Uimhir 37 de 1998
AN tACHT UM CHÚITEAMH D'INFHEISTEOIRÍ, 1998
RIAR NA nALT
Réamhráiteach agus Ginearálta
Alt | |
1. | |
2. | |
3. | |
4. | |
5. | |
6. | |
7. | |
8. | |
9. |
Cúiteamh d'Infheisteoirí a Riaradh
10. | |
11. | Meabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais na Cuideachta a athrú. |
12. | |
13. | |
14. | |
15. | |
16. | Gan feidhm a bheith ag alt 182 (Stiúrthóirí a chur as oifig) d'Acht 1963. |
17. | |
18. | |
19. | |
20. | |
21. | |
22. | |
23. | |
24. | |
25. | |
26. | |
27. | Mainneachtain ag gnólachtaí infheistíochta oibleagáidí a chomhlíonadh. |
28. | |
29. |
Cúiteamh a Íoc le hInfheisteoirí
30. | |
31. | Cinneadh nach bhfuil gnólacht infheistíochta in ann a oibleagáidí a chomhlíonadh. |
32. | |
33. | |
34. | |
35. | |
36. |
Ilghnéitheach
Leasuithe Ilghnéitheacha
48. | |
49. | |
50. | |
51. | |
52. | |
53. | |
54. | |
55. | |
56. | |
57. | |
58. | |
59. | |
60. | |
61. | |
62. | |
63. | |
64. | |
65. | |
66. | |
67. | |
68. | |
69. | |
70. | |
71. | |
72. | |
73. | |
74. | |
75. | |
76. | |
77. | |
78. | |
79. | |
80. | |
81. | |
82. | |
83. |
Aisghairm
Foráil Fhorlíontach i ndáil le hOrdachán ó Údarás Maoirseachta faoi Alt 27
Treoir 97/9/CE an 3 Márta 1997 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Scéimeanna Cúitimh d'Infheisteoirí
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
Acht an Bhainc Ceannais, 1997 | 1997, Uimh. 8 |
Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1990 | |
An tAcht um Cheartas Coiriúil, 1994 | 1994, Uimh. 15 |
An tAcht um Idirghabhálaithe Infheistíochta, 1995 | 1995, Uimh. 11 |
Petty Sessions (Ireland) Act, 1851 | 14 & 15 Vict., c. 93 |
Na hAchtanna Aturnaetha, 1954 go 1994 | |
An tAcht Aturnaetha (Leasú), 1994 | 1994, Uimh. 27 |
An tAcht um Stocmhalartáin, 1995 | 1995, Uimh. 9 |
An tAcht Comhdhlúite Cánacha, 1997 | 1997, Uimh. 39 |
Trustee Act, 1893 | c. 53 |
Uimhir 37 de 1998
AN tACHT UM CHÚITEAMH D'INFHEISTEOIRÍ, 1998
[An tiontú oifigiúil]
ACHT DÁ CHUMASÚ ÉIFEACHT A THABHAIRT DO THREOIR UIMH. 97/9/CE AN 3 MÁRTA 1997 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE MAIDIR LE SCÉIMEANNA CÚITIMH D'INFHEIS-TEOIRÍ1, DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE CÚITEAMH D'INFHEISTEOIRÍ, DO LEASÚ ACHT AN BHAINC CEANNAIS, 1989, AN ACHTA ÁRACHAIS, 1989, AN ACHTA ATURNAETHA (LEASÚ), 1994, AN ACHTA UM STOCMHALARTÁIN, 1995, AGUS AN ACHTA UM IDIRGHABHÁLAITHE INFHEISTÍOCHTA, 1995, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. [13 Iúil, 1998]
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:
CUID I
Réamhráiteach agus Ginearálta
Gearrtheideal agus tosach feidhme.
1.—(1) Féadfar an tAcht um Chúiteamh d'Infheisteoirí, 1998, a ghairm den Acht seo.
(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire, le hordú nó le horduithe, i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.
Léiriú.
2.—(1) San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—
ciallaíonn “Acht 1963” Acht na gCuideachtaí, 1963;
ciallaíonn “Acht 1989” an tAcht Árachais, 1989;
ciallaíonn “Acht 1994” an tAcht Aturnaetha (Leasú), 1994;
ciallaíonn “Acht 1995” an tAcht um Idirghabhálaithe Infheistíochta, 1995;
ciallaíonn “riarthóir”, i gcás ina mbeidh leachtaitheoir nó sannaí oifigiúil ceaptha ag an gCúirt chuig gnólacht infheistíochta, an leachtaitheoir nó an sannaí oifigiúil sin, nó i gcás ina mbeidh riarthóir ceaptha ag an údarás maoirseachta chuig gnólacht infheistíochta, an riarthóir sin;
tá le “comhlacht gairmiúil ceadaithe” an bhrí a shanntar dó le hAcht 1995;
tá le “gnólacht gnó infheistíochta údaraithe” an bhrí a shanntar dó le fo-alt (4);
ciallaíonn “gnólacht infheistíochta údaraithe”—
(a) gnólacht gnó infheistíochta údaraithe, nó
(b) ballghnólacht údaraithe, nó
(c) foras creidmheasa a bhfuil baint ag a údarú ag an mBanc faoi Threoir Uimh. 77/780/CEE an 12 Nollaig 19771 agus faoi Threoir Uimh. 89/646/CEE an 15 Nollaig 19892 le ceann amháin nó níos mó de na seirbhísí infheistíochta atá liostaithe i roinn A den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir um Sheirbhísí Infheistíochta, nó
(d) idirghabhálaí árachais;
tá le “ballghnólacht údaraithe” an bhrí a shanntar dó leis an Acht um Stocmhalartáin, 1995;
ciallaíonn “oifigeach údaraithe” duine arna údarú chun críocha alt 9;
ciallaíonn “Banc” Banc Ceannais na hÉireann;
ciallaíonn “Bord” Bord na Cuideachta;
ciallaíonn “brainse”, i gcás gnólachta infheistíochta atá faoi réir na Treorach um Sheirbhísí Infheistíochta, áit ghnó ar cuid de ghnólacht infheistíochta í, nach bhfuil aon phearsantacht dhlíthiúil ar leithligh aici agus a sholáthraíonn seirbhísí infheistíochta a bhfuil an gnólacht infheistíochta údaraithe ina leith ag an mBanc nó ag údarás inniúil i mBallstát eile, agus measfar gur brainse amháin na háiteanna gnó go léir a bheidh bunaithe sa Bhallstát céanna ag gnólacht infheistíochta a bhfuil a cheannoifig aige i mBallstát eile;
tá le “duine deimhnithe” an bhrí a shanntar dó le le halt 55 d'Acht 1995;
ciallaíonn “cliant” duine atá tar éis airgead nó ionstraimí infheistíochta a chur ar iontaoibh gnólachta infheistíochta i ndáil le soláthar seirbhísí gnó infheistíochta ag an ngnólacht infheistíochta;
ciallaíonn “garghaol” deartháir, deirfiúr, tuismitheoir nó céile cliaint nó leanbh de chuid an chliaint nó de chuid chéile an chliaint, i gcás nach bhfolóidh “céile”, i ndáil leis an gcliant, céile atá ina chónaí nó ina cónaí ar leithligh ón gcliant agus scartha uaidh nó uaithi;
ciallaíonn “Cuideachta” an Chuideachta um Chúiteamh d'Infheisteoirí Teoranta;
tá le “caillteanas inchúitithe” an bhrí a shanntar dó le halt 30(1);
ciallaíonn “údarás inniúil” údarás inniúil chun críocha na Treorach um Chúiteamh d'Infheisteoirí;
ciallaíonn “Cúirt” an Ard-Chúirt;
ciallaíonn “foras creidmheasa” foras creidmheasa de réir bhrí Airteagal 1 de Threoir Uimh. 77/780/CEE an 12 Nollaig, 1977, ón gComhairle1 arna leasú le Treoir Uimh. 89/646/CEE an 15 Nollaig, 1989, ón gComhairle2, ach ní fholaíonn sé na forais dá dtagraítear in Airteagal 2(2) den Treoir chéadluaite;
folaíonn “stiúrthóir” aon duine atá i seilbh phost an stiúrthóra cibé ainm a thabharfar air agus aon duine arb é nó í dáiríre a stiúrann gnó gnólachta infheistíochta nó a bhfuil tionchar ábhartha aige nó aici ar ghnó gnólachta infheistíochta agus folaíonn sé cúlstiúrthóir de réir bhrí Acht na gCuideachtaí, 1990;
tá le “ECU” an bhrí chéanna atá leis i Rialacháin (CE) Uimh. 3320/94 an 22 Nollaig 1994 ón gComhairle maidir le comhdhlúthú na reachtaíochta láithrí Comhphobail maidir leis an míniú ar an ECU tar éis teacht i bhfeidhm an Chonartha ar an Aontas Eorpach3;
ciallaíonn “infheisteoir cáilithe” duine, nach infheisteoir eisiata é nó í, ar cliant é nó í de chuid gnólachta infheistíochta agus a bhfuil iarratas ar íocaíocht déanta aige nó aici faoi alt 34;
tá le “fostaí” an bhrí chéanna atá leis in Acht 1995;
ciallaíonn “infheisteoir eisiata” cliant de chuid gnólachta infheistíochta a bhí ina ábhar do chinneadh ag an údarás maoirseachta faoi alt 31 nó do rialú agus, i ndáil leis an ngnólacht infheistíochta sin—
(a) is cliant gairmiúil nó foraschliant, lena n-áirítear:
(i) gnólacht infheistíochta;
(ii) gnólacht infheistíochta chun críocha na Treorach um Sheirbhísí Infheistíochta;
(iii) foras creidmheasa arna mhíniú in Airteagal 1 de Threoir Uimh. 77/780/CEE ón gComhairle;
(iv) foras airgeadais arna mhíniú in Airteagal 1(6) de Threoir Uimh. 89/646/CEE an 15 Nollaig, 1989, ón gComhairle2;
(v) gnóthas árachais;
(vi) gnóthas le haghaidh comhinfheistíochta; nó
(vii) ciste pinsean nó scoir, nó
(b) is údarás áitiúil, nó
(c) is stiúrthóir, bainisteoir nó comhalta, ar comhalta é nó í ar a bhfuil dliteanas pearsanta, de chuid an ghnólachta infheistíochta, is sealbhóir ar 5 faoin gcéad ar a laghad de chaipiteal an ghnólachta infheistíochta, is duine atá freagrach as an iniúchadh reachtúil ar an ngnólacht infheistíochta a sheoladh nó is cliant ag a bhfuil a chomhshamhail de stádas i ngrúpghnóthas, nó
(d) is garghaol nó tríú páirtí atá ag gníomhú thar ceann cliaint dá dtagraítear i mír (c), nó
(e) is gnólacht eile i ngrúpghnóthas, nó
(f) is cliant ar a bhfuil aon fhreagracht as fíorais, nó ag a bhfuil tairbhe bainte as fíorais, a bhaineann leis an ngnólacht infheistíochta agus ba chúis le deacrachtaí airgeadais an ghnólachta nó a chuidigh le meath ar a staid airgeadais, nó
(g) is cuideachta de mhéid a fhágann nach gceadaítear di cláir chomhardaithe ghiorraithe a tharraingt suas faoi Airteagal 11 den Cheathrú Treoir Uimh. 78/660/CEE an 25 Iúil, 1978, ón gComhairle1 ar bhonn Airteagal 54(3)(g) den Chonradh maidir le cuntais bhliantúla cineálacha áirithe cuideachtaí, nó
(h) is cliant arna shonrú ag an údarás maoirseachta mar infheisteoir eisiata de réir alt 35(8);
folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais agus folaíonn tagairtí do chomhlíonadh feidhmeanna, maidir le cumhachtaí agus dualgais, tagairtí d'fheidhmiú na gcumhachtaí agus do chomhall na ndualgas;
ciallaíonn “grúpghnóthas”, i ndáil le gnólacht infheistíochta, grúpghnóthas de réir bhrí Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1986, ar cuid de an gnólacht infheistíochta;
tá le “idirghabhálaí árachais” an bhrí a shanntar dó le hAcht 1989 ach ní fholaíonn sé aturnae a bhfuil deimhniú cleachta (de réir bhrí na nAchtanna Aturnaetha, 1954 go 1994) i bhfeidhm ina leith más rud é nach n-éiríonn gníomhaíochtaí an aturnae ach go teagmhasach le seirbhísí dlí a sholáthar;
tá le “gnóthas árachais” an bhrí a shanntar dó le Rialacháin Chreata na gComhphobal Eorpach (Árachas Neamh-Shaoil), 1994 (I.R. Uimh. 359 de 1994), nó faoi Rialacháin Chreata na gComhphobal Eorpach (Árachas Saoil), 1994 (I.R. Uimh. 360 de 1994);
tá le “gnólacht gnó infheistíochta” an bhrí a shanntar dó le hAcht 1995;
tá le “seirbhísí gnó infheistíochta” an bhrí a shanntar dó le hAcht 1995 agus folaíonn sé gníomhaíochtaí idirghabhálaí árachais;
ciallaíonn “gnólacht infheistíochta”—
(a) gnólacht gnó infheistíochta údaraithe nó duine (ar duine é nó í ba ghnólacht gnó infheistíochta údaraithe) ar cúlghaireadh a údarú nó a húdarú,
(b) ballghnólacht údaraithe nó duine (ar duine é nó í ba bhallghnólacht údaraithe) ar cúlghaireadh a údarú nó a húdarú,
(c) foras creidmheasa arna cheadúnú sa Stát nó foras creidmheasa a bhfuil baint ag a údarú ag an mBanc faoi Threoir 77/780/CEE an 12 Nollaig, 1977, ón gComhairle, arna leasú le Treoir 89/646/CEE an 15 Nollaig, 1989, ón gComhairle, arna leasú agus arna leathnú ó am go ham, le ceann amháin nó níos mó de na seirbhísí infheistíochta atá liostaithe san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir um Sheirbhísí Infheistíochta, nó foras creidmheasa a ndearnadh a údarú ag an mBanc faoi Threoir 77/780/CEE an 12 Nollaig, 1977, ón gComhairle, arna leasú le Treoir 89/646/CEE an 15 Nollaig, 1989, ón gComhairle, arna leasú agus arna leathnú ó am go ham, a chúlghairm, nó foras creidmheasa nach bhfuil baint a thuilleadh ag a údarú ag an mBanc faoi Threoir 77/780/CEE an 12 Nollaig, 1977, ón gComhairle, arna leasú le Treoir 89/646/CEE an 15 Nollaig, 1989, ón gComhairle, arna leasú agus arna leathnú ó am go ham, le ceann amháin nó níos mó de na seirbhísí infheistíochta atá liostaithe san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir um Sheirbhísí Infheistíochta, nó
(d) idirghabhálaí árachais nó duine a bhí ina idirghabhálaí nó ina hidirghabhálaí árachais tráth;
tá le “ionstraimí infheistíochta” an bhrí a shanntar dó le hAcht 1995;
tá le “idirghabhálaí táirgí infheistíochta” an bhrí a shanntar dó le hAcht 1995;
ciallaíonn “an Treoir um Sheirbhísí Infheistíochta” Treoir Uimh. 93/22/CEE an 10 Bealtaine, 1993, ón gComhairle1;
ciallaíonn “an Treoir um Chúiteamh d'Infheisteoirí” Treoir Uimh. 97/9/CE an 3 Márta, 1997, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle2;
ciallaíonn “gnó comhinfheistíochta” seirbhísí gnó infheistíochta arna soláthar do chuntas beirte nó níos mó nó a bhfuil cearta ag beirt nó níos mó orthu, ar cearta iad a fhéadfar a fheidhmiú trí shíniú duine amháin nó níos mó de na daoine sin;
ciallaíonn “údarás áitiúil” údarás áitiúil chun críocha an Achta Rialtais Áitiúil, 1941, agus, más cuí, údarás cúige, réigiúnach, áitiúil agus cathrach;
tá le “ballghnólacht” an bhrí a shanntar dó leis an Acht um Stocmhalartáin, 1995;
ciallaíonn “Ballstát” Ballstát de na Comhphobail Eorpacha;
ciallaíonn “Aire” an tAire Airgeadais;
ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;
ciallaíonn “táirgeoir táirgí” táirgeoir táirgí chun críocha Acht 1995 nó gnóthas árachais;
ciallaíonn “infheisteoir gairmiúil” cliant de chuid gnólachta infheistíochta a bhfuil an gnólacht infheistíochta in ann a thaispeáint ina leith go bhfuil saineolas leordhóthanach cuí aige nó aici ar ionstraimí infheistíochta chun é nó í a aicmiú mar infheisteoir gairmiúil agus a bhfuil sé admhaithe aige nó aici i scríbhinn don ghnólacht infheistíochta sin gur cuireadh in iúl dó nó di cad iad na hiarmhairtí a bhaineann le haicmiú mar infheisteoir gairmiúil agus atá aicmithe ag an ngnólacht infheistíochta sin mar infheisteoir gairmiúil;
tá le “idirghabhálaí táirgí infheistíochta gníomhaíochta srianta” an bhrí a shanntar dó le hAcht 1995;
ciallaíonn “rialú” breith arna déanamh ag cúirt i ndáil le gnólacht infheistíochta ar chúiseanna a bhaineann go díreach le dálaí airgeadais an ghnólachta infheistíochta arb é is éifeacht léi go bhfuil cliaint de chuid an ghnólachta infheistíochta coiscthe de thuras na huaire ó éilimh a dhéanamh in aghaidh an ghnólachta infheistíochta chun airgead a fháil ar ais atá dlite don chliant nó ar leis an gcliant é agus atá á shealbhú thar ceann an chliaint ag an ngnólacht infheistíochta i dtaca le seirbhísí gnó infheistíochta a sholáthar agus chun ionstraimí infheistíochta a fháil ar ais ar leis an gcliant iad agus atá á sealbhú, á riaradh nó á mbainistiú ag an ngnólacht infheistíochta thar ceann an chliaint i dtaca le seirbhísí gnó infheistíochta a sholáthar;
tá le “aturnae” an bhrí a shanntar dó in alt 3 (arna ionadú le hAcht 1994) den Acht Aturnaethe, 1954;
ciallaíonn “údarás maoirseachta” an t-údarás maoirseachta dá dtagraítear in alt 8(1);
ciallaíonn “ceapachán scríofa” ceapachán i scríbhinn chun críocha alt 27 d'Acht 1995 nó ceapachán i scríbhinn chun críocha alt 44 nó 49 d'Acht 1989.
(2) Tá le focal nó le habairt a úsáidtear san Acht seo agus a úsáidtear freisin sa Treoir um Chúiteamh d'Infheisteoirí an bhrí chéanna san Acht seo, mura gcuirtear a mhalairt in iúl, atá leis nó léi sa Treoir sin.
(3) San Acht seo—
(a) aon tagairt d'alt nó do Sceideal, is tagairt í d'alt den Acht seo nó do Sceideal a ghabhann leis an Acht seo mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe,
(b) aon tagairt d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe, agus
(c) déanfar tagairt d'aon achtachán a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú, arna oiriúnú nó arna leathnú le haon achtachán eile nó faoi aon achtachán eile ina dhiaidh sin, lena n-áirítear an tAcht seo.
(4) San Acht seo, tá le “gnólacht gnó infheistíochta údaraithe” an bhrí a shanntar dó le hAcht 1995 agus, i gcás nach mbeidh rialacháin déanta ag an Aire faoi alt 2(8)(a) d'Acht 1995, ní fholaíonn an míniú seo idirghabhálaí táirgí infheistíochta gníomhaíochta srianta ar aturnae é nó í a bhfuil deimhniú cleachta (de réir bhrí na nAchtanna Aturnaetha, 1954 go 1994) i bhfeidhm ina leith mura rud é go ndearna an t-idirghabhálaí táirgí infheistíochta gníomhaíochta srianta sin a chur in iúl don údarás maoirseachta agus don Chuideachta gur idirghabhálaí táirgí infheistíochta gníomhaíochta srianta é nó í.
(5) D'ainneoin fho-alt (1), maidir le gnólacht gnó infheistíochta údaraithe—
(a) a mbeidh deimhniú tugtha dó ag an Aire faoi alt 446(2) den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997,
(b) nach gnólacht infheistíochta de réir bhrí na Treorach um Chúiteamh d'Infheisteoirí, agus
(c) i gcás gur cuid d'oibríochtaí trádála an ghnólachta infheistíochta, lena mbaineann an deimhniú a bheidh tugtha dó ag an Aire faoi alt 446(2) den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997, aon seirbhísí gnó infheistíochta a sholáthraíonn an gnólacht,
ní bheidh sé ina ghnólacht infheistíochta údaraithe ná ina ghnólacht infheistíochta chun críocha an Achta seo.
(6) Déanfar tagairtí san Acht seo do leabhair, do thaifid nó do dhoiciméid eile, nó d'aon cheann díobh, a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn aon doiciméad nó faisnéis a choimeádtar i bhfoirm neamhinléite (cibé acu a stóráiltear é nó í go leictreonach nó ar shlí eile) is féidir a atáirgeadh i bhfoirm inléite agus gach modh leictreonach nó gach modh uathoibríoch eile, más ann, trínar féidir an doiciméad nó an fhaisnéis sin a atáirgeadh amhlaidh agus ar a bhfuil rochtain ag an duine a ndéantar a chuid nó a cuid leabhar, taifead nó doiciméad eile (arna fhorléiriú amhlaidh) a iniúchadh chun críocha an Achta seo.
Fógraí a sheirbheáil.
3.—(1) Más rud é go n-údaraítear nó go gceanglaítear leis an Acht seo, nó faoi, nó le rialacháin arna ndéanamh faoin Acht seo, nó fúthu, fógra, ordachán nó doiciméad eile a sheirbheáil ar dhuine, déanfar, mura sonraítear a mhalairt san Acht seo, é a dhíriú chuig an duine faoina ainm nó faoina hainm agus déanfar é a sheirbheáil ar an duine nó é a thabhairt dó nó di ar cheann amháin de na slite seo a leanas—
(a) trína sheachadadh ar an duine, nó trína fhágáil ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an duine nó, i gcás go bhfuil seoladh i gcomhair seirbheála curtha ar fáil, ag an seoladh sin,
(b) trína chur leis an ngnáthphost réamhíoctha arna dhíriú chuig an duine ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an duine nó i gcás go bhfuil seoladh i gcomhair seirbheála curtha ar fáil, ag an seoladh sin, nó
(c) i gcás oifigigh nó fostaí de chuid gnólachta infheistíochta, trína chur chuig an duine leis an ngnáthphost réamhíoctha, arna dhíriú chuig an duine ag seoladh phríomh-oifig an ghnólachta infheistíochta sin.
(2) Féadfar fógra, ordachán nó doiciméad eile dá dtagraítear i bhfo-alt (1)—
(a) i gcás gnólachta infheistíochta nó aon chomhlachta chorpraithe, a sheirbheáil ar rúnaí an ghnólachta infheistíochta nó an chomhlachta chorpraithe sin, nó ar aon fhostaí nó oifigeach eile dá chuid,
(b) i gcás comhpháirtíochta, a sheirbheáil ar aon chomhpháirtí, nó
(c) i gcás comhlachais neamhchorpraithe seachas comhpháirtíocht, a sheirbheáil ar aon chomhalta dá chomhlacht ceannais.
Caiteachais.
4.—(1) Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
(2) Déanfar na caiteachais a thabhóidh an Banc ag riaradh an Achta seo a íoc as ciste ginearálta an Bhainc ach amháin i gcás go bhforáiltear a mhalairt san Acht seo nó in aon achtachán eile.
Cumhacht chun rialacháin a dhéanamh.
5.—(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun a chumasú éifeacht a bheith leis an Acht seo.
(2) Féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agus iarmhartacha a bheith i rialacháin faoin Acht seo a dhealraíonn don Aire is fóirsteanach chun aon chríche den Acht seo.
(3) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun aon ní dá ngairtear ní forordaithe san Acht seo a fhorordú.
Rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.
6.—Gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.
Aisghairm.
7.—Aisghairtear leis seo na hAchtanna atá luaite i gcolún (2) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a mhéid atá luaite i gcolún (3) den Sceideal sin.
Údarás maoirseachta agus údarás inniúil a cheapadh.
8.—(1) Is é an Banc an t-údarás maoirseachta le haghaidh cúitimh d'infheisteoirí faoin Acht seo.
(2) Is é an Banc an t-údarás inniúil sa Stát chun críocha na Treorach um Chúiteamh d'Infheisteoirí.
(3) Faoi réir fho-alt (4), déanfaidh an t-údarás maoirseachta a chuid feidhmeanna faoin Acht seo a chomhall de réir an Achta seo chun na nithe seo a leanas a chur chun cinn—
(a) cliaint de chuid gnólachtaí infheistíochta a chosaint,
(b) cothabháil a dhéanamh ar chóras éifeachtach cúitimh do chliaint de chuid gnólachtaí infheistíochta, agus
(c) cothabháil a dhéanamh ar rialáil agus maoirsiú cuí ordúil gnólachtaí infheistíochta agus margaí airgeadais.
(4) Déanfaidh an t-údarás maoirseachta a chuid feidhmeanna faoin Acht seo a chomhall ag féachaint don Treoir um Chúiteamh d'Infheisteoirí, a bhfuil an téacs di leagtha amach mar áis tagartha sa Tríú Sceideal.
Oifigigh údaraithe.
9.—(1) Beidh feidhm ag fo-ailt (2) agus (3) i ndáil le gnólacht infheistíochta i leith gnó árachais a sheolann an gnólacht infheistíochta sin mar idirghabhálaí árachais.
(2) I gcás ina mbeidh an t-údarás maoirseachta den tuairim go bhféadfadh sé nach bhfuil idirghabhálaí árachais in ann airgead le cliant de chuid an idirghabhálaí árachais sin a aisíoc, féadfaidh an t-údarás maoirseachta duine a údarú i scríbhinn chun bheith ina oifigeach nó ina hoifigeach údaraithe chun imscrúdú a dhéanamh i dtaobh an amhlaidh nach bhfuil an t-idirghabhálaí árachais in ann airgead a aisíoc le cliaint de chuid an idirghabhálaí árachais nó a chuid nó a cuid oibleagáidí i leith chliaint an idirghabhálaí árachais a chomhlíonadh agus chun tuarascáil a thabhairt don údarás maoirseachta i leith an idirghabhálaí árachais sin.
(3) Beidh feidhm ag ailt 64 agus 65 d'Acht 1995 maidir le hoifigeach údaraithe a cheapfar faoi fho-alt (2) amhail is dá mbeadh an duine a cheapfar ceaptha chun críocha Acht 1995 agus amhail is dá mbeadh feidhm ag na cumhachtaí atá ar fáil d'oifigeach údaraithe faoi na hailt sin maidir le hidirghabhálaithe árachais chun críocha an Achta seo.
(4) Beidh na daoine seo a leanas ina n-oifigigh údaraithe chun críocha an Achta seo—
(a) i ndáil le gnólachtaí infheistíochta is gnólachtaí gnó infheistíochta—
(i) oifigeach údaraithe a cheaptar faoi alt 64 d'Acht 1995, nó
(ii) cigire a cheaptar faoi alt 66 nó 73 d'Acht 1995;
(b) i ndáil le gnólachtaí infheistíochta is ballghnólachtaí stocmhalartáin—
(i) oifigeach údaraithe a cheaptar faoi alt 55 den Acht um Stocmhalartáin, 1995, nó
(ii) cigire a cheaptar faoi alt 57 nó 64 den Acht um Stocmhalartáin, 1995;
(c) i ndáil le gnólachtaí infheistíochta is forais chreidmheasa—
(i) duine údaraithe a cheaptar faoi alt 41 den Acht Cumann Foirgníochta, 1989, nó
(ii) cigire a cheaptar faoi alt 45 den Acht Cumann Foirgníochta, 1989, nó
(iii) oifigeach údaraithe a cheaptar faoi alt 17 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971 (arna leasú le halt 36 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1989, agus le Rialachán 39 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Forais Chreidmheasa a Cheadúnú agus a Mhaoirsiú), 1992 (I.R. Uimh. 395 de 1992)), nó
(iv) oifigeach údaraithe chun críocha alt 24 den Acht um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1989,
agus beidh feidhm ag cearta agus cumhachtaí oifigeach údaraithe den sórt sin, fara na modhnuithe is gá, maidir le cibé faisnéis a fháil a theastóidh ón údarás maoirseachta chun a chumasú dó aon cheann dá fheidhmeanna faoin Acht seo a fheidhmiú.
1 O.J. Uimh. L322, 17.12.1977.
2 O.J. Uimh. L386, 30.12.1989.
1 O.J. Uimh. L322, 17.12.1977.
2 O.J. Uimh. L386, 30.12.1989.
3 O.J. Uimh. L350, 31.12.1994.
2 O.J. Uimh. L386, 30.12.1989.
1 O.J. Uimh. L222, 14.08.1978.
CUID II
Cúiteamh d'Infheisteoirí a Riaradh
Foirmiú na Cuideachta.
10.—(1) A luaithe is féidir tar éis thosach feidhme an ailt seo, déanfaidh an tAire cibé bearta a dhealraíonn dó nó di a bheith riachtanach nó inmhianaithe chun a chur faoi deara go ndéanfaidh an Banc cuideachta theoranta ar a dtabharfar “An Chuideachta um Chúitimh d'Infheisteoirí Teoranta” agus dá ngairtear “an Chuideachta” san Acht seo, agus a chomhlíonfaidh na coinníollacha atá leagtha síos leis an Acht seo, a fhoirmiú agus a chlárú faoi Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1990.
(2) Comhlíonfaidh an Chuideachta na coinníollacha seo a leanas—
(a) cuideachta faoi theorainn ráthaíochta a bheidh sa Chuideachta,
(b) “An Chuideachta Cúitimh d'Infheisteoirí Teoranta” is ainm don Chuideachta, agus
(c) is i bhfoirm a bheidh ar comhréir leis an Acht seo a bheidh meabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais na Cuideachta.
Meabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais na Cuideachta a athrú.
11.—(1) D'ainneoin aon ní in Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1990, ní bheidh aon athrú a dhéanfar ar mheabhrán comhlachais nó ar airteagail chomhlachais na Cuideachta bailí mura ndéantar é le ceadú roimh ré ón údarás maoirseachta.
(2) Beidh cumhacht ag an údarás maoirseachta a cheangal go ndéanfar athruithe ar mheabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais na Cuideachta.
Cuspóirí agus cumhachtaí na Cuideachta.
12.—(1) Luafar i meabhrán comhlachais na Cuideachta gurb iad seo a leanas a príomhchuspóirí—
(a) tar éis dul i gcomhairle leis an údarás maoirseachta, socraíochtaí a bhunú agus a chothabháil le haghaidh íocaíochtaí a dhéanamh le cliaint de chuid gnólachtaí infheistíochta de réir an Achta seo,
(b) ciste nó cistí a chothabháil as a ndéanfar íocaíochtaí de réir an Achta seo agus, más cuí, de réir na Treorach um Chúiteamh d'Infheisteoirí, agus chun cibé íocaíochtaí nó caiteachais eile a ghlanadh a fhéadfar a íoc as an gciste nó as na cistí de réir an Achta seo,
(c) comhairle a thabhairt don údarás maoirseachta i dtaobh nithe a bhaineann le cúiteamh do chliaint de chuid gnólachtaí infheistíochta, agus
(d) éilimh ar chúiteamh ó chliaint de chuid gnólachtaí infheistíochta a phróiseáil a luaithe is féidir agus a chinntiú go n-íoctar cúiteamh gan mhoill mhíchuí.
