[EN]

Uimhir 33 de 1959.


[EN]

AN tACHT TOGHCHÁIN (LEASÚ), 1959.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO SHOCRÚ LÍON COMHALTAÍ DHÁIL ÉIREANN AGUS D'ATHMHEAS A nDÁILCHEANTAR AGUS DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE TOGHADH NA gCOMHALTAÍ SIN. [26 Samhain, 1959.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS: [EN]

Mínithe.

1.—San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil;

[EN]

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an t-Acht Timpeall Toghchán, 1923 (Uimh. 12 de 1923).

[EN]

Líon comhaltaí Dháil Éireann.

2.—Tar éis an lánscor ar Dháil Éireann is túisce a tharlóidh tar éis an tAcht seo a rith, is Céad Daichead is Ceithre chomhalta an líon comhaltaí a bheidh i nDáil Éireann.

[EN]

Dáilcheantair.

3.—(1) Tar éis an lánscor ar Dháil Éireann is túisce a tharlóidh tar éis an tAcht seo a rith, beidh comhaltaí Dháil Éireann ina n-ionadóirí do na dáilcheantiar a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

[EN]

(2) Aon dáilcheantar a shonraítear i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo is dáilcheantar buirge é agus aon dáilcheantar a shonraítear i gCuid II de sin is dáilcheantar contae é.

[EN]

(3) Aon limistéar a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo measfar gurb é an limistéar sin é mar bhí an 1ú lá d'Eanáir, 1959, ach má éiríonn aon amhras cad é an dáilcheantar ina bhfuil baile fearainn nó cuid de bhaile fearainn, nó bóthar nó sráid nó cuid de bhóthar nó de shráid, cinnfidh an tAire an t-amhras.

[EN]

(4) Sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo—

[EN]

(a) déanfar tagairt do líne arna tarraingt ar feadh aon bhóthair, sráide nó iarnróid a léiriú, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairt do líne arna tarraingt ar feadh lár an bhóthair, na sráide nó an iarnróid sin,

[EN]

(b) déanfar tagairt do phointe mar a ndéanann aon bhóthar nó sráid trasghearradh, gearradh, teaghmháil, táthú, trasnú nó breith ar aon bhóthar nó sráid, nó mar a ndealaíonn nó a scarann leis, a fhorléiriú, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairt don phointe mar a ndéanfadh líne arna tarraingt ar feadh lár cheann acu trasghearradh ar líne arna tarraingt ar feadh lár an chinn eile dá bhfaidítí na línte sin.

[EN]

An líon comhaltaí a thoghfar do dháilcheantar.

4.—Toghfar do dháilcheantar a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo an líon comhaltaí atá leagtha amach ina leith sa tríú colún den Sceideal sin.

[EN]

An Ceann Comhairle a bheidh ag dul as oifig a atoghadh.

1937, Uimh. 25.

1947, Uimh. 31.

5.—Chun críocha míre (b) d'fho-alt (1) d'alt 3 den Acht Toghcháin (Ceann Comhairle Dháil Éireann), 1937, dearbhaítear leis seo dáilcheantar an Chláir, a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, a bheith ar comhréir le dáilcheantar an Chláir a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht Toghcháin (Leasú), 1947.

[EN]

Leathanach teidil liosta de thoghthóirí, etc.

6.—(1) Ar leathanach teidil gach liosta de thoghthóirí, gach liosta d'éilitheoirí, gach liosta d'agóidí agus gach cláir de thoghthóirí, a ullmhófar, faoin gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht tar éis an 31ú lá d'Eanáir, 1960, agus roimh an lánscor ar an Oireachtas is túisce a tharlóidh tar éis an lae sin, le haghaidh aonaid chláraitheachta i ndáilcheantar a bheidh ann an lá sin, agus nach ionann achar agus ainm dó agus do dháilcheantar a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, taispeánfar ann ainm an dáilcheantair a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo arb é an dáilcheantar é a mbeidh an t-aonad cláraitheachta sin ann agus fós ainm an dáilcheantair láithrigh sin a mbeidh sé ann an lá sin.

