Uimhir 18 de 1960.
AN tACHT DEOCHA MEISCIÚLA, 1960.
[An tiontú oifigiúil.]
CUID I.
Réamhráiteach agus Ginearálta.
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.
1.—(1) Féadfar an tAcht Deocha Meisciúla, 1960, a ghairm den Acht seo.
(2) A mhéid a leasaíonn sé agus a leathnaíonn sé na hAchtanna Ceadúnúcháin, 1833 go 1953, forléireofar an tAcht seo agus na hAchtanna sin mar aon ní amháin, agus féadfar na hAchtanna Ceadúnúcháin, 1833 go 1960, a ghairm díobh le chéile, agus a mhéid a leasaíonn sé agus a leathnaíonn sé Achtanna Clárú na gClubanna, 1904 go 1927, forléireofar é féin agus na hAchtanna sin mar aon ní amháin agus féadfar Achtanna Clárú na gClubanna, 1904 go 1960, a ghairm díobh le chéile.
Léiriú.
1902, c. 18.
1910, c. 8.
i1943, Umh. 7.
2.—(1) San Acht seo, ach amháin i gcás ina n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt,—
ciallaíonn “Acht 1902” an Licensing (Ireland) Act, 1902;
ciallaíonn “Acht 1910” an Finance (1909-10) Act, 1910;
ciallaíonn “Acht 1927” an tAcht Deocha Meisciúla, 1927;
ciallaíonn “Acht 1943” an tAcht Deocha Meisciúla, 1943;
ciallaíonn “an Chúirt”, maidir le himeachtaí i dtaobh ar-cheadúnas a dheonú, an Chúirt Chuarda, agus, maidir le himeachtaí i dtaobh eis-cheadúnais nó i dtaobh ar-cheadúnas a athnuachan nó a aistriú, an Chúirt Dúiche;
ciallaíonn “ceantar Cúirte” ceantar Cúirte Dúiche arna fhorordú le dlí chun gnó ceadúnúcháin a dhéanamh;
ciallaíonn “ceadúnas” ceadúnas chun deochanna meisciúla a dhíol ar gá deimhniú ón gCúirt a thabhairt ar aird chun go ndeonófar é, agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin.
(2) Ach amháin i gcás ina n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, forléireofar na tagairtí atá san Acht seo d'aon achtachán mar thagairtí don achtachán sin arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin lena n-áirítear an tAcht seo.
Aisghairm.
3.—Déantar leis seo gach achtachán dá dtagraítear sa dara colún den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a luaitear sa tríú colún den Sceideal sin os coinne lua an achtacháin sin.
CUID II.
Tráthanna Toirmiscthe.
Tráthanna toirmiscthe i gcoitinne.
4.—Déantar leis seo alt 2 (a bhaineann le tráthanna toirmiscthe) d'Acht 1927 a leasú trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (1) agus (2) (ar cuireadh an dá cheann acu isteach le hAcht 1943) agus déanfar Acht 1927 agus go háirithe fo-ailt (4) agus (5) den alt sin 2 a fhorléiriú, agus beidh éifeacht aca, dá réir sin:
“(1) Lasmuigh de chás dá bhforáiltear a mhalairt leis an Acht seo, ní dleathach do dhuine ar bith aon deoch mheisciúil a dhíol ná a thaispeáint chun a díolta ná aon áitreabh a oscailt ná a choimeád ar oscailt chun deoch mheisciúil a dhíol ná a cheadú aon deoch mheisciúil a ól in áitreabh ceadúnaithe—
(a) aon dálach, roimh leathuair tar éis a deich a chlog ar maidin ná—
(i) i rith mí Mheithimh, mí Iúil, mí Lúnasa agus mí Mheán Fómhair, tar éis leathuair tar éis a haon déag a chlog tráthnóna, ná
(ii) i rith aon mhíosa eile, i ndiaidh a haon déag a chlog tráthnóna,
ná, más i gcontae-bhuirg atá an t-áitreabh, (faoi réir na n-eisceachtaí a luaitear anseo ina dhiaidh seo) idir leathuair tar éis a dó a chlog agus leathuair tar éis a trí a chlog san iarnóin, ná
(b) Lá Fhéile Pádraig ná aon Domhnach, roimh leathuair tar éis a dó dhéag a chlog san iarnóin ná idir a dó a chlog agus a cúig a chlog san iarnóin, ná—
(i) i rith mí Mheithimh, mí Iúil, mí Lúnasa agus mí Mheán Fómhair, tar éis a naoi a chlog tráthnóna, ná
(ii) i rith aon mhíosa eile, tar éis a hocht a chlog tráthnóna,
ná
(c) tráth ar bith Lá Nollag nó Aoine an Chéasta.
(2) Is iad na heisceachtaí dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt roimhe seo:
(a) go bhféadfaidh sealbhóir ar-cheadúnais a ghabhann le háitreabh atá i gcontae-bhuirg orduithe (i dteannta nó d'éagmais íocaíochta), a ghlacadh, idir leathuair tar éis a dó agus leathuair tar éis a trí a chlog san iarnóin aon dálach, san áitreabh sin tríd an bpost, trí theileagraf nó trí theileafón ach ní ar aon tslí eile ar dheoch mheisciúil le n-ól lasmuigh den áitreabh agus le seachadadh ag an sealbhóir ag áit chónaithe an té a ordóidh amhlaidh í nó ag stáisiún iarnróid ach ní in aon áit eile agus féadfaidh sé an deoch mheisciúil a ordófar amhlaidh a sheachadadh amhlaidh, ach an duine a ordóidh an deoch mheisciúil sin amhlaidh ní bheidh sé, chun críocha aon ailt eile den Acht seo, ina dhuine a bhféadfar go dleathach deoch mheisciúil a dhíol leis ná a thabhairt dó san áitreabh idir na huaire sin na laethanta sin, agus
(b) féadfaidh sealbhóir eis-cheadúnais a ghabhann le háitreabh atá i gcontae-bhuirg orduithe ó bhéal nó ar shlí eile (i dteannta nó d'éagmais íocaíochta) a ghlacadh, idir leathuair tar éis a dó a chlog agus leathuair tar éis a trí a chlog san iarnóin aon dálach, san áitreabh sin ar dheoch mheisciúil le n-ól lasmuigh den áitreabh agus le seachadadh ag an sealbhóir sin ag áit chónaithe an duine a ordóidh í nó ag stáisiún iarnróid ach ní in aon áit eile agus féadfaidh sé an deoch mheisciúil a ordófar amhlaidh a sheachadadh amhlaidh agus féadfaidh sé an t-áitreabh sin a oscailt agus a choimeád ar oscailt chun orduithe den sórt sin a ghlacadh agus féadfaidh sé deochanna meisciúla a thaispeáint san áitreabh chun a ndíolta ar orduithe den sórt sin.”
Díolúintí d'óstáin agus do phroinntithe.
5.—Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 13 d'Acht 1927:
“13. Ní oibreoidh aon ní san Acht seo chun a thoirmeasc ar an sealbhóir ar-cheadúnais i leith áitribh is óstán nó proinnteach de thuras na huaire deoch mheisciúil a thabhairt do dhuine ar bith san áitreabh nó a cheadú deoch mheisciúil a ól san áitreabh—
(a) aon dálach—
(i) i rith mí Mheithimh, mí Iúil, mí Lúnasa agus mí Mheán Fómhair, tar éis leathuair tar éis a haon déag a chlog tráthnóna, nó
(ii) i rith aon mhíosa eile, tar éis a haon déag a chlog tráthnóna,
nó, más i gcontae-bhuirg atá an t-áitreabh, idir leathuair tar éis a dó a chlog agus leathuair tar éis a trí a chlog san iarnóin, nó
(b) Lá Fhéile Pádraig nó, muran ceadúnas sé lá a cheadúnas, aon Domhnach idir a dó a chlog agus a trí a chlog san iarnóin, nó—
(i) i rith mí Mheithimh, mí Iúil, mí Lúnasa agus mí Mheán Fómhair, idir a naoi a chlog agus a deich a chlog tráthnóna, nó
(ii) i rith aon mhíosa eile, idir a hocht a chlog agus a deich a chlog tráthnóna,
nó
(c) Lá Nollag, idir a haon a chlog agus a trí a chlog san iarnóin nó idir a seacht a chlog agus a deich a chlog tráthnóna,
más rud é, i ngach cás, maidir leis an deoch mheisciúil—
(I) gur le linn don duine sin béile tacúil a ordú a ordóidh sé an deoch mheisciúil,
(II) gur le linn agus i dteannta an bhéile sin a ólfar í, agus
(III) gur sa chuid den áitreabh a choimeádtar ar leithligh de ghnáth chun béilí a thabhairt a thabharfar agus a ólfar í, agus
(IV) gur le linn íoc as an mbéile a íocfar aisti.’
Tráthanna toirmiscthe i gclubanna.
6.—(1) Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 56 d'Acht 1927:
“56.—(1) Chun club a bheith inchláraithe faoi Achtanna Clárú na gClubanna, 1904 go 1960, ní foláir é a bheith foráilte i rialacha an chlub (i dteannta na nithe a luaitear in alt 4 den Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904) nach dtabharfar, faoi réir na n-eisceachtaí a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo, aon deoch inmháil, lena ól in áitreabh an chlub, d'aon duine (seachas comhalta den chlub a bheidh ar lóistín in áitreabh an chlub) nó nach ndéanfaidh aon duine (seachas comhalta den chlub a bheidh ar lóistín in áitreabh an chlub) a leithéid a ól in áitreabh an chlub—
(a) aon dálach, roimh leathuair tar éis a deich a chlog ar maidin ná—
(i) i rith mí Mheithimh, mí Iúil, mí Lúnasa agus mí Mheán Fómhair, tar éis leathuair tar éis a haon déag tráthnóna, ná
(ii) i rith aon mhíosa eile, tar éis a haon déag a chlog tráthnóna,
ná más i gcontae-bhuirg atá an club, idir leathuair tar éis a dó a chlog agus leathuair tar éis a trí a chlog san iarnóin, ná
(b) Lá Fhéile Pádraig ná aon Domhnach, roimh leathuair tar éis a dó dhéag a chlog san iarnóin nó idir a dó a chlog agus a cúig a chlog san iarnóin ná—
(i) i rith mí Mheithimh, mí Iúil, mí Lúnasa, agus mí Mheán Fómhair, tar éis a naoi a chlog tráthnóna, ná
(ii) i rith aon mhíosa eile, tar éis a hocht a chlog tráthnóna,
ná
(c) tráth ar bith Lá Nollag nó Aoine an Chéasta.
