Uimhir 15 de 1951.
AN tACHT AIRGEADAIS, 1951.
[An tiontó oifigiúil.]
CUID I.
Cain Ioncaim.
Cáin ioncaim agus forcháin don bhliain 1951-52.
1.—(1) Déanfar cáin ioncaim don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1951, a mhuirearú do réir sé scillinge agus sé pingne sa phunt.
(2) Déanfar forcháin don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1951, a mhuirearú ar ioncam aon phearsan ar mó ná míle agus chúig chéad punt iomlán a ioncaim ó gach bunadh, agus is do réir na rátaí ar dá réir a muirearaítear í don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1950, a muirearófar amhlaidh í.
(3) Faoi réir forál an Achta seo, beidh éifeacht, maidir leis an gcáin ioncaim agus leis an bhforcháin a muirearófar mar adúradh don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1951, ag na forála ar leithligh, reachtúil agus eile, a bhí i bhfeidhm an 5ú lá d'Aibreán, 1951, maidir le cáin ioncaim agus forcháin.
Méadú ar an liúntas pearsanta d'fhear pósta.
2.—Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 18 den Finance Act, 1920, arna leasú le halt 2 den Acht Airgeadais, 1947 (Uimh. 15 de 1947), a leasú tuilleadh trí “two hundred and eighty pounds” a chur in ionad “two hundred and sixty pounds”.
Méadú ar na hasbhaintí i leith leanaí.
3.—(1) Gan dochar d'fho-alt (2) den alt seo, déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 21 den Finance Act, 1920, arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, a leasú tuilleadh trí “a deduction of eighty pounds” a chur in ionad “a deduction of sixty pounds”.
(2) Leasaítear leis seo fo-alt (2) d'alt 4 den Acht Airgeadais, 1944 (Uimh. 18 de 1944),—
(a) trí “d'ochtó punt” a chur in ionad “de sheasca punt”, agus
(b) trí “go dtí seasca agus trí puint in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1951, nó aon bhliana ina dhiaidh sin” a chur in ionad “go dtí ocht bpuint cheathrachad in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1944, agus go dtí trí puint cheathrachad in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1945, nó aon bhliana ina dhiaidh sin”.
Liúntais as an ioncam iomlán— daoine atá chúig bliana seascad d'aois nó os a chionn.
4.—(1) (a) Aon phearsa a dhéanfas, sa tslí a hordaítear leis na hAchta Cánach Ioncaim, éileamh dá lorg sin, tuairisceán a thabhairt sa bhfoirm ordaithe ar a ioncam iomlán, agus cruthúnas a thabhairt go raibh sé féin nó, i gcás fir phósta, go raibh a bhean, agus í ina cónaí leis, chúig bliana seascad d'aois nó os a chionn, tráth ar bith i rith na bliana measúnuithe, agus nár mhó ná chúig chéad punt a ioncam iomlán don bhliain mheasúnuithe, lamhálfar dó, chun méid a ioncaim inmheasúnuithe d'fhionnadh chun críche cánach ioncaim, suim is ionann agus an cúigiú cuid dá ioncam iomlán mar asbhaint as méid an ioncaim sin.
(b) Aon phearsa a bheadh, mura mbeadh gur mó ná chúig chéad punt a ioncam iomlán, i dteideal liúntais mar adúradh, beidh sé i dteideal méid na cánach ioncaim is iníoctha i leith a ioncaim iomláin a laghdú, más gá sin, ionas nach mó é ná suim is ionann agus comhiomlán an dá mhéid seo a leanas, is é sin le rá, méid na cánach dob iníoctha dá mba chúig chéad punt, ach nár mhó ná sin, a ioncam iomlán, maraon le leath an mhéid atá ag a ioncam iomlán de bhreis ar chúig chéad punt.
(2) Aon asbhaint nó faoiseamh a lamhálfar faoi fho-alt (1) den alt seo, is in ionad, agus ní i dteannta, na hasbhainte faoi alt 16 den Finance Act, 1920, arna leasú le halt 4 den Acht Airgeadais, 1939 (Uimh. 18 de 1939), a lamhálfar é.
(3) Beidh feidhm maidir le héilimh faoin alt seo ag forála ailt 30 den Income Tax Act, 1918, arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin (alt ina bhaineas le pionóis i gcásanna éilimh chalaoisigh).