(2) Ní chuirfidh aon ní san alt seo cosc ná srian le cibé cuspóirí agus cumhachtaí is gá nó is cuí go réasúnach chun na príomhchuspóirí dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a bhaint amach nó atá comhghabhálach nó coimhdeach leis na príomhchuspóirí sin a bhaint amach, agus nach bhfuil ar neamhréir leis an Acht seo ná le haon choinníollacha ná aon cheanglais a fhorchuirfidh an t-údarás maoirseachta ar an gCuideachta, a áireamh ar chuspóirí na Cuideachta, mar atá siad luaite ina meabhrán comhlachais.
(3) Beidh cumhacht ag an gCuideachta aon ní a dhéanamh is dealraitheach di a bheith riachtanach, buntáisteach nó teagmhasach i ndáil le comhlíonadh a feidhmeanna aici, mar a shonraítear san Acht seo nó ina meabhrán comhlachais, nó ar dealraitheach di go n-urasódh sé an comhlíonadh sin, go díreach nó go neamhdhíreach.
Cumhachtaí na Cuideachta.
13.—(1) Beidh cumhacht ag an gCuideachta airgead a fháil ar iasacht nó a chruinniú, ach sin faoi réir cheadú an údaráis maoirseachta.
(2) Faoi réir cheadú an údaráis maoirseachta, féadfaidh an Chuideachta airgead, a bheidh íoctha isteach sa chiste nó sna cistí a chothabhálann an Chuideachta de réir alt 19, a chur ar taisce nó féadfaidh sí an t-airgead sin a infheistiú in urrúis a bhfuil iontaobhaithe údaraithe de réir dlí chun cistí iontaobhais a infheistiú iontu.
Cuntais na Cuideachta agus iniúchtaí.
14.—(1) Coimeádfaidh an Chuideachta gach cuntas is cuí agus is gnáth ar an airgead go léir a íocfar isteach sa chiste nó sna cistí a chothabhálann an Chuideachta de réir alt 19 agus ar gach eisíocaíocht as an gciste nó as na cistí sin lena n-áirítear cuntas ioncaim agus caiteachais agus clár comhardaithe.
(2) Beidh cumhacht ag an údarás maoirseachta iniúchadh nó iniúchtaí a iarraidh ar chuntais na Cuideachta ó am go ham.
Feidhmeanna a chomhlíonadh.
15.—Féadfaidh an Chuideachta, más cuí léi le réasún déanamh amhlaidh, ag féachaint dá dualgais i gcoitinne faoin Acht seo, aon cheann dá feidhmeanna a chomhlíonadh trí aon duine dá cuid oifigeach nó fostaithe nó trí aon duine eile a bheidh údaraithe go cuí ag an gCuideachta.
Gan feidhm a bheith ag alt 182 (Stiúrthóirí a chur as oifig) d'Acht 1963.
16.—Ní bheidh feidhm ag alt 182 (Stiúrthóirí a chur as oifig) d'Acht 1963 maidir leis an gCuideachta.
Comhaltaí na Cuideachta.
17.—Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, comhlachtaí nó daoine a fhorordú chun bheith ina gcomhaltaí den Chuideachta, nó, i gcás gur comhlacht neamhchorpraithe daoine é an comhlacht, pearsa aonair nó comhlacht corpraithe a ainmniú chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Chuideachta.
Stiúrthóirí na Cuideachta.
18.—(1) Forálfar le hairteagail chomhlachais na Cuideachta gur faoi réir an Achta seo a dhéanfar stiúrthóirí a cheapadh.
(2) Is é líon stiúrthóirí na Cuideachta, lena n-áirítear an cathaoirleach agus an leaschathaoirleach, cibé líon daoine a bheidh forordaithe ó am go ham ag an Aire, le comhaontú an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta.
(3) Féadfaidh an tAire, ó am go ham, le comhaontú an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, comhlachtaí a fhorordú a dhealraíonn don Aire a bheith ionadaíoch don tionscal seirbhísí airgeadais agus féadfaidh gach comhlacht den sórt sin stiúrthóir a ainmniú a bheidh le ceapadh ag an gCuideachta.
(4) Féadfaidh an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, ó am go ham, le comhaontú an Aire, comhlachtaí nó pearsana aonair a fhorordú a dhealraíonn don Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta a bheith ionadaíoch do leasanna cliant gnólachtaí infheistíochta agus,
(a) i gcás comhlachtaí a bheidh forordaithe amhlaidh, féadfaidh gach comhlacht den sórt sin stiúrthóir a ainmniú a bheidh le ceapadh ag an gCuideachta, agus
(b) i gcás pearsana aonair a bheidh forordaithe amhlaidh, ceapfaidh an Chuideachta gach pearsa aonair den sórt sin chun bheith ina stiúrthóir de chuid na Cuideachta.
(5) Ainmneoidh agus ceapfaidh Gobharnóir an Bhainc cathaoirleach agus leaschathaoirleach an Bhoird.
(6) Féadfaidh an tAire, le comhaontú an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, a fhorordú go bhféadfaidh comhlacht (nó a chomharbaí), a fhorordófar de réir fho-alt (3) nó (4), níos mó ná aon stiúrthóir amháin a ainmniú agus a cheapadh i gcás inar dealraitheach don Aire é sin a bheith á dhéanamh ar mhaithe lena chinntiú go mbeidh ionadaíocht chothrom ag an tionscal seirbhísí airgeadais agus ag infheisteoirí, ar choinníoll gurb ionann an líon stiúrthóirí a ainmneoidh comhlachtaí mar ionadaithe don tionscal seirbhísí airgeadais agus an líon a bheidh ina n-ionadaithe do leasanna infheisteoirí.
(7) Féadfaidh Gobharnóir an Bhainc agus gach comhlacht nó duine dá dtagraítear i bhfo-alt (3) duine amháin nó níos mó a ainmniú agus a cheapadh chun bheith ina stiúrthóir ionadach do stiúrthóir nó stiúrthóirí na Cuideachta a bheidh ceaptha aige nó aici.
(8) Féadfaidh stiúrthóirí na Cuideachta gníomhú d'ainneoin folúntas amháin nó níos mó a bheith ann ina líon.
Ciste a bhunú.
19.—(1) Déanfaidh an Chuideachta ciste nó cistí a bhunú agus a chothabháil as a ndéanfar íocaíochtaí de réir an Achta seo le cliaint de chuid gnólachtaí infheistíochta agus féadfaidh sí cistí áirithe a bhunú agus a chothabháil i ndáil le haicmí sonraithe nó earnálacha sonraithe de ghnólachtaí infheistíochta de réir an Achta seo.
(2) Ní bhunóidh an Chuideachta ciste mura mbeidh sé ceadaithe ag an údarás maoirseachta.
(3) Ní cheadóidh an t-údarás maoirseachta ciste a bhunú mura rud é gur deimhin leis nach dócha go ndéanfaidh an ceadú dochar d'oibriú aon chistí eile arna gcothabháil ag an gCuideachta nó ag scéim chúitimh d'infheisteoirí arna ceadú faoi alt 25.
(4) Féadfaidh an t-údarás maoirseachta, tar éis dul i gcomhairle leis an gCuideachta, cúlghairm a dhéanamh ar cheadú i leith ciste nó cistí a bhunú faoi fho-alt (2) i gcás ina measann an t-údarás maoirseachta go bhfuil athrú ábhartha tagtha ar na dálaí ó deonaíodh an ceadú ar athrú é a fhágann go ndéanfaí cinneadh difriúil i ndáil leis an gceadú dá lorgófaí ceadú i leith an ciste a bhunú an tráth sin.
(5) Féadfaidh an t-údarás maoirseachta, le linn ciste a cheadú faoi fho-alt (2), nó dá éis sin, coinníollacha nó ceanglais a fhorchur ar an gCuideachta.
(6) Féadfaidh coinníollacha nó ceanglais arna bhforchur faoi fho-alt (5) a bheith bainteach inter alia leis an gciste nó leis na cistí arna chothabháil nó arna gcothabháil ag an gCuideachta nó le cibé nithe eile is cuí leis an údarás maoirseachta.
(7) I gcás ina ndéanfaidh an Chuideachta cistí a chreidiúnú do chiste arna bhunú i leith aicme nó earnála áirithe gnólachta infheistíochta, déanfar na cistí sin a úsáid go heisiach chun íocaíochtaí a dhéanamh le cliaint de réir alt 34 i leith na ngnólachtaí infheistíochta sin agus ina leith sin amháin.
(8) D'ainneoin fho-alt (7), i gcás inar cuí leis an gCuideachta déanamh amhlaidh, tar éis dul i gcomhairle leis an údarás maoirseachta, féadfaidh an Chuideachta íocaíochtaí a dhéanamh as ciste arna chothabháil chun íocaíochtaí a dhéanamh i leith aicme nó earnála gnólachta infheistíochta chun a hoibleagáidí faoin Acht seo a chomhlíonadh i leith gnólachtaí infheistíochta eile, ach sin faoi réir íocaíochtaí den sórt sin a aisíoc as sócmhainní an chiste nó na gcistí arna chothabháil nó arna gcothabháil ag an gCuideachta chun íocaíochtaí a dhéanamh faoi alt 34 i leith gnólachtaí infheistíochta eile den sórt sin, maille le híoc úis ar mhéid na n-íocaíochtaí sin de réir ráta úis a bheidh le cinneadh ag an gCuideachta.
Seirbhísí riaracháin don Chuideachta.
20.—(1) Féadfaidh an Banc seirbhísí riaracháin a sholáthar don Chuideachta nó féadfaidh sé fochuideachta a bhunú de réir alt 23 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1997, agus féadfaidh an fhochuideachta sin, i measc rudaí eile, na seirbhísí sin a sholáthar.
(2) Is as acmhainní na cuideachta a íocfar caiteachais an Bhainc nó fochuideachta de chuid an Bhainc maidir le seirbhísí riaracháin a sholáthar don Chuideachta, lena n-áirítear caiteachais riarthóra arna cheapadh nó arna ceapadh de réir alt 33.
Ranníocaí gnólachtaí infheistíochta.
21.—(1) Baineann an t-alt seo le gnólachtaí infheistíochta ach ní bhaineann sé le daoine deimhnithe a bhfuil scéim chúitimh d'infheisteoirí ceadaithe ina leith faoi alt 25.
(2) Déanfaidh gnólacht infheistíochta údaraithe cibé ranníoc leis an gciste nó leis na cistí arna chothabháil nó arna gcothabháil ag an gCuideachta a shonróidh an Chuideachta ó am go ham a íoc leis an gCuideachta.
(3) (a) Féadfaidh an Chuideachta rátaí nó méideanna difriúla ranníocaí nó boinn dhifriúla chun ranníocaí a ríomh a shonrú le haghaidh aicmí nó earnálacha difriúla gnólachta infheistíochta.
(b) D'ainneoin ghinearáltacht mhír (a), féadfaidh an Chuideachta, le linn rátaí nó méideanna ranníocaí nó boinn chun ranníocaí a ríomh a bheith á sonrú aici le haghaidh gnólachtaí infheistíochta is gnólachtaí infheistíochta chun críocha na Treorach um Sheirbhísí Infheistíochta, aon airgead nó ionstraimí infheistíochta a chur i gcuntas a bheidh curtha ar iontaoibh gnólachta den sórt sin, roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis, i gcás ina ndearna an cliant an t-airgead sin nó na hionstraimí infheistíochta sin a chur ar iontaoibh i dtaca le soláthar seirbhísí gnó infheistíochta ar gnó infheistíochta iad chun críocha na Treorach um Chúiteamh d'Infheisteoirí.
(4) I gcás nach gcomhlíonfaidh gnólacht infheistíochta a oibleagáidí faoin alt seo, dlífear den ghnólacht infheistíochta, maille le suim a íoc chun a oibleagáidí faoi fho-alt (2) a chomhall, ús a íoc leis an gCuideachta ar ranníoc iomlán nó ar aon chuid de ranníoc nach mbeidh íoctha faoin dáta nó faoi na dátaí a bheidh sonraithe ag an gCuideachta de réir ráta 1.25 faoin gcéad in aghaidh na míosa (nó cuid de mhí), amhail ar an agus ón dáta a dtiocfaidh an ranníoc nó cibé méid eile úis a fhorordóidh an tAire faoin alt seo chun bheith dlite.
(5) Aon suimeanna a bheidh dlite faoin alt seo, beidh siad inghnóthaithe mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.
(6) (a) Féadfaidh an t-údarás maoirseachta coinníollacha nó ceanglais a fhorchur ar ghnólachtaí infheistíochta údaraithe i ndáil lena chuid feidhmeanna faoin Acht seo.
(b) Gan dochar do ghinearáltacht mhír (a), féadfaidh an t-údarás maoirseachta coinníollacha nó ceanglais a fhorchur i ndáil le soláthar faisnéise a bheidh ag teastáil ón údarás maoirseachta chun a fheidhmeanna a fheidhmiú faoin Acht seo.
(c) Féadfaidh gnólacht infheistíochta údaraithe achomharc a dhéanamh chun na Cúirte in aghaidh fhorchur aon choinníll nó ceanglais arna fhorchur faoi mhír (a) agus, tar éis achomharc faoin alt seo a éisteacht, féadfaidh an Chúirt aon choinníoll nó ceanglas a fhorchuirtear ar ghnólacht infheistíochta údaraithe faoin alt seo a dhaingniú, a athrú nó a chealú.
Cistí a chothabháil.
22.—(1) I gcás inar shonraigh an Chuideachta go ndéanfar méideanna atá chun sochair do chiste arna chothabháil ag an gCuideachta de réir alt 19 a úsáid chun íocaíochtaí a dhéanamh de réir an Achta seo le cliaint d'aicme nó d'aicmí nó d'earnáil nó d'earnálacha gnólachta infheistíochta arna shonrú ag an gCuideachta agus leo sin amháin, beidh na ranníocaí a íocfaidh na gnólachtaí infheistíochta sin faoi alt 21(2) chun sochair don chiste sin.
(2) Faoi réir fho-alt (3), cinnfidh an Chuideachta, tar éis dul i gcomhairle leis an údarás maoirseachta—
(a) na ranníocaí a bheidh le híoc ag gnólachtaí infheistíochta údaraithe leis an gciste nó leis na cistí arna chothabháil nó arna gcothabháil ag an gCuideachta de réir alt 19(1), agus
(b) méid an iarmhéid a bheidh le cothabháil ag an gCuideachta i gciste nó i gcistí arna chothabháil nó arna gcothabháil ag an gCuideachta faoi alt 19(1).
(3) Le linn don Chuideachta cinneadh a dhéanamh faoi fho-alt (2)—
(a) féachfaidh sí lena chinntiú—
(i) go bhfuil an Chuideachta in ann aon oibleagáid a chomhlíonadh is intuartha le réasún faoin Acht seo,
(ii) go ndéanann an Chuideachta iarmhéid leordhóthanach a chothabháil i ngach ciste arna chothabháil aici a chuirfidh ar a cumas na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh, agus
(b) tabharfaidh sí aird ar na nithe seo a leanas—
(i) an méid a bheidh chun sochair don chiste nó do na cistí arna chothabháil nó arna gcothabháil ag an gCuideachta,
(ii) cumas maoiniúcháin na ngnólachtaí infheistíochta údaraithe sin a bhfuil oibleagáid orthu ranníocaí a dhéanamh leis na cistí sin de réir an ailt seo, agus
(iii) aon ní eile is iomchuí maidir leis an gCuideachta, nó leis an gCuideachta ar chomhairle ón údarás maoirseachta.
Costais riaracháin.
23.—D'ainneoin alt 19, glanfar costais riaracháin agus bainistíochta an Bhoird agus na Cuideachta as acmhainní na Cuideachta, lena n-áirítear ranníocaí arna n-íoc ag gnólachtaí infheistíochta de réir alt 21(2) leis an gciste nó leis na cistí arna chothabháil nó arna gcothabháil ag an gCuideachta.
Nósanna imeachta chun gearáin a imscrúdú.
24.—Déanfaidh an Bord nósanna imeachta a bhunú agus a chothabháil chun gearáin ina aghaidh ag gnólachtaí infheistíochta agus ag infheisteoirí a imscrúdú.
Scéimeanna cúitimh d'infheisteoirí a cheadú.
25.—(1) Féadfaidh an t-údarás maoirseachta, tar éis iarratas a bheith déanta chuige ag comhlacht gairmiúil ceadaithe agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCuideachta, togra a cheadú, nó diúltú togra a cheadú, ar togra é chun scéim chúitimh a bhunú chun cúiteamh a chur ar fáil de réir an Achta seo i gcomhair earnála nó earnálacha sonraithe de dhuine deimhnithe.
(2) Cuirfear in iúl do chomhlacht gairmiúil ceadaithe a mbeidh iarratas déanta aige faoi fho-alt (1)—
(a) ar tugadh nó nár tugadh an ceadú, laistigh de shé mhí tar éis an dáta a bhfaightear an t-iarratas ar cheadú, nó
(b) i gcás inar lorg an t-údarás maoirseachta faisnéis bhreise i ndáil leis an iarratas ar cheadú, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis don údarás maoirseachta an fhaisnéis bhreise a fháil, nó laistigh den tréimhse dhá mhí dhéag tar éis an t-iarratas ar cheadú a fháil, cibé acu is túisce.
(3) Féadfaidh an t-údarás maoirseachta coinníollacha nó ceanglais a fhorchur i ndáil le scéim chúitimh ar lorgaíodh ceadú ina leith faoi fho-alt (1) nó a ceadaíodh faoin bhfo-alt sin.
(4) Maidir le coinníollacha nó ceanglais arna bhforchur faoi fho-alt (3), féadfaidh baint a bheith acu, i measc rudaí eile—
(a) leis na téarmaí agus na coinníollacha faoina bhféadfaidh gnólachtaí infheistíochta a bheith páirteach i scéim chúitimh d'infheisteoirí,
(b) le méid na ranníocaí a bheidh le híoc ag baill na scéime cúitimh, agus
(c) le nósanna imeachta chun a cheangal go ndéanfaidh baill na scéime cúitimh na hoibleagáidí a bhfuil siad faoina réir de bhua iad a bheith ina mbaill den scéim chúitimh a chomhlíonadh.
(5) Beidh iarratas ar cheadú faoi fho-alt (1) i cibé foirm agus beidh cibé sonraí ann a shonróidh an t-údarás maoirseachta ó am go ham.
(6) Ní cheadóidh an t-údarás maoirseachta scéim bheartaithe chúitimh d'infheisteoirí mura ndéanfaidh an comhlacht gairmiúil ceadaithe, a bheidh ag déanamh iarratais chun an scéim a bhunú, an t-údarás maoirseachta a shásamh—
(a) go gcumasóidh sé cúiteamh a íoc le cliaint de chuid gnólachtaí infheistíochta de réir an Achta seo,
(b) go bhfuil forálacha leordhóthanacha i rialacha na scéime beartaithe chun a chumasú di oibriú de réir an Achta seo agus de réir aon choinníollacha nó ceanglas, nó de réir aon choinníollacha agus ceanglas, a fhorchuirfidh an t-údarás maoirseachta,
(c) maidir le hionracas agus inniúlacht gach duine de na stiúrthóirí agus na bainisteoirí nó de na daoine freagracha eile de chuid na scéime beartaithe,
(d) go bhfuil na socraíochtaí maoiniúcháin a bheidh le cur i bhfeidhm agus an modh ar a bhfuil an scéim bheartaithe le comhdhéanamh de chineál a fhágfaidh go mbeidh forálacha réasúnacha ann sa scéim chun foráil a dhéanamh maidir le cúiteamh d'infheisteoirí, agus
(e) nach dóigh d'oibriú na scéime dochar a dhéanamh d'oibriú aon scéime eile cúitimh d'infheisteoirí arna ceadú ag an údarás maoirseachta nó d'oibriú na socraíochtaí um chúiteamh d'infheisteoirí arna mbunú ag an gCuideachta.
(7) Aon uair a dhiúltóidh an t-údarás maoirseachta scéim chúitimh a cheadú de réir an ailt seo, seirbheálfaidh sé fógra ar na daoine a bhfuil an scéim chúitimh á beartú acu, á rá go bhfuil sé ag diúltú an scéim chúitimh a cheadú agus leagfaidh sé amach na cúiseanna leis an diúltú sin san fhógra, agus féadfaidh na daoine a mbeidh an scéim chúitimh á beartú acu, laistigh de 21 lá tar éis dóibh an fógra sin a fháil, achomharc a dhéanamh chun na Cúirte in aghaidh an chinnidh.
(8) Féadfaidh an t-údarás maoirseachta, aon tráth roimh cheadú a dheonú nó a dhiúltú, tuilleadh faisnéise a iarraidh ar an gcomhlacht gairmiúil ceadaithe nó féadfaidh sé a ordú d'oifigeach údaraithe cibé fiosrúcháin a dhéanamh nó cibé imscrúdú a dhéanamh is gá chun iarratas faoin alt seo a mheas.
(9) Aon leasú a bheartaítear a dhéanamh ar mheabhrán comhlachais nó ar airteagail chomhlachais nó ar rialacha cuideachta a oibríonn scéim chúitimh d'infheisteoirí arna ceadú faoin alt seo nó ar rialacha scéime cúitimh den sórt sin, nó aon ábhar breise a bheartaítear a chur leis na nithe sin, de réir mar is cuí, ní dhéanfar amhlaidh gan toiliú i scríbhinn ón údarás maoirseachta, agus féadfaidh an t-údarás maoirseachta an leasú nó an t-ábhar breise sin a cheadú, nó diúltú déanamh amhlaidh, de réir mar is cuí leis.
(10) Féadfaidh an t-údarás maoirseachta a cheangal go ndéanfar athruithe ar mheabhrán comhlachais nó airteagail chomhlachais cuideachta a oibríonn scéim chúitimh d'infheisteoirí faoin alt seo nó ar na rialacha faoina bhfuil scéim chúitimh den sórt sin ag oibriú.
Ceadú scéime cúitimh a chúlghairm.
26.—Féadfaidh an t-údarás maoirseachta, tar éis dul i gcomhairle leis an gCuideachta, iarratas a dhéanamh ar shlí achomair chun na Cúirte ar ordú chun ceadú scéime cúitimh faoi alt 25 a chúlghairm más rud é—
(a) go measann an t-údarás maoirseachta nár chomhlíon an scéim chúitimh coinníollacha nó ceanglais a d'fhorchuir an t-údarás maoirseachta faoi alt 25,
nó
(b) go bhfuil athrú ábhartha tar éis teacht ar na dálaí ó deonaíodh an ceadú ar athrú é a fhágann go ndéanfaí cinneadh difriúil i ndáil leis an iarratas ar cheadú dá ndéanfaí iarratas ar cheadú tráth an iarratais chun na Cúirte.
Mainneachtain ag gnólachtaí infheistíochta oibleagáidí a chomhlíonadh.
27.—(1) Tabharfaidh an Chuideachta fógra don údarás maoirseachta i gcás go mainneoidh gnólacht infheistíochta, nach ball de scéim chúitimh arna ceadú ag an údarás maoirseachta faoi alt 25, na hoibleagáidí a chomhlíonadh a fhorchuirtear air leis an Acht seo agus faoi.
(2) Déanfaidh comhlacht gairmiúil ceadaithe, a bhfuil scéim chúitimh bunaithe aige ar scéim í arna ceadú ag an údarás maoirseachta faoi alt 25, fógra a thabhairt don údarás maoirseachta i gcás inar mhainnigh sé a chinntiú go ndéanfadh gnólacht infheistíochta is ball den scéim na hoibleagáidí a bhfuil an gnólacht faoina réir de bhua a bhallraíochta sa scéim sin a chomhlíonadh.
(3) I gcás ina gcuirfear in iúl don údarás maoirseachta de réir fho-alt (1) nó (2) gur mhainnigh gnólacht infheistíochta oibleagáidí a chomhlíonadh nó i gcás inar mhainnigh gnólacht infheistíochta coinníollacha nó ceanglais arna bhforchur faoi alt 21 a chomhlíonadh, féadfaidh an t-údarás maoirseachta ordachán a thabhairt i scríbhinn don ghnólacht infheistíochta agus do na stiúrthóirí agus dóibh siúd atá freagrach as bainistiú an ghnólachta infheistíochta sin á cheangal ar an ngnólacht infheistíochta ceachtar de na nithe seo a leanas, nó iad araon, a dhéanamh:
(a) na hoibleagáidí sin, nó na coinníollacha nó na ceanglais sin arna bhforchur faoi alt 21, a chomhlíonadh, lena n-áirítear aon suimeanna neamhíoctha a bheidh dlite de don Chuideachta nó don scéim chúitimh arna ceadú faoi alt 25 a íoc faoi dháta a bheidh sonraithe ag an údarás maoirseachta, nó
(b) aon cheann nó gach ceann de na nithe seo a leanas a chur ar fionraí ar feadh cibé tréimhse (nach faide ná dhá mhí dhéag) a bheidh sonraithe san ordachán:
(i) seoladh gnó gnólachta infheistíochta;
(ii) íocaíochtaí a dhéanamh nach mbaineann mír (a) leo;
(iii) aon sócmhainní nó dliteanais a fháil nó a dhiúscairt;
(iv) idirbhearta d'aon chineál a shonróidh an t-údarás maoirseachta a dhéanamh nó iad a dhéanamh ach amháin in imthosca sonraithe nó go feadh méid shonraithe;
(v) gnó a shireadh ar dhaoine de chineál a shonróidh an t-údarás maoirseachta nó ar shlí seachas ar dhaoine den sórt sin;
(vi) gnó a sheoladh ar shlí a shonróidh an t-údarás maoirseachta nó ar shlí seachas slí den sórt sin.
(4) Beidh éifeacht le hordachán faoi fho-alt (3) ón dáta a shonróidh an t-údarás maoirseachta.
(5) Beidh feidhm ag an Dara Sceideal maidir le hordachán ón údarás maoirseachta faoin alt seo.
Iarratas chun na Cúirte chun ordachán a dhaingniú.
28.—(1) I gcás ina dtabharfaidh an t-údarás maoirseachta ordachán faoi alt 27, agus gur deimhin leis, tar éis tréimhse réasúnaí, nach bhfuil an t-ordachán sin á chomhlíonadh, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh ar shlí achomair chun na Cúirte ar ordú chun an t-ordachán a dhaingniú.
(2) Féadfaidh an Chúirt, ar iarratas a bheith déanta faoi fho-alt (1), fianaise a éisteacht ó chreidiúnaithe, agus féadfaidh an Chúirt cibé ordú eatramhach nó idirbhreitheach, más ann, is cuí léi, a dhéanamh in aon iarratas faoin alt seo.
(3) Le linn ordachán arna dhéanamh faoi alt 27 a bheith i bhfeidhm, ní fhéadfar aon imeachtaí foirceannta i ndáil leis an ngnólacht infheistíochta nó, i gcás gnólachta infheistíochta atá comhdhéanta mar chomhlacht neamhchorpraithe daoine, aon imeachtaí i gcomhair ordaithe díscaoilte, nó, i gcás gnólachta infheistíochta atá comhdhéanta mar thrádálaí aonair, aon imeachtaí féimheachta a thosú, ná ní fhéadfar aon rún le haghaidh foirceannadh a rith i ndáil leis an ngnólacht infheistíochta, agus ní dhéanfar aon ghlacadóir a cheapadh ar shócmhainní nó ar aon chuid de shócmhainní an ghnólachta infheistíochta agus ní dhéanfar na sócmhainní sin a astú, a fhorghabháil nó a thochsal ar shlí eile seachas le ceadú na Cúirte roimh ré.
(4) Féadfaidh an Chúirt imeachtaí nó cuid d'imeachtaí faoin alt seo a éisteacht ar shlí seachas go poiblí.
(5) Féadfaidh creidiúnaí a ndéanfaidh ordachán faoi alt 27(3) difear dó nó di iarratas a dhéanamh chun na Cúirte chun an t-ordachán sin a athrú nó a chur ar ceal i gcás ina ndéanfaidh sé difear do leasanna an chreidiúnaí go feadh méid ábhartha.
(6) Faoi réir fho-alt (7), i gcás go mainneoidh gnólacht infheistíochta ordachán a thabharfar faoi alt 27 a chomhlíonadh, déanfaidh an t-údarás maoirseachta—
(a) i gcás gnólachta infheistíochta is gnólacht gnó infheistíochta údaraithe chun críocha Acht 1995, iarratas chun na Cúirte ar ordú chun údarú an ghnólachta infheistíochta a chúlghairm de réir alt 16(2) d'Acht 1995 agus, chun na gcríoch seo, is ionann mainneachtain ag an ngnólacht infheistíochta a chuid oibleagáidí faoin Acht seo a chomhlíonadh agus imthosca ina bhféadfaidh an t-údarás maoirseachta iarratas a dhéanamh chun na Cúirte ar shlí achomair ar ordú chun údarú an ghnólachta gnó infheistíochta a chúlghairm de réir alt 16(2) d'Acht 1995,
(b) i gcás gnólachta infheistíochta is ballghnólacht údaraithe chun críocha an Achta um Stocmhalartáin, 1995, iarratas chun na Cúirte ar ordú chun údarú an ghnólachta infheistíochta a chúlghairm de réir alt 24 den Acht sin agus, chun na gcríoch seo, is ionann mainneachtain ag an ngnólacht infheistíochta a chuid oibleagáidí faoin Acht seo a chomhlíonadh agus imthosca ina bhféadfaidh an Banc iarratas a dhéanamh chun na Cúirte ar shlí achomair ar ordú chun údarú an bhallghnólachta údaraithe a chúlghairm de réir alt 24(2) den Acht um Stocmhalartáin, 1995;
(c) i gcás gnólachta infheistíochta is foras creidmheasa, déanfaidh an Banc údarú an fhorais creidmheasa a leasú faoi Threoir Uimh. 77/780/CEE an 12 Nollaig, 1977, ón gComhairle, agus faoi Threoir Uimh. 89/646/CEE an 15 Nollaig, 1989, ón gComhairle chun nach gceadófar feasta le húdarú an fhorais creidmheasa seirbhísí infheistíochta atá liostaithe san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir um Sheirbhísí Infheistíochta a sholáthar, agus cuirfidh sé an méid sin in iúl láithreach don fhoras creidmheasa, nó
(d) i gcás gnólachta infheistíochta is idirghabhálaí árachais, a chur in iúl don Chuideachta agus don ghnólacht infheistíochta gur mhainnigh an gnólacht infheistíochta a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh faoin Acht seo.
(7) I gcás gnólachta infheistíochta a thagann faoi réir na Treorach um Chúiteamh d'Infheisteoirí, tabharfaidh an t-údarás maoirseachta fógra nach lú ná dhá mhí dhéag don ghnólacht infheistíochta á rá go bhfuil sé beartaithe aige gníomh a thionscnamh in aghaidh an ghnólachta infheistíochta de réir mhír (a), (b) nó (c) d'fho-alt (6) de réir mar is cuí.
Táirgeoirí táirgí.
