[EN]

Uimhir 26 de 1935.


[EN]

ACHT TORA TALMHAÍOCHTA (ARBHAR), 1935.


ACHT CHUN NA nACHTANNA TORA TALMHAÍOCHTA (ARBHAR), 1933 AGUS 1934, DO LEASÚ, CHUN DÍOLA AGUS ÚSÁIDE CRUITHNEACHTAN DO FÁSADH I SAORSTÁT ÉIREANN DO RIALÁIL, AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE EILE GHABHANN NO BHAINEANN LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE NO LEANANN ASTA. [29adh Iúl, 1935.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

Mínithe.

1.—San Acht so—

[EN]

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaíochta;

[EN]

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Tora Talmhaíochta (Arbhar), 1933 (Uimh. 7 de 1933);

[EN]

cialluíonn an abairt “Acht Leasúcháin 1933” an tAcht Tora Talmhaíochta (Arbhar) (Leasú), 1933 (Uimh. 49 de 1933);

cialluíonn an abairt “Acht Leasúcháin 1934” an tAcht Tora Talmhaíochta (Arbhar), 1934 (Uimh. 41 de 1934);

tá leis na habairtí “cruithneacht dúthchais,” “cruithneacht dúthchais inmheilte,” “ceadúnas muilneoireachta,” “roimhthréimhse quota,” “barraille,” “driogaire cláruithe” agus “deighleálaí cláruithe i gcruithneachtain” na bríonna céanna atá leis na habairtí sin sa Phríomh-Acht;

cialluíonn an abairt “muileann ceadúnaithe” muileann le n-a mbaineann ceadúnas muilneoireachta.

[EN]

An míniú ar “bliain arbhair” do leasú.

2.—Athghairmtear leis seo an méid d'alt 3 den Phríomh-Acht le n-a mínítear an abairt “bliain arbhair” agus ina ionad sin achtuítear leis seo gur bliain arbhair chun crícheanna an Phríomh-Achta gach tréimhse acu so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) an tréimhse de dhá mhí dhéag dar tosach an 1adh lá de Lúnasa, 1934;

[EN]

(b) an tréimhse de thrí mhí dhéag dar tosach an 1adh lá de Lúnasa, 1935;

[EN]

(c) an tréimhse de dhá mhí dhéag dar tosach an 1adh lá de Mheán Fhómhair sa bhliain 1936, agus i ngach bliain ina dhiaidh sin,

[EN]

agus léireofar an hAchtanna Tora Talmhaíochta (Arbhar), 1933 agus 1934, agus an tAcht so agus beidh éifeacht acu ag féachaint go cuibhe don atharú deintear ar an abairt sin leis an alt so.

[EN]

“Bliain díola (cruithneacht).”

3.—(1) Chun crícheanna an Achta so is bliain díola (cruithneacht) gach tréimhse acu so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) an tréimhse de dhá mhí dhéag dar tosach an 1adh lá de Mheán Fhómhair, 1935;

[EN]

(b) an tréimhse de dhá mhí dhéag dar tosach gach 1adh lá de Mheán Fhómhair ina dhiaidh sin.

[EN]

(2) San Acht so cialluíonn na habairtí “an bhliain díola (cruithneacht) 1935-36” agus “an bhliain díola (cruithneacht) 1936-37” na blianta díola (cruithneacht) dar tosach an 1adh lá de Mheán Fhómhair, 1935, agus an 1adh lá de Mheán Fhómhair, 1936, fé seach.

[EN]

An quota do mhéadú in aghaidh na bliana quota 1935-36.

4.—Tuigfear chun crícheanna na nAchtanna Tora Talmhaíochta (Arbhar), 1933 agus 1934, agus an Achta so gurb é is quota do mhuileann cheadúnaithe in aghaidh na bliana quota dar tosach an 1adh lá de Lúnasa, 1935 agus dar críoch an 31adh lá de Lúnasa, 1936, ná an méid cruithneachtan gur gá díreach roimh an Acht so do rith, do réir ailt 28 den Phríomh-Acht, é mheilt sa mhuileann san i rith na tréimhse de dhá mhí dhéag dar tosach an 1adh lá de Lúnasa, 1935, agus an dóú cuid déag den mhéid sin do chur leis.

[EN]

Modh áirmhithe an méid cruithneachtan do meileadh i muileann i rith na roimh-thréimhse quota agus na mblian quota.

5.—(1) Chun crícheanna alt 28 agus 30 den Phríomh-Acht, mar a leasuítear san le hAcht Leasúcháin 1934, agus ailt 61 d'Acht Leasúcháin 1934, tuigfear gurb é méid cruithneachtan do meileadh in aon mhuileann ceadúnaithe áirithe i rith na roimh-thréimhse quota no aon bhliana quota ná suim na méideanna so leanas, eadhon, an méid cruithneachtan do bhí sa mhuileann san i dtosach na tréimhse no na bliana san (pe'ca aca é) agus an méid cruithneachtan do seachadadh ag an muileann san i rith na tréimhse no na bliana san (pe'c a aca é), lughaide suim na méideanna so leanas, eadhon, an méid cruithneachtan do bhí sa mhuileann san díreach roimh dheireadh na tréimhse no na bliana san (pe'ca aca é) agus an méid cruithneachtan do consighníodh ón muileann san i rith na tréimhse no na bliana san (pe'ca aca é).

[EN]

(2) Ní bheidh feidhm ag forálacha an ailt seo maidir le haon tréimhse do thosnuigh roimh an 1adh lá de Lúnasa, 1935.

[EN]

Oblagáid chun percentáiste de chruithneachtain dúthchais do mheilt gach bliain.

6.—(1) Tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála agus roimh thosach feidhme gach bliana arbhair déanfaidh an tAire, i gcás na céad bhliana arbhair a thosnóidh tar éis an Achta so do rith, chó luath agus is féidir é tar éis an rithte sin no, i gcás aon bhliana eile arbhair, ar dháta nách déanaí ná ocht mí roimh thosach na bliana arbhair sin, ordú ag ceapadh percentáiste in aghaidh na bliana arbhair sin chun crícheanna an ailt seo agus féadfaidh an tAire, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire adubhradh, méid an phercentáiste sin d'atharú i rith na bliana arbhair sin le hordú no orduithe eile agus an percentáiste ceapfar le hordú no leis an ordú deiridh fén alt so in aghaidh aon bhliana arbhair isé is percentáiste náisiúnta ceaptha chun crícheanna an ailt seo in aghaidh na bliana arbhair sin.

