Uimhir 27 de 1962.
ACHT NA dTITHE (IASACHTAÍ AGUS DEONTAIS), 1962.
[An tiontú oifigiúil.]
Mínithe.
1899, c. 44.
1.—San Acht seo—
ciallaíonn “Acht 1899” an Small Dwellings Acquisition Act, 1899;
ciallaíonn “Acht 1948” Acht na dTithe (Leasú), 1948;
ciallaíonn “Acht 1952” Acht na dTithe (Leasú), 1952;
ciallaíonn “Acht 1956” Acht na dTithe (Leasú), 1956;
ciallaíonn “Acht 1958” Acht na dTithe (Leasú), 1958;
folaíonn “teach” aon chuid d'fhoirgneamh atá oiriúnach le háitiú mar theaghais;
ciallaíonn “údarás tithe”—
(a) i gcás ceantar sláinte contae, comhairle an chontae ina bhfuil an ceantar sláinte contae sin,
(b) i gcás contae-bhuirge nó buirge eile, bardas na contaebhuirge nó na buirge eile sin, agus
(c) i gcás ceantair uirbigh, comhairle an cheantair uirbigh sin;
ciallaíonn “Achtanna na Sclábhaithe” Achtanna na Sclábhaithe, 1883 go 1958, arna leasú leis an Acht seo;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil;
folaíonn an briathar “soláthar” (ach amháin in alt 6 den Acht seo), maidir le teach nár áitíodh riamh, ceannach an tí agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;
ciallaíonn an briathar “forordú” forordú ag an Aire le rialacháin.
Deontais ón Aire chun tithe a sholáthar.
2.—(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir rialachán faoin alt seo, deontas nach mó ná an tsuim iomchuí a shonraítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a thabhairt, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, do dhuine nó do chumann fóntais phoiblí a sholáthróidh teach amháin nó níos mó ná teach amháin nach mbeidh deontas faoin alt seo tugtha ina leith, más rud é agus ar an gcuntar sin amháin—
(a) gur tosaíodh nó go dtosófar ar thógáil an tí nó gach tí, cibé acu é, an lú lá d'Aibreán, 1962, nó dá éis,
(b) go bhfuil an teach nó gach teach, cibé acu é, de réir na rialachán faoin alt seo,
(c) go bhfuil an teach nó gach teach, cibé acu é, de réir na rialacha atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, agus
(d) i gcás teach amháin nó níos mó ná teach amháin arna sholáthar ag cumann fóntais phoiblí, gur comhalta den chumann céad-áititheoir an tí nó gach tí, cibé acu é, agus gur mar ghnáth-áit chónaithe dó féin a áitíonn sé an teach nó gach teach.
(2) Ní thabharfaidh an tAire deontas faoin alt seo agus faoi alt 16 d'Acht 1948 i leith an tí chéanna.
(3) (a) I ngach cás ina dtabharfar deontas faoin alt seo agus ina ndéanfar athscrúdú ar luacháil inrátaithe an tionóntáin arb é an teach é, nó ar cuid de an teach, lena mbaineann an deontas, measfar, i gcás gach bliain de na naoi mbliana airgeadais áitiúla comhleanúnacha tar éis na bliana airgeadais áitiúla a chríochnófar an teach, an méid sin den luacháil athscrúdaithe is inchurtha i leith tógáil an tí a bheith laghdaithe, chun críocha rátaíochta, den chionúireacht den mhéid sin a shonraítear sa dara colún den Tábla a ghabhann leis an alt seo os coinne uimhir na bliana sa chéad cholún den Tábla.
(b) San alt seo ciallaíonn “críocha rátaíochta”, i ndáil le tionóntán, na críocha seo a leanas (agus ní aon chríocha eile), is é sin le rá, measúnú agus tobhach aon ráta a chruinneoidh údarás áitiúil chun seirbhíse na bliana airgeadais áitiúla a gearradh rátaí den chéad uair ar an tionóntán de réir na luachála méadaithe dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo nó chun seirbhíse aon bhliana de na hocht mbliana airgeadais áitiúla díreach ina dhiaidh sin.
(c) Gan dochar do ghinearáltacht forálacha na míre deiridh sin roimhe seo den fho-alt seo a theorannaíonn brí “críocha rátaíochta”, achtaítear leis seo, go sonrach, go ndéanfar, d'ainneoin a mheas faoin alt seo luacháil inrátaithe (dá ngairtear an luacháil iomlán sa mhír seo) tionóntáin a bheith laghdaithe maidir le haon bhliain airgeadais áitiúil, gach ríomh chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim ar luach bliantúil an tionóntáin sin sa tslí chéanna ina ndéanfaí é dá mbeadh an luacháil iomlán i bhfeidhm chun críocha ráta chontae nó ráta bhardasaigh, cibé acu é, maidir leis an mbliain sin.
(4) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha an ailt seo.
AN TABLA
Laghdú ar Luacháil Tí
Uimhir na bliana | Laghdú ar luacháil tí | |||
An chéad bhliain | .. | .. | .. | Naoi ndeichiú |
An dara bliain .. | .. | .. | .. | Ocht ndeichiú |
An tríú bliain .. | .. | .. | .. | Seacht ndeichiú |
An ceathrú bliain | .. | .. | .. | Sé dheichiú |
An cúigiú bliain | .. | .. | .. | Cúig dheichiú |
An séú bliain .. | .. | .. | .. | Ceithre dheichiú |
An seachtú bliain | .. | .. | .. | Trí dheichiú |
An t-ochtú bliain | .. | .. | .. | Dhá dheichiú |
An naoú bliain .. | .. | .. | .. | Deichiú |
Deontais ón Aire chun tithe a athfhoirgniú nó a fheabhsú.
3.—(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir rialachán faoin alt seo, deontas de cibé méid is iomchuí ag féachaint d'fho-ailt (2) agus (3) den alt seo a thabhairt, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, do dhuine a dhéanfaidh athfhoirgniú nó oibreacha feabhsúcháin ar theach, i leith gach teaghaise ar leithligh is cuid den teach tar éis an t-athfhoirgniú nó na hoibreacha feabhsúcháin, cibé acu é, a bheith críochnaithe.
(2) Faoi réir fo-alt (3) den alt seo, ní bheidh deontas a thabharfar do dhuine faoin alt seo i leith tí níos mó ná—
(a) i gcás ina ndéanfaidh an duine teach a athfhoirgniú nó a fheabhsú chun é féin á áitiú agus gur ó bheith ag gabháil do thalmhaíocht a fhaigheann sé, go hiomlán nó go formhór, a shlí bheatha agus nach mó ná caoga punt luach inrátaithe, nó comhiomlán luach inrátaithe, na talún (más ann) agus na bhfoirgneamh atá á n-áitiú aige, dhá thrian den mhéid a mheasfaidh an tAire a chosnóidh an t-athfhoirgniú nó na hoibreacha feabhsúcháin, cibé acu é, agus
(b) in aon chás eile, trian den mhéid a mheasfaidh an tAire a chosnóidh an t-athfhoirgniú nó na hoibreacha feabhsúcháin.