29.—(1) D'ainneoin alt 16 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1989, más rud é go ndéanfaidh an t-údarás maoirseachta údarú gnólachta gnó infheistíochta a chúlghairm nó, i gcás gnólachta infheistíochta is idirghabhálaí árachais, go gcuirfidh sé in iúl don Chuideachta gur mhainnigh an gnólacht infheistíochta a chuid oibleagáidí faoin Acht seo a chomhlíonadh, cuirfidh an t-údarás maoirseachta in iúl do na táirgeoirí táirgí sin ar shealbhaigh an gnólacht infheistíochta ceapachán bailí scríofa uathu an tráth sin gur mhainnigh an gnólacht infheistíochta a oibleagáidí faoin Acht seo a chomhlíonadh.
(2) Maidir le táirgeoirí táirgí a gcuirfidh an t-údarás maoirseachta in iúl dóibh, de réir fho-alt (1), gur mhainnigh gnólacht infheistíochta a oibleagáidí faoin Acht seo a chomhlíonadh, déanfaidh siad, ar an méid sin a bheith curtha in iúl dóibh, ceapacháin scríofa an ghnólachta infheistíochta a chealú.
(3) Is cion ag táirgeoir táirgí, a gcuirfidh an t-údarás maoirseachta in iúl dó, de réir fho-alt (1), gur mhainnigh gnólacht infheistíochta a oibleagáidí faoin Acht seo a chomhlíonadh, glacadh le haon orduithe a tharchuirfidh an gnólacht infheistíochta thar ceann cliaint nó le haon airgead le cliant, tar éis an méid sin a bheith curtha in iúl dó amhlaidh, ach amháin le ceadú i scríbhinn ón údarás maoirseachta.
(4) Ní thabharfaidh táirgeoir táirgí ceapachán scríofa do ghnólacht infheistíochta mura rud é, a mhéid is fearr is eol dó agus a chreideann sé, tar éis a chur faoi deara fiosrú réasúnach a dhéanamh, nach gnólacht gnó infheistíochta é an gnólacht infheistíochta ar cúlghaireadh a údarú faoi alt 16 d'Acht 1995 gan é a bheith curtha i bhfeidhm arís dá éis sin.
(5) Ní thabharfaidh táirgeoir táirgí ceapachán scríofa do ghnólacht infheistíochta is idirghabhálaí árachais, ach amháin le ceadú i scríbhinn ón údarás maoirseachta, mura rud é, a mhéid is fearr is eol dó agus a chreideann sé, tar éis a chur faoi deara fiosrú réasúnach a dhéanamh, nach gnólacht infheistíochta lena mbaineann alt 28(6)(d) an gnólacht infheistíochta, agus, d'ainneoin alt 16 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1989, féadfaidh an t-údarás maoirseachta an ceadú sin a thabhairt i scríbhinn.
CUID III
Cúiteamh a Íoc le hInfheisteoirí
Léiriú do Chuid III.
30.—(1) Sa Chuid seo—
ciallaíonn “caillteanas inchúitithe” 90 faoin gcéad de mhéid glanchaillteanais infheisteora nó 20,000 ECU, cibé acu is lú;
ciallaíonn “glanchaillteanas“, i ndáil le gach cliant de chuid gnólachta infheistíochta, méid dhliteanas an ghnólachta infheistíochta i leith na nithe seo a leanas—
(a) airgead atá dlite don chliant nó is leis an gcliant agus a shealbhaíonn an gnólacht infheistíochta thar ceann an chliaint i dtaca leis an ngnólacht infheistíochta do sholáthar seirbhísí gnó infheistíochta, agus
(b) ionstraimí infheistíochta, agus luach na n-ionstraimí infheistíochta á chinneadh, más féidir, faoi threoir a margadhluacha, ar ionstraimí infheistíochta leis an gcliant iad arna sealbhú, arna riaradh nó arna mbainistiú thar ceann an chliaint ag an ngnólacht infheistíochta i dtaca leis an ngnólacht infheistíochta do sholáthar seirbhísí gnó infheistíochta,
ar an lá a dhéantar cinneadh faoi alt 31 (3) nó rialú, de réir mar is cuí, nach bhfuil an gnólacht infheistíochta in ann a chomhlíonadh de réir na gcoinníollacha dlíthiúla agus conarthacha is infheidhme ach ní fholóidh sé—
(i) aon mhéid lena mbaineann fo-alt (2),
(ii) aon airgead nó ionstraimí infheistíochta arna sealbhú nó arna gcothabháil ag gnólacht infheistíochta thar ceann infheisteora eisiata,
(iii) airgead nó ionstraimí infheistíochta a éiríonn as idirbhearta a mbeidh cion déanta ina leith faoi Chuid IV nó alt 57 nó 58 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1994, nó a mbeidh ciontú coiriúil ann ina leith mar gheall ar sciúradh airgid arna mhíniú in Airteagal 1 de Threoir Uimh. 91/308/CEE an 10 Meitheamh, 1991, ón gComhairle1 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais le haghaidh sciúradh airgid.
(2) Le linn méid glanchaillteanais cliaint a ríomh—
(a) bainfear as dliteanas iomlán an ghnólachta infheistíochta i leith chliant an ghnólachta infheistíochta méid aon dliteanais a bheidh ar aon duine i leith an ghnólachta infheistíochta sin a raibh ceart fritháirimh ina leith in aghaidh an ghlanchaillteanais sin ar marthain díreach roimh an gcinneadh ag an údarás maoirseachta faoi alt 31 (3) nó díreach roimh an rialú nó a mbeadh ceart den sórt sin ar marthain ina leith dá mba rud é—
(i) go mbeadh an t-airgead nó na hionstraimí infheistíochta inaisíoctha ar éileamh, agus
(ii) go mbeadh an dliteanas sin dlite,
díreach roimh an gcinneadh nó an rialú sin;
(b) ní chuirfear i gcuntas aon fhiach de chuid an ghnólachta infheistíochta mura mbeidh sé cruthaithe;
(c) ní chuirfear i gcuntas—
(i) airgead atá dlite do chliant nó ar le cliant é agus atá á shealbhú thar ceann an chliaint ag gnólacht infheistíochta i dtaca le soláthar seirbhísí infheistíochta don chliant ag an ngnólacht infheistíochta agus
(ii) ionstraimí infheistíochta ar le cliant iad agus atá á sealbhú, á riaradh nó á mbainistiú thar ceann an chliaint ag an ngnólacht infheistíochta i dtaca le soláthar seirbhísí infheistíochta don chliant,
i gcás ina ndearna an cliant an t-airgead nó na hionstraimí infheistíochta a chur ar iontaoibh an ghnólachta infheistíochta aon tráth nach raibh an gnólacht infheistíochta ina ghnólacht infheistíochta údaraithe, mura deimhin leis an údarás maoirseachta nárbh eol don chliant agus nach bhféadfaí a bheith ag súil le réasún gurbh eol don chliant, an tráth a ndearnadh an t-airgead nó na hionstraimí infheistíochta a chur ar iontaoibh amhlaidh, nár ghnólacht infheistíochta údaraithe an gnólacht infheistíochta;
(d) déanfar, i gcás idirghabhálaí árachais, méid préimhe polasaí árachais a bheidh íoctha ag an gcliant leis an idirghabhálaí árachais ach nár cuireadh chuig gnóthas árachais nó, i gcás go bhfuil cliant de chuid idirghabhálaí árachais tar éis caillteanas airgeadais a fhulaingt de dhroim mainneachtain ag an idirghabhálaí árachais árachas d'aicme a shonraítear in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Rialacháin Chreata na gComhphobal Eorpach (Árachas Saoil), 1994, nó in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Rialacháin Chreata na gComhphobal Eorpach (Árachas Neamh-Shaoil), 1994, a shocrú thar ceann an chliaint, méid an chaillteanais airgeadais sin a chur i gcuntas.
(3) Gan dochar d'fho-alt (2),
(a) folaíonn “glanchaillteanas” airgead nó ionstraimí infheistíochta a chuirfidh cliant ar iontaoibh gnólachta infheistíochta, ar gnólacht infheistíochta é chun críocha na Treorach um Chúiteamh d'Infheisteoirí, roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis, i gcás an t-airgead sin nó na hionstraimí infheistíochta sin a bheith curtha ar iontaoibh ag an gcliant i dtaca le soláthar seirbhísí gnó infheistíochta is gnó infheistíochta chun críocha na Treorach um Chúiteamh d'Infheisteoirí;
(b) folaíonn “glanchaillteanas”, i gcás gnólachta infheistíochta nach gnólacht infheistíochta chun críocha na Treorach um Chúiteamh d'Infheisteoirí, airgead nó ionstraimí infheistíochta a chuirfidh cliant ar iontaoibh an ghnólachta infheistíochta tar éis thosach feidhme an Achta seo.
(4) Chun críocha fho-alt (2)(b), féadfar cruthúnas ar fhiach a thabhairt i bhfoirm ráitis mhionsonraithe cuntais, i bhfoirm mionnscríbhinne féich nó ar aon mhodh forordaithe.
Cinneadh nach bhfuil gnólacht infheistíochta in ann a oibleagáidí a chomhlíonadh.
31.—(1) Más dealraitheach don údarás maoirseachta nach bhfuil gnólacht infheistíochta in ann, de thuras na huaire, ar chúiseanna a bhaineann go díreach lena imthosca airgeadais, a oibleagáidí a chomhlíonadh a éiríonn as éilimh ó chliaint agus nach bhfuil aon deis réasúnach intuartha aige a bheith in ann déanamh amhlaidh, déanfaidh an t-údarás maoirseachta fógra a sheirbheáil ar an ngnólacht infheistíochta á rá go bhfuil sé beartaithe aige cinneadh a dhéanamh sa chéill sin.
(2) Maidir le gnólacht infheistíochta, ar chuir an t-údarás maoirseachta in iúl dó go bhfuil sé beartaithe ag an údarás maoirseachta cinneadh a dhéanamh de réir fho-alt (1), féadfaidh sé, laistigh de thrí seachtaine, achomharc a dhéanamh chun na Cúirte in aghaidh a bhfuil beartaithe ag an údarás maoirseachta agus féadfaidh an Chúirt an t-achomharc a cheadú nó a dhícheadú.
(3) I gcás nach mbeidh aon achomharc ann nó go ndícheadóidh an Chúirt an t-achomharc faoi fho-alt (2), féadfaidh an t-údarás maoirseachta cinneadh a dhéanamh de réir bhrí fho-alt (1).
(4) Le linn cinneadh a dhéanamh de réir fho-alt (3), déanfaidh an t-údarás maoirseachta aird a thabhairt ar na nithe seo a leanas—
(a) aon tuarascáil ó oifigeach údaraithe,
(b) aon tuarascáil ó oifigeach údaraithe a léireoidh nach raibh stiúrthóir, bainisteoir nó scairshealbhóir de chuid an ghnólachta infheistíochta in ann, tar éis fógra réasúnach a thabhairt dó nó di déanamh amhlaidh, fianaise a thabhairt ar aird go bhfuil sócmhainní agus dliteanais an ghnólachta infheistíochta ann, nó
(c) aon fhaisnéis eile a bheidh i seilbh an údaráis maoirseachta.
Iarratais ar chúiteamh.
32.—(1) Tar éis don údarás maoirseachta a chur in iúl di nó dó—
(a) go bhfuil cinneadh déanta faoi alt 31(3), nó
(b) go bhfuil rialú déanta ag cúirt,
déanfaidh an Chuideachta nó, más infheidhme i gcás gnólachta infheistíochta atá nó a bhí ina bhall de scéim chúitimh arna ceadú faoi alt 25, an duine atá freagrach as an scéim chúitimh sin a riaradh—
(i) más féidir, an cinneadh nó an rialú a chur in iúl, leis an ngnáthphost réamhíoctha, do chliaint an ghnólachta infheistíochta lena mbaineann agus iarratais ar íocaíochtaí faoi alt 34 a lorg, faoi dháta nach mbeidh níos lú ná cúig mhí ó dháta an chinnidh nó an rialaithe, agus
(ii) fógraí a fhoilsiú in aon cheann de na nuachtáin a scaiptear sa Stát nó in áit eile nó san Iris Oifigiúil, ar fógraí iad ina dtabharfar fógra faoin gcinneadh nó faoin rialú agus ina lorgófar iarratais ar íocaíochtaí faoi alt 34, faoi dháta nach mbeidh níos lú ná cúig mhí ó dháta an chinnidh nó an rialaithe.
(2) Más deimhin leis an údarás maoirseachta nach raibh infheisteoir in ann ar chúis mhaith iarratas a dhéanamh ar íocaíocht faoi alt 34 laistigh den tréimhse ama a bheidh sonraithe ag an gCuideachta nó leis an scéim chúitimh, ordóidh an t-údarás maoirseachta don Chuideachta nó don scéim chúitimh déileáil leis an iarratas amhail is dá mba rud é go ndearnadh é laistigh den tréimhse ama a bheidh sonraithe.
(3) Ní dhlífear den Chuideachta ná de scéim chúitimh arna ceadú faoi alt 25 íocaíocht a dhéanamh faoi alt 34 i gcás nach ndéanfar iarratas ar íocaíocht laistigh den tréimhse ama a bheidh sonraithe ag an gCuideachta nó leis an scéim chúitimh, más rud é nár ordaigh an t-údarás maoirseachta don Chuideachta nó don scéim chúitimh déileáil leis an iarratas amhail is dá mba rud é go ndearnadh é laistigh den tréimhse ama a bheidh sonraithe de réir fhorálacha fho-alt (2).
(4) Ní chuirfidh aon ní san alt seo toirmeasc ar phearsa aonair iarratas a dhéanamh ar íocaíocht faoi alt 34.
Riarthóir a cheapadh.
33.—(1) Féadfaidh an t-údarás maoirseachta riarthóir a cheapadh chuig gnólacht infheistíochta a mbeidh cinneadh déanta ina leith de réir alt 31(3) nó a mbeidh rialú déanta ag cúirt ina leith.
(2) Beidh cumhachtaí oifigigh údaraithe faoi Acht 1995 ag riarthóir a cheapfaidh an t-údarás maoirseachta chuig gnólacht infheistíochta faoi fho-alt (1) i ndáil leis an ngnólacht infheistíochta agus beidh feidhm dá réir sin ag na cumhachtaí atá ar fáil d'oifigeach údaraithe faoin Acht sin i ndáil le gnólachtaí infheistíochta.
(3) Déanfaidh an riarthóir ainmneacha infheisteoirí cáilithe agus ráiteas maidir le glanchaillteanas gach infheisteora den sórt sin agus ráiteas maidir le caillteanas inchúitithe gach infheisteora den sórt sin a sheachadadh ar an gCuideachta nó ar an scéim chúitimh arna ceadú faoi alt 25, a raibh nó a bhfuil an gnólacht infheistíochta ina bhall de nó di, de réir mar is cuí, agus ar an údarás maoirseachta, a luaithe is indéanta.
(4) Féadfaidh riarthóir a iarraidh ar an gCúirt aon cheist a chinneadh a éireoidh i ndáil lena fheidhmeanna nó lena feidhmeanna faoin Acht seo.
Cúiteamh a íoc.
34.—(1) I gcás gnólachta infheistíochta a mbeidh cinneadh faoi alt 31 déanta ag an údarás maoirseachta nó rialú déanta ag cúirt ina leith, más rud é nach raibh an gnólacht infheistíochta ina bhall de scéim chúitimh arna ceadú faoi alt 25 tráth an chinnidh nó an rialaithe, íocfaidh an Chuideachta le gach infheisteoir cáilithe méid is comhionann le caillteanas inchúitithe an infheisteora cháilithe sin.
(2) I gcás gnólachta infheistíochta a mbeidh cinneadh faoi alt 31 déanta ag an údarás maoirseachta nó rialú déanta ag cúirt ina leith, más rud é go raibh an gnólacht infheistíochta ina bhall de scéim chúitimh arna ceadú faoi alt 25 tráth an chinnidh nó an rialaithe, íocfaidh an scéim chúitimh sin le gach infheisteoir cáilithe méid is comhionann le caillteanas inchúitithe an infheisteora cháilithe sin.
(3) Go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1999, más rud é—
(a) go n-éireoidh caillteanas inchúitithe as gnólacht infheistíochta údaraithe do sholáthar seirbhísí gnó infheistíochta i mBallstát eile, agus
(b) gur gnó infheistíochta chun críocha na Treorach um Chúiteamh d'Infheisteoirí na seirbhísí gnó infheistíochta a sholáthraítear,
íocfaidh an Chuideachta leis an infheisteoir cáilithe méid is comhionann leis an méid is lú díobh seo a leanas—
(i) an caillteanas inchúitithe sin, nó
(ii) an méid a mbeadh an t-infheisteoir cáilithe ina theideal de réir Airteagal 7 den Treoir um Chúiteamh d'Infheisteoirí más rud é go raibh an gnólacht infheistíochta ina ghnólacht infheistíochta arna údarú de réir na Treorach um Sheirbhísí d'Infheisteoirí sa Bhallstát eile sin nó ina fhoras creidmheasa arna údarú de réir Threoir 77/780/CEE ón gComhairle arna leasú le Treoir 89/646/CEE ón gComhairle sa Bhallstát eile sin.
(4) I gcás íocaíocht a bheith déanta ag an gCuideachta faoi fho-alt (1) agus go mbaineann an íocaíocht sin go léir nó cuid di le glanchaillteanais de chuid cliaint a d'éirigh as seirbhísí gnó infheistíochta arna soláthar ag an ngnólacht infheistíochta fad a bhí sé ina bhall de scéim chúitimh arna ceadú faoi alt 25, íocfaidh an scéim chúitimh iomchuí leis an gCuideachta méid a mbeidh idir é agus caillteanas inchúitithe an chliaint an chomhréir chéanna atá idir glanchaillteanas an chliaint, a d'éirigh le linn don ghnólacht infheistíochta a bheith ina bhall den scéim chúitimh, agus glanchaillteanas an chliaint.
(5) I gcás íocaíocht a bheith déanta faoi fho-alt (2) ag scéim chúitimh arna ceadú faoi alt 25 agus go mbaineann an íocaíocht sin go léir nó cuid di le glanchaillteanais de chuid cliaint a d'éirigh as seirbhísí gnó infheistíochta arna soláthar ag an ngnólacht infheistíochta fad nach raibh sé ina bhall de scéim chúitimh arna ceadú faoi alt 25, íocfaidh an Chuideachta leis an scéim chúitimh iomchuí méid a mbeidh idir é agus caillteanas inchúitithe an chliaint an chomhréir chéanna atá idir glanchaillteanas an chliaint, a d'éirigh fad nach raibh an gnólacht infheistíochta ina bhall den scéim chúitimh arna ceadú faoi alt 25, agus glanchaillteanas an chliaint.
(6) I gcás ranníocaí a bheith íoctha ag gnólacht infheistíochta le cistí éagsúla arna gcothabháil ag an gCuideachta de bhua athraithe ar an aicme nó ar an earnáil gnólachta infheistíochta lenar bhain an gnólacht infheistíochta, agus gur éirigh glanchaillteanais chliaint an ghnólachta infheistíochta fad a bhain an gnólacht infheistíochta leis na haicmí nó na hearnálacha éagsúla sin, déanfaidh an Chuideachta iarracht a chinntiú gur as an gciste arna chothabháil i leith na haicme nó na hearnála cuí gnólachta infheistíochta a dhéanfar na híocaíochtaí arna ndéanamh faoin alt seo.
(7) I gcás ina n-éireoidh díospóid nó easaontas i leith íocaíochtaí faoi fho-alt (4), (5) nó (6), déanfar an díospóid nó an t-easaontas sin a réiteach faoi rialacháin arna ndéanamh ag an Aire ar chomhairle an údaráis maoirseachta.
Forálacha breise maidir le cúiteamh a íoc.
35.—(1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3), déanfaidh an Chuideachta nó scéim chúitimh arna ceadú faoi alt 25 íocaíochtaí faoi alt 34 i leith caillteanas inchúitithe a chuirfidh an riarthóir in iúl di faoi alt 33(3) a íoc a luaithe is indéanta agus ar a dhéanaí laistigh de thrí mhí ón dáta a mbeidh méid caillteanais inchúitithe infheisteora cháilithe curtha in iúl don Chuideachta nó don scéim chúitimh ag an riarthóir.
(2) (a) Faoi réir cheadú an údaráis maoirseachta agus cibé coinníollacha nó ceanglais a shonróidh an t-údarás maoirseachta, féadfaidh an Chuideachta nó scéim chúitimh arna ceadú faoi alt 25, in imthosca eisceachtúla, íocaíocht faoi alt 34 a iarchur.
(b) Déanfaidh an t-údarás maoirseachta, le linn ceadú a thabhairt nó coinníollacha nó ceanglais a fhorordú chun críocha mhír (a), aird a thabhairt ar cheanglais Airteagal 9 den Treoir um Chúiteamh d'Infheisteoirí.
(3) D'ainneoin na dteorainneacha ama dá bhforáiltear i bhfo-ailt (1) agus (2), i gcás ina gcúiseofar infheisteoir cáilithe i gcion faoi Chuid IV nó alt 57 nó 58 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1994, nó ar shlí eile ag éirí as sciúradh airgid, nó i ndáil leis, arna mhíniú in Airteagal 1 de Threoir Uimh. 91/308/CEE an 10 Meitheamh, 1991, ón gComhairle féadfaidh an t-údarás maoirseachta a ordú don Chuideachta nó do scéim chúitimh arna ceadú faoi alt 25, de réir mar is cuí, aon íocaíocht leis an infheisteoir cáilithe a chur ar fionraí go dtí go dtabharfar breith na cúirte a bheidh i gceist i leith an chúisimh nó na gcúiseamh.
(4) I gcás íocaíocht faoi alt 34 a bheith déanta ag an gCuideachta nó ag scéim chúitimh arna ceadú faoi alt 25 le hinfheisteoir cáilithe, tabharfaidh an duine lenar íocadh an t-airgead sin amhlaidh cruthúnas ar na híocaíochtaí sin don Chuideachta nó don scéim chúitimh d'infheisteoirí.
(5) I gcás íocaíocht faoi alt 34 a bheith déanta ag an gCuideachta nó ag scéim chúitimh d'infheisteoirí arna ceadú faoi alt 25 le hinfheisteoir cáilithe, beidh seachaíocht ag an gCuideachta nó ag an scéim chúitimh maidir le cearta an infheisteora cháilithe sin in imeachtaí leachtaithe i gcoinne an ghnólachta infheistíochta le haghaidh méid is comhionann leis an méid a d'íoc an Chuideachta nó an scéim chúitimh faoi alt 34 leis an infheisteoir cáilithe sin.
(6) I gcás íocaíocht faoi alt 34 a bheith déanta ag an gCuideachta nó ag scéim chúitimh d'infheisteoirí arna ceadú faoi alt 25 le hinfheisteoir cáilithe, beidh seachaíocht ag an gCuideachta nó ag an scéim chúitimh maidir le cearta an infheisteora cháilithe sin i leith aon íocaíochtaí a bheidh déanta faoi bhanna arna shealbhú ag an ngnólacht infheistíochta de réir alt 51 d'Acht 1995 nó alt 47 d'Acht 1989 agus i leith aon íocaíochtaí a bheidh déanta faoi pholasaí árachais slánaíochta gairmiúla arna shealbhú ag an ngnólacht infheistíochta i leith ghlanchaillteanas an infheisteora cháilithe.
(7) Féadfaidh cliant gnólachta infheistíochta achomharc a dhéanamh chun na Cúirte i gcoinne aon diúltaithe íocaíocht a dhéanamh faoi alt 34 nó i gcoinne mhéid aon íocaíochta arna déanamh faoin alt sin.
(8) I gcás ina n-éireoidh éileamh ar íocaíocht faoi alt 34 i leith airgid ar le hinfheisteoir é agus atá á shealbhú ag gnólacht infheistíochta is foras creidmheasa i dtaca le gnó infheistíochta ionas go bhféadfaí éileamh ar íocaíocht a dhéanamh freisin faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Scéimeanna Ráthaíochta Taiscí), 1995 (I.R. Uimh. 168 de 1995), i leith an airgid sin, sonróidh an t-údarás maoirseachta go bhfuil an cliant—
(a) ina thaisceoir nó ina taisceoir eisiata chun críocha Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Scéimeanna Ráthaíochta Taiscí), 1995, nó
(b) ina infheisteoir nó ina hinfheisteoir eisiata chun críocha an Achta seo.
Forálacha maidir le hidirghabhálaithe srianta.
36.—(1) San alt seo—
ciallaíonn “airgead admhaithe” luach airgid nó ionstraimí infheistíochta cliaint is cuid de ghlanchaillteanas infheisteora cháilithe a chuir an t-infheisteoir cáilithe ar iontaoibh idirghabhálaí shrianta le cur ar aghaidh chuig táirgeoir táirgí inaitheanta óna raibh ceapachán scríofa bailí ag an idirghabhálaí srianta an tráth a ndearnadh an t-airgead nó na hionstraimí infheistíochta a chur ar iontaoibh amhlaidh;
ciallaíonn “idirghabhálaí srianta” gnólacht infheistíochta atá nó a bhí—
(a) ina idirghabhálaí táirgí infheistíochta gníomhaíochta srianta, nó
(b) ina idirghabhálaí árachais nach gnólacht gnó infheistíochta údaraithe (mura rud é gur idirghabhálaí táirgí infheistíochta gníomhaíochta srianta é an gnólacht infheistíochta),
nó iad araon, agus nach bhfuil ina bhall de scéim chúitimh arna ceadú faoi alt 25.
(2) Déanfaidh táirgeoir táirgí, óna raibh ceapachán scríofa bailí ag idirghabhálaí srianta, méid a íoc leis an gCuideachta, i leith gach infheisteora cháilithe a ndlitear den Chuideachta íocaíocht a dhéanamh leis nó léi faoi alt 34 i leith an idirghabhálaí shrianta sin, ar méid é a mbeidh idir é agus caillteanas inchúitithe gach infheisteora cháilithe den sórt sin an chomhréir chéanna atá idir airgead admhaithe an infheisteora cháilithe a raibh sé beartaithe é a chur ar aghaidh chuig an táirgeoir táirgí sin agus glanchaillteanas an infheisteora cháilithe.
(3) Beidh seachaíocht ag táirgeoirí táirgí maidir leis an gCuideachta i leith aon éilimh ag an gCuideachta i gcoinne gnólachta infheistíochta i leith airgid arna íoc ag táirgeoirí táirgí leis an gCuideachta faoin alt seo.
(4) Ní theorannóidh ná ní athróidh aon ní in aon chonradh dliteanas táirgeora táirgí faoin alt seo.
CUID IV
Ilghnéitheach
Comhchuntais agus iontaobhaithe.
37.—(1) Más rud é—
(a) gur iontaobhaí infheisteoir cáilithe, atá ag déanamh iarratais ar íocaíocht faoi alt 34 thar ceann iontaobhais, agus
(b) go bhfuil teideal tairbhiúil ag aon tairbhí de chuid an iontaobhais lena mbaineann, i gcoinne na n-iontaobhaithe, chuig aon chuid inaitheanta den mhéid a bheidh á éileamh amhlaidh, cibé acu go hiomlán nó i gcomhpháirt le líon socair tairbhithe eile,
ansin, déileálfar leis an nglanchaillteanas a bhfuil iarratas á dhéanamh ina leith ag an iontaobhaí ar íocaíocht faoi alt 34, ach sin chun caillteanas inchúitithe a fhionnadh agus chuige sin amháin—
(i) i gcás teideal iomlán a bheith ag an tairbhí, amhail is dá mbeadh úinéireacht dhlíthiúil an airgid agus na n-ionstraimí infheistíochta arb iad atá sa ghlanchaillteanas aistrithe chuig an tairbhí,
(ii) i gcás teideal a bheith ag an tairbhí i gcomhpháirt le líon socair tairbhithe eile, amhail is dá mba ghnó comhinfheistíochta atá á chothabháil ag na tairbhithe an t-airgead agus na hionstraimí infheistíochta arb iad atá sa ghlanchaillteanas, agus amhail is dá mbeadh úinéireacht dhlíthiúil agus comhúinéireacht aistrithe chuig na tairbhithe lena mbaineann.
(2) I gcás go mbeidh daoine (is daoine seachas iontaobhaithe nó daoine lena mbaineann fo-alt (1)) ag a bhfuil, nó a ndéileáiltear leo de bhua fho-alt (1) mar dhaoine ag a bhfuil, comhúinéireacht ar airgead nó ar ionstraimí infheistíochta arb iad atá i nglanchaillteanas, i dteideal an t-airgead nó na hionstraimí infheistíochta a fháil de bhua a gcomhúinéireachta ar an airgead nó ar na hionstraimí infheistíochta, ansin déileálfar le gach duine acu, d'uireasa téarmaí agus coinníollacha speisialta, ach sin chun caillteanas inchúitithe a fhionnadh agus chuige sin amháin, mar dhuine ag a bhfuil infheistíocht ar leithligh is comhionann leis an méid a gheofaí tríd an airgead agus luach na n-ionstraimí infheistíochta lena mbaineann a roinnt go cothrom ar an líon daoine ag a bhfuil comhúinéireacht.
(3) I gcás ina mbeidh beirt duine nó níos mó i dteideal airgid nó ionstraimí infheistíochta arna bhfáil, arna sealbhú, arna rialú nó arna n-íoc ag gnólacht infheistíochta mar bhaill de chomhpháirtíocht, de chomhlachas nó de ghrúpáil dá samhail, gan pearsantacht dhlíthiúil (cibé acu i scaireanna cothroma nó nach ea), déileálfar leis an airgead nó leis na hionstraimí infheistíochta sin mar infheistíocht aonair.
(4) Féadfaidh an t-údarás maoirseachta agus, más gá chun glanchaillteanas a fhionnadh, an riarthóir lena mbaineann a cheangal ar aon duine a bheidh ag éileamh íocaíochta faoi alt 34 dóthain faisnéise a chur ar fáil chun a chumasú cinneadh a dhéanamh i dtaobh an mbaineann an t-alt seo leis an airgead nó na hionstraimí sin.
(5) Más rud é, i gcás lena mbaineann fo-alt (1) nó (2), go mbaineann éileamh cliaint ar íocaíocht faoi alt 34 le hairgead nó ionstraimí infheistíochta eile freisin, déanfar an t-airgead nó na hionstraimí infheistíochta eile sin a chomhiomlánú, chun glanchaillteanas a fhionnadh, le haon mhéid airgid nó ionstraimí infheistíochta a bheidh á chothabháil nó á gcothabháil ag an duine sin chun críocha fho-alt (1) nó fho-alt (2), nó chun críocha an dá fho-alt sin, agus déanfar an caillteanas inchúitithe a fhionnfar amhlaidh a roinnt agus a íoc go cuí leis an duine lena mbaineann agus leis na hiontaobhaithe lena mbaineann nó leis an duine sin i gcomhpháirt le daoine eile (de réir mar is gá sna himthosca), nó leo araon, sa chomhréir chéanna nó sna comhréireanna céanna atá idir na méideanna arna gcomhiomlánú amhlaidh.
Faisnéis d'infheisteoirí agus fógraíocht.
38.—(1) Ach amháin i gcás ina mbeidh feidhm ag fo-alt (2), déanfaidh gnólachtaí infheistíochta cibé faisnéis a bhaineann le cúiteamh d'infheisteoirí a shonróidh an t-údarás maoirseachta a chur ar fáil d'infheisteoirí iarbhír agus d'infheisteoirí beartaitheacha ar mhodh agus i bhfoirm a shonróidh an t-údarás maoirseachta.
