Uimhir 17 de 1989
AN tACHT CUMANN FOIRGNÍOCHTA, 1989
RIAR NA nALT
Réamhráiteach agus Ginearálta
Alt | |
1. | |
2. | |
3. | |
4. | |
5. | |
6. | |
7. | |
8. |
Foirmiú agus Údarú Cumann Foirgníochta
9. | |
10. | |
11. | |
12. | |
13. | |
14. | |
15. | |
16. | |
17. |
Cumhachtaí Cumainn Foirgníochta
18. | |
19. | |
20. | |
21. | |
22. | |
23. | |
24. | |
25. | |
26. | |
27. | |
28. | |
29. | |
30. | |
31. | |
32. | Seirbhísí ceantálaíochta agus seirbhísí eile i ndáil le talamh. |
33. | |
34. | |
35. | |
36. |
Rialú agus Maoirsiú Cumann Foirgníochta ag an mBanc Ceannais
37. | |
38. | |
39. | |
40. | An Banc Ceannais do chúlghairm údarú agus do thabhairt treorach. |
41. | |
42. | |
43. | Cumhacht na Cúirte sáruithe áirithe ar an Acht a thoirmeasc. |
44. | |
45. | |
46. | |
47. |
Bainistí Cumann Foirgníochta
48. | |
49. | |
50. | |
51. | Stiúrthóirí: forálacha forlíontacha maidir le toghcháin, etc. |
52. | |
53. | |
54. | |
55. | |
56. | Idirbhearta substaintiúla maoine a bhfuil lámh ag stiúrthóirí agus ag daoine bainteacha iontu. |
57. | Srianta le hiasachtaí etc. do stiúrthóirí agus do dhaoine baint- eacha. |
58. | |
59. | |
60. | |
61. | Ní mór sonraí i dtaobh tuarastal stiúrthóirí etc. a thabhairt i gcuntais. |
62. | |
63. | |
64. | |
65. | |
66. |
Cruinnithe, Rúin, Vótáil, Etc.
67. | |
68. | |
69. | |
70. | |
71. | |
72. | |
73. | |
74. | |
75. |
Cuntais agus Iniúchadh
Díospóidí agus Gearáin
91. | |
92. |
Cosaint Coigiltis
93. | |
94. |
Cónascthaí agus Aistrithe Gealltanas
95. | |
96. | |
97. | Ráiteas do chomhaltaí i ndáil le cónascadh nó aistriú gealltanas beartaithe. |
98. | |
99. |
Comhshó go Cuideachta Phoiblí Theoranta
100. | |
101. | |
102. | |
103. | |
104. | An Banc Ceannais do dhaingniú agus do chlárú scéime comh- shó. |
105. | |
106. | |
107. | |
108. |
Foirceannadh, etc.
Ilghnéitheach
113. | |
114. | |
115. | |
116. | |
117. | |
118. | |
119. | |
120. | |
121. | |
122. | |
123. | Fóirdheontas ón Aire maidir le hús ar iasachtaí tithíochta arna dtabhairt ag cumann. |
124. | |
125. | |
126. | |
127. |
Na hAchtacháin a Aisghairtear
Forálacha is infheidhme maidir leis an meabhrán agus na rialacha
Forálacha forlíontacha i ndáil le húdarú
Forálacha forlíontacha i ndáil le húdarú a chúlghairm
Forálacha forlíontacha i ndáil le treoir ón mBanc Ceannais faoi Alt 40
Na hAchtanna Dá dTagraítear | |
Bankers' Books Evidence Act, 1879 | 42 & 43 Vict., c. 11 |
Bills of Exchange Act, 1882 | 45 & 46 Vict., c. 61 |
Conveyancing Act, 1881 | 44 & 45 Vict., c. 41 |
Petty Sessions (Ireland) Act, 1851 | 14 & 15 Vict., c. 93 |
Registry of Deeds Act, 1707 | 6 Anne, c. 2 |
Registry of Deeds (Ireland) Act, 1832 | 2 & 3 Will. 4. c. 87 |
Uimhir 17 de 1989
AN tACHT CUMANN FOIRGNÍOCHTA, 1989
[An tiontú oifigiúil]
CUID I
Réamhráiteach agus Ginearálta
Gearrtheideal agus tosach feidhme.
1.—(1) Féadfar an tAcht Cumann Foirgníochta, 1989, a ghairm den Acht seo.
(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh ar cibé lá nó laethanta a shocrófar le hordú nó le horduithe ón Aire, i gcoitinne nó faoi threoir críche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh le haghaidh críoch éagsúil agus forálacha éagsúla.
Léiriú.
2.—(1) San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—
ciallaíonn “Acht 1963” Acht na gCuideachtaí, 1963;
ciallaíonn “Acht 1971” Acht an Bhainc Ceannais, 1971;
folaíonn “athrú”, i ndáil le meabhrán nó rialacha cumainn foirgníochta, aon bhreis a chuirfear leis an meabhrán nó leis na rialacha nó aon éagsúlú a dhéanfar air nó orthu, cealú aon fhorála den mheabhrán nó de na rialacha, cibé acu a chuirfear nó nach gcuirfear foráil amháin nó níos mó sa mheabhrán nó sna rialacha in ionad aon fhorála a chealófar amhlaidh, agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;
ciallaíonn “cumhachtaí inghlactha” cumhachtaí nach mór, faoi aon fhoráil den Acht seo, a bheith glactha ag an gcumann le go mbeidh siad infheidhmithe agus ciallaíonn “glacadh” nó “glactha” glacadh nó glactha, trí chomhaontú, ar fhoirmiú an chumainn nó trí rún speisialta dá éis sin;
tá le “na cuntais bhliantúla” an bhrí a shanntar dó le halt 77;
ciallaíonn “comhlacht comhlachaithe” comhlacht a bhfuil scaireanna nó cearta comhaltais comhréire ag an gcumann ann faoi alt 28;
ciallaíonn “údarú” údarú faoi alt 17;
ciallaíonn “banc” an sealbhóir ar cheadúnas faoi alt 9 d'Acht 1971;
ciallaíonn “cumann foirgníochta” cumann foirgníochta atá corpraithe, nó a mheastar le halt 124 (2) a bheith corpraithe, faoin Acht seo;
ciallaíonn “Banc Ceannais” Banc Ceannais na hÉireann;
folaíonn “coimisiún” aon bhronntanas, bónas, táille, íocaíocht nó sochar eile;
ciallaíonn “Achtanna na gCuideachtaí” Acht na gCuideachtaí, 1963, agus gach achtachán atá le forléiriú le chéile leis mar aon Acht amháin;
folaíonn “sárú” mainneachtain comhlíonadh a dhéanamh;
tá le “rún comhshó” an bhrí a shanntar dó le halt 71;
ciallaíonn “Cúirt” an Ard-Chúirt;
folaíonn “taisce” iasacht agus forléireofar abairtí gaolmhara dá réir sin;
folaíonn “diúscair” agus “diúscairt”, i ndáil le haon mhaoin, aon leas sa mhaoin nó aon cheart thairsti a dheonú;
folaíonn “stiúrthóir” aon duine ag a bhfuil post stiúrthóra, cibé ainm a thugtar air;
folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais;
folaíonn “teach” aon fhoirgneamh nó cuid d'fhoirgneamh a úsáidtear nó atá oiriúnach lena úsáid mar theaghais agus aon fhotheach, clós, gairdín nó talamh eile a chomhghabhann leis nó a theachtar de ghnáth ina theannta, agus déanfar “tithíocht” a fhorléiriú dá réir sin;
ciallaíonn “iasacht tithíochta” iasacht de réir bhrí alt 22;
ciallaíonn “comhalta”, i ndáil le cumann, comhalta de réir bhrí alt 16;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Comhshaoil;
folaíonn “morgáiste.” muirear;
ciallaíonn “oifigeach”, i ndáil le cumann foirgníochta nó comhlacht corpraithe eile, stiúrthóir, príomhfheidhmeannach nó rúnaí, cibé ainm a thugtar air, agus, i ndáil le haon chion, folaíonn sé freisin aon duine a airbheartaíonn a bheith ag gníomhú mar oifigeach de chuid an chomhlachta;
ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin faoin Acht seo;
tá le “an comhad poiblí”, i ndáil le cumann foirgníochta, an bhrí a shanntar dó le halt 122;
ciallaíonn “achtacháin aisghairthe” na hachtacháin a aisghairtear le halt 6;
ciallaíonn “cumann” cumann foirgníochta;
tá le “rún speisialta” an bhrí a shanntar dó le halt 70;
tá le “fochuideachta” an bhrí chéanna atá leis in Achtanna na gCuideachtaí;
tá le “ráiteas airgeadais achomair” an bhrí a shanntar dó le halt 79.
(2) In aon tagairt san Acht seo do scairshealúchas duine i gcumann glacfar leis gurb é luach scaireanna an duine an méid a bheidh chun creidmheasa dó i leith íocaíochtaí a rinne sé ar na scaireanna agus i leith úis a creidiúnaíodh dóibh trí chaipitliú.
(3) Aon tagairt san Acht seo do Chuid, d'alt nó do Sceideal is tagairt í do Chuid, d'alt nó do Sceideal den Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.
(4) Aon tagairt san Acht seo d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.
(5) Aon tagairt san Acht seo d'achtachán forléireofar í mar thagairt don achtachán sin arna leasú, arna oiriúnú nó arna leathnú ag aon achtachán dá éis, nó faoi aon achtachán dá éis, lena n-áirítear an tAcht seo, nó le rialacháin, nó faoi rialacháin, arna ndéanamh faoin Acht seo.
(6) Aon tagairt san Acht seo d'aon fhoráil den Acht seo forléireofar í, más iomchuí, mar thagairt don fhoráil sin arna modhnú le rialachán.
Rialacháin, treoracha, etc.
3.—(1) Féadfaidh an t-údarás cuí, is é sin an tAire, an tAire Airgeadais, an tAire Dlí agus Cirt nó an Banc Ceannais, rialacháin a dhéanamh—
(a) chun críocha ginearálta nó chun aon chríche áirithe den Acht seo, nó
(b) ag forordú aon ní dá dtagraítear san Acht seo mar ní atá forordaithe nó le forordú, nó i ndáil le haon ní dá dtagraítear mar ábhar do rialacháin.
(2) Féadfaidh rialacháin faoin Acht seo feidhm a bheith acu i gcoitinne nó faoi threoir cumainn, iasachtaí, sócmhainní, dliteanais nó cumhachtaí cumann d'aicme shonraithe nó d'aicmí sonraithe, nó faoi threoir ama shonraithe nó amanna sonraithe, nó le linn tréimhse nó tréimhsí sonraithe, nó faoi threoir aon ní eile is cuí leis an údarás cuí.
(3) Gan dochar d'aon fhoráil shonrach den Acht seo, féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, iarmhartacha, eatramhacha nó forlíontacha (lena n-áirítear forálacha chun an t-aistriú ó na hachtacháin aisghairthe go dtí an tAcht seo a chur in éifeacht) a bheith in aon rialacháin faoin Acht seo is dóigh leis an údarás cuí is gá nó is iomchuí chun críche ar bith de chuid an Achta seo nó de dhroim aon fhorála ann nó chun lán-éifeacht a thabhairt d'aon fhoráil ann.
(4) Déanfar gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.
(5) Féadfaidh an Banc Ceannais nithe a shonrú nó treoir a thabhairt i ndáil le haon fhoráil den Acht seo nó de rialacháin arna ndéanamh faoi ina ndéantar foráil maidir leis an mBanc sin do shonrú nithe den sórt sin nó do thabhairt treoracha den sórt sin do chumann agus beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas—
(a) is oifigeach don Bhanc Ceannais a bheidh údaraithe go cuí chuige sin a dhéanfaidh an sonrú sin nó a thabharfaidh an treoir sin,
(b) beidh feidhm, faoi réir aon mhodhnuithe is gá, ag forálacha fho-ailt (2) agus (3) maidir leis na sonruithe nó na treoracha sin mar atá feidhm acu maidir le rialacháin ach féadfaidh feidhm a bheith ag sonrú nó ag treoir freisin maidir le cumann aonair.
Rialacháin chun deireadh a chur le deacrachtaí.
4.—Má éiríonn aon deacracht, ar bhealach ar bith, le linn aon fhoráil den Acht seo a thabhairt i ngníomh nó i ndáil le hoibriú aon fhorála den sórt sin, féadfaidh an tAire, le rialacháin, aon ní a dhéanamh is dóigh leis is gá nó is fóirsteanach chun deireadh a chur leis an deacracht sin, chun an fhoráil sin a thabhairt i ngníomh, nó chun oibriú na forála sin a áirithiú nó a urasú, agus féadfar le haon rialacháin den sórt sin aon fhoráil den Acht seo a mhodhnú a mhéid is gá nó is fóirsteanach chun an fhoráil sin a chur in éifeacht chun na gcríoch a dúradh ach ní dhéanfar aon rialacháin faoin alt seo i ndáil le haon fhoráil den Acht seo tar éis 3 bliana a bheith caite dar tosach an lá ar tháinig an fhoráil iomchuí den Acht seo i ngníomh.
An tAcht a mhodhnú lena chur i gcomhréir le hathruithe ar dhlí na gcuideachtaí agus na baincéireachta.
5.—(1) Má dhéantar aon mhodhnú ar na hachtacháin a bheidh i bhfeidhm i ndáil le cuideachtaí nó bainc, agus gur dóigh leis an Aire gur fóirsteanach forálacha an Achta seo a mhodhnú chun go mbeidh an dlí a bhaineann le cumainn fhoirgníochta ar aon dul leis an dlí a bhaineann le cuideachtaí nó le bainc, féadfaidh an tAire, le rialacháin a dhéanfar le toiliú an Aire Airgeadais, cibé modhnuithe a dhéanamh ar aon fhorálacha den Acht seo is dóigh leis is cuí chuige sin.
(2) An chumhacht a thugtar le fo-alt (1) folaíonn sí cumhacht chun na forálacha iomchuí den Acht seo a mhodhnú—
(a) chun cumhacht a thabhairt orduithe, rialacháin nó ionstraimí eile a dhéanamh;
(b) chun socrú a dhéanamh maidir le táillí a ghearradh ach ní chun aon mhuirear de chineál cánachais a ghearradh.
(3) Féadfar le rialacháin faoin alt seo—
(a) leasuithe iarmhartacha nó aisghairm a dhéanamh ar fhorálacha eile den Acht seo;
(b) cibé forálacha eatramhacha nó cosantacha a dhéanamh is dóigh leis an Aire is gá nó is fóirsteanach.
(4) San alt seo folaíonn “modhnú” aon bhreisiú agus, maidir le modhnuithe ar na hachtacháin a bhaineann le cuideachtaí nó bainc, aon mhodhnú a chuirfear in éifeacht cibé acu le haon Acht sa todhchaí nó le hionstraim reachtúil a dhéanfar, tar éis an tAcht seo a rith, faoi Acht a ritheadh tráth ar bith.
Aisghairm agus forálacha iarmhartacha.
6.—(1) Faoi réir fho-ailt (2), (4) agus (5), déantar leis seo na hachtacháin a shonraítear i gcolún (2) den Chéad Sceideal a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal.
(2) Faoi réir fho-alt (3), leanfaidh Cuid III de na Rialacháin Chumann Foirgníochta, 1987 (I.R. Uimh. 27 de 1987) arna leasú leis na Rialacháin um na Rialacháin Chumann Foirgníochta (Leasú), 1987 (I.R. Uimh. 339 de 1987) de bheith i bhfeidhm, ionann is dá mba é an Banc Ceannais a rinne iad faoi alt 11 (2) agus “an Banc Ceannais” á chur in ionad “an Cláraitheoir”—
(a) i ndáil le hiasachtaí a rinneadh roimh thosach feidhme alt 22 ar urrús eastát nó leas, ruílse nó léasaigh, i dteach a mhorgáistiú, agus
(b) i ndáil le hiasachtaí tithíochta arna dtabhairt ar an tosach feidhme sin nó dá éis.
(3) Ní bheidh feidhm ag Riail I den Chéad Sceideal a ghabhann leis na Rialacháin a dúradh (iasachtaí a fhuascailt) maidir le hiasacht tithíochta, arna tabhairt ar thosach feidhme alt 22, nó dá éis, a bhforálann an comhaontú morgáiste nó iasachta ina leith nach féidir an ráta úis a athrú nó nach féidir é a athrú ach amháin ag eatraimh nach lú ná bliain.
(4) Aon chumann atá, díreach roimh aisghairm alt 3 den Acht Cumann Foirgníochta (Leasú), 1986, i dteideal, de bhua an ailt sin agus rialachán faoi, iasachtaí a thabhairt do chomhaltaí chun oibreacha feabhsúcháin a dhéanamh ar theaghais, leanfaidh siad de bheith i dteideal na hiasachtaí sin a thabhairt ionann is dá mba nár aisghaireadh an t-alt sin—
(a) go dtí an dáta ar a nglacfaidh meabhrán an chumainn éifeacht de réir alt 124 (8), nó
(b) go dtí an dáta ar a dtiocfaidh an chumhacht iasachtaí a thabhairt faoi alt 23 (1) (e) chun bheith infheidhmithe ag an gcumann,
cibé acu is luaithe, agus go dtí an dáta sin amháin.
(5) D'ainneoin aisghairm an Achta Cumann Foirgníochta, 1976, leanfaidh ailt 20, cé is moite d'fho-ailt (9) agus (11), agus 21 den Acht sin, d'fheidhm a bheith acu i ndáil le cumann foirgníochta d'fheidhmiú aon fheidhme lena mbaineann údarú faoi alt 17 go dtí go dtagann Cuid IX i bhfeidhm.
Fógraí a sheirbheáil.
7.—(1) I gcás ina n-údaraítear nó ina gceanglaítear leis an Acht seo nó faoi, nó le rialacháin arna ndéanamh faoin Acht seo nó fúthu, fógra, treoir nó doiciméad eile a sheirbheáil ar dhuine, déanfar, mura sonraítear a mhalairt san Acht seo, é a dhíriú chuige agus a sheirbheáil air nó a thabhairt dó ar cheann de na bealaí seo a leanas—
(a) i gcás é a bheith dírithe chuige faoina ainm, trína sheachadadh air;
(b) trína fhágáil ag an seoladh ag a mbíonn cónaí air de ghnáth nó, i gcás seoladh le haghaidh seirbheála a bheith tugtha, ag an seoladh sin;
(c) trína chur leis an ngnáthphost réamhíoctha agus é dírithe chuige ag an seoladh ag a mbíonn cónaí air de ghnáth nó, i gcás seoladh le haghaidh seirbheála a bheith tugtha, ag an seoladh sin; nó
(d) i gcás oifigigh de chuid cumainn foirgníochta, trína chur chuige leis an ngnáthphost réamhíoctha agus é dírithe chuige ag seoladh phríomhoifig an chumainn.
(2) Féadfar aon doiciméad den sórt sin a sheirbheáil—
(a) i gcás cumainn foirgníochta nó aon chomhlachta chorpraithe eile, ar rúnaí an chumainn nó an chomhlachta chorpraithe;
(b) i gcás comhpháirtíochta, ar aon chomhpháirtí; agus
(c) i gcás comhlachais neamhchorpraithe seachas comhpháirtíocht, ar aon chomhalta de chomhlacht rialaithe an chomhlachais sin.
Caiteachais.
8.—(1) Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire agus an tAire Dlí agus Cirt ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
(2) Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire Airgeadais ag riaradh an Achta seo a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
(3) Déanfar na caiteachais a thabhóidh an Banc Ceannais ag riaradh an Achta seo a íoc as ciste ginearálta an Bhainc.
CUID II
Foirmiú agus Údarú Cumann Foirgníochta
Cuspóirí agus cumhachtaí ginearálta cumainn foirgníochta.
9.—(1) Féadfaidh cumann foirgníochta é a bheith mar chuspóirí aige aon ghníomhaíochtaí díobh siúd a cheadaítear leis an Acht seo, nó faoin Acht seo, a ghabháil de láimh agus beidh mar cheann dá chuspóirí aige cistí a chruinniú chun iasachtaí tithíochta a thabhairt.
(2) Beidh ag cumann na cumhachtaí a thugtar leis an Acht seo nó faoin Acht seo maille le haon chumhachtaí teagmhasacha is gá chun a chuspóirí a chur i gcrích—
(a) faoi réir aon cheanglas, a deir nach mór cumhacht a bheith glactha ag an gcumann le go mbeadh sí infheidhmithe aige, a bheith comhlíonta; agus
(b) faoi réir an Banc Ceannais d'fheidhmiú a fheidhmeanna faoin Acht seo, faoi Achtanna an Airgid Reatha agus an Bhainc Ceannais, 1927 go 1971, nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi aon Acht acu sin.
Foirmiú, clárú agus corprú.
10.—(1) Foirmítear cumann foirgníochta faoin Acht seo ar na ceanglais den Acht seo i ndáil le foirmiú cumainn a bheith comhlíonta ag na daoine atá á fhoirmiú, agus corpraítear faoin Acht seo é ar dheimhniú corpraithe a bheith eisithe.
(2) Féadfaidh 10 nduine nó níos mó, nach bhfuil dícháilithe faoi alt 64, cumann a fhoirmiú—
(a) trí chomhaontú ar chuspóirí an chumainn agus ar raon a chumhachtaí i meabhrán a gcomhlíonfaidh a fhorálacha na ceanglais a bheidh, de thuras na huaire, i gCuid I den Dara Sceideal;
(b) trí chomhaontú ar rialacha chun an cumann a rialáil, is rialacha a chomhlíonfaidh ceanglais Chuid II den Dara Sceideal agus aon rialacháin a bheidh déanta de thuras na huaire faoi alt 11 (2); agus
(c) trí 3 chóip den mheabhrán agus de na rialacha, a mbeidh gach cóip acu sínithe ag 10 ar a laghad de na daoine sin agus ag an rúnaí beartaithe, a sheachadadh ar an mBanc Ceannais.
(3) I gcás ina ndéanfar cóipeanna den mheabhrán agus de na rialacha a sheachadadh ar an mBanc Ceannais de réir fho-alt (2), déanfaidh an Banc—
(a) más deimhin leis go bhfuil an meabhrán agus na rialacha i gcomhréir leis an Acht seo agus le haon rialacháin arna ndéanamh faoi agus nach ainm neamh-inmhianaithe ainm an chumainn bheartaithe,
(b) mura bhfuil aon chúis aige chun a chreidiúint nach n-údarófar an cumann faoi alt 17, agus
(c) más deimhin leis nach ndéanfadh an clárú dochar do rialáil ordúil chuí cumann foirgníochta i gcoitinne,
an meabhrán agus na rialacha a chlárú agus deimhniú corpraithe a eisiúint chuig an gcumann.
(4) Aon uair a chinnfidh an Banc Ceannais diúltú meabhrán agus rialacha a chlárú déanfaidh sé, laistigh de 6 mhí ón dáta ar seachadadh na rialacha agus an meabhrán nó ón dáta a bhfuarthas aon fhaisnéis eile a bhí ag teastáil uaidh, cibé acu is déanaí, fógra a thabhairt do shínitheoirí an mheabhráin agus na rialacha faoina chinneadh agus faoi na cúiseanna a bhí aige leis, agus féadfaidh líon nach lú ná 10 de na daoine sin, laistigh de mhí tar éis dóibh cinneadh an Bhainc a fháil, achomharc a dhéanamh chun na Cúirte i gcoinne an chinnidh.
(5) I gcás ina gcinnfidh an Banc Ceannais an meabhrán agus na rialacha a seachadadh air faoi fho-alt (2) a chlárú, coimeádfaidh agus cláróidh sé cóip amháin, tabharfaidh sé cóip eile ar ais do rúnaí an chumainn mar aon le deimhniú corpraithe, coinneoidh sé cóip eile, mar aon le cóip den deimhniú corpraithe, i gcomhad poiblí an chumainn agus tabharfaidh sé scéala faoin gcorprú don Aire agus don Aire Airgeadais.
(6) Ó dháta a chorpraithe is comhlacht corpraithe cumann (faoin ainm a bheidh ina mheabhrán agus ina rialacha) ag a mbeidh comharbas suthain, séala agus an chumhacht talamh a shealbhú.
(7) Beidh deimhniú corpraithe a thabharfaidh an Banc Ceannais faoin alt seo ina fhianaise leordhóthanach, go dtí go suífear a mhalairt, gur comhlíonadh ceanglais uile an Achta seo maidir le clárú agus le réamhábhair agus ábhair theagmhasacha leis agus gur cumann atá cláraithe agus corpraithe go cuí faoin Acht seo an cumann.
Forálacha forlíontacha i ndáil le meabhrán agus rialacha.
11.—(1) Beidh na forálacha de mheabhrán agus rialacha cumainn foirgníochta, arna léamh le forálacha an Achta seo agus cibé rialacháin a bheidh déanta faoi a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, ina gceangal—
(a) ar an gcumann agus ar gach comhalta agus oifigeach de chuid an chumainn; agus
(b) ar na daoine go léir a dhéanfaidh éileamh thar ceann comhalta nó faoi na rialacha;
agus glacfar leis go bhfuil eolas faoi na forálacha sin ag gach comhalta, oifigeach agus duine den sórt sin.
(2) Féadfaidh an Banc Ceannais le rialachán, ar mhaithe le rialáil ordúil chuí a dhéanamh ar chumainn fhoirgníochta—
(a) foráil bhreise a dhéanamh maidir le foirm an mheabhráin agus lena bhfuil ann, agus féadfar leis an bhforáil sin aon fhoráil de Chuid I den Dara Sceideal a leasú, a leathnú nó a chealú;
(b) rialacha a fhorordú i leith aon cheann de na nithe i gCuid II den Dara Sceideal nó aon cheann de na nithe seo a leanas maidir le hiasachtaí tithíochta nó iasachtaí den chineál dá dtagraítear in alt 6 (2) (a)—
(i) muirearú táillí fuascailte a thoirmeasc nó a shrianadh;
(ii) an tuarascáil faoi alt 25 i ndáil le luach an urrúis d'iasacht a chur ar fáil do chomhalta dá bhfuil an iasacht le tabhairt;
(iii) deireadh nó srian a chur le ceart cumainn a cheangal ar chomhalta árachas ar an urrús d'iasacht a bhaint amach, agus a choinneáil in éifeacht, le hárachóir faoi stiúradh an chumainn nó trí ghníomhaireacht an chumainn nó aon idirghabhálaí atá á stiúradh ag an gcumann:
(iv) cosc nó srian a chur le cumann a cheangal ar chomhalta íoc as costais an chumainn as imscrúdú dlí a dhéanamh ar theideal chun an urrúis;
(v) an cumann do dhéanamh socrú, trí árachóir nó idirghabhálaí a bheidh ainmnithe aige, go gcuirfí árachas cosanta morgáiste ar fáil.
(3) Le héifeacht ó mhí amháin tar éis thosach feidhme na rialachán, beidh rialacha a bheidh forordaithe faoi fho-alt (2) (b) mar chuid de rialacha aon chumainn a ndearbhaíonn na rialacháin feidhm a bheith acu maidir leo, d'ainneoin aon fhorála i rialacha an chumainn.
(4) Más rud é nach bhfuil, i dtuairim an Bhainc Ceannais, meabhrán cumainn a cláraíodh roimh thosach feidhme rialachán faoi fho-alt (2) (a) i gcomhréir le haon rialacháin faoin bhfo-alt sin, tabharfaidh an Banc fógra faoina thuairim don chumann laistigh de 6 mhí tar éis thosach feidhme na rialachán agus, i gcás den sórt sin déanfaidh an cumann láithreach na bearta go léir is gá chun a mheabhrán a athrú dá réir sin laistigh de cibé tréimhse ama a ordóidh an Banc.
(5) Má mhainníonn cumann déanamh de réir fógra ón mBanc Ceannais faoi fho-alt (4) tiocfaidh na cumhachtaí a thugtar don Bhanc le halt 40 chun bheith infheidhmithe i ndáil leis an gcumann nó féadfaidh an Banc iarratas a dhéanamh chun an cumann a fhoirceannadh faoi alt 109.
(6) Tabharfaidh cumann cóip dá mheabhrán agus dá rialacha d'aon duine a iarrfaidh iad ar cibé táille a shocróidh an Banc Ceannais ó am go ham.
(7) San alt seo ciallaíonn “táille fuascailte”, i ndáil le hiasacht, aon suim de bhreis ar an bpríomhshuim agus aon ús a bheidh dlite ar an bpríomhshuim sin (gan aird ar an iasacht a bheith á fuascailt) an tráth a mbeidh an iasacht go léir nó aon chuid den iasacht á fuascailt.
Gníomhartha cumainn.
12.—(1) Aon ghníomh nó ní a bheidh déanta ag cumann foirgníochta agus a bheadh déanta go dlíthiúil agus go héifeachtúil dá mbeadh an chumhacht tugtha don chumann é a dhéanamh, beidh éifeacht leis, faoi réir alt 11 (1), i bhfabhar aon duine atá ag brath ar an ngníomh nó ar an ní sin agus a bhí ag déileáil de mheon macánta leis an gcumann, d'ainneoin nach raibh aon chumhacht ag an gcumann an gníomh nó an ní sin a dhéanamh.
(2) Féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ó chomhalta, ón mBanc Ceannais nó ó aon duine ag a bhfuil leas ábhartha, srian a chur le cumann ó aon ghníomh nó ní a dhéanamh nach bhfuil aon chumhacht aige a dhéanamh.
Ainm cláraithe.
13.—(1) Beidh na focail “building society” nó na focail “cumann foirgníochta” ar áireamh in ainm cumainn.
(2) Ní dhéanfaidh duine, nach cumann foirgníochta agus nach cumann fóntais phoiblí a bheidh ar marthain ar thosach feidhme an ailt seo, ainm, teideal ná abairt tuairisce ina mbeidh na focail “building society” nó na focail “cumann foirgníochta”, ná aon aistriú nó malairt ar na focail sin ná aon díorthaíoch uathu, a úsáid i ndáil leis féin.
(3) Ní úsáidfidh cumann aon ainm nó teideal seachas a ainm cláraithe.
(4) Beidh ar chumann—
(a) a ainm a bheith péinteáilte nó daingnithe in ionad feiceálach, i litreacha so-léite, ar an taobh amuigh de gach ceann dá oifigí nó dá áiteanna gnó,
(b) a ainm a bheith greanta aige i litreacha inléite ar a shéala,
(c) a ainm a bheidh luaite i ngach fógra, litir, seic, admháil nó doiciméad eile a airbheartaíonn a bheith á eisiúint nó á chur amach aige nó thar a cheann, agus
(d) an uimhir faoina bhfuil sé cláraithe agus seoladh a phríomhoifige a bheith ar áireamh ina litreacha go léir.
(5) Ní sárú é ar fhorálacha an ailt seo má úsáideann an cumann, i dteannta a ainm chláraithe, leagan giorraithe den ainm sin.
(6) Más rud é, i dtuairim an Bhainc Ceannais, go bhfuil cumann a corpraíodh roimh thosach feidhme an ailt seo cláraithe, nó go ndéantar cumann, ar é a chlárú i gcéaduair nó ar é a chlárú faoi ainm nua, a chlárú (trí fhaillí nó ar shlí eile), faoi ainm is ainm neamhinmhianaithe i dtuairim an Bhainc, féadfaidh an Banc a cheangal ar an gcumann a ainm a athrú trí fhógra á rá sin a thabhairt dó.
(7) I gcás ina dtabharfar fógra faoi fho-alt (6) do chumann, lamhálfar dó cibé tréimhse, nach lú ná mí, a ordóidh an Banc Ceannais chun déanamh de réir an fhógra agus i gcás ina mainneoidh an cumann déanamh de réir an fhógra le linn na tréimhse sin, tiocfaidh na cumhachtaí a thugtar don Bhanc le halt 40 chun bheith infheidhmithe i ndáil leis an gcumann nó féadfaidh an Banc iarratas a dhéanamh chun an cumann a fhoirceannadh faoi alt 109.
Meabhrán agus rialacha a athrú.
14.—(1) Féadfaidh cumann foirgníochta a mheabhrán nó a rialacha a athrú trí rún speisialta (agus ní dhéanfar amhlaidh ach amháin trí rún speisialta).
(2) Déanfaidh cumann a bheidh ag athrú a mheabhráin nó a rialacha amhlaidh 3 chóip den athrú, a bheidh sínithe ag 3 chomhalta agus ag an rúnaí, a sheachadadh ar an mBanc Ceannais mar aon le litir a bheidh sínithe ag an rúnaí á dhaingniú gur ritheadh rún speisialta ag ceadú an athraithe.
(3) I gcás ina seachadfar cóipeanna ar an mBanc Ceannais de réir fho-alt (2) agus—
(a) gur deimhin leis—
(i) go bhfuil an meabhrán agus na rialacha, arna n-athrú amhlaidh, i gcomhréir leis an Acht seo agus le haon rialacháin arna ndéanamh faoi,
(ii) nach ndéanfadh clárú dochar do rialáil ordúil chuí cumann foirgníochta i gcoitinne, agus
(iii) i gcás malairt ainme a bheith i gceist san athrú, nach ainm neamh-inmhianaithe an mhalairt ainme,
agus
(b) i gcás cumainn nach bhfuil údaraithe faoi alt 17, nach bhfuil aon chúis aige chun a chreidiúint nach n-údarófar an cumann faoin alt sin,
coimeádfaidh agus cláróidh sé cóip amháin, tabharfaidh sé cóip eile ar ais don rúnaí mar aon le deimhniú cláraithe, agus coinneoidh sé cóip eile, mar aon le cóip den deimhniú cláraithe, i gcomhad poiblí an chumainn.
(4) Ní bheidh éifeacht le hathrú faoin alt seo go dtí go gclárófar é faoi fho-alt (3) nó go dtí cibé dáta is déanaí ná sin i ndiaidh an chláraithe a shonrófar sa rún speisialta, mura n-ordóidh an Banc Ceannais a mhalairt.
(5) I gcás ina ndiúltóidh an Banc Ceannais cóip d'athrú a seachadadh air faoi fho-alt (2) a chlárú faoi fho-alt (3), déanfaidh sé, laistigh de 2 mhí tar éis dó na cóipeanna a fháil, fógra a thabhairt don chumann faoina chinneadh agus faoi na cúiseanna atá aige leis agus féadfar achomharc a dhéanamh chun na Cúirte i gcoinne an chinnidh laistigh de mhí amháin tar éis cinneadh an Bhainc a fháil.
(6) Ní dhéanfaidh athrú ar mheabhrán ná ar rialacha difear d'aon cheart marthanach nó oibleagáid mharthanach de chuid cumainn nó de chuid aon chomhalta nó aon duine eile lena mbaineann, ná ní dhéanfaidh sé lochtach aon imeachtaí dlí ag an gcumann nó ina aghaidh, agus aon imeachtaí dlí a bheidh tionscanta aige nó ina aghaidh faoina shean-mheabhrán nó faoina shean-rialacha féadfaidh sé leanúint díobh, nó féadfar leanúint díobh ina aghaidh, faoina mheabhrán nó faoina rialacha athraithe.
Príomhoifig an chumainn.
15.—(1) Beidh ag cumann, amhail ó dháta a chorpraithe, oifig sa Stát (dá ngairfear a phríomhoifig) chuig a bhféadfar gach comhfhreagras agus fógra a dhíriú.
(2) Déanfaidh an cumann fógra faoi aon chinneadh chun suíomh na príomhoifige a athrú, agus faoin dáta a dtiocfaidh sé in éifeacht, a chur chuig an mBanc Ceannais laistigh de 7 lá tar éis an chinnidh, agus cláróidh an Banc Ceannais an fógra agus coinneoidh sé cóip den fhógra i gcomhad poiblí an chumainn.
Comhaltas agus dliteanas comhaltaí.
16.—(1) Is comhalta de chumann foirgníochta gach duine a shealbhíonn scair amháin nó níos mó sa chumann.
(2) Féadfaidh cumann, faoi réir a rialacha, a cheadú do dhuine dá dtugtar iasacht tithíochta nó dár tugadh, faoi na hachtacháin aisghairthe, iasacht atá urraithe trí eastát nó leas, ruílse nó léasach, a mhorgáistiú, a bheith ina chomhalta gan scair a shealbhú sa chumann agus ní mó an dliteanas a bheidh ar chomhalta den sórt sin ná an dliteanas a bheadh air dá measfaí, faoi na rialacha, scair a bheith á sealbhú aige sa chumann de bharr an iasacht a thabhairt.
(3) Féadfaidh beirt daoine nó níos mó scaireanna i gcumann a chomhshealbhú.
(4) An dliteanas a bheidh ar chomhalta de chumann maidir le haon scair sa chumann nár tugadh aon iasacht ina leith, beidh an méid a íocadh iarbhír, agus a bheidh i riaráiste ar an scair, de theorainn leis agus, maidir le haon scair ar tugadh iasacht ina leith, beidh an méid is iníoctha uirthi faoi aon mhorgáiste nó urrús eile, nó faoi rialacha an chumainn, de theorainn leis.
(5) Féadfar duine nach bhfuil aois iomlán aige de réir bhrí an Achta um Lán-Aois, 1985, a ghlacadh mar chomhalta de chumann nach dtoirmisceann a rialacha glacadh den sórt sin agus féadfaidh sé gach admháil riachtanach a thabhairt ach fad nach mbeidh an aois sin aige ní bheidh sé i dteideal vótáil, aon oifig sa chumann a shealbhú ná aon duine a ainmniú, ná uamadh chun duine a ainmniú, lena thoghadh mar stiúrthóir ar an gcumann.
(6) I gcás ina gcomhshealbhóidh beirt daoine nó níos mó scaireanna i gcumann, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas—
(a) is é an duine arb é a ainm an chéad ainm i dtaifid an chumainn i ndáil le scaireanna i gcomhsheilbh an comhshealbhóir ionadach;
(b) ach amháin i gcás ina bhforáiltear a mhalairt i rialacha cumainn, measfar aon fhógra nó doiciméad eile a cheanglaíonn an tAcht seo ar chumann a chur chuig sealbhóirí scaireanna sa chumann a bheith curtha chuig na comhshealbhóirí má chuirtear chuig an gcomhshealbhóir ionadach é;
(c) i gcás ina bhféadfaidh comhalta de chumann, faoin Acht seo, vótáil ag cruinniú nó faoi phostbhallóid de bhua gur sealbhóir scaireanna sa chumann é agus gur comhshealbhóir ar na scaireanna sin an duine sin, is é an comhshealbhóir ionadach a bheidh i dteideal na cearta a thugtar le hailt 68, 69 agus 72 go 74 a fheidhmiú, d'ainneoin aon ní sna hailt sin;
(d) sa chlár a cheanglaítear a choinneáil faoi alt 65 léireofar, in iontráil an duine sin de na comhshealbhóirí arb é an comhshealbhóir ionadach é, gurb é an comhshealbhóir sin é;
(e) chun críocha Chodanna X agus XI, measfar gurb é an comhshealbhóir ionadach, agus eisean amháin, a shealbhaíonn na scaireanna, agus ní mheasfar gur comhalta den chumann chun críocha na gCodanna sin comhshealbhóir ar na scaireanna (seachas comhshealbhóir ionadach);
(f) beidh an ceart ag an gcomhshealbhóir ionadach, ach ní bheidh an ceart ag na comhshealbhóirí eile, uamadh chun iarratas a dhéanamh faoi alt 45 agus is dá réir sin a fhorléireofar aon tagairt san alt sin don chomhaltas iomlán;
(g) ní oibreoidh mír (b) chun a chosc ar aon duine de na comhshealbhóirí cóip de chuntais bhliantúla nó de ráiteas airgead ais achomair an chumainn a fháil ón gcumann ar í a iarraidh;
(h) beidh na comhshealbhóirí i dteideal an t-ord ina n-ainmneofar iad i dtaifid an chumainn a roghnú.
(7) I gcás ina dtabharfaidh cumann iasacht, is iasacht arna tabhairt faoi na hachtacháin aisghairthe agus arna hurrú trí eastát nó leas, ruílse nó léasach, a mhorgáistiú nó is iasacht tithíochta, do bheirt daoine nó níos mó i gcomhpháirt, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas—
(a) is é an duine arb é a ainm an chéad ainm i dtaifid an chumainn i ndáil leis an iasacht sin an comhiasachtaí ionadach;
(b) ach amháin i gcás ina bhforáiltear a mhalairt i rialacha cumainn, measfar aon fhógra nó doiciméad eile a cheanglaítear leis an Acht seo a chur chuig iasachtaithe a bheith curtha chuig na comhiasachtaithe má chuirtear chuig an gcomhiasachtaí ionadach é;
(c) i gcás ina bhféadfaidh iasachtaí, faoin Acht seo, vótáil ag cruinniú den chumann nó faoi phostbhallóid agus gur comhiasachtaí an duine sin, is é an comhiasachtaí ionadach a bheidh i dteideal na cearta a thugtar le hailt 68, 69, 72 agus 73 a fheidhmiú, d'ainneoin aon ní sna hailt sin;
(d) sa chlár a cheanglaítear a choinneáil faoi alt 65 léireofar, in iontráil an duine de na comhiasachtaithe arb é an comhiasachtaí ionadach é, gurb é an comhiasachtaí sin é;
(e) chun críocha Chuid XI, measfar gur cearta de chuid an chomhiasachtaí ionadaigh, agus eisean amháin, cearta na gcomhiasachtaithe mar chomhaltaí iasachtacha den chumann agus ní mheasfar gur comhalta iasachtach den chumann chun críocha na Coda sin comhiasachtaí (seachas comhiasachtaí ionadach);
(f) ní oibreoidh mír (b) chun a chosc ar aon duine de na comhiasachtaithe cóip de chuntais bhliantúla nó de ráiteas airgeadais achomair an chumainn a fháil ón gcumann ar í a iarraidh;
(g) beidh na comhiasachtaithe i dteideal an t-ord ina n-ainmneofar iad i dtaifid an chumainn a roghnú.
Údarú cistí a chruinniú.
17.—(1) Ach amháin a mhéid a cheadaítear le fo-alt (3), ní dhéanfaidh cumann foirgníochta, nó duine a bheidh ag gníomhú nó a airbheartóidh a bheith ag gníomhú thar a cheann, cistí a chruinniú, ná fógraíocht nó sireadh ar shlí eile a dhéanamh ag iarraidh taiscí nó suibscríobhanna le haghaidh scaireanna, mura mbeidh údarú i bhfeidhm a dheonaigh an Banc Ceannais nó a mheastar a bheith deonaithe faoin alt seo.
(2) Aon chumann a raibh, díreach roimh aisghairm an ailt sin, cead fógraíochta aige faoi alt 19 den Acht Cumann Foirgníochta, 1976, meastar údarú a bheith deonaithe dó faoin alt seo agus beidh feidhm ag aon srian a bheidh curtha leis an gcead ionann is dá mba choinníoll leis an údarú é.
(3) Ní gá údarú a bheith ann—
(a) chun glacadh le híocaíochtaí ar mhodh suibscríobh le haghaidh scaireanna iarchurtha mura mó comhiomlán na n-íocaíochtaí ná £250,000 nó cibé méid is airde ná sin a shonróidh an Banc Ceannais;
(b) chun glacadh le híocaíochtaí maidir le méideanna a bheidh dlite i leith scaireanna in ionannas d'ús ar iasachtaí, nó d'aisíoc iasachtaí, a tugadh do na sealbhóirí scaireanna; nó
(c) chun iasacht a fháil ó chumann eile nó ó bhanc nó ó oifigeach don chumann, má tá toiliú i scríbhinn faighte ag an gcumann roimh ré ón mBanc Ceannais.
(4) Ar iarratas ar údarú faoin alt seo a bheith déanta go cuí ag cumann, féadfaidh an Banc Ceannais, de réir mar is cuí leis agus ag féachaint d'alt 37—
(a) údarú a dheonú, más deimhin leis—
(i) go bhfuil caipiteal cáilitheach ag an gcumann nach lú a mhéid ná an t-íosmhéid forordaithe,
(ii) maidir leis an gcathaoirleach agus le comhaltaí an bhoird stiúrthóirí, leis an bpríomhfheidhmeannach agus leis an rúnaí, gur duine inniúil cuí gach duine acu chun an oifig atá aige sa chumann a shealbhú, agus
(iii) go bhfuil sé ar chumas an bhoird stiúrthóirí agus ar intinn ag an mbord sin, maille leis an bpríomhfheidhmeannach agus an rúnaí, gnóthaí an chumainn a stiúradh agus a bhainistí go críonna agus go hionraic agus leis na scileanna gairmiúla leordhóthanacha;
(b) údarú a dheonú faoi réir cibé coinníollacha a dheimhneoidh an méid sin dó nó thairis sin de réir mar is dóigh leis is gá; nó
(c) diúltú údarú a dheonú.
(5) Féadfaidh an Banc Ceannais coinníollacha údaraithe a chúlghairm nó a leasú nó féadfaidh sé cur leo agus féadfaidh sé coinníollacha a fhorchur i ndáil le húdarú a deonaíodh nó a mheastar a bheith deonaithe faoin alt seo i gcás inar cuí leis an mBanc amhlaidh.
(6) Gan dochar do ghinearáltacht fho-ailt (4) agus (5), féadfaidh coinníollacha baint a bheith acu le haon ní is dóigh leis an mBanc Ceannais is iomchuí agus féadfaidh siad go háirithe—
(a) teorainneacha a chur le heisiúint scaireanna nó ionstraimí fiachais, le glacadh taiscí nó le húsáid sócmhainní;
(b) a cheangal ar an gcumann bearta sonraithe a dhéanamh maidir le seoladh gnó aon fhochuideachta nó aon chomhlachta chomhlachaithe eile;
(c) a cheangal aon stiúrthóir nó oifigeach eile a chur as oifig;
(d) baint a bheith acu le haon ghníomhaíochtaí de chuid an chumainn nó de chuid fochuideachta nó comhlachta chomhlachaithe eile; nó
(e) a cheangal ar an gcumann bearta áirithe a dhéanamh nó staonadh ó dhul i mbun gnímh áirithe nó ó leanúint leis nó raon a chuid gnó a shrianadh ar bhealach áirithe.
(7) Beidh éifeacht chun críocha an ailt seo le forálacha an Tríú Sceideal.
(8) Má chruinníonn cumann aon chistí, nó má dhéanann sé fógraíocht nó sireadh á n-iarraidh, gan údarú a bheith aige faoin alt seo, féadfaidh an Banc Ceannais iarratas a dhéanamh chun na Cúirte faoi alt 109 chun an cumann a fhoirceannadh.
(9) Má dheonaítear údarú do chumann leis an alt seo nó faoi, ní hionann an deonú sin agus baránta ar shócmhainneacht an chumainn dá ndeonaítear é agus ní bheidh an Stát ná an Banc Ceannais, gan dochar d'alt 94, faoi dhliteanas maidir le haon chaillteanais a thabhófar de bharr dhócmhainneacht cumainn a meastar údarú a bheith deonaithe dó faoin alt seo nó a bheith deonaithe dó ag an mBanc.
(10) San alt seo—
ciallaíonn “scaireanna iarchurtha” scaireanna—
(a) nach infhuascailte, nó nach infhuascailte ach amháin in imthosca a bheidh ceadaithe ag an mBanc Ceannais,
(b) lena ngabhann cearta chun bheith páirteach i ndáiltí úis, brabús nó sócmhainní tar éis freastal a bheith déanta ar éilimh na scairshealbhóirí eile, agus ansin amháin,
(c) a eisítear ar théarmaí a deir go n-úsáidfear go hiomlán iad faoi chomhair aon chaillteanais nó easnaimh i gcistí cumainn sula nglaofar ar chistí scairshealbhóirí eile, agus
(d) a eisítear de réir cibé ceanglas eile a bheidh sonraithe ag an mBanc Ceannais maidir le scaireanna den sórt sin;
is é “an t-íosmhéid forordaithe”, i ndáil le caipiteal cáilitheach, £250,000 nó cibé suim eile a fhorordóidh an Banc Ceannais i rialacháin a dhéanfar tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire;
ciallaíonn “caipiteal cáilitheach”, i ndáil le cumann atá ag déanamh iarratais ar údarú—
(a) comhiomlán ainmluach na scaireanna iarchurtha a bheidh eisithe agus íoctha ar dháta an iarratais agus mhéid na gcúlchistí mar a taispeánadh é i gclár comhardaithe deiridh an chumainn, lúide aon easnamh carntha arna thaispeáint amhlaidh; nó
(b) i gcás nach mbeidh aon chlár comhardaithe den sórt sin ann, comhiomlán ainmluach na scaireanna iarchurtha a bheidh eisithe agus íoctha ar dháta an iarratais, ar scaireanna iad atá á sealbhú ag líon nach lú ná 10 gcomhalta a sealbhaíonn 10 ar a laghad acu scaireanna ar £10,000 nó níos mó a luach i gcás gach duine acu.
