Uimhir 28 de 1981
AN tACHT AIRGEADAIS (UIMH. 2), 1981
[An tiontú oifigiúil]
CUID I
Custaim agus Mál
Mínithe (Cuid I).
1.—Sa Chuid seo—
ciallaíonn “Acht 1981” an tAcht Airgeadais, 1981;
ciallaíonn “Ordú 1975” an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 221) (Dleachtanna Máil), 1975 (I.R. Uimh. 307 de 1975).
Beoir.
2.—(1) Déanfar an dleacht máil ar bheoir a fhorchuirtear le mír 7 (1) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 22ú lá d'Iúil, 1981, de réir £119.647, i gcás na beorach go léir arna grúdú sa Stát, ar gach 36 ghalún foirte de shaindlús 1,055 chéim agus, i gcás na beorach go léir arna hallmhairiú, ar gach 36 ghalún beorach a raibh saindlús 1,055 chéim ina foirt roimh ghiosáil, in ionad an ráta a luaitear in alt 31 (1) d'Acht 1981.
(2) Faoi réir mhír 5 den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 250) (Beoir), 1981 (I.R. Uimh. 10 de 1981), déanfar an aistarraingt ar bheoir dá bhforáiltear i mír 7 (3) d'Ordú 1975, maidir le beoir a dtaispeánfar ina leith chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim gur íocadh dleacht de réir an ráta a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo, a ríomh de réir shaindlús bunaidh na beorach, de réir £119.647 ar gach 36 ghalún beorach ar 1,055 chéim a saindlús bunaidh.
Biotáille.
3.—(1) Déanfar an dleacht máil ar bhiotáille a fhorchuirtear le mír 4 (2) d'Ordú 1975, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 22ú lá d'Iúil, 1981, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear sa Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1981.
(2) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun faoiseamh a thabhairt ón dleacht máil breise i leith biotáille neamhaibí a fhorchuirtear le mír 4 (2) d'Ordú 1975 agus leis an tríú colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Ordú sin arna leasú le mír 4 (2) den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 244) (Dleachtanna Máil ar Bhiotáille, Beoir agus Olaí Hidreacarbóin), 1979 (I.R. Uimh. 415 de 1979), agus leis an tríú colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Ordú sin ná ní oibreoidh sé chun dochar ná difear a dhéanamh don chéanna.
(3) Sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ciallaíonn “alcól” alcól eitile íon.
Táirgí tobac.
4.—(1) San alt seo agus sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo tá le “toitíní,” “todóga,” “cavendish nó negrohead,” “tobac cruafháiscthe”, “tobac píopa eile”, “tobac chun a chaite ina dheatach”, “tobac chun a choganta” agus “táirgí tobac” an bhrí chéanna atá leo san Acht Airgeadais (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1977, arna leasú leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 243) (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1979 (I.R. Uimh. 296 de 1979).
(2) Déanfar an dleacht máil ar tháirgí tobac a fhorchuirtear le halt 2 den Acht Airgeadais (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1977, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 22ú lá d'Iúil 1981, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear sa Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1981.
Fíon agus fíon déanta.
5.—(1) Déanfar an dleacht máil ar fhíon a fhorchuirtear le mír 5 (2) d'Ordú 1975, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 22ú lá d'Iúil, 1981, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid I den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid I den Cheathrú Sceideal a ghabhann le hAcht 1981.
(2) Déanfar an dleacht máil ar fhíon déanta a fhorchuirtear le mír 6 (2) d'Ordú 1975, a mhuirearú, a thobhach, agus a íoc amhail ar an agus ón 22ú lá d'Iúil 1981, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid II den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid II den Cheathrú Sceideal a ghabhann le hAcht 1981.
(3) Sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo—
ciallaíonn “an neart alcólach iarbhír de réir toirte” an líon toirteanna d'alcól íon atá, ag teocht 20°C, i 100 toirt den táirge ag an teocht sin;
ciallaíonn “% toirte” an neart alcólach de réir toirte.
Hidreacarbóin.
6.—(1) Déanfar an dleacht máil ar ola éadrom hidreacarbóin mhianrach a fhorchuirtear le mír 11 (1) d'Ordú 1975, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 22ú lá d'Iúil, 1981, de réir £17.32 an heictilítear in ionad an ráta a shonraítear in alt 35 (1) d'Acht 1981.
(2) Déanfar an dleacht máil ar ola hidreacarbóin a fhorchuirtear le mír 12 (1) d'Ordú 1975, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 22ú lá d'Iúil, 1981, de réir £11.67 an heictilítear in ionad an ráta a shonraítear in alt 35 (2) d'Acht 1981.
(3) Amhail ar an agus ón 22ú lá d'Iúil, 1981, is é ráta aon aisíoca a lamháiltear faoi mhír 12 (11) d'Ordú 1975 maidir le hola hidreacarbóin ar a bhfuil an t-aisíoc sin inlamháilte agus ar ar íocadh de réir £11.67 an heictilítear an dleacht máil a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo, £9.88 an heictilítear in ionad an ráta ab inlamháilte díreach roimh an 22ú lá d'Iúil, 1981.