(2) I gcás ina ndéanfar brainse de ghnólacht infheistíochta, atá údaraithe nó a bhí údaraithe tráth ag an údarás maoirseachta, a bhunú i mBallstát eile de réir fhorálacha na Treorach um Sheirbhísí d'Infheisteoirí, déanfar an fhaisnéis dá bhforáiltear i bhfo-alt (1) a chur ar fáil ar an modh forordaithe i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit ina mbunófar an brainse.
(3) Ach amháin le toiliú scríofa roimh ré ón údarás maoirseachta, ní fhógróidh aon ghnólacht infheistíochta ná ní chuirfidh sé faoi deara go bhfógrófar, (cibé slí ina sonrófar é), go bhfuil airgead nó ionstraimí infheistíochta a thaiscfear leis an ngnólacht infheistíochta cosanta trí chiste cúitimh d'infheisteoirí.
Gnólachtaí infheistíochta do dhul isteach i scéimeanna cúitimh i mBallstáit eile.
39.—(1) Beidh feidhm ag an alt seo i gcás ina mbeidh gnólacht infheistíochta tar éis brainse a bhunú i mBallstát eile de réir fhorálacha Airteagal 17 den Treoir um Sheirbhísí Infheistíochta nó de réir fhorálacha Airteagal 18 de Threoir Uimh. 89/646/CEE an 15 Nollaig, 1989, ón gComhairle agus go mbeidh sé, faoi fhorálacha Airteagal 7 den Treoir um Chúiteamh d'Infheisteoirí, tar éis dul isteach i scéim chúitimh d'infheisteoirí laistigh de chríoch an Bhallstáit sin.
(2) I gcás ina gcuirfear in iúl don údarás maoirseachta nach ndearna brainse, a bunaíodh i mBallstát eile agus a chuaigh isteach i scéim chúitimh d'infheisteoirí chun críocha fho-alt (1), na hoibleagáidí a chomhlíonadh a forchuireadh air de dhroim a bhallraíochta sa scéim chúitimh d'infheisteoirí sin, déanfaidh an t-údarás maoirseachta, i gcomhar leis an scéim chúitimh d'infheisteoirí sin, gach beart cuí a ghlacadh chun a chinntiú go ndéanfar na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh.
(3) Beidh feidhm ag ailt 27 agus 28 maidir le gnólacht infheistíochta a bhfuil feidhm ag fo-alt (2) maidir leis amhail is dá mba oibleagáidí arna bhforchur ar an ngnólacht infheistíochta leis an Acht seo nó faoin Acht seo na hoibleagáidí a bhfuil an gnólacht infheistíochta faoina réir de dhroim a bhallraíochta i scéim chúitimh i mBallstát eile de réir Airteagal 7 den Treoir um Chúiteamh d'Infheisteoirí.
Ballraíocht de scéim chúitimh ag gnólacht infheistíochta atá údaraithe i mBallstát eile.
40.—(1) San alt seo—
ciallaíonn “cliant” infheisteoir a rinne, i dtaca le gnó infheistíochta, airgead nó ionstraimí infheistíochta a chur ar iontaoibh brainse arna bhunú sa Stát ag gnólacht infheistíochta de réir fhorálacha Airteagal 17 den Treoir um Sheirbhísí Infheistíochta nó de réir fhorálacha Airteagal 18 de Threoir Uimh. 89/646/CEE ón gComhairle;
ciallaíonn “údarás inniúil”, i ndáil le gnólacht infheistíochta, údarás inniúil chun críocha na Treorach um Chúiteamh d'Infheisteoirí i mBallstát eile;
ciallaíonn “infheisteoir cáilithe” cliant de chuid gnólachta infheistíochta atá i dteideal cúitimh de réir Airteagal 2 agus na chéad mhíre d'Airteagal 7.1 den Treoir um Chúiteamh d'Infheisteoirí agus atá tar éis iarratas a dhéanamh ar chúiteamh de réir bhrí Airteagal 2 den Treoir sin;
tá le “gnó infheistíochta” an bhrí chéanna atá leis sa Treoir um Chúiteamh d'Infheisteoirí;
ciallaíonn “gnólacht infheistíochta” gnólacht infheistíochta de réir bhrí fho-alt (2);
tá le “infheisteoir” an bhrí chéanna atá leis sa Treoir um Chúiteamh d'Infheisteoirí.
(2) Déanfaidh gnólacht infheistíochta (de réir bhrí na Treorach um Sheirbhísí Infheistíochta) atá údaraithe i mBallstát eile chun críocha na Treorach sin nó Threoir Uimh. 89/646/CEE an 15 Nollaig, 1989, ón gComhairle agus a bhfuil brainse bunaithe aige sa Stát de réir fhorálacha Airteagal 17 den Treoir um Sheirbhísí Infheistíochta agus ar mian leis an rogha a fheidhmiú maidir le páirt a ghlacadh i socraíochtaí cúitimh d'infheisteoirí sa Stát de réir Airteagal 7.1 den Treoir um Chúiteamh d'Infheisteoirí, an méid sin a chur in iúl don Chuideachta agus beidh sé agus tiocfaidh sé chun bheith ina ghnólacht infheistíochta ansin chun críocha an Achta seo.
(3) Soláthróidh gnólacht infheistíochta an fhaisnéis iomchuí go léir a iarrfaidh an Chuideachta agus íocfaidh sé ranníoc le ciste arna chothabháil ag an gCuideachta de réir fho-alt (4).
(4) Déanfaidh an Chuideachta an ranníoc a bheidh le híoc ag gnólacht infheistíochta leis an gCuideachta de réir alt 21 a chinneadh, le comhaontú an údaráis maoirseachta, ar bhonn bliantúil, ag féachaint d'Airteagal 7 agus do na treoirphrionsabail atá leagtha amach in Iarscríbhinn II den Treoir um Chúiteamh d'Infheisteoirí.
(5) Beidh an ranníoc a bheidh le híoc ag gnólacht infheistíochta leis an gCuideachta de réir alt 21 chun sochair don chiste arna chothabháil ag an gCuideachta is fearr, dar leis an údarás maoirseachta, a chomhlíonann ceanglais an ceathrú mír d'Airteagal 7.1 den Treoir um Chúiteamh d'Infheisteoirí.
(6) Ní bheidh feidhm ag ailt 27, 28, 31, 32 agus 33 maidir le gnólacht infheistíochta de réir bhrí an ailt seo.
(7) Is é a bheidh sa mhéid is iníoctha faoi alt 34 le hinfheisteoir cáilithe i gcás gnólachta infheistíochta ná méid is comhionann leis an méid ar mó caillteanas inchúitithe an infheisteora cháilithe i ndáil le hairgead nó ionstraimí infheistíochta arna gcur ar iontaoibh brainse den ghnólacht infheistíochta ag infheisteoir cáilithe i dtaca le gnó infheistíochta ná méid an chúitimh is iníoctha leis an infheisteoir cáilithe de réir Airteagal 2 agus na chéad mhíre d'Airteagal 7.1 den Treoir um Chúiteamh d'Infheisteoirí.
(8) Déanfaidh an Chuideachta íocaíocht faoi fho-alt (8) a luaithe is indéanta agus, ar a dhéanaí, laistigh de thrí mhí ón dáta a ndéanfaidh an t-údarás inniúil méid an chúitimh is iníoctha leis an infheisteoir cáilithe de réir Airteagail 2 agus 7.1, an chéad mhír, den Treoir um Chúiteamh d'Infheisteoirí a chur in iúl don Chuideachta, mura rud é go n-aontóidh an t-údarás inniúil go bhféadfar íocaíocht a dhéanamh níos déanaí ná trí mhí tar éis an dáta sin.
(9) I gcás nach gcomhlíonfaidh gnólacht infheistíochta a oibleagáidí faoin Acht seo, cuirfidh an Chuideachta an méid sin in iúl don údarás inniúil agus don údarás maoirseachta agus féadfaidh sí, le toiliú an údaráis inniúil, fógra a thabhairt don ghnólacht infheistíochta á rá nach mbeidh dliteanas ar an gCuideachta, le héifeacht ó dháta sonraithe, ar dáta é nach luaithe ná 12 mhí tar éis an dáta a chuirfear an méid sin in iúl amhlaidh, íocaíochtaí a dhéanamh faoi alt 34 le cliaint de chuid an ghnólachta infheistíochta i leith airgid nó ionstraimí infheistíochta arna chur nó arna gcur ar iontaoibh an ghnólachta infheistíochta ag cliaint tar éis an dáta a bheidh sonraithe ag an gCuideachta mura mbeidh a chuid oibleagáidí faoin Acht seo comhlíonta go hiomlán ag an ngnólacht infheistíochta laistigh de 12 mhí tar éis an dáta a chuirfear an méid sin in iúl amhlaidh.
(10) Más rud é nach gcomhlíonfaidh gnólacht infheistíochta a oibleagáidí faoin Acht seo go hiomlán tar éis fógra a fháil ón gCuideachta faoi fho-alt (9), ní bheidh dliteanas ar an gCuideachta, le héifeacht ón dáta a shonróidh an Chuideachta de réir fho-alt (9), íocaíochtaí a dhéanamh de réir alt 34 le cliaint de chuid an ghnólachta infheistíochta i leith airgid nó ionstraimí infheistíochta arna chur nó arna gcur ar iontaoibh an ghnólachta infheistíochta ag cliaint i dtaca le gnó infheistíochta tar éis an dáta a shonróidh an Chuideachta.
(11) I gcás nach gcomhlíonfaidh gnólacht infheistíochta a oibleagáidí faoin Acht seo go hiomlán laistigh de 12 mhí ó dháta an fhógra dá dtagraítear i bhfo-alt (9), déanfaidh an Chuideachta, ar dhul in éag don tréimhse 12 mhí sin, a chur in iúl don ghnólacht infheistíochta agus do chliaint an ghnólachta infheistíochta nach mbeidh dliteanas ar an gCuideachta íocaíochtaí a dhéanamh faoi alt 34 le cliaint an ghnólachta infheistíochta i leith airgid nó ionstraimí infheistíochta arna chur nó arna gcur ar iontaoibh an ghnólachta infheistíochta ag cliaint i dtaca le gnó infheistíochta tar éis an dáta a shonróidh an Chuideachta de réir fho-alt (9).
(12) I gcás ina ndéanfaidh gnólacht infheistíochta fógra a thabhairt don Chuideachta nach mian leis a thuilleadh an rogha a fheidhmiú maidir le páirt a ghlacadh i socraíochtaí cúitimh d'infheisteoirí sa Stát de réir Airteagal 7.1 den Treoir um Chúiteamh d'Infheisteoirí, ní bheidh dliteanas ar an gCuideachta, le héifeacht ó dháta an fhógra sin, íocaíochtaí a dhéanamh faoi alt 34 le cliaint an ghnólachta infheistíochta i leith airgid nó ionstraimí infheistíochta arna chur nó arna gcur ar iontaoibh an ghnólachta infheistíochta ag cliaint i dtaca le gnó infheistíochta tar éis dháta an fhógra sin.
Árachas éigeantach i gcás gnólachtaí infheistíochta údaraithe.
41.—(1) Féadfaidh an t-údarás maoirseachta a cheangal ar ghnólachtaí infheistíochta údaraithe polasaí árachais slánaíochta gairmiúla a bhaint amach i bhfoirm a shonróidh an t-údarás maoirseachta (agus féadfar foirmeacha éagsúla a shonrú le haghaidh aicmí éagsúla gnólachta infheistíochta údaraithe), lena slánófar an gnólacht infheistíochta údaraithe i leith cibé suim, ar cibé modh agus i leith cibé nithe, agus a bheidh bailí ar feadh cibé tréimhse íosta, a shonróidh an t-údarás maoirseachta ó am go ham.
(2) Nuair a cheanglaíonn an t-údarás maoirseachta ar ghnólacht infheistíochta údaraithe polasaí árachais slánaíochta gairmiúla a bhaint amach, beidh aird aige ar aon cheanglais reachtúla láithreacha atá ar earnáil nó ar earnálacha áirithe gnólachta infheistíochta maidir le hárachas slánaíochta gairmiúla a bheith acu.
Díolúine ó dhliteanas i leith damáistí.
42.—(1) Ní bheidh an t-údarás maoirseachta nó aon fhostaí nó oifigeach de chuid an údaráis maoirseachta nó fochuideachta arna bunú ag an mBanc chun críocha alt 20 nó aon fhostaí nó oifigeach de chuid na fochuideachta nó aon oifigeach údaraithe chun críocha alt 9 nó aon chomhalta de Bhord an údaráis maoirseachta nó aon chomhalta de Bhord na fochuideachta faoi dhliteanas maidir le damáistí i dtaca le haon ní a dhéantar nó a fhágtar gan déanamh i gcomhlíonadh nó i gcomhlíonadh airbheartaithe aon cheann dá fheidhmeanna faoin Acht seo mura dtaispeánfar gur de mheon mímhacánta a rinneadh an ní nó a fágadh gan déanamh é.
(2) Ní bheidh Bord na Cuideachta nó aon fhostaí nó oifigeach den Chuideachta faoi dhliteanas maidir le damáistí i dtaca le haon ní a dhéantar nó a fhágtar gan déanamh i gcomhlíonadh nó i gcomhlíonadh airbheartaithe aon cheann dá fheidhmeanna faoin Acht seo mura dtaispeánfar gur de mheon mímhacánta a rinneadh an ní nó a fágadh gan déanamh é.
(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-ailt (1) agus (2), ní hionann ceadú, maoirsiú, rialáil nó cúlghairm ceadaithe i leith ciste chun críocha alt 19 nó scéime cúitimh d'infheisteoirí faoin Acht seo agus baránta nó éileamh eile i dtaobh shócmhainneacht nó fheidhmiú an chiste nó aon ghnólachta infheistíochta a mbeidh ranníoc tugtha aige don chiste nó don scéim chúitimh d'infheisteoirí, nó i dtaobh shócmhainneacht nó fheidhmiú aon bhaill dá chuid nó dá cuid, agus ní bheidh an Stát ná an t-údarás maoirseachta ná an Chuideachta faoi dhliteanas maidir le haon chaillteanas nó caillteanais a thabhófar trí dhócmhainneacht, trí mhainneachtain nó trí fheidhmiú an chiste nó an ghnólachta infheistíochta nó na scéime cúitimh d'infheisteoirí nó aon bhaill dá chuid nó dá cuid.
Cionta agus pionóis.
43.—(1) Duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 29(3) nó faoi fho-alt (4), (7) nó (8) den alt seo, dlífear—
(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 nó, de rogha na cúirte i gcás pearsan aonair, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó
(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £1,000,000 nó, de rogha na cúirte i gcás pearsan aonair, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 10 mbliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.
(2) Féadfaidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí nó an t-údarás maoirseachta imeachtaí achoimre i ndáil le cion faoin Acht seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.
(3) D'ainneoin alt 10(4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achoimre i leith aon chiona faoin Acht seo a thionscnamh laistigh de dhá bhliain ón dáta a fhionnfar an cion.
(4) I gcás cion faoin Acht seo a bheith déanta ag comhlacht corpraithe nó ag comhlacht nó duine neamhchorpraithe nó ag trádálaí aonair agus go gcruthófar go ndearnadh é le toiliú, le cúlcheadú nó le ceadú, nó gur inchurtha é i leith, nó gur éascaíodh é a dhéanamh le haon fhaillí ar thaobh, aon oifigigh nó fostaí de chuid an eintitis sin nó duine a airbheartaíonn a bheith ag gníomhú thar ceann an eintitis sin, beidh an t-oifigeach nó an fostaí sin ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a shaothrú ina choinne nó ina coinne agus é nó í a phionósú amhail is dá mbeadh an t-oifigeach nó an fostaí sin ciontach sa chion céadluaite, ar choinníoll, áfach, nach gcuirfear pianbhreith phríosúnachta ar an oifigeach nó ar an bhfostaí i leith an chiona sin mura rud é, i dtuairim na cúirte, go ndearnadh an cion go toiliúil.
(5) (a) Más rud é, ar iarratas a bheith déanta ar mhodh achomair ag údarás maoirseachta, go bhfuil an Chúirt den tuairim—
(i) gur sáraíodh an tAcht seo nó go bhfuil sé á shárú, nó
(ii) go bhfuil mainneachtain déanta nó á dhéanamh coinníoll nó ceanglas a chomhlíonadh arna fhorchur ag an údarás maoirseachta de réir an Achta seo nó ordachán a chomhlíonadh arna eisiúint ag an údarás maoirseachta faoi alt 27,
féadfaidh an Chúirt, le hordú, toirmeasc a chur ar leanúint den sárú nó den mhainneachtain ag an duine nó ag na daoine lena mbaineann.
(b) Féadfaidh an Chúirt, le linn an t-iarratas a bhreithniú, cibé ordú eatramhach nó idirbhreitheach a dhéanamh is cuí léi.
(c) Is alt gan dochar d'fheidhmeanna reachtúla an údaráis maoirseachta an t-alt seo.
(d) I gcás gur deimhin leis an gCúirt, de bharr chineál nó chúinsí an cháis nó ar shlí eile ar mhaithe le ceartas, gurb inmhianaithe é, féadfar na himeachtaí go léir, nó aon chuid díobh, faoin alt seo a sheoladh ar shlí seachas go poiblí.
(6) Más rud é, maidir leis an sárú nó leis an mainneachtain a gciontófar duine ina leith faoi fho-alt (1) nó (4), go leanfar de nó di tar éis an chiontaithe, beidh an t-oifigeach nó an fostaí ciontach i gcion eile gach lá a leanfaidh an sárú nó an mhainneachtain agus dlífear, maidir le gach cion den sórt sin, ar an oifigeach nó ar an bhfostaí a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 a chur air nó uirthi nó, ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £5,000 a chur air nó uirthi.
(7) Aon duine, i gcomhlíonadh airbheartaithe aon fhorála den Acht seo nó aon rialacháin arna dhéanamh faoin gcéanna—
(a) a sholáthróidh freagra nó míniú, a thabharfaidh ráiteas, nó a dhéanfaidh aon tuairisceán, tuarascáil, deimhniú, clár comhardaithe nó doiciméad eile a thabhairt ar aird, a thaisceadh nó a sheachadadh atá bréagach i bponc ábhartha, agus a fhios aige nó aici é nó í a bheith bréagach, nó
(b) a dhéanfaidh, go meargánta, freagra nó míniú a sholáthar, ráiteas a thabhairt nó aon tuairisceán, tuarascáil, deimhniú, clár comhardaithe nó doiciméad eile a thabhairt ar aird, a thaisceadh nó a sheachadadh, atá bréagach i bponc ábhartha, nó
(c) a dhéanfaidh, go feasach, faisnéis a choimeád siar nó a fhágáil ar lár,
beidh sé nó sí ciontach i gcion.
(8) (a) Aon oifigeach de chuid táirgeora táirgí nó gnólachta infheistíochta a scriosfaidh, a loitfidh nó a fhalsóidh aon taifead nó doiciméad a dhéanann difear do mhaoin nó do ghnóthaí an táirgeora táirgí nó aon ghnólachta infheistíochta, nó a bhaineann léi nó leo, nó a bheidh ionpháirteach i scriosadh, i lot nó i bhfalsú aon taifid nó doiciméid den sórt sin, nó a dhéanfaidh taifeadadh bréagach ann nó a bheidh ionpháirteach i dtaifeadadh bréagach a dhéanamh ann, beidh sé nó sí ciontach i gcion, mura gcruthóidh an t-oifigeach nach raibh sé ar intinn aige nó aici gan an dlí a chomhlíonadh.
(b) Aon duine a luaitear i mír (a) a dhéanfaidh aon taifead nó doiciméad den sórt sin a dhiúscairt nó a athrú go calaoiseach nó a fhágfaidh ní ar lár go calaoiseach in aon taifead nó doiciméad den sórt sin, nó a bheidh ionpháirteach i ndiúscairt nó in athrú aon taifid nó doiciméid den sórt sin nó i bhfágáil aon ní ar lár in aon taifead nó doiciméad den sórt sin, beidh sé nó sí ciontach i gcion.
(9) I gcás ina ndéanfar sárú ar an Acht seo agus ina bhfuil an sárú sin inchurtha i leith comhpháirtíochta, féadfar gach comhpháirtí a chúiseamh ina n-aonar nó i gcomhpháirt le haon chomhpháirtí amháin nó níos mó de na comhpháirtithe in aon chion i leith an tsáraithe sin agus ar é nó í a chiontú dlífear an pionós a fhorchuirfear a chur air nó uirthi.
(10) In aon imeachtaí i leith ciona faoin Acht seo is inchurtha i leith comhpháirtíochtaí, is cosaint é do chomhpháirtí a chúiseofar a chruthú—
(a) gur dearmad, nó iontaoibh a chur i bhfaisnéis a tugadh don chomhpháirtí, nó gníomh nó mainneachtain ag duine eile, tionóisc nó ábhar éigin eile nach raibh neart aige nó aici air, ba chúis leis an gcion a dhéanamh, agus
(b) gur ghlac an comhpháirtí gach réamhchúram réasúnach agus go ndearna an comhpháirtí a dhícheall nó a dícheall le nach ndéanfadh sé féin nó sí féin nó aon duine eile faoina rialú cion den sórt sin.
(11) Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo nó in aon achtachán eile, ná ní dhéanfaidh aon riail dlí, cosc a chur le comhpháirtí a ionchúiseamh i gcion a mbeidh comhpháirtí eile nó aon duine eile cúisithe nó ciontaithe ina leith cheana féin.
Leasú ar alt 2(7) d'Acht 1995.
44.—Leasaítear leis seo alt 2 d'Acht 1995 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (7):
“(7) D'ainneoin fho-alt (1) den alt seo, nó aon fhorála de Chuid VII den Acht seo, ní bheidh aturnae a bhfuil deimhniú cleachta i bhfeidhm ina leith (de réir bhrí na nAchtanna Aturnaetha, 1954 go 1994) ina ghnólacht nó ina gnólacht gnó infheistíochta de bhua seirbhísí gnó infheistíochta nó comhairle infheistíochta a sholáthar ar mhodh atá teagmhasach le soláthar seirbhísí dlí, más rud é—
(a) nach dtugann sé le tuiscint gur gnólacht gnó infheistíochta é nó í, agus
(b) le linn gníomhú mar idirghabhálaí táirgí infheistíochta, nach bhfuil ceapachán i scríbhinn aige seachas—
(i) ó ghnólacht infheistíochta arna údarú de réir Threoir 93/22/CEE an 10 Bealtaine, 19931 ag údarás inniúil Ballstáit eile, nó ó ghnólacht gnó infheistíochta údaraithe (nach idirghabhálaí táirgí infheistíochta gníomhaíochta srianta nó duine deimhnithe), nó ó bhallghnólacht de réir bhrí an Achta um Stocmhalartáin, 1995, nó
(ii) ó fhoras creidmheasa arna údarú de réir Threoracha 77/780/CEE an 12 Nollaig, 19772 agus 86/646/CEE an 15 Nollaig, 19893, nó
(iii) ó bhainisteoir gnóthais comhinfheistíochta arna údarú chun aonaid i gcomhinfheistíochtaí a mhargú don phobal,
atá suite sa Stát nó a bhfuil an brainse iomchuí de suite sa Stát.”.
Leasú ar alt 2 d'Acht 1994.
45.—Leasaítear leis seo alt 2 d'Acht 1994—
(a) trí na mínithe seo a leanas a chur isteach:
“tá le ‘gnólacht gnó infheistíochta údaraithe’ an bhrí a shanntar dó in alt 2 den Acht um Chúiteamh d'Infheisteoirí, 1998;”;
“tá le ‘seirbhísí gnó infheistíochta’ an bhrí a shanntar dó in alt 2 den Acht um Chúiteamh d'Infheisteoirí, 1998;”, agus
(b) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar sheirbhísí dlí:
“ciallaíonn ‘seirbhísí dlí’ seirbhísí de chineál dlíthiúil nó airgeadais arna soláthar ag aturnae ar seirbhísí iad a éiríonn as cleachtadh an aturnae sin mar aturnae, agus folaíonn sé aon chuid de na seirbhísí sin; agus, chun amhras a sheachaint, folaíonn sé aon seirbhísí gnó infheistíochta arna soláthar ag aturnae nach gnólacht gnó infheistíochta údaraithe;”.
Alt nua a chur isteach in Acht 1994.
46.—Leasaítear leis seo Acht 1994 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 30:
“30A.—(1) Más rud é go ndealraíonn sé don Chumann, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, gur gá déanamh amhlaidh d'fhonn a chinntiú go ndéanfar forálacha alt 26 d'Acht 1994 agus forálacha ailt 21 agus 22 (arna n-ionadú le hAcht 1994) d'Acht 1960 (nó rialacháin arna ndéanamh ag an gCumann agus a bhaineann leis na nithe sin) a chur i ngníomh go cóir réasúnach ar mhaithe le leas an phobail, féadfaidh an Cumann rialacháin a dhéanamh, le toiliú an Aire, ar choinníoll go ndéanfaidh aturnae—
(a) is gnólacht gnó infheistíochta údaraithe, nó
(b) is idirghabhálaí árachais, nó a thugann le tuiscint gur idirghabhálaí árachais é,
mar choinníoll a ghabhann le deimhniú cleachta a eisiúint chuige—
(i) i leith soláthair seirbhísí gnó infheistíochta mar ghnólacht gnó infheistíochta údaraithe, nó
(ii) i leith gníomhaíochtaí mar idirghabhálaí árachais,
cibé foirm nó foirmeacha slánaíochta a bhaint amach agus a chothabháil i gcoinne caillteanas ag cliant de dhroim mainneachtain, cibé slí a éireoidh sí, ag an aturnae nó ag aon fhostaí, gníomhaire nó conraitheoir neamhspleách de chuid an aturnae, ar slánaíocht í atá comhionann leis an tslánaíocht a sholáthrófaí, trí bhíthin an Chiste Cúitimh nó trí bhíthin an chumhdaigh slánaíochta arna chothabháil de bhun alt 26 den Acht seo (nó rialacháin arna ndéanamh ag an gCumann agus a bhaineann leis sin), do chliant aturnae i ndáil le soláthar seirbhísí dlí.
(2) Ní dhéanfaidh an Cumann rialacháin arna ndéanamh de bhun fho-alt (1) den alt seo a leasú gan toiliú an Aire.
(3) Féadfaidh an tAire—
(a) a ordú don Chumann rialacháin a dhéanamh faoi fho-alt (1) den alt seo nó rialacháin arna ndéanamh faoi fho-alt (1) nó (2) den alt seo a leasú;
(b) le rialacháin, méid uasta na slánaíochta i gcoinne caillteanas a shonrófar i rialacháin a dhéanfaidh an Cumann de bhun fho-alt (1) nó (2) den alt seo a mhéadú ag féachaint d'athruithe ar luach an airgid i gcoitinne sa Stát ó sonraíodh an méid uasta sin ar dtús.
(4) San alt seo, tá le ‘idirghabhálaí árachais’ an bhrí a shanntar dó in alt 2 den Acht um Chúiteamh d'Infheisteoirí, 1998.”.
Forálacha maidir le haturnaetha.
47.—(1) (a) Is gnólacht gnó infheistíochta aturnae a bhfuil deimhniú cleachta (de réir bhrí na nAchtanna Aturnaetha, 1954 go 1994) i bhfeidhm ina leith—
(i) i gcás go soláthraíonn an t-aturnae seirbhísí gnó infheistíochta nó comhairle infheistíochta ar mhodh nach bhfuil teagmhasach le soláthar seirbhísí dlí, nó
(ii) i gcás go dtugann an t-aturnae le tuiscint gur gnólacht gnó infheistíochta é nó í, nó
(iii) más rud é, le linn gníomhú mar idirghabhálaí táirgí árachais ar mhodh atá teagmhasach le soláthar seirbhísí dlí, go mbeidh ceapachán i scríbhinn ag an aturnae seachas—
(I) ó ghnólacht infheistíochta arna údarú de réir na Treorach um Sheirbhísí Infheistíochta ag údarás inniúil Ballstáit eile, nó ó ghnólacht gnó infheistíochta údaraithe (nach idirghabhálaí táirgí infheistíochta gníomhaíochta srianta nó duine deimhnithe), nó ó bhallghnólacht de réir bhrí an Achta um Stocmhalartáin, 1995, nó
(II) ó fhoras creidmheasa arna údarú de réir Threoracha 77/780/CEE an 12 Nollaig, 1977, agus 89/646/CEE an 15 Nollaig, 1989, nó
(III) ó bhainisteoir gnóthais comhinfheistíochta arna údarú chun aonaid i gcomhinfheistíochtaí a mhargú don phobal,
atá suite sa Stát nó a bhfuil an brainse iomchuí de suite sa Stát,
agus ceanglófar air nó uirthi a bheith údaraithe mar ghnólacht gnó infheistíochta údaraithe de bhun fhorálacha Acht 1995.
(b) Is gnólacht infheistíochta chun críocha an Achta seo é nó í aturnae a bhfuil deimhniú cleachta (de réir bhrí na nAchtanna Aturnaetha, 1954 go 1994) i bhfeidhm ina leith agus is idirghabhálaí árachais nó a thugann le tuiscint gur idirghabhálaí árachais é, agus cuirfidh sé nó sí in iúl don údarás maoirseachta agus don Chuideachta gur gnólacht infheistíochta é nó í chun críocha an Achta seo.
(2) (a) Ní bheidh feidhm ag alt 26 d'Acht 1994 nó ag ailt 21 agus 22 (arna n-ionadú le hAcht 1994) d'Acht 1960 (nó rialacháin arna ndéanamh ag an gCumann agus a bhaineann leis na nithe sin) maidir le haturnae a bhfuil deimhniú cleachta (de réir bhrí na nAchtanna Aturnaetha, 1954 go 1994) i bhfeidhm ina leith i ndáil leis an aturnae do sholáthar seirbhísí gnó infheistíochta (cibé acu atá nó nach bhfuil gníomhaíochtaí idirghabhálaí árachais san áireamh) mar ghnólacht gnó infheistíochta údaraithe, nó i ndáil le haturnae is idirghabhálaí árachais agus a chuir in iúl don údarás maoirseachta agus don Chuideachta, de bhun fho-alt (1)(b), gur gnólacht infheistíochta é nó í.
(b) Maidir le haon chliant de chuid aturnae a bhfuil deimhniú cleachta (de réir bhrí na nAchtanna Aturnaetha, 1954 go 1994) i bhfeidhm ina leith agus is gnólacht gnó infheistíochta údaraithe, nó is idirghabhálaí árachais agus a chuir in iúl don údarás maoirseachta agus don Chuideachta, de bhun fho-alt (1)(b), gur gnólacht infheistíochta é nó í, ní bheidh sé nó sí, i leith aon chaillteanais a bhainfidh dó nó di de dheasca mainneachtain, cibé slí a éireoidh sí, ag an aturnae, nó ag aon fhostaí, gníomhaire nó conraitheoir neamhspleách de chuid an aturnae, i ndáil le seirbhísí gnó infheistíochta a sholáthar mar ghnólacht gnó infheistíochta údaraithe nó i ndáil leis an aturnae do ghníomhú mar idirghabhálaí árachais, i dteideal éileamh a dhéanamh i gcoinne an Chiste Cúitimh (de réir bhrí Acht 1994) nó i gcoinne an chumhdaigh slánaíochta arna chothabháil de bhun alt 26 d'Acht 1994 agus rialachán arna ndéanamh faoi.
