chun críocha ailt 3, 4 agus 5 den Acht seo, is é an t-oifigeach iomchuí maidir le comhlacht sonraithe—

[EN]

(a) i gcás gur comhlacht ainmnithe an comhlacht sonraithe, an ceann comhairimh de réir bhrí alt 7 den Phríomh-Acht, nó

[EN]

(b) in aon chás eile—

[EN]

(i) rúnaí an chomhlachta, nó mura bhfuil aon rúnaí den sórt sin ann, an t-oifigeach don chomhlacht a chomhlíonann feidhmeanna rúnaí don chomhlacht, nó

[EN]

(ii) in ionad an rúnaí nó an oifigigh sin, aon duine eile a mheasfaidh an rúnaí nó an t-oifigeach sin a bheith inniúil ar fheidhmeanna oifigigh iomchuí a chomhlíonadh agus a mbeidh glacadh leis—

[EN]

(I) ag ceardchumann nó comhlacht eile daoine ar deimhin leis an rúnaí nó leis an oifigeach ina leith go bhfuil sé aitheanta ag an gcomhlacht sonraithe chun críocha caibidlí cómhargántaíochta agus go bhfuil sé ionadach do thromlach d'fhostaithe an chomhlachta, nó

[EN]

(II) ag dhá cheann nó níos mó de cheardchumainn nó de chomhlachtaí eile daoine ar deimhin leis an rúnaí nó leis an oifigeach ina leith go bhfuil siad ionadach i dteannta a chéile do thromlach de na fostaithe sin agus ar deimhin leis an rúnaí nó leis an oifigeach maidir le gach ceann díobh go bhfuil an comhlacht aitheanta amhlaidh.

[EN]

(2) Féadfaidh oifigeach iomchuí aon fheidhmeanna dá chuid a chomhlíonadh trí aon fhostaí eile de chuid an chomhlachta shonraithe ábhartha nó trí aon duine eile a bheidh, i gceachtar cás, údaraithe go cuí aige i scríbhinn chuige sin.

[EN]

Iarrataí chun comhshocraíochtaí comhchomhairliúcháin a bhunú.

3.—I gcás—

[EN]

(a) go bhfaighidh an t-oifigeach iomchuí do chomhlacht sonraithe iarratas i scríbhinn chun comhshocraíochtaí de bhun alt 6 den Acht seo a bhunú agus a choimeád ar bun ina dhiaidh sin—

[EN]

(i) ó cheardchumann nó ó chomhlacht eile daoine ar deimhin leis an oifigeach iomchuí,

[EN]

(I) i gcás gurb é Aer Lingus an comhlacht sonraithe, go bhfuil sé aitheanta chun críocha caibidlí cómhargántaíochta ag an gcuideachta sin nó ag Aerlínte agus go bhfuil sé ionadach do thromlach d'fhostaithe na gcuideachtaí sin, nuair a dhéantar líon na bhfostaithe atá ar fostú acu a shuimiú le chéile,

[EN]

(II) i gcás aon chomhlachta shonraithe eile, go bhfuil sé aitheanta chun na gcríoch sin ag an gcomhlacht sonraithe sin agus go bhfuil sé ionadach do thromlach d'fhostaithe an chomhlachta sin, nó

[EN]

(ii) ó gach ceann de dhá cheardchumann nó de dhá chomhlacht eile daoine nó níos mó ar deimhin leis an oifigeach iomchuí iad a bheith ionadach i dteannta a chéile do thromlach de na fostaithe sin agus ar deimhin leis an oifigeach iomchuí maidir le gach ceann díobh go bhfuil an comhlacht aitheanta amhlaidh,

[EN]

[EN]

(b) go bhfaighidh an t-oifigeach iomchuí sin iarratas i scríbhinn ar deimhin leis é a bheith sínithe ag tromlach de na daoine arbh fhostaithe de chuid an chomhlachta iad ar dháta an iarratais, á cheangal ar an gcomhlacht comhshocraíochtaí den sórt sin a bhunú agus a choimeád ar bun,

[EN]

déanfaidh an comhlacht sonraithe comhshocraíochtaí de bhun alt 6 den Acht seo a luaithe is féidir.

[EN]

Vótaíochtaí maidir le comhshocraíochtaí comhchomhairliúcháin dá dtagraítear in alt 6.

4.—(1) I gcás—

[EN]

(a) go bhfaighidh an t-oifigeach iomchuí do chomhlacht sonraithe iarratas i scríbhinn á iarraidh ar an gcomhlacht comhshocraíochtaí dá dtagraítear in alt 6 den Acht seo a bhunú agus a choimeád ar bun ina dhiaidh sin, agus

[EN]

(b) gur deimhin leis an oifigeach sin go bhfuil an t-iarratas sin sínithe ag cúig déag faoin gcéad ar a laghad de na daoine arbh fhostaithe de chuid an chomhlachta iad ar dháta an iarratais,

[EN]

comhshocróidh sé go dtógfar vótaíocht faoin alt seo chun a fhionnadh an bhfuil nó nach bhfuil tromlach d'fhostaithe an chomhlachta i bhfabhar na comhshocraíochtaí sin a bhunú agus a choimeád ar bun ag an gcomhlacht, agus déanfaidh sé na nithe sonracha seo—

[EN]

(c) lá nó tréimhse a cheapadh de réir fho-alt (2) den alt seo, is lá ar a dtógfar, nó is tréimhse nach faide ná tríocha lá ar lena linn a thógfar, an vótaíocht,

[EN]

(d) lá a cheapadh, ar lá é a bheidh laistigh den tréimhse seacht lá dar tosach an lá a fuair an t-oifigeach sin an t-iarratas, le bheith ina lá iomchuí chun críocha an ailt seo,

[EN]

agus beidh gach duine is fostaí de chuid an chomhlachta lena mbaineann ar an lá iomchuí, i dteideal vótáil sa vótaíocht.

[EN]

(2) Maidir leis an lá nó leis an gcéad lá de thréimhse laethanta a cheapfar faoi fho-alt (1) (c) den alt seo, is lá laistigh den tréimhse nócha lá tar éis d'oifigeach iomchuí an t-iarratas dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a fháil a bheidh sa lá nó sa chéad lá sin.

[EN]

(3) Más rud é, de bhun an ailt seo, go mbeidh lá ar a dtógfar nó, de réir mar a bheidh, tréimhse laethanta ar lena linn a thógfar, vótaíocht ceaptha ag oifigeach iomchuí, déanfaidh sé, a luaithe is féidir tar éis an ceapadh sin a dhéanamh, fógra a thabhairt i cibé slí a mheasfaidh sé is iomchuí—

[EN]

(a) faoin lá ar a ndéanfar nó, de réir mar a bheidh, faoin tréimhse ar lena linn a dhéanfar an vótaíocht,

[EN]

(b) faoin áit nó faoi na háiteanna ar ann nó iontu a fhéadfar vótaí seachas postvótaí a chaitheamh, agus faoin lá a bhféadfar, agus faoi na huaireanta an chloig ar lena linn a fhéadfar, vótaí a chaitheamh amhlaidh, agus

[EN]

(c) i gcás tréimhse vótaíochta a bheith socraithe, faoin áit ar ann, faoin tréimhse ar lena linn agus faoin uair an chloig ar roimh a deireadh a bheidh páipéir phostbhallóide le glacadh ag an oifigeach iomchuí nó thar a cheann.

