[EN]

Uimhir 31 de 1947.


[EN]

AN tACHT TOGHCHÁIN (LEASÚ), 1947.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO SHOCRÚ LÍON COMHALTAÍ DHÁIL ÉIREANN AGUS D'ATHMHEAS A nDÁILCHEANTAR AGUS DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEAS LE TOGHADH NA gCOMHALTAÍ SIN. [27ú Samhain, 1947.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Mínithe.

1.—San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil;

[EN]

ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Timpeall Toghchán, 1923 (Uimh. 12 de 1923).

[EN]

Líon comhaltaí Dháil Éireann.

2.—Céad agus Seacht gcomhalta Ceathrachad an líon comhaltaí a bheas i nDáil Éireann.

[EN]

Dáilcheantair.

3.—(1) Beidh comhaltaí Dháil Éireann ina n-ionadóirí do na dáilcheantair a sonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

[EN]

(2) Aon dáilcheantar a sonraítear i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo is dáilcheantar buirge é agus aon dáilcheantar a sonraítear i gCuid II dhe sin is dáilcheantar contae é.

[EN]

(3) Aon líomatáiste a sonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo is tuigthe gurb é an líomatáiste sin é mar bhí an lú lá d'Eanáir, 1947, ach má éiríonn aon amhras cad é an dáilcheantair ina bhfuil baile fearainn nó líomatáiste is lú ná baile fearainn, cinnfidh an tAire an t-amhras.

[EN]

(4) Sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht—

[EN]

(a) déanfar tagairt do líne arna tarraing feadh aon bhóthair, sráide nó iarnróid a léiriú, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairt do líne arna tarraing feadh lár an bhóthair, na sráide nó an iarnróid sin,

[EN]

(b) déanfar tagairt do phointe mar a ndéanann aon bhóthar nó sráid trasghearradh, gearradh, teaghmháil, táthú, trasnú nó breith ar aon bhóthar nó sráid, nó mar a ndealaíonn nó a scarann leis, a léiriú, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairt don phointe mar a ndéanfadh líne arna tarraing feadh láir cheann acu trasghearradh ar líne arna tarraing feadh láir an chinn eile dá bhfaidítí na línte sin.

[EN]

An lion comhaltaí a toghfar do dháilcheantar.

4.—Toghfar do dháilcheantar a sonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo an líon comhaltaí atá leagtha amach ina leith sa tríú colún den Sceideal sin.

[EN]

An Ceann Comhairle a bheas ag dul as oifig d'atoghadh.

5.—Chun críocha míre (b) d'alt 3 den Acht Toghcháin (Ceann Comhairle Dháil Éireann), 1937 (Uimh. 25 de 1937), dearbhaítear leis seo dáilcheantar na Gaillimhe Theas, a sonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, a bheith ar comhréir le dáilcheantar na Gaillimhe Thoir, a sonraítear sa Sceideal a ghabhas leis an Acht Toghcháin (Dáilcheantair d'Athchóiriú), 1935 (Uimh. 5 de 1935).

[EN]

Leathanach teidil liostaí de thoghthóirí, etc.

6.—(1) Ar leathanach teidil gach liosta de thoghthóirí, gach liosta d'éilitheoirí, gach liosta d'agóidí agus gach cláir de thoghthóirí, a hullmhófar, faoin gCéad Sceideal a ghabhas leis an bPríomh-Acht tar éis an tAcht seo a rith agus roimh an lán-scor ar an Oireachtas is túisce a thiocfas tar éis an tAcht seo a rith, le haghaidh aonaid chláraitheachta i ndáilcheantar atá ann le linn an tAcht seo a rith agus nach ionann achar agus ainm dó agus do dháilcheantar a sonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, taispeánfar ann ainm an dáilcheantair a sonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo arb é an dáilcheantar é a mbeidh an t-aonad cláraitheachta sin ann chomh maith le hainm an dáilcheantair láithrigh sin a bhfuil sé ann le linn an tAcht seo a rith.

[EN]

(2) I gcás nach ionann achar agus ainm do dháilcheantar atá ann le linn an tAcht seo a rith agus do dháilcheantar a sonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, ullmhófar liosta de phost-vótálaithe i leith an dáilcheantair a luaithe is féidir tar éis an tAcht seo a rith agus is in ord aibítre ainmneacha a bheas an liosta sin agus í uimhrithe as a chéile.

[EN]

(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh ar an Acht seo a rith.