[EN]

(2) Gach éinne is sealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta do mhuileann is muileann ceadúnaithe i dtosach aon bhliana arbhair, meilfidh sa mhuileann san, mar chuid den quota in aghaidh na bliana quota is có-aimsearach leis an mbliain arbhair sin, caindíocht de chruithneachtain dúthchais nách lugha ná percentáiste den quota san is có-ionann leis an bpercentáiste náisiúnta ceaptha in aghaidh na bliana arbhair sin.

[EN]

(3) Déanfar tagairtí san Acht so don quota cruithneachtan dúthchais do mhuileann in aghaidh aon bhliana arbhair áirithe do léiriú mar thagairtí don chaindíocht mhinimum de chruithneachtain dúthchais is gá do shealbhóir an cheadúnais don mhuileann san, do réir an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, do mheilt sa mhuileann san i rith na bliana quota is có-aimsearach leis an mbliain arbhair sin.

[EN]

(4) Féadfaidh éinne (dá ngairmtear an muilneoir geallúnach sa bhfo-alt so) is sealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta do mhuileann is muileann ceadúnuithe i dtosach aon bhliana arbhair áirithe a gheallúint do dhuine eile (dá ngairmtear an muilneoir freagarthach sa bhfo-alt so) is sealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta do mhuileann (dá ngairmtear an muileann freagarthach sa bhfo-alt so) is muileann ceadúnuithe i dtosach na bliana arbhair sin go meilfidh i rith na bliana arbhair sin, no go gcuirfidh fé ndeár go meilfear i rith na bliana arbhair sin ag scalbhóir eile ceadúnais mhuilneoireachta do mhuileann is muileann ceadúnuithe i dtosach na bliana arbhair sin, caindíocht de chruithneachtain dúthchais is có-ionann le hiomlán an quota no le cuid den quota de chruithneachtain dúthchais don mhuileann fhreagarthach don bhliain arbhair sin agus pé uair do bhéarfar aon ghealltanas den tsórt san beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) más le hiomlán an quota san de chruitheachtain dúthchais a bhaineann an gealltanas san beidh an muilneoir freagarthach saor ón oblagáid a cuirtear air le fo-alt (2) den alt so maidir leis an mbliain arbhair sin i dtaobh an mhuilinn fhreagarthaigh; agus

[EN]

(b) más le cuid den quota san de chruithneachtain dúthchais a bhaineann an gealltanas san beidh an muilneoir freagarthach saor, chó fada is théigheann an chuid sin, ón oblagáid a cuirtear air leis an bhfo-alt san (2) maidir leis an mbliain arbhair sin i dtaobh an mhuilinn fhreagarthaigh; agus

[EN]

(c) má theipeann ar an muilneoir geallúnach no má fhaillíonn sé an gealltanas san do chólíonadh beidh an muilneoir geallúnach san ciontach i gcionta fén alt so; agus

[EN]

(d) fé cheann ceithre lá déag tar éis an ghealltanais sin do thabhairt, cuirfidh an muilneoir freagarthach mioninnste iomlána chun an Aire i dtaobh an ghealltanais sin agus má theipeann ar an muilneoir freagarthach déanamh do réir na forála so beidh an muilneoir freagarthach ciontach i gcionta fén alt so; agus

[EN]

(e) i gcás aon chruithneachtan dúthchais do mheilt i muileann ceadúnaithe do réir an ghealltanais sin—

[EN]

(i) tuigfear chun crícheanna fo-ailt (2) den alt so nách sa mhuileann san do meileadh an chruithneacht dúthchais sin,

[EN]

(ii) beidh an chruithneacht dúthchais sin, chun crícheanna alt 28 agus 30 den Phríomh-Acht, mar a leasuítear san le hAcht Leasúcháin 1934, ina cuid den quota do meileadh sa mhuileann cheadúnaithe sin sa bhliain quota is có-aimsearach leis an mbliain arbhair sin,

[EN]

(iii) ní tuigfear, chun crícheanna alt 28 agus 30 den Phríomh-Acht, mar a leasuítear san le hAcht Leasúcháin 1934, an chruithneacht dúthchais sin do mheilt sa mhuileann fhreagarthach sa bhliain quota is có-aimsearach leis an mbliain arbhair sin; agus

[EN]

(f) ní dhéanfaidh an gealltanas san an muilneoir freagarthach ná an muilneoir geallúnach, ná aon tsealbhóir eile ceadúnais mhuilneoireachta mheilfidh aon chruithneacht dúthchais don mhuilneoir gheallúnach chun crícheanna an ghealltanais sin, do shaoradh o sna hoblagáidí cuirtear air leis na forálacha den Acht so bhaineann le sealbhóirí ceadúnaisí muilneoireachta do sholáthar cóiríochta stórála agus gléasra thiormúcháin no le sealbhóirí ceadúnaisí muilneoireachta do cheannach cruithneachtan dúthchais.

[EN]

(5) Má theipeann ar shealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta do mhuileann is muileann ceadúnaithe i dtosach aon bhliana arbhair áirithe no má fhaillíonn sé an oblagáid do chólíonadh cuirtear air le fo-alt (2) den alt so maidir leis an mbliain arbhair sin i dtaobh an mhuilinn sin beidh an sealbhóir sin ciontach i gcionta fén alt so mara mbeidh sé saor ón oblagáid sin fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo.

[EN]

(6) I gcás duine do bheith ina shealbhóir ar cheadúnas mhuilneoireachta do mhuileann go mbeidh roimh-thréimhse quota ann do agus sé mhí no níos mó do bheith sa tréimhse sin beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) meilfidh an duine sin sa mhuileann san mar chuid den quota don tréimhse sin caindíocht de chruithneachtain dúthchais nách lugha ná percentáiste den quota san is có-ionann leis an bpercentáiste náisiúnta ceaptha in aghaidh na bliana arbhair ina mbeidh an tréimhse sin, agus

[EN]

(b) má theipeann ar an duine sin no má fhaillíonn sé an oblagáid do chólíonadh cuirtear air leis an bhfo-alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.