(2) Ní oibreoidh aon ní atá in Achtanna Clárú na gClubanna, 1904 go 1960, ná aon ní atá, amháin de bhua oibriú fho-alt (1) den alt seo, i rialacha chlub a bheidh cláraithe faoi na hAchtanna sin, chun a thoirmeasc deoch inmháil, lena ól in áitreabh an chlub, a thabhairt d'aon duine nó a thoirmeasc ar aon duine deoch inmháil a ól in áitreabh an chlub—
(a) aon dálach—
(i) i rith mí Mheithimh, mí Iúil, mí Lúnasa agus mí Mheán Fómhair, tar éis leathuair tar éis a haon déag tráthnóna, nó
(ii) i rith aon mhíosa eile, tar éis a haon déag a chlog tráthnóna,
nó, más i gcontae-bhuirg atá an club, idir leathuair tar éis a dó a chlog agus leathuair tar éis a trí a chlog san iarnóin, nó
(b) Lá Fhéile Pádraig nó aon Domhnach, idir a dó a chlog agus a trí a chlog san iarnóin, nó—
(i) i rith mí Mheithimh, mí Iúil, mí Lúnasa agus mí Mheán Fómhair, idir a naoi a chlog agus a deich a chlog tráthnóna, nó
(ii) i rith aon mhíosa eile, idir a hocht a chlog agus a deich a chlog tráthnóna,
nó
(c) Lá Nollag, idir a haon a chlog agus a trí a chlog san iarnóin nó idir a seacht a chlog agus a deich a chlog tráthnóna,
más rud é, maidir leis an deoch inmháil sin, i ngach cás—
(I) gur le linn do dhuine béile tacúil a ordú a ordóidh sé í,
(II) gur le linn agus i dteannta an bhéile sin a ólfar í, agus
(III) gur sa chuid d'áitreabh an chlub a choimeádtar ar leithligh de ghnáth chun béilí a thabhairt a thabharfar agus a ólfar í, agus
(IV) gur le linn íoc as an mbéile a íocfar aisti.
(3) Measfar gur contae-bhuirg chun críocha an ailt seo Ceantar Cathrach Bhaile Atha Cliath.
(4) San alt seo tá le ‘dálach’ agus ‘Domhnach’ na bríonna a thugtar dóibh le halt I den Acht seo.”
(2) (a) Chun críocha Achtanna Clárú na gClubanna, 1904 go 1960, measfar, ar feadh na hidirthréimhse, rialacha club a bheidh cláraithe faoi na hAchtanna sin ar dháta an Achta seo a rith, a bheith ar comhréir le forálacha alt 56, arna leasú leis an alt seo, d'Acht 1927.
(b) San alt seo ciallaíonn “idirthréimhse” an tréimhse dar tosach dáta an Achta seo a rith agus dar críoch an tráth a éagfaidh an deimhniú cláraitheachta maidir leis an gclub a bheidh i bhfeidhm dhá mhí tar éis an dáta sin, nó, más túisce a tharlóidh sin, an dáta a chuirfear rialacha an chlub ar comhréir leis an alt sin 56, arna leasú amhlaidh.
Tráthanna toirmiscthe i gcampaí saoire ceadúnaithe.
7.—(1) D'ainneoin aon ní atá in alt 53 d'Acht 1952—
(a) faoi réir fho-alt (2) den alt seo, beidh feidhm ag alt 2 (a bhaineann le tráthanna toirmiscthe) d'Acht 1927 maidir le háitreabh a ceadúnaíodh de bhua Chaibidil III (a bhaineann le campaí saoire a cheadúnú) de Chuid VI d'Acht 1952, agus
(b) beidh feidhm ag alt 13 (a bhaineann le díolúintí ó thráthanna toirmiscthe d'óstáin cheadúnaithe agus do phroinntithe ceadúnaithe), ach amháin mír (IV) de, d'Acht 1927, maidir le háitreabh a ceadúnaíodh de bhua na Caibidle sin III mar atá feidhm aige maidir le háitreabh is óstán nó proinnteach de thuras na huaire.
(2) Ní oibreoidh aon ní atá in alt 2 d'Acht 1927 chun a thoirmeasc ar cheadúnaí áitribh a ceadúnaíodh de bhua na Caibidle sin III—
(a) deoch mheisciúil a thabhairt, chun í a ól san áitreabh, do dhuine a bheidh de thuras na huaire ar lóistín bona fide sa champa saoire ina bhfuil nó ar cuid de an t-áitreabh sin, nó
(b) a cheadú do dhuine den sórt sin deoch mheisciúil a ól san áitreabh sin—
(i) Lá Fhéile Phádraig nó aon Domhnach (seachas Domhnach arb é Lá Nollag é)—
(I) i rith mí Mheithimh, mí Iúil, mí Lúnasa agus mí Mheán Fómhair, idir a naoi a chlog agus leathuair tar éis a deich a chlog tráthnóna, nó
(II) i rith aon mhíosa eile, idir a hocht a chlog agus, i rith ama shamhraidh, leathuair tar éis a deich a chlog tráthnóna, nó, i rith tréimhse nach tréimhse ama shamhraidh, a deich a chlog tráthnóna,
nó
(ii) Lá Nollag, idir leathuair tar éis a seacht a chlog agus a deich a chlog tráthnóna, nó
(iii) Aoine an Chéasta, idir a sé a chlog agus a naoi a chlog tráthnóna, más rud é, sa chás seo, maidir leis an deoch mheisciúil sin—
(I) gur le linn do dhuine den sórt sin béile tacúil a ordú a ordóidh sé í, agus
(II) gur le linn agus i dteannta an bhéile sin a ordófar í, agus
(III) gur sa chuid den áitreabh sin a choimeádtar ar leithligh de ghnáth chun béilí a thabhairt a thabharfar agus a ólfar í.
(3) San alt seo ciallaíonn “Acht 1952” an tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1952.
Trádáil mheasctha.
1910. c. 8.
8.—Leasaítear leis seo alt 3 (a bhaineann le trádáil mheasctha) d'Acht 1927 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) agus (2):
“(1) I gcás—
(a) aon ghnó seachas díol deochanna meisciúla (dá ngairtear gnó neamhcheadúnaithe san alt seo) a bheith ar siúl in aon áitreabh lena ngabhann ar-cheadúnas nó eis-cheadúnas (seachas áitreabh a ngabhann eis-cheadúnas miondíoltóra fíona de réir bhrí an Finance (1909-10) Act, 1910, agus nach ngabhann aon eis-cheadúnas eile, leis), agus
(b) nach mbeidh an chuid den áitreabh sin ina bhfuil an gnó neamhcheadúnaithe ar siúl deighilte ina déanamh ón gcuid eile den áitreabh,
measfar, chun críocha an Achta seo, gurb ionann an t-áitreabh sin a oscailt nó a choimeád ar oscailt chun an gnó neamhcheadúnaithe a bheith ar siúl agus an t-áitreabh sin a oscailt nó a choimeád ar oscailt chun deochanna meisciúla a dhíol ach amháin—
(i) i gcás áitreabh lena ngabhann ar-cheadúnas, idir a naoi a chlog agus leathuair tar éis a deich maidneacha dálach, agus
(ii) i gcás áitreabh lena mbaineann eis-cheadúnas, idir a naoi a chlog agus leathuair tar éis a deich maidneacha dálach agus, más i gcontae-bhuirg atá an t-áitreabh, idir leathuair tar éis a dó a chlog agus leathuair tar éis a trí a chlog iarnónta dálach.”
Deimhniú proinntí teoranta.
9.—Déantar leis seo Acht 1927 a leasú tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 12:
“12A. (1) Más rud é, nuair a dhéanfar iarratas chun Breithimh den Chúirt Dúiche maidir le háitreabh lena ngabhann ar-cheadúnas nó a iarrfar ar-cheadúnas nua, go n-iarrfaidh an t-iarratasóir ar an gCúirt a dheimhniú gur proinnteach chun críocha alt 13 den Acht seo aon chuid den áitreabh le mbainfidh an t-iarratas, féadfaidh an Chúirt, más deimhin léi, maidir leis an gcuid sin den áitreabh, tar éis an t-oifigeach a bheidh i gceannas an Gharda Síochána don cheantar ceadúnúcháin a éisteacht—
(a) go bhfuil sé oiriúnach ina dhéanamh chun é a úsáid, agus go n-úsáidtear bona fide agus go formhór é mar phroinnteach, teach bia nó áit eile chun béilí tacúla a thabhairt don phobal,
(b) nach bhfuil beár poiblí ann ná cuid de sheomra ann a bhfuil beár poiblí i gcuid eile de, agus
(c) go bhfuil slí ag an bpobal chuige ar bhealach seachas trí bheár poiblí,
deimhniú (dá ngairtear deimhniú proinntí teoranta san alt seo) á dheimhniú gur proinnteach chun críocha alt 13 den Acht seo an chuid sin den áitreabh a dheonú don iarratasóir.
(2) Ní ghlacfaidh an Chúirt le hiarratas ar cheadúnas proinntí teoranta muran deimhin léi ná go dtí gur deimhin léi gur tugadh don oifigeach i gceannas an Gharda Síochána don limistéar ceadúnúcháin, deich lá ar a laghad roimh an dáta ar a mbeidh sé beartaithe an t-iarratas a dhéanamh, fógra i scríbhinn á rá go rabhthas chun an t-iarratas a dhéanamh.
(3) Fanfaidh gach deimhniú proinntí teoranta i bhfeidhm go dtí an chéad chúirt dúiche cheadúnúcháin bhliantúil eile don limistéar cheadúnúcháin mura gcúlghairfear roimhe sin é faoin alt seo.
(4) Féadfaidh Breitheamh den Chúirt Dúithche deimhniú proinntí teoranta a chúlghairm aon uair ar iarratas ón oifigeach i gceannas an Gharda Síochána don limistéar ceadúnúcháin más deimhin leis, tar éis an t-oifigeach sin agus sealbhóir an deimhnithe sin a éisteacht, go bhfuil an t-áitreabh lena mbaineann an deimhniú sin tar éis scor de bheith oiriúnach ina dhéanamh chun é a úsáid nó a bheith á úsáid bona fide nó go formhór mar phroinnteach, mar theach úrúcháin nó mar áit eile chun béilí tacúla a thabhairt don phobal nó go bhfuil beár poiblí ann nó cuid de sheomra a bhfuil beár poiblí i gcuid eile de nó nach bhfuil slí poiblí chuige ach trí bheár poiblí.
(5) Cuirfidh gach sealbhóir ar dheimhniú proinntí teoranta faoi deara an deimhniú sin a thaispeáint go feiceálach sa chuid den áitreabh lena mbaineann an deimhniú.
(6) I gcás ina mbeidh deimhniú proinntí teoranta i bhfeidhm maidir le haon chuid d'áitreabh ceadúnaithe—
(a) measfar, chun críocha alt 13 den Acht seo ach ní ar aon tslí eile, an chuid den áitreabh lena mbainfidh an deimhniú a bheith ina áitreabh atá ina phroinnteach de thuras na huaire, agus
(b) forléireofar fo-alt (1) d'alt 17 den Acht seo agus beidh éifeacht aige maidir le duine a gheofar san áitreabh sin tráth a shonraítear san alt sin 13 a gceadaítear deoch mheisciúil a ól le béile ionann agus dá mba thagairtí do bheár poiblí in áitreabh ceadúnaithe na tagairtí atá ann (seachas an tagairt i mír (b) ) d'áitreabh ceadúnaithe.
