[EN]

harp.jpg


Uimhir 26 de 1987


[EN]

AN tACHT UM STÁDAS LEANAÍ, 1987


RIAR NA nALT

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Alt

1.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

2.

Léiriú.

3.

Ní bheidh éifeacht ag stádas pósta tuismitheoirí ar an ngaol atá idir daoine.

4.

Forléiriú tagairtí do dhaoine ar phós nó nár phós a dtuismitheoirí a chéile, etc.

5.

An bhrí atá le hathair, máthair, tuismitheoir in Achtanna Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann, 1956 agus 1986.

CUID II

Leasú ar Acht 1931

6.

Míniú (Cuid II).

7.

Leasú ar alt 1 d'Acht 1931.

CUID III

Caomhnóireacht

8.

Míniú (Cuid III).

9.

Leasú ar alt 2 d'Acht 1964.

10.

Atharthacht a chruthú in imeachtaí áirithe.

11.

Leasú ar alt 6 d'Acht 1964.

12.

Cumhacht cúirte aithreacha áirithe a cheapadh mar chaomhnóirí.

13.

Leasú ar alt 11 d'Acht 1964.

CUID IV

Cothabháil

14.

Míniú (Cuid IV).

15.

Tuismíocht atá faoi dhíospóid in imeachtaí cothabhála, etc.

16.

Leasú ar alt 3 d'Acht 1976.

17.

Leasú ar alt 5 d'Acht 1976.

18.

Ordú cothabhála (soláthar le haghaidh leanaí cleithiúnacha áirithe).

19.

Leasú ar alt 6 d'Acht 1976.

20.

Orduithe i leith comhaontuithe áirithe eile.

21.

Caiteachais i ndáil le breith agus sochraid linbh chleithiúnaigh.

22.

Leasú ar alt 23 d'Acht 1976.

23.

Leasú ar alt 24 d'Acht 1976.

24.

Leasú ar an Acht Cosanta, 1954.

25.

Aisghairm Acht 1930 agus forálacha iarmhartacha.

CUID V

Cearta Maoine

26.

Míniú (Cuid V).

27.

Forléiriú diúscairtí, etc.

28.

Leasú ar alt 3 d'Acht 1965.

29.

Cearta comharbais.

30.

Teideal chuig deonú probháide nó riaracháin.

31.

Leasú ar alt 117 d'Acht 1965.

32.

Aisghairm i ndáil le cearta maoine.

CUID VI

Dearbhuithe Tuismíochta

33.

Mínithe (Cuid VI).

34.

Dlínse agus láthair (Cuid VI).

35.

Dearbhú tuismíochta.

36.

Forálacha d'fhorlíonadh alt 35.

CUID VII

Tástálacha Fola le linn Tuismíocht a bheith á Cinneadh in Imeachtaí Sibhialta

37.

Mínithe (Cuid VII).

38.

Ordú ón gcúirt maidir le tástálacha fola.

39.

Toiliú le samplaí fola agus tógáil na samplaí sin.

40.

Tástálacha fola agus tuarascálacha.

41.

Rialacháin chun éifeacht a thabhairt don Chuid seo.

42.

Mainneachtain déanamh de réir ordaithe i dtaobh tástálacha fola.

43.

Pionós as pearsanú chun críocha tástála fola.

CUID VIII

Toimhdí agus Forálacha maidir le Fianaise

44.

Aisghairm toimhde dlisteanachta nó neamhdhlisteanachta.

45.

Cinneadh tuismíochta mar fhianaise in imeachtaí eile.

46.

Toimhdí atharthachta agus neamh-atharthachta.

47.

Inghlacthacht fianaise áirithe.

CUID IX

Clárú agus Athchlárú Breitheanna

48.

Athchlárú breithe tar éis dearbhaithe tuismíochta.

49.

Leasú ar an Births and Deaths Registration Act (Ireland), 1880.

50.

Forléiriú agus comhlua (Cuid IX).


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Uchtála, 1952

1952, Uimh. 25

Na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1976

An tAcht um Lán-Aois, 1985

1985, Uimh. 2

Births and Deaths Registration Act (Ireland), 1880

43 agus 44 Vict., c. 13

Na hAchtanna um Chlárú Breitheanna agus Básanna, 1863 go 1972

Acht na gCúirteanna, 1981

1981, Uimh. 11

An tAcht Cosanta, 1954

1954, Uimh. 18

An tAcht Cosanta (Leasú) (Uimh. 2), 1979

1979, Uimh. 28

Evidence Further Amendment Act, 1869

32 agus 33 Vict., c. 68

An tAcht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976

1976, Uimh. 11

Friendly Societies Act, 1896

59 agus 60 Vict., c. 25

An tAcht um Chaomhnóireacht Naíon, 1964

1964, Uimh. 7

An tAcht Sláinte, 1970

1970, Uimh. 1

Acht na Leanbhaí Tabhartha (Orduithe Athairíochta), 1930

1930, Uimh. 17

Industrial and Provident Societies Act, 1893

56 agus 57 Vict., c. 39

Achtanna Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann, 1956 agus 1986

An tAcht Dlisteanais, 1931

1931, Uimh. 13

An tAcht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1956

1956, Uimh. 10

Provident Nominations and Small Intestacies Act, 1883

46 agus 47 Vict., c. 47

Savings Banks Act, 1887

50 agus 51 Vict., c. 40

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981

1981, Uimh. 1

An tAcht Comharbais, 1965

1965, Uimh. 27

Superannuation Act, 1887

50 agus 51 Vict., c. 67

harp.jpg


Uimhir 26 de 1987


AN tACHT UM STÁDAS LEANAÍ, 1987

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO CHOTHROMÚ CEARTA LEANAÍ AGUS DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LENA STÁDAS AGUS CHUN NA gCRÍOCH SIN DO LEASÚ AN DLÍ A BHAIN-EANN LE DLISTEANACHT AGUS LE CAOMHNÓIR-EACHT NAÍON, DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA UM AN DLÍ TEAGHLAIGH (COTHABHÁIL CÉILÍ AGUS LEANAÍ), 1976, I nDÁIL LE LEANAÍ ÁIR-ITHE AGUS DO LEASÚ TUILLEADH AN DLÍ AN DLÍ A BHAIN-EANN LE COTHABHÁIL, DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE CEARTA COMHARBAIS AGUS MAOINE EILE, DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH DEARBHUITHE TUISMÍOCHTA AGUS I dTAOBH ÚSÁID TÁSTÁLACHA FOLA D'FHONN CUIDIÚ LE CINNEADH TUISMÍOCHTA, DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE TOIMHDÍ AGUS FIANAISE ÁIRITHE, DO DHÉANAMH SOCRÚ BREISE DO CHLÁRÚ AGUS D'ATHCHLÁRÚ BREITHEANNA AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I d'TAOBH NITHE COMHGHAOLMHARA.

[14 Nollaig, 1987]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

[EN]

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1.—(1) Féadfar an tAcht um Stádas Leanaí, 1987, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) (a)  Tiocfaidh an Chuid seo (seachas ailt 3 agus 4) i ngníomh ar dháta rite an Achta seo agus tiocfaidh na hailt sin 3 agus 4 i ngníomh mí amháin tar éis an dáta rite sin.

[EN]

(b)  Tiocfaidh Codanna II go IX i ngníomh sé mhí tar éis dháta rite an Achta seo nó ar cibé lá nó laethanta is luaithe ná sin (nach lá is luaithe ná mí amháin tar éis an dáta rite sin) a shocrófar chuige sin le hordú nó orduithe ón Aire Dlí agus Cirt, go ginearálta nó faoi threoir aon Choda nó Codanna áirithe.

[EN]

Léiriú.

2.—San Acht seo, aon tagairt do Chuid is tagairt í do Chuid den Acht seo mura n-éilíonn an comhthéacs gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

[EN]

Ní bheidh éifeacht ag stádas pósta tuismitheoirí ar an ngaol atá idir daoine.

3.—(1) Le linn aon ghaol a bheith á rianú chun críocha an Achta seo nó aon Achta de chuid an Oireachtais a rithfear tar éis thosach feidhme an ailt seo, déanfar, mura léir gurb é a mhalairt atá beartaithe, an gaol atá idir gach duine agus a athair agus a mháthair (nó ceachtar acu) a chinneadh is cuma cé acu atá nó a bhí a athair agus a mháthair pósta ar a chéile, agus is dá réir sin a chinnfear gach gaol eile.

[EN]

(2) (a)  Maidir le duine uchtaithe, measfar, chun críocha fho-alt (1) den alt seo, gurb é leanbh an uchtaitheora nó na n-uchtaitheoirí é ó dháta an uchtaithe agus nach leanbh le haon duine nó le haon daoine eile é.

[EN]

(b)  San fho-alt seo ciallaíonn “duine uchtaithe” duine a uchtaíodh faoi na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1976, nó, i gcás gur lasmuigh den Stát a uchtaíodh an duine, duine a bhfuil a uchtáil aitheanta de bhua an dlí atá i bhfeidhm de thuras na huaire sa Stát.

[EN]

Forléiriú tagairtí do dhaoine ar phós nó nár phós a dtuismitheoirí a chéile, etc.

4.—San Acht seo agus i ngach Acht den Oireachtas a rithfear tar éis thosach feidhme an ailt seo—

[EN]

(a) déanfar tagairt, cibé caoi a shainítear í, do dhuine nár phós a thuismitheoirí a chéile a fhorléiriú, mura léir a mhalairt a bheith beartaithe, mar thagairt a fholaíonn tagairt do dhuine a bhfuil nó a raibh a thuismitheoirí pósta ar a chéile ach nach raibh aon phósadh ar marthain eatarthu tráth ar bith le linn na tréimhse deich mí sular rugadh an duine, nó le linn shaol an duine, agus

[EN]

(b) déanfar tagairt, cibé caoi a shainítear í, do dhuine ar phós a thuismitheoirí a chéile a fhorléiriú, mura léir a mhalairt a bheith beartaithe, mar thagairt a eisíonn tagairt do dhuine a bhfuil feidhm ag mír (a) den alt seo maidir leis.

[EN]

An bhrí atá le hathair, máthair, tuismitheoir in Achtanna Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann, 1956 agus 1986.

5.—Dearbhaítear leis seo, i ndáil le leanbh, go bhfolaíonn, agus go measfar gur fholaigh riamh, aon tagairt do “athair”, “máthair” nó “tuismitheoir” in Achtanna Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann, 1956 agus 1986, an t-athair, an mháthair nó an tuismitheoir, de réir mar is gá sa chás, nach raibh pósta ar thuismitheoir eile an linbh an tráth a rugadh an leanbh nó tráth ar bith sa tréimhse deich mí sular rugadh é.