[EN]

(7) Gach duine bheidh ciontach i gcionta fén alt so dlighfear ar a chiontú ann ar an slí achmair na pionóisí luaidhtear i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

[EN]

(8) Ní bheidh feidhm ag forálacha an ailt seo maidir le haon tréimhse do thosnuigh roimh an 1adh lá de Lúnasa, 1935.

[EN]

(9) Scuirfidh alt 29 den Phríomh-Acht d'éifeacht do bheith aige maidir le haon bhliain arbhair a thosnóidh tar éis dáta an Achta so do rith.

[EN]

Sealbhóirí ceadúnaisí muilneoireachta do sholáthar cóiríochta stórála agus gléasra thiormúcháin.

7.—(1) Le toiliú an Aire Tionnscail agus Tráchtála féadfaidh an tAire, roimh thosach aon bhliana arbhair áirithe, ordú do dhéanamh (dá ngairmtear ordú um chruithneachtain dúthchais (stóras agus gléasra tiormúcháin) san Acht so) á cheangal ar gach duine is sealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta do mhuileann is muileann ceadúnaithe i dtosach na bliana arbhair sin, agus gur mó an quota dho in aghaidh na bliana arbhair sin ná méid áirithe cruithneachtan, stóras a bheidh mór a dhóthain do chion áirithe de quota an mhuilinn sin de chruithneachtain dúthchais in aghaidh na bliana arbhair sin do sholáthar maidir leis an muileann san roimh thosach na bliana san agus fós gléasra tiormúcháin fhéadfaidh caindíocht áirithe de ghrán do thiormú gach lá de cheithre huaire fichead a'chluig in aghaidh gach céad tonna den quota san den chruithneachtain dúthchais sin agus an stóras san d'úsáid i gcóir an cheana áirithe sin agus an gléasra tiormúcháin sin d'úsáid chun pé méid den quota san den chruithneachtain dúthchais sin do thiormú is gá do thiormú.

[EN]

(2) I gcás ordú um chruithneachtain dúthchais (stóras agus gléasra tiormúcháin) do dhéanamh maidir le haon bhliain arbhair áirithe féadfaidh an tAire, roimh thosach na bliana arbhair sin, fógra do sheirbheáil ar shealbhóir cheadúnais mhuilneoireachta do mhuileann gur gá dho do réir an orduithe sin stóranna agus gléasra tiormúcháin do sholáthar, á ordú an stóras agus an gléasra tiormúcháin sin do sholáthar (fé mar a luadhfar) ag an muileann san no in áit áirithe eile no laistigh d'fhaid áirithe ón muileann san.

[EN]

(3) Más rud é—

[EN]

(a) go ndéanfar ordú um chruithneachtain dúthchais (stóras agus gléasra tiormúcháin), agus

[EN]

(b) go dtárlóidh—

[EN]

(i) go dteipfidh ar shealbhóir cheadúnais mhuilneoireachta no go bhfailleoidh sé déanamh do réir an orduithe sin sa mhéid go mbaineann sé leis, no

[EN]

(ii) go dteipfidh ar shealbhóir cheadúnais mhuilneoireachta ar ar seirbheáladh fógra fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo no go bhfailleoidh sé déanamh do réir an fhógra san,

[EN]

beidh an sealbhóir sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

[EN]

Tuairisceáin i dtaobh stórais agus gléasra thiormúcháin i gcóir cruithneachtan dúthchais.

8.—(1) I gcás ordú um chruithneachtain dúthchais (stóras agus gléasra tiormúcháin) do dhéanamh maidir le bliain arbhair áirithe, déanfaidh gach duine is sealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta, agus gur gá dho do réir an orduithe sin stóras agus gléasra tiormúcháin do sholáthar, tuairisceán ina mbeidh pé mion-innste ordóidh an tAire i dtaobh an stórais agus an ghléasra thiormúcháin sin do chur chun an Aire ar dháta nach déanaí na seachtain tar éis tosach na bliana arbhair sin.

[EN]

(2) Gach duine gur gá dho do réir an ailt seo aon tuairisceán do thabhairt uaidh agus ar a dteipfidh no a dhiúltóidh an tuairisceán san do thabhairt uaidh do réir an ailt seo ar gach slí no chuirfidh in aon tuairisceán den tsórt san éinní bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

[EN]

Stóras agus gléasra tiormúcháin i gcóir cruith neachtan dúthchais d'iniúchadh.

9.—(1) I gcás ordú um chruithneachtain dúthchais (stóras agus gléasra tiormúcháin) do dhéanamh maidir le haon bhliain arbhair áirithe beidh cigire i dteideal dul isteach gach tráth réasúnta in aon áitreabh ina mbeidh an stóras agus an gléasra tiormúcháin is gá do réir an orduithe sin agus an stóras agus an gléasra san do scrúdú.

[EN]

(2) Gach duine bhacfaidh no choiscfidh aon chigire agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

[EN]

(3) San alt so cialluíonn an focal “cigire” duine go n-údarás i scríbhinn ón Aire chun na gcomhacht d'fheidhmiú a bronntar ar chigire leis an alt so.

[EN]

Sealbhóirí ceadúnaisí muilneoireachta do cheannach cruithneachtan dúthchais.

10.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú déanfar roimh thosach aon bhliana arbhair áirithe, ordú do dhéanamh (dá ngairmtear ordú percentáiste cheannaigh san alt so) á cheangal ar shealbhóirí ceadúnaisí muilneoireachta percentáiste (dá ngairmtear an percentáiste ceannaigh san alt so), a ceapfar leis an ordú san, de sna quotanna de chruithneachtain dúthchais a bheidh ann don bhliain arbhair sin do sna muilte uile is muilte ceadúnaithe i dtosach na bliana arbhair sin, do cheannach agus do ghlacadh isteach i stór sa bhliain arbhair sin roimh dheireadh gach mí, dá luadhfar san ordú san, den bhliain arbhair sin agus féadfar céad per cent. do cheapadh mar phercentáiste cheannaigh in aghaidh aon mhí áirithe sa bhliain arbhair sin.

