[EN]

Uimhir 2 de 1939.


[EN]

ACHT TORA TALMHAÍOCHTA (UIBHE), 1939.


ACHT CHUN SOCRUITHE BHREISE AGUS FHEABHSA DO DHÉANAMH I dTAOBH UIBHE DO CHEANNACH AGUS DO DHÍOL (LE N-A nÁIRMHÍTEAR UIBHE D'EASPORTÁIL MAR THRÁDÁIL, INA MÓR-CHAINDÍOCHTAÍ NO INA MION-CHAINDÍOCHTAÍ, AGUS CHUN DAOINE DO CHLÁRÚ AGUS DO RIALÚ DHEINEANN MAR THRÁDÁIL UIBHE DO CHEANNACH, DO DHÍOL, D'EASPORTÁIL, NO DO LEASÚ NO DEIGHLEÁIL IONTA AR SHLÍ EILE, AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE IOMDHA BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE. [17adh Feabhra, 1939.] ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

[EN]

Gearr-theideal agus tosach feidhme.

1.—(1) Féadfar an tAcht Tora Talmhaíochta (Uibhe), 1939, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh an lá san a cheapfaidh an tAire le hordú.

[EN]

Mínithe.

2.—San Acht so—

[EN]

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaidheachta;

[EN]

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so;

[EN]

cialluíonn an focal “cigire” duine bheidh ceaptha i scríbhinn (go generálta no d'ócáid áirithe) ag an Aire chun bheith ina chigire chun crícheanna an Achta so;

[EN]

foluíonn an focal “pacáiste” aon bhosca, cráta, cás, cuairsceann, no gabhadán eile ina mbeidh uibhe no ina bhféadfadh uibhe bheith chun iad d'iompar agus, mara n-éilíonn an có-théacs a mhalairt, foluíonn lánas an ghabhadáin sin;

[EN]

cialluíonn an focal “uibhe” uibhe éanlaithe tighis agus lachan ina bplaosca;

[EN]

foluíonn an focal “marc” aon fhocal, leitir, figiúir, no deara, no aon chó-nascadh d'fhocail, de leitreacha, d'fhigiúirí no de dhearanna no d'aon dá cheann no níos mó acu;

[EN]

cialluíonn an abairt “áitreabh cláruithe” áitreabh a bheidh cláruithe i gclár a bheidh á choimeád ag an Aire do bhun an Achta so;

[EN]

cialluíonn an abairt “dílseánach cláruithe” duine bheidh iontrálta i gclár a bheidh á choimeád ag an Aire do bhun an Achta so mar dhílseánach ar áitreabh a bheidh cláruithe sa chlár san;

[EN]

cialluíonn an abairt “áitreabh mórdhíoltóra cláruithe” áitreabh a bheidh cláruithe sa chlár de mhórdhíoltóirí;

[EN]

cialluíonn an abairt “mórdhíoltóir cláruithe” dílseánach cláruithe áitreibh mhórdhíoltóra chláruithe;

[EN]

cialluíonn an abairt “deighleálaí cláruithe” an dílseánach cláruithe ar áitreabh a bheidh cláruithe sa chlár de dheighleálaithe;

[EN]

cialluíonn an abairt “miondíoltóir cláruithe” an dílseánach cláruithe ar áitreabh a bheidh cláruithe sa chlár de mhiondíoltóirí;

[EN]

cialluíonn an abairt “leasuitheoir cláruithe” an dílseánach cláruithe ar áitreabh a bheidh cláruithe sa chlár de leasuitheoirí;

[EN]

cialluíonn an focal “táirgtheoir” duine go mbíonn feirmeoireacht éanlaithe clóis ar siúl aige mar ghnó no thógann no choimeádann éanlaithe tighis no lachain chun a n-uibhe do dhíol agus ná faghann uibhe ar bith o éinne eile chun a n-ath-dhíolta;

[EN]

cialluíonn an abairt “stóráil cheimiciúil” stóráil chun uibhe do leasú le haon phróiseas ná hatharuíonn mianach na bplaosc, agus stóráil in aon ghás, gal no meascán gásúil d'áireamh;

[EN]

foluíonn an focal “díol” malairtiú agus margáil, agus is dá réir sin a léireofar focail atá gaolmhar dó;

[EN]

cialluíonn an focal “mórdhíol” díol, mar thrádáil, le duine dheineann, mar ghnó, uibhe d'fháil chun a n-ath-dhíolta, ach ní fholuíonn díol le húnaer no sealbhaire tighe ósta, tighe bhídh, club, no áitreibh eile ina ndíoltar uibhe chun iad do thómhailt ann agus chuige sin amháin, no le duine éigin thar ceann únaera no sealbhaire den tsórt san, agus is dá réir sin a léireofar focail atá gaolmhar dó;

[EN]

cialluíonn an focal “miondíol” díol nach mórdhíol, agus is dá réir sin a léireofar focail atá gaolmhar dó;

[EN]

foluíonn an focal “fáil” ceannach agus foluíonn freisin fáil tré mhargáil no tré mhalairtiú no ar aon tslí eile, agus is dá réir sin a léireofar focail atá gaolmhar dó;

[EN]

nuair a húsáidtear an focal “miondíoltóir” gan coinníoll, cialluíonn sé duine dheineann, mar ghnó, uibhe do mhiondíol, pe'ca dílseánach cláruithe é no nach eadh;

[EN]

foluíonn an abairt “uibhe bheidh le díol” uibhe bheidh ceannuithe chun a n-ath-dhíolta, uibhe bheidh á gcoimeád chun a ndíolta (láithreach no ar ball), uibhe bheidh á dtairgsint no á dtaisbeáint chun a ndíolta, uibhe bheidh díolta ach ná beidh seachadtha agus uibhe bheidh á n-iompar chun no i gcúrsa a ndíolta.

[EN]

Na daoine bheidh oilte ar uibhe do thástáil, do ghrádáil, agus do phacáil.

3.—(1) Ní tuigfear chun crícheanna an Achta so duine do bheith oilte ar ghnó thástála, ghrádála agus phacála ubh maran rud é—

[EN]

(a) go mbeidh deimhniú aige, ar n-a thabhairt amach ag an Aire, á dheimhniú go bhfuil sé oilte ar an ngnó san, no

[EN]

(b) go gcuirfe sé ina luighe ar an Aire go bhfuil sé oilte ar an ngnó san.

[EN]

(2) Féadfaidh duine ar bith deimhniú den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so d'iarraidh ar an Aire agus féadfaidh an tAire deimhniú den tsórt san roimhráite do thabhairt amach don duine sin más deimhin leis an duine sin do bheith oilte ar ghnó thástála, ghrádála agus phacála ubh.

[EN]

Rialacháin.

4.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh ag ordú éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú, ach ní déanfar aon rialachán den tsórt san i dtaobh méid no bailiú aon táillí gan an tAire Airgeadais do thoiliú leis.

[EN]

(2) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire fén alt so no fé aon alt eile den Acht so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas, fé cheann an lae agus fiche shuidhfidh an Tigh sin ina dhiaidh sin, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.

[EN]

Ciontaí.

5.—(1) Féadfaidh an tAire no féadfar ar agra an Aire gach cionta fé aon alt den Acht so do chúiseamh.

[EN]

(2) Má dheineann cólucht corpruithe cionta fé aon alt den Acht so agus go gcruthófar go ndearnadh amhlaidh é le toiliú no le ceadú éinne no gur cuireadh a dhéanamh in usacht le haon fhaillí i bpáirt éinne is stiúrthóir no bainisteoir ar an gcólucht chorpruithe sin no is rúnaí no oifigeach eile dhó, tuigfear an stiúrthóir, an bainisteoir, an rúnaí no an t-oifigeach eile sin do bheith ciontach sa chionta san agus dlighfe sé imeachta do bhunú ina choinnibh agus é phionósú dá réir sin.

[EN]

Costaisí.

6.—Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgeadais é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí uile fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do chur i bhfeidhm.

[EN]

Táillí do bhailiú agus do chur de láimh.

7.—(1) Is sa tslí sin ordóidh an tAire Airgeadais o am go ham a baileofar agus a tógfar na táillí uile is iníoctha fén Acht so agus déanfar iad d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste do réir orduithe an Aire sin.

[EN]

(2) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le haon táillí is iníoctha fén Acht so.

[EN]

Cosaint do chomhachta an Aire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe.

8.—(1) Na comhachta bheirtear don Aire leis an Acht so beid, agus feidhmeofar iad, gan dochar don Aire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe d'fheidhmiú na gcomhacht a bheirtear dó leis an Public Health (Regulations as to Food) Act, 1907.

[EN]

(2) Ní dhéanfaidh éinní atá san Acht so dochar do sna comhachta ná srian a chur leis na comhachta bheirtear d'údaráis sláintíochta leis na hAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931, no fútha.

[EN]

Scríbhinní do sheirbheáil.

9.—(1) Más gá no más ceaduithe do réir an Achta so scríbhinn do sheirbheáil ar dhuine ar bith, is i slí éigin acu so leanas a seirbheálfar an scríbhinn, sé sin le rá:—

[EN]

(a) tríd an scríbhinn do sheachadadh don duine sin; no

[EN]

(b) tríd an scríbhinn do sheachadadh do dhuine ar bith, a bheidh sé bliana déag d'aois ar a laighead, agus a bheidh i bhfostaíocht an duine sin; no

[EN]

(c) tríd an scríbhinn do chur tríd an bpost i leitir roimh-íoctha agus í dírithe chun an duine sin ag á áitreabh cláruithe más dílseánach cláruithe é no, in aon chás eile, ag an seoladh ag á mbíonn gnó ar siúl aige no ag an áit chomhnaithe is déanaí is eol do bheith aige.

[EN]

(2) Chun críche an ailt seo tuigfear gur ina n-oifig chláruithe bhíonn gnó ar siúl ag cólucht corpruithe ar n-a chlárú in Éirinn fé sna hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, agus tuigfear gur ina bpríomh-oifig no ina bpríomh-áit ghnótha in Éirinn a bhíonn gnó ar siúl ag gach cólucht corpruithe eile agus ag gach cólucht neamhionchorpruithe.

[EN]

Athghairm.

10.—Athghairmtear leis seo an tAcht Tora Talmhaíochta (Uibhe), 1924 (Uimh. 35 de 1924), agus an tAcht Tora Talmhaíochta (Uibhe), 1930 (Uimh. 36 de 1930).

[EN]

Cosaint do tháillí fé Acht athghairmthe.

11.—(1) D'ainneoin an Achta Tora Talmhaíochta (Uibhe), 1924 (Uimh. 35 de 1924), d'athghairm leis an Acht so beidh táille bhliantúil fé alt 9 den Acht san iníoctha, in aghaidh na tréimhse dar tosach an 1adh lá d'Eanar roimh thosach feidhme an Achta so agus dar críoch an lá roimh an tosach feidhme sin, ag dílseánach cláruithe (do réir bhrí an ailt sin 9) gach áitreibh fé leith a bheidh cláruithe sa chlár d'easportálaithe fén Acht san ar feadh na tréimhse sin no aon choda dhi.

[EN]

(2) Gach táille is iníoctha de bhuadh an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so—

[EN]

(a) is leis an Aire bheidh sí iníoctha, agus

[EN]

(b) áirmheofar í do réir ailt 9 den Acht Tora Talmhaíochta (Uibhe), 1924, fé is dá mba bhliain an tréimhse luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo, agus

[EN]

(c) tiocfa sí chun bheith dlite díreach i dtosach feidhme an Achta so agus íocfar í fé cheann mí ar a dhéanaí tar éis an tosach feidhme sin, agus

[EN]

(d) féadfaidh an tAire í bhaint den té ag á mbeidh sí iníoctha mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlighinse inniúla.

[EN]

(3) Gach táille bhliantúil do tháinig chun bheith dlite fé alt 9 den Acht Tora Talmhaíochta (Uibhe), 1924, an 31adh lá de Mhí na Nodlag díreach roimh thosach feidhme an Achta so, beidh sí, mara n-íoctar í roimh an tosach feidhme sin, iníoctha do réir an ailt sin 9 (d'ainneoin a athghairmthe sin leis an Acht so) agus féadfaidh an tAire í bhaint den té ag á mbeidh sí iníoctha mar fhiacha gnáthchonnartha in aon chúirt dlighinse inniúla.

[EN]

(4) D'ainneoin an Achta Tora Talmhaíochta (Uibhe), 1924, d'athghairm leis an Acht so leanfaidh fo-ailt (5) agus (6) d'alt 9 den Acht san i bhfeidhm chun crícheanna na dtáillí uile bheidh, de bhuadh an ailt seo, iníoctha fén alt san 9 tar éis tosach feidhme an Achta so.

[EN]

Sean-orduithe agus seanarialacháin do bhuanú.

12.—(1) Gach ordú agus gach rialachán do rinneadh fé sna hAchtanna Tora Talmhaíochta (Uibhe), 1924 agus 1930, agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta so, leanfaidh de bheith i bhfeidhm, mara mbeidh agus sa mhéid ná beidh sé buiniscionn leis an Acht so, d'ainneoin an Achta so d'athghairm an Achta fé n-a ndearnadh é.

[EN]

(2) Gach ordú agus rialachán a leanfaidh de bheith i bhfeidhm de bhuadh an ailt seo tuigfear gur fén Acht so do rinneadh é agus féadfar, i gcás aon orduithe den tsórt san, é cheiliúradh, é leasú no é atharú le haon ordú dhéanfaidh an tAire fén Acht so agus, i gcás aon rialacháin den tsórt san, é cheiliúradh, é leasú no é atharú le haon rialachán a dhéanfaidh an tAire fén Acht so.

CUID II.

Aitreabhacha do Chlaru.

[EN]

Na cláir agus a lánas.

13.—(1) Cuirfidh an tAire fé ndeár go gcoimeádfar—

[EN]

(a) clár ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal agus dá ngairmtear san Acht so an clár de mhórdhíoltóirí, agus

[EN]

(b) clár ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal agus dá ngairmtear san Acht so an clár de dheighleálaithe, agus

[EN]

(c) clár ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal agus dá ngairmtear san Acht so an clár de mhiondíoltóirí, agus

[EN]

(d) clár ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal agus dá ngairmtear san Acht so an clár de leasuitheoirí.

