[EN]

Uimhir 16 de 1938.


[EN]

ACHT TORA TALMHAÍOCHTA (ARBHAR), 1938.


ACHT CHUN CÓDHLÚTHÚ AGUS LEASÚ DO DHÉANAMH AR NA FORÁLACHA DE SNA hACHTANNA TORA TALMHAÍOCHTA (ARBHAR), 1933 GO 1937, A BHAINEANN LE PLÚR, MIN CHRUITHNEACHTAN, ULLAMHÓIDÍ CRUITHNEACHTAN, CRUITHNEACHT, CRUITHNEACHT INDIATHACH AGUS ABHAIR ÁIRITHE BHEATHADH D'IOMPORTÁIL AGUS LE hABHAIR ÁIRITHE BHEATHADH D'EASPORTÁIL. [16adh Bealtaine, 1938.] ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

[EN]

Gearr-theideal agus luadh.

1.—(1) Féadfar an tAcht Tora Talmhaíochta (Arbhar), 1938, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna Tora Talmhaíochta (Arbhar), 1933 go 1938, do ghairm de sna hAchtanna Tora Talmhaíochta (Arbhar), 1933 go 1937, agus den Acht so le chéile.

[EN]

Léiriú.

2.—Léireofar na hAchtanna Tora Talmhaíochta (Arbhar), 1933 go 1937, agus an tAcht so le chéile agus dá réir sin gach focal agus abairt dá dtugtar brí áirithe leis na hAchtanna san no ionta chun crícheanna na nAchtanna san tá leis san Acht so an bhrí tugtar dó amhlaidh.

[EN]

Feidhm na nAchtanna Custum.

3.—Earraí go dtoirmisctear de bhuadh an Achta so iad d'iomportáil tuigfear iad do bheith ar na hearraí a háirmhítear agus a tuairiscítear sa Chlár do Thoirmeasctha agus de Shrianta, maidir le hEarraí do Theacht Isteach, atá in alt 42 den Customs Consolidation Act, 1876, agus beidh feidhm dá réir sin ag na forálacha den Acht san, mar atá san leasuithe no leathnuithe le haon Acht ina dhiaidh sin, a bhaineann le hearraí d'iomportáil a toirmisctear no sriantar.

[EN]

Orduithe do leagadh fé bhráid Tithe an Oireachtais.

4.—Gach ordú dhéanfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála no an tAire Talmhaidheachta fén Acht so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an orduithe sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.

[EN]

Costaisí.

5.—Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgeadais é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí uile fé n-a raghaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála no an tAire Talmhaidheachta fén Acht so.

[EN]

Athghairm.

6.—Deintear leis seo na hachtacháin atá leagtha amach sa dara colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.

CUID II.

Srian le Plur, Min Chruithneachtan agus Ullamhoidi Cruithneachtan d'Iomportail.

[EN]

An tAire chun crícheanna Coda II.

7.—Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála.

[EN]

Ciontaí fé Chuid II do chúiseamh.

8.—Féadfaidh an tAire cionta fé alt ar bith (seachas alt 12) atá sa Chuid seo den Acht so do chúiseamh.

[EN]

Srian le plúr agus le min chruithneachtan d'iomportáil.

9.—(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon phlúr ná min chruithneachtan d'iomportáil maran fé réim agus do réir cheadúnais ar n-a dheonadh chuige sin ag an Aire fén gCuid seo den Acht so a hiomportálfar an plúr no an mhin chruithneachtan san.

[EN]

(2) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

[EN]

Srian le hullamhóidí cruithneachtan d'iomportáil.