[EN]

Cinn comhairimh agus cinn chomhairimh chúnta.

7.—(1) Is é is ceann comhairimh do dháilcheantar a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo—

[EN]

(a) i gcás ina bhfuil an dáilcheantar go léir i gcontae nó i gcontae-bhuirg a bhfuil sirriam ann ina leith—an sirriam,

[EN]

(b) i gcás ina bhfuil cuid den dáilcheantar i gcontae-bhuirg agus cuid de i gcontae agus go bhfuil sirriam ann don chontae-bhuirg agus sirriam ann don chontae—an sirriam don chontae-bhuirg nó an sirriam don chontae de réir mar cheapfaidh an tAire le hordú ó am go ham,

[EN]

(c) in aon chás eile—an cláraitheoir contae nó, i gcás ina bhfuil cláraitheoir contae ann do chuid amháin den dáilcheantar agus cláraitheoir contae eile ann do chuid eile de, cibé duine de na cláraitheoirí contae sin a cheapfaidh an tAire le hordú ó am go ham.

[EN]

(2) Féadfaidh cláraitheoir contae nó sirriam contae arb é an ceann comhairimh é do dháilcheantar a bhfuil cuid de sa chontae sin agus an chuid eile de i gcontae eile nó i gcontae-bhuirg, no féadfaidh cláraitheoir contae nó sirriam contae-bhuirge arb é an ceann comhairimh é do dháilcheantar a bhfuil cuid de sa chontae-bhuirg sin agus an chuid eile de i gcontae, an t-oifigeach iomchuí a cheapadh, agus ceapfaidh é, má theastaíonn sin uaidh, chun bheith ina cheann comhairimh cúnta don chuid eile sin den dáilcheantar.

[EN]

Sa bhfo-alt seo, ciallaíonn an abairt “an t-oifigeach iomchuí”—

[EN]

(a) i gcás ina bhfuil sirriam ann don chuid eile sin den dáilcheantar—an sirriam sin,

[EN]

(b) in aon chás eile—an cláraitheoir contae don chuid eile sin den dáilcheantar.

[EN]

(3) Is iad dualgais a bheidh ar cheann comhairimh cúnta go gcomhlíonfaidh sé, sa chuid den dáilcheantar dar ceapadh é, na dualgais sin de chuid an chinn chomhairimh don dáilcheantar nach bhfuil ceangal dlí ar an gceann comhairimh féin iad a chomhlíonadh, ach, má éiríonn aon amhras i dtaobh dualgas cinn chomhairimh chúnta, cinnfidh an tAire an t-amhras.

[EN]

Athghairm

1947, Uimh. 31.

8.—(1) Athghairtear leis so an tAcht Toghcháin (Leasú), 1947.

[EN]

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh díreach ar an lánscor ar Dháil Éireann is túisce a tharlóidh tar éis an tAcht seo a rith.

[EN]

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

9.—(1) Féadfar an tAcht Toghcháin (Leasú), 1959, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Forléireofar mar aon Acht amháin na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1946, agus an tAcht seo.

[EN]

(3) Féadfar na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1959, a ghairm de na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1946, agus den Acht seo le chéile.

[EN]

AN SCEIDEAL.

Dáilcheantair.

Alt 3.

CUID I.

Dáilcheantair Bhuirge.

Ainm

Limistéar

An Líon Comhaltaí

Corcaigh

....

....

Contae-bhuirg Chorcaí agus Toghranna ceantair Bhaile an Easpaig, na Carraige Duibhe agus Naomh Muire i gcontae riaracháin Chorcaí.

Cúigear

Baile Átha Cliath Thuaidh (Thoir)

Na bardaí seo a leanas:—Ard Aidhin, Baile Dubhghaill, an Baile Bocht, Beann Éadair, Cluain Tarbh Thoir, Cluain Tarbh Thiar, Cúlóc, Dromchonrach Thuaidh, Dromchonrach Theas, an Duga Thuaidh, Ráth Éanna agus Seantraibh.