(4) Más rud é, i gcás iarratas a dhéanamh chuige sin faoi fhorála na nAcht Cánach Ioncaim, go mbeidh cáin ioncaim in aghaidh aon bhliana inmheasúnuithe agus inmhuirir ar ioncam an fhir chéile agus ar ioncam na mná céile faoi seach amhail is nach mbeidís pósta, déanfar tairbhe aon liúntais nó faoisimh faoi fho-alt (1) den alt seo a chionroinnt idir an fear céile agus an bhean chéile do réir méideanna a n-ioncaim iomláin faoi seach.
(5) San alt seo ciallaíonn “ioncam iomlán” ioncam iomlán ó gach bunadh arna mheas do réir forál na nAcht Cánach Ioncaim.
Díolúintí do cheard-chumainn.
5.—Déantar leis seo fo-alt (2) d'alt 39 den Income Tax Act, 1918, arna leasú le halt 3 den Acht Airgeadais, 1937 (Uimh. 18 de 1937), a leasú tuilleadh trí “one hundred and thirty pound a year by way of annuity” a chur in ionad “eighty pounds as year by way of annuity”.
Comhshó faoin Acht um Iasachta Rialtais (Comshó), 1951.
6.—(1) San alt seo—
ciallaíonn “an tAcht” an tAcht um Iasachta Rialtais (Comhshó) 1951;
tá leis na habairtí “iasacht Rialtais”, “iasacht nua”, “an dáta fuascailte” agus “stoc-shealbhóir” na bríonna atá leo faoi seach san Acht.
(2) Má déantar sealbhán stoic, nó aon chuid de shealbhán stoic, in iasacht Rialtais, a chomhshó faoin Acht agus go bhfuil an stoc-shealbhóir ina dhuine atá ag seoladh gnótha arb é atá ann, go hiomlán nó go páirteach, tráchtáil urrús, ansin, má thugann an stoc-shealbhóir don chigire cánach, tráth nach déanaí ná deireadh na bliana measúnuithe díreach i ndiaidh na bliana measúnuithe ina dtitfidh an dáta fuascailte, fógra i scríbhinn gur mian leis go ndeighleálfaí leis amhlaidh, deighleálfar leis, chun críocha na nAcht Cánach Ioncaim, amhail is gur athraigh sé a infheistíocht ar an dáta fuascailte ach, mura dtuga sé aon fhógra den tsórt sin, deighleálfar leis chun na gcríocha sin, an uair sin agus ina dhiaidh sin, amhail is nár athraigh sé a infheistíocht, agus sa chás sin déanfar an fáltas as aon réadú ina dhiaidh sin ar an iomlán, nó ar aon chuid, den tsealbhán san iasacht nua (agus measfar, chun críocha na forála seo, go bhfolaíonn an sealbhán sin aon stoc a bheas eisithe mar bhónas i leith an chomhshó), maraon le haon chomaoin bhreise, nó leis an gcuid iomchuí d'aon chomaoin bhreise, a bheas faighte aige i ndáil leis an gcomhshó, d'áireamh mar fháltas as réadú ar iomlán an tsealbháin bhunaidh nó ar an gcuid iomchuí dhe.
CUID II.
Custaim agus Mal.
Ileacha éadroma udrocarbóin mhianrúil.
7.—(1) An dleacht chustam a forchuireadh le halt 1 den Acht Airgeadais (Dleachta Custam) (Uimh. 4), 1931 (Uimh. 43 de 1931), arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, déanfar, maidir le híle éadrom udrocarbóin mhianrúil is inchurtha faoi mhuirear na dleachta sin, í a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc amhail ar an 3ú lá de Bhealtaine, 1951, agus ón lá sin amach, do réir scilling agus ceithre pingne an galún in ionad an ráta is inmhuirir anois de bhuaidh fo-ailt (1) d'alt 3 den Acht Airgeadais, 1948 (Uimh. 12 de 1948).
(2) An dleacht mháil a forchuireadh le halt 1 den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1935 (Uimh. 7 de 1935), arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, déanfar, maidir le híle éadrom udrocarbóin mhianrúil is inchurtha faoi mhuirear na dleachta sin agus a cuirfear amach, ar díol nó chun a díolta nó eile, ó áitreabh a monaróra ar an 3ú lá de Bhealtaine, 1951, nó dá éis, nó a úsáidfeas an monaróir sin ar an dáta sin nó dá éis chun críche ar bith seachas chun íle udrocarbóin mhianrúil a mhonarú nó a tháirgeadh, í a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc do réir scilling agus dhá phingin an galún in ionad an ráta is inmhuirir anois de bhuaidh fo-ailt (2) d'alt 3 den Acht Airgeadais, 1948.
Ile udrocarbóin.