[EN]

(2) Iontrálfar sna cláir uile agus fé seach a bheidh á gcoimeád do bhun an ailt seo na nithe seo leanas maidir le gach áitreabh a clárófar sna cláir sin fé seach, sé sin le rá:—

[EN]

(a) ainm agus tuairisc iomlán dhílseánaigh an áitreibh, agus

[EN]

(b) tuairisc ar shuidheamh an áitreibh is leor chun an áitreibh sin agus a theoranta agus a mhéid d'aithint.

[EN]

(3) Aitreabh a bheidh cláruithe in aon cheann áirithe de sna cláir a bheidh á gcoimeád do bhun an ailt seo, ní bheidh sé, faid a bheidh sé cláruithe amhlaidh, ionchláruithe in aon cheann eile de sna cláir sin.

[EN]

Táilli clárathachta.

14.—Gach uair a hiarrfar fén Acht so áitreabh do chlárú in aon chlár seachas an clár de mhiondíoltóirí íocfar leis an Aire táille (dá ngairmtear táille chlárathachta san Acht so) de phunt, agus beidh íoc na táille sin go cuibhe ina choinníoll nach foláir a chólíonadh sara mbreithneoidh an tAire an t-iarratas.

[EN]

Táillí fála ubh.

15.—(1) Íocfaidh gach mórdhíoltóir cláruithe leis an Aire, in aghaidh gach leath-bhliana dar críoch an 30adh lá de Mheitheamh no an 31adh lá de Mhí na Nodlag agus go mbeidh sé cláruithe sa chlár de mhórdhíoltóirí ar a feadh no ar feadh aon choda dhi, táille (dá ngairmtear táille fála ubh san Acht so) a háirmheofar do réir an ráta orduithe agus sa tslí orduithe ar mhéid iomlán na n-ubh do fuair sé an leath-bhliain sin, seachas uibhe go gcuirfear ina luighe ar an Aire ina dtaobh—

[EN]

(a) gur o mhórdhíoltóir chláruithe eile fuair sé iad, no

[EN]

(b) go rabhadar neamh-oiriúnach mar bhia do dhaoine no salach ar an taobh amuich agus gur cuireadh de láimh iad sa tslí is gá do réir an Achta so maidir le huibhe den tsórt san.

[EN]

(2) Íocfaidh gach miondíoltóir cláruithe leis an Aire, in aghaidh gach leath-bhliana dar críoch an 30adh lá de Mheitheamh no an 31adh lá de Mhí na Nodlag agus go mbeidh sé cláruithe sa chlár de mhiondíoltóirí ar a feadh no ar feadh aon choda dhi, táille (agus táille fála ubh a gairmtear di sin freisin san Acht so) a háirmheofar do réir an ráta orduithe agus sa tslí orduithe ar mhéid iomlán na n-ubh do fuair sé o tháirgtheoirí an leath-bhliain sin, seachas uibhe go gcuirfear ina luighe ar an Aire ina dtaobh go rabhadar neamhoiriúnach mar bhia do dhaoine no salach ar an taobh amuich agus gur cuireadh de láimh iad sa tslí is gá do réir an Achta so maidir le huibhe den tsórt san.

[EN]

(3) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an gcéad fho-alt ina dhiaidh seo den alt so, tiocfaidh gach táille fála ubh chun bheith dlite an lá tar éis lae dheiridh na leath-bhliana gur ina haghaidh a bheidh sí iníoctha agus déanfar, i gcás gach táille den tsórt san a thiocfaidh chun bheith dlite amhlaidh an 1adh lá d'Iúl bliain ar bith, í íoc roimh an 1adh lá de Mheán Fhómhair an bhliain sin no, i gcás gach táille den tsórt san a thiocfaidh chun bheith dlite amhlaidh an 1adh lá d'Eanar bliain ar bith, í íoc roimh an 1adh lá de Mhárta an bhliain sin.

[EN]

(4) Má scuireann mórdhíoltóir cláruithe no miondíoltóir cláruithe, i rith aon leath-bhliana dar críoch an 30adh lá de Mheitheamh no an 31adh lá de Mhí na Nodlag, de bheith cláruithe sa chlár de mhórdíoltóirí no sa chlár de mhiondíoltóirí (do réir mar a bheidh) tiocfaidh an táille fála ubh is iníoctha aige in aghaidh na leath-bhliana san chun bheith dlite an lá tar éis an lae scuirfe sé de bheith cláruithe amhlaidh agus íocfar í fé cheann dhá mhí ón lá thiocfa sí chun bheith dlite amhlaidh.

[EN]

Táillí bliantúla.

16.—(1) Íocfaidh gach deighleálaí cláruithe leis an Aire, in aghaidh gach bliana go mbeidh sé cláruithe sa chlár de dheighleálaithe ar a feadh no ar feadh aon choda dhi, táille (dá ngairmtear táille bhliantúil san Acht so) den mhéid orduithe no, go dtí go n-ordófar an méid a bheidh sa táille sin, de phunt.

[EN]

(2) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an gcéad fho-alt ina dhiaidh seo den alt so tiocfaidh gach táille bhliantúil chun bheith dlite an 1adh lá d'Eanar an bhliain gur ina haghaidh a bheidh sí iníoctha agus íocfar í roimh an 1adh lá de Mhárta an bhliain sin.

[EN]

(3) An táille bhliantúil is iníoctha ag deighleálaí cláruithe in aghaidh na bliana thiocfa sé chun bheith cláruithe sa chlár de dheighleálaithe tiocfa sí chun bheith dlite an lá thiocfa sé chun bheith cláruithe amhlaidh agus íocfar í fé cheann dhá mhí ón lá san.

[EN]

Táillí do bhaint amach.

17.—(1) Beidh gach táille fála ubh agus gach táille bhliantúil, ná híocfar fé cheann na haimsire ceaptar leis an Acht so chun a híoctha, ionbhainte amach ag an Aire mar fhiacha gnáthchonnartha in aon chúirt dlighinse inniúla agus beidh sí ionbhainte amach amhlaidh d'ainneoin an Aire d'fheidhmiú na comhachta bheirtear dó leis an gcéad fho-alt ina dhiaidh seo den alt so agus gan dochar don fheidhmiú san.

[EN]

(2) Mara ndeinidh duine dhlighfidh táille fála ubh no táille bhliantúil d'íoc an táille sin d'íoc fé cheann na haimsire ceaptar leis an Acht so chun a híoctha, is dleathach don Aire an clárú sa chlár de mhórdhíoltóirí, sa chlár de mhiondíoltóirí, no sa chlár de dheighleálaithe (do réir mar a bheidh) ar gach áitreabh go mbeidh an duine sin cláruithe sa chlár san ina thaobh do chealú.

[EN]

(3) Má cealuítear clárú aon áitréibh de bhuadh an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so agus go ndéanfar an táille, gurbh é a neamh-íoc fé ndeár an cealú san, d'íoc fé cheann trí mhí tar éis deireadh na haimsire ceaptar leis an Acht so chun a híoctha, féadfaidh an tAire, más ceart san dar leis, an t-áitreabh san do chur thar n-ais, amhail ar dháta agus o dháta íoctha na táille sin amhlaidh, sa chlár inar cealuíodh clárú an áitreibh sin amhlaidh.

[EN]

Iarrataisí ar chlárú.

18.—(1) Gach iarratas a déanfar ar áitreabh do chlárú i gclár a bheidh á choimeád do bhun an Achta so (seachas an clár de mhiondíoltóirí) isé dílseánach an áitreibh sin a dhéanfaidh é agus is i scríbhinn agus sa bhfuirm agus sa tslí orduithe déanfar é agus beidh na mion-innste orduithe ann.

[EN]

(2) Pé uair a hiarrfar fén alt so aon áitreabh áirithe do chlárú, cuirfidh an tAire an t-áitreabh san á iniúchadh ag cigire.

[EN]

(3) Má dhiúltuíonn an tAire d'iarratas fén alt so ar aon áitreabh áirithe do chlárú inneosfar réasúin an diúltuithe don iarratasóir.

[EN]

(4) Má diúltuítear d'iarratas fén alt so ar áitreabh do chlárú ní choiscfidh san iarratas nua do dhéanamh fén alt so ar an áitreabh céanna do chlárú aon uair ina dhiaidh sin.

[EN]

(5) Pé uair a hiarrfar fén alt so áitreabh do chlárú i gclár féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, an t-áitreabh san do chlárú sa chlár san sara n-iniúchtar do bhun an ailt seo é, agus pé uair a chláróidh an tAire aon áitreabh amhlaidh beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) ní bheidh sa chlárú san ach clárú sealadach agus clárú sealadach a gairmtear de san Acht so;

[EN]

(b) ní shaorfaidh an clárú san an tAire o n-a bheith d'oblagáid air an t-áitreabh san do chur á iniúchadh ag cigire, ach amháin go bhféadfar an t-iniúchadh san do dhéanamh tar éis an chláruithe sin;

[EN]

(c) ní dhéanfaidh an clárú san dochar ná deifir do chomhacht an Aire chun géilleadh no diúltú don iarratas san ar an áitreabh san do chlárú;

[EN]

(d) má ghéilleann agus nuair a ghéillfidh an tAire don iarratas san scuirfidh an clárú sealadach san de bheith ina chlárú shealadach;

[EN]

(e) má dhiúltuíonn agus nuair a dhiúltóidh an tAire don iarratas san cealófar an clárú sealadach san;

[EN]

(f) pé uair agus faid a bheidh aon áitreabh cláruithe go sealadach i gclár tuigfear, chun crícheanna uile an Achta so ach fé réir na míreanna san roimhe seo den fho-alt so, an t-áitreabh san do bheith ina áitreabh atá cláruithe sa chlár san agus an té bheidh cláruithe amhlaidh ina dhílseánach air, tuigfear ina thaobh, chun na gcrícheanna san ach fé réir na míreanna roimhráite, gurb é is dílseánach cláruithe ar an áitreabh san.

[EN]

Coinníollacha clárathachta.

19.—(1) Ní chláróidh an tAire aon áitreabh (ach amháin go sealadach) i gclár a bheidh á choimeád do bhun an Achta so (seachas an clár de mhiondíoltóirí) maran deimhin ná go dtí gur deimhin leis an t-áitreabh san do bheith do réir na gcoinníollacha uile seo leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) go bhfuil an t-áitreabh oiriúnach ina dhéanmhas chun an ghnótha san do dhéanamh ann a deintear no atá beartuithe a dhéanamh ann agus gur leor a bhfuil ann de ghléasra, d'fheistisí agus d'fhearastí atá oiriúnach don ghnó san; agus

[EN]

(b) go bhfuil an t-áitreabh agus a chuid gléasra, feistisí agus fearaistí glan agus i dtreo mhaith; agus

[EN]

(c) go bhfuil san áitreabh cóiríocht is oiriúnach agus is leor chun uibhe agus pacáistí d'uibhe do stóráil ann ar chuma go bhféadfaí teacht ar na huibhe agus na pacáistí bheadh stórálta amhlaidh chun iad d'iniúchadh fén Acht so.

[EN]

(2) Ní chláróidh an tAire aon áitreabh (ach amháin go scaladach) sa chlár de mhórdhíoltóirí maran deimhin ná go dtí gur deimhin leis an t-áitreabh san do bheith, ní hamháin do réir na gcoinníollacha luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so, ach fós do réir na gcoinníollacha uile seo leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) go bhfuil san áitreabh cóiríocht is oiriúnach agus is leor chun oiread pacáistí agus abhar pacála do stóráil sa cheart agus is gá, ar feadh na tréimhse sin a bheidh orduithe, i gcóir gnáth-riachtanaisí an ghnótha deintear san áitreabh san; agus

[EN]

(b) go bhfuil an t-áitreabh gléasta mar is cóir leis na fearaistí agus na riachtanaisí orduithe chun uibhe do thástáil, do ghrádáil, agus do phacáil agus chun uibhe agus na pacáistí ina bpacálfar iad do mharcáil; agus

[EN]

(c) nach lugha ná an chaindíocht mhinimum orduithe an chaindíocht d'uibhe a tástáltar, a grádáltar, agus a pacáltar san áitreabh i rith gach seachtaine a tástáltar, a grádáltar, nó a pacáltar aon uibhe san áitreabh; agus

[EN]

(d) go bhfuil an té atá á iarraidh go gclárófaí an t-áitreabh, no éinne amháin ar a laighead ar fostú aige san áitreabh, oilte do réir bhrí an Achta so ar uibhe do thástáil, do ghrádáil, agus do phacáil do réir an Achta so agus do réir rialachán ar n-a ndéanamh fé.

[EN]

(3) Gan dochar d'aon réasún eile chun diúltuithe eireoidh fén Acht so, is réasún maith gach réasún acu so leanas chun an Aire do dhiúltú d'iarratas ar aon áitreabh áirithe do chlárú i gclár a bheidh á choimeád do bhun an Achta so (seachas an clár de mhiondíoltóirí), sé sin le rá:—

[EN]

(a) go raibh an t-áitreabh san cláruithe roimhe sin fé sna hAchtanna Tora Talmhaíochta (Uibhe), 1924 agus 1930, agus go ndearnadh a chlárú do chealú fé sna hAchtanna san nó fé cheachtar acu, no

[EN]

(b) go raibh an t-áitreabh san cláruithe roimhe sin fén Acht so agus go ndearnadh a chlárú do chealú fén Acht so, no

[EN]

(c) go raibh neach iarrtha an chláruithe sin ina dhílseánach chláruithe roimhe sin ar áitreabh eile a bhí cláruithe fé sna hAchtanna Tora Talmhaíochta (Uibhe), 1924 agus 1930, no fén Acht so agus, le linn é bheith cláruithe amhlaidh, go ndearna an tAire clárú an áitreibh eile sin do chealú fé sna hAchtanna san no fé cheachtar acu no fén Acht so.

[EN]

Aistriú ón gclár d'easportálaithe atá á choimeád fé sna hAchtanna Tora Talmhíochta (Uibhe), 1924 agus 1930.

20.—(1) Gach duine bheidh cláruithe, díreach roimh thosach feidhme an Achta so, sa chlár d'easportálaithe atá á choimeád do bhun na nAchtanna Tora Talmhaíochta (Uibhe), 1924 agus 1930, ina dhílseánach ar áitreabh a bheidh cláruithe sa chlár san, tuigfear gur iarr sé go cuibhe fén Acht so, díreach tar éis tosach a fheidhme sin, an t-áitreabh san do chlárú sa chlár de mhórdhíoltóirí.