[EN]

Cinn chomhairimh agus cinn chomhairimh chúnta.

7.—(1) Is é is ceann comhairimh do dháilcheantar a sonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo—

[EN]

(a) is gcás ina bhfuil an dáilcheantar go léir i gcontae nó i gcontae-bhuirg a bhfuil sirriam ann di—an sirriam,

[EN]

(b) i gcás ina bhfuil an dáilcheantar go léir i gcontae a bhfuil fo-shirriam ann di—an fo-shirriam,

[EN]

(c) i gcás ina bhfuil cuid den dáilcheantar i gcontae-bhuirg agus cuid de i gcontae agus go bhfuil sirriam nó fo-shirriam ann don chontae-bhuirg agus sirriam nó fo-shirriam ann don chontae-an sirriam nó an fo-shirriam don chontae-bhuirg nó an sirriam nó an fo-shirriam don chontae do réir mar cheapfas an tAire le hordú ó am go ham,

[EN]

(d) in aon chás eile—an cláraitheoir contae nó, i gcás ina bhfuil cláraitheoir contae ann do chuid amháin den dáilcheantar agus cláraitheoir contae eile ann do chuid eile dhe, pé duine de na cláraitheoirí contae sin a cheapfas an tAire le hordú ó am go ham.

[EN]

(2) D'ainneoin fo-ailt (1) den alt seo, is é is ceann comhairimh do dháilcheantair bhuirge Bhaile Atha Cliath Theas (Thoir) agus Bhaile Atha Cliath Theas (Thiar) a sonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ná, an fhaid a leanfas an duine is fo-shirriam, le linn an tAcht seo a rith, do chontae Bhaile Atha Cliath de bheith i seilbh na hoifige sin, an fo-shirriam sin.

[EN]

(3) Féadfaidh cláraitheoir contae, sirriam nó fo-shirriam contae arb é an ceann comhairimh é do dháilcheantar a bhfuil cuid de sa chontae sin agus an chuid eile dhe i gcontae eile nó i gcontaebhuirg, nó féadfaidh cláraitheoir contae, sirriam nó fo-shirriam contae-bhuirge arb é an ceann comhairimh é do dháilcheantar a bhfuil cuid de sa chontae-bhuirg sin agus cuid eile dhe i gcontae, an t-oifigeach iomchuí a cheapadh, agus ceapfaidh é, más gá sin dó, chun bheith ina cheann comhairimh cúnta don chuid eile sin den dáilcheantar.

[EN]

Sa bhfo-alt seo, ciallaíonn an abairt “an t-oifigeach iomchuí”—

[EN]

(a) i gcás ina bhfuil sirriam nó fo-shirriam ann don chuid eile sin den dáilcheantar—an sirriam nó an fo-shirriam sin,

[EN]

(b) in aon chás eile—an cláraitheoir contae don chuid eile sin den dáilcheantar.

[EN]

(4) Is iad dualgais a bheas ar cheann comhairimh cúnta go gcomhlíonfaidh, sa chuid den dáilcheantar dar ceapadh é, na dualgais sin de chuid an chinn chomhairimh don dáilcheantar ná fuil ceangal dlí ar an gceann comhairimh iad a chomlíonadh i bpearsain, ach má éiríonn aon amhras i dtaobh dualgas cinn chomhairimh chúnta, cinnfidh an tAire an t-amhras.

[EN]

Athghairm

8.—Déantar leis seo na hachtacháin a sonraítear sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm a mhéid atá leagtha amach sa tríú colún den Sceideal sin.

[EN]

Tosach feidhme.

9.—Lasmuigh de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht seo, tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh díreach ar an lán-scor ar Dháil Éireann is túisce a thiocfas tar éis an tAcht seo a rith.

[EN]

Gearrtheideal, léiriú agus comhlua

10.—(1) Féadfar an tAcht Toghcháin (Leasú), 1947, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Léireofar mar aon Acht amháin na hAchta Toghcháin, 1923 go 1946, agus an tAcht seo.

[EN]

(3) Féadfar na hAchta Toghcháin, 1923 go 1947, a ghairm de na hAchta Toghcháin, 1923 go 1946, agus den Acht seo le chéile.

[EN]

AN CHEAD SCEIDEAL.

Dailcheantair.

CUID I.

Dailcheantair Bhuirge.

Ainm

Líomatáiste

An Líon Comhaltaí

Corcaigh

..

..

