[EN]

Uimhir 21 de 1973


[EN]

AN tACHT UM THÁIRGÍ DÉIRÍOCHTA (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1973

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN MAOIN AN BHORD BAINNE A AISTRIÚ GO DTÍ COMHARCHUMANN AN BHORD BAINNE TEORANTA, DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN AN BORD BAINNE A DHÍSCAOILEADH, DÁ CHUMASÚ DON AIRE TALMHAÍOCHTA AGUS IASCAIGH IASACHTAÍ DON CHOMHARCHUMANN SIN A RÁTHÚ, DÁ CHEANGAL GO gCUIRFIDH AN COMHARCHUMANN SIN FORÁLACHA ÁIRITHE I SCÉIM AOISLIÚNTAS NÓ PINSEAN A ULLMHÓIDH SÉ, D'AISGHAIRM FORÁLACHA ÁIRITHE DE CHUID AN ACHTA UM MARGÚ TÁIRGÍ DÉIRÍOCHTA, 1961, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [4 Lúnasa, 1973] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

Mínithe.

1961, Uimh. 1.

1.—San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “Acht 1961” an tAcht um Margú Táirgí Déiríochta, 1961;

[EN]

ciallaíonn “an Bord” an Bord Bainne;

[EN]

ciallaíonn “an tAire” an tAire Talmhaíochta agus Iascaigh;

[EN]

ciallaíonn “an Cumann” Comharchumann an Bhord Bainne Teoranta;

[EN]

tá le “sócmhainní sonraithe” an bhrí a shanntar dó le halt 4 den Acht seo;

[EN]

ciallaíonn “lá an aistrithe” an lá a cheapfaidh an tAire de bhun alt 2 den Acht seo.

[EN]

Lá an aistrithe.

2.—Féadfaidh an tAire, le hordú, lá a cheapadh mar lá an aistrithe chun críocha an Achta seo.

[EN]

Maoin an Bhoird a aistriú chun an Chumainn.

1895, c. 16.

3.—(1) Lá an aistrithe agus dá éis beidh maoin an Bhoird, gan tíolacadh ná sannadh, ach faoi réir a haistrithe más gá sin i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta, arna dílsiú don Chumann ar feadh an eastáit, an téarma nó an leasa go léir a raibh sé ar teachtadh ag an mBord ar a bhfeadh díreach roimh lá an aistrithe mar aon leis na cearta agus na dliteanais go léir a theacht nó a thabhaigh an Bord i ndáil leis sin.

[EN]

(2) Déanfar, ar iarratas a dhéanfaidh an Cumann nó a dhéanfar thar a cheann, an mhaoin go léir a aistrítear le fo-alt (1) den alt seo agus a bhí, díreach roimh lá an aistrithe, ar breacadh nó cláraithe i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta nó a bhí taifeadta in aon chlár a bhí á choinneáil de bhun aon achtacháin, a aistriú isteach in ainm an Chumainn.

[EN]

(3) Na fiacha agus na dliteanais go léir a thabhaigh an Bord go cuí agus a bhí, díreach roimh lá an aistrithe, dlite den Bhord agus gan íoc aige, nó tabhaithe amhlaidh agus gan ghlanadh aige, tiocfaidh siad chun bheith agus beidh siad, lá an aistrithe, ina bhfiacha agus ina ndliteanais de chuid an Chumainn, agus íocfaidh nó glanfaidh an Cumann iad agus féadfar iad a ghnóthú ón gCumann nó iad a fheidhmiú ina choinne dá réir sin.

[EN]

(4) Aon bhanna, ráthaíocht nó urrús eile de chineál leanúnach a rinne an Bord nó a thug sé do dhuine eile nó a rinne aon duine nó a thug sé don Bhord agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh lá an aistrithe agus gach conradh (sainráite nó intuigthe) a rinneadh idir an Bord agus duine eile, nach oifigeach ná seirbhíseach don Bhord, agus nár forghníomhaíodh agus nár críochnaíodh go hiomlán roimh lá an aistrithe, leanfaidh sé de bheith i bhfeidhm lá an aistrithe agus dá éis, ach forléireofar é agus beidh éifeacht aige ionann agus dá gcuirfí an Cumann ann in ionad an Bhoird agus beidh gach banna, ráthaíocht, urrús nó conradh den sórt sin inchurtha i bhfeidhm dá réir sin ag an gCumann nó ina choinne.