(4) Déanfar an dleacht máil ar hidreacarbóin ghásacha i bhfoirm leachtach a fhorchuirtear le halt 41 (1) den Acht Airgeadais, 1976, a mhuirearú, a thobhach, agus a íoc, amhail ar an agus ón 22ú lá d'Iúil, 1981, de réir £0.48 an galún in ionad an ráta a shonraítear in alt 35 (4) d'Acht 1981.
Mótarfheithiclí.
7.—Déanfar an dleacht máil a fhorchuirtear le mír 4 (1) den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 236) (Dleachtanna Máil ar Mhótarfheithiclí, Teilifíseáin agus Ceirníní Gramafóin), 1979 (I.R. Uimh. 57 de 1979), ar mhótarfheithiclí earnáil A, de réir bhrí mhír 3 (a) den Ordú sin, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 22ú lá d'Iúil 1981, de réir ráta ar cóimhéid le 50 faoin gcéad den luach inmhuirearaithe, in ionad an ráta a shonraítear in alt 71 den Acht Airgeadais, 1980.
Na rátaí dleachtanna máil ar fheithiclí.
8.—(1) San alt seo—
ciallaíonn “an tAcht” an tAcht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952;
ciallaíonn “feithicil shonraithe”—
(a) feithicil a shonraítear i mír 1 de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht, nó
(b) feithicil a shonraítear i mír 6 (d) de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht nach mó ná 16 each-chumhacht (arna ríomh de réir rialachán arna ndéanamh ag an Aire Comhshaoil faoi alt 1 (3) den Acht chun críche ráta dleachta a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht),
ach ní áirítear léi:
(i) feithicil a úsáidtear mar eileatram agus ní chun aon chríche eile,
(ii) feithicil a shonraítear in Airteagal 3 den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 170) (Dleachtanna Máil) (Feithiclí), 1968 (I.R. Uimh. 68 de 1968), arna leasú leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 216) (Dleachtanna Máil) (Feithiclí), 1975 (Uimh. 5 de 1975), nó
(iii) feithicil a shonraítear in Airteagal 3 den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 229) (Dleachtanna Máil) (Feithiclí), 1977 (Uimh. 112 de 1977).
(2) Maidir le feithiclí sonraithe a úsáidtear in aon áit phoiblí, déanfar an dleacht máil a fhorchuirtear le halt 1 den Acht, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir na rátaí a shonraítear ina leith sa Sceideal a ghabhann leis an Acht agus, dá réir sin, cúlghairtear leis seo an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 231) (Dleachtanna Máil) (Feithiclí), 1977 (I.R. Uimh. 241 de 1977) agus scoirfidh na leasuithe ar an Acht agus ar alt 94 den Acht Airgeadais, 1973, a rinneadh leis an Ordú sin, d'éifeacht a bheith leo.
(3) Leasaítear leis seo alt 94 den Acht Airgeadais, 1973, trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhír (a) d'fho-alt (2):
“(a) £1 maidir le feithicil shonraithe (abairt a bhfuil an bhrí chéanna léi san alt seo agus atá léi in alt 8 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1981) ar iníoctha an dleacht sin, a fhorchuirtear leis an alt sin 1, ina leith, de réir ráta a shonraítear i mír 1 de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht sin;
(aa) £5 maidir le haon fheithicil shonraithe eile (nach feithicil í nach inmhuirearaithe agus nach intobhaigh an dleacht sin a fhorchuirtear leis an alt sin ina leith ná feithicil lena mbaineann mír (b) den fho-alt seo);”.
(4) Beidh éifeacht le fo-ailt (1) go (3) den alt seo maidir le feithiclí sonraithe ar tógadh amach ceadúnais ina leith faoi alt 1 den Acht le haghaidh tréimhsí dar tosach an 1ú lá de Mheán Fómhair, 1981, nó lá dá éis.
(5) (a) Faoi réir mhíreanna (b) agus (c) den fho-alt seo, déanfar an tAcht, maidir le ceadúnais faoi alt 1 den Acht le haghaidh tréimhsí dar tosach an 1ú lá de Mheán Fómhair, 1981, nó lá dá éis, a leasú tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (d) de mhír 6 i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis (arna leasú le halt 79 (1) den Acht Airgeadais, 1976):
“(d) feithiclí eile lena mbaineann an mhír seo—
nach mó ná 8 | |
n-each-chumhacht ... ... | £4 ar gach aonad nó cuid d'aonad each-chumhachta |
is mó ná 8 n-each-chumhacht ach nach mó ná 12 | |
each-chumhacht ... ... | £5 ar gach aonad nó cuid d'aonad each-chumhachta |
is mó ná 12 each-chumhacht ach nach mó ná 16 | |
each-chumhacht ... ... | £6 ar gach aonad nó cuid d'aonad each-chumhachta |
is mó ná 16 | |
each-chumhacht ... ... | £8 ar gach aonad nó cuid d'aonad each-chumhachta |
a thiomáintear le leictreachas ... ... | £22”. |
(b) Ní bheidh éifeacht le mír (a) den fho-alt seo i ndáil le haon fheithicil—
(i) a úsáidtear mar bheagfheithicil seirbhíse poiblí de réir bhrí an Achta um Thrácht ar Bhóithre, 1961, agus ní chun aon chríche eile,
(ii) a bhfuil tacsaiméadar feistithe inti agus a úsáidtear go dleathach mar fheithicil sráidseirbhíse de réir bhrí an Achta um Thrácht ar Bhóithre, 1961, nó chun críocha a ghabhann leis an úsáid sin agus ní chun aon chríche eile, nó
(iii) a úsáidtear mar eileatram agus ní chun aon chríche eile.