(7) San alt seo folaíonn ‘beár poiblí’ aon áit a úsáidtear ar fad nó go formhór chun deochanna meisciúla a dhíol agus a ól ann.”
Ré orduithe díolúine ginearálta.
10.—Leasaítear leis seo alt 4 (a bhaineann le horduithe díolúine ginearálta) d'Acht 1927 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (9):
“(10) Maidir le hordú díolúine ginearálta i leith áitribh, mura ndéanfar é a tharraingt siar faoi fho-alt (6) den alt seo nó mura mbeidh sé ráite ann go rachaidh sé in éag roimhe sin, fanfaidh sé i bhfeidhm go dtí an chéad chúirt bhliantúil cheadúnúcháin dúiche eile don limistéar ceadúnúcháin ina bhfuil an t-áitreabh tar éis an t-ordú a dheonú agus rachaidh sé in éag ansin.”
An bhrí atá le “ócáid speisialta” maidir le horduithe díolúine speisialta.
11.—Leasaítear leis seo alt 5 (a bhaineann le horduithe díolúine speisialta) d'Acht 1927 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4);
“(5) San alt seo ciallaíonn ‘ócáid speisialta’ teagmhas speisialta san áitreabh ar maidir leis a bheifear ag lorg an ordaithe dhíolúine speisialta.”
Cionta maidir le tráthanna toirmiscthe.
12.—Leasaítear leis seo Acht 1927 trí alt 17 a scriosadh agus an t-alt seo a leanas a chur ina ionad—
“17.—(1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (4) den alt seo, aon duine a gheofar in aon áitreabh ceadúnaithe i rith aon ama a dtoirmisctear leis an Acht seo deoch mheisciúil a dhíol san áitreabh sin, mura rud é—
(a) gurb é sealbhóir an cheadúnais nó úinéir an áitribh é, nó
(b) go mbeidh cónaí buan nó sealadach air san áitreabh, nó
(c) gur duine é ar féidir go dleathach deoch mheisciúil a dhíol leis nó a thabhairt dó san áitreabh an t-am sin, nó
(d) go mbeidh sé ag gabháil d'obair dhéanmhais, mhaisiúcháin, dheisiúcháin, athchóiriúcháin nó chothabhála maidir leis an áitreabh nó le haon chuid den fheisteas nó den trealamh ann,
(e) go mbeidh sé ar fostú ag sealbhóir an cheadúnais nó ag úinéir an áitribh agus gur i ngnáthchúrsa na fostaíochta sin a bheidh sé san áitreabh, nó
(f) gurb oifigeach custam agus máil é i mbun a dhualgais mar oifigeach,
beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná punt agus nach mó ná cúig phunt a chur air.
(2) I gcás aon ghnó seachas díol deochanna meisciúla (dá ngairtear gnó neamhcheadúnaithe san fho-alt seo) a bheith ar siúl in aon áitreabh ceadúnaithe agus gan an chuid den áitreabh ina mbeidh an gnó neamhcheadúnaithe ar siúl a bheith deighilte ina dhéanamh ón gcuid eile den áitreabh, ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir leis an áitreabh ar feadh aon ama a bheidh an t-áitreabh ar oscailt go dleathach chun an gnó neamhcheadúnaithe a bheith ar siúl ann.
(3) Faoi réir fho-alt (4) den alt seo, aon duine a ólfaidh deoch mheisciúil in aon áitreabh ceadúnaithe i rith aon ama a bheidh sé toirmiscthe leis an Acht seo deoch mheisciúil a dhíol san áitreabh sin, muran duine é a gcomhlíontar ina chás ceanglais iomchuí an Achta seo maidir le deoch mheisciúil a dhíol leis nó a thabhairt dó go dleathach san áitreabh sin an t-am sin, beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná punt agus nach mó ná cúig phunt a chur air.
(4) Ní chiontófar duine i gcion faoi fho-alt (1) agus faoi fho-alt (3) le chéile den alt seo maidir leis an ócáid chéanna.”
CUID III.
Ceadúnú.
Ceadúnais Nua.
Ceadúnas nua a dheonú i limistéar tuaithe in ionad dhá cheadúnas láithreacha.
13.—(1) I gcás ina dtabharfaidh duine (dá ngairtear an t-iarratasóir san alt seo) fógra go cuí go bhfuil ar intinn aige ceadúnas a iarraidh i leith áitribh (dá ngairtear an t-áitreabh nua san alt seo) nach mbeidh aon cheadúnas ag gabháil leis agus, le linn na n-imeachtaí sa Chúirt maidir leis an iarratas sin, go gcruthóidh an t-iarratasóir don Chúirt—
(a) maidir le gach ceann de dhá áitreabh (dá ngairtear na háitribh láithreacha san alt seo) go bhfuil ceadúnas i bhfeidhm agus maidir le gach ceadúnas—
(i) gurb é an t-iarratasóir is sealbhóir air, nó
(ii) murab é sealbhóir an cheadúnais, go bhfuil sé tar éis toiliú sealbhóra an cheadúnais a fháil go múchfar an ceadúnas má dhéantar agus nuair a dhéanfar ceadúnas i leith an áitribh nua a dheonú don iarratasóir de bhun an ailt seo,
(b) gur ceadúnais den chineál céanna na ceadúnais (dá ngairtear na seancheadúnais san alt seo) a ghabhann leis na háitribh láithreacha,
(c) nach lú ná deich bpunt luacháil inrátaithe an áitribh nua, agus
(d) nach i gcontae-bhuirg ná i mbuirg eile, i gceantar uirbeach ná i mbaile mór, atá an t-áitreabh nua,
déanfaidh an Chúirt, d'ainneoin aon ní atá in Acht 1902, a chur faoi deara deimhniú a thabhairt don iarratasóir ag tabhairt teidil dó ceadúnas a fháil i leith an áitribh nua, mura ndéana an Chúirt, dá rogha féin, a thoirmeasc go n-eiseofaí an ceadúnas—
(I) ar fhoras charachtar, mí-iompar nó neamhoiriúnacht an iarratasóra, neamhoiriúnacht nó neamháisiúlacht an áitribh nua nó an méid áitreabh ceadúnaithe atá sa chomharsanacht cheana féin, nó
(II) ar an bhforas go ndéanfadh ceadúnas a bheith ann don áitreabh nua dochar míréasúnach don ghnó a bheidh á dhéanamh an tráth sin in áitreabh éigin a bheidh ceadúnaithe chun deochanna meisciúla a dhíol ar mionreic sa chomharsanacht.
(2) (a) An ceadúnas a dheonófar de bhun an ailt seo is ceadúnas den chineál céanna a bheidh ann agus an ceadúnas a ghabhann leis na háitribh láithreacha agus beidh sé faoi réir na gcoinníollacha céanna.
(b) Ní choiscfidh aon ní atá in Acht 1902 an ceadúnas nua a dheonú.
(c) Ar an gceadúnas nua a dheonú, múchfar na ceadúnais a ghabhann leis na háitribh láithreacha (dá ngairtear na seancheadúnais san alt seo).
(d) Aon chiontú a tháinig chun bheith taifeadta ar cheachtar de na seancheadúnais faoi alt 25 d'Acht 1927 tráth (más aon tráth é) arbh é an t-iarratasóir sealbhóir an cheadúnais agus a bheidh taifeadta fós air an tráth a dheonóidh na Coimisinéirí Ioncaim an ceadúnas nua measfar é a bheith taifeadta ar an gceadúnas nua faoin alt sin agus gur taifeadadh amhlaidh é an dáta a taifeadadh é ar an seancheadúnas, ar choinníoll, má bhíonn níos mó ná dhá chiontú taifeadta amhlaidh ar na seancheadúnais, nach measfar ach an dá chiontú is déanaí a bheith taifeadta ar an gceadúnas nua.
(e) Ar an gceadúnas nua a dheonú, measfar, chun críocha Acht 1902, nach raibh na háitribh láithreacha ceadúnaithe riamh.
Ceadúnas nua a dheonú i leith áitribh a cuireadh in ionad áitribh a scartáladh
14.—(1) I gcás ina dtabharfaidh duine (dá ngairtear an t-iarratasóir san alt seo) fógra go cuí go bhfuil ar intinn aige ceadúnas a iarraidh i leith áitribh (dá ngairtear an t-áitreabh nua san alt seo) nach mbeidh aon cheadúnas ag gabháil leis agus, le linn na n-imeachtaí sa Chúirt maidir leis an iarratas sin, go gcruthóidh an t-iarratasóir don Chúirt—
(a) go ndearnadh áitreabh (dá ngairtear an t-áitreabh bunaidh san alt seo) a scartáil dhá bhliain ar a mhéid roimh dháta an fhógra sin ón iarratasóir a sheirbheáil ar an gCláraitheoir Contae nó ar an gCléireach Cúirte Dúiche, cibé acu é, agus
(b) go raibh ceadúnas ag gabháil leis an áitreabh bunaidh nuair a scartáladh amhlaidh é, agus
(c) go bhfuil an t-iarratasóir, le linn na héisteachta sin os comhair na Cúirte, ag áitiú an áitribh nua go dleathach, agus—
(i) gur ar láithreán an áitribh bhunaidh atá an t-áitreabh nua, nó
(ii) murab ar an láithreán sin atá sé, gur ar an láithreán sin atá cuid de nó gur ina gharchomharsanacht atá sé agus nach dócha go ndéanfaidh sé, uaidh féin, cion díobhála don ghnó a dhéantar in aon áitreabh ceadúnaithe sa chomharsanacht an t-áitreabh nua a bheith san áit a bhfuil sé seachas é a bheith ar láithreán an áitribh bhunaidh, agus
(d) go bhfuil an t-iarratasóir, le linn na héisteachta sin os comhair na Cúirte, go dleathach ag áitiú an láithreáin agus aon iarsmaí den áitreabh bunaidh nó tar éis toiliú áititheora dhleathaigh an láithreáin agus na n-iarsmaí sin a fháil leis an iarratas a dhéanamh agus, má bhíonn an ceadúnas dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt seo ar marthain an tráth sin, leis an gceadúnas sin a mhúchadh má dheonaítear agus nuair a dheonófar ceadúnas de bhun an ailt seo, agus
(e) go bhfuil an t-áitreabh nua níos oiriúnaí ná an t-áitreabh bunaidh i gcóir gnó díola deochanna meisciúla,
cuirfidh an Chúirt faoi deara, d'ainneoin aon ní atá in Acht 1902, deimhniú den sórt a luaitear in alt 5 den Licensing (Ireland) Act, 1833, a thabhairt don iarratasóir á dhearbhú teideal cuí a bheith aige ceadúnas a fháil i leith an áitribh nua, mura ndéana an Chúirt, de dhroim agóide faoi alt 4 den Acht sin, eisiúint an cheadúnais sin a thoirmeasc faoin alt sin ar fhoras nó ar fhorais acu seo a leanas, is é sin le rá, carachtar, mí-iompar, nó neamhoiriúnacht an iarratasóra nó neamhoiriúnacht an áitribh nua.