CUID III
Cumhachtaí Cumainn Foirgníochta
Cumhacht cistí a chruinniú agus airgead a fháil ar iasacht.
18.—(1) Faoi réir alt 17, féadfaidh cumann foirgníochta cistí a chruinniú lena n-áirítear, le ceadú an Bhainc Ceannais, cistí in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit, ar cistí iad a úsáidfear ar mhaithe le cuspóirí an chumainn—
(a) trí scaireanna d'ainmníocht amháin nó níos mó a eisiúint, le hús carnach nó dá éagmais, agus féadfaidh sé cistí den sórt sin a aisíoc, agus
(b) trí airgead a fháil ar iasacht agus dá réir sin taiscí a ghlacadh ó aon duine.
(2) Ní cead aisíoc cistí faoi fho-alt (1) (a) a dhéanamh le scairshealbhóir (seachas ar iarratas uaidh) idir an dáta ar chuir sé in iúl go raibh sé beartaithe aige rún nó rún speisialta a mholadh, nó tacú le hainmniúchán, ag cruinniú den chumann, agus dáta an chruinnithe.
(3) (a) Faoi réir mhír (b), ní mó tráth ar bith dliteanais chomhiomlána cumainn faoi fho-alt (1) (b) ná a dhliteanais chomhiomlána faoi fho-alt (1) (a).
(b) Más rud é, ag féachaint d'imthosca cumainn, gur dóigh leis an mBanc Ceannais gur fóirsteanach déanamh amhlaidh, féadfaidh sé dispeansáid ó mhír (a) a thabhairt don chumann, a mhéid agus ar cibé téarmaí is cuí leis.
(4) Ní eiseoidh cumann scaireanna faoi fho-alt (1) (a) ar scaireanna iad nach ngabhann cearta vótála leo.
(5) Féadfaidh cumann urrús a thabhairt i leith airgead a gheobhaidh sé ar iasacht lena n-áirítear (faoi réir aon rialachán faoi fho-alt (6), cheadú an Bhainc Ceannais agus théarmaí an mhorgáiste) urrús morgáistí a bheidh á sealbhú ag an gcumann.
(6) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais, rialacháin a dhéanamh i ndáil le haistriú, díol nó sannadh morgáistí a bheidh á sealbhú ag cumann.
(7) Má sháraíonn cumann fo-alt (3) tiocfaidh na cumhachtaí a thugtar don Bhanc Ceannais le halt 40 chun bheith infheidhmithe i ndáil leis an gcumann ach má théitear thar an teorainn ní dhéanfaidh sé sin difear do bhailíocht idirbheart a dhéantar os a cionn.
(8) Déanfaidh cumann fógra i dtaobh na n-iasachtaí go léir a fuair sé ó chumainn eile a thabhairt don Bhanc Ceannais ar cibé caoi a shonróidh an Banc.
Bás scairshealbhóra nó taisceora.
19.—(1) I gcás scairshealbhóir i gcumann foirgníochta, nó i gcás taisceora leis, d'fháil bháis agus go mbeidh suim airgid aige i gcistí an chumainn, féadfaidh an cumann an tsuim nó cuid den tsuim, nach mó í ná cibé méid a shocróidh an Banc Ceannais ó am go ham tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais chun críocha an ailt seo, a íoc, gan ionadaíocht, de réir bhrí an Achta Comharbais, 1965, a bheith deonaithe i leith eastát an duine éagtha, leis an duine a ndealraíonn sé don chumann go bhfuil sé i dteideal í a fháil, cibé acu mar ionadaí pearsanta an duine éagtha nó ar shlí ele ar an gcumann a bheith sásta, ó fhianaise atá i ndearbhú reachtúil, gur tharla an bás agus go bhfuil an duine, a bhfuil an tsuim á héileamh aige nó thar a cheann, i dteideal í a fháil.
(2) I gcás ina ndéanfaidh cumann íocaíocht faoin alt seo le duine nach é seiceadóir an duine éagtha lena mbaineann é, déanfaidh an cumann, a luaithe is féidir, sonraí i dtaobh na híocaíochta a thabhairt i scríbhinn d'Uachtarán na hArd-Chúirte.
(3) I gcás ina ndéanfaidh cumann íocaíocht go cuí faoin alt seo, is íocaíocht bhailí éifeachtúil an íocaíocht maidir le haon éileamh i gcoinne chistí an chumainn ag aon duine a bheidh ag déanamh éilimh i leith eastát an duine éagtha lena mbaineann ach is i gcoinne an duine lena ndearnadh an íocaíocht a bheidh a leigheas le haghaidh mhéid na híocaíochta ag an duine a bheidh ag déanamh an éilimh.
Áitreabh.
20.—(1) Féadfaidh cumann foirgníochta áitreabh a fháil nó a sholáthar dó féin—
(a) chun a ghnó a sheoladh, nó
(b) chun a chumasú d'fhochuideachta nó do chomhlacht comhlachaithe eile de chuid an chumainn gnó an chumainn nó an chomhlachta sin a sheoladh ón áitreabh.
(2) Má fhaightear nó má sholáthraítear an t-áitreabh chun críche gnó cumainn, fochuideachta nó comhlachta chomhlachaithe eile, féadfaidh an cumann an t-áitreabh a fháil nó a sholáthar dó féin ar shlí eile, agus é a shealbhú, d'ainneoin nach bhfuil nó nach mbeidh ach cuid den áitreabh ag teastáil chuige sin.
(3) Maidir le cumann—
(a) féadfaidh sé an t-áitreabh go léir nó cuid d'aon áitreabh a bheidh á shealbhú faoin alt seo a dhiúscairt, agus
(b) mura dtiocfaidh aon chuid den áitreabh chun bheith á háitiú, nó, de réir mar a bheidh, mura mbeidh sé á háitiú a thuilleadh, ar mhaithe le gnó an chumainn, aon fhochuideachta nó aon chomhlachta chomhlachaithe eile déanfaidh sé, faoi réir fho-alt (4), a eastát nó a leas san áitreabh a dhíol a luaithe is féidir sin a dhéanamh gan chaillteanas míchuí.
(4) Ní cheanglaíonn fo-alt (3) (b) ar chumann aon áitreabh a dhíol má tá cead ag an gcumann é a shealbhú faoi alt 21 agus má roghnaíonn sé déanamh amhlaidh le rún ón mbord stiúrthóirí.
Talamh a shealbhú agus a fhorbairt.
21.—(1) Faoi réir alt 36, féadfaidh cumann foirgníochta talamh a fháil, a shealbhú, a dhiúscairt, agus a fhorbairt nó bheith páirteach ina fhorbairt, i gcás ina mbeidh an talamh le húsáid—
(a) chun críocha cónaitheacha agus chun críocha atá foghabhálach nó teagmhasach leis na críocha sin, nó
(b) chun críocha tráchtála eile.
(2) Aon chumann nach bhfuil de thuras na huaire i dteideal na cumhachtaí dá dtagraítear san alt seo a fheidhmiú, féadfaidh sé talamh atá á úsáid nó le húsáid chun críocha cónaitheacha a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt más é an cuspóir atá le fáil agus sealbhú na talún a chumasú don chumann iasachtaí a thabhairt ar urrús leasanna cothromais sa talamh in imthosca a bheidh údaraithe ag an mBanc Ceannais.
(3) Déanfaidh cumann talamh a bheidh á shealbhú faoin alt seo a dhiúscairt má ordaíonn an Banc Ceannais amhlaidh.
(4) Na cumhachtaí dá dtagraítear i míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (1) is cumhachtaí ar leithligh iad nach mór gach cumhacht acu, má tá sí ar fáil don chumann, a bheith glactha ag an gcumann de réir alt 36 le go mbeidh sí infheidhmithe.
(5) Aon áitreabh a bheidh á shealbhú faoi alt 20 féadfar, ar iarratas ó chumann nó de rogha an Bhainc Ceannais, déileáil leis ina iomláine agus gan féachaint dá úsáid mar thalamh arna shealbhú faoin alt seo chun críocha feidhmeanna an Bhainc a fheidhmiú faoi alt 39.
Iasachtaí tithíochta.
22.—(1) Féadfaidh cumann foirgníochta iasachtaí (dá ngairtear “iasachtaí tithíochta” san Acht seo) lena n-áirítear, le ceadú an Bhainc Ceannais, iasachtaí in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit, ar urrús morgáiste eastáit nó leasa, ruílse nó léasaigh, i dteach a thabhairt do chomhaltaí chun a chumasú don chomhalta an teach a sholáthar nó a fheabhsú nó an t-eastát nó an leas sin a cheannach.
(2) Folaíonn an chumhacht chun iasachtaí tithíochta a thabhairt an chumhacht iad a thabhairt ar cibé téarmaí a cheadóidh an Banc Ceannais fiú amháin más féidir an méid a bheidh dlite don chumann a bheith níos mó ná luach an urrúis tráth ar bith tar éis an iasacht a thabhairt agus, i gcás inar mó an méid a bheidh dlite don chumann i leith caipitil ná méid na hiasachta, folaíonn aon tagairt san Acht seo don iasacht a aisíoc tagairt don bhreis a íoc.
(3) Faoi réir fho-alt (2), aon iasacht a thabharfar do chomhalta faoin alt seo tabharfar í ar théarmaí a fhágfaidh nach mó gné chaipitiúil an fhéich mhorgáiste ná luach an urrúis.
(4) Ní thabharfaidh cumann iasacht faoin alt seo ar urrús aon eastáit nó leasa, ruílse nó léasaigh, atá faoi réir morgáiste tosaíochta mura morgáiste tosaíochta i bhfabhar an chumainn é.
(5) (a) Féadfaidh an Banc Ceannais, le rialacháin, muirir nó tuairiscí ar mhuirir a shonrú nach ndéanfadh, ina thuairim, difear ábhartha don urrús agus ní fholóidh “morgáiste tosaíochta” i bhfo-alt (4) aon mhuirear a bheidh sonraithe amhlaidh.
(b) Go dtí go ndéanfaidh an Banc Ceannais rialacháin faoi mhír (a) ní fholóidh “morgáiste tosaíochta” aon cheann de na muirir a shonraítear san Acht Cumann Foirgníochta (Leasú), 1983, ná in alt 4 (2) den Acht Talún, 1984, d'ainneoin aisghairm an dá Acht sin leis an Acht seo.
(6) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a choisceann ar chumann glacadh le hurrús breise as iasacht tithíochta a urrú tuilleadh de réir mar a chinnfidh an cumann.
Iasachtaí eile.
23.—(1) Faoi réir an ailt seo, féadfaidh cumann foirgníochta iasachtaí seachas iasachtaí tithíochta a thabhairt, lena n-áirítear, le ceadú an Bhainc Ceannais, iasachtaí in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit, ar iasachtaí iad sna hearnálacha seo a leanas—
(a) iasachtaí a bheidh urraithe go hiomlán trí eastát nó leas, ruílse nó léasach, a mhorgáistiú;
(b) iasachtaí do chomhaltaí, sular cruthaíodh an morgáiste, nach mó iad ná an méid a mbeidh sé aontaithe ag an gcumann é a thabhairt ar iasacht ar mhodh iasachta tithíochta;
(c) iasachtaí a bheidh urraithe go hiomlán le hurrús nó ráthaíocht amháin nó níos mó de cibé tuairisc a shonróidh an Banc Ceannais ó am go ham;
(d) iasachtaí a chuirfear chun feidhme chun an éarlais a íoc, nó faoi chomhair an éarlais a íoc, chun eastát nó leas, ruílse nó léasach, a urróidh iasacht ar mhodh morgáiste, a cheannach ach ní bheidh iasacht den sórt sin níos mó ná 15 faoin gcéad, nó cibé céatadán eile a fhorordóidh an Banc Ceannais, den mhéid atá le híoc chun an t-eastát nó an leas a cheannach;
(e) iasachtaí, cibé acu neamhurraithe nó urraithe go feadh méid ar bith, do phearsa aonair chun cóiríocht dó féin nó dá theaghlach a sholáthar nó a fheabhsú; agus
(f) iasachtaí, lena n-áirítear iasachtaí ar chuntais rótharraingte nó ar chuntais saoráide eile, cibé acu neamhurraithe nó urraithe go feadh méid ar bith, d'aon duine.
(2) Beidh an chumhacht iasachtaí a thabhairt faoi fho-alt (1) faoi réir—
(a) alt 36, i gcás iasachtaí faoi mhíreanna (e) agus (f) den fho-alt sin, agus
(b) aon teorainn a bheidh sonraithe ag an mBanc Ceannais—
(i) i ndáil le méid iasachta faoi aon cheann de na hearnálacha dá dtagraítear i bhfo-alt (1),
(ii) i ndáil leis an méid a bheidh le haisíoc, tráth ar bith, ag duine nó ag daoine ag gníomhú i gcomhar, ar iasacht nó iasachtaí d'earnáil áirithe nó de theaglaim earnálacha,
faoi threoir cibé nithe is cuí leis an mBanc.
(3) Déanfaidh cumann gach beart réasúnach chun a chinntiú go ndéanfar an morgáiste dá dtagraítear i mír (b) d'fho-alt (1) a chruthú a luaithe is féidir tar éis iasacht faoin mír sin a bheith tugtha.
Rátaí úis srathacha.
24.—(1) Ní mhuirearóidh cumann foirgníochta ráta úis srathach—
(a) ar iasacht arna tabhairt faoi na hachtacháin aisghairthe, mura raibh ráta úis srathach á mhuirearú go dleathach ar dháta na haisghairme; nó
(b) ar iasacht tithíochta arna tabhairt faoin Acht seo, mura muirearófar ráta srathach ón lá a gcruthófar an morgáiste lena n-urraítear an iasacht, mura mbeidh muirearú ráta srathaigh luaite go sonrach sa mhorgáiste agus mura mbeidh an méid sin admhaithe i scríbhinn ag an gcomhalta i bhfoirm a bheidh le sonrú ag an mBanc Ceannais.
(2) San alt seo—
(a) ciallaíonn “ráta úis srathach” an ráta úis ar iasacht i gcás—
(i) ina gcinntear an ráta faoi threoir mhéid na hiasachta a thugtar nó faoi threoir an méid a bheidh le haisíoc tráth ar bith ar scór na hiasachta, nó faoi threoir ioncam an chomhalta dá dtugtar an iasacht, de réir mar a bheidh, agus
(ii) gur mó an ráta nó an ráta úis is ísle is infheidhme ag an am maidir le hiasachtaí den chineál céanna a thugann an cumann do chomhaltaí i gcoitinne, agus
(b) ciallaíonn “iasacht arna tabhairt faoi na hachtacháin aisghairthe” iasacht arna tabhairt ag an gcumann do chomhalta ar urrús eastát nó leas, ruílse nó léasach, i dteach a mhorgáistiú.
Urrúis d'iasachtaí a mheasúnú.
25.—(1) Déanfaidh cumann foirgníochta cibé comhshocraíochtaí chun measúnacht a dhéanamh ar leordhóthanacht an urrúis d'iasachtaí a urrófar trí eastát nó leas, ruílse nó léasach, a mhorgáistiú (dá ngairtear “urrús” san alt seo) a bhféadfar a bheith ag súil le réasún go n-áiritheoidh siad—
(a) go ndéanfar measúnacht ar ócáid gach iasachta bíodh nó ná bíodh aon mheasúnacht déanta roimhe sin d'fhonn go bhfaighfí iasachtaí eile,
(b) gur duine a shealbhaíonn oifig sa chumann nó atá fostaithe ag an gcumann agus atá inniúil ar an measúnacht a dhéan amh, agus nach bhfuil dícháilithe faoin alt seo chun í a dhéanamh, a dhéanfaidh gach measúnacht,
(c) go gcuirfear ar fáil do gach duine a bheidh ag déanamh na measúnachta tuarascáil i scríbhinn i dtaobh luach an urrúis agus i dtaobh aon tosca ar dóigh dóibh difear a dhéanamh dá luach, ó dhuine atá inniúil ar an urrús atá i gceist a luacháil agus nach bhfuil dícháilithe faoin alt seo chun tuarascáil a thabhairt air,
ach ní gá go gceanglófar sna comhshocraíochtaí go ndéanfar gach tuarascáil faoi choinne measúnachta áirithe fad is gur leor í chun an mheasúnacht a dhéanamh.
(2) Beidh na daoine seo a leanas dícháilithe chun tuarascáil a thabhairt ar luach urrúis faoin alt seo, is é sin le rá—
(a) oifigeach nó fostaí de chuid an chumainn a dhéanann measúnachtaí ar leordhóthanacht urrús d'iasachtaí nó a údaraíonn iasachtaí a thabhairt;
(b) i gcás go mbeidh íocaíocht déanta ag an gcumann, nó go mbeidh geallta aige íocaíocht a dhéanamh, le haon duine as iarratasóir ar an iasacht a chur in aithne dó, an duine sin;
(c) i gcás ina mbeidh an iasacht le tabhairt tar éis diúscairt a dhéanamh ar an urrús, aon duine ag a bhfuil leas airgeadais sa diúscairt agus aon stiúrthóir, oifigeach eile nó fostaí dá chuid nó de chuid fostóra chomhlachaithe; agus
(d) i gcás ina mbeidh an iasacht le tabhairt tar éis diúscairt a dhéanamh ar an urrús, aon duine a fhaigheann coimisiún as na páirtithe san idirbheart lena mbaineann an diúscairt a chur in aithne dá chéile agus aon stiúrthóir, oifigeach eile nó fostaí dá chuid.
(3) I ndáil le haon urrús ar chun iasacht a urrú tar éis a dhiúscartha é, beidh na daoine seo a leanas dícháilithe chun measúnacht a dhéanamh ar an urrús nó chun a údarú an iasacht a thabhairt, is é sin le rá—
(a) aon duine, seachas an cumann a bheidh ag tabhairt na hiasachta, ag a bhfuil leas airgeadais sa diúscairt agus aon stiúrthóir, oifigeach eile nó fostaí dá chuid nó de chuid fostóra chomhlachaithe; agus
(b) aon duine a fhaigheann coimisiún as na páirtithe san idirbheart lena mbaineann an diúscairt a chur in aithne dá chéile agus aon stiúrthóir, oifigeach eile nó fostaí dá chuid.
(4) Ní dhéanfaidh aon oifigeach, aturnae, suirbhéir ná luachálaí de chuid cumainn ná aon duine eile a bhíonn ag gabháil, thar ceann cumainn, do thuarascálacha a thabhairt ar luach urrús nó i ndáil le leordhóthanacht urrús a mheasúnú nó le húdarú iasachtaí a thabhairt, aon choimisiún a ghlacadh le haghaidh aon iasachta, nó i ndáil le haon iasacht, a thugann an cumann nó a bheartaíonn sé a thabhairt.
(5) Aon duine, is duine atá dícháilithe chun déanamh amhlaidh,—
(a) a thabharfaidh tuarascáil ar urrús d'iasacht,
(b) a dhéanfaidh measúnacht ar leordhóthanacht urrúis d'iasacht, nó
(c) a údaróidh iasacht a thabhairt,
agus, i gcás duine a thugann tuarascáil, a dhéanfaidh amhlaidh agus a fhios aige, nó cúis aige chun a chreidiúint, go n-úsáidfear nó gur dócha go n-úsáidfear, an tuarascáil chun críocha iasachta, beidh sé ciontach i gcion.
(6) Chun críche an ailt seo is fostóirí comhlachaithe aon 2 fhostóir más comhlacht corpraithe fostóir amháin acu ar a bhfuil rialú (go díreach nó go neamhdhíreach) ag an bhfostóir eile nó más comhlachtaí corpraithe an bheirt acu ar a bhfuil rialú, go díreach nó go neamhdhíreach, ag duine is tríú duine; agus is dá réir sin a fhorléireofar an abairt “fostóir comhlachaithe”.
(7) San alt seo measfar leas airgeadais a bheith ag duine i ndiúscairt aon urrúis más rud é, agus ar an gcoinníoll amháin, go mbeadh sé, ar an urrús sin a dhiúscairt, i dteideal (go díreach nó go neamhdhíreach, agus cibé acu is teideal seilbhe é nó nach ea) na fáltais go léir nó cuid de na fáltais ón diúscairt a fháil.
Maoin mhorgáistithe a dhíol nó a choinneáil.
26.—(1) I gcás ina ndéanfaidh cumann foirgníochta aon eastát nó leas i dtalamh a bheidh morgáistithe chun an chumainn a dhíol i bhfeidhmiú cumhachta díola, áiritheoidh an cumann a mhéid is indéanta sin le réasún go ndíolfar an mhaoin ar an bpraghas is fearr is féidir le réasún a fháil.
(2) I gcás ina gcinnfidh cumann aon eastát nó leas i dtalamh a bheidh morgáistithe chuige a choinneáil i bhfeidhmiú cumhachta faoin morgáiste, déanfaidh duine inniúil neamhspleách a bheidh ceaptha ag an gcumann, agus a mbeidh an morgáisteoir agus aon mhorgáistí eile tar éis comhaontú air, luach na maoine a chinneadh agus déileálfar leis an luach a bheidh cinnte amhlaidh ionann is dá mba airgead é a fuair morgáistí de dhroim díola.
(3) I gcás nach mbeidh an cumann in ann comhaontú an mhorgáisteora nó an mhorgáistí eile a fháil le ceapachán duine faoi fho-alt (2), féadfaidh an cumann iarratas a dhéanamh chuig cúirt dlínse inniúla chun duine inniúil neamhspleách a cheapadh chun luach na maoine a chinneadh agus na costais a tabhaíodh san iarratas sin íocfar iad, go cothrom, ag an iarratasóir agus ag na daoine nach gcomhaontaíonn leis an duine a bheartaíonn an cumann a cheapadh faoi fho-alt (2).
(4) Beidh comhaontú ar bith ar neamhní sa mhéid go dtugann sé faoiseamh (nó go bhféadfaidh an éifeacht a bheith leis faoiseamh a thabhairt) do chumann nó d'aon duine ón oibleagáid a fhorchuirtear le fo-alt (1) nó (2).
(5) I gcás ina ndéanfar maoin lena mbaineann an t-alt seo a dhíol nó ina gcinnfear a luach de réir fho-alt (2), cuirfidh an cumann fógra leis an bpost cláraithe chuig an morgáisteoir agus chuig aon mhorgáistí eile, ag an seoladh is déanaí is eol a bheith aige, laistigh de 21 lá tar éis an díol a bheith críochnaithe nó ón dáta ar a bhfaigheann an cumann an tuarascáil ar luach na maoine, de réir mar a bheidh, ar fógra é ina mbeidh sonraí i dtaobh an díola nó i dtaobh luach na maoine, de réir mar a bheidh.
(6) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear d'oibriú aon riail dlí a bhaineann le dualgas morgáistí cuntas a thabhairt do mhorgáisteoir.
(7) San alt seo ciallaíonn “morgáisteoir” duine dá dtugann cumann morgáiste, agus folaíonn sé comharba i dteideal an duine sin.
Urscaoileadh morgáiste.
27.—(1) Más rud é, i ndáil le talamh neamhchláraithe de réir bhrí an Achta um Chlárú Teidil, 1964, go mbeidh an t-airgead go léir a urraíodh le morgáiste íoctha nó urscaoilte go hiomlán, féadfaidh cumann foirgníochta atíolacadh na maoine morgáistithe chun an duine is úinéir ar chothromas na fuascailte (nó chun cibé daoine agus le haghaidh cibé úsáidí a ordóidh an t-úinéir sin) nó admháil faoi shéala an chumainn a fhormhuiniú ar an morgáiste sin nó a chur i gceangal leis.
(2) Más rud é, i ndáil le talamh cláraithe de réir bhrí an Achta um Chlárú Teidil, 1964, go mbeidh an t-airgead go léir a urraíodh le morgáiste íoctha nó urscaoilte go hiomlán, féadfaidh cumann admháil faoi shéala an chumainn a eisiúint chuig úinéir cláraithe na talún agus is cruthúnas leordhóthanach chun críocha alt 65 den Acht sin an admháil sin ar an morgáiste a bheith sásaithe.
(3) Oibreoidh admháil faoin alt seo chun an morgáiste a dhíchur agus, gan aon atíolacadh ná athghéilleadh, dílseoidh sí an t-eastát nó an leas sa mhaoin a bheidh cuimsithe sa mhorgáiste don duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal chothromas na fuascailte.
(4) I gcás morgáiste a bheith cláraithe i gClárlann na nGníomhas a bunaíodh leis an Registration of Deeds Act, 1707, déanfaidh an Cláraitheoir faoin Acht sin, ar admháil faoi fho-alt (1) a bheith tugtha ar aird, iontráil a chur isteach os coinne iontráil an mhorgáiste á rá go bhfuil an morgáiste sásaithe agus tabharfaidh sé deimhniú (ar an morgáiste nó ar leithligh) sa chéill sin.
(5) Glacfar i bhfianaise, i ngach cúirt agus imeacht, gan a thuilleadh cruthúnais, deimhniú faoi fho-alt (4) agus beidh d'éifeacht le hiontráil faoin bhfo-alt sin an morgáiste iomchuí a ghlanadh as an gclár nó as an taifead.
(6) An chumhacht a thugtar don Aire Dlí agus Cirt le halt 35 den Registry of Deeds (Ireland) Act, 1832 (arna oiriúnú leis an Ordú um an Registry of Deeds (Ireland) Act, 1832 (Oiriúnú), 1956 (I.R. Uimh. 281 de 1956)) chun táillí a shocrú, folóidh sí an chumhacht chun táillí a shocrú a bheidh le híoc as an iontráil a chur isteach agus an deimhniú a thabhairt faoi fho-alt (4), agus íocfar isteach sa Státchiste aon airgead a gheofar faoin bhfo-alt seo.
Infheistiú i gcomhlachtaí corpraithe agus tacú leo, etc.
28.—(1) Faoi réir alt 36, féadfaidh cumann foirgníochta—
(a) infheistiú i gcomhlachtaí corpraithe, is é sin le rá, scaireanna nó cearta comhaltais comhréire i gcomhlachtaí corpraithe a fháil agus a shealbhú, nó comhlachtaí corpraithe a fhoirmiú nó bheith páirteach ina bhfoirmiú; agus
(b) tacú le comhlachtaí corpraithe nó le comhlachtaí tithíochta ceadaithe, is é sin le rá, aon cheann de na seirbhísí seo a leanas a chur ar fáil do chomhlachtaí corpraithe ina ndéanann sé infheistíocht nó do chomhlachtaí tithíochta ceadaithe—
(i) iasachtaí i dteannta nó d'éagmais urrúis agus cibé acu faoi ús nó gan ús,
(ii) deontais airgid,
(iii) ráthaíochtaí go n-urscaoilfear a ndliteanais, agus
(iv) úsáid seirbhísí nó maoine, ar íocaíocht nó gan íocaíocht.
(2) (a) Faoi réir mhír (b) ní dhéanfaidh cumann infheistíocht faoin alt seo i gcomhlacht corpraithe a gcumasaíonn a chuspóirí dó—
(i) gníomhaíochtaí a sheoladh atá lasmuigh de chumhachtaí an chumainn, nó
(ii) infheistiú i gcomhlachtaí corpraithe eile,
ach ní choiscfidh sé sin ar chumann infheistiú i gcomhlacht, agus tacú leis, ar feadh tréimhse 3 mhí go dtí go n-athrófar cuspóirí an chomhlachta sin.
(b) I gcás inar dóigh leis an mBanc Ceannais gur fóirsteanach déanamh amhlaidh, féadfaidh sé, ar iarratas ó chumann, dispeansáid ó mhír (a) a thabhairt a mhéid agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha is dóigh leis is cuí.
(3) Sonróidh an Banc Ceannais céatadán de scairchaipiteal nó de chearta comhaltais comhréire comhlachta chorpraithe nach mór do chumann a shealbhú mar íosmhéid chun an chumhacht atá ar fáil faoin alt seo a fheidhmiú.
(4) I gcás go mbeidh comhlacht corpraithe a ndéanann nó a mbeartaíonn cumann infheistíocht a dhéanamh ann, ag gabháil do ghnó, tráth aon infheistíochta nó infheistíochta beartaithe den sórt sin nó aon tráth dá éis, arb éard é taiscí nó cistí inaisíoctha eile a ghlacadh, féadfaidh an Banc Ceannais cibé teorainneacha nó srianta le gnó an chomhlachta chorpraithe a shonrú is dóigh leis is cuí ar mhaithe le cumainn fhoirgníochta a rialáil go hordúil cuí.
(5) San alt seo—
ciallaíonn “comhlacht tithíochta ceadaithe” comhlacht a bheidh ceadaithe ag an Aire chun críocha alt 5 d'Acht na dTithe, 1988, nó cumann a bheidh cláraithe faoi na hAchtanna um Chumainn Tionscail agus Soláthair, 1893 go 1978, nó faoi Achtanna na gCara-Chumann, 1896 go 1977, nó grúpa saorálach ar choinníoll, i gcás aon chumann nó grúpa den sórt sin, gur chun tithíocht a sholáthar a thugtar an tacaíocht;
ciallaíonn “cearta comhaltais comhréire”, i ndáil le comhlacht corpraithe, cibé cearta (seachas cearta a éiríonn as scaireanna a shealbhú) is inchurtha i leith comhaltais den chomhlacht;
folaíonn “maoin” cearta de thuairisc ar bith.
Seirbhísí airgeadais.
29.—(1) Faoi réir alt 36 agus fho-ailt (3) agus (4) den alt seo, féadfaidh cumann foirgníochta seirbhísí airgeadais a sholáthar, mar phríomhaí nó mar ghníomhaire.
(2) San alt seo ciallaíonn “seirbhísí airgeadais” aon ghníomhaíocht díobh seo a leanas—
(a) soláthar creidmheasa a chomhshocrú, lena n-áirítear uamadh le cuideachtaí cárta creidmheasa,
(b) ráthaíochtaí agus slánaíochtaí a thabhairt,
(c) oibleagáidí, fiacha agus urrúis airgeadais a dhíol agus a cheannach,
(d) seirbhísí infheistíochta,
(e) lascainiú ionstraimí creidmheasa,
(f) taiscí airgid do chuntais reatha a ghlacadh, seiceanna a bhailiú agus seiceanna a tarraingíodh ar an gcumann a íoc,
(g) árachas,
(h) clár comhaltaí cuideachta a chothabháil,
(i) comhairle a chur ar fáil i ndáil le cánachas agus pleanáil airgeadais,
(j) fruilcheannach a mhaoiniú,
(k) léasú,
(l) airgead a tharchur,
(m) iontaobhaíocht,
(n) seiceadóireacht,
(o) iomlaoid eachtrach,
(p) corás aistrithe creidmheasa a oibriú,
(q) dréachtanna, seiceanna taistil agus litreacha creidmheasa a eisiúint,
nó gníomhaíochtaí eile dá samhail (lena n-áirítear seirbhísí comhairliúcháin) a ndealraíonn sé don Bhanc Ceannais gur seirbhísí airgeadais iad ach ní fholaíonn sé iasachtaí a thabhairt.
(3) Faoi réir alt 30, ní sheolfaidh cumann gnó árachais ar shlí seachas trí fhochuideachta nó trí chomhlacht comhlachaithe eile de chuid an chumainn.
(4) Má théann cumann nó fochuideachta nó comhlacht comhlachaithe eile cumainn i mbun gníomhaíochta ar bith de bhun fhorálacha an ailt seo agus alt 36 is faoi réir fhorálacha aon achtacháin eile a dhéanfaidh an cumann, an fhochuideachta nó an comhlacht comhlachaithe amhlaidh.
(5) Leasaítear alt 26 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971 (a bhaineann le seiceanna agus ionstraimí eile a bhailiú)—
(a) trí na focail “nó cumann foirgníochta a bheidh údaraithe faoin Acht Cumann Foirgníochta, 1989” a chur isteach i ndiaidh “1965” i bhfo-ailt (2) agus (3) den alt sin,
(b) tríd an mhír bhreise seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (6) den alt sin—
“(f) aon doiciméad arna eisiúint ag duine a chothabhálann cuntas le cumann foirgníochta atá údaraithe faoin Acht Cumann Foirgníochta, 1989, is doiciméad a bhfuil sé beartaithe dó a chumasú do dhuine íoc na suime atá luaite sa doiciméad a fháil ón gcumann foirgníochta.”.
(6) Déantar alt 30 den Acht Comharbais, 1965 (a bhaineann leis an gcumhacht chun ionadaíocht a dheonú do chorparáid iontaobhais), a leasú tríd an bhfomhír bhreise seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (4) (b) den alt sin—
“(v) cumann foirgníochta atá údaraithe faoin Acht Cumann Foirgníochta, 1989; nó”.
Bannaí agus urraí.
30.—(1) I gcás ina rachaidh cumann foirgníochta i mbun gníomhaíochta de bhun alt 29 ní mheasfar aon fhoráil de na hAchtanna Árachais a bheith sáraithe aige de bhíthin amháin go dtugann, go ndéanann nó go nglacann sé banna nó conradh urraíochta nó ráthaíochta lena mbaineann an t-alt seo.
(2) Baineann an t-alt seo le haon bhanna nó le haon chonradh urraíochta nó ráthaíochta a thugann nó a dhéanann cumann, mar urra nó mar ráthóir, i gcúrsa a ghnó nó a thugann nó a dhéanann duine a chónaíonn lasmuigh den Stát, mar urra nó mar ráthóir, i gcúrsa a ghnó baincéireachta mar shásamh ar cheanglas, agus chun críocha ceanglais agus chuige sin amháin, is ceanglas—
(a) de chuid cumainn, agus
(b) a dhéanfar d'aontoisc chun saoráidí airgeadais atá le cur ar fáil ag an gcumann sin a urrú.
(3) Chun críocha an ailt seo—
tá le “gnó baincéireachta” an bhrí chéanna atá leis in Acht 1971,
ciallaíonn “na hAchtanna Árachais” na hAchtanna Árachais, 1909 go 1989, agus rialacháin i ndáil le gnó árachais arna ndéanamh faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972.
Seirbhísí tíolactha.
31.—(1) D'ainneoin aon ní dá mhalairt san Acht Aturnaethe, 1954 (“Acht 1954”) féadfaidh an tAire Dlí agus Cirt, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire agus leis an mBanc Ceannais, rialacháin a dhéanamh á údarú do chumainn fhoirgníochta seirbhísí tíolactha a chur ar fáil.
(2) Féadfaidh cumann seirbhísí tíolactha a chur ar fáil de réir fhorálacha rialachán arna ndéanamh faoin alt seo agus i gcomhlíonadh cheanglais an ailt seo agus alt 36.
(3) Ach amháin i gcás tíolacas ar mhodh morgáiste, ní chuirfidh cumann seirbhísí tíolactha ar fáil don diúscróir agus don diúscraí araon in aon tíolacas áirithe.
(4) Féadfaidh forálacha a bheith i rialacháin faoin alt seo—
(a) chun cosaint a thabhairt do dhaoine dá gcuireann cumainn seirbhísí tíolactha ar fáil ar choinbhleachtaí leasa a d'fhéadfadh a bheith i gceist murach sin i ndáil leis na seirbhísí a chur ar fáil;
(b) chun a áirithiú go mbeidh cúiteamh leordhóthanach ar fáil do na daoine sin i leith faillí, calaois nó mímhacántacht eile ar thaobh oifigigh nó fostaithe de chuid cumann i ndáil leis na seirbhísí a chur ar fáil;
(c) maidir lena mhéid is gá, agus leis an modh inar gá, daoine atá cáilithe chun cleachtadh mar aturnaetha de réir bhrí Acht 1954 a bheith bainteach leis na seirbhísí sin, agus maidir le cáilíochtaí agus taithí na foirne a bheidh ag gabháil go ginearálta do na seirbhísí sin a chur ar fáil;
(d) maidir leis an aicme nó na haicmí daoine ar féidir na seirbhísí a chur ar fáil dóibh;
(e) chun srian a chur leis an gcumhacht na seirbhísí a chur ar fáil ionas nach mbainfidh sí ach le maoin de thuairisc fhorordaithe;
(f) chun srian a chur leis an gcumhacht na seirbhísí a chur ar fáil ionas nach mbainfidh sí ach le cumainn d'aicme fhorordaithe nó d'aicmí forordaithe;
(g) maidir leis na rátaí nó na scálaí uasta táillí, costas nó caiteachas a fhéadfaidh cumainn a ghearradh i ndáil leis na seirbhísí a chur ar fáil.
(5) Aon chumarsáid a dhéanfar le cumann, nó a dhéanfaidh cumann, le linn dó bheith ag gníomhú sa cháil sin do chliant i ndáil le seirbhísí tíolactha a chur ar fáil dó beidh sí, in aon imeachtaí dlí, faoi phribhléid ó thaobh nochtadh de, sa chaoi chéanna ionann is dá mbeadh an cumann, gach uile thráth ábhartha, ag gníomhú mar aturnae don chliant.
(6) Aon chumann a bheidh ag cur seirbhísí tíolactha ar fáil, ní duine neamhcháilithe, de réir bhrí Acht 1954, é i ndáil leis na seirbhísí sin a chur ar fáil.
(7) Ní bheidh feidhm ag alt 58 d'Acht 1954 (srian le doiciméid áirithe a tharraingt, etc. ag daoine tráth nach mbeidh siad cáilithe chun gníomhú mar aturnae)—
(a) maidir le cumann, nó
(b) maidir le haon oifigeach nó fostaí de chuid cumainn de bhíthin aon ghníomh a dhéanfaidh sé, i gcúrsa a oifige nó a fhostaíochta, thar ceann an chumainn,
i gcás seirbhísí tíolactha a bheith á gcur ar fáil ag an gcumann de réir an ailt seo.
(8) Ní bheidh feidhm ag alt 59 d'Acht 1954 (toirmeasc ar aturnae gníomhú mar ghníomhaire do dhuine neamhcháilithe) maidir le haon aturnae de bhíthin aon ghníomh a dhéanfaidh sé mar oifigeach nó fostaí de chuid cumainn foirgníochta i gcás seirbhísí tíolactha a bheith á gcur ar fáil ag an gcumann sin de réir an ailt seo.
(9) Aon tagairt in aon achtachán d'aturnae forléireofar í, sa mhéid go mbaineann sí le seirbhísí tíolactha faoin alt seo, mar thagairt a fholaíonn tagairt do chumann.
(10) I gcás ina gcuirfidh cumann seirbhísí tíolactha ar fáil, cuirfidh sé ráiteas faoi na muirir, nó faoin mbonn atá leis na muirir, i leith na seirbhísí, ar áireamh in aon doiciméad nó fógrán a eiseofar don phobal agus a bhfuil tagairt ann do na seirbhísí a chur ar fáil, agus beidh cliant i dteideal ráiteas mionsonraithe ar mhuirir an chumainn sin, i leith tíolacadh a rinne an cumann thar a cheann, a iarraidh agus a fháil.
(11) Aon fhaisnéis a thiocfaidh i seilbh oifigigh nó fostaí de chuid cumainn de bhua baint a bheith aige le seirbhísí tíolactha a chuireann an cumann ar fáil, ní bhainfidh sé féin ná an cumann ná aon fhochuideachta ná aon chomhlacht comhlachaithe eile de chuid an chumainn leas aisti chun gnó an chumainn nó na fochuideachta nó an chomhlachta chomhlachaithe eile a chur ar aghaidh.
(12) (a) Aon chumann a chuireann seirbhísí tíolactha ar fáil cothabhálfaidh sé taifid chuntasaíochta ar leithligh agus ullmhóidh sé cuntais i leith gach bliana ina dtaispeánfar—
(i) na costais a bhain don chumann as na seirbhísí a chur ar fáil, agus
(ii) an t-ioncam a d'fhabhraigh don chumann ó na muirir a gearradh i leith na seirbhísí,
agus cuirfidh sé na seirbhísí ar fáil, agus gearrfaidh sé muirir ina leith, ar chaoi a fhágfaidh nach lú an t-ioncam ó na seirbhísí a chur ar fáil ná an t-ioncam ba leor faoi chomhair na gcostas go léir ab inchurtha síos go cuí do chur ar fáil na seirbhísí, agus blianta á nglacadh le chéile.
(b) Aon ráiteas a fhianaíonn cirte na gcuntas a bheidh ullmhaithe de réir mhír (a) agus a dhaingníonn nach bhfuil na cuntais sin saofa de bharr aon chomhshocraíochta a dhéanfadh difear do chionroinnt na gcostas agus an ioncaim a bhaineann leis na seirbhísí a chur ar fáil agus go ndearnadh go cuí cibé cionroinntí a bheidh déanta, beidh sé sínithe ag an bpríomhfheidhmeannach agus ag 2 stiúrthóir agus curtha i gceangal leis na cuntais bhliantúla.
(13) Aon tagairtí san alt seo do “seirbhísí tíolactha” is tagairtí iad d'aistrithe, do thíolacais, do chonarthaí, do léasanna agus d'urrúis eile a ullmhú i ndáil le heastáit nó leasanna i dtalamh a dhiúscairt nó a fháil.
Seirbhísí ceantálaíochta agus seirbhísí eile i ndáil le talamh.
32.—(1) Faoi réir alt 36, féadfaidh cumann foirgníochta—
(a) seirbhís cheantálaíochta a chur ar fáil de réir an Achta um Cheantálaithe agus Gníomhairí Tithe, 1947 (“Acht 1947”);
(b) seirbhísí eile a chur ar fáil i ndáil le talamh.
(2) (a) Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ceadúnas chun gnó ceantálaí a sheoladh de réir Acht 1947 a dheonú do chumann a dhéanfaidh iarratas de réir an ailt seo.
(b) Beidh na nithe seo a leanas ag gabháil le hiarratas ó chumann, faoi mhír (a), ar cheadúnas ceantálaí—
(i) cóip den cheadú a bheidh tugtha ag an mBanc Ceannais faoi alt 36 leis an gcumann d'fheidhmiú na cumhachta dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (a),
(ii) deimhniú ó Chuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais, arna dheonú tráth nach luaithe ná 28 lá roimh dháta an iarratais, á dheimhniú go bhfuil éarlais á coimeád ag an gcumann san Ard-Chúirt mar a cheanglaítear le hAcht 1947 agus, i gcás gur banna ráthaíochta an éarlais, go gclúdaíonn sé an tréimhse go léir a mbeidh an ceadúnas le deonú ina haghaidh, agus
(iii) an dleacht máil is iníoctha ar cheadúnas ceantálaí.
(c) I dteannta an deimhnithe agus an dleachta máil a cheanglaítear le mír (b), beidh deimhniú ó chuntasóir, de réir alt 12 d'Acht 1947 (mar a cuireadh isteach le halt 12 den Acht um Cheantálaithe agus Gníomhairí Tithe, 1967) ag gabháil le hiarratas ó chumann ar cheadúnas ceantálaí a athnuachan.
(d) Ní bheidh feidhm ag alt 8 (2) d'Acht 1947 maidir le hiarratas faoin bhfo-alt seo.
(3) (a) Féadfaidh—
(i) an tAire Dlí agus Cirt, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire agus leis an mBanc Ceannais, rialacháin a dhéanamh i ndáil le cumainn nó a bhfochuideachtaí do chur seirbhísí ceantálaíochta ar fáil, agus
(ii) an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais, rialacháin a dhéanamh i ndáil le cumainn nó a bhfochuideachtaí do chur seirbhísí eile ar fáil i ndáil le talamh.
(b) Gan dochar do ghinearáltacht mhír (a), féadfaidh forálacha a bheith i rialacháin faoin bhfo-alt seo—
(i) chun cosaint a thabhairt do dhaoine dá gcuireann cumainn na seirbhísí ar fáil ar choinbhleachtaí leasa a d'fhéadfadh a bheith i gceist murach sin i ndáil leis na seirbhísí a chur ar fáil;
(ii) chun a áirithiú go mbeidh cúiteamh leordhóthanach ar fáil do na daoine sin i leith faillí, calaois nó mímhacántacht eile ar thaobh oifigigh nó fostaithe de chuid cumann i ndáil leis na seirbhísí a chur ar fáil;
(iii) maidir lena mhéid is gá, agus leis an modh inar gá, daoine ag a bhfuil cáilíochtaí agus taithí iomchuí, a bheith bainteach leis na seirbhísí;
(iv) maidir leis an aicme nó na haicmí daoine ar féidir na seirbhísí a chur ar fáil dóibh;
(v) chun srian a chur leis an gcumhacht na seirbhísí a chur ar fáil ionas nach mbainfidh sí ach le cumainn d'aicme fhorordaithe nó d'aicmí forordaithe; nó
(vi) chun an míniú ar sheirbhísí is féidir a chur ar fáil faoin alt seo a leasú, a theorannú nó a leathnú.
(4) Ní ghníomhóidh aon fhostaí de chuid cumainn a gcuireann fochuideachta nó comhlacht comhlachaithe eile dá chuid seirbhísí ar fáil faoin alt seo mar ghníomhaire don fhochuideachta nó don chomhlacht.
(5) (a) Aon chumann nó fochuideachta do chumann a chuireann seirbhísí ceantálaíochta nó seirbhísí eile ar fáil i ndáil le talamh, cothabhálfaidh sé taifid chuntasaíochta ar leithligh agus ullmhóidh sé cuntais i leith gach bliana ina dtaispeánfar—
(i) na costais a bhain le gach seirbhís ar leith a chur ar fáil, agus
(ii) an t-ioncam a d'fhabhraigh ó na muirir a gearradh i leith na seirbhísí,
agus cuirfidh sé gach seirbhís ar fáil, agus gearrfaidh sé muirear ina leith, ar chaoi a fhágfaidh nach lú an t-ioncam ón tseirbhís a chur ar fáil ná an t-ioncam ba leor faoi chomhair na gcostas go léir ab inchurtha síos go cuí do chur ar fáil na seirbhíse, agus blianta á nglacadh le chéile.
(b) Aon ráiteas a fhianaíonn cirte na gcuntas a bheidh ullmhaithe de réir mhír (a) agus a dhaingníonn nach bhfuil na cuntais sin saofa de bharr aon chomhshocraíochta a dhéanfadh difear do chionroinnt na gcostas agus an ioncaim a bhaineann le gach seirbhís a chur ar fáil agus go ndearnadh go cuí cibé cionroinntí a bheidh déanta, beidh sé sínithe ag an bpríomhfheidhmeannach agus ag 2 stiúrthóir agus curtha i gceangal leis na cuntais bhliantúla.
(6) San alt seo—
(a) ciallaíonn “seirbhís cheantálaíochta” aon ghnó lena mbaineann Acht 1947, lena n-áirítear gnó gníomhaire tithe de réir bhrí an Achta sin;
(b) ciallaíonn “seirbhísí i ndáil le talamh” aon tseirbhís a bhaineann le talamh a fháil, a dhiúscairt, a bhainistí nó a fhorbairt (lena n-áirítear luacháil, suirbhéireacht, cíos a bhailiú agus maoin shochorraithe a aistriú as agus a stóráil) nó seirbhísí eile dá samhail (lena n-áirítear seirbhísí comhairliúcháin) ar dealraitheach don Bhanc Ceannais gur seirbhísí iad a bhaineann leis na nithe sin.
Cumhacht gníomhú lasmuigh den Stát.
33.—(1) Faoi réir alt 36, féadfaidh cumann foirgníochta a chumhachtaí faoin Acht seo a fheidhmiú lasmuigh den Stát.
(2) I bhfeidhmiú aon fheidhm dá chuid faoin Acht seo ní bheidh de cheangal ar an mBanc Ceannais déileáil le sócmhainní nó dliteanais cumann a bheidh á dteachtadh lasmuigh den Stát ionann is dá mbeidís á dteachtadh sa Stát.