8.—(1) An dleacht chustam a forchuireadh le halt 21 den Acht Airgeadais, 1935 (Uimh. 28 de 1935), déanfar, maidir le híle udrocarbóin is inchurtha faoi mhuirear na dleachta sin, í a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc, amhail ar an 3ú lá de Bhealtaine, 1951, agus ón lá sin amach, do réir scilling agus ceithre pingne an galún in ionad an ráta is inmhuirir anois de bhuaidh fo-ailt (1) d'alt 4 den Acht Airgeadais, 1948 (Uimh. 12 de 1948).
(2) An lacáiste is inlamhálta faoi fho-alt (2) d'alt 21 den Acht Airgeadais, 1935, déanfar, maidir le híle udrocarbóin ar a bhfuil an lacáiste sin inlamhálta, é a lamháil, amhail ar an 3ú lá de Bhealtaine, 1951, agus ón lá sin amach, do réir scilling agus ceithre pingne an galún in ionad an ráta is inlamhálta anois de bhuaidh fo-ailt (2) d'alt 4 den Acht Airgeadais, 1948.
(3) An dleacht mháil a forchuireadh le halt 21 den Acht Airgeadais, 1935, déanfar, maidir le híle udrocarbóin is inchurtha faoi mhuirear na dleachta sin agus a cuirfear amach, ar díol nó chun a díolta nó eile, ó áitreabh a monaróra ar an 3ú lá de Bhealtaine, 1951, nó dá éis, nó a úsáidfeas an monaróir sin ar an dáta sin nó dá éis chun aon chríche seachas chun íle udrocarbóin a mhonarú nó a tháirgeadh, í a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc do réir scilling agus dhá phingin an galún in ionad an ráta is inmhuirir anois de bhuaidh fo-ailt (3) d'alt 4 den Acht Airgeadais, 1948.
(4) An lacáiste is inlamhálta faoi fho-alt (4) d'alt 21 den Acht Airgeadais, 1935, déanfar, maidir le híle udrocarbóin ar a bhfuil an lacáiste sin inlamhálta agus ar ar híocadh an dleacht mháil a luaitear i bhfo-alt (3) den alt seo do réir scilling agus dhá phingin an galún, é a lamháil do réir scilling agus dhá phingin an galún in ionad an ráta is inlamhálta anois de bhuaidh fo-ailt (4) d'alt 4 den Acht Airgeadais, 1948.
Ileacha éadroma udrocarbóin mhianrúil— díolúine.
9.—Chun críocha na dleachta custam a forchuireadh le halt 1 den Acht Airgeadais (Diúitéthe Custam) (Uimh. 4), 1931 (Uimh. 43 de 1931), arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, nó na dleachta custam a forchuireadh le halt 1 den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1935 (Uimh. 7 de 1935), arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, má cruthaítear chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim go bhfuil aon íle, d'ainneoin go gcomhlíonann sí aon choinníoll dá sonraítear sa mhíniú ar íleacha éadroma sna hailt sin, ina híle ar chóir, do réir a húsáide, í d'aicmiú le híleacha nach íleacha éadroma do réir an mhínithe sin, measfar nach íle éadrom an íle sin agus nach bhfuil sí inchurtha faoi mhuirear na ndleacht a forchuireadh leis na hailt sin.
Modhnú ar an díolúine ó dhleacht shiamsa.
10.—Beidh éifeacht ag alt 13 den Acht Airgeadais, 1949 (Uimh. 13 de 1949), faoi réir an choinníoll, má cruthaítear chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim go n-áirítear i ndaonra aon bhaile mhóir, do réir daonáirimh, daoine a comhairítear mar dhaoine atá in aon tsámhadh crábhaidh, foras oideachais, dílleachtlann, ospidéal, foras meabhair-ghalear nó teaghlach contae nó in aon phríosún nó scoil cheartúcháin, go measfar chun críocha an ailt sin daonra an bhaile mhóir do réir an daonáirimh sin a bheith arna laghdú de líon na ndaoine sin.
Stórasú ar aistarraing—licéirí agus cumaisc a rinneadh sa Stát.
11.—(1) Leasaítear leis seo alt 74 den Spirits Act, 1880, trí “British liqueurs or” a scrios.
(2) Leasaítear leis seo alt 95 den Spirits Act, 1880—
(a) trí “British liqueurs or” i bhfo-alt (1) a scrios,
(b) trí “British liqueurs” i bhfo-alt (2) a scrios, agus
(c) trí fho-alt (4) a scrios.