[EN]

CUID II

Leasú ar Acht 1931

[EN]

Míniú (Cuid II).

6.—Sa Chuid seo ciallaíonn “Acht 1931” an tAcht Dlisteanais, 1931.

[EN]

Leasú ar alt 1 d'Acht 1931.

7.—(1) Aisghairtear leis seo alt 1 (2) d'Acht 1931 (a choisceann oibriú an Achta sin i gcás duine nach bhféadfadh a athair agus a mháthair a bheith pósta go dleathach ar a chéile an tráth a rugadh é nó tráth éigin sa tréimhse deich mí sular rugadh é).

[EN]

(2) I gcás duine lena mbaineann an t-alt seo, beidh éifeacht le hAcht 1931 ionann is dá gcuirfí tagairt do thosach feidhme na Coda seo in ionad na dtagairtí in ailt 1 (1) agus 5 den Acht sin do thosach feidhme an Achta sin.

[EN]

CUID III

Caomhnóireacht

[EN]

Míniú (Cuid III).

8.—Sa Chuid seo ciallaíonn “Acht 1964” an tAcht um Chaomhnóireacht Naíon, 1964.

[EN]

Leasú ar alt 2 d'Acht 1964.

9.—Leasaítear leis seo Acht 1964 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 2:

“Léiriú.

2.—(1) San Acht seo ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn ‘ordú uchtála’—

(a) ordú uchtála arna dhéanamh faoi na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1976, nó

(b) aon ordú arna dhéanamh, nó foraithne arna deonú, lasmuigh den Stát, lena ndéantar socrú maidir le huchtáil duine, agus atá aitheanta de bhua an dlí atá i bhfeidhm de thuras na huaire sa Stát,

agus atá i bhfeidhm de thuras na huaire;

ciallaíonn “Acht 1987” an tAcht um Stádas Leanaí, 1987;

folaíonn ‘athair’ fear-uchtaitheoir faoi ordú uchtála ach, faoi réir alt 11 (4) den Acht seo, ní fholaíonn sé athair naín nár phós máthair an naín sin mura rud é—

(a) go bhfuil ordú faoi alt 6A (arna chur isteach le hAcht 1987) i bhfeidhm i leith an naín sin, nó

(b) go bhfuil feidhm ag na himthosca atá leagtha amach i bhfo-alt (3) den alt seo;

forléireofar ‘naíon’ de réir alt 2 den Acht um Lán-Aois, 1985;

folaíonn ‘cothabháil’ oideachas;

folaíonn ‘máthair’ ban-uchtaitheoir faoi ordú uchtála;

ciallaíonn ‘tuismitheoir’ athair nó máthair mar a mhínítear leis an bhfo-alt seo;

ciallaíonn ‘caomhnóir tiomnach’ caomhnóir a ceapadh trí ghníomhas nó uacht;

folaíonn ‘leas’, i ndáil le naíon, leas creidimh, leas morálta, leas intleachta, leas coirp agus leas sóisialta an naín.

(2) Déanfar aon tagairt san Acht seo do naíon nár phós a athair agus a mháthair a chéile, cibé caoi a shainítear an tagairt sin, a fhorléiriú, ach amháin i gcás lena mbaineann fo-alt (3) den alt seo, de réir alt 4 d'Acht 1987.

(3) (a)  Is iad na himthosca dá dtagraítear i mír (b) den mhíniú ar ‘athair’ i bhfo-alt (1) den alt seo go ndeachaigh athair agus máthair an naín atá i gceist trí shearmanas pósta tráth éigin agus gurbh é an toradh a bhí ar an searmanas sin—

(i) pósadh in-neamhnithe ar deonaíodh foraithne neamhnithe ina leith tar éis bhreith an naín nó tráth éigin sa tréimhse deich mí roimh bhreith an naín, nó

(ii) pósadh neamhnitheach ar chreid an t-athair le réasún (cibé acu a chreid sé amhlaidh de bharr earráide dlí nó fíorais) gur pósadh bailí a bhí ann—

(I) i gcás gur roimh bhreith an naín a bhí an searmanas ann, tráth éigin sa tréimhse deich mí roimh bhreith an naín, nó

(II) i gcás gur tar éis bhreith an naín a bhí an searmanas ann, tráth an tsearmanais sin.

(b)  Toimhdeofar, chun críocha mhír (a) (ii) den fho-alt seo, mura suífear a mhalairt, gur chreid an t-athair le réasún go raibh pósadh bailí ann de thoradh an tsearmanais phósta lena mbaineann an mhír sin.”.

[EN]

Atharthacht a chruthú in imeachtaí áirithe.

10.—Leasaítear leis seo Acht 1964 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 3:

[EN]

“3A.—Más rud é, in aon imeachtaí os comhair aon chúirte i dtaobh iarratais ar ordú faoin Acht seo (seachas a mhéid sin d'aon imeachtaí a mbaineann alt 15 d'Acht 1987 leis) maidir le naíon nár phós a athair agus a mháthair a chéile, go líomhnaítear i leith duine (ar páirtí é sna himeachtaí), nó gó líomhnaíonn sé féin, gurb é athair an naín é ach nach ngéilleann páirtí sna himeachtaí don líomhain sin, ní dhéanfaidh an chúirt, ar an iarratas sin, aon ordú críochnaitheach a fhorchuireann aon oibleagáid ar an duine sin nó a thugann aon cheart dó mura gcruthófar gur dóichí gurb é athair an naín é:

[EN]

Ar choinníoll nach bhfuil feidhm ag an alt seo ach amháin sa chás ina mbaineann sé le hábhar sna himeachtaí gurb é an duine sin, nó nach é an duine sin, athair an naín.”.

[EN]

Leasú ar alt 6 d'Acht 1964.

11.—Leasaítear leis seo alt 6 d'Acht 1964 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

[EN]

“(4) I gcás nár phós máthair naín athair an naín, is í féin amháin, fad a mhaireann sí, a bheidh ina caomhnóir ar an naíon mura mbeidh ordú i bhfeidhm faoi alt 6A (arna chur isteach le hAcht 1987) den Acht seo nó mura mbeidh caomhnóir ceaptha ar shlí eile de réir an Achta seo.”.

[EN]

Cumhacht cúirte aithreacha áirithe a cheapadh mar chaomhnóirí.

12.—Leasaítear leis seo Acht 1964 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 6:

[EN]

“6A.—(1) I gcás nár phós athair agus máthar naín a chéile, féadfaidh an chúirt, ar iarratas ón athair, é a cheapadh le hordú chun bheith ina chaomhnóir ar an naíon.

[EN]

(2) Gan dochar d'fhorálacha ailt 5 (3) (arna chur isteach le hAcht na gCúirteanna, 1981), 8 (4) agus 12 den Acht seo, má cheapann an chúirt athair naín mar chaomhnóir ar an naíon faoin alt seo ní dhéanfaidh an ceapachán sin difear do cheapachán aon duine roimhe sin mar chaomhnóir ar an naíon faoi alt 8 (1) den Acht seo mura n-ordóidh an chúirt a mhalairt.

[EN]

(3) Socróidh rialacha cúirte nós imeachta speisialta maidir le hiarratas faoin alt seo a chinneadh—

[EN]

(a) i gcás go dtabharfaidh an mháthair a toiliú i scríbhinn leis an athair a cheapadh ina chaomhnóir, agus

[EN]

(b) i gcás go mbeidh an t-athair cláraithe mar an athair i gclár arna chothabháil faoi na hAchtanna um Chlárú Breitheanna agus Básanna, 1863 go 1987,

[EN]

agus beidh an nós imeachta sin chomh neamhfhoirmiúil agus is féidir agus i gcomhréir le riaradh an cheartais.”.

[EN]

Leasú ar alt 11 d'Acht 1964.

13.—Leasaítear leis seo alt 11 d'Acht 1964 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

[EN]

“(4) I gcás naíon nár phós a athair agus a mháthair a chéile beidh ag an athair, i gcás nach caomhnóir é ar an naíon, an ceart chun iarratas a dhéanamh faoin alt seo maidir le coimeád an naín agus ceart rochtana a athar nó a mháthar air agus chun na críche sin déanfar tagairtí san alt seo d'athair nó do thuismitheoir naín a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí dósan.”.

[EN]

CUID IV

Cothabháil

[EN]

Míniú (Cuid IV).

14.—Sa Chuid seo ciallaíonn “Acht 1976” an tAcht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976.

[EN]

Tuismíocht atá faoi dhíospóid in imeachtaí cothabhála, etc.

15.—Más rud é, in aon imeachtaí os comhair cúirte i ndáil le cothabháil linbh nó íoc cnapshuime i leith caiteachas maidir le breith nó sochraid linbh, go mbraitheann déanamh aon ordaithe chun an chothabháil sin a dheonú nó an chnapshuim sin a íoc, de réir mar a bheidh, ar chinneadh gur tuismitheoir ar an leanbh duine, ní dhéanfaidh an chúirt aon ordú den sórt sin sna himeachtaí sin mura gcruthófar gur dóichí gur tuismitheoir ar an leanbh an duine sin.

[EN]

Leasú ar alt 3 d'Acht 1976.