Contae-bhuirg Chorcaighe agus Toghranna Ceantair Bhaile an Easpuig, na Carraige Duibhe agus Naomh Muire i gContae Riaracháin Chorcaighe.

Cúigear.

Baile Atha Cliath Thuaidh (Thoir).

Na Baird seo a leanas:—an Baile Bocht, Cluain Tairbh Thoir, Cluain Tairbh Thiar, Dromconrach Thuaidh, Dromconrach Theas, an Duga Thuaidh agus Rath Eanna, agus an chuid de Bhard Moinseo atá ó dheas de líne arna tarraing mar leanas: ag tosnú ag pointe mar a dteagmhaíonn lár Cnoic Chríonáin le teorainn an bhaird, as sin feadh Cnoic Chríonáin go dtí Plás Hutain, as sin feadh Plás Hutain, Plás Moinseo, Cearnóg Moinseo Thoir, agus Plás Belbhidír go dtí teora an bhaird; agus an chuid de chontae riaracháin Bhaile Atha Cliath atá soir ó líne arna tarraing mar leanas:—ag tosnú ag an bpointe ar theorainn na contae sin ina mbuaileann Ascal Chill Easra le Bóthar Malahíde agus as sin siar ó dheas feadh Bóthar Malahíde go dtí teora an chontae sin.

Cúigear.

Baile Atha Cliath Thuaidh (Lár).

Na Baird seo a leanas:—Glas Noidhean, Cé na gCúirteanna, an Chathair Thuaidh agus an Rotunda, an chuid de Bhard Moinseo ná fuil i nDáilcheantar Buirge Bhaile Atha Cliath Thuaidh (Thoir) agus an chuid de Bhard na Cabraighe Thoir atá teoranta le líne arna tarraing mar leanas:—ag tosnú ag an bpointe a mbuaileann Bóthar na Cabraighe leis an gCuar-Bhóthar Thuaidh, as sin siar feadh Bóthar na Cabraighe go dtí Bóthar Peadar, as sin ó thuaidh feadh Bóthar Peadar go dtí a cheann, as sin ina líne dhíreach go dtí an pointe is gaire ar an taobh thoir den bhealach carráiste ag Bóthar Seandún, as sin ó thuaidh feadh na taoibhe sin den bhealach carráiste sin go dtí a cheann, as sin ina líne dhíreach go dtí an chanáil, as sin feadh na canáile go dtí teora an bhaird ag Acomhal na Life, as sin go dtí teora Bhaird Ghlas Noidhean, as sin ó dheas feadh teorann Bhaird na Cabraighe Thoir go dtí lár an Chuar-Bhóthair Thuaidh agus as sin siar go dtí an pointe a céadluadh.

Triúr.

Baile Atha Cliath Thuaidh (Thiar)

Na Baird seo a leanas:—Cé Arann an Cnabrach Thiar agus Páirc an Fhionn-Uisce, agus an chuid de Bhard na Cabraighe Thoir ná fuil i ndáilcheantar buirge Bhaile Atha Cliath Thuaidh (Lár).

Triúr.

Baile Atha Cliath Theas (Thoir).

Na Baird seo a leanas:—Pembróc Thoir, Pembróc Thiar agus Ráth Maonas Thoir, agus an chuid de Bhard Ráth Fearnan atá taobh thoir de líne arna tarraing feadh Bóthar Dartraighe agus an chuid de Bhard Ráth Maonas Thiar atá taobh thoir de líne arna tarraing mar leanas: ag tosnú ag pointe, i dteorainn an bhaird, díreach ó thuaidh de lár Bhóthar Ráth Maonas Iochtarach, as sin ó dheas feadh Bóthar Ráth Maonas Iochtarach agus Bóthar Ráth Maonas Uachtarach, go dtí teora an bhaird.

Triúr.

Baile Atha Cliath Theas (Thiar).

Na Baird seo a leanas:—Croimghlinn, Cill Maighneann, Cinnmhuighe agus Tor Fhionnabhra, an chuid de Bhard Ráth Fearnan ná fuil i ndáilcheantar buirge Bhaile Atha Cliath Theas (Thoir) agus an chuid de Bhard Ráth Maonas Thiar ná fuil i ndáilcheantar buirge Bhaile Atha Cliath Theas (Thoir).

Cúigear.

Baile Atha Cliath Theas (Lár).

Na Baird seo a leanas:—Teach an Ard-Mhéara, Cé na gCeannaí, an Malartán Ríoga, Naomh Caoimhghin, an Duga Theas, Cé Uisear agus Cé na Coille.