(2) Nuair a dhéanfar, i gcás lena mbainfidh an fo-alt sin roimhe seo den alt seo, an deimhniú dá dtagraítear san fho-alt sin a thabhairt don iarratasóir, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha seo a leanas, is é sin le rá:—
(a) an ceadúnas (dá ngairtear an ceadúnas nua san fho-alt seo) a ndearbhóidh an deimhniú sin teideal a bheith ag an iarratasóir chuige agus a dheonófar dó de bhun an deimhnithe sin, is ceadúnas den chineál céanna ar gach slí (agus na coinníollacha a bheidh curtha ann a áireamh) a bheidh ann agus an ceadúnas (dá ngairtear an seancheadúnas san fho-alt seo) a bhí ag gabháil leis an áitreabh bunaidh nuair a scartáladh amhlaidh é;
(b) ní oibreoidh aon ní atá in Acht 1902 chun deonú an cheadúnais nua don iarratasóir a chosc;
(c) ar an gceadúnas nua a dheonú, múchfar an seancheadúnas (más ann dó an uair sin);
(d) aon chiontú a tháinig chun bheith taifeadta ar an seancheadúnas faoi alt 25 d'Acht 1927 tráth (más aon tráth é) arbh é an t-iarratasóir sealbhóir an cheadúnais agus a bheidh taifeadta fós air nó a bheadh taifeadta fós air, mura mbeadh go ndeachaigh an ceadúnas sin in éag, an tráth a dheonóidh na Coimisinéirí Ioncaim an ceadúnas nua measfar é a bheith taifeadta ar an gceadúnas nua faoin alt sin agus gur taifeadadh amhlaidh é an dáta a taifeadadh é ar an seancheadúnas;
(e) ar an gceadúnas nua a dheonú, measfar, chun críocha Acht 1902, nach raibh an t-áitreabh bunaidh ceadúnaithe riamh.
(3) Má tharlaíonn, sula scartálfar an t-áitreabh bunaidh go ndéanfar iarratas maidir leis an áitreabh nua nó (mura mbeidh an t-áitreabh nua tógtha) maidir leis an áitreabh nua a bheidh beartaithe chun na Cúirte faoi alt 15 den Acht seo measfar, chun críocha an ailt sin, ach ní chun aon chríche eile, an t-áitreabh bunaidh a bheith scartáilte, ach ní ghéillfear d'iarratas faoi alt 17 den Acht seo i leith an áitribh nua mura deimhin leis an gCúirt (agus í sásta ar shlí eile, ag féachaint d'fhorálacha an ailt seo, géilleadh don iarratas) gur scartáladh an t-áitreabh bunaidh.
Dearbhú maidir le hoiriúnacht agus áisiúlacht áitribh cheadúnaithe bheartaithe nó maidir le hoiriúnacht áitribh chlub chláraithe bheartaithe.
1904, c. 9.
15.—(1) Má bheartaíonn duine áitreabh (nach áitreabh ar féidir iarratas a dhéanamh maidir leis faoi alt 8 den Acht Deocha Meisciúla, 1953) a fháil, a thógáil nó a athrú, agus a iarraidh ar an gCúirt Chuarda nó ar an gCúirt Dúiche, de réir mar is iomchuí, deimhniú a dheonú ag tabhairt teidil dó ceadúnas a fháil i leith an áitribh, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh chun na Cúirte sin ag iarraidh dearbhú go mbeadh an t-áitreabh sin oiriúnach agus áisiúil chun a cheadúnú amhlaidh, agus, má chruthaíonn sé don Chúirt—
(a) más rud é, dá mbeadh fáil, tógáil nó athrú an áitribh, de réir mar a bheidh, críochnaithe an tráth sin agus go ndéanfaí an t-iarratas an tráth sin go ndeonófaí an deimhniú a dúradh agus nach ndéanfaí agóid ar bith de dheasca carachtar, mí-iompar nó neamh oiriúnacht an iarratasóra ar an iarratas a éisteacht, gur chuí, ag féachaint d'fhorálacha na nAchtanna Ceadúnúcháin, 1833 go 1960, géilleadh don iarratas, agus
(b) in aon chás ina mbeartóidh an t-iarratasóir áitreabh a thógáil, gurb eisean sealbhóir an eastáit nó na tionóntachta is ísle sa láithreán ar a mbeidh sé beartaithe an t-áitreabh a thógáil nó, murab eisean an sealbhóir sin, gur aontaigh sealbhóir an chéanna an t-eastát nó an tionóntacht is ísle sa láithreán a thíolacadh don iarratasóir má dhéantar agus nuair a dhéanfar dearbhú faoin alt seo maidir leis an láithreán,
féadfaidh an Chúirt, má chruthaítear sin di, géilleadh don iarratas ar cibé téarmaí is oiriúnach leis an gCúirt.
(2) Má bheartaíonn club áitreabh a fháil, a thógáil nó a athrú chun é a áitiú agus a iarraidh ar an gCúirt Chuarda nó ar an gCúirt Dúiche, de réir mar is iomchuí, deimhniú cláraitheachta faoi Acht 1904 ag baint leis an áitreabh sin a dheonú nó a athnuachan, féadfaidh sé dearbhú a iarraidh ar an gCúirt sin—
(a) á dhearbhú go mbeadh an t-áitreabh oiriúnach le go ndéanfaí deimhniú cláraitheachta faoi Acht 1904 ag baint leis a dheonú nó a athnuachan, cibé acu é, agus
(b) más iarratas go ndeonófaí an deimhniú sin an t-iarratas, á dhearbhú nach mbeadh an méid sin clubanna cláraithe faoi Acht 1904 ar d'aon chineál amháin iad féin agus an club a bheidh ag déanamh an iarratais sin agus a bhfuil áitribh acu sa cheantar ina bhfuil an t-áitreabh is ábhar don iarratas agus gur chóir diúltú don iarratas,
agus féadfaidh an Chúirt, má chruthaítear sin di, géilleadh don iarratas ar cibé téarmaí is oiriúnach léi.
(3) Déanfaidh an duine a mbeidh ar intinn aige a bheith ina iarratasóir faoi fho-alt (1) nó fo-alt (2) den alt seo—
(a) a chur faoi deara go ndéanfar, lá agus fiche ar a laghad sula ndéanfar an t-iarratas a bheidh beartaithe, fógra a chur isteach i bpáipéar nuachta a léitear san áit ina mbeartáítear an t-áitreabh a bheith, á rá go bhfuiltear ar intinn an t-iarratas a dhéanamh.
(b) fógra lá is fiche ar a laghad a thabhairt i scríbhinn don Cheannfort den Gharda Síochana ar ina cheantar a bheartófar an t-áitreabh a bheith á rá go bhfuil ar intinn aige an t-iarratas a dhéanamh, agus
(c) a chur faoi deara go dtaiscfear leis an gCeannfort sin cóip de phleananna an áitribh.
(4) Beidh plean den áitreabh ag gabháil leis an iarratas.
(5) Maidir le háitreabh is ábhar d'iarratas faoi fho-alt (1) den alt seo, aon duine a mbeadh teideal aige agóid a dhéanamh in aghaidh deimhniú a dheonú ag tabhairt teidil don iarratasóir ceadúnas a fháil i leith an áitribh beidh teideal aige agóid a dhéanamh mar an gcéanna in aghaidh iarratas faoi fho-alt (1) den alt seo agus, maidir le háitreabh is ábhar d'iarratas faoi fho-alt (2) den alt seo, aon duine a mbeadh teideal aige agóid a déanamh in aghaidh iarratas go ndéanfaí deimhniú cláraitheachta faoi Acht 1904 a dheonú nó a athnuachan beidh teideal aige agóid a dhéanamh mar an gcéanna in aghaidh iarratas faoi fho-alt (2) den alt seo.
(6) Fanfaidh dearbhú faoi fho-alt (1) nó fo-alt (2) den alt seo i bhfeidhm go ceann dhá bhliain ón dáta a ghéillfear don iarratas nó go ceann cibé tréimhse is faide ná sin is cuí leis an gCúirt a ghéillfidh don iarratas a fhoráil in aon chás áirithe.
(7) Má tharlaíonn, maidir le haon áitreabh, nó áitreabh a bheidh beartaithe, go mbeidh dearbhú faoi fho-alt (1) den alt seo i bhfeidhm ach nár deonaíodh ceadúnas ó deonaíodh an dearbhú, nó go mbeidh dearbhú faoi fho-alt (2) den alt seo i bhfeidhm ach nach ndearnadh deimhniú cláraitheachta faoi Acht 1904 ag baint leis an gcéanna a dheonú ó deonaíodh an dearbhú, measfar, chun críocha agóide in aghaidh iarratais ar dheimhniú a dheonú ag tabhairt teidil don iarratasóir ceadúnas a fháil nó deimhniú cláraitheachta faoi Acht 1904 ag baint leis an gcéanna a dheonú dó, de réir mar a bheidh, nó in aghaidh iarratais faoi fho-alt (1) nó fo-alt (2), cibé acu é, den alt seo, ach ní chun aon chríche eile, gur áitreabh ceadúnaithe nó club atá cláraithe faoi Acht 1904, de réir mar a bheidh, an t-áitreabh sin.
(8) San alt seo ciallaíonn “Acht 1904” an Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904.
Dearbhú maidir le hoiriúnacht áitribh cheadúnaithe le haghaidh deimhniú proinntí nó deimhniú proinntí teoranta.
16.—(1) I gcás ina mbeartóidh duine áitreabh a fháil, a thógáil nó a athrú agus a iarraidh go ndeonófaí deimhniú proinntí, de réir bhrí alt 12 d'Acht 1927, maidir leis an áitreabh, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh chun na Cúirte, a mbeartófar iarratas a dhéanamh chuici á iarraidh uirthi an deimhniú proinntí a dheonú, ag iarraidh dearbhú go mbeadh an t-áitreabh oiriúnach ina dhéanamh chun é a úsáid mar phroinnteach, teach úrúcháin nó áit eile chun béilí tacúla a thabhairt don phobal, agus féadfaidh an Chúirt, más deimhin léi sin, géilleadh don iarratas ar cibé téarmaí is oiriúnach léi.