(3) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (5) d'alt 95 den Spirits Act, 1880, aon chumaisc a féadfar faoin alt sin, arna leasú le fo-alt (2) den alt seo, a stórasú lena gcaitheamh sa Stát, féadfar, faoi réir aon rialachán is cuí leis na Coimisinéirí Ioncaim d'ordú, iad a stórasú, pé acu lena gcaitheamh sa Stát nó lena n-onnmhuiriú nó le haghaidh stóras loinge é, i mbuidéil in ionad iad a stórasú i gcascanna, agus féadfaidh na rialacháin sin feidhm a thabhairt do na forála den alt sin a bhaineas le stórasú i gcascanna faoi réir pé modhnuithe a mheasfas na Coimisinéirí Ioncaim is gá chun iad d'oiriúnú do stórasú i mbuidéil.
CUID III.
Dleachta Bais.
Oibriú díolúintí áirithe.
12.—(1) San alt seo ciallaíonn “díolúine lena mbaineann an t-alt seo”—
(a) díolúine sin faoi alt 47 den Finance (No. 2) Act, 1915, nó faoin alt sin arna leasú, arna oiriúnú nó arna leasú agus arna oiriúnú,
(b) díolúine ó chánachas faoi alt 63 den Finance Act, 1916, nó faoin alt sin arna leasú, arna oiriúnú nó arna leasú agus arna oiriúnú,
(c) díolúine ó chánachas de bhuaidh coinníll i leith na díolúine sin faoi fho-alt (1) d'alt 21 den Acht Airgeadais, 1923 (Uimh. 21 de 1923), nó faoin bhfo-alt sin arna oiriúnú, nó
(d) díolúine ó chánachas faoi fho-alt (1) d'alt 37 den Acht Airgeadais, 1929 (Uimh. 32 de 1929), nó faoin bhfo-alt sin arna oiriúnú.
(2) Aon díolúine lena mbaineann an t-alt seo, a mhéid a bhaineas le dleachta is intobhaigh ar bhás nó i ndáil le bás (pé acu bás é a tharlós aon uair tar éis an dáta a rithfear an tAcht seo nó bás a tharla aon uair tar éis an dáta a ritheadh an tAcht dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt seo maidir leis an díolúine agus roimh an dáta a rithfear an tAcht seo), beidh sí, nó measfar go raibh sí, ina díolúine de shórt d'oibreodh i ndáil le daoine a mbeidh nó a raibh, go díreach roimh an mbás, agus ní ina dhiaidh, na hurrúis iomchuí ar únaeracht tairbhiúil acu.
Athrú ar rátaí dleachta eastáit.
13.—I gcás daoine a éagfas tar éis an 2ú lá de Bhealtaine 1951, is é scála rátaí dleachta eastáit a bheas ann agus ag a mbeidh éifeacht, in ionad an scála atá leagtha amach sa Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht Airgeadais, 1941 (Uimh. 14 de 1941), ná an scála atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.
Forála a leanas as an athrú ar rátaí dleachta eastáit.
14.—(1) I gcás nach mó nó dhá mhíle punt luach glan na maoine, réadach agus pearsanta, a aistríos ar bhás an éagaigh, gan maoin d'áireamh a socraíodh ar shlí seachas le huacht an éagaigh, ní déanfar, chun críche dleachta eastáit, an mhaoin sin a chomhshuimiú le haon mhaoin eile, ach beidh sí ina heastát inti féin agus ní bheidh na dleachta leagáide agus comharbais iníoctha faoi uacht nó dí-thiomnacht an éagaigh i leith an eastáit sin.
(2) Ní bheidh na dleachta socra tríocha scilling agus caoga scilling, a forchuirtear le fo-alt (1) d'alt 16 den Finance Act, 1894, iníoctha ar aon eastát.
(3) Leanfaidh forála fo-ailt (2) d'alt 61 den Finance (1909-10) Act, 1910, d'fheidhm a bheith acu chun na criche a luaitear ann d'ainneoin nach n-éilítear go bhfuil dleacht shocair iníoctha.
(4) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 61 den Finance (1909-10) Act, 1910, trí “of any agricultural property comprised in an estate as respects which, if effect is given to that proviso, either the gross value thereof, exclusive of property settled otherwise than by the will of the deceased, does not exceed £500 or the net value thereof, exclusive of property settled otherwise than by the will of the deceased does not exceed £1,000” a chur in ionad “for determining the gross value or the net value of property for the purpose of section sixteen of the principal Act”.
(5) Leasaítear leis seo alt 29 den Acht Airgeadais, 1941 (Uimh. 31 de 1931),—
(a) trí “maoin go raibh diúité eastáit iníoctha uirthi ar fháil bháis dó” a scrios, agus
(b) trí “dhá mhíle punt” a chur in ionad “míle punt”.