10.—(1) Fé réir forálacha an ailt seo, ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon earra d'iomportáil go n-úsáidfear cruithneacht no aon toradh cruithneachtan chun a déanta maran rud é—

[EN]

(a) gur fé réim agus do réir cheadúnais ar n-a dheonadh chuige sin ag an Aire fén gCuid seo den Acht so a hiomportálfar an earra san, no

[EN]

(b) gur lugha ná cúig púint meáchaint na hearra san agus gur lugha ná deich scillinge a luach agus gur mar éifeachtaí príobháideacha i mbagáiste paisnéara a hiomportálfar í no gur tré phost na mbeart a hiomportálfar í agus go gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina taobh gur o dhuine nach trádálaí dheighleálann san earra san a tháinig sí agus go bhfuil sí beartuithe mar bhronntanas chun úsáide pearsanta an té chun a mbeidh sí dírithe.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire, pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é, ordú do dhéanamh fén bhfo-alt so chun aon chineál áirithe (a míneofar sa tslí sin agus do réir na nithe sin is dóich leis an Aire is ceart) d'aon earra go n-úsáidfear cruithneacht no aon toradh cruithneachtan chun a déanta do shaoradh o oibriú fo-ailt (1) den alt so agus pé uair a déanfar aon ordú den tsórt san, ansan, faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm, is do réir téarmaí an orduithe sin a bheidh éifeacht ag an bhfo-alt san (1).

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire le hordú fén bhfo-alt so aon ordú bheidh déanta fé fho-alt (2) den alt so do cheiliúradh.

[EN]

(4) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

[EN]

Ceadúnaisí iomportála fé Chuid II.

11.—(1) Féadfaidh an tAire le ceadúnas a údarú do dhuine ar bith, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leis d'fhorchur, aon earra d'iomportáil, go ndearbhuítear le haon alt atá sa Chuid so den Acht so é bheith nea-dhleathach í d'iomportáil maran fé réim agus do réir cheadúnais ar n-a dheonadh ag an Aire fén gCuid so den Acht so a hiomportálfar í agus an importáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham ná le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis an Aire is ceart.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire tráth ar bith aon cheadúnas a bheidh deonta aige fén alt so do cheiliúradh.

[EN]

Earraí a hiomportálfar contrárdha do Chuid II d'easportáil.

12.—(1) Má hiomportáltar aon earraí contrárdha don Chuid seo den Acht so féadfaidh oifigeach Custum agus Máil a cheangal ar dhuine ar bith (eadhon, an t-iomportálaí no an t-iompróir a bheidh i gceist) na hearraí sin d'easportáil laistigh d'am áirithe agus má theipeann ar an duine sin déanamh do réir an cheangail sin beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil chaoga punt do chur air.

[EN]

(2) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim cionta fén alt so do chúiseamh.

CUID III.

Srian le Cruithneachtain, Cruithneachtain Indiathaigh agus Abhair Airithe Bheathadh d'Iomportail agus le hAbhair Airithe Bheathadh d'Easportail.

Caibidil I.

Roimhráiteach agus Generálta.

[EN]

Míniú chun crícheanna Coda III.

13.—Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaidheachta.

[EN]

Cúisimh fé Chuid III.

14.—Féadfaidh an tAire aon chionta fé alt ar bith (seachas alt 22) atá sa Chuid seo den Acht so do chúiseamh.

Caibidil II.

Srian le Cruithneachtain, Cruithneachtain Indiathaigh agus Abhair Airithe Bheathadh d'Iomportáil.

[EN]

Srian le cruithneachtain d'iomportáil.

15.—(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith cruithneacht d'iomportáil maran rud é—

[EN]

(a)  (i) gur iomportálaí cláruithe cruithneachtan an duine sin, agus

[EN]

(ii) gur fé réim agus do réir cheadúnais ar n-a dheonadh chuige sin ag an Aire fén gCuid seo den Acht so a hiomportálfar an chruithneacht san, no

[EN]

(b) gurab é an tAire Tionnscail agus Tráchtála an duine sin, no

[EN]

(c) gur fé réim agus do réir cheada ar n-a dheonadh chuige sin ag an Aire fén alt so a hiomportálfar an chruithneacht san.

[EN]

(2) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

[EN]

(3) Más deimhin leis an Aire gur chuige amháin aon chruithneacht chun í do dhíol no d'úsáid mar shíol, féadfaidh, tré chead, a údarú do dhuine ar bith nach iomportálaí cláruithe cruithneachtan an chruithneacht san d'iomportáil.