Cumhacht fálaithe.
34.—(1) Féadfaidh cumann foirgníochta, faoi réir fho-alt (2), conarthaí a chur i gcrích chun laghdú a dhéanamh ar phriacal an chaillteanais de bharr athruithe ar rátaí úis, rátaí malairte airgeadra nó tosca eile dá samhail a dhéanann difear dá ghnó.
(2) Féadfaidh an Banc Ceannais ceanglais a shonrú maidir leis an gcineál nó na cineálacha conartha is féidir a chur i gcrích faoi fho-alt (1) agus maidir leis na téarmaí ar a bhféadfar agus na coinníollacha faoina bhféadfar na conarthaí sin a chur i gcrích, agus ní fhéadfar conradh a chur i gcrích faoin alt seo ach amháin i gcás go gcomhlíonfaidh sé sonraíocht den sórt sin nó go mbeidh sé ceadaithe thairis sin ag an mBanc.
Toirmeasc ar sheirbhísí a nascadh.
35.—(1) Ní thabharfaidh cumann foirgníochta iasacht tithíochta d'aon duine, ná ní thairgfidh sé iasacht tithíochta a thabhairt d'aon duine, faoi réir coinníll gurb é an cumann nó fochuideachta nó comhlacht comhlachaithe eile de chuid an chumainn a chuirfidh ar fáil, nó gur tríd a chuirfear ar fáil, aon seirbhísí lena mbaineann alt 29, 31 nó 32 a bheidh ag teastáil ón duine sin, cibé acu i ndáil leis an iasacht nó ar shlí eile.
(2) Más rud é, i dtaca le hiasacht tithíochta arna tabhairt ag cumann, go gcuirfidh an cumann, nó an cumann agus fochuideachta amháin nó níos mó dá chuid, nó fochuideachta amháin nó níos mó dá chuid, seirbhísí éagsúla ar fáil, ní chuirfidh an cumann na seirbhísí ar fáil, agus áiritheoidh sé nach gcuirfidh aon cheann dá fhochuideachtaí na seirbhísí ar fáil, ar théarmaí seachas téarmaí a idirdhealaíonn an chomaoin is iníochta i leith gach seirbhíse ar leith a chuirtear ar fáil amhlaidh; ná ní chuirfidh aon cheann dá fhochuideachtaí na seirbhísí ar fáil ar théarmaí seachas téarmaí a dhéanann an t-idirdhealú sin.
Cumhachtaí a fheidhmiú.
36.—(1) Baineann an t-alt seo le cumann foirgníochta nó fochuideachta nó comhlacht comhlachaithe eile d'fheidhmiú cumhachta faoi aon cheann de na hailt seo a leanas—
(a) alt 21 (talamh a shealbhú agus a fhorbairt);
(b) alt 23 (1) (e) agus (f) (iasachtaí neamhurraithe nó iasachtaí a bheidh urraithe go feadh méid ar bith);
(c) alt 28 (infheistiú i gcomhlachtaí corpraithe agus tacú leo etc.);
(d) alt 29 (seirbhísí airgeadais);
(e) alt 31 (seirbhísí tíolactha);
(f) alt 32 (seirbhísí ceantálaíochta agus seirbhísí i ndáil le talamh); agus
(g) alt 33 (cumhacht gníomhú thar lear).
(2) Ní mór gach cumhacht lena mbaineann an t-alt seo a bheith glactha ag an gcumann trí rún speisialta, agus a bheith taifeadta ina mheabhrán, le go mbeidh sí infheidhmithe.
(3) Beidh ráiteas i bhfógra faoi rún speisialta faoi fho-alt (2), nó beidh ráiteas ag gabháil leis, ina dtabharfar—
(a) tuairisc ar an ngníomhaíocht a bhfuil an chumhacht le feidhmiú i ndáil léi,
(b) na fáthanna gur glacadh gach cumhacht ar leith, agus
(c) sonraí i dtaobh cibé nithe eile a bheidh ag teastáil ón mBanc Ceannais.
(4) Tar éis dó cumhacht a ghlacadh ní dhéanfaidh cumann, faoi réir fho-alt (5), an chumhacht sin a fheidhmiú ach amháin le ceadú an Bhainc Ceannais agus de réir théarmaí agus choinníollacha an cheadaithe sin.
(5) Féadfaidh an Banc Ceannais a shonrú, i ndáil le haon chumhacht, cad iad na himthosca ina bhféadfaidh agus na coinníollacha faoina bhféadfaidh cumann cumhacht a fheidhmiú gan ceadú sonrach faoi fho-alt (4).
(6) Sula molfar rún speisialta chun cumhacht a ghlacadh féadfaidh an cumann dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais agus féadfaidh an Banc réamhthuairim a thabhairt (gan dochar d'aon chinneadh faoi fho-alt (10)) i dtaobh cé acu a cheadódh sé agus cá mhéad a cheadódh sé feidhmiú na cumhachta.
(7) Féadfaidh an Banc Ceannais cibé ceanglais a shonrú is dóigh leis is gá i ndáil le cumainn d'fheidhmiú aon chumhachta lena mbaineann an t-alt seo agus féadfaidh sé ceanglais éagsúla a shonrú maidir le cumhachtaí éagsúla.
(8) Na cumhachtaí a sonraítear ceanglais ina leith faoi fho-alt (7) ní bheidh siad nó, de réir mar a bheidh, scoirfidh siad de bheith, ar fáil do chumann nach gcomhlíonann na ceanglais ach má scoireann cumann de na ceanglais sin a chomhlíonadh ní chuireann an scor sin ann féin d'oibleagáid air aon mhaoin nó ceart a fuarthas i bhfeidhmiú na cumhachta a dhiúscairt.
(9) Maidir le hiarratas ar cheadú faoi fho-alt (4)—
(a) is ar cibé modh a shonróidh an Banc Ceannais, i gcoitinne nó in aon chás áirithe, a dhéanfar é; agus
(b) beidh cibé faisnéis a bheidh ag teastáil ón mBanc Ceannais, i gcoitinne nó in aon chás áirithe, ag gabháil leis.
(10) (a) Tar éis dó iarratas a rinneadh de réir fho-alt (9) a bhreithniú, féadfaidh an Banc Ceannais, de réir mar is cuí leis—
(i) ceadú a thabhairt,
(ii) diúltú ceadú a thabhairt, nó
(iii) ceadú a thabhairt faoi réir cibé coinníollacha, srianta nó eisiataí is dóigh leis is iomchuí.
(b) Déanfaidh an Banc Ceannais, laistigh de 6 mhí ón dáta a bhfuarthas an t-iarratas nó ón dáta a bhfuarthas cibé faisnéis bhreise a bheidh ag teastáil uaidh, fógra faoina chinneadh a thabhairt don chumann a rinne an t-iarratas.
(11) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (10) (a) (iii), féadfaidh forálacha i dtaobh na nithe seo a leanas a bheith, go háirithe, ar áireamh sna coinníollacha a fhorchuirfidh an Banc Ceannais, eadhon—
(a) an aicme nó na haicmí daoine a bhféadfar seirbhís a chur ar fáil dóibh;
(b) cibé acu an é an cumann é féin nó fochuideachta nó comhlacht comhlachaithe eile a fhéadfaidh dul i mbun na gníomhaíochta;
(c) méid na gcistí a fhéadfaidh an cumann nó a fhochuideachta nó a chomhlacht comhlachaithe eile a chaitheamh ar an ngníomhaíocht;
(d) cibé acu an mar phríomhaí nó mar ghníomhaire a fhéadfaidh an cumann gníomhú agus é i mbun na gníomhaíochta;
(e) an tréimhse a bhféadfar dul i mbun na gníomhaíochta lena linn;
(f) teorainneacha le haon ráthaíochtaí, bannaí, conarthaí urraíochta nó slánaíochtaí a thabharfaidh nó a dhéanfaidh an cumann;
(g) cibé acu a chaithfear agus cá mhéad a chaithfear ceadú an Bhainc a fháil i leith tograí, infheistíochtaí nó gnóthas áirithe;
(h) coinníollacha nach mór a chomhlíonadh ó thaobh aon fhochuideachta nó comhlacht comhlachaithe eile de chuid cumainn a bheidh ag dul i mbun na gníomhaíochta;
(i) na cáilíochtaí nach mór a bheith ag fostaithe an chumainn nó a fhochuideachta nó a chomhlachta chomhlachaithe eile a bheidh ag dul i mbun na gníomhaíochta;
(j) coinbhleachtaí leasa a sheachaint;
(k) muirir a bheidh le gearradh i ndáil le haon seirbhís a chuirfear ar fáil;
(l) an cumann do chothabháil taifead cuntasaíochta ar leithligh agus d'ullmhú cuntas maidir leis an tseirbhís a bheidh á cur ar fáil.
(12) Maidir le cumhachtaí a fheidhmiú lasmuigh den Stát, féadfaidh go háirithe, agus gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (10) (a) (iii), forálacha i dtaobh na nithe seo a leanas a bheith ar áireamh sna coinníollacha a fhorchuirfidh an Banc Ceannais, i dteannta aon choinníollacha a fhorchuirfear faoi fho-alt (11), eadhon—
(a) na tíortha inar féidir an chumhacht a fheidhmiú,
(b) na cineálacha urrúis a fhreagraíonn, i dtuairim an Bhainc, in aon tír áirithe, do na cineálacha urrúis dá dtagraítear in ailt 22 agus 23,
(c) feidhm aon fhorála den Acht seo a bhaineann le hiasachtaí, maidir le hiasachtaí a thabharfar lasmuigh den Stát, fara cibé modhnuithe is dóigh leis an mBanc is iomchuí,
(d) ceanglais i ndáil le hairgeadraí.
(13) Ní thabharfaidh an Banc Ceannais ceadú d'iarratas mura deimhin leis go bhfuil an chumhacht iomchuí glactha ag an gcumann de réir an Achta seo.
(14) Féadfaidh an Banc Ceannais, tráth ar bith, ceadú a bheidh tugtha aige faoin alt seo a tharraingt siar, coinníollacha a fhorchur ar cheadú nó aon choinníollacha a bheidh forchurtha a chúlghairm nó a athrú nó coinníollacha breise a chur leo, ach ní cheanglófar aon mhaoin nó ceart a bheidh faighte cheana féin a dhiúscairt de bharr gnímh den sórt sin ag an mBanc.
(15) Féadfaidh an Banc Ceannais a ordú go ndéanfaí measúnacht neamhspleách ar chumas cumainn cumhacht a fheidhmiú dár iarr sé ceadú agus is é an cumann a íocfaidh costas na measúnachta sin má ordaíonn an Banc dó sin a dhéanamh.
(16) I gcás ina gceanglaíonn an tAcht seo, nó an Banc Ceannais i bhfeidhmiú a fheidhmeanna faoin Acht seo, nach bhféadar cumhacht chun seirbhís a chur ar fáil a fheidhmiú ach amháin trí fhochuideachta nó trí chomhlacht comhlachaithe eile, déileálfar leis an gcumhacht chun dul i mbun na gníomhaíochta sin mar chumhacht de chuid an chumainn chun críche alt 28.
CUID IV
Rialú agus Maoirsiú Cumann Foirgníochta ag an mBanc Ceannais
Dualgas an Bhainc Ceannais i leith cumann foirgníochta.
37.—(1) Faoi réir fheidhm agus dhualgas ginearálta an Bhainc Ceannais faoi alt 6 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1942, riarfaidh an Banc an córas rialaithe agus maoirsithe do chumainn fhoirgníochta dá bhforáiltear leis an Acht seo nó faoi, d'fhonn—
(a) go gcosnóidh gach cumann cistí a scairshealbhóirí agus a thaisceoirí, agus
(b) go gcothabhálfar cobhsaíocht agus leas airgeadais na gcumann i gcoitinne.
(2) Beidh de chumhacht ag an mBanc Ceannais aon ní a dhéanamh ar dóigh dó, ina thuairim, feidhmiú a fheidhmeanna a éascú nó a bhaineann leis an bhfeidhmiú sin nó a leanann as.
(3) I dtuarascáil an Bhainc Ceannais faoi alt 36 den Acht Airgid Reatha, 1927, beidh tuarascáil faoi fheidhmiú a fheidhmeanna faoin Acht seo.
Soláthar airgeadais morgáiste.
38.—(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham, de réir mar is dóigh leis is gá, athbhreithniú a dhéanamh, i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, ar leordhóthanacht an tsoláthair d'airgeadas morgáiste chun tithíocht a chur ar fáil nó a fheabhsú agus cuirfidh sé a mheasúnacht i dtaobh an gá atá le hairgeadas den sórt sin in iúl don Bhanc Ceannais.
(2) Gan dochar d'fhorálacha alt 6 d'Acht an Bhainc Cheannais, 1942, déanfaidh an Banc Ceannais, a luaithe is féidir le réasún, a thuairimí i dtaobh na measúnachta sin a thabhairt don Aire agus cuirfidh sé aon bheart is dóigh leis is gá nó is inmhianaithe a ghlacadh in iúl don Aire.
(3) Cuirfidh gach cumann foirgníochta cibé faisnéis agus tuairisceáin faoi bhráid an Aire laistigh de cibé tréimhse a cheanglóidh an tAire ó am go ham chun críocha a fheidhmeanna i ndáil leis an gclár náisiúnta tithíochta.
Cóimheasanna agus struchtúir sócmhainní agus dliteanas.
39.—(1) Coinneoidh cumann foirgníochta gach uile thráth cibé cion dá shócmhainní iomlána i bhfoirm leachtach (dá ngairtear “sócmhainní leachtacha” anseo ina dhiaidh seo), agus cibé comhdhéanamh acu a chumasóidh don chumann freastal dá dhliteanais de réir mar a thagann siad ar aghaidh.
(2) Chun críocha fho-alt (1) a chomhlíonadh, beidh aird ag cumann ar raon agus ar scála a ghnó féin agus gnó aon fhochuideachta nó comhlachta chomhlachaithe eile dá chuid agus ar chomhdhéanamh agus ar ghné a chuid sócmhainní agus dliteanas agus sócmhainní agus dliteanais aon chomhlachta den sórt sin.
(3) Féadfaidh cumann sócmhainní leachtacha a choinneáil de bhreis orthu siúd a cheanglaítear a choinneáil chun fo-alt (1) a chomhlíonadh.
(4) Féadfaidh an Banc Ceannais ó am go ham a cheangal ar chumann—
(a) cóimheas sonraithe,
(b) cóimheas nach mó ná cóimheas sonraithe, nó
(c) cóimheas nach lú ná cóimheas sonraithe,
a choimeád idir a shócmhainní agus a dhliteanais agus féadfar an cóimheas sonraithe a lua mar chéatadán de na sócmhainní nó de na dliteanais lena mbaineann.
(5) Féadfaidh sé a bheith sainráite i gceanglas de chuid an Bhainc Ceannais faoi fho-alt (4) go bhfuil feidhm aige—
(a) i ndáil le gach cumann nó le cumainn d'earnáil shonraithe nó d'earnálacha sonraithe,
(b) i ndáil le sócmhainní uile nó dliteanais uile na gcumann lena mbaineann nó le sócmhainní sonraithe nó sócmhainní de chineál sonraithe, nó le dliteanais shonraithe nó dliteanais de chineál sonraithe, de chuid na gcumann sin,
(c) i ndáil le tráth nó tráthanna sonraithe nó le linn tréimhse nó tréimhsí sonraithe,
agus beidh éifeacht leis de réir a théarmaí.
(6) Féadfaidh an Banc Ceannais ceanglas faoi fho-alt (4), a bheidh i bhfeidhm, a chúlghairm nó féadfar é a leasú le ceanglas ina dhiaidh sin faoin bhfo-alt sin.
(7) Féadfaidh an Banc Ceannais ó am go ham, maidir le cumann, ceanglais a shonrú ó thaobh chomhdhéanamh shócmhainní an chumainn agus, faoi réir alt 18 (3), féadfaidh sé ceanglais a shonrú ó thaobh chomhdhéanamh dhliteanais an chumainn.
(8) Le linn sócmhainní agus dliteanais cumainn, a bhfuil comhlacht corpraithe eile i gcomhlachas leis, a bheith á gcinneadh chun críocha an ailt seo, cuirfear síos don chumann, i slí a mbeidh glacadh ag an mBanc Ceannais leis nó de réir mar a shonróidh sé, na socmhainní agus na dliteanais go léir de thuairisc ar bith, nó cuid den chéanna, de chuid an chomhlachta chomhlachaithe.
(9) (a) Faoi réir mhír (b), ciallaíonn “sócmhainní leachtacha” sócmhainní a bheidh sonraithe ag an mBanc Ceannais mar shócmhainní leachtacha chun críocha an ailt seo lena n-áirítear taiscí leis an mBanc.
(b) Go dtí go ndéanfaidh an Banc Ceannais sonrú faoi mhír (a), folaíonn “socmhainní leachtacha” sócmhainní a bheidh á sealbhú i bhfoirm dá bhforáiltear le halt 38 den Acht Cumann Foirgníochta, 1976, d'ainneoin aisghairm an Achta sin.
(10) San alt seo—
(a) ciallaíonn “sonraithe” sonraithe ag an mBanc Ceannais faoin alt seo,
(b) folaíonn “dliteanais” cibé dliteanais theagmhasacha a bheidh sonraithe ó am go ham ag an mBanc Ceannais chun críocha an ailt seo.
An Banc Ceannais do chúlghairm údarú agus do thabhairt treorach.
40.—(1) Cúlghairfidh an Banc Ceannais údarú cumainn foirgníochta más rud é—
(a) go mbeidh iarrtha ag an gcumann ar an mBanc a údarú a chúlghairm,
(b) go mbeidh iarrtha ag an gcumann ar an mBanc a chlárú a chealú,
(c) go mbeidh an cumann tar éis cónascadh le cumann eile, nó tar éis a ghealltanais go léir a aistriú chuig cumann eile, faoi alt 95 nó 96, nó
(d) go mbeidh tús curtha le himeachtaí chun an cumann a fhoirceannadh faoi alt 109.
(2) I gcás gur deimhin leis an mBanc Ceannais—
(a) nár bhain cumann leas as an údarú laistigh de 12 mhí ón dáta ar ar deonaíodh é,
(b) go bhfuil scortha ag cumann de bheith ag seoladh gnó cumainn foirgníochta le breis agus 6 mhí,
(c) gur fóirsteanach déanamh amhlaidh ar mhaithe le leas an phobail nó chun cistí scairshealbhóirí nó taisceoirí a chosaint,
(d) go bhfuil scortha ag cumann de é a bheith mar cheann dá chuspóirí iasachtaí tithíochta a thabhairt,
(e) go bhfuil cumann éirithe, nó gur dóigh go n-éireoidh sé, neamhábalta freastal dá oibleagáidí i leith a chreidiúnaithe agus a scairshealbhóirí nó go bhfionróidh sé íocaíochtaí a bheidh dlite go dleathach de,
(f) go bhfuil mainnithe ag cumann cóipeanna dá chuntais bhliantúla a chur chuig an mBanc mar a cheanglaítear le halt 82,
(g) nár chomhlíon cumann coinníoll atá curtha i gceangal le húdarú an chumainn nó le ceadú chun cumhacht a fheidhmiú faoi alt 36,
(h) go bhfuil mainnithe ag cumann déanamh de réir ceanglais de chuid an Achta seo nó de réir ceanglais nó coinníoll de chuid an Bhainc, nó fógra ón mBanc, i bhfeidhmiú a chumhachtaí faoin Acht seo dó,
(i) gur ciontaíodh cumann, ar díotáil, i gcion faoi aon fhoráil den Acht seo nó i gcion lenar ghabh calaois, mímhacántacht nó sárú iontaobhais,
(j) nach bhfuil acmhainní caipitiúla leordhóthanacha ag cumann a thuilleadh nó nach bhfuil acmhainní den sórt sin á gcothabháil aige agus gur dócha nach mbeidh ar a chumas iad a chothabháil agus go háirithe nach gcuireann sé urrús ar fáil a thuilleadh le haghaidh na gcistí atá faoina chúram,
(k) go bhfuil athrú tagtha, ón uair a deonaíodh an t-údarú nó a meastar é a bheith deonaithe faoi alt 17, ar na himthosca a bhaineann leis an deonú agus go ndiúltófaí d'iarratas ar údarú dá mba sna himthosca athraithe a dhéanfaí é, nó
(l) go bhfuair cumann an t-údarú trí ráitis bhréagacha nó ar mhodh mírialta eile,
féadfaidh an Banc, de réir mar is dóigh leis is cuí, cúlghairm a dhéanamh ar údarú a deonaíodh nó a mheastar a bheith deonaithe do chumann faoi alt 17, nó treoir i scríbhinn a thabhairt don chumann á ordú dó fionraí a dhéanamh, go ceann cibé tréimhse, nach faide ná 6 mhí, a bheidh sonraithe sa treoir, ar gach ceann nó ar aon cheann díobh seo a leanas, is é sin le rá—
(i) cruinniú cistí,
(ii) déanamh íocaíochtaí,
(iii) fáil nó diúscairt sócmhainní nó dliteanas eile,
nach mbeidh údaraithe ag an mBanc.
(3) Beidh feidhm ag an gCeathrú Sceideal maidir le húdarú a chúlghairm.
(4) Beidh feidhm ag an gCúigiú Sceideal maidir le treoir ón mBanc Ceannais faoi fho-alt (2).
(5) Fad a bheidh treoir faoin alt seo i bhfeidhm, ní fhéadfar aon imeachtaí foirceanta i ndáil leis an gcumann a thosú ná aon rún le haghaidh foirceannadh a rith i ndáil leis an gcumann ná ní fhéadfar aon ghlacadóir a cheapadh i ndáil le maoin nó aon chuid de mhaoin an chumainn ná le gnóthas an chumainn ná ní dhéanfar aon astú, forlámhú ná tochsal ar shlí eile ar mhaoin an chumainn ach amháin le cead roimh ré ón gCúirt.
(6) I gcás gur deimhin leis an gCúirt gurb inmhianaithe déanamh amhlaidh mar gheall ar an gcineál cáis atá ann nó mar gheall ar imthosca an cháis nó thairis sin ar mhaithe leis an gceartas, féadfar na himeachtaí go léir nó aon chuid d'imeachtaí faoin alt seo a éisteacht ar shlí seachas go poiblí.
Iniúchtaí, faisnéis, etc.
41.—(1) Féadfaidh Rialtóir an Bhainc Ceannais a údarú i scríbhinn do dhuine (“duine údaraithe”), ar oifigeach don Bhanc, nó aon duine eile ag a bhfuil na cáilíochtaí cuí nó an taithí chuí é, iniúchadh nó imscrúdú a dhéanamh ar staid ghnó agus ar sheoladh gnó cumainn foirgníochta nó comhlachta chorpraithe eile atá, nó a bhí an tráth ábhartha, ina fhochuideachta nó ina chomhlacht comhlachaithe eile de chuid cumainn nó ar aon ghné áirithe den ghnó sin agus tuarascáil faoin gcéanna a thabhairt don Bhanc.
(2) Féadfaidh an Banc Ceannais, nó duine údaraithe, a cheangal ar chumann nó ar chomhlacht eile a luaitear i bhfo-alt (1)—
(a) cibé faisnéis, doiciméid, nó cibé ábhar eile nó míniú ar chúrsaí, a bhaineann le gnó an chumainn nó leis na pleananna atá ann le haghaidh forbairt an chumainn agus a fhochuideachta nó a chomhlachtaí comhlachaithe eile, de réir mar a bheidh sonraithe, amach anseo, a thabhairt dó laistigh de thréimhse shonraithe nó ag tráth sonraithe nó in áit shonraithe; agus
(b) tuarascáil ó dhuine a bheidh ceadaithe ag an mBanc, nó ón duine údaraithe, maidir le faisnéis nó doiciméid nó ábhar eile a bheidh tugtha amhlaidh, nó maidir le gnéithe sonraithe den chéanna.
(3) Féadfaidh duine údaraithe, ar é do thabhairt a údaraithe ar aird má iarrtar sin air, dul isteach gach tráth réasúnach in áitreabh cumainn nó comhlachta chorpraithe eile a luaitear i bhfo-alt (1) agus scrúdú a dhéanamh ar aon doiciméid nó ábhar agus cóipeanna a dhéanamh den chéanna nó sleachta a thógáil as nó astu.
(4) Féadfar ceanglas faoin alt seo a fhorchur ar chumann i ndáil le faisnéis, doiciméid nó ábhar eile a bheidh ina sheilbh nó faoina rialú ag fochuideachta nó comhlacht comhlachaithe lasmuigh den Stát.
(5) An dualgas chun aon fhaisnéis, doiciméad, ábhar nó míniú a thabhairt ar aird nó a sholáthar baineann sé freisin le leachtaitheoir nó le haon duine atá nó a bhí ina oifigeach nó ina fhostaí nó ina ghníomhaire don chumann nó don chomhlacht eile, de réir mar a bheidh, nó a ndealraíonn sé don Bhanc Ceannais nó don duine údaraithe go bhfuil an fhaisnéis, an doiciméad, an t-ábhar nó an míniú ina sheilbh nó faoina rialú aige.
(6) I gcás aon duine a gceanglófar air doiciméad nó ábhar a thabhairt ar aird d'éileamh liain ar an doiciméad nó ar an ábhar, ní dochar don lian é a thabhairt ar aird.
(7) Ní chuirfidh aon ní san alt seo iallach ar abhcóide nó ar aturnae doiciméad nó ábhar ina bhfuil cumarsáid a thug sé, nó a tugadh dó, faoi phribhléid sa cháil sin a thabhairt ar aird nó faisnéis atá i gcumarsáid faoi phribhléid a tugadh amhlaidh a thabhairt.
(8) Féadfaidh an Banc Ceannais nó duine údaraithe cóipeanna a dhéanamh d'aon doiciméad nó ábhar, nó sleachta a thógáil as aon doiciméad nó ábhar, a tugadh ar aird i gcomhlíonadh an ailt seo agus féadfaidh sé a cheangal ar an duine a thug ar aird é nó ar aon duine eile is stiúrthóir nó iarstiúrthóir ar an gcumann nó ar an gcomhlacht eile, nó is oifigeach nó iaroifigeach dó, nó atá nó a bhí tráth ar bith ar fostú aige, míniú a thabhairt ar an doiciméad nó ar an ábhar agus mura dtabharfar an doiciméad nó an t-ábhar ar aird, féadfaidh sé a cheangal ar an duine ar ceanglaíodh air é a thabhairt ar aird a rá, de réir mar is fearr is eol dó agus mar a chreideann sé, cá bhfuil an doiciméad nó an t-ábhar.
(9) San alt seo—
(a) ciallaíonn “sonraithe” sonraithe i bhfógra faoin alt seo,
(b) folaíonn “gníomhaire”, i ndáil le cumann, nó i ndáil le haon fhochuideachta nó comhlacht eile atá i gcomhlachas leis a bhfuil a ghnó á imscrúdú, baincéirí, cuntasóirí, aturnaetha, iniúchóirí agus comhairleoirí airgeadais agus comhairleoirí eile an chumainn, na fochuideachta nó an chomhlachta sin,
(c) aon tagairt d'oifigeach, d'fhostaí nó do ghníomhaire de chuid cumainn nó comhlachta eile folaíonn sí tagairt do dhuine a bhí, ach nach bhfuil a thuilleadh, ina oifigeach, ina fhostaí nó ina ghníomhaire de chuid an chumainn nó an chomhlachta sin.
Fógraíocht a rialú.
42.—(1) Más rud é, maidir le haon chumann foirgníochta, gur dóigh leis an mBanc Ceannais gur fóirsteanach déanamh amhlaidh, féadfaidh sé treoir a thabhairt don chumann i ndáil le hábhar agus foirm aon fhógráin nó aon mhodha eile chun taiscí nó suibscríobhanna le haghaidh scaireanna sa chumann a shireadh nó i ndáil le hábhar agus foirm aon fhógráin a bhaineann le haon seirbhís atá á cur ar fáil nó gnó atá á dhéanamh ag an gcumann agus féadfaidh sé a ordú don chumann fógrán a tharraingt siar nó scor d'fhógraíocht a dhéanamh.
(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfar, le treoir faoin alt seo, na nithe seo a leanas go léir nó aon ní acu a dhéanamh—
(a) a thoirmeasc ar an gcumann fógráin de gach tuairisc nó d'aon tuairisc shonraithe a eisiúint,
(b) a cheangal ar an gcumann fógráin de thuairisc shonraithe a mhodhnú ar bhealach sonraithe,
(c) a thoirmeasc ar an gcumann aon fhógráin a eisiúint ar aithris iad, nó ar aithris iad tríd is tríd, ar fhógrán sonraithe,
(d) a cheangal ar an gcumann aon fhógrán sonraithe nó aon fhógrán de thuairisc shonraithe a tharraingt siar, nó
(e) a cheangal ar an gcumann faisnéis shonraithe a áireamh in aon fhógrán a fhoilseoidh sé nó a fhoilseofar thar a cheann nó in aon ráiteas don phobal a dhéanfaidh sé féin nó a dhéanfar thar a cheann.
(3) San alt seo—
(a) folaíonn “fógrán” aon ní lena mbaineann an t-alt seo a mholadh ar gach slí, lena n-áirítear go háirithe aon ní den sórt sin a thaispeáint nó a fhoilsiú trí bhileoigín, fógra, ciorclán, paimfléad, bróisiúr, fótagraf, scannán, fístaifead, fuaimchraoladh, teilifís, cumarsáid leictreonach nó canbhasáil phearsanta agus forléireofar dá réir sin tagairtí d'fhógráin a eisiúint; agus
(b) ciallaíonn “sonraithe” sonraithe i dtreoir faoin alt seo.
Cumhacht na Cúirte sáruithe áirithe ar an Acht a thoirmeasc.
43.—(1) Más rud é, ar iarratas a bheith déanta ar an slí achomair ag an mBanc Ceannais, gurb é tuairim na Cúirte go bhfuil—
(a) sárú ar an Acht seo,
(b) mainneachtain déanamh de réir coinníll a forchuireadh i ndáil le húdarú de bhua alt 17, nó de réir treorach faoi alt 40 nó 42, nó
(c) mainneachtain déanamh de réir coinníll a forchuireadh ar cheadú faoi alt 36 chun cumhacht inghlactha a fheidhmiú,
déanta nó á dhéanamh, féadfaidh an Chúirt, le hordú, a thoirmeasc ar an duine nó ar na daoine lena mbaineann, leanúint den sárú nó den mhainneachtain nó, i gcás mhír (c), a cheangal go scoirfí den chumhacht inghlactha a fheidhmiú.
(2) Féadfaidh an Chúirt, le linn di an t-iarratas a bhreithniú, cibé ordú eatramhach nó idirbhreitheach a dhéanamh is cuí léi.
(3) Ní dochar na forálacha roimhe seo den alt seo d'fheidhmeanna ginearálta an Bhainc Ceannais.
(4) I gcás gur deimhin leis an gCúirt gurb inmhianaithe déanamh amhlaidh mar gheall ar an gcineál cáis atá ann nó mar gheall ar imthosca an cháis nó thairis sin ar mhaithe leis an gceartas, féadfar na himeachtaí go léir nó aon chuid d'imeachtaí faoin alt seo a éisteacht ar shlí seachas go poiblí.
Faisnéis a nochtadh.
44.—(1) Aon duine atá, tráth thosach feidhme an ailt seo, nó a cheapfar chun bheith aon tráth dá éis, ina Rialtóir ar an mBanc Ceannais nó ina Stiúrthóir, ina oifigeach nó ina sheirbhíseach dá chuid, nó atá fostaithe in aon cháil eile ag an mBanc, ní dhéanfaidh sé, le linn a théarma oifige nó fostaíochta nó aon tráth dá éis sin, aon fhaisnéis a nochtadh i dtaobh ghnó aon chumainn foirgníochta nó aon cheann dá fhochuideachtaí nó dá chomhlachtaí comhlachaithe eile, a thiocfaidh ar a iúl de bhua a oifige nó a fhostaíochta mura ndéanfar an nochtadh sin chun a chumasú don Bhanc a fheidhmeanna a chomhlíonadh.
(2) Na forálacha maidir le neamhnochtadh atá i bhfo-alt (1) ní bheidh feidhm acu maidir le haon nochtadh—
(a) a cheanglaíonn cúirt a dhéanamh i ndáil le haon imeachtaí coiriúla,
(b) a dhéanfar le toiliú an duine lena mbaineann an fhaisnéis agus, murab é an duine céanna é, le toiliú an duine óna bhfuarthas an fhaisnéis sin,
(c) i gcás ina mbeidh nó ina raibh an Banc Ceannais ag gníomhú i gcáil gníomhaire thar ceann duine, a dhéanfar don duine maidir leis an gcáil sin,
(d) i gcás inar dóigh leis an mBanc gur gá é ar mhaithe le leas an phobail, a dhéanfar d'aon duine ar a bhfuil an cúram faoin dlí maoirseacht a dhéanamh ar fhorais airgeadais (bíodh nó ná bíodh siad i dteideal airgead a ghlacadh ar taisce ón bpobal) agus a bhfuil, i dtuairim an Bhainc, oibleagáidí air a forchuireadh go cuí i leith neamhnochtadh faisnéise agus a fhreagraíonn d'oibleagáidí faoin alt seo,
(e) a dhéanfar d'údarás i ndlínse eachtrach a bheidh údaraithe go cuí feidhmeanna a fheidhmiú sa dlínse sin a fhreagraíonn d'fheidhmeanna an Bhainc faoin gCuid seo agus faoi alt 17 agus a bhfuil, i dtuairim an Bhainc, oibleagáidí air a forchuireadh go cuí i leith neamhnochtadh faisnéise agus a fhreagraíonn d'oibleagáidí faoin alt seo,
(f) a dhéanfar d'aon fhoras de chuid na gComhphobal Eorpach chun críche bhallraíocht an Stáit d'aon Chomhphobal acu sin,
(g) a dhéanfar i bhfoirm achoimre nó bailiúcháin faisnéise a bheidh dréachtaithe ar chaoi a fhágfaidh nach féidir faisnéis i ndáil le haon chomhlacht nó duine áirithe a fhionnadh as,
(h) is gá, i dtuairim an Bhainc, chun cosaint a thabhairt do chistí scairshealbhóirí i gcumann foirgníochta nó do chistí a chuid taisceoirí nó chun leasanna an Bhainc a chosaint,
(i) a dhéanfar don Aire chun críocha a fheidhmeanna i ndáil leis an gclár náisiúnta tithíochta.
(3) Tar éis thosach feidhme an ailt seo, maidir le gach duine a cheapfar mar Rialtóir nó ina Stiúrthóir ar an mBanc Ceannais, nó ina oifigeach nó mar sheirbhíseach don Bhanc, nó a bheidh fostaithe ag an mBanc in aon cháil eile—
(a) cuirfidh an Banc in iúl dó, sula rachaidh sé i gcúram na hoifige nó na fostaíochta, cad iad na hoibleagáidí a bheidh air faoin alt seo, agus
(b) admhóidh sé gur cuireadh in iúl dó amhlaidh, agus go dtuigeann sé, na hoibleagáidí a bheidh air,
i cibé caoi a chinnfidh an Banc.
(4) Aon duine a sháróidh fo-alt (1), beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—
(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air, nó
(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £25,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air.
(5) In aon imeachtaí mar gheall ar chion faoin alt seo, ní gá a chruthú nach bhfuil feidhm ag forálacha fho-alt (2) agus is faoin duine a bheidh ag iarraidh leas a bhaint as aon cheann de na forálacha sin a bheidh sé a chruthú go bhfuil feidhm ag an gcéanna.
Cigire a cheapadh agus cruinniú speisialta a ghairm.
45.—(1) Más rud é—
(a) go ndéanfaidh líon nach lú ná an deichiú cuid de líon iomlán na gcomhaltaí i gcumann foirgníochta atá i dteideal vótáil de bhun alt 69 (1) (a), nó 200 comhalta den sórt sin, cibé acu is lú, iarratas chun an Bhainc Ceannais; nó
(b) gurb é tuairim an Bhainc Ceannais gur chóir imscrúdú a dhéanamh i dtaobh gnóthaí cumainn nó gur call go mbreithneofaí gnóthaí an chumainn ag cruinniú de chomhaltaí an chumainn;
féadfaidh an Banc, de réir mar is cuí leis, cigire amháin nó níos mó a cheapadh chun gnóthaí an chumainn agus, más gá, gnóthaí aon fhochuideachta nó comhlachta chomhlachaithe eile, a imscrúdú agus tuarascáil a thabhairt orthu i cibé slí a ordóidh sé, nó féadfaidh sé cruinniú speisialta den chumann a ghairm.
(2) Féadfaidh an Banc Ceannais, ar an ócáid chéanna nó ar ócáidí éagsúla, cigire a cheapadh agus cruinniú a ghairm faoi fho-alt (1).
(3) (a) Beidh de thaca le hiarratas faoin alt seo cibé fianaise a ordóidh an Banc Ceannais lena thaispeáint go bhfuil cúis mhaith ag na hiarratasóirí chun a éileamh go ndéanfaí an t-imscrúdú nó go ngairfí an cruinniú agus lena thaispeáint nach le rún mailíse a rinne siad an t-iarratas.
(b) Tabharfar don chumann agus, i gcás go mbainfidh an t-imscrúdú lena gnóthaí nó lena ghnóthaí siúd chomh maith, tabharfar d'fhochuideachta nó do chomhlacht comhlachaithe an chumainn, cibé fógra i dtaobh an iarratais a ordóidh an Banc Ceannais.
(c) Féadfaidh an Banc Ceannais a cheangal ar na hiarratasóirí urrús a thabhairt go n-íocfar costais an imscrúdaithe nó an chruinnithe sula gceapfar an cigire nó sula ngairfear an cruinniú faoi réir méid, i gcás costas imscrúdaithe, nach mó ná £200,000.
(d) Maidir leis na costais a ghabhfaidh nó a bhainfidh leis an imscrúdú nó leis an gcruinniú, íocfaidh na hiarratasóirí iad nó íocfar iad as cistí an chumainn nó íocfaidh comhaltaí nó oifigigh, nó iarchomhaltaí nó iaroifigigh, an chumainn iad i cibé comhréir a ordóidh an Banc Ceannais ach, i gcás imscrúdú (cibé caoi a thionscnófar é), is é an Banc a íocfaidh sa chéad áit iad ach sin gan dochar dá chearta ranníoc a fháil faoi alt 46.
(4) (a) Féadfaidh an Banc Ceannais cibé treoracha is oiriúnach leis a thabhairt i ndáil le gairm, tionól agus seoladh cruinnithe a thionólfar faoin alt seo (lena n-áirítear am agus ionad an chruinnithe agus na hábhair a bheidh le plé agus le cinneadh ag an gcruinniú).
(b) Ceapfaidh an Banc Ceannais duine le bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.
(c) Beidh ag an gcruinniú na cumhachtaí uile a bheidh ag cruinniú a gaireadh de réir rialacha an chumainn.
(d) Beidh éifeacht leis an bhfo-alt seo d'ainneoin aon ní i rialacha an chumainn.
(5) Sula gceapfaidh an Banc Ceannais cigire nó sula ngairfidh sé cruinniú faoin alt seo féadfaidh sé, más dóigh leis nár dhochar do leas na gcomhaltaí nó na gcreidiúnaithe é, fógra i scríbhinn a thabhairt don chumann faoin rud atá beartaithe aige a dhéanamh agus na forais ar a bhfuil beartaithe aige sin a dhéanamh agus, i gcás den sórt sin, beidh an cumann i dteideal, laistigh de 14 lá tar éis dó an fógra a fháil, ráiteas míniúcháin a thabhairt don Bhanc i scríbhinn.
(6) I gcás ar dóigh le cigire a ceapadh faoin alt seo gur gá chun críocha a imscrúdaithe gnóthaí aon chumainn eile nó aon chomhlachta chorpraithe atá, nó a bhí aon tráth ábhartha, ina fhochuideachta don chumann chéadluaite nó i gcomhlachas leis, a imscrúdú freisin, beidh de chumhacht aige, le toiliú an Bhainc Ceannais, sin a dhéanamh, agus tabharfaidh sé tuarascáil ar ghnóthaí an chumainn nó an chomhlachta chorpraithe eile a mhéid is dóigh leis is iomchuí torthaí a imscrúdaithe ar an gcéanna i ndáil le gnóthaí an chumainn chéadluaite a imscrúdú.
Forálacha d'fhorlíonadh alt 45.
46.—(1) Beidh sé de dhualgas—
(a) ar oifigigh, comhaltaí agus gníomhairí uile cumainn nó comhlachta eile a bhfuil a ghnóthaí á n-imscrúdú faoi alt 45, agus
(b) ar aon duine eile ar dóigh leis an gcigire go bhfuil sé nó go bhféadfadh sé a bheith i seilbh aon fhaisnéise i dtaobh ghnóthaí an chumainn nó an chomhlachta,
na leabhair, na cuntais, na gníomhais, na taifid nó na doiciméid eile go léir de chuid an chumainn nó an chomhlachta nó a bhaineann leis an gcumann nó leis an gcomhlacht, atá ina gcumhacht, ina seilbh nó ar fáil acu a thabhairt ar aird don chigire, láithriú os comhair an chigire nuair a cheanglaítear sin orthu agus thairis sin an cúnamh go léir a thabhairt dó i ndáil leis an imscrúdú is féidir leo le réasún a thabhairt.
(2) Féadfaidh an cigire oifigigh, comhaltaí agus gníomhairí an chumainn nó an chomhlachta eile a bheidh á imscrúdú, agus aon duine den chineál a luaitear i bhfo-alt (1), a cheistiú faoi mhionn i ndáil lena ghnóthaí agus féadfaidh sé dá réir sin duine a chur faoi mhionn.
(3) Má tá forais réasúnacha ag cigire chun a chreidiúint go bhfuil nó go raibh stiúrthóir nó iarstiúrthóir de chuid cumainn a bhfuil an cigire ag déanamh imscrúdú ar a chuid gnóthaí ag cothabháil cuntais bainc de thuairisc ar bith, ina aonar nó i gcomhpháirt le duine eile agus sin sa Stát nó áit éigin eile, ar íocadh isteach ann nó amach as—
(a) aon airgead a lean as maoiniú a dhéanamh nó a úsáideadh chun maoiniú a dhéanamh, ar aon idirbheart, comhshocraíocht nó comhaontú nach raibh sonraí ina leith ar áireamh sa chlár um idirbhearta agus comhshocraíochtaí áirithe mar a cheanglaítear le halt 59; nó
(b) aon airgead a raibh baint ar bith aige le haon ghníomh nó neamhghníomh, nó le sraith de ghníomhartha nó de neamhghníomhartha, ar mhí-iompar é (cibé acu calaoiseach nó nach ea) ar thaobh an stiúrthóra sin i leith an chumainn nó a chomhaltaí;
féadfaidh an cigire a cheangal ar an stiúrthóir nó ar an iarstiúrthóir na doiciméid go léir a bheidh i seilbh nó faoi rialú an stiúrthóra sin agus a bhaineann leis an gcuntas bainc sin a thabhairt ar aird dó agus, san fho-alt seo, folaíonn “cuntas bainc” cuntas le haon duine atá díolmhaithe, de bhua alt 7 (4) d'Acht 1971, ón gceanglas ceadúnas a shealbhú faoi alt 9 den Acht sin.
(4) Má mhainníonn aon oifigeach, comhalta nó gníomhaire de chuid an chumainn nó comhlachta eile nó aon duine den chineál a luaitear i bhfo-alt (1) aon leabhar nó doiciméad, arb é a dhualgas faoin alt seo é a thabhairt ar aird, a thabhairt ar aird don chigire nó má dhiúltaíonn sé láithriú os comhair an chigire nuair a cheanglaítear air sin a dhéanamh, nó má dhiúltaíonn sé aon cheist a chuirfidh an cigire air i dtaobh gnóthaí an chumainn nó an chomhlachta eile, de réir mar a bheidh, a fhreagairt, beidh sé ciontach i gcion.
(5) Ní chuirfidh aon ní san alt seo—
(a) iallach ar abhcóide nó ar aturnae doiciméad nó ábhar ina bhfuil cumarsáid a thug sé, nó a tugadh dó, faoi phribhléid sa cháil sin a thabhairt ar aird nó faisnéis atá i gcumarsáid faoi phribhléid a tugadh amhlaidh a thabhairt, nó
(b) de cheangal ar bhanc nó ar chumann foirgníochta aon fhaisnéis a nochtadh i dtaobh gnóthaí aon cheann dá chustaiméirí seachas an cumann nó an comhlacht a bhfuil a ghnóthaí á n-imscrúdú.
(6) Aon tagairt san alt seo d'oifigigh nó do ghníomhairí folóidh sé iaroifigigh agus iarghníomhairí chomh maith le hoifigigh agus gníomhairí láithreacha, de réir mar a bheidh, agus folóidh “gníomhairí”, i ndáil le cumann nó comhlacht eile, baincéirí, cuntasóirí, aturnaetha, iniúchóirí agus comhairleoirí airgeadais agus comhairleoirí eile an chumainn nó an chomhlachta eile.
(7) Beidh an Banc Ceannais i dteideal go ndéanfar na caiteachais de chuid an imscrúdaithe a d'íoc sé faoi alt 45 (3) (d) a aisíoc leis mar a leanas, is é sin le rá—
(a) ag iarratasóirí an imscrúdaithe, a mhéid (más aon mhéid é) a ordóidh an Banc;
(b) ag aon chomhlacht arbh iad a ghnóthaí a bhí á n-imscrúdú, a mhéid (más aon mhéid é) a ordóidh an Banc; nó
(c) ag duine a bheidh ciontaithe i gcion in imeachtaí a tionscnaíodh de thoradh an imscrúdaithe, a mhéid (más aon mhéid é) a ordóidh an chúirt a chiontaigh é nó ar ciontaíodh os a comhair é;
agus beidh duine a bheidh faoi dhliteanas faoi aon cheann de na míreanna (a) go (c) i dteideal ranníoc a fháil ó aon duine eile a bheidh faoi dhliteanas faoin mír chéanna i gcomhréir le méid a ndliteanas faoi seach faoin mír sin.
Tuarascálacha cigirí agus imeachtaí dá ndroim.
47.—(1) Féadfaidh cigire a cheapfar faoi alt 45, agus déanfaidh sé, má cheanglaíonn an Banc Ceannais amhlaidh, tuarascáil eatramhach a thabhairt don Bhanc agus, ar an imscrúdú a bheith críochnaithe, tabharfaidh sé tuarascáil chríochnaitheach don Bhanc, ach féadfaidh sé, tráth ar bith le linn an imscrúdaithe, gan tuarascáil eatramhach a thabhairt, scéala a thabhairt don Bhanc i dtaobh nithe atá tagtha ar a iúl de bharr an imscrúdaithe.
(2) Déanfaidh an Banc Ceannais—
(a) cóip d'aon tuarascáil ó chigire faoin alt seo a chur chuig an Aire agus chuig an Aire Airgeadais;
(b) más cuí leis, cóip den tuarascáil sin a thabhairt don chumann agus dá iniúchóirí;
(c) más cuí leis, cóip den tuarascáil sin a thabhairt, ar í a bheith iarrtha agus ar cibé táille a shocróidh sé a bheith íoctha, d'aon duine eile is comhalta den chumann nó d'aon chomhlacht corpraithe eile ar déileáladh leis sa tuarascáil de bhua alt 45 nó a ndealraíonn sé don Bhanc difear a bheith déanta dá leasanna mar chreidiúnaí de chuid an chumainn nó de chuid aon chomhlachta chorpraithe eile den sórt sin;
(d) más cuí leis, cóip a thabhairt do na hiarratasóirí ar an imscrúdú ar iad dá iarraidh sin agus ar cibé táille a shocróidh an Banc a bheith íoctha.
(3) Féadfaidh an tAire an tuarascáil faoi fho-alt (1) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus beidh an foilseachán sin faoi phribhléid agus féadfaidh an Banc Ceannais tuarascáil nach mbeidh leagtha amhlaidh a chló agus a fhoilsiú.