(3) Ní bheidh deontas faoin alt seo níos mó ná—
(a) i gcás teaghais ina bhfuil trí sheomra ar a mhéid, céad punt,
(b) i gcás teaghais ina bhfuil ceithre sheomra, céad is fiche punt,
(c) i gcás teaghais ina bhfuil cúig sheomra nó níos mó, céad is daichead punt.
(4) Ní thabharfar deontas faoin alt seo i leith tí mura rud é—
(a) gur deimhin leis an Aire go bhfuil an teach oiriúnach lena athfhoirgniú nó le hoibreacha feabhsúcháin a dhéanamh air, agus
(b) gur tosaíodh nó go dtosófar ar an athfhoirgniú nó ar dhéanamh na n-oibreacha feabhsúcháin an lú lá d'Aibreán, 1962, nó dá éis agus go bhfuil sé de réir na rialachán faoin alt seo.
(5) I gcás ina dtabharfaidh an tAire deontas faoin alt seo i leith tí, ní dhéanfar luacháil an tionóntáin arb é an teach é nó ar cuid de an teach, a mhéadú, i gcás aon luacháil nó athscrúdú luachála air a theacht i bhfeidhm laistigh de sheacht mbliana tar éis an t-athfhoirgniú nó na hoibreacha feabhsúcháin a chríochnú, mar gheall ar aon mhéadú ar luach an tionóntáin sin de dhroim an athfhoirgnithe nó na n-oibreacha feabhsúcháin.
(6) San alt seo agus sa chéad alt eile ina dhiaidh seo folaíonn “athfhoirgniú” agus “oibreacha feabhsúcháin” maidir le teach aon oibreacha i ndáil leis an teach (d'fhonn an teach a fhadú, a leathnú nó a fheabhsú) is dóigh leis an Aire a bheith riachtanach le réasún chun an teach a dhéanamh níos oiriúnaí chun daoine do chónaí ann, ach ní fholaíonn sé maisiú, agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir.
(7) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha an ailt seo.
Dara deontais ón Aire chun tithe a athfhoirgniú.
4.—(1) I gcás inar thug nó ina dtabharfaidh an tAire deontas roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis chun teach a thógáil, a athfhoirgniú, a dheisiú, a fheabhsú nó a cheannach, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir rialachán faoin alt seo, deontas nó deontais de cibé méid is iomchuí ag féachaint d'fho-ailt (2) agus (3) den alt seo a thabhairt, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, do dhuine a dhéanfaidh oibreacha athfhorgniúcháin nó oibreacha feabhsúcháin ar an teach más rud é—
(a) gur gá na hoibreacha mar gheall ar dhamáiste a rinne gaoth, báisteach nó tuile,
(b) gur rud éigin (seachas na nithe a luaitear i mír (a) den fho-alt seo) nach raibh neart ag an duine réamhráite air faoi deara na hoibreacha agus go mbeidh oifigeach don Aire tar éis a dheimhniú go bhfuil dian-ghá leis na hoibreacha a dhéanamh chun an teach a shlánchoimeád,
(c) go dtosófar ar na hoibreacha tráth nach déanaí ná cúig bliana déag tar éis an dáta a íocadh an deontas roimhe sin,
(d) go dtosófar ar na hoibreacha tráth nach déanaí ná cúig bliana déag ach nach luaithe ná deich mbliana tar éis an dáta a íocadh an deontas roimhe sin agus gurb é atá sna hoibreacha a bhfuil an deontas is deireanaí á thabhairt ina leith nó ar cuid de na hoibreacha sin é díon slinne nó tíleacha a chur in ionad dín,
(e) gurb é a bheidh sna hoibreacha seomra folctha a sholáthar agus gur gá dá gcionn breis a chur le hachar urláir an tí a bheidh ann díreach roimh na hoibreacha a dhéanamh, nó
(f) gurb é a bheidh sna hoibreacha seomra nó seomraí a sholáthar, gur gá dá gcionn breis a chur le hachar urláir an tí a bheidh ann díreach roimh na hoibreacha a dhéanamh agus, i dtuairim an Aire, gur gá iad chun plódú a mhaolú.
(2) Faoi réir fo-alt (3) den alt seo ní bheidh deontas a thabharfar do dhuine faoin alt seo—
(a) i leith oibreacha den chineál a shonraítear i mír (a), (c) nó (d) d'fho-alt (1) den alt seo, níos mó ná—
(i) i gcás ina ndéanfaidh an duine teach a athfhoirgniú nó a fheabhsú chun é féin á áitiú agus gur ó bheith ag gabháil do thalmhaíocht a fhaigheann sé, go hiomlán nó go formhór, a shlí bheatha, agus nach mó ná caoga punt luach inrátaithe nó comhiomlán luach inrátaithe na talún (más ann) agus na bhfoirgneamh atá á n-áitiú aige, dhá thrian den mhéid a mheasfaidh an tAire a chosnóidh na hoibreacha, agus
(ii) in aon chás eile, trian den mhéid a mheasfaidh an tAire a chosnóidh na hoibreacha,
(b) i leith oibreacha den chineál a shonraítear i mír (b) d'fho-alt (1) den alt seo, níos mó ná trian den mhéid a mheasfaidh an tAire a chosnóidh na hoibreacha,
(c) i leith oibreacha den chineál a shonraítear i mír (e) d'fho-alt (1) den alt seo, níos mó ná—
(i) trian den mhéid a mheasfaidh an tAire a chosnóidh na hoibreacha, nó
(ii) caoga punt,
cibé acu is lú, agus
(d) i leith oibreacha den chineál a shonraítear i mír (f) d'fho-alt (1) den alt seo, níos mó ná—
(i) trian den mhéid a mheasfaidh an tAire a chosnóidh na hoibreacha, nó
(ii) caoga punt in aghaidh gach seomra a sholáthrófar,
cibé acu is lú.
(3) Ní bheidh deontas ná comhiomlán na ndeontas a thabharfar aon tráth áirithe níos mó ná—
(a) i gcás teach ina bhfuil trí sheomra ar a mhéid, céad punt,
(b) i gcás teach ina bhfuil ceithre sheomra, céad is fiche punt, nó
(c) i gcás teach ina bhfuil cúig sheomra nó níos mó, céad is daichead punt.