[EN]

(4) Má bheireann an tAire cead amach fén alt so féadfaidh aon choinníoll no coinníollacha acu so leanas do chur ag gabháil leis an gcead san, sé sin le rá:—

[EN]

(a) coinníoll go ndéanfar an chruithneacht le n-a mbainfidh an cead san d'iomportáil laistigh de thréimhse áirithe,

[EN]

(b) coinníoll gur o thír áirithe a hiomportálfar an chruithneacht san,

[EN]

(c) coinníoll gur toradh tíre áirithe an chruithneacht san,

[EN]

(d) coinníoll gur i bport no in áit áirithe no de bhealach áirithe a hiomportálfar an chruithneacht san,

[EN]

(e) coinníoll ná déanfar an chruithneacht san d'iomportáil i níos mó ná uimhir áirithe de chonsighneachtaí,

[EN]

(f) pé coinníollacha eile is oiriúnach leis.

[EN]

Srian le cruithneachtain Indiathaigh d'iomportáil.

16.—(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon chruithneacht Indiathach d'iomportáil maran rud é—

[EN]

(a) gur iomportálaí cláruithe cruithneachtan Indiathaighe an duine sin, agus

[EN]

(b) gur fé réim agus do réir cheadúnais ar n-a dheonadh chuige sin ag an Aire fén gCuid seo den Acht so a hiomportálfar an chruithneacht Indiathach san.

[EN]

(2) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

[EN]

Srian le coirce, féar agus tuighe d'iomportáil.

17.—(1) Fé réir forálacha an ailt seo, ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon choirce, féar ná tuighe (lasmuich d'fhéar no de thuighe bheidh á úsáid mar abhar phacála agus á iomportáil i dteanta na n-earraí gur chun iad do phacáil a bheidh sé á úsáid) d'iomportáil ach amháin fé réim agus do réir cheadúnais ar n-a dheonadh chuige sin ag an Aire fén gCuid seo den Acht so.

[EN]

(2) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear ná pionóisí luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

[EN]

(3) Ní léireofar éinní atá san alt so mar ní dheineann dleathach aon fhéar no tuighe d'iomportáil a bheidh á úsáid mar abhar phacála agus go mbeidh toirmiscthe le haon ordú ar n-a dhéanamh fé sna hAchtanna um Ghalair Ainmhithe (Éirinn), 1894 go 1935, é d'iomportáil.

[EN]

Abhair bheathadh shaortha.

18.—(1) Is abhar beathadh saortha chun crícheanna an Cheathrú Sceidil a ghabhann leis an Acht so gach earra acu so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) fé réir oibriú orduithe ar n-a dhéanamh ag an Aire fé fho-alt (2) den alt so, aon earra luaidhtear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so,

[EN]

(b) aon earra dearbhófar le hordú a dhéanfaidh an tAire fé fho-alt (3) den alt so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire do bheith ina abhar bheathadh shaortha chun crícheanna an Cheathrú Sceidil a ghabhann leis an Acht so.

[EN]

(2) Pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é, féadfaidh an tAire, le hordú fén bhfo-alt so, a dhearbhú go scuirfidh aon earra dá luaidhtear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so de bheith ina habhar bheathadh shaortha chun crícheanna an Cheathrú Sceidil a ghabhann leis an Acht so agus ar theacht i bhfeidhm don ordú san scuirfidh an earra san de bheith ina habhar bheathadh shaortha chun na gcrícheanna san faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm.

[EN]

(3) Pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é, féadfaidh an tAire, le hordú fén bhfo-alt so, a dhearbhú (fé mar is dóich leis an Aire is ceart agus a luadhfaidh san ordú san) earra áirithe no earra de shaghas áirithe (a míneofar sa tslí sin agus do réir na nithe sin is dóich leis an Aire is ceart) do bheith ina habhar bheathadh shaortha chun crícheanna an Cheathrú Sceidil a ghabhann leis an Acht so.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire, le hordú fén bhfo-alt so, aon ordú bheidh déanta aige fén alt so do cheiliúradh.