(2) I gcás ina mbeartóidh duine áitreabh a fháil, a thógáil nó a athrú agus a iarraidh go ndeonófaí deimhniú proinntí teoranta, de réir bhrí alt 12A d'Acht 1927, maidir le haon chuid den áitreabh, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh chun na Cúirte, a mbeartófar iarratas a dhéanamh chuici á iarraidh uirthi an deimhniú proinntí teoranta a dheonú, ag iarraidh dearbhú—
(a) go mbeadh an chuid sin den áitreabh oiriúnach ina dhéanamh chun é a úsáid mar phroinnteach, teach bia nó áit eile chun béilí tacúla a thabhairt don phobal,
(b) nach mbeadh beár poiblí, nó cuid de sheomra a mbeadh beár poiblí i gcuid eile de, sa chuid sin den áitreabh, agus
(c) go mbeadh slí ag an bpobal chun na coda sin den áitreabh ar bhealach seachas trí bheár poiblí,
agus, más deimhin leis an gCúirt sin, féadfaidh sí géilleadh don iarratas ar cibé téarmaí is oiriúnach léi.
(3) An duine a mbeidh ar intinn aige a bheith ina iarratasóir faoi cheachtar de na fo-ailt roimhe seo den alt seo tabharfaidh sé fógra deich lá ar a laghad i scríbhinn don Cheannfort den Gharda Síochána ar ina cheantar a bheartófar an t-áitreabh a bheith á rá go bhfuil ar intinn aige an t-iarratas a dhéanamh agus cuirfidh sé faoi deara go dtaiscfear leis an gCeannfort sin cóip de phleananna an áitribh.
(4) Beidh plean den áitreabh ag gabháil le hiarratas faoi fho-alt (1) nó fo-alt (2) den alt seo.
(5) Fanfaidh dearbhú faoin alt seo i bhfeidhm go ceann dhá bhliain ón dáta a ghéillfear don iarratas nó go ceann cibé tréimhse is faide ná sin is cuí leis an gCúirt a ghéillfidh don iarratas a fhoráil in aon chás áirithe.
(6) San alt seo, folaíonn “beár poiblí” aon áit a úsáidtear go heisiatach nó go formhór chun deochanna meisciúla a dhíol agus a ól ann.
Aitreabh is ábhar do dhearbhú a cheadúnú nó a dheimhniú.
17.—(1) Más rud é, ar iarratas go ndeonófaí deimhniú ag tabhairt teidil don iarratasóir ceadúnas a fháil i leith aon áitribh a éisteacht, go gcruthófar don Chúirt go ndearna an Chúirt dearbhú faoi fho-alt (1) d'alt 15 den Acht seo agus go bhfuiltear tar éis an t-áitreabh a fháil, a thógáil nó a athrú go substaintiúil de réir théarmaí an dearbhaithe, ní fhéadfaidh an Chúirt diúltú don iarratas—
(a) i gcás é a dhéanamh de bhun alt 21 d'Acht 1943, ar aon fhoras, agus
(b) in aon chás eile, ar aon fhoras seachas carachtar, mí-iompar nó neamhoiriúnacht an iarratasóra.
(2) Más rud é, ar iarratas go ndeonófaí nó go n-athnuafaí deimhniú cláraitheachta de réir bhrí Acht 1904 a bhainfidh le haon áitreabh a éisteacht, go gcruthófar don Chúirt a bheidh ag éisteacht an iarratais go ndearna an Chúirt dearbhú faoi fho-alt (2) d'alt 15 den Acht seo agus go bhfuiltear tar éis an t-áitreabh a fháil, a thógáil nó a athrú go substaintiúil de réir théarmaí an dearbhaithe, ní ghlacfaidh an Chúirt le haon agóid in aghaidh an iarratais a bheidh bunaithe ar neamhoiriúnacht an áitribh nó ar an méid clubanna a bheidh cláraithe faoi Acht 1904 ar d'aon chineál amháin iad féin agus an club a bheidh ag déanamh an iarratais agus a bhfuil áitribh acu sa cheantar ina bhfuil an t-áitreabh is ábhar don iarratas.
(3) Aon dearbhú faoi alt 41 den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1952, a bheidh i bhfeidhm ar thosach feidhme an Achta seo, fanfaidh sé i bhfeidhm, d'ainneoin an t-alt sin a aisghairm, go ceann na tréimhse dá bhforáiltear i bhfo-alt (5) den alt sin agus measfar, chun críocha fho-alt (7) d'alt 15 den Acht seo agus fho-alt (1) den alt seo gur dearbhú faoi fho-alt (1) d'alt 15 den Acht seo é.
(4) Más rud é, ar iarratas go ndeonófaí deimhniú proinntí, de réir bhrí alt 12 d'Acht 1927, i leith aon áitribh a éisteacht, go gcruthófar don Chúirt go ndearnadh dearbhú faoi fho-alt (1) d'alt 16 den Acht seo agus go bhfuiltear tar éis an t-áitreabh a fháil, a thógáil nó a athrú go substaintiúil de réir théarmaí an dearbhaithe, ní fhéadfaidh an Chúirt diúltú don iarratas ar aon fhoras ach nach n-úsáidtear an t-áitreabh bona fide agus go formhór mar phroinnteach, teach úrúcháin nó áit eile chun béilí tacúla a thabhairt don phobal.
(5) Más rud é, ar iarratas go ndeonófaí deimhniú proinntí teoranta, de réir bhrí alt 12A d'Acht 1927, i leith aon chuid d'áitreabh a éisteacht, go gcruthófar don Chúirt go ndearnadh dearbhú faoi fho-alt (2) d'alt 16 den Acht seo agus go bhfuiltear tar éis an t-áitreabh a fháil, a thógáil nó a athrú go substaintiúil de réir théarmaí an dearbhaithe, ní fhéadfaidh an Chúirt diúltú don iarratas ar aon fhoras ach nach n-úsáidtear an chuid sin den áitreabh bona fide agus go formhór mar phroinnteach, teach úrúcháin nó áit eile chun béilí tacúla a thabhairt don phobal.
(6) San alt seo is tagairtí do dhearbhuithe atá i bhfeidhm na tagairtí atá ann.
Léarscáil a úsáid chun tuairisc a thabhairt ar áitreabh.
18.—Féadfar tuairisc a thabhairt ar áitreabh i ndearbhú nó deimhniú faoi aon cheann de na hailt roimhe seo den Chuid seo den Acht seo trí thagairt do léarscáil a bheidh ag gabháil leis.
Óstáin.
Beáranna poiblí in óstáin i gcásanna áirithe.
19.—(1) I gcás ina ndéanfaidh duine ag a bhfuil ceadúnas i leith óstáin a deonaíodh de bhua mhír (2) d'alt 2 d'Acht 1902 a chruthú don Chúirt Dúiche, ar iarratas a dhéanamh chuici ag aon suí di don cheantar Cúirte ina bhfuil an t-óstán, gur amhlaidh, maidir le gnáthcheadúnas seacht lá (nach ceadúnas a deonaíodh de bhua mhír (2) d'alt 2 d'Acht 1902),—
(a) gurb eisean sealbhóir an cheadúnais sin, nó
(b) go bhfuair sé toiliú an tsealbhóra go múchfaí é,
féadfaidh an Chúirt a ordú go múchfar an gnáthcheadúnas séacht lá.
(2) I gcás ina ndéanfar ordú faoi fho-alt (1) den alt seo—
(a) is dleathach, d'ainneoin aon ní atá in Acht 1902, beár poiblí chun deochanna meisciúla a dhíol a bheith san óstán,
(b) múchfar an gnáthcheadúnas seacht lá, agus
(c) más áitreabh lenar bhain mír (1) d'alt 2 d'Acht 1902 an t-áitreabh lenar ghabh an gnáthcheadúnas seacht lá díreach sula ndearnadh an t-ordú, scoirfidh an mhír sin d'fheidhm a bheith aici maidir leis.
(3) I gcás—
(a) deimhniú ag tabhairt teidil dá shealbhóir ceadúnas a fháil i leith óstáin a dheonú de bhua mhír (2) d'alt 2 d'Acht 1902, agus
(b) ar an iarratas go ndeonófaí an deimhniú a éisteacht, go ndearna an sealbhóir—
(i) a chur in iúl don Chúirt gur mian leis beár poiblí a bheith aige san óstán chun deochanna meisciúla a dhíol, agus a chruthú don Chúirt, maidir le gnáthcheadúnas seacht lá (nach ceadúnas a deonaíodh de bhua mhír (2) d'alt 2 d'Acht 1902),—
(I) gurb é sealbhóir an cheadúnais sin é, nó
(II) go bhfuair sé toiliú sealbhóir an cheadúnais sin go múchfaí an ceadúnas, má dheonaítear agus nuair a dheonófar ceadúnas i leith an óstáin, nó
(ii) a chruthú don Chúirt go ndearnadh ordú roimhe sin faoin alt seo maidir leis an óstán,
ansin, féadfaidh an Chúirt, le hordú, a ordú, nuair a dheonófar an ceadúnas i leith an óstáin, go múchfar an gnáthcheadúnas seacht lá.
(4) Má dhéantar ordú faoi fho-alt (3) den alt seo, ansin, ar an gceadúnas i leith an óstáin a dheonú—
(a) is dleathach, d'ainneoin aon ní atá in Acht 1902, beár poiblí chun deochanna meisciúla a dhíol a bheith san óstán,
(b) múchfar an gnáthcheadúnas seacht lá, agus
(c) más áitreabh lenar bhain mír (1) d'alt 2 d'Acht 1902 an t-áitreabh lenar ghabh an gnáthcheadúnas seacht lá díreach sula ndearnadh an t-ordú, scoirfidh an mhír sin d'fheidhm a bheith aici maidir leis.
(5) San alt seo—
ciallaíonn “óstán” teach ina bhfuil ar a laghad deich seomra, nó, más i gcontae-bhuirg (abairt a mheasfar chun críocha an ailt seo a fholaíonn Ceantar Cathrach Bhaile Atha Cliath) atá sé, fiche seomra a choimeádtar ar leithligh agus a úsáidtear go heisiatach le haghaidh cóiríocht chodlata do lucht taistil agus gan aon bheár poiblí ann chun deochanna meisciúla a dhíol;
tá le “gnáthcheadúnas seacht lá” an brí a thugtar dó le fo-alt (2) d'alt 11 d'Acht 1927.
Ceanglas go mbeidh óstáin cheadúnaithe áirithe cláraithe le Bord Fáilte Éireann.
20.—Ní ghéillfear d'iarratas ar dheimhniú chun ceadúnas a athnuachan ar tugadh éifeacht d'fho-alt (1) d'alt 42 den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1952, maidir leis, nó a deonaíodh tar éis an tAcht seo a rith de bhua mhír (2) d'alt 2 d'Acht 1902, mura gcruthófar don Chúirt a bheidh ag éisteacht an iarratais ar an deimhniú a dheonú go bhfuil an t-óstán cláraithe sa chlár d'óstáin a choimeádann Bord Fáilte Éireann.