(6) I gcás inar mó ná dhá mhíle punt luach glan na maoine, réadach agus pearsanta, a bhfuil dleacht eastáit iníoctha ina leith, gan maoin d'áireamh a socraíodh ar shlí seachas le huacht an éagaigh, ní bheidh méid na dleachta leagáide agus comharbais is iníoctha i leith na maoine níos mó ná an méid atá luach glan na maoine, arna mheas chun críche dleachta eastáit, os cionn dhá mhíle punt.
(7) Ní bheidh éifeacht ag an alt seo ach i leith daoine a éagfas tar éis an 2ú lá de Bhealtaine, 1951.
CUID IV.
Faoiseamh o Chanachas Dubailte: Cain Ioncaim agus Cain Bhrabus Corparaide.
Faoiseamh ó chánachas dúbailte ar bhrabúis ó ghnó muir-iompair nó aer-iompair.
15.—(1) San alt seo—
ciallaíonn “gnó muir-iompair nó aer-iompair” iompar daoine, earraí nó postanna, mar ghnó, ag únaer nó fruilitheoir long nó aerárthach;
ciallaíonn “comhshocraíocht lena mbaineann an t-alt seo” comhshocraíocht arna déanamh ag an Rialtas le rialtas aon stáit choigríche d'fhonn faoiseamh ó chánachas dúbailte a thabhairt i gcásanna ina bhfuil ioncam as gnó muir-iompair nó aer-iompair inchurtha, sa Stát agus sa stát coigríche, faoi mhuirear cánach ioncaim, nó aon chánach de shamhail cánach ioncaim, nó aon chánach eile ar bhrabúis, pé acu ó dháta a déanta nó ó dháta i ndiaidh an dáta sin nó ó dháta (lena n-áirítear dáta roimh an Acht seo a rith) roimh an dáta sin, atá an chomhshocraíocht sin le faoiseamh a thabhairt.
(2) Faoi réir fo-alt (3) agus (4) den alt seo, féadfaidh an Rialtas, le hordú, comhshocraíocht lena mbaineann an t-alt seo a dhaingniú agus feidhm dlí a thabhairt di.
(3) Aon uair a beartófar ordú a dhéanamh faoin alt seo, leagfar dréacht de faoi bhráid Dháil Éireann agus ní déanfar an t-ordú go dtí go rithfidh Dáil Éireann rún ag aontú leis an dréacht.
(4) Aon uair a déanfar ordú faoin alt seo, ní bheidh feidhm dlí ag an gcomhshocraíocht lena mbainfidh sé ach amháin má bhíonn, agus fad a bheas, feidhm dlí sa stát coigríche ag an gcomhshocraíocht sin, a mhéid a bhaineas sí leis an bhfaoiseamh a bheas le tabhairt ag an stát sin.
Forléiriú na Coda seo den Acht seo.
16.—Déanfar an Chuid seo den Acht seo, agus aon chomhshocraíocht ag a mbeidh feidhm dlí de bhuaidh orduithe faoin gCuid seo den Acht seo, a léamh agus d'fhorléiriú, a mhéid a bhaineas le cáin ioncaim (lena n-áirítear forcháin), i dteannta na nAcht Cánach Ioncaim agus, a mhéid a bhaineas le cáin bhrabús corparáide, déanfar iad a léamh agus d'fhorléiriú i dteannta Coda V den Finance Act, 1920, arna leasú nó arna leathnú le hachtacháin ina dhiaidh sin.
CUID V.
Dleachta Stampa.
Athrú ar dhleachta stampa ar thíolacadh agus aistriú talún.
17.—(1) Déantar leis seo alt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 (Uimh. 33 de 1947), a leasú mar leanas:
(a) trí “punt agus deich scillinge” a chur in ionad “dhá phunt agus deich scillinge” i bhfo-alt (1);
(b) tríd an táible seo a leanas a chur in ionad an táible atá leagtha amach i bhfo-alt (3):
“Níos mó ná | £500 | gan bheith níos mó ná | £550 .. | £5 | 10s. |
,, | £550 | ,, ,, ,, ,, ,, | £600 .. | £7 | |
,, | £600 | ,, ,, ,, ,, ,, | £650 .. | £9 | |
,, | £650 | ,, ,, ,, ,, ,, | £700 .. | £12 | |
,, | £700 | ,, ,, ,, ,, ,, | £750 .. | £15 | |
,, | £750 | ,, ,, ,, ,, ,, | £800 .. | £18 | |
,, | £800 | ,, ,, ,, ,, ,, | £850 .. | £21 | |
,, | £850 | ,, ,, ,, ,, ,, | £900 .. | £24 | |
,, | £900 | ,, ,, ,, ,, ,, | £950 .. | £27 | |
,, | £950 | ,, ,, ,, ,, ,, | £1,000 .. | £30.” |
(2) Déanfar tagairt in aon fhoráil teachtúil d'fho-alt (1), d'fho-alt (3) nó d'fho-ailt (1) agus (3) d'alt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947, d'fhorléiriú, nuair is iomchuí é, mar thagairt don fho-alt sin (1), don fho-alt sin (3) nó do na fo-ailt sin (1) agus (3) (do réir mar is gá sa chás) arna leasú leis an alt seo.