[EN]

Abhair bheathadh sceidealta.

19.—(1) Is abhar beathadh sceidealta chun crícheanna na Coda so den Acht so gach earra acu so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) fé réir oibriú orduithe ar n-a dhéanamh ag an Aire fé fho-alt (2) den alt so, aon earra luaidhtear sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so,

[EN]

(b) aon earra dearbhófar le hordú dhéanfaidh an tAire fé fho-alt (3) den alt so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire do bheith ina habhar bheathadh sceidealta chun crícheanna na Coda so den Acht so.

[EN]

(2) Pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é, féadfaidh an tAire, le hordú fén bhfo-alt so, a dhearbhú go scuirfidh aon earra dá luaidhtear so Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so de bheith ina habhar bheathadh sceidealta chun crícheanna na Coda so den Acht so agus ar theacht i bhfeidhm don ordú san scuirfidh an earra san de bheith ina habhar bheathadh sceidealta chun na gcrícheanna san faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm.

[EN]

(3) Pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é, féadfaidh an tAire, le hordú fén bhfo-alt so, a dhearbhú (fé mar is dóich leis an Aire is ceart agus a luadhfaidh san ordú san) earra áirithe no earra de shaghas áirithe (a míneofar sa tslí sin agus do réir na nithe sin is dóich leis an Aire is ceart) do bheith ina habhar bheathadh sceidealta chun crícheanna na Coda so den Acht so.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire, le hordú fén bhfo-alt so, aon ordú bheidh déanta aige fén alt so do cheiliúradh.

[EN]

Srian le habhair bheathadh sceidealta d'iomportáil.

20.—(1) Fé réir forálacha an ailt seo, ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon earra le n-a mbaineann an t-alt so d'iomportáil ach amháin fé réim agus do réir cheadúnais ar n-a dheonadh ag an Aire fén gCuid seo den Acht so.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire, pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é, ordú do dhéanamh fén bhfo-alt so chun aon earra le n-a mbaineann an t-alt so agus is earra de shaghas áirithe (a míneofar sa tslí sin agus do réir na nithe sin is dóich leis an Aire is ceart) do shaoradh o oibriú fo-ailt (1) den alt so agus pé uair a déanfar aon ordú den tsórt san, ansan, faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm, is do réir téarmaí an orduithe sin a bheidh éifeacht ag an bhfo-alt san (1).

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire, pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é, ordú do dhéanamh fén bhfo-alt so chun aon earra le n-a mbaineann an t-alt so agus go gcólíonfar na coinníollacha so leanas ina taobh, do shaoradh o oibriú fo-ailt (1) den alt so, sé sin le rá:—

[EN]

(a) gur de thír agus o Thuaisceart Éireann a hiomportálfar an earra san,

[EN]

(b) go gcuirfidh an duine bheidh ag iomportáil na hearra san amhlaidh ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim nach chun í d'ath-dhíol a bheidh an earra san á hiomportáil agus gur chuige amháin a bheidh sí á hiomportáil chun úsáide eallach stuic ar aon fheirm no áitreabh a bheidh á stiúradh no á bhainistí aige no ar a mbeidh sé ar fostú, agus

[EN]

(c) go dhéanfaidh an duine sin do réir pé coinníollacha (más ann dóibh) is oiriúnach leis na Coimisinéirí Ioncuim d'fhorchur,

[EN]

agus pé uair a déanfar aon ordú den tsórt san, ansan, faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm, is do réir téarmaí an orduithe sin a bheidh éifeacht ag an bhfo-alt san (1).

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire, le hordú fén bhfo-alt so, aon ordú bheidh déanta aige fé fho-alt (2) no fé fho-alt (3) den alt so do cheiliúradh.