Cúigear.

CUID II.

Dailcheantair Chontae.

Ainm

Líomatáiste

An Líon Comhaltaí

Ceatharlach-Cill Choinnigh.

Contaethe riaracháin Cheatharlach agus Chill Choinnigh.

Cúigear.

Dún Laoghaire agus Ráth an Dúin ..

Buirg Dhún Laoghaire agus na toghranna ceantair seo a leanas:—An Baile Breac, Dún Droma, Gleann Cuileann, Baile an Mhuilinn, Ráth Fearnan, Ráth Michíl, Teach Lorcán, agus an Teampall Geal.

Triúr.

Baile Atha Cliath

..

Bard Bhinn Eadair agus Contae Riaracháin Bhaile Atha Cliath ach amháin an chuid de atá i nDáilcheantar Contae Dhún Laoghaire agus Ráth an Dúin agus an chuid de atá i ndáilcheantar buirge Bhaile Atha Cliath Thuaidh (Thoir).

Triúr.

Cill Dara

..

..

Contae Riaracháin Chill Dara.

Triúr.

Laoghis-Uí Fáilghe

..

Contaethe riaracháin Laoghise agus Ó bhFáilghe.

Cúigear.

Longphort-An Iarmhidhe.

Contaethe Riaracháin Longphoirt agus na hIarmhidhe.

Cúigear.

Lughbhaidh

..

Contae Riaracháin Lughbhaidh

Triúr.

An Mhidhe

..

..

Contae Riaracháin na Midhe

Triúr.

Loch gCarman

..

Contae Riaracháin Loch gCarman

Cúigear.

Cill Mantán

..

Contae Riaracháin Chill Mantán

Triúr.

An Clár

..

..

Contae Riaracháin an Chláir

Ceathrar.

Corcaigh Thiar

..

Na toghranna ceantair seo a leanas:—

Béal Atha an Ghaorthaidh, Claonráth, Doire Finghín, Gort na Tiobratan, Inse Gíleach, Sliabh Riabhach;

Triúr

Alltach, Baile an Ghoirtín, Baile Muine, Bealanagarry, Béilic, Carraig Bhuidhe, Ceathramha na Cúile, Droighneach, Dún Maonmhuighe Thuaidh, Dún Maonmhuighe Theas, An Ghearr-Abhar, Cinn Eich, Máinse, Meilleán;

Aichill, Beanntraighe (Tuath), Beanntraighe (Uirbeach), Cnoc Damhais, Dubhros Thoir, Dubhros Thiar, Gleannloch, An Gleann Garbh, Caolchoill, Cill Cascán, Maolach, Scairt, Suidhe Finn, Rinn Mhuintir Bháire, Faoide;

Eadarghóbhail, Béarra, Cuailleach, Coradh Ghlais, Cill Ceatighearn, Cill Achaidh nAoineach, Cill na Manach;

Baile Bán, Béal an dá Chab, Cuailleach, Cruachán, Dún Béacáin, Dún Mánais, Góbhailín, Cill Cótha, Lubhghortán, Scumhail, Tuar Mór;

Achadh Dún Thuaidh, Achadh Dún Theas, Briadach, Cathrach, Oileán Cléire, Carraig Bhán, Baile an Chaisleáin Thuaidh, Baile an Chaisleáin Theas, Cloch Domhnaill, Cluain Chaoin, Droighneach, Drom dhá Liag Thuaidh, Drom dhá Liag Theas, Na Garráin, Gort na Scríne, Cill Fachtna Beag, Cillín Liath, Cnoc Sceach, Muigh-Ros, Sraoilleán, Sciobairín Tuath, Tulach, Na Doiríní;

Ard an Phuill, Airgidín, An Chathair Mhór, Caisleán na Gaoithe, Cloch na Coilltidh (Tuath), Cúil Curraichín, Doire, Cill Ciarán Mór, Na Cnuic, Ráth an Bharraigh, Ros Cairbre, An Ros Mór;

agus Ceantair Uirbeacha Chloch na Coilltidh agus an Sciobairín.

Corcaigh Thoir

..