[EN]

(4) Beidh, ar an bpáipéar ballóide a bheidh á úsáid i vótaíocht faoin alt seo, ceist á cheangal ar an vótálaí a léiriú cé acu a ghlacann sé le togra, nó a dhiúltaíonn sé do thogra, chun comhshocraíochtaí de bhun alt 6 den Acht um Páirteachas Lucht Oibre (Fiontair Stáit), 1988, a bhunú agus beidh aon cheist den sórt sin soiléir agus neamhdhébhríoch.

[EN]

(5) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas i ndáil le vótaíocht faoin alt seo:

[EN]

(a) is trí rúnbhallóid a thabharfar na vótaí sa vótaíocht agus is páipéar (dá ngairtear “páipéar ballóide” san alt seo) a bheidh i mballóid gach vótálaí;

[EN]

(b) caithfidh gach vótálaí a vóta tríd an bhfreagra “TÁ” nó “NÍL” a thabhairt ar an gceist ar an bpáipéar ballóide;

[EN]

(c) i gcás lá ar leith a bheith socraithe de bhun fho-alt (1) (c) den alt seo maidir leis an vótaíocht, tógfar an vótaíocht an lá sin agus ní úsáidfear postvótáil;

[EN]

(d) i gcás tréimhse laethanta a bheith socraithe amhlaidh de bhun an fho-ailt sin, tógfar an vótaíocht le linn na tréimhse sin ach ní fhéadfar vótaí, seachas postvótaí, a chaitheamh ach amháin le linn na n-uaireanta an chloig a bheidh sonraithe amhlaidh ar lá ar leith a cheapfaidh an t-oifigeach iomchuí chun críocha na míre seo an tráth a shocraíonn sé an tréimhse ar lena linn a dhéanfar an vótaíocht;

[EN]

(e) aon pháipéar ballóide—

[EN]

(i) nach mbeidh aon vóta in aon chor curtha air, nó

[EN]

(ii) nach mbeidh an vóta curtha air i slí a léireoidh go nglacann an vótálaí leis an togra lena mbaineann an páipéar ballóide, nó go ndiúltaíonn sé dó, nó

[EN]

(iii) ar a mbeidh vótaí a léireoidh go nglacann an vótálaí leis an togra lena mbaineann an páipéar ballóide agus go ndiúltaíonn sé dó freisin, nó

[EN]

(iv) ar a mbeidh aon ní scríofa nó marcáilte ar an bpáipéar ballóide ag an vótálaí trína bhféadfaí é a aithint,

[EN]

beidh sé neamhbhailí agus ní chomhairfear é.

[EN]

(6) Más deimhin leis an oifigeach iomchuí i dtoghchán nach féidir, mar gheall ar thrasnaíl nó aon chúinse eile nach bhfuil aon neart aige air, dul ar aghaidh le tógáil na vótaíochta nó an céanna a chríochnú, cuirfidh sé an vótaíocht ar atráth, agus más gá sin cuirfidh sé í ar atráth arís, go ceann cibé tréimhse a mheasfaidh sé is iomchuí lena chumasú dó, ar an tréimhse a dhul in éag, dul ar aghaidh leis an vótaíocht nó í a chríochnú, de réir mar is iomchuí.

[EN]

(7) A luaithe is féidir tar éis vótaíocht a thógáil faoin alt seo comhairfidh an t-oifigeach iomchuí na vótaí a taifeadadh ar na páipéir bhallóide agus gheobhaidh sé amach líon na vótaí a tugadh tríothu ag glacadh leis an togra lena mbaineann an páipéar ballóide agus líon na vótaí a tugadh tríothu ag diúltú dó.

[EN]

(8) I gcás tromlach de na vótaí a bheith i bhfabhar glacadh leis an togra lena mbaineann an páipéar ballóide, déanfaidh an comhlacht sonraithe lena mbaineann comhshocraíochtaí de bhun alt 6 den Acht seo, a luaithe is féidir.

[EN]

(9) I gcás vótaíocht a dhéanamh faoin alt seo agus caoga faoin gcéad nó níos lú de na vótaí a bheith i bhfabhar glacadh leis an togra lena mbaineann an vótaíocht, ní dhéanfar aon vótaíocht faoin alt seo i ndáil leis an gcomhlacht sonraithe lena mbaineann go dtí go rachaidh tréimhse ceithre bliana in éag dar tosach an lá a mbeidh toradh na vótaíochta faighte amach de bhun fho-alt (7) den alt seo.

(10) Ní dhéanfar vótaíocht faoin alt seo i ndáil le comhlacht sonraithe aon tráth a mbeidh comhshocraíochtaí arna ndéanamh de bhun alt 6 den Acht seo i bhfeidhm.

[EN]

Cinntí áirithe a bheith críochnaitheach, etc.

5.—I gcás go mbeidh díospóid ann faoi chinneadh a dhéanfaidh oifigeach iomchuí do chomhlacht sonraithe maidir le haon cheann de na nithe seo—

[EN]

(a) ceardchumann nó comhlacht eile daoine nó duine a bheith i dteideal iarratas faoi alt 3 den Acht seo a dhéanamh nó a shíniú ar dháta an iarratais sin a fháil, nó

[EN]

(b) duine a bheith i dteideal iarratas dá dtagraítear in alt 4 den Acht seo a shíniú ar dháta an iarratais sin a fháil, nó

[EN]

(c) duine a bheith i dteideal vótáil i vótaíocht ar leith a dhéantar faoi alt 4 den Acht seo, nó

[EN]

(d) an cheist ar an bpáipéar ballóide a bheith soiléir agus neamhdhébhríoch,

[EN]

beidh cinneadh an oifigigh iomchuí faoin díospóid sin críochnaitheach agus ní bheidh sé inachomhairc.

[EN]

Forálacha maidir le comhshocraíochtaí dá dtagraítear in alt 3 nó 4.

6.—(1) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo, na comhshocraíochtaí dá dtagraítear in alt 3 nó 4 den Acht seo is comhshocraíochtaí den chineál sin iad ar a gcomhaontóidh ionadaithe don chomhlacht sonraithe áirithe agus ionadaithe d'fhostaithe de chuid an chomhlachta sin agus beidh téarmaí aon chomhaontaithe den sórt sin (dá ngairtear “an comhaontú” san Acht seo) ar fáil i ndoiciméad a shíneoidh gach páirtí de na páirtithe sa chomhaontú.