(c) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear ar aon slí eile d'oibleagáidí aturnae a bhfuil deimhniú cleachta (de réir bhrí na nAchtanna Aturnaetha, 1954 go 1994) i bhfeidhm ina leith nó do chearta cliaint, a éiríonn faoi alt 26 d'Acht 1994 nó ailt 21 agus 22 (arna n-ionadú le hAcht 1994) den Acht Aturnaetha (Leasú), 1960 (nó rialacháin arna ndéanamh ag an gCumann agus a bhaineann leis na nithe sin), i leith aturnae do sholáthar seirbhísí dlí.
CUID V
Leasuithe Ilghnéitheacha
Leasú ar alt 16 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1989.
48.—Leasaítear leis seo Acht an Bhainc Ceannais, 1989, in alt 16(2), tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (t):
“(tt) a dhéanfar leis an gCuideachta Cúitimh d'Infheisteoirí Teoranta nó le fochuideachta arna bunú ag an mBanc chun seirbhísí riaracháin a sholáthar don Chuideachta Cúitimh d'Infheisteoirí Teoranta,”.
Leasú ar alt 44 d'Acht 1989.
49.—Leasaítear leis seo alt 44 d'Acht 1989 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):
“(3) Ní ghníomhóidh duine mar bhróicéir árachais ná ní thabharfaidh sé le tuiscint gur bróicéir árachais é mura gcomhlíonfaidh sé forálacha an Achta um Chúiteamh d'Infheisteoirí, 1998.”.
Leasú ar alt 46 d'Acht 1989.
50.—Leasaítear leis seo alt 46 d'Acht 1989, i bhfo-alt (1), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b):
“(b) gur duine é a chomhlíonann ceanglais an Achta seo ach nach bhfuil ina bhall de chomhlacht ionadach aitheanta,
agus go bhfuil an duine ag comhlíonadh an Achta um Chúiteamh d'Infheisteoirí, 1998.”.
Leasú ar alt 49 d'Acht 1989.
51.—Leasaítear leis seo alt 49 d'Acht 1989, i bhfo-alt (1), tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (a):
“(aa) go gcomhlíonann sé an tAcht um Chúiteamh d'Infheisteoirí, 1998,”.
Leasú ar alt 2 d'Acht 1995.
52.—Leasaítear leis seo alt 2 d'Acht 1995—
(a) i bhfo-alt (1)—
(i) sa mhíniú ar “comhairle infheistíochta” trí “nó díol” a chur isteach i mír (d) i ndiaidh “agus ceannach” agus tá an mhír arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo.
AN TÁBLA (d) comhairle do ghnóthais maidir le struchtúr caipitiúil, straitéis tionscail agus nithe gaolmhara agus comhairle a bhaineann le cumaisc agus le ceannach nó díol gnóthas, |
(ii) sa mhíniú ar “comhairle infheistíochta”, i mír (e), trí “más rud é go n-éiríonn tabhairt na comhairle sin as comhairle nó as seirbhísí eile” a chur in ionad “más rud é go bhfuil tabhairt na comhairle sin ina chuid riachtanach de chomhairle nó de sheirbhísí eile” agus tá an mhír arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfomhír seo.
AN TÁBLA (e) comhairle arna tabhairt ag daoine i gcúrsa aon ghairm nó gnó a sheoladh nach gnó de chuid gnólachta gnó infheistíochta é ar shlí eile más rud é go n-éiríonn tabhairt na comhairle sin as comhairle nó as seirbhísí eile arna tabhairt nó arna dtabhairt i gcúrsa an ghairm nó an gnó sin a sheoladh, agus i gcás nach dtugtar luach saothair nó luaíocht as comhairle infheistíochta a thabhairt ar leithligh ón gcomhairle nó ó na seirbhísí eile sin; |
(iii) sa mhíniú ar “gnólacht gnó infheistíochta” trí “nó ballghnólachta (de réir bhrí an Achta um Stocmhalartáin, 1995)” a chur isteach i ndiaidh “forais creidmheasa” agus trí “nó an bhallghnólachta (de réir bhrí an Achta um Stocmhalartáin, 1995)” a chur isteach i ndiaidh “an fhorais creidmheasa” agus tá an míniú arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfomhír seo.
AN TÁBLA ciallaíonn “gnólacht gnó infheistíochta” aon duine, seachas ballghnólacht de réir bhrí an Achta um Stocmhalartáin, 1995, a chuireann seirbhís ghnó infheistíochta amháin nó níos mó nó comhairle infheistíochta ar fáil do thríú páirtithe ar bhonn gairmiúil agus chun na críche sin, más rud é go soláthraíonn pearsa aonair seirbhís ghnó infheistíochta agus i gcás ina seoltar an tseirbhís sin d'aon toisc do chuntas, agus faoi fhreagracht neamhchoinníollach iomlán, gnólachta gnó infheistíochta nó gnóthais árachais nó forais creidmheasa nó ballghnólachta (de réir bhrí an Achta um Stocmhalartáin, 1995), measfar gur gníomhaíocht de chuid an ghnólachta gnó infheistíochta, an ghnóthais árachais nó an fhorais creidmheasa nó an bhallghnólachta (de réir bhrí an Achta um Stocmhalartáin, 1995) féin an ghníomhaíocht sin; |
(iv) sa mhíniú ar “ionstraimí infheistíochta”—
(I) i mír (a), trí “nó ionstraimí margaidh airgid,” a chur isteach i ndiaidh “deimhnithe in ionannas urrús,”,
(II) i mír (g), trí “ionstraimí infheistíochta” a chur in ionad “ionstraimí airgeadais”,
(III) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (j):
“(jj) spotchonradh rollach malartaithe coigríche,”,
(IV) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (k):
“(kk) rianbhanna nó ionstraim dá shamhail,”,
agus
(V) trí “agus féadfaidh an tAire, le rialachán, tar éis dul i gcomhairle leis an údarás maoirseachta, an míniú seo a leasú ó am go ham, trí aon ionstraimí eile a bhfuil tréithe acu, i dtuairim an Aire, atá comhchosúil leis na hionstraimí atá liostaithe sa mhíniú seo a chur leis an liosta ionstraimí sa mhíniú seo.” a chur isteach i ndiaidh fhomhír (III),
agus tá an míniú arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfomhír seo.
AN TÁBLA folaíonn “ionstraimí infheistíochta”— (a) urrúis inaistrithe, lena n-áirítear scaireanna, barántais, bintiúir lena n-áirítear stoc bintiúir, stoc iasachta, bannaí, deimhnithe ar thaiscí agus ionstraimí eile lena gcruthaítear nó lena n-admhaítear féichiúnas arna n-eisiúint ag aon chomhlacht corpraithe nó comhlacht frithpháirteach nó thar a cheann, urrúis rialtais agus urrúis phoiblí, lena n-áirítear stoc iasachta, bannaí agus ionstraimí eile lena gcruthaítear nó lena n-admhaítear féichiúnas arna n-eisiúint ag rialtas, údarás áitiúil nó údarás poiblí nó thar a gceann, bannaí nó ionstraimí eile lena gcruthaítear nó lena n-admhaítear féichiúnas, deimhnithe in ionannas urrús, nó ionstraimí margaidh airgid, (b) urrúis neamh-inaistrithe lena gcruthaítear nó lena n-admhaítear féichiúnas arna n-eisiúint ag rialtas, údarás áitiúil nó údarás poiblí nó thar a cheann, (c) aonaid nó scaireanna i ngnóthais le haghaidh comhinfheistíochtaí in urrúis inaistrithe de réir bhrí Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Gnóthais le haghaidh Comhinfheistíochta in Urrúis Inaistrithe), 1989 (I.R. Uimh. 78 de 1989), agus aon leasuithe iardain orthu, aonaid in iontaobhas aonad, scaireanna i gcuideachta infheistíochta, ranníocaíochtaí caipitiúla le comhpháirtíocht theoranta infheistíochta, (d) conarthaí todhchaíochtaí airgeadais, lena n-áirítear todhchaíochtaí airgeadra, todhchaíochtaí ráta úis, todhchaíochtaí banna, todhchaíochtaí scair-innéacs agus conarthaí inchomparáide, (e) conarthaí todhchaíochtaí tráchtearraí, (f) comhaontuithe maidir le réamhrátaí úis, (g) comhaontuithe chun íocaíochtaí a mhalartú ar íocaíochtaí iad atá bunaithe ar ghluaiseachtaí i rátaí úis, i rátaí malartaithe airgeadra, i dtráchtearraí, i scair-innéacsanna agus in ionstraimí infheistíochta eile, (h) comhaontuithe díola agus athcheannaigh agus comhaontuithe athcheannaigh freaschurtha a bhaineann le hurrúis inaistrithe, (i) comhaontuithe i dtaca le hurrúis inaistrithe a fháil ar iasacht agus a thabhairt ar iasacht, (j) deimhnithe nó ionstraimí eile lena dtugtar aon cheann nó gach ceann de na cearta seo a leanas, eadhon— (i) cearta maoine i leith aon ionstraime infheistíochta dá dtagraítear i mir (a) den mhíniú seo; nó (ii) aon cheart chun ionstraim infheistíochta a fháil, a dhiúscairt, a fhrithghealladh nó a chomhshó, ar ceart é a mbeadh teideal ag an sealbhóir chuige dá sealbhódh sé aon infheistíocht den sórt sin lena mbaineann an deimhniú nó an ionstraim; nó (iii) ceart conarthach (seachas rogha) chun aon ionstraim infheistíochta den sórt sin a fháil ar shlí seachas trí shuibscríobh, (jj) spotchonradh rollach malartaithe coigríche, (k) roghanna lena n-áirítear— (i) roghanna in aon ionstraim i míreanna (a) go (jj) den mhíniú seo, nó (ii) roghanna airgeadra, ráta úis, tráchtearraí agus stoic, lena n-áirítear conarthaí rogha innéacs, (kk) rianbhanna nó ionstraim dá shamhail, (l) ionstraimí hibride a mbaineann dhá ionstraim infheistíochta nó níos mó leo, agus folaíonn sé aon ionstraim infheistíochta i bhfoirm dhí-ábharaithe, ach ní fhorléireofar an míniú seo mar mhíniú a bhaineann— (I) le haon ionstraim lena n-admhaítear nó lena gcruthaítear féichiúnas i leith na comaoine atá iníoctha faoi chonradh chun earraí nó seirbhísí a sholáthar, nó i leith an airgid a fhaightear ar iasacht chun an chomaoin sin a ghlanadh; nó (II) le seic nó bille malairte eile dá shamhail, le dréacht baincéara nó le litir chreidmheasa; nó (III) le nóta bainc, le ráiteas lena dtaispeántar iarmhéid i gcuntas reatha, taisce nó coigiltis nó (mar gheall ar aon oibleagáid airgeadais atá ann) le léas nó le diúscairt eile maoine, nó le polasaí árachais; agus féadfaidh an tAire, le rialachán, tar éis dul i gcomhairle leis an údarás maoirseachta, an míniú seo a leasú ó am go ham, trí aon ionstraimí eile a bhfuil tréithe acu, i dtuairim an Aire, atá comhchosúil leis na hionstraimí atá liostaithe sa mhíniú seo a chur leis an liosta ionstraimí sa mhíniú seo; |
(b) i bhfo-alt (6)—
(i) i mír (a) trí “nó comhairle infheistíochta” a chur isteach i ndiaidh “seirbhísí gnó infheistíochta”,
(ii) i mír (e) trí “64/225” a chur in ionad “64/25”,
(iii) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (f)—
“(f) gnóthais chomhinfheistíochta agus taiscithe agus bainisteoirí gnóthas den sórt sin, a mhéid atá gníomhaíochtaí an ghnóthais comhinfheistíochta nó na dtaiscithe nó na mbainisteoirí faoi réir rialáil ag an mBanc, nó”, agus
(iv) trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhír (h):
“(h) forais chreidmheasa a sholáthraíonn seirbhísí gnó infheistíochta nó comhairle infheistíochta agus, le linn dóibh déanamh amhlaidh, nach sáraíonn téarmaí údaruithe faoi Threoir Uimh. 77/780/CEE an 12 Nollaig 19771 arna leasú le Treoir 89/646/CEE an 15 Nollaig 1989 ón gComhairle2 arna leasú agus arna leathnú ó am go ham, nó
(i) gnólacht gnó infheistíochta a mbeidh cinneadh déanta ag an údarás maoirseachta ina leith nach gá údarú a bheith aige toisc nach ndéantar seirbhísí gnó infheistíochta a sholáthar ach amháin toisc é a bheith riachtanach le haghaidh phríomhghníomhaíochtaí an ghnólachta gnó infheistíochta, agus chun na gcríoch sin, ní mhairfidh cinneadh an údaráis maoirseachta ach tréimhse shocraithe agus beidh sé faoi réir cibé ceanglais maidir le tuairisciú a mheasfaidh an t-údarás maoirseachta a bheith iomchuí, nó
(j) ionadaí pearsanta duine éagtha i leith a ghníomhartha mar ionadaí pearsanta nó iontaobhaí i leith a ghníomhartha mar iontaobhaí iontaobhais, i gcás ina bhfuil an bhrí chéanna le ‘ionadaí pearsanta’ atá leis san Acht Comharbais, 1965, agus go bhfuil an bhrí chéanna le ‘iontaobhaí’ atá le ‘trustee’ sa Trustee Act, 1893, ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an mír seo i gcás gurb é príomhchuspóir an iontaobhais seirbhísí infheistíochta a sholáthar do dhaoine den phobal, nó
(k) d'ainneoin na n-oibleagáidí a fhorchuirtear ar leachtaitheoirí agus ar ghlacadóirí faoin Acht seo, duine a bheidh ceaptha mar leachtaitheoir cuideachta nó glacadóir cuideachta i leith aon ghníomhaíochtaí a bhaineann leis an leachtú nó leis an nglacadóireacht, nó
(l) aon ghnóthas comhinfheistíochta, lena n-áirítear a bhainisteoir, nach bhfuil bunaithe sa Stát ach:
(i) a bhfuil ceadú faighte aige ón mBanc, faoi na cumhachtaí a thugtar dó faoi achtacháin eile, chun aonaid de chuid an ghnóthais a mhargú sa Stát; nó
(ii) atá údaraithe ag údarás inniúil Ballstáit eile faoi Threoir 85/611/CEE ón gComhairle3, nó
(m) comhalta cleachtach de chomhlacht gairmiúil ceadaithe nach duine deimhnithe agus ar duine é a bhfuil ina sheilbh aige ag a phríomháit ghnó, thar ceann cliant, scairdheimhnithe i gcuideachtaí príobháideacha teoranta ar leis na cliaint sin iad i gcás nach sealbhaíonn an comhalta na scairdheimhnithe ach amháin chun bainistíocht ordúil thaifid reachtúla na cuideachta príobháidí teoranta a urasú, i gcás ina n-éiríonn sealbhú na scairdheimhnithe as an gcomhalta do sholáthar seirbhísí gairmiúla don chliant.”.
Leasú ar alt 9 d'Acht 1995.
53.—Leasaítear leis seo alt 9 d'Acht 1995 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):
“(3) (a) Féadfaidh an t-údarás maoirseachta socrú a dhéanamh chun fógraí a fhoilsiú in aon cheann de na nuachtáin a scaiptear sa Stát nó in áit eile nó san Iris Oifigiúil i gcás ina gcreideann an t-údarás maoirseachta le réasún go bhfuil cuideachta atá cláraithe sa Stát nó aon duine eile atá ag oibriú sa Stát ag gníomhú mar ghnólacht gnó infheistíochta nó ag éileamh nó á thabhairt le tuiscint ina leith féin gur gnólacht gnó infheistíochta é nó í gan údarú de réir mar a cheanglaítear i mír (a) nó (b) d'fho-alt (1) den alt seo.
(b) Féachfaidh an t-údarás maoirseachta le fógra seacht lá a thabhairt don ghnólacht gnó infheistíochta i dtaobh é a bheith ar intinn aige foilsiú a dhéanamh de réir mhír (a) den fho-alt seo.”.
Leasú ar alt 10 d'Acht 1995.
54.—Leasaítear leis seo alt 10 d'Acht 1995—
(a) i bhfo-alt (3)—
(i) trí “Aon uair a chinnfidh údarás maoirseachta diúltú” a chur in ionad “Aon uair a dhiúltóidh údarás maoirseachta”,
(ii) trí “i dtaobh a chinnidh” a chur in ionad “i dtaobh é a bheith ar intinn aige”,
(iii) tríd an bhfo-alt sin a ainmniú mar mhír (a) agus trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (a):
“(b) Mura ndéanfaidh an gnólacht gnó infheistíochta beartaithe achomharc laistigh den tréimhse atá sonraithe i mír (a) den fho-alt seo, eiseoidh an t-údarás maoirseachta fógra chuig an ngnólacht gnó infheistíochta beartaithe i dtaobh a chinnidh chun diúltú é a údarú.
(c) Déanfaidh an t-údarás maoirseachta fógra i dtaobh údarú a dhiúltú do ghnólacht gnó infheistíochta beartaithe a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus i nuachtán amháin nó níos mó a scaiptear sa Stát laistigh de 28 lá ón dáta a dhéantar an cinneadh chun an t-údarú a dhiúltú.”,
agus tá an fo-alt arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo.
AN TÁBLA (3) (a) Aon uair a chinnfidh údarás maoirseachta diúltú údarú a dheonú do ghnólacht gnó infheistíochta beartaithe faoin alt seo, seirbheálfaidh sé fógra ar an ngnólacht gnó infheistíochta beartaithe i dtaobh a chinnidh chun diúltú é a údarú agus luafaidh sé na cúiseanna atá leis sin agus féadfaidh an gnólacht gnó infheistíochta beartaithe, laistigh de 21 lá ón dáta a gheofar an fógra sin, achomharc a dhéanamh chun na Cúirte in aghaidh an chinnidh. (b) Mura ndéanfaidh an gnólacht gnó infheistíochta beartaithe achomharc laistigh den tréimhse atá sonraithe i mír (a) den fho-alt seo, eiseoidh an t-údarás maoirseachta fógra chuig an ngnólacht gnó infheistíochta beartaithe i dtaobh a chinnidh chun diúltú é a údarú. (c) Déanfaidh an t-údarás maoirseachta fógra i dtaobh údarú a dhiúltú do ghnólacht gnó infheistíochta beartaithe a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus i nuachtán amháin nó níos mó a scaiptear sa Stát laistigh de 28 lá ón dáta a dhéantar an cinneadh chun an t-údarú a dhiúltú. |
(b) i bhfo-alt (5), trí “gur cumann tionscail nó coigiltis é,” a chur isteach i ndiaidh “mura bhfuil comhaontú den sórt sin ann cheana féin,” agus tá an mhír arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo.
Leasú ar alt 14 d'Acht 1995.
55.—Leasaítear leis seo alt 14 d'Acht 1995 i bhfo-alt (1) trí “Féadfaidh an t-údarás maoirseachta, i leith gnólachta gnó infheistíochta údaraithe, lena n-áirítear gnólacht gnó infheistíochta a mheastar a bheith údaraithe faoi alt 26 den Acht seo,” a chur in ionad “Gan dochar d'alt 10 den Acht seo, i gcás ina ndeonóidh an t-údarás maoirseachta údarú faoin alt sin, féadfaidh sé” agus tá an fo-alt arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TÁBLA (1) Féadfaidh an t-údarás maoirseachta, i leith gnólachta gnó infheistíochta údaraithe, lena n-áirítear gnólacht gnó infheistíochta a mheastar a bheith údaraithe faoi alt 26 den Acht seo, gach ceann nó aon cheann de na nithe seo a leanas a dhéanamh, eadhon: (a) a údarú a chur faoi réir cibé coinníollacha nó ceanglais, nó faoi réir cibé coinníollacha agus ceanglais, is cuí leis, ar coinníollacha nó ceanglais iad a bhaineann le rialáil agus maoirsiú cuí ordúil gnólachta gnó infheistíochta údaraithe, (b) coinníollacha nó ceanglais, nó coinníollacha agus ceanglais, a fhorchur ar coinníollacha nó ceanglais iad a bhaineann le nithe i ngnóthas comhlachaithe nó i ngnóthas gaolmhar, (c) coinníollacha nó ceanglais, nó coinníollacha agus ceanglais, a fhorchur aon tráth ar ghnólacht gnó infheistíochta údaraithe agus aon choinníoll nó ceanglas a fhorchuirfear faoin mír seo nó faoi mhír (a) nó (b) den fho-alt seo a leasú nó a chúlghairm: Ar choinníoll nach sáróidh na coinníollacha nó na ceanglais sin aon treoirlínte ina leith sin a bheidh eisithe ag an Aire chuig an údarás maoirseachta ó am go ham ar mhaithe le rialáil chuí ordúil gnólachtaí gnó infheistíochta nó le hinfheisteoirí a chosaint, nó ar mhaithe leis an dá ní sin, agus go bhfoilseofar na treoirlínte san Iris Oifigiúil. |
Leasú ar alt 16 d'Acht 1995.
56.—Leasaítear leis seo alt 16 d'Acht 1995 i bhfo-alt (8) trí “agus i nuachtán amháin nó níos mó a scaiptear sa Stát” a chur isteach i ndiaidh “Iris Oifigiúil” agus tá an fo-alt arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TÁBLA (8) Déanfaidh an t-údarás maoirseachta fógra i dtaobh údarú gnólachta gnó infheistíochta údaraithe a bheith cúlghairthe a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus i nuachtán amháin nó níos mó a scaiptear sa Stát laistigh de 28 lá ón gcúlghairm sin. |
Leasú ar alt 17 d'Acht 1995.
57.—Leasaítear leis seo alt 17 d'Acht 1995 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):
“(4) Coimeádfaidh an t-údarás maoirseachta clár nó cláir de ghnólachtaí gnó infheistíochta ar ina leith a bheidh faisnéis tugtha dó ag údarás inniúil i mBallstát eile faoi Airteagail 17 agus 18 de Threoir Uimh. 93/22/CEE an 10 Bealtaine, 1993, ón gComhairle maidir le seirbhísí infheistíochta i réimse na n-urrús1.”.
Leasú ar alt 21 d'Acht 1995.
58.—Leasaítear leis seo alt 21 d'Acht 1995 i bhfo-alt (1)—
(a) i mír (e), trí “, iarghnólachtaí gnó infheistíochta údaraithe, gnólachtaí gnó infheistíochta beartaithe nó gnólachtaí gnó infheistíochta” a chur isteach i ndiaidh “gnólachtaí gnó infheistíochta údaraithe” agus tá an mhír arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo.
AN TÁBLA (e) stiúrthóirí agus iad siúd atá freagrach as bainistiú gnólachtaí gnó infheistíochta údaraithe, iarghnólachtaí gnó infheistíochta údaraithe, gnólachtaí gnó infheistíochta beartaithe nó gnólachtaí gnó infheistíochta, |
(b) i mír (f) trí “nó thar a cheann” a chur isteach i ndiaidh “mar ghnólacht gnó infheistíochta” agus tá an mhír arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo.
AN TÁBLA (f) aon duine a airbheartaíonn gníomhú, nó a gcreideann an t-údarás maoirseachta le réasún go bhfuil sé ag gníomhú, mar ghnólacht gnó infheistíochta nó thar a cheann, |
(c) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (f):
“(g) stiúrthóirí an ghnólachta gnó infheistíochta sin nó iad siúd atá freagrach as bainistiú an ghnólachta gnó infheistíochta sin agus a mhainnigh comhoibriú le hoifigeach údaraithe arna cheapadh faoi alt 64 den Acht seo arna leasú le halt 48 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1997, nó le cigire arna cheapadh faoi ailt 66, 67 nó 73 den Acht seo,”,
agus
(d) i bhfo-alt (5), trí “beidh éifeacht leis an ordachán ón dáta a shonróidh an t-údarás maoirseachta, agus” a chur in ionad “agus beidh éifeacht láithreach leis an ordachán sin,”.
Leasú ar alt 26 d'Acht 1995.
59.—Leasaítear leis seo alt 26 (arna leasú le hAcht an Bhainc Ceannais, 1997) d'Acht 1995—
(a) i bhfo-alt (1)—
(i) trí “nó gabháil do na seirbhísí sin ar fad nó d'aon cheann acu nó comhairle infheistíochta a sholáthar i ndáil leis na seirbhísí sin agus, le linn a bheith ag gabháil d'aon cheann de na seirbhísí sin, a tharchuireann orduithe, agus sin amháin, chuig gach ceann nó chuig aon cheann de na táirgeoirí táirgí seo a leanas, eadhon—” a chur in ionad “nó gabháil do na seirbhísí sin ar fad nó d'aon cheann acu agus, le linn a bheith ag gabháil d'aon cheann de na seirbhísí sin, a tharchuireann orduithe, agus sin amháin, chuig gach ceann nó chuig aon cheann díobh seo a leanas, eadhon—” agus
(ii) i bhfomhír (i) trí “nach idirghabhálaí táirgí infheistíochta gníomhaíochta srianta nó duine deimhnithe,” a chur in ionad “nach idirghabhálaí táirgí infheistíochta gníomhaíochta srianta, nó duine deimhnithe,”,
agus tá an fo-alt arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo.
(b) i bhfo-alt (2) trí “Maidir le duine ar idirghabhálaí táirgí infheistíochta gníomhaíochta srianta é ar lá a shonróidh an tAire, measfar, fad a bheidh sé ina idirghabhálaí táirgí infheistíochta gníomhaíochta srianta, agus d'ainneoin alt 10 den Acht seo, é a bheith ina ghnólacht gnó infheistíochta údaraithe chun críocha an Achta seo,” a chur in ionad “Maidir le hidirghabhálaí táirgí infheistíochta gníomhaíochta srianta, measfar, fad a bheidh sé ina idirghabhálaí táirgí infheistíochta gníomhaíochta srianta, agus d'ainneoin alt 10 den Acht seo, é a bheith ina ghnólacht gnó infheistíochta údaraithe chun críocha an Achta seo,”, agus tá an fo-alt arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo.
AN TÁBLA (2) Maidir le duine ar idirghabhálaí táirgí infheistíochta gníomhaíochta srianta é ar lá a shonróidh an tAire, measfar, fad a bheidh sé ina idirghabhálaí táirgí infheistíochta gníomhaíochta srianta, agus d'ainneoin alt 10 den Acht seo, é a bheith ina ghnólacht gnó infheistíochta údaraithe chun críocha an Achta seo, ar choinníoll nach ndearnadh údarú an idirghabhálaí táirgí infheistíochta gníomhaíochta srianta a chúlghairm faoi alt 16(2) den Acht seo agus nach mbeidh an t-údarú sin athshuite agus nach mbeidh aon stiúrthóir, oifigeach nó bainisteoir den idirghabhálaí táirgí infheistíochta gníomhaíochta srianta ina stiúrthóir, oifigeach nó bainisteoir den sórt sin de ghnólacht gnó infheistíochta a mbeidh a údarú faoi alt 16(2) den Acht seo cúlghairthe agus gan a bheith athshuite. |
Leasú ar alt 28 d'Acht 1995.
60.—Leasaítear leis seo alt 28 (arna leasú le hAcht an Bhainc Ceannais, 1997) d'Acht 1995 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4)—
“(5) Is cion ag táirgeoir táirgí glacadh le haon orduithe a tharchuirfidh gnólacht gnó infheistíochta thar ceann cliaint nó le haon airgead ar leis an gcliant é mura rud é gur gnólacht gnó infheistíochta an gnólacht gnó infheistíochta—
(a) a bheidh údaraithe faoi alt 10 den Acht seo nó a mheastar a bheith údaraithe faoi alt 26 nó 63 den Acht seo, agus
(b) a mbeidh ceapachán tugtha i scríbhinn dó ag an táirgeoir táirgí de bhun Chuid IV den Acht seo agus gan an ceapachán sin i scríbhinn a bheith tarraingthe siar, cealaithe nó cúlghairthe ag an táirgeoir táirgí.”.
Leasú ar alt 31 d'Acht 1995.
61.—Leasaítear leis seo alt 31 d'Acht 1995 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5):
“(6) (a) Más rud é go ndéanfar ceapachán idirghabhálaí táirgí infheistíochta i scríbhinn a scor, cinnteoidh an t-idirghabhálaí táirgí infheistíochta go bhfoilseofar fógra ar a dtabharfar ‘fógra scoir', ar fógra é á rá gur scoireadh an ceapachán i scríbhinn, i gceann amháin nó níos mó de na nuachtáin a scaiptear sa Stát laistigh de cheithre lá dhéag ón am a gcuirfidh an táirgeoir táirgí scor an cheapacháin i scríbhinn in iúl.
(b) Más rud é nach ndéanfaidh idirghabhálaí táirgí infheistíochta, a ndearnadh a cheapachán i scríbhinn a scor, fógra scoir a fhoilsiú de réir cheanglais mhír (a), déanfaidh an táirgeoir táirgí a scoir an ceapachán i scríbhinn a chinntiú go bhfoilseofar fógra scoir i gceann amháin nó níos mó de na nuachtáin a scaiptear sa Stát.”.
Leasú ar alt 33 d'Acht 1995.
62.—Leasaítear leis seo alt 33 d'Acht 1995—
(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):
“(2) (a) Féadfaidh údarás maoirseachta ceanglais a leagan amach i leith cuntas agus iniúchadh gnólachta gnó infheistíochta údaraithe atá comhdhéanta mar chomhlacht neamhchorpraithe daoine nó mar thrádálaí aonair lena n-áirítear ceanglais atá ar aon dul leo sin atá leagtha amach in Achtanna na gCuideachtaí agus féadfaidh sé dualgais nó oibleagáidí a fhorchur ar an iniúchóir nó ar an ngnólacht gnó infheistíochta údaraithe lena mbaineann.
(b) A luaithe is féidir tar éis iniúchadh a chríochnú tabharfaidh iniúchóir gnólachta gnó infheistíochta údaraithe scéala don údarás maoirseachta i dtaobh ar shainaithin sé aon sáruithe ar an Acht seo i gcúrsa iniúchadh a dhéanamh ar an ngnólacht gnó infheistíochta údaraithe.”;
agus
(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (15):
“(16) Féadfaidh an t-údarás maoirseachta a cheangal ar iniúchóir gnólachta gnó infheistíochta bheartaithe aon fhaisnéis a thabhairt ar faisnéis í a cheanglaítear ar iniúchóir gnólachta gnó infheistíochta údaraithe a thabhairt faoi ailt 32 agus 35, agus faoin alt seo, den Acht seo.”.
Leasú ar alt 38 d'Acht 1995.
63.—Leasaítear leis seo alt 38 d'Acht 1995 i bhfo-alt (2) trí “go sroichfeadh” a chur in ionad “go mbeadh” agus trí “sealúchas cáilitheach nó go mbeadh sí níos mó ná é, nó” a chur in ionad “níos mó ná sealúchas cáilitheach, nó” i mír (a) agus tá an fo-alt arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TÁBLA (2) Sa Chuid seo ciallaíonn “idirbheart fála” duine nó níos mó ná duine amháin atá ag gníomhú de chomhbheart d'fháil scaireanna nó leasa eile, go díreach nó go neamhdhíreach, i ngnólacht gnó infheistíochta údaraithe: Ar choinníoll, tar éis na fála beartaithe— (a) go sroichfeadh an chionmhaireacht de na cearta vótála nó den chaipiteal a bheidh á sealbhú ag an duine nó ag na daoine a dhéanfaidh an t-idirbheart fála sealúchas cáilitheach nó go mbeadh sí níos mó ná é, nó (b) go sroichfeadh an chionmhaireacht de na cearta vótála nó den chaipiteal a bheidh á sealbhú ag an duine nó ag na daoine a dhéanfaidh an t-idirbheart fála 20 faoin gcéad, 33 faoin gcéad nó 50 faoin gcéad, nó go mbeadh sí níos mó ná na méideanna sin, nó (c) go dtiocfadh gnólacht gnó infheistíochta údaraithe chun bheith ina fhochuideachta de chuid an fhaighteora. |
Leasú ar alt 52 d'Acht 1995.