[EN]

(5) Gach caingean, agra, ionchúiseamh nó imeacht dhlíthiúil eile a bhí ar feitheamh díreach roimh lá an aistrithe agus inar páirtí an Bord, cuirfear an Cumann mar pháirtí sa chéanna in ionad an Bhoird agus leanfaidh na himeachtaí dá réir sin.

[EN]

(6) Ní bheidh feidhm ag alt 12 den Finance Act, 1895, maidir leis an maoin nó na cearta a aistrítear leis an alt seo a dhílsiú don Chumann.

[EN]

Forálacha forlíontacha maidir le maoin áirithe de chuid an Chumainn.

4.—(1) Is de réir an ailt seo amháin a úsáidfidh an Cumann an mhaoin a dhílsítear don Chumann le halt 3 den Acht seo agus aon airgead a thiocfaidh as díol aon mhaoine den sórt sin nó as aon infheistíochtaí a dhéanfaidh an Cumann de bhun fho-alt (4) den alt seo (maoin agus airgead a ngairtear na sócmhainní sonraithe díobh san Acht seo).

[EN]

(2) Féadfaidh an Cumann na sócmhainní sonraithe a úsáid chun táirgí déiríochta a chur ar an margadh agus a dháileadh go rianúil ar mhaithe leis an tionscal déiríochta.

[EN]

(3) Féadfaidh an Cumann aon chuid de na sócmhainní sonraithe a úsáid chun airgead a urrú a gheobhaidh an Cumann ar iasacht le táirgí déiríochta a fháil agus chun ráthaíocht faoi alt 6 den Acht seo a urrú.

[EN]

(4) Féadfaidh an Cumann aon chuid de na sócmhainní sonraithe nach bhfuil ag teastáil láithreach, i dtuairim an Chumainn, i ndáil leis an gcuspóir a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo a infheistiú in urrúis a n-údaraítear de thuras na huaire le dlí d'iontaobhaithe cistí iontaobhais a infheistiú iontu.

[EN]

(5) Féadfaidh an Cumann le toiliú an Aire, agus leis an toiliú sin amháin, aon chuid de na sócmhainní sonraithe a dhiúscairt nó a úsáid chun críche nó ar mhodh nach críoch nó modh dá luaitear i bhfo-alt (2), (3) nó (4) den alt seo.

[EN]

(6) Féadfaidh an Cumann na díbhinní agus an t-ús go léir a gheobhaidh an Cumann i leith sócmhainní sonraithe a infheistíodh de bhun fho-alt (4) den alt seo a úsáid chun na críche a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo.

[EN]

(7) I gcás an Cumann a fhoirceannadh nó a dhíscaoileadh déanfar na sócmhainní sonraithe a úsáid nó a dhiúscairt chun sochar don tionscal déiríochta i cibé slí a ordóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

[EN]

Díscaoileadh an Bhoird.

5.—(1) Féadfaidh an tAire le hordú an Bord a dhíscaoileadh.

[EN]

(2) Ní thiocfaidh ordú faoin alt seo i ngníomh roimh lá an aistrithe.

[EN]

(3) Féadfaidh cibé forálacha iarmhartacha, forlíontacha agus eatramacha is oiriúnach leis an Aire a bheith ar áireamh in ordú faoin alt seo.

[EN]

Iasachtaí chun an Chumainn a ráthú.

6.—(1) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis agus le toiliú an Aire Airgeadais, iasacht chun an Chumainn a ráthú.

[EN]

(2) Aon uair a ráthóidh an tAire iasacht faoin alt seo, féadfaidh sé ráthaíocht a thabhairt i cibé foirm agus slí agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha a cheadóidh an tAire Airgeadais, go n-aisíocfaidh an Cumann go cuí príomhshuim na hiasachta nó go n-íocfar ús ar an iasacht nó go ndéanfar an phríomhsuim sin a aisíoc agus an t-ús sin a íoc.

[EN]

(3) Ní dhéanfaidh an tAire na cumhachtaí a thugtar le fo-ailt (1) agus (2) den alt seo a fheidhmiú i slí gur mó ná £20,000,000 an méid, nó an méid comhiomlán, príomhshuime a dhlífidh sé aon tráth a íoc ar scór aon ráthaíochta nó ráthaíochtaí faoi na fo-ailt sin a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, i dteannta méid na príomhsuime (más ann) a bheidh íoctha cheana féin ag an Aire ar scór aon ráthaíochtaí den sórt sin agus nach mbeidh aisíoctha ag an gCumann.