[EN]

(2) Na forálacha den Acht so bhaineann le hiarrataisí ar áitreabhacha do chlárú sa chlár de mhórdhíoltóirí agus le háitreabhacha do chlárú sa chlár san, beidh feidhm agus éifeacht acu maidir le gach iarratas ar áitreabh do chlárú sa chlár san go dtuigfear ina thaobh, de bhuadh an fho-ailt sin roimhe seo den alt so, é do dhéanamh díreach tar éis tosach feidhme an Achta so agus fós maidir leis an áitreabh san do chlárú sa chlár san ach beidh na forálacha san den Acht so fé réir na n-atharuithe seo leanas, maidir leis na hiarrataisí sin agus leis an gclárú san, sé sin le rá:—

[EN]

(a) déanfar an t-áitreabh is abhar d'aon iarratas den tsórt san do chlárú go sealadach sa chlár san láithreach, agus

[EN]

(b) ní bheidh aon táille chlárathachta iníoctha alos aon iarratais den tsórt san.

[EN]

Fianaise ar lánas na gclár.

21.—(1) Gach clár a bheidh á choimeád do bhun an Achta so—

[EN]

(a) tuigfear é bheith sa choimeád cheart nuair a bheidh sé i gcoimeád an Aire no aon oifigigh don Aire go n-údarás aige chuige sin ón Aire, agus

[EN]

(b) beidh sé ionghlactha ina fhianaise gan a thuilleadh cruthúnais ar é thabhairt i láthair as an gcoimeád ceart.

[EN]

(2) Féadfar fianaise prima facie ar aon iontráil in aon chlár a bheidh á choimeád do bhun an Achta so do thabhairt in aon chúirt no in aon imeachta dlí tré chóip den iontráil sin do bhéarfaidh le tuisgint í bheith deimhnithe bheith ina cóip dhílis ag oifigeach don Aire go n-údarás aige chuige sin do thabhairt i láthair agus ní gá sighniú an oifigigh sin do chruthú ná a chruthú gurbh é an t-oifigeach san é ná go raibh an t-údarás san aige.

[EN]

(3) Deimhniú, bhéarfaidh le tuisgint é bheith sighnithe ag oifigeach don Aire go n-údarás aige chuige sin ón Aire, á dheimhniú gan áitreabh áirithe a bheidh luaidhte sa deimhniú san do bheith iontrálta sa chlár a bheidh luaidhte sa deimhniú san, is fianaise dhochlaoite é ar na nithe bheidh deimhnithe amhlaidh agus ní gá sighniú an oifigigh sin do chruthú ná a chruthú gurbh é an t-oifigeach san é ná go raibh an t-údarás san aige.

[EN]

(4) Féadfaidh duine ar bith—

[EN]

(a) aon chlár a bheidh á choimeád do bhun an Achta so d'iniúchadh ar íoc na táille sin a bheidh orduithe agus nach mó ná scilling in aghaidh gach iniúchta fé leith;

[EN]

(b) cóip, a bheidh deimhnithe sa tslí luaidhtear anso roimhe seo bheith ina cóip dhílis, d'aon iontráil in aon chlár a bheidh á choimeád do bhun an Achta so d'fháil ar íoc táille de reul ar gach fólio de dhá fhocal sheachtód den chóip;

[EN]

(c) deimhniú den tsórt a luaidhtear anso roimhe seo, á dheimhniú gan áitreabh áirithe do bheith cláruithe i gclár áirithe bheidh á choimeád do bhun an Achta so, d'fháil ar íoc táille de dhá scilling agus reul ar gach deimhniú.

[EN]

Aitreabh cláruithe do thuitim agus d'aistriú chun duine.

22.—(1) Má éagann dílseánach cláruithe áitreibh chláruithe beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) ní leor ann féin éag an dílseánaigh chláruithe sin chun a thabhairt gur nea-dhleathach de bhuadh an Achta so an gnó do bhí ar siúl san áitreabh san go dtí an t-éag san do choimeád ar siúl san áitreabh san go ceann tréimhse sé mhí ón éag san;

[EN]

(b) beidh ionadaí pearsanta an dílseánaigh chláruithe éagtha san no, le haontú ar ionadaí phearsanta san, aon duine eile i dteideal (fé réir forálacha an ailt seo) go ndéanfaí, ar n-a iarraidh sin dó ar an Aire sa bhfuirm agus sa tslí orduithe, é chlárú ina dhílseánach chláruithe ar an áitreabh san;

[EN]

(c) o éag an dílseánaigh chláruithe éagtha san go dti go gclárófar duine eile ina dhílseánach chláruithe ar an áitreabh san tuigfear gurb é an té go mbeidh an gnó san ar siúl aige san áitreabh san is dílseánach cláruithe air chun cricheanna an mhéide sin den Acht so bhaineann le nithe bheidh le déanamh san áitreabh san no i gcúrsa an ghnótha san do bheith ar siúl agus chun críche fógraí is gá do réir an Achta so do thabhairt don dílseánach cláruithe agus chun críche seirbheála na bhfógraí sin.

[EN]

(2) Má dheineann dílseánach cláruithe áitreibh chláruithe (dá ngairmtear an t-aistritheoir san alt so) an t-áitreabh san agus an gnó bhíonn ar siúl ann d'aistriú, ar n-a dhíol no eile, chun duine eile (dá ngairmtear an t-aistrí sa bhfo-alt so) beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) ar n-a iarraidh sin dó ar an Aire sa bhfuirm agus sa tslí orduithe agus ar n-a chur ina luighe dhó ar an Aire go bhfuil sé tagtha chun bheith ina dhílseánach ar an áitreabh san, beidh an t-aistrí i dteideal (fé réir forálacha an ailt seo) go gclárófaí é ina dhílseánach chláruithe ar an áitreabh san;

[EN]

(b) go dtí go gclárófar an t-aistrí amhlaidh ina dhílseánach chláruithe ar an áitreabh san leanfaidh an t-aistritheoir de bheith ina dhílseánach chláruithe ar an áitreabh san chun crícheanna uile an Achta so d'ainneoin an aistrithe sin.

[EN]

(3) Má hiarrtar ar an Aire fén alt so duine (dá ngairmtear an t-iarratasóir sa bhfo-alt so) do chlárú ina dhílseánach chláruithe ar áitreabh chláruithe beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) i gcás gur ionadaí pearsanta dhílseánaigh chláruithe éagtha an t-iarratasóir agus é bheith á iarraidh fén gcéad fho-alt den alt so mar ionadaí phearsanta an dílseánaigh chláruithe éagtha san agus mar sin go gclárófaí é agus an t-iarratas do dhéanamh go cuibhe do réir an fho-ailt sin, ní dhiúltóidh an tAire don iarratas:

[EN]

(b) i ngach cás eile is dleathach don Aire, más ceart san dar leis, diúltú don iarratas ar an bhforas go raibh an t-iarratasóir roimhe sin ina dhílseánach chláruithe ar áitreabh eile bhí cláruithe fé sna hAchtanna Tora Talmhaíochta (Uibhe), 1924 agus 1930, no fén Acht so agus, le linn é bheith cláruithe amhlaidh, gur chealuigh an tAire clárú an áitreibh eile sin fé sna hAchtanna san no fé cheachtar acu no fén Acht so.

[EN]

Clárú d'atharú agus do chealú

23.—(1) Féadfaidh an tAire, tráth ar bith, clárú aon áitreibh fén Acht so d'atharú no do chealú ar n-a iarraidh sin don dílseánach cláruithe no, i gcás pearsan, d'ionadaí phearsanta an dílseánaigh chláruithe no, i gcás cóluchta chorpruithe, do leachtálaí an dílseánaigh chláruithe.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, gan aon iarratas den tsórt san roimhráite, clárú aon áitreibh fén Acht so d'atharú in aon phuínte ina bhfeicfear dó an clárú san do bheith earráideach no mí-threorach.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, gan aon iarratas den tsórt san roimhráite, clárú aon áitreibh fén Acht so do chealú más deimhin leis—

[EN]

(a) gur tré chalaois no tré cham-thuairisc, pe'ca calaoiseach no neamh-urchóideach di, do tugadh an t-áitreabh do chlárú; no

[EN]

(b) go bhfuil an t-áitreabh tar éis scurtha de bheith ionchláruithe sa chlár ina bhfuil sé cláruithe de bhíthin gach ceann no aon cheann no cinn de sna coinníollacha clárathachta bhaineann leis do bheith gan cólíonadh ina thaobh; no

[EN]

(c) gur éag an phearsa ba dhílseánach cláruithe ar an áitreabh agus nár cláruíodh éinne eile ina dhílseánach air in ionad an dílseánaigh chláruithe éagtha san fé cheann sé mhí tar éis an éaga san; no

[EN]

(d) gur scuireadh an cólucht corpruithe ba dhílseánach cláruithe ar an áitreabh agus nár cláruíodh éinne eile ina dhílseánach air in ionad an dílseánaigh chláruithe scurtha san fé cheann mí tar éis an scurtha san; no

[EN]

(e) go ndearnadh an dílseánach cláruithe do bhreithiúnú ina fhéimhí i gcás pearsan no d'fhoirceannadh go héigeanta i gcás cóluchta chorpruithe; no

[EN]

(f) go ndearnadh san áitreabh sárú (le gníomh no le faillí) ar an Acht so no ar rialachán ar n-a dhéanamh fé; no

[EN]

(g) go ndearna an dílseánach cláruithe connradh chun uibhe do cheannach no do dhíol agus gur theip air no gur fhailligh sé, gan chúis réasúnta, déanamh do réir an chonnartha san; no

[EN]

(h) go bhfuiltear tar éis scur den ghnó gur ina thaobh atá an t-áitreabh san cláruithe do bheith ar siúl san áitreabh san; no

[EN]

(i) i gcás áitreibh a bheidh cláruithe sa chlár de mhórdhíoltóirí, gur chuir an dílseánach cláruithe fé ndeár no gur leig go feasach na marcanna do cuireadh do bhun an Achta so ar aon uibhe, no ar aon phacáiste d'uibhe, do heasportáladh ón áitreabh san d'atharú (in Éirinn no lasmuich dhi) no go ndearna, maidir le huibhe no pacáistí d'uibhe do heasportáladh amhlaidh, éinní eile do bhainfeadh o chlú uibhe Éireannacha.

[EN]

(4) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le clárú aon áitreibh fén Acht so d'atharú no do chealú fén alt so (ach amháin do réir iarratais chuige sin ar n-a dhéanamh fén alt so), sé sin le rá:—

[EN]

(a) ní dhéanfaidh an tAire aon atharú ná cealú den tsórt san mara dtugaidh ná go dtí go dtabharfaidh do dhílseánach cláruithe an áitreibh sin no dá ionadaí phearsanta no dá leachtálaí (do réir mar a bheidh) fógra coicís ar a laighead i scríbhinn á rá go bhfuil déanamh an atharuithe no an chealuithe sin á bhreithniú ag an Aire agus ag luadh na bhforas ar a bhfuil an t-atharú no an cealú san á bhreithniú amhlaidh;

[EN]

(b) breithneoidh an tAire aon chúis i dtaobh an atharuithe no an chealuithe sin a pléidhfear leis, ag éinne le n-a mbainfidh, sara mbeidh ré an fhógra choicís sin caithte;

[EN]

(c) féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, fiosrúchán do chur á dhéanamh i dtaobh an atharuithe no an chealuithe sin;

[EN]

(d) má deintear an t-atharú no an cealú san in aon chor déanfar é fé cheann trí mhí tar éis ré an fhógra choicís sin do bheith caithte.

[EN]

Lánas na gclár d'fhoillsiú.

24.—(1) Féadfaidh an tAire foillsiú do dhéanamh sa tslí sin is oiriúnach leis—

[EN]

(a) ar gach ní no éinní dá mbeidh iontrálta in aon chlár a bheidh á choimeád fén Acht so, agus

[EN]

(b) ar fhógra i dtaobh clárú aon áitreibh chláruithe do chealú no d'atharú, agus

[EN]

(c) ar fhógra i dtaobh aon chiontuithe i gcionta i gcoinnibh an Achta so no aon ailt de no i gcoinnibh aon rialacháin ar n-a dhéanamh fén gcéanna.

[EN]

(2) Ní déanfar aon tuairisceán ar leith ná cuid ar leith de thuairisceán a cuirfear isteach do bhun an Achta so d'fhoillsiú ná do nochtadh ach amháin chun crícheanna cúisimh fén Acht so.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire o am go ham eolas staitistíochta (agus staitistíocht as tuairisceáin a cuirfear isteach do bhun an Achta so d'áireamh) do bhailiú agus d'fhoillsiú i dtaobh méide agus staide na trádála ubh agus go sonnrách i dtaobh méide an ghnótha bheidh ar siúl in áitreabhacha bheidh cláruithe sna cláracha uile agus fé seach a bheidh á gcoimeád do bhun an Achta so.

[EN]

(4) Sa mhéid gur féidir é do réir réasúin, ní bheidh in aon eolas staitistíochta foillseofar fén alt so aon mhion-innste do chuirfeadh ar chumas éinne a aithint gur mion-innste iad a bhaineann le haon duine no gnó áirithe gan an duine sin no dílseánach an ghnótha san do thoiliú chuige i scríbhinn.

[EN]

Tuairisceáin o dhílseánaigh chláruithe áitreabhacha cláruithe.

25.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh á cheangal ar dhílseánaigh chláruithe áitreabhacha cláruithe tuairisceáin tréimhsiúla do chur isteach chun an Aire agus féadfaidh an tAire, leis na rialacháin sin, gach ní no éinní acu so leanas d'ordú, sé sin le rá:—

[EN]

(a) na tuairisceáin a bheidh le cur isteach amhlaidh ag mórdhíoltóirí cláruithe;

[EN]

(b) na tuairisceáin a bheidh le cur isteach amhlaidh ag deighleálaithe cláruithe;

[EN]

(c) na tuairisceáin a bheidh le cur isteach amhlaidh ag miondíoltóirí cláruithe;

[EN]

(d) na tuairisceáin a bheidh le cur isteach amhlaidh ag leasuitheoirí cláruithe;

[EN]

(e) na tráthanna bheidh na tuairisceáin sin fé seach le cur isteach;

[EN]

(f) an fhuirm agus an tslí ina mbeidh na tuairisceáin sin fé seach le cur isteach.