[EN]

(2) D'ainneoin fho-alt (1) den alt seo, na comhshocraíochtaí dá dtagraítear in alt 3 nó 4 den Acht seo is comhshocraíochtaí den chineál sin iad a fhorálfaidh—

[EN]

(a) go ndéanfaidh an comhlacht sonraithe agus cibé daoine a fhoráiltear sa chomhaontú tuairimí agus faisnéis shoiléir iontaofa a mhalartú go rialta i dtaobh cibé gnóthaí de chuid an chomhlachta shonraithe a fhoráiltear sa chomhaontú;

[EN]

(b) go dtabharfaidh an comhlacht sonraithe faisnéis ábhartha i dtráth cuí do cibé daoine a fhoráiltear sa chomhaontú i dtaobh cibé cinntí de chuid an chomhlachta shonraithe a fhoráiltear amhlaidh agus ar dóigh dóibh éifeacht shuntasach a bheith acu ar leasanna fostaithe de chuid an chomhlachta shonraithe; agus

[EN]

(c) go scaipfear an fhaisnéis agus na tuairimí dá dtagraítear i míreanna (a) agus (b) den fho-alt seo ar fhostaithe an chomhlachta shonraithe, ach amháin sna himthosca, más ann, dá bhforáiltear sa chomhaontú,

[EN]

agus beidh sna comhshocraíochtaí cibé forálacha eile ar a gcomhaontóidh na páirtithe iontu.

[EN]

(3) Beidh forálacha i gcomhaontú—

[EN]

(a) a fhorálfaidh go n-athbhreithneofar na comhshocraíochtaí is ábhar don chomhaontú ag cibé eatraimh nó i cibé imthosca a bheidh sonraithe sa chomhaontú,

[EN]

(b) a fhorálfaidh go bhfoirceannfar na comhshocraíochtaí sin in imthosca a bheidh sonraithe amhlaidh.

[EN]

(4) Féadfar comhaontú a leasú nó comhaontú breise idir ionadaithe don chomhlacht sonraithe áirithe agus ionadaithe d'fhostaithe de chuid an chomhlachta sin a chur ina ionad: Ar choinníoll go mbeidh téarmaí aon chomhaontaithe bhreise den sórt sin i ndoiciméad a shíneoidh na páirtithe sa chomhaontú breise agus ar choinníoll freisin go ndéanfar foráil sa chomhaontú breise maidir leis na nithe a shonraítear i bhfo-ailt (2) agus (3) den alt seo.

[EN]

(5) San Acht seo ciallaíonn “ionadaithe d'fhostaithe” cibé daoine a ainmneoidh ceardchumann nó comhlacht eile daoine ar deimhin leis an oifigeach iomchuí é a bheith aitheanta chun críocha caibidlí cómhargántaíochta ag an gcomhlacht sonraithe áirithe.

[EN]

Tuarascáil bhliantúil comhlachta shonraithe.

7.—(1) Beidh i dtuarascáil bhliantúil comhlachta shonraithe ráiteas a thabharfaidh tuairisc—

[EN]

(a) ar na bearta, más aon bhearta iad, a rinneadh i rith na bliana lena mbaineann an tuarascáil chun comhshocraíochtaí de réir alt 6 den Acht seo, nó aon chomhshocraíochtaí dá samhail, a thabhairt isteach, a choimeád ar bun nó a fhorbairt, agus

[EN]

(b) ar an gcomhaontú a bhaineann leis na comhshocraíochtaí sin, i gcás an comhaontú sin a bheith tagtha i bhfeidhm den chéad uair, nó i gcás athrú ábhartha a bheith déanta air, i rith na bliana sin.

[EN]

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá d'Eanáir, 1989.

[EN]

Caiteachais chomhlachta shonraithe i ndáil le comhshocraíochtaí faoi alt 6.

8.—Na caiteachais go léir a thabhóidh comhlacht sonraithe i ndáil le comhshocraíochtaí de bhun alt 6 den Acht seo a bhunú agus a choimeád ar bun is ar an gcomhlacht sonraithe lena mbaineann a thitfidh siad.

[EN]

Cumhacht chun fochuideachtaí áirithe a thabhairt faoi réim na nAchtanna um Páirteachas Lucht Oibre (Fiontair Stáit), 1977 agus 1988.

9.—(1) San alt seo ciallaíonn “fochuideachta lena mbaineann an t-alt seo”—

[EN]

(a) i ndáil le comhlacht ainmnithe i gCuid I den Chéad Sceideal (arna leasú leis an Acht seo) a ghabhann leis an bPríomh-Acht, cuideachta ar fochuideachta de chuid an chomhlachta sin de réir bhrí Acht 1963 a bheadh inti dá mba chuideachta de réir bhrí an Achta sin an comhlacht, agus

[EN]

(b) aon chuideachta a bhfuil sé, chun críocha Achta 1963, le meas i ndáil léi de bhua alt 155 (4) den Acht sin 1963, gur cuideachta shealbhaíochta na cuideachta sin comhlacht atá ainmnithe i gCuid II den Chéad Sceideal (arna leasú leis an Acht seo) a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

[EN]

(2) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo, féadfaidh an tAire maidir le fochuideachta ar leith lena mbaineann an t-alt seo, a fhoráil le hordú go measfar, chun críche na nAchtanna um Páirteachas Lucht Oibre (Fiontair Stáit), 1977 agus 1988, gur fostaí de chuid an chomhlachta ainmnithe (a ainmneofar san ordú) aon fhostaí de chuid na fochuideachta.

[EN]

(3) Ní dhéanfaidh an tAire ordú faoi fho-alt (2) den alt seo—

[EN]

(a) mura ndearna an comhlacht ainmnithe áirithe agus ionadaithe d'fhostaithe an chomhlachta sin, i gcomhpháirt, iarraidh i scríbhinn a chur chuig an Aire iomchuí agus murar chuir an comhlacht ainmnithe áirithe cóip den iarraidh sin chuig an Aire, agus

[EN]

(b) mura ndeachaigh an tAire i gcomhairle leis an Aire Airgeadais agus leis an Aire iomchuí.

[EN]

(4)  (a) I gcás ordú faoin alt seo a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire—

[EN]

(i)  forléireofar na hAchtanna um Páirteachas Lucht Oibre (Fiontair Stáit), 1977 agus 1988 (seachas ailt 2 go 8 den Acht seo) agus beidh éifeacht leo de réir an ordaithe,

[EN]

(ii)  gan dochar do ghinearáltacht fhomhír (i) den mhír seo, forléireofar an tagairt don chomhlacht ainmnithe in alt 11 (6) den Phríomh-Acht mar thagairt a fholaíonn tagairt don fhochuideachta a bheidh sonraithe san ordú.