(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá de Lúnasa, 1951, nó ar dháta an Achta seo a rith pé acu sin is déanaí, agus ní bheidh éifeacht aige maidir le haon ionstraim a forghníomhaíodh roimh é a theacht i ngníomh amhlaidh.
Athrú ar dhleachta stampa ar léasa.
18.—(1) Déantar leis seo alt 24 den Acht Airgeadais, 1949 (Uimh. 13 de 1949), a leasú mar leanas:
(a) trí “punt agus deich scillinge” a chur in ionad “dhá phunt agus deich scillinge” i bhfo-alt (1);
(b) tríd an táible seo a leanas a chur in ionad an táible atá leagtha amach i bhfo-alt (3):
“Níos mó ná | £500 | gan bheith níos mó ná | £550 .. | £5 | 10s. |
,, | £550 | ,, ,, ,, ,, ,, | £600 .. | £7 | |
,, | £600 | ,, ,, ,, ,, ,, | £650 .. | £9 | |
,, | £650 | ,, ,, ,, ,, ,, | £700 .. | £12 | |
,, | £700 | ,, ,, ,, ,, ,, | £750 .. | £15 | |
,, | £750 | ,, ,, ,, ,, ,, | £800 .. | £18 | |
,, | £800 | ,, ,, ,, ,, ,, | £850 .. | £21 | |
,, | £850 | ,, ,, ,, ,, ,, | £900 .. | £24 | |
,, | £900 | ,, ,, ,, ,, ,, | £950 .. | £27 | |
,, | £950 | ,, ,, ,, ,, ,, | £1,000 .. | £30.” |
(2) Déanfar tagairt in aon fhoráil reachtúil d'fho-alt (1), d'fho-alt (3) nó d'fho-ailt (1) agus (3) d'alt 24 den Acht Airgeadais, 1949, d'fhorléiriú, nuair is iomchuí é, mar thagairt don fho-alt sin (1), don fho-alt sin (3) nó do na fo-ailt sin (1) agus (3) (do réir mar is gá sa chás) arna leasú leis an alt seo.
(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá de Lúnasa, 1951, nó ar dháta an Achta seo a rith, pé acu sin is déanaí, agus ní bheidh éifeacht aige maidir le haon ionstraim a forghníomhaíodh roimh é a theacht i ngníomh amhlaidh.
Eisceacht ó fheidhm ailt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947, agus alt 24 agus 25 den Acht Airgeadais, 1949.
19.—(1) Baineann an t-alt seo le gach tíolacas nó aistriú agus le gach léas (pé acu tíolacas, aistriú nó léas a forghníomhaíodh roimh an Acht seo a rith nó a forghníomhófar dá éis sin é) i gcás tí ar tugadh nó a dtabharfar deontas ina leith faoi alt 16 d'Acht na dTithe (Leasú), 1948 (Uimh. 1 de 1948), nó faoi alt 6 d'Acht na dTithe (Leasú), 1950 (Uimh. 25 de 1950), agus is tíolacas, aistriú nó léas—
(a) ar chóir, faoi na hachtacháin a bhí i bhfeidhm díreach roimh an Acht seo a rith, dleacht stampa a mhuirearú air do réir fo-ailt (1) nó fo-ailt (3) d'alt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 (Uimh. 33 de 1947), nó fo-ailt (1) nó fo-ailt (3) d'alt 24 den Acht Airgeadais, 1949 (Uimh. 13 de 1949), agus
(b) chun duine—
(i) arb é an duine é lenar h ocadh nó lena n-íocfar an deontas sin, nó
(ii) ar comhalta é den chumann fóntais phoiblí lenar híocadh nó lena n-íocfar an deontas sin,
do réir mar bheas.