Na toghranna ceantair seo a leanas:—

An Seanbhaile, Sceachanach, agus Baile an Fháltaigh;

Triúr

Baile Artúir, Doire O bhFaoileáin, Fairche, Cill Dairbhre, Cill Gallán, Cill Faolán, Baile an Mharasclaigh, Baile Mhistéala, Teampall Molaga;

Ath an Chairn, Béal Ath hUbhla, an Baile Nua, An Charraig, Dún Galláin, Carragán Eide, Caislcán Uí Liatháin, Baile Chaisleáin an Róistigh, Cúil Chollainge, Coradh Ghlais, Mainistir Fhear Muighe (Tuath), Gleannamhair Thoir, Gleannamhair Thiar, Gort na Sceiche, Gort Rua, Coill na Corra, Cill Cumair, Cill Deighnín, Cill Aitche, Cill Uird, Cnoc Múirn, Liatruim, Ráth Chormaic, Cnocán na Biolraighe;

Baile an Teampaill, Baile Coitín, Baile Uí Spalláin, Carraig Tuathail, Baile na Martra, Cluain Molt, Cluain Uamha, Corcach Beag, Daingean Uí Dhonnabháin, Dún Guairne, Garrdha Bhóithe, Iochtar Morogha, Insc, Lios Gúl, Mainistir na Corann (Tuath), Magh Eile, Ros Stiallán, Teampall Buadán, Teampall na Carraige;

Ardachadh, Cluainpríost, Cill Crónait, Cill Ia, Cill Modomhnóg, Eochaill (Tuath);

Cathair Laga, An Cóbh (Tuath), Cnoc Rátha agus Baile Ruisín;

agus Ceantair Uirbeacha an Chóibh, Mhainistir Fhear Muighe, Mhainistir na Corann agus Eochaille.

Corcaigh Thuaidh

..

Na toghranna ceantair seo a leanas:—

An Chathair Bhearnach, Com an Logáin, Crionna Allua, Cuilinn, Darach, Dún na Slinn, An Driseán, An Chaol, Cill Cóirne, Cnoc na Groighe, Ráth Cumhaill agus Sceach;

Triúr

Ealla, Baile Uí Uallacháin, Bántír, Cnoc na hEornan, Barr na Coirthe, Bán Mór, Bóthar Buidhe, Caisleá Cara, Caisleán na Maingnéarací Cluain Fearta Thoir, Cluain Fear Thiar, Cluain Mhín, Cúil Chloch, Drom Aidhne, Gleann Lára, Gort Mór, Grianán, Ceann Tuirc, Cill Brain, Cill Mín, Cnoc an tSuain, Magh Leamhna, Muingí, Ath an Mhuilinn, Nead, Ath Treasna, Seandrom, Ros Caoin, Ros na Laogh, Rothaill, Tigh an Chorra, Tulach Léise, Baile Deasmhumhna;

Ard Scia, Bealach Cloiche, Baile na Móna, Cill na Mollach, Cathair Dubhgháin, Carraig, Brú Thuinne, Claonabhar, Dún ar Aill, Drom Mór, Impreach, Cill Mac Léinín, Cill Seanaigh, Lios Cearbhaill, Malla (Tuath), Baile an Mhuilinn, Móin an Ime, Rathain, Ráth Luirc, Garrdha na Gráinneoige, Cnoc na Sruthán, Teampall Muire;

Achadh Aoineach, Ceann Droma, Cluain Droichid, Cill Breithcheart, Cill na Martra, Magh Cluaineich, Magh Seanna Glaise, Ráthaluisc, na hUlláin;

agus Ceantair Uirbeacha Mhagh Cromtha agus Mhalla.

Corcaigh Theas

..

Contae Riaracháin Chorcaighe ach amháin na coda dhi atá i nDáilcheantar Buirge Chorcaighe agus i nDáilcheantair Chontae Chorcaighe Thuaidh, Chorcaighe Thoir, agus Chorcaighe Thiar.

Triúr

Ciarraighe Thuaidh

Na toghranna ceantair seo a leanas:—

Baile an Bhóthair, An Baile Dubh, Baile na Cúirte, Cnoc Bréanainn, Caisleán Ghriaghaire, An Clochán, Duibhlios, Daingean Uí Chúise, Dún Chaoin, Dún Urlaing, Na Gleannta, Inse, Cill Maolcéadar, Cill Cúán, Cinn Aird, Leac, Márthain, Binn Ard, Sráidbhaile, Fionntráigh;