[EN]

(b) I gcás comhlacht ainmnithe a bheith sonraithe in ordú faoi fho-alt (2) den alt seo, ansin a fhad a bheidh an t-ordú i bhfeidhm—

[EN]

(i) i gcás gurb é Aer Lingus an comhlacht ainmnithe, forléireofar alt 13 (1) (a) (i) den Phríomh-Acht agus beidh éifeacht leis ionas dá ndéanfaí tagairt don fhochuideachta a bheidh sonraithe amhlaidh nó, i gcás go mbeidh de thuras na huaire níos mó ná fochuideachta amháin den sórt sin sonraithe amhlaidh, tagairt do cheachtar de na fochuideachtaí sin nó, de réir mar is iomchuí, d'aon cheann díobh, a chur isteach i ndiaidh “ag an gcuideachta sin”,

[EN]

(ii) in aon chás eile, ní bheidh feidhm ag alt 13 (1) den Phríomh-Acht maidir leis an gcás agus ina ionad sin beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas, eadhon, más rud é i dtoghchán a bhaineann leis an gcomhlacht ainmnithe sin go bhfaighidh an ceann comhairimh sa tréimhse seacht lá a thosaíonn ar an lá luaite—

[EN]

(I) ó cheardchumann nó ó chomhlacht eile daoine ar deimhin leis an gceann comhairimh go bhfuil sé aitheanta chun críocha caibidlí cómhargántaíochta ag an gcomhlacht ainmnithe sin nó ag an bhfochuideachta a bheidh sonraithe amhlaidh, nó ag ceachtar de na fochuideachtaí a bheidh sonraithe amhlaidh nó ag aon cheann acu, de réir mar is iomchuí, agus go bhfuil sé ionadach do chúig déag faoin gcéad ar a laghad d'fhostaithe an chomhlachta ainmnithe sin agus na fochuideachta sin nó na bhfochuideachtaí sin, ar fostaithe iad atá i dteideal vótáil sa toghchán, nuair a dhéantar líon na bhfostaithe atá ar fostú acu agus atá i dteideal amhlaidh a shuimiú le chéile, nó

[EN]

(II) ó gach ceann de dhá cheardchumann nó de dhá chomhlacht eile daoine nó níos mó ar deimhin leis an gceann comhairimh iad a bheith ionadach i dteannta a chéile do chúig déag faoin gcéad ar a laghad de na fostaithe sin agus ar deimhin leis an gceann comhairimh maidir le gach ceann díobh go bhfuil an comhlacht aitheanta amhlaidh,

[EN]

iarratas i scríbhinn á iarraidh air gan dul ar aghaidh leis an toghchán, déanfaidh sé, chun a fhionnadh an bhfuil nó nach bhfuil tromlach na ndaoine atá i dteideal vótáil sa toghchán i bhfabhar dul ar aghaidh leis an toghchán, a shocrú láithreach go dtógfar vótaíocht (is vótaíocht dá ngairtear “réamhvótaíocht” san Acht seo) agus lá, nó tréimhse is faide ná lá amháin ach nach faide ná tríocha lá, a cheapadh arb é an lá é nó arb í an tréimhse laethanta í, de réir mar a bheidh, is luaithe chun an réamhvótaíocht a thógáil.

[EN]

(5) Féadfaidh an tAire le hordú ordú arna dhéanamh faoin alt seo (lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo) a leasú nó a chúlghairm.

[EN]

Bliain toghcháin agus lá ainmniúcháin.

10.—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 6:

[EN]

“6.—(1) Maidir le comhlacht ainmnithe, is iad na blianta toghcháin chun críocha an Achta seo—

[EN]

(a)   (i) maidir le Siúicre Éireann cuideachta phoiblí theoranta, An Post agus Bord Telecom Éireann, 1988, agus gach ceathrú bliain chomhleanúnach ina dhiaidh sin,

[EN]

(ii) maidir le Córas Iompair Éireann, 1989, agus gach ceathrú bliain chomhleanúnach ina dhiaidh sin,

[EN]

(iii) maidir le Líne B & I cuideachta phoiblí theoranta, Bord Soláthair an Leictreachais, Bord na Móna, Nítrigin Éireann Teoranta agus Aer Lingus, 1990, agus gach ceathrú bliain chomhleanúnach ina dhiaidh sin,

[EN]

agus

[EN]

(b) maidir le comhlacht ainmnithe seachas comhlacht dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo, an bhliain ar inti a thiteann an lá a cheapfaidh an tAire faoi alt 3 den Acht seo i ndáil leis an gcomhlacht agus gach ceathrú bliain chomhleanúnach ina dhiaidh sin.

[EN]

(2) I rith gach tréimhse dhá mhí dhéag dar críoch an 15ú lá de Mheán Fómhair i ngach bliain ar bliain toghcháin í i ndáil le comhlacht ainmnithe, socróidh an ceann comhairimh lá i ndáil leis an gcomhlacht le bheith, chun críocha an Achta seo, ina lá ainmniúcháin sa bhliain toghcháin sin.

[EN]

(3)  (a) Más rud é, i rith na tréimhse dhá mhí dhéag dar críoch an 15ú lá de Mheán Fómhair i ngach bliain ar bliain toghcháin í i ndáil le comhlacht ainmnithe, nach mbeidh lá ainmniúcháin socraithe ag ceann comhairimh féadfaidh aon fhostaí de chuid an chomhlachta ainmnithe a iarraidh ar an Aire i scríbhinn comhshocrú a dhéanamh go socrófar lá i ndáil leis an gcomhlacht le bheith, chun críocha an Achta seo, ina lá ainmniúcháin sa bhliain toghcháin sin.

[EN]

(b) Féadfaidh an tAire, más deimhin leis nach bhfuil lá ainmniúcháin socraithe—

[EN]

(i) ordú a thabhairt i scríbhinn don cheann comhairimh, lá, is lá nach déanaí ná trí mhí tar éis dháta an ordaithe, a shocrú láithreach le bheith ina lá ainmniúcháin sa bhliain toghcháin sin chun críocha an Achta seo, agus

[EN]

(ii) a cheangal ar an gceann comhairimh a mhíniú i scríbhinn cén fáth gur theip air an lá ainmniúcháin a shocrú.

[EN]

(c) Más rud é, laistigh de cheithre lá dhéag tar éis dháta an ordaithe ón Aire, nach mbeidh lá socraithe ag an gceann comhairimh le bheith ina lá ainmniúcháin féadfaidh an tAire, le rialachán, lá a shocrú i ndáil leis an gcomhlacht ainmnithe áirithe le bheith ina lá ainmniúcháin sa bhliain toghcháin sin chun críocha an Achta seo.”.

[EN]

Orduithe faoi alt 23 nó 25 den Phríomh-Acht: forálacha forlíontacha.

11.—(1) I gcás go ndéanfaidh an tAire ordú faoi alt 23 (arna leasú leis an Acht seo) den Phríomh-Acht maidir le comhlacht ar comhlacht ainmnithe é de bhua ordaithe faoi alt 24 den Acht seo, féadfar a fhoráil leis an ordú faoin alt sin 23 (arna leasú amhlaidh), go ndéanfar, fad a bheidh an t-ordú sin i bhfeidhm, aon achtachán a bheidh sonraithe san ordú, ar achtachán é a bhaineann leis an gcomhlacht agus atá ar aon dul leis na hachtacháin atá sonraithe in alt 23 (4) (arna leasú leis an Acht seo) den Phríomh-Acht, a fhorléiriú, agus go mbeidh éifeacht leis, de réir an ordaithe.