[EN]

(5) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

[EN]

(6) Baineann an t-alt so le gach earra acu so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) aon abhar beathadh sceidealta, agus

[EN]

(b) aon tsubstaint (nach abhar beathadh saortha chun crícheanna an Cheathrú Sceidil a ghabhann leis an Acht so) a húsáidtear chun aon abhar beathadh sceidealta d'ullamhú.

[EN]

Ceadúnaisí iomportála fé Chaibidil II de Chuid III.

21.—(1) Féadfaidh an tAire, chun crícheanna an Achta so, gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

[EN]

(a) ceadúnas do dheonadh d'iomportálaí cláruithe cruithneachtan chun caindíocht áirithe de chruithneachtain d'iomportáil,

[EN]

(b) ceadúnas do dheonadh d'iomportálaí cláruithe cruithneachtan Indiathaighe chun caindíocht áirithe de chruithneachtain Indiathaigh d'iomportáil,

[EN]

(c) ceadúnas do dheonadh do dhuine ar bith chun caindíocht áirithe de choirce, d'fhéar, de thuighe no d'aon abhar beathadh sceidealta d'iomportáil.

[EN]

(2) Pé uair a bhéarfaidh an tAire ceadúnas amach fén alt so, féadfaidh aon choinníoll no coinníollacha acu so leanas do chur ag gabháil leis an gceadúnas san, sé sin le rá:—

[EN]

(a) coinníoll go ndéanfar an earra le n-a mbainfidh an ceadúnas san d'iomportáil laistigh de thréimhse áirithe,

[EN]

(b) coinníoll gur o thír áirithe a hiomportálfar an earra san,

[EN]

(c) coinníoll gur i dtír áirithe a rinneadh no a táirgeadh an earra san,

[EN]

(d) coinníoll gur i bport no in áit áirithe no de bhealach áirithe a hiomportálfar an earra san,

[EN]

(e) coinníoll ná déanfar an earra san d'iomportáil i níos mó ná uimhir áirithe de chonsighneachtaí,

[EN]

(f) pé coinníollacha eile is oiriúnach leis.

[EN]

(3) Pé uair a chuirfidh an tAire aon choinníollacha ag gabháil le ceadúnas fén alt so luadhfaidh na coinníollacha san sa cheadúnas san.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire tráth ar bith aon cheadúnas a bheidh deonta aige fén alt so do cheiliúradh.

[EN]

(5) Má dheineann iomportálaí cláruithe cruithneachtan iarratas ar cheadúnas fén alt so chun cruithneacht d'iomportáil, raghaidh an tAire i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála sara ndiúltuighidh don iarratas.

[EN]

Earraí a hiomportálfar contrárdha do Chuid III d'easportáil.

22.—(1) Má hiomportáltar aon earraí contrárdha don Chuid seo den Acht so féadfaidh oifigeach Custum agus Máil a cheangal ar dhuine ar bith (eadhon, an t-iomportálaí no an t-iompróir a bheidh i gceist) na hearraí sin d'easportáil laistigh d'am áirithe agus má theipeann ar an duine sin déanamh do réir an cheangail sin beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil chaoga punt do chur air.

[EN]

(2) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim cionta fén alt so do chúiseamh.

Caibidil III.

Srian le hAbhair Bheathadh Airithe d'Easportáil.

[EN]

Abhair bheathadh chun crícheanna Caibidile III de Chuid III.

23.—Sa Chaibidil seo den Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “abhar beathadh” aon toradh is féidir a úsáid mar abhar beathadh d'ainmhithe.

[EN]

Orduithe á thoirmeasc abhair bheathadh d'easportáil.

24.—(1) Pé uair agus chó minic agus is dóich leis san do bheith ceart, féadfaidh an tAire, le hordú, a thoirmeasc aon abhar beathadh áirithe d'easportáil ach amháin fé réim agus do réir cheadúnais ar n-a dheonadh chuige sin fén gCaibidil seo den Chuid seo den Acht so agus féadfaidh an iomportáil sin do thoirmeasc amhlaidh faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm no ar feadh tréimhse áirithe no ar feadh dhá thréimhse no níos mó de thréimhsí nea-leanúnacha.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, le hordú, ceiliúradh no leasú do dhéanamh ar ordú bheidh déanta aige roimhe sin fén alt so, le n-a n-áirmhítear ordú bheidh déanta fén bhfo-alt so.