[EN]

(2) Gach duine ar a gceanglófar le rialacháin ar n-a ndéanamh fén alt so aon tuairisceán do chur isteach agus go dteipfidh air no a dhiúltóidh an tuairisceán san do chur isteach agus é ar gach slí do réir na rialachán san beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar fiche punt.

[EN]

Cláir a bheidh le coimeád in áitreabhacha cláruithe.

26.—(1) Beidh sé de dhualgas ar gach mórdhíoltóir cláruithe clár do choimeád no a chur fé ndeár é choimeád i ngach áitreabh cláruithe ar ar dílseánach cláruithe é, clár sa bhfuirm orduithe de sna huibhe uile do gheobhaidh agus do bhéarfar isteach san áitreabh san no a díolfar ann no a cuirfear amach as, agus, fé cheann dhá uair dhéag a' chluig tar éis aon uibhe den tsórt san d'fháil no do dhíol no do chur amach, na mion-innste orduithe i dtaobh na n-ubh san do chur sa chlár san no a chur fé ndeár iad a chur sa chlár san.

[EN]

(2) Beidh sé de dhualgas ar gach deighleálaí cláruithe—

[EN]

(a) clár do choimeád no a chur fé ndeár é choimeád i ngach áitreabh cláruithe ar ar dílseánach cláruithe é, clár sa bhfuirm orduithe de sna huibhe uile do gheobhfar no a díolfar san áitreabh san no a cuirfear amach as, agus, fé cheann dha uair dhéag a' chluig tar éis aon uibhe den tsórt san d'fháil no do dhíol no do chur amach, na mion-innste orduithe i dtaobh na n-ubh san do chur sa chlár san no a chur fé ndeár iad a chur sa chlár san, agus

[EN]

(b) clár do choimeád no a chur fé ndeár é choimeád ina áitreabh chláruithe no (má bhíonn níos mó ná aon áitreabh cláruithe amháin aige) sa cheann san a roghnóidh de sna háitreabhacha san, clár sa bhfuirm orduithe de sna huibhe uile do gheobhaidh no dhíolfaidh in aon áit, no chuirfidh amach as aon áit, seachas a áitreabh cláruithe no aon cheann dá áitreabhacha cláruithe, agus, fé cheann sé huaire tríochad a' chluig tar éis aon uibhe den tsórt san d'fháil no do dhíol no do chur amach, na mion-innste orduithe i dtaobh na n-ubh san do chur sa chlár san no a chur fé ndeár iad a chur sa chlár san, agus

[EN]

(c) a chur in úil don Aire, má bhíonn níos mó ná aon áitreabh cláruithe amháin aige, cadé an t-áitreabh do roghnuigh chun crícheanna na míre deiridh sin roimhe seo den fho-alt so, agus gan an roghnú san d'atharú gan an tAire do thoiliú chuige.

[EN]

(3) Beidh sé de dhualgas ar gach miondíoltóir cláruithe clár do choimeád no a chur fé ndeár é choimeád i ngach áitreabh cláruithe ar ar dílseánach cláruithe é, clár sa bhfuirm orduithe de sna huibhe uile do gheobhaidh agus do bhéarfar isteach san áitreabh san (pe'ca san áitreabh cláruithe sin do gheobhaidh na huibhe sin no nach eadh), agus, fé cheann dhá uair dhéag a' chluig tar éis aon uibhe den tsórt san d'fháil, na mion-innste orduithe i dtaobh na n-ubh san do chur sa chlár san no a chur fé ndeár iad a chur sa chlár san.

[EN]

(4) Beidh sé de dhualgas ar gach leasuitheoir cláruithe clár do choimeád no a chur fé ndeár é choimeád i ngach áitreabh cláruithe ar ar dílseánach cláruithe é, clár sa bhfuirm orduithe de sna huibhe uile do gheobhfar san áitreabh san no a cuirfear amach as, agus, fé cheann dhá uair dhéag a' chluig tar éis aon uibhe den tsórt san d'fháil no do chur amach, na mion-innste orduithe i dtaobh na n-ubh san do chur sa chlár san no a chur fé ndeár iad a chur sa chlár san.

[EN]

(5) Gach clár a bheidh á choimeád do bhun an ailt seo féadfaidh aon chigire é d'iniúchadh uair ar bith i rith tráthanna oifige agus, ar n-a iarraidh sin air, beidh sé de dhualgas ar an dílseánach cláruithe an clár san do thaisbeáint don chigire chun a iniúchta agus fós gach forchuntas, nóta seachadtha no consighneachta, admháil agus scríbhinn eile (ar a n-áirmhítear cóipeanna dhíobh i gcás gan iad féin do bheith ar fáil) a iarrfaidh an cigire do réir réasúin chun féachaint an fíor aon iontráil áirithe sa chlár san no cad fé ndeár éinní áirithe d'fhágaint amach as.

[EN]

(6) Má thárlann d'aon dílseánach cláruithe—

[EN]

(a) ná coimeádfa sé no ná cuirfidh fé ndeár go gcoimeádfar an clár no na cláir sin is gá do réir an ailt seo do choimeád, no

[EN]

(b) ná déanfa sé no ná cuirfidh fé ndeár go ndéanfar in aon chlár den tsórt san, fé cheann na haimsire a horduítear leis an alt so, aon iontráil áirithe is gá do réir an ailt seo do dhéanamh ann, no

[EN]

(c) ná taisbeánfa sé no ná cuirfidh fé ndeár go dtaisbeánfar, ar n-a iarraidh sin air, chun go n-iniúchfadh cigire é, aon chlár, scríbhinn, no cóip de scríbhinn is gá dhó do réir an ailt seo do thaisbeáint amhlaidh, no go gcoiscfidh aon chigire agus iniúchadh aige á dhéanamh, no

[EN]

(d) go ndéanfa sé no go gcuirfidh fé ndeár go ndéanfar in aon chlár den tsórt san, go toiliúil no tré fhaillí, aon iontráil a bheidh bréagach no mí-threorach i bponc táchtach,

[EN]

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar caoga punt.

[EN]

(7) Chun críche an ailt seo—

[EN]

(a) folóidh clár no scríbhinn d'iniúchadh cóipeanna do dhéanamh de no sleachta do thógaint as; agus

[EN]

(b) tuigfear gur hiarradh go cuibhe ar an dílseánach cláruithe clár no scríbhinn eile do thaisbeáint chun go n-iniúchfaí é má hiarradh san de bhréithre béil san áitreabh chláruithe ar aon duine ar fostú ag an dílseánach cláruithe; agus

[EN]

(c) má diúltuítear no má faillítear clár no scríbhinn eile do thaisbeáint chun a iniúchta agus gur san áitreabh chláruithe, agus ag duine ar fostú ag an dílseánach cláruithe, a déanfar an diúltú no an failliú san tuigfear gurb é an dílseánach cláruithe do rinne an diúltú no an failliú san; agus

[EN]

(d) cialluíonn an abairt “tráthanna oifige” aon tráth idir a deich a chlog ar maidin agus a cúig a chlog tráthnóna a bhíonn gnó ar siúl no obair á dhéanamh san áitreabh chláruithe.

[EN]

(8) Tagairtí deintear san Acht so (lasmuich den alt so) do chlár a bheidh á choimeád fén Acht so no do chlár a bheidh á choimeád do bhun an Achta so ní fholóid aon chlár a bheidh á choimeád do bhun an ailt seo.

[EN]

Aitreabh cláruithe d'iniúchadh.

27.—(1) Beidh teideal ag aon chigire dul isteach, gach tráth réasúnta, in aon áitreabh a bheidh cláruithe i gclár a bheidh á choimeád do bhun an Achta so no 'na mbeifear á iarraidh go gclárófaí in aon chlár den tsórt san é, agus gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh ann, sé sin le rá:—

[EN]

(a) iomlán an áitreibh sin no aon chuid de agus an gléasra, na fearaistí agus na feistisí ann d'iniúchadh;

[EN]

(b) féachaint ar an tástáil, an ghrádáil, agus an phacáil a deintear ar uibhe san áitreabh san no ar aon phróiseas no próiseasaí acu san;

[EN]

(c) na huibhe, na pacáistí agus na habhair phacála uile san áitreabh san no aon chuid acu do scrúdú agus samplaí réasúnta de sna huibhe, de sna pacáistí agus de sna habhair phacála san uile no d'aon chuid acu do thógaint;

[EN]

(d) uibhe do chuardach agus d'iniúchadh san áitreabh san;

[EN]

(e) a cheangal ar an dílseánach cláruithe no ar éinne ar fostú ag an dílseánach cláruithe san áitreabh san an t-eolas san, is gá do réir réasúin chun na gcrícheanna bhaineann le riaradh an Achta so, do thabhairt don chigire i dtaobh aon uibhe no pacáiste d'uibhe do gheobhaidh san áitreabh san.

[EN]

(2) Gach duine—

[EN]

(a) a choiscfidh no a bhacfaidh cigire agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá dtugtar dó leis an alt so; no

[EN]

(b) a fhailleoidh no a dhiúltóidh aon eolas a bheidh cigire i dteideal a iarraidh fén alt so do thabhairt don chigire sin ar n-a iarraidh sin dó-san air; no

[EN]

(c) do bhéarfaidh do chigire, go toiliúil no go faillítheach, eolas a bheidh bréagach no mí-threorach i bponc táchtach,

[EN]

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

[EN]

Atharú ar dhéanmhasáitreibh chláruithe.

28.—(1) Ní dleathach d'aon dílseánach cláruithe (seachas miondíoltóir cláruithe) aon atharú dhéanamh ná a leigint é dhéanamh, gan an tAire á cheadú roimh ré, ar dhéanmhas aon áitreibh chláruithe ar ar dílseánach cláruithe é.

[EN]

(2) Pé uair is mian le dílseánach cláruithe áitreibh chláruithe atharú do dhéanamh ar dhéanmhas an áitreibh sin, féadfaidh a iarraidh ar an Aire sa bhfuirm orduithe an t-atharú san a cheadú do réir an ailt seo, agus, chó luath agus is féidir é tar éis an iarratais d'fháil dó, cuirfidh an tAire in úil don dílseánach cláruithe sin i scríbhinn go gceaduíonn no ná ceaduíonn an t-atharú atá beartuithe.

[EN]

(3) Gach dílseánach cláruithe dhéanfaidh atharú ar dhéanmhas aon áitreibh chláruithe contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

[EN]

Toirmeasc ar dhílseánach chláruithe do dhéanamh gnótha in áitreabh seachas áitreabh cláruithe.

29.—(1) I gcás duine do bheith ina dhílseánach chláruithe ar áitreabh a bheidh cláruithe i gclár a bheidh á choimeád do bhun an Achta so, ní dleathach dó an gnó dheineann sé san áitreabh san do dhéanamh in aon áitreabh ná beidh cláruithe sa chlár san no nach é an dílseánach air a bheidh cláruithe sa chlár san é.

[EN]

(2) Ní dhéanfaidh mórdhíoltóir cláruithe ná deighleálaí cláruithe gan toiliú an Aire, aon ghnó ina áitreabh cláruithe ná in aon cheann dá áitreabhacha cláruithe seachas an gnó gur ina thaobh a bheidh an t-áitreabh san cláruithe.

[EN]

(3) Gach dílseánach cláruithe a dhéanfaidh éinní contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air maraon le fíneáil bhreise ná raghaidh thar cúig púint in aghaidh gach lae leanfar den chionta san.

CUID III.

Srian le hUibhe d'Easportail agus le hUibhe do Chonsighniu (le n-a nAirmhitear iad d'Easportail).

[EN]

Srian le huibhe d'easportáil.

30.—(1) Ní dleathach do dhuine ar bith uibhe d'easportáil mara n-easportáltar na huibhe—

[EN]

(a) ag mórdhíoltóir cláruithe díreach ón áitreabh mórdhíoltóra cláruithe inar pacáladh iad; no

[EN]

(b) tré phost na mbeart; no

[EN]

(c) ina gconsighneacht nach mó a mór-mheáchaint iomlán ná an mheáchaint mhaximum is ceaduithe de thurus na huaire do chur tré phost na mbeart; no

[EN]

(d) chun iad do ghor agus ina gcaindíochtaí nach mó ná an maximum orduithe agus i bpacáistí bheidh marcálta sa tslí orduithe; no

[EN]

(e) i bpacáiste a consighneofar agus a cuirfear ar aghaidh tré Éirinn o aon áit lasmuich d'Éirinn go dtí aon áit eile den tsórt san ach ná déanfar éinní eile leis in Éirinn; no

[EN]

(f) tré fheirmeoir no a sheirbhísigh dá mbreith o Éirinn isteach i dTuaisceart Éireann i gcúrsa a ghnótha mar fheirmeoir; no

[EN]

(g) fé réim agus do réir cheadúnais easportála ar n-a dheonadh ag an Aire fén gCuid seo den Acht so.

[EN]

(2) Gach duine dhéanfaidh no thriallfaidh uibhe d'easportáil contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so.

[EN]

(3) Gach duine iompróidh, ar aon tslí, uibhe ar bith a bheidh á n-easportáil no le heasportáil contrárdha don alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so más le linn no chun na n-ubh san d'easportáil a déanfar an t-iompar san mara gcruthuighidh an duine sin ná raibh a fhios aige agus ná féadfadh sé, do réir réasúin, a fhios do bheith aige go raibh na huibhe sin á n-easportáil contrárdha don alt so.

[EN]

(4) Gach duine bheidh ciontach i gcionta fé aon fho-alt den alt so dlighfear, ar a chiontú ann ar an slí achmair, fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar caoga punt no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh téarma ar bith nach sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

[EN]

Srian le huibhe do chonsighniú o áitreabh mhórdhíoltóra cláruithe,

31.—(1) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so ní consighneofar uibhe o áitreabh mhórdhíoltóra cláruithe go dtí aon áit (in Éirinn ná lasmuich dhi) mara mbeidh na coinníollacha uile seo leanas cólíonta maidir leis na huibhe sin, sé sin le rá:—

[EN]

(a) beidh na huibhe ina n-uibhe do tástáladh, do grádáladh agus do pacáladh do réir forálacha an Achta so agus rialachán ar n-a ndéanamh fé, agus

[EN]

(b) beidh gach ceann de sna huibhe, agus fós an pacáiste ina mbeidh na huibhe sin, marcálta leis na marcanna orduithe do réir an Achta so agus rialachán ar n-a ndéanamh fé, agus

[EN]

(c) beidh na huibhe ina n-uibhe do tástáladh, do grádáladh, do pacáladh agus do marcáladh mar adubhradh san áitreabh mhórdhíoltóra cláruithe o n-a mbeid á gconsighniú agus beidh an pacáiste ina mbeidh na huibhe ina phacáiste do marcáladh mar adubhradh san áitreabh san freisin, agus

[EN]

(d) beidh na huibhe gan tógaint as an bpacáiste inar pacáladh iad amhlaidh san áitreabh san, agus

[EN]

(e) beidh na huibhe glan agus oiriúnach mar bhia do dhaoine.