Cúigear

Baile Átha Cliath Thuaidh (Lár)

Na bardaí seo a leanas:—Fionnghlas Thoir, Glas Naíon, Cé na gCúirteanna, Moinseó, an Chathair Thuaidh agus an Rotunda.

Triúr

Baile Átha Cliath Thuaidh (Thiar)

Na bardaí seo a leanas:—Cé Árann, an Chabrach Thoir, an Chabrach Thiar, Fionnghlas Thiar, Páirc an Fhionn-Uisce.

Triúr

Baile Átha Cliath Theas (Thoir)

Na bardaí seo a leanas:—Ráth Maonas Thoir, Ráth Fearnáin agus Ráth Fearnáin Theas, agus barda Ráth Maonas Thiar, ach amháin an chuid atá siar ó dheas de línearna tarraingt ó theorainn an bharda, ar feadh Ascal Ráth Garbh go dtí teorainn an bharda, an chuid de Bharda Phembróc Thiar atá taobh theas de líne arna tarraingt mar a leanas: ag tosú ag pointe trasghearraidh Shráid an Rátha agus teorainn an bharda ar feadh Sráid an Rátha, Bóthar Pembróc agus Bóthar Lansdún go dtí an pointe a dtrasghearrann sí teorainn an bharda, an chuid de bharda Phembróc Thoir atá taobh theas de líne arna tarraingt mar a leanas: ag tosú ag an bpointe mar a dtrasghearrann Bóthar Lansdún teorainn an bharda ar feadh Bóthar Hoireabard, Bóthar Tritonbhil, Bóthar Cléarmont go dtí an pointe mar a dtrasghearrann sé Bóthar na Duimhche, as sin thart ar Fhaithche na Duimhche, as sin ar feadh Bóthar Gilfort agus as sin soir go dtí teorainn an bharda, an chuid de bhuirg Dhún Laoghaire atá i dtoghroinn cheantair na Carraige Duibhe Uimh. 1 agus an chuid de chontae riaracháin Bhaile Átha Cliath atá sna bailte fearainn seo a leanas: Droim Mháirtín, Dún Droma, Mountanville, Cnoc Muirbhthean nó Calraighe, Cnoc Muirbhthean Theas, Réabóg agus Baile Mhic Eoin i dtoghroinn cheantair Dhún Droma, toghroinn cheantair Bhaile an Mhuilinn agus baile fearainn Chill Mochuda Thiar agus baile fearainn Thigh Lorcáin Thuaidh i dtoghroinn cheantair Thigh Lorcáin.

Ceathrar

Baile Átha Cliath Theas (Thiar)

Na bardaí seo a leanas:—Baile Thormaid, Croimghlinn, Croimghlinn Thiar, Cammuighe, Tír an Iubhair, an chuid de bharda Chill Maighneann atá taobh thiar de líne arna tarraingt mar a leanas:— ag tosú ag an bpointe is sia ó thuaidh de theorainn an bharda ar Bhóthar Thír Chonaill, as sin ar feadh Bóthar Thír Chonaill, Corrán Mhag Reachtain, Bóthar Inse Chaoir go dtí an pointe ina dtrasghearrann sí an bóthar a luíonn taobh thiar d'Eaglais Naomh Iúdas Aspal agus atá ag dul go dtí an Pháirc Chuimhneacháin agus as sin ó thuaidh go dtí teorainn an bharda ar feadh an bhóthair sin agus a shíneadh shamhailteach agus an chuid de bharda Ráth Maonas Thiar nach bhfuil i ndáilcheantar buirge Bhaile Átha Cliath Theas (Thoir).

Cúigear

Baile Átha Cliath Theas (Lár)

Na bardaí seo a leanas:—Teach an Ard-Mhéara, Cé na gCeannaí, an Malartán Ríoga, Naomh Caoimhín, an Duga Theas, Cé Uiséar agus Cé na Coille, an chuid de bharda Chill Maighneann nach bhfuil i ndáilcheantar buirge Bhaile Átha Cliath Theas (Thiar) agus na codanna de bharda Phembróc Thoir agus de bharda Phembróc Thiar nach bhfuil i ndáilcheantar buirge Bhaile Átha Cliath Theas (Thoir).