Ceathrar

Mainistir O dTorna, Arabeile, Ard Fhearta, Baile Aodhagáin, Baile Uí Thaidhg, Baile na hEaglaise, Baile an Oraigh, Bailte O Síoda, Banna, Barr Trí gCam, Currach Gráige, An Buailtín, Mullach an Bhrosnaigh, Oileán Chiarraighe, Clochar Bhriain, Crionna, Dún, Na Gnímh, Ceann Duimhche, Cill Flainn, Cill Gharrdha an Lóndraigh, Cill Gobán, Cill Leathan, Cill Muire, Cill Tulach, Cnoc Glas, Cnoc na gCaiseal, Leaca Bhán, Cnocán an Iolair, Nuachongbháil, Ó Braonáin, Ráth Teas, Tráigh Lí (Tuath), Tiobraid;

Ardachadh, Eas Duibhe, Baile an Chlochair, Baile Conraoi, An Baile Dubh, Baile Aodhgháin, Baile Uí Argáin, Béal, Carraig, An Tóchar, Cluain Tiobraid, Drom Mártan, Dubháth, Inis Mhór, Gallán, Baile Uí Dhonnchadha, Cill Feichne, Cill Eithne, Cill Lamhraighe, Cill Maighne, Cill tSeanán, Cill Tóma, Liatruim, Lios Lachtín, Lios Eiltín, Lios Tuathail (Tuath), Leac Snámha, Mágh Inse, Mágh Meadhon, Ráth Aodha, Srón Abhann, Tairbeart, Tearmon, Trian Iarthach, Urlaidhe;

Cill na nAon, Cill Feidhlim, agus na Corráin;

agus Ceantair Uirbeacha Lios Tuathail agus Thráigh Lí.

Ciarraighe Theas

..

Contae riaracháin Chiarraighe ach amháin an chuid di atá i nDáilcheantar Contae Chiarraighe Thuaidh.

Triúr

Luimneach Thiar

..

Na toghranna ceantair seo a leanas:—

Flian Mór, Gleann Corbraighe, Cill Fhearghusa, Cill Mhaoileoin;

Triúr

Mainistir na Féile, Ardachadh, Baile an Tobair, An Baile Nua Thiar, Buaile, Béal an Atha, Cathair, Claonghlais, Cluain Catha, An Daingean Beag Drom Colchair, Drom Treasna, Fíodhnach, An Garrdha Dubh, Gleann na nGabhar, Gleann Gort, Gleann Seathrún, Cill Míde, Cnoc an Doire, Mágh Thamhnach, Móin an Ghé, Cnoc Uí Choileáin, Barra Cheapa, An Caisleán Nua (Tuath), An Caisleán Nua (Uirbeach), Port Trí Námhad, Ráth Rónán, Rúscach, Teampall an Ghleanntáin;

Baile na Mainistreach, Ath Dara Thuaidh, Ath Dara Theas, Baile an Gharraidh, Béal Atha Grean, Baile Uí Ghrianáin, Baile na Bánóige, An Baile Nua, Baile an Chaisleáin, Cúlros, Craon, Craobh Cumhraidhe, Cromadh, Dún na mBeann, Garrán, Cill na Fichne, Cill Péacán, An Ráth Mhór;

Baile Cuimín, Carraig, Clár Aidhne, Tobar Pádraig;

Ath Leacach, Baile Mac Seáin Buidhe, Brugh Ríogh, Tobar Colmán, Drom Uí Chléireacháin, Cill Mocheallóg, Baile an Uaráin, Tobar an Fhiaidh;

Eas Géiphtine Thoir, Eas Géiphtine Thiar, Each Inis, Baile Uí Aileannáin, Baile na Carraige, Baile an Chaisleáin, na Creaga, Cruach, Dromard, Dún Moilin Thoir, Dún Moilin Thiar, Uibh Rosa, Cill Cornán, Cill Díoma, Cill Scannail, Lios Mac Ciardha, Leamhchoill, Mútharnach, Neanntanán, Pailís Caonraighe, Ráth Gaola (Tuath), Ráth Gaola (Uirbeach), Baile an Riodalaigh, Seanach Ghualann, Seanaid.

Luimneach Thoir

..

Contae-bhuirg Luimnigh, agus Contae Riaracháin Luimnigh ach amháin an chuid di atá i nDáilcheantar Contae Luimnigh Thiar.

Ceathrar

Tiobrad Arann Thuaidh.

Contae riaracháin Thiobrad Arann, an Trian Thuaidh.

Triúr

Tiobrad Arann Theas

Contae riaracháin Thiobrad Arann, an Trian Theas.

Ceathrar

Portláirge

..

..