[EN]

(2) Gach duine dhéanfaidh no thrialfaidh uibhe do chonsighniú contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so.

[EN]

(3) Gach duine iompróidh, ar aon tslí, aon uibhe consighneofar contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so mara gcruthuighidh an duine sin ná raibh a fhios aige agus ná féadfadh sé, do réir réasúin, a fhios do bheith aige gur contrárdha don alt so do consighníodh na huibhe sin.

[EN]

(4) Gach duine bheidh ciontach i gcionta fé aon fho-alt den alt so dlighfear, ar a chiontú ann ar an slí achmair, fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar caoga punt no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh téarma ar bith nach sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

[EN]

(5) Ní bhainfidh an t-alt so le huibhe do chonsighniú o áitreabh chláruithe mórdhíoltóra chláruithe go dtí áitreabh cláruithe mórdhíoltóra chláruithe eile do bhun díola do rinne an mórdhíoltóir cláruithe sin a céad-luaidhtear leis an mórdhíoltóir cláruithe eile sin fé réim agus do réir cheadúnais ar n-a dheonadh ag an Aire fén Acht so.

[EN]

(6) Ní dhéanfaidh éinní atá san alt so mórdhíoltóir cláruithe do chosc ar uibhe do chur dá láimh sa tslí orduithe do gheobhfar, nuair a tástálfar ina áitreabh chláruithe iad, do bheith neamhoiriúnach mar bhia do dhaoine no salach ar an taobh amuich.

[EN]

Comhachta cigirí maidir le huibhe do chonsighniú.

32.—(1) Beidh teideal ag cigire ar bith (fé réir an údaráis i scríbhinn a bheidh aige mar chigire den tsórt san do thaisbeáint má hiarrtar san air) chun dul isteach agus saorchead do bheith aige istigh gach tráth réasúnta—

[EN]

(a) in aon áitreabh cláruithe; no

[EN]

(b) in aon áitreabh ina ndeintear uibhe do dhíol no iad do thaisbeáint no do choimeád no do stóráil chun a ndíolta no 'na mbeidh cúis réasúnta ag an gcigire sin chun a chreidiúint no chun bheith amhrusach go ndeintear uibhe do dhíol no iad do thaisbeáint no do choimeád no do stóráil chun a ndíolta ann; no

[EN]

(c) in áitreabh éinne dheineann mar ghnó earraí d'iompar ar luach saothair; no

[EN]

(d) in aon stóras no áitreabh eile le héinne dheineann mar ghnó earraí do stóráil; no

[EN]

(e) ar aon phiara, cé, caladh, fánán no duga no in aon áitreabh duga; no

[EN]

(f) in aon luing, bád, bhaigín traenach, laraí mótair, trucail, no árthach no feithicil eile a húsáidtear chun earraí d'iompar.

[EN]

(2) Féadfaidh cigire ar bith gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh in aon áit dá luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so no in aon áit phuiblí, sé sin le rá:—

[EN]

(a) aon phacáiste do gheobhfar in aon áit acu san d'iniúchadh;

[EN]

(b) aon phacáiste den tsórt san d'oscailt 'na mbeidh cúis réasúnta aige chun a chreidiúint no chun bheith amhrusach uibhe do bheith ann;

[EN]

(c) aon uibhe do gheobhaidh in aon áit acu san do scrúdú, pe'ca i bpacáiste do sna huibhe sin no nach eadh;

[EN]

(d) gach ní no éinní acu so leanas do thógaint agus do bhreith leis gan íoc as an gcéanna, sé sin le rá:—

[EN]

(i) somplaí réasúnta d'aon uibhe do gheobhfar in aon áit acu san, pe'ca i bpacáiste do sna huibhe sin no nach eadh,

[EN]

(ii) somplaí réasúnta d'aon abhar pacála do gheobhfar in aon áit acu san,

[EN]

(iii) aon phacáiste d'uibhe no aon cheann no cinn d'aon phacáistí d'uibhe do gheobhfar in aon áit acu san;

[EN]

(e) aon phacáiste no aon uimhir de phacáistí do gheobhfar in aon áit acu san do choinneáil faid is gá san, do réir réasúin, chun crícheanna an ailt seo;

[EN]

(f) más i lámhaibh cairréaraí don phacáiste no do gach ceann no aon cheann no cinn de sna pacáistí coinneofar amhlaidh, ordú do thabhairt i scríbhinn don chairréaraí sin á thoirmeasc an pacáiste no na pacáistí sin d'iompar níos sia (ach amháin chun an chéanna do thabhairt thar n-ais chun an chonsighneora) má chítear don chigire ar an gcéanna do scrúdú go ndearnadh no gur trialadh an tAcht so no aon rialachán ar n-a dhéanamh fé do shárú maidir leis;

[EN]

(g) a éileamh ar dhuine ar bith a bheidh i bhfeighil aon ubh no aon phacáiste d'uibhe san áit sin ainmneacha agus teasmalta eile únaera no consighneora agus consighní na n-ubh san no an phacáiste sin do thabhairt dó.

[EN]

(3) Gach duine—

[EN]

(a) a choiscfidh no a bhacfaidh cigire agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá dtugtar dó leis an alt so, no

[EN]

(b) gurb eol dó ainm no teasmalta eile únaera, consighneora, no consighní aon ubh no aon phacáiste bheidh cigire i dteideal a iniúchadh fén alt so agus a dhiúltóidh don ainm no do sna teasmalta eile sin do thabhairt don chigire, no

[EN]

(c) do bhéarfaidh don chigire go toiliúil no ar nós cuma-liom aon ainm no eolas eile, bréagach no mí-threorach, maidir le haon únaer, consighneoir, no consighní den tsórt san,

[EN]

beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint.

[EN]

(4) Gach duine dhéanfaidh no thrialfaidh aon phacáiste d'uibhe do chonsighniú no d'iompar go dtí aon áit, in Éirinn no lasmuich dhi, agus cigire tar éis ordú do thabhairt fén alt so á thoirmeasc é iompar níos sia, beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air.

[EN]

(5) Má bheireann cigire ordú fén alt so do chairréaraí á thoirmeasc aon phacáiste áirithe d'uibhe d'iompar níos sia, beidh sé de dhualgas ar an gcigire sin, marab é an cairréaraí únaer an phacáiste, a chur in úil do chonsighneoir an phacáiste, chó luath agus is féidir é tar éis an orduithe do thabhairt, gur tugadh an t-ordú amhlaidh.

[EN]

(6) Má thógann cigire aon tsompla no pacáiste fén alt so beidh sé de dhualgas ar an gcigire sin an tógaint sin do chur in úil don únaer no don chonsighneoir agus don chonsighní (más rud é agus sa mhéid gurb eol dó a n-ainmneacha agus a seolta no gur féidir dó, do réir réasúin, iad d'fháil amach) agus fós, más in áitreabh cairréaraí no stórasóra do rinneadh an tógaint sin, don chairréaraí no don stórasóir sin.

[EN]

(7) Má chítear don Aire, ar aon phacáiste tógfar fén alt so do scrúdú, go ndearnadh sárú no gur trialadh sárú do dhéanamh ar an Acht so no ar rialachán ar n-a dhéanamh fé, maidir leis an bpacáiste sin, geallbhruidfear an pacáiste sin don Aire, agus in aon chás eile cuirfear an pacáiste de láimh do réir mar ordóidh an consighneoir no, cheal orduithe uaidh, díolfar é agus íocfar sochar glan an díola san leis an gconsighneoir.

[EN]

(8) Ní bheidh an tAire ná cigire ar bith freagarthach in aon chailliúint no damáiste no moill réasúnta thiocfaidh as cigire d'fheidhmiú aon chomhachta dá dtugtar dó leis an alt so, agus ní luighfidh aon aicsean i gcoinnibh an chonsighneora ná éinne eile i dtaobh ná alos aon chailliúna no damáiste no moille réasúnta den tsórt san.

[EN]

(9) Le linn do chigire bheith ag feidhmiú na gcomhacht a bheirtear dó leis an alt so in áitreabh aon chuideachtan bóthair iarainn no loingis, déanfa sé do réir na n-éilithe réasúnta san ón gcuideachtain is gá chun ná déanfaí cosc ná cur isteach ar oibriú an tráchta san áitreabh san.

[EN]

(10) Uibhe geallbhruidfear don Aire fén alt so, déanfar, i gcás iad do bheith neamh-oiriúnach mar bhia do dhaoine, iad do dhíthiú no déanfaidh an tAire, in aon chás eile, iad do dhíol agus, d'ainneoin éinní atá san Acht so, féadfar iad do dhíol amhlaidh le miondíoltóirí no le mórdhíoltóirí cláruithe agus féadfaid san iad do cheannach.

[EN]

(11) An sochar glan a gheobhfar as na huibhe uile díolfar fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so déanfar é d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste sa tslí sin ordóidh an tAire Airgeadais.

[EN]

(12) Chun críche an ailt seo, pé uair do bhéarfar ordú do chairréaraí fén alt so á thoirmeasc pacáiste d'uibhe d'iompar níos sia agus go mbeidh an pacáiste, an tráth do bhéarfar an t-ordú, ládálta i luing no i bhaigín traenach, ní tuigfear gur hiompruíodh an pacáiste sin níos sia contrárdha don ordú san i gcás an phacáiste sin d'iompar ar an luing sin no sa bhaigín sin má chruthuíonn an cairréaraí sin—

[EN]

(a) go ndearna sé, chó luath agus a bhí caoi aige air, an pacáiste sin do chur thar n-ais go dtí an port no an stáisiún ag ar cuireadh é sa luing sin no sa bhaigín sin (do réir mar a bheidh) agus é chur i dtír no é sheachadadh ag an bport san no ag an stáisiún san, agus

[EN]

(b) go raibh an pacáiste sin, ón tráth do tugadh an t-ordú san go dtí go ndearnadh an pacáiste sin do chur thar n-ais agus do chur i dtír no do sheachadadh amhlaidh, i gcúram an chairréaraí sin amháin agus nár hoscladh é agus nár baineadh leis in aon tslí.

[EN]

(13) San alt so—

[EN]

foluíonn on focal “áit” long, bád no árthach eile agus foluíonn sé freisin bhaigín traenach, mótar-laraí, trucail no feithicil eile;

[EN]

foluíonn an focal “pacáiste” pacáiste go mbeifear ar tí é chonsighniú no bheidh ullamh chun é chonsighniú no é tharchur agus pacáiste bheidh seachadtha cheana dá chonsighní agus fós pacáiste bheidh i gcúrsa a iompartha o chonsighneoir go dtí consighní no o áit ghnótha amháin le duine go dtí áit ghnótha eile leis an duine céanna.

[EN]

Ceadúnaisí chun uibhe d'easportáil.

33.—(1) Féadfaidh an tAire, ar iarratas o dhuine ar bith sa bhfuirm agus sa tslí orduithe, ceadúnas do dheonadh don duine sin chun na consighneachta d'uibhe luadhfar sa cheadúnas d'easportáil chun an chonsighní sin agus den bhealach san agus fé réir na gcoinníollacha san a luadhfar sa cheadúnas.

[EN]

(2) Oibreoidh ceadúnas a deonfar fén alt so chun a údarú don duine dá ndeonfar é an chonsighneacht d'uibhe luadhfar ann d'easportáil do réir téarmaí an cheadúnais.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire, tráth ar bith sara n-easportálfar consighneacht d'uibhe bheidh luaidhte i gceadúnas, an ceadúnas a bhaineann leis an gconsighneacht san do cheiliúradh.

[EN]

(4) Má dheineann duine ar bith dá ndeonfar ceadúnas fén alt so aon cheann de théarmaí no de choinníollacha an cheadúnais sin do shárú beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so.

[EN]

(5) Gach duine do bhéarfaidh le tuisgint go bréagach, trí mharc ar an gconsighneacht no ar shlí eile, aon chonsighneacht áirithe d'uibhe do bheith á heasportáil fé cheadúnas ar n-a dheonadh fén alt so beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so.

[EN]

(6) Gach duine bheidh ciontach i gcionta fé aon fho-alt den alt so dlighfear, ar a chiontú ann ar an slí achmair, fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar fiche punt.

[EN]

(7) Íocfar leis an Aire ar gach iarratas ag lorg ceadúnais fén alt so táille den mhéid orduithe agus beidh íoc cuibhe na táille sin ina choinníoll nach foláir a chólíonadh sara mbreithneoidh an tAire an t-iarratas.

[EN]

Comhachta oifigeach custum agus máil.

34.—Féadfaidh aon oifigeach custum agus máil uibhe ar bith, a bheidh á n-easportáil no go mbeifear ag triail iad d'easportáil contrárdha don Acht so, do choinneáil agus do ghabháil agus chuige sin féadfaidh pacáiste ar bith d'oscailt ina mbeidh uibhe no 'na mbeidh amhrus aige uibhe do bheith ann, agus na forálacha den Customs Consolidation Act, 1876, i dtaobh earraí gheobhfar fén Acht san d'ordú do bheith geallbhruidthe agus do chur de láimh beidh feidhm agus éifeacht acu maidir leis na hearraí uile gheobhfar fén Acht so fé is dá mba fén Customs Consolidation Act, 1876, adubhradh, do gheobhfaí na hearraí sin.

[EN]

Rialacháin chun uibhe do thástáil, do ghrádáil agus do phacáil in áitreabhacha mórdhíoltóirí.