Cúigear

CUID II.

Dáilcheantair Chontae.

Ainm

Limistéar

An Líon Comhaltaí

Ceatharlach-Cill Chainnigh

Contaetha riaracháin Cheatharlach agus Chill Chainnigh.

Cúigear

Dún Laoghaire agus Ráth an Dúin

Buirg Dhún Laoghaire, ach amháin an chuid atá i ndáilcheantar buirge Bhaile Átha Cliath Theas (Thoir), na toghranna ceantair seo a leanas: An Baile Breac, Gleann Cuileann, Ráth Fearnáin, Ráth Michíl, an Teampall Geal, an chuid de thoghroinn cheantair Dhún Droma nach bhfuil i ndáilcheantar buirge Bhaile Átha Cliath Theas (Thoir) agus an chuid de thoghroinn cheantair Thigh Lorcáin nach bhfuil i ndáilcheantar buirge Bhaile Átha Cliath Theas (Thoir).

Triúr

Baile Átha Cliath

Chontae riaracháin Bhaile Átha Cliath ach amháin an chuid de atá i ndáilcheantar contae Dhún Laoghaire agus Ráth an Dúin agus an chuid de atá i ndáilcheantar buirge Bhaile Átha Cliath Theas (Thoir).

Triúr

Cill Dara

....

....

Contae riaracháin Chill Dara.

Triúr

Laoighis-Ua bhFáilí

Contaetha riaracháin Laoighise agus Ua bhFáilí.

Cúigear

Longfort-An Iarmhí

Contaetha riaracháin Longfoirt agus na hIarmhí.

Ceathrar

Lúbhadh

....

....

Contae riaracháin Lúbhaidh.

Triúr

An Mhí

....

....

Contae riaracháin na Mí.

Triúr

Loch Garman

....

Contae riaracháin Loch Garman.

Cúigear

Cill Mantáin

....

Contae riaracháin Chill Mantáin.

Triúr

An Clár

....

....

Contae riaracháin an Chláir.

Ceathrar

Corcaigh Thiar

....

Na toghranna ceantair seo a leanas:

Béal Átha an Ghaorthaidh, Ceann Droma, Claonráth, Doire Finghín, Gort na Tiobratan, Inse Geimhleach, Cill na Martra, Sliabh Riabhach, na hUlláin;

 

Triúr

Alltach, Baile an Ghoirtín, Baile Muine, Bealanagarry, Béilic, Carraig Bhuí, Baile an Chaisleáin, Ceathrú na Cúile, Droighneach, Dún Maonmhuighe Thuaidh, Dún Maonmhuighe Theas, an Ghearr-Abhann, Cinn Eich, Máinse, Meilleán, Tír Eiltean;

Aichill, Beanntraighe Tuath, Beanntraighe Uirbeach, Cnoc Damhais, Dubhros Thoir, Dubhros Thiar, Gleannloch, an Gleann Garbh, Caolchoill, Cill Cascán, Maolach, Scairt, Suí Finn, Rinn Mhuintir Bháire, Faoide;

Eadarghóbhail, Béarra, Cuailleach, Cora Ghlas, Cill Ceatighearn, Cill Achadh nAoineach, Cill na Manach;

Baile Bán, Béal an dá Chab, Cuailleach, Cruachán, Dún Béacáin, Dún Maghnuis, Góilín, Cill Cótha, Lubhghortán, An Scoil, Tuar Mór;

Achadh Dún Thuaidh, Achadh Dún Theas, An Bhréadach, Tigh Bráthar na Cathrach, Oileán Cléire, Carraig Bhán, Baile an Chaisleáin Thuaidh, Baile an Chaisleáin Theas, Cloch Dhomhnaill, Cluain Chaoin, Droighneach, Drom dhá Liag Thuaidh, Drom dhá Liag Theas, na Garráin, Gort na Scríne, Cill Fachtna Beag, Cillín Liath, Cnoc Sceach, Maigh-Ros, Sraoilleán, an Sciobairín (Tuath), Tulach, na Doiríní;

Ard Ó bhFicheallaigh, Airgidín, an Chathair Mhór, Caisleán na Gaoithe, Cloch na Coillte (Tuath), Cúil Curraichín, Doire, Cill Ciarán Mór, na Cnoic, Ráth an Bharraigh, Ros Cairbre, an Ros Mór;

agus ceantair uirbeacha Chloch na Coillte agus an Sciobairín.