Contae-bhuirg Phortláirge agus Contae riaracháin Phortláirge.

Ceathrar.

Gaillimh Thiar

..

Na toghranna ceantair seo a leanas:—

Triúr

Baile na Cille, Binn Chorr, Bun Abhann, an Cloigeann, an Clochán, Cois Caolsháile, Doire Chonla, Doire Liath, Dún Locháin, Iorras Fhlannáin, na hUillinneacha, Inis Bó Finne, An Cnoc Buidhe, Muigh-Iorras, Abhainn Ghabhla, Rinn Mhaoile, Cloch na Rón, Sailearna, Scainimh;

Camas, An Fhairche, Conga, An Crumpán, Corr, Garmna, Cill Chuimín, Leitir Breacáin, Leitir Feoir, Leitir Móir, Uachtar Ard, An Ros, An Turlach, Poll na bPéist;

Baile an Teampaill, Bearna, Ceathramha an Bhrúnaigh, Na Furbacha, Gaillimh (Tuath), Arainn Mhór, Cill Chuimín, Cill Aininn, Magh Cuilinn, Sailearna, Sliabh an Aonaigh, An Spidéal agus Tulaigh 'ic Aodháin;

agus Buirg na Gaillimhe

Gaillimh Theas

..

Na toghranna ceantair seo a leanas:—

Tri úr

Ard Maoldubháin, Ard Rathain, Baile Uí Chathaláin, Beitheach, Cathair Mór, Ceapa Ard, Caisleán Táilliúir, Dubhros, Drom Mocua, An Gort, Cill Beagnatan, Cill Fhaile, Cillín Bharra, Cill Einne, Cill Tartain, Cill Tomás, Cinn Mhara, Ráth Asáin, Sceicheanach;

An Aill, Baile Ath an Ríogh, Béal Ath na gCarr, Breaclach, Ballán, Ceapa Lusca, Caisleán Buí, Cluain Caoin, Baile Uí Chlumháin, Creachmhaoil, Doire Láir, Drom Caora, Mainistir na Gráige, An Ghráinseach, Cnocán Iubhair, Cill Chríosta, Cill Conmhaicne, Cill Cainiarn, Cill Iomair, Cill O gCillín, Cill Mian, Cill Riacail, Cill tSeiscinn, Cill Tula, Leaca Liath, Liatruim Loch a’ Tóraic, Baile Locha Riach (Tuath), Baile Locha Riach Uirbeach), Creigín, Sliabh, Magh Oda, Ráth Fulrach, Teach Dáchonna, Gráig na Muilte Iarainn;

Mainistir Uí Ghormacáin, Ath Eascrach, Eachdhruim Uí Cheallaigh, Béal Ath na Sluagh (Tuath), Baile Mhic an Bhaird, Cluain Fearta, Cluain Tuaiscirt, Baile an Ruadháin, Cill Chonaill, Cill Aodhán, Cill Fhalachtán, Cill Odhrán, Cill Iubhair, Cill Mac Seáin, Cill Tormar, Coill Mhór, Síol Anmchadha, Lios Maine, Cúil an Choirce;

Gaillimh Theas (ar lean).

Rann na Mainistreach, An Baile Glas, Cuas, Na Doireadha, Droman, Dún an Ochta, Cill Iomair, Cill Molingóg, Cill Cúán, Míleac, Móta, Pailís, Port Omna, Tír Chinn Eascrach, Tigh an Fheadha;

Eachdhruim, Baile na Cúirte, Droichead an Chláirín, Uarán Mór, Sráidbhaile;

agus Ceantar Uirbeach Bhéal Ath na Sluagh.

Gaillimh Thuaidh

..

Contae Riaracháin na Gaillimhe ach amháin an chuid di atá i nDáilcheantair Chontae na Gaillimhe Thiar agus na Gaillimhe Theas.

Triúr

Muigheo Theas

..