An bhrí atá le “hotel” in Acht 1902.
21.—(1) Leasaítear leis seo mír (2) (a dhéanann foráil le haghaidh ceadúnú óstán) d'alt 2 d'Acht 1902, trí “at least ten, or, if situate in a county borough (which expression shall be deemed, for the purposes of this section, to include the Dublin Metropolitan District), twenty apartments” a chur in ionad “at least ten apartments”.
(2) Ní oibreoidh an leasú a dhéantar le fo-alt (1) den alt seo chun cosc a chur le deonú deimhniú ag tabhairt teidil don sealbhóir ceadúnas a fháil de bhua mhír (2) d'alt 2 d'Acht 1902 i leith tí ina bhfuil níos mó ná naoi seomra agus níos lú na fiche seomra a choimeádtar ar leithligh agus a úsáidtear go heisiatach le haghaidh cóiríocht chodlata do lucht taistil, agus nach bhfuil aon bheár poiblí ann chun deochanna meisciúla a dhíol agus atá i gcontae-bhuirg (abairt a mheasfar chun críocha an fho-ailt seo a fholaíonn Ceantar Cathrach Bhaile Atha Cliath) má chruthaítear don Chúirt a bheidh ag éisteacht an iarratais ar an deimhniú—
(a) gur éag ceadúnas (dá ngairtear an seancheadúnas san fho-alt seo) a deonaíodh de bhua mhír (2) d'alt 2 d'Acht 1902, i leith an tí agus nár athnuadh é, agus
(b) má dhéantar an fógra i dtaobh an iarratais ag lorg an deimhnithe is gá a thabhairt faoi rialacha cúirte don Chláraitheoir Contae iomchuí nó don Chléireach Cúirte Dúiche iomchuí, de réir mar a bheidh, a thabhairt níos mó ná dhá bhliain tar éis an tAcht seo a rith, nach mó ná cúig bliana roimh an lá a tugadh an fógra réamhráite an lá a d'éag an seancheadúnas go deiridh.
CUID IV.
Ilghnéitheach.
Cumhachtaí cuardaigh agus gabhála faoin Illicit Distillation (Ireland) Act, 1831, a leathnú.
1831, c. 55.
22.—(1) Leathnaítear leis seo mar a leanas ailt 17 agus 18 (ailt a bhaineann le biotáille neamhdhleathach a chuardach agus a ghabháil) d'Acht 1831:—
(a) beidh feidhm acu maidir le teach nó áit is cuma cé acu a dhéantar driogadh ann nó nach ndéantar, agus
(b) beidh feidhm acu maidir le teach nó áit a bhfuil fios nó amhras biotáille a bhfuil cion faoi alt 22 nó alt 23 (ailt a bhaineann le biotáille neamhdhleathach a bheith ar seilbh ag duine) d'Acht 1831 á dhéanamh ann agus maidir le haon bhiotáille den sórt sin a gheofar ann.
(2) Ní údaróidh aon ní in alt 18 d'Acht 1831, nó san alt sin arna leathnú le fo-alt (1) den alt seo, teach a úsáidtear mar theaghais chónaithe a chuardach gan barántas.
(3) Aon chomhalta den Gharda Síochána nó oifigeach custam agus máil—
(a) má bhíonn cúis réasúnach aige amhras a bheith air go bhfuil feithicil á húsáid i ndáil le cion faoi alt 25 (a bhaineann le stileanna agus biotáille a aistriú) d'Acht 1831 á dhéanamh, féadfaidh sé a cheangal ar thiománaí na feithicle an fheithicil a stop, agus féadfaidh sé an fheithicil a chuardach, agus
(b) má bhíonn cúis réasúnach aige amhras a bheith air go bhfuil duine ag déanamh ciona faoin alt sin 25, féadfaidh sé a cheangal ar an duine sin aon bhuidéal nó coimeádán eile a bheidh á iompar aige nó ar a phearsa a thabhairt ar aird agus féadfaidh sé an rud a bheidh sa bhuidéal nó sa choimeádán a scrúdú agus a thástáil.
(4) Má bhacann, má chomhraiceann nó má choisceann aon duine, nó más rud é nach ndéanfaidh sé mar a cheanglóidh comhalta den Gharda Síochána nó oifigeach custam agus máil agus é ag feidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó le fo-alt (3) den alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoi Acht 1831 agus, ar a chiontú ann go hachomair, dlífear pionós máil caoga punt a chur air.
(5) San alt seo—
ciallaíonn “Acht 1831” an Illicit Distillation (Ireland) Act, 1831;
tá le “driogadh” an bhrí atá le “distillation” in Acht 1831;
tá le “barántas” an bhrí atá le “warrant” in alt 17 d'Acht 1831.
Alt 2 d'Acht 1902 a leasú.
23.—(1) Leasaítear leis seo alt 2 (a shrianann deonú ceadúnas nua) d'Acht 1902 tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (1):—
“(1) For premises (not being premises which were licensed by virtue of paragraph (2) of this section) which were licensed at any time during the period of five years immediately before the day on which notice of an application for the grant of a certificate entitling the holder to receive a licence in respect of the premises is given, pursuant to rules of court, to the appropriate County Registrar or to the appropriate District Court Clerk, as the case may be; or”.
(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh ar éag don tréim se dhá bhliain dar tosach lá an Achta seo a rith.
Alt 6 d'Acht 1902 a leasú.
24.—Leasaítear leis seo alt 6 (a dhéanann foráil le haghaidh ceadúnú áitribh atá tadhlach le háitreabh a ceadúnaíodh i 1902) d'Acht 1902 trí “at any time during the period of five years immediately before the day on which notice of an application for the grant of a certificate entitling the holder thereof to receive any such new licence is given, pursuant to rules of court, to the appropriate County Registrar or to the appropriate District Court Clerk, as the case may be” a chur in ionad “at the date of the passing of this Act”.
Alt 19 d'Acht 1943 a leasú.
25.—(1) Leasaítear leis seo alt 19 d'Acht 1943 trí na mínithe ar “ceadúnas”, “ceadúnas tábhairneora” agus “ceadúnas tí bheorach” a scriosadh agus an míniú seo a leanas a chur isteach:
ciallaíonn “ceadúnas” ceadúnas chun deochanna meisciúla a dhíol ar gá deimhniú ón gCúirt Chuarda nó ón gCúirt Dúiche a thabhairt ar aird chun go ndeonófar é.
(2) Déanfar na tagairtí don Chúirt Chuarda atá in ailt 21 agus 22 (a bhaineann le ceadúnais nua a dheonú i leith áitribh níos oiriúnaí nó áitribh a cuireadh in ionad áitribh a díothaíodh) d'Acht 1943 a fhorléiriú, maidir le hiarratais a dhéanfar fúthu de bhua an leasaithe a dhéantar le fo-alt (1) den alt seo ag lorg deimhnithe ag tabhairt teidil do na hiarratasóirí eis-cheadúnais a fháil, mar thagairtí don Chúirt Dúiche agus déanfar an tagairt atá san alt sin 22 don Chláraitheoir Contae a fhorléiriú, maidir leis na hiarratais sin, mar thagairt don Chléireach Cúirte Dúiche agus beidh éifeacht dá réir sin ag na hailt.
Ailt 21, 22 agus 31 d'Acht 1943 a leasú.
26.—(1) D'ainneoin aon ní atá in ailt 21 nó 31 d'Acht 1943 (ailt a bhaineann le ceadúnais a dheonú i leith áitribh níos oiriúnaí agus le ceadúnais tí leanna a aistriú) i gcás nach é an duine a bheidh ag déanamh iarratais faoi cheachtar de na hailt sin sealbhóir an cheadúnais a bheidh le múchadh nó le haistriú faoin alt ach go gcruthóidh sé don Chúirt a bheidh ag éisteacht an iarratais go bhfuil toiliú sealbhóir an cheadúnais sin faighte aige chun go múchfaí nó go n-aistreofaí é, de réir mar a bheidh, ní dhiúltófar don iarratas ar an bhforas nárbh é an duine a bheidh á dhéanamh sealbhóir an cheadúnais a bheidh le múchádh nó le haistriú amhlaidh agus forléireofar na hailt sin agus beidh éifeacht acu dá réir sin.
(2) Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 22 (a bhaineann le ceadúnais nua a dheonú i leith áitribh a cuireadh in ionad áitribh a díothaíodh) d'Acht 1943 a leasú—
(a) trí “dhá bhliain” a chur i mír (a) in ionad “dhá mhí dhéag”, agus
(b) “nó é a bheith tar éis toiliú áititheora dhleathaigh an áitribh sin nó láithreáin agus iarsmaí an áitribh sin a fháil leis an iarratas a dhéanamh, agus má bhíonn an ceadúnas dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt seo ar marthain an tráth sin, leis an gceadúnas sin a mhúchadh má dheonaítear agus nuair a dheonófar ceadúnas de bhun an ailt seo” a chur i mír (c) i ndiaidh “a iarsmaí”.
(3) (a) Aon chiontú a taifeadadh ar cheadúnas a aistreofar faoin alt sin 31, scoirfidh sé, ar an aistriú sin, chun gach críche de bheith taifeadta amhlaidh agus measfar nár taifeadadh amhlaidh riamh é.
(b) I gcás ina ndeonófar ceadúnas nua d'aon duine de bhun iarratais faoin alt sin 21 nó faoin alt sin 22, ansin, aon chiontú a taifeadadh ar an gceadúnas a múchadh de bhun an iarratais (nach ciontú a tháinig chun bheith taifeadta amhlaidh tráth, más aon tráth é, arbh é an duine sin sealbhóir an cheadúnais sin) measfar, d'ainneoin aon ní atá sna hailt sin, nár taifeadadh ar an gceadúnas nua é agus forléireofar na hailt sin agus beidh éifeacht acu dá réir sin.
Láncheadúnas a dheonú i leith áitribh lena ngabhann ceadúnas srianta.
27.—(1) San alt seo—
ciallaíonn “láncheadúnas” ceadúnas tábhairneora de réir bhrí Chuid II d'Acht 1910 agus nach ceadúnas sé lá ná ceadúnas mochdhúnta;
ciallaíonn “ceadúnas srianta”—
(a) ceadúnas tábhairneora nach láncheadúnas, nó
(b) ceadúnas tí leanna de réir bhrí Chuid II d'Acht 1910.