16.—Leasaítear leis seo alt 3 d'Acht 1976 i bhfo-alt (1)—

[EN]

(a) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “Cúirt”:

[EN]

“ciallaíonn ‘leanbh cleithiúnach’ aon leanbh (lena n-áirítear leanbh nach bhfuil a thuismitheoirí pósta ar a chéile) atá faoi bhun sé bliana déag d'aois, nó, má tá an aois sin slánaithe aige—

[EN]

(a) a bhfuil nó a mbeidh nó, dá ndéanfaí ordú faoin Acht seo do dhéanamh socrú le haghaidh íocaíochtaí tréimhsiúla lena chothú, a mbeadh oideachas nó teagasc lánaimsire á fháil aige in aon ollscoil, coláiste, scoil nó foras eile oideachais agus atá faoi bhun bliain is fiche d'aois, nó

[EN]

(b) a bhfuil an oiread sin de mhíchumas meabhrach nó coirp air nach féidir leis le réasún é féin a chothabháil go hiomlán;”,

[EN]

(b) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “leanbh cleithiúnach den teaghlach”:

[EN]

“ciallaíonn ‘leanbh cleithiúnach den teaghlach’, i ndáil le céile nó céilí, aon leanbh cleithiúnach—

[EN]

(a) leis an dá chéile, nó a d'uchtaigh an dá chéile faoi na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1976, nó a bhfuil an dá chéile in loco parentis maidir leis, nó

[EN]

(b) le ceachtar céile, nó a d'uchtaigh ceachtar céile faoi na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1976, nó a bhfuil ceachtar céile in loco parentis maidir leis, i gcás go bhfuil caite ag an gcéile eile, agus a fhios aige nach é tuismitheoir an linbh é, leis an leanbh mar dhuine den teaghlach;”,

[EN]

(c) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “ordú eatramhach”:

[EN]

“ciallaíonn ‘ordú cnapshuime’ ordú faoi alt 21A den Acht seo;”,

[EN]

(d) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “ordú cothabhála”:

[EN]

“ciallaíonn ‘ordú cothabhála’, de réir mar a éilíonn an comhthéacs, ordú faoi alt 5 nó 5A den Acht seo;”,

[EN]

agus

[EN]

(e) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach roimh an míniú ar “ordú athrúcháin”:

[EN]

“folaíonn ‘tuismitheoir’, i ndáil le leanbh cleithiúnach, duine a d'uchtaigh an leanbh faoi na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1976, ach ní fholaíonn sé duine is tuismitheoir ar an leanbh a uchtaíodh faoi na hAchtanna sin i gcás nach uchtaitheoir de chuid an linbh an duine;”.

[EN]

Leasú ar alt 5 d'Acht 1976.

17.—Leasaítear leis seo alt 5 d'Acht 1976—

[EN]

(a) i bhfo-alt (1) (c)—

[EN]

(i) trí “faoin alt seo” a chur isteach i ndiaidh “ordú cothabhála”, agus

[EN]

(ii) trí “den teaghlach” a chur isteach i ndiaidh “leanbh cleithiúnach”, gach áit a bhfuil sé,

[EN]

agus

[EN]

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

[EN]

“(4) Le linn don Chúirt bheith ag cinneadh an ndéanfaidh nó nach ndéanfaidh sí ordú cothabhála faoin alt seo agus, má chinneann sí é a dhéanamh, le linn di bheith ag cinneadh méid aon íocaíochta, beidh aird aici ar imthosca uile an cháis agus, go háirithe, ar na hábhair seo a leanas—

[EN]

(a) ioncam, cumas tuillimh (más ann), maoin agus acmhainní airgeadais eile—

[EN]

(i) na gcéilí agus aon leanaí cleithiúnacha den teaghlach, agus

[EN]

(ii) aon leanaí cleithiúnacha eile ar tuismitheoir orthu ceachtar céile,

[EN]

lena n-áirítear ioncam nó sochair a bhfuil teideal ag ceachtar céile nó ag aon leanaí den sórt sin chucu le reacht, nó faoi reacht, agus

[EN]

(b) freagrachtaí airgeadais agus freagrachtaí eile—

[EN]

(i) na gcéilí i leith a chéile agus i leith aon leanaí cleithiúnacha den teaghlach, agus

[EN]

(ii) gach céile mar thuismitheoir, i leith aon leanaí cleithiúnacha eile,

[EN]

agus riachtanais aon leanaí den sórt sin, lena n-áirítear aire agus aireachas.”,

[EN]

agus tá an fo-alt sin (1) (c), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(c) Sonrófar in ordú cothabhála faoin alt seo nó in ordú athrúcháin gach cuid d'íocaíocht faoin ordú ar le leanbh cleithiúnach den teaghlach a chothú í agus féadfar an tréimhse, le linn bheith beo don duine a d'iarr an t-ordú, a shonrú ann a ndéanfar an oiread sin d'íocaíocht faoin ordú, ar chun leanbh cleithiúnach den teaghlach a chothú é, a íoc ina haghaidh.

[EN]

Ordú cothabhála (soláthar le haghaidh leanaí cleithiúnacha áirithe).

18.—Leasaítear leis seo Acht 1976 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 5:

[EN]

“5A.—(1) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo, más rud é maidir le leanbh cleithiúnach nach bhfuil a thuismitheoirí pósta ar a chéile gur dealraitheach don Chúirt, ar iarratas chuici ó cheachtar tuismitheoir de chuid an linbh, go bhfuil mainnithe ag an tuismitheoir eile an chothabháil sin is cuí sna himthosca a sholáthar don leanbh, féadfaidh an Chúirt ordú a dhéanamh (dá ngairtear ordú cothabhála san Acht seo) á ordú don tuismitheoir eile íocaíochtaí tréimhsiúla, chun an leanbh sin a chothú mar a dúradh, a íoc leis an tuismitheoir iarrthach go ceann cibé tréimhse le linn don tuismitheoir iarrthach a bheith beo, agus de cibé méid agus ag cibé tráthanna, is cuí leis an gCúirt.

[EN]

(2) Faoi réir fho-ailt (3) agus (4) den alt seo más rud é, maidir le leanbh cleithiúnach nach bhfuil a thuismitheoirí pósta ar a chéile, gur dealraitheach don Chúirt, ar iarratas chuici ó aon duine seachas tuismitheoir, go bhfuil mainnithe ag tuismitheoir de chuid an linbh (nach leanbh é atá á chothabháil go hiomlán ag an tuismitheoir eile) an chothabháil sin is cuí sna himthosca a sholáthar don leanbh, féadfaidh an Chúirt ordú a dhéanamh (dá ngairtear ordú cothabhála san Acht seo) á ordú don tuismitheoir íocaíochtaí tréimhsiúla chun an leanbh a chothú a íoc leis an duine sin go ceann cibé tréimhse le linn don duine sin a bheith beo, agus de cibé méid agus ag cibé tráthanna, is cuí leis an gCúirt.

[EN]

(3) Le linn don Chúirt bheith ag cinneadh an ndéanfaidh nó nach ndéanfaidh sí ordú cothabhála faoin alt seo agus, má chinneann sí é a dhéanamh, le linn di bheith ag cinneadh méid aon íocaíochta, beidh aird aici ar imthosca uile an cháis agus, go háirithe, ar na hábhair seo a leanas—

[EN]

(a) ioncam, cumas tuillimh (más ann), maoin agus acmhainní airgeadais eile—

[EN]

(i) gach duine de na tuismitheoirí,

[EN]

(ii) an linbh chleithiúnaigh a bhfuil an t-ordú á iarraidh ina leith, agus

[EN]

(iii) aon leanaí cleithiúnacha eile de chuid ceachtar tuismitheoir,

[EN]

lena n-áirítear ioncam nó sochair a bhfuil teideal ag ceachtar tuismitheoir, ag an leanbh cleithiúnach a dúradh nó ag na leanaí cleithiúnacha eile den sórt sin chucu le reacht nó faoi reacht, agus

[EN]

(b) freagrachtaí airgeadais agus freagrachtaí eile gach duine de na tuismitheoirí—

[EN]

(i) i leith céile,

[EN]

(ii) i leith an linbh chleithiúnaigh a bhfuil an t-ordú á iarraidh ina leith, agus

[EN]

(iii) i leith aon leanaí cleithiúnacha eile de chuid ceachtar tuismitheoir,

[EN]

agus riachtanais aon linbh chleithiúnaigh a dúradh nó aon leanaí cleithiúnacha eile den sórt sin, lena n-áirítear aire agus aireachas.

[EN]

(4) Ní dhéanfaidh an Chúirt ordú cothabhála faoi fho-alt (2) den alt seo i ndáil le tuismitheoir linbh chleithiúnaigh má tá ordú cothabhála i bhfeidhm faoi fho-alt (1) den alt seo á cheangal ar an tuismitheoir sin íocaíochtaí tréimhsiúla a íoc chun an leanbh a chothú nó má tá soláthar déanta ag an tuismitheoir sin don leanbh trí chomhaontú a bhfuil, an tráth a éistfear an t-iarratas ar ordú faoin bhfo-alt sin (2) nó dá éis sin, íocaíochtaí le déanamh faoi agus a mbeidh ordú faoi alt 8A den Acht seo déanta i ndáil leis, mura rud é—

[EN]

(a) nach bhfuil an tuismitheoir ag déanamh de réir an ordaithe faoin bhfo-alt sin (1) nó de réir an chomhaontaithe, de réir mar a bheidh, agus

[EN]

(b) gur dóigh leis an gCúirt, ag féachaint do na himthosca uile, gur cuí déanamh amhlaidh,

[EN]

ach, má dhéanann an Chúirt an t-ordú faoin bhfo-alt sin (2), aon mhéideanna a bheidh le híoc faoin bhfo-alt sin (1) nó faoin gcomhaontú, de réir mar a bheidh, ar dháta déanta an ordaithe faoin bhfo-alt sin (2) nó dá éis sin, ní bheidh siad iníoctha.”.

[EN]

Leasú ar alt 6 d'Acht 1976.

19.—Leasaítear leis seo alt 6 d'Acht 1976, i bhfo-alt (3)—

[EN]

(a) trí “den teaghlach”, sa chéad áit a bhfuil sé, a scriosadh, agus

[EN]

(b) trí “chun críocha an ordaithe” a chur in ionad “den teaghlach”, mar a bhfuil sé go deireanach,

[EN]

agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(3) Beidh an chuid sin d'ordú cothabhála a dhéanann socrú chun leanbh cleithiúnach a chothú arna hurscaoileadh nuair a scoirfidh an leanbh de bheith ina leanbh cleithiúnach mar gheall ar shé bliana déag d'aois nó bliain is fiche d'aois, de réir mar a bheidh, a shlánú dó, agus urscaoilfidh an Chúirt í, ar iarratas a dhéanamh chuici faoi fho-alt (1) den alt seo, más deimhin léi go bhfuil scortha ar chúis ar bith ag an leanbh de bheith ina leanbh cleithiúnach chun críocha an ordaithe.

[EN]

Orduithe i leith comhaontuithe áirithe eile.