(c) Ní bheidh éifeacht le mír (a) den fho-alt seo i ndáil le feithiclí a shonraítear in Airteagal 3 den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 170) (Dleachtanna Máil) (Feithiclí), 1968, arna leasú leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 216) (Dleachtanna Máil) (Feithiclí), 1975.
(6) Déanfar na haisíocaíochtaí iomchuí ag féachaint d'fhorálacha na bhfo-alt sin roimhe seo den alt seo agus déanfar na haisíocaíochtaí de réir cibé treoracha a thabharfaidh an tAire Comhshaoil.
Ordú a chúlghairm.
9.—Cúlghairtear leis seo an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 254) (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1981 (I.R. Uimh. 299 de 1981).
CUID II
Cáin Bhreisluacha
Mínithe (Cuid II).
10.—Sa Chuid seo—
ciallaíonn “Acht 1978” an tAcht Cánach Breisluacha (Leasú), 1978;
ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Cánach Breisluacha, 1972.
Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht.
11.—Leasaítear leis seo alt 8 den Phríomh-Acht—
(a) i bhfo-alt (3) (a cuireadh isteach le hAcht 1978)—
(i) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (iii) i mír (b):
“(iii) soláthairtí earraí agus seirbhísí seachas iad sin dá dtagraítear i bhfomhíreanna (i) agus (ii) nach ndeachaigh, agus nach dóigh go rachaidh, an chomaoin iomlán ina leith thar £15,000 in aon tréimhse leanúnach 12 mhí,”,
(ii) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (c):
“(c) (i) faoi réir fhomhír (ii), duine nach ndeachaigh, agus nach dóigh go rachaidh, an chomaoin iomlán i leith earraí agus seirbhísí inchánach arna soláthar aige thar £30,000 in aon tréimhse leanúnach 12 mhí,
(ii) beidh feidhm ag fomhír (i) más rud é, agus amháin más rud é, gur ó sholáthar earraí inchánacha a fhaightear cuid nach lú ná 90 faoin gcéad den chomaoin iomlán dá dtagraítear ansin,”,
(iii) trí mhír (d) a scriosadh, agus
(iv) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (e):
“(e) duine, seachas duine lena mbaineann mír (a), (b) nó (c), nach ndeachaigh, agus nach dóigh go rachaidh, an chomaoin iomlán i leith earraí agus seirbhísí inchánach arna soláthar aige thar £15,000 in aon tréimhse leanúnach 12 mhí.”,
(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):
“(4) Más rud é, de bhua fho-alt (3) nó (6), nach raibh duine ina dhuine inchánach agus go dtarlóidh athrú imthosca ónar léir gur dóigh dó teacht chun bheith ina dhuine inchánach, measfar, chun críocha an Achta seo, gur duine inchánach é ó thosach na tréimhse inchánach is túisce a thosóidh tar éis an athraithe sin.”,
(c) i bhfo-alt (6), tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (ii) i mír (a):
“(ii) go bhfuil sé tite faoi bhun agus ag fanúint go buan faoi bhun cibé méid is iomchuí sa chás áirithe ag féachaint do mhír (c) nó (e) d'fho-alt (3),”,
(d) i bhfo-alt (8), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b):
“(b) go bhféadfar gach duine den sórt sin a chur faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach déanamh de réir fhorálacha uile an Achta seo agus na rialachán (lena n-áirítear na forálacha á cheangal go n-íocfaí cáin) a bhaineann leis na daoine sin agus faoi réir na bpionós faoin Acht seo a mbeidís faoina réir dá mbeadh sé dlite de gach duine den sórt sin iomlán na cánach is inmhuirearaithe a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim, ar leithligh ó rialacháin faoin bhfo-alt seo, i leith na ndaoine sin go léir:
Ar choinníoll nach mbainfidh an fo-alt seo le gníomhaíochtaí gnó arb éard iad earraí dochorraithe a sholáthar ag aon duine den sórt sin d'aon duine eile den sórt sin agus, i gcás daoine den sórt sin do dhéanamh iarratais de bhun rialacháin faoin bhfo-alt seo, go ndéileálfar, chun críocha an Achta seo, leis na gníomhaíochtaí gnó sin ionann is dá mba nach ndearnadh an t-iarratas.”,
agus
(e) i bhfo-alt (9) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (d) sa mhíniú ar “feirmeoir”:
“(d) soláthairtí earraí agus seirbhísí, seachas iad sin dá dtagraítear i míreanna (a), (b) agus (c), nach ndeachaigh, agus nach dóigh go rachaidh, an chomaoin iomlán ina leith thar £15,000 in aon tréimhse leanúnach 12 mhí.”.