(2) I gcás ina ndéanfaidh duine ag a bhfuil ceadúnas srianta i leith aon áitribh (dá ngairtear an t-áitreabh iomchuí san fho-alt seo agus i bhfo-alt (3) den alt seo) a chruthú don Chúirt Dúiche, ar iarratas a dhéanamh chuici ag aon suí di don cheantar Cúirte ina bhfuil an t-áitreabh iomchuí, gur amhlaidh, maidir le—
(a) ceadúnas srianta eile i leith áitribh atá sa cheantar Cúirte sin, nó
(b) gach ceann de dhá cheadúnas srianta eile i leith áitreabh ar in áit seachas sa cheantar Cúirte sin atá gach ceann acu, nó
(c) láncheadúnas,
agus—
(i) gurb eisean sealbhóir an cheadúnais sin, nó
(ii) go bhfuair sé toiliú an tsealbhóra go múchfaí é má dheonaítear agus nuair a dheonófar láncheadúnas i leith an áitribh iomchuí de bhun an ailt seo,
cuirfidh an Chúirt faoi deara deimhniú a thabhairt don duine sin ag tabhairt teidil dó láncheadúnas a fháil i leith an áitribh iomchuí.
(3) Ar an láncheadúnas i leith an áitribh iomchuí a dheonú de bhun iarratais faoi fho-alt (2) den alt seo—
(a) múchfar an ceadúnas srianta i leith an áitribh iomchuí, agus
(b) múchfar an ceadúnas nó na ceadúnais eile, de réir mar a bheidh, lenar bhain an t-iarratas agus measfar, chun críocha Acht 1902, nach raibh an t-áitreabh eile ná aon cheann de na háitribh eile, de réir mar a bheidh, lenar bhain an t-iarratas ceadúnaithe riamh.
(4) D'ainneoin aon ní atá sna hAchtanna Ceadúnúcháin, 1833 go 1960, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, ar iarratas a fháil laistigh de dhá bhliain tar éis an tAcht seo a rith ó dhuine is sealbhóir ar cheadúnas srianta i leith aon áitribh agus ar an duine sin d'íoc suim dhá chéad punt leis na Coimisinéirí Ioncaim, láncheadúnas i leith an áitribh sin a dheonú don duine sin.
(5) Ar láncheadúnas i leith aon áitribh a dheonú faoi fho-alt (4) den alt seo, múchfar an ceadúnas srianta ina leith.
(6) An tsuim is iníoctha faoi fho-alt (4) den alt seo maidir le ceadúnas a dheonú is suim í i dteannta agus ní suim í in ionad aon tsuime is iníoctha ar an gceadúnas faoi alt 43 d'Acht 1910.
(7) (a) Bunófar ciste a bhainisteoidh an tAire Airgeadais agus ar a dtabharfar Ciste Comhshóite na gCeadúnas Srianta agus déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim na suimeanna uile a gheobhaidh siad faoi fho-alt (4) den alt seo a íoc leis an Aire sin le haghaidh creidiúna an Chiste.
(b) Déanfar sócmhainní an Chiste a dhiúscairt ar cibé modh agus chun cibé críocha a chinnfear le hAcht ón Oireachtas.
(c) Ullmhóidh an tAire Airgeadais cuntas i dtaobh an Chiste in aghaidh gach bliana airgeadais agus déanfaidh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste an cuntas a iniúchadh agus leagfar an cuntas, maraon le tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste air, faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.
Ceadúnais a bheidh ag ainmnithe a aistriú.
28.—Aon cheadúnas a bheidh ag ainmní comhlachta chorpraithe i leith áitribh ar ag an gcomhlacht corpraithe a bheidh an tionóntacht is ísle ann, féadfar, ar iarratas ón gcomhlacht corpraithe chun na Cúirte ag aon suí den Chúirt don cheantar Cúirte ina bhfuil an t-áitreabh, é a aistriú, trí fhormhuiniú a dhéanfaidh an Chúirt ar an gceadúnas nó, mura mbeidh an ceadúnas ar fáil, ar chóip de, chun cibé duine eile a ainmneoidh an comhlacht corpraithe.
Eis-cheadúnais a aistriú.
1855. c. 114.
29.—Beidh feidhm ag forálacha alt 1 (a bhaineann le haistriú idirthréimhsiúil ar cheadúnais ag an gCúirt) den Public House (Ireland) Act, 1855, maidir le heis-cheadúnais ar gá deimhniú ón gCúirt a thabhairt ar aird chun go ndeonófar iad.
Cumhacht i gcásanna áirithe chun aistriú nó athnuachan ceadúnas i leith áitreabh a dheonú do dhaoine seachas na húinéirí.
1855, c. 114.
1855, c. 114.
30.—(1) I gcás ina scoirfidh sealbhóir ceadúnais i leith aon áitribh (nach duine a shealbhaíonn an ceadúnas mar ainmní), ar ábhar ar bith seachas a bhás, an t-áitreabh a aistriú nó an ceadúnas a fhorghéilleadh, de bheith ag gabháil don ghnó a údaráítear leis an gceadúnas, agus más sa Stát atá gnáthchónaí air, go scoirfidh sé de bheith ina chónaí amhlaidh nó nach féidir é a fháil, féadfaidh an Chúirt, faoi réir fhorálacha na nAchtanna Ceadúnúcháin, 1833 go 1960, ar iarratas cuí a dhéanamh chuici ag aon suí di don cheantar Cúirte ina bhfuil an t-áitreabh—
(a) mura mbeidh an ceadúnas éagtha, an ceadúnas a aistriú chun an iarratasóra, de réir fhorálacha alt 1 den Public House (Ireland) Act, 1855, agus
(b) má bhíonn an ceadúnas éagtha agus go ndéanfar an t-iarratas laistigh de bhliain ón éag sin, an deimhniú nó na deimhnithe is gá a thabhairt ar aird sula ndeonófar athnuachan an cheadúnais i leith an áitribh, a dheonú don iarratasóir, agus, chun críocha an iarratais agus na gCoimisinéirí Ioncaim do dheonú athnuachan an cheadúnais, measfar gurb é an t-iarratasóir sealbhóir an eastáit nó na tionóntachta is ísle san áitreabh,
(2) Ní ghéillfear d'iarratas chun na Cúirte faoi fho-alt (1) den alt seo más rud é—
(a) go ndéanfaidh sealbhóir an cheadúnais agóid, nó
(b) nach measfaidh an Chúirt gur duine oiriúnach, i gcúinsí uile an cháis, an t-iarratasóir chun an deimhniú a dheonú dó.
(3) I gcás ina ngéillfidh an Chúirt d'iarratas faoi fho-alt (1) den alt seo i leith ceadúnais tar éis don cheadúnas éag, measfar gur athnuadh an ceadúnas, láithreach, tar éis dó éag.
(4) I gcás sealbhóir ceadúnais ar deonaíodh aistriú nó athnuachan ceadúnais dó de bhua fho-alt (1) den alt seo á iarraidh ar an gCúirt an deimhniú nó na deimhnithe a dheonú is gá a thabhairt ar aird sula ndeonófar athnuachan an cheadúnais, measfar, chun críocha an iarratais agus na gCoimisinéirí Ioncaim do dheonú athnuachan a cheadúnais, gurb eisean sealbhóir an eastáit nó na tionóntachta is ísle san áitreabh lena mbainfidh an ceadúnas.
(5) An duine is sealbhóir ar an eastát nó an tionóntacht is ísle in aon áitreabh a mbeidh ceadúnas i bhfeidhm ina leith, nach eisean is sealbhóir ar an gceadúnas sin agus go mbeifear tar éis an ceadúnas a aistriú nó a athnuachan de bhua na bhforálacha roimhe seo den alt seo, beidh teideal aige, ar iarratas cuí a dhéanamh chun na Cúirte—
(a) go ndéanfar an ceadúnas i leith an áitribh a aistriú chuige de réir fhorálacha alt 1 den Public House (Ireland) Act, 1855, agus
(b) cibé acu a bheifear nó nach mbeifear tar éis an ceadúnas a aistriú chuige faoi mhír (a) den fho-alt seo, go ndeonófar dó, faoi réir fhorálacha na nAchtanna Ceadúnúcháin, 1833 go 1960—
(i) i gcás inarb eisean an duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo mar shealbhóir an cheadúnais, an deimhniú nó na deimhnithe is gá a thabhairt ar aird sula ndeonófar athnuachan an cheadúnais, agus
(ii) in aon chás eile, an deimhniú nó na deimhnithe is gá a thabhairt ar aird sula ndeonófar ceadúnas trí aistriú i leith an áitribh.
(6) Aon cheadúnas i leith aon áitribh a bheifear tar éis a aistriú nó a athnuachan de bhua fho-alt (1) den alt seo agus a bheidh ag duine seachas sealbhóir an eastáit nó na tionóntachta is ísle san áitreabh, ní fhéadfar é a mhúchadh faoi réim ná chun críocha alt 4 d'Acht 1902, alt 11 d'Acht 1927, alt 21 ná alt 31 d'Acht 1943, ná alt 13 ná alt 19 den Acht seo.
Agóid ó údarás sláinte in aghaidh ceadúnais a dheonú.
1833, c. 68.
31.—Leasaítear leis seo alt 4 (a bhaineann le hagóidí in aghaidh iarratas ar dheimhnithe le haghaidh ceadúnas) den Licensing (Ireland) Act, 1833, trí “or the health authority within the meaning of the Health Acts, 1947 to 1958, in whose functional area the house is situate” a chur isteach i ndiaidh “inhabitant of said parish”.
Agóid in aghaidh ceadúnais a athnuachan ar an bhforas go bhfuil an t-áitreabh neamhoiriúnach.
1854, c. 89.
32.—(1) Féadfaidh duine ar bith agóid a dhéanamh in aghaidh iarratais chun na Cúirte á iarraidh go ndeonófaí deimhniú faoi alt 11 (a bhaineann le ceadúnais a athnuachan) den Spirits (Ireland) Act, 1854, maidir le haon áitreabh ar fhoras neamhoiriúnacht an áitribh a bheidh le ceadúnú agus, faoi réir fho-alt (2) den alt seo, más deimhin leis an gCúirt an t-áitreabh a bheith neamhoiriúnach chun a cheadúnaithe, féadfaidh sí diúltú an deimhniú a dheonú.
(2) Ní thabharfaidh an Chúirt aird ar agóid faoin alt seo mura ndéanfar fógra i scríbhinn á rá go bhfuiltear ar intinn an agóid a dhéanamh maraon le sonraí i scríbhinn ar an neamhoiriúnacht líomhanta a thabhairt, dhá mhí dhéag ar a laghad sula n-éistfear an t-iarratas, don duine a shealbhóidh, tráth an fhógra a thabhairt, an ceadúnas ar ina leith a bheidh an t-iarratas á dhéanamh.
Luachálacha inrátaithe in iarratais ar cheadúnais.
33.—(1) (a) Leasaítear leis seo alt 5 (a dhéanann foráil le haghaidh luachálacha íosta ar áitribh cheadúnaithe áirithe) d'Acht 1902 trí “the rateable valuation, as defined in the Interpretation Act, 1937, of the premises shall be” a chur in ionad “‘the premises shall be valued under the Irish Valuation Acts at”.