Corcaigh Thoir

....

Na toghranna ceantair seo a leanas:

Claonabhar, Dún ar Aill, Móin an Ime, Sean-Bhaile Mór, Sceachanach, Cnoc na Sruthán, Baile an Fháltaigh;

 

Triúr

Baile Artúir, Doire Ó bhFaoileáin, Fairche, Cill Dairbhre, Cill Gallán, Cill Faolán, Baile an Mharasclaigh, Baile an Mhistéalaigh, Teampall Molaga;

Áth an Chairn, Béal Átha hUbhla, an Baile Nua, an Charraig, Dún Gallúin, Carragán Éide, Caisleán Uí Liatháin, Baile Chaisleáin an Róistigh, Cúil Chollainge, Coradh Ghlais, Mainistir Fhear Maighe (Tuath), Gleannamhair Thoir, Gleannamhair Thiar, Gort na Sceiche, Gort Rua, Coill na Corra, Cill Cumair, Cill Deighnín, Cill Aithche, Cill Úird, Cnoc Múirne, Liatraim, Ráth Chormaic, Cnocán na Biolraí;

Baile an Teampaill, Baile Choitín, Baile Uí Spalláin, Carraig Tuathaill, Baile na Martra, Cluain Molt, Cluain Uamha, Corcach Beag, Daingean Uí Dhonnabháin, Dún Guairne, Garraí Bhóithe, Íochtar Morogha, Inse, Lios Gúl, Mainistir na Corann (Tuath), Magh Éile, Ros Stialláin, Teampall Buadán, Teampall na Carraige;

Ardachadh, Cluainpríost, Cill Crónait, Cill Ia, Cill Modomhnóg, Eochaill (Tuath);

Cathair Laga, An Cóbh (Tuath), Cnoc Rátha, Baile Ruisín;

agus ceantair uirbeacha an Chóibh, Mhainistir Fhear Maighe, Mhainistir na Corann agus Eochaille.

Corcaigh Láir

....

Contae riaracháin Chorcaí ach amháin na codanna de atá i ndáilcheantar buirge Chorcaí agus i ndáilcheantair chontae Chorcaí Thoir agus Chorcaí Thiar.

Cúigear

Ciarraí Thuaidh

....

Na toghranna ceantair seo a leanas:

Baile an Bhóthair, an Baile Dubh, Baile na Cúirte, Cnoc Bréanainn, Caisleán Ghriaghaire, an Clochán, Duibhlios, Daingean Uí Chúise, Dún Chaoin, Dún Úrlaing, na Gleannta, Inse, Cill Maolcéadar, Cill Cúán, Cinn Aird, Leac, Márthain, Binn Ard, Sráidbhaile, Fionntrá;

 

Ceathrar

Mainistir Ó dTórna, Airibeile, Ard Fhearta, Baile Aogáin, Baile Uí Thaidhg, Baile na hEaglaise, Baile an Óraigh, Bailte Ó Síoda, Banna, Barr Trí gCam, Currach Gráige, an Buailtín, Mullach an Bhrosnaigh, Oileán Chiarraí, Clochar Bhriain, Crionna, Dún, na Gnímh, Ceann Duimhche, Cill Flainn, Cill Gharraí an Lóndraigh, Cill Gobán, Cill Leathan, Cill Muire, Cill Tulach, Cnoc Glas, Cnoc na gCaiseal, Leaca Bhán, Cnocán an Iolair, Nuachongbháil, Ó Braonáin, Ráth Teas, Trá Lí (Tuath), Tiobraid;