64.—Leasaítear leis seo alt 52 d'Acht 1995 leis seo tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (7):
“(7) (a) Maidir le haon leachtaitheoir, glacadóir, riarthóir, scrúdaitheoir, sannaí oifigiúil nó creidiúnaí de chuid gnólachta gnó infheistíochta, ní bheidh aige ná ní bhfaighidh sé aon chúlárach nó ceart in aghaidh airgid cliaint nó ionstraimí infheistíochta cliaint nó doiciméad teidil a bhaineann leis na hionstraimí infheistíochta sin a gheobhaidh, a shealbhóidh, a rialóidh nó a íocfaidh gnólacht gnó infheistíochta thar ceann cliaint go dtí go mbeidh gach éileamh cuí de chuid cliant nó de chuid a n-oidhrí, a gcomharbaí nó a sannaithe in aghaidh airgid cliaint agus ionstraimí infheistíochta cliaint nó doiciméad teidil a bhaineann leis na hionstraimí infheistíochta sin glanta go hiomlán.
(b) D'ainneoin mhír (a) den fho-alt seo, maidir le leachtaitheoir, glacadóir, riarthóir, scrúdaitheoir nó sannaí oifigiúil, féadfaidh cúlárach nó ceart a bheith aige in aghaidh airgid cliaint nó ionstraimí infheistíochta cliaint nó doiciméad teidil a bhaineann leis na hionstraimí infheistíochta sin a gheobhaidh, a shealbhóidh, a rialóidh nó a íocfaidh gnólacht gnó infheistíochta thar ceann cliaint i leith cibé caiteachais réasúnacha a thabhaítear le linn dóibh a gcuid feidhmeanna a fheidhmiú faoin Acht seo nó faoin Acht um Chúiteamh d'Infheisteoirí, 1998, nó a thabhaítear le linn airgead cliaint agus ionstraimí infheistíochta a dháileadh ar chliaint an ghnólachta gnó infheistíochta i gcás ina mbeidh sócmhainní an ghnólachta gnó infheistíochta ídithe.
(c) Déanfaidh leachtaitheoir, glacadóir, riarthóir, scrúdaitheoir nó sannaí oifigiúil iarratas chuig an gCúirt sula lorgóidh sé cúlárach nó ceart in aghaidh airgid cliaint nó ionstraimí infheistíochta cliaint nó doiciméad teidil a bhaineann leis na hionstraimí infheistíochta sin a gheobhaidh, a shealbhóidh, a rialóidh nó a íocfaidh gnólacht gnó infheistíochta thar ceann cliaint faoi mhír (b) den fho-alt seo agus cinnfidh an Chúirt an t-ábhar agus déanfaidh sí cibé ordú is cuí léi.”.
Leasú ar alt 54 d'Acht 1995.
65.—Leasaítear leis seo alt 54 d'Acht 1995—
(a) trí “údaraithe” a scriosadh cibé áit a bhfuil sé i ndiaidh “gnólacht gnó infheistíochta”, “gnólachta gnó infheistíochta“, agus “ghnólachta gnó infheistíochta”, agus
(b) trí “maidir le haon duine amháin nó níos mó d'oifigigh nó d'úinéirí tairbhiúla nó d'iaroifigigh nó d'iarúinéirí tairbhiúla, nó d'aon daoine díobh,” a chur in ionad “maidir le haon duine amháin nó níos mó d'oifigigh nó d'iaroifigigh, nó díobh araon,”, cibé áit a bhfuil sé,
agus tá an t-alt arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TÁBLA 54.—(1) Más rud é— (a) go mbeidh gnólacht gnó infheistíochta á fhoirceannadh agus nach mbeidh sé ábalta a fhiacha go léir a íoc agus go mbeidh sárú déanta aige ar alt 19, 52(3), 52(5) nó 52(6) den Acht seo, agus (b) go measann an Chúirt, maidir leis an sárú sin, gurbh é ba chuid den chúis le neamhábaltacht gnólachta gnó infheistíochta a fhiacha go léir a íoc nó gurbh é a bhí mar thoradh air ná éiginnteacht shubstaintiúil maidir le méid, suíomh nó úinéireacht, nó éiginnteacht eile i dtaobh, sócmhainní agus dliteanas gnólachta gnó infheistíochta nó airgead nó ionstraimí infheistíochta chliaint an ghnólachta gnó infheistíochta sin nó gur chuir sé bac substaintiúil ar a fhoirceannadh ordúil, féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ón leachtaitheoir nó ón nglacadóir nó ó údarás maoirseachta nó ó aon chreidiúnaí nó cliant nó infheisteoir, más cuí léi déanamh amhlaidh, a dhearbhú, maidir le haon duine amháin nó níos mó d'oifigigh nó d'úinéirí tairbhiúla nó d'iaroifigigh nó d'iarúinéirí tairbhiúla, nó d'aon daoine díobh, de chuid an ghnólachta gnó infheistíochta sin atá ag mainneachtain, go mbeidh dliteanas pearsanta air nó orthu, gan aon teorainn dliteanais, as fiacha uile agus dliteanais eile an ghnólachta gnó infheistíochta sin, nó as cibé cuid díobh a shonróidh an Chúirt. (2) (a) I gcás ina ndéanfaidh an Chúirt dearbhú faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh sí cibé ordacháin a thabhairt is cuí léi chun éifeacht a thabhairt don dearbhú agus, go háirithe, féadfaidh sí foráil a dhéanamh chun go mbeidh dliteanas aon duine den sórt sin faoin dearbhú ina mhuirear ar aon fhiach nó oibleagáid a bheidh dlite dó de ghnólacht gnó infheistíochta, nó ar aon mhorgáiste nó muirear nó ar aon leas in aon mhorgáiste nó muirear ar aon sócmhainní de chuid gnólachta gnó infheistíochta a bheidh ar seilbh aige nó dílsithe dó nó ar seilbh ag aon chuideachta nó duine eile thar a cheann, nó dílsithe di nó dó, nó ag aon duine nó d'aon duine a bheidh ag éileamh mar shannaí ón duine atá faoi dhliteanas faoin dearbhú nó tríd nó ó aon chuideachta nó duine a bheidh ag gníomhú thar a cheann, nó tríthi nó tríd, agus féadfaidh sí, ó am go ham, cibé ordú breise is gá a dhéanamh chun aon mhuirear a fhorchuirtear faoin bhfo-alt seo a fhorfheidhmiú. (b) I mír (a) den fho-alt seo, folaíonn “sannaí” aon duine ar chuige nó ar ina fhabhar a rinneadh, le treoracha an duine faoi dhliteanas, an fiach, an oibleagáid nó an morgáiste a chruthú, a eisiúint nó a aistriú, nó a cruthaíodh an leas, ach ní fholaíonn sé sannaí ar chomaoin luachmhar (gan comaoin ar mhodh pósta a áireamh) a bheidh tugtha de mheon macánta agus gan fógra maidir le haon cheann de na hábhair ar ar a bhforais a rinneadh an dearbhú. (3) Ní dhéanfaidh an Chúirt dearbhú faoi fho-alt (1) den alt seo i leith duine má mheasann sí— (a) gur ghlac sé gach beart réasúnach chun a áirithiú go gcomhlíonfadh gnólacht gnó infheistíochta alt 19, 52(3), 52(5) nó 52(6) den Acht seo, nó (b) go raibh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint, agus gur chreid sé, gur cuireadh de dhualgas ar dhuine inniúil iontaofa, agus é ag gníomhú faoi mhaoirseacht nó rialú stiúrthóra a bhfuil an fhreagracht sin tugtha go foirmiúil dó, a chinntiú gur comhlíonadh alt 19, 52(3), 52(5) nó 52(6) den Acht seo agus go raibh sé in ann an dualgas sin a chomhlíonadh. (4) Beidh éifeacht leis an alt seo d'ainneoin go bhféadfadh sé go ndlífear an duine lena mbaineann a ionchúiseamh i gcion coiriúil i leith na n-ábhar ar ar a bhforas a bheidh an dearbhú le déanamh nó gur ciontaíodh an duine sin i gcion den sórt sin. (5) San alt seo folaíonn “oifigeach”, i ndáil le gnólacht gnó infheistíochta, duine a bheidh ciontaithe i gcion faoi alt 34 nó 79(7) den Acht seo nó alt 194 d'Acht na gCuideachtaí, 1990, i ndáil le ráiteas a bhaineann leis an ngnólacht gnó infheistíochta lena mbaineann do choinneáil taifead cuntasaíochta cuí. (6) Aon duine, ar stiúrthóir gnólachta gnó infheistíochta é, a mhainneoidh gach beart réasúnach a ghlacadh chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh gnólacht gnó infheistíochta ceanglais alt 19, 52(3), 52(5) nó 52(6) den Acht seo nó a bheidh, mar gheall ar a ghníomh toiliúil féin, ina chúis le haon mhainneachtain ag gnólacht gnó infheistíochta faoi na hailt sin, beidh sé ciontach i gcion: Ar choinníoll, áfach— (a) in aon imeachtaí in aghaidh duine i leith ciona faoin alt seo, arb é a bheidh ann mainneachtain bearta réasúnacha a ghlacadh chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh gnólacht gnó infheistíochta ceanglais an ailt seo, gur cosaint é a chruthú go raibh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint, agus gur chreid sé, gur cuireadh de dhualgas ar dhuine inniúil iontaofa a chinntiú gur comhlíonadh na ceanglais sin agus go raibh sé in ann an dualgas sin a chomhlíonadh, agus (b) nach gcuirfear pianbhreith phríosúnachta ar dhuine mar gheall ar chion den sórt sin, mura rud é, i dtuairim na Cúirte, go ndearnadh an cion go toiliúil. |
Leasú ar alt 65 d'Acht 1995.
66.—Leasaítear leis seo alt 65 d'Acht 1995 i bhfo-alt (2) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (h):
“(hh) cumarsáid a dhéanamh le haon chliant de chuid gnólachta gnó infheistíochta chun na seirbhísí gnó infheistíochta a soláthraíodh don chliant a dheimhniú;”.
Leasú ar alt 74 d'Acht 1995.
67.—Leasaítear leis seo alt 74 d'Acht 1995—
(a) i bhfo-alt (7), trí “cinneadh a dhéanamh i dtaobh ar tharla” a chur in ionad “an t-iarratas a dhíbhe nó féadfaidh sé cinneadh a dhéanamh gur tharla” agus tá an fo-alt arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo.
AN TÁBLA (7) Tar éis fiosrúcháin ag Coiste arna cheapadh faoi fho-alt (5) den alt seo, féadfaidh an Coiste sin cinneadh a dhéanamh i dtaobh ar tharla sárú ar choinníoll nó ar cheanglas, agus féadfaidh sé gach ceann nó aon cheann de na nithe seo a leanas a dhéanamh: (a) iomardú a eisiúint chuig gnólacht gnó infheistíochta nó chuig comhlacht gairmiúil, (b) a ordú go n-íocfaidh gnólacht gnó infheistíochta nó comhlacht gairmiúil suim shonraithe nach mó ná £500,000 leis an údarás maoirseachta i leith aon sáraithe ar choinníoll nó ar cheanglas, (c) socrú a dhéanamh chun cibé sonraí is cuí leis maidir le cinneadh a dhéantar faoin bhfo-alt seo a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus i nuachtán amháin nó níos mó a scaiptear sa Stát, (d) cibé ordú is cuí leis a dhéanamh i dtaobh costas. |
(b) i bhfo-alt (8), trí “laistigh de dhá mhí ó dháta chinneadh an Choiste nó cibé tréimhse bhreise is cuí leis an gCúirt” a chur isteach roimh “agus féadfaidh an Chúirt cinneadh an Choiste a athrú nó a neamhniú” agus tá an fo-alt arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo.
AN TÁBLA (8) Féadfaidh gnólacht gnó infheistíochta nó comhlacht gairmiúil achomharc a dhéanamh chuig an gCúirt in aghaidh cinnidh ón gCoiste arna eisiúint faoi fho-alt (7) den alt seo laistigh de dhá mhí ó dháta chinneadh an Choiste nó cibé tréimhse bhreise is cuí leis an gCúirt agus féadfaidh an Chúirt cinneadh an Choiste a athrú nó a neamhniú. |
Leasú ar alt 75 d'Acht 1995.
68.—Leasaítear leis seo alt 75 d'Acht 1995 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):
“(2) Féadfar aon leabhair nó doiciméid a mbeidh seilbh glactha orthu faoin alt seo a choimeád ar feadh tréimhse sé mhí nó—
(i) más rud é, laistigh den tréimhse sin, go dtosófar aon imeachtaí coiriúla den sórt a luaitear i bhfo-alt (1)(a) d'alt 78 den Acht seo (ar imeachtaí iad a bhfuil baint ag na leabhair nó ag na doiciméid leo), go dtí go dtabharfar na himeachtaí sin chun críche, nó
(ii) más rud é, laistigh den tréimhse sin, go dtosóidh an Garda Síochána imscrúdú ar nithe a bhaineann le fo-alt (1)(a) d'alt 78 den Acht seo (agus go mbeidh baint ag na leabhair nó ag na doiciméid leis an imscrúdú), go dtí go dtabharfar an t-imscrúdú chun críche.”.
Leasú ar alt 79 d'Acht 1995.
69.—Leasaítear leis seo alt 79 d'Acht 1995—
(a) i bhfo-alt (1), trí “28(5),” a chur isteach roimh “30”, agus
(b) trí fho-alt (7) a scriosadh agus an fo-alt seo a leanas a chur ina ionad:
“(7) Aon duine, i gcomhlíonadh airbheartaithe aon fhorála den Acht seo nó aon rialacháin arna dhéanamh faoin gcéanna—
(a) a sholáthróidh freagra nó míniú, a thabharfaidh ráiteas, nó a dhéanfaidh aon tuairisceán, tuarascáil, deimhniú, clár comhardaithe nó doiciméad eile a thabhairt ar aird, a thaisceadh nó a sheachadadh atá bréagach i bponc ábhartha, agus a fhios aige é nó í a bheith bréagach, nó
(b) a dhéanfaidh, go meargánta, freagra nó míniú a sholáthar, ráiteas a thabhairt nó aon tuairisceán, tuarascáil, deimhniú, clár comhardaithe nó doiciméad eile a thabhairt ar aird, a thaisceadh nó a sheachadadh atá bréagach i bponc ábhartha, nó
(c) a dhéanfaidh faisnéis a choimeád siar nó a fhágáil ar lár go feasach,
beidh sé ciontach i gcion.”.
Leasú ar alt 8 den Acht um Stocmhalartáin, 1995.
70.—Leasaítear leis seo alt 8 den Acht um Stocmhalartáin, 1995, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):
“(5) (a) Féadfaidh an Banc socrú a dhéanamh chun fógraí a fhoilsiú in aon cheann de na nuachtáin a scaiptear sa Stát nó in áit eile nó san Iris Oifigiúil, i gcás ina gcreideann an Banc le réasún go bhfuil cuideachta atá cláraithe sa Stát nó aon duine eile atá ag oibriú sa Stát ag gníomhú mar stocmhalartán nó ag éileamh nó á thabhairt le tuiscint ina leith féin gur stocmhalartán í nó é gan cheadú de réir mar a cheanglaítear in alt 8(2) den Acht seo.
(b) Féachfaidh an Banc le fógra seacht lá a thabhairt don stocmhalartán i dtaobh é a bheith ar intinn aige foilsiú a dhéanamh de réir mhír (a) den fho-alt seo.”.
Leasú ar alt 14 den Acht um Stocmhalartáin, 1995.
71.—Leasaítear leis seo alt 14 den Acht um Stocmhalartáin, 1995, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (7):
“(7) Déanfaidh an Banc fógra faoi chúlghairm ceadaithe stocmhalartáin láithrigh a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus i nuachtán amháin nó níos mó a scapitear sa Stát laistigh de 28 lá ó chúlghairm an cheadaithe.”.
Leasú ar alt 17 den Acht um Stocmhalartáin, 1995.
72.—Leasaítear leis seo alt 17 den Acht um Stocmhalartáin, 1995, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2)—
“(3) (a) Féadfaidh an Banc socrú a dhéanamh chun fógraí a fhoilsiú in aon cheann de na nuachtáin a scaiptear sa Stát nó in áit eile nó san Iris Oifigiúil, i gcás ina gcreideann an Banc le réasún go bhfuil cuideachta atá cláraithe sa Stát nó aon duine eile atá ag oibriú sa Stát ag gníomhú mar bhallghnólacht nó ag éileamh nó á thabhairt le tuiscint ina leith féin gur ballghnólacht í nó é gan údarú de réir mar a cheanglaítear in alt 17(2) den Acht seo.
(b) Féachfaidh an Banc le fógra seacht lá a thabhairt don bhallghnólacht i dtaobh é a bheith ar intinn aige foilsiú a dhéanamh de réir mhír (a) den fho-alt seo.”.
Leasú ar alt 18 den Acht um Stocmhalartáin, 1995.
73.—Leasaítear leis seo alt 18 den Acht um Stocmhalartáin, 1995, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3)—
“(3) (a) Aon uair a chinnfidh an Banc diúltú údarú a dheonú do bhallghnólacht beartaithe faoin alt seo, seirbheálfaidh sé fógra ar an mballghnólacht beartaithe i dtaobh a chinnidh diúltú é a údarú agus luafaidh sé na cúiseanna atá leis agus féadfaidh an ballghnólacht beartaithe, laistigh de 21 lá ón bhfógra sin a fháil, achomharc a dhéanamh chun na Cúirte in aghaidh an chinnidh.
(b) Mura ndéanfaidh an ballghnólacht beartaithe achomharc laistigh den tréimhse atá sonraithe i mír (a) den fho-alt seo, eiseoidh an Banc fógra chuig an mballghnólacht beartaithe i dtaobh a chinnidh diúltú é a údarú.
(c) Déanfaidh an Banc fógra i dtaobh an diúltaithe údarú a dheonú do bhallghnólacht beartaithe a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus i nuachtán amháin nó níos mó a scaiptear sa Stát laistigh de 28 lá ón dáta a dhéantar an cinneadh údarú a dhiúltú.”.
Leasú ar alt 24 den Acht um Stocmhalartáin, 1995.
74.—Leasaítear leis seo alt 24 den Acht um Stocmhalartáin, 1995, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (8)—
“(8) Déanfaidh an Banc fógra i dtaobh cúlghairm a dhéanamh ar údarú ballghnólachta údaraithe a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus i nuachtán amháin nó níos mó a scaiptear sa Stát laistigh de 28 lá ón dáta a chúlghairtear an t-údarú.”.
Leasú ar alt 29 den Acht um Stocmhalartáin, 1995.
75.—Leasaítear leis seo alt 29 den Acht um Stocmhalartáin, 1995—
(a) i bhfo-alt (1)—
(i) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (i):
“(i) stiúrthóirí agus iad siúd atá freagrach as bainistiú stocmhalartán ceadaithe, stocmhalartán a bhí ceadaithe tráth, stocmhalartán beartaithe nó stocmhalartán agus ballghnólachtaí údaraithe, ballghnólachtaí a bhí údaraithe tráth, ballghnólachtaí beartaithe nó ballghnólachtaí;”,
(ii) trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (i):
“(j) aon duine a airbheartaíonn gníomhú nó a gcreideann an Banc le réasún go bhfuil sé ag gníomhú mar stocmhalartán nó thar a cheann nó mar bhallghnólacht nó thar a cheann;
(k) stiúrthóirí stocmhalartáin nó ballghnólachta, nó iad siúd atá freagrach as bainistiú an stocmhalartáin nó an bhallghnólachta sin, a mhainnigh comhoibriú le hoifigeach údaraithe arna cheapadh faoi alt 55 den Acht seo, nó le cigire arna cheapadh faoi alt 57, 58 nó 64 den Acht seo,”,
(b) i bhfo-alt (5), trí “agus éifeacht a bheith leis an ordachán sin ó dháta a shonróidh an Banc” a chur in ionad “agus éifeacht láithreach a bheith leis an ordachán sin”.
Leasú ar alt 34 den Acht um Stocmhalartáin, 1995.
76.—Leasaítear leis seo alt 34 den Acht um Stocmhalartáin, 1995—
(a) trí fho-alt (2) a ainmniú mar mhír (a) agus an mhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (a):
“(b) A luaithe is féidir tar éis iniúchadh a críochnú tabharfaidh iniúchóir stocmhalartáin cheadaithe nó ballghnólachta údaraithe scéala don Bhanc i dtaobh ar shainaithin sé, i gcúrsa an stocmhalartán ceadaithe nó an ballghnólacht údaraithe a iniúchadh, aon sáruithe ar an Acht.”,
(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (15):
“(16) Féadfaidh an Banc a cheangal ar iniúchóir stocmhalartáin bheartaithe nó ballghnólachta bheartaithe aon fhaisnéis a thabhairt ar faisnéis í a cheanglaítear ar iniúchóir stocmhalartáin cheadaithe nó ballghnólachta údaraithe a thabhairt in ailt 34 agus 36 den Acht seo.”.
Leasú ar alt 39 den Acht um Stocmhalartáin, 1995.
77.—Leasaítear leis seo alt 39 den Acht um Stocmhalartáin, 1995, i bhfo-alt (2) trí “go sroichfeadh” a chur in ionad “go mbeadh” agus trí “sealúchas cáilitheach nó go mbeadh sí níos mó ná é, nó” a chur in ionad “níos mó ná sealúchas cáilitheach, nó” i mír (a) agus tá an fo-alt arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TÁBLA (2) Sa Chuid seo ciallaíonn “idirbheart fála” duine nó níos mó ná duine amháin, atá ag gníomhú de chomhbheart, d'fháil scaireanna nó leasa eile, go díreach nó go neamhdhíreach, i stocmhalartán ceadaithe nó i mballghnólacht údaraithe ar choinníoll, tar éis na fála beartaithe— (a) go sroichfeadh an chionmhaireacht de na cearta vótála nó den chaipiteal a bheidh á sealbhú ag an duine nó ag na daoine a dhéanfaidh an t-idirbheart fála sealúchas cáilitheach nó go mbeadh sí níos mó ná é, nó (b) go sroichfeadh an chionmhaireacht de na cearta vótála nó den chaipiteal a bheidh á sealbhú ag an duine nó ag na daoine a dhéanfaidh an t-idirbheart fála 20 faoin gcéad, 33 faoin gcéad nó 50 faoin gcéad, nó go mbeadh sí níos mó ná na méideanna sin, nó (c) go dtiocfadh an stocmhalartán ceadaithe nó an ballghnólacht údaraithe chun bheith ina fhochuideachta de chuid an fhaighteora. |
Leasú ar alt 52 den Acht um Stocmhalartáin, 1995.
78.—Leasaítear leis seo alt 52 den Acht um Stocmhalartáin, 1995, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5):
“(5) (a) Maidir le haon leachtaitheoir, glacadóir, riarthóir, scrúdaitheoir nó creidiúnaí de chuid ballghnólachta, ní bheidh aige ná ní bhfaighidh sé aon chúlárach nó ceart in aghaidh airgid cliaint nó ionstraimí infheistíochta cliaint nó doiciméad teidil cliaint a bhaineann leis na hionstraimí infheistíochta sin a gheofar, a shealbhófar, a rialófar nó a íocfar thar ceann an chliaint go dtí go mbeidh gach éileamh cuí de chuid an chliaint nó de chuid oidhrí, chomharbaí nó shannaithe an chliaint in aghaidh airgead an chliaint nó ionstraimí infheistíochta nó dhoiciméid teidil an chliaint glanta go hiomlán.
(b) D'ainneoin mhír (a) d'alt 52(5) den Acht seo, maidir le leachtaitheoir, glacadóir, riarthóir, scrúdaitheoir nó creidiúnaí, féadfaidh cúlárach nó ceart a bheith aige in aghaidh airgid cliaint nó ionstraimí infheistíochta cliaint nó doiciméad teidil cliaint a bhaineann leis na hionstraimí infheistíochta sin a gheobhaidh, a shealbhóidh, a rialóidh nó a íocfaidh ballghnólacht thar ceann cliaint i leith cibé caiteachais réasúnacha a thabhaítear le linn dóibh a gcuid feidhmeanna a fheidhmiú faoin Acht seo nó faoin Acht um Chúiteamh d'Infheisteoirí, 1998, nó a thabhaítear le linn airgead cliaint agus ionstraimí infheistíochta a dháileadh ar chliaint an bhallghnólachta i gcás ina mbeidh sócmhainní an bhallghnólachta ídithe.
(c) Déanfaidh leachtaitheoir, glacadóir, riarthóir, scrúdaitheoir nó sannaí oifigiúil iarratas chuig an gCúirt sula lorgóidh sé cúlárach nó ceart in aghaidh airgid cliaint nó ionstraimí infheistíochta cliaint nó doiciméad teidil a bhaineann leis na hionstraimí infheistíochta sin a gheobhaidh, a shealbhóidh, a rialóidh nó a íocfaidh ballghnólacht thar ceann cliaint faoi mhír (b) den fho-alt seo agus cinnfidh an Chúirt an t-ábhar agus déanfaidh sí cibé ordú is cuí léi.”.
Leasú ar alt 54 den Acht um Stocmhalartáin, 1995.
79.—Leasaítear leis seo alt 54 den Acht um Stocmhalartáin, 1995—
(a) trí “ceadaithe” a scriosadh i ndiaidh “stocmhalartán” agus “cheadaithe” a scriosadh i ndiaidh “stocmhalartáin” cibé áit a bhfuil siad,
(b) trí “údaraithe” a scriosadh i ndiaidh “ballghnólacht”, “ballghnólachta” agus “bhallghnólachta”, cibé áit a bhfuil sé, agus
(c) trí “maidir le haon duine amháin nó níos mó d'oifigigh nó d'úinéirí tairbhiúla nó d'iaroifigigh nó d'iarúinéirí tairbhiúla, nó d'aon daoine díobh,” a chur in ionad “maidir le haon duine amháin nó níos mó d'oifigigh nó d'iaroifigigh nó díobh araon”, cibé áit a bhfuil sé,
agus tá an t-alt arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TÁBLA 54.—(1) Más rud é— (a) go mbeidh stocmhalartán nó ballghnólacht á fhoirceannadh agus nach mbeidh sé ábalta a fhiacha go léir a íoc agus go mbeidh sárú déanta aige ar alt 15, 27 nó 52(3) den Acht seo, agus (b) go measann an Chúirt, maidir leis an sárú sin, gurbh é ba chuid den chúis le neamhábaltacht an stocmhalartáin nó an bhallghnólachta a fhiacha go léir a íoc nó gurbh é a bhí mar thoradh air ná éiginnteacht shubstaintiúil maidir le méid, suíomh nó úinéireacht, nó éiginnteacht eile i dtaobh, shócmhainní agus dhliteanais an stocmhalartáin nó an bhallghnólachta nó airgead nó ionstraimí infheistíochta chliaint an stocmhalartáin nó an bhallghnólachta sin nó gur chuir sé bac substaintiúil ar a fhoirceannadh ordúil, féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ón leachtaitheoir nó ón nglacadóir nó ón mBanc nó ó aon chreidiúnaí nó cliant nó infheisteoir, más cuí léi déanamh amhlaidh, a dhearbhú, maidir le haon duine amháin nó níos mó d'oifigigh nó d'úinéirí tairbhiúla nó d'iaroifigigh nó d'iarúinéirí tairbhiúla, nó d'aon duine díobh, de chuid an stocmhalartáin nó an bhallghnólachta sin, atá ag mainneachtain, go mbeidh dliteanas pearsanta air nó orthu, gan aon teorainn dliteanais, as fiacha uile agus dliteanais eile an stocmhalartáin nó an bhallghnólachta sin, nó as cibé cuid díobh a shonróidh an Chúirt. (2) (a) I gcás ina ndéanfaidh an Chúirt dearbhú faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh sí cibé ordacháin a thabhairt is cuí léi chun éifeacht a thabhairt don dearbhú, agus, go háirithe, féadfaidh sí foráil a dhéanamh chun go mbeidh dliteanas aon duine den sórt sin faoin dearbhú ina mhuirear ar aon fhiach nó oibleagáid a bheidh dlite dó ón stocmhalartán nó ón mballghnólacht, nó ar aon mhorgáiste nó muirear nó aon leas in aon mhorgáiste nó muirear ar aon sócmhainní de chuid an stocmhalartáin nó an bhallghnólachta a bheidh ar seilbh aige nó dílsithe dó nó ar seilbh ag aon chuideachta eile nó duine eile thar a cheann, nó dílsithe di nó dó, nó ag aon duine nó d'aon duine a bheidh ag éileamh mar shannaí ón duine atá faoi dhliteanas faoin dearbhú nó tríd nó ó aon chuideachta nó duine a bheidh ag gníomhú thar a cheann, nó tríthi nó tríd, agus féadfaidh sí, ó am go ham, cibé ordú breise is gá a dhéanamh chun aon mhuirear a fhorchuirtear faoin bhfo-alt seo a fhorfheidhmiú. (b) I mír (a) den fho-alt seo, folaíonn “sannaí” aon duine ar chuige nó ar ina fhabhar a rinneadh, le hordacháin ón duine faoi dhliteanas, an fiach, an oibleagáid nó an morgáiste a chruthú, a eisiúint nó a aistriú, nó a cruthaíodh an leas, ach ní fholaíonn sé sannaí ar chomaoin luachmhar (gan comaoin ar mhodh pósta a áireamh) a bheidh tugtha de mheon macánta agus gan fógra maidir le haon cheann de na hábhair ar ar a bhforais a rinneadh an dearbhú. (3) Ní dhéanfaidh an Chúirt dearbhú faoi fho-alt (1) den alt seo i leith duine má mheasann sí— (a) gur ghlac sé gach beart réasúnach chun a áirithiú go gcomhlíonfadh an stocmhalartán nó an ballghnólacht alt 15, 27 nó 52(3) den Acht seo, nó (b) go raibh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint, agus gur chreid sé, gur cuireadh de dhualgas ar dhuine inniúil iontaofa, agus é ag gníomhú faoi mhaoirseacht nó rialú stiúrthóra a bhfuil an fhreagracht sin tugtha go foirmiúil dó, a chinntiú gur comhlíonadh alt 15, 27 nó 52(3) den Acht seo agus go raibh sé in ann an dualgas sin a chomhlíonadh. (4) Beidh éifeacht leis an alt seo d'ainneoin go bhféadfadh sé go ndlífear an duine lena mbaineann a ionchúiseamh i gcion coiriúil i leith na n-ábhar ar ar a bhforas a bheidh an dearbhú le déanamh nó gur ciontaíodh an duine sin i gcion den sórt sin. (5) San alt seo folaíonn “oifigeach”, i ndáil le stocmhalartán nó ballghnólacht, duine a bheidh ciontaithe i gcion faoi alt 194 d'Acht na gCuideachtaí, 1990, nó alt 35 nó 70(7) den Acht seo, i ndáil le ráiteas a bhaineann leis an stocmhalartán nó leis an mballghnólacht lena mbaineann do choinneáil taifead cuntasaíochta cuí. (6) Aon duine, ar stiúrthóir stocmhalartáin nó ballghnólachta é, a mhainneoidh gach beart réasúnach a ghlacadh chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an stocmhalartán nó an ballghnólacht ceanglais alt 15, 27 nó 52(3) den Acht seo, nó a bheidh, mar gheall ar a ghníomh toiliúil féin, ina chúis le haon mhainneachtain ag an stocmhalartán nó ag an mballghnólacht faoi na hailt sin, beidh sé ciontach i gcion: Ar choinníoll, áfach— (a) in aon imeachtaí in aghaidh duine i leith ciona faoin alt seo, arb é a bheidh ann mainneachtain bearta réasúnacha a ghlacadh chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an stocmhalartán nó an ballghnólacht ceanglais an ailt seo, gur cosaint é a chruthú go raibh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint, agus gur chreid sé, gur cuireadh de dhualgas ar dhuine inniúil iontaofa a chinntiú gur comhlíonadh na ceanglais sin agus go raibh sé in ann an dualgas sin a chomhlíonadh, agus (b) nach gcuirfear pianbhreith phríosúnachta ar dhuine mar gheall ar chion den sórt sin, mura rud é, i dtuairim na Cúirte, go ndearnadh an cion go toiliúil. |
Leasú ar alt 56 den Acht um Stocmhalartáin, 1995.