(4) Ní bheidh duine ó theideal chun deontas a fháil faoin alt seo nó faoi alt 3 den Acht seo mar gheall ar gur tugadh deontas dó roimhe sin faoin alt seo i leith oibreacha den chineál a shonratear i mír (a) d'fho-alt (1) den alt seo.
(5) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha an ailt seo.
Deontais ón Aire le haghaidh deisiúcháin riachtanacha.
5.—(1) Faoi réir fo-alt (2) den alt seo, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airegeadais, deontas a thabhairt, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas d'áititheoir tí i gceantar sláinte contae a dhéanfaidh deisiúcháin riachtanacha ar an teach.
(2) Féadfar deontas a thabhairt faoi fho-alt (1) den alt seo más rud é, agus ar an gcuntar sin amháin—
(a) go dtabharfaidh an t-údarás tithe arb ina limistéar feidhmiúcháin atá an teach deimhniú ón údarás don Aire á dheimhniú, agus gur deimhin leis an Aire, nach féidir an teach a dhéanamh oiriúnach ar gach slí chun daoine do chónaí ann, ar chostas réasúnach agus na deisiúcháin a mbeidh sé beartaithe an deontas a thabhairt ina leith ní lú de dheisiúcháin a bheidh iontu ná mar is gá chun tuilleadh ré a thabhairt don teach, agus
(b) go ndéanfar go sásúil éifeachtach na deisiúcháin a mbeidh sé beartaithe an deontas a thabhairt ina leith.
(3) Na deisiúcháin ar theach a mbeidh deontas le híoc ina leith faoi fho-alt (1) den alt seo féadfaidh an t-údarás tithe arb ina limistéar feidhmiúcháin atá an teach iad a dhéanamh le toiliú áititheoir an tí agus, más é an t-údarás tithe a dhéanfaidh na deisiúcháin, féadfaidh an tAire an deontas a íoc leis an údarás tithe.
(4) Ní bheidh deontas faoin alt seo níos mó ná—
(a) dhá thrian den mhéid a mheasfaidh an tAire a chosnóidh na deisiúcháin a dtabharfar an deontas ina leith, nó
(b) ochtó punt,
cibé acu is lú.
(5) I gcás ina dtabharfaidh an tAire deontas faoin alt seo i leith tí, féadfaidh an t-údarás tithe arb ina limistéar feidhmiúcháin atá an teach an difríocht, nó cibé cuid di is oiriúnach leis, idir méid an deontais agus an mhéid a mheasfaidh an tAire a chosnóidh sé na deisiúcháin riachtanacha a dhéanamh ar an teach a íoc le háititheoir an tí, ábhair tógála nó saothar nach mó luach ná méid na difríochta réamhráite a thabhairt leis na deisiúcháin a dhéanamh nó aon íocaíocht le hábhar nach mó ná méid na difríochta réamhráite a thabhairt don áititheoir.
(6) I gcás ina dtabharfaidh an tAire deontas faoin alt seo i leith tí, ní dhéanfar luacháil an tionóntáin arb é an teach é nó ar cuid de an teach a mhéadú, i gcás aon luacháil air nó athscrúdú luachála air a theacht i bhfeidhm laistigh de sheacht mbliana tar éis na deisiúcháin a chríochnú, mar gheall ar aon mhéadú ar luach an tionóntáin sin de dhroim na ndeisiúchán.
(7) Ní thabharfar deontas faoin alt seo i leith tí ar tugadh deontas ina leith roimhe sin faoin alt seo.
(8) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha an ailt seo.
Deontais ón Aire chun tithe a sholáthar do dhaoine scothaosta.
6.—(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, deontas a thabhairt as airgead a sholáthróidh an tOireachtas do chomhlacht a sholáthróidh, le ceadú an Aire, teach amháin nó níos mó le haghaidh cóiríochta do dhaoine scothaosta.
(2) Ní bheidh méid aon deontais faoin alt seo níos mó ná trí chéad punt i leith gach tí, nó i leith gach teaghaise ar leithligh is cuid de theach.
(3) I gcás ina dtabharfaidh an tAire deontas do chomhlacht faoin alt seo i leith tí, féadfaidh an t-údarás tithe deontas de mhéid nach mó ná méid an deontais a thug an tAire a thabhairt don chomhlacht agus féadfar an deontas a thabhairt ar cibé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach leis an údarás a fhorchur, lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha faoina bhféadfar an deontas a íoc ina thráthchodanna, nó i ndáil le húsáid nó díol an tí nó na dtithe a mbeidh an deontas tugtha ina leith nó chun cibé méid den deontas a íocadh a ghnóthú ón gcomhlacht lenar íocadh é ar an gcomhlacht do shárú aon téarmaí nó coinníollacha ar ar tugadh é.
(4) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha an ailt seo.
(5) San alt seo folaíonn an briathar “soláthar”, i ndáil le teach, tógáil, athfhoirgniú, athrú, agus ceannach tí.
Deontais ón Aire chun tithe fréamhshamhla a sholáthar.
7.—(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, deontas a thabhairt, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, d'aon duine nó d'aon chomhlacht i leith teach a thógáil de réir pleananna agus sonraíochtaí a bheidh ceadaithe ag an Aire más deimhin leis an Aire—
(a) gur teach é de chineál a bheadh fóirstineach mar chóiríocht d'aon aicme áirithe daoine,
(b) go bhféadfaí tithe a thógáil ar chostas íseal de réir na bpleananna agus na sonraíochtaí réamhráite, agus
(c) nár tógadh teach roimhe sin de réir na bpleananna agus na sonraíochtaí réamhráite ná de réir pleananna nó sonraíochtaí is ionann go substaintiúil agus na pleananna agus na sonraíochtaí réamhráite.
(2) Ní bheidh deontas faoin alt seo níos mó ná leath an mhéid a mheasfaidh an tAire a chosnódh sé le réasún an teach a thógáil.
(3) (a) I ngach cás ina dtabharfar deontas faoin alt seo agus ina ndéanfar athscrúdú ar luacháil inrátaithe an tionóntáin arb é an teach é, nó ar chuid de an teach, lena mbaineann an deontas, measfar, i gcás gach bliain de na naoi mbliana airgeadais áitiúla comhleanúnacha tar éis na bliana airgeadais áitiúla a chríochnófar an teach, an méid sin den luacháil athscrúdaithe is inchurtha i leith tógáil an tí a bheith laghdaithe, chun críocha rátaíochta, den chionúireacht den mhéid sin a shonraítear sa dara colún den Tábla a ghabhann leis an alt seo os coinne uimhir na bliana sa chéad cholún den Tábla.