35.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh maidir le háitreabhacha mórdhíoltóirí cláruithe, i dtaobh gach ní no aon ní no nithe acu so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) gach ní no aon ní no nithe bhaineann leis an modh agus leis an slí ina dtástálfar uibhe agus an aimsear tar éis iad d'fháil gur laistigh di a tástálfar amhlaidh iad;

[EN]

(b) gach ní no aon ní no nithe bhaineann leis an modh agus leis an slí ina ngrádálfar uibhe;

[EN]

(c) gach ní no aon ní no nithe bhaineann leis an modh agus leis an slí ina bpacálfar uibhe agus na habhair agus na pacáistí a húsáidfear chun iad do phacáil;

[EN]

(d) na grádanna agus na saghsanna ubh a féadfar no ná féadfar a phacáil san aon phacáiste amháin;

[EN]

(e) toirmeasc do chur le haon ghrádanna no saghsanna áirithe ubh do phacáil;

[EN]

(f) na saghsanna ubh a féadfar no ná féadfar a thabhairt isteach san áitreabh;

[EN]

(g) na háiteanna ina ndéanfar agus na tráthanna déanfar uibhe, a bheidh le heasportáil, do thaisbeáint chun a scrúduithe.

[EN]

(2) Féadfar rialacháin deifriúla do dhéanamh fén alt so i dtaobh ubh a consighneofar chun iad d'easportáil agus i dtaobh ubh ná consighneofar amhlaidh.

[EN]

(3) Na huibhe uile tástálfar, a grádálfar agus a pacálfar in aon áitreabh mhórdhíoltóra chláruithe tástálfar, grádálfar agus pacálfar iad i ngach slí do réir na rialachán a bheidh déanta fén alt so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.

[EN]

(4) Gach duine dhéanfaidh éinní, tré ghníomh no tré fhaillí, contrárdha d'aon rialachán a bheidh déanta fén alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighhear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneaíl ná raghaidh thar fiche punt.

[EN]

Comhacht don Aire chun bealach na heasportála do cheapadh.

36.—(1) Pé uair is deimhin leis an Aire é bheith riachtanach san do dhéanamh chun iniúchadh ubh no pacáistí ubh fén Acht so do chur in usacht, féadfaidh, tré fhógra i scríbhinn ar n-a sheirbheáil ar mhórdhíoltóir chláruithe, a cheangal ar an mórdhíoltóir cláruithe sin an dá ní no ceachtar ní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

[EN]

(a) gan uibhe d'easportáil ach den bhealach no de cheann de sna bealaigh a luadhfar chuige sin sa bhfógra san;

[EN]

(b) na huibhe uile bheidh sé ar intinn d'easportáil do thaisbeáint chun a scrúduithe san áit agus an tráth a luadhfar sa tslí chéanna.

[EN]

(2) Gach mórdhíoltóir cláruithe ar a seirbheálfar fógra fén alt so déanfa sé do réir an fhógra san agus mara ndeinidh dá réir beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar caoga punt.

[EN]

E bheith oblagáideach daoine oilte d'fhostú.

37.—(1) Ní dleathach do mhórdhíoltóir chláruithe aon oibriúchán tástála, grádála ná pacála ubh do bheith ar siúl aige ná a leigint é bheith ar siúl in aon áitreabh ar ar dílseánach cláruithe é mara mbeidh an t-oibriúchán san i gcomhnaí fé mhaoirseacht agus fé stiúradh dhuine oilte.

[EN]

(2) Beidh sé de dhualgas ar gach mórdhíoltóir cláruithe—

[EN]

(a) duine oilte amháin ar a laighead do bheith ar fostú aige i ngach áitreabh cláruithe ar ar dílseánach cláruithe é, agus

[EN]

(b) ráiteas do thabhairt do Aire no do chigire, ar san d'iarraidh, i dtaobh an méid daoine oilte bheidh ar fostú ag an mórdhíoltóir cláruithe sin maraon leis an eolas san, i dtaobh gach duine oilte bheidh ar fostú amhlaidh, a bheidh ag teastáil ón Aire no ón gcigire sin.

[EN]

(3) Más duine oilte an mórdhíoltóir cláruithe féin agus go maoirsíonn agus go stiúrann sé na hoibriúcháin tástála, grádála agus pacála ubh in áitreabh chláruithe ar ar dílseánach cláruithe é, féadfa sé é féin d'áireamh mar dhuine oilte ar fostú aige chun crícheanna na bhfo-alt san roimhe seo den alt so agus leis sin beidh feidhm agus éifeacht ag an alt so fé is dá mba dhuine oilte den tsórt san ar fostú amhlaidh é.

[EN]

(4) Gach mórdhíoltóir cláruithe dhéanfaidh éinní (tré ghníomh no tré fhaillí) is sárú ar an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar fiche punt, agus ina theanta san, i gcás ar bith, fíneáil bhreise ná raghaidh thar deich bpúint in aghaidh gach seachtaine no coda de sheachtain a leanfar den chionta.

[EN]

(5) San alt so cialluíonn an abairt “duine oilte” duine atá oilte do réir bhrí an Achta so ar ghnó tástála, grádála agus pacála ubh.

[EN]

Rialacháin i dtaobh uibhe do mharcáil.

38.—(1) Féadfaidh an tAire le hordú rialacháin do dhéanamh á ordú cadiad na marcanna cuirfear ar gach pacáiste d'uibhe consighneofar o áitreabh mhórdhíoltóra cláruithe ar bith chun áite ar bith, in Éirinn no lasmuich dhi, chun gach ní no aon ní no nithe acu so leanas do thaisbeáint, sé sin le rá:—

[EN]

(a) grád na n-ubh a bheidh sa phacáiste sin;

[EN]

(b) an t-áitreabh inar pacáladh na huibhe sin;

[EN]

(c) i gcás ubh leasuithe, gur uibhe leasuithe iad;

[EN]

(d) gur in Éirinn do rugadh na huibhe;

[EN]

(e) éinní eile is dóich leis an Aire ba cheart a thaisbeáint ar an bpacáiste sin.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire le hordú rialacháin do dhéanamh á ordú cadiad na marcanna cuirfear ar gach ubh a consighneofar o áitreabh mhórdhíoltóra cláruithe ar bith chun áite ar bith, in Éirinn no lasmuich dhi, chun gach ní no aon ní no nithe acu so leanas do thaisbeáint, sé sin le rá:—

[EN]

(a) grád an uibh;

[EN]

(b) an t-áitreabh inar pacáladh é;

[EN]

(c) an tréimhse inar tástáladh an t-ubh no an tréimhse inar pacáladh an t-ubh san áitreabh san;

[EN]

(d) i gcás uibh leasuithe, gur ubh leasuithe é;

[EN]

(e) gur in Éirinn do rugadh an t-ubh;

[EN]

(f) éinní eile is dóich leis an Aire ba cheart a thaisbeáint ar an ubh.

[EN]

(3) Féadfar le rialacháin ar n-a ndéanamh fén alt so a ordú conus agus cad leis a déanfar na marcanna a hordófar fén alt so do chur ar na huibhe le n-a mbainfid.

[EN]

(4) Féadfar rialacháin deifriúla do dhéanamh fén alt so i dtaobh ubh a consighneofar chun iad d'easportáil agus i dtaobh ubh ná consighneofar amhlaidh.

[EN]

(5) Chun críche an oirid sin den alt so agus a bhaineann le n-a thaisbeáint tré mharcanna cadé an t-áitreabh inar pacáladh uibhe, féadfaidh an tAire marc fé leith do cheapadh do gach áitreabh mhórdhíoltóra chláruithe fé leith, agus féadfaidh, leis na rialacháin a déanfar fén alt so, a chur mar cheangal na marcanna ceapfar amhlaidh d'úsáid mar mharc chun a thaisbeáint cadé an t-áitreabh inar pacáladh pacáistí no uibhe.

[EN]

(6) Chun críche an oirid sin den alt so agus a bhaineann le n-a thaisbeáint tré mharcanna cadé an tréimhse inar tástáladh uibhe no cadé an tréimhse inar pacáladh uibhe, féadfaidh an tAire o am go ham, tré fhógra ar n-a fhoillsiú san Iris Oifigiúil agus sna páipéirí nuachta agus sna tréimhseacháin sin is dóich leis is ceart, marcanna fé leith do cheapadh chun tréimhsí áirithe do thaisbeáint, agus féadfaidh, leis na rialacháin a déanfar fén alt so, a chur mar cheangal na marcanna ceapfar amhlaidh d'úsáid mar mharcanna chun a thaisbeáint, maidir le huibhe do thástáil no do phacáil, cadiad na tréimhsí gur ina dtaobh a bheidh na marcanna san fé seach ceaptha amhlaidh.

[EN]

(7) Déanfar na huibhe uile glacfar in aon áitreabh mhórdhíoltóra cláruithe agus na pacáistí ina bpacálfar san áitreabh san iad do mharcáil i ngach slí do réir forálacha an ailt seo agus do réir na rialachán a bheidh déanta fé agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.

[EN]

(8) Má cuirtear marc a bheidh orduithe fén alt so ar aon uibhe no ar aon phacáistí d'uibhe i gcás ar bith ná beidh a chur amhlaidh údaruithe leis an alt so no leis na rialacháin a bheidh déantá fé no ná beidh a chur amhlaidh do réir an ailt seo no na rialachán san tuigfear a chur amhlaidh do bheith ina thuairisc thrádála bhréagaigh do réir bhrí na nAchtanna Marcanna Earraí Ceannaíochta, 1887 go 1931, agus beidh feidhm dá réir sin ag na hAchtanna san, le n-a n-áirmhítear forálacha peannaideacha an chéanna.

[EN]

(9) Chun críche an ailt seo tuigfear marc do chur ar ubh no ar phacáiste d'uibhe má deintear amhlaidh do réir bhrí na nAchtanna Marcanna Earraí Ceannaíochta, 1887 go 1931.

[EN]

An consighní do chur éislinní in úil don Aire.

39.—(1) Féadfaidh an tAire le hordú rialacháin do dhéanamh á cheangal ar gach mórdhíoltóir cláruithe scríbhinn sa bhfuirm a hordófar leis na rialacháin sin do chur, sara gconsighnítear é, i ngach pacáiste d'uibhe bheidh sé ar intinn a chonsighniú chun áite ar bith in Éirinn no lasmuich dhi, scríbhinn á iarraidh ar chonsighní an phacáiste sin aon éislinní gheobha sé sa phacáiste sin no sna huibhe bheidh ann no i bpacáil na n-ubh san ann do chur in úil don Aire.

[EN]

(2) Gach mórdhíoltóir cláruithe ná déanfaidh do réir aon rialacháin áirithe bheidh déanta fén alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so, agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

[EN]

Srian leis na marcanna orduithe do chur ar uibhe no ar phacáisti d'uibhe.

40.—(1) Gach marc a ceangailtear no a húdaruítear leis an Acht so no fé do chur ar aon uibhe no ar aon phacáiste d'uibhe isé chuirfidh ar an gcéanna é ná dílseánach an áitreibh ina ndéanfar, no inar gá, an marc san do chur amhlaidh no duine ar fostú ag an dílseánach san agus údarás aige uaidh chuige sin.

[EN]

(2) Ní dleathach do dhuine ar bith, seachas na daoine luaidh tear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so, na marcanna luaidhtear sa bhfo-alt san do chur ar aon ubh ná ar aon phacáiste d'uibhe.

[EN]

(3) Gach duine chuirfidh aon mharc ar aon ubh no ar aon phacáiste d'uibhe contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar fiche punt no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh téarma ar bith nach sia ná trí mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

[EN]

(4) Chun críche an ailt seo, tuigfear marc do chur ar ubh no ar phacáiste d'uibhe má deintear amhlaidh do réir bhrí na nAchtanna Marcanna Earraí Ceannaíochta, 1887 go 1931.

[EN]

Meáchaintí do mharcáil ar uibhe.

41.—(1) I gcás pacáiste ina mbeidh uibhe do bheith marcálta—

[EN]

(a) le marc (dá ngairmtear grád-mharc san alt so) a bheidh orduithe fén Acht so mar mharc d'uibhe de ghrád áirithe, agus

[EN]

(b) le marc (dá ngairmtear marc meáchana san alt so) chun a thaisbeáint nach lugha meáchaint gach uibh fé leith sa phacáiste ná an mheácaint a bheidh orduithe mar mheáchaint mhinimum d'uibhe den ghrád a cuirfear in úil leis an ngrád-mharc,

[EN]

ní dleathach do mhórdhíoltóir chláruithe an pacáiste do chonsighniú chun áite ar bith, in Éirinn no lasmuich dhi, maran rud é nach lugha meáchaint gach uibh fé leith sa phacáiste ná an mheáchaint a cuirfear in úil leis an marc meáchana.

[EN]

(2) Má dheineann no má thrialann duine ar bith uibhe do chonsighniú contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air másé an chéad chionta den tsórt san aige é, agus másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar fiche punt no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh téarma ar bith nach sia ná trí mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

CUID IV.

Srianta le hUibhe do Cheannach agus do Dhiol.

[EN]

Uibhe úra agus uibhe den dara cáilíocht.

42.—(1) Féadfaidh an tAire le hordú rialacháin do dhéanamh chun gach críche no aon chríche no crícheanna acu so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) chun caighdeán d'ordú le haghaidh ubh úr;

[EN]

(b) chun caighdeán d'ordú le haghaidh ubh den dara cáilíocht;

[EN]

(c) chun na marcanna d'ordú cuirfear ar uibhe chun a thaisbeáint gur uibhe den dara cáilíocht iad;

[EN]

(d) chun na slí d'ordú ina gcuirfear na marcanna san ar uibhe.

[EN]

(2) San Acht so cialluíonn an abairt “uibhe úra” uibhe den chaighdeán a bheidh orduithe fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so le haghaidh ubh úr, agus cialluíonn an abairt “uibhe den dara cáilíocht” uibhe den chaighdeán a bheidh orduithe fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so le haghaidh ubh den dara cáilíocht.

[EN]

(3) Ní dleathach d'aon mhórdhíoltóir chláruithe ná d'aon mhiondíoltóir uibhe ar bith den dara cáilíocht do dhíol ná do thairisgint ná do thaisbeáint chun a ndíolta ná iad do chonsighniú chun áite ar bith (in Éirinn no lasmuich dhi) mara mbeidh na huibhe sin marcálta leis na marcanna agus sa tslí bheidh orduithe fén alt so chun a thaisbeáint gur uibhe den dara cáilíocht iad.