80.—Leasaítear leis seo alt 56 den Acht um Stocmhalartáin, 1995, i bhfo-alt (2)—
(a) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (a):
“(aa) aon áitreabh nó aon chuid d'áitreabh a gcoinnítear, nó a bhfuil forais réasúnacha ann chun a chreidiúint ina leith go gcoinnítear, leabhair, taifid nó doiciméid eile ann a dhaingniú le haghaidh iniúchadh tráth is faide anonn,”,
(b) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):
“(b) faoi réir breitheamh den Chúirt Dúiche d'eisiúint barántais chun na críche sin, aon leabhair, taifid nó doiciméid eile a gheobhaidh an t-oifigeach i gcúrsa a iniúchta a thógáil chun siúil ar feadh tréimhse réasúnaí le haghaidh tuilleadh scrúdaithe,”,
(c) trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c):
“(cc) a cheangal ar aon duine a bhfuil nó a raibh trealamh sonraí á úsáid aige nó á úsáid thar a cheann nó ar aon duine atá i bhfeighil an trealaimh sonraí nó i bhfeighil aon ghairis nó ábhair ghaolmhair, nó a bhfuil baint aige le hoibriú an chéanna ar shlí eile, cúnamh réasúnach a thabhairt don oifigeach údaraithe i ndáil leis sin,
(ccc) aon duine eile atá fostaithe i dtaca leis an tseirbhís ghnó infheistíochta nó leis an gcomhairle infheistíochta a ghairm, aon tráth réasúnach, chun aon fhaisnéis a theastóidh le réasún ón oifigeach údaraithe maidir leis an ngníomhaíocht sin a thabhairt don oifigeach agus aon leabhair, taifid nó doiciméid eile atá faoi chumhacht nó faoi urláimh an duine sin a thabhairt ar aird don oifigeach údaraithe,”,
agus
(d) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (d):
“(dd) cumarsáid a dhéanamh le haon chliant de chuid stocmhalartáin nó ballghnólachta chun na seirbhísí infheistíochta a soláthraíodh don chliant a dheimhniú.”.
Leasú ar alt 65 den Acht um Stocmhalartáin, 1995.
81.—Leasaítear leis seo alt 65 den Acht um Stocmhalartáin, 1995—
(a) i bhfo-alt (7), trí “cinneadh a dhéanamh i dtaobh ar tharla” a chur in ionad “an t-iarratas a dhíbhe nó féadfaidh sí cinneadh a dhéanamh gur tharla”, agus
(b) i bhfo-alt (8), trí “laistigh de dhá mhí ó dháta an chinnidh sin nó cibé tréimhse bhreise is cuí leis an gCúirt agus féadfaidh an Chúirt cinneadh an Choiste a athrú nó a neamhniú” a chur isteach i ndiaidh “den alt seo”,
agus tá na fo-ailt sin arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TÁBLA (7) Tar éis fiosrúcháin ag Coiste arna cheapadh faoi fho-alt (5) den alt seo, féadfaidh an Coiste sin cinneadh a dhéanamh i dtaobh ar tharla sárú ar choinníoll nó ar cheanglas agus féadfaidh sé gach ceann nó aon cheann de na nithe seo a leanas a dhéanamh— (a) iomardú a eisiúint chuig stocmhalartán ceadaithe nó chuig ballghnólacht, (b) a ordú go n-íocfaidh stocmhalartán ceadaithe nó ballghnólacht suim shonraithe nach mó ná £500,000 leis an mBanc i leith aon sáraithe ar choinníoll nó ar cheanglas, (c) cibé sonraí is cuí leis maidir le cinneadh a dhéantar faoin bhfo-alt seo a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus i nuachtán amháin nó níos mó a scaiptear sa Stát, (d) cibé ordú is cuí leis a dhéanamh i dtaobh costas. (8) Féadfaidh stocmhalartán ceadaithe nó ballghnólacht achomharc a dhéanamh chuig an gCúirt in aghaidh cinnidh ón gCoiste arna eisiúint faoi fho-alt (7) den alt seo laistigh de dhá mhí ó dháta an chinnidh sin nó cibé tréimhse bhreise is cuí leis an gCúirt agus féadfaidh an Chúirt cinneadh an Choiste a athrú nó a neamhniú. |
Leasú ar alt 66 den Acht um Stocmhalartáin, 1995.
82.—Leasaítear leis seo alt 66 den Acht um Stocmhlartáin, 1995, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):
“(2) Féadfar aon leabhair nó doiciméid a mbeidh seilbh glactha orthu faoin alt seo a choimeád ar feadh tréimhse sé mhí nó—
(ii) más rud é, laistigh den tréimhse sin, go dtosófar aon imeachtaí coiriúla den sórt sin a luaitear i bhfo-alt (1)(a) d'alt 69 den Acht seo (ar imeachtaí iad a bhfuil baint ag na leabhair nó ag na doiciméid leo), go dtí go dtabharfar na himeachtaí sin chun críche, nó
(ii) más rud é, laistigh den tréimhse sin, go dtosóidh an Garda Síochána imscrúdú ar nithe a bhaineann le fo-alt (1)(a) d'alt 69 den Acht seo (agus go mbeidh baint ag na leabhair nó ag na doiciméid leis an imscrúdú), go dtí go dtabharfar an t-imscrúdú chun críche.”.
Leasú ar alt 70 den Acht um Stocmhalartáin, 1995.
83.—Leasaítear leis seo alt 70 den Acht um Stocmhalartáin, 1995, trí fho-alt (7) a scriosadh agus an fo-alt seo a leanas a chur ina ionad:
“(7) Aon duine, i gcomhlíonadh airbheartaithe aon fhorála den Acht seo nó aon rialacháin arna dhéanamh faoin gcéanna—
(a) a sholáthróidh freagra nó míniú, a thabharfaidh ráiteas nó a dhéanfaidh aon tuairisceán, tuarascáil, deimhniú, clár comhardaithe nó doiciméad eile a thabhairt ar aird, a thaisceadh nó a sheachadadh atá bréagach i bponc ábhartha, agus a fhios aige é nó í a bheith bréagach, nó
(b) a dhéanfaidh, go meargánta, freagra nó míniú a sholáthar, ráiteas a thabhairt, nó aon tuairisceán, tuarascáil, deimhniú, clár comhardaithe nó doiciméad eile a thabhairt ar aird, a thaisceadh nó a sheachadadh atá bréagach i bponc ábhartha, nó
(c) a dhéanfaidh faisnéis a choimeád siar nó a fhágáil ar lár go feasach,
beidh sé ciontach i gcion.”.
1 O.J. Uimh. L322, 17.12.1977.
2 O.J. Uimh. L386, 30.12.1989.
3 O.J. Uimh. L375, 31.12.1985.
1 O.J. Uimh. L141, 11.06.1993.
1 O.J. Uimh. L141, 11.06.1993.
1 O.J. Uimh. L141, 11.06.1993.
2 O.J. Uimh. L322, 17.12.1977.
AN CHÉAD SCEIDEAL
Aisghairm
Uimhir agus Bliain | Gearrtheideal | Méid na hAisghairme |
a.47 (a mhéid a fhorchuirtear oibleagáid leis banna a shealbhú) | ||
Uimh. 9 de 1995 | An tAcht um Stocmhalartáin, 1995 | a.51 |
Uimh. 11 de 1995 | An tAcht um Idirghabhálaithe Infheistíochta, 1995 | a.28(4), 50, 51 (a mhéid a fhorchuirtear oibleagáid leis banna a shealbhú) |
AN DARA SCEIDEAL
Foráil Fhorlíontach i nDáil le hOrdachán ó Údarás Maoirseachta faoi Alt 27
1. Sa Sceideal seo, folaíonn tagairt do ghnólacht infheistíochta tagairt do stiúrthóirí gnólachta infheistíochta agus dóibh siúd atá freagrach as bainistiú gnólachta infheistíochta.
2. Féadfaidh údarás maoirseachta ordachán arna thabhairt faoi alt 27 den Acht seo a chúlghairm mura mbeidh ordú faoi alt 28 den Acht seo déanta ag an gCúirt i leith an ordacháin.
3. Féadfaidh gnólacht infheistíochta a mbeidh ordachán tugtha dó faoi alt 27 den Acht seo iarratas a dhéanamh chun na Cúirte ar ordú chun an t-ordachán a athrú nó a chur ar ceal agus féadfaidh an Chúirt an t-ordú sin a dheonú.
4. I gcás ina ndéanfaidh údarás maoirseachta iarratas chun na Cúirte ar ordú chun ordachán faoi alt 27 den Acht seo a dhaingniú, féadfaidh an Chúirt ordú a dheonú chun an t-ordachán a dhaingniú nó a chur ar ceal, nó é a dhaingniú agus a thréimhse feidhme a fhadú ar feadh cibé tréimhse, nach faide ná 12 mhí ón dáta a thosaigh an t-ordachán d'éifeacht a bheith leis, is cuí leis an gCúirt, ag féachaint do na himthosca.
5. Féadfaidh an Chúirt, i dteannta nó in ionad ordaithe faoi alt 28, cibé ordú eile a dhéanamh sa chás a mheasfaidh sí a bheith riachtanach, lena n-áirítear ordú á ordú d'aon duine a shealbhaíonn airgead nó sócmhainní eile don ghnólacht infheistíochta nó do chliant de chuid an ghnólachta gnó infheistíochta sin, nó thar a gceann, nó do dhuine sonraithe, gan aon cheann de na sócmhainní sin a dhiúscairt ach amháin ar cibé coinníollacha agus i cibé imthosca a bheidh sonraithe san ordú.
6. Beidh críoch le hordachán a bheidh daingnithe ag an gCúirt:
(a) ag deireadh na tréimhse feidhme a shonróidh an Chúirt,
(b) tar éis don Chúirt ordú críochnaithe a dhéanamh ar iarratas ón údaráis maoirseachta,
(c) ar ordú foirceanta a dhéanamh i leith an ghnólachta infheistíochta nó, i gcás gnólacht infheistíochta a bheith comhdhéanta mar chomhlacht neamhchorpraithe daoine, ar ordú díscaoilte a dhéanamh, nó, i gcás gur trádálaí aonair é gnólacht infheistíochta, ar bhreithniú féimheachta a dhéanamh,
(d) tar éis don Chúirt ordú foirceanta a dhéanamh i gcás go measfaidh an Chúirt nach ann a thuilleadh do na himthosca ba chúis leis an ordachán agus go mbeadh sé éagórach agus míchothrom gan an t-ordú a dhéanamh,
cibé acu is túisce a tharlóidh.
7. Féadfaidh an Chúirt, le hordú, ordú arna dhéanamh aici faoi mhír 4 a chúlghairm nó a leasú.
8. I gcás ina dtabharfaidh an t-údarás maoirseachta ordachán de réir alt 27—
(a) déanfaidh an gnólacht infheistíochta dá dtabharfar an t-ordachán gach beart is gá d'fhonn a áirithiú nach ndéanfar a chuid sócmhainní nó sócmhainní a gcliant nó a n-infheisteoirí, cibé áit a sealbhaítear iad, a laghdú gan údarú roimh ré ón údarás maoirseachta, agus
(b) féadfaidh an t-údarás maoirseachta a ordú d'fhoras creidmheasa nó d'aon fhoras atá díolmhaithe faoi alt 7 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971, nó d'aon fhoras airgeadais eile a shealbhaíonn cuntas de shaghas ar bith de chuid an ghnólachta infheistíochta, lena n-áirítear sealúchais d'ionstraimí infheistíochta de chuid an ghnólachta infheistíochta a mbeidh an t-ordachán tugtha dó, íocaíochtaí nó idirbhearta eile ón gcuntas a chur ar fionraí gan údarú roimh ré ón údarás maoirseachta.
AN TRÍÚ SCEIDEAL
TREOIR 97/9/CE Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 3 Márta 1997
maidir le scéimeanna cúitimh d'infheisteoirí
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe d'Airteagal 57(2) de,
Ag féachaint do thuairim an Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta2,
Ag féachaint do thuairim na hInstitiúide Eorpaí Airgeadaíochta3,
Ag gníomhú dóibh de réir an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 189b den Chonradh4 i bhfianaise an téacs chomhpháirtigh a cheadaigh an Coiste Idir-réitigh an 18 Nollaig 1996,
(1) De bhrí gur ghlac an Chomhairle an 10 Bealtaine 1993 Treoir 93/22/CEE maidir le seirbhísí infheistíochta i réimse na n-urrús5; de bhrí gur ionstraim bhunriachtanach an Treoir sin chun an margadh inmheánach a bhaint amach do ghnólachtaí infheistíochta;
(2) De bhrí go leagtar rialacha críonnachta síos le Treoir 93/22/CEE nach mór do ghnólachtaí infheistíochta a chomhall gach tráth, lena n-áirítear rialacha arb é is cuspóir leo cearta infheisteora a chosaint a mhéid is féidir i leith airgid nó ionstraimí ar leo é nó iad;
(3) De bhrí, áfach, nach féidir cosaint iomlán a chur ar fáil le haon chóras maoirseachta, go háirithe i gcás ina ndéantar gníomhartha calaoise;
(4) De bhrí gur gné thábhachtach de chomhlánú agus de cheartfheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh sa réimse seo infheisteoirí a chosaint agus muinín sa chóras airgeadais a choinneáil; de bhrí, chun na críche sin, gur den bhunriachtanas é go mbeadh scéim chúitimh d'infheisteoirí ag gach Ballstát, lena ráthaítear leibhéal íosta comhchuibhithe cosanta don infheisteoir beag ar a laghad i gcás nach mbeadh gnólacht infheistíochta in ann freastal dá oibleagáidí i leith a chuid cliant is infheisteoirí;
(5) De bhrí go mbeidh infheisteoirí beaga in ann seirbhísí infheistíochta a cheannach, dá bhrí sin, ó bhrainsí de ghnólachtaí infheistíochta Comhphobail nó ar bhonn seirbhísí a sholáthar thar teorainn ar bhealach chomh muiníneach is a dhéanfaí ó ghnólachtaí infheistíochta baile, agus a fhios acu go mbeadh leibhéal íosta comhchuibhithe cosanta ar fáil dóibh i gcás nach mbeadh gnólacht infheistíochta in ann freastal dá oibleagáidí i leith a chuid cliant is infheisteoirí;
(6) De bhrí, d'uireasa comhchuibhiú íosta den sórt sin, go bhféadfadh gur dhóigh le Ballstát ósta go raibh cúis mhaith aige, ar chúinsí cosanta infheisteoirí, comhaltas ina scéim chúitimh a bheith mar cheanglas le linn do ghnólacht infheistíochta Comhphobail, agus é ag oibriú trí bhrainse nó faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, gan a bheith páirteach i scéim chúitimh d'infheisteoirí ina Bhallstát baile nó a bheith páirteach i scéim nár measadh a chothrom de chosaint a bheith á sholáthar aici; de bhrí go bhféadfadh ceanglas den sórt sin dochar a dhéanamh d'oibriú an mhargaidh inmheánaigh;
(7) De bhrí, d'ainneoin go bhfuil roinnt comhshocraíochtaí cúitimh d'infheisteoirí ag an gcuid is mó de na Ballstáit faoi láthair, nach gcumhdaíonn na comhshocraíochtaí sin i gcoitinne gach gnólacht infheistíochta a bhfuil údarú aonair acu dá bhforáiltear i dTreoir 93/22/CEE;
(8) De bhrí, dá réir sin, gur cóir a cheangal ar gach Ballstát scéim nó scéimeanna cúitimh d'infheisteoirí a bheith aige ina mbeadh gach gnólacht infheistíochta den sórt sin páirteach; de bhrí nach mór go gcumhdóidh gach scéim airgead agus ionstraimí atá á sealbhú ag gnólacht infheistíochta i dtaca le hoibríochtaí infheistíochta infheisteora, is airgead agus infheistíochtaí nach féidir a thabhairt ar ais don infheisteoir i gcás nach bhfuil gnólacht infheistíochta in ann freastal dá oibleagáidí i leith a chuid cliant is infheisteoirí; de bhrí go bhfuil sé seo gan dochar go huile do na rialacha agus na nósanna imeachta is infheidhme i ngach Ballstát maidir leis na cinntí a bheidh le glacadh i gcás dócmhainneachta gnólachta infheistíochta nó i gcás é a fhoirceannadh;
(9) De bhrí go bhfolaíonn an míniú ar ghnólacht infheistíochta forais chreidmheasa atá údaraithe chun seirbhísí infheistíochta a sholáthar; de bhrí nach mór a cheangal freisin ar gach foras creidmheasa den sórt sin a bheith páirteach i scéim chúitimh d'infheisteoirí chun a ghnó infheistíochta a chumhdach; de bhrí, áfach, nach gá a cheangal ar fhoras creidmheasa den sórt sin a bheith páirteach in dhá scéim ar leithligh i gcás ina ndéanann aon scéim amháin freastal do cheanglais na Treorach seo agus Threoir 94/19/CE an 30 Bealtaine 1994 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna ráthaíochta taiscí1; de bhrí, áfach, i gcás gnólachtaí infheistíochta ar forais chreidmheasa iad, go bhféadfadh sé a bheith deacair, i gcásanna áirithe, idirdhealú idir taiscí arna gcumhdach le Treoir 94/19/CE agus airgead a shealbhaítear i dtaca le gnó infheistíochta; de bhrí gur cóir a cheadú do Bhallstáit a chinneadh cén Treoir a mbeidh feidhm aici maidir le héilimh den sórt sin;
(10) De bhrí go gceadaítear do Bhallstát le Treoir 94/19/CE foras creidmheasa a dhíolmhú ón oibleagáid a bheith páirteach i scéim ráthaíochta taiscí i gcás an foras creidmheasa sin a bheith páirteach i gcóras a chosnaíonn an foras creidmheasa féin agus, go háirithe, a chinntíonn a shócmhainneacht; de bhrí, i gcás gur gnólacht infheistíochta freisin é foras creidmheasa atá páirteach i gcóras den sórt sin, gur cóir a cheadú do Bhallstát freisin, faoi réir coinníollacha áirithe, é a dhíolmhú ón oibleagáid a bheith páirteach i scéim chúitimh d'infheisteoirí;
(11) De bhrí gur cóir gur leor leibhéal íosta comhchuibhithe cúitimh ECU 20 000 do gach infheisteoir chun leasanna an infheisteora bhig a chosaint i gcás nach bhfuil gnólacht infheistíochta in ann freastal dá oibleagáidí i leith a chuid cliant is infheisteoirí; de bhrí go ndealródh sé, dá réir sin, a bheith réasúnach an leibhéal íosta comhchuibhithe cúitimh a shocrú ag ECU 20 000; de bhrí, amhail mar atá i dTreoir 94/19/CE, go bhféadfadh gur ghá forálacha idirthréimhseacha teoranta chun a chumasú do scéimeanna cúitimh déanamh de réir an fhigiúir sin ós rud é go bhfuil comhfheidhm leis seo maidir le Ballstáit nach bhfuil, tráth an Treoir seo a ghlacadh, aon scéim den sórt sin acu;
(12) De bhrí gur glacadh an figiúr céanna i dTreoir 94/19/CE;
(13) De bhrí, d'fhonn infheisteoirí a spreagadh cúram cuí a glacadh le linn dóibh gnólachtaí infheistíochta a roghnú, go bhfuil sé réasúnach a cheadú do Bhallstáit a cheangal ar infheisteoirí cion d'aon chaillteanas a iompar; de bhrí, áfach, nach mór infheisteoir a chumhdach i leith 90% ar a laghad d'aon chaillteanas fad is atá an cúiteamh a íoctar níos lú ná íosmhéid an Chomhphobail;
(14) De bhrí go dtairgtear le scéimeanna Ballstát áirithe léibhéil cumhdaigh atá níos airde ná an leibhéal íosta comhchuibhithe cosanta faoin Treoir seo; de bhrí, áfach, nach dealraitheach é a bheith inmhianaithe a cheangal go ndéanfaí aon athrú sna scéimeanna sin ina leith sin;
(15) De bhrí go bhféadfadh sé gurb é a thiocfaidh, laistigh den chríoch chéanna, de scéimeanna a choinneáil sa Chomhphobal lena gcuirtear leibhéil cumhdaigh ar fáil atá níos airde ná an t-íosmhéid comhchuibhithe, ná neamhionannais i dtaca le cúiteamh agus coinníollacha neamhchothroma iomaíochta idir gnólachtaí infheistíochta náisiúnta agus brainsí de ghnólachtaí ó Bhallstáit eile; de bhrí, d'fhonn cur i gcoinne na míbhuntáistí sin, gur chóir a údarú do bhrainsí a bheith páirteach i scéimeanna a dtíortha ósta ionas go bhféadfaidh siad an cumhdach céanna a thairiscint dá n-infheisteoirí a thairgtear le scéimeanna na dtíortha ina bhfuil siad suite; de bhrí gur cuí go léireodh an Coimisiún, ina thuarascáil maidir le feidhm na Treorach seo, an méid a d'fheidhmigh brainsí an rogha sin agus aon deacrachtaí a bhain dóibh nó do na scéimeanna cúitimh d'infheisteoirí le linn na forálacha sin a chur chun feidhme; de bhrí nach gcuirtear as an áireamh go bhféadfaí cumhdach forlíontach den sórt sin a thairiscint le scéimeanna Ballstát baile astu féin, faoi réir na gcoinníollacha a bheidh leagtha síos sna scéimeanna sin;
(16) De bhrí go bhféadfadh suaití margaidh teacht chun cinn de bharr brainsí de ghnólachtaí infheistíochta, arna mbunú i mBallstáit seachas a mBallstáit tionscnaimh, do thairiscint leibhéal cumhdaigh atá níos airde ná iad sin a thairgeann gnólachtaí infheistíochta atá údaraithe ina mBallstáit ósta; de bhrí nach cuí go dtiocfadh leibhéal nó scóip an chumhdaigh a bhíonn á thairiscint le scéimeanna cúitimh chun bheith ina ghléas iomaíochta; de bhrí gur gá, dá réir sin, le linn tréimhse tosaigh ar a laghad, coinníoll a leagan síos nár mhó leibhéal ná scóip an chumhdaigh a thairgtear le scéim Bhallstáit baile d'infheisteoirí ag brainsí atá suite i mBallstát eile ná an leibhéal nó an scóip uasta a thairgtear leis an scéim chomhréireach sa Bhallstát ósta; de bhrí gur cóir aon suaití margaidh a athbhreithniú go luath, ar bhonn na taithí a bheidh faighte agus i bhfianaise forbairtí san earnáil airgeadais;
(17) De bhrí nach mór do Bhallstát a bheith in ann earnálacha áirithe infheistíochtaí nó infheisteoirí atá liostaithe go sonrach a eisiamh ón gcumhdach a thugtar le scéimeanna cúitimh d'infheisteoirí más rud é nach measann sé go bhfuil gá acu le cosaint speisialta;
(18) De bhrí go bhfuil scéimeanna cúitimh d'infheisteoirí ag roinnt Ballstát atá faoi chúram eagraíochtaí gairmiúla; de bhrí go bhfuil scéimeanna i mBallstáit eile a bunaíodh agus atá á rialáil ar bhonn reachtúil; de bhrí nach gcruthaíonn an éagsúlacht stádais sin fadhb ach amháin maidir le comhaltas éigeantach i scéimeanna agus maidir le heisiamh ó scéimeanna; de bhrí gur gá, dá réir sin, bearta a dhéanamh chun cumhachtaí scéimeanna sa réimse sin a theorannú;
(19) De bhrí nach mór cúiteamh a thabhairt don infheisteoir gan aon rómhoill a luaithe a bhunaítear bailíocht an éilimh atá aige; de bhrí nach mór don scéim chúitimh féin a bheith in ann tréimhse réasúnach a shocrú chun éilimh a thíolacadh; de bhrí, áfach, nach féidir a agairt in aghaidh infheisteora go bhfuil an tréimhse sin istigh, ar infheisteoir é nach raibh in ann, ar chúis mhaith, a éileamh a thíolacadh laistigh den am atá ceadaithe;
(20) De bhrí gur gné bhunriachtanach de chosaint an infheisteora é faisnéis a thabhairt d'infheisteoirí maidir le comhshocraíochtaí cúitimh; de bhrí gur ceanglaíodh le hAirteagal 12 de Threoir 93/22/CEE ar ghnólachtaí infheistíochta a chur in iúl d'infheisteoirí, roimh ghnó a dhéanamh leo, go bhféadfadh feidhm a bheith ag scéim chúitimh; de bhrí, dá réir sin, gur cóir rialacha a leagan síos leis an Treoir seo maidir le faisnéis a thabhairt do na daoine sin a bhfuil sé beartaithe acu a bheith ina n-infheisteoirí, ar faisnéis í a bhaineann leis na scéimeanna cúitimh a chumhdaíonn a ngnó infheistíochta;
(21) De bhrí, áfach, go bhféadfadh an úsáid neamhrialáilte a bhaintear as tagairtí do mhéid agus scóip scéime cúitimh i bhfógraíocht difear a dhéanamh do chobhsaíocht an chórais airgeadais nó do mhuinín infheisteoirí; de bhrí gur cóir do Bhallstáit, dá réir sin, rialacha a leagan síos chun tagairtí den sórt sin a theorannú;
(22) De bhrí, i bprionsabal, go gceanglaíonn an Treoir seo ar gach gnólacht infheistíochta a bheith páirteach i scéim chúitimh d'infheisteoirí; de bhrí go gceadaítear leis na Treoracha a rialaíonn iontráil aon ghnólachta infheistíochta a bhfuil a cheannoifig i dtír nach ball, agus go háirithe le Treoir 93/22/CEE, do Bhallstáit a shocrú an cóir, agus cé na coinníollacha ar faoina réir is cóir, a cheadú do bhrainsí de na gnólachtaí infheistíochta sin oibriú laistigh dá gcríocha; de bhrí nach dteachtfaidh na brainsí sin an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar faoin dara mír d'Airteagal 59 den Chonradh, nó an ceart bunaíochta i mBallstáit seachas sna cinn sin ina bhfuil siad bunaithe; de bhrí, dá réir sin, nach mór do Bhallstát a ligeann na brainsí sin isteach a chinneadh conas prionsabail na Treorach seo a chur i bhfeidhm i leith na mbrainsí sin de réir Airteagal 5 de Threoir 93/22/CEE agus de réir an ghá le hinfheisteoirí a chosaint agus iomláine an chórais airgeadais a chothabháil; de bhrí gur den bhunriachtanas é go mbeadh infheisteoirí ag na brainsí sin ar an eolas go hiomlán faoi na comhshocraíochtaí cúitimh is infheidhme ina leith;
(23) De bhrí nach bhfuil sé riachtanach ar fad de réir na Treorach seo go ndéanfar na modhanna ina mbeidh scéimeanna cúitimh d'infheisteoirí le maoiniú a chomhchuibhiú, á chur san áireamh, ar thaobh amháin, nach mór, i bprionsabal, do na gnólachtaí infheistíochta iad féin costas maoinithe na scéimeanna sin a iompar agus, ar an taobh eile, nach mór go mbeidh cumas maoinithe na scéimeanna sin i gcomhréir lena ndliteanais; de bhrí nach mór, áfach, nach ndéanfaidh sé sin cobhsaíocht chóras airgeadais an Bhallstáit lena mbaineann a chur i gcontúirt;
(24) De bhrí go bhféadfadh sé nach mbeidh de thoradh ar an Treoir seo go mbeidh dliteanas ar na Ballstáit nó ar a n-údaráis inniúla i leith infheisteoirí más rud é go mbeidh siad tar éis a chinntiú gur tugadh isteach aon scéim amháin nó níos mó chun infheisteoirí a chúiteamh nó a chosaint faoi na coinníollacha a fhorordaítear sa Treoir seo agus gur aithníodh an scéim nó na scéimeanna sin go hoifigiúil;
(25) De bhrí, mar chríoch, gur gá íosleibhéal comhchuibhithe ar chomhshocraíochtaí cúitimh d'infheisteoirí chun an margadh inmheánach a chomhlánú do ghnólachtaí infheistíochta ós rud é go mbeidh sé indéanta dá bharr ag infheisteoirí gnó a dhéanamh leis na gnólachtaí sin le breis muiníne, go háirithe le gnólachtaí ó Bhallstáit eile, agus go bhféadfar, dá bharr, aon deacrachtaí a sheachaint a bheadh ann de bharr Ballstáit ósta d'fheidhmiú rialacha náisiúnta cosanta d'infheisteoirí ar rialacha iad nach bhfuil comhordaithe ag leibhéal an Chomhphobail; de bhrí gur Treoir Chomhphobail cheangailteach an t-aon ionstraim chuí chun an cuspóir inmhianaithe a bhaint amach i gcás comhshocraíochtaí cúitimh d'infheisteoirí a fhreagraíonn do chumhdach Threoir 93/22/CEE a bheith in easnamh i gcoitinne; de bhrí nach bhfuil éifeacht leis an Treoir seo ach maidir leis an gcomhchuibhiú íosta is gá, go gceadaíonn sí do Bhallstáit cumhdach níos leithne nó níos airde a fhorordú más mian leo agus go dtugann sí an scóip is gá do Bhallstáit i dtaca le heagrú agus maoiniú scéimeanna cúitimh d'infheisteoirí,
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Chun críche na Treorach seo:
1. ciallóidh ‘gnólacht infheistíochta’ gnólacht infheistíochta arna mhíniú in Airteagal 1 (2) de Threoir 93/22/CEE
— arna údarú de réir Airteagal 3 de Threoir 93/22/CEE,
nó
— arna údarú mar fhoras creidmheasa de réir Threoir 77/780/CEE1 ón gComhairle agus Threoir 89/646/CEE2 ón gComhairle, a gcumhdaíonn a n-údarú ceann amháin nó níos mó de na seirbhísí infheistíochta atá liostaithe i Roinn A den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 93/22/CEE;
2. ciallóidh ‘gnó infheistíochta’ aon seirbhís infheistíochta arna mhíniú in Airteagal 1 (1) de Threoir 93/22/CEE agus an tseirbhís dá dtagraítear i bpointe 1 de Roinn C den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir sin;
3. ciallóidh ‘ionstraimí’ na hionstraimí atá liostaithe i Roinn B den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 93/22/CEE;
4. ciallóidh ‘infheisteoir’ aon duine a mbeidh airgead nó ionstraimí tugtha ar iontaoibh aige nó aici do ghnólacht infheistíochta i dtaca le gnó infheistíochta;
5. ciallóidh ‘brainse’ áit ghnó ar cuid de ghnólacht infheistíochta í, nach bhfuil aon phearsantacht dhlíthiúil aici agus a sholáthraíonn seirbhísí infheistíochta a bhfuil an gnólacht infheistíochta údaraithe ina leith; measfar gur brainse amháin na háiteanna gnó go léir a bheidh bunaithe sa Bhallstát céanna ag gnólacht infheistíochta a bhfuil ceanncheathrú aige i mBallstát eile;
6. ciallóidh ‘gnó comhinfheistíochta’ gnó infheistíochta arna sheoladh do chuntas beirte nó níos mó nó a mbeidh cearta air ag beirt nó níos mó, ar cearta iad a fhéadfar a fheidhmiú trí shíniú ag duine amháin nó níos mó de na daoine sin;
7. ciallóidh ‘údaráis inniúla’ na húdaráis a mhínítear in Airteagal 22 de Threoir 93/22/CEE; féadfaidh sé, más cuí, gurb iad na húdaráis sin na cinn a mhínítear in Airteagal 1 de Threoir 92/30/CEE an 6 Aibreán 1992 ón gComhairle maidir le maoirsiú foras creidmheasa ar bhonn comhdhlúite1.