Leasú ar alt 11 den Phríomh-Acht.
12.—(1) Leasaítear leis seo alt 11 den Phríomh-Acht—
(a) i bhfo-alt (1) (a cuireadh isteach le hAcht 1978), trí “15 faoin gcéad” a chur in ionad “10 faoin gcéad” i mír (a),
(b) i bhfo-alt (2) (a cuireadh isteach le hAcht 1978), trí “20 faoin gcéad” a chur in ionad “30 faoin gcéad” i mír (b), agus
(c) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh na míre sin (b):
“(c) Ar sheirbhísí talmhaíochta a sholáthar arb éard iad—
(i) obair mhachaire, buaint, baint, bualadh, cornadh, fómharaíocht, curaíocht agus plandáil;
(ii) díghalrú agus sadhlasú táirgí talmhaíochta;
(iii) fiaile agus loitmhíola a dhíothú agus barraí agus talamh a dhustáil agus a spréáil;
(iv) teascadh, crainn a leagan agus seirbhísí foraoiseachta dá samhail, agus
(v) siltean agus míntíriú talún,
beidh cáin inmhuirearaithe de réir an ráta a shonraítear i bhfo-alt (1) (a) ar 20 faoin gcéad den méid iomlán ar ar inmhuirearaithe cáin agus de réir ráta nialas faoin gcéad ar iarmhéid an mhéid iomláin sin.”.
(2) Beidh éifeacht leis an alt seo, agus measfar éifeacht a bheith leis, amhail ar an agus ón 1ú lá de Mheán Fómhair, 1981.
Leasú ar alt 12A den Phríomh-Acht.
13.—(1) Leasaítear leis seo alt 12A (a cuireadh isteach le hAcht 1978) den Phríomh-Acht trí “1.5 faoin gcéad” a chur in ionad “1 faoin gcéad” i bhfo-alt (1) agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TÁBLA I gcás a soláthróidh feirmeoir cothrom-ráta toradh talmhaíochta nó seirbhís talmhaíochta do dhuine, eiseoidh an feirmeoir, faoi réir alt 17 (2), sonrasc don duine ag taispeáint na comaoine (gan an breisiú cothrom-ráta a áireamh) i leith an tsoláthair agus méid (dá ngairtear ‘breisiú cothrom-ráta’ san Acht seo) is ionann agus 1.5 faoin gcéad den chomaoin sin (gan an breisiú sin a áireamh), agus beidh an duine, más duine inchánach é, i dteideal an breisiú cothrom-ráta a áireamh mar cháin is inasbhainte faoi alt 12 faoi réir, áfach, aon sriantachtaí a fhorchuirtear le fo-alt (3) nó (4) den alt sin nó faoi. (2) Beidh éifeacht leis an alt seo, agus measfar éifeacht a bheith leis, amhail ar an agus ón 1ú lá de Mheán Fómhair, 1981. |
Faoiseamh d'óstlanna, etc.
14.—(1) San alt seo ciallaíonn “seirbhís cháilitheach” seirbhís ina soláthraítear, do dhaoine nach gcónaíonn sa Stát, faoi chomhaontú arna dhéanamh roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1981, cóiríocht chodlata, i dteannta nó d'éagmais cothaithe, nó gluaisteáin ar fruiliú, báid ar fruiliú nó fialacht, ar tháillí arna socrú tráth déanta an chomhaontaithe, do dhaoine a bhfuil gnó ghníomhaire taistil, gnó tionscnóra turais nó gnó fruilithe gluaisteán nó bád á dhéanamh acu.
(2) Maidir leis na tréimhsí inchánacha dar tosach an 1ú lá de Mheán Fómhair, 1981, agus an 1ú lá de Shamhain, 1981, d'ainneoin forálacha alt 11 den Phríomh-Acht (arna leasú leis an Acht seo), beidh cáin inmhuirearaithe i ndáil le seirbhís cháilitheach a sholáthar agus measfar gurbh inmhuirearaithe í de réir ráta 10 faoin gcéad.
Forálacha idirthréimhseacha.
15.—Maidir le duine ar dhuine inchánach é, díreach roimh dháta an Achta seo a rith agus nach duine den sórt sin a bheadh ann ar an Acht seo a rith mura mbeadh roghnaithe aige amhlaidh faoi alt 8 (3) den Phríomh-Acht, measfar, ar an Acht seo a rith, go mbeidh roghnaithe aige amhlaidh agus is duine inchánach a bheidh ann go dtí an t-am a ndéanfar an rogha a chealú nó a scoirfidh sé go buan de bheith ag soláthar earraí agus seirbhísí inchánacha, cibé acu is túisce.
CUID III
Dleachtanna Stampa
Tobhach ar bhainc.