[EN]

(4) Ní dleathach d'aon mhórdhíoltóir chláruithe uibhe ar bith is uibhe den dara cáilíocht do choinneáil ina sheilbh tar éis deireadh an ama orduithe chun uibhe do thástáil mara mbeidh na huibhe sin marcálta leis na marcanna agus sa tslí bheidh orduithe fén alt so chun a thaisbeáint gur uibhe den dara cáilíocht iad.

[EN]

(5) Ní dleathach d'aon mhiondíoltóir uibhe ar bith den dara cáilíocht do bheith ar seilbh aige tar éis deireadh na tréimhse bheidh orduithe fén Acht so chun é do scrúdú ubh mara mbeidh na huibhe sin marcálta leis na marcanna agus sa tslí bheidh orduithe fén alt so chun a thaisbeáint gur uibhe den dara cáilíocht iad.

[EN]

(6) Gach duine dhéanfaidh éinní (tré ghníomh no tré fhaillí) is sárú ar an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar caoga punt no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh téarma ar bith nach sia ná sé mhí, no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

[EN]

Uibhe atá neamhoiriúnach mar bhia do dhaoine.

43.—Na huibhe uile ná beidh ar a laighead do réir an chaighdeáin a bheidh orduithe fén Acht so le haghaidh ubh den dara cáilíocht tuigfear, chun crícheanna an Achta so, iad do bheith neamh-oiriúnach mar bhia do dhaoine, agus déanfar na tagairtí uile atá san Acht so d'uibhe atá neamh-oiriúnach mar bhia do dhaoine do léiriú agus beidh éifeacht acu dá réir sin.

[EN]

Srianta le huibhe do cheannach agus do dhíol ina mórchoda.

44.—(1) Ní dleathach do dhuine ar bith uibhe d'fháil chun iad do dhíol ina mórchoda maran rud é—

[EN]

(a) gur mórdhíoltóir cláruithe no deighleálaí cláruithe é, no

[EN]

(b) gur fé réim agus do réir cheadúnais chuige sin ar n-a dheonadh dhó fén alt so do gheobha sé na huibhe sin amhlaidh.

[EN]

(2) Ní dleathach do dhuine ar bith uibhe do dhíol ina mórchoda ná uibhe do chonsighniú ná do thairisgint ná do thaisbeáint chun a ndíolta ina mórchoda maran rud é—

[EN]

(a) gur mórdhíoltóir cláruithe no deighleálaí cláruithe é, no

[EN]

(b) gur táirgtheoir é, no

[EN]

(c) gur fé réim agus do réir cheadúnais chuige sin ar n-a dheonadh dhó fén alt so bheidh na huibhe á ndíol amhlaidh no á gconsighniú no á dtairisgint no á dtaisbeáint amhlaidh aige.

[EN]

(3) Ní dleathach do mhórdhíoltóir chláruithe uibhe do dhíol le mórdhíoltóir cláruithe eile ach amháin fé réim agus do réir cheadúnais chuige sin ar n-a dheonadh fén Acht so.

[EN]

(4) Ní dleathach do mhórdhíoltóir chláruithe uibhe d'fháil maran rud é—

[EN]

(a) gur o dheighleálaí chláruithe do gheobha sé na huibhe, no

[EN]

(b) gur o tháirgtheoir do gheobha sé na huibhe, no

[EN]

(c) gur o mhórdhíoltóir chláruithe eile agus fé réim agus do réir cheadúnais chuige sin ar n-a dheonadh fén Acht so gheobha sé na huibhe.

[EN]

(5) Gach duine dhéanfaidh éinní (tré ghníomh no tré fhaillí) is sárú ar an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar caoga punt no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

[EN]

(6) Féadfaidh an tAire aon cheadúnas no ceadúnaisí acu so leanas do dheonadh do dhuine ar bith, sé sin le rá:—

[EN]

(a) ceadúnas chun uibhe d'fháil chun iad do dhíol ina mórchoda, no

[EN]

(b) ceadúnas chun uibhe do dhíol ina mórchoda agus chun uibhe do chonsighniú, do thairisgint agus do thaisbeáint chun a ndíolta ina mórchoda, no

[EN]

(c) más mórdhíoltóir cláruithe an té dá ndeonfar an ceadúnas, ceadúnas chun uibhe do dhíol le mórdhíoltóir eile,

[EN]

agus féadfaidh an tAire pé coinníollacha do chur ag gabháil le haon cheadúnas den tsórt san is dóich leis is ceart agus a luadhfaidh sa cheadúnas san, agus féadfaidh an tAire tráth ar bith aon cheadúnas den tsórt san do cheiliúradh.

[EN]

Srianta le deighleálaithe cláruithe d'fháil ubh.

45.—(1) Ní dleathach d'aon deighleálaí chláruithe uibhe d'fháil chun a n-athdhíolta, ina mórchoda no ina mionchoda, maran rud é—

[EN]

(a) gur o tháirgtheoir do gheobha sé na huibhe amhlaidh, no

[EN]

(b) gur fé réim agus do réir cheadúnais ar n-a dheonadh ag an Aire fén alt so do gheobha sé na huibhe amhlaidh.

[EN]

(2) Gach duine do gheobhaidh uibhe no thrialfaidh uibhe d'fháil contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar fiche punt no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh téarma ar bith nach sia ná trí mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire ceadúnas do dheonadh d'aon deighleálaí chláruithe, chun uibhe d'fháil chun a n-athdhíolta, fé réir na gcoinníollacha san is oiriúnach leis an Aire, agus féadfaidh tráth ar bith an ceadúnas san do cheiliúradh.

[EN]

Srianta le deighleálaithe cláruithe do chur ubh de láimh.

46.—(1) Ní dleathach do dheighleálaí chláruithe uibhe do chur de láimh ar shlí seachas—

[EN]

(a) tré n-a ndíol le mórdhíoltóir cláruithe fé cheann na haimsire orduithe ón dáta ar a bhfuair an deighleálaí cláruithe sin na huibhe, no

[EN]

(b) tré n-a ndíol, ina mórchoda no ina mionchoda, fé réim agus do réir cheadúnais ar n-a dheonadh ag an Aire fén alt so.

[EN]

(2) Gach duine dhéanfaidh no thrialfaidh uibhe do chur de láimh contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar fiche punt no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh téarma ar bith nach sia ná trí mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire ceadúnas do dheonadh do dheighleálaí chláruithe, chun uibhe do chur de láimh tré n-a ndíol ina mórchoda no ina mionchoda, fé réir na gcoinníollacha san is oiriúnach leis an Aire, agus féadfaidh tráth ar bith an ceadúnas san do cheiliúradh.

[EN]

Fógra miondíoltóra.

47.—(1) Is dleathach don Aire fógra (dá ngairmtear fógra miondíoltóra san Acht so) sa bhfuirm orduithe do sheirbheáil no a chur fé ndeár é sheirbheáil ar dhuine ar bith ag á mbíonn gnó ar siúl no bheidh chun gnó do bheith ar siúl aige (dá ngairmtear san alt so an gnó le n-a mbaineann an t-alt so) ag miondíol ubh ar n-a gceannach o mhórdhíoltóirí cláruithe no o tháirgtheoirí no o mhórdhíoltóirí cláruithe amháin no o tháirgtheoirí amháin fógra á cheangal ar an duine sin a iarraidh ar an Aire, do réir an Achta so agus na rialachán a bheidh déanta fé, laistigh den am (nach giorra ná lá is fiche tar éis an fhógra san do sheirbheáil) a luadhfar chuige sin sa bhfógra san an duine sin agus an t-áitreabh ina mbíonn an gnó san ar siúl aige no ina mbeidh sé chun é bheith ar siúl aige do chlárú sa chlár de mhiondíoltóirí.

[EN]

(2) Pé uair a seirbheálfar fógra miondíoltóra fén alt so, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) déanfaidh an duine ar ar seirbheáladh an fógra san, laistigh den am a luadhfar chuige sin sa bhfógra san, a iarraidh ar an Aire do réir an Achta so an clárú san a luadhfar sa bhfógra san do dhéanamh sa chlár de mhiondíoltóirí;

[EN]

(b) má iarrann an duine sin go cuibhe do réir an ailt seo clárú do dhéanamh sa chlár de mhiondíoltóirí, déanfaidh an tAire an duine sin agus an t-áitreabh ina mbíonn an gnó le n-a mbaineann an t-alt so ar siúl aige no ina mbeidh beartuithe aige é bheith ar siúl aige do chlárú sa chlár san;

[EN]

(c) mara n-iarraidh an duine sin go cuibhe do réir an ailt seo an clárú san adubhradh do dhéanamh, ní dleathach don duine sin an gnó le n-a mbaineann an t-alt so do bheith ar siúl aige tar éis deireadh na haimsire gur laistigh di is gá do réir an ailt seo an t-iarratas san do dhéanamh.

[EN]

(3) Má bhíonn an gnó le n-a mbaineann an t-alt so ar siúl ag duine ar bith contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air maraon le fíneáil bhreise ná raghaidh thar cúig púint in aghaidh gach lae bheidh an gnó san ar siúl amhlaidh.

[EN]

Uibhe atá neamh-oiriúnach mar bhia do dhaoine do shealbhú, do dhíol, etc.

48.—(1) Ní dleathach do dhuine ar bith aon uibhe atá neamhoiriúnach mar bhia do dhaoine do dhíol ná do thairisgint ná do thaisbeáint chun a ndíolta ná iad do chonsighniú chun áite ar bith in Éirinn no lasmuich dhi.

[EN]

(2) Ní dleathach do mhórdhíoltóir chláruithe ar bith aon uibhe atá neamh-oiriúnach mar bhia do dhaoine do bheith ar seilbh aige tar éis an ama orduithe chun mórdhíoltóirí cláruithe do thástáil ubh mara mbeidh na huibhe sin marcálta agus curtha i leataoibh chun iad do chur de láimh sa tslí orduithe.

[EN]

(3) Ní dleathach do dheighleálaí chláruithe ar bith aon uibhe atá neamh-oiriúnach mar bhia do dhaoine do bheith ar seilbh aige tar éis deireadh an ama orduithe chun deighleálaithe cláruithe do chur ubh de láimh tar éis iad d'fháil.

[EN]

(4) Ní dleathach do mhiondíoltóir ar bith aon uibhe atá neamhoiriúnach mar bhia do dhaoine do bheith ar seilbh aige tar éis deireadh an ama orduithe chun miondíoltóirí do scrúdú ubh tar éis iad d'fháil.

[EN]

(5) Gach duine dhéanfaidh sárú, tré ghníomh no tré fhaillí, ar aon fho-alt den alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar caoga punt no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

[EN]

(6) Má cúisítear deighleálaí cláruithe i gcionta fén alt so agus gur sárú ar fho-alt (1) den alt so an gníomh go ndeirtear gurb é an cionta é, beidh sé ina chosaint mhaith ar an gcúiseamh san an deighleálaí cláruithe sin dá chruthú ná raibh a fhios aige na huibhe do bheith neamh-oiriúnach mar bhia do dhaoine agus gur dhíol sé iad laistigh den am orduithe chun iad do chur de láimh tar éis iad d'fháil.

[EN]

Uibhe salacha do shealbhú, do dhíol, etc.

49.—(1) Ní dleathach do dhuine ar bith aon uibhe bheidh salach ar an taobh amuich do dhíol ná do thairisgint ná do thaisbeáint chun a ndíolta ná iad do chonsighniú chun áite ar bith in Éirinn no lasmuich dhi.

[EN]

(2) Ní dleathach do dhuine ar bith aon uibhe bheidh salach ar an taobh amuich do cheannach chun a n-athdhíolta marar ceannuíodh na huibhe amhlaidh ina leithéid sin de chás ná féadfadh an duine sin do réir réasúin a fhios a bheith aige go raibh na huibhe salach ar an taobh amuich.

[EN]

(3) Ní dleathach do mhórdhíoltóir chláruithe ar bith aon uibhe bheidh salach ar an taobh amuich do bheith ar seilbh aige tar éis deireadh an ama orduithe chun mórdhíoltóirí cláruithe do thástáil ubh mara mbeidh na huibhe marcálta agus curtha i leataoibh chun iad do chur de láimh sa tslí orduithe.

[EN]

(4) Ní dleathach do dheighleálaí chláruithe ar bith aon uibhe bheidh salach ar an taobh amuich agus do fuair sé o tháirgtheoir do bheith ar seilbh aige.

[EN]

(5) Ní dleathach do mhiondíoltóir ar bith aon uibhe bheidh salach ar an taobh amuich do bheith ar seilbh aige tar éis deireadh an ama orduithe chun miondíoltóirí do scrúdú ubh tar éis iad d'fháil.

[EN]

(6) Gach duine dhéanfaidh sárú, tré ghníomh no tré fhaillí, ar aon fho-alt den alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar caoga punt no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

[EN]

(7) Má cúisítear deighleálaí cláruithe i gcionta fén alt so agus gur sárú ar fho-alt (1) no ar fho-alt (2) den alt so an gníomh go ndeirtear gurb é an cionta é beidh sé ina chosaint mhaith ar an gcúiseamh san an deighleálaí cláruithe sin dá chruthú gur o dheighleálaí cláruithe eile a fuair sé na huibhe.

[EN]

Uibhe do chosaint ar an aimsir agus ar thruailliú.

50.—(1) Féadfaidh an tAire le hordú rialacháin do dhéanamh chun ceachtar críche no chun an dá chrích acu so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) chun a thoirmeasc uibhe do dhíol no do thairisgint no do thaisbeáint chun a ndíolta no iad do choimeád no do stóráil go dtí go ndíolfar iad in aon fhoirgint, feithicil, no áit eile no fé choinníollacha ná tugann cosaint dóthanach do sna huibhe ar fhliuchra, ar thaise, ar shalachar agus ar theas agus ar aimsir mhí-oiriúnach agus ar thruailliú d'aon tsaghas;

[EN]

(b) chun a chur in áirithe go mbeidh ag uibhe bheidh le díol cosaint dóthanach ar fhliuchra, ar thaise, ar shalachar agus ar theas agus ar thruailliú de gach saghas faid a bheid stórálta no á gcoimeád agus faid a bheid á dtairisgint no á dtaisbeáint chun a ndíolta agus faid a beifear á bpacáil no á n-iompar.