20.—Leasaítear leis seo Acht 1976 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 8:

[EN]

“8A.—I gcás—

[EN]

(a) go ndéanfaidh tuismitheoirí linbh chleithiúnaigh nach bhfuil pósta ar a chéile comhaontú i scríbhinn tar éis thosach feidhme Chuid IV den Acht um Stádas Leanaí, 1987, ina mbeidh ceachtar den dá fhoráil seo a leanas nó iad araon, is é sin le rá—

[EN]

(i) foráil trína ngeallann tuismitheoir íocaíochtaí tréimhsiúla a íoc i leith chothabháil an linbh,

[EN]

(ii) foráil, a dhéanann difear do leasanna an linbh, do rialú cearta agus dliteanais na dtuismitheoirí i leith a chéile maidir le híocaíochtaí (seachas íocaíochtaí a shonraítear i mír (a) (i) den alt seo) a íoc nó a urrú, nó do rialú diúscairt nó úsáid aon mhaoine,

[EN]

agus

[EN]

(b) go ndéanfaidh tuismitheoir amháin nó an dá thuismitheoir iarratas chun na hArd-Chúirte nó chun na Cúirte Cuarda ar ordú a dhéanfaidh riail cúirte den chomhaontú,

[EN]

féadfaidh an Chúirt ordú den sórt sin a dhéanamh más deimhin léi gur comhaontú cóir réasúnach é a leor-chosnaíonn, sna himthosca go léir, leasanna an linbh agus, a mhéid a bhainfidh an t-ordú sin le foráil a shonraítear i mír (a) (i) den alt seo, measfar, chun críocha alt 9 agus Chuid III den Acht seo, gur ordú cothabhála é.”.

[EN]

Caiteachais i ndáil le breith agus sochraid linbh chleithiúnaigh.

21.—(1) Leasaítear leis seo Acht 1976 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 21:

[EN]

“21A.—(1) Féadfaidh an Chúirt ordú a dhéanamh (dá ngairtear ordú cnapshuime san Acht seo) i gcás gur dealraitheach don Chúirt, ar iarratas—

[EN]

(a) i ndáil le leanbh cleithiúnach den teaghlach, ó chéile, nó

[EN]

(b) i ndáil le leanbh cleithiúnach nach bhfuil a thuismitheoirí pósta ar a chéile, ó thuismitheoir,

[EN]

go bhfuil mainnithe ag an gcéile eile nó ag an tuismitheoir eile, de réir mar a bheidh, an ranníoc sin is cuí sna himthosca a dhéanamh faoi chomhair na gcaiteachas a ghabh le ceachtar díobh seo a leanas nó leo araon—

[EN]

(i) breith linbh ar leanbh cleithiúnach é nó ar leanbh cleithiúnach a bheadh ann dá mbeadh sé beo tráth an iarratais ar ordú cnapshuime,

[EN]

(ii) sochraid linbh ar leanbh cleithiúnach é nó ar leanbh cleithiúnach a bheadh ann dá mbéarfaí beo é,

[EN]

agus in aon ordú cnapshuime ordófar don chéile is freagróir nó don tuismitheoir is freagróir, de réir mar a bheidh, cnapshuim nach mó ná £1,500 a íoc leis an iarratasóir, ach ní ordófar in aon ordú den sórt sin go n-íocfaí méid is mó ná £750 maidir le breith linbh lena mbaineann an t-alt seo ná £750 maidir le sochraid linbh den sórt sin.

[EN]

(2) Beidh feidhm ag alt 5 (4) (arna leasú leis an Acht um Stádas Leanaí, 1987) nó 5A (3) (arna chur isteach leis an Acht sin) den Acht seo, de réir mar is iomchuí, chun méid aon chnapshuime faoin alt seo a chinneadh amhail mar atá feidhm aige chun méid aon íocaíochta faoi alt 5 nó 5A den Acht seo, de réir mar is iomchuí a chinneadh.

[EN]

(3) (a) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo, cé is moite den fho-alt seo, dochar d'aon cheart atá ag duine airgead a caitheadh i ndáil le breith nó sochraid linbh a ghnóthú ar shlí eile.

[EN]

(b) I gcás cinneadh a bheith déanta ar iarratas ar ordú cnapshuime, ní bheidh an t-iarratasóir i dteideal airgead a ghnóthú ar shlí eile ón bhfreagróir i ndáil le hábhair a cinneadh amhlaidh.”.

[EN]

(2) Leasaítear leis seo alt 64 den Acht Sláinte, 1970, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

[EN]

“(3) Le linn bheith ag cinneadh an ndéanfaidh nó nach ndéanfaidh sí ordú faoi alt 21A den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976 (arna chur isteach leis an Acht um Stádas Leanaí, 1987), sa mhéid go mbaineann aon ordú den sórt sin le caitéachais a íoc a ghabh le breith linbh, ní chuirfidh an Chúirt Chuarda nó an Chúirt Dúiche, de réir mar a bheidh, san áireamh go bhfuil máthair an linbh i dteideal liúntais faoin alt seo.”.

[EN]

(3) Leasaítear leis seo alt 28 den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

[EN]

“(2) Le linn bheith ag cinneadh an ndéanfaidh nó nach ndéanfaidh sí ordú faoi alt 21A den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976 (arna chur isteach leis an Acht um Stádas Leanaí, 1987), sa mhéid go mbaineann aon ordú den sórt sin le caiteachais a íoc a ghabh le breith linbh, ní chuirfidh an Chúirt Chuarda nó an Chúirt Dúiche, de réir mar a bheidh, san áireamh go bhfuil máthair an linbh i dteideal liúntais mháithreachais.”.

[EN]

Leasú ar alt 23 d'Acht 1976.

22.—Leasaítear leis seo alt 23 d'Acht 1976 trí “ailt 5, 5A, 6, 7, 9 agus 21A” a chur in ionad “ailt 5, 6, 7 agus 9” i bhfo-alt (1) (a cuireadh isteach le hAcht na gCúirteanna, 1981), agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, beidh dlínse ag an gCúirt Chuarda agus ag an gCúirt Dúiche imeachtaí faoi ailt 5, 5A, 6, 7, 9 agus 21A den Acht seo a éisteacht agus a chinneadh.

[EN]

Leasú ar alt 24 d'Acht 1976.

23.—Leasaítear leis seo alt 24 d'Acht 1976 trí “nó 8A” a chur isteach i ndiaidh “alt 8” agus trí “faoi cheachtar de na hailt sin” a chur in ionad “faoin alt sin” agus tá an t-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

24.—Aon íocaíocht thréimhsiúil airgid a dhéanfar de bhun ordaithe cothabhála, ordaithe athrúcháin, ordaithe eatramhaigh, ordú faoi alt 8 nó 8A den Acht seo (a mhéid a mheastar faoi cheachtar de na hailt sin gur ordú cothabhála é) nó ordaithe astaithe tuillimh déanfar í gan cáin ioncaim a bhaint aisti.

[EN]

Leasú ar an Acht Cosanta, 1954.

24.—(1) Déanfar an tagairt in alt 98 (1) (d) den Acht Cosanta, 1954, d'ordú ó chúirt shibhialta faoi alt 3, 6 nó 7 d'Acht na Leanbhaí Tabhartha (Orduithe Athairíochta), 1930, a fhorléiriú mar thagairt d'ordú faoi alt 5A, 6, 7 nó 21A d'Acht 1976 (arna leasú leis an gCuid seo) nó d'ordú faoi alt 8A (arna chur isteach leis an gCuid seo) d'Acht 1976 (a mhéid a mheastar faoin alt sin gur ordú cothabhála é).

[EN]

(2) Déantar leis seó alt 99 (mar a thugtar réim dó maidir le mná de bhua ailt 2 agus 5 den Acht Cosanta (Leasú) (Uimh. 2), 1979) den Acht Cosanta, 1954 (a bhaineann le hasbhaintí as pá comhaltaí áirithe de na Buan-Óglaigh i leith céile nó leanaí dlisteanacha a chothabháil) a leasú trí “a chéile nó aon duine dá leanaí (lena n-áirítear aon duine dá leanaí nach tuismitheoir air a chéile agus aon leanaí a d'uchtaigh sé faoi na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1976)” a chur in ionad “a bhean chéile nó aon duine dá leanaí dlisteanacha” agus trí “an céile nó aon leanaí den sórt sin” a chur in ionad “an bhean chéile nó na leanaí dlisteanacha sin” i bhfo-alt (1).

[EN]

Aisghairm Acht 1930 agus forálacha iarmhartacha.

25.—(1) Aisghairtear leis seo Acht na Leanbhaí Tabhartha (Orduithe Athairíochta), 1930 (dá ngairtear “Acht 1930” ina dhiaidh seo san alt seo).

[EN]

(2) Aon ordú arna dhéanamh ag cúirt faoi fhorálacha Acht 1930 agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme na Coda seo measfar chun gach críche, sa mhéid go bhféadfadh an t-ordú sin a bheith déanta faoi alt 5A (arna chur isteach leis an gCuid seo) d'Acht 1976 dá mbeadh sé i ngníomh an tráth a rinneadh an t-ordú sin, gur ordú é a rinneadh faoin alt sin 5A.

[EN]

(3) Aon imeachtaí a bheidh tionscanta faoi fhorálacha Acht 1930 agus nach mbeidh críochnaithe roimh thosach feidhme na Coda seo measfar, chun gach críche, sa mhéid go bhféadfadh na himeachtaí sin a bheith tionscanta faoi alt 5A d'Acht 1976 dá mbeadh sé i bhfeidhm an tráth a tionscnaíodh iad, gur imeachtaí iad faoin alt sin 5A agus féadfar leanúint leo dá réir sin.

[EN]

(4) Ní dochar fo-ailt (2) agus (3) den alt seo d'aon imeachtaí a tionscnaíodh, nó d'aon ordú nó cuid d'ordú den sórt sin a rinneadh, faoi Acht 1930 ar imeachtaí, ordú nó cuid d'ordú iad nach mbaineann na fo-ailt sin leo.

[EN]

CUID V

Cearta Maoine

[EN]

Míniú (Cuid V).

26.—Sa Chuid seo ciallaíonn “Acht 1965” an tAcht Comharbais, 1965.

[EN]

Forléiriú diúscairtí, etc.

27.—(1) In aon diúscairt (lena n-áirítear diúscairt a bhunaíonn eastát sainoidhreachta) a dhéanfar tar éis thosach feidhme na Coda seo, déanfar tagairtí, cibé caoi a shainítear iad, don ghaol atá idir daoine a fhorléiriú de réir alt 3 den Acht seo.