(4) (a) I gcás ar dealraitheach don Bhanc Ceannais go bhfuil aon duine, i ndáil leis an gcumann nó le haon chomhlacht corpraithe ar imscrúdaíodh a ghnóthaí faoi alt 45, ciontach in aon chion a bhfuil sé faoi dhliteanas coiriúil ina leith, cuirfidh an Banc an t-ábhar faoi bhráid an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí.
(b) I gcás a dtionscnóidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí imeachtaí de dhroim tuarascáil faoi mhír (a) a fháil, beidh de dhualgas ar gach oifigeach, comhalta agus gníomhaire de chuid an chumainn nó aon chomhlachta chorpraithe (seachas na cosantóirí sna himeachtaí) gach cúnamh is féidir leis le réasún a thabhairt dó i ndáil leis an ionchúiseamh.
(5) I gcás ar dealraitheach don Bhanc Ceannais, tar éis tuarascáil cigire faoi fho-alt (1) a bhreithniú, gur fóirsteanach é, féadfaidh sé, mura bhfuil an cumann á fhoirceannadh ag an gCúirt, ordú chun an cumann a fhoirceannadh faoi alt 109 a achainí ar an gCúirt.
(6) I gcás ar dealraitheach don Bhanc Ceannais, tar éis tuarascáil cigire faoi fho-alt (1) a bhreithniú, gur chóir don chumann, ar mhaithe le leas an phobail, imeachtaí a thionscnamh le haghaidh damáistí maidir le haon chalaois, míghníomh nó mí-iompar eile i ndáil le fothú nó foirmiú an chumainn nó le bainistí a ghnóthaí, nó chun aon mhaoin a cuireadh chun mífheidhme nó a coimeádadh go mícheart a ghnóthú, féadfaidh an Banc féin imeachtaí a thionscnamh chun na críche sin in ainm an chumainn.
(7) Féadfaidh an Banc Ceannais an cumann a shlánú in aghaidh aon chostais nó caiteachais a thabhaigh sé in aon imeachtaí, nó i ndáil le haon imeachtaí, a tionscnaíodh faoi fho-alt (6).
(8) Beidh cóip d'aon tuarascáil ó chigire a ceapadh faoi alt 45 inghlactha in aon imeachtaí dlí mar fhianaise ar thuairim an chigire i ndáil le haon ábhar sa tuarascáil.
CUID V
Bainistí Cumann Foirgníochta
Stiúrthóirí.
48.—(1) Beidh 3 stiúrthóir ar a laghad ar chumann foirgníochta.
(2) Ní bheidh comhlacht corpraithe mar stiúrthóir ar chumann.
(3) Ceapfaidh na stiúrthóirí duine dá líon chun bheith ina chathaoirleach ar an mbord stiúrthóirí.
(4) Ní bheidh cathaoirleach an bhoird stiúrthóirí ina phríomhfheidhmeannach ar an gcumann freisin, ach amháin le toiliú an Bhainc Ceannais.
Príomhfheidhmeannach agus rúnaí.
49.—(1) Beidh ag cumann foirgníochta—
(a) príomhfheidhmeannach a bheidh, ina aonar nó i gcomhar le hoifigeach amháin eile nó níos mó don chumann, freagrach, faoi údarás díreach an bhoird stiúrthóirí, as gnó an chumainn a sheoladh; agus
(b) rúnaí.
(2) Ní fhéadfaidh an duine céanna a bheith ina phríomhfheidhmeannach agus ina rúnaí ach amháin le toiliú an Bhainc Ceannais.
(3) Is é bord stiúrthóirí cumainn a cheapfaidh príomhfheidhmeannach agus rúnaí an chumainn agus déanfaidh an bord sin gach beart is féidir le réasún chun a áirithiú go bhfuil an t-eolas agus an taithí is gá chun feidhmeanna na n-oifigí sin a chomhall ag na daoine a cheapfar.
(4) Tabharfaidh bord stiúrthóirí cumainn fógra roimhré don Bhanc Ceannais i dtaobh togra chun duine a cheapadh ina phríomhfheidhmeannach agus beidh ann ainm agus seoladh iomlán an duine, an dáta a rachaidh sé i seilbh oifige agus cibé faisnéis eile a bheidh ag teastáil ón mBanc agus déanfaidh an Banc ainm an duine agus an dáta a dtosóidh sé ar oifig a shealbhú a thaifeadadh i gcomhad poiblí an chumainn.
(5) I gcás ina scoirfidh duine d'oifig a shealbhú mar phríomhfheidhmeannach, déanfaidh an bord, a luaithe is féidir, fógra faoin scor sin a thabhairt don Bhanc Ceannais agus taifeadfaidh an Banc é i gcomhad poiblí an chumainn.
(6) Aon ní a cheanglaítear ar an bpríomhfheidhmeannach nó ar an rúnaí a dhéanamh, nó a údaraítear dó a dhéanamh, nó a cheanglaítear nó a údaraítear a dhéanamh maidir leis, féadfaidh aon leasphríomhfheidhmeannach nó leasrúnaí, nó aon phríomhfheidhmeannach cúnta nó rúnaí cúnta, de réir mar a bheidh, é a dhéanamh, nó féadfar é a dhéanamh maidir leis, más rud é go mbeidh oifig an phríomhfheidhmeannaigh nó an rúnaí folamh nó nach mbeidh, ar aon chúis eile, aon phríomhfheidhmeannach nó rúnaí in ann gníomhú, nó mura mbeidh aon leas-phríomhfheidhmeannach ná leasrúnaí ná príomhfheidhmeannach cúnta ná rúnaí cúnta in ann gníomhú, féadfaidh aon oifigeach de chuid an chumainn a bheidh údaraithe go ginearálta nó go speisialta chuige sin ag na stiúrthóirí, é a dhéanamh nó féadfar é a dhéanamh maidir leis.
(7) I gcás gur stiúrthóir an príomhfheidhmeannach freisin, féadfar an stiúrthóir bainisteoireachta a thabhairt air.
Stiúrthóirí: ceapadh agus scor.
50.—(1) Faoi réir fho-ailt (11) agus (16), ní mór stiúrthóirí cumainn foirgníochta a thoghadh chun oifige—
(a) ag cruinniú ginearálta bliantúil den chumann, nó
(b) trí phostbhallóid arna stiúradh le linn na tréimhse 3 mhí roimh an dáta a dtionólfar an cruinniú ginearálta bliantúil,
de réir mar a fhoráiltear sna rialacha.
(2) I gcás feidhm a bheith ag fo-alt (1) (a) agus gur mó líon na n-iarrthóirí ar oifig stiúrthóra ná an líon folúntas, is trí vótaíocht a thoghfar stiúrthóirí.
(3) Is iad na daoine a bheidh i dteideal vótáil i dtoghchán stiúrthóirí na comhaltaí sin den chumann atá, de réir alt 69 agus faoi na rialacha, i dteideal vótáil ar ghnáthrún.
(4) Ní féidir a cheangal ar dhuine atá i dteideal vótáil i dtoghchán stiúrthóirí a vótaí go léir nó aon chuid dá vótaí a chaitheamh.
(5) Féadfaidh duine nach comhalta de chumann a bheith ina stiúrthóir má fhoráiltear sin i rialacha an chumainn.
(6) Féadfaidh rialacha cumainn ceanglas a fhorchur, mar choinníoll le teideal duine a bheith ina stiúrthóir nó a bheith ainmnithe lena thoghadh mar stiúrthóir ar an gcumann, go mbeidh scaireanna sa chumann á sealbhú go tairbhiúil aige nach lú a luach ná an méid a bheidh sonraithe sna rialacha, ach ní mó an sealúchas uasta is féidir a cheangal ná £500 nó cibé méid eile a bheidh curtha ina ionad sin i rialacháin arna ndéanamh ag an mBanc Ceannais.
(7) Ní cheanglófar le rialacha cumainn, mar choinníollacha le bailíocht ainmniúcháin duine lena thoghadh mar stiúrthóir—
(a) go n-uamfadh breis agus 20 comhalta chun é a ainmniú;
(b) go mbeadh comhalta ainmnitheach ina chomhalta le breis agus 2 bhliain roimh dháta an ainmniúcháin nó go sealbhódh sé, nó gur shealbhaigh sé tráth ar bith le linn na tréimhse sin, scaireanna sa chumann ar mhó a luach ná £250; nó
(c) go ndéanfaí breis agus £250 a thaisceadh leis an gcumann i ndáil lena iarrthóireacht.
(8) Ní fhorchuirfear i rialacha cumainn, mar choinníollacha le bailíocht ainmniúcháin duine lena thoghadh mar stiúrthóir, coinníollacha i ndáil le nithe seachas na nithe i bhfo-ailt (6) agus (7), ach amháin de réir mar a bheidh ceadaithe ag an mBanc Ceannais mar choinníollacha réasúnacha.
(9) Féadfaidh an Banc Ceannais, le rialachán, cibé uimhir, tréimhse, luach, nó méid eile is dóigh leis is iomchuí a chur in ionad na huimhreach, na tréimhse comhaltais uasta, luach uasta na scaireanna agus méid uasta na taisce dá dtagraítear i bhfo-alt (7).
(10) Scoirfidh stiúrthóir, seachas stiúrthóir arb é príomhfheidhmeannach an chumainn é chomh maith, dá oifig tráth nach déanaí ná deireadh an tríú cruinniú ginearálta bliantúil den chumann tar éis dháta a thofa, faoi réir aon fhorála den Acht seo nó i rialacha an chumainn maidir lena scor roimhe sin agus beidh stiúrthóir den sórt sin in-tofa gan é a bheith ainmnithe, faoi réir na rialacha.
(11) Má fhoráiltear amhlaidh i rialacha an chumainn, féadfaidh na stiúrthóirí a bheidh ann de thuras na huaire aon duine—
(a) a ndealraíonn sé dóibh gur duine inniúil cuí é le bheith ina stiúrthóir, agus
(b) nach bhfuil dícháilithe faoi alt 64 chun bheith ina stiúrthóir ar chumann foirgníochta,
agus nach duine nár toghadh mar stiúrthóir tar éis dó seasamh lena thoghadh mar stiúrthóir ag aon toghchán a tionóladh laistigh den 16 mhí roimhe sin, a chomhthoghadh mar stiúrthóir chun aon fholúntas ar an mbord stiúrthóirí a líonadh.
(12) Aon duine a chomhthoghfar faoi fho-alt (11) scoirfidh sé d'oifig a shealbhú ag deireadh an chéad chruinnithe ghinearálta bhliantúil eile tar éis a cheaptha, ach ní thabharfar aird ar chruinniú ginearálta chun críocha an fho-ailt seo más dáta roimh dháta ceaptha an stiúrthóra chomhthofa an dáta deiridh le haghaidh iarrthóirí a ainmniú, ach scoirfidh sé mar stiúrthóir comhthofa ag an gcéad chruinniú ginearálta bliantúil eile tar éis an chruinnithe nach dtugtar aird air agus beidh sé in-tofa gan é a bheith ainmnithe, faoi réir na rialacha.
(13) Más rud é, i dtoghchán stiúrthóirí go mbeidh vótaíocht ann, cibé acu a dhéantar ag cruinniú nó trí phostbhallóid í, déanfar, sna páipéir a eiseoidh an cumann chun críocha na vótaíochta nó i ndáil léi—
(a) ainm gach iarrthóra a thaispeáint leis an suntasacht chéanna, agus
(b) na hainmneacha a leagan amach, de réir ord aibítre, in ord sloinne, nó má bhíonn 2 iarrthóir nó níos mó ann a bhfuil an sloinne céanna orthu, in ord aibítre a n-ainmneacha eile mar aon le cibé faisnéis eile ónar féidir na hiarrthóirí sin a aithint thar a chéile.
(14) Is gníomhartha bailí gníomhartha stiúrthóra d'ainneoin aon lochtanna ar a cheapachán nó ar a cháilíocht a thiocfaidh chun suntais ina dhiaidh sin.
(15) Tabharfaidh cumann fógra don Bhanc Ceannais—
(a) i dtaobh na ndaoine go léir a ainmníodh go bailí lena dtoghadh mar stiúrthóirí, a luaithe is féidir tar éis an dáta deiridh le haghaidh ainmniúchán; agus
(b) i dtaobh daoine a bheartaítear a chomhthoghadh mar stiúrthóirí, 14 lá ar a laghad roimh dháta an cheapacháin;
agus tabharfaidh sé i ngach cás acu an fhaisnéis dá dtagraítear in alt 66 (1) agus cibé faisnéis eile a theastóidh ón mBanc.
(16) Féadfaidh na daoine a luaitear in alt 10 (2), nó féadfaidh tromlach acu daoine nach bhfuil dícháilithe faoi alt 64 a cheapadh mar stiúrthóirí chun oifig a shealbhú go dtí deireadh an chéad chruinnithe ghinearálta bhliantúil.
(17) San alt seo ciallaíonn “gnáthrún” rún a mbeidh éifeacht leis gan é a bheith rite mar rún speisialta nó mar rún comhshó.
Stiúrthóirí: forálacha forlíontacha maidir le toghcháin. etc.
51.—(1) Tabharfaidh cumann foirgníochta fógra i dtaobh an dáta is déanaí le haghaidh ainmniúcháin daoine lena dtoghadh mar stiúrthóirí a fháil i gceachtar de na bealaí seo a leanas—
(a) trína fhoilsiú i 2 nuachtán laethúla ar a laghad a fhoilsítear sa Stát agus a léitear sa limistéar ina bhfuil príomhoifig an chumainn agus foilseofar an fógra sin tráth nach luaithe ná 42 lá roimh an dáta sin; nó
(b) trína sheoladh, tráth nach luaithe ná an dáta ar a n-eisítear fógraí do chruinniú ginearálta bliantúil na bliana roimhe sin, chuig na comhaltaí go léir a bheadh, ar dháta an fhógra, i dteideal fógra i dtaobh toghcháin stiúrthóirí a fháil,
de réir mar a fhoráiltear sna rialacha, agus déanfar i gceachtar cás an fógra a fhoilsiú nó a sheoladh, de réir mar a bheidh, tráth nach déanaí ná 21 lá roimh an dáta is déanaí le haghaidh ainmniúcháin a fháil.
(2) Má dhéanann iarrthóir, a bheidh ainmnithe go cuí lena thoghadh mar stiúrthóir ar chumann, aitheasc toghchánaíochta nach faide ná 300 focal a thabhairt don chumann roimh an dáta deiridh le haghaidh ainmniúchán, ansin, faoi réir fho-alt (3)—
(a) beidh sé de dhualgas ar an gcumann, ar a chostas féin, cóip den aitheasc a sheoladh chuig gach comhalta den chumann atá i dteideal fógra faoin toghchán a fháil; agus
(b) cuirfear cóip gach comhalta chuige sa tslí chéanna agus, a mhéid is féidir, an tráth céanna a gcuirtear amach an fógra faoin gcruinniú ag a stiúrfar an toghchán, nó na páipéir bhallóide, de réir mar a bheidh;
ach má mhainnítear déanamh de réir ceanglais de chuid an fho-ailt seo ní chuirfidh an mhainneachtain sin ann féin an toghchán ó bhail.
(3) Ní chuireann fo-alt (2) de cheangal ar chumann cóipeanna d'aitheasc a sheoladh chuig comhaltaí den chumann in aon chás—
(a) inar dóigh d'ábhar an aithisc muinín an phobail as an gcumann a laghdú go mór, nó
(b) ina bhfuil mí-úsáid á baint as na cearta a thugtar leis an bhfo-alt sin chun poiblíocht a lorg, gan gá, le haghaidh ábhair atá clúmhillteach nó chun críocha suaibhreosacha nó cráiteacha,
agus ní ghlacfar leis an bhfo-alt sin mar fho-alt a thugann aon chearta do chomhaltaí, nó a fhorchuireann aon dualgais ar chumann, maidir le haitheasc nach mbaineann go díreach le gnóthaí an chumainn.
(4) I gcás ina ndiúltóidh an cumann, nó ina mbeartóidh sé diúltú, aitheasc toghchánaíochta a scaipeadh, déanfaidh an cumann laistigh de 7 lá tar éis dó an t-aitheasc a fháil, fógra faoin diúltú sin agus faoi na forais a bhí leis a chur chuig an gcomhalta a chuir ar fáil é agus féadfaidh an comhalta sin, laistigh de 7 lá ón diúltú, an diúltú a tharchur chun an Bhainc Ceannais agus féadfaidh an Banc Ceannais a ordú don chumann déanamh de réir na hiarrata faoi réir cibé coinníollacha a cheanglóidh an Banc.
(5) (a) Déanfaidh an duine a bheidh ceaptha, faoi rialacha cumainn, chun stiúradh toghcháin stiúrthóirí a mhaoirsiú, tuarascáil i dtaobh stiúradh an toghcháin a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Bhainc Ceannais ar tuarascáil í—
(i) ina ndéarfar cibé acu ar stiúradh an toghchán, ina thuairim, de réir fhorálacha an Achta seo, de réir rialachán arna ndéanamh faoi agus de réir na rialacha agus thairis sin ar stiúradh é go cothrom agus go hionraic;
(ii) ina mbeidh sonraí i dtaobh an líon ionstraimí seachvótála a fuarthas, an líon a dearbhaíodh a bheith neamhbhailí agus iad aicmithe de réir chúis na neamhbhailíochta agus an líon vótaí is inchurtha síos d'ionstraimí bailí; agus
(iii) ina mbeidh cibé faisnéis eile a bheidh ag teastáil ón mBanc.
(b) Féadfaidh an Banc Ceannais, de réir mar is cuí leis, a bhfuil i dtuarascáil faoi mhír (a), nó cuid dá bhfuil inti, a nochtadh d'iarrthóir a bheidh ainmnithe go cuí.
(6) Déanfaidh cumann na páipéir bhallóide go léir agus na doiciméid agus na taifid uile dá chuid a bhaineann le toghchán stiúrthóirí a choinneáil go ceann tréimhse bliana ó dháta an toghcháin.
(7) Féadfaidh an Banc Ceannais, tar éis dó breithniú a dhéanamh ar an tuarascáil a tugadh dó faoi fho-alt (5), iarratas a dhéanamh más cuí leis chun na Cúirte ag iarraidh uirthi ordú a dhéanamh chun toradh toghcháin stiúrthóirí a chur ar ceal agus á ordú don chumann toghchán eile a dhéanamh.
(8) Aon fhostaí, seachas oifigeach, de chuid cumainn, nach iarrthóir é féin, a dhéanfaidh, ag a áit fostaíochta nó ag cruinniú den chumann, sireadh ag iarraidh tacaíochta d'iarrthóir lena thoghadh mar stiúrthóir nó a thabharfaidh cuireadh do chomhalta den chumann aon duine áirithe a cheapadh mar sheachvótálaí chun vótáil thar a cheann i dtoghchán, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú, fíneáil nach mó ná £300 a chur air.
Daoine bainteacha.
52.—(1) Chun críocha na Coda seo, tá baint ag duine le stiúrthóir cumainn foirgníochta más rud é, agus ar an gcoinníoll amháin—
(a) gurb é céile, tuismitheoir, deartháir, deirfiúr nó leanbh an stiúrthóra sin é; nó
(b) gur comhlacht corpraithe é a bhfuil an stiúrthóir i gcomhlachas leis; nó
(c) gur duine é atá ag gníomhú ina cháil mar iontaobhaí (seachas mar iontaobhaí faoi scéim scaire fostaithe nó faoi scéim pinsin) ar aon iontaobhas a bhfuil an stiúrthóir, a chéile nó aon leanbh dá chuid, nó comhlacht corpraithe lena bhfuil sé i gcomhlachas, i measc na dtairbhithe uaidh nó a dtugtar, faoina théarmaí, cumhacht do na hiontaobhaithe is cumhacht is féidir a fheidhmiú chun tairbhe don stiúrthóir, dá chéile, nó d'aon leanbh dá chuid nó d'aon chomhlacht corpraithe den sórt sin; nó
(d) gur duine é atá ag gníomhú ina cháil mar chomhpháirtí de chuid an stiúrthóra sin nó de chuid aon duine a bhfuil baint aige leis an stiúrthóir sin de bhua mhír (a), (b) nó (c);
mura stiúrthóir ar an gcumann an duine sin chomh maith.
(2) Tá stiúrthóir cumainn i gcomhlachas le comhlacht corpraithe má tá sé féin agus a chéile, a thuismitheoir, a dheartháir, a dheirfiúr nó leanbh dá chuid, nó duine atá ag gníomhú ina cháil mar iontaobhaí ar aon iontaobhas a bhfuil an stiúrthóir, a chéile nó aon leanbh dá chuid i measc na dtairbhithe uaidh—
(a) ina n-úinéirí, i bpáirt, ar an gcúigiú cuid ar a laghad de scairchaipiteal cothromais an chomhlachta sin de réir bhrí Acht na gCuideachtaí, 1963, nó
(b) i dteideal, i bpáirt, níos mó ná an cúigiú cuid de chumhacht vótála an chomhlachta sin a fheidhmiú, nó feidhmiú na coda sin a rialú, ag aon chruinniú ginearálta.
(3) I bhfo-alt (1) folaíonn “leanbh” leasleanbh agus déanfar “mac”, “iníon” agus “tuismitheoir” a fhorléiriú dá réir sin.
Stiúrthóirí do nochtadh leasanna i gconarthaí.
53.—(1) Beidh sé de dhualgas ar stiúrthóir cumainn foirgníochta a bhfuil leas ar bith, díreach nó neamhdhíreach, aige i gconradh nó i gconradh beartaithe leis an gcumann a dhearbhú ag cruinniú de stiúrthóirí an chumaínn cad é an cineál leasa atá aige.
(2) I gcás conartha bheartaithe, déanfar an dearbhú—
(a) ag an gcruinniú de na stiúrthóirí ag a mbreithneofar den chéad uair an cheist faoin gconradh a dhéanamh; nó
(b) mura raibh leas sa chonradh beartaithe ag an stiúrthóir ar dháta an chruinnithe sin, ag an gcéad chruinniú eile de na stiúrthóirí a thionólfar tar éis dó teacht chun leas den sórt sin a bheith aige.
(3) I gcás go dtiocfaidh an stiúrthóir chun leas a bheith aige i gconradh tar éis a dhéanta, déanfar an dearbhú ag an gcéad chruinniú de na stiúrthóirí a thionólfar tar éis don stiúrthóir teacht chun leas den sórt sin a bheith aige.
(4) Mura conradh a bhreithneofar ag cruinniú de na stiúrthóirí an conradh, déanfar an dearbhú a luaithe is féidir.
(5) Faoi réir fho-alt (6), chun críocha an ailt seo, má thugann stiúrthóir aon fhógra ginearálta do stiúrthóirí cumainn á chur in iúl—
(a) gur comhalta é de chuideachta shonraithe nó de ghnólacht sonraithe agus go bhfuil sé le meas mar dhuine a bhfuil leas aige in aon chonradh a dhéanfar, tar éis dháta an fhógra, leis an gcuideachta nó leis an ngnólacht sin; nó
(b) go bhfuil sé le meas mar dhuine a bhfuil leas aige in aon chonradh a dhéanfar, tar éis dháta an fhógra, le duine sonraithe atá bainteach leis,
measfar gur dearbhú leasa leordhóthanach é i ndáil le haon chonradh den sórt sin.
(6) Ní bheidh éifeacht le fógra faoi fho-alt (5) mura dtabharfar é ag cruinniú de na stiúrthóirí nó mura ndéanfaidh an stiúrthóir bearta réasúnacha chun a áirithiú go dtabharfar faoi chaibidil agus go léifear é ag an gcéad chruinniú eile de na stiúrthóirí tar éis dó é a thabhairt.
(7) Déanfar cóip de gach dearbhú a rinneadh agus de gach fógra a tugadh faoin alt seo a thaifeadadh, laistigh de 3 lá (gan Satharn, Domhnach ná lá saoire poiblí a áireamh) tar éis é a dhéanamh nó a thabhairt, i gclár a choimeádfar chun na críche sin agus féadfaidh aon oifigeach, iniúchóir nó comhalta den chumann an clár sin a scrúdú saor in aisce i bpríomhoifig an chumainn agus beidh sé ar fáil ag gach cruinniú ginearálta den chumann, agus ag aon chruinniú de na stiúrthóirí má iarrann stiúrthóir ar bith amhlaidh luath go leor le go mbeidh an clár ar fáil ag an gcruinniú.
(8) Tá feidhm ag forálacha an ailt seo i ndáil le haon idirbheart nó comhshocraíocht amhail mar atá feidhm acu maidir le conradh agus, chun críocha an ailt seo, déanfar idirbheart nó comhshocraíocht de chineál a thuairiscítear in alt 57 a dhéanfaidh cumann do stiúrthóir de chuid an chumainn nó do dhuine atá bainteach leis an stiúrthóir sin a áireamh, mura n-áireofaí amhlaidh thairis sin é (agus bíodh nó ná bíodh sé toirmiscthe leis an alt sin), mar idirbheart nó comhshocraíocht ina bhfuil leas ag an stiúrthóir sin.
(9) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear d'oibriú aon riail dlí a shrianann stiúrthóirí cumainn ó leas ar bith a bheith acu i gconarthaí leis an gcumann.
Conarthaí fostaíochta stiúrthóirí.
54.—(1) Ní chuirfidh cumann foirgníochta aon téarma lena mbaineann an t-alt seo isteach in aon chomhaontú mura mbeidh an téarma ceadaithe i dtosach trí rún ón gcumann i gcruinniú ginearálta dó.
(2) Baineann an t-alt seo le haon téarma trína bhfuil fostaíocht stiúrthóra leis an gcumann ar stiúrthóir air é le leanúint ar aghaidh, nó trína bhféadfaidh sé leanúint ar aghaidh, seachas ar thionscnamh an chumainn (cibé acu faoin gcomhaontú bunaidh nó faoi chomhaontú nua arna dhéanamh de bhun an chomhaontaithe bhunaidh) go ceann tréimhse is faide ná 5 bliana—
(a) nach féidir leis an gcumann lena linn an fhostaíocht a fhoirceannadh trí fhógra, nó
(b) nach féidir an fhostaíocht a fhoirceannadh amhlaidh lena linn ach amháin in imthosca sonraithe.
(3) In aon chás—
(a) ina mbeidh duine fostaithe nó le fostú le cumann faoi chomhaontú nach féidir leis an gcumann a fhoirceannadh trí fhógra nó nach féidir a fhoirceannadh amhlaidh ach amháin in imthosca sonraithe, agus
(b) go ndéanfaidh an cumann, breis agus 6 mhí roimh dheireadh na tréimhse dá mbeidh sé fostaithe nó le fostú amhlaidh, comhaontú breise (seachas de bhun cirt a tugadh, leis an gcomhaontú bunaidh nó dá bhua, don pháirtí eile ann) faoina mbeidh sé le fostú leis an gcumann,
beidh feidhm ag fo-alt (2) ionann is dá gcuirfí leis an tréimhse dá mbeidh sé le fostú faoin gcomhaontú breise sin, tréimhse bhreise is ionann agus an tréimhse den chomhaontú bunaidh a bhí gan chaitheamh.
(4) Ní dhéanfar rún de chuid cumainn ag ceadú téarma lena mbaineann an t-alt seo a rith ag cruinniú ginearálta den chumann mura mbeidh meabhrán scríofa a mbeidh an comhaontú beartaithe, lena n-áirítear an téarma, leagtha amach ann, ar fáil lena scrúdú ag comhaltaí den chumann—
(a) ina phríomhoifig, le linn na tréimhse 15 lá dar críoch dáta an chruinnithe, agus
(b) ag an gcruinniú féin.
(5) Aon téarma a bheidh curtha isteach i gcomhaontú de shárú ar an alt seo beidh sé ar neamhní sa mhéid go sáraíonn sé an t-alt seo agus measfar go bhfuil téarma sa chomhaontú sin agus, i gcás lena mbaineann fo-alt (3), sa chomhaontú bunaidh, a thugann teideal don chumann é a fhoirceannadh tráth ar bith trí fhógra réasúnach a thabhairt.
(6) San alt seo folaíonn “fostaíocht” fostaíocht faoi chonradh le haghaidh seirbhísí.
Conarthaí seirbhíse stiúrthóirí a iniúchadh.
55.—(1) Faoi réir an ailt seo, coinneoidh cumann foirgníochta clár ina phríomhoifig ina mbeidh na nithe seo a leanas—
(a) i gcás gach stiúrthóra a bhfuil conradh seirbhíse aige leis an gcumann, cóip den chonradh sin más conradh i scríbhinn é;
(b) i gcás gach stiúrthóra nach conradh i scríbhinn an conradh seirbhíse atá aige leis an gcumann, meabhrán scríofa ina mbeidh téarmaí an chonartha sin leagtha amach;
(c) i gcás stiúrthóra a bhfuil conradh seirbhíse aige le fochuideachta don chumann, cóip den chonradh sin nó, mura conradh i scríbhinn é, meabhrán scríofa ina mbeidh téarmaí an chonartha leagtha amach.
(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) i ndáil le conradh seirbhíse stiúrthóra leis an gcumann nó le fochuideachta don chumann má chuir an conradh sin de cheangal air bheith ag obair go hiomlán nó go formhór lasmuigh den Stát, ach coinneoidh an cumann meabhrán ina phríomh-oifig—
(a) i gcás conradh seirbhíse leis an gcumann, ina leagfar amach ainm an stiúrthóra agus na forálacha den chonradh a bhaineann lena ré;
(b) i gcás conradh seirbhíse le fochuideachta don chumann, ina leagfar amach ainm an stiúrthóra, ainm corpraithe agus áit chorpraithe na fochuideachta agus na forálacha den chonradh a bhaineann lena ré.
(3) Beidh gach cóip agus meabhrán a cheanglaítear a choinneáil le fo-ailt (1) agus (2) ar fáil, le linn uaireanta gnó (faoi réir cibé srianta réasúnacha a fhorchuirfidh an cumann i gcruinniú ginearálta dóibh, ionas nach lamhálfar níos lú ná 2 uair a chloig gach lá chun iniúchadh a dhéanamh) lena iniúchadh saor in aisce ag aon chomhalta den chumann.
(4) Má mhainnítear déanamh de réir fho-alt (1) nó (2) nó má dhiúltaítear d'iniúchadh a cheanglaítear faoi fho-alt (3), dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 agus, i gcás sáruithe leanúnacha, fíneáil mhainneachtana laethúil nach mó ná £50, a chur ar an gcumann agus ar gach oifigeach don chumann a dhéanfaidh mainneachtain.
(5) Beidh feidhm ag fo-ailt (1) agus (2) maidir le hathrú ar chonradh seirbhíse stiúrthóra le cumann agus maidir le conradh seirbhíse le fochuideachta de chuid cumainn amhail mar atá feidhm aige maidir leis an gconradh.
(6) Ní cheanglófar leis an alt seo cóip de chonradh nó meabhrán ina leagfar amach téarmaí conartha, nó cóip d'athrú ar chonradh nó meabhrán ina leagfar amach téarmaí athruithe den sórt sin, a choinneáil aon tráth ar lú ná 3 bliana an chuid neamhchaite den téarma dá mbeidh an conradh i bhfeidhm nó aon tráth ar féidir leis an gcumann, laistigh de na 3 bliana ina dhiaidh sin, an conradh a fhoirceannadh gan cúiteamh a íoc.
Idirbhearta substaintiúla maoine a bhfuil lámh ag stiúrthóirí agus ag daoine bainteacha iontu.
56.—(1) Ní dhéanfaidh cumann foirgníochta comhshocraíocht—
(a) trína bhfaigheann nó trína bhfaighidh stiúrthóir ar an gcum ann nó duine atá bainteach le stiúrthóir den sórt sin sócmhainn neamhairgid amháin nó níos mó, ag a bhfuil an luach riachtanach, ón gcumann; nó
(b) trína bhfaigheann nó trína bhfaighidh an cumann sócmhainn neamhairgid amháin nó níos mó, ag a bhfuil an luach riachtanach, ó stiúrthóir den sórt sin nó ó dhuine atá bainteach amhlaidh;
mura mbeidh an chomhshocraíocht ceadaithe i dtosach trí rún de chuid an chumainn i gcruinniú ginearálta dó.
(2) Chun críocha an ailt seo tá an luach riachtanach ar shócmhainn neamhairgid más rud é, an tráth a ndéantar an chomhshocraíocht atá i gceist, nach lú a luach ná £50,000 nó, i gcás cumainn a bhfuil cúlchistí is lú ná £500,000 aige, nach lú a luach ná 10 faoin gcéad de na cúlchistí.
(3) San alt seo ciallaíonn “sócmhainn neamhairgid” aon mhaoin nó leas i maoin seachas airgead agus chun na críche sin folaíonn “airgead” airgeadra coigríche; agus folaíonn tagairt do shócmhainn neamhairgid a fháil tagairt d'eastát nó leas in aon mhaoin, nó ceart thar aon mhaoin, a bhunú nó a mhúchadh agus chomh maith leis sin tagairt do dhliteanas aon duine, seachas dliteanas i leith suime leachtaithe, a urscaoileadh.
(4) Beidh aon chomhshocraíocht a dhéanfaidh cumann de shárú ar an alt seo agus aon idirbheart a dhéanfar de bhun na comhshocraíochta (cibé ag an gcumann nó ag aon duine eile) in-neamhnithe ar thionscnamh an chumainn mura rud é—
(a) nach féidir a thuilleadh aon airgead nó aon sócmhainn eile is ábhar don chomhshocraíocht nó don idirbheart a aiseag nó go bhfuil an cumann slánaithe de bhun fho-alt (5) (b) ag aon duine eile i leith an chaillteanais nó an damáiste a d'fhulaing sé;
(b) go ndéanfadh a neamhniú difear d'aon chearta a bheidh faighte bona fide ar luach-chomaoin gan fógra iarbhír faoin sárú ag aon duine nach páirtí sa chomhshocraíocht nó san idirbheart; nó
(c) go ndéanfadh an cumann, laistigh de thréimhse réasúnach, an chomhshocraíocht a dhaingniú i gcruinniú ginearálta dó.
(5) Gan dochar d'aon dliteanas a fhorchuirfear ar shlí seachas leis an bhfo-alt seo, ach faoi réir fho-alt (6), i gcás go ndéanfaidh stiúrthóir cumainn nó duine atá bainteach leis comhshocraíocht leis an gcumann de shárú ar an alt seo, dlífidh an stiúrthóir sin agus an duine atá bainteach amhlaidh, agus aon stiúrthóir eile de chuid an chumainn a d'údaraigh an chomhshocraíocht nó aon idirbheart a rinneadh de bhun comhshocraíochta den sórt sin (bíodh nó ná bíodh an chomhshocraíocht nó an t-idirbheart neamhnithe de bhun fho-alt (4))—
(a) cuntas a thabhairt don chumann i dtaobh aon ghnóchain a rinne sé, go díreach nó go neamhdhíreach, de bharr na comhshocraíochta nó an idirbhirt; agus
(b) i gcomhpháirt agus go leithleach le haon duine eile a bheidh faoi dhliteanas faoin bhfo-alt seo, an cumann a shlánú i leith aon chaillteanais nó damáiste a leanfaidh as an gcomhshocraíocht nó as an idirbheart.
(6) I gcás ina ndéanfaidh an cumann agus duine atá bainteach le stiúrthóir de chuid an chumainn comhshocraíocht de shárú ar an alt seo, ní bheidh an stiúrthóir sin faoi dhliteanas faoi fho-alt (5) má shuíonn sé go ndearna sé gach beart réasúnach chun a áirithiú go gcomhlíonfadh an cumann an t-alt seo agus, in aon chás, ní bheidh duine atá bainteach amhlaidh agus aon stiúrthóir eile den chineál a luaitear san fho-alt sin faoi dhliteanas amhlaidh má shuíonn sé gurb amhlaidh, an tráth a ndearnadh an chomhshocraíocht, nach raibh na himthosca iomchuí a d'fhág go mba shárú é ar eolas aige.
Srianta le hiasachtaí etc. do stiúrthóirí agus do dhaoine bainteacha.
57.—(1) Faoi réir an ailt seo, ní dhéanfaidh cumann foirgníochta—
(a) iasacht a thabhairt do stiúrthóir de chuid an chumainn ná do dhuine atá bainteach le stiúrthóir den sórt sin;
(b) maoin a dhiúscairt trína léasú nó trína fruiliú le stiúrthóir de chuid an chumainn ná le duine atá bainteach le stiúrthóir den sórt sin;
(c) íocaíocht a dhéanamh thar ceann stiúrthóra de chuid an chumainn ná thar ceann duine atá bainteach le stiúrthóir den sórt sin i ndáil le haon seirbhísí a sholáthar faoi Chuid III;
(d) dul faoi aon ráthaíocht ná aon urrús a chur ar fáil a chomhghabhann nó a bhaineann le haon iasacht, diúscairt maoine nó íocaíocht den sórt sin; nó
(e) páirt a ghlacadh in aon chomhshocraíocht—
(i) trína ndéanann duine eile idirbheart is idirbheart a sháródh aon cheann de na míreanna (a) go (d) dá mba é an cumann a dhéanfadh sé, agus
(ii) trína bhfuair nó trína bhfaighidh an duine eile sin, de bhun na comhshocraíochta, aon sochar ón gcumann nó ó fhochuideachta don chumann.
(2) Níl feidhm ag fo-alt (1) (a)—
(a) maidir le haon iasacht nach mó a méid, arna chomhiomlánú le haon iasachtaí iomchuí eile, ná £2,500;
(b) maidir le haon iasacht a thabharfar i ngnáthchúrsa ghnó an chumainn agus nach mó a méid, agus nach fabharaí na téarmaí ar a ndéantar í, ná an méid agus na téarmaí a bhfuil sé réasúnach a bheith ag súil go mbeadh sé nó siad tairgthe ag an gcumann do dhuine a raibh an stádas airgeadais céanna aige ach nach raibh baint aige leis an gcumann;
(c) maidir le haon iasacht, nach mó a méid, arna chomhiomlánú le haon iasachtaí iomchuí eile, ná £50,000, a thabharfar le haghaidh nó faoi chomhair teach, a úsáidtear nó a úsáidfear mar aon-áit nó mar phríomh-áit chónaithe an stiúrthóra, a cheannach nó a fheabhsú agus ar an gcoinníoll gur gnách iasachtaí den tuairisc sin agus ar théarmaí dá samhail a thabhairt d'fhostaithe an chumainn.
(3) Níl feidhm ag fo-alt (1) (b) maidir le haon léasú nó fruiliú maoine—
(a) nach mó a luach, arna comhiomlánú le luach aon léasuithe nó fruilithe iomchuí eile, ná £5,000;
(b) a dhéanfar i ngnáthchúrsa ghnó an chumainn agus sin ar théarmaí nach fabharaí ná na téarmaí a bhfuil sé réasúnach a bheith ag súil go mbeadh siad tairgthe ag an gcumann do dhuine nach raibh baint aige leis an gcumann.
(4) Níl feidhm ag fo-alt (1) (c) maidir le haon íocaíocht—
(a) nach mó a méid, arna chomhiomlánú le haon íocaíochtaí iomchuí eile, ná £1,000 agus a mbeidh d'oibleagáid ar an duine a ndéantar thar a cheann í, í a aisíoc leis an gcumann laistigh de thréimhse nach faide ná 2 mhí dar tosach dáta na híocaíochta; nó
(b) de mhéid nach mó agus ar théarmaí nach fabharaí, ná an méid agus na téarmaí a bhfuil sé réasúnach a bheith ag súil go mbeadh sé nó siad tairgthe ag an gcumann do dhuine a raibh an stádas airgeadais céanna aige ach nach raibh baint aige leis an gcumann.
(5) Faoi réir ceanglais fho-alt (6) a bheith comhlíonta, ní choisceann fo-alt (1) ar chumann aon ní a dhéanamh chun cistí a sholáthar do stiúrthóir faoi chomhair caiteachais a thabhaigh nó a thabhóidh sé chun críocha an chumainn nó chun a chumasú dó a dhualgais mar stiúrthóir ar an gcumann a chomhlíonadh i gceart ná ní choisceann sé ar an gcumann aon ní a dhéanamh chun a chumasú do stiúrthóir gan caiteachas den sórt sin a thabhú.
(6) Is iad seo a leanas na ceanglais dá dtagraítear i bhfo-alt (5)—
(a) nach mór na nithe a dhéanamh le ceadú roimh ré ón gcumann arna thabhairt ag cruinniú ginearálta ag a nochtar na nithe atá riachtanach, nó iad a dhéanamh ar an gcoinníoll, más rud é nach dtabharfaidh an cumann ceadú amhlaidh ag an gcéad chruinniú ginearálta bliantúil eile, go mbeidh an iasacht le haisíoc, nó go mbeidh aon dliteanas eile a éireoidh faoin idirbheart le hurscaoileadh, laistigh de 6 mhí ó chríoch an chruinnithe sin; agus
(b) nach mó an méid a sholáthrófar, arna chomhiomlánú le haon chistí iomchuí eile a bheidh soláthraithe, ná £10,000.
(7) Is iad seo a leanas na nithe riachtanacha nach mór a nochtadh chun críocha fho-alt (6) thuas—
(a) cad chuige an caiteachas a thabhaigh nó a thabhóidh an stiúrthóir, nó an caiteachas a thabhódh sé thairis sin;
(b) méid na gcistí atá le soláthar ag an gcumann; agus
(c) méid dhliteanas an chumainn faoi aon idirbheart arb é an ní sin é nó a bhaineann leis.
(8) Chun críocha na Coda seo, is idirbheart nó comhshocraíocht a dhéanfar do dhuine idirbheart nó comhshocraíocht a thagann faoi réim fho-alt (1) más rud é—
(a) i gcás iasacht, diúscairt nó íocaíocht a thagann faoi réim mhír (a), (b) nó (c) d'fho-alt (1), go dtabharfar dó é nó go ndéanfar chuige é i gcás mhír (a) nó (b), nó go ndéanfar thar a cheann é i gcás mhír (c);
(b) i gcás ráthaíocht nó urrús a thagann faoi réim mhír (d), go ngabhann nó go mbaineann sí nó sé le hiasacht dó nó diúscairt chuige nó le híocaíocht thar a cheann; nó
(c) i gcás comhshocraíocht a thagann faoi réim mhír (e), gur dó a rinneadh an t-idirbheart lena mbaineann an chomhshocraíocht.
(9) San alt seo—
ciallaíonn “iomchuí”, i ndáil le hidirbheart de thuairisc a thagann faoi réim mhír (a), (b) nó (c) d'fho-alt (1), idirbheart atá le haisíoc, nó, i gcás léasú nó fruiliú, idirbheart reatha, den tuairisc sin (cibé acu a rinneadh é leis an gcumann nó trí chomhshocraíocht leis an gcumann) ar idirbheart é nach bhfuil údaraithe le haon fhoráil údarúcháin eile;
ciallaíonn “foráil údarúcháin” agus “údaraithe”, faoi seach, i ndáil le hidirbheart de thuairisc a thagann faoi réim mhír (a), (b) nó (c) d'fho-alt (1), aon fhoráil d'fho-alt (2), (3) nó (4) nó a bhunaítear le fo-alt (5) agus aon idirbheart nó ní a dhéanfar nach bhfuil feidhm ag an mír sin maidir leis nó nach gcoisctear a dhéanamh de bhua na forála sin;
ciallaíonn “le haisíoc”, i ndáil le hiasachtaí, le haisíoc ó thaobh aon phríomh-shuime nó úis agus, i ndáil le cistí a sholáthar faoi réir coinníll maidir le haisíoc nó urscaoileadh aon dliteanais eile, ciallaíonn sé neamhíoctha nó neamhurscaoilte go feadh méid ar bith;
folaíonn “cistí a sholáthar” aon ní eile nach bhfuil, de bhua fho-alt (5), coiscthe ar chumann a dhéanamh le fo-alt (1).
Smachtbhannaí mar gheall ar alt 57 a shárú.
58.—(1) I gcás ina ndéanfaidh cumann foirgníochta idirbheart nó comhshocraíocht de shárú ar alt 57 beidh an t-idirbheart nó an chomhshocraíocht in-neamhnithe ar thionscnamh an chumainn mura rud é—
(a) nach féidir a thuilleadh aon airgead nó aon sócmhainn eile is ábhar don chomhshocraíocht nó don idirbheart a aiseag nó go bhfuil an cumann slánaithe de bhun fho-alt (2) (b) i leith an chaillteanais nó an damáiste a d'fhulaing sé; nó
(b) go ndéanfadh a neamhniú difear d'aon chearta a bheidh faighte bona fide ar luach-chomaoin gan fógra iarbhír faoin sárú ag aon duine seachas an duine dá ndearnadh an t-idirbheart nó an chomhshocraíocht.
(2) Gan dochar d'aon dliteanas a fhorchuirfear ar shlí seachas leis an bhfo-alt seo, ach faoi réir fho-alt (3), i gcás go ndéanfaidh cumann idirbheart nó comhshocraíocht, a sháraíonn alt 57, do stiúrthóir de chuid an chumainn nó do dhuine atá bainteach le stiúrthóir den sórt sin dlífidh an stiúrthóir sin agus an duine atá bainteach amhlaidh agus aon stiúrthóir eile de chuid an chumainn a d'údaraigh an t-idirbheart nó an chomhshocraíocht (bíodh nó ná bíodh sé nó sí neamhnithe de bhun fho-alt (1))—
(a) cuntas a thabhairt don chumann i dtaobh aon ghnóchain a rinne sé, go díreach nó go neamhdhíreach, de bharr na comhshocraíochta nó an idirbhirt; agus
(b) i gcomhpháirt agus go leithleach le haon duine eile a bheidh faoi dhliteanas faoin bhfo-alt seo, an cumann a shlánú i leith aon chaillteanais nó damáiste a leanfaidh as an gcomhshocraíocht nó as an idirbheart.
(3) I gcás ina ndéanfaidh cumann agus duine atá bainteach le stiúrthóir de chuid an chumainn idirbheart nó comhshocraíocht a sháraíonn alt 57, ní bheidh an stiúrthóir sin faoi dhliteanas faoi fho-alt (2) má shuíonn sé go ndearna sé gach beart réasúnach chun a áirithiú go gcomhlíonfadh an cumann an t-alt sin agus, in aon chás, ní bheidh duine atá bainteach amhlaidh agus aon stiúrthóir eile den chineál a luaitear i bhfo-alt (2) faoi dhliteanas má shuíonn sé gurb amhlaidh, an tráth a ndearnadh an t-idirbheart nó an chomhshocraíocht, nach raibh na himthosca a d'fhág go mba shárú é ar eolas aige.
(4) Aon oifigeach de chuid cumainn a údaróidh nó a cheadóidh don chumann idirbheart nó comhshocraíocht a dhéanamh agus a fhios aige nó cúis réasúnach aige chun a chreidiúint go raibh alt 57 á shárú tríd sin ag an gcumann, beidh sé ciontach i gcion.
(5) Aon chumann a dhéanfaidh idirbheart nó comhshocraíocht, de shárú ar alt 57, do dhuine dá stiúrthóirí, beidh sé ciontach i gcion mura suífidh sé gurb amhlaidh, an tráth a ndearnadh an t-idirbheart nó an chomhshocraíocht, nach raibh na himthosca a d'fhág go mba shárú é ar eolas aige.
(6) Aon duine a thabharfaidh ar chumann idirbheart nó comhshocraíocht a dhéanamh agus a fhios aige nó cúis réasúnach aige chun a chreidiúint go raibh alt 57 á shárú tríd sin ag an gcumann, beidh sé ciontach i gcion.
Taifid ar iasachtaí etc. a thagann faoi réim alt 57.
59.—(1) Coinneoidh cumann foirgníochta clár ina mbeidh cóip de gach idirbheart marthanach nó comhshocraíocht mharthanach (seachas idirbheart nó comhshocraíocht atá eiscthe le fo-alt (6)) a thagann faoi réim alt 57 (1) agus a rinneadh do stiúrthóir de chuid an chumainn nó do dhuine atá bainteach le stiúrthóir den sórt sin le linn na bliana airgeadais reatha nó le linn bliain ar bith de na 10 mbliana airgeadais roimhe sin, ach gan blianta roimh 1989 a áireamh.