(b) San fho-alt seo ciallaíonn “críocha rátaíochta”, i ndáil le tionóntán, na críocha seo a leanas (agus ní aon chríocha eile), is é sin le rá, measúnú agus tobhach aon ráta a chruinneoidh údarás áitiúil chun seirbhíse na bliana airgeadais áitiúla a gearradh rátaí den chéad uair ar an tionóntán de réir na luachála méad aithe dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo nó chun seirbhíse aon bhliana de na hocht mbliana airgeadais áitiúla díreach ina dhiaidh sin.
(c) Gan dochar do ghinearáltacht forálacha na míre deiridh sin roimhe seo den fho-alt seo a theorannaíonn brí “críocha rátaíochta”, achtaítear leis seo, go sonrach, go ndéanfar, d'ainneoin a mheas faoin alt seo luacháil inrátaithe (dá ngairtear an luacháil iomlán sa mhír seo) tionóntáin a bheith laghdaithe maidir le haon bhliain airgeadais áitiúil, gach ríomh chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim ar luach bliantúil an tionóntáin sin sa tslí chéanna ina ndéanfaí é dá mbeadh an luacháil iomlán i bhfeidhm chun críocha ráta chontae nó ráta bhardasaigh, cibé acu é, maidir leis an mbliain sin.
(4) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha an ailt seo.
(5) Féadfar deontas a íoc faoi alt 2 den Acht seo i leith aon tí eile a thógfar le ceadú an Aire de réir pleananna agus sonraíochtaí is ionann agus pleananna agus sonraíochtaí tí ar tugadh deontas ina leith faoin alt seo nó nach bhfuil de dhifríocht idir iad agus na pleananna agus na sonraíochtaí sin ach amháin maidir le modhnuithe a cheadaigh an tAire, d'ainneoin na rialacha atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo nó rialacháin faoin alt sin 2 a bheith gan comhlíonadh i gcás an tí.
AN TABLA
Laghdú ar Luacháil Tí
Uimhir na bliana | Laghdú ar luacháil tí | |||
An chéad bhliain | .. | .. | .. | Naoi ndeichiú |
An dara bliain .. | .. | .. | .. | Ocht ndeichiú |
An tríú bliain .. | .. | .. | .. | Seacht ndeichiú |
An ceathrú bliain | .. | .. | .. | Sé dheichiú |
An cúigiú bliain | .. | .. | .. | Cúig dheichiú |
An séú bliain .. | .. | .. | .. | Ceithre dheichiú |
An seachtú bliain | .. | .. | .. | Trí dheichiú |
An t-ochtú bliain | .. | .. | .. | Dhá dheichiú |
An naoú bliain .. | .. | .. | .. | Deichiú |
Deontais fhorlíontacha ó údarás tithe chun tithe a athfhoirgniú nó a fheabhsú.
8.—(1) I gcás inar thug nó ina dtabharfaidh an tAire deontas nó deontais, roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis, do dhuine i leith obair athfhoirgniúcháin nó obair feabhsúcháin ar theach, féadfaidh údarás tithe deontas a thabhairt don duine sin de mhéid nach mó ná méid an deontais nó na ndeontas a thug an tAire agus nach mó, i dteannta méid an deontais nó na ndeontas a thug an tAire, ná méid is comhionann le dhá thrian an mhéid a mheasfaidh an tAire a chosnóidh an obair athfhoirgniúcháin nó an obair feabhsúcháin, cibé acu é.
(2) Na deontais a thabharfar faoin alt seo, féadfaidh an t-údarás tithe, más oiriúnach leis, gan iad a thabhairt ach—
(a) do dhaoine de cibé aicme nó aicmí,
(b) do dhaoine a athfhoirgneoidh nó a fheabhsóidh tithe de cibé cineál nó cineálacha, nó
(c) do dhaoine de cibé aicme nó aicmí a athfhoirgneoidh nó a fheabhsóidh tithe de cibé cineál nó cineálacha,
a chinnfidh an t-údarás i ngach cás áirithe.
(3) Ní thabharfar deontas faoin alt seo i leith obair ar theach ar tugadh deontas ina leith faoi fho-alt 3A (a cuireadh isteach le hAcht 1958) d'alt 16 d'Acht 1948 nó faoi fho-alt (3) d'alt 12 d'Acht na dTithe (Leasú), 1954.
Deontais bhreise ó údarás tithe i gcás deontais áirithe a thabhairt faoi alt 3 d'Acht na dTithe (Gaeltacht), 1929.
9.—(1) I gcás ina dtabharfar deontas faoi fho-alt (2) nó faoi mhír (c) d'fho-alt (5) [a cuireadh isteach le hAcht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú), 1959] d'alt 3 d'Acht na dTithe (Gaeltacht), 1929, féadfaidh údarás tithe deontas a thabhairt don duine sin de mhéid nach mó ná méid an deontais a tugadh faoin alt sin.
(2) Ní thabharfar deontas faoin alt seo i leith obair ar theach ar tugadh deontas ina leith faoi alt 7 d'Acht 1958.
(3) Ar dháta an Achta seo a rith scoirfidh alt 7 d'Acht 1958, sa mhéid go bhfuil feidhm aige maidir le daoine dá dtugtar deontais faoi fho-alt (2) nó faoi mhír (c) d'fho-alt (5) d'alt 3 d'Acht na dTithe (Gaeltacht), 1929, d'éifeacht a bheith aige.
Iasachtaí ó údarás tithe chun tithe a athfhoirgniú, a dheisiú agus a fheabhsú.
10.—(1) Féadfaidh údarás tithe faoi réir cibé coinníollacha a cheadóidh an tAire, iasacht a thabhairt do dhuine (dá ngairtear an t-iasachtaí san alt seo) a mbeidh oibreacha athfhoirgniúcháin, deisiúcháin nó feabhsúcháin á ndéanamh aige ar theach, ar choinníoll gur deimhin leis an údarás—
(a) go mbeidh an teach oiriúnach ar gach slí chun daoine do chónaí ann tar éis na hoibreacha beartaithe a bheith déanta,
(b) go bhfuil na hoibreacha a bheartaítear a dhéanamh riachtanach chun cóiríocht tithíochta oiriúnach a sholáthar, agus
(c) go bhfuil an teach oiriúnach le hathfhoirgniú, le deisiú nó le feabhsú, de réir mar a bheidh.