16.—(1) San alt seo,
ciallaíonn “méid inmheasúnaithe” an méid a gheofar tríd an méid sonraithe a roinnt ar a trí agus £5,000,000 a bhaint as an gcomhrann;
ciallaíonn “banc” duine, ar shealbhóir é, an lú lá d'Aibreán, 1981, ar cheadúnas a deonaíodh faoi alt 9 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971;
ciallaíonn “tuairisceáin”, i ndáil le banc, na tuairisceáin mhíosúla bainc a chuireann an banc ar fáil do Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le sócmhainní agus dliteanais an bhainc amhail ar an 15ú lá d'Aibreán, 1981, an 20ú lá de Bhealtaine, 1981, agus an 30ú lá de Mheitheamh, 1981;
ciallaíonn “méid sonraithe”—
(a) i gcás bainc chomhlachaithe, an méid a gheofar trí chomhiomlán na suimeanna a thaispeántar i dtuairisceáin an bhainc sin maidir le Mír 7 i bhFoscríbhinn II de na tuairisceáin mar choigeartú ar chuntais reatha le haghaidh seiceanna idirthurais a dhealú as comhiomlán na suimeanna a thaispeántar sna tuairisceáin maidir le cuntais reatha agus cuntais taisce atá ag daoine ar bith in oifigí an bhainc sa Stát agus ar suimeanna iad a thaispeántar mar dhliteanais de chuid an bhainc sna tuairisceáin sin;
(b) i gcás aon bhainc eile, an méid a gheofar trí chomhiomlán na suimeanna a thaispeántar san anailís ar dhliteanais roghnaithe i dtuairisceáin an bhainc sin mar shuimeanna a dhlitear do bhainc (lena n-áirítear bainc nach bainc de réir bhrí fho-alt (1) den alt seo) maidir le cuntais reatha, cuntais taisce, cuntais eile agus iasachtaí urraithe a dhealú as comhiomlán na suimeanna a thaispeántar sna tuairisceáin maidir le cuntais reatha, cuntais taisce, cuntais eile agus iasachtaí urraithe atá ag daoine ar bith in oifigí an bhainc sa Stát agus ar suimeanna iad a thaispeántar mar dhliteanais de chuid an bhainc sna tuairisceáin sin.
(2) Déanfaidh banc, laistigh de 14 lá ó dháta an Achta seo a rith, ráiteas i scríbhinn a sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim a thaispeánfaidh an méid inmheasúnaithe le haghaidh an bhainc sin, an méid sonraithe le haghaidh an bhainc sin agus na suimeanna dá dtagraítear sa mhíniú ar “méid sonraithe” i bhfo-alt (1) den alt seo ar faoina dtreoir a ríomhadh an méid sonraithe sin.
(3) Ar gach ráiteas a sheachadfar de bhun fho-alt (2) den alt seo muirearófar dleacht stampa de réir 0.08 faoin gcéad den méid inmheasúnaithe a thaispeántar ann.
(4) Déanfaidh an banc an dleacht a mhuirearófar le fo-alt (3) den alt seo ar ráiteas a sheachadfaidh banc de bhun fho-alt (2) den alt seo a íoc an tráth a sheachadfar an ráiteas.
(5) Tabharfaidh banc cibé sonraí do na Coimisinéirí Ioncaim a mheasfaidh na Coimisinéirí Ioncaim is gá i ndáil le haon ráiteas a cheanglaíonn an t-alt seo ar an mBanc a sheachadadh.
(6) I gcás ina mainneoidh banc aon ráiteas a cheanglaítear le fo-alt (2) den alt seo a sheachadadh laistigh den am dá bhforáiltear san fho-alt sin nó ina mainneoidh sé an dleacht a íoc is inmhuirearaithe ar aon ráiteas den sórt sin, ar é a sheachadadh, dlífidh an banc, amhail ó dháta an Achta seo a rith go dtí an lá a n-íocfar an dleacht, ús de réir 15 faoin gcéad sa bhliain a íoc uirthi mar phionós, i dteannta na dleachta, agus ina theannta sin, ar cheithre lá dhéag a bheith caite ó dháta an Achta seo a rith, dlífidh sé, mar phionós breise, suim a íoc is ionann agus 1 faoin gcéad den dleacht in aghaidh gach lae a fhanfaidh an dleacht gan íoc agus beidh gach pionós inghnóthaithe sa tslí chéanna amhail is dá mba chuid den dleacht an pionós.
(7) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an seachadadh ar aon ráiteas a cheanglaítear le fo-alt (2) den alt seo a chur i bhfeidhm faoi alt 47 den Succession Duty Act, 1853, ar gach cuma amhail is dá mba chuntas mar a luaitear san alt sin an ráiteas sin agus amhail is dá mba mhainneachtain mar a luaitear san alt sin an mhainneachtain faoin ráiteas sin a bheith gan seachadadh.
(8) Ní dhéanfar an dleacht stampa a mhuirearaítear leis an alt seo a cheadú mar asbhaint chun aon cháin nó dleacht is iníoctha ag an mbanc a ríomh agus, ina theannta sin, ní bheidh an banc i dteideal aisíocaíocht ar an dleacht a lorg ó aon duine eile.
Dleacht stampa i leith cártaí creidmheasa agus cártaí muirir.