(b) Leasaítear leis seo alt 21 (a dhéanann foráil le haghaidh deonú ceadúnas nua i leith áitribh níos oiriúnaí) d'Acht 1943 tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (d) d'fho-alt (1):
“(d) nach lú luacháil inrátaithe an áitribh nua ná luacháil inrátaithe an tseanáitribh, agus”.
(2) Nuair a bheifear ag forléiriú alt 5, arna leasú leis an alt seo, d'Acht 1902, measfar go bhfolaíonn “rateable valuation”, agus nuair a bheifear ag forléiriú alt 21, arna leasú leis an alt seo, d'Acht 1943, agus alt 13 den Acht seo, measfar go bhfolaíonn “luacháil inrátaithe” luacháil sealadach arna heisiúint ag an gCoimisinéir Luachála.
Srian le heischeadúnais sú úll miondíoltóra a dheonú.
34.—D'ainneoin aon ní contrártha dó sin atá in aon Acht eile, ní dhéanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, trí cheadúnas nua nó trí sheancheadúnas a aistriú nó a athnuachan, eis-cheadúnas sú úll miondíoltóra faoi Acht 1910 a dheonú d'aon duine seachas duine is sealbhóir de thuras na huaire ar eis-cheadúnas biotáille miondíoltóra faoi Acht 1910 nó ar cheadúnas déileálaí mhórreaca chun biotáille, beoir nó fíon a dhíol faoi Acht 1910.
Biotáille tríocha céim faoi bhun promhaidh a dhíol gan fógra.
1879, c. 30.
35.—Leasaítear leis seo alt 6 (a cheadaíonn biotáille a dhíol ar nirt laghdaithe sonraithe gan fógra i dtaobh an laghdaithe a thabhairt) den Sale of Food and Drugs Act Amendment Act, 1879, trí “thirty degrees” a chur in ionad “twenty five degrees”.
Alt 25 den Acht Deocha Meisciúla (Ginearálta), 1924, a leasú.
36.—Leasaítear leis seo alt 25 (a bhaineann leis an nGarda Síochána do chuardach clubanna) den Acht Deocha Meisciúla (Ginearálta), 1924, trí “chomhalta” a chur in ionad “oifigeach” i bhfo-alt (1).
Alt 25 d'Acht 1927 a leasú.
37.—Leasaítear leis seo alt 25 (a bhaineann le ciontuithe a thaifeadadh ar cheadúnais) d'Acht 1927, trí—
(a) “an Chúirt dá mheas as a comhairle féin gur ceart san do dhéanamh” (a cuireadh isteach le hAcht 1943) a scriosadh as fo-alt (1) agus “faoi réir fho-alt (4) den alt seo” a chur ina n-ionad,
(b) “dhá bhliain” a chur in ionad “cúig mblian”, “ceithre bliana” in ionad “seacht mblian” agus “sé bliana” in ionad “deich mblian” i bhfo-alt (2), agus
(c) an fo-alt seo a leanas a chur leis an alt:
“(4) D'ainneoin aon ní atá i bhfo-alt (1) den alt seo, má chiontaítear duine maidir le haon áitreabh a bhfuil ceadúnas aige ina leith chun deochanna meisciúla a dhíol ar mionreic i gcion lena mbaineann an Chuid seo den Acht seo agus gurb é an ciontú sin an chéad chiontú ar an duine sin maidir leis an áitreabh sin i gcion lena mbaineann an Chuid seo den Acht seo, ní thaifeadfar an ciontú ar an gceadúnas.”
(2) (a) Gach ciontú a bhí taifeadta, díreach roimh an Acht seo a rith, faoi alt 25 d'Acht 1927 ar cheadúnas a bhí i bhfeidhm an tráth sin scoirfidh sé chun gach críche, ar an Acht seo a rith, de bheith taifeadta amhlaidh agus, i gcás ina ndearnadh, roimh an Acht seo a rith, sealbhóir ceadúnais a bhí i bhfeidhm an tráth sin a chiontú i gcion lena mbaineann Cuid III d'Acht 1927, measfar, chun críocha fho-alt (2) agus fho-alt (4) (a chuirtear isteach leis an alt seo) den alt sin 25, nár ciontaíodh an sealbhóir sin amhlaidh riamh.
(b) Má chiontaítear sealbhóir ceadúnais tar éis an tAcht seo a rith i gcion lena mbaineann Cuid III d'Acht 1927 agus a rinneadh roimh an Acht seo a rith, ní thaifeadfar an ciontú ar an gceadúnas faoi alt 25 d'Acht 1927 agus measfar, chun críocha an fho-ailt sin (2) agus an fho-ailt sin (4), nár ciontaíodh an sealbhóir sin amhlaidh riamh.
Srian le deochanna meisciúla a ól i dtithe úrúcháin.
1860, c. 107.
38.—(1) Aon duine a ólfaidh deoch mheisciúil, nó a cheadóidh deoch mheisciúil a ól, i rith tráthanna toirmiscthe i dteach úrúcháin nach áitreabh ceadúnaithe beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar é a chiontú ann go hachomair dlífear an fhíneáil a chur air a dhlífí a chur air dá mba chiontú é i leith áitribh arbh áitreabh ceadúnaithe é an tráth a rinneadh an cion.
(2) San alt seo—
ciallaíonn “teach úrúcháin” áitreabh, nó aon chuid d'áitreabh a meastar chun críocha ar Refreshment Houses (Ireland) Act, 1860, gur teach úrúcháin é;
tá le “áitreabh ceadúnaithe” an bhrí atá leis in Acht 1927 agus tá le “tráthanna toirmiscthe” an bhrí atá le “tráthanna coiscthe” in Acht 1927.
Srianta ailt 28 agus 29 den Weights and Measures Act, 1878.
1878, c. 49.
39.—(1) Má bhíonn ordú i bhfeidhm faoi alt 9 den Acht Deocha Meisciúla (Ginearálta), 1924, ag forordú méideanna na mbuidéal ina bhféadfar deoch mheisciúil a shonrófar san ordú a dhíol, ní bheidh feidhm ag alt 28 ná ag alt 29 d'Acht 1878 maidir le buidéal lena mbaineann an t-alt seo.
(2) Déanfar ainmniúchán buidéil lena mbaineann an t-alt seo agus líne ag insint a thoilleadh a thaispeáint ar an mbuidéal le marcanna doscriosta.
(3) Féadfaidh an tAire Tionscail agus Tráchtála rialacháin a dhéanamh maidir le buidéil lena mbaineann an t-alt seo—
(a) ag forordú méid na mbuidéal agus ionad na líne ag sonrú a dtoilleadh,
(b) ag forordú na marcanna ainmniúcháin do na buidéil, méid na marcanna sin agus an áit ina mbeidh siad ar na buidéil,
(c) ag forordú na dteorainneacha earráide a cheadófar maidir le toilleadh na mbuidéal mar a shonrófar é leis an líne réamhráite,
(d) ag toirmeasc aon ní a bheith i ndearadh na mbuidéal ar dealraitheach dó calaois a urasú.
(4) Má dhéantar sárú maidir le buidéal lena mbaineann an t-alt seo ar fho-alt (2) den alt seo nó ar rialacháin faoi fho-alt (3) den alt seo, measfar gur tomhas éagórach chun críocha alt 25 d'Acht 1878 an buidéal.
(5) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.
(6) San alt seo—
ciallaíonn “Acht 1878” an Weights and Measures Act, 1878:
ciallaíonn “buidéal lena mbaineann an t-alt seo” buidéal a gceanglaítear le hordú dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo méid a fhorordaítear leis an ordú sin a bheith ann.
Deochanna meisciúla a dhíol i gcoimeádáin shéalaithe.
1872, c. 94.
40.—(1) Ní dhíolfar deoch mheisciúil ar mionreic i gcoimeádán séalaithe mura dtaispeánfar ar an gcoimeádán an chainníocht atá ann.
(2) Aon duine a sharóidh fo-alt (1) den alt seo nó a cheadóidh do dhuine faoina rialú nó ina fhostaíocht é a shárú beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear, más é an chéad chion aige é, fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air agus fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air más é an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin aige é.
(3) D'ainneoin fhorálacha alt 8 (a thoirmisceann díolacháin áirithe deochanna meisciúla ar shlí seachas i dtomhaiseanna marcáilte) den Licensing Act, 1872, measfar nach gníomh contrártha don alt sin é ag aon duine má dhíolann sé deoch mheisciúil i gcoimeádán séalaithe ar a mbeidh sé taispeáinte cad é an chainníocht atá sa choimeádán.
(4) San alt seo ní fholaíonn “coimeádán” buidéal.
Cumhacht údaráis áitiúil maidir le deimhnithe a eisiúint faoi alt 6 den Acht Deocha Meisciúla, 1953, a leathnú.
41.—(1) Féadfaidh údarás áitiúil, más oiriúnach leo é agus le toiliú sealbhóir an cheadúnais, ceadúnas a d'eisigh siad faoi alt 6 (a dhéanann foráil le haghaidh údaráis áitiúla d'eisiúint deimhnithe ag ceadú láithreán d'áitribh cheadúnaithe in ionad áitribh cheadúnaithe a bheidh scartáilte acu) den Acht Deocha Meisciúla, 1953, a chealú agus féadfaidh siad deimhniú eile a eisiúint faoin alt á dhearbhú láithreán a bheidh faighte acu, seachas an láithreán a dearbhaíodh sa deimhniú cealaithe a bheith ceadaithe acu, a bheith ceadaithe acu mar láithreán d'áitreabh ceadúnaithe in ionad an áitribh cheadúnaithe a dhearbhaigh an deimhniú cealaithe a bheith scartáilte nó le scartáil.
(2) Ní fhéadfar deimhniú faoin alt sin 6 a chealú má bhítear tar éis géilleadh d'iarratas faoi alt 7 nó alt 8 (ailt a dhéanann foráil le haghaidh ceadúnú áitreabh ar láithreáin a dhearbhófar le deimhnithe faoin alt sin 6 a bheith ceadaithe ag údaráis áitiúla) den Acht réamhráite a bunaíodh ar an deimhniú.
(3) Aon deimhniú faoin alt sin 6 a chealófar faoin alt seo measfar nár eisíodh riamh é.
AN SCEIDEAL.
Achtacháin a Aisghairtear.
Caibidil agus Seisiún nó Uimhir agus Bliain | Gearrtheideal | Méid na hAisghairme |
6 & 7 Will. 4. c. 38. | Licensing (Ireland) Act, 1836. | Ailt 8 agus 9. |
23 & 24 Vic. c. 107. | Refreshment Houses (Ireland) Act, 1860. | Alt 24. |
Ailt 11, 15 agus 16; in alt 27 na focail ó “agus ar éisteacht an athchomhairc sin,” go deireadh an ailt; ailt 36 go 54; fo-alt (2) d'alt 55; alt 57. | ||
Ailt 4 go 9. | ||
Fo-alt (1) d'alt 31. | ||
Ailt 40 go 42 agus 46 go 49. | ||