[EN]

(3) Aon ordú do rinne an tAire fé alt 94 den Acht Tora Talmhaíochta (Arbhar), 1933 (Uimh. 7 de 1933), agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh an Acht so do rith, tuigfear gur fé fho-alt (1) den alt so do rinneadh é agus féadfar é do cheiliúradh no do leasú le hordú ar n-a dhénamh fé fho-alt (2) den alt so agus leanfa sé i bhfeidhm go dtí go gceiliúrfar é amhlaidh agus fé réir aon leasuithe den tsórt san.

[EN]

Ciontaí.

25.—(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon abhar beathadh d'easportáil ná tabhairt fé n-a easportáil contrárdha d'ordú ar n-a dhéanamh fén gCaibidil seo den Chuid seo den Acht so.

[EN]

(2) Féadfaidh aon oifigeach Custum agus Máil earra ar bith, a bheidh á heasportáil no go mbeifear ag tabhairt fé n-a heasportáil contrárdha don alt so, do choinneáil agus do ghabháil agus chuige sin féadfaidh pacáid ar bith d'oscailt ina mbeidh earra ar bith den tsórt san no 'na mbeidh amhras aige a leithéid do bheith inti, agus na forálacha den Customs Consolidation Act, 1876, i dtaobh earraí gheobhfar fén Acht san d'ordú bheith geallbhruidthe agus do chur de láimh bainfid le gach earra gheobhfar fén alt so fé is dá mba fén Acht san do gheobhfaí í.

[EN]

(3) Na forálacha den alt so i dtaobh toirmeasc do chur le hearraí d'easportáil no le tabhairt fé n-a n-easportáil beidh éifeacht acu fé is dá mbeadh na forálacha san san Customs Consolidation Act, 1876, agus beidh feidhm dá réir sin ag an Acht san agus ag aon Acht le n-a leasuítear no le n-a leathnuítear an tAcht san, agus má easportálann duine ar bith aon earra no má bheireann fé aon earra d'easportáil contrárdha don alt so no má bheireann sé aon earra no má bhíonn sé ag tabhairt aon earra go dtí aon ché, bóthar no áit eile ar bith chun críche na heasportála san no na hiarrachta san ar easportáil, no má chabhruíonn no má neartuíonn sé leis an easportáil sin no leis an iarracht san ar easportáil, dlighfear na pionóisí céanna agus an choinneáil chéanna do chur ar an duine sin agus fós na himeachta céanna do bhunú ina choinnibh a dlightear a chur ar dhuine agus a bhunú ina choinnibh fé alt 186 den Customs Consolidation Act, 1876, i dtaobh earraí toirmiscthe d'iomportáil go nea-dhleathach.

[EN]

Ceadúnaisí Easportála.

26.—(1) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, ceadúnas do thabhairt amach do dhuine ar bith chun easportáil do dhéanamh, laistigh d'aimsir áirithe, ar chaindíocht áirithe d'aon earra go mbeidh sé toirmiscthe de thurus na huaire le hordú ar n-a dhéanamh fén Acht so í d'easportáil.

[EN]

(2) Pé uair a bhéarfaidh an tAire ceadúnas amach fén alt so féadfaidh gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

[EN]

(a) na coinníollacha san is dóich leis is ceart agus a luadhfaidh sa cheadúnas san do chur ag gabháil leis an gceadúnas san;

[EN]

(b) an ceadúnas san do theorannú i slí ná bainfe sé ach le hearraí áirithe no le consighneacht áirithe d'earraí;

[EN]

(c) an easportáil fén gceadúnas san do shrianadh i slí nach ceaduithe í dhéanamh ach o phort no o áit áirithe no de bhealach áirithe, no go dtí tír áirithe no port no áit áirithe.

CEAD SCEIDEAL.

