Uimhir 14 de 1988
ACHT NA gCÚIRTEANNA, 1988
RIAR NA nALT
Alt | |
1. | Deireadh a chur le giúiréithe i gcaingne áirithe san Ard-Chúirt. |
2. | |
3. | Leasú ar an Acht um Aer-Loingseoireacht agus Aer-Iompar, 1936. |
4. | |
5. | |
6. |
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1986 |
Uimhir 14 de 1988
ACHT NA gCÚIRTEANNA, 1988
[An tiontú oifigiúil]
Deireadh a chur le giúiréithe i gcaingne áirithe san Ard-Chúirt.
1.—(1) D'ainneoin alt 94 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924, nó aon fhorála eile arna déanamh le reacht nó faoi reacht, nó aon rialach dlí, ní dhéanfar caingean san Ard-Chúirt—
(a) a éileoidh damáistí maidir le díobhálacha pearsanta do dhuine ar faillí, núis nó sárú dualgais (cibé acu is ann don dualgas de bhua conartha nó forála arna dhéanamh le reacht nó faoi reacht nó an ann dó gan spleáchas d'aon chonradh den sórt sin nó d'aon fhoráil den sórt sin) ba thrúig dóibh,
(b) faoi alt 48 den Acht um Dhliteanas Sibhialta, 1961, nó
(c) faoi alt 18 (a cuireadh isteach leis an Acht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1965) den Acht um Aer-Loingseoireacht agus Aer-Iompar, 1936,
nó ceist fíorais nó saincheist a éireoidh i gcaingean den sórt sin, a thriail le giúiré.
(2) Tá feidhm freisin ag fo-alt (1) den alt seo—
(a) i ndáil le caingean ina n-éilítear damáistí maidir le díobhálacha pearsanta do dhuine a trúigeadh mar a shonraítear i bhfo-alt (1) (a), nó maidir le bás duine, agus maidir le ní eile, agus
(b) i ndáil le caingean—
(i) inarb éard amháin atá sna damáistí a éilítear damáistí maidinle ní seachas díobhálacha pearsanta do dhuine nó bás duine, agus
(ii) ina n-éiríonn an t-éileamh go díreach nó go hindíreach ó ghníomh nó ó neamhghníomh ar tháinig dá dheasca freisin díobhálacha pearsanta do dhuine nó bás duine,
agus i ndáil le ceist fíorais nó saincheist a éiríonn i gcaingean dá dtagraítear i mír (a) nó (b) den fho-alt seo.
(3) Níl feidhm ag fo-alt (1) den alt seo—
(a) i ndáil le caingean inarb éard amháin atá sna damáistí a éilítear damáistí i leith príosúnú neamhdhleathach nó foghail d'aonghnó ar an bpearsa nó ina leith araon,
(b) i ndáil le caingean inarb éard atá sna damáistí a éilítear damáistí i leith príosúnú neamhdhleathach nó foghail d'aonghnó ar an bpearsa nó ina leith araon agus damáistí (cibé acu an sa bhreis ar na damáistí eile nó mar rogha orthu a éilítear iad) i leith cúis chaingne eile maidir leis an ngníomh nó leis an neamhghníomh céanna, mura dealraitheach don chúirt, ar iarratas ó aon pháirtí, arna dhéanamh tráth nach déanaí ná 7 lá tar éis fógra trialach a thabhairt nó cibé tráth is déanaí ná sin a cheadóidh an chúirt, nó uaithi féin ag an triail, nach bhfuil sé réasúnach, ag féachaint don fhianaise is dóigh a thabharfar ag an triail mar thaca leis an éileamh, damáistí a éileamh i leith príosúnú neamhdhleathach nó foghail d'aonghnó ar an bpearsa nó ina leith araon, de réir mar a bheidh, maidir leis an ngníomh nó leis an neamhghníomh sin, ná
(c) i ndáil le ceist fíorais nó saincheist a éiríonn i gcaingean dá dtagraítear i mír (a) nó (b) den fho-alt seo seachas saincheist a éiríonn i gcaingean dá dtagraítear sa mhír sin (b) i dtaobh é a bheith réasúnach, ag féachaint don fhianaise is dóigh a thabharfar ag an triail mar thaca leis an éileamh lena mbaineann, damáistí a éileamh i leith príosúnú neamhdhleathach, foghail d'aonghnó ar an bpearsa nó ina leith araon, de réir mar a bheidh, maidir leis an ngníomh nó leis an neamhghníomh lena mbaineann.
(4) Chun críche fheidhmiú fho-alt (1) den alt seo i ndáil le caingean nó le ceist fíorais nó saincheist a éiríonn i gcaingean, tabharfar neamhaird ar aon fhritháireamh nó frithéileamh, nó ar aon éileamh eile ag páirtí (seachas ag gearánaí) sa chaingean.