Na toghranna ceantair seo a leanas:—

Ceathrar

Achadh Fhobhair Thuaidh, Achadh Fhobhair Theas, Achadh Mór, An Aill Mhór, Balla, Béal an Atha Fada, Béal an Atha Móir, Baile an Chalaidh, Baile an Daingin, Baile an Róba, Béal Ath hAmhnais, Béal Ath hEin, Baile Uí Amhalghaidh, Baile Odhbha, Cill Béacán, Béal Ath Bhearaighe, Both Thóla, Breac-chluain, Bréachmhagh, Bun Dorcha, Boireann, Buirgheas Ceara, Ceapach Dubh, An Corrán, Caisleán an Bharraigh (Tuath), Cliara, Clár Cloinne Muiris, Clochar (Caisleán an Bharraigh), Clochar (Cathair na Mart), An Clochar Mór, Cluain Chaoin, Cluain Mhór, Conga, Cúl na hAithche, Cuan Ard, Cúrsa, Cruach Mhaol, Cruach Phádraig, Cros Baoithin, Cúl na Cleithe, Dealgan, Doire Locháin, Dubhchaiseal, An Drom Mín, Imleach, Gleann na hOirimhe, Garraidhe Mór, Maolda, Coill O Mádra, Oileán Eadaigh, Coill Bheitheach, Cill Cholmáin, Cill Chomáin, Cill an Ghaobhair, Cill Cheallaigh, Cill Abhaille, Cill Liadáin, Cill Mo Lasaire, Cill Mheadhoin, Cill Mhíodna, Cill Mobhí, Coill Saileach, Coillte Mághach, Cill Mhidheáin, Cnapach, An Cnoc Thuaidh, An Cnoc Theas, Lochán Buidhe, Cluain Chearbáin, Mágh Fhiondalbha, Muigheo na Sacsan, Míleac, Muirnín, An Eill, Béal Ath na Lúb, Abhainn Brain, Abha na nDornán, Partraighe, Ros Laogh, Sruthair, Sliabh Magh Eanna, Sonnach, Béal Ath na Muice, Teach Dhuinn, Tamhnaigh na Groighe, Tuath Canánach, Turlach, Urlár, agus Cathair na Mart (Tuath), agus Ceantair Uirbeacha Chaisleán an Bharraigh agus Chathair na Mart.

Muigheo Thuaidh

..

Contae riaracháin Mhuigheo ach amháin an chuid di atá i nDáilcheantar Contae Mhuigheo Theas.

Triúr

Roscomáin

..

Contae riaracháin Roscomáin

Ceathrar

Sligeach-Liatruim

..

Contae riaracháin Shligigh agus Liatroma

Cúigear

An Cabhán

..

Contae riaracháin an Chabháin

Ceathrar

Dún na nGall Thiar

..

Na toghranna ceantair seo a leanas:—

Triúr

Anagaire, Arainn, Ard an Rátha, Baile an tSratha (Béal Ath Seanaigh), Baile an tSratha (Dún na nGall), Béal Ath Seanaigh (Tuath), Béal Ath Seanaigh (Uirbeach), Binn Boghaine, Bun an Ghleanna, Bun Dobhráin (Tuath), Carraig Bhuidhe, Cabhán na gCuirridín, An Aill, An Clochar, Carcair Mhór, Na Croisbhealaigh, Cróbheithe, Cró Caorach, Cró na Ráid, Damhros, Dún na nGall, An Dubhcharaidh, Dún Fionnchaidh, An Clochán Liath, Dún Conghaile, Dún Lúighche, Eidhneach Mór, Baile na Finne, Gleann Colm Cille, Gleann Gheis, Gleann Léithín, Na Gleannta, Gort an Choirce, An Grafaidh, Grousehall, Ua hEachach, Inis Chaol, Inbhear Náile, Cill Chárthaigh, Cill Ghabhlaigh, Na Cealla Beaga, Laithigh, An Learga Mhór, Leitir Mhic an Bháird, Loch Iascach, Más, Machaire Chlochair, Machaire, Málainn Bheag, Mín an Chladaigh, Tamhain an tSalainn, Mulmusóg, Paite Gobha, Inis Mhic an Duirn, Tamhain an Mhullaigh, Teampall Carna, Taobh Scaoilte, agus Tulach Nocht, agus Ceantar Uirbeach Bhun Dobhráin.

Dún na nGall Thoir

Contae riaracháin Dhún na nGall ach amháin an chuid di ata i nDáilcheantar Contae Dhún na nGall Thiar.

Ceathrar

Muineachán

..

..

Contae riaracháin Mhuineacháin

Triúr

AN DARA SCEIDEAL.

Achtachain A hAthghairmtear.

Uimh. agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAthghairme

Uimh. 12 de 1923

An tAcht Timpeall Toghchán, 1923.

Alt 50; an tOchtú Sceideal.

Uimh. 5 de 1935 ..

An tAcht Toghcháin (Dáilcheantair d'Athchóiriú), 1935.

An tAcht iomlán.