(2) I gcás idirbheart no comhshocraíocht nach bhfuil i scríohinn, déanfar meabhrán scríofa ina mbeidh téarmaí an idirbhirt nó na comhshocraíochta leagtha amach a choimeád sa chlár.
(3) Cuirfidh cumann ráiteas ar fáil lena iniúchadh ag comhaltaí—
(a) ina phríomh-oifig, le linn na tréimhse 15 lá dar críoch dáta a chruinnithe ghinearálta bhliantúil, agus
(b) ag an gcruinniú ginearálta bliantúil,
ar ráiteas é ina mbeidh na sonraí riachtanacha i dtaobh na n-idirbheart agus na gcomhshocraíochtaí a thagann faoi réim alt 57 (1) agus a cuireadh isteach sa chlár faoi fho-alt (1) tráth ar bith le linn na bliana airgeadais iomláine deiridh roimh an gcruinniú.
(4) Déanfaidh an cumann dhá chóip den ráiteas a cheanglaítear a chur ar fáil amhlaidh do chomhaltaí a chur chuig an mBanc Ceannais (mar aon le tuarascáil an iniúchóra mar a cheanglaítear le fo-alt (8)) tráth nach déanaí ná an dáta a gceanglaítear an ráiteas a chur ar fáil i gcéaduair do chomhaltaí agus coimeádfaidh an Banc cóip amháin acu sin i gcomhad poiblí an chumainn.
(5) Déanfaidh an cumann cóip den ráiteas is déanaí a cheanglaítear a chur ar fáil amhlaidh a chur freisin, ar í a bheith iarrtha agus ar tháille a shonróidh an Banc Ceannais a bheith íoctha, chuig aon chomhalta den chumann.
(6) Eisctear ó na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar chumann leis an alt seo maidir le bliain airgeadais na hidirbhearta nó na comhshoc raíochtaí go léir a rinneadh nó a bhí ar marthain le linn na bliana sin do dhuine a bhí, tráth ar bith le linn na bliana sin, ina stiúrthóir ar an gcumann nó bainteach le stiúrthóir ar an gcumann murar mó ná £1,000 tráth ar bith le linn na bliana sin comhiomlán luachanna gach idirbhirt nó comhshocraíochta a rinneadh don duine sin agus luachanna gach comhaontaithe le haghaidh idirbhirt nó comhshocraíochta den sórt sin lúide an méid (más aon mhéid é) ar laghdaíodh luach na n-idirbheart nó na gcomhshocraíochtaí sin.
(7) Is iad na “sonraí riachtanacha” i dtaobh idirbhirt nó comhshoc raíochta a cheanglaítear le fo-alt (3) cibé sonraí i dtaobh téarmaí an idirbhirt nó na comhshocraíochta a shonróidh an Banc Ceannais ó am go ham.
(8) Beidh sé de dhualgas ar iniúchóirí cumainn an ráiteas a cheanglaítear faoi fho-alt (3) a scrúdú sula gcuirtear ar fáil do chomhaltaí an chumainn é agus tuarascáil a thabhairt do na comhaltaí faoin ráiteas; agus cuirfear an tuarascáil ag gabháil leis an ráiteas sula gcuirtear ar fáil é.
(9) Déarfar i dtuarascáil faoi fho-alt (8) cé acu atá nó nach bhfuil, i dtuairim na n-iniúchóirí, na sonraí a cheanglaítear faoi fho-alt (7) ar áireamh sa ráiteas agus, más é a dtuairim nach bhfuil, cuirfidh siad isteach sa tuarascáil, a mhéid is féidir leo le réasún sin a dhéanamh, ráiteas ina dtabharfar na sonraí is gá.
Taifead ar ghnó áirithe agus é a nochtadh.
60.—(1) Más rud é, tráth ar bith le linn bliana airgeadais cumainn foirgníochta, gur oifigeach de chuid cumainn duine agus gur comhlach gnó, nó gur stiúrthóir ar chomhlach gnó nó comhpháirtí i gcomhlach gnó, de chuid an chumainn é chomh maith, beidh feidhm ag an alt seo maidir leis an gcumann, don bhliain sin, i ndáil leis an tseirbhís iomchuí a chuireann an comhlach gnó ar fáil don chumann.
(2) Is “comhlach gnó” de chuid cumainn duine in aon bhliain airgeadais de chuid an chumainn más rud é—
(a) go seolann an duine sin gnó arb éard é nó ar cuid de seirbhísí iomchuí a chur ar fáil,
(b) go gcuireann an duine sin seirbhísí iomchuí ar fáil don chumann le linn na bliana sin, agus
(c) nach fochuideachta don chumann an duine sin.
(3) Faoi réir an ailt seo, coinneoidh cumann clár ina phríomh-oifig ina mbeidh na sonraí a cheanglaítear le fo-alt (4) i ndáil le gach comhlach gnó de chuid an chumainn.
(4) Is iad na sonraí dá dtagraítear i bhfo-alt (3) méid comhiomlán na dtáillí a d'íoc an cumann, nó a íocadh thar a cheann, leis an gcomhlach gnó i leith gach ceann de na seirbhísí iomchuí sa bhliain airgeadais iomlán is déanaí agus i ngach bliain de na 5 bliana airgeadais roimh an mbliain sin ach gan blianta roimh an mbliain 1989 a áireamh.
(5) Is “seirbhísí iomchuí” iad seo a leanas chun críocha an ailt seo—
(a) seirbhísí tíolactha,
(b) suirbhéireacht agus luacháil a dhéanamh ar thalamh nó ar mhaoin eile,
(c) socrú a dhéanamh go gcuirfí árachas ar fáil i gcoinne caillteanais maoine nó damáiste do mhaoin nó ar shaol duine,
(d) seirbhísí fógraíochta nó caidrimh phoiblí, agus
(e) aon seirbhísí eile a sonróidh an Banc Ceannais ó am go ham gur seirbhísí iomchuí iad.
(6) I gcás ina gcuirfidh comhlach gnó cumainn seirbhísí, ar seirbhísí iomchuí iad de bhua fho-alt (5), ar fáil don chumann, is seirbhísí iomchuí freisin aon seirbhísí riaracháin a chuirfidh an comhlach gnó ar fáil don chumann.
(7) Ní gá aon sonraí i dtaobh gnó comhlaigh gnó cumainn a choinneáil sa chlár dá bhforáiltear le fo-alt (3) maidir le haon bhliain airgeadais de chuid an chumainn nár mhó ná £5,000 nó cibé suim eile a shonróidh an Banc Ceannais ó am go ham méid an ghnó a gceanglaítear na sonraí dá dtagraítear i bhfo-alt (3) a thabhairt ina thaobh.
(8) Cuirfidh cumann ráiteas ar fáil lena iniúchadh ag comhaltaí ina phríomh-oifig, le linn na tréimhse 15 lá dar críoch dáta a chruinnithe ghinearálta bhliantúil, agus ag an gcruinniú ginearálta bliantúil, ar ráiteas é ina mbeidh na sonraí a cheanglaítear a choinneáil sa chlár maidir leis an mbliain airgeadais iomlán is déanaí roimh an gcruinniú.
(9) Déanfaidh an cumann dhá chóip den ráiteas a cheanglaítear a chur ar fáil amhlaidh do chomhaltaí a chur chuig an mBanc Ceannais tráth nach déanaí ná an dáta a gceanglaítear an ráiteas a chur ar fáil i gcéaduair do na comhaltaí agus coimeádfaidh an Banc cóip amháin acu sin i gcomhad poiblí an chumainn.
(10) Déanfar cóip den ráiteas a cheanglaítear a chur ar fáil amhlaidh a chur freisin, ar í a bheith iarrtha agus ar cibé táille a shonróidh an Banc Ceannais a bheith íoctha, chuig aon chomhalta den chumann.
Ní mór sonraí i dtaobh tuarastal stiúrthóirí etc. a thabhairt i gcuntais.
61.—Beidh feidhm, faoi réir aon mhodhnuithe is gá, ag alt 191 d'Acht 1963 ionann is dá mba chuideachta an cumann.
Toirmeasc ar íocaíochtaí saor ó cháin a thabhairt.
62.—(1) Ní dleathach do chumann luach saothair a íoc le stiúrthóir (mar stiúrthóir nó ar shlí eile) saor ó cháin ioncaim nó ríofa ar shlí eile faoi threoir méid, nó a athróidh de réir méid, a chánach ioncaim nó faoi threoir, nó a athróidh de réir, an ráta cánach ioncaim.
(2) Aon fhoráil i rialacha cumainn nó in aon chonradh nó in aon rún ó chumann nó ó stiúrthóirí cumainn go n-íocfaí luach saothair mar a luaitear i bhfo-alt (1) le stiúrthóir, beidh éifeacht léi ionann is dá bhforálfadh sí go n-íocfaí mar shuim chomhlán, faoi réir cánach ioncaim, an ghlansuim dá bhforálann sí iarbhír.
(3) San alt seo folaíonn “luach saothair” díolaíochtaí de réir bhrí alt 191 d'Acht 1963.
Ainmneacha stiúrthóirí ar litreacha gnó.
63.—(1) I ngach litir ghnó a mbeidh ainm cumainn uirthi nó inti agus a chuirfidh an cumann chuig aon duine cuirfidh an cumann síos i litreacha inléite, i ndáil le gach stiúrthóir, a shloinne láithreach maille lena thúsainm láithreach (nó túslitreacha an túsainm sin) agus aon ainm nó sloinne a bhíodh air.
(2) I gcás imthosca speisialta a bheith ann a thabharfaidh gur fóirsteanach, i dtuairim an Bhainc Ceannais, díolúine den sórt sin a thabhairt, féadfaidh an Banc Ceannais, faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis, díolúine a thabhairt ó na hoibleagáidí a fhorchuirtear leis an alt seo.
Daoine áirithe a bheith dícháilithe chun gníomhú mar stiúrthóirí nó mar iniúchóirí ar chumainn fhoirgníochta nó chun iad a bhainistí.
64.—(1) Aon duine a breithníodh ina fhéimheach agus a bhfuil a fhéimheacht ar marthain fós nó a ciontaíodh i gcion indíotáilte i ndáil le cumann foirgníochta nó lenar ghabh calaois nó mímhacántacht nó a ndearnadh ordú dícháiliúcháin ina choinne, ní bheidh sé cáilithe chun a cheaptha, ná chun gníomhú, mar oifigeach, mar iniúchóir, mar ghlacadóir nó mar leachtaitheoir ar chumann nó chun baint ar bith, díreach nó neamhdhíreach, a bheith aige le tionscnamh, foirmiú, stiúradh nó bainistí cumainn ná chun páirt a ghlacadh i dtionscnamh, i bhfoirmiú, i stiúradh ná i mbainistí den sórt sin.
(2) (a) I gcás gur deimhin leis an gcúirt in aon imeachtaí nó de thoradh iarratais faoin alt seo—
(i) go raibh duine, fad a bhí sé ina thionscnóir, ina oifigeach, ina iniúchóir, ina ghlacadóir nó ina leachtaitheoir de chuid cumainn, ciontach in aon chalaois i ndáil leis an gcumann, lena chomhaltaí nó lena chreidiúnaithe; nó
(ii) go raibh duine, fad a bhí sé ina thionscnóir, ina oifig each, ina iniúchóir, ina ghlacadóir nó ina leachtaitheoir de chuid cumainn, ciontach in aon sárú ar a dhualgas mar thionscnóir, oifigeach, iniúchóir, glacadóir nó leachtaitheoir den sórt sin; nó
(iii) go bhfágann iompar aon duine mar thionscnóir, oifigeach, iniúchóir, glacadóir nó leachtaitheoir de chuid cumaínn gur duine neamhinniúil é chun baint a bheith aige le bainistí cumainn; nó
(iv) de thoradh tuarascála ó chigirí a bheidh ceaptha ag an mBanc Ceannais faoin Acht seo, go bhfágann iompar aon duine gur duine neamhinniúil é chun baint a bheith aige le bainistí cumainn; nó
(v) go raibh duine ag mainneachtain, de shíor, i ndáil leis na ceanglais iomchuí;
féadfaidh an chúirt, uaithi féin nó de thoradh an iarratais, ordú dícháiliúcháin a dhéanamh i gcoinne duine den sórt sin go ceann cibé tréimhse is oiriúnach léi.
(b) I mír (a) ciallaíonn “an chúirt” an Ard-Chúirt ach amháin i ndáil le hordú dícháiliúcháin arna dhéanamh ag cúirt uaithi féin faoi mhír (a) (i), (ii), (iii) nó (v) agus sa chás sin folaíonn sé cúirt ar bith.
(3) (a) Chun críocha fho-alt (2) (a) (v) féadfar a chruthú go dochloíte (gan dochar d'aon mhodh cruthaithe eile) go raibh duine ag mainneachtain de shíor i ndáil leis na ceanglais iomchuí trína shuíomh gur tharla, sna 5 bliana dar críoch dáta an iarratais, gur breithníodh ciontach é (cibé acu ar an ócáid chéanna nó nach ea) i 3 mhainneachtain nó níos mó i ndáil leis na ceanglais sin.
(b) Breithneofar go bhfuil duine ciontach i mainneachtain i ndáil le ceanglas iomchuí chun críocha an fho-ailt seo má chiontaítear é in aon chion ar sárú é ar cheanglas iomchuí.
(4) San alt seo ciallaíonn “ordú dícháiliúcháin” ordú arna dhéanamh faoi fho-alt (2) nó faoi alt 184 d'Acht 1963.
(5) Féadfaidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí nó an Banc Ceannais iarratas faoi fho-alt (2) a dhéanamh.
(6) Is iad na daoine a fhéadfaidh iarratas faoi mhír (a) (i), (ii) nó (iii) d'fho-alt (2) a dhéanamh aon chomhalta, oifigeach, iniúchóir, glacadóir, leachtaitheoir nó creidiúnaí de chuid aon chumainn—
(a) a raibh nó a bhfuil an duine is ábhar don iarratas ag gníomhú, nó a mbeartaíonn sé gníomhú, nó a mbeartaítear é a chur ag gníomhú, mar oifigeach, iniúchóir, glacadóir nó leachtaitheoir i ndáil leis an gcumann, nó
(b) a raibh nó a bhfuil baint ag an duine is ábhar don iarratas le tionscnamh, foirmiú, stiúradh nó bainistí an chumainn nó a raibh nó a bhfuil páirt aige ann nó a mbeartaíonn sé baint a bheith aige leis nó páirt a bheith aige ann,
agus i gcás gur comhalta nó creidiúnaí de chuid an chumainn a dhéanfaidh an t-iarratas, féadfaidh an Chúirt a cheangal go dtabharfaí urrús i leith chostais uile an iarratais nó i leith cuid de na costais sin.
(7) I gcás ina mbeartaítear iarratas a dhéanamh faoi fho-alt (2) i leith aon duine, déanfaidh an t-iarratasóir fógra 10 lá ar a laghad faoina bhfuil beartaithe aige a thabhairt don duine sin.
(8) Aon duine a bheidh dícháilithe de bhua an ailt seo féadfaidh sé iarratas a dhéanamh chun na Cúirte ar fhaoiseamh, go hiomlán nó go páirteach, ón dícháiliú sin agus féadfaidh an Chúirt, más dóigh léi go bhfuil sé cóir agus cothrom sin a dhéanamh, an faoiseamh sin a thabhairt ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí léi.
(9) Féadfar ordú dícháiliúcháin a dhéanamh ar fhorais is nithe, nó ar fhorais a fholaíonn nithe, seachas ciontuithe coiriúla d'ainneoin go bhféadfaidh an duine a ndéanfar an t-ordú ina leith a bheith faoi dhliteanas coiriúil i leith na nithe sin.
(10) Aon uair a thiocfaidh duine a shealbhaíonn oifig i gcumann chun bheith neamhcháilithe, de bhua an ailt seo, chun oifig a shealbhú, scoirfidh sé láithreach den oifig sin a shealbhú agus measfar gur corrfholúntas an folúntas agus féadfar é a líonadh ar an modh dá bhforáiltear maidir le folúntas den sórt sin i rialacha an chumainn.
(11) Aon duine a bheidh dícháilithe de bhua fho-alt (1) chun aon phost a shealbhú i ndáil le cumann agus a cheadóidh a ainm a chur ar aghaidh lena thoghadh nó lena cheapadh chun an phoist sin beidh sé ciontach i gcion.
(12) Aon duine a ghníomhóidh, i ndáil le haon chumann, ar shlí nó i gcáil atá toirmiscthe air de bhua é a bheith dícháilithe faoi fho-alt (1), beidh sé ciontach i gcion.
(13) San alt seo ciallaíonn “ceanglas iomchuí” aon fhoráil den Acht seo a cheanglaíonn nó a cheangail aon tuairisceán, cuntas nó doiciméad eile a thabhairt don Bhanc Ceannais nó a chur chuige, nó fógra i dtaobh aon ní a thabhairt dó.
Clár comhaltaí.
65.—(1) Coimeádfaidh gach cumann foirgníochta clár d'ainmneacha agus de sheoltaí a gcomhaltaí.
(2) Coimeádfar an clár i bpríomhoifig an chumainn nó, le toiliú i scríbhinn ón mBanc Ceannais, in oifig amháin nó níos mó de chuid an chumainn seachas a phríomhoifig.
(3) Déanfaidh gach cumann a mbeidh breis agus 50 comhalta aige, mura mbeidh an clár i bhfoirm a fhágfaidh gur innéacs é, innéacs d'ainmneacha chomhaltaí an chumainn a choimeád agus, laistigh de 14 lá tar éis an dáta a ndéanfar aon athrú ar chlár na gcomhaltaí, déanfaidh sé aon athrú is gá ar an innéacs, agus coimeádfar an t-innéacs i gcónaí san áit chéanna ina gcoimeádtar clár na gcomhaltaí.
(4) (a) Féadfaidh comhalta de chumann, d'fhonn cumarsáid a dhéanamh le comhaltaí eile ar ábhar a bhaineann lena ghnóthaí, a iarraidh ar bhord stiúrthóirí an chumainn cibé faisnéis a iarrfaidh sé a chur ar aghaidh chuig na comhaltaí eile sin agus i gcás inar deimhin leis an mbord, ag féachaint do leasanna na gcomhaltaí i gcoitinne agus d'aon imthosca iomchuí eile, gur de mheon macánta atá an iarraidh á déanamh, déanfaidh sé de réir na hiarrata.
(b) I gcás ina ndéanfaidh cumann de réir iarrata faoi mhír (a) dlífidh an t-iarratasóir aon chostais a íoc a thabhóidh an cumann ag comhlíonadh na hiarrata dó agus féadfaidh an cumann a cheangal ar an iarratasóir urrús a thabhairt le haghaidh íoc na gcostas.
(5) Má dhiúltaíonn cumann déanamh de réir iarrata faoi fho-alt (4), cuirfidh sé na forais a bhí leis an diúltú in iúl don chomhalta a rinne an iarraidh agus féadfaidh an comhalta an diúltú a tharchur chuig an mBanc Ceannais.
(6) Déanfar cinneadh ar iarraidh faoi fho-alt (4) a chur in iúl don chomhalta a rinne an iarraidh laistigh de thréimhse míosa tar éis an lá a bhfuair an cumann an iarraidh.
(7) I gcás ina dtarchuirfidh iarratasóir diúltú chuig an mBanc Ceannais faoi fho-alt (5), féadfaidh an Banc, de réir mar is cuí leis, tar éis dó aon uiríll a rinne an cumann a éisteacht, a ordú don chumann déanamh de réir na hiarrata faoi réir cibé sriantachtaí nó coinníollacha (lena n-áirítear coinníollacha a bhaineann leis an gcineál faisnéise a bheidh le tabhairt, agus le comhshocraíochtaí chun costais a íoc) is dóigh leis an mBanc is cuí.
(8) Tráth ar bith a mbeidh údarú cumainn cúlghairthe faoi alt 40 beidh an ceart ag 10 gcomhalta ar bith den chumann ainmneacha agus seoltaí chomhaltaí an chumainn a fháil ón gclár a choimeádtar faoi fho-alt (1) d'fhonn cumarsáid a dhéanamh leo ar ábhar a bhaineann le gnóthaí an chumainn.
Clár stiúrthóirí, etc.
66.—(1) Coimeádfaidh gach cumann foirgníochta ina phríomhoifig nó, le toiliú i scríbhinn ón mBanc Ceannais, ag oifig amháin nó níos mó de chuid an chumainn seachas a phríomhoifig, clár ina mbeidh na sonraí seo a leanas i ndáil le gach stiúrthóir, leis an bpríomhfheidhmeannach agus leis an rúnaí de chuid an chumainn—
(a) a shloinne láithreach agus a thúsainmneacha láithreacha agus aon ainmneacha a bhíodh air agus, i gcás duine ar a dtugtar teideal seachas an “sloinne” atá aige, an teideal sin;
(b) a ghnáth-sheoladh cónaithe;
(c) a áit bhreithe agus a dháta breithe;
(d) a náisiúntacht;
(e) i gcás stiúrthóra, a shlí bheatha gnó (más ann); agus
(f) sonraí i dtaobh aon stiúrthóireachtaí eile ar chomhlachtaí corpraithe, cibé acu corpraithe sa Stát nó áit éigin eile, atá aige nó a bhí aige laistigh de na 5 bliana roimhe sin.
(2) (a) Déanfaidh cumann, laistigh den tréimhse iomchuí dá dtagraítear i mír (b), tuairisceán a chur chuig an mBanc Ceannais, i cibé foirm a iarrfaidh an Banc sin, maidir leis na sonraí atá i gclár faoin alt seo mar aon le fógra faoi aon athrú ar an gclár agus dáta an athraithe sin.
(b) Is iad na tréimhsí a luaitear i mír (a)—
(i) i gcás an tuairisceáin, 14 lá ó dháta thosach feidhme an ailt seo i gcás cumann a bheith corpraithe roimh an tosach feidhme sin, agus 14 lá ó dháta ceaptha na gcéad stiúrthóirí i gcás ina gcorprófar cumann tar éis an tosach feidhme sin; agus
(ii) i gcás athraithe, 14 lá ón athrú.
(3) Féadfaidh aon chomhalta de chumann nó aon duine eile cóip den chlár nó d'aon chuid de a éileamh ar cibé táille a íoc a shocróidh an Banc Ceannais, agus cuirfidh an cumann faoi deara aon chóip a éilíodh amhlaidh a chur chuig an duine laistigh de thréimhse 10 lá tar éis an lá a bhfuair an cumann an iarraidh ar an gcóip.
(4) Beidh clár faoin alt seo ar fáil lena iniúchadh saor in aisce ag aon chomhalta, agus lena iniúchadh ag aon duine eile ar cibé táille a íoc a shocróidh an Banc Ceannais, faoi réir cibé srianta réasúnacha a fhorchuirfidh an cumann áirithe sin i gcruinniú ginearálta dó, ach sin ar chaoi go mbeidh 2 uaire an chloig ar a laghad lamháilte le haghaidh iniúchadh a dhéanamh i ngach lá gnó.
CUID VI
Cruinnithe, Rúin, Vótáil, etc.
Cruinniú ginearálta bliantúil.
67.—(1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3), tionólfaidh cumann foirgníochta cruinniú sa Stát, sa chéad 4 mhí de gach bliain airgeadais, mar chruinniú ginearálta bliantúil an chumainn (i dteannta aon chruinnithe eile an bhliain sin) agus déarfar sna fógraí á ghairm gur cruinniú den sórt sin a bheidh ann.
(2) Ní gá do chumann cruinniú ginearálta bliantúil a thionól an bhliain ina gcorpraítear é.
(3) Féadfaidh an Banc Ceannais dá rogha féin, ar iarratas a bheith déanta i scríbhinn chuige ó chumann, tréimhse is faide ná 4 mhí a shocrú chun críocha fho-alt (1).
(4) I gcás ina mainneofar déanamh de réir fho-alt (1), féadfaidh an Banc Ceannais cruinniú ginearálta bliantúil a ghairm nó a ordú go ngairfí é agus féadfaidh sé cibé ordacháin choimhdeacha nó iarmhartacha a thabhairt is dóigh leis is fóirsteanach, lena n-áirítear ordacháin ag modhnú nó ag forlíonadh oibriú rialacha an chumainn i ndáil leis an gcruinniú a ghairm, a thionól agus a stiúradh.
(5) D'ainneoin aon ní i rialacha cumainn féadfaidh aon rún (lena n-áirítear rún speisialta nó rún comhshó) a bheith ar áireamh sa ghnó a bhféadfar déileáil leis ag an gcruinniú ginearálta bliantúil.
Fógra faoi chruinnithe.
68.—(1) Is foráil ar neamhní aon fhoráil i rialacha cumainn foirgníochta sa mhéid go bhforálann sí do chruinniú den chumann (seachas cruinniú atrátha) a ghairm trí fhógra is giorra ná 21 lá nó is faide ná 42 lá dár críoch dáta an chruinnithe nó, más luaithe é, an dáta a bheidh sonraithe ag an gcumann, faoina rialacha, mar an dáta deiridh chun glacadh le hionstraimí ag ceapadh seachvótálaithe chun vótáil ag an gcruinniú.
(2) Measfar gur cruinniú a gaireadh go cuí cruinniú de chumann a gaireadh trí fhógra ba ghiorra ná fógra 21 lá má chomhaontaíonn an Banc Ceannais leis sin ar iarratas i scríbhinn a bheith déanta chuige ón gcumann.
(3) Tabharfaidh cumann fógra faoi chruinniú den chumann—
(a) trí fhógra i cibé foirm a ordóidh an Banc Ceannais a chur chuig gach duine atá i dteideal fógra faoin gcruinniú a fháil, nó
(b) le toiliú an Bhainc Ceannais arna thabhairt aige i gcás inar dóigh leis gur cuí é sna himthosca, trí fhógra i cibé foirm a ordóidh an Banc a fhoilsiú i 2 nuachtán laethúla ar a laghad a fhoilsítear sa Stát agus a léitear sa limistéar ina bhfuil príomhoifig an chumainn.
(4) I gcás ina dtabharfar fógra faoi chruinniú de réir fho-alt (3) (b), comhlíonfar aon cheanglas eile faoin Acht seo a cheanglaíonn ionstraim seachvótála, fógra nó doiciméad eile a chur chuig comhaltaí i dteannta an fhógra faoi chruinniú, nó i ndáil le cruinniú—
(a) má fhoilsítear i dteannta an fhógra í nó é, nó
(b) má deirtear san fhógra faoi fho-alt (3) (b) gur féidir í nó é a fháil i ngach oifig den chumann le linn gnáthuaireanta oifige;
de réir mar a ordóidh an Banc Ceannais.
(5) Déanfar fógra faoi chruinniú de chumann a thabhairt do gach comhalta den chumann atá i dteideal vótáil ar dháta an fhógra agus don Bhanc Ceannais.
(6) Ní bheidh imeachtaí chruinniú de chumann ó bhail toisc gur mainníodh, trí dhearmad, fógra faoin gcruinniú a thabhairt do dhuine a bhí i dteideal fógra faoin gcruinniú a fháil ná toisc nach bhfuair duine den sórt sin fógra faoi chruinniú den sórt sin.
Teideal comhaltaí chun vótáil ar rúin.
69.—(1) Faoi réir alt 16 agus an ailt seo, is iad seo a leanas na daoine a bheidh i dteideal vótáil ar rún de chuid cumainn foirgníochta—
(a) ar rún, seachas rún comhshó, na comhaltaí go léir a raibh, ag deireadh na bliana airgeadais deiridh de chuid an chumainn roimh dháta an chruinnithe nó na postbhallóide, de réir mar a bheidh, scaireanna a raibh luach £100 ar a laghad acu ar seilbh go leanúnach acu ar feadh na tréimhse 6 mhí roimhe sin agus a bhfuil na scaireanna sin ar seilbh acu fós ar an dáta vótála; agus
(b) ar rún comhshó, na comhaltaí go léir de réir bhrí mhír (a) agus na daoine eile go léir a bhí ina gcomhaltaí iasachtacha de réir bhrí alt 71 (2) ag deireadh na bliana airgeadais deiridh agus atá fós ina gcomhaltaí den sórt sin ar an dáta vótála.
(2) Faoi réir fho-alt (3), is foráil ar neamhní aon fhoráil i rialacha cumainn sa mhéid go mbeadh d'éifeacht léi na cearta a thugtar le fo-alt (1) a shrianadh ach ní thugann aon ní san alt seo le tuiscint nach féidir le cumann, ina chuid rialacha, cearta vótála a thabhairt do chomhaltaí de thuairisc ar bith.
(3) I gcás vóta ar rún, ar rún é nach mbeidh éifeacht leis faoin Acht seo mura rithfear é mar rún speisialta nó mar rún comhshó, beidh vóta amháin ag gach comhalta atá i dteideal vótáil.
(4) San alt seo ciallaíonn “dáta vótála”, ag tagairt d'aon rún—
(a) dáta an chruinnithe ag a dtairgtear an rún, ach amháin i gcás ina bhfuil feidhm ag mír (b); agus
(b) i gcás gur trí phostbhallóid a dhéanfar an vótáil ar an rún, an dáta a bheidh sonraithe ag an gcumann mar an dáta deiridh chun glacadh le páipéir bhallóide chomhlánaithe.
Rúin speisialta.
70.—(1) Ní dhéanfar rún ar bith de chuid cumainn foirgníochta a rith mar rún speisialta mura gceanglaítear leis an Acht seo nó faoin Acht seo, nó le rialacha an chumainn, é a rith amhlaidh.
(2) Beidh rún cumainn ina rún speisialta tráth a bheidh sé rite ag tromlach de na comhaltaí sin den chumann—
(a) a vótálfaidh go pearsanta nó trí sheachvótálaí, agus teideal acu sin a dhéanamh, ar vótaíocht ar an rún ag cruinniú den chumann a mbeidh fógra, inar sonraíodh go raibh sé beartaithe an rún a thairiscint mar rún speisialta, tugtha go cuí ina leith; nó
(b) a vótálfaidh, agus teideal acu sin a dhéanamh, i bpostbhallóid ar an rún a mbeidh fógra, inar sonraíodh nach mbeidh éifeacht leis an rún mura rithfear mar rún speisialta é, tugtha go cuí ina leith.
(3) Féadfar téarmaí aon rúin speisialta a bheidh faoi bhráid cruinnithe ghinearálta cumainn a leasú trí ghnáthrún a thairiscint ag an gcruinniú más deimhin le cathaoirleach an chruinnithe gurb amhlaidh fós do théarmaí an rúin arna leasú gur féidir a mheas gur tugadh fógra leordhóthanach go raibh sé beartaithe an rún a thairiscint.
Rúin chomhshó.
71.—(1) Beidh rún cumainn ina rún comhshó tráth a bheidh sé rite ag tromlach de na comhaltaí sin den chumann—
(a) a vótálfaidh go pearsanta nó trí sheachvótálaí, agus teideal acu sin a dhéanamh, ar vótaíocht ar an rún ag cruinniú den chumann a mbeidh fógra, inar sonraíodh go raibh sé beartaithe an rún a thairiscint mar rún comhshó, tugtha go cuí ina leith; nó
(b) a vótálfaidh, agus teideal acu sin a dhéanamh, i bpostbhallóid ar an rún a mbeidh fógra, inar sonraíodh nach mbeidh éifeacht leis an rún mura rithfear mar rún comhshó é, tugtha go cuí ina leith.
(2) Chun críocha an ailt seo agus Chuid XI is comhalta iasachtach de chumann duine tráth ar bith más rud é, an tráth sin—
(a) gur fiachas i leith iasachta a tugadh faoi na hachtacháin aisghairthe agus a bhí urraithe trí eastát nó leas, ruílse nó léasach, i dteach a mhorgáistiú, nó
(b) gur fiachas i leith iasachta tithíochta, a fhiachas don chumann agus más rud é, i gceachtar cás, nach lú ná £500 nó cibé méid eile a fhorordóidh an Banc Ceannais ó am go ham, le rialachán méid a fhéich mhorgáiste.
Seachvótálaithe.
72.—(1) Féadfaidh comhalta de chumann foirgníochta atá i dteideal bheith i láthair agus vótáil ag cruinniú den chumann duine eile (bíodh nó ná bíodh sé ina chomhalta den chumann) a cheapadh mar sheachvótálaí dó chun bheith i láthair, chun labhairt agus, faoi réir fho-alt (2), chun vótáil ag an gcruinniú ina ionad, agus féadfaidh sé a ordú don seachvótálaí conas ba chóir dó vótáil ag an gcruinniú.
(2) Beidh seachvótálaí i dteideal vótáil ar vótaíocht ach, faoi réir aon fhorála i rialacha an chumainn, ní bheidh sé i dteideal vótáil thairis sin.
(3) Beidh i ngach fógra ina ngairfear cruinniú de chumann ráiteas réasúnta feiceálach á rá—
(a) go bhféadfaidh comhalta atá i dteideal a bheith i láthair agus vótáil seachvótálaí a cheapadh chun bheith i láthair, chun labhairt agus chun vótáil ina ionad;
(b) nach gá don seachvótálaí a bheith ina chomhalta den chumann; agus
(c) go bhféadfaidh an comhalta a ordú don seachvótálaí conas ba chóir dó vótáil ag an gcruinniú.
(4) Beidh ag gabháil le gach fógra ina ngairfear cruinniú de chumann ionstraim amháin chun seachvótálaí a cheapadh a bheidh le comhlánú ag an gcomhalta más mian leis seachvótálaí a cheapadh.
(5) Is foráil ar neamhní aon fhoráil i rialacha cumainn sa mhéid go mbeadh d'éifeacht léi a cheangal go mbeadh an ionstraim ag ceapadh seachvótálaí, nó aon doiciméad eile is gá chun bailíocht ceapacháin seachvótálaí a shuíomh nó thairis sin i ndáil lena cheapadh, faighte ag an gcumann nó ag aon duine eile breis agus 10 lá roimh chruinniú nó roimh chruinniú atrátha d'fhonn go mbeadh éifeacht leis an gceapachán ag an gcruinniú nó ag an gcruinniú atrátha.
(6) Is i cibé foirm a ordóidh an Banc Ceannais a bheidh an ionstraim ag ceapadh seachvótálaí agus féadfaidh an Banc a shonrú, maidir le hionstraim seachvótála—
(a) cad iad na nithe a bheidh le háireamh san ionstraim nó le fágáil aisti, agus
(b) cad iad na dearbhuithe a bheidh le déanamh san ionstraim ag an gcomhalta a bheidh ag ceapadh seachvótálaí.
(7) Ach amháin ar iarratas scríofa ó chomhalta, ní dhéanfaidh cumann ná ní dhéanfar ar chostas cumainn, aon ionstraim chun seachvótálaí a cheapadh a eisiúint cé is moite de na hionstraimí a eiseofar faoi fho-alt (4).
(8) Déanfaidh cumann na hionstraimí go léir ag ceapadh seachvótálaithe agus na hiarratais go léir ó chomhaltaí faoi fho-alt (7) a choinneáil in ionad slán go ceann tréimhse bliana ón dáta a bhfuarthas iad.
Ceart chun vótaíocht a éileamh.
73.—(1) Is foráil ar neamhní aon fhoráil i rialacha cumainn foirgníochta sa mhéid go mbeadh d'éifeacht léi—
(a) an ceart a shéanadh chun vótaíocht a éileamh ag cruinniú den chumann ar aon cheist seachas toghadh chathaoirleach an chruinnithe nó an cruinniú a chur ar atráth, nó
(b) aon éileamh ag iarraidh vótaíochta ar aon cheist den sórt sin, a dhéanfaidh líon comhaltaí nach lú ná 10 a bhfuil ceart acu chun vótáil ag an gcruinniú, a chur ó éifeacht.
(2) Measfar go dtugann an ionstraim ag ceapadh seachvótálaí chun vótáil ag cruinniú de chumann, údarás freisin chun vótaíocht a éileamh nó chun uamadh chun vótaíocht a éileamh agus, chun críocha fho-alt (1), is ionann éileamh ó dhuine mar sheachvótálaí do chomhalta nó comhaltaí agus éileamh ón gcomhalta nó ó na comhaltaí.
Ceart comhaltaí chun rúin a mholadh agus a scaipeadh.
74.—(1) Má dhéanann 25 chomhalta, nó cibé líon is lú ná sin a bheidh sonraithe i rialacha cumainn foirgníochta, atá i dteideal vótáil ar rún, fógra i scríbhinn a thabhairt don chumann á rá go bhfuil beartaithe acu rún (a mbeidh a théacs san fhógra), seachas rún comhshó, a thairiscint nó a chur á thairiscint thar a gceann, ag cruinniú ginearálta bliantúil, beidh sé de dhualgas ar an gcumann, faoi réir fho-ailt (2), (3) agus (9)—
(a) fógra á shonrú go mbeartaítear an rún a thairiscint, nó a chur á thairiscint thar a gceann, ag an gcruinniú agus, más iomchuí, go mbeartaítear é a thairiscint mar rún speisialta, a chur san fhógra faoin gcruinniú ginearálta bliantúil; agus
(b) ar iarratas ó na comhaltaí a bheartaíonn an rún a thairiscint, nó a chur á thairiscint thar a gceann, cóip de ráiteas, nach faide ná 300 focal, maidir leis an ní dá dtagraítear sa rún a chur chuig gach comhalta atá i dteideal fógra faoin gcruinniú a fháil.
(2) Ní cheanglaíonn fo-alt (1) ar chumann fógraí faoi rún nó cóipeanna de ráiteas a chur chuig comhaltaí den chumann in aon chás—
(a) inar dóigh d'ábhar an rúin nó, de réir mar a bheidh, an ráitis muinín an phobail as an gcumann a laghdú go mór;
(b) ina bhfuil mí-úsáid á baint as na cearta a thugtar le fo-alt (1) chun poiblíocht a lorg, gan gá, le haghaidh ábhar atá clúmhillteach nó chun críocha suaibhreosacha nó cráiteacha; nó
(c) ina mbeadh an cumann, dá rithfí an rún, ag gabháil do ghníomhaíochtaí ar gníomhaíochtaí ultra vires is dócha a bheadh iontu;
agus ní ghlacfar leis an bhfo-alt sin mar fho-alt a thugann aon chearta do chomhaltaí, nó a fhorchuireann aon dualgais ar chumann, maidir le rún nó ráiteas nach mbaineann go díreach le gnóthaí an chumainn.
(3) Má fhorálann rialacha cumainn amhlaidh, ní cheanglaíonn fo-alt (1) fógra i dtaobh rúin a thabhairt do chomhaltaí an chumainn más ionann, tríd is tríd, téarmaí an rúin sin agus téarmaí aon rúin ar theip air ag cruinniú nó ar phostbhallóid le linn na tréimhse dar tosach an tríú cruinniú ginearálta bliantúil roimh an dáta ar a dtugtar fógra i dtaobh an rúin don chumann.
(4) I gcás ina ndiúltóidh an cumann, nó ina mbeartóidh sé diúltú, fógra i dtaobh rúin a thabhairt nó ráiteas a cuireadh chuige faoi fho-alt (1) a chur chuig comhaltaí, déanfaidh sé, laistigh de 14 lá tar éis dó an rún a fháil, fógra faoin diúltú sin agus faoi na forais a bhí leis a chur chuig na comhaltaí a chuir isteach é agus féadfaidh na comhaltaí sin, laistigh de 7 lá ón diúltú, an diúltú a tharchur chuig an mBanc Ceannais agus féadfaidh an Banc Ceannais a ordú don chumann an rún nó an ráiteas a scaipeadh faoi réir cibé coinníollacha a cheanglóidh an Banc.
(5) Ní dhéanfar aon chóipeanna de ráiteas maidir le rún a chur chuig comhaltaí de chumann más rud é, ar aon cheann de na forais atá i bhfo-alt (2) nó (3), nach dtugann an cumann dóibh an fógra faoin rún a cheanglaítear le fo-alt (1) (a).
(6) Ní mór fógra i dtaobh rúin a thabharfar faoi fho-alt (1) a thabhairt don chumann tráth nach déanaí ná an lá deiridh den bhliain airgeadais de chuid an chumainn roimh an mbliain airgeadais ina dtionólfar an cruinniú ginearálta bliantúil ag a mbeartaítear an rún a thairiscint agus ní mór aon ráiteas atá le cur chuig comhaltaí faoi fho-alt (1) (b) a chur chuig an gcumann freisin tráth nach déanaí ná an lá sin.
(7) Déanfar an fógra i dtaobh rúin agus na cóipeanna de ráiteas a cheanglaítear a chur chuig comhaltaí le fo-alt (1) (a) nó (b) a chur chucu sa tslí chéanna agus (a mhéid is féidir) an tráth céanna leis an bhfógra faoin gcruinniú ginearálta bliantúil ag a mbeartaítear an rún a thairiscint agus, i gcás nach féidir iad a chur chucu an tráth céanna leis an bhfógra, cuirfear chucu iad a luaithe is féidir dá éis sin.
(8) I gcás ina gceanglaítear fógraí i dtaobh rúin, nó cóipeanna de ráiteas maidir le rún a bheartaítear a thairiscint ag cruinniú, a chur chuig aon daoine, ní bheidh imeachtaí an chruinnithe ó bhail—
(a) toisc gur mainníodh trí dhearmad fógra nó cóip a chur chuig duine a bhí i dteideal é nó í a fháil, nó
(b) toisc nach bhfuair duine den sórt sin fógra nó cóip.
(9) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le rún speisialta más rud é, i gcás cumann a bhí, faoi na hachtacháin aisghairthe, i dteideal scaireanna nár ghabh cearta vótála leo a eisiúint—
(a) gur dóigh le 75 faoin gcéad de shealbhóirí scaireanna den aicme sin, arna n-eisiúint roimh an 15 Lúnasa, 1984, a raibh cearta vótála ag gabháil leo an tráth sin, go mbeadh an rún, dá rithfí é, míréasúnach ag féachaint dá leasanna;
(b) go ndéanfaidh na scairshealbhóirí dá dtagraítear i mír (a), de réir rialacha an chumainn, an cheist a tharchur le haghaidh eadrána agus, chun na críche sin, measfar gur comhaontú eadrána na rialacha, de réir bhrí na nAchtanna Eadrána, 1954 agus 1980; agus
(c) go mbreithneoidh an t-eadránaí go mbeadh an rún, dá rithfí é, míréasúnach ag féachaint do leasanna na scairshealbhóirí dá dtagraítear i mír (a).
Postbhallóidí.
75.—(1) Féadfar a fhoráil i rialacha cumainn foirgníochta gur trí phostbhallóid a dhéanfar an vótáil i dtoghchán stiúrthóirí nó ar aon rún de chuid cumainn i ngach imthoisc nó in aon imthosca áirithe; agus san Acht seo ciallaíonn “postbhallóid”, i ndáil le toghchán, nó le rún de chuid an chumainn, an phostbhallóid, más ann, a bheidh ann de bhua na rialacha sin i gcás an toghcháin nó an rúin atá i gceist.
(2) Más rud é, faoi rialacha cumainn, go bhfuil phostbhallóid le bheith ann, beidh éifeacht leis na forálacha ina dhiaidh seo den alt seo.
(3) Tabharfar fógra faoi phostbhallóid tráth nach déanaí ná 21 lá agus nach luaithe ná 42 lá roimh an dáta a shonróidh an cumann mar dháta deiridh chun glacadh le páipéir bhallóide chomhlánaithe (dá ngairtear an “dáta vótála” san alt seo).
(4) Faoi réir fhorálacha na Coda seo, tabharfar fógra faoi phostbhallóid do gach comhalta den chumann a bheadh i dteideal vótáil sa toghchán nó ar an rún dá mba é dáta an fhógra an dáta vótála don toghchán nó don rún.
(5) San fhógra faoi phostbhallóid beidh páipéar ballóide agus cibé fógraí eile i ndáil leis an toghchán nó leis an rún, agus beidh cibé doiciméid eile ag gabháil leis, a cheanglófaí a thabhairt do chomhalta nó a chur chuige i ndáil le fógra faoi chruinniú dá mbeadh sé beartaithe an toghchán a dhéanamh nó vótáil ar an rún ag cruinniú seachas trí phostbhallóid cé is moite, áfach, d'aon fhógra a bhainfeadh le vótáil trí sheachvótálaí ag cruinniú.
(6) Ní chuirtear an phostbhallóid ó bhail toisc gur mainníodh trí dhearmad fógra faoi phostbhallóid a thabhairt do dhuine, nó aon doiciméad, a cheanglaítear le fo-alt (5) a bheith ag gabháil le fógra den sórt sin, a chur chuig duine, a bhí i dteideal é a fháil, nó toisc nach bhfuair an duine sin fógra nó doiciméad den sórt sin.
CUID VII
Cuntais agus Iniúchadh
Taifid chuntasaíochta, córais rialaithe gnó agus gníomhais teidil a choimeád.
76.—(1) Déanfaidh cumann foirgníochta—
(a) a chur faoi deara go gcoimeádfar taifid chuntasaíochta chuí ar bhonn leanúnach seasmhach, agus
(b) córais rialaithe dá ghnó agus dá thaifid agus córais imscrúdúcháin, agus tuairiscithe i ndáil leo, a bhunú agus a chothabháil,
de réir an ailt seo.
(2) Na taifid chuntasaíochta a choimeádfaidh cumann, is de chineál iad—
(a) a thaifeadfaidh agus a mhíneoidh i gceart idirbhearta an chumainn;
(b) a nochtfaidh, réasúnta cruinn agus réasúnta pras, staid airgeadais an chumainn tráth ar bith;
(c) a chumasóidh do na stiúrthóirí na dualgais a fhorchuirtear orthu leis an Acht seo nó faoi, agus na feidhmeanna atá acu ó thaobh gnóthaí an chumainn a stiúradh, a chomhlíonadh go cuí;
(d) a chumasóidh don chumann na dualgais a fhorchuirtear air leis an Acht seo nó faoi a chomhlíonadh go cuí; agus
(e) a chumasóidh cuntais an chumainn a iniúchadh go héasca agus go cuí.
(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) nó (2), beidh na nithe seo a leanas ar áireamh i dtaifid chuntasaíochta a choimeádfar de bhun an ailt seo—
(a) iontrálacha ó lá go lá maidir leis na suimeanna airgid go léir a fuair agus a chaith an cumann agus na hábhair lenar bhain an t-ioncam agus an caiteachas;
(b) taifead de shócmhainní agus de dhliteanais an chumainn agus iontrálacha ó lá go lá maidir le gach idirbheart a rinne an cumann a bheidh, nó a fhéadfaidh a bheith, ina bhun le dliteanais nó sócmhainní de chuid an chumainn; agus
(c) maidir le seirbhísí a chur ar fáil, taifead maidir leis na seirbhísí a cuireadh ar fáil agus leis na sonraisc go léir i ndáil leo.
(4) Chun críocha fho-alt (1) measfar go bhfuil taifid chuntasaíochta chuí á gcoimeád má chomhlíonann siad fo-ailt (2) agus (3), agus má thugann siad léargas fíorcheart ar staid ghnóthaí an chumainn agus má thugann siad míniú ar a idirbhearta.
(5) Na córais rialaithe atá le bunú agus le cothabháil ag cumann de bhun fho-alt (1) is córais iad chun rialú a dhéanamh ar sheoladh ghnó an chumainn de réir mar a cheanglaítear leis an Acht seo nó faoi agus de réir chinntí an bhoird stiúrthóirí agus chun taifid chuntasaíochta agus taifid eile ghnó an chumainn a rialú agus ní mheasfar aon chórais den sórt sin a bheith bunaithe nó á gcothabháil mura mbeidh ráiteas mionsonraithe i scríbhinn maidir leis na córais mar atá siad i ngníomh de thuras na huaire ar fáil i gcónaí don bhord.
(6) Na córais imscrúdúcháin agus tuairiscithe atá le bunú agus le cothabháil ag cumann de bhun fho-alt (1) is córais iad chun imscrúdú a dhéanamh thar ceann an bhoird stiúrthóirí, agus chun tuairisc a thabhairt don bhord sin, ar oibriú na gcóras rialaithe do ghnó agus taifid an chumainn mar a cheanglaítear le fo-alt (5).