(2) (a) Déanfar aisíoc iasachta faoin alt seo i leith tí a urrú mar a leanas—
(i) trí ionstraim ag dílsiú úinéireacht an tí don údarás áitiúil faoi réir ceart a fuascailte a bheith ag an iasachtaí,
(ii) tríd an deimhniú talún a eisíodh faoi na hAchtanna um Chlárú Teidil, 1891 go 1942, i ndáil leis an teach a thaisceadh leis an údarás tithe, nó
(iii) i gcás an úinéireacht sin a bheith dílsithe cheana féin don údarás tithe faoi réir ceart a fuascailte a bheith ag an iasachtaí, trí ionstraim mhuirir bhreise a mhuirearóidh aisíoc na hiasachta (maraon leis an ús is iníoctha uirthi) faoin alt seo ar an teach agus a dhéanfaidh an ceart fuascailte sin a dúradh a chur freisin faoi réir aisíoc na hiasachta (maraon leis an ús is iníoctha uirthi) faoin alt seo.
(b) Féadfar aisíoc iasachta faoin alt seo i leith iostán a ceannaíodh faoi Achtanna na Sclábhaithe a urrú aon tráth sa tslí a shonraítear i mír (a) den fho-alt seo.
(3) Aon suim a dhlífidh aon duine a íoc le húdarás tithe i leith iasachta faoin alt seo féadfaidh an t-údarás tithe í a ghnóthú ón duine sin mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.
(4) Chun críocha an ailt seo is éard is “úinéireacht” ann cibé leas nó cuallaíocht leas i dteach a chomhdhéanfaidh leas feo shimplí (lena n-áirítear leas feofheirme) i seilbh nó leas léasach i seilbh go ceann an oiread bliana gan chaitheamh ar an dáta a údaróidh an t-údarás tithe an iasacht faoin alt seo i leith an tí agus is comhionann le, nó is faide ná, comhshuim an téarma a bheidh socair chun an iasacht a aisíoc agus cúig bliana déag.
Iasachtai ó údarás tithe chun tithe a fháil nó a athfhoirgniú.
1860, c. 154.
1919, c. 57.
11.—(1) Féadfaidh údarás tithe, faoi réir rialachán faoin alt seo, airgead a thabhairt ar iasacht chun teach a fháil nó a athfhoirgniú i limistéar feidhmiúcháin an údaráis nó i limistéar feidhmiúcháin údaráis tithe eile le toiliú an údaráis sin.
(2) (a) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt don alt seo.
(b) Féadfaidh, go sonrach, ach gan dochar do ghinearáltacht mhír (a) den fho-alt seo, foráil maidir le gach ní nó aon ní amháin nó níos mó acu seo a leanas a bheith i rialacháin faoin bhfo-alt seo:
(i) an aicme nó na haicmí daoine a bhféadfar airgead a thabhairt ar iasacht dóibh faoin alt seo agus an ranníoc íosta a bheidh le déanamh an tráth a bheidh an teach á fháil nó á athfhoirgniú ag duine dá dtabharfar iasacht faoin alt seo faoi chomhair an chostais a bhainfidh leis an teach a fháil nó a athfhoirgniú,
(ii) an aicme nó na haicmí tithe a bhféadfar airgead a thabhairt ar iasacht ina leith faoin alt seo,
(iii) an méid uasta airgid a thabharfar ar iasacht faoin alt seo agus an t-urrús lena aghaidh sin agus an modh ar a ndéanfar amach luach an tí a mbeifear ag iarraidh iasachta ina leith faoin alt seo,
(iv) airgead a thabharfar ar iasacht faoin alt seo a aisíoc, lena n-áirítear an modh ar a ndéanfar an t-aisíoc sin agus an tréimhse chun é a dhéanamh,
(v) ús a íoc ar airgead a thabharfar ar iasacht faoin alt seo agus ráta an úis sin a shocrú,
(vi) na coinníollacha ar faoina réir a bheidh teach a dtabharfar iasacht ina leith faoin alt seo ar teachtadh ag iasachtaí i gcaitheamh na tréimhse go dtí go n-aisíocfar an iasacht, agus go n-íocfar an t-ús uirthi, leis an údarás tithe,
(vii) dliteanas pearsanta úinéara tí a dtabharfar iasacht ina leith faoin alt seo go n-aisíocfar aon suim a bheidh dlite i leith na hiasachta agus go n-íocfar aon suim a bheidh dlite i leith úis ar an iasacht;
(viii) fógra a thabhairt d'iasachtaí á cheangal air coinníoll a chomhlíonadh ar faoina réir a thabharfar iasacht dó faoin alt seo nó ar faoina réir a theachtfaidh sé teach a dtabharfar iasacht ina leith faoin alt seo á cheangal air forálacha aon rialachán faoin alt seo a chomhlíonadh,
(ix) airgead a thabharfar ar iasacht faoin alt seo i leith tithe i gcúrsa a bhfoirgnithe a íoc ina thráthchodanna,
(x) an t-iasachtaí d'aistriú a leasa i dteach a mbeidh iasacht tugtha ag údarás tithe ina leith faoin alt seo tráth a bheidh an iasacht nó cuid di nó an t-ús uirthi nó cuid de gan aisíoc nó gan íoc, de réir mar a bheidh, leis an údáras tithe.
(3) I gcás ina mainneofar déanamh de réir aon rialachán faoin alt seo nó de réir aon cheann de na coinníollacha ar faoina réir a thug údarás tithe iasacht faoin alt seo, nó ar faoina réir a bheidh teach ar tugadh iasacht ina leith faoin alt seo ar teachtadh ag an iasachtaí nó, i gcás féimheacht an iasachtaí, féadfaidh an t-údarás tithe seilbh an tí (is cuma céard é a luach) a aisghabháil faoi ailt 84 go 89 den Landlord and Tenant Law Amendment Act, Ireland, 1860, ionann is dá mba é an t-údarás tithe an tiarna talún agus an t-iasachtaí an tionónta.
(4) I gcás ina n-aisghabhfaidh údarás tithe seilbh ar theach dílseofar eastát, ceart, leas agus teideal uile an iasachtaí sa teach, gan aon tíolacas ná aistriú, don údarás tithe agus féadfaidh an t-údarás tithe an teach a úsáid le haghaidh aon cheann dá chumhachtaí agus dá dhualgais nó é a dhíol nó a dhiúscairt ar shlí eile de réir mar is oiriúnach leis.
(5) I gcás ina n-aisghabhfaidh údarás tithe seilbh ar theach a ndearna sé iasacht faoin alt seo a thabhairt ina leith d'iasachtaí, íocfaidh sé leis an iasachtaí suim is comhionann le luach an leasa sa teach a bheidh ar a dhiúscairt ag an údarás tithe tar éis méid na hiasachta a bheidh fós gan íoc an tráth sin, maraon le haon suim a bheidh dlite i leith úis agus gach costas faoina rachaidh an t-údarás tithe chun seilbh a aisghabháil ar an teach agus é a dhiúscairt lena n-áirítear na costais faoina rachaidh an t-údarás i ndáil le haon eadráin faoi fho-alt (6) den alt seo, a bhaint as an tsuim sin.