Ardachadh, Caisleán Easa Duibhe, Baile an Chlochair, Baile Conraoi, an Baile Dubh, Baile Aogáin, Baile Uí Argáin, Béal, Carraig, an Tóchar, Cluain Tiobraid, Drom Mháirtín, Dubháth, Inis Mhór, Gallán, Baile Uí Dhonncha, Cill Feichne, Cill Eithne, Cill Lamhraí, Cill Maighne, Cill Seanán, Cill Tóma, Liatraim, Lios Lachtín, Lios Eiltín, Lios Tuathail (Tuath), Leac Snámha, Magh Inse, Magh Mheáin, Ráth Aodha, Srón Abhann, Tairbeart, Tearmon, Trian Iarthach, Urlaidhe;

Cill na nDéar, Cill Feidhlim, na Corráin;

agus ceantair uirbeacha Lios Tuathail agus Thrá Lí.

Ciarraí Theas

....

Contae riaracháin Chiarraí ach amháin an chuid de atá i ndáilcheantar contae Chiarraí Thuaidh.

Triúr

Luimneach Thiar

....

Na toghranna ceantair seo a leanas:

Flian Mór, Gleann Corbraí, Cill Fhearghusa, Cill Mhaoláin;

 

Triúr

Mainistir na Féile, Ardachadh, Baile an Tobair, an Baile Nua Thiar, Buaile, Béal an Átha, Cathair, Claonghlais, Cluain Catha, an Daingean Beag, Drom Collachair, Drom Trasna, Fíodhnach, an Garraí Dubh, Gleann na nGabhar, Gleann Gort, Gleann Seathrún, Cill Míde, Cnoc an Doire, Magh Thamhnach, Móin an Ghé, Cnoc Uí Choileáin, Barra Cheapa, An Caisleán Nua (Tuath), an Caisleán Nua (Uirbeach), Port Trí Námhad, Ráth Rónán, Rúscach, Teampall an Ghleanntáin;

Baile na Mainistreach, Áth Dara Thuaidh, Áth Dara Theas, Baile an Gharraí, Béal Átha Grean, Baile Uí Ghrianáin, Baile na Bánoige, an Baile Nua, Baile an Chaisleáin, Cúlros, Craon, Craobh Cumhraí, Cromadh, Dún na mBeann, Garrán, Cill na Fíodhnaí, Cill Péacán, an Ráth Mór;

Baile Cuimín, Carraig, Clár Aidhne, Tobar Pádraig;

Ard Pádraig, Áth Leacach, Baile Mac Seáin Buí, Brú Rí, Tobar Colmán, Darach, Drom Uí Chléireacháin, Cill Fionán, Cill Flainn, Cill Mocheallóg, Particulae, Baile an Uaráin, Tobar an Fhiaidh;

Eas Géiphtine Thoir, Eas Géiphtine Thiar, Each-Inis, Baile Uí Aileanáin, Baile na Carraige, Baile an Chaisleáin, na Creaga, Cruach, Dromard, Dún Moilin Thoir, Dún Moilin Thiar, Uibh Rosa, Cill Cornán, Cill Díoma, Cill Scannail, Lios Mac Ciardha, Leamhchoill, Mútharnach, Neantanán, Pailis Caonraí, Ráth Gaola (Tuath), Ráth Gaola (Uirbeach), Baile an Riodalaigh, Seana-Ghualainn, Seanaid.

Luimneach Thoir

....

Contae-bhuirg Luimnigh agus Contae riaracháin Luimnigh ach amháin an chuid de atá i ndáilcheantar contae Luimnigh Thiar.

Ceathrar

Tiobraid Árann Thuaidh

Contae riaracháin Thiobrad Árann, an Trian Thuaidh.

Triúr

Tiobraid Árann Theas

Contae riaracháin Thiobrad Árann, an Trian Theas.

Ceathrar

Port Láirge

....

Contae-bhuirg Phort Láirge agus contae riaracháin Phort Láirge.

Ceathrar

Gaillimh Thiar

....