[EN]

(4) I gcás ina ráthóidh an tAire iasacht faoin alt seo, íocfaidh an Cumann leis an Aire i leith na ráthaíochta cibé táille (más ann) a chinnfidh an tAire le comhthoiliú an Aire Airgeadais.

[EN]

(5) Úsáidfidh an Cumann an t-airgead a gheobhaidh sé ar scór iasachta arna ráthú faoin alt seo d'aontoisc chun táirgí déiríochta a cheannach i gcúrsa a ghnáth-ghnó.

[EN]

(6) I gcás ina dtabharfar nó inar tugadh ráthaíocht faoin alt seo, tabharfaidh an Cumann don Aire, má éilíonn an tAire le comhthoiliú an Aire Airgeadais é, cibé urrús, lena n-áirítear aon cheann nó gach ceann de na sócmhainní sonraithe, a shonrófar san fhoréileamh chun aisíoc aon airgid a urrú don Aire a bheidh sé faoi dhliteanas a íoc nó tar éis a íoc faoin ráthaíocht.

[EN]

(7) A luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana airgeadais leagfaidh an tAire faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ráiteas ina luafar maidir le gach ráthaíocht faoin alt seo a tugadh i rith na bliana sin nó a tugadh aon tráth roimh thosach na bliana sin agus a bhí i bhfeidhm i dtosach na bliana sin—

[EN]

(a) sonraí na ráthaíochta,

[EN]

(b) má rinne an tAire aon íocaíocht faoin ráthaíocht roimh dheireadh na bliana sin, méid na híocaíochta agus an méid a aisíocadh (má aisíocadh) leis an Aire ar scór na híocaíochta,

[EN]

(c) an méid príomhshuime a bhí faoi réim na ráthaíochta agus gan aisíoc i ndeireadh na bliana sin.

[EN]

(8) Rachaidh gach ráthaíocht faoin alt seo, mura mbeidh sé cúlghairthe nó múchta roimhe sin, in éag an 31ú lá de Nollaig, 1977.

[EN]

(9) Déanfaidh an Cumann aon airgead a d'íoc an tAire faoi ráthaíocht faoin alt seo a aisíoc leis an Aire (mar aon le hús air, má cheanglaíonn an tAire Airgeadais sin, de réir cibé rátaí a cheapfaidh an tAire Airgeadais) cibé tráthanna agus i cibé tráthchodanna a cheapfaidh an tAire Airgeadais agus, má mhainnítear an t-aisíoc sin a dhéanamh mar a dúradh agus gan dochar d'aon mhodh eile chun é a ghnóthú, beidh an t-airgead sin inghnóthaithe mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

[EN]

(10) Déanfar airgead a aisíocfaidh an Cumann leis an Aire, nó a ghnóthóidh an tAire ón gCumann faoin alt seo a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste.

[EN]

(11) Is as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a airleacfar an t-airgead go léir a theastóidh ó am to ham ón Aire chun suimeanna a íoc a thiocfaidh chun bheith iníoctha aige faoin alt seo.

[EN]

Aoisliúntais d'oifigigh agus do sheirbhisigh don Chumann.

1963, Uimh. 24.

1963, Uimh. 24.

1956, Uimh. 10.

7.—(1) A luaithe is féidir tar éis an tAcht seo a rith, ullmhóidh an Cumann, faoi réir fho-alt (2) den alt seo, scéim chun pinsin, aiscí agus liúntais eile a dheonú ar scor nó ar bhás dóibh do cibé oifigigh nó seirbhísigh don Chumann is oiriúnach leis, nó ina leith.