Airteagal 2
1. Cinnteoidh gach Ballstát go ndéanfar, laistigh dá chríoch, aon scéim chúitimh amháin d'infheisteoirí nó níos mó a thabhairt isteach agus a aithint go hoifigiúil. Ach amháin sna himthosca a shamhlaítear sa dara fomhír agus in Airteagal 5(3), ní fhéadfaidh aon ghnólacht infheistíochta atá údaraithe sa Bhallstát sin gnó infheistíochta a sheoladh mura bhfuil sé páirteach i scéim den sórt sin.
Féadfaidh Ballstát, áfach, foras creidmheasa, ar foras é a bhfuil feidhm ag an Treoir seo maidir leis, a dhíolmhú ón oibleagáid a bheith páirteach i scéim chúitimh d'infheisteoirí más rud é go bhfuil an foras creidmheasa sin díolmhaithe cheana féin faoi Airteagal 3(1) de Threoir 94/19/CE ón oibleagáid a bheith páirteach i scéim ráthaíochta taiscí, ar choinníoll go ndéanfar an chosaint agus an fhaisnéis a thugtar do thaisceoirí a thabhairt freisin d'infheisteoirí ar na téarmaí céanna agus go dteachtfaidh infheisteoirí cosaint dá réir atá comhionann ar a laghad leis an gcosaint sin a thugtar le scéim chúitimh d'infheisteoirí.
Aon Bhallstát a bhaineann leas as an rogha sin, cuirfidh sé an méid sin in iúl don Choimisiún; déanfaidh sé, go háirithe, tréithe na gcóras cosanta atá i gceist agus na forais chreidmheasa atá á gcumhdach acu chun críocha na Treorach seo a nochtadh, mar aon le haon athruithe ina dhiaidh sin ar an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil. Cuirfidh an Coimisiún an méid sin in iúl don Chomhairle.
2. Cuirfidh sceim cumhdach ar fáil d'infheisteoirí de réir Airteagal 4 más rud é:
— go mbeidh cinneadh déanta ag na húdaráis inniúla gur dealraitheach dóibh, de réir a dtuairime, nach bhfuil gnólacht ionstraime, de thuras na huaire, ar chúiseanna a bhaineann go díreach lena imthosca airgeadais, in ann freastal dá oibleagáidí a éiríonn as éilimh infheisteoirí agus nach bhfuil aon luathdhóchúlacht ann go mbeidh sé in ann déanamh amhlaidh,
nó
— go mbeidh rialú déanta ag údarás breithiúnach, ar chúiseanna a bhaineann go díreach le himthosca airgeadais gnólachta infheistíochta, ar rialú é a mbeidh sé mar éifeacht aige cumas infheisteoirí chun éilimh a dhéanamh ina choinne a fhionraí,
cibé acu is luaithe.
Cuirfear cumhdach ar fáil d'éilimh a éireoidh as éagumas gnólachta infheistíochta:
— airgead atá dlite d'infheisteoirí nó ar leo é agus atá á shealbhú thar a gceann i dtaca le gnó infheistíochta a aisíoc,
nó
— aon ionstraimí ar le hinfheisteoirí iad agus atá á sealbhú, á riaradh nó á mbainistiú thar a gceann i dtaca le gnó infheistíochta a thabhairt ar ais dóibh,
de réir na gcoinníollacha dlíthiúla agus conarthacha is infheidhme.
3. Maidir le haon éileamh faoi mhír 2 ar fhoras creidmheasa a bheadh, i mBallstát ar leith, faoi réir na Treorach seo agus Threoir 94/19/CE, díreoidh an Ballstát sin é chuig scéim faoi cheann amháin nó faoi cheann eile de na Treoracha sin de réir mar is cuí leis an mBallstát sin. Ní bheidh éileamh i dteideal cúitimh níos mó ná uair amháin faoi na Treoracha sin.
4. Déanfar méid éilimh infheisteora a ríomh de réir na gcoinníollacha dlíthiúla agus conarthacha, go háirithe na cinn sin a bhaineann le fritháireamh agus frithéilimh, is infheidhme maidir leis an measúnú, ar dháta an chinnidh nó an rialaithe dá dtagraítear i mír 2, ar mhéid an airgid nó ar luach, arna chinneadh i gcás inar féidir faoi threoir mhargadhluach, na n-ionstraimí ar leis an infheisteoir iad agus nach bhfuil an gnólacht infheistíochta in ann a aisíoc nó a thabhairt ar ais.
Airteagal 3
Maidir le héilimh a éireoidh as idirbhearta a mbeidh ciontú coiriúil faighte i dtaca leo mar gheall ar sciúradh airgid, arna mhíniú in Airteagal 1 de Threoir Uimh. 91/308/CEE an 10 Meitheamh, 1991, ón gComhairle maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais le haghaidh sciúradh airgid1, eisiafar iad ó aon chúiteamh faoi scéimeanna cúitimh d'infheisteoirí.
Airteagal 4
1. Cinnteoidh Ballstáit go ndéanfaidh scéimeanna socrú maidir le cumhdach nach lú ná ECU 20 000 do gach infheisteoir i leith na n-éileamh dá dtagraítear in Airteagal 2 (2).
Go dtí an 31 Nollaig, 1999, féadfaidh Ballstáit inar lú an cumhdach, nuair a ghlacfar an Treoir seo, ná ECU 20 000, an leibhéal cumhdaigh sin is ísle a choimeád, ar choinníoll nach lú ná ECU 15 000 é. Beidh an rogha sin ar fáil freisin do Bhallstáit lena mbainfidh na forálacha idirthréimhseacha sa dara mír d'Airteagal 7 (1) de Threoir 94/19/CE.
2. Féadfaidh Ballstát foráil a dhéanamh go ndéanfaidh scéimeanna infheisteoirí áirithe a eisiamh ó chumhdach nó go dtabharfar leibhéal níos ísle cumhdaigh dóibh. Déanfar na heisiaimh sin a liostú in Iarscríbhinn I.
3. Ní choiscfidh an tAirteagal seo forálacha a choimeád nó a ghlacadh lena dtugtar cumhdach níos mó nó níos cuimsithí d'infheisteoirí.
4. Féadfaidh Ballstát an cumhdach dá bhforáiltear i mír 1 nó an clúdach dá dtagraítear i mír 3 a theorannú do chéatadán sonraithe d'éileamh infheisteora. Ní mór an céatadán a bheidh cumhdaithe a bheith comhionann le 90% den éileamh nó a bheith os a chionn sin, áfach, ar choinníoll gur lú an méid a bheidh le híoc faoin scéim ná ECU 20 000.
Airteagal 5
1. Mura gcomhlíonann gnólacht infheistíochta, ar a gceanglaítear le hAirteagal 2 (1) a bheith páirteach i scéim, na hoibleagáidí atá air mar bhall den scéim sin, cuirfear an méid sin in iúl do na húdaráis inniúla a d'eisigh a údarú agus, i gcomhar leis an scéim chúitimh, glacfaidh na húdaráis inniúla sin gach beart is cuí, lena n-áirítear pionóis a fhorchur, chun a chinntiú go gcomhlíonfaidh an gnólacht infheistíochta a oibleagáidí.
2. Má theipeann ar na bearta sin comhlíonadh ag an ngnólacht infheistíochta a áirithiú, féadfaidh an scéim, i gcás go gceadaítear faoin dlí náisiúnta ball a eisiamh, le toiliú sainráite na n-údarás inniúil, fógra nach lú ná 12 mhí a thabhairt go bhfuil sé beartaithe aici an gnólacht infheistíochta a eisiamh ó bhallraíocht sa scéim. Leanfaidh an scéim de chumhdach a sholáthar faoin dara fomhír d'Airteagal 2 (2) i leith gnó infheistíochta a dhéanfar le linn na tréimhse sin. Más rud é, ar dhul in éag do thréimhse an fhógra, nach bhfuil a oibleagáidí comhlíonta ag an ngnólacht infheistíochta, féadfaidh an scéim chúitimh, tar éis toiliú sainráite na n-údarás inniúil a fháil sa chás sin freisin, é a eisiamh.
3. I gcás go gceadaítear amhlaidh faoin dlí náisiúnta, agus le toiliú sainráite na n-údarás inniúil a d'eisigh a údarú, féadfaidh gnólacht infheistíochta a bheidh eisiata ó scéim chúitimh d'infheisteoirí leanúint de sheirbhísí infheistíochta a sholáthar más rud é, sula ndearnadh é a eisiamh, go ndearna sé socruithe cúitimh ionadacha lena gcinntítear go mbeidh cumhdach ag infheisteoirí is comhionann ar a laghad leis an gcumhdach a bheidh á thairiscint ag an scéim ag a bhfuil aitheantas oifigiúil agus go mbeidh tréithe an chumhdaigh comhionann le tréithe na scéime sin.
4. Mura féidir le gnólacht infheistíochta, a bhfuil sé beartaithe é a eisiamh faoi mhír 2, socruithe ionadacha a dhéanamh lena gcomhlíontar na coinníollacha a fhorchuirtear i mír 3, déanfaidh na húdaráis inniúla a d'eisigh a údarú é a tharraingt siar gan mhoill.
Airteagal 6
Tar éis údarú gnólachta infheistíochta a tharraingt siar, leanfar de chumhdach faoin dara fomhír d'Airteagal 2 (2) a sholáthar i leith gnó infheistíochta arna dhéanamh suas go dtí an uair a dhéanfar an tarraingt siar sin.
Airteagal 7
1. Maidir le scéimeanna cúitimh d'infheisteoirí a thabharfar isteach agus a aithneofar go hoifigiúil i mBallstát de réir Airteagal 2 (1), déanfaidh siad infheisteoirí a chumhdach freisin ag brainsí a bheidh arna mbunú ag gnólachtaí infheistíochta i mBallstáit eile.
Go dtí an 31 Nollaig, 1999, ní rachaidh leibhéal ná scóip, lena n-áirítear céatadán, an chumhdaigh dá bhforálfar thar leibhéal ná scóip uasta an chumhdaigh a bheidh á thairiscint ag an scéim chúitimh chomfhreagrach laistigh de chríoch an Bhallstáit ósta. Roimh an dáta sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a tharraingt suas ar bhonn na taithí a bheidh faighte le linn an fhomhír seo agus Airteagal 4 (1) de Threoir 94/19/CE dá dtagraítear thuas a chur i bhfeidhm agus breithneoidh sé an gá leanúint de na forálacha sin. Más cuí, cuirfidh an Coimisiún togra le haghaidh Treorach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, d'fhonn a mbailíocht a fhadú.
I gcás go rachaidh leibhéal nó scóip, lena n-áirítear céatadán, an chumhdaigh a bheidh á thairiscint ag scéim chúitimh d'infheisteoirí an Bhallstáit ósta thar leibhéal nó scóip an chumhdaigh a sholáthrófar sa Bhallstát ina bhfuil gnólacht infheistíochta údaraithe, déanfaidh an Ballstát ósta a chinntiú go mbeidh scéim arna haithint go hoifigiúil ann laistigh dá chríoch ar féidir le brainse ceangal léi go toildeonach d'fhonn cur leis an gcumhdach a bheidh ag a chuid infheisteoirí cheana féin de bhua a bhallraíochta i scéim a Bhallstáit baile.
Má théann brainse isteach i scéim den sórt sin, beidh an scéim sin ina scéim a chumhdaíonn an earnáil forais lena mbaineann an brainse nó is mó dá bhfreagraíonn an brainse ina Bhallstát ósta.
Cinnteoidh Ballstáit go mbunófar coinníollacha, atá oibiachtúil agus a fheidhmítear i gcoitinne, maidir le ballraíocht ag brainsí i ngach scéim chúitimh d'infheisteoirí. Beidh ballraíocht faoi réir an choinníll go ndéanfaidh brainse na hoibleagáidí iomchuí ballraíochta a chomhlíonadh, lena n-áirítear go háirithe gach ranníoc agus gach muirear eile a íoc. Leanfaidh na Ballstáit na treoirphrionsabail a leagtar amach in Iarscríbhinn II le linn an mhír seo a chur chun feidhme.
2. Más rud é nach ndéanfaidh brainse a mbeidh rogha na ballraíochta toildeonaí feidhmithe aige faoi mhír 1 na hoibleagáidí atá air mar bhall de scéim chúitimh d'infheisteoirí a chomhlíonadh, cuirfear an méid sin in iúl do na húdaráis inniúla a d'eisigh a údarú agus, i gcomhar leis an scéim chúitimh, déanfaidh siad gach beart is gá chun a chinntiú go gcomhlíonfaidh an brainse na hoibleagáidí réamhluaite.
Mura gcinnteofar, de thoradh na mbeart sin, go gcomhlíonfaidh an brainse na hoibleagáidí dá dtagraítear san Airteagal seo, féadfaidh an scéim chúitimh, le toiliú na n-údarás inniúil a d'eisigh an t-údarú, tar éis tréimhse cuí fógra nach lú ná 12 mhí, an brainse a eisiamh. Leanfaidh an scéim chúitimh, a raibh an brainse ina bhall toildeonach di, de ghnó infheistíochta, a bheidh déanta roimh dháta an eisiaimh, a chumhdach tar éis an dáta sin. Cuirfear tarraingt siar an chumhdaigh fhorlíontaigh agus an dáta a mbeidh éifeacht léi in iúl d'infheisteoirí.
Airteagal 8
1. Beidh feidhm ag an gcumhdach dá bhforáiltear in Airteagal 4 (1), (3) agus (4) maidir le héileamh comhiomlán an infheisteora ar an ngnólacht infheistíochta céanna faoin Treoir seo gan aird a thabhairt ar líon na gcuntas, ar an airgeadra ná ar an suíomh sa Chomhphobal.
Féadfaidh Ballstáit foráil a dhéanamh, áfach, go ndéanfar cistí in airgeadraí seachas airgeadraí na mBallstát sin agus an ecu a eisiamh ó chumhdach nó gur faoi réir cumhdaigh is ísle a bheidh siad. Ní bhainfidh an rogha seo le hionstraimí.
2. Cuirfear scair gach infheisteora i ngnó comhinfheistíochta san áireamh nuair a bheidh an cumhdach dá bhforáiltear in Airteagal 4 (1), (3) agus (4) á ríomh.
Cheal forálacha speisialta, déanfar éilimh a roinnt go cothrom idir infheisteoirí.
Féadfaidh Ballstáit foráil a dhéanamh go bhféadfar, maidir le héilimh a bhaineann le gnó comhinfheistíochta a bhfuil teideal ag beirt nó níos mó chucu mar bhaill de chomhpháirtíocht ghnó, de chumann nó de ghrúpáil den tsamhail chéanna, nach bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige nó aici, d'fhonn na teorainneacha a ríomh dá bhforáiltear in Airteagal 4 (1), (3) agus (4), iad a chomhiomlánú agus go bhféadfar déileáil leo amhail is dá mba rud é go n-éiríonn siad as infheistíocht arna déanamh ag infheisteoir aonair.
3. I gcás nach bhfuil teideal iomlán ag infheisteoir ar na suimeanna nó ar na hurrúis a bheidh á sealbhú, is é nó í an duine ag a bhfuil an teideal iomlán a gheobhaidh an cúiteamh, ar choinníoll go ndearnadh an duine sin a aithint, nó gur féidir an duine sin a aithint, roimh dháta an chinnidh nó an rialaithe dá dtagraítear in Airteagal 2 (2).
Má tá teideal iomlán ag beirt nó níos mó, déanfar scair gach duine acu faoi na socruithe ar faoina réir a dhéantar bainistiú ar na suimeanna nó ar na hurrúis a chur san áireamh nuair a dhéantar na teorainneacha atá leagtha síos in Airteagal 4 (1), (3) agus (4) a ríomh.
Ní bheidh feidhm ag an bhforáil seo maidir le gnóthais chomhinfheistíochta.
Airteagal 9
1. Glacfaidh an scéim chúitimh bearta cuí chun an cinneadh nó an rialú dá dtagraítear in Airteagal 2 (2) a chur in iúl d'infheisteoirí agus, má tá cúiteamh le tabhairt dóibh, cúiteamh a thabhairt dóibh a luaithe is féidir. Féadfaidh sí tréimhse a shocrú a mbeidh ceangal ar infheisteoirí a n-éilimh a chur isteach lena linn. Ní bheidh an tréimhse sin níos lú ná cúig mhí ó dháta an chinnidh nó an rialaithe réamhluaite sin nó ón dáta a dhéantar an cinneadh nó an rialú sin a phoibliú.
Má bhíonn an tréimhse sin caite, ní fhéadfaidh an scéim leas a bhaint as sin, áfach, chun cumhdach a shéanadh ar infheisteoir nach raibh in ann a cheart ar chúiteamh a éileamh in am.
2. Beidh an scéim in ann éileamh infheisteora a íoc a luaithe is féidir agus ar a dhéanaí laistigh de thrí mhí tar éis cáilitheacht agus méid an éilimh a bhunú.
In imthosca eisceachtúla ar fad agus i gcásanna speisialta féadfaidh scéim chúitimh iarratas a dhéanamh chun na n-údarás inniúil ar fhadú ar an teorainn ama. Ní rachaidh aon fhadú den sórt sin thar thrí mhí.
3. D'ainneoin na teorann ama a leagtar síos i mír 2, i gcás go mbeidh infheisteoir nó aon duine eile, ag a bhfuil teideal chuig gnó infheistíochta nó leas i ngnó infheistíochta, cúisithe i leith ciona a éiríonn as sciúradh airgid nó a bhaineann le sciúradh airgid arna mhíniú in Airteagal 1 de Threoir 91/308/CEE, féadfaidh an scéim chúitimh aon íocaíocht a chur ar fionraí go dtí go dtabharfar breith na cúirte.
Airteagal 10
1. Déanfaidh Ballstáit a chinntiú go ndéanfaidh gach gnólacht infheistíochta bearta cuí chun an fhaisnéis is gá chun an scéim chúitimh d'infheisteoirí a bhfuil an gnólacht infheistíochta agus a chuid brainsí laistigh den Chomhphobal ina mbail di a aithint nó aon socrú ionadach dá bhforáiltear faoin dara fomhír d'Airteagal 2 (1) nó Airteagal 5 (3) a chur ar fáil d'infheisteoirí iarbhír agus d'infheisteoirí beartaitheacha. Déanfar forálacha na scéime cúitimh d'infheisteoirí nó aon socrú ionadach is infheidhme, lena n-áirítear méid agus scóip an chumhdaigh a chuireann an scéim chúitimh ar fáil agus aon rialacha a bheidh leagtha síos ag na Ballstáit de bhun Airteagal 2 (3) a chur in iúl d'infheisteoirí. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil ar mhodh is intuigthe go héasca.
Ar í a iarraidh tabharfar faisnéis freisin i dtaobh na gcoinníollacha lena rialaítear cúiteamh agus i dtaobh na bhfoirmiúlachtaí is gá a chomhlíonadh chun cúiteamh a fháil.
2. Déanfar an fhaisnéis dá bhforáiltear i mír 1 a chur ar fáil ar an modh a fhorordaítear le dlí náisiúnta i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit a bhfuil brainse bunaithe ann.
3. Bunóidh Ballstáit rialacha lena dteorannófar an úsáid a bhainfear as an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 i bhfógraíocht d'fhonn cosc a chur leis an úsáid sin difear a dhéanamh do chobhsaíocht an chórais airgeadais nó do mhuinín infheisteoirí. Go háirithe, féadfaidh Ballstát an fhógraíocht sin a theorannú do thagairt fhíorasach don scéim lena mbaineann gnólacht infheistíochta.
Airteagal 11
1. Déanfaidh gach Ballstát fiosrú lena fháil amach an bhfuil cumhdach is comhionann leis an gcumhdach a fhorordaítear sa Treoir seo ag brainsí arna mbunú ag gnólacht infheistíochta a bhfuil a cheannoifig lasmuigh den Chomhphobal. Mura bhfuil an clúdach sin ann, féadfaidh Ballstát, faoi réir Airteagal 5 de Threoir 93/22/CEE, coinníoll a leagan síos go rachaidh brainsí arna mbunú ag gnólacht infheistíochta a bhfuil a cheannoifig lasmuigh den Chomhphobal isteach i scéimeanna cúitimh d'infheisteoirí atá ag feidhmiú laistigh dá chríoch.
2. Déanfaidh gnólacht infheistíochta, a bhfuil a cheannoifig lasmuigh den Chomhphobal, gach faisnéis iomchuí a bhaineann leis na socruithe cúitimh a chumhdaíonn a n-infheistíochtaí a sholáthar d'infheisteoirí iarbhír agus beartaitheacha ag brainsí arna mbunú ag an ngnólacht infheistíochta sin.
3. Déanfar an fhaisnéis dá bhforáiltear i mír 2 a chur ar fáil ar an modh a fhorordaítear le dlí náisiúnta i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit a bhfuil brainse bunaithe ann agus dréachtófar i bhfoirm shoiléir intuigthe í.
Airteagal 12
Gan dochar d'aon chearta eile a bheidh acu faoin dlí náisiúnta, féadfaidh ceart seachaíochta a bheith ag scéimeanna a thugann íocaíochtaí d'fhonn infheisteoirí a chúiteamh maidir le cearta na n-infheisteoirí sin in imeachtaí leachtaithe le haghaidh méideanna is comhionann lena n-íocaíochtaí.
Airteagal 13
Déanfaidh Ballstáit a chinntiú go bhféadfaidh ceart infheisteora ar chúiteamh a bheith ina ábhar caingne ag an infheisteoir in aghaidh na scéime cúitimh.
Airteagal 14
Tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig, 1999, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le feidhm na Treorach seo maille le tograí, más cuí, chun í a athbhreithniú.
Airteagal 15
1. Déanfaidh na Ballstáit na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin a thabhairt i bhfeidhm is gá chun go ndéanfaidís an Treoir seo a chomhlíonadh tráth nach déanaí ná an 26 Meán Fómhair, 1998. Cuirfidh siad an méid sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairtí iontu don Treoir seo nó beidh na tagairtí sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe go hoifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos na modhanna chun na tagairtí sin a dhéanamh.
2. Déanfaidh na Ballstáit téacsanna na bpríomhfhorálacha den dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 16
Déanfar Airteagal 12 de Threoir 93/22/CEE a aisghairm le héifeacht ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 15 (1).
Airteagal 17
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm lá a foilsithe in Iris Oifigiúil na gComhphobal Eorpach.
Airteagal 18
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 3 Márta, 1997.
Ar son Pharlaimint na hEorpa | Ar son na Comhairle |
An tUachtarán | An tUachtarán |
J.M. GIL-ROBLES | M. DE BOER |
IARSCRÍBHINN I
LIOSTA EISIAMH DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 4(2)
1. Infheisteoirí gairmiúla agus infheisteoirí forais, lena n-áirítear:
— gnólachtaí infheistíochta arna mhíniú in Airteagal 1(2) de Threoir 93/22/CEE,
— forais chreidmheasa arna mhíniú sa chéad fhleasc d'Airteagal 1 de Threoir 77/780/CEE ón gComhairle,
— forais airgeadais arna mhíniú in Airteagal 1(6) de Threoir 89/646/CEE ón gComhairle,
— gnóthais árachais,
— gnóthais chomhinfheistíochta,
— cistí pinsean agus scoir.
Infheisteoirí gairmiúla agus infheisteoirí forais eile.
2. Forais osnáisiúnta, údaráis riaracháin rialtais agus lárnacha.
3. Údaráis chúigeacha, réigiúnacha, áitiúla agus chathrach.
4. Stiúrthóirí, bainisteoirí, agus baill ar a bhfuil dliteanas pearsanta, de chuid gnólachtaí infheistíochta, daoine a shealbhaíonn 5% nó níos mó de chaipiteal na ngnólachtaí infheistíochta sin, daoine atá freagrach as na hiniúchtaí reachtúla a sheoladh ar dhoiciméid chuntasaíochta gnólachtaí infheistíochta agus infheisteoirí ag a bhfuil stádas dá samhail i ngnólachtaí eile laistigh den ghrúpa céanna le gnólacht den sórt sin.
5. Garghaolta agus tríú páirtithe ag gníomhú thar ceann na n-infheisteoirí dá dtagraítear i bpointe 4.
6. Gnólachtaí eile sa ghrúpa céanna.
7. Infheisteoirí ar a bhfuil aon fhreagracht as fíorais áirithe, nó a bhain tairbhe as fíorais áirithe, a bhaineann le gnólacht infheistíochta agus ba chúis le deacrachtaí airgeadais an ghnólachta nó ba chuid den chúis le meath ar staid airgeadais an ghnólachta.
8. Cuideachtaí de mhéid a fhágann nach gceadaítear dóibh cláir chomhardaithe ghiorraithe a tharraingt suas faoi Airteagal 11 den Cheathrú Treoir 78/660/CEE an 25 Iúil, 1978, ón gComhairle, ar bhonn Airteagal 54(3)(g) den Chonradh maidir le cuntais bhliantúla cineálacha áirithe cuideachtaí1.
IARSCRÍBHINN II
TREOIRPHRIONSABAIL
(Dá dtagraítear sa chúigiú fomhír d'Airteagal 7 (1))
I gcás go ndéanfaidh brainse iarratas chun dul isteach i scéim de chuid Ballstáit ósta le haghaidh cumhdaigh fhorlíontaigh, déanfaidh scéim an Bhallstáit ósta, go déthaobhach le scéim an Bhallstáit baile, rialacha agus nósanna imeachta cuí a bhunú le haghaidh cúiteamh a íoc le hinfheisteoirí sa bhrainse sin. Beidh feidhm ag na prionsabail seo a leanas maidir leis na nósanna imeachta sin a tharraingt suas agus le linn na coinníollacha ballraíochta a cheapadh is infheidhme maidir leis an mbrainse sin (dá dtagraítear in Airteagal 7 (1)):
(a) coimeádfaidh scéim an Bhallstáit ósta lánchearta chun a chuspóir agus a rialacha a fheidhmítear go ginearálta a fhorchur ar ghnólachtaí infheistíochta rannpháirteacha; beidh ar a cumas a cheangal go soláthrófar faisnéis iomchuí agus beidh sí i dteideal an fhaisnéis sin a fhíorú le húdaráis inniúla an Bhallstáit baile;
(b) freastalóidh scéim an Bhallstáit ósta ar éilimh ar chúiteamh forlíontach tar éis d'údaráis inniúla an Bhallstáit baile an cinneadh nó an rialú dá dtagraítear in Airteagal 2(2) a chur in iúl di. Coimeádfaidh scéim an Bhallstáit ósta lánchearta chun teideal infheisteora a fhíorú de réir a caighdeán agus a nósanna imeachta féin roimh chúiteamh forlíontach a íoc;
(c) comhoibreoidh scéimeanna an Bhallstáit ósta agus an Bhallstáit baile lena chéile go hiomlán d'fhonn a chinntiú go bhfaigheann infheisteoirí cúiteamh go pras agus sna méideanna cearta. Go háirithe, aontóidh siad i dtaobh conas a dhéanfaidh frithéileamh, atá ann agus a d'fhéadfadh a bheith ina chúis le fritháireamh faoi cheachtar scéim, difear don chúiteamh a íocfaidh gach scéim leis an infheisteoir;
(d) beidh scéim an Bhallstáit ósta i dteideal muirear a ghearradh ar bhrainsí as cumhdach forlíontach ar bhonn iomchuí lena gcuirtear san áireamh an cumhdach a bheidh á mhaoiniú le scéim an Bhallstáit baile. Chun muirearú a urasú, beidh scéim an Bhallstáit ósta i dteideal glacadh leis nach mbeidh ina dhliteanas, i ngach cúinse, ach anbharr an chumhdaigh a bheidh arna thairiscint aici thar an gcumhdach a bheidh arna thairiscint ag an mBallstát baile ar neamhaird leis an mBallstát baile d'íoc aon chúitimh iarbhír i leith éileamh ó infheisteoirí laistigh de chríoch an Bhallstáit ósta.
1 O.J. Uimh. C 321, 27.11.1993, l.15 agus O.J. Uimh. C 382, 31.12.1994, l.27.
2 O.J. Uimh. C 127, 7.5.1994, l.1.
3 Tuairim a tugadh an 28 Iúil 1995.
4Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Aibreán 1994 (O.J. Uimh. C 128, 9.5.1994, l.85), Comhsheasamh na Comhairle an 23 Deireadh Fómhair 1995 (O.J. Uimh. C 320, 30.11.1995. l.9) agus Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 1996 (O.J. Uimh. C 96, 1.4.1996, l.28). Cinneadh ón gComhairle an 17 Feabhra 1997 agus Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Feabhra 1997 (O.J. Uimh. C 85, 17.3.1997).
5O.J. Uimh. L 141, 11.6.1993, l.27
1O.J. Uimh. L 135, 31.5.1994, l.51
1 An Chéad Treoir 77/780/CEE ón gComhairle an 12 Nollaig 1977 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le dul i mbun an ghnó a ghabhann le foras creidmheasa agus leanúint den ghnó sin (O.J. Uimh. L 322, 17.12.1977, l.30). Treoir arna leasú an uair dheireanach le Treoir 89/646/CEE (O.J. Uimh. L 386, 30.12.1989, l.1).
2 An Dara Treoir 89/646/CEE ón gComhairle an 15 Nollaig 1989 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le dul i mbun an ghnó a ghabhann le foras creidmheasa agus leanúint den ghnó sin agus ag leasú Threoir 77/780/CEE (O.J. Uimh. L 386, 30.12.1989, l.1). Treoir arna leasú an uair dheireanach le Treoir 92/30/CEE (O.J. Uimh. L 110, 28.4.1992, l.52).
1O.J. Uimh. L 110, 28.4.1992, l. 52.
1 O.J. Uimh. L 166, 28.6.1991, l.77.
1 O.J. Uimh. L 222, 14.8.1978, l. 11. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 94/8/CE (O.J. Uimh. L 82, 25.3.1994, l.33).