[EN]

(2) Na forálacha seo a leanas d'alt 3 den Acht Dlisteanais, 1931, eadhon—

[EN]

(a) fo-alt (1) (b) (a bhaineann le héifeacht diúscairtí i gcás duine a bheith dlisteanaithe),

[EN]

(b) fo-alt (1) (c) (a bhaineann leis an éifeacht atá ag dlisteanú ar eastáit sainoidhreachta), agus

[EN]

(c) fo-alt (2) (a fhorálann, má bhíonn an ceart chun maoine ar bith ag brath ar shinsearacht choibhneasta leanaí aon duine, gurb í an tsinsearacht a bheidh ag daoine dlisteanaithe an tsinsearacht a bheadh acu dá mba ar dháta an dlisteanaithe a rugadh iad),

[EN]

ní bheidh feidhm acu—

[EN]

(i) i gcás an fho-ailt sin (1) (b), maidir le diúscairt a dhéanfar tar éis thosach feidhme na Coda seo,

[EN]

(ii) i gcás an fho-ailt sin (1) (c), i ndáil le haon teideal faoi eastát sainoidhreachta a bhunaítear le diúscairt a dhéanfar tar éis thosach feidhme na Coda seo, agus

[EN]

(iii) i gcás an fho-ailt sin (2), i ndáil le haon cheart a thugtar le diúscairt a dhéanfar tar éis thosach feidhme na Coda seo,

[EN]

seachas maidir le haon leas a dtagraíonn an diúscairt i ndáil leis do dhaoine ar daoine dlisteanacha iad nó a rianaítear an gaol eatarthu trí dhaoine dlisteanacha, agus do na daoine sin amháin.

[EN]

(3) Chun críche aon chirt mhaoine lena mbaineann an t-alt seo nó alt 4A (arna chur isteach leis an Acht seo) d'Acht 1965, déanfar forálacha alt 26 den Acht Uchtála, 1952 (a bhaineann le cearta maoine daoine a uchtaíodh faoi na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1976) a fhorléiriú mar thagairtí a bhaineann freisin le haon duine a uchtaíodh lasmuigh den Stát agus a bhfuil a uchtáil aitheanta de bhua an dlí atá i bhfeidhm de thuras na huaire sa Stát.

[EN]

(4) (a)  Faoi réir mhír (b) den fho-alt seo, ní dochar an t-alt seo d'alt 26 (arna fhorléiriú de réir fho-alt (3) den alt seo) den Acht Uchtála, 1952.

[EN]

(b)  Beidh duine uchtaithe i dteideal, mura léir gurb é a mhalairt atá beartaithe, glacadh a dhéanamh faoi dhiúscairt a dhéanfar tar éis thosach feidhme na Coda seo ar an gcaoi chéanna a mbeadh sé i dteideal an glacadh sin a dhéanamh dá mba rud é, ar dháta an ordaithe uchtála, gur de phósadh dleathach a rugadh é don duine nó do na daoine a d'uchtaigh amhlaidh é.

[EN]

(5) Aon riail dlí a deir go bhfuil diúscairt i bhfabhar leanaí neamhdhlisteanacha nach ann dóibh an tráth a dtiocfaidh an diúscairt in éifeacht, ar neamhní toisc é bheith in aghaidh beartais phoiblí, aisghairtear leis seo í maidir le diúscairtí den sórt sin a dhéanfar tar éis thosach feidhme na Coda seo.

[EN]

(6) I ndáil le haon diúscairt a rinneadh roimh thosach feidhme na Coda seo—

[EN]

(a) ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear d'oibriú nó d'fhorléiriú aon diúscartha a rinneadh amhlaidh ná d'aon teideal fúithi, agus

[EN]

(b) i gcás go mbunaíonn diúscairt den sórt sin cumhacht cheapacháin speisialta, ní dhéanfar aon ní san alt seo a léiriú mar ní a leathnaíonn an aicme daoine ar féidir an ceapachán a dhéanamh ina bhfabhar chun go n-áireofaí san aicme sin aon duine nach den aicme sin é.

[EN]

(7) (a)  San alt seo ciallaíonn “diúscairt”, diúscairt, lena n-áirítear diúscairt ó bhéal, ar mhaoin réadúil nó phearsanta cibé acu an inter vivos nó trí uacht nó trí chodaisíl í.

[EN]

(b)  D'ainneoin aon riail dlí, ní dhéanfar diúscairt a rinneadh trí uacht nó trí chodaisíl agus a forghníomhaíodh roimh thosach feidhme na Coda seo a áireamh, chun críocha an ailt seo, mar dhiúscairt arna déanamh ar an dáta sin nó dá éis de bhíthin amháin go ndaingnítear an uacht nó an chodaisíl le codaisíl arna forghníomhú ar an dáta sin nó dá éis.

[EN]

Leasú ar alt 3 d'Acht 1965.

28.—Leasaítear leis seo alt 3 d'Acht 1965—

[EN]

(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh an mhínithe ar “díthiomnóir”:

[EN]

“déanfar ‘sliocht’ a fhorléiriú de réir alt 4A (arna chur isteach leis an Acht um Stádas Leanaí, 1987);”,

[EN]

agus

[EN]

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

[EN]

“(1A) San Acht seo déanfar aon tagairt, cibé caoi a shainítear í, do dhuine ar phós nó nár phós a thuismitheoirí a chéile a fhorléiriú de réir alt 4 den Acht um Stádas Leanaí, 1987.”.

[EN]

Cearta comharbais.

29.—Leasaítear leis seo Acht 1965 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 4:

[EN]

“4A.—(1) Le linn aon ghaol a bheith á rianú chun críocha an Achta seo déanfar, faoi réir alt 27A den Acht seo (arna chur isteach le hAcht 1987), an gaol atá idir gach duine agus a athair agus a mháthair a chinneadh de réir alt 3 d'Acht 1987, agus is dá réir sin a chinnfear gach gaol eile.

[EN]

(2) I gcás duine nár phós a athair agus a mháthair a chéile d'fháil bháis agus é ina dhíthiomnóir, toimhdeofar nár mhair a athair, ná aon duine a raibh gaol aige leis trína athair, ina dhiaidh, mura suífear a mhalairt.

[EN]

(3) An tagairt in alt 75 (1) do Chuid VI agus an tagairt san alt sin 75 (1) do na forálacha roimhe sin den Chuid sin VI forléireofar iad, i ndáil le hionstraim inter vivos a dhéanfar, nó uacht a thiocfaidh i ngníomh, tar éis thosach feidhme Chuid V d'Acht 1987, mar thagairtí a fholaíonn tagairtí don alt seo.

[EN]

(4) Ní dochar an t-alt seo d'alt 26 (a bhaineann, mar a fhorléirítear é de réir alt 27 (3) d'Acht 1987, le cearta maoine daoine uchtaithe) den Acht Uchtála, 1952.

[EN]

(5) Ní dhéanfaidh an t-alt seo difear d'aon chearta faoi dhíthiomnacht duine a fhaigheann bás roimh thosach feidhme Chuid V d'Acht 1987.

[EN]

(6) San alt seo ciallaíonn ‘Acht 1987’ an tAcht um Stádas Leanaí, 1987.”.

[EN]

Teideal chuig deonú probháide nó riaracháin.

30.—Leasaítear leis seo Acht 1965 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 27:

[EN]

“27A.—Chun críche fheidhmiú alt 26 nó 27 maidir le heastát duine éagtha, toimhdeofar, mura suífear a mhalairt, nár mhair aon duine a raibh gaol aige leis an éagach i ndiaidh an éagaigh, ar duine é nár phós a thuismitheoirí a chéile nó ar duine é a rianaítear an gaol a bhí aige leis an éagach trí dhuine nár phós a thuismitheoirí a chéile.”

[EN]

Leasú ar alt 117 d'Acht 1965.

31.—Leasaítear leis seo alt 117 d'Acht 1965 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

[EN]

“(1A) (a) Aon iarratas a dhéanfar faoin alt seo de bhua Chuid V den Acht um Stádas Leanaí, 1987, breithneofar é de réir fho-alt (2) is cuma cé acu an roimh thosach feidhme na Coda sin V, nó dá éis sin, a d'fhorghníomhaigh an tiomnóir a uacht.

[EN]

(b) Ní dhéanfar aon ní i mír (a) a fhorléiriú mar ní a thugann ceart iarratas a dhéanamh faoin alt seo i ndáil le tiomnóir a fhaigheann bás roimh thosach feidhme na Coda sin V.”.

[EN]

Aisghairm i ndáil le cearta maoine.

32.—Déantar leis seo na forálacha de na hachtacháin seo a leanas a aisghairm a mhéid a shonraítear:

[EN]

(a) sa Provident Nominations and Small Intestacies Act, 1883, alt 8;

[EN]

(b) sa Savings Banks Act, 1887, na focail “, or in case of any illegitimacy of the deceased person or his children, to or among such person or persons as may be directed by the said regulations,” in alt 3 (2);

[EN]

(c) sa Superannuation Act, 1887, na focail “, or in case of the illegitimacy of the deceased person or his children, to or among such persons as the department may think fit,” in alt 8;

[EN]

(d) san Industrial and Provident Societies Act, 1893, alt 27 (2);

[EN]

(e) sa Friendly Societies Act, 1896, alt 58 (2);

[EN]

(f) san Acht Dlisteanais, 1931, ailt 1 (3) agus 9;

[EN]

(g) san Acht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1956, na focail “nó, i gcás neamhdhlisteanachta an éagaigh, í d'íoc le pé daoine, nó a roinnt orthu, is oiriúnach leis an údarás áitiúil,” in alt 61 (1) (e);

[EN]

(h) in Acht 1965, alt 110.

[EN]

CUID VI

Dearbhuithe Tuismíochta

[EN]

Mínithe (Cuid VI).

33.—Sa Chuid seo—

[EN]

ciallaíonn “an Chúirt” an Chúirt Chuarda;

[EN]

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacha cúirte.

[EN]

Dlínse agus láthair (Cuid VI).

34.—(1) Beidh dlínse ag an gCúirt dearbhú faoin gCuid seo a dheonú.

[EN]

(2) Is é duine a fheidhmeoidh an dlínse a thugtar don Chúirt leis an alt seo an breitheamh don chuaird ina gcónaíonn aon pháirtí sna himeachtaí de ghnáth nó ina seolann an páirtí sin aon ghairm, gnó nó slí bheatha nó, i gcás nach gcónaíonn aon pháirtí sna himeachtaí sa Stát de ghnáth nó nach seolann aon pháirtí aon ghairm, gnó nó slí bheatha sa Stát, is é duine a fheidhmeoidh í breitheamh a bheidh sannta do Chuaird Bhaile Átha Cliath.

[EN]

(3) An dlínse a thugtar leis an alt seo is dlínse í de bhreis ar aon dlínse eile chun dearbhú tuismíochta a dheonú nó ordú a dhéanamh a bhfuil éifeacht dearbhaithe den sórt sin leis.

[EN]

Dearbhú tuismíochta.