(6) Mura gcomhaontófar idir údarás tithe agus iasachtaí, déanfaidh eadránaí maoine a ainmneofar faoin Acht um Luachanna Maoine (Eadránacha agus Achomhairc), 1960, luach an leasa i dteach a bheidh ar a dhiúscairt ag an údarás tithe a chinneadh faoi réim agus de réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation), Act, 1919.
(7) I gcás—
(a) ina ndéanfaidh Coimisiún Talún na hÉireann talamh a thairiscint lena dhíol faoi aon chumhacht reachtúil atá dílsithe dóibh chuige sin, agus
(b) go mbeidh ionstraim i bhfeidhm de thuras na huaire i ndáil leis an talamh ag aistriú leas sa talamh chuig údarás tithe chun iasacht a urrú faoin alt seo,
díolfar an talamh faoi réir na hionstraime agus faoi réir forálacha iomchuí an ailt seo agus aon rialachán faoin alt seo i dteannta aon mhuirir, eire nó dliteanais a mbeidh ceangal dlí ann, ar leith ón bhfo-alt seo, an talamh a dhíol faoina réir.
(8) Ní thabharfaidh údarás tithe airleacan i leith tí faoi na hAchtanna um Thithe Beaga Cónaithe a Fháil, 1899 go 1958, mura raibh sé cinnte, roimh thosach feidhme an ailt seo, ag an údarás tithe an t-airleacan a thabhairt.
(9) Féadfaidh údarás tithe, ar cibé téarmaí ar a gcomhaontófar idir an t-údarás agus údarás tithe eile, a chumhachtaí, a chearta agus a dhliteanais faoin alt seo a aistriú chun an údaráis eile sin agus, i gcás ina ndéanfar aistriú faoin bhfo-alt seo, beidh deireadh leis na cumhachtaí, na cearta agus na dliteanais a bheidh faoin alt seo ag an údarás a dhéanfaidh an t-aistriú agus, chun críocha an ailt seo agus ní ar shlí ar bith eile, measfar gur cuid de limistéar feidhmiúcháin an údaráis chun a n-aistreofar na cumhachtaí, na cearta agus na dliteanais sin limistéar feidhmiúcháin an údaráis sin.
(10) San alt seo ciallaíonn “iasachtaí” duine dá dtabharfar iasacht faoin alt seo agus folaíonn sé comharba i dteideal duine dá dtabharfar iasacht faoin alt seo.
(11) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.
Deontais fhorlíontacha ó údarás tithe chun tithe a sholáthar.
12.—(1) I gcás ina dtabharfaidh an tAire nó Aire na Gaeltachta, de réir mar a bheidh, deontas iomchuí do dhuine nó i leith duine a sholáthróidh teach agus gurbh é nó gurb é an duine sin áititheoir an tí nuair a críochnaíodh nó nuair a chríochnófar tógáil nó ceannach an tí, féadfaidh údarás tithe deontas a thabhairt don duine sin nó ina leith maidir leis an teach (cibé acu laistigh nó lasmuigh de limistéar feidhmiúcháin an údaráis dó) a sholáthar, más rud é—
(i) gur ó bheith ag gabháil do thalmhaíocht a fhaigheann an duine, go hiomlán nó go formhór, a shlí bheatha agus nach mó ná caoga punt luach inrátaithe, nó comhiomlán luach inrátaithe, na talún (más ann) agus na bhfoirgneamh atá á n-áitiú aige, nó
(ii) nach mó ná ocht gcéad tríocha is dhá phunt sa bhliain iomlán ioncam an duine agus ioncam a bhanchéile (más ann) arna chinneadh ag an údarás tithe.
(2) Is é méid a bheidh i ndeontas a thabharfar faoin alt seo do dhuine nó i leith duine maidir le teach cibé méid a chinnfidh an t-údarás tithe ach ní bheidh sé níos mó ná méid an deontais iomchuí a thabharfaidh an tAire don duine nó ina leith maidir leis an teach.
(3) Féadfaidh údarás tithe cibé coinníollacha is oiriúnach leis a fhorchur maidir le deontas a thabhairt do dhuine nó i leith duine maidir le teach faoin alt seo lena n-áirítear coinníollacha i dtaobh—
(a) tréimhse cónaithe an duine i limistéar feidhmiúcháin an údaráis,
(b) áitiú an tí ag an duine agus tréimhse an áitithe sin, agus
(c) aisíoc méid an deontais ag an duine sin leis an údarás.
(4) Na deontais a thabharfar faoin alt seo, féadfaidh an t-údarás tithe, más oiriúnach leis, gan iad a thabhairt ach—
(a) do dhaoine de cibé aicme nó aicmí,
(b) do dhaoine a sholáthróidh tithe de cibé cineál nó cineálacha, nó
(c) do dhaoine de cibé aicme nó aicmí a chuirfidh ar fáil tithe de cibé aicme nó aicmí,
a chinnfidh an t-údarás i ngach cás áirithe.
(5) Is cinneadh críochnaitheach nach inachomhairc cinneadh údarás tithe maidir le méid deontais faoin alt seo nó méid ioncaim duine a iarrfaidh deontas faoin alt seo nó méid ioncam a bhanchéile (más ann).
(6) Ní thabharfar deontas faoin alt seo maidir le teach ar tugadh deontas maidir leis faoi alt 9, 10 nó 11 d'Acht 1952.
(7) San alt seo ciallaíonn “deontas iomchuí” deontas—
(a) faoi fho-alt (1) nó fo-alt (7) (a cuireadh isteach le hAcht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú), 1959) d'alt 3 d'Acht na dTithe (Gaeltacht), 1929,
(b) faoi alt 16 d'Acht 1948, nó
(c) faoi alt 2 den Acht seo.
Scéimeanna le haghaidh ráthaíochtaí.
13.—(1) Féadfaidh údarás tithe, de réir scéim a bheidh ceadaithe ag an Aire, ráthú a dhéanamh ar airleacan nó ar chuid d'airleacan ó chumann foirgníochta, cuideachta árachais, banc nó ó eagras tionscail nó tráchtála chun teach a shóláthar nó obair a dhéanamh arb é a bheidh ann teach a athfhoirgniú, a mhéadú, a fheabhsú nó a dheisiú.