17.—(1) (a) San fho-alt seo—
ciallaíonn “cuntas” cuntas arna choimeád ag banc ar a muirearaítear méideanna i leith earraí, seirbhísí nó airgead a fhaigheann pearsa aonair trí chárta creidmheasa;
ciallaíonn “cárta creidmheasa” cárta arna eisiúint ag banc chuig pearsa aonair ag a bhfuil seoladh sa Stát trína bhféadfaidh an phearsa aonair earraí, seirbhísí agus airgead a fháil agus trína bhféadfar méideanna i leith na n-earraí, na seirbhísí agus an airgid sin a mhuirearú ar an gcuntas.
(b) Gach bliain (arb í an bhliain 1982 nó bliain dá éis í), laistigh de thrí mhí ón 1ú lá d'Aibreán an bhliain sin, seachadfaidh banc ráiteas i scríbhinn do na Coimisinéirí Ioncaim ina dtaispeánfar líon na gcuntas a bheidh á gcoimeád ag an mbanc an lú lá sin d'Aibreán.
(c) Déanfar dleacht stampa de réir ráta £5 a mhuirearú ar gach ráiteas a sheachadfar de bhun mhír (b) den fho-alt seo i leith gach cuntas a bheidh ar áireamh i líon na gcuntas a thaispeánfar sa ráiteas.
(2) (a) San fho-alt seo—
ciallaíonn “cuntas” cuntas arna choimeád ag tionscnóir agus ar a muirearaítear méideanna i leith earraí, seirbhísí nó airgead a fhaigheann pearsa aonair trí chárta muirir;
ciallaíonn “cárta muirir” cárta (seachas cárta ar a dtugtar “cárta tí”) arna eisiúint ag duine (dá ngairtear “tionscnóir” san alt seo) chuig pearsa aonair ag a bhfuil seoladh sa Stát trína bhféadfaidh an phearsa aonair earraí, seirbhísí nó airgead a fháil agus trína bhféadfar méideanna i leith na n-earraí, na seirbhísí nó an airgid sin a mhuirearú ar an gcuntas;
ciallaíonn “cárta muirir cuideachta”—
(i) cárta muirir arna eisiúint ag tionscnóir chuig duine (seachas pearsa aonair) ag a bhfuil seoladh sa Stát agus a measfaí, dá mba chuig pearsa aonair a d'eiseofaí é, gur cárta muirir é, nó
(ii) cárta muirir arna eisiúint ag tionscnóir chuig fostaí, ainmní nó gníomhaire duine den sórt sin ina cháil mar fhostaí, mar ainmní nó mar ghníomhaire den sórt sin;
ciallaíonn “ráithe” tréimhse trí mhí dar críoch an 31ú lá de Mhárta, an 30ú lá de Mheitheamh, an 30ú lá de Mheán Fómhair nó an 31ú lá de Nollaig;
ciallaíonn “cárta forlíontach” cárta muirir cuideachta arna eisiúint ag tionscnóir chuig duine (seachas pearsa aonair) agus ar cárta é de bhreis ar chárta cuideachta eile a d'eisigh an tionscnóir chuig an duine sin.
(b) Gach bliain (arb í an bhliain 1982 nó bliain dá éis í), laistigh de dhá mhí ó dheireadh gach ráithe, seachadfaidh tionscnóir ráiteas i scríbhinn do na Coimisinéirí Ioncaim ina dtaispeánfar líon na gcártaí muirir, na gcártaí muirir cuideachta agus na gcártaí forlíontacha a d'eisigh nó a d'athnuaigh an tionscnóir an ráithe sin.
(c) Déanfar dleacht stampa de réir ráta £2.50 a mhuirearú ar gach ráiteas a sheachadfar de bhun mhír (b) den fho-alt seo in aghaidh gach tréimhse sé mhí nó cuid de shé mhí a ndéarfar ina leith gur bailí do gach cárta muirir, gach cárta muirir cuideachta agus gach cárta forlíontach, a thaispeánfaidh an ráiteas a bheith arna eisiúint nó arna athnuachan.
(3) Tabharfaidh banc nó tionscnóir, de réir mar bheidh, do na Coimisinéirí Ioncaim cibé sonraí a mheasfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a bheith riachtanach i ndáil le haon ráiteas a gceanglaíonn an t-alt seo ar an mbanc nó ar an tionscnóir é a sheachadadh.
(4) (a) Déanfaidh an banc an dleacht a mhuirearófar le fo-alt (1) (c) den alt seo ar ráiteas a sheachadfaidh banc de bhun fho-alt (1) (b) den alt seo a íoc an tráth a sheachadfar an ráiteas.
(b) Déanfaidh an tionscnóir an dleacht a mhuirearófar le fo-alt (2) (c) den alt seo ar ráiteas a sheachadfaidh tionscnóir de bhun fho-alt (2) (b) den alt seo a íoc an tráth a sheachadfar an ráiteas.
(5) (a) San fho-alt seo ciallaíonn “dáta cuí”—
(i) i ndáil le ráiteas a cheanglaítear a sheachadadh de bhun fho-alt (1) (b) den alt seo, an lú lá d'Aibreán an bhliain a gceanglaítear leis an bhfo-alt sin an ráiteas a sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim, agus
(ii) i ndáil le ráiteas a cheanglaítear a sheachadadh de bhun fho-alt (2) (b) den alt seo, deireadh na ráithe a gcuireann an fo-alt sin de cheangal an ráiteas a sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim laistigh de dhá mhí di.