(7) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), ní mór na córais rialaithe agus na córais imscrúdúcháin agus tuairiscithe a bheith de chineál a áiritheoidh go seolfar gnó na cuideachta, agus go gcoimeádfar a thaifid, ar chaoi a fhágfaidh—
(a) go mbeidh an fhaisnéis is gá chun a chumasú do na stiúrthóirí agus don chumann a ndualgais agus a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh, sách cruinn, agus go mbeidh sí ar fáil sách rialta nó de réir riachtanais agus sin sách pras, chun na gcríoch sin; agus
(b) go mbeidh an fhaisnéis a gheobhaidh an Banc Ceannais nó a thabharfar dó sách cruinn chun na gcríoch dá bhfaighfear í agus go mbeidh sí ar fáil de réir mar a bheidh sí ag teastáil ón mBanc.
(8) Déanfar taifid chuntasaíochta cumainn a choimeád i bpríomhoifig an chumainn nó cibé áit eile is cuí leis na stiúrthóirí agus beidh siad ar fáil gach tráth réasúnach lena n-imscrúdú ag na stiúrthóirí.
(9) Déanfaidh an cumann gach taifead a cheanglaítear a choimeád faoin alt seo a chaomhnú go ceann tréimhse nach giorra ná 6 bliana tar éis an dáta is déanaí lena mbaineann sé.
(10) I gcás fochuideachtaí a bheith ag cumann, áiritheoidh an cumann freisin go gcoimeádfaidh an cumann agus na fochuideachtaí cibé taifid chuntasaíochta agus go mbunóidh agus go gcothabhálfaidh siad cibé córais rialaithe agus cibé córais imscrúdúcháin agus tuairiscithe a chumasóidh don chumann déanamh de réir cheanglais an ailt seo i ndáil le gnó an chumainn agus na bhfochuideachtaí sin.
(11) Déanfaidh gach cumann córas a bhunú agus a chothabháil chun a áirithiú go gcoimeádfar slán doiciméid teidil uile an chumainn agus na gníomhais a bhaineann le maoin a bheidh morgáistithe chun an chumainn.
(12) (a) Aon chumann a sháróidh an t-alt seo nó aon stiúrthóir cumainn nó príomhfheidhmeannach a mhainneoidh gach beart réasúnach a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an cumann an t-alt seo nó, i gcás stiúrthóra nó príomhfheidhmeannaigh, a bhí, mar gheall ar ghníomh toiliúil aige féin, ina chúis le haon mhainneachtain ag an gcumann faoi, beidh sé, maidir le gach mainneachtain nó gníomh den sórt sin, ciontach i gcion.
(b) In aon imeachtaí i gcoinne duine faoin bhfo-alt seo mar gheall ar chion ar mainneachtain é gach beart réasúnach a dhéanamh chun an t-alt seo a chomhlíonadh is cosaint é a chruthú go raibh forais réasúnacha aige chun a chreidiúint, agus gur chreid sé, gur cuireadh de dhualgas ar dhuine inniúil iontaofa a áirithiú go gcomhlíonfaí an t-alt seo agus go raibh ar a dheis ag an duine sin an dualgas sin a chomhlíonadh.
Cuntais bhliantúla.
77.—(1) Ullmhóidh stiúrthóirí cumainn foirgníochta, maidir le gach bliain airgeadais de chuid an chumainn—
(a) cuntas ioncaim agus caiteachais a thugann léargas fíorcheart ar a ioncam agus a chaiteachas don bhliain sin,
(b) clár comhardaithe a thugann léargas fíorcheart ar staid a ghnóthaí amhail i ndeireadh na bliana sin, agus
(c) ráiteas i dtaobh foinse agus úsáid na gcistí a thugann léargas fíorcheart ar an gcaoi inar maoiníodh a ghnó agus inar úsáideadh a acmhainní airgeadais i gcaitheamh na bliana sin,
agus beidh gach ceann acu sin i cibé foirm, agus beidh cibé sonraí ann, a ordóidh an Banc Ceannais.
(2) Faoi réir fho-alt (5), más rud é, i ndeireadh a bhliana airgeadais, go mbeidh fochuideachtaí ag cumann, ullmhóidh na stiúrthóirí freisin, maidir leis an mbliain sin, grúpchuntais a bhainfidh, faoi seach, le hioncam agus caiteachas, staid gnóthaí agus foinse agus úsáid cistí an chumainn agus na bhfochuideachtaí.
(3) Déanfaidh stiúrthóirí cumainn a bhfuil fochuideachtaí aige a áirithiú go mbeidh, a mhéid is féidir, bliain airgeadais gach fochuideachta dá chuid comhthráthach le bliain airgeadais an chumainn féin.
(4) I gcás ina n-ullmhóidh na stiúrthóirí ráiteas i dtaobh foinse agus úsáid chistí an chumainn agus a fhochuideachtaí faoi fho-alt (2), ní gá dóibh ráiteas den sórt sin i dtaobh chistí an chumainn a ullmhú freisin faoi fho-alt (1).
(5) Féadfaidh an Banc Ceannais, de réir mar is cuí leis, ar iarratas ó chumann—
(a) dispeansáid a thabhairt ón gceanglas—
(i) grúpchuntais a ullmhú,
(ii) déileáil leis na fochuideachtaí go léir i ngrúpchuntais, agus
(b) a cheadú grúpchuntais a ullmhú ar shlí seachas i bhfoirm chomhdhlúite.
(6) Mura gceadóidh an Banc Ceannais a mhalairt beidh ar áireamh i gcuntas ioncaim agus caiteachais cumainn, i gclár comhardaithe cumainn agus sa ráiteas i dtaobh foinsí agus úsáid cistí cumainn d'aon bhliain airgeadais na sonraí comhréire, más iomchuí, don bhliain airgeadais roimhe sin.
(7) Beidh ar áireamh freisin sna cuntais bhliantúla, cibé acu i bhfoirm nótaí nó ar shlí eile, cibé faisnéis fhorlíontach a cheanglaítear leis an Acht seo nó faoi.
(8) Féadfaidh an Banc Ceannais, le rialacháin, foráil bhreise a dhéanamh i ndáil le cuntais bhliantúla cumainn agus, gan dochar do ghinearáltacht an fho-ailt seo, féadfar leis na rialacháin—
(a) cur leis na doiciméid a bheidh i gceist i gcuntais chumainn a bheidh le hullmhú maidir le gach bliain airgeadais faoi fho-alt (1) nó (2),
(b) foráil a dhéanamh maidir leis na nithe a bheidh le háireamh in aon doiciméad atá i gcuntais chumainn,
(c) prionsabail chuntasaíochta agus rialacha a fhorordú ó thaobh cuntais bhliantúla a ullmhú, agus
(d) a cheangal go mbainfidh cuntais bhliantúla cumann freisin le comhlachtaí atá i gcomhlachas leo go feadh méid fhorordaithe.
(9) (a) I gcás ina mainneoidh stiúrthóir nó príomhfheidhmeannach cumainn gach beart réasúnach a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfar an t-alt seo, beidh sé ciontach i gcion.
(b) In aon imeachtaí i gcoinne duine mar gheall ar chion faoin alt seo, is cosaint é a chruthú go raibh forais réasúnacha aige chun a chreidiúint, agus gur chreid sé, gur cuireadh de dhualgas ar dhuine inniúil iontaofa a áirithiú go gcomhlíonfaí an t-alt seo agus go raibh ar a dheis ag an duine sin an dualgas sin a chomhlíonadh.
(10) Gairtear “na cuntais bhliantúla” san Acht seo de na cuntais a ullmhófar maidir le bliain airgeadais cumainn faoin alt seo, cibé acu mar chuntais ar leithligh nó mar ghrúpchuntais, mar aon leis na nótaí a bheidh ag gabháil leo.
Tuarascáil na stiúrthóirí.
78.—(1) Ullmhóidh stiúrthóirí cumainn foirgníochta, maidir le gach bliain airgeadais de chuid an chumainn, tuarascáil i dtaobh ghnó an chumainn ina mbeidh—
(a) athbhreithniú ceart ar fhorbairt a ghnó i gcaitheamh na bliana airgeadais agus ar a staid i ndeireadh na bliana sin, agus
(b) cibé faisnéis i ndáil le cibé gnéithe de ghnó an chumainn agus aon fhochuideachtaí nó comhlachtaí eile atá i gcomhlachas leis, lena n-áirítear forbairt an ghnó sin sa todhchaí, a shonróidh an Banc Ceannais.
(2) Beidh tuarascáil na stiúrthóirí sínithe ag 2 stiúrthóir (seachas an príomhfheidhmeannach) thar ceann bhord stiúrthóirí an chumainn.
(3) I gcás ina mbeidh fochuideachtaí nó comhlachtaí comhlachaithe eile ag an gcumann, déanfaidh an tuarascáil, chomh maith le haon fhaisnéis a bheith inti a cheanglaítear a thabhairt i ndáil leo faoi fho-alt (1) (b), athbhreithniú ar fhorbairt ghnó an chumainn agus a fhochuideachtaí agus a chomhlachtaí comhlachaithe eile i gcaitheamh na bliana airgeadais agus ar a staid i ndeireadh na bliana sin.
(4) (a) I gcás ina mainneoidh stiúrthóir ar an gcumann gach beart réasúnach a dhéanamh chun ceanglais an ailt seo a chomhlíonadh, beidh sé ciontach i gcion.
(b) In aon imeachtaí i gcoinne duine mar gheall ar chion faoin alt seo, is cosaint é a chruthú go raibh forais réasúnacha aige chun a chreidiúint, agus gur chreid sé, gur cuireadh de dhualgas ar dhuine inniúil iontaofa a áirithiú go gcomhlíonfaí an t-alt seo agus go raibh ar a dheis ag an duine sin an dualgas sin a chomhlíonadh.
Ráiteas airgeadais achomair.
79.—(1) Ullmhóidh stiúrthóirí cumainn foirgníochta, maidir le gach bliain airgeadais, ráiteas airgeadais achomair don bhliain sin a bheidh díorthaithe ó na cuntais bhliantúla agus ó thuarascáil na stiúrthóirí agus a thabharfaidh cuntas achomair ceart agus cruinn ar fhorbairt airgeadais an chumainn i gcaitheamh na bliana sin agus ar a staid airgeadais i ndeireadh na bliana.
(2) Beidh an ráiteas airgeadais achomair sínithe ag 2 stiúrthóir (seachas an príomhfheidhmeannach) thar ceann an bhoird stiúrthóirí agus ag príomhfheidhmeannach an chumainn.
(3) I gcás ina mbeidh fochuideachtaí nó comhlachtaí comhlachaithe eile ag an gcumann, tabharfaidh an ráiteas (sa mhéid go ndéileálfar leo sna grúpchuntais) cuntas ar fhorbairt airgeadais agus staid an chumainn agus a fhochuideachtaí agus a chomhlachtaí comhlachaithe eile.
(4) Féadfaidh an Banc Ceannais foirm agus ábhar an ráitis airgeadais achomair a shonrú.
(5) Beidh i ngach ráiteas airgeadais achomair ráiteas faoi thuairim na n-iniúchóirí i dtaobh é a bheith ag teacht le cuntais bhliantúla an chumainn agus le tuarascáil na stiúrthóirí agus i dtaobh é a bheith i gcomhréir le ceanglais an ailt seo agus an Bhainc Ceannais.
(6) Déanfaidh an cumann cóip den ráiteas airgeadais achomair agus, i gcás agús a bheith ann, cóip de thuarascáil na n-iniúchóirí faoi alt 88, a chur, tráth nach déanaí ná 21 lá roimh dháta an chruinnithe ghinearálta bhliantúil ag a mbreithneofar na cuntais bhliantúla agus tuarascáil na stiúrthóirí, chuig gach comhalta atá i dteideal fógra faoin gcruinniú a fháil agus chuig an mBanc Ceannais, agus coinneoidh an Banc Ceannais cóip den ráiteas i gcomhad poiblí an chumainn.
(7) Beidh i ngach ráiteas airgeadais achomair freisin ráitis á rá—
(a) nach bhfuil ann ach achoimre ar an bhfaisnéis atá sna cuntais bhliantúla agus i dtuarascáil na stiúrthóirí,
(b) sa mhéid gur achoimre é ar an bhfaisnéis atá sna cuntais bhliantúla, go ndearnadh iniúchadh ar na cuntais sin, agus
(c) go mbeidh cóipeanna de na cuntais bhliantúla, de thuarascáil na n-iniúchóirí agus de thuarascáil na stiúrthóirí ar fáil do chomhaltaí agus do thaisceoirí i ngach oifig de chuid an chumainn i ndiaidh dáta shonraithe ach cibé táille, más ann, a shocróidh an Banc Ceannais, a íoc.
Ráiteas a chur ar taispeáint.
80.—Cuirfidh cumann foirgníochta ar taispeáint, agus coimeádfaidh sé ar taispeáint gach uile thráth, in ionad feiceálach i ngach oifig, brainse nó áit eile ina seolann an cumann gnó, ráiteas, i cibé foirm a ordóidh an Banc Ceannais, i dtaobh an ghnó a sheolann an cumann.
An clár comhardaithe a shíniú.
81.—(1) Beidh gach clár comhardaithe de chuid cumainn foirgníochta sínithe, thar ceann an bhoird stiúrthóirí, ag 2 stiúrthóir dá chuid (seachas an príomhfheidhmeannach) agus ag príomhfheidhmeannach an chumainn.
(2) Cuirfear an cuntas ioncaim agus caiteachais, an ráiteas i dtaobh foinse agus úsáid cistí agus na grúpchuntais, más ann, ag gabháil le gach clár comhardaithe cumainn, agus beidh tuarascáil na n-iniúchóirí agus tuarascáil na stiúrthóirí i gceangal leis agus déanfaidh an bord stiúrthóirí aon chuntas agus ráiteas a chuirfear ag gabháil leis amhlaidh a cheadú sula síneofar an clár comhardaithe thar a gceann agus beidh an dáta ar cheadaigh siad na doiciméid sin formhuinithe ar an gclár comhardaithe.
(3) Aon chumann agus aon duine a eiseoidh, a scaipfidh nó a fhoilseoidh clár comhardaithe nach mbeidh sínithe mar a cheanglaítear le fo-alt (1) nó nach mbeidh na doiciméid a cheanglaítear le fo-alt (2) ag gabháil nó i gceangal leis, beidh sé ciontach i gcion agus beidh aon duine a bhí ina stiúrthóir tráth na mainneachtana ciontach i gcion freisin.
Doiciméid a bheidh le leagan faoi bhráid cruinniú ginearálta bliantúil.
82.—(1) Déanfaidh stiúrthóirí cumainn na cuntais bhliantúla maidir leis an mbliain airgeadais deiridh a leagan faoi bhráid an chumainn ag an gcruinniú ginearálta bliantúil.
(2) Cuirfidh stiúrthóirí cumainn cóip de na cuntais bhliantúla don bhliain airgeadais deiridh chuig an mBanc Ceannais tráth nach déanaí ná 21 lá roimh dháta an chruinnithe ghinearálta bhliantúil agus coinneoidh an Banc cóip de na doiciméid sin i gcomhad poiblí an chumainn.
(3) Déanfaidh gach cumann, amhail ón dáta is déanaí faoina gceanglaítear ar a stiúrthóirí iad a chur chuig an mBanc Ceannais, cóipeanna de na cuntais bhliantúla a chur ar fáil le linn uaireanta oifige do chomhaltaí den chumann, agus do thaisceoirí leis an gcumann, i ngach oifig de chuid an chumainn agus cuirfidh sé, laistigh de 7 lá, cóipeanna de na doiciméid sin chuig aon chomhalta nó taisceoir a éilíonn iad, ar cibé táille a íoc a shocróidh an Banc.
(4) Féadfaidh an Banc Ceannais, más cuí leis, a cheangal ar chumann cóip d'aon doiciméad dá dtagraítear san alt seo a chur, saor in aisce, chuig gach comhalta den chumann laistigh de thréimhse shonraithe.
(5) San alt seo folaíonn aon tagairt do na cuntais bhliantúla tagairt do na doiciméid a bheidh ag gabháil nó i gceangal leo faoi alt 81.
(6) Má mhainnítear déanamh de réir fho-alt (1), (2) nó (3) beidh gach duine a bhí ina stiúrthóir tráth na mainneachtana ciontach i gcion.
Iniúchóirí a cheapadh agus a chur as oifig.
83.—(1) Déanfaidh cumann foirgníochta, ag gach cruinniú ginearálta bliantúil, iniúchóir nó iniúchóirí a cheapadh chun oifig a shealbhú ó dheireadh an chruinnithe sin go dtí deireadh an chéad chruinnithe ghinearálta bhliantúil eile.
(2) D'ainneoin aon chomhaontú idir an cumann agus iniúchóir, agus gan dochar d'aon chearta de chuid an iniúchóra i ndáil lena chur as oifig faoin Acht seo, féadfaidh cumann, trí rún ag cruinniú ginearálta, iniúchóir a chur as oifig sula mbeidh deireadh lena théarma oifige agus aon duine eile a cheapadh ina ionad, ar duine é a bheidh ainmnithe go cuí chun a cheaptha, atá cáilithe faoin Acht seo chun bheith ina iniúchóir ar chumann agus a mbeidh fógra cuí faoina ainmniú tugtha dá chomhaltaí agus don Bhanc Ceannais.
(3) Féadfaidh na stiúrthóirí céad-iniúchóirí cumainn a cheapadh tráth ar bith roimh an gcéad chruinniú ginearálta bliantúil.
(4) I gcás ina mainneoidh na stiúrthóirí a gcumhachtaí faoi fho-alt (3) a fheidhmiú, féadfaidh an cumann, i gcruinniú ginearálta dó, na cumhachtaí sin a fheidhmiú agus air sin beidh deireadh le cumhachtaí sin na stiúrthóirí.
(5) I gcás nach gceapfar iniúchóir ar bith ag cruinniú ginearálta bliantúil, féadfaidh an Banc Ceannais duine a cheapadh chun an folúntas a líonadh agus féadfaidh an Banc luach saothair agus caiteachais iniúchóirí a cheapfar amhlaidh a shocrú.
(6) Déanfaidh cumann—
(a) laistigh de sheachtain ón tráth a dtiocfaidh cumhacht an Bhainc Ceannais faoi fho-alt (5) chun bheith infheidhmithe, fógra ina thaobh sin a thabhairt don Bhanc, agus
(b) i gcás ina rithfear rún ag cur iniúchóra as oifig, fógra ina thaobh sin a thabhairt don Bhanc Ceannais, i cibé foirm a cheanglóidh an Banc, laistigh de 14 lá tar éis an chruinnithe ar aige a ritheadh an rún ag cur an iniúchóra as oifig.
(7) Féadfaidh stiúrthóirí cumainn, nó féadfaidh an cumann i gcruinniú ginearálta dó, aon chorrfholúntas in oifig an iniúchóra a líonadh ach fad a bheidh aon fholúntas den sórt sin ann, féadfaidh an t-iniúchóir nó na hiniúchóirí, marthanach nó leanúnach, más ann, gníomhú.
(8) I gcás ina gceapfar gnólacht, faoi ainm an ghnólachta, mar iniúchóir ar chumann, measfar gurb ionann sin agus ceapadh na ndaoine sin arb iad, ó am go ham, le linn tréimhse an cheaptha, na comhpháirtithe iad sa ghnólacht sin mar a bheidh sé comhdhéanta ó am go ham agus ar daoine iad atá cáilithe chun bheith ina n-iniúchóirí ar an gcumann.
(9) I gcás gurb é tuairim an Bhainc Ceannais nárbh é leas cumainn nó leas na scairshealbhóirí sa chumann, nó na dtaisceoirí leis an gcumann é, féadfaidh sé, de réir mar is gá sna himthosca, a ordú don chumann gan duine ainmnithe a cheapadh nó a athcheapadh chun oifig an iniúchóra nó a ordú do na stiúrthóirí gan corrfholúntas san oifig sin a líonadh le duine ainmnithe, agus déanfar de réir an ordaithe.
(10) Aon iniúchóir ar chumann a chinnfidh gan é féin a chur ar fáil lena athcheapadh chun oifig an iniúchóra déanfaidh sé fógra faoina chinneadh a sheirbheáil ar an gcumann 35 lá ar a laghad roimh an gcruinniú ginearálta bliantúil ag a rachaidh a théarma oifige in éag.
(11) I gcás ina dtabharfaidh iniúchóir fógra faoi fho-alt (10) beidh feidhm, fara aon mhodhnuithe is gá, ag forálacha fho-ailt (2) go (5) d'alt 85.
Rúin i ndáil le hiniúchóirí a cheapadh agus a chur as oifig.
84.—(1) Faoi réir fho-alt (2), ní bheidh éifeacht le rún ag cruinniú ginearálta cumainn foirgníochta—
(a) ag ceapadh mar iniúchóir duine seachas iniúchóir a bheidh ag scor,
(b) á fhoráil nach n-athcheapfar iniúchóir a bheidh ag scor,
(c) ag cur iniúchóra as oifig sula mbeidh deireadh lena théarma oifige,
(d) ag líonadh corrfholúntais in oifig an iniúchóra, nó
(e) ag athcheapadh, mar iniúchóir, iniúchóir atá ag scor a bhí ceaptha ag na stiúrthóirí chun corrfholúntas a líonadh,
mura mbeidh fógra go mbeartaítear an rún a thairiscint tugtha don chumann agus don Bhanc Ceannais 28 lá ar a laghad roimh an gcruinniú ag a dtairgfear é.
(2) I gcás ina ndéanfar, tar éis fógra a bheith tugtha don chumann go mbeartaítear rún den sórt sin a thairiscint, cruinniú ginearálta den chumann a ghairm do dháta is luaithe ná 28 lá tar éis an fógra a thabhairt, measfar an fógra a bheith tugtha go cuí chun críche fho-alt (1) cé nár tugadh é laistigh den am a cheanglaítear leis an bhfo-alt sin.
(3) Déanfaidh cumann fógra i dtaobh aon rúin bheartaithe den sórt sin a thabhairt dá chomhaltaí an tráth céanna agus ar an dóigh chéanna a dtabharfaidh sé fógra faoin gcruinniú nó, murab indéanta sin, tabharfaidh sé fógra dóibh, a mbeidh a thréimhse ceadaithe ag an mBanc Ceannais, i dtaobh an rúin bheartaithe trí fhógrán i nuachtán laethúil a fhoilsítear sa Stát agus a léitear sa limistéar ina bhfuil príomhoifig an chumainn.
(4) Ní thabharfar fógra faoi fho-alt (3) laistigh de 7 lá tar éis an dáta a bhfuarthas an rún beartaithe.
(5) Ar fhógra i dtaobh rúin bheartaithe den sórt a luaitear i bhfo-alt (1) a fháil, déanfaidh an cumann láithreach—
(a) más rún a luaitear i mír (a) nó (b) den fho-alt an rún, cóip de a chur chuig an iniúchóir a bheidh ag scor;
(b) más rún a luaitear i mír (c) den fho-alt an rún, cóip de a chur chuig an iniúchóir a bheartaítear a chur as oifig;
(c) más rún a luaitear i mír (d) den fho-alt an rún, cóip de a chur chuig an duine (más ann) ar de bharr é do scor d'oifig iniúchóra an chumainn a shealbhú a tharla an corrfholúntas;
(d) más rún a luaitear i mír (e) den fho-alt an rún, cóip de a chur chuig an duine a bheidh ag scor amhlaidh d'oifig a shealbhú.
(6) I gcás ina dtabharfar fógra i dtaobh rúin bheartaithe den sórt a luaitear i míreanna (a), (b) agus (c) d'fho-alt (1) agus go ndéanfaidh an t-iniúchóir a bheidh ag scor, nó an t-iniúchóir a bheartaítear a chur as oifig, de réir mar a bheidh, uiríll i scríbhinn (nach mbeidh thar fhad réasúnach iontu) i ndáil leis chuig an gcumann agus go n-iarrfaidh sé go gcuirfí na huiríll sin in iúl do chomhaltaí an chumainn, déanfaidh an cumann mar a leanas, faoi réir fho-alt (7) (mura bhfaighidh sé na huiríll ró-dhéanach chun déanamh amhlaidh)—
(a) déarfaidh sé, in aon fhógra i dtaobh an rúin bheartaithe a thabharfar do chomhaltaí an chumainn, go ndearnadh na huiríll, agus
(b) cuirfidh sé cóip de na huiríll chuig gach comhalta a mbeidh fógra faoin gcruinniú curtha nó le cur chuige,
agus mura ndéanfar cóip de na huiríll a chur mar a dúradh toisc go bhfuarthas ró-dhéanach iad nó mar gheall ar mhainneachtain ag an gcumann, féadfaidh an t-iniúchóir (gan dochar dá cheart éisteacht ó bhéal a fháil) a cheangal go léifear amach na huiríll uaidh ag an gcruinniú.
(7) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (6) más rud é, ar iarratas ón gcumann nó ó aon duine eile a éileoidh gurb éagóir leis é, gur deimhin leis an mBanc Ceannais go dtarlódh, dá ndéanfaí dá réir, go laghdófaí go mór muinín an phobail as an gcumann nó go bhfuil mí-úsáid, nó gur dóigh go mbeidh mí-úsáid, á baint as na cearta a thugtar leis chun poiblíocht gan gá a fháil d'ábhar clúmhillteach.
(8) Beidh iniúchóir cumainn a bheidh curtha as oifig i dteideal freastal—
(a) ar an gcruinniú ginearálta bliantúil den chumann ag a mbeadh, murach é a bheith curtha as oifig, deireadh lena théarma oifige mar iniúchóir an chumainn, agus
(b) ar an gcruinniú ginearálta den chumann ag a mbeartaítear an folúntas a líonadh atá ann de bharr é a bheith curtha as oifig, agus
gach fógra faoi aon chruinniú den sórt sin, agus na cumarsáidí eile go léir i ndáil leis, a fháil atá comhalta den chumann, atá i dteideal fógra faoin gcruinniú a fháil, i dteideal a fháil, agus éisteacht a fháil ag aon chruinniú den sórt sin ar aon chuid de ghnó an chruinnithe a bhaineann leis mar iar-iniúchóir an chumainn.
Iniúchóirí d'éirí as.
85.—(1) Féadfaidh iniúchóir cumainn foirgníochta, trí fhógra i scríbhinn a chomhlíonfaidh fo-alt (3) a sheirbheáil ar an gcumann á rá go mbeartaíonn sé sin a dhéanamh, éirí as oifig iniúchóra an chumainn, agus beidh éifeacht leis an éirí-as ar an dáta ar a seirbheáiltear an fógra amhlaidh nó ar cibé dáta is déanaí ná sin a bheidh sonraithe san fhógra.
(2) Déanfaidh an t-iniúchóir cóip d'fhógra faoi fho-alt (1) a chur chuig an mBanc Ceannais an tráth céanna a seirbheáiltear ar an gcumann é.
(3) Beidh ceann amháin acu seo a leanas i bhfógra faoi fho-alt (1)—
(a) ráiteas á rá nach bhfuil aon imthosca ann i ndáil leis an éirí-as lena mbaineann sé is dóigh leis an iniúchóir is cóir a chur ar a súile do chomhaltaí an chumainn nó do na taisceoirí leis nó dá chreidiúnaithe, nó
(b) ráiteas faoi aon imthosca den sórt sin.
(4) Faoi réir fho-alt (5), i gcás ina seirbheálfar fógra faoi fho-alt (1) ar chumann, déanfaidh an cumann, tráth nach déanaí ná 14 lá tar éis dháta na seirbheála sin, agus i gcás ráiteas dá dtagraítear i bhfo-alt (3) (b) a bheith san fhógra, cóip den fhógra a chur chuig gach duine atá i dteideal fógra faoi chruinniú ginearálta den chumann a fháil.
(5) Ní gá cóipeanna d'fhógra a seirbheáladh ar chumann faoi fho-alt (1) a chur chuig na daoine a shonraítear i bhfo-alt (4) más rud é, ar iarratas ón gcumann lena mbaineann nó ó aon duine eile a éilíonn gurb éagóir leis é, gur deimhin leis an mBanc Ceannais gur dóigh, dá gcuirfí an fógra, go laghdófaí go mór muinín an phobail as an gcumann nó go bhfuil mí-úsáid á baint as na cearta a thugtar leis an alt seo chun poiblíocht gan gá a fháil d'ábhar clúmhillteach.
Iniúchóir a bheidh ag éirí as d'iarraidh cruinniú ginearálta den chumann.
86.—(1) I bhfógra arna sheirbheáil ar chumann foirgníochta faoi alt 85 ag iniúchóir a bheidh ag éirí as, ar fógra é ina mbeidh ráiteas de réir fho-alt (3) (b) den alt sin, féadfar a iarraidh chomh maith go dtionólfaidh stiúrthóirí an chumainn cruinniú ginearálta den chumann chun go bhfaighfear agus go mbreithneofar cibé cuntas agus míniú ar na himthosca a bhain lena éirí as oifig mar iniúchóir an chumainn is mian leis an iniúchóir a thabhairt don chruinniú.
(2) I gcás ina ndéanfaidh iniúchóir iarraidh faoi fho-alt (1) déanfaidh stiúrthóirí an chumainn, laistigh de 14 lá tar éis an fógra sin a sheirbheáil ar an gcumann, cruinniú ginearálta den chumann a thionól go cuí le haghaidh lá nach mó ná 28 lá i ndiaidh na seirbheála sin.
(3) Faoi réir fho-alt (4), más rud é—
(a) go mbeidh ráiteas de réir fho-alt (3) (b) d'alt 85 i bhfógra arna sheirbheáil ar chumann faoin alt sin, agus
(b) go n-iarrfaidh an t-iniúchóir áirithe ar an gcumann ráiteas breise i scríbhinn, arna ullmhú ag an iniúchóir, i dtaobh na n-imthosca a bhain leis an éirí-as is dóigh leis an iniúchóir is cóir a chur ar a súile do chomhaltaí, a scaipeadh ar a chomhaltaí—
(i) roimh an gcruinniú ginearálta ag a mbeadh, ar leith ón bhfógra, deireadh lena théarma oifige, nó
(ii) roimh aon chruinniú ginearálta ag a mbeartaítear an folúntas a líonadh atá ann de bharr é d'éirí as nó a tionóladh de bhun iarrata faoi fho-alt (1),
déarfaidh an cumann, in aon fhógra faoin gcruinniú a thabharfar do chomhaltaí an chumainn, go ndearnadh an ráiteas agus cuirfidh sé cóip den ráiteas chuig gach duine atá i dteideal fógra faoi chruinniú ginearálta den chumann a fháil.
(4) Ní gá don chumann áirithe fo-alt (2) a chomhlíonadh más rud é, ar iarratas ón gcumann nó ó aon duine eile a éilíonn gurb éagóir leis é, gur deimhin leis an mBanc Ceannais gur dóigh, dá gcuirfí amach an ráiteas, go laghdófaí go mór muinín an phobail as an gcumann nó go bhfuil mí-úsáid á baint as na cearta a thugtar leis an alt seo chun poiblíocht gan gá a fháil d'ábhar clúmhillteach.
(5) Ceadóidh cumann d'aon iniúchóir ar an gcumann, a d'éirigh as oifig an iniúchóra, freastal ar aon chruinniú den chineál a luaitear i bhfo-alt (3) (b) agus cuirfidh an cumann chuige gach fógra faoi aon chruinniú den sórt sin, agus gach cumarsáid eile i ndáil leis, atá comhalta den chumann, atá i dteideal fógra faoin gcruinniú a fháil, i dteideal a fháil agus ceadófar dó éisteacht a fháil, ag aon chruinniú den sórt sin a bhfreastalóidh sé air, ar aon chuid de ghnó an chruinnithe a bhaineann leis mar íar-iniúchóir ar an gcumann.
Cáilíochtaí duine chun a cheaptha mar iniúchóir.
87.—(1) Ní bheidh duine cáilithe chun a cheaptha mar iniúchóir cumainn foirgníochta mura comhalta é de chomhlacht cuntasóirí a mbeidh comhaltas de aitheanta ag an Aire Tionscail agus Tráchtála, faoi Achtanna na gCuideachtaí, mar chomhaltas a cháilíonn duine chun bheith ina iniúchóir ar chuideachta, nó mura mbeidh sé thairis sin údaraithe de thuras na huaire ag an Aire sin faoi na hAchtanna sin chun a cheaptha mar iniúchóir ar chuideachta.
(2) Ní bheidh aon duine díobh seo a leanas cáilithe chun a cheaptha mar iniúchóir cumainn—
(a) oifigeach nó fostaí den chumann,
(b) duine is comhpháirtí de chuid oifigigh nó fostaí den chumann nó atá ar fostú aige nó a fhostaíonn é,
(c) comhlacht corpraithe,
(d) duine a bhí ina oifigeach nó ina fhostaí de chuid an chumainn laistigh de thréimhse a mbeadh cuntais ina leith le hiniúchadh aige dá gceapfaí é ina iniúchóir ar an gcumann,
(e) tuismitheoir, céile, deartháir, deirfiúr nó leanbh de chuid oifigigh don chumann, nó
(f) duine atá dícháilithe, faoi Achtanna na gCuideachtaí, chun a cheaptha mar iniúchóir ar fhochuideachta nó comhlacht comhlachaithe eile de chuid an chumainn.
(3) Ní ghníomhóidh duine mar iniúchóir cumainn tráth a mbeidh sé dícháilithe faoin Acht seo nó faoi Achtanna na gCuideachtaí chun a cheaptha chun na hoifige sin agus, má thagann iniúchóir cumainn chun bheith dícháilithe amhlaidh le linn a théarma oifige mar iniúchóir den sórt sin, scarfaidh sé air sin lena oifig agus tabharfaidh sé fógra i scríbhinn don chumann lena mbaineann agus don Bhanc Ceannais go bhfuil scartha aige lena oifig mar gheall ar an dícháilíocht sin.
Tuarascáil na n-iniúchóirí, a gceart chun fáil a bheith acu ar leabhair agus chun freastal ar chruinniú ginearálta.
88.—(1) Tabharfaidh iniúchóirí cumainn foirgníochta tuarascáil do na comhaltaí ar na cuntais a scrúdaigh siad, agus ar na cuntais bhliantúla agus ar thuarascáil na stiúrthóirí a leagfar faoi bhráid an chumainn ag an gcruinniú ginearálta bliantúil le linn a dtéarma oifige.
(2) Léifear tuarascáil na n-iniúchóirí ag cruinniú ginearálta bliantúil an chumainn agus beidh sí ar fáil lena scrúdú ag aon chomhalta den chumann.
(3) Déarfar i dtuarascáil na n-iniúchóirí—
(a) cibé acu an bhfuair siad an fhaisnéis agus na mínithe go léir ba ghá, fad ab eol dóibh agus mar a chreid siad chun críocha a n-iniúchta;
(b) cibé acu an é a dtuairim gur choimeád an cumann taifid chuntasaíochta chuí;
(c) cibé acu an é a dtuairim go bhfuarthas tuairisceáin chuí a bhí leordhóthanach chun críocha a n-iniúchta ó bhrainsí agus ó ghníomhairí den chumann nár thug siad cuairt orthu;
(d) cibé acu atá cuntais bhliantúla an chumainn i gcomhréir leis na taifid chuntasaíochta agus leis na tuairisceáin sin a dúradh;
(e) cibé acu an é a dtuairim go ndearnadh cuntais bhliantúla an chumainn a ullmhú go cuí chun ceanglais an Achta seo, nó ceanglais faoin Acht seo, a chomhlíonadh agus go dtugann siad léargas fíorcheart—
(i) i gcás an chláir chomhardaithe, ar staid ghnóthaí an chumainn amhail mar a bhí i ndeireadh a bhliana airgeadais;
(ii) i gcás an chuntais ioncaim agus caiteachais, ar ioncam agus caiteachas an chumainn in aghaidh a bhliana airgeadais; agus
(iii) i gcás an ráitis faoi fhoinse agus úsáid cistí, ar an modh inar maoiníodh an cumann agus inar úsáideadh acmhainní airgeadais i gcaitheamh a bhliana airgeadais; agus
(f) cibé acu an é dtuairim go bhfuil an fhaisnéis a thugtar i dtuarascáil na stiúrthóirí ag teacht leis na taifid chuntasaíochta agus leis na cuntais bhliantúla don bhliain.
(4) Beidh sé de dhualgas ar na hiniúchóirí, le linn a dtuarascáil faoin alt seo a bheith á hullmhú acu, cibé imscrúduithe a dhéanamh a chuirfidh ar a gcumas teacht ar thuairim i dtaobh—
(a) cé acu ar choimeád an cumann taifid chuntasaíochta chuí, agus
(b) cé acu ar chothabháil an cumann córais rialaithe sásúla dá ghnó agus dá thaifid, agus córais iniúchta agus tuairiscithe ar an gcéanna,
agus más é tuairim na n-iniúchóirí go bhfuil mainnithe ag an gcumann taifid chuntasaíochta chuí a choimeád nó córas rialaithe sásúil dá ghnó nó dá thaifid a chothabháil, déarfaidh siad an méid sin ina dtuarascáil.
(5) Beidh an ceart ag gach iniúchóir cumainn fáil a bheith aige gach tráth réasúnach ar leabhair, cuntais, taifid agus dearbháin an chumainn agus ar gach doiciméad eile a bhaineann lena ghnóthaí (lena n-áirítear gníomhais a bhaineann le maoin a bheidh morgáistithe chun an chumainn) agus beidh sé i dteideal a cheangal ar oifigigh agus ar fhostaithe an chumainn cibé faisnéis agus mínithe a thabhairt dó atá ar eolas nó ar fáil acu agus is dóigh leis is gá chun dualgais na n-iniúchóirí a chomhlíonadh.
(6) Beidh iniúchóirí cumainn i dteideal freastal ar aon chruinniú ginearálta den chumann, gach fógra faoi chruinniú den sórt sin, agus gach cumarsáid eile i ndáil leis, a fháil atá comhalta, atá i dteideal fógra faoin gcruinniú a fháil, i dteideal a fháil agus éisteacht a fháil, ag aon chruinniú a bhfreastalaíonn siad air, ar aon chuid de ghnó an chruinnithe a bhaineann leo mar iniúchóirí.
(7) Déanfar fo-alt (3) (e), ina fheidhm maidir le grúpchuntais chumainn, a léamh mar fho-alt a thagraíonn don chumann agus (a mhéid a bhaineann sé le comhaltaí an chumainn) do na fochuideachtaí a ndéileáiltear leo sna grúpchuntais.
(8) I gcás fochuideachta nó comhlacht comhlachaithe eile a bheith ag cumann, ansin—
(a) más comhlacht atá corpraithe sa Stát an fhochuideachta nó an comhlacht comhlachaithe, is é dualgas na fochuideachta nó an chomhlachta chomhlachaithe eile, agus a iniúchóirí, cibé faisnéis agus míniú agus cibé fáil ar dhoiciméid a thabhairt d'iniúchóirí an chumainn a theastóidh ó na hiniúchóirí sin le réasún chun críche a ndualgas mar iniúchóirí an chumainn; agus
(b) in aon chás eile, is é dualgas an chumainn, má cheanglaíonn a iniúchóirí air déanamh amhlaidh, gach beart a dhéanamh a bheidh ar fáil le réasún dó chun cibé faisnéis agus míníu agus cibé fáil a luaitear i mír (a) a fháil ón bhfochuideachta nó ón gcomhlacht comhlachaithe eile.
Dualgais iniúchóra.
89.—(1) Más rud é, tráth ar bith—
(a) go mbeidh cúis ag iniúchóir cumainn foirgníochta chun a chreidiúint go bhfuil imthosca ann ar dóigh dóibh difear ábhartha a dhéanamh do chumas an chumainn a oibleagáidí i leith scairshealbhóirí nó taisceoirí a chomhlíonadh nó freastal d'aon oibleagáid dá chuid faoin Acht seo,
(b) go mbeidh cúis ag iniúchóir cumainn foirgníochta chun a chreidiúint go bhfuil lochtanna ábhartha ar thaifid chuntasaíochta, ar chórais rialaithe gnó agus taifid nó ar na coráis iniúchta agus tuairiscithe don chéanna,
(c) go mbeidh cúis ag iniúchóir cumainn foirgníochta chun a chreidiúint go bhfuil míchruinnis ábhartha in aon tuairisceáin a thug an cumann don Bhanc Ceannais nó go bhfuil nithe ábhartha fágtha ar lár astu,
(d) go mbeartóidh iniúchóir cumainn foirgníochta agús a chur le haon tuarascáil atá le tabhairt aige faoin Acht seo, nó
(e) go mbeidh cúis ag iniúchóir cumainn foirgníochta chun a chreidiúint go bhfuil lochtanna ábhartha ar an gcóras atá ann chun a áirithiú go gcoimeádtar slán na doiciméid teidil go léir de chuid an chumainn agus na gníomhais a bhaineann le maoin atá morgáistithe chun an chumainn,
tuairisceoidh sé an méid sin i scríbhinn láithreach don Bhanc Ceannais.
(2) Déanfaidh iniúchóir cumainn, má iarrann an Banc Ceannais air é, tuarascáil a thabhairt don Bhanc á rá cé acu a rinne nó nach ndearna an cumann, ina thuairim agus de réir mar is fearr is eol dó, de réir cibé ceanglas faoin Acht seo ar iarr an Banc amhlaidh ar an iniúchóir tuarascáil a thabhairt dó maidir leo.
(3) Déanfaidh iniúchóir cumainn cóip d'aon tuarascáil a thug sé don Bhanc Ceannais faoi fho-alt (1) nó (2) a chur chuig an gcumann.
(4) (a) Aon uair is dóigh leis an mBanc Ceannais gur gá déanamh amhlaidh ar mhaithe le feidhmiú a fheidhmeanna faoin Acht seo nó chun leasanna scairshealbhóirí nó taisceoirí a chosaint, féadfaidh sé a cheangal ar iniúchóirí cumainn cibé faisnéis a shonróidh an Banc i ndáil leis an iniúchadh ar ghnó an chumainn a chur ar fáil dó.
(b) Féadfaidh an Banc Ceannais a cheangal ar an iniúchóir gníomhú go neamhspleách ar an gcumann agus é ag cur faisnéise ar fáil chun críche an fho-ailt seo.
(5) Ní mheasfar aon dualgas a mbeidh iniúchóir cumainn faoina réir a bheith sáraithe, ná ní bheidh aon dliteanas ar an iniúchóir i leith an chumainn, a scairshealbhóirí, a thaisceoirí, ná aon pháirtithe leasmhara eile, mar gheall ar é do chomhlíonadh aon oibleagáide a fhorchuirtear air leis an alt seo nó faoi.
Pionós i leith ráitis bhréagacha a dhéanamh le hiniúchóirí.
90.—(1) Aon oifigeach nó fostaí de chuid cumainn foirgníochta nó de chuid fochuideachta nó comhlachta chomhlachaithe eile a dhéanfaidh, go feasach nó go meargánta, ráiteas lena mbaineann an t-alt seo atá míthreorach, bréagach nó meabhlach i bponc ábhartha, beidh sé ciontach i gcion.
(2) Baineann an t-alt seo le haon ráiteas a dhéanfar le hiniúchóirí cumainn (de bhéal nó i scríbhinn) agus a thugann, nó a airbheartaíonn go dtugann sé, aon fhaisnéis nó míniú a cheanglaíonn siad faoin Acht seo, nó atá siad i dteideal a cheangal amhlaidh, mar iniúchóirí an chumainn.
(3) Aon oifigeach nó fostaí de chuid cumainn nó de chuid fochuideachta nó comhlachta chomhlachaithe eile a mhainneoidh aon fhaisnéis nó mínithe a cheanglóidh na hiniúchóirí, mar iniúchóirí an chumainn agus atá ar eolas nó ar fáil ag an oifigeach nó ag an bhfostaí, a thabhairt d'iniúchóirí an chumainn laistigh de 2 lá (gan Satharn, Domhnach ná lá saoire poiblí a áireamh) tar éis an ceanglas iomchuí a bheith déanta, beidh sé ciontach i gcion.
(4) In ionchúiseamh mar gheall ar chion faoin alt seo, is cosaint é don chosantóir a shuiomh nach bhféadfadh sé, le réasún, déanamh de réir na gceanglas faoi fho-alt (3) lena mbaineann an cion laistigh den tréimhse ama atá sonraithe san fho-alt sin ach go ndearna sé dá réir a luaithe ab fhéidir, le réasún, tar éis an tréimhse sin a bheith caite.
(5) San alt seo, folaíonn “oifigeach”, i ndáil le fochuideachta nó le comhlacht comhlachaithe eile de chuid cumainn, iniúchóir.
CUID VIII
Díospóidí agus Gearáin
Díospóidí a réiteach.
91.—(1) Ach amháin mar a cheanglaítear a mhalairt leis an Acht seo nó faoi, baineann an t-alt seo—
(a) le haon díospóid idir cumann foirgníochta agus comhalta den chumann ina cháil mar chomhalta, nó ionadaí do chomhalta den sórt sin sa cháil sin, maidir le haon ábhar, cearta nó oibleagáidí arb iad rialacha an chumainn nó aon fhoráil den Acht seo nó ionstraim reachtúil faoi is bun leis nó leo, seachas forléiriú nó éifeacht gníomhais morgáiste nó aon chonartha eile is cuid de dhoiciméad, nó atá bunaithe ar dhoiciméad, seachas rialacha an chumainn, agus
(b) le haon díospóid nó aon chineál díospóide eile a dtugann rialacha an chumainn feidhm dó go sainráite ina leith,
agus, dá réir sin, san alt seo ciallaíonn “díospóid” díospóid lena mbaineann an t-alt seo.
(2) I gcás ina bhforáiltear amhlaidh i rialacha cumainn, féadfaidh an Chúirt Chuarda díospóid faoin alt seo a éisteacht agus a chinneadh agus is cinneadh críochnaitheach cinneadh díospóide ag an gCúirt Chuarda agus beidh sé ina cheangal ar na páirtithe agus ar aon duine a bheidh ag éileamh fúthu, ach féadfaidh an Chúirt Chuarda, ar iarratas ó pháirtí sa díospóid, cás a shonrú don Ard-Chúirt ar phointe dlí.
(3) I gcás ina bhforáiltear i rialacha cumainn gur trí eadráin a chinnfear díospóid, beidh feidhm, faoi réir aon mhodhnuithe is gá, ag na hAchtanna Eadrána, 1954 agus 1980, maidir leis an díospóid sin, agus—
(a) measfar, chun críocha an fho-ailt seo, gur comhaontú eadrána, de réir bhrí na nAchtanna Eadrána, 1954 agus 1980, na rialacha;
(b) ainmneofar agus roghnófar eadránaithe de réir na rialacha nó, mura mbeidh aon fhoráil den sórt sin iontu, ainmneoidh an bord stiúrthóirí eadránaí amháin agus ainmneoidh an comhalta eadránaí eile;
(c) ní bheidh leas tairbhiúil, díreach nó neamhdhíreach, ag eadránaí i gcistí an chumainn; agus
(d) cothabhálfaidh an cumann painéal eadránaithe agus déanfar ainmneacha na n-eadránaithe a bheidh ceaptha chun an phainéil ag an gcumann a thaifeadadh go cuí i gclár a choinneoidh an cumann chun na críche sin ina phríomhoifig agus coimeádfar cóip den chlár ar fáil do chomhaltaí agus don Bhanc Ceannnais lena scrúdú ag tráthanna réasúnacha.
(4) I gcás ina bhforáiltear i rialacha cumainn gurb é an Banc Ceannais a chinnfidh díospóid, beidh feidhm, faoi réir aon mhodhnuithe is gá, ag an hAchtanna Eadrána, 1954 agus 1980, maidir leis an díospóid sin agus—
(a) measfar, chun críocha an fho-ailt seo, gur comhaontú eadrána, de réir bhrí na nAchtanna Eadrána, 1954 agus 1980, na rialacha;
(b) measfar gur eadránaí aonair an Banc Ceannais chun críocha na nAchtanna sin agus ní bheidh feidhm ag aon fhoráil sna hAchtanna sin i dtaobh eadránaithe nó moltóirí breise a cheapadh.