[EN]

(2) I gcás ordú percentáiste cheannaigh do dhéanamh maidir le haon bhliain arbhair áirithe féadfaidh an tAire, pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é, le hordú (dá ngairmtear ordú leasúcháin san alt so) an t-ordú percentáiste cheannaigh sin do leasú, maidir le haon mhí no míosa sa bhliain arbhair sin a thosnóidh tar éis dáta an orduithe sin, tríd an bpercentáiste ceannaigh don mhí no do sna míosa san do mhéadú no do laigheadú no, maidir le haon mhí sa bhliain arbhair sin a bheidh ann ar dháta an orduithe sin, tríd an bpercentáiste ceannaigh don mhí sin do laigheadú agus déanfar tagairtí san alt so d'ordú phercentáiste cheannaigh do léiriú, i gcás orduithe phercentáiste cheannaigh a leasófar le hordú leasúcháin, mar thagairtí don ordú phercentáiste cheannaigh sin mar a bheidh sé leasuithe amhlaidh.

[EN]

(3) Más rud é—

[EN]

(a) go mbeidh ordú percentáiste cheannaigh i bhfeidhm ag ceapadh percentáiste cheannaigh d'aon mhí áirithe i mbliain arbhair; agus

[EN]

(b) go dteipfidh ar éinne is sealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta do mhuileann i dtosach na bliana san no go bhfailleoidh sé percentáiste, den quota do chruithneachtain dúthchais don mhuileann san in aghaidh na bliana san, is có-ionann ar a laighead leis an bpercentáiste ceannaigh don mhí sin do cheannach agus do ghlacadh isteach ina stóras sa bhliain arbhair sin roimh dheireadh an mhí sin;

[EN]

íocfaidh an duine sin leis an Aire, ar bheith caithte don mhí sin, suim a háirmheofar do réir fiche scilling in aghaidh gach barraille cruithneachtan a bheidh de bhreis ag an bpercentáiste sin den quota de chruithneachtain dúthchais don mhuileann san ar an méid cruithneachtan dúthchais do cheannuigh sé agus do ghlac sé isteach ina stóras roimh dheireadh an mhí sin, agus beidh an tsuim sin ina fiacha bheidh dlite ón duine sin don Aire agus iníoctha aige leis agus féadfar í bhaint amach mar fhiacha gnáth-chonnartha i gcúirt dlighinse inniúla.

[EN]

(4) Má thagann aon airgead chun bheith iníoctha ag sealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta leis an Aire fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, an sealbhóir sin do shaoradh o n-a bheith air an t-airgead san d'íoc.

[EN]

(5) Más rud é, in aon imeachta bhunóidh an tAire fén alt so chun aon tsuime do bhaint de shealbhóir cheadúnais mhuilneoireachta, go dtabharfar deimhniú ón Aire i láthair á dheimhniú an tsuim sin do bheith dlite beidh san ina fhianaise prima facie ar n-a nithe deimhnítear amhlaidh.

[EN]

(6) An t-airgead uile bhainfidh an tAire amach fén alt so íocfar isteach sa Stát-Chiste no cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste é i pé slí ordóidh an tAire Airgid.

[EN]

Breacacháin a choimeádfaidh na sealbhóirí ceadúnaisí muilneoireachta maidir le cruithneachtain dúthchais.

11.—(1) I dteanta aon bhreacachán is gá dho, do réir na nAchtanna Tora Talmhaíochta (Arbhar), 1933 agus 1934, do choimeád, beidh sé de dhualgas ar gach duine is sealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta do mhuileann breacachán do choimeád, i pé áit a cheapfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála agus i pé slí ordóidh an tAire sin, i dtaobh gach stórála dhéanfa sé ar chruithneachtain dúthchais a cheannóidh sé agus i dtaobh gach aistrithe dhéanfa sé ar chruithneachtain den tsórt san roimh í mheilt agus, fé cheann ceithre huaire fichead a’ chluig tar éis gach stórála no aistrithe den tsórt san, pé mion-innste ina dtaobh ordóidh an tAire sin d'iontráil sna breacacháin sin.

[EN]

(2) Beidh feidhm ag fo-ailt (2), (3) agus (4) d'alt 32 den Phríomh-Acht maidir le breacacháin is gá do réir an ailt seo do choimeád fé mar atá feidhm ag na fo-ailt sin maidir le breacacháin is gá do réir fo-ailt (1) den alt san 32 do choimeád, ach san fé réir na n-atharuithe seo leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) na tagairtí atá i míreanna (b), (c) agus (e) den fho-alt san (4) don áit cheaptha léireofar iad mar thagairtí don áit a cheapfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála fé fho-alt (1) den alt so, agus

[EN]

(b) ní bheidh feidhm ag mír (d) den fho-alt san (4).

[EN]

Na praghsanna minimum ar chruithneachtain dúthchais inmheilte.

12.—(1) Chun crícheanna an Achta so isé is praghas minimum an barraille ar chruithneachtain dúthchais inmheilte de gach saghas fé leith a luaidhtear sa dara colún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so in aghaidh gach mí fé leith sa bhliain díola (cruithneacht) 1935-36 agus sa bhliain díola (cruithneacht) 1936-37 ná an praghas atá leagtha amach os coinne luadh cruithneachtan den tsaghas san sa bhfo-cholún, a bhaineann leis an mí sin, den tríú colún den Sceideal san.

[EN]

(2) Déanfaidh an Ard-Chomhairle o am go ham, le hordú, maidir le gach bliain díola (cruithneacht) (seachas an bhliain díola (cruithneacht) 1935-36 agus an bhliain díola (cruithneacht) 1936-37) a thosnóidh tar éis an Achta so do rith, na nithe seo leanas:—

[EN]

(a) cruithneacht dúthchais inmheilte, nách lugha a buiséalmheáchaint ná an bhuiséal-mheáchaint a dearbhófar leis an ordú san do bheith ina buiséal-mheáchaint mhinimum chun crícheanna ranguithe, do roinnt do réir bhuiséal-mheáchaintí i pé saghsanna agus i pé méid saghsanna is oiriúnach leo;

[EN]

(b) maidir le cruithneacht de gach saghas fé leith den tsórt san agus in aghaidh gach mí fé leith sa bhliain díola (cruithneacht) san, praghas an bharraille de chruithneachtain den tsaghas san in aghaidh an mhí sin do cheapadh;

[EN]

agus pé uair a déanfar ordú den tsórt san isé an praghas an barraille ceapfar leis an ordú san, do chruithneachtain dúthchais de shaghas áirithe dá gceapfar leis an ordú san, in aghaidh mí áirithe sa bhliain díola (cruithneacht) le n-a mbainfidh an t-ordú san a bheidh, fé réir forálacha an ailt seo, ina phraghas mhinimum ar chruithneachtain dúthchais den tsaghas san in aghaidh an mhí sin.