Na toghranna ceantair seo a leanas:

Baile na Cille, Binn Chorr, Bun Abhann, an Cloigeann, an Clochán, Cois Caolsháile, Doire Chonla, Doire Liath, Dún Locháin, Iorras Fhlannáin, na hUillinneacha, Inis Bó Finne, an Cnoc Buí, Maigh-Iorras, Abhainn Ghabhla, Rinn Mhaoile, Cloch na Rón, Sailearna, Scainimh;

 

Triúr

Camas, An Fhairche, Conga, an Crompán, Corr, Garmna, Cill Chuimín, Leitir Breacáin, Leitir Feoir, Leitir Móir, Uachtar Ard, an Ros, an Turlach, Poll na bPéist;

Baile an Teampaill, Bearna, Ceathrú an Bhrúnaigh, na Forbacha, Gaillimh (Tuath), Inis Mór, Cill Chuimín, Cill Aininn, Magh Cuilinn, Sailearna, Sliabh an Aonaigh, an Spidéal, Tulaigh Mhic Aodháin;

agus buirg na Gaillimhe.

Gaillimh Theas

....

Na toghranna ceantair seo a leanas:

Ard Maoldubháin, Ard Rathain, Baile Uí Chathaláin, Beitheach, Cathair Mór, Ceapa Ard, Caisleán Táilliúir, Dubhros, Drom Mocua, an Gort, Cill Beagnatan, Cill Fhaile, Cillín Bharra, Cill Éinne, Cill Tartain, Cill Tomás, Cinn Mhara, Ráth Asáin, Sceicheanach;

 

Triúr

An Aill, Baile Átha an Rí, Béal Átha na gCarr, Breaclach, Ballán, Ceapa Lusca, Caisleán Buí, Cluain Caoin, Baile Uí Chlumháin, Creachmhaoil, Doire Láir, Drom Caora, Mainistir na Gráige, an Ghráinseach, Cnocán Iubhair, Cill Chríosta, Cill Conmhaicne, Cill Cainiarn, Cill Iomair, Cill Ó gCillín, Cill Mian, Cill Riacail, Cill tSeiscinn, Cill Tula, Leaca Liath, Liatraim, Loch a Tóraic, Baile Locha Riach (Tuath) Baile Locha Riach (Uirbeach), Creigín, Sliabh, Magh Óda, Ráth Fulrach, Teach Dáchonna, Gráig na Muilte Iarainn;

Mainistir Uí Ghormacáin, Áth Eascrach, Eachdhruim Uí Cheallaigh, Béal Átha na Sluaighe (Tuath), Baile Mhic an Bhaird, Cluain Fearta, Cluain Tuaiscirt, Baile an Ruadháin, Cill Chonaill, Cill Aodhán, Cill Fhalachtán, Cill Odhrán, Cill Iubhair, Cill Mhac Seáin, Cill Tormar, Coill Mhór, Síol Anmchadha, Lios Maine, Cúil an Choirce;

Rann na Mainistreach, an Baile Glas, Cuas, na Doireadha, Droman, Dún an Ochta, Cill Iomair, Cill Molingóg, Cill Cúán, Míleac, Móta, Pailís, Port Omna, Tír Chinn Eascrach, Tíne;

Eachdhruim, Baile na Cúirte, Droichead an Chláirín, Uarán Mór, Sráidbhaile;

agus ceantar uirbeach Bhéal Átha na Sluaighe.

Gaillimh Thuaidh

Contae riaracháin na Gaillimhe ach amháin an chuid de atá i ndáilcheantair chontae na Gaillimhe Thiar agus na Gaillimhe Theas.

Triúr

Maigh Eo Theas

....