35.—(1) (a) Féadfaidh duine (seachas duine uchtaithe) a rugadh sa Stát, nó

[EN]

(b) féadfaidh aon duine eile (seachas duine uchtaithe),

[EN]

iarratas a dhéanamh chun na Cúirte, ar cibé modh a bheidh forordaithe, ar dhearbhú faoin alt seo á rá gurb é duine a bheidh ainmnithe san iarratas a athair nó a mháthair, de réir mar a bheidh, nó gurb iad a thuismitheoirí an bheirt a bheidh ainmnithe amhlaidh.

[EN]

(2) Féadfar iarratas a dhéanamh faoi fho-alt (1) den alt seo d'ainneoin nach maireann, nó go bhféadfadh nach maireann, aon duine a bheidh ainmnithe san iarratas mar athair nó máthair nó mar thuismitheoir, de réir mar a bheidh.

[EN]

(3) I gcás go ndéanfaidh duine nár rugadh sa Stát iarratas ar dhearbhú de bhua fho-alt (1) (b) den alt seo, sonróidh sé san iarratas na cúiseanna atá aige le dearbhú a iarraidh ón gCúirt, agus diúltóidh an Chúirt an t-iarratas a éisteacht nó diúltóidh sí leanúint dá éisteacht, de réir mar a bheidh, má mheasann sí tráth ar bith nach bhfuil aon chúiseanna maithe cuí ann leis an dearbhú a iarraidh.

[EN]

(4) I gcás go ndéanfaidh duine iarratas ar dhearbhú faoin alt seo trína neaschara, diúltóidh an Chúirt an t-iarratas a éisteacht nó diúltóidh sí leanúint dá éisteacht, de réir mar a bheidh, má mheasann an Chúirt tráth ar bith go mbeadh sé in aghaidh leasanna an iarratasóra an t-iarratas a chinneadh.

[EN]

(5) Ar iarratas chuici faoin alt seo féadfaidh an Chúirt, tráth ar bith le linn na n-imeachtaí, uaithi féin nó ar iarratas ó aon pháirtí sna himeachtaí, a ordú go ndéanfar na páipéir go léir is gá sa chás a chur chuig an Ard-Aighne.

[EN]

(6) Más rud é ar iarratas faoin alt seo go n-iarrfaidh an tArd-Aighne páirtí a dhéanamh de sna himeachtaí, ordóidh an Chúirt go gcuirfear mar pháirtí iontu é, agus, bíodh nó ná bíodh sé iarrtha aige, féadfaidh an tArd-Aighne aon cheist i ndáil leis an iarratas is dóigh leis an gCúirt is gá a argóint go hiomlán a argóint os comhair na Cúirte agus cibé bearta eile a dhéanamh i ndáil leis sin is dóigh leis is gá nó is fóirsteanach.

[EN]

(7) Féadfaidh an Chúirt a ordú go ndéanfar fógra i dtaobh aon iarratais faoin alt seo a thabhairt ar an modh forordaithe do cibé daoine eile is cuí leis an gCúirt agus i gcás go dtabharfar fógra amhlaidh d'aon duine féadfaidh an Chúirt, uaithi féin nó ar iarratas ón duine sin nó ó aon pháirtí sna himeachtaí, a ordú go gcuirfear an duine sin mar pháirtí sna himeachtaí sin.

[EN]

(8) Más rud é ar iarratas faoin alt seo go gcruthófar gur dóichí gurb é an duine nó gurb iad na daoine a bheidh ainmnithe san iarratas—

[EN]

(a) athair an iarratasóra, nó

[EN]

(b) máthair an iarratasóra, nó

[EN]

(c) tuismitheoirí an iarratasóra,

[EN]

déanfaidh an Chúirt an dearbhú dá réir sin.

[EN]

(9) Aon dearbhú a dhéanfar faoin alt seo is i bhfoirm a bheidh le forordú a dhéanfar é agus beidh sé ina cheangal ar na páirtithe sna himeachtaí agus ar aon duine a bheidh ag déanamh éilimh trí pháirtí sna himeachtaí, agus i gcás go ndéanfar páirtí sna himeachtaí den Ard-Aighne beidh an dearbhú ina cheangal ar an Stát freisin.

[EN]

Forálacha d'fhorlíonadh alt 35.

36.—(1) Féadfar a fhoráil i rialacha cúirte go mbeidh ar áireamh in aon iarratas ar dhearbhú faoi alt 35 den Acht seo cibé faisnéis a bheidh forordaithe.

[EN]

(2) I gcás go dtabhóidh an tArd-Aighne aon chostais i ndáil le haon iarratas ar dhearbhú faoi alt 35 den Acht seo, féadfaidh an Chúirt cibé ordú a dhéanamh is dóigh léi is cóir maidir le páirtithe eile sna himeachtaí d'íoc na gcostas sin.

[EN]

(3) Ní dhéanfaidh aon imeachtaí ar iarratas faoi alt 35 den Acht seo difear d'aon bhreithiúnas nó foraithne críochnaitheach a bheidh fógraithe nó déanta cheana féin ag aon chúirt dlínse inniúla.

[EN]

(4) Ar iarratas a éisteacht faoi alt 35 den Acht seo féadfaidh an Chúirt a ordú gur ar shlí seachas go poiblí a éistfear na himeachtaí go léir nó aon chuid díobh, agus éistfear amhlaidh iarratas ar ordú faoin bhfo-alt seo, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.

[EN]

(5) I gcás go ndéanfaidh an Chúirt dearbhú faoi alt 35 den Acht seo, tabharfar fógra i dtaobh an chinnidh sin don Ard-Chláraitheoir agus is i cibé foirm a bheidh forordaithe a thabharfar é.

[EN]

CUID VII

Tástálacha Fola le linn Tuismíocht a bheith á Cinneadh in Imeachtaí Sibhialta

[EN]

Mínithe (Cuid VII).

37.—Sa Chuid seo—

[EN]

ciallaíonn “samplaí fola” fuil a thógtar chun críche tástálacha fola;

[EN]

ciallaíonn “tástáil fola” aon tástáil arna déanamh faoin gCuid seo chun tréithe dúchasacha a fhionnadh;

[EN]

ciallaíonn “eiscthe” eiscthe faoi réir sóchán a tharlú;

[EN]

ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt.

[EN]

Ordú ón gcúirt maidir le tástálacha fola.

38.—(1) In aon imeachtaí sibhialta os comhair cúirte ina bhfuil tuismíocht aon duine i gceist, féadfaidh an chúirt, uaithi féin nó ar iarratas ó aon pháirtí sna himeachtaí, ordú a thabhairt go n-úsáidfear tástálacha fola chun cuidiú leis an gcúirt a chinneadh an tuismitheoir nó nach tuismitheoir de chuid an duine a bhfuil a thuismíocht i gceist duine a bheidh ainmnithe san iarratas nó páirtí sna himeachtaí, de réir mar a bheidh, agus go dtógfar, laistigh de thréimhse a bheidh sonraithe san ordú, samplaí fola ón duine a bhfuil a thuismíocht i gceist amhlaidh, ó aon duine a líomhnaítear gur tuismitheoir de chuid an duine sin é agus ó aon duine eile is páirtí sna himeachtaí, nó ó aon duine de na daoine sin.

[EN]

(2) Más rud é, ar iarratas ó aon pháirtí sna himeachtaí—

[EN]

(a) go dtabharfar ordú faoi fho-alt (1) den alt seo, íocfaidh an páirtí sin na costais a bhaineann le samplaí fola a thógáil agus a thástáil d'fhonn éifeacht a thabhairt don ordú (lena n-áirítear aon chaiteachais a bheidh tabhaithe le réasún ag aon duine le linn aon bhearta a dhéanamh a cheanglaítear air a dhéanamh chun na críche sin) mar aon leis na costais a bhaineann le tuarascáil a thabhairt don chúirt faoi alt 40 (2) den Acht seo,

[EN]

(b) go bhfaighidh an páirtí sin, faoi alt 40 (4) den Acht seo, ráiteas i scríbhinn ag míniú nó ag forlíonadh aon ráitis a bheidh déanta i dtuarascáil faoin alt sin 40 (2), íocfaidh an páirtí sin, faoi réir aon ordaithe ón gcúirt, na costais (más ann) a bhaineann leis an ráiteas i scríbhinn a fháil (lena n-áirítear aon chaiteachais a bheidh tabhaithe le réasún ag aon duine le linn aon bhearta a dhéanamh a cheanglaítear air a dhéanamh chun na críche sin),

[EN]

ach déanfar aon mhéid a bheidh íoctha nó le híoc de bhua an fho-ailt seo a áireamh mar chostais a thabhaigh an páirtí sin sna himeachtaí.

[EN]

(3) Féadfaidh an chúirt tráth ar bith ordú a bheidh tugtha aici roimhe sin faoin alt seo a chúlghairm nó a athrú.

[EN]

Toiliú le samplaí fola agus tógáil na samplaí sin.

39.—(1) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo, ní dhéanfar, i gcás sampla fola a cheanglaítear a thógáil ó aon duine d'fhonn éifeacht a thabhairt d'ordú faoi alt 38 den Acht seo, an sampla sin a thógáil ón duine sin ach amháin lena thoiliú.

[EN]

(2) Más rud é, d'fhonn éifeacht a thabhairt d'ordú faoi alt 38 den Acht seo, go gceanglaitear sampla fola a thógáil ó dhuine nach bhfuil aois iomlán aige agus gur dóigh leis an gcúirt go bhfuil sé in ann, sna himthosca, an toiliú riachtanach a thabhairt nó diúltú é a thabhairt, beidh aon toiliú a thabharfaidh sé nó a dhiúltóidh sé a thabhairt chomh héifeachtach céanna is a bheadh sé dá mbeadh aois iomlán aige.

[EN]

(3) D'fhonn éifeacht a thabhairt d'ordú faoi alt 38 den Acht seo—

[EN]

(a) féadfar sampla fola a thógáil ó dhuine mionaoiseach, seachas duine mionaoiseach lena mbaineann fo-alt (2) den alt seo, má thugann an duine ag a bhfuil cúram agus urlámh an duine mhionaoisigh a thoiliú:

[EN]

Ar choinníoll, i gcás cúram agus urlámh an duine mhionaoisigh a bheith ag níos mó ná duine amháin agus go bhfuil easaontas eatarthu ar chóir toiliú a thabhairt, go measfar nach bhfuil toiliú tugtha ag an duine mionaoiseach;

[EN]

(b) féadfar sampla fola a thógáil ó dhuine a bhfuil aois iomlán aige agus nach bhfuil ar a chumas a thuiscint, i dtuairim na cúirte, cad is tastálacha fola ann agus cad chuige iad, má thoilíonn an duine ag a bhfuil cúram agus urlámh an duine sin leis an gcéanna agus má bhíonn deimhnithe ag aon lia-chleachtóir a bhfuil sé faoina chúram nach ndéanfadh sé dochar dá aire cuí agus dá aireacht chuí sampla fola a thógáil uaidh:

[EN]

Ar choinníoll, i gcás cúram agus urlámh an duine lena mbaineann a bheith ag níos mó ná duine amháin agus go bhfuil easaontas eatarthu ar chóir toiliú a thabhairt, go measfar nach bhfuil toiliú tugtha ag an duine lena mbaineann.