[EN]

(3) Gach ordú déanfar fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo déanfar é ar dháta nách déanaí ná dhá bhliain roimh thosach na bliana díola (cruithneacht) le n-a mbainfe sé.

[EN]

(4) Pé uair is deimhin leis an Ard-Chomhairle, i rith aon bhliana díola (cruithneacht) (seachas an bhliain díola (cruithneacht) 1935-36 no an bhliain díola (cruithneacht) 1936-37), cruithneacht dúthchais inmheilte do bheith á coimeád siar ón margadh ag fásóirí no ag deighleálaithe cláruithe i gcruithneachtain go generálta féadfaidh an Ard-Chomhairle, le hordú, an praghas minimum ar chruithneachtain de gach saghas do laigheadú, do gach mí (nách mí bheidh caithte roimh dháta an orduithe sin) sa bhliain díola (cruithneacht) san, go dtí pé praghas (nách lugha ná an praghas minimum ar chruithneachtain den tsaghas san in aghaidh mí Mheán Fhómhair na bliana díola (cruithneacht) san) is oiriúnach leo agus pé uair a déanfar aon ordú den tsórt san isé is praghas minimum ar chruithneachtain dúthchais inmheilte d'aon tsaghas áirithe in aghaidh gach mí le n-a mbainfidh an t-ordú san ná an praghas minimum ar chruithneachtain den tsaghas san in aghaidh an mhí sin mar a laigheadófar é leis an ordú san.

[EN]

(5) San Acht so cialluíonn an focal “saghas,” nuair a húsáidtear é i dtaobh cruithneachtan dúthchais inmheilte—

[EN]

(a) maidir leis an mbliain díola (cruithneacht) 1935-36 agus leis an mbliain díola (cruithneacht) 1936-37, cruithneacht dúthchais inmheilte do shaghas a luaidhtear sa dara colún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so, agus

[EN]

(b) maidir le haon bhliain eile díola (cruithneacht), cruithneacht dúthchais inmheilte de shaghas a ceapfar leis an ordú dhéanfaidh an Ard-Chomhairle fé fho-alt (2) den alt so maidir leis an mbliain díola (cruithneacht) san.

[EN]

Srian leis an bpraghas a híocfar ar chruithneachtain dúthchais inmheilte.

13.—(1) Ní bheidh sé dleathach d'éinne is sealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta no is driogaire cláruithe no is deighleálaí cláruithe i gcruithneachtain aon chruithneacht dúthchais inmheilte de shaghas áirithe do cheannach i rith aon mhí in aon bhliain díola (cruithneacht) ar phraghas is lugha ná an praghas minimum ar cruithneachtain dúthchais den tsaghas san don mhí sin, lughaide pé liúntas (más aon cheann é) in aghaidh costais iompair ar a gcó-aontóidh an duine sin agus an duine o n-ar ceannuíodh an chruithneacht sin, ach ní raghaidh an liúntas san in aon chás thar costas réasúnta na cruithneachtan san d'iompar ón áitreabh inar fásadh an chruithneacht san no ón áitreabh ina raibh sí storálta tráth an díola san go dtí an port, an stáisiún bóthair iarainn, no an stáisiún canálach is goire don áitreabh san.

[EN]

(2) Má dheineann éinne is sealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta no is driogaire cláruithe no is deighleálaí cláruithe i gcruithneachtain aon chruithneacht dúthchais inmheilte do cheannach contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

[EN]

An tslí ina gcinnfear cadé an saghas aon chruithneacht dúthchais inmheilte áirithe.

14.—(1) Pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é féadfaidh an tAire, le hordú, a ordú go ndéanfar, pé uair a díolfar cruithneacht dúthchais inmheilte le duine is sealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta no is driogaire cláruithe no is deighleálaí cláruithe i gcruithneachtain, an saghas le n-a mbaineann an chruithneacht san do chinneadh, chun crícheanna an díola san, le fearas den chineál no de sna cineálacha luadhfar san ordú san agus ní har aon tslí eile.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú fén bhfo-alt so, ordú do rinneadh fé fho-alt (1) den alt so no fén bhfo-alt so do cheiliúradh no do leasú.

[EN]

(3) I gcás—

[EN]

(a) ordú fé fho-alt (1) den alt so do bheith i bhfeidhm, agus

[EN]

(b) aon chruithneacht dúthchais inmheilte do dhíol le duine is sealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta no is driogaire cláruithe no is deighleálaí cláruithe i gcruithneachtain, agus

[EN]

(c) an saghas le n-a mbaineann an chruithneacht san do chinneadh, chun crícheanna an díola san, ar aon tslí seachas le fearas den chineál no de sna cineálacha luadhfar san ordú san,

[EN]

beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

[EN]

(4) Sara ndeinidh an tAire aon ordú fén alt so ragha sé i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála i dtaobh an orduithe sin do dhéanamh.

[EN]

(5) Más roimh an 1adh lá de Mheán Fhómhair, 1935, a déanfar ordú déanfar fén alt ní thiocfa sé i bhfeidhm ar dháta is luatha ná an 1adh lá de Mheán Fhómhair, 1935.

[EN]

Scur de dheolchaire d'íoc ar chruithneachtain dúthchais inmheilte agus coda de sna hAchtanna Tora Talmhaíochta (Arbhar), 1933 agus 1934, d'athghairm dá dhruim sin,

15.—(1) D'aineoinn éinní atá in alt 71 den Phríomh-Acht ní bheidh aon deolchaire chruithneachtan do réir bhrí an ailt sin iníoctha alos aon chruithneachtan dúthchais inmheilte díolfar no meilfear ina plúr no ina min chruithneachtan tar éis an 31adh lá d'Iúl, 1935.