Na toghranna ceantair seo a leanas:

Achadh Fhobhair Thuaidh, Achadh Fhobhair Theas, Achadh Mór, an Aill Mhór, Balla, Béal an Átha Fada, Béal an Átha Móir, Baile an Chalaidh, Baile an Daingin, Baile an Róba, Béal Átha hAmhnais, Béal Átha hÉin, Baile Uí Amhalghaidh, Baile Odhbha, Cill Béacán, Béal Átha Bhearaí, Both Thóla, Breac-Chluain, Bréachmhagh, Bun Dorcha, Boireann, Buirgheas Ceara, Ceapadh Dubh, an Corrán, Caisleán an Bharraigh (Tuath), Cliara, Clár Chlainne Muiris, Clochar (Caisleán an Bharraigh), Clochar (Cathair na Mart), an Clochar Mór, Cluain Chaoin, Cluain Mhór, Conga, Cúl na hAithche, Cuan Ard, Cúrsa, Cruach Mhaol, Cruach Phádraig, Cros Baoithin, Cúl na Cleithe, Dealgan, Doire Locháin, Dubhchaiseal, an Dromainn, Imleach, Gleann na hOirimhe, Garraí Mór, Maolda, Coill Ó Mádra, Oileán Éide, Coill Bheitheach, Cill Cholmáin, Cill Chomáin, Cill an Ghaobhair, Cill Cheallaigh, Cill an Bhealaigh, Cill Liadáin, Cill mo Lasaire, Cill Mhéain, Cill Mhíodhna, Cill Mobhí, Cill Salach, Coillte Maghach, Cill Mhidheáin, Cnapach, an Cnoc Thuaidh, an Cnoc Theas, Lochán Buí, Cluain Chearbáin, Magh Fhiondalbha, Maigh Eo na Sacsan, Míleac, Muirnín, an Éill, Béal Átha na Lúb, Abhainn Brain, Abhainn na nDornán, Partraighe, Ros Laogh, Sruthail, Sliabh Magh Éanna, Sonnach, Béal Átha na Muice, Teach Caoin, Tamhnaigh na Graí, Tuath Canánach, Turlach, Urlár, Cathair na Mart (Tuath);

 

Ceathrar

agus ceantair uirbeacha Chaisleán an Bharraigh agus Chathair na Mart.

Maigh Eo Thuaidh

Contae riaracháin Mhaigh Eo ach amháin an chuid de atá i ndáilcheantar contae Mhaigh Eo Theas.

Triúr

Ros Comáin

....

Contae riaracháin Ros Comáin.

Triúr

Sligeach-Liatraim

....

Contaetha riaracháin Shligigh agus Liatrama.

Cúigear

An Cabhán

....

Contae riaracháin an Chabháin.

Triúr

Dún na nGall Thiar

Na toghranna ceantair seo a leanas:

Anagaire, Arainn, Ard na Rátha, Baile an tSratha (Béal Átha Seanaigh), Baile an tSratha (Dún na nGall), Béal Átha Seanaigh (Tuath), Béal Átha Seanaigh (Uirbeach), Binn Boghaine, Bun an Ghleanna, Bun Dobhráin (Tuath), Carraig Bhuí, Cabhán na gCuirridín, an Aill, an Clochar, Carcair Mhór, na Croisbhealaigh, Cróbheithe, Cró Caorach, Cró na Ráid, Damhros, Dún na nGall, an Dubhcharaidh, Dún Fhionnchaidh, an Clochán Liath, Dún Cheannfhaolaidh, Dún Lúiche, Eidhneach Mór, Baile na Finne, Gleann Cholmcille, Gleann Gheis, Gleann Léithin, na Gleannta, Gort an Choirce, an Grafaidh, Grousehall, Ua hEachach, Inis Caol, Inbhear Náile, Cill Chárthaigh, Cill Ghabhlaigh, na Cealla Beaga, an Lathaigh, an Learga Mhór, Leitir Mhac an Bháird, Loch Iascach, Más, Machaire Chlochair, na Machairí, Málainn Bheag, Mín an Chladaigh, Alt na gCapall, Paite Gobha, Inis Mhac an Duirn, Tamhnach an tSalainn, Tamhnach an Mhullaigh, Teampall Carna, Taobh Scaoilte, Tulach Nocht;

 

Triúr

agus ceantar uirbeach Bhun Dobhráin.

Dún na nGall Thoir

Contae riaracháin Dhún na nGall ach amháin an chuid de atá i ndáilcheantar contae Dhún na nGall Thiar.

Ceathrar

Muineachán

....

Contae riaracháin Mhuineacháin.

Triúr