[EN]

(2) I gcás go ndéanfaidh an tAire iomchuí ordú faoi alt 25 den Phríomh-Acht maidir le comhlacht ar comhlacht ainmnithe é de bhua ordaithe faoi alt 24 den Acht seo, féadfar a fhoráil leis an ordú faoi alt 25 den Phríomh-Acht go ndéanfar, fad a bheidh an t-ordú i bhfeidhm, aon achtachán a bheidh sonraithe san ordú, ar achtachán é a bhaineann leis an gcomhlacht agus atá ar aon dul leis na hachtacháin atá sonraithe in alt 25 (2) (arna leasú leis an Acht seo) den Phríomh-Acht, a fhorléiriú, agus go mbeidh éifeacht leis, de réir an ordaithe.

[EN]

Duine a bheith dícháilithe chun bheith ina chomhalta nó ina stiúrthóir ar scor dó de bheith ina fhostaí.

12.—(1) Duine a bheidh ceaptha de bhun alt 15 den Phríomh-Acht chun a bheith ina chomhalta de chomhlacht ainmnithe nó, de réir mar a bheidh, ina stiúrthóir air, scoirfidh sé de bheith ina chomhalta nó ina stiúrthóir den sórt sin, má scoireann sé, ar chúis ar bith, de bheith ina fhostaí de chuid an chomhlachta sin.

[EN]

(2) Aon uair a scoirfidh duine, de bhun fho-alt (1) den alt seo, de bheith ina chomhalta den chomhlacht ainmnithe nó, de réir mar a bheidh, ina stiúrthóir air, measfar gur tharla folúntas i measc chomhaltaí nó stiúrthóirí an chomhlachta ainmnithe áirithe ar an lá tar éis an lae a scoireann an duine sin de bheith ina fhostaí de chuid an chomhlachta sin agus beidh feidhm ag forálacha an Phríomh-Achta a bhaineann le corrfholúntais dá réir sin.

[EN]

Leasú ar alt 1 den Phríomh-Acht.

13.—Leasaítear leis seo alt 1 den Phríomh-Acht—

[EN]

(a) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “Aer Lingus” atá san alt sin:

[EN]

“ciallaíonn ‘Aer Lingus’, ach amháin sa Chéad Sceideal nó sa Dara Sceideal (a cuireadh isteach leis an Acht um Páirteachas Lucht Oibre (Fiontair Stáit), 1988) a ghabhann leis an Acht seo, Aer Lingus cuideachta phoiblí theoranta;”,

[EN]

(b) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “Aerlínte” atá san alt sin:

[EN]

“ciallaíonn ‘Aerlínte’ Aerlínte Éireann cuideachta phoiblí theoranta;”,

[EN]

(c) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “comhlacht ainmnithe” atá san alt sin:

[EN]

“ciallaíonn ‘comhlacht ainmnithe’ comhlacht lena mbaineann an tAcht seo agus a ainmnítear i gCuid I nó i gCuid II den Chéad Sceideal (a cuireadh isteach leis an Acht um Páirteachas Lucht Oibre (Fiontair Stáit), 1988) a ghabhann leis an Acht seo;”,

[EN]

(d) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “fostaí” atá san alt sin:

[EN]

“ciallaíonn ‘fostaí’, i ndáil le comhlacht sonraithe, duine atá fostaithe ar feadh tréimhse nach lú ná ocht n-uaire an chloig déag sa tseachtain ag an gcomhlacht faoi chonradh seirbhíse nó printíseachta agus, chun críocha ailt 9 (4) (w) agus 10 den Acht seo, measfar gur fostaí de chuid Aer Lingus duine atá fostaithe sa cháil sin ag Aerlínte faoi chonradh den sórt sin;”,

[EN]

(e) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “lá ainmniúcháin” atá san alt sin:

[EN]

“ciallaíonn ‘lá ainmniúcháin’, faoi réir ailt 13 (6) agus 14 (3) den Acht seo, i ndáil le toghchán, an lá a shocrófar de bhun alt 6 (a cuireadh isteach leis an Acht um Páirteachas Lucht Oibre (Fiontair Stáit), 1988) den Acht seo le bheith, chun críocha an Achta seo, ina lá ainmniúcháin i mbliain toghcháin;”,

[EN]

(f) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “lá ainmniúcháin” (arna leasú leis an alt seo):

[EN]

“tá le ‘tréimhse ainmniúcháin’ an bhrí a shonraítear in alt 8 (arna leasú leis an Acht um Páirteachas Lucht Oibre (Fiontair Stáit), 1988) den Acht seo;”,

[EN]

agus

[EN]

(g) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “gnáth-chomhalta” atá san alt sin:

[EN]

“ciallaíonn ‘gnáthchomhalta’ duine is comhalta d'aon chomhlacht ainmnithe a shonraítear i gCuid I den Chéad Sceideal (a cuireadh isteach leis an Acht um Páirteachas Lucht Oibre (Fiontair Stáit), 1988) a ghabhann leis an Acht seo agus atá ceaptha chun a bheith ina chomhalta den sórt sin ar shlí seachas faoin Acht seo;”.

[EN]

Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht.

14.—Leasaítear leis seo alt 2 den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

[EN]

“(a) i ndáil leis na comhlachtaí ainmnithe,

[EN]

(i) maidir le hAer Lingus, le hAer Rianta cuideachta phoiblí theoranta, le Líne B & I cuideachta phoiblí theoranta agus le Córas Iompair Éireann, an tAire Turasóireachta agus Iompair;

[EN]

(ii) maidir le Bord na Móna agus le Bord Soláthair an Leictreachais, an tAire Fuinnimh;

[EN]

(iii) maidir leis an mBord Náisiúnta Athshlánúcháin, an tAire Sláinte;

[EN]

(iv) maidir le Nítrigin Éireann Teoranta, an tAire Tionscail agus Tráchtála;

[EN]

(v) maidir le Siúicre Éireann cuideachta phoiblí theoranta, an tAire Talmhaíochta agus Bia;

[EN]

(vi) maidir leis an bPost agus le Bord Telecom Éireann, an tAire Cumarsáide;

[EN]

(vii) maidir le comhlacht lena mbaineann ordú arna dhéanamh i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar don Aire le halt 24 den Acht um Páirteachas Lucht Oibre (Fiontair Stáit), 1988, sa tslí a shonraítear i bhfo-alt (2) (a) (i) nó (2) (a) (iii) den alt sin, an tAire Rialtais atá sonraithe maidir leis sin san ordú, agus”.

[EN]

Leasú ar alt 5 den Phríomh-Acht.

15.—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 5:

[EN]

“5.—Baineann an tAcht seo le gach ceann de na comhlachtaí a shonraítear i gCuid I agus i gCuid II den Chéad Sceideal (a cuireadh isteach leis an Acht um Páirteachas Lucht Oibre (Fiontair Stáit), 1988) a ghabhann leis an Acht seo.”.

[EN]

Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht.