(2) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, cuid nach mó ná caoga faoin gcéad den chaiteachas faoina rachaidh údarás tithe ag slánú ráthaíochta faoi scéim faoin alt seo a aisíoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas más deimhin leis an Aire—
(a) nach dtabharfaí an t-airleacan dá mbeifí gan an ráthaíocht a thabhairt nó gur tugadh an ráthaíocht i leith na coda sin den airleacan is ionann agus an bhreis a bheidh ag an airleacan ar an airleacan a thabharfaí dá mbeifí gan an ráthaíocht a thabhairt, agus
(b) nár mhó an méid a d'íoc an t-údarás tithe chun an ráthaíocht a shlánú ná dhá thrian an chaillteanais a tharla mar gheall ar thabhairt an airleacain nó na coda den airleacan dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo, cibé acu é.
(3) Is feidhm forchoimeádta chun críocha na nAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1955, agus chun críocha na nAchtanna a bhaineann le bainistí aon chontae-bhuirge scéim a dhéanamh faoin alt seo.
(4) San alt seo—
ciallaíonn “cumann foirgníochta” cumann lena mbaineann na hAchtanna Cumann Foirgníochta, 1874 go 1942;
tá le “cuideachta árachais” an bhrí chéanna atá leis san Acht Arachais, 1936.
Srian le halt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947, agus le halt 24 den Acht Airgeadais, 1949.
14.—(1) Baineann an t-alt seo le gach ionstraim a thugann éifeacht do cheannach tí ar é a bheith tógtha.
(2) Ní bhainfidh alt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947, ná alt 24 den Acht Airgeadais, 1949, le haon ionstraim lena mbaineann an t-alt seo agus, ina ionad sin, beidh cibé dleacht stampa inmhuirir ab inmhuirir dá mba nár achtaíodh na hailt sin.
(3) Beidh éifeacht ag fo-alt (2) den alt seo más rud é, agus ar an gcuntar sin amháin, go mbeidh deimhniú faoi shéala an Aire formhuinithe ar an ionstraim á dheimhniú gur tugadh nó go dtabharfar deontas faoi alt 2 nó 7 den Acht seo i leith an tí a cheannófar amhlaidh, nach deontas do chumann fóntais phoiblí ná d'áititheoir an tí nuair a bheidh tógáil an tí críochnaithe.
(4) I gcás—
(a) ina mbeidh dleacht stampa muirearaithe ar ionstraim de réir an ailt sin 13 nó an ailt sin 24,
(b) ina gceanglóidh duine faoi alt 21 den Stamp Act, 1891, ar na Coimisinéirí Ioncaim a dtuairim a chur in iúl maidir leis an ionstraim, agus
(c) ina suífear chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim go bhféadfadh deimhniú faoi fho-alt (3) den alt seo a bheith formhuinithe go cuí ar an ionstraim,
measfar deimhniú den sórt sin a bheith formhuinithe ar an ionstraim agus dleacht a bheith inmhuirir uirthi dá réir sin, cibé acu a rinneadh nó nach ndearnadh í a stampáil roimhe sin le stampa áirithe á chur in iúl gur stampáladh go cuí í.
(5) In aon chás den sórt dá dtagraítear i bhfo-alt (4) den alt seo, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an difríocht idir méid na dleachta a muirearaíodh iarbhír ar an ionstraim agus an méid a meastar a bheith inmhuirir uirthi de bhua fo-alt (4) den alt seo a aisíoc, ar choinníoll go n-iarrfar an t-aisíoc laistigh de dhá bhliain ó dháta na hionstraime.
Rátaí pá agus coinníollacha oibre.
15.—(1) Ní thabharfaidh an tAire deontas faoin Acht seo maidir le hobair arb éard i teach a thógáil, a athfhoirgniú nó a fheabhsú i gcás ina suífear chun a shástachta nár íocadh rátaí pá nó nár urramaíodh coinníollacha oibre, fad a bhí an obair á déanamh, chomh buntáisteach ar a laghad do na daoine a bhí fostaithe leis an obair leis na rátaí pá nó na coinníollacha oibre a aithnítear i gcoitinne ag ceardchumainn le linn an obair a thosú sa limistéar ina bhfuil an teach nó ina bhfuil sé beartaithe é a bheith.
(2) Féadfaidh an tAire, mar choinníoll chun deontas a thabhairt faoin Acht seo d'aon duine nó d'aon chumann fóntais phoiblí maidir le hobair arb éard í teach a thogáil, a athfhoirgniú nó a fheabhsú, a cheangal ar an duine nó ar an gcumann fóntais phoiblí, de réir mar a bheidh, aon ghealltanas is cuí leis an Aire a thabhairt maidir leis na rátaí pá a íocfar nó na coinníollacha oibre a urramófar le linn an obair a bheith á déanamh.
Deontas a aisíoc leis an Aire má sháraítear gealltanas.
16.—I gcás ina mbeidh an tAire tar éis deontas faoin Acht seo nó tráthchuid de dheontas a íoc le haon duine nó comhlacht, agus mar choinníoll chun an deontas a fháil gur thug an duine nó an comhlacht (de réir mar a bheidh) gealltanas don Aire agus nár comhlíonadh an gealltanas, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas, is é sin le rá:
(a) dlífidh an duine nó an comhlacht, de réir mar a bheidh, méid an deontais nó na tráthchoda, de réir mar a bheidh, a aisíoc leis an Aire, agus
(b) féadfar an méid sin a ghnóthú ón duine nó ón gcomhlacht sin, de réir mar a bheidh, mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.
Deontas a choimeád siar nó a laghdú.
17.—Más rud é, i dtuairim an Aire, nár comhlíonadh na coinníollacha faoina ndearna an tAire deontas faoin Acht seo a leithroinnt, féadfaidh an tAire an deontas a choimeád siar nó méid an deontais a laghdú cibé suim is iomchuí leis.
Deontas a íoc le comharba iarratasóra atá tar éis bháis.
18.—I gcás ina bhfaighidh duine a iarrfaidh deontas faoin Acht seo bás sula n-íocfar an deontas, féadfar, faoi réir forálacha an Achta seo, an deontas a íoc lena chomharba i dteideal.
Srian le hAchtanna áitiúla.
19.—Sa mhéid go mbeidh forálacha aon fhodhlíthe, rialacha, rialachán nó scéime, cibé údarás faoina ndearnadh iad, maidir le foirgnimh nua a fhoirgniú, a leagan amach nó a dhraenáil, ar neamhréir le haon rialacháin a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo, ní bheidh feidhm ag na forálacha sin maidir le haon teach a dtabharfaidh an tAire deontas ina leith faoin Acht seo agus a chomhlíonfaidh na rialacháin a dhéanfar amhlaidh nó a thógfar de réir pleananna agus sonraíochtaí a cheadóidh an tAire.