(5) Féadfaidh an tAire le rialacháin, arna ndéanamh tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais, a fhoráil go gcineachfaidh feidhmeanna an Bhainc faoi fho-alt (4)—
(a) chuig breithneoir a cheapfar faoi scéim a bheidh bunaithe de bhun rialachán faoi alt 92, nó
(b) mura mbeidh aon scéim den sórt sin ann, chuig breithneoir a cheapfar ar shlí eile faoi scéim neamhreachtúil chun breithniú a dhéanamh ar ghearáin i gcoinne cumann foirgníochta nó i gcoinne a bhfochuideachtaí nó a gcomhlachtaí comhlachaithe eile,
agus, fad a bheidh na rialacháin sin i bhfeidhm, déanfar tagairtí don Bhanc Ceannais i bhfo-alt (4), agus sna forálacha iomchuí de rialacha cumainn, a léamh mar thagairtí don bhreithneoir sin a dúradh.
(6) Ní choiscfidh aon ní san alt seo ar chumann, ar aon chomhalta de chumann ná ar aon duine a bheidh ag éileamh trí chomhalta nó faoi chomhalta, aon leigheas a fháil i ngnáthchúrsa an dlí a bhfuil an cumann, an comhalta nó an duine ina theideal de réir dlí maidir le haon mhorgáiste nó aon chonradh eile seachas rialacha cumainn.
(7) Déanfar aon tagairt i rialacha cumainn do dhíospóid a fhorléiriú, ach amháin a mhéid a fhoráiltear a mhalairt go sainráite iontu, mar thagairt do dhíospóid lena mbaineann an t-alt seo agus do dhíospóid den sórt sin amháin.
Gearáin a imscrúdú.
92.—(1) Féadfaidh an tAire, le rialacháin arna ndéanamh tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais, a cheangal ar chumann foirgníochta scéim nó scéimeanna a bhunú, nó uamadh chun í nó iad a bhunú, chun imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin i gcoinne an chumainn nó i gcoinne aon fhochuideachta nó comhlachta chomhlachaithe eile dá chuid i ndáil le hábhar gearáin forordaithe.
(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfar, i rialacháin faoin alt seo, foráil a dhéanamh maidir le haon ní amháin nó níos mó díobh seo a leanas—
(a) scéim a bhunú agus a riaradh,
(b) an modh ina gceapfar breithneoir neamhspleách chun imscrúduithe a sheoladh,
(c) na nithe a bheidh faoi réir a n-imscrúdaithe faoin scéim,
(d) na forais nach mór gearán a bheith bunaithe orthu,
(e) cumhachtaí an bhreithneora agus an nós imeachta a bheidh le leanúint agus imscrúduithe á seoladh aige,
(f) na himthosca ina mbeidh agus a mhéid a bheidh cinntí ina gcinntí ceangailteacha,
(g) na nósanna imeachta chun gearáin a dhéanamh,
(h) tátail an bhreithneora a fhoilsiú,
(i) ceadú na scéime ag an mBanc Ceannais.
(3) Ní dhéanfaidh tarchur gearáin faoi scéim arna bunú faoin alt seo difear do chearta comhalta díospóid lena mbaineann alt 91 a chur á cinneadh de réir mar a fhoráiltear i rialacha an chumainn, ach maidir le haon díospóid den sórt sin a bhaineann le ní a thagann faoi réir scéime den sórt sin féadfar, má chomhaontaíonn an gearánaí agus an cumann, í a chinneadh faoi scéim den sórt sin in ionad í a chinneadh amhlaidh, agus beidh an cinneadh sin ina cheangal ar an dá pháirtí.
CUID IX
Cosaint Coigiltis
Taisce sa Bhanc Ceannais.
93.—(1) Ní fheidhmeoidh cumann foirgníochta aon fheidhm lena mbaineann údarú faoi alt 17 mura mbeidh méid a chinnfear de réir an ailt seo ar taisce aige leis an mBanc Ceannais.
(2) Is é méid taisce ag cumann faoin alt seo suim is ionann agus 0.2 faoin gcéad, nó cibé cionmhaireacht eile a bheidh forordaithe i rialacháin arna ndéanamh faoi alt 94, de dhliteanais iomlána an chumainn—
(a) i leith scaireanna agus taiscí (lena n-áirítear taiscí i gcuntais reatha más ann dóibh, ach, faoi réir mhír (b), gan scaireanna agus taiscí a shonraítear i bhfo-alt (4), agus taiscí arb ionannas dóibh deimhnithe inaistrithe ar thaiscí, a áireamh) darb ainmluach puint na hÉireann, agus
(b) i leith cibé scaireanna agus taiscí eile a bheidh forordaithe i rialacháin arna ndéanamh faoi alt 94,
a bheidh eisithe nó á sealbhú ag cumann ina oifigí sa Stát ach ní bheidh sé níos lú ná £20,000.
(3) Déanfaidh an Banc Ceannais méid na taisce a ríomh a luaithe is féidir tar éis thosach feidhme an ailt seo nó an tráth a dheonófar údarú, de réir mar is iomchuí, agus déanfar é a athríomh i leith gach cumainn gach 12 mhí (nó chomh gar dó sin agus is féidir le réasún) dá éis sin faoi threoir cibé tuairisceáin a thabharfaidh an cumann ar iarraidh ón mBanc.
(4) D'fhonn a thaisce faoin alt seo a ríomh, ní chuirfear i gcuntas scaireanna i gcumann nó taiscí le cumann ó aon cheann acu seo a leanas, is é sin le rá—
(a) cumann eile,
(b) banc,
(c) banc taisce iontaobhais a bheidh deimhnithe faoi na hAchtanna um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1863 go 1979,
(d) Corparáid an Chairde Talmhaíochta cuideachta phoiblí theoranta,
(e) an chuideachta a bheidh foirmithe agus cláraithe de bhua alt 2 den Acht Cáirde Tionnscail, 1933,
(f) aon duine, nach banc é, atá bunaithe lasmuigh den Stát agus atá, i dtuairim an Bhainc Ceannais, údaraithe go cuí lasmuigh den Stát chun gnó baincéireachta a sheoladh,
(g) cibé daoine eile a bheidh forordaithe i rialacháin arna ndéanamh faoi alt 94.
(5) Déanfar méid taisce faoin alt seo a mhéadú, más gá, go dtí an méid iomchuí arna ríomh faoi fho-alt (3) tráth nach déanaí ná 7 lá, nó cibé tréimhse is faide ná sin ar a gcomhaontóidh an Banc Ceannais i scríbhinn, tar éis an dáta a gheobhaidh an cumann fógra ón mBanc faoin méid is gá chun an méadú a dhéanamh.
(6) Féadfaidh an Banc Ceannais méid taisce faoin alt seo a shocrú ag an slánuimhir is gaire is méadú ar chéad punt agus trína shlánú suas go dtí an uimhir sin i gcás an méid a ríomhfar faoi fho-alt (3) a bheith inroinnte ar £50.
(7) Béarfaidh taisce faoin alt seo ús de réir cibé ráta nó rátaí, agus beidh sé iníoctha ar cibé dóigh agus cibé tráthanna, a chinnfidh an Banc Ceannais ó am go ham.
(8) Beidh aon mhuirear a airbheartaítear a bheith bunaithe ar thaisce faoin alt seo ar shlí seachas ag an mBanc Ceannais, ar neamhní.
(9) Ní bheidh taisce faoin alt seo faoi réir forfheidhmiú d'aon chineál do shásamh aon éilimh, nó do shásamh aon bhreithiúnais, ordaithe nó foraithne de chuid aon chúirte sa Stát i bhfabhar aon chreidiúnaí, ar shlí seachas faoi réim agus de réir fhorálacha an Achta seo nó rialachán arna ndéanamh faoi.
Cistí scairshealbhóirí agus taisceoirí a chosaint.
94.—(1) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais agus leis an mBanc Ceannais, a shocrú le rialacháin go mbeidh feidhm, faoi réir cibé modhnuithe is dóigh leis is gá, maidir le scairshealúchais i gcumainn fhoirgníochta agus le taiscí leo, ag forálacha aon achtacháin a thugann cosaint go feadh méid ar bith do thaiscí le bainc (“an scéim cosanta coigiltis”).
(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfar, le rialacháin faoin bhfo-alt sin—
(a) a shocrú go ndéanfar taiscí a bheidh á gcoimeád ag cumainn fhoirgníochta leis an mBanc Ceannais de bhua alt 93 a aistriú chuig aon chuntas a choimeádann an Banc chun críocha na scéime cosanta coigiltis,
(b) a shocrú, más gá, go ndéileálfar le scairshealúchais i gcumann mar thaiscí leis an gcumann chun críocha na scéime,
(c) a shocrú go ndéanfar aicme shonraithe de scairshealbhóirí i gcumann, agus de thaisceoirí le cumann, a eisiamh ó chosaint a fháil faoin scéim,
(d) aon aicme scairshealúchas i gcumann agus taiscí le cumann a fhéadfaidh sochar a fháil faoin scéim, a shonrú,
(e) cearta agus dualgais leachtaitheora i bhfoirceannadh cumainn a athrú, de réir mar is gá,
(f) a cheangal go ndéanfar, i gcás ina mbaineann dliteanas cumainn i leith duine le scaireanna agus taiscí araon, méid aon íocaíochta faoin scéim a chur chun feidhme i dtosach báire chun dliteanas an chumainn ó thaobh na scaireanna de a laghdú,
(g) a shocrú go ndéanfar íocaíochtaí eile in imthosca forordaithe a mhuirearú ar an gcuntas dá dtagraítear i mír (a),
(h) a shocrú go ndéanfar na hachtacháin iomchuí dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a leasú, de réir mar is gá,
(i) scaireanna agus taiscí a fhorordú chun críocha alt 93 (2) (b) agus (4) (g).
CUID X
Cónascthaí agus Aistrithe Gealltanas
Cónascadh cumann.
95.—(1) Faoi réir alt 97 a bheith comhlíonta, féadfaidh aon 2 chumann foirgníochta nó níos mó cónascadh trí chumann foirgníochta a fhoirmiú mar chomharba orthu.
(2) D'fhonn cumann a fhoirmiú mar chomharba orthu ní mór do na cumainn chónascacháin—
(a) comhaontú ar chuspóirí a gcomharba, agus ar mhéid a chu mhachtaí, i meabhrán a chomhlíonfaidh na ceanglais atá, de thuras na huaire, i gCuid I den Dara Sceideal,
(b) comhaontú ar na rialacha chun a gcomharba a rialáil, is rialacha a chomhlíonfaidh ceanglais Chuid II den Dara Sceideal agus aon rialacháin a bheidh déanta de thuras na huaire faoi alt 11 (2),
(c) téarmaí an chónasctha a cheadú, ar leithligh, trí rún speisialta ina gceadófar freisin meabhrán agus rialacha a gcomharba, agus
(d) iarratas a dhéanamh i gcomhpháirt chuig an mBanc Ceannais, faoi alt 98, go ndaingneofaí an cónascadh agus 3 chóip de mheabhrán agus rialacha a gcomharba, a mbeidh gach cóip acu sínithe ag rúnaí gach cumann acu, a chur chuig an mBanc.
(3) Má dhaingníonn an Banc Ceannais an cónascadh faoi alt 98, déanfaidh sé, má tá sé sásta faoi na nithe nach mór dó bheith sásta fúthu sula gcláraíonn sé meabhrán agus rialacha cumainn, meabhrán agus rialacha an chumainn comharbais a chlárú agus deimhniú corpraithe a eisiúint chuige agus dáta (“an dáta sonraithe”) a shonrú ar amhail uaidh a mbeidh éifeacht leis an gcorprú.
(4) Ar an dáta sonraithe beidh, de bhua an fho-ailt seo, maoin, cearta agus dliteanais uile gach ceann de na cumainn ar dhaingnigh an Banc Ceannais a gcónascadh arna aistriú chuig an gcumann, agus arna dhílsiú don chumann, a bheidh corpraithe amhlaidh mar chomharba orthu.
(5) Ar an dáta sonraithe, beidh gach ceann de na cumainn a mbeidh an comharba i gcomharbas orthu arna dhíscaoileadh de bhua an fho-ailt seo; ach measfar an t-aistriú a dhéantar le fo-alt (4) a bheith déanta díreach roimh an díscaoileadh.
(6) Más rud é, ar an dáta sonraithe, gur cumainn údaraithe na cumainn go léir ar dhaingnigh an Banc Ceannais a gcónascadh, measfar gur cumann údaraithe a gcomharba, chun críocha an Achta seo, amhail ón dáta sin.
(7) Taifeadfaidh an Banc Ceannais i gcomhad poiblí an chomharba go meastar, de bhua fho-alt (6), gur cumann údaraithe an cumann chun críocha an Achta seo.
Aistriú gealltanas.
96.—(1) Faoi réir alt 97 a bheith comhlíonta, féadfaidh cumann foirgníochta a ghealltanais a aistriú, go feadh méid ar bith, chuig cumann eile a gheallfaidh, de réir an ailt seo, na gealltanais a chomhall.
(2) Ní mór do chumann, d'fhonn—
(a) a ghealltanais a aistriú go feadh méid ar bith, nó
(b) a ghealladh gealltanais chumainn eile a chomhall,
a shocrú sin a dhéanamh trí rún speisialta nó, má thoilíonn an Banc Ceannais leis i gceachtar cás in imthosca inar dóigh leis gur fóirsteanach é, trí rún ón mbord stiúrthóirí.
(3) Déanfar méid an aistrithe, mar a socraíodh amhlaidh é idir an cumann a bheidh ag déanamh an aistrithe agus an cumann a bheidh á ghlacadh, a thaifeadadh in ionstraim aistrithe gealltanas.
(4) Ní bheidh éifeacht le haistriú gealltanas idir cumainn—
(a) mura ndaingneoidh an Banc Ceannais an t-aistriú faoi alt 98, agus
(b) mura n-eiseofar deimhniú clárúcháin maidir leis an aistriú faoi fho-alt (5).
(5) I gcás ina ndaingneoidh an Banc Ceannais aistriú gealltanas idir cumainn, déanfaidh sé—
(a) cóip den ionstraim aistrithe gealltanas a chlárú, agus
(b) deimhniú clárúcháin a eisiúint chuig an gcumann a bheidh ag glacadh an aistrithe,
agus, ar cibé dáta a bheidh sonraithe sa deimhniú agus a mhéid a fhorálfar san ionstraim aistrithe gealltanas, beidh, de bhua an fho-ailt seo, maoin, cearta agus dliteanais an chumainn a mbeidh a ngealltanais á n-aistriú aige arna n-aistriú chuig an gcumann, agus arna ndílsiú don chumann, a mbeidh an t-aistriú á ghlacadh aige.
(6) Coimeádfaidh an Banc Ceannais cóip den ionstraim agus den deimhniú clárúcháin a eiseofar faoi fho-alt (5) i gcomhaid phoiblí na gcumann lena mbaineann.
(7) I gcás a ghealltanais uile a bheith aistrithe, beidh cumann arna dhíscaoileadh, de bhua an fho-ailt seo, ar an dáta a bheidh sonraithe sa deimhniú clárúcháin; ach measfar an t-aistriú a dhéantar le fo-alt (5) a bheith déanta díreach roimh an díscaoileadh.
Ráiteas do chomhaltaí i ndáil le cónascadh nó aistriú gealltanas beartaithe.
97.—(1) Aon chumann foirgníochta a bheartóidh cónascadh le cumann amháin eile nó níos mó, a ghealltanais a aistriú chuig cumann eile nó a ghealladh gealltanais chumainn eile a chomhall, cuirfidh sé faoi deara, mura mbeidh an Banc Ceannais, i gcás cumann a bheidh ag aistriú gealltanas nó ag gealladh gealltanais a chomhall, tar éis toiliú faoi alt 96 lena ghníomhú trí rún ón mbord stiúrthóirí, go gcuirfear chuig gach comhalta atá i dteideal fógra faoi chruinniú a fháil, ráiteas, i cibé foirm a ordóidh an Banc Ceannais, ina dtaispeánfar—
(a) staid airgeadais gach cumainn lena mbaineann,
(b) leas stiúrthóirí gach cumainn lena mbaineann,
(c) aon chúiteamh nó comaoin a bheartaítear a íoc le stiúrthóirí nó oifigigh eile gach cumainn lena mbaineann, nó a bheartaítear a thabhairt dóibh,
(d) sonraí i dtaobh aon íocaíochtaí a bheartaítear a thabhairt do chomhaltaí gach cumainn lena mbaineann i gcomaoin an chónasctha nó an aistrithe bheartaithe,
(e) aon athruithe atá le déanamh, i ndáil leis an gcónascadh nó leis an aistriú, ar na téarmaí a rialaíonn iasachtaí atá le haisíoc,
(f) sonraí na gcomhshocraíochtaí a bheartaítear a dhéanamh i ndáil le fostaithe gach cumainn, agus
(g) aon ní eile a cheanglóidh an Banc i gcás cónascadh nó aistriú áirithe.
(2) Aon ráiteas a bheidh le cur chuig gach comhalta de chumann faoi fho-alt (1) cuirfear é ar shlí go bhfaighidh gach comhalta atá i dteideal fógra faoi chruinniú den chumann a fháil an ráiteas sin tráth nach déanaí ná an dáta a bhfaighidh sé fógra faoi aon rún i bhfabhar an togra atá le tairgeadh ag cruinniú den chumann nó faoi aon phostbhallóid atá le déanamh ar an togra.
(3) Ní chuirfear ráiteas faoin alt seo chuig comhaltaí mura mbeidh an t-ábhar atá ann ceadaithe ag an mBanc Ceannais.
Cónascadh nó aistriú a dhaingniú.
98.—(1) Is i cibé modh a shonróidh an Banc a dhéanfar iarratas go ndaingneoidh an Banc Ceannais cónascadh cumann foirgníochta nó aistriú gealltanas.
(2) Aon chumann a dhéanfaidh iarratas, nó a uamfaidh chun iarratas a dhéanamh, go ndaingneofaí cónascadh nó aistriú cuirfidh sé faoi deara, laistigh de 7 lá tar éis dháta an iarratais, go bhfoilseofar i 2 nuachtán laethúla ar a laghad a fhoilsítear sa Stát agus a léitear sna limistéir ina bhfuil príomhoifigí na gcumann atá i gceist sa togra, fógra ina dtabharfar sonraí i dtaobh an iarratais agus ina gcuirfear in iúl go bhféadfar agóidí nó uiríll i ndáil leis a dhéanamh i scríbhinn chuig an mBanc Ceannais laistigh de cibé tréimhse (nach giorra ná 21 lá tar éis dáta foilsithe an fhógra) a bheidh sonraithe san fhógra.
(3) Is i cibé foirm a shonróidh an Banc Ceannais a bheidh fógra faoi fho-alt (2) agus cuirfear in iúl ann gur féidir cóip den ráiteas a ullmhaíodh faoi alt 97 a fháil, ach é a éileamh, i bpríomhoifig an chumainn le linn gnáthuaireanta oifige an chumainn.
(4) Féadfar agóidí agus uiríll i ndáil le hiarratas faoi fho-alt (1) a dhéanamh chuig an mBanc Ceannais laistigh den tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra iomchuí a foilsíodh faoi fho-alt (2).
(5) Tabharfaidh an Banc Ceannais deis don chumann nó do na cumainn, a bheidh ag iarraidh go ndaingneofaí cónascadh nó aistriú, a thuairimí nó a dtuairimí i dtaobh na n-uiríoll a bheidh déanta a thabhairt sula mbeidh deireadh le cibé tréimhse a shonróidh an Banc i bhfógra don chumann.
(6) Déanfaidh an Banc Ceannais, tar éis dó aon iarratas, agóid, uiríoll agus tuairim faoin alt seo a bhreithniú,—
(a) an cónascadh nó an t-aistriú a dhaingniú; nó
(b) i gcás inar deimhin leis—
(i) go mbeadh sé contrártha do leas an phobail, nó d'fheidhmeanna an Bhainc ó thaobh cumann de, an daingniú a dhéanamh,
(ii) i gcás cónascadh nó i gcás aistriú ab ábhar do rún speisialta, nach ndearnadh faisnéis éigin a d'fhéadfadh difear a dhéanamh do chinneadh na gcomhaltaí ar an gcónascadh nó ar an aistriú a chur ar fáil do na comhaltaí uile a bhí i dteideal vótáil, nó
(iii) nach ndearnadh ceanglas iomchuí éigin den Acht seo nó de rialacha aon cheann de na cumainn atá páirteach sa chónascadh nó san aistriú a chomhall, nó nach ndearnadh é a chomhall ó thaobh an chumainn sin de,
diúltú, faoi réir fho-alt (7), an cónascadh nó an t-aistriú a dhaingniú.
(7) Ní choiscfear ar an mBanc Ceannais cónascadh nó aistriú a dhaingniú de bhua amháin nár comhalladh ceanglas iomchuí éigin den Acht seo nó de rialacha cumainn más dealraitheach don Bhanc nach bhféadfadh sé difear a bheith déanta aige do chinneadh na gcomhaltaí ar an gcónascadh nó ar an aistriú agus más deimhin leis an mBanc gur féidir neamhaird a thabhairt ar an mainneachtain chun críocha an ailt seo.
(8) Ní chuirfidh mainneachtain déanamh de réir ceanglais de chuid na Coda seo nó de chuid rialacha cumainn cónascadh nó aistriú ó bhail ach beidh aon chumann agus aon duine a mhainneoidh déanamh de réir aon cheanglais de chuid na Coda seo ciontach i gcion.
Cúiteamh i gcailliúint oifige agus bónais do chomhaltaí.
99.—(1) I gcás ina mbeidh, i dtéarmaí cónasctha cumann foirgníochta nó i dtéarmaí an aistrithe ghealltanas eatarthu, aon fhoráil—
(a) go n-íocfaidh an cumann cúiteamh le haon stiúrthóir nó oifigeach eile de chuid an chumainn sin nó aon chumainn eile, nó ina leith, i gcailliúint oifige nó i laghdú díolaíochtaí is inchurtha síos don chónascadh nó don aistriú, nó
(b) go ndéanfar cuid de chistí cumainn rannpháirtigh amháin nó níos mó a dháileadh, i gcomaoin an chónasctha nó an aistrithe, i measc aon chomhaltaí de chuid na gcumann rannpháirteach,
ní mór an fhoráil sin a cheadú tríd an rún speisialta ina dtugtar ceadú an chumainn do théarmaí an chónasctha nó an aistrithe, mura dtagann an cás faoi réim fho-alt (2).
(2) I gcás ina mbeidh, i dtéarmaí aistrithe gealltanas idir cumainn, forálacha chun cúiteamh a íoc mar gheall ar chailliúint oifige nó i dtaobh dáileadh cistí mar a luaitear i bhfo-alt (1) agus go n-iarrfaidh cumann lena mbaineann ar an mBanc Ceannais, faoi alt 96 (2), toiliú leis an gcumann do cheadú an aistrithe ghealltanas nó an ghealladh gealltanais a chomhall trí rún ón mbord stiúrthóirí seachas trí rún speisialta ón gcumann, ní thabharfaidh an Banc a thoiliú mura deimhin leis go bhfuil, sna himthosca go léir, bunús leis an gcúiteamh nó an dáileadh a bheartaíonn gach cumann a thabhairt nó a dhéanamh agus go bhfuil sé réasúnach é a thabhairt nó a dhéanamh.
(3) San alt seo—
folaíonn “cúiteamh” sochair chomhchineáil a chur ar fáil;
folaíonn “dáileadh cistí”, agus tagairt á déanamh do chomhaltaí, dáileadh trí bhíthin ráta speisialta úis a bheith ar fáil do chomhaltaí ar feadh tréimhse teoranta;
folaíonn “cailliúint oifige”, i ndáil le hoifigeach cumainn atá i seilbh oifige i bhfochuideachta nó i gcomhlacht comhlachaithe eile de chuid an chumainn sin de bhua a stádais sa chumann sin, cailliúint na hoifige sin.
CUID XI
Comhshó go Cuideachta Phoiblí Theoranta
Léiriú ar an gCuid seo.
100.—Sa Chuid seo—
tá le “comhalta iasachtach” an bhrí a shanntar dó le halt 71;
ciallaíonn “cuideachta” cuideachta phoiblí faoi theorainn scaireanna de réir bhrí Achtanna na gCuideachtaí;
ciallaíonn “dáta comhshó” an dáta a dtiocfaidh an cumann chun bheith comhshóite agus a gclárófar mar chuideachta é;
ciallaíonn “scéim chomhshó” scéim, arna tarraingt suas ag bord stiúrthóirí cumainn, chun an cumann a chomhshó ina chuideachta;
ciallaíonn “cuideachta chomharbais” an chuideachta a gcomhshónn an cumann é féin inti.
Cumann a chomhshó ina chuideachta phoiblí theoranta.
101.—(1) Féadfaidh cumann foirgníochta, faoi réir na Coda seo, é féin a chomhshó ina chuideachta.
(2) D'fhonn é féin a chomhshó ina chuideachta ní mór do chumann—
(a) scéim chomhshó a cheadú trí rún comhshó de bhun alt 71,
(b) daingniú an Bhainc Ceannais a fháil don scéim chomhshó faoi alt 104, agus
(c) féachaint chuige go gclárófar an cumann mar chuideachta faoi Achtanna na gCuideachtaí de réir fhorálacha na Coda seo agus aon rialachán arna ndéanamh fúithi.
(3) Maidir le scéim chomhshó chun críocha fho-alt (2)—
(a) luafar inti ainm na cuideachta beartaithe,
(b) luafar inti, i ndáil leis an gcuideachta bheartaithe, méid an scairchaipitil údaraithe bheartaithe agus an méid den chaipiteal sin a bheartaítear a eisiúint tráth an chomhshó,
(c) beidh ag gabháil léi meabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais na cuideachta beartaithe agus iad i gcomhréir le ceanglais Achtanna na gCuideachtaí,
(d) sonrófar inti ainmneacha na ndaoine a bheartaítear a bheith mar chéad-stiúrthóirí agus mar chéad-iniúchóirí ar an gcuideachta bheartaithe,
(e) sonrófar inti na daoine nó na haicmí daoine a bheidh ina gcomhaltaí den chuideachta bheartaithe,
(f) sonrófar inti, i gcás daoine nó aicmí daoine atá ina gcomhaltaí den chumann agus a bheidh ina gcomhaltaí den chuideachta bheartaithe, faoi threoir scairshealúchas na ndaoine sin nó na n-aicmí sin daoine sa chumann—
(i) cén teideal a bheidh acu chuig scaireanna sa chuideachta bheartaithe, agus
(ii) cé na cearta (más ann) atá acu chun suibscríobh le haghaidh scaireanna sa chuideachta bheartaithe,
agus, i gceachtar cás, cad iad na cearta a ghabhann leis na scaireanna,
(g) sonrófar inti, i gcás daoine nó aicmí daoine (más ann) atá ina gcomhaltaí den chumann agus nach mbeidh ina gcomhaltaí den chuideachta bheartaithe, cearta agus dliteanais na ndaoine sin nó na n-aicmí sin daoine,
(h) sonrófar inti na hathruithe a bheartaítear a dhéanamh ar infheistíochtaí an chumainn (más ann) i bhfochuideachtaí agus i gcomhlachtaí comhlachaithe eile de dhroim an chomhshó,
(i) sonrófar inti, i gcás daoine nó aicmí daoine atá ina gcomhaltaí den chumann ar an dáta comhshó, cearta na ndaoine sin nó na n-aicmí sin daoine chun dáileadh ar a sócmhainní a fháil i gcás go ndéanfar an chuideachta chomharbais a fhoirceannadh laistigh de 5 bliana ón dáta comhshó, agus mura bhfuil aon chearta den sórt sin le bheith ann, luafar an méid sin sa scéim,
(j) sonrófar inti na téarmaí ar a ndéanfaidh an chuideachta chomharbais scairshealúchais chomhaltaí an chumainn a shealbhú mar thaiscí,
(k) sonrófar inti téarmaí aon dáileadh a bheartaítear a dhéanamh ar chistí an chumainn i ndáil leis an scéim chomhshó, agus
(l) déanfar socrú inti le haghaidh cibé nithe eile agus nithe gaolmhara a shonróidh an Banc Ceannais.
(4) Aon chumann a bheartóidh comhshó a dhéanamh go cuideachta déanfaidh sé, 6 mhí ar a laghad roimh an dáta ar a bhfuil sé i gceist an rún comhshó a thairiscint ag cruinniú ginearálta den chumann nó vótáil air i bpostbhallóid, scéala a chur chuig an mBanc Ceannais á rá leis go bhfuil sé i gceist é sin a dhéanamh agus rachaidh sé i gcomhairle leis an mBanc i ndáil leis na nithe dá bhforálfar sa scéim chomhshó.
(5) Ní chuirfear scéim chomhshó faoin alt seo chuig comhaltaí an chumainn mura mbeidh an scéim ceadaithe ag an mBanc Ceannais mar scéim a chomhlíonann ceanglais na Coda seo nó ceanglais fúithi.
(6) Déarfar i dtéarmaí scéime comhshó, maidir le haon chearta a thugtar do chomhaltaí an chumainn agus a thugann teideal dóibh chun scaireanna sa chuideachta chomharbais a bheith acu, chun scaireanna sa chuideachta chomharbais a fháil i dtosaíocht ar shuibscríobhaithe eile nó chun aon dáileadh ar chistí an chumainn a fháil, nach mbaineann na cearta sin, i gcás na ndaoine sin a tháinig chun bheith ina gcomhaltaí den chumann tar éis 21 Nollaig, 1988, ach amháin leis na comhaltaí a raibh scaireanna sa chumann á sealbhú acu i gcaitheamh na tréimhse 2 bhliain ar fad dar chríoch an lá a dtugtar fógra do chomhaltaí i dtaobh an rúin comhshó.
Forálacha cosantacha.
102.—(1) Ní dhéanfaidh cuideachta chomharbais, go ceann tréimhse 5 bliana tar éis an dáta comhshó—
(a) aon scaireanna sa chuideachta nó aon bhintiúir dá cuid a thairiscint don phobal nó iad a leithroinnt, nó comhaontú lena leithroinnt, d'fhonn iad a thairiscint lena ndíol don phobal,
(b) aon scair sa chuideachta nó aon bhintiúr dá cuid a leithroinnt, nó comhaontú lena leithroinnt, nó
(c) aon aistriú ar scaireanna sa chuideachta nó ar bhintiúir dá cuid a chlárú,
dá mbeadh d'éifeacht—
(i) leis an tairiscint, leis an leithroinnt nó le clárú an aistrithe, go mbeadh 15 faoin gcéad nó níos mó de na scaireanna sa chuideachta nó de bhintiúir dá cuid ar seilbh ag aon duine amháin, nó ag ainmnithigh d'aon duine amháin, nó
(ii) leis an tairiscint, leis an leithroinnt nó le clárú an aistrithe scaireanna, go mbeadh 15 faoin gcéad nó níos mó de na cearta vótála, a ghabhann le scaireanna na cuideachta, ag aon duine amháin, nó ag ainmnithigh d'aon duine amháin, nó ag daoine nó a n-ainmnithigh ag gníomhú dóibh de chomhbheart.
(2) Beidh ar áireamh in airteagail chomhlachais na cuideachta comharbais, forálacha de chineál a áiritheoidh nach ndéanfaidh an chuideachta aon bheart de shárú ar fho-alt (1) agus ní dhéanfaidh an chuideachta aon athrú ar na forálacha sin le linn na tréimhse 5 bliana a shonraítear san fho-alt sin.
(3) Beidh aon leithroinnt nó clárú ar aistriú scaireanna nó bintiúr a dhéanfar de shárú ar fho-alt (1) ar neamhní agus aon chearta vótála a bheidh ag aon duine amháin, nó ag ainmnithigh d'aon duine amháin, nó ag daoine nó a n-ainmnithigh ag gníomhú dóibh de chomhbheart, de bhreis ar uimhir in ionannas do 15 faoin gcéad de na cearta vótála go léir, ní bheidh siad infheidhmithe ag an duine nó ag na daoine sin nó ag a n-ainmnithigh.
(4) Féadfaidh an Banc Ceannais, más dóigh leis gur gá déanamh amhlaidh ar mhaithe le leasanna taisceoirí leis an gcuideachta chomharbais, a ordú trí fhógra chuig an gcuideachta, go scoirfidh fo-ailt (1), (2) agus (3) d'fheidhm a bheith acu maidir léi.
(5) San alt seo ní fholaíonn “aistriú”, i ndáil le scaireanna nó bintiúir, aistriú chuig duine a mbeidh an ceart chuig aon scaireanna nó bintiúir tarchurtha chuige trí oibriú an dlí.
Ráiteas comhshó.
103.—(1) Sula dtairgfear rún comhshó de bhun alt 101 cuirfidh an cumann foirgníochta ráiteas de réir fho-alt (2) chuig gach comhalta atá i dteideal fógra a fháil faoin gcruinniú den chumann ag a dtairgfear an rún comhshó nó, de réir mar a bheidh, faoin bpostbhallóid.
(2) I ngach ráiteas a cheanglaítear le fo-alt (1)—
(a) tabharfar achoimre sách mion, chun a chumasú do dhaoine atá i dteideal vótáil a chinneadh conas vótáil ar an rún, ar na nithe a gceanglaítear tagairt dóibh sa scéim chomhshó, agus ar na doiciméid a cheanglaítear a bheith ag gabháil léi, le halt 101;
(b) tabharfar na cúiseanna atá leis an togra chun comhshó a dhéanamh;
(c) sonrófar aon athrú a bheartaítear a dhéanamh ar na priomhghníomhaíochtaí den chumann a bheidh á seoladh ag a chomharba, ag tagairt go háirithe dá bheartas beartaithe i ndáil le hiasachtaí a thabhairt chun tithíocht a chur ar fáil agus a fheabhsú agus leis an ráta úis a chinneadh a bheidh le muirearú ar iasachtaí marthanacha agus todhchaí den sórt sin;
(d) tabharfar staid agus stair airgeadais an chumainn agus a fhochuideachtaí;
(e) déarfar cén leas (más ann) atá ag oifigigh an chumainn sa chomhshó;
(f) déarfar cén cúiteamh nó comaoin eile (más ann) a bheartaítear a íoc le hoifigigh an chumainn nó ina leith;
(g) déarfar cén difear a dhéanfar do thuarastal, táillí, cearta iasacht a fháil agus sochair eile de chuid oifigigh den chumann a cheapfar chuig aon phost sa chuideachta chomharbais nó in aon chuideachta a bheidh i gcomhlachas léi;
(h) déarfar gur féidir le haon chomhalta cóip iomlán chruinn den scéim le haghaidh comhshó a fháil saor in aisce, ar í a éileamh, i ngach áit ghnó de chuid an chumainn tráth ar bith le linn gnáthuaireanta gnó; agus
(i) déileálfar le cibé nithe eile a shonróidh an Banc Ceannais.
(3) Ní chuirfear ráiteas faoin alt seo chuig comhaltaí an chumainn mura mbeidh an t-ábhar ann ceadaithe ag an mBanc Ceannais.
An Banc Ceannais do dhaingniú agus do chlárú scéime comhshó.
104.—(1) Déanfaidh cumann foirgníochta, a mbeidh scéim chomhshó ceadaithe go cuí aige de réir na Coda seo, iarratas chuig an mBanc Ceannais ar an scéim a dhaingniú, laistigh de 14 lá ón gcruinniú ag ar cheadaigh an cumann an scéim, trí chóip den rún mar a ritheadh é mar aon le 3 chóip den scéim mar a cheadaigh an cumann í a chur ar aghaidh chuig an mBanc.
(2) Beidh feidhm, faoi réir an ailt seo agus aon mhodhnuithe is gá, ag fo-ailt (1) go (5), (7) agus (8) d'alt 98 maidir le hiarratas chun an Bhainc Ceannais ar scéim chomhshó a dhaingniú faoin alt seo.
(3) Cuirfidh an Banc Ceannais scéala chuig an Aire agus chuig an Aire Airgeadais nuair a bheidh scéim chomhshó á daingniú aige.
(4) Déanfaidh an Banc Ceannais, tar éis dó iarratas faoi fho-alt (1), aon agóid nó uiríoll a fuarthas agus aon tuairim ón gcumann a bhreithniú, an scéim chomhshó a dhaingniú mura dóigh leis—
(a) go mbeadh sé contrártha do leas an phobail an daingniú a dhéanamh, nó
(b) nach ndearnadh faisnéis éigin a d'fhéadfadh difear a dhéanamh do chinneadh na gcomhaltaí ar an scéim chomhshó a chur ar fáil do na comhaltaí uile a bhí i dteideal vótáil, nó
(c) nach ndearnadh ceanglas iomchuí éigin den Acht seo nó de rialacha an chumainn a chomhall, nó
(d) go bhfuil baol substaintiúil ann nach ndeonófar ceadúnas faoi alt 9 d'Acht 1971 don chuideachta chomharbais.
(5) I gcás ina ndaingneoidh an Banc Ceannais scéim chomhshó claróidh sé an scéim agus an rún comhshó agus cuirfidh sé deimhniú clárúcháin chuig an iarratasóir agus beidh an deimhniú sin ina fhianaise leordhóthanach, mura gcruthófar a mhalairt, gur comhlíonadh ceanglais na Coda seo i ndáil leis an scéim chomhshó.
(6) Foilseoidh an Banc Ceannais láithreach cibé fógra faoi dhaingniú agus clárú na scéime is dóigh leis is cuí.
Achainí chun na hArd-Chúirte i gcoinne scéime comhshó.
105.—(1) Féadfaidh—
(a) 100 comhalta ar a laghad a bhí cáilithe chun vótáil ar an rún comhshó ag ceadú na scéime comhshó, nó
(b) aon chomhalta den chumann, le ceadú an Cúirte,
achainí a dhéanamh chun na Cúirte chun scéim chomhshó mar a daingníodh faoi 104, a chealú.
(2) Déanfar achainí faoin alt seo laistigh de mhí amháin tar éis an dáta ar ar fhoilsigh an Banc Ceannais fógra faoi alt 104 á rá gur dhaingnigh agus gur chláraigh sé an scéim chomhshó.
(3) Féadfar achainí faoi fho-alt (1) (a) a dhéanamh, thar ceann duine amháin nó níos mó de na daoine atá i dteideal an achainí a dhéanamh, ag cibé duine amháin nó níos mó dá líon a bheidh ceaptha chuige sin i scríbhinn.
(4) I gcás achainí a bheith déanta chun na Cúirte, déanfaidh an Chúirt, a luaithe is féidir, cóip den achainí a chur chuig an mBanc Ceannais agus chuig an gcumann.
(5) Ar achainí faoi fho-alt (1) féadfaidh an Chúirt ordú a dhéanamh ag daingniú nó ag cealú na scéime comhshó ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí léi.
(6) Le linn di bheith ag feidhmiú a cumhachtaí faoi fho-alt (5) ní bheidh aird ag an gCúirt ar aon ní seachas cearta agus leasanna chomhaltaí an chumainn, nó aon aicme díobh.
(7) Ní thionscnófar aon achomharc i gcoinne aon ordaithe faoi fho-alt (5) tar éis mí a bheith caite ón dáta ar cuireadh an t-ordú i gcrích.
Cumann a chlárú mar chuideachta.
106.—(1) A luaithe is féidir, ach tráth nach luaithe ná mí amháin tar éis an chláraithe de bhun alt 104 (5) agus, i gcás achainí a bheith déanta chun na Cúirte faoi alt 105, tar éis an achainí a bheith cinnte go críochnaitheach, seachadfaidh an cumann foirgníochta ar chláraitheoir na gcuideachtaí—
(a) na doiciméid seo a leanas—
(i) cóip den rún comhshó faoi alt 101 a mbeidh sé deimhnithe ag an mBanc Ceannais gur rún é a cláraíodh faoi alt 104,
(ii) cóip den scéim a dhaingnigh agus a chláraigh an Banc Ceannais faoi alt 104,
(iii) an t-ordú ón gCúirt faoi alt 105, más ann,
(iv) deimhniú corpraithe an chumainn mar chumann foirgníochta,
agus
(b) meabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais na cuideachta comharbais agus cibé doiciméid eile agus cibé táille a cheanglaítear a thabhairt, faoi Achtanna na gCuideachtaí, d'fhonn cuideachta a chlárú.
(2) Ar na doiciméid atá liostaithe i bhfo-alt (1) a bheith faighte aige agus ar é a bheith sásta gur comhlíonadh ceanglais uile Achtanna na gCuideachtaí maidir le meabhrán agus airteagail a chlárú agus nithe a réamhghabhann agus a chomhghabhann leis an gcéanna, coinneoidh agus cláróidh cláraitheoir na gcuideachtaí an meabhrán agus na hairteagail agus eiseoidh sé deimhniú corpraithe i ndáil leis an gcuideachta.
(3) Beidh deimhniú a chorpraithe mar chuideachta ina fhianaise leordhóthanach, go dtí go suífear a mhalairt, gur comhlíonadh ceanglais an ailt seo agus go raibh an cumann, ar an dáta a thaispeántar sa deimhniú, cláraithe go cuí mar chuideachta faoi Achtanna na gCuideachtaí.
(4) Ar an dáta a thaispeántar i ndeimhniú a chorpraithe mar chuideachta scoirfidh an cumann de bheith corpraithe faoin Acht seo agus is cuideachta atá corpraithe faoi Achtanna na gCuideachtaí a bheidh ann agus beidh feidhm dá réir sin ag na hAchtanna sin maidir leis.
(5) Foilseoidh cláraitheoir na gcuideachtaí láithreach, de réir mar is cuí leis, fógra gur cláraíodh an cumann mar chuideachta.
(6) Ar chlárú cumainn mar chuideachta—
(a) na daoine go léir atá le bheith ina gcomhaltaí den chuideachta beidh siad, de réir théarmaí na scéime comhshó, ina gcomhaltaí den chuideachta; agus
(b) measfar na scaireanna, más ann, i gcaipiteal na cuideachta a bhfuil teideal ag na daoine sin go léir chucu de réir na scéime comhshó, a bheith leithroinnte chuig na daoine sin.
(7) D'ainneoin aon ní in alt 58 nó alt 116 d'Acht na gCuideachtaí, 1963, ní bheidh de cheangal ar aon chuideachta ar chomhshóigh cumann inti de bhun na Coda seo slí bheatha aon duine a bhí, díreach roimh an dáta comhshó, ina chomhalta den chumann—
(a) a thaispeáint ar an liosta a cheanglaítear a sheachadadh ar chláraitheoir na gcuideachtaí le halt 58 d'Acht na gCuideachtaí, 1963, nó
(b) a thaifeadadh sa chlár dá chomhaltaí dá dtagraítear in alt 116 d'Acht na gCuideachtaí, 1963,
laistigh de 5 bliana ón dáta comhshó más rud é nach raibh slí bheatha an duine sin luaite sa chlár de chomhaltaí an chumainn.
Forálacha a leanann as comhshó cumainn.
107.—(1) I gcás ina ndéanfar cumann foirgníochta a chomhshó ina chuideachta de bhun na Coda seo—
(a) déanfar, tráth an chomhshó, taisce den mhéid céanna leis an gcuideachta chomharbais de gach scairshealúchas sa chumann agus de gach taisce leis an gcumann, agus
(b) dílseoidh gnó, maoin, cearta agus dliteanais an chumainn, ar an dáta comhshó, sa chuideachta.
(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas i gcás ina ndéanfar cumann a chomhshó ina chuideachta de bhun na Coda seo, is é sin le rá—
(a) aon tagairt (sainráite nó intuigthe) don chumann in aon ionstraim a rinneadh, a tugadh, a ritheadh nó a forghníomhaíodh roimh an dáta comhshó, léifear agus forléireofar í mar thagairt don chuideachta;
(b) ach amháin mar a fhoráiltear i bhfo-alt (3), gach conradh, comhaontú, tíolacas, morgáiste, gníomhas, léas, ceadúnas, ionstraim eile, geallúint agus fógra (cibé acu i scríbhinn nó nach ea) a bheidh déanta ag nó leis an gcumann, nó tugtha dó nó aige, nó a bheidh dírithe chuige (ina aonar nó i dteannta aon duine eile) roimh an dáta comhshó agus a bhí ar marthain díreach roimh an dáta comhshó, beidh siad, a mhéid a bhí siad, roimhe sin, ina gceangal ar an gcumann agus infheidhmithe aige, ina choinne nó ina fhabhar, ina gceangal ar an gcuideachta agus infheidhmithe aici, ina coinne nó ina fabhar chomh hiomlán agus chomh héifeachtúil céanna ar gach slí ionann is dá mba í an chuideachta, agus nárbh é an cumann, an duine a rinne iad, lena ndearnadh iad, a thug nó dár tugadh iad nó a dhírigh nó ar ar díríodh iad, de réir mar a bheidh;
(c) aon treoir, ordú, ordachán, mandáid nó údarás a tugadh don chumann agus a bhí ar marthain díreach roimh an dáta comhshó, measfar é a bheith tugtha don chuideachta;
(d) aon urrús a bhí á shealbhú ag an gcumann mar urrús d'fhiach nó do dhliteanas eile i leith an chumainn agus a tabhaíodh roimh an dáta comhshó beidh sé ar fáil don chuideachta mar urrús do ghlanadh an fhéich nó an dliteanais sin agus, i gcás ina mbaineann an t-urrús freisin le fiacha nó dliteanais todhchaí nó ionchasacha, beidh sé ar fáil mar urrús do ghlanadh fiach nó dliteanas i leith na cuideachta, a thabhófar ar an dáta comhshó nó dá éis; agus, i ndáil le hurrús, beidh teideal ag an gcuideachta chuig na cearta agus na tosaíochtaí go léir (cibé caoi a éireoidh siad), agus beidh sí faoi réir na ndliteanas go léir, a mbeadh an cumann ina dteideal nó faoina réir mura mbeadh an cumann comhshóite ina chuideachta;
(e) déanfar cearta agus dliteanais uile an chumainn mar earbóir nó earbaí doiciméad nó airnéisí a dhílsiú sa chuideachta agus glacfaidh an chuideachta chuici féin iad;
(f) beidh le hionstraim sho-shannta nó le hordú íoca airgid atá, roimh an dáta comhshó, tarraingthe ar an gcumann nó tugtha dó nó glactha nó formhuinithe aige nó is iníoctha ag áit ghnó de chuid an chumainn, an éifeacht chéanna, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, ar an dáta comhshó agus dá éis, ionann is dá mba í an chuideachta, agus nárbh é an cumann, an duine ar ar tarraingíodh é nó dár tugadh é nó a ghlac nó a fhormhuinigh é nó ionann is dá mbeadh sé iníoctha ag áit ghnó na cuideachta;
(g) aon ní a dhéantar nó a údaraítear leis an gCuid seo—
(i) ní mheasfar gur ní é a fhágfaidh go mbeidh an cumann, nó an chuideachta, nó aon duine eile ag sárú conartha nó rúndachta nó go mbeidh aon duine acu ciontach in éagóir shibhialta thairis sin; nó
(ii) ní mheasfar gur ní é óna bhfaigheann aon duine an ceart chun aon chonradh nó comhshocraíocht a fhoirceannadh nó a chealú nó chun comhlíonadh aon oibleagáide a thapú; nó
(iii) ní mheasfar gur ní é a fhágfaidh go mbeidh an cumann, nó an chuideachta, nó aon duine eile ag sárú aon achtachán nó riail dlí nó foráil chonarthach a thoirmisceann, a shrianann nó a rialálann sannadh nó aistriú aon mhaoine nó nochtadh aon fhaisnéise; nó
(iv) ní shaorfaidh sé aon urra, go hiomlán nó go páirteach, ó aon oibleagáid; nó
(v) ní dhéanfaidh sé aon chonradh nó urrús a chur ó bhail nó a urscaoileadh;
(h) aon chaingean, eadráin nó imeachtaí nó aon chúis caingne atá, díreach roimh an dáta comhshó, ar feitheamh nó ar marthain ag an gcumann nó ina choinne nó ina fhabhar nó ar páirtí ann an cumann, féadfar é a thabhairt ar aghaidh agus, gan aon eascaire, pléadáil nó doiciméad eile a leasú, féadfar leanúint de agus é a fhorfheidhmiú ag an gcuideachta nó ina coinne nó ina fabhar;
(i) ar an dáta comhshó tiocfaidh gach fostaí don chumann chun bheith ina fhostaí don chuideachta ach, chun críocha gach achtachán, dlí, dámhachtain, cinneadh, conradh agus comhaontú a bhaineann le fostaíocht gach fostaí den sórt sin, measfar conradh fostaíochta an fhostaí sin a bheith gan briseadh agus measfar gur tréimhse sheirbhíse leis an gcuideachta an tréimhse sheirbhíse leis an gcumann, agus measfar gurb ionann, go dtí go n-athrófar iad, téarmaí agus coinníollacha fostaíochta gach fostaí den sórt sin agus téarmaí agus coinníollacha fostaíochta an fhostaí sin leis an gcumann díreach roimh an dáta comhshó agus gur féidir iad a athrú sa tslí chéanna.