Achtacháin a hAthghairmtear.

Uimh. agus Bliain

Gearr-Theideal

Méid na hAthghairme

Uimh. 7 de 1933.

Acht Tora Talmhaíochta (Arbhar), 1933.

Cuid VII agus an Tríú Sceideal.

Uimh. 41 de 1934.

Acht Tora Talmhaíochta (Arbhar), 1934.

Ailt 27, 28 agus 29.

Uimh. 26 de 1935.

Acht Tora Talmhaíochta (Arbhar), 1935

Alt 18.

DARA SCEIDEAL.

Pionóisí mar gheall ar Chiontaí.

Fíneáil ná raghaidh thar caoga punt másé an chéad chionta fén alt oiriúnach é, no, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san é, fíneáil ná raghaidh thar céad punt no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

TRIU SCEIDEAL.

Abhair Bheathadh Saortha.

1.  Síol canaigh ina ghrán.

2.  Min shíl stalctha canaigh, ar a dtugtar freisin min shíl chanaigh.

3.  Síol lín ina ghrán, ar a dtugtar freisin síol ruis ina ghrán.

4.  Cnóite talmhan.

5.  Cnóite cócó.

6.  Copra.

7.  Eithneacha pailme.

8.  Pónairí soya ina ngrán.

9.  Pónairí stalctha soya, cúibeanna pónaire soya, caora pónaire soya, calóga pónaire soya, agus min phónairí stalctha soya.

10.  Pónairí (nach cinn úra) ina ngrán ar a n-áirmhítear pónairí lócaiste.

11.  Piseanna (nach cinn úra) ina ngrán.

12.  Min fola.

13.  Min Alfalfa.

14.  Ola ae truisc.

15.  Salann.

CEATHRU SCEIDEAL.

Abhair Bheathadh Sceidealta.

1.  Min bhuidhe.

2.  Eorna.

3.  Eorna bhrachta.

4.  Seagal.

5.  Min choirce.

6.  Earraí, i bhfuirm bidh no i bhfuirm leighis le slogadh, is i gcóir capall, miúlach, ránach, asal, eallach, caorach, muc, gabhar no éanlaithe clóis, agus a haithnítear i gcúrsaí tráchtála fé ainm thrádála dhílsithe no chosanta.

7.  Plúr eornan brachta, min eornan brachta, agus plúr seagail.

8.  Eorna phéarla, eorna phota, agus eorna go ndearnadh tré aon oibriú crotal do bhaint di, calóga do dhéanamh dhi, no í do rollú no do bhrughadh

9.  Síol stalctha ruis, cúibeanna síl ruis, caora síl ruis, calóga síl ruis, agus min shíl stalctha ruis.

10.  Cnóite stalctha talmhan, cúibeanna cnó talmhan, caora cnó talmhan, calóga cnó talmhan, agus min chnó stalctha talmhan.

11.  Cnóite stalctha cócó, cúibeanna cnó cócó, caora cnó cócó, calóga cnó cócó; agus min chnó stalctha cócó.

12.  Eithneacha stalctha pailme ar a dtugtar freisin cnóite stalctha pailme caora eithne pailme, calóga eithne pailme, agus min eithne pailme.

13.  Min éisc, agus calóga mine éisc.

14.  Min feola.

15.  Min feola agus cnámh.

16.  Aon earra go n-úsáidtear cruithneacht Indiathach no aon toradh cruith neachtan Indiathaighe chun a déanta agus a bhíonn i bhfuirm chalóga.

17.  Gach saghas bidh i gcóir capall, miúlach, ránach, asal, eallach, caorach, muc, gabhar, no éanlaithe clóis ach amháin—

(a) cruithneacht,

(b) cruithneacht Indiathach,

(c) coirce,

(d) féar,

(e) tuighe,

(f) aon earra luaidhtear ag Uimhreacha 1 go 16 (agus an dá Uimhir sin d'áireamh) den Sceideal so,

(g) aon tsaghas bidh is abhar beathadh saortha chun crícheanna an Sceidil seo.