[EN]

(2) D'aineoinn éinní atá i bhfo-ailt (2) agus (3) d'alt 67 den Phríomh-Acht ní dhéanfaidh an Ard-Chomhairle aon ordú fén bhfo-alt san (2) tar éis an Achta so do rith.

[EN]

(3) Scuirfidh alt 68 den Phríomh-Acht, mar a leasuítear san le halt 21 d'Acht Leasúcháin 1934, d'éifeacht do bheith aige maidir le haon chruithneachtain dúthchais inmheilte díofar tar éis an 31adh lá d'Iúl, 1935.

[EN]

(4) Scuirfidh alt 69 den Phríomh-Acht d'éifeacht do bheith aige maidir le haon chruithneachtain dúthchais inmheilte ceannófar tar éis an 31adh lá d'Iúl, 1935.

[EN]

(5) Scuirfidh alt 70 den Phríomh-Acht, mar a leasuítear san le halt 22 d'Acht Leasúcháin 1934, d'éifeacht do bheith aige maidir le haon tsaosúr díola (cruithneacht) tar éis an tsaosúir dhíola (cruithneacht) dar críoch an 31adh lá d'Iúl, 1935.

[EN]

(6) Athghairmtear leis seo alt 72 den Phríomh-Acht.

[EN]

(7) Scuirfidh alt 76 den Phríomh-Acht, mar a leasuítear san le halt 9 d'Acht Leasúcháin 1933, d'éifeacht do bheith aige maidir le haon chruithneachtain dúthchais inmheilte díolfar tar éis an 31adh lá d'Iúl, 1935.

[EN]

(8) Scuirfidh Cuid III d'Acht Leasúcháin 1933 d'éifeacht do bheith aige maidir le haon chruithneachtain dúthchais inmheilte díolfar tar éis an 31adh lá d'Iúl, 1935.

[EN]

(9) Deintear leis seo na hachtacháin atá leagtha amach sa tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm ón 1adh lá de Lúnasa, 1935.

[EN]

Muilneoirí do cheannach cruithneachtan dúthchais de bhreis ar an quota de chruithneachtain dúthchais.

16.—(1) Más rud é, in aon bhliain arbhair a thosnóidh tar éis an Achta so do rith, gur deimhin leis an Aire, tar éis mí Bealtaine na bliana arbhair sin, aon chruithneacht dúthchais inmheilte d'fhanúint gan díol ar lámha an té d'fhás an chruithneacht san féadfaidh an tAire, ar dháta nách déanaí ná an 31adh lá d'Iúl sa bhliain arbhair sin, ordú (dá ngairmtear ordú díola éigeanta san Acht so) do sheirbheáil ar an bhfásóir sin agus ar pé duine eile, is sealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta do mhuileann, a thoghfaidh an tAire á cheangal ar an bhfásóir sin méid áirithe (nach mó ná an ceathrú cuid d'aon per cent. den quota de chruithneachtain dúthchais don mhuileann san in aghaidh na bliana arbhair sin) den chruithneachtain dúthchais inmheilte sin do dhíol leis an duine eile sin agus ar an duine eile sin an méid áirithe sin do cheannach ón bhfásóir sin, laistigh d'am áirithe ar an bpraghas minimum a bheidh ar chruithneachtain den tsaghas le n-a mhaineann an chruithneacht dúthchais inmheilte sin in aghaidh mí Lúnasa na bliana arbhair sin agus fé réir pé coinníollacha maidir le hiompar agus seachadadh a luadhfar san ordú san.

[EN]

(2) I gcás ordú díola éigeanta do sheirbheáil go cuibhe ar fhásóir chruithneachtan dúthchais inmheilte agus ar shealbhóir cheadúnais mhuilneoireachta tuigfear go ndearna an fásóir agus an sealbhóir sin connradh do réir éilithe an orduithe sin.

[EN]

(3) Déanfaidh an tAire an chomhacht a bronntar air le fo-alt (1) den alt so d'fheidhmiú i slí ná cuirfear de cheangal ar aon tsealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta do mhuileann, de bhuadh ordú no orduithe díola éigeanta, níos mó cruithneachtan dúthchais inmheilte do cheannach in aon bhliain arbhair ná mar do bheadh sa cheathrú cuid d'aon per cent. den quota de chruithneachtain dúthchais don mhuileann san in aghaidh na bliana arbhair sin.

[EN]

Srian le sealbhóirí ceadúnaisí muilneoireachta d'ath-dhíol cruithneachtan dúthchais inmheilte.

17.—(1) Má cheannuíonn sealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta aon chruithneacht dúthchais an 1adh lá de Mheán Fhómhair no dá éis sin ní bheidh sé dleathach don tsealbhóir sin, ach amháin fé réim agus do réir cheadúnais a bheidh deonta ag an Aire fén alt so, an chruithneacht san do dhíol ná í chur de láimh (ach amháin tré n-a meilt).

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire pé coinníollacha is oirúnach leis do chur ag gabháil le haon cheadúnas a deonfar fén alt so agus féadfaidh aon cheadúnas den tsórt san do cheiliúradh aon uair.

[EN]

(3) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

[EN]

Fo-alt (2) d'alt 92 den Phríomh-Acht do leasú.

18.—Sara ndiúltaidh an tAire do cheadúnas do dheonadh fé fho-alt (2) d'alt 92 den Phríomh-Acht chun cruithneachtan d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann ragha sé i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála.

[EN]

Ailt 55 agus 56 d'Acht Leasúcháin 1934 do leasú.

19.—(1) Leasuítear leis seo mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 55 d'Acht Leasúcháin 1934 tré sna focail “nach lugha a bhuiséal-mheáchaint ná an bhuiséal-mheáchaint a dearbhófar leis an ordú san do bheith ina buiséal-mheáchaint mhinimum chun crícheanna ranguithe” do chur isteach ann i ndiaidh na bhfocal “coirce dúthchais” agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

[EN]

(2) Leasuítear leis seo mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 56 d'Acht Leasúcháin 1934 tré sna focail “nách lugha a buiséal-mheáchaint ná an bhuiséal-mheáchaint a dearbófar leis an ordú san do bheith ina buiséal-mheáchaint mhinimum chun crícheanna ranguithe” do chur isteach ann i ndiaidh na bhfocal “eorna dhúthchais” agus léireofar an talt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

[EN]

Comhacht don Aire chun airgid do thabhairt ar iasacht chun crícheanna áirithe.