(3) I gcás ina ndéanfar cumann a chomhshó ina chuideachta de bhun na Coda seo agus go ndéanfar socrú sa scéim chomhshó chun comhshó nó athrú a dhéanamh ar na cearta nó na dliteanais de chuid aon duine a bhí ar marthain díreach roimh an dáta comhshó, scoirfidh na cearta agus na dliteanais sin, d'ainneoin fho-alt (2), de bheith infheidhmithe ag an gcuideachta nó ina coinne nó ina fabhar ar an dáta comhshó nó dá éis, ach amháin de réir na scéime sin.
(4) I gcás ina ndéanfar cumann a chomhshó ina chuideachta de bhun na Coda seo agus go ndéanfar socrú sa scéim chomhshó maidir le haon chearta nó dliteanais a éireoidh díreach i ndiaidh an dáta comhshó, beidh na cearta agus na dliteanais sin infheidhmithe ag an gcuideachta nó ina coinne nó ina fabhar ar an dáta comhshó agus dá éis.
Rialacháin chomhshó.
108.—Féadfaidh an tAire Airgeadais, le rialacháin, socrú breise a dhéanamh i ndáil le cumann foirgníochta a chomhshó ina chuideachta faoin gCuid seo, lena n-áirítear socrú le haghaidh an athraithe ó rialáil ag an Acht seo agus maoirsiú faoi, go dtí rialáil ag Achtanna na gCuideachtaí agus ag Achtanna an Airgid Reatha agus an Bhainc Ceannais, 1927 go 1971, agus maoirsiú fúthu, agus féadfaidh sé socrú a dhéanamh amhlaidh i ndáil leis an gcéanna.
CUID XII
Foirceannadh, etc.
Foirceannadh.
109.—(1) Faoi réir an ailt seo, féadfar cumann foirgníochta a fhoirceannadh de réir Achtanna na gCuideachtaí agus dá réir sin beidh feidhm ag na hAchtanna sin, faoi réir aon mhodhnuithe is gá, ionann is dá mba chuideachta faoi theorainn scaireanna an cumann.
(2) I bhfeidhmiú Achtanna na gCuideachtaí maidir le foirceannadh cumainn—
(a) déanfar tagairt do “cláraitheoir na gcuideachtaí” in Acht 1963 a fhorléiriú mar thagairt don Bhanc Ceannais,
(b) déanfar tagairt do “na hairteagail chomhlachais” in Acht 1963 a fhorléiriú mar thagairt do rialacha cumainn,
(c) déanfar tagairt do “rún speisialta” in Acht 1963 a fhorléiriú mar thagairt do rún speisialta cumainn de réir bhrí an Achta seo, agus
(d) déanfar “rúnaí” in alt 224 d'Acht 1963 a fhorléiriú mar phríomhfheidhmeannach cumainn.
(3) Féadfaidh an Chúirt cumann a fhoirceannadh más rud é—
(a) go mbeidh beartaithe ag an gcumann, trí rún speisialta, go ndéanfaidh an Chúirt an cumann a fhoirceannadh,
(b) go mbeidh líon na gcomhaltaí tite faoi bhun 10 nó go mbeidh líon na stiúrthóirí tite faoi bhun 3,
(c) nach mbeidh údarú deonaithe don chumann, is cumann a bheidh cláraithe mar chumann foirgníochta faoin Acht seo nó faoi na hachtacháin aisghairthe, agus go mbeidh breis agus bliain caite ó cláraíodh amhlaidh é,
(d) nach mbeidh ar chumas an chumainn a fhiacha a íoc,
(e) go mbeidh údarú an chumainn cúlghairthe faoi alt 40, nó
(f) gurb é tuairim na Cúirte go bhfuil sé ceart agus cothrom an cumann a fhoirceannadh.
(4) (a) D'ainneoin aon ní in alt 215 d'Acht 1963 féadfaidh an Banc Ceannais achainí a thíolacadh chun cumann a fhoirceannadh.
(b) Ní bheidh feidhm ag ailt 213 agus 215 (a) agus (d) agus 296 d'Acht 1963 maidir le foirceannadh cumainn.
(5) D'ainneoin aon ní in ailt 217, 234, 256, 280 agus 298 d'Acht 1963, féadfaidh an Banc Ceannais iarratas a dhéanamh chun na Cúirte faoi aon cheann de na hailt sin.
(6) Ní bheidh foirceannadh cumainn ina urchosc ar cheart an Bhainc Ceannais é a chur á fhoirceannadh ag an gCúirt.
(7) Tabharfar fógra don Bhanc Ceannais faoi aon rún nó iarratas chun cumann a fhoirceannadh.
(8) Ní bheidh feidhm ag Cuid X d'Acht 1963 maidir le cumann agus, d'ainneoin aon ní san Acht sin nó in aon Acht eile, ní cead cumann a fhoirceannadh ach amháin de réir an ailt seo.
(9) I gcás cumann a bheith á fhoirceannadh, ní dhlífidh duine dár thug an cumann iasacht faoi mhorgáiste nó urrús eile an méid is iníoctha i leith na hiasachta a íoc ach amháin an tráth nó na tráthanna, agus faoi réir (de réir mar is cuí) na gcoinníollacha, a bheidh leagtha amach sa mhorgáiste nó san urrús eile.
(10) Ní dhéanfaidh an leachtaitheoir, i bhfeidhmiú a chumhachtaí faoi alt 231 (2) (a) d'Acht 1963, aon cheann de shócmhainní an chumainn atá urraithe trí mhorgáiste ar eastát nó ar leas, ruílse nó léasach, a dhiúscairt ar théarmaí, maidir leis na hiasachtaí, seachas téarmaí ar deimhin leis an gCúirt gur téarmaí córa cothroma iad agus a bhféadfadh na hiasachtaithe a bheith i dteideal le réasún a bheith ag súil leo mura mbeadh foirceannadh déanta ar an gcumann.
(11) Féadfaidh an Banc Ceannais oifigeach amháin nó níos mó don Bhanc nó ionadaithe eile a cheapadh a bheidh i dteideal—
(a) freastal ar aon chruinniú de chreidiúnaithe cumainn, agus
(b) a bheith ina chomhalta d'aon choiste iniúchta a bheidh ceaptha faoi alt 233 nó 268 d'Acht 1963.
(12) Ní dhéanfar oifigeach nó ionadaí don Bhanc Ceannais, a bheidh ceaptha chun bheith ina chomhalta de choiste iniúchta, a chur as oifig gan toiliú an Bhainc agus ní chomhairfear é le linn aon líon íosta nó uasta comhaltaí den choiste sin mar a bheidh sonraithe in aon achtachán a bheith á ríomh.
(13) I gcás ina dtosófar ag foirceannadh cumainn laistigh de bhliain tar éis don chumann a ainm a athrú, taispeánfar an t-ainm a bhíodh air, chomh maith leis an ainm atá anois air, i ngach fógra agus fógrán a bhaineann leis an bhfoirceannadh.
Clárú a chealú.
110.—(1) Déanfaidh an Banc Ceannais clárú cumainn foirgníochta a chealú ar cumann foirgníochta é—
(a) atá díscaoilte de bhua alt 95 nó 96,
(b) atá foirceanta faoi alt 109 agus díscaoilte, nó
(c) atá comhshóite ina chuideachta phoiblí theoranta faoi Chuid XI.
(2) I gcás inar deimhin leis an mBanc Ceannais, maidir le cumann—
(a) gur trí chalaois nó trí dhearmad a fuarthas deimhniú corp raithe don chumann agus nach cumann údaraithe an cumann,
(b) go bhfuil scortha ag an gcumann de bheith ag feidhmiú, nó
(c) go bhfuil mainnithe ag an gcumann déanamh de réir alt 124 (5),
féadfaidh an Banc clárú an chumainn a chealú.
(3) Gan dochar d'fho-alt (2), féadfaidh an Banc Ceannais, más cuí leis, clárú cumainn a chealú ar iarratas ón gcumann agus é fianaithe i cibé slí a ordóidh an Banc.
(4) Sula gcealóidh sé clárú cumainn faoi fho-alt (2) tabharfaidh an Banc Ceannais don chumann fógra 2 mhí ar a laghad ina sonrófar na forais atá leis an gcealú beartaithe.
(5) I gcás ina gcealófar clárú cumainn faoi fho-alt (2), féadfaidh an cumann, laistigh de 1 mhí, achomharc a dhéanamh chun na Cúirte agus féadfaidh an Chúirt, ar aon achomharc den sórt sin, más cuí léi, an cealú a chur ar ceal.
(6) I gcás ina gcealófar clárú cumainn faoi fho-alt (2) nó (3), ansin, faoi réir an cheart achomhairc a thugtar le fo-alt (5), scoirfidh an cumann de bheith ina chumann foirgníochta de réir bhrí an Achta seo.
(7) Beidh éifeacht le fo-alt (6) i ndáil le cumann gan dochar d'aon dliteanas a bheidh tabhaithe iarbhír ag an gcumann agus féadfar aon dliteanas den sórt sin a chur i bhfeidhm i gcoinne an chumainn ionann is dá mba nach ndearnadh an cealú.
(8) A luaithe is féidir tar éis clárú cumainn a chealú faoin alt seo, cuirfidh an Banc Ceannais faoi deara go bhfoilseofar fógra faoin gcealú in 2 nuachtán laethúla ar a laghad a fhoilsítear sa Stát agus a léitear sa limistéar ina bhfuil príomhoifig an chumainn.
Dlífear pionós a chur ar oifigigh chumainn i gcás nach gcoimeádfar taifid chuntasaíochta chuí.
111.—(1) Más rud é—
(a) go mbeidh alt 76 sáraithe ag cumann atá á fhoirceannadh agus nach bhfuil ar a chumas a fhiacha go léir a íoc, agus
(b) gur dóigh leis an gCúirt gur chuir an sárú sin le héagumas an chumainn a fhiacha go léir a íoc nó go raibh sé ina bhun le héiginnteacht shubstaintiúil i dtaobh shócmhainní agus dliteanais an chumainn nó gur chuir sé treampán mór ar fhoirceannadh ordúil an chumainn,
beidh gach oifigeach den chumann a rinne mainneachtain ciontach i gcion.
(2) In ionchúiseamh mar gheall ar chion faoin alt seo is cosaint é don duine atá cúisithe a shuíomh—
(a) go ndearna sé gach beart réasúnach chun a áirithiú go gcomhlíonfadh an cumann alt 76, nó
(b) go raibh forais réasúnacha aige chun a chreidiúint, agus gur chreid sé, go raibh sé curtha de dhualgas ar dhuine inniúil iontaofa, ag gníomhú dó faoi mhaoirseacht nó faoi rialú stiúrthóra den chumann a raibh an fhreagracht sin curtha go foirmiúil air, a chinntiú go gcomhlíonfaí an t-alt sin agus go raibh ar a chumas an dualgas sin a chomhlíonadh.
Dliteanas pearsanta oifigeach cumainn i gcás nach gcoimeádfar taifid chuntasaíochta chuí.
112.—(1) Faoi réir fho-alt (2), más rud é go mbeidh alt 76 sáraithe ag cumann atá á fhoirceannadh agus nach bhfuil ar a chumas a fhiacha go léir a íoc, agus gur dóigh leis an gCúirt gur chuir an sárú sin le héagumas an chumainn a fhiacha go léir a íoc nó go raibh sé ina bhun le héiginnteacht shubstaintiúil i dtaobh shócmhainní agus dliteanais an chumainn nó gur chuir sé treampán mór ar fhoirceannadh ordúil an chumainn, féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ón leachtaitheoir nó ón mBanc Ceannais nó ó aon chreidiúnaí nó ranníocóir de chuid an chumainn, a dhearbhú, más dóigh leis gur cuí é, go mbeidh aon duine amháin nó níos mó d'oifigigh agus d'iaroifigigh an chumainn a rinne mainneachtain faoi dhliteanas pearsanta, gan aon teorainn leis an dliteanas, i leith na bhfiacha agus na ndliteanas eile go léir de chuid an chumainn nó i leith cibé coda díobh a bheidh sonraithe ag an gCúirt.
(2) Ar iarratas faoi fho-alt (1) a éisteacht, féadfaidh an duine a rinne an t-iarratas fianaise a thabhairt, nó finnéithe a ghairm, é féin.
(3) (a) I gcás ina ndéanfaidh an Chúirt dearbhú faoi fho-alt (1), féadfaidh sí cibé treoracha a thabhairt is dóigh léi is cuí chun éifeacht a thabhairt don dearbhú agus féadfaidh sí socrú a dhéanamh go háirithe chun dliteanas aon duine den sórt sin faoin dearbhú a chur mar mhuirear ar aon fhiach nó oibleagáid a bheidh dlite den chuideachta dó, nó ar aon mhorgáiste nó aon leas in aon mhorgáiste ar aon sócmhainní de chuid an chumainn a bheidh á seal bhú aige nó dílsithe ann nó á sealbhú ag aon chuideachta nó duine eile, nó dílsithe in aon chuideachta nó duine eile, thar a cheann, nó ag aon duine, nó in aon duine, a bheidh ag éileamh mar shannaí ón duine, nó tríd an duine, atá faoi dhliteanas faoin dearbhú nó ag aon chuideachta nó duine, nó in aon chuideachta nó duine, a bheidh ag gníomhú thar a cheann, agus féadfaidh sí ó am go ham cibé ordú breise a dhéanamh is gá chun aon mhuirear a fhorchuirfear faoin bhfo-alt seo a chur i bhfeidhm.
(b) I mír (a) folaíonn “sannaí” aon duine ar cruthaíodh, ar eisíodh nó ar aistríodh an fiach, an oibleagáid nó an morgáiste chuige nó ina fhabhar, ar orduithe ón duine atá faoi dhliteanas, nó ar dó nó ina fhabhar a cruthaíodh an leas, ach ní fholaíonn sé sannaí ar chomaoin luachmhar (gan comaoin trí phósadh a áireamh) a tugadh de mheon macánta agus gan fógra i dtaobh aon cheann de na nithe ar ar a bhforas a dhéantar an dearbhú.
(4) Ní dhéanfaidh an Chúirt dearbhú faoi fho-alt (1) maidir le duine más dóigh léi—
(a) go ndearna sé gach beart réasúnach chun a áirithiú go gcomhlíonfadh an cumann alt 76, nó
(b) go raibh forais réasúnacha aige chun a chreidiúint, agus gur chreid sé, go raibh sé curtha de dhualgas ar dhuine inniuil iontaofa, ag gníomhú dó faoi mhaoirseacht nó faoi rialú stiúrthóra a raibh an fhreagracht sin curtha go foirmiúil air, a chinntiú go gcomhlíonfaí an t-alt seo agus go raibh ar a chumas an dualgas sin a chomhlíonadh.
(5) Beidh éifeacht leis an alt seo d'ainneoin go bhféadfadh an duine lena mbaineann a bheith faoi dhliteanas coiriúil i leith na nithe ar ar a bhforas atá an dearbhú le déanamh.
(6) San alt seo folaíonn “oifigeach”, i ndáil le cumann, duine a bheidh ciontaithe i gcion faoi alt 90 nó 120 i ndáil le ráiteas i dtaobh an cumann do choimeád taifead cuntasaíochta cuí.
CUID XIII
Ilghnéitheach
Bliain airgeadais chumainn.
113.—(1) Is í bliain airgeadais chumainn foirgníochta an tréimhse 12 mhí dar críoch an 31ú lá de Nollaig.
(2) Is í bliain airgeadais tosaigh chumainn cibé tréimhse dar críoch deireadh na bliana féilire ina bhfoirmítear é agus is í bliain airgeadais deiridh chumainn cibé tréimhse, is giorra ná 12 mhí, dar críoch an dáta ar chuige a dhéanann an cumann suas a chuid cuntas deiridh.
Dliteanas oifigigh.
114.—(1) Faoi réir fho-alt (2), is foráil ar neamhní aon fhoráil (i rialacha cumainn foirgníochta nó in aon chonradh le cumann nó ar shlí eile) chun oifigeach nó iniúchóir cumainn a dhíolmhú ó aon dliteanas, nó a shlánú in aghaidh aon dliteanais, a bheadh air thairis sin de bhua aon riail dlí, maidir le haon fhaillí, mainneachtain, sárú dualgais nó sárú iontaobhais a bhféadfaidh sé a bheith ciontach ann i ndáil leis an gcumann.
(2) Féadfaidh cumann oifigeach nó iniúchóir den sórt sin a shlánú in aghaidh aon dliteanas a thabhaigh sé ag cosaint imeachtaí, sibhialta nó coiriúil, inar tugadh breithiúnas ina fhabhar nó inar éigiontaíodh é, nó i ndáil le haon iarratas faoi alt 115 ina dtugtar faoiseamh dó.
Cumhacht cúirte faoiseamh a thabhairt d'oifigeach cumainn.
115.—(1) Más rud é, in aon imeachtaí mar gheall ar fhaillí, mainneachtain, sárú dualgais nó sárú iontaobhais in aghaidh oifigigh nó iniúchóra cumainn foirgníochta, gur dealraitheach don chúirt a bheidh ag éisteacht an cháis go bhfuil an t-oifigeach nó an t-iniúchóir sin, nó go bhféadfadh sé a bheith, faoi dhliteanas maidir leis an bhfaillí, leis an mainneachtain, leis an sárú dualgais nó leis an sárú iontaobhais, ach gur ghníomhaigh sé go hionraic agus go réasúnach agus gur chóir, ag féachaint d'imthosca uile an cháis (lena n-áirítear imthosca a cheaptha), an fhaillí, an mhainneachtain, an sárú dualgais nó an sárú iontaobhais a mhaitheamh dó, féadfaidh an chúirt sin faoiseamh (iomlán nó páirteach) a thabhairt dó óna dhliteanas ar cibé téarmaí is oiriúnach leis an gcúirt.
(2) I gcás go mbeidh cúis ag oifigeach nó iniúchóir cumainn a bheith imníoch go ndéanfar, nó go bhféadfadh go ndéanfaí, aon éileamh ina aghaidh maidir le haon fhaillí, mainneachtain, sárú dualgais nó sárú iontaobhais, féadfaidh sé faoiseamh a iarraidh ar an gCúirt, agus beidh ag an gCúirt, ar aon iarratas den sórt sin a fháil, an chumhacht chéanna chun faoiseamh a thabhairt dó a bheadh aici faoin alt seo dá mba chúirt í a mbeadh imeachtaí tionscanta os a comhair in aghaidh an duine sin mar gheall ar an bhfaillí, ar an mainneachtain, ar an sárú dualgais nó ar an sárú iontaobhais sin.
(3) I gcás aon chás lena mbaineann fo-alt (1) a bheith á thriail ag breitheamh mar aon le giúiré, féadfaidh an breitheamh, tar éis an fhianaise a éisteacht, más deimhin leis gur chóir faoin bhfo-alt sin faoiseamh, iomlán nó páirteach, a thabhairt don chosantóir ón dliteanas a bheifear a iarraidh a fheidhmiú ina choinne, an cás a tharraingt siar go hiomlán nó go páirteach ón ngiúire agus a ordú breithiúnas a thaifeadadh i bhfabhar an chosantóra ar cibé téarmaí i leith costas nó eile is cuí leis an mbreitheamh.
Forálacha maidir le fianaise.
116.—(1) Aon deimhniú corpraithe nó clárúcháin nó aon doiciméad eile i ndáil le cumann foirgníochta, a airbheartaíonn a bheith sínithe ag oifigeach údaraithe don Bhanc Ceannais, nó ag Cláraitheoir na gCumann Foirgníochta faoi na hachtacháin aisghairthe measfar, cheal aon fhianaise dá mhalairt, é a bheith eisithe ag an mBanc Ceannais nó ag an gCláraitheoir, de réir mar a bheidh, agus glacfar i bhfianaise dá réir sin é.
(2) Aon doiciméad clóite a airbheartaíonn gur cóip é de mheabhrán nó de rialacha cumainn agus a mbeidh sé deimhnithe ag oifigeach don chumann gur cóip dhílis é de mheabhrán nó de rialacha cláraithe an chumainn measfar, cheal aon fhianaise dá mhalairt, gur cóip dhílis é dá mheabhrán nó dá rialacha agus glacfar i bhfianaise dá réir sin é.
Foirm clár, taifead, etc.
117.—(1) Cothabhálfaidh cumann foirgníochta, i dteannta na dtaifead a cheanglaítear ar chumann a choimeád de bhua alt 76, cibé taifid eile a shonróidh an Banc Ceannais.
(2) Aon chlár nó taifead a cheanglaítear a choimeád leis an Acht seo nó faoi, féadfar é a choimeád trí iontrálacha a dhéanamh i leabhair cheangailte nó trí na nithe atá i gceist a thaifeadadh in aon slí eile ar choinníoll go mbeidh fáil go réidh ar an taifeadadh sin agus gur féidir é a thiontú go réidh go dtí foirm scríofa i dteanga oifigiúil de chuid an Stáit.
(3) Aon dualgas a fhorchuirtear leis an Acht seo cead iniúchta a thabhairt maidir le taifead nó le haon chuid de, nó cóip de thaifead nó d'aon chuid de a thabhairt, déileálfar leis mar dhualgas cead iniúchta a thabhairt maidir le hatáirgeadh, nó cóip a thabhairt d'atáirgeadh, den taifead nó den chuid iomchuí den taifead i bhfoirm scríofa i dteanga oifigiúil de chuid an Stáit.
(4) I gcás nach trí iontrálacha a dhéanamh i leabhar ceangailte ach gur ar shlí éigin eile a choimeádtar aon chlár nó taifead a cheanglaítear a choimeád leis an Acht seo nó faoi, déanfaidh an duine ar a gceanglaítear an clár nó an taifead a choimeád leorchúram a ghlacadh in aghaidh falsaithe agus chun fionnadh aon fhalsaithe den sórt sin a éascú.
(5) Féadfaidh an Banc Ceannais, ó am go ham, foirm aon iarratais, fógra nó doiciméid eile a cheanglaítear a dhéanamh nó a chur chuige faoin Acht seo a shonrú.
(6) Gan dochar d'aon fhoráil eile de chuid an Achta seo, féadfaidh an Banc Ceannais na táillí a shocrú a bheidh le híoc as iniúchadh a dhéanamh ar aon doiciméad, nó as aon chóipeanna a thabhairt, a bheidh faoina choimeád nó i ndáil le feidhmiú aon fheidhme dá chuid faoin Acht seo agus déanfar aon airgead a gheobhaidh sé amhlaidh a íoc isteach i gciste ginearálta an Bhainc.
Díolúine ó dhleacht stampa.
118.—(1) Ní bheidh dleacht stampa inmhuirearaithe ar aon ionstraim trína ndéantar scair i gcumann foirgníochta a aistriú.
(2) Ní bheidh dleacht stampa, seachas dleacht stampa dá bhforáiltear in ailt 67 go 75 den Acht Airgeadais, 1973, inmhuirearaithe ar aon aistriú, tíolacas nó ionstraim eile a fhorghníomhófar chun éifeacht a thabhairt do chónascadh cumann nó d'aistriú gealltanas faoi Chuid X nó do chomhshó cumainn ina chuideachta phoiblí theoranta faoi Chuid XI.
Cionta.
119.—(1) (a) Aon chumann foirgníochta nó duine—
(i) a fuair údarú trí ráitis bhréagacha nó ar aon mhodh mí-rialta eile,
(ii) a sháróidh alt 17, 18 (3), 25 nó 41,
(iii) a sháróidh, trí ghníomh nó neamhghníomh, coinníoll atá forchurtha go cuí ar údarú faoi alt 17 nó ar cheadú cumhacht a fheidhmiú faoi alt 36, nó
(iv) a mhainneoidh déanamh de réir treorach faoi alt 40, an Ceathrú Sceideal nó alt 42 nó ceanglais faoi alt 39,
beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—
(I) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó, de rogha na cúirte i gcás pearsan aonair, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air, nó
(II) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £50,000 nó, de rogha na cúirte i gcás pearsan aonair, príosún acht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air.
(b) Má leantar tar éis an chiontaithe den sárú nó den mhainneachtain inar ciontaíodh an cumann nó aon duine faoi mhír (a), beidh an cumann nó an duine ciontach i gcion breise ar gach lá a leanfar den sárú nó den mhainneachtain agus, in aghaidh gach cion den sórt sin, dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £100 nó, ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £5,000, a chur ar an gcumann nó ar an duine in ionad an phionóis a shonraítear maidir leis an sárú bunaidh nó leis an mainneachtain bhunaidh.
(2) Aon chumann nó duine a sháróidh ceanglas den Acht seo nó faoin Acht seo, beidh sé ciontach i gcion.
(3) (a) Aon chumann nó aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (2), nó a bheidh ciontach i gcion faoi aon fhoráil eile den Acht seo nach bhforáiltear aon phionós go sonrach ina leith, dlífear—
(i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó, de rogha na cúirte i gcás pearsan aonair, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air; nó
(ii) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000 nó, de rogha na cúirte i gcás pearsan aonair, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 3 bliana, nó iad araon, a chur air.
(b) Má leantar, tar éis an chiontaithe, den sárú inar ciontaíodh cumann nó duine faoi mhír (a), beidh an cumann nó an duine ciontach i gcion breise ar gach lá a leanfar den sárú agus, in aghaidh gach cion den sórt sin, dlífear ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £50 nó, ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £1,000, a chur ar an gcumann nó ar an duine in ionad an phionóis a shonraítear maidir leis an sárú bunaidh.
(4) Féadfaidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí nó an Banc Ceannais imeachtaí achoimre i ndáil le cion faoin Acht seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.
(5) D'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achoimre i leith ciona faoin Acht seo a thionscnamh laistigh de 3 bliana ó dháta an chiona.
(6) I gcás cion faoin Acht seo a bheith déanta ag cumann nó ag comhlacht corpraithe eile nó ag duine a d'airbheartaigh a bheith ag gníomhú thar ceann an chumainn nó an chomhlachta chorpraithe eile agus go gcruthófar go ndearnadh an cion amhlaidh le toiliú nó le cúlcheadú, nó gur inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh aon duine, nó gur urasaíodh a dhéanamh trí aon fhaillí ar thaobh aon duine, is oifigeach nó fostaí de chuid an chumainn nó an chomhlachta sin, beidh an duine sin ciontach sa chion.
Faisnéis bhréagach a thabhairt, etc.
120.—(1) Aon duine a dhéanfaidh, i gcomhlíonadh airbheartaithe aon fhorála den Acht seo nó aon rialacháin faoi, freagra nó míniú a thabhairt, ráiteas a dhéanamh nó aon tuairisceán, tuarascáil, deimhniú, clár comhardaithe nó doiciméad eile a thabhairt ar aird, a lóisteáil nó a sheachadadh, agus é bréagach i bponc ábhartha, agus a fhios aige go bhfuil sé bréagach, nó a dhéanfaidh, go meargánta, freagra nó míniú a thabhairt, ráiteas a dhéanamh nó aon doiciméad den sórt sin a thabhairt ar aird, a lóisteáil nó a sheachadadh, agus é bréagach i bponc ábhartha, beidh sé ciontach i gcion:
(2) I gcás duine a bheith ciontach i gcion faoi fho-alt (1) agus gurb é tuairim na Cúirte, maidir le haon ghníomh, neamhghníomh nó iompar arbh é an cion sin é—
(a) gur chuir sé go mór le héagumas cumainn a fhiacha a íoc,
(b) gur chuir sé cosc, nó treampán mór, ar fhoirceannadh ordúil an chumainn, nó
(c) gur urasaigh sé go mór calaois a dhéanamh ar chreidiúnaithe an chumainn nó ar chreidiúnaithe aon duine eile,
dlífear, ar an duine sin a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £50,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 7 mbliana, nó iad araon, a chur air.
(3) (a) Aon oifigeach de chuid cumainn a scriosfaidh, a aghlotfaidh nó a fhalsóidh aon taifead nó doiciméad a dhéanann difear do mhaoin nó do ghnóthaí an chumainn nó a bhaineann leo, nó a bheidh ionpháirteach ina scriosadh, ina aghlot nó ina fhalsú, nó a dhéanfaidh iontráil bhréagach ann nó a bheidh ionpháirteach in iontráil bhréagach a dhéanamh ann, beidh sé ciontach i gcion mura gcruthóidh sé nach raibh sé ar intinn aige an dlí a shárú.
(b) Aon duine den sórt a luaitear i mír (a) a dhéanfaidh, go calaoiseach, aon taifead nó doiciméad den sórt sin a thabhairt uaidh nó a athrú nó ní éigin a fhágáil ar lár as, nó atá ionpháirteach in aon taifead nó doiciméad den sórt sin a thabhairt uaidh nó a athrú, go calaoiseach, nó i ní éigin a fhágáil go calaoiseach as, beidh sé ciontach i gcion.
(4) I gcás duine a bheith ciontach i gcion faoi fho-alt (3) dlífear, ar an duine sin a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £50,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 7 mbliana, nó iad araon, a chur air.
Breithiúnais in aghaidh cumainn.
121.—(1) Aon uair a gheobhaidh duine (dá ngairtear creidiúnaí breithiúnais san alt seo), in aon chúirt, breithiúnas, ordú nó foraithne in aghaidh cumainn foirgníochta chun suim airgid a bheidh dlite den chumann don chreidiúnaí breithiúnais a íoc, tabharfaidh cláraitheoir nó cléireach na cúirte áirithe scéala, a luaithe is féidir, don Bhanc Ceannais faoin mbreithiúnas, faoin ordú nó faoin bhforaithne agus faoi théarmaí an chéanna agus faoi aon achomharc i gcoinne an bhreithiúnais, an ordaithe nó na foraithne agus faoi thoradh an achomhairc sin.
(2) Faoi réir fho-alt (3), mura ndéanfaidh an cumann, laistigh den tréimhse 21 lá dar tosach dáta an bhreithiúnais, an ordaithe nó na foraithne, an t-airgead go léir a bheidh dlite a íoc (nó, i gcás costas, de rogha an chumainn, urrús a thabhairt ina leith in ionad iad a íoc) nó na héilimh go léir faoin mbreithiúnas, faoin ordú nó faoin bhforaithne a shásamh, measfar an cumann a bheith éagumasach ar fhreastal dá oibleagáidí dá chreidiúnaithe agus a bheith, chun críocha alt 109, éagumasach ar a chuid fiacha a íoc.
(3) Má thionscnaítear achomharc in aon chúirt in aghaidh an bhreithiúnais, an ordaithe nó na foraithne, féadfaidh an chúirt sin nó an chúirt a thug an breithiúnas, an t-ordú nó an fhoraithne feidhmiú fho-alt (2) a chur siar, le hordú, go ceann cibé tréimhse agus, faoi réir fho-alt (4), ar cibé téarmaí, a shocróidh an chúirt áirithe agus a shonróidh sí san ordú.
(4) Má dhéanann cúirt ordú faoi fho-alt (3), féadfaidh sí a cheangal ar an gcumann lena mbaineann an t-ordú, de réir mar is cuí leis an gcúirt sin, suim ar cóimhéid leis an airgead go léir a bheidh dlite faoin mbreithiúnas, faoin ordú nó faoin bhforaithne (nó cibé suim is lú ná sin a ordóidh an chúirt) a thaisceadh sa chúirt nó cibé urrús a thabhairt a chinnfidh an chúirt go n-íocfar leis an gcreidiúnaí breithiúnais an t-airgead sin go léir, agus, ina theannta sin, i gceachtar cás, cibé suim nó urrús sa bhreis i leith chostais an achomhairc a mheasfaidh an chúirt is cóir.
(5) Féadfaidh an chúirt a rinne ordú faoi fho-alt (3), nó a dtabharfar achomharc os a comhair i ndáil leis, an t-ordú a athrú nó a chúlghairm.
Comhad poiblí cumainn.
122.—(1) Déanfaidh an Banc Ceannais comhad i ndáil le gach cumann foirgníochta, ar a dtabharfar comhad poiblí an chumainn, a ullmhú agus a chothabháil ina phríomhoifig, agus is é a bheidh sa chomhad sin na doiciméid nó, de réir mar a bheidh, na cóipeanna de na doiciméid, agus na taifid de na nithe, a ordaítear leis an Acht seo, nó faoin Acht seo, a choimeád i gcomhad poiblí an chumainn.
(2) Beidh aon duine den phobal i dteideal—
(a) comhad poiblí aon chumainn a iniúchadh tar éis dó fógra réasúnach a thabhairt i dtosach, nó
(b) go dtabharfar dó cóip de na doiciméid nó de na taifid go léir, nó d'aon doiciméad nó taifead, a choimeádtar i gcomhad poiblí an chumainn, ar é d'íoc cibé táille, más ann, a chinnfidh an Banc Ceannais.
Fóirdheontas ón Aire maidir le hús ar iasachtaí tithíochta arna dtabhairt ag cumann.
123.—(1) Féadfaidh an tAire, de réir scéime a bheidh ceadaithe ag an Aire Airgeadais, fóirdheontas a íoc le cumann foirgníochta, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, maidir le hús is iníoctha ag comhalta leis an gcumann i leith iasachta tithíochta.
(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfar na nithe seo a leanas a shonrú i scéim faoin alt seo—
(a) aicme nó aicmí daoine a bhféadfar fóirdheontas a íoc ina leith faoi threoir a ndálaí airgeadais,
(b) aicme nó aicmí iasachtaí a bhféadfar an fóirdheontas a íoc ina leith, nó
(c) aicme nó aicmí tithe ag urrú na hiasachta a bhféadfar an fóirdheontas a íoc ina leith.
(3) San alt seo folaíonn “iasacht tithíochta” iasacht atá le haisíoc agus atá urraithe trí eastát nó leas, ruílse nó léasach, i dteach a mhorgáistiú faoi na hachtacháin aisghairthe.
Cosaintí agus forálacha eatramhacha.
124.—(1) (a) Aon ordú, rialachán, riail, comhaontú, achomharc, iarratas, tíolacadh, cinneadh, íocaíocht nó tarchur a rinneadh, nó aon léas, iasacht, morgáiste, ceadú, toiliú nó treoir a tugadh, aon cheanglas a forchuireadh, aon deimhniú nó ionstraim a eisíodh nó aon chlár a coimeádadh, aon rún a ritheadh, aon fhógra a seirbheáladh, nó aon ní eile a rinneadh faoi aon achtachán a aisghairtear leis an Acht seo agus a d'fhéadfaí a dhéanamh, a thabhairt, a fhorchur, a eisiúint, a choimeád, a rith nó a sheirbheáil faoi fhoráil chomhréire den Acht seo, ní chuirfidh aon aisghairm a dhéantar leis an Acht seo ó bhail é ach, má bhí sé i bhfeidhm díreach sular aisghaireadh an t-achtachán sin amhlaidh, beidh éifeacht leis ionann is dá mba faoin bhforáil chomhréire den Acht seo a rinneadh, a tugadh, a forchuireadh, a eisíodh, a coimeádadh, a ritheadh nó a seirbheáladh é (cibé acu é), mura bhforáiltear a mhalairt.
(b) Beidh feidhm ag mír (a) maidir leis an gCláraitheoir, an Aire nó an Aire Airgeadais do dhéanamh aon ní a d'fhéadfadh an Banc Ceannais a dhéanamh faoin Acht seo.
(2) Ní dhéanfaidh na haisghairmeacha a dhéantar leis an Acht seo difear do chlárú ná do chorprú aon chumainn foirgníochta a cláraíodh nó a corpraíodh faoi achtachán a aisghairtear amhlaidh, agus measfar gur clárú nó corprú faoin Acht seo aon chlárú nó corprú den sórt sin.
(3) I gcás ar cion faoi achtachán a aisghairtear leis an Acht seo aon ghníomh nó neamhghníomh, agus go bhforálann an t-achtachán sin pionós mar gheall ar leanúint den chion, is cion, faoin bhforáil den Acht seo atá ar comhréir leis an bhforáil den achtachán aisghairthe a bhunaigh an cion, leanúint den ghníomh nó den neamhghníomh tar éis thosach feidhme an ailt seo.
(4) Déanfar aon tagairt in aon achtachán eile nó in aon doiciméad d'achtachán a aisghairtear leis an Acht seo a fhorléiriú, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairt don fhoráil chomhréire den Acht seo.
(5) Déanfaidh cumann a corpraíodh faoi na hachtacháin aisghairthe na nithe seo a leanas laistigh de thréimhse 2 bhliain tar éis thosach feidhme an ailt seo—
(a) comhaontú trí rún speisialta—
(i) ar chuspóirí an chumainn,
(ii) ar cibé ar chóir dó aon chumhachtaí inghlactha a ghlacadh (fara nó d'éagmais srianta) agus, más cóir, cad iad na cumhachtaí iad, agus
(iii) ar cibé ar chóir dó glacadh le srianta ar mhéid a chumhachtaí eile faoin Acht seo agus, más cóir, cad iad na srianta iad,
i meabhrán a mbeidh a fhorálacha de réir cheanglais Chuid I den Dara Sceideal;
(b) comhaontú, trí rún speisialta, ar rialacha ionas go mbeidh siad i gcomhréir leis an Acht seo agus le haon rialacháin a dhéanfar faoi; agus
(c) 3 chóip den mheabhrán nó de na rialacha, de réir mar a bheidh, a sheachadadh ar an mBanc Ceannais, a mbeidh gach cóip acu sínithe ag rúnaí an chumainn agus dearbhú reachtúil ón rúnaí ag gabháil léi á rá gur aontaíodh an meabhrán nó na rialacha trí rún a ritheadh mar rún speisialta, agus a iarraidh go gclárófar an meabhrán nó na rialacha.
(6) Beidh feidhm, faoi réir aon mhodhnuithe is gá, ag fo-ailt (3), (5) agus (6) d'alt 14 maidir le haon doiciméad a sheachadfar ar an mBanc Ceannais faoi fho-alt (5) (c).
(7) Le linn dó bheith ag aontú ar a mheabhrán nó ar a rialacha faoi fho-alt (5), cinnfidh an cumann, faoi réir fho-alt (8), an dáta a bhfuil sé beartaithe ag an gcumann go dtiocfaidh sé nó siad in éifeacht agus beidh ráiteas ag sonrú an dáta sin ag gabháil leis an meabhrán nó leis na rialacha a chuirfear chuig an mBanc Ceannais.
(8) Beidh éifeacht le forálacha meabhráin nó rialacha a chlárófar faoin alt seo ar an dáta a shonraítear i bhfo-alt (7) nó, mura ndéanfar an meabhrán nó na rialacha a chlárú go dtí dáta is déanaí, ar an dáta sin is déanaí.
(9) Ní shonrófar aon dáta faoi fho-alt (7), i ndáil le meabhrán nó rialacha cumainn, ar dáta é is déanaí ná 6 mhí tar éis dáta an chruinnithe ag ar aontaigh an cumann ar an meabhrán nó ar na rialacha, de réir mar a bheidh.
(10) Na rialacha cumainn a bhí i bhfeidhm an 21 Nollaig, 1988, leanfaidh siad i bhfeidhm maidir leis an gcumann sin go dtí an dáta a chinnfear de réir fho-alt (8) ach beidh éifeacht le forálacha an Achta seo, cé is moite de Chuid II den Dara Sceideal, agus forléireofar na rialacha sin dá réir sin.
(11) Chun críocha alt 50, measfar aon stiúrthóir láithreach ar chumann a bheith tofa go cuí mar stiúrthóir ar an data ar ar toghadh mar stiúrthóir é nó; de réir mar a bheidh, ar an dáta is déanaí ar ar atoghadh chun na hoifige sin é roimh thosach feidhme an ailt seo.
(12) Dá rachadh téarma oifige stiúrthóra láithrigh in éag, de réir na dtéarmaí ar a sealbhaíonn sé oifig, ar dháta is luaithe ná an dáta dá bhforáiltear le fo-alt (11), scarfaidh sé lena oifig ar an dáta sin is luaithe.
(13) Más rud é, ag tosach feidhme an ailt seo, go bhfuil stiúrthóir láithreach i seilbh oifige, ón dáta ar ar toghadh é nó ón dáta is déanaí ar ar atoghadh é, ar feadh tréimhse is faide ná an tréimhse dá bhforáiltear in alt 50 (10), scoirfidh sé dá oifig ag an gcéad chruinniú ginearálta bliantúil den chumann tar éis thosach feidhme an ailt seo.
Feidhmeanna a aistriú chuig an mBanc Ceannais.
125.—(1) Ó thosach feidhme an ailt seo, déanfar imeachtaí i ndáil le cumainn fhoirgníochta a bheidh ar feitheamh os comhair Chláraitheoir na gCumann Foirgníochta faoi na hAchtanna Cumann Foirgníochta, 1976 go 1986, a aistriú chuig an mBanc Ceannais, agus déileálfaidh an Banc Ceannais leo, faoin Acht seo.
(2) Ar thosach feidhme an ailt seo déanfaidh an Cláraitheoir, a mhéid a cheanglóidh an Banc Ceannais, na doiciméid agus na taifid go léir i ndáil le cumainn fhoirgníochta a bheidh i seilbh a oifige a aistriú chuig an mBanc.
Leasuithe ar na hAchtanna um Fhianaise Leabhar Baincéirí, 1879 agus 1959, agus ar an Bills of Exchange Act, 1882.
126.—(1) Leasaítear leis seo alt 9 (1) den Bankers' Books Evidence Act, 1879 (a cuireadh isteach leis an Acht um Fhianaise Leabhar Baincéirí (Leasú), 1959) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (d)—
“(e) a building society (within the meaning of the Building Societies Act, 1989).”.
(2) Leasaítear leis seo alt 2 den Bills of Exchange Act, 1882, tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “Banker”—
“‘Banker’ includes a body of persons whether incorporated or not who carry on the business of banking and a building society (within the meaning of the Building Societies Act, 1989).”.
Aitheantas a thabhairt do chuntais chumainn foirgníochta.
127.—(1) Déanfar aon tagairt in aon achtachán d'airgead a thaisceadh nó do chuntas a choinneáil i mbanc a fhorléiriú, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairt a fholaíonn tagairt d'airgead a thaisceadh le cumann foirgníochta, nó do chuntas a choinneáil i gcumann foirgníochta, atá údaraithe de réir bhrí alt 17, agus na forálacha d'aon achtachán den sórt sin a bhaineann le cearta agus oibleagáidí bainc i leith cuntas i mbanc beidh feidhm acu maidir le cumann foirgníochta mar atá feidhm acu maidir le banc.
(2) Féadfar aon taisce nó cuntas lena mbaineann fo-alt (1) a shealbhú i bhfoirm scairshealúchais sa chumann.
AN CHÉAD SCEIDEAL
Na hAchtacháin a Aisghairtear
Uimhir agus Bliain | Gearrtheideal | Méid na hAisghairme |
(1) | (2) | (3) |
An tAcht iomlán | ||
Alt 20 | ||
An tAcht iomlán | ||
An tAcht iomlán | ||
Alt 4 (2) | ||
An tAcht iomlán |
AN DARA SCEIDEAL
Forálacha is infheidhme maidir leis an meabhrán agus na rialacha
Cuid I: An Meabhrán
1. Sonrófar i meabhrán cumainn foirgníochta—
(a) ainm an chumainn;
(b) cuspóirí an chumainn;
(c) na cumhachtaí inghlactha (más ann) agus aon srianta orthu atá glactha ag an gcumann de réir alt 36; agus
(d) na srianta (más ann) atá glactha ag an gcumann ar mhéid aon chumhachtaí eile dá chuid faoin Acht seo.
2. D'fhonn mír 1 (c) agus (d) a chomhlíonadh ní mór téarmaí gach cumhachta inghlactha agus gach srian ar mhéid aon chumhachta a bheith leagtha amach sa mheabhrán.
3. D'fhonn mír 1 (c) a chomhlíonadh ó thaobh na gcumhachtaí dá dtagraítear in alt 28 de, déarfar sa mheabhrán go bhfuil glactha leis na cumhachtaí infheistíochta agus tacaíochta i gcás comhlachtaí corpraithe nó comhlachtaí tithíochta ceadaithe agus cad is cuspóir don infheistíocht nó don tacaíocht.
4. I gcás ina scoirfidh aon chumhacht a bheidh glactha ag cumann faoin Acht seo de bheith infheidhmithe ag cumann, cuirfidh an cumann nóta á rá sin agus ag lua an dáta ónar scoir sí amhlaidh ag gabháil lena mheabhrán agus cuirfidh sé cóip den nóta chuig an mBanc Ceannais agus coimeádfaidh seisean an chóip i gcomhad poiblí an chumainn.
Cuid II: Na Rialacha
5. Déanfar foráil i rialacha cumainn foirgníochta maidir leis na nithe seo a leanas—
(a) ainm an chumainn;
(b) an dóigh ina bhféadfaidh an cumann a phríomhoifig a athrú;
(c) an dóigh ina gcinnfear na téarmaí ar a n-eiseofar agus ar a n-aisíocfar scaireanna, agus an dóigh ina gcuirfear athruithe ar na téarmaí ar a sealbhaíonn siad a gcuid scaireanna in iúl do scairshealbhóirí;
(d) cibé acu atá nó nach bhfuil aon scaireanna tosaíochta nó iarchurtha le heisiúint agus, má tá, cad iad na teorainneacha a bheidh leo agus na téarmaí ar a n-eiseofar iad;
(e) an dóigh ina dtabharfar agus ina n-aisíocfar iasachtaí tithíochta, agus na coinníollacha ar a bhféadfaidh iasachtaí den sórt sin an méid a bheidh dlite de a fhuascailt roimh dheireadh na tréimhse dár tugadh an iasacht sin;
(f) na comhshocraíochtaí chun gníomhais mhorgáiste agus urrúis eile de chuid an chumainn a choimeád slán;
(g) an dóigh ina bhfionnfar caillteanais agus ina soláthrófar dóibh;
(h) cumhachtaí agus dualgais an bhoird stiúrthóirí;
(i) an dóigh ina gceapfar stiúrthóirí, ina n-íocfar luach saothair (lena n-áirítear pinsin) leo agus ina gcuirfear as oifig iad (lena n-áirítear an dóigh ina líonfar corrfholúntais) agus, i gcás nach mbeidh sé le socrú trí rún ag an gcruinniú ginearálta bliantúil, an luach saothair uasta a íocfar le stiúrthóirí;
(j) an dóigh ina n-íocfar luach saothair le hiniúchóirí;
(k) foirm shéala an chumainn agus na comhshocraíochtaí chun é a choimeád slán agus a úsáid;
(l) ceart comhaltaí cruinnithe a iarraidh;
(m) foirm an fhógra ag tionól cruinnithe agus an dóigh ina seirbheálfar an fógra;
(n) ceart comhaltaí rúin a thairiscint ag cruinnithe;
(o) an dóigh ina dtabharfar fógra do chomhaltaí i dtaobh aon rún (lena n-áirítear rún speisialta nó rún comhshó) atá le tairiscint ag cruinnithe;
(p) an nós imeachta a leanfar ag cruinnithe;
(q) cearta vótála comhaltaí, ceart comhalta vótaíocht a éileamh agus an dóigh ina ndéanfar vótaíocht;
(r) ceart comhalta seachvótálaí a cheapadh;
(s) cibé acu a dhéanfar díospóidí idir an cumann agus aon chomhalta dá chuid, nó aon duine a bheidh ag éileamh trí aon chomhalta nó faoi na rialacha, a réiteach trína dtarchur chun na Cúirte Cuarda