16.—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 8:

[EN]

“8.—(1) Déanfaidh an ceann comhairimh i dtoghchán, tráth nach déanaí ná an lá atá seachtó lá roimh an lá ainmniúcháin, maidir leis an toghchán—

[EN]

(a) lá a shocrú chun críocha alt 10 (2) den Acht seo, dá ngairtear an ‘lá luaite’ san Acht seo agus ar lá é nach luaithe ná an séú lá is caoga ná nach déanaí ná an dóú lá is daichead roimh an lá arb é an lá ainmniúcháin é maidir leis an toghchán, agus

[EN]

(b) an tréimhse nó na tréimhsí a shocrú a nglacfar le hainmniúcháin sa toghchán lena linn an lá ainmniúcháin sin:

[EN]

Ar choinníoll nach lú ná trí huaire an chloig an tréimhse nó comhiomlán na dtréimhsí a shocrófar amhlaidh.

[EN]

(2) D'ainneoin fhorálacha fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an ceann comhairimh i dtoghchán, má mheasann sé gur gá nó gur inmhianaithe déanamh amhlaidh, in ionad tréimhse nó tréimhsí a shocrú a nglacfar le hainmniúcháin lena linn an lá ainmniúcháin, a dhearbhú go nglacfar le hainmniúcháin le linn cibé tréimhse laethanta (dá ngairtear an ‘tréimhse ainmniúcháin’ san Acht seo) a shonróidh an ceann comhairimh sin, ar tréimhse í nach mó ná seacht lá dar críoch an lá ainmniúcháin: Ar choinníoll i gcónaí nach lú ná trí huaire an chloig an tréimhse uaireanta an chloig, nó comhiomlán na tréimhse uaireanta an chloig, i ngach lá le linn na tréimhse ainmniúcháin a nglacfar le hainmniúcháin lena linn.”.

[EN]

Leasú ar alt 12 den Phríomh-Acht.

17.—Leasaítear leis seo alt 12 den Phríomh-Acht—

[EN]

(a) trí “tríocha lá” a chur in ionad “cúig lá” i bhfo-alt (1), agus

[EN]

(b) trí “nó na laethanta” a scriosadh i bhfo-alt (4) (b),

[EN]

agus tá na fo-ailt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(1) Más rud é i dtoghchán,

(a) i gcás a ndéanfaidh an ceann comhairimh de bhun alt 8 den Acht seo tréimhse a shocrú a nglacfar le hainmniúcháin lena linn, díreach tar éis an tréimhse sin do dhul in éag, nó

(b) i gcás a socróidh an ceann comhairimh dhá thréimhse nó níos mó den sórt sin amhlaidh, díreach tar éis an ceann is deireanaí de na tréimhsí sin do dhul in éag,

nach mó an líon iarrthóirí a bheidh ainmnithe go cuí ná an líon is iomchuí i ndáil leis an gcomhlacht ainmnithe áirithe, dearbhóidh an ceann comhairimh láithreach gach iarrthóir díobh sin, nó i gcás nach mbeidh ach iarrthóir amháin mar sin ann, an t-iarrthóir sin, a bheith tofa chun a cheaptha faoi alt 15 den Acht seo ag an Aire Stáit arb é an tAire iomchuí é i ndáil leis an gcomhlacht ainmnithe sin; ach más mó an tráth sin an líon iarrthóirí a bheidh ainmnithe amhlaidh ná an líon iomchuí sin cuirfidh an ceann comhairimh an toghchán ar atráth chun vótaíocht a thógáil de bhun an Achta seo lá áirithe, is lá nach luaithe ná an seachtú lá tar éis an lae ainmniúcháin agus dá ngairtear an “lá vótaíochta” san Acht seo, a shocróidh sé tráth an atrátha, nó i rith tréimhse is faide ná lá amháin ach nach faide ná tríocha lá a socrófar amhlaidh an chéad lá díobh agus ar lá é nach luaithe ná an seachtú lá sin, agus an “tréimhse vótaíochta” a ghairtear den tréimhse sin san Acht seo.

(4) (b) faoin áit nó na háiteanna agus faoin lá a bhféadfar, agus faoi na huaire a chloig ar lena linn a fhéadfar, vótaí, seachas postvótaí, a chaitheamh.

[EN]

Leasú ar alt 13 den Phríomh-Acht.

18.—Leasaítear leis seo alt 13 den Phríomh-Acht trí “tríocha lá” a chur in ionad “cúig lá” i bhfo-alt (1), agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(1) Más rud é i dtoghchán go bhfaighidh an ceann comhairimh sa tréimhse seacht lá dar tosach an lá luaite—

(a) ó cheardchumann nó ó chomhlacht eile daoine ar deimhin leis an gceann comhairimh,

(i) i gcás baint a bheith ag an toghchán le hAer Lingus, go bhfuil sé aitheanta chun críocha caibidlí cómhargántaíochta ag an gcuideachta sin nó ag Aerlínte agus go bhfuil sé ionadaitheach do chúig déag faoin gcéad ar a laghad d'fhostaithe na gcuideachtaí sin, ar fostaithe iad atá i dteideal vótáil sa toghchán, nuair a dhéantar líon na bhfostaithe atá ar fostú acu agus atá i dteideal amhlaidh a shuimiú le chéile,

(ii) i gcás baint a bheith ag an toghchán le haon chomhlacht ainmnithe eile, go bhfuil sé aitheanta chun na gcríocha sin ag an gcomhlacht ainmnithe sin agus go bhfuil sé ionadaitheach do chúig déag faoin gcéad ar a laghad d'fhostaithe an chomhlachta sin atá i dteideal vótáil sa toghchán, nó

(b) ó gach ceann de dhá cheardchumann nó de dhá chomhlacht eile daoine nó níos mó ar deimhin leis an gceann comhairimh iad a bheith ionadaitheach i dteannta a chéile do chúig déag faoin gcéad ar a laghad de na fostaithe sin agus ar deimhin leis an gceann comhairimh maidir le gach ceann díobh go bhfuil an comhlacht sin aitheanta amhlaidh,

iarratas i scríbhinn á iarraidh air gan dul ar aghaidh leis an toghchán, déanfaidh sé, chun a fhionnadh an bhfuil nó nach bhfuil tromlach na ndaoine atá i dteideal vótáil sa toghchán i bhfabhar dul ar aghaidh leis an toghchán, a shocrú go dtógfar láithreach vótaíocht faoin alt seo (is vótaíocht dá ngairtear “réamhvótaíocht” san Acht seo) agus lá, nó tréimhse is faide ná lá amháin ach nach faide ná tríocha lá, a cheapadh arb é an lá nó an tréimhse laethanta, cibé acu é, is luaithe chun an vótaíocht a thógáil.

[EN]

Leasú ar alt 15 den Phríomh-Acht.

19.—Leasaítear leis seo alt 15 (3) den Phríomh-Acht trí “na comhlachtaí ainmnithe a shonraítear i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo” a chur in ionad “na comhlachtaí ainmnithe seo a leanas, is é sin, Bord na Móna, Córas Iompair Éireann, nó Bord Soláthair an Leictreachais” i mír (a), agus tá an mhír sin (a), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(a) i gcás an ceapachán a dhéanamh i leith aon cheann de na comhlachtaí ainmnithe a shonraítear i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, ina chomhalta den chomhlacht ainmnithe ar ina leith a rinneadh an ceapachán, agus

[EN]

Leasú ar alt 22 den Phríomh-Acht.