(b) I gcás ina mainneoidh banc nó tionscnóir, de réir mar a bheidh, aon ráiteas a cheanglaítear le fo-alt (1) nó (2) den alt seo a sheachadadh laistigh den am a shonraítear sna fo-ailt sin nó ina mainneoidh sé an dleacht a íoc is inmhuirearaithe ar aon ráiteas den sórt sin, ar é a sheachadadh, dlífidh an banc nó an tionscnóir, de réir mar a bheidh ús de réir 15 faoin gcéad sa bhliain, ón dáta cuí go dtí an lá a n-íocfar an dleacht a íoc air mar phionós, i dteannta na dleachta, agus ina theannta sin, dlífidh sé, mar phionós breise, suim £300 a íoc in aghaidh gach lae a fhanfaidh an dleacht gan íoc tar éis trí mhí ón dáta cuí, agus beidh gach pionós inghnóthaithe sa tslí chéanna amhail is dá mba chuid den dleacht an pionós.
(6) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an seachadadh ar aon ráiteas a cheanglaítear le fo-alt (1) nó (2) den alt seo a chur i bhfeidhm faoi alt 47 den Succession Duty Act, 1853, ar gach cuma amhail is dá mba ráiteas den sórt sin an cuntas a luaitear san alt sin agus amhail is dá mba mhainneachtain mar a luaitear san alt sin an mhainneachtain faoin ráiteas sin a bheith gan seachadadh.
(7) Beidh banc nó tionscnóir, de réir mar a bheidh, i dteideal méid na dleachta stampa is iníoctha faoin alt seo a mhuirearú ar an gcuntas iomchuí faoi threoir an chuntais sin nó faoi threoir an chárta mhuirir, an chárta mhuirir cuideachta nó an chárta fhorlíontaigh lena mbaineann an cuntas agus féadfaidh sé na téarmaí agus na coinníollacha a rialaíonn an cuntas sin a chur chun feidhme maidir le hús ar an méid sin.
CUID IV
Ilghnéitheach
Alt 54 den Acht Airgeadais, 1970, a chur chun feidhme.
18.—(1) Beidh feidhm ag alt 54 den Acht Airgeadais, 1970, agus measfar feidhm a bheith aige riamh, amhail is—
(a) dá bhfolódh na tagairtí san alt sin d'urrúis tagairtí do chomhaontuithe arna ndéanamh ag an Aire Airgeadais agus a fhorálann iasachtaí a thabhairt don Aire Airgeadais d'fhonn airgead a chruinniú don Státchiste agus tagairtí do chomhaontuithe atá ag foghabháil nó ag comhghabháil leo, agus
(b) dá bhfolódh na tagairtí san alt sin do chostais—
(i) tagairtí do chostais a thabhófar i ndáil leis an imscrúdú ar thograí do chomhaontuithe, leis an gcaibidlíocht ar théarmaí comhaontuithe, agus le déanamh comhaontuithe, ar páirtí iontu an tAire Airgeadais, agus ar comhaontuithe iad—
(I) faoina bhfaibhríonn airgead chuig an Státchiste, nó
(II) faoina n-íoctar as bunadh eile caiteachas a bheadh, murach na comhaontuithe sin, le glanadh trí íocaíochtaí as an bPríomh-Chiste (cibé acu as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas nó ar shlí eile é).
(ii) tagairtí do chostais a thabhófar le toiliú an Aire Airgeadais i ndáil leis an imscrúdú ar thograí do chomhaontuithe, leis an gcaibidlíocht ar théarmaí comhaontuithe, agus le déanamh comhaontuithe, ar páirtí nó páirtithe iontu Aire de chuid an Rialtais (seachas an tAire Airgeadais) nó Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí, agus ar comhaontuithe iad—
(I) faoina bhfaibhríonn airgead chuig an Státchiste, nó
(II) faoina n-íoctar as bunadh eile caiteachas a bheadh, murach na comhaontuithe sin, le glanadh trí íocaíochtaí as an bPríomh-Chiste (cibé acu as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas nó ar shlí eile é), agus
(iii) tagairtí do chostais a thabhófar i ndáil leis an imscrúdú ar thograí do chomhaontuithe chun urrúis a eisiúint, leis an gcaibidlíocht ar théarmaí na gcomhaontuithe sin agus le déanamh na gcomhaontuithe sin.
(2) Maidir leis na tagairtí i bhfo-alt (1) (b) den alt seo don imscrúdú ar thograí do chomhaontuithe agus don chaibidlíocht ar théarmaí comhaontuithe, measfar go bhfolaíonn siad tagairtí d'imscrúduithe agus do chaibidlíochtaí mar iad i gcásanna nach ndéantar comhaontuithe.
Cúram agus bainistí cánacha agus dleachtanna.
19.—Déantar leis seo na cánacha agus na dleachtanna uile (seachas na dleachtanna máil ar fheithiclí inneallghluaiste a fhorchuirtear le halt 8 den Acht seo) a fhorchuirtear leis an Acht seo a chur faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim.