(5) Níl feidhm ag fo-alt (1) den alt seo i ndáil le caingean, nó le ceist fíorais nó saincheist a éiríonn i gcaingean, má thosaigh triail na caingne, na ceiste nó na saincheiste roimh thosach feidhme an Achta seo ach beidh feidhm aige maidir le hatriail caingne, ceist fíorais nó saincheist den sórt sin má thosaíonn an atriail tar éis an tosach feidhme sin.
(6) Más rud é, maidir le caingean a bhfuil feidhm ag fo-alt (1) den alt seo i ndáil leis, nó le ceist fíorais nó saincheist a éiríonn i gcaingean den sórt sin, go ndearnadh—
(a) fógra trialach ina raibh ceanglas go dtriailfí le giúiré an chaingean, an cheist nó an tsaincheist, nó
(b) fógra á rá go bhfuiltear ag iarraidh go dtriailfí le giúiré an chaingean, an cheist nó an tsaincheist,
a sheirbheáil nó a thabhairt roimh thosach feidhme an Achta seo, tabharfar neamhaird ar an gceanglas dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo nó, de réir mar a bheidh, ar an bhfógra dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt seo.
(7) San alt seo folaíonn “díobhálacha pearsanta” aon ghalar agus aon lagú ar staid coirp nó meabhrach duine.
Caingne áirithe a tharchur nó a aistriú.
2.—Maidir le dlínse na hArd-Chúirte faoi alt 25 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924, caingne a tharchur nó a aistriú, féadfar, ar iarratas chuige sin chun na hArd-Chúirte ag aon pháirtí i gcaingean lena mbaineann ait 1 (1) den Acht seo, í a fheidhmiú i ndáil leis an gcaingean tráth ar bith sula dtosaíonn triail na caingne sin.
Leasú ar an Acht um Aer-Loingseoireacht agus Aer-Iompar, 1936.
3.—Leasaítear leis seo alt 18 (2) (a cuireadh isteach leis an Acht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1965) den Acht um Aer-Loingseoireacht agus Aer-Iompar, 1936 trí “an giúiré nó” agus “, de réir mar a bheidh,” a scriosadh i míreanna (f) agus (k).
Leasú ar an Acht um Dhliteanas Sibhialta, 1961.
4.—Leasaítear leis seo alt 49 (1) (a) den Acht um Dhliteanas Sibhialta, 1961, trí “an giúire nó” agus “, de réir mar a bheidh,” a scriosadh i bhfomhír (i).
An líon abhcóidí a láithríonn i gcaingne áirithe a rialáil.
5.—(1) D'ainneoin aon fhorála arna déanamh le reacht nó faoi reacht, nó aon rialach dlí nó cleachtais, féadfaidh an tAire le rialacháin an líon uasta abhcóidí a shonrú a bhféadfar maidir leo costais a lamháil, ar fhómhas ag Máistir Fómhais, lena n-íoc ag páirtí nó ag páirtithe eile i gcaingean a bhfuil feidhm ag alt 1 (1) den Acht seo i ndáil léi, nó i gceist fíorais nó i saincheist a éireoidh i gcaingean den sórt sin, nó in achomharc in aghaidh cinnidh i gcaingean den sórt sin nó ar cheist nó ar shaincheist den sórt sin.
(2) Féadfar le rialacháin faoin alt seo—
(a) líonta éagsúla abhcóidí (cibé acu abhcóidí sóisir nó abhcóidí sinsir nó iad araon) a shonrú i ndáil le haicmí éagsúla (arna n-ainmniú ar cibé slí agus faoi threoir cibé nithe is cuí leis an Aire) de chaingne, de cheisteanna, de shaincheisteanna nó d'achomhairc den sórt sin a dúradh,
agus
(b) a fhoráil go lamhálfar, ar fhómhas ag Máistir Fómhais, do pháirtí nó páirtithe eile i gcaingne, i gceisteanna, i saincheisteanna nó in achomhairc den sórt sin a dúradh, na costais a íoc maidir le habhcóidí éagsúla nó líonta éagsúla abhcóidí a bheidh ar fostú i ndáil le céimeanna éagsúla de na caingne, de na ceisteanna, de na saincheisteanna nó de na hachomhairc sin.
(3) I gcás go mbeartaítear rialacháin a dhéanamh faoin alt seo leagfar dréacht de na rialacháin faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin mura ritheann gach Teach acu sin rún ag ceadú an dréachta.
Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus feidhmiú.
6.—(1) Féadfar Acht na gCúirteanna, 1988, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1988, a ghairm d'Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1986, agus den Acht seo le chéile agus forléireofar le chéile iad mar aon ní amháin.
(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an 1ú lá de Lúnasa, 1988.