Airleacan uasta faoi alt 1 den Small Dwellings Acquisition Act, 1899.
1899, c. 44.
20.—Is é méid is mó a bheidh in airleacan faoi alt 1 den Small Dwellings Acquisition Act, 1899, cibé méid a shocróidh an tAire ó am go ham le toiliú an Aire Airgeadais.
Leasú ar ailt 16 agus 20 d'Acht 1948, ar alt 24 d'Acht 1952 agus ar alt 11 d'Acht 1956.
21.—(1) Leasaítear leis seo alt 16 (arna leasú le halt 2 d'Acht na dTithe (Leasú), 1960) d'Acht 1948, trí “agus go gcríochnófar é an lú lá d'Aibreán, 1962, nó roimhe sin” a scriosadh as mír (a) d'fho-alt (1).
(2) Leasaítear leis seo alt 20 (arna leasú le halt 2 d'Acht na dTithe (Leasú), 1960) d'Acht 1948, trí “agus go gcríochnófar í an lú lá d'Aibreán, 1962, nó roimhe sin” a scriosadh as mír (a) d'fho-alt (1).
(3) Leasaítear leis seo alt 24 d'Acht 1952 trí mhír (a) d'fho-alt (1) a scriosadh.
(4) Leasaítear leis seo alt 11 d'Acht 1956 trí “agus go gcríochnófar sin ar an lú lá d'Aibreán, 1962, nó roimhe sin” a scriosadh as mír (ii) d'fho-alt (1).
(5) Measfar go dtáinig na fo-ailt sin roimhe seo den alt seo ngníomh an lú lá d'Aibreán, 1962.
An tAire do thabhairt deontas d'ainneoin reacht nó ionstraim reachtúil a bheith gan chomhlíonadh.
22.—Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, deontas a thabhairt faoin Acht seo d'ainneoin ceanglas reachta nó ionstraime reachtúla a bheith gan chomhlíonadh maidir leis an deontas má d'eisigh oifigeach don Aire deimhniú formheasa maidir leis an teach iomchuí agus más deimhin leis an Aire gur de mheon macánta a ghníomhaigh an t-iarratasóir ag dul ag cur an tí ar fáil, á athfhoirgniú, á dheisiú nó á athrú.
Rialacháin.
23.—(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh ag forordú aon ní nó ruda dá dtagraítear san Acht seo mar ní nó rud atá forordaithe nó le forordú.
(2) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá agus fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe faoin rialachán.
(3) Ní dhéanfaidh an tAire aon rialachán faoin Acht seo a mbeidh foráil ann, maidir le híocaíocht a bheidh le déanamh ag an Aire, gan an tAire Airgeadais do thoiliú leis an bhforáil sin.
Caiteachas comhairlí contae.
24.—I gcás ina rachaidh comhairle contae faoi chaiteachas faoin Acht seo, muirearófar an caiteachas sin go cothrom ar iomlán cheantar sláinte an chontae.
Caiteachas.
25.—Déanfar an caiteachas faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
Aisghairm.
26.—(1) Déantar leis seo gach achtachán a luaitear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.
(2) D'ainneoin alt 16 d'Acht 1948 agus alt 12 d'Acht na dTithe (Leasú), 1954, a aisghairm leis an Acht seo, féadfar deontais faoi na hailt sin a íoc tar éis dáta an Achta seo a rith maidir le hoibreacha ar tosaíodh orthu roimh an lú lá d'Aibreán, 1962.
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.
27.—(1) Féadfar Acht na dTithe (Iasachtaí agus Deontais), 1962, a ghairm den Acht seo.
(2) Déanfar an tAcht seo, a mhéid a leasaíonn sé Achtanna na Sclábhaithe, 1883 go 1958, na hAchtanna um Thithe Beaga Cónaithe a Fháil, 1899 go 1958, agus Achtanna na dTithe (Forálacha Airgeadais agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 go 1960, a léamh agus a fhorléiriú mar aon ní amháin leis na hAchtanna sin faoi seach agus féadfar Achtanna na Sclábhaithe, 1883 go 1962, na hAchtanna um Thithe Beaga Cónaithe a Fháil, 1899 go 1962, agus Achtanna na dTithe (Forálacha Airgeadais agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 go 1962, a ghairm den Acht seo agus de na hAchtanna sin le chéile.
AN CHEAD SCEIDEAL.
Rialacha le Comhlíonadh ag Tithe Áirithe.
1. Ní bheidh achar iomlán na n-urlár go léir i dteach arna thomhas sa tslí fhorordaithe níos lú ná 500 troigh cearnach ná níos mó ná 1,400 troigh cearnach.
2. Beidh trí sheomra ar a laghad i dteach.
3. Ó thaobh láithreáin, dreacha, pleanála, foirgniúcháin, sláinteachais agus uimhir tithe in aghaidh an acra, comhlíonfaidh tithe na coinníollacha forordaithe.
4. Ó thaobh méid, uimhir seomraí agus comhghabhálais riachtanacha beidh tithe i gcomhréir, i gcoitinne, le pleananna forordaithe nó cibé pleananna eile a cheadóidh an tAire.
AN DARA SCEIDEAL.
Deontais a Thabharfaidh an tAire.
Daoine dá dtabharfaidh an tAire deontais | I gcás nach féidir séarachas agus uisce píopaithe a chur ar fáil go réasúnach | I gcás séarachas agus soláthar uisce píopaithe a bheith curtha ar fáil | I gcás séarachas agus soláthar uisce píopaithe a bheith curtha ar fáil i limistéar nach bhfuil scéim phoiblí séarachais ná soláthar uisce píopaithe ar fáil ann | ||||||
An uimhir seomraí sa teach | An uimhir seomraí sa teach | An uimhir seomraí sa teach | |||||||
3 | 4 | 5 nó níos mó | 3 | 4 | 5 nó níos mó | 3 | 4 | 5 nó níos mó | |
£ | £ | £ | £ | £ | £ | £ | £ | £ | |
Duine a chuirfidh teach ar fáil .. .. | 125 | 175 | 225 | 175 | 225 | 275 | 200 | 250 | 300 |
Cumann fóntais phoiblí a chuirfidh teach ar fáil .. .. .. | 135 | 185 | 235 | 185 | 235 | 285 | 210 | 260 | 310 |
AN TRIU SCEIDEAL.
Achtacháin a Aisghairtear.
Uimhir agus Bliain | Gearrtheideal | Meid na hAisghairme |
Ailt 16 agus 20. | ||
Ailt 9, 10, 11 agus 36. | ||
Ailt 12 agus 14. | ||
Alt 10. | ||
Alt 13. |