(2) Ní bheidh feidhm ag alt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947, ná ag ailt 24 agus 25 den Acht Airgeadais, 1949, agus measfar nach raibh feidhm riamh acu, maidir le haon ionstraim lena mbaineann an t-alt seo agus, más mó an méid dleachta a híocadh i leith aon ionstraime den tsórt sin ná an méid a bheadh inmhuirir dá mba nár hachtaíodh na hailt sin, féadfar an bhreis d'aisíoc.
(3) Aon ionstraim lena mbaineann an t-alt seo agus a stampáladh do réir ráta dob ísle ná an ráta a bheadh, mura mbeadh forála an ailt seo, inmhuirir do réir fo-ailt (1) nó fo-ailt (3) d'alt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947, nó fo-ailt (1) nó fo-ailt (3) d'alt 24 den Acht Airgeadais, 1949, do réir mar is iomchuí, measfar gan í a bheith stampálta go cuí mura dtug na Coimisinéirí Ioncaim a dtuairim ina leith do réir ailt 12 den Stamp Act, 1891.
Athrú ar dhleachta stampa ar thíolacais agus aistrithe áirithe stoic agus urrús inmhargaidh.
20.—(1) Ní bheidh feidhm ag alt 18 den Acht Airgeadais, 1947 (Uimh. 15 de 1947),—
(a) i gcás aon tíolactha nó aistrithe ar aon stoc nó urrús inmhargaidh a heisíodh nó a rinneadh, roimh thosach feidhme an ailt seo nó dá éis sin, ag aon chomhlucht corprach a corpraíodh, nó ag aon chomhlucht daoine a bunaíodh, sa Stát, nó thar ceann aon chomhluchta dá sórt sin, ná
(b) i gcás aon tíolactha nó aistrithe ar aon stoc a cláraíodh i gcraobhchlár atá á choimeád sa Stát ag comhlucht corprach a corpraíodh lasmuigh den Stát más rud é, do réir an dlí atá i bhfeidhm san áit a bhfuil an comhlucht corprach corpraithe, nach féidir an tíolacadh nó an t-aistriú a chlárú ach sa chraobhchlár,
agus, ina ionad sin in aon chás den tsórt sin, beidh pé dleacht stampa inmhuirir a bheadh inmhuirir dá mba nár hachtaíodh an t-alt sin.
(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an lú lá de Lúnasa, 1951, nó ar dháta an Achta seo a rith, pé acu sin is déanaí, agus ní bheidh éifeacht aige maidir le haon ionstraim a forghníomhaíodh roimh é a theacht i ngníomh amhlaidh.
CUID VI.
Ilghneitheach agus Ginearalta.
Airgead d'aistriú ón Ród-Chiste go dtí an Stát-Chiste.
21.—D'fhonn airgead a chur ar fáil faoi chomhair muirear ginearálta a bheas ar an bPríomh-Chiste, aistreofar agus íocfar suim trí chéad míle punt as an Ród-Chiste isteach sa Stát-Chiste pé tráth nó trátha i rith na bliana airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1952, agus i pé slí, a ordós an tAire Airgeadais.
An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.
22.—(1) San alt seo—
ciallaíonn an abairt “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950 (Uimh. 18 de 1950);
ciallaíonn “an bhlianacht bhreise” an tsuim a muirearaítear ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4) den alt seo;
tá leis na habairtí “an tAire”, “an cuntas” agus “seirbhísí caipitiúla” na bríonna atá leo faoi seach sa phríomh-alt.
(2) Beidh éifeacht ag fo-alt (3) den phríomh-alt, maidir leis na naoi mbliana airgeadais fichead, d'éis a chéile, a thosós leis an mbliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1952, ach “£427,482” a chur in ionad “£655,432”.
(3) Beidh éifeacht ag fo-alt (5) den phríomh-alt ach “£269,828” a chur in ionad “£423,979”.
(4) Déanfar suim £653,594 le haghaidh fuascailte iasacht, maraon le hús ar an gcéanna, i leith seirbhísí caipitiúla, a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sna tríocha bliain airgeadais, d'éis a chéile, a thosnós leis an mbliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1952.
(5) Íocfar an bhlianacht bhreise isteach sa Chuntas i pé slí, agus pé trátha sa bhliain airgeadais iomchuí, a chinnfeas an tAire.
(6) Féadfar aon chuid den bhlianacht bhreise, nach mó ná £420,770 in aon bhliain airgeadais, d'úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí d'íoc.
(7) Úsáidfear iarmhéid na blianachta breise in aon tslí nó slite dá sonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt.