[EN]

(2) In aon scéim aoisliúntas nó pinsean a ullmhóidh an Cumann áireofar na forálacha seo a leanas, is é sin le rá:

[EN]

(a) forálacha chun aon seirbhís ab inríofa ag comhaireamh sochair de bhun scéim de chuid an Bhoird a áireamh mar sheirbhís inphinsin chun críocha na scéime,

[EN]

(b) forálacha faoina mbeidh gach duine a d'aistrigh go dtí seirbhís an Chumainn an lú lá d'Fheabhra, 1973, agus a bhí díreach roimh an lá sin i dteideal sochar a fháil faoi scéim de chuid an Bhoird agus gach duine atá ar fostú ag an mBord ach nach raibh ar fostú amhlaidh díreach roimh an lú lá sin d'Fheabhra agus atá i dteideal sochar a fháil faoi aon scéim den sórt sin, i dteideal sochar comhréireach a fháil faoi cheanglais na scéime a d'ullmhaigh an Cumann ar théarmaí nach lú fabhar ná na téarmaí faoi scéim an Bhoird,

[EN]

(c) forálacha faoina mbeidh aon duine a bhí i dteideal sochar a fháil faoin scéim sin, an lú lá d'Fheabhra, 1973, i ngeall ar dhuine eile a bheith ina chomhalta de scéim de chuid an Bhoird nó a bheith i dteideal sochar a fháil fúithi, i dteideal sochar comhréireach a fháil faoin scéim a d'ullmhaigh an Cumann ar théarmaí nach lú fabhar ná na téarmaí faoi scéim an Bhoird, agus

[EN]

(d) forálacha faoina mbeidh oifigeach nó seirbhíseach don Bhord a bhí i dteideal seirbhís mar oifigeach inphinsin nó mar sheirbhíseach inphinsin d'údarás áitiúil a ríomh chun críocha scéim de chuid an Bhoird agus a d'aistrigh ó sheirbhís an Bhoird go dtí seirbhís an Chumainn an lú lá d'Fheabhra, 1973, i dteideal an tseirbhís sin a ríomh chun críocha na scéime a ullmhófar de bhun an ailt seo.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, má iarrann an Bord agus an Cumann é, cibé forálacha is cuí leis a dhéanamh chun maoin iomlán aon scéim de chuid an Bhoird nó aon chuid di a aistriú go dtí scéim pinsean nó aoisliúntas chomhréireach de chuid an Chumainn agus í a dhílsiú do na hiontaobhaithe nó do na daoine eile a bhfuil sé de chúram orthu an scéim chomhréireach sin a riaradh agus chun aon scéim mar sin de chuid an Bhoird a fhoirceannadh, a dhíscaoileadh, a thabhairt chun críche nó a mhodhnú, agus i gcás ina ndéanfar aon fhorálacha den sórt sin amhlaidh beidh éifeacht ag scéim an Chumainn dá réir sin, ar scéim an Bhoird lena mbaineann siad a fhoirceannadh, a dhíscaoileadh, a thabhairt chun críche nó a mhodhnú, de réir mar a bheidh.

[EN]

(4) I gcás ina ndéanfar an tseirbhís a luaitear i bhfo-alt (2) (d) den alt seo a ríomh ar dheonú aon sochair ag an gCumann, feadfaidh an t-údarás áitiúil lena mbaineann na haisíocaí iomchuí a dhéanamh leis an gCumann.

[EN]

(5) In aon chás inar cuireadh alt 4 den Acht Aoisliúntas agus Pinsean, 1963, i bhfeidhm maidir le duine a aistríodh nó a ceapadh chun fostaíocht nó ó fhostaíocht leis an mBord, beidh feidhm ag forálacha an ailt sin maidir leis an duine amhail is dá mba aistriú nó ceapadh é chun fostaíocht nó ó fhostaíocht leis an gCumann, agus d'fhonn forálacha an ailt sin 4 a fheidhmiú de bhun an fho-ailt seo, áireofar gurbh eagraíocht cheadaithe an Cumann, de réir an ailt sin 4, tráth an aistrithe nó an cheaptha.

[EN]

(6) Ní bheidh aistriú seirbhíse nó fostaíochta ón mBord chun an Chumainn mar bhun ann féin le haon éileamh nó sochar faoi scéim a ullmhófar de bhun an ailt seo.

[EN]

(7) Aon sochar is iníoctha faoi scéim de chuid an Bhoird le hionadaí pearsanta (ina cháil mar ionadaí pearsanta) aon oifigigh nó seirbhísigh éagtha agus a bheidh gan íoc lá an aistrithe, tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé iníoctha an lá sin ag an gCumann nó, i gcás an Cumann do dhéanamh socrú amhlaidh i scéim aoisliúntas nó pinsean, faoin scéim sin.