[EN]

Tástálacha fola agus tuarascálacha.

40.—(1) I gcás samplaí fola a bheith tógtha chun éifeacht a thabhairt d'ordú cúirte faoi alt 38 (1) den Acht seo tástálfar iad—

[EN]

(a) faoi urlámh cibé duine (lena n-áirítear duine lena mbaineann fo-alt (6) den alt seo) ar a gcomhaontóidh na páirtithe uile sna himeachtaí os comhair na cúirte, nó

[EN]

(b) i gcás nach mbeidh comhaontú idir na páirtithe,

[EN]

(i) faoi urlámh cibé duine lena mbaineann fo-alt (6) den alt seo, nó

[EN]

(ii) faoi urlámh cibé duine eile,

[EN]

a ordóidh an chúirt.

[EN]

(2) Déanfaidh an duine ar faoina urlámh atá samplaí fola le tástáil de bhua fho-alt (1) den alt seo tuarascáil a thabhairt don chúirt a thug an t-ordú, agus dearbhóidh sé sa tuarascáil sin—

[EN]

(a) i ndáil le gach duine ónar tógadh samplaí fola amhlaidh, torthaí na dtástálacha, agus

[EN]

(b) i ndáil le gach duine (seachas an duine a bhfuil a thuismíocht i gceist) ónar tógadh samplaí fola amhlaidh—

[EN]

(i) cibé acu atá nó nach bhfuil an duine lena mbaineann an tuarascáil eiscthe de bharr na dtorthaí ó bheith ina thuismitheoir ar an duine a bhfuil a thuismíocht i gceist, agus

[EN]

(ii) mura mbeidh an duine lena mbaineann an tuarascáil eiscthe amhlaidh, fiúntas na dtorthaí, más aon fhiúntas é, d'fhonn a chinneadh an tuismitheoir ar an duine a bhfuil a thuismíocht i gceist an duine sin,

[EN]

agus glacfaidh an chúirt leis an tuarascáil mar fhianaise sna himeachtaí ar na nithe a bheidh dearbhaithe inti.

[EN]

(3) Is san fhoirm a bheidh forordaithe le rialacháin arna ndéanamh faoi alt 41 den Acht seo a bheidh tuarascáil faoi fho-alt (2) den alt seo.

[EN]

(4) I gcás go mbeidh tuarascáil tugtha do chúirt faoi fho-alt (2) den alt seo, féadfaidh aon pháirtí, le cead ón gcúirt, nó déanfaidh sé, má ordaíonn an chúirt amhlaidh, ráiteas i scríbhinn ag míniú nó ag forlíonadh aon ráitis a bheidh déanta sa tuarascáil a fháil ón duine a thug an tuarascáil, agus measfar chun críocha an ailt seo (seachas fo-ailt (3) agus (6)) gur cuid den tuarascáil a bheidh tugtha don chúirt an ráiteas sin.

[EN]

(5) I gcás go dtabharfar ordú faoi alt 38 (1) den Acht seo in aon imeachtaí agus go mbeidh tástáil déanta de bhua an ailt seo ar na samplaí fola lena mbaineann an t-ordú, ní bheidh páirtí sna himeachtaí, mura n-ordóidh an chúirt a mhalairt, i dteideal an duine ar faoina urlámh a tástáladh na samplaí fola d'fhonn éifeacht a thabhairt don ordú sin, ná aon duine a rinne aon ní ba ghá a dhéanamh chun go bhféadfaí na tástálacha sin a dhéanamh, a ghairm mar fhinné, mura ndéanfaidh sé, laistigh de 14 lá tar éis dó cóip den tuarascáil a fháil, fógra a sheirbheáil ar na páirtithe eile sna himeachtaí, nó ar cibé páirtí díobh a ordóidh an chúirt, á rá go bhfuil ar intinn aige an duine sin a ghairm mar fhinné agus, i gcás go ngairfear an duine sin amhlaidh, beidh an páirtí a ghair é i dteideal é a chroscheistiú.

[EN]

(6) (a)  Féadfaidh an tAire, chun críche fho-alt (1) den alt seo, duine nó earnáil daoine a cheapadh a bhféadfar tástálacha fola a dhéanamh faoina n-urlámh.

[EN]

(b)  Féadfaidh an tAire tráth ar bith ceapachán faoin bhfo-alt seo a leasú nó a chúlghairm ach ní dhéanfaidh leasú nó cúlghairm den sórt sin difear d'aon tástáil fola a rinneadh, ná do thástáil aon sampla fola chun críche na Coda seo a cuireadh ísteach lena thástáil, roimh an leasú nó an chúlghairm sin.

[EN]

(c)  Déanfaidh an tAire fógra faoi cheapachán, nó faoi leasú nó faoi chúlghairm aon cheapacháin, a fhoilsiú san Iris Oifigiúil.

[EN]

Rialacháin chun éifeacht a thabhairt don Chuid seo.

41.—(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt don Chuid seo.

[EN]

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, féadfar go háirithe, i rialacháin faoin alt seo,—

[EN]

(a) tógáil, aithint agus iompar samplaí fola a rialáil;

[EN]

(b) a cheangal go dtabharfar ar aird, an tráth a mbeidh sampla fola le tógáil, cibé fianaise ar chéannacht an duine óna mbeidh sé le tógáil a bheidh forordaithe leis na rialacháin;

[EN]

(c) a cheangal ar aon duine óna mbeidh sampla fola le tógáil nó, i cibé cásanna a bheidh forordaithe leis na rialacháin, a cheangal ar cibé duine eile a bheidh forordaithe amhlaidh, a dhearbhú i scríbhinn cibé acu a bhí nó nach raibh aon bhreoiteacht den chineál a bheidh sonraithe sna rialacháin ag cur air féin nó ar an duine óna mbeidh an sampla le tógáil, de réir mar a bheidh, nó an bhfuair sé féin nó an duine sin fuilaistriú, le linn cibé tréimhse a bheidh sonraithe sna rialacháin;

[EN]

(d) foirm aon tuarascála a bheidh le tabhairt do chúirt faoin gCuid seo a fhorordú.

[EN]

(3) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéantá agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

[EN]

Mainneachtain déanamh de réir ordaithe i dtaobh tástálacha fola.

42.—(1) I gcás go dtabharfaidh cúirt ordú faoi alt 38 den Acht seo agus go mainneoidh aon duine aon bheart a dhéanamh a cheanglaítear air a dhéanamh d'fhonn éifeacht a thabhairt don ordú, féadfaidh an chúirt cibé tátail, más ann, is dóigh léi is cuí sna himthosca a bhaint as an mainneachtain sin.

[EN]

(2) Más rud é, in imeachtaí ar iarratas faoi alt 35 den Acht seo, go dtabharfaidh cúirt ordú faoi alt 38 den Acht seo maidir le samplaí fola a thógáil, ansin, má mhainníonn aon duine a bheidh ainmnithe san ordú aon bheart a dhéanamh, laistigh den tréimhse a bheidh sonraithe ag an gcúirt, is beart a cheanglaítear air a dhéanamh d'fhonn éifeacht a thabhairt don ordú, féadfaidh an chúirt an t-iarratas a dhíbhe.

[EN]

(3) Más rud é, in aon imeachtaí sibhialta ina mbeidh tuismíocht aon duine le cinneadh ag an gcúirt a bheidh ag éisteacht na n-imeachtaí sin, go mbeidh, de bhua alt 46 den Acht seo, toimhde atharthachta ann i ndáil leis an duine sin, ansin más rud é—

[EN]

(a) go dtabharfar ordú faoi alt 38 den Acht seo sna himeachtaí sin, agus

[EN]

(b) go mainneoidh aon pháirtí a bheidh ag éileamh aon fhaoisimh sna himeachtaí agus a bheidh i dteideal seasamh ar an toimhde chun an faoiseamh sin a fháil, aon bheart a dhéanamh a cheanglaítear air a dhéanamh d'fhonn éifeacht a thabhairt don ordú,

[EN]

féadfaidh an chúirt an éisteacht a chur ar atráth go ceann cibé tréimhse is cuí léi chun a chumasú don pháirtí sin an beart sin a dhéanamh agus más rud é, i ndeireadh na tréimhse sin, go mbeidh mainnithe aige gan cúis réasúnach an beart sin a dhéanamh, féadfaidh an chúirt, gan dochar d'fho-alt (1) den alt seo, a éileamh ar fhaoiseamh a dhíbhe, d'ainneoin nach bhfuil fianaise ann chun an toimhde a fhrisnéisiú.

[EN]

(4) Má mhainníonn aon duine a bheidh ainmnithe in ordú faoi alt 38 den Acht seo toiliú le sampla fola a thógáil uaidh féin nó ó aon duine a bheidh ainmnithe san ordú agus atá faoina chúram nó faoina urlámh, measfar chun críocha an ailt seo go mbeidh mainnithe aige beart a dhéanamh a cheanglaítear air a dhéanamh d'fhonn éifeacht a thabhairt don ordú.

[EN]

Pionós as pearsanú chun críocha tástála fola.

43.—Más rud é, chun críche sampla fola a chur ar fáil le haghaidh tástála faoi alt 40 den Acht seo, go bpearsanóidh aon duine duine eile nó go gcuirfidh sé duine eile i láthair agus a fhios aige nach é an duine é a bheidh ainmnithe san ordú, dlífear—

[EN]

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air;

[EN]

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £2,500, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó iad araon, a chur air.

[EN]

CUID VIII

Toimhdí agus Forálacha Maidir le Fianaise

[EN]

Aisghairm toimhde dlisteanachta nó neamhdhlisteanachta.

44.—Aisghairtear leis seo aon toimhde dlí maidir le dlisteanacht nó neamhdhlisteanacht aon duine.

[EN]

Cinneadh tuismíochta mar fhianaise in imeachtaí eile.