[EN]

(2) Gach duine dhéanfaidh éinní (tré ghníomh no tré fhaillí) is sárú ar rialachán a bheidh déanta fén alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar fiche punt no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh téarma ar bith nach sia ná trí mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

[EN]

Toirmeasc ar uibhe do nighe no do bhádhadh.

51.—(1) Ní dleathach do dhuine ar bith—

[EN]

(a) aon uibhe bheidh le díol do nighe ná iad do bhádhadh chun iad do ghlanadh, ná

[EN]

(b) aon mheaisín no úirlis, ar n-a cheapadh agus ar n-a dhéanamh go príomhdha chun uibhe do nighe no do ghlanadh, do bheith ar seilbh aige.

[EN]

(2) Gach duine dhéanfaidh éinní contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar fiche punt no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh téarma ar bith nach sia ná trí mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

[EN]

Rialacháin iomdha i dtaobh uibhe do cheannach, do dhíol, agus do chur de láimh.

52.—(1) Féadfaidh an tAire le hordú rialacháin do dhéanamh chun gach críche no aon chríche no crícheanna acu so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) chun a chur mar cheangal, maidir le huibhe éanlaithe tighis ina bplaosca a cheannóidh dílseánach cláruithe no ceannófar thar a cheann, gur do réir mheáchainte a ceannófar iad amhlaidh;

[EN]

(b) chun a cheangal ar dhílseánaigh chláruithe (i gcoitinne no d'aon aicme no aicmí áirithe) do gheobhaidh, pe'ca ina n-áitreabhacha cláruithe no in áit eile é, uibhe o tháirgtheoirí na nithe seo leanas do dhéanamh i dtaobh na n-ubh go léir do gheobhaid amhlaidh, sé sin le rá:—

[EN]

(i) na huibhe sin do chur, díreach ar iad d'fháil, i gcoimeádán, den dearadh agus de sna tuisí agus de sna habhair a luadhfar chuige sin sna rialacháin a déanfar fén alt so, do gheobhfar o dhéantóir a luadhfar amhlaidh agus é marcálta leis an marc a luadhfar amhlaidh, agus

[EN]

(ii) an nóta no an billín no an marc a luadhfar chuige sin sna rialacháin sin, á thaisbeáint cé hé an táirgtheoir o n-a bhfuarthas, agus cadé an dáta ar a bhfuarthas, na huibhe sa choimeádán san, agus ag tabhairt na mion-innste eile sin i dtaobh na n-ubh san a luadhfar amhlaidh, do chur i ngach coimeádán den tsórt san no air, agus

[EN]

(iii) lasmuich de chás dá bhforálfar a mhalairt leis na rialacháin, an nóta no an billín sin adubhradh do choimeád sa choimeádán san agus fós na huibhe uile do cuireadh ann amhlaidh do choimeád ann go dtí go dtógfar amach as iad in áitreabh chláruithe mórdhíoltóra chláruithe chun iad do thástáil agus do ghrádáil, agus

[EN]

(iv) gach nóta agus billín a cuirfear sa choimeádán san do bhun na rialachán do choimeád ar feadh an ama orduithe agus sa tslí orduithe;

[EN]

(c) chun a chur mar cheangal go ndéanfar uibhe (seachas uibhe pacálfar in áitreabh chláruithe mórdhíoltóra chláruithe) a consighneofar, a tairgfear no taisbeánfar chun a ndíolta do phacáil sa tslí sin agus leis na habhair phacála san a luadhfar chuige sin sna rialacháin a déanfar fén alt so;

[EN]

(d) chun a chur mar cheangal go ndéanfar uibhe (seachas uibhe pacálfar in áitreabh chláruithe mórdhíoltóra chláruithe no deighleálaí chláruithe) a consighneofar, a tairgfear no taisbeánfar chun a ndíolta do mharcáil sa tslí sin agus leis an marc san a luadhfar chuige sin sna rialacháin a déanfar fén alt so;

[EN]

(e) chun a chur mar cheangal go ndéanfar na pacáistí ina bpacálfar uibhe (seachas uibhe pacálfar in áitreabh chláruithe mórdhíoltóra chláruithe) a consighneofar, a tairgfear no taisbeánfar chun a ndíolta do mharcáil sa tslí sin agus leis an marc san a luadhfar chuige sin sna rialacháin a déanfar fén alt so;

[EN]

(f) chun a chur mar cheangal, maidir leis na huibhe go léir a díolfar no consighneofar, a tairgfear, a taisbeánfar, no fógrófar chun a ndíolta no forchuntasófar roimh a seachadadh no tar éis a seachadadh ar díol, gur fé thuairisc a luadhfar chuige sin sna rialacháin a déanfar fén alt so a déanfar iad do dhíol, no iad do chonsighniú, do thairisgint, do thaisbeáint, d'fhógairt no d'fhorchuntasú amhlaidh (do réir mar a bheidh);

[EN]

(g) chun a thoirmeasc uibhe do choimeád in áitreabh chláruithe ar feadh tréimhse is sia ná an tréimhse mhaximum a luadhfar sna rialacháin a déanfar fén alt so agus a bhainfidh leis na huibhe sin;

[EN]

(h) chun a cheangal ar gach dílseánach cláruithe, no ar gach dílseánach cláruthe ar áitreabh a bheidh cláruithe i gclár áirithe, go mbeidh aon uibhe ina sheilbh go dtoirmeasctar leis an Acht so iad do dhíol gan na huibhe sin do chur de láimh ach i slí luadhfar chuige sin sna rialacháin a déanfar fén alt so.

[EN]

(2) Chun críche an mhéide sin den alt so bhaineann le huibhe do mharcáil, féadfaidh an tAire (in ionad marcanna, á chur in úil cadé an tréimhse inar tástáladh no inar scrúduíodh uithe no cadé an tréimhse inar pacáladh uibhe, d'ordú le rialacháin ar n-a ndéanamh fén alt so) féadfaidh o am go ham, tré fhógra ar n-a fhoillsiú san Iris Oifigiúil agus sna páipéirí nuachta agus sna tréimhseacháin sin is dóich leis is ceart, marcanna fé leith do cheapadh chun tréimhsí áirithe do chur in úil agus féadfaidh, leis na rialacháin a déanfar fén alt so, a chur mar cheangal na marcanna ceapfar amhlaidh d'úsáid mar mharcanna chun a chur in úil, maidir le huibhe do thástáil no do scrúdú no do phacáil, cadiad na tréimhsí gur ina dtaobh a bheidh na marcanna san fé seach ceaptha amhlaidh.

[EN]

(3) Gach duine dhéanfaidh éinní (tré ghníomh no tré fhaillí) is sárú ar rialachán ar n-a dhéanamh fén alt so beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar fiche punt.

[EN]

(4) Gach duine atharóidh no agha-loitfidh no scriosfaidh no thógfaidh gan údarás dleathach—

[EN]

(a) aon mharc a bheidh curtha ar aon ubh, pacáiste no coimeádán do bhun rialachán ar n-a ndéanamh fén alt so, no

[EN]

(b) aon nóta, billín, no marc a bheidh curtha in aon choimeádán no air do bhun rialachán den tsórt san,

[EN]

beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná trí mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

CUID V.

Srianta maidir le hUibhe do Leasu.

[EN]

An clár de leasuitheoirí atá á choimeád fé sna hAchtanna Tora Talmhaíochta (Uibhe), 1924 agus 1930, do bhuanú.

53.—(1) Ar thosach feidhme an Achta so agus dá éis sin—

[EN]

(a) an clár atá á choimeád do bhun na nAchtanna Tora Talmhaíochta (Uibhe), 1924 agus 1930, agus dá ngairmtear sna hAchtanna san clár na leasuitheoirí (dá ngairmtear an seana-chlár san alt so) tiocfa sé chun bheith agus beidh sé ina chlár de leasuitheoirí bheidh le coimeád fén Acht so; agus

[EN]

(b) gach áitreabh do bhí cláruithe sa tseana-chlár díreach roimh thosach feidhme an Achta so tiocfa sé chun bheith agus beidh sé, amhail ón tosach feidhme sin amach agus gan aon iarratas chuige sin, cláruithe sa chlár de leasuitheoirí bheidh le coimeád do bhun an Achta so agus tuigfear é bheith cláruithe amhlaidh fén Acht so agus beidh feidhm agus éifeacht ag an Acht so maidir leis dá réir sin; agus

[EN]

(c) gach duine do bhí díreach roimh thosach feidhme an Achta so, cláruithe sa tseana-chlár mar dhílseánach ar áitreabh do bhí cláruithe ann tiocfa sé chun bheith agus beidh sé, amhail ón tosach feidhme sin amach agus gan aon iarratas chuige sin, cláruithe sa chlár de leasuitheoirí bheidh le coimeád do bhun an Achta so mar dhílseánach ar an áitreabh san agus tuigfear é bheith cláruithe amhlaidh fén Acht so agus beidh feidhm agus éifeacht ag an Acht so maidir leis dá réir sin.

[EN]

Toirmeasc ar uibhe do leasú mar ghnó in áitreabh neachláruithe.

54.—(1) Ní dleathach do dhuine ar bith an gnó san uibhe do leasú, pe'ca tré fhuar-stóráil no tré stóráil cheimiciúil no tré phicleáil no ar shlí eile é, do bheith ar siúl aige mar thrádáil no chun brabús do dhéanamh in áitreabh ná beidh cláruithe sa chlár de leasuitheoirí.

[EN]

(2) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar caoga punt no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

[EN]

Rialacháin ghenerálta i dtaobh uibhe leasuithe do mharcáil.

55.—(1) Féadfaidh an tAire rialacháin (dá ngairmtear sa Chuid seo den Acht so na rialacháin ghenerálta i dtaobh uibhe leasuithe do mharcáil) do dhéanamh i dtaobh gach ní no aon ní no nithe acu so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) na marcanna bheidh ar uibhe cuirfear no consighneofar go dtí aon áitreabh, no a tógfar as aon áitreabh, a bheidh cláruithe sa chlár de leasuitheoirí;

[EN]

(b) an modh ina gcuirfear agus na meáin tré n-a gcuirfear na marcanna san ar na huibhe sin.

[EN]

(2) Féadfar marcanna deifriúla d'ordú fén alt so maidir le saghsanna deifriúla ubh chun a thaisbeáint cadé an chóireáil atá beartuithe do chur no do cuireadh ar na huibhe sin san áitreabh san.

[EN]

Toirmeasc ar uibhe neamarcálta do chur amach no do ghlacadh.

56.—(1) Fé réir forálacha an ailt seo, ní dleathach do dhuine ar bith aon uibhe do chur ná do chonsighniú go dtí aon áitreabh, ná do sheachadadh in aon áitreabh, a bheidh cláruithe sa chlár de leasuitheoirí agus iad, le linn a gcurtha amach no a gconsighnithe no a seachadtha amhlaidh, gan bheith marcálta do réir na rialachán generálta i dtaobh uibhe leasuithe do mharcáil.

[EN]

(2) Fé réir forálacha an ailt seo, ní dleathach do leasuitheoir chláruithe glacadh ina áitreabh chláruithe le seachadadh aon ubh ná beidh marcálta do réir na rialachán generálta i dtaobh uibhe leasuithe do mharcáil ná aon uibhe ná beidh marcálta amhlaidh do ghlacadh isteach san áitreabh san.

[EN]

(3) Gach duine dhéanfaidh éinní (tré ghníomh no tré fhaillí) is sárú ar an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar fiche punt no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná trí mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire le hordú a dhearbhú ná beidh feidhm ná éifeacht ag na forálacha san roimhe seo den alt so maidir le huibhe do leasuíodh no bheidh le leasú ar shlí áirithe luadhfar san ordú san, agus pé uair a déanfar aon ordú den tsórt san agus a bheidh sé i bhfeidhm ní bheidh feidhm ná éifeacht ag na forálacha san maidir le huibhe do leasuíodh no bheidh le leasú ar an slí áirithe luadhfar san ordú san.

[EN]

(5) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, le hordú, ceiliúradh no leasú no atharú do dhéanamh ar aon ordú bheidh déanta aige roimhe sin fén alt so, le n-a n-áirmhítear ordú bheidh déanta amhlaidh fén bhfo-alt so.

[EN]

Toirmeasc ar uibhe neamarcálta do thógaint, etc.

57.—(1) Ní dleathach do leasuitheoir chláruithe aon uibhe do dhíol, do chonsighniú ná do thógaint ar shlí eile as a áitreabh cláruithe mara mbeidh ar na huibhe sin go soiléir so-leighte na marcanna oiriúnacha bheidh orduithe leis na rialacháin ghenerálta i dtaobh uibhe leasuithe do mharcáil.

[EN]

(2) Ní dleathach do dhuine ar bith aon uibhe d'fháil ag aon áitreabh no as aon áitreabh a bheidh cláruithe sa chlár de leasuitheoirí mara mbeidh ar na huibhe sin go soiléir so-léighte na marcanna oiriúnacha bheidh orduithe leis na rialacháin ghenerálta i dtaobh uibhe leasuithe do mharcáil ná glacadh le seachadadh aon ubh as áitreabh ar bith den tsórt san mara mbeidh na marcanna san go soiléir so-léighte ar na huibhe sin.

[EN]

(3) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag na forálacha san roimhe seo den alt so maidir le haon uibhe ná bainfidh forálacha an ailt deiridh sin roimhe seo leo de bhuadh orduithe ar n-a dhéanamh ag an Aire fén alt san.

[EN]

(4) Gach duine dhéanfaidh éinní (tré ghníomh no tré fhaillí) is sárú ar an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar fiche punt no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná trí mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

[EN]

Toirmeasc ar mharcanna do bhaint, etc., d'uibhe leasuithe.

58.—Gach duine dhéanfaidh—

[EN]

(a) marc a bheidh orduithe leis na rialacháin ghenerálta i dtaobh uibhe leasuithe do mharcáil do bhaint no do scriosadh d'aon ubh no d'atharú air, no

[EN]

(b) aon ubh do dhíol no do thairisgint no do thaisbeáint chun a dhíolta agus marc, a bheidh orduithe leis na rialacháin ghenerálta i dtaobh uibhe leasuithe do mharcáil, bainte no scriosta dhe no atharuithe air,

[EN]

beidh sé, mara gcruthuighe sé go ndearna sé amhlaidh gan intinn calaois do dhéanamh, ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar fiche punt no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná trí mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.