[EN]

(8) Gan dochar do ghinearáltacht alt 3 (3) den Acht seo, gach comhaontú de bhun alt 4 den Acht Aoisliúntas agus Pinsean, 1963, a rinneadh leis an mBord agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh lá an aistrithe, leanfaidh sé i bhfeidhm, agus amhail ar an agus ón lá sin forléireofar é agus beidh éifeacht aige ionann is dá mba gur cuireadh an Cumann sa chomhaontú sin in ionad an Bhoird.

[EN]

(9) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn “sochar” aon phinsean, blianacht, cnapshuim, aisce nó íocaíocht dá samhail a thugtar de bhun scéim aoisliúntas nó pinsean ar scor nó is iníoctha tar éis scoir i leith seirbhís san am a caitheadh nó ar bhás a fháil nó i ndáil le bás a fháil le linn seirbhíse nó tar éis scoir agus folaíonn sé teideal duine chun ranníocaíochtaí a fháil ar ais;

[EN]

tá le “údarás áitiúil”, “oifigeach inphinsin” agus “seirbhíseach inphinsin” na bríonna a shanntar dóibh faoi seach le halt 2 den Acht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1956;

[EN]

ciallaíonn “scéim pinsean nó aoisliúntas de chuid an Chumainn” scéim, comhshocraíocht nó ciste a bhunófar i ndáil le gnó an Chumainn chun sochar a chur ar fáil d'oifigigh nó do sheirbhísigh (de réir mar a bheidh) an Chumainn nó dá gcleithiúnaithe ar scor nó ar bhás dóibh;

[EN]

ciallaíonn “scéim de chuid an Bhoird” scéim chun pinsin, aiscí agus liúntais eile a dheonú ar scor dóibh d'oifigigh nó do sheirbhísigh an Bhoird nó ina leith agus ar scéim í a d'ullmhaigh agus a riar an Bord de bhun alt 27 d'Acht 1961.

[EN]

Ní bliain ainmniúcháin 1973 chun críocha Acht 1961.

8.—D'ainneoin alt 7 (1) d'Acht 1961, ní bheidh 1973 ina bliain ainmniúcháin chun críocha an Achta sin.

[EN]

Conarthaí seirbhíse a rinne an Bord a bhuanú.

9.—Gach conradh seirbhíse, sainráite nó intuigthe, idir an Bord agus aon duine is oifigeach nó seirbhíseach don Bhord agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh an lú lá d'Fheabhra, 1973, leanfaidh sé i bhfeidhm agus measfar gur lean sé d'fheidhm a bheith aige i gcónaí, ach forléireofar é agus beidh éifeacht aige an lá sin agus dá éis ionann is dá gcuirfí ainm an Chumainn ann in ionad ainm an Bhoird agus beidh gach conradh den sórt sin inchurtha i bhfeidhm dá réir sin ag an gCumann nó ina choinne.

[EN]

Ní bheidh feidhm ag alt 32 (4) d'Acht 1961 maidir le deontais áirithe.

10.—Ní bheidh feidhm ag fo-alt (4) d'alt 32 d'Acht 1961, agus measfar nach raibh feidhm aige riamh, maidir le haon deontas a tugadh don Bhord tar éis an 31ú lá de Mhárta, 1972.

[EN]

Aisghairm.

1941, Uimh. 10.

11.—(1) Aisghairtear leis seo Act 1961 (a mhéid nach bhfuil sé aisghairthe le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (An Bord Bainne), 1973 (I.R. Uimh. 32 de 1973) ), seachas ailt 2, 57, 58, 60 (2) agus 61 go 65 den Acht sin.

[EN]

(2) In alt 1 den Acht Tora Déiríochta (Leasú), 1941, aisghairtear leis seo “an Bord Bainne nó” (a cuireadh isteach ann le halt 59 d'Acht 1961).

[EN]

(3) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú nó le horduithe arna ndéanamh ag an Aire faoin alt seo go ginearálta nó maidir le haon fhoráil áirithe d'Acht 1961, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh maidir le forálacha éagsúla den sórt sin.

[EN]

(4) Tiocfaidh fo-alt (2) den alt seo i ngníomh an lá a dhíscaoilfidh an tAire an Bord de bhun alt 5 den Acht seo.

[EN]

Gearrtheideal.

12.—Féadfar an tAcht um Tháirgí Déiríochta (Forálacha Ilghnéitheacha), 1973, a ghairm den Acht seo.