20.—Leasaítear leis seo alt 22 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

[EN]

“(3) Duine a cheapfar chun corrfholúntas a líonadh beidh sé, mura n-éagfaidh sé, mura n-éireoidh sé as oifig nó mura dtiocfaidh sé faoi dhícháilíocht roimhe sin, i seilbh oifige—

[EN]

(a) i gcás go dtarlaíonn an folúntas sin de dheasca nár ainmníodh aon iarrthóir sa toghchán deiridh a bhain leis an gcomhlacht ainmnithe áirithe nó de dheasca gur ainmníodh líon iarrthóirí sa toghchán sin ba lú ná an líon folúntas a bhí le líonadh, go ceann na tréimhse a mbeadh an duine i seilbh oifige ar a feadh dá dtoghfaí é sa toghchán sin nó, i gcás go líonfar an folúntas tar éis thosach na tréimhse sin, go ceann a mbeidh gan chaitheamh den tréimhse sin, nó

[EN]

(b) i gcás gur comhalta nó stiúrthóir de chuid an chomhlachta ainmnithe sin ba bhun leis an bhfolúntas, go ceann a mbeidh gan chaitheamh den tréimhse a mbeadh an comhalta nó an stiúrthóir sin i seilbh oifige ar a feadh dá leanfadh sé de bheith ina chomhalta nó ina stiúrthóir den sórt sin.”.

[EN]

Leasú ar alt 23 den Phríomh-Acht.

21.—Leasaítear leis seo alt 23 den Phríomh-Acht—

[EN]

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

[EN]

“(2) Socrófar le hordú faoin alt seo líon (dá ngairtear an ‘líon iomchuí’ san Acht seo) comhaltaí den chomhlacht ainmnithe nó, de réir mar is iomchuí, an líon stiúrthóirí ar an gcomhlacht ainmnithe lena mbaineann an t-ordú, a bheidh de thuras na huaire ceaptha faoin Acht seo, agus is é an líon a cheapfar amhlaidh—

[EN]

(a) i gcás gur comhlacht atá sonraithe i gCuid I den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo an comhlacht ainmnithe—

[EN]

(i) más iolrú ar thrí an líon a shonróidh an tAire san ordú de bhun fho-alt (1) den alt seo, an tríú cuid den líon a shonrófar amhlaidh, agus

[EN]

(ii) murar iolrú den sórt sin an líon a shonrófar amhlaidh, an líon comhaltaí nó stiúrthóirí, de réir mar is iomchuí, díreach os cionn an lín arb é an tríú cuid é den líon a shonrófar amhlaidh,

[EN]

[EN]

(b) i gcás gur comhlacht a bheidh sonraithe i gCuid II den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo an comhlacht ainmnithe, líon nach lú ná beirt chomhalta nó stiúrthóir den sórt sin, de réir mar is iomchuí, agus nach mó ná—

[EN]

(i) más iolrú ar thrí an líon a shonróidh an tAire san ordú de bhun fho-alt (1) den alt seo, an tríú cuid den líon a shonrófar amhlaidh, agus

[EN]

(ii) murar iolrú den sórt sin an líon a shonrófar amhlaidh, an líon comhaltaí nó stiúrthóirí, de réir mar is iomchuí, díreach os cionn an lín arb é an tríú cuid é den líon a shonrófar amhlaidh.”,

[EN]

agus

[EN]

(b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

[EN]

“(4) Is iad na hachtacháin dá dtagraítear i bhfo-alt (3) den alt seo—

[EN]

(a) ailt 12 (1) agus 12 (3) d'Acht na nAerchuideachtaí, 1966;

[EN]

(b) alt 8 (1) den Acht um an British and Irish Steam Packet Company Limited (Fáil), 1965;

[EN]

(c) alt 2 (3) den Acht Leictreachais (Soláthar), 1927;

[EN]

(d) mír (3) den Sceideal a ghabhann leis an Acht Déantóireachta Siúicre, 1933 (a cuireadh isteach le halt 4 den Acht Déantóireachta Siúcra (Leasú), 1973);

[EN]

(e) alt 6 (1) (b) den Acht Iompair, 1950;

[EN]

(f) alt 8 (1) den Acht Forbartha Móna, 1946;

[EN]

(g) alt 16 (2) (a) den Acht Seirbhísí Poist agus Teileachumarsáide, 1983;

[EN]

(h) Airteagal 5 den Ordú um Bord Náisiúnta Athshlánúcháin (Bunú), 1967 (I.R. Uimh. 300 de 1967).

[EN]

(5) San alt seo folaíonn ‘achtachán’ ionstraim reachtúil.”.

[EN]

Leasú ar alt 25 den Phríomh-Acht.

22.—Leasaítear leis seo alt 25 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

[EN]

“(2) Is iad na hachtacháin dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo—

[EN]

(a) alt 8 (8) den Acht um an British and Irish Steam Packet Company Limited (Fáil), 1965;

[EN]

(b) alt 6 (2) den Acht Leictreachais (Soláthar), 1927;

[EN]

(c) alt 9 (3) den Acht Iompair, 1950;

[EN]

(d) alt 14 (3) den Acht Forbartha Móna, 1946;

[EN]

(e) Airteagal 9 den Ordú um Bord Náisiúnta Athshlánúcháin (Bunú), 1967.

[EN]

(3) San alt seo folaíonn ‘achtachán’ ionstraim reachtúil.”.

[EN]

Leasú ar alt 26 den Phríomh-Acht.

23.—Leasaítear leis seo alt 26 den Phríomh-Acht trí “comhlacht sonraithe” a chur in ionad “comhlacht ainmnithe”, agus tá an t-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

26.—Déanfaidh gach comhlacht sonraithe is cuideachta cibé bearta is gá faoi Acht 1963 chun a mheabhrán agus a airteagail chomhlachais a athrú lena gcur ar comhréir leis an Acht seo nó le haon ordú faoi alt 23 nó 25 den Acht seo a bhaineann leis an gcomhlacht.

[EN]

Leasú ar an Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

24.—(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht trí na Sceidil seo a leanas a chur in ionad an Sceidil a ghabhann leis an Acht sin:

[EN]

“AN CHÉAD SCEIDEAL

[EN]

Comhlachtaí Sonraithe

[EN]

Cuid I

[EN]

Bord na Móna

[EN]

Córas Iompair Éireann

[EN]

Bord Soláthair an Leictreachais

[EN]

An Bord Náisiúnta Athshlánúcháin

[EN]

Cuid II

[EN]

Aer Lingus cuideachta phoiblí theoranta

[EN]

Aer Rianta cuideachta phoiblí theoranta

[EN]

An Post

[EN]

Líne B & I cuideachta phoiblí theoranta

[EN]

Bord Telecom Éireann

[EN]

Siúicre Éireann cuideachta phoiblí theoranta

[EN]

Nítrigin Éireann Teoranta

[EN]

Cuid III

[EN]

An Chomhairle Oiliúna Talmhaíochta

[EN]

An Foras Talúntais

[EN]

An Foras Áiseanna Saothair

[EN]