20.—(1) Beidh sé dleathach don Aire, le toiliú an Aire Airgid, aon tsuim no suimeanna airgid do thabhairt ar iasacht, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, do shealbhóirí ceadúnaisí muilneoireachta chun áitreibh stórála cruithneachtan dúthchais d'fháil, do thógáil, d'oriúnú no do leathnú agus chun gléasra nua no gléasra breise tiormúcháin do chur isteach.

[EN]

(2) An t-airgead uile do bhéarfaidh an tAire ar iasacht fén alt so bhéarfar ar iasacht é amhlaidh ar pé téarmaí agus coinníollacha maidir le ham agus modh a aisíoctha, ráta an úis, urrús, agus nithe eile is dóich leis an Aire, le toiliú an Aire Airgid, do bheith ceart i ngach cás fé leith.

[EN]

(3) An t-airgead uile do gheobhaidh an tAire in aisíoc airgid do bhéarfaidh ar iasacht fén alt so no in íoc úis ar aon airgead den tsórt san no ar aon tslí eile maidir leis an airgead san déanfaidh an tAire é d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí ordóidh an tAire Airgid.

[EN]

(4) Pé uair a bheidh aon airgead tugtha ar iasacht ag an Aire fén alt so beidh sé dleathach don Aire gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

[EN]

(a) le toiliú an Aire Airgid, atharú do dhéanamh i slí ar bith, tré chó-aontú, ar gach ceann no aon cheann de sna téarmaí agus na coinníollacha ar ar tugadh an t-airgead san ar iasacht amhlaidh;

[EN]

(b) leis an toiliú adubhradh, maitheamh i bpáirt no go hiomlán do thabhairt san airgead san uile no in aon ús no íocaíocht eile is iníoctha ar an airgead san no maidir leis no in aon chuid den chéanna;

[EN]

(c) pé nithe do dhéanamh (ar a n-áirmhítear imeachta dlí do bhunú) is dóich leis an Aire is ceart chun a chur fhiachaint go n-íocfaí no chun go mbainfí amach an t-airgead san uile no aon ús no íocaíocht eile is iníoctha ar an airgead san no maidir leis no aon chuid den chéanna no chun cólíonadh aon téarma no coinníll ar ar tugadh an t-airgead san ar iasacht amhlaidh d'fhoirfheidhmiú.

[EN]

Praghas cruithneachtan síl áirithe do bhaint amach.

21.—Más rud é—

[EN]

(1) go ndearna duine (dá ngairmtear an ceannaí san alt so) cruithneacht síl do dhíol ar cáirde le duine eile (dá ngairmtear an feirmeoir san alt so) i rith na tréimhse de dhá mhí dhéag dar tosach an 1adh lá de Lúnasa, 1934, agus

[EN]

(2) go ndearna an feirmeoir tráth an díola san scríbhinn do shighniú—

[EN]

(I) le n-ar admhuigh go raibh suim áirithe (dá ngairmtear na fiacha san alt so) dlighte ag an gceannaí air mar gheall ar an gcruithneachtain síl sin, agus

[EN]

(II) le n-ar gheall an chruithneacht síl sin do chur i rith na tréimhse sin, agus

[EN]

(III) le n-ar údaruigh don Aire na fiacha d'íoc leis an gceannaí as aon deolchaire chruithneachtan dob iníoctha leis alos tortha na cruithneachtan síl sin, agus

[EN]

(IV) le n-ar aontuigh, mara dtagadh aon deolchaire chruithneachtan chun bheith iníoctha leis alos an tortha san, go mbeadh na fiacha iníoctha aige leis an gceannaí, agus

[EN]

(3) gur chuir an feirmeoir an chruithneacht síl sin do réir an ghealltanais sin agus gur cruithneacht inmheilte an barr do tháinig den chur sin, agus

[EN]

(4) gur roimh-íoc an tAire leis an gceannaí aon airgead ar cuntas na bhfiach,

[EN]

beidh éifeacht ag na forálacha so leanas—

[EN]

(a) tiocfaidh na fiacha chun bheith agus beid, gan aon tsannadh, dílsithe san Aire lá bainte an bharra san agus féadfaidh an tAire dul chun dlí mar gheall ortha agus iad do bhaint amach ina ainm chorpruithe agus ní gá don Aire fógra do thabhairt don fheirmeoir i dtaobh an aistrithe deintear leis an alt so;

[EN]

(b) íocfaidh an tAire leis an gceannaí suim is có-ionann le méid na bhfiach, lughaide aon airgead do roimh-íoc sé cheana leis an gceannaí ar cuntas na bhfiach;

[EN]

(c) deintear leis seo an tAire do cheapadh ina ghníomhaire don fheirmeoir chun crícheanna díola an bharra san agus údaruítear do leis seo praghas ceannaigh an bharra san do ghlacadh thar ceann an fheirmeora;

[EN]

(d) féadfaidh an tAire aon tsealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta no deighleálaí cláruithe i gcruithneachtain do cheapadh chun bheith ina fho-ghníomhaire dho chun crícheanna na míre deiridh sin roimhe seo;

[EN]

(e) má bhíonn praghas ceannaigh an bharra san có-ionann le méid na bhfiach no níos lugha ná é coimeádfaidh an tAire an praghas ceannaigh in íoc no mar chabhair chun íoctha na bhfiach;

[EN]

(f) má bhíonn praghas ceannaigh an bharra san níos mó ná méid na bhfiach coimeádfaidh an tAire na fiacha as an bpraghas ceannaigh agus íocfaidh an t-iarmhéid leis an bhfeirmeoir;

[EN]

(g) má dhíolann an feirmeoir an barr san ar shlí eile seachas tré ghníomhaireacht an Aire mar ghníomhaire beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil is có-ionann le méid na bhfiach do chur air;

[EN]

(h) d'ainneoin éinní atá in aon achtachán íocfar leis an Aire aon fhíneáil a gearrfar mar gheall ar chionta fén alt so agus ar bheith íoctha dho amhlaidh íocfar isteach sa Stát-Chiste no cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste é i pé slí ordóidh an tAire Airgid.