(8) Leasaítear leis seo fo-alt (4) den phríomh-alt trí “i pé slí, agus pé trátha sa bhliain airgeadais iomchuí, a chinnfeas an tAire” a chur in ionad “ina tráth-choda comhionanna leathbhliantúla”.
Athghairm.
23.—(1) Déantar leis seo na hachtacháin a sonraítear sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm a mhéid a sonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.
(2) Ní bheidh éifeacht ag an alt seo ach i leith daoine a éagfas tar éis an 2ú lá de Bhealtaine, 1951.
Cúram agus bainistí cánach agus dleacht.
24.—Cuirtear faoi chúram agus bainistí na gCoimisinéirí Ioncaim leis seo na cánacha agus na dleachta uile a forchuirtear leis an Acht seo.
Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.
25.—(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1951, a ghairm den Acht seo.
(2) Forléireofar Cuid I den Acht seo i dteannta na nAcht Cánach Ioncaim.
(3) Déanfar Cuid II den Acht seo, a mhéid a bhaineas sí le dleachta custam, d'fhorléiriú i dteannta na nAcht Custam agus, a mhéid a bhaineas sí le dleachta máil, forléireofar í i dteannta na Reacht a bhaineas le dleachta máil agus le bainistí na ndleacht sin.
(4) Forléireofar Cuid V den Acht seo i dteannta an Stamp Act, 1891, agus i dteannta na n-achtachán a leasaíos nó a leathnaíos an tAcht sin.
(5) Measfar Cuid I den Acht seo a theacht i bhfeidhm an 6ú lá d'Aibreán, 1951, agus beidh éifeacht aici amhail ar an lá sin agus uaidh sin amach.
AN CHEAD SCEIDEAL.
Scala Ratai Dleachta Eastait.
Príomh-luach an Eastáit | An ráta dleachta faoin gcéad | |||||||||
£ | £ | |||||||||
Níos mó ná | 2,000 | gan | bheith | níos | mó | ná | 3,000 | ... | ... | 1 |
,, | 3,000 | ,, | ,, | ,, | ,, | ,, | 5,000 | ... | ... | 2 |
,, | 5,000 | ,, | ,, | ,, | ,, | ,, | 7,500 | ... | ... | 3 |
,, | 7,500 | ,, | ,, | ,, | ,, | ,, | 10,000 | ... | ... | 4 |
,, | 10,000 | ,, | ,, | ,, | ,, | ,, | 12,500 | ... | ... | 6 |
,, | 12,500 | ,, | ,, | ,, | ,, | ,, | 15,000 | ... | ... | 8 |
,, | 15,000 | ,, | ,, | ,, | ,, | ,, | 17,500 | ... | ... | 10 |
,, | 17,500 | ,, | ,, | ,, | ,, | ,, | 20,000 | ... | ... | 12 |
,, | 20,000 | ,, | ,, | ,, | ,, | ,, | 25,000 | ... | ... | 14 |
,, | 25,000 | ,, | ,, | ,, | ,, | ,, | 30,000 | ... | ... | 16 |
,, | 30,000 | ,, | ,, | ,, | ,, | ,, | 35,000 | ... | ... | 18 |
,, | 35,000 | ,, | ,, | ,, | ,, | ,, | 40,000 | ... | ... | 21 |
,, | 40,000 | ,, | ,, | ,, | ,, | ,, | 45,000 | ... | ... | 24 |
,, | 45,000 | ,, | ,, | ,, | ,, | ,, | 50,000 | ... | ... | 27 |
,, | 50,000 | ,, | ,, | ,, | ,, | ,, | 60,000 | ... | ... | 30 |
,, | 60,000 | ,, | ,, | ,, | ,, | ,, | 75,000 | ... | ... | 33 |
,, | 75,000 | ,, | ,, | ,, | ,, | ,, | 100,000 | ... | ... | 37 |
,, | 100,000 | ,, | ,, | ,, | ,, | ,, | 150,000 | ... | ... | 41 |
,, | 150,000 | ,, | ,, | ,, | ,, | ,, | 200,000 | ... | ... | 45 |
,, | 200,000 | ,, | ,, | ,, | ,, | ,, | 250,000 | ... | ... | 49 |
,, | 250,000 | ,, | ... | ... | ... | ... | ... | ... | 53 |
AN DARA SCEIDEAL.
Achtachain a hAthghairmtear.
Siosón agus Caibidil | Gearrtheideal | Méid na hAthghairme |
57 & 58 Vic., c. 30 | Finance Act, 1894. | Fo-alt (3) d'alt 16. |
4 & 5 Geo. V. c. 10 | Finance Act, 1914. | Fo-alt (2) d'alt 13. |