An Bord Seirbhísí Fuilaistriúcháin

[EN]

An Bord um Fhostaíocht na nDall

[EN]

Bord Fáilte Éireann

[EN]

Bord Gáis Éireann

[EN]

Bord Iascaigh Mhara

[EN]

Bus Éireann

[EN]

Bus Átha Cliath

[EN]

An Príomh-Bhord Iascaigh

[EN]

An Chomhairle um Oideachas, Earcaíocht agus Oiliúint

[EN]

Córas Tráchtála

[EN]

Bord Bainne Cheantar Bhaile Átha Cliath

[EN]

Eolas—Gníomhaireacht Eolaíochta agus Teicneolaíochta na hÉireann

[EN]

An Bord Seirbhísí Liachta Ginearálta (Íocaíochtaí)

[EN]

Mór-Ostlanna an Deiscirt

[EN]

An Bord Comhchóracha d'Ospidéil

[EN]

Iarnród Éireann

[EN]

An tÚdarás Forbartha Tionscail

[EN]

Comhlacht Graí Náisiúnta na hÉireann Teoranta

[EN]

Cruach na hÉireann Teoranta

[EN]

Ceardlanna Dearthóireachta Chill Chainnigh Teoranta

[EN]

An Bord Rásaíochta

[EN]

Radio Telefís Éireann

[EN]

Cuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta

[EN]

Údarás na Gaeltachta

[EN]

An Bord Árachais Sláinte Shaorálaigh

[EN]

AN DARA SCEIDEAL

[EN]

Oibrí-Stiúrthóirí nó Comhaltaí (Líonta Iomchuí)

[EN]

Cuid I

[EN]

Comhlachtaí lena mbaineann alt 23 (2) (a):

[EN]

Aer Lingus cuideachta phoiblí theoranta

[EN]

Aer Rianta cuideachta phoiblí theoranta

[EN]

An Post

[EN]

Líne B & I cuideachta phoiblí theoranta

[EN]

Bord na Móna

[EN]

Bord Telecom Éireann

[EN]

Córas Iompair Éireann

[EN]

Bord Soláthair an Leictreachais

[EN]

Siúicre Éireann cuideachta phoiblí theoranta

[EN]

Nítrigin Éireann Teoranta

[EN]

Cuid II

[EN]

Comhlachtaí lena mbaineann alt 23 (2) (b):

[EN]

An Bord Náisiúnta Athshlánúcháin.”.

[EN]

(2) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo, féadfaidh an tAire le hordú leasú a dhéanamh—

[EN]

(a) ar an gCéad Sceideal (arna leasú le fo-alt (1) den alt seo) a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

[EN]

(i) trí chomhlacht amháin nó níos mó a chur leis an liosta comhlachtaí atá i gCuid I nó i gCuid II den Sceideal sin nó trína scriosadh as an liosta sin, de réir mar a bheidh, nó

[EN]

(ii) trí chomhlacht amháin nó níos mó a chur leis an liosta comhlachtaí atá i gCuid III den Sceideal sin nó trína scriosadh as an liosta sin, de réir mar a bheidh, nó

[EN]

(iii) trí chomhlacht amháin nó níos mó a scriosadh as an liosta comhlachtaí atá sa Chuid sin III agus trína chur nó, de réir mar is iomchuí, trí cheann ar bith nó trí gach ceann díobh a chur, leis an liosta comhlachtaí atá sa Chuid sin I nó leis an liosta comhlachtaí atá sa Chuid sin II, de réir mar is iomchuí,

[EN]

(b) ar an Dara Sceideal (a cuireadh isteach le fo-alt (1) den alt seo) a ghabhann leis an bPríomh-Acht trí chomhlacht amháin nó níos mó a chur leis an liosta comhlachtaí atá i gCuid I nó i gCuid II den Sceideal sin nó trína scriosadh as an liosta sin, de réir mar a bheidh,

[EN]

agus i gcás ordú faoin alt seo a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire, forléireofar an Príomh-Acht agus an tAcht seo agus beidh éifeacht leo de réir théarmaí an ordaithe.

[EN]

(3) (a) I gcás go mbeartaítear ordú faoi fho-alt (2) den alt seo a dhéanamh, rachaidh an tAire, sula ndéanfaidh sé an t-ordú, i gcomhairle leis an Aire Airgeadais agus le haon Aire Rialtais eile a sanntar feidhmeanna dó maidir leis an gcomhlacht.

[EN]

(b) Ní fheidhmeoidh an tAire leis an ordú céanna na cumhachtaí a thugtar dó leis an alt seo ar an modh a shonraítear i bhfo-alt (2) (a) (ii) den alt seo agus ar mhodh ar bith de na modhanna seo a leanas, eadhon, an modh a shonraítear i bhfo-alt (2) (a) (i) den alt seo, an modh a shonraítear i bhfo-alt (2) (a) (iii) den alt seo, nó an modh a shonraítear san fho-alt sin (2) (a) (i) agus an modh a shonraítear san fho-alt sin (2) (a) (iii).

[EN]

(4) I gcás go ndéanfaidh an tAire ordú faoi fho-alt (2) (a) (i) nó (2) (a) (iii) den alt seo, féadfar a fhoráil leis an ordú go ndéanfar, fad a bheidh an t-ordú i bhfeidhm, aon achtachán ar achtachán é a bhaineann leis an gcomhlacht a mbeidh a ainm tugtha san ordú agus atá ar aon dul le forálacha alt 20 den Phríomh-Acht, a fhorléiriú, agus go mbeidh éifeacht leis, de réir an ailt sin 20.

[EN]

Orduithe faoi ailt 9 agus 24 (2) (a) (ii).

25.—Aon uair a dhéanfaidh an tAire ordú i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó le halt 9 nó alt 24 (2) (a) (ii) den Acht seo, beidh feidhm ag alt 4 (3) den Phríomh-Acht maidir le hordú den sórt sin mar atá feidhm aige maidir le rialachán a dhéantar faoin bPríomh-Acht agus dá réir sin—

[EN]

(a) forléireofar gach ceann de na tagairtí san fho-alt sin (3) do rialachán mar thagairt a fholaíonn tagairt d'ordú faoi alt 9 nó faoi alt 24 (2) (a) (ii) den Acht seo, de réir mar a bheidh, agus

[EN]

(b) ní fhorléireofar alt 4 (4) den Phríomh-Acht mar ní a bhfuil feidhm aige maidir le haon ordú den sórt sin.

[EN]

Aisghairm.

26.—Aisghairtear leis seo ailt 34 agus 35 den Acht Seirbhísí Poist agus Teileachumarsáide, 1983, agus Cuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht sin.

[EN]

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

27.—(1) Féadfar an tAcht um Páirteachas Lucht Oibre (Fiontair Stáit), 1988, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Forléireofar an tAcht um Páirteachas Lucht Oibre (Fiontair Stáit), 1977, agus an tAcht seo le chéile agus féadfar na hAchtanna um Páirteachas Lucht Oibre (Fiontair Stáit), 1977 agus 1988, a ghairm díobh le chéile.