[EN]

Ceadúnaisí muilneoireachta do cheiliúradh agus clárú do chur a ceal.

22.—(1) Má ciontuítear sealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta i gcionta fé aon alt den Acht so tuigfear, chun crícheanna ailt 34 den Phríomh-Acht, an sealbhóir sin do chiontú i gcionta fén bPríomh-Acht agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag an alt san 34, mar a leasuítear é le hAcht Leasúcháin 1934.

[EN]

(2) Má dheineann driogaire cláruithe no deighleálaí cláruithe i gcruithneachtain sárú ar Acht Leasúcháin 1934 no ar an Acht so tuigfear, chun crícheanna ailt 61 den Phríomh-Acht, mar a leasuítear san le halt 20 d'Acht Leasúcháin 1934, gur sárú ar an bPríomh-Acht an sárú san agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag an alt san 61 mar a leasuítear amhlaidh é.

[EN]

Scríbhinní do sheirbheáil.

23.—(1) I gcás an Achta so dá cheadú scríbhinn do sheirbheáil ar dhuine ar bith, is i slí éigin acu so leanas a seirbheálfar an scríbhinn sin ar an duine sin, sé sin le rá:—

[EN]

(a) tré chóip den scríbhinn sin agus í deimhnithe mar chóip dhílis fé Shéala Oifigiúil an Aire do sheachadadh don duine sin;

[EN]

(b) tré chóip den scríbhinn sin agus í deimhnithe mar chóip dhílis fé Shéala Oifigiúil an Aire do chur tríd an bpost i leitir chláruithe roimh-íoctha bheidh dírithe chun an duine sin ag an áit ina mbíonn gnó ar siúl aige.

[EN]

(2) Chun crícheanna an ailt seo tuigfear gnó do bheith ar siúl ina n-oifig chláruithe ag cuideachtain a bheidh cláruithe i Saorstát Éireann fé sna hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, agus tuigfear gnó do bheith ar siúl ina bpríomh-oifig no ina bpríomh-áit ghnótha ag gach cólucht corpruithe eile agus ag gach cólucht neamhionchorpruithe.

[EN]

Ciontaí fén Acht so do chúiseamh.

24.—Féadfaidh an tAire no féadfar ar agra an Aire, mar chúisitheoir, cionta fé aon alt atá san Acht so do chúiseamh.

[EN]

Orduithe d'fhoillsiú.

25.—Gach ordú (seachas ordú díola éigeanta) déanfar fén Acht so foillseofar san Iris Oifigiúil é chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta.

[EN]

Costaisí.

26.—Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí uile fé n-a raghaidh an tAire no an tAire Tionnscail agus Tráchtála fén Acht so.

[EN]

Gearr-theideal agus luadh.

27.—Féadfar an tAcht Tora Talmhaíochta (Arbhar), 1935, do ghairm den Acht so agus féadfar na hAchtanna Tora Talmhaíochta (Arbhar), 1933 go 1935, do ghairm de sna hAchtanna Tora Talmhaíochta (Arbhar), 1933 agus 1934, agus den Acht so le chéile.

[EN]

CEAD SCEIDEAL.

Pionoisi mar gheall ar Chiontai Airithe.

CUID I.

Fíneáil ná raghaidh thar céad púnt másé an chéad chionta ag duine é fén alt a bhaineann leis an gcás no, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar dhá chéad go leith púnt no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

CUID II.

Fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt másé an chéad chionta ag duine é fén alt a bhaineann leis an gcás no, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar céad púnt no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

DARA SCEIDEAL

Praghsanna Minimum ar Chruithneachtain Duthchais inmheilte in aghaidh na mBlian Diola (Cruithneacht) 1935-1936, agus 1936-37.

(1)

(2)

(3)

 

Uimh. Thag.

 

Na Saghsanna Cruithneachtan Dúthchais Inmheilte

Praghsanna Minimum an Barraille de 20 Cloch

Meán Fhómair, Deireadh Fómhair, Mí na Samhna, Mí na Nodlag

Eanar, Feabhra, Márta, Abrán, Bealtaine, Meitheamh, Iúl, Lúnasa

s.

d.

s.

d.

1

Cruithneacht nách lugha ná 64 lb. a buiséalmheáchaint     ...

24

6

27

0

2

Cruithneacht gur lugha ná 64 lb. ach nách lugha ná 63 lb. a buiséal-mheáchaint

24

3

26

9

3

Cruithneacht gur lugha ná 63 lb. ach nách lugha ná 62 lb. a buiséal-mheáchaint

24

0

26

6

4

Cruithneacht gur lugha ná 62 lb. ach nách lugha ná 61 lb. a buiséal-mheáchaint

23

9

26

3

5

Cruithneacht gur lugha ná 61 lb. ach nách lugha ná 60 lb. a buiséal-mheáchaint

23

6

26

0

6

Cruithneacht gur lugha ná 60 lb. ach nách lugha ná 59 lb. a buiséal-mheáchaint

23

3

25

9

7

Cruithneacht gur lugha ná 59 lb. ach nách lugha ná 58 lb. a buiséal-mheáchaint

23

0

25

6

8

Cruithneacht gur lugha ná 58 lb. ach nách lugha ná 57 lb. a buiséal-mheáchaint

22

9

25

3

9

Cruithneacht gur lugha ná 57 lb. ach nách lugha ná 56 lb. a buiséal-mheáchaint

22

6

25

0

TRIU SCEIDEAL.

Achtachain a hAthghairmtear on 1adh la de Lunasa, 1935.

Uimh. 7 de 1933.

An tAcht Tora Talmhaíochta (Arbhar), 1933.

Mír (c) d'fho-alt (2) d'Alt 45, fo-alt (5) d'Alt 47, fo-alt (2) d'Alt 48 (na focail “d'fhásóir chláruithe chruithneachtan” agus na focail “do dhuine bheidh cláruithe de thurus na huaire i gclár na bhfásóiri cruithneachtan”), Alt 56, fo-alt (2) d'Alt 60.