Gearrtheideal agus forléiriú
20.—(1) Féadfar an tAcht Airgeadais (Uimh. 2), 1981, a ghairm den Acht seo.
(2) Déanfar Cuid I den Acht seo, a mhéid a bhaineann sí le custaim, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam agus déanfar an Chuid sin I, a mhéid a bhaineann sí le dleachtanna máil, a fhorléiriú i dteannta na reachtanna a bhaineann le dleachtanna máil agus le bainistí na ndleachtanna sin.
(3) Déanfar Cuid II den Acht seo a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Breisluacha, 1972 go 1981, agus beidh siad ar áireamh sa chomhlua “na hAchtanna Cánach Breisluacha, 1972 go 1981”.
(4) Déanfar Cuid III den Acht seo a fhorléiriú i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.
(5) Ach amháin i gcás ina n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, forléireofar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile lena n-áirítear an tAcht seo, nó faoi.
AN CHÉAD SCEIDEAL
Na Rátaí Dleachta Máil ar Bhiotáille
An Cineál Biotáille | An Ráta Dleachta |
Aon chineál biotáille nach luaitear anseo ina dhiaidh seo agus meascáin agus ullmhóidí a allmhaireofar ina bhfuil biotáille | £21.562 an líotar alcóil sa bhiotáille |
Biotáille chumhraithe a allmhaireofar agus a bheidh taifeadta i slí a léireoidh nach bhfuil an neart le tástáil ... ... | £19.621 an líotar |
Licéir, coirdéil, meascáin agus ullmhóidí eile sa bhuidéal a allmhaireofar agus a bheidh taifeadta i slí a léireoidh nach bhfuil an neart le tástáil ... ... ... ... ... | £16.603 an líotar |
AN DARA SCEIDEAL
Na Rátaí Dleachta Máil ar Tháirgí Tobac
An Cineál Táirge | An Ráta Dleachta | ||||||
Toitíní | ... | ... | ... | ... | ... | ... | £16.80 an míle maille le méid is ionann agus 22.1 faoin gcéad den phraghas ar a miondíoltar na toitíní i gcás toitíní a monaraíodh sa Stát nó a allmhairíodh isteach sa Stát, roimh an lú lá de Mheán Fómhair, 1981. |
£17.90 an míle maille le méid is ionann agus 18.75 faoin gcéad den phraghas ar a miondíoltar na toitíní i gcás toitíní a monaraíodh sa Stát nó a allmhairíodh isteach sa Stát, an lú lá de Mheán Fómhair, 1981, nó dá éis. | |||||||
Todóga | ... | ... | ... | ... | ... | ... | £30.699 an cileagram |
Cavendish nó negrohead | ... | ... | ... | £31.022 an cileagram | |||
Tobac cruafháiscthe | ... | ... | ... | ... | £19.840 an cileagram | ||
Tobac píopa eile | ... | ... | ... | ... | £24.938 an cileagram | ||
Tobac eile chun a chaite ina dheatach nó chun a | |||||||
choganta | ... | ... | ... | ... | ... | £25.906 an cileagram |
AN TRÍÚ SCEIDEAL
CUID I
Na Rátaí Dleachta Máil ar Fhíon
An Cineál Fíona | An Ráta Dleachta |
Neamhdhrithleach: | |
Nach mó ná 15% toirte a neart alcólach iarbhír de réir toirte | £1.52 an líotar |
Ar mó ná 15% toirte ach nach mó ná 18% toirte a neart alcólach iarbhír de réir toirte ... ... ... ... | £2.16 an líotar |
Ar mó ná 18% toirte ach nach mó ná 22% toirte a neart alcólach iarbhír de réir toirte ... ... ... ... | £2.80 an líotar |
Drithleach ... ... ... ... ... ... ... | £3.02 an líotar |
Fíon, drithleach nó neamhdhrithleach, ar mó ná 22% toirte a neart alcólach iarbhír de réir toirte: | |
Dleacht breise in aghaidh gach 1% toirte nó codán de 1% toirte os cionn 22% toirte ... ... ... ... ... | £0.21 an líotar |
CUID II
Na Rátaí Dleachta Máil ar Fhíon Déanta
An Cineál Fíona Dhéanta | An Ráta Dleachta |
Neamhdhrithleach: | |
Nach mó ná 15% toirte a neart alcólach iarbhír de réir toirte | £1.43 an líotar |
Ar mó ná 15% toirte ach nach mó ná 18% toirte a neart alcólach iarbhír de réir toirte ... ... ... ... | £2.01 an líotar |
Ar mó ná 18% toirte ach nach mó ná 22% toirte a neart alcólach iarbhír de réir toirte ... ... ... ... | £2.53 an líotar |
Drithleach ... ... ... ... ... ... ... | £2.73 an líotar |
Drithleach nó neamhdhrithleach, ar mó ná 22% toirte a neart alcólach iarbhír de réir toirte: | |
Dleacht breise in aghaidh gach 1% toirte nó codán de 1% toirte os cionn 22% toirte ... ... ... ... ... | £0.21 an líotar |
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
Stamp Act, 1891 | 1891, c. 39 |
Succession Duty Act, 1853 | 1853, c. 51 |