45.—(1) Más rud é, roimh thosach feidhme na Coda seo nó dá éis, gur cinneadh nó gur breithníodh gur tuismitheoir linbh duine in aon imeachtaí sibhialta os comhair cúirte i ndáil le caomhnóireacht naíon nó le cothabháil (lena n-áirítear atharthacht) nó faoi alt 215 den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981, beidh an cinneadh nó an breithniú sin, d'ainneoin gur thairg nó nár thairg an duine sin aon chosaint in aghaidh líomhain na tuismíochta nó gur pháirtí nó nár pháirtí é sna himeachtaí sin, inghlactha i bhfianaise in aon imeachtaí sibhialta iardain chun a chruthú gur tuismitheoir de chuid an linbh nó, i gcás nach maireann sé, gur thuismitheoir de chuid an linbh, an duine sin:

[EN]

Ar choinníoll nach mbeidh aon chinneadh nó breithniú den chineál a dúradh, seachas ceann atá ar marthain, inghlactha i bhfianaise de bhua an ailt seo.

[EN]

(2) Más rud é, maidir le fianaise gur cinneadh nó gur breithníodh gur tuismitheoir ar leanbh duine, go mbeidh an fhianaise sin aighnithe in imeachtaí iardain de bhua fho-alt (1) den alt seo, ansin—

[EN]

(a) measfar, mura gcruthófar gurb é a mhalairt is dóichí, gur tuismitheoir ar an leanbh sin nó, i gcás nach maireann sé, gur thuismitheoir ar an leanbh sin, an duine sin, agus

[EN]

(b) i ndáil leis na himeachtaí cúirte roimhe sin, beidh ábhair aon doiciméid a bhí os comhair na cúirte sin nó ina bhfuil aon fhógairt ón gcúirt sin, inghlactha chun na fíorais ar ar bunaíodh an cinneadh nó an breithniú a aithint, gan dochar d'aighniú aon fhianaise eile is inghlactha chun na críche sin.

[EN]

(3) Más rud é in imeachtaí sibhialta iardain go mbeidh ábhair aon doiciméid inghlactha i bhfianaise de bhua fho-alt (2) den alt seo, beidh cóip den doiciméad sin, nó den chuid ábhartha de, a airbheartóidh a bheith deimhnithe nó fíordheimhnithe ar shlí eile ag an gcúirt nó ag an údarás a bhfuil an doiciméad sin ina coimeád nó ina choimeád, nó thar a gceann, inghlactha i bhfianaise agus measfar, mura suífear a mhalairt, gur cóip dhílis den doiciméad sin nó den chuid sin í.

[EN]

Toimhdí atharthachta agus neamhatharthachta.

46.—(1) I gcás ina mbeirtear leanbh do bhean—

[EN]

(a) le linn pósta atá ar marthain agus ar páirtí ann í, nó

[EN]

(b) laistigh den tréimhse deich mí tar éis pósadh d'fhoirceannadh trí bhás nó ar shlí eile, is pósadh ar páirtí ann í,

[EN]

ansin toimhdeofar gurb é an fearchéile sa phósadh athair an linbh mura gcruthófar gurb é a mhalairt is dóichí.

[EN]

(2) D'ainneoin fho-alt (1) den alt seo, más rud é, i gcás bean phósta, ar bean í a chónaíonn ar leithligh óna fearchéile—

[EN]

(a) faoi fhoraithne idirscartha a mensa et thoro, nó

[EN]

(b) faoi ghníomhas idirscartha,

[EN]

go mbeirtear leanbh di breis agus deich mí i ndiaidh dheonú na foraithne nó fhorghníomhú an ghníomhais, de réir mar a bheidh, ansin toimhdeofar nach é a fearchéile athair an linbh mura gcruthófar gurb é a mhalairt is dóichí.

[EN]

(3) D'ainneoin fho-alt (1) den alt seo, i gcás—

[EN]

(a) go mbeidh breith linbh cláraithe i gclár atá á chothabháil faoi na hAchtanna um Chlárú Breitheanna agus Básanna, 1863 go 1987, agus

[EN]

(b) go mbeidh ainm duine taifeadta mar athair an linbh sa chlár atá á chothabháil amhlaidh,

[EN]

ansin toimhdeofar gurb é an duine a bhfuil a ainm taifeadta amhlaidh athair an linbh mura gcruthófar gurb é a mhalairt is dóichí.

[EN]

(4) Chun críocha fho-alt (1) den alt seo déanfar “pósadh atá ar marthain” a fhorléiriú mar abairt a fholaíonn pósadh in-neamhnithe agus déanfar an abairt “pósadh d'fhoirceannadh trí bhás nó ar shlí eile” a fhorléiriú mar abairt a fholaíonn neamhniú pósta in-neamhnithe.

[EN]

Inghlacthacht fianaise áirithe.

47.—(1) Beidh fianaise ó fhearchéile nó ó bhanchéile inghlactha in aon imeachtaí chun a chruthú gur tharla nó nár tharla caidreamh pósta eatarthu le linn tréimhse ar bith.

[EN]

(2) Aisghairtear leis seo an coinníoll a ghabhann le halt 3 den Evidence Further Amendment Act, 1869.

[EN]

CUID IX

Clárú agus Athchlárú Breitheanna

[EN]

Athchlárú breithe tar éis dearbhaithe tuismíochta.

48.—Féadfaidh an tAire Sláinte, i ndáil le dearbhuithe tuismíochta arna ndéanamh faoi alt 35 den Acht seo a fhágann go bhfuil breitheanna inchláraithe, nó a bhaineann le breitheanna atá cláraithe, faoi na hAchtanna um Chlárú Breitheanna agus Básanna, 1863 go 1987, an áit, an fhoirm agus an modh ina ndéanfar aon bhreith den sórt sin a chlárú nó a athchlárú, de réir mar a bheidh, a fhorordú le rialacháin.

[EN]

Leasú ar an Births and Deaths Registration Act (Ireland), 1880.

49.—Leasaítear leis seo an Births and Deaths Registration Act (Ireland), 1880, trí na hailt seo a leanas a chur in ionad alt 7:

“Registration of father where parents not married.

7.—(1) In the case of a child whose parents were not married to each other at the date of his birth or at any time during the period of ten months before his birth, no person shall as father of the child be required to give information concerning the birth.

(2) The registrar shall not enter in the register the name of a person as father of a child to whom subsection (1) of this section relates except—

(a) at the joint request of the mother and the person acknowledging himself to be the father of the child, or

(b) at the request of the mother on production of—

(i) a declaration in the prescribed form made by the mother stating that that person is the father of the child, and

(ii) a statutory declaration made by that person acknowledging himself to be the father of the child,

or

(c) at the request of that person on production of—

(i) a declaration in the prescribed form by that person acknowledging himself to be the father of the child, and

(ii) a statutory declaration made by the mother stating that that person is the father of the child,

or

(d) at the request of the mother or that person, which shall in either case be made in writing, on production of a certified copy of any court order in respect of proceedings to which section 45 of the Status of Children Act, 1987, relates, naming that person as the father of the child.

(3) Where the mother of a child to whom subsection (1) of this section relates was married at the date of the birth of the child or at some time during the period of ten months before that birth, the registrar shall not, in respect of a request made by virtue of paragraph (a), (b) or (c) of subsection (2) of this section, register the name of a person as father except, in addition to the said paragraph (a), (b) or (c) being complied with, on production of—

(a) a statutory declaration by the husband of the mother stating that he is not the father of the child, or

(b) a statutory declaration by the mother stating that she has been living apart from her husband under a decree of divorce a mensa et thoro or a deed of separation, as the case may be, for more than ten months before the birth of the child.

(4) On registration of the birth of a child under this section, the register shall be signed by—

(a) the registrar,

(b) the mother of the child, where she has made a request for registration in accordance with subsection (2) of this section, and

(c) the person acknowledging himself to be the father of the child, where he has made a request for registration in accordance with subsection (2) of this section.

(5) Where a person acknowledging himself to be the father of a child (being a child to whom subsection (1) of this section relates) makes a request to the registrar in accordance with subsection (2) (c) or (2) (d) of this section, he shall be treated as a qualified informant concerning the birth of the child for the purposes of this Act.

Re-registration of birth so as to show who is father.

7A.—(1) Where the birth of a child (being a child whose parents were not married to each other at the date of his birth or at any time during the period of ten months before his birth) has been registered under this Act, but no person has been registered as the child's father, the registrar shall re-register the birth so as to show the name of a person as father—

(a) at the joint request of the mother and that person (being a person who acknowledges himself to be the father of the child), or

(b) at the request of the mother on production of—

(i) a declaration in the prescribed form made by the mother stating that that person is the father of the child, and

(ii) a statutory declaration made by that person acknowledging himself to be the father of the child,

or

(c) at the request of that person on production of—

(i) a declaration in the prescribed form by that person acknowledging himself to be the father of the child, and

(ii) a statutory declaration made by the mother stating that that person is the father of the child,

or

(d) at the request of the mother or that person, which shall in either case be made in writing, on production of a certified copy of any court order in respect of proceedings to which section 45 of the Status of Children Act, 1987, relates, naming that person as the father of the child,

but no birth shall be re-registered under this sec tion except in the prescribed manner and with the authority of an tArd-Chláraitheoir.

(2) Where the mother of a child to whom subsection (1) of this section relates was married at the date of the birth of the child or at some time during the period of ten months before that birth, the registrar shall not, in respect of a request made by virtue of paragraph (a), (b) or (c) of the said subsection (1), re-register the birth so as to show the name of a person as father except, in addition to the said paragraph (a), (b) or (c) being complied with, on production of—

(a) a statutory declaration by the husband of the mother stating that he is not the father of the child, or

(b) a statutory declaration by the mother stating that she has been living apart from her husband under a decree of divorce a mensa et thoro or a deed of separation, as the case may be, for more than ten months before the birth of the child.

(3) On re-registration of the birth of a child under this section, the register shall be signed by—

(a) the registrar,

(b) the mother of the child, where she has made a request for re-registration in accordance with subsection (1) of this section, and

(c) the person acknowledging himself to be the father of the child, where he has made a request for re-registration in accordance with subsection (1) of this section.”.

[EN]

Forléiriú agus comhlua (Cuid IX).

50.—Déanfar na hAchtanna um Chlárú Breitheanna agus Básanna, 1863 go 1972, agus an Chuid seo a fhorléiriú le chéile mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna um Chlárú Breitheanna agus Básanna, 1863 go 1987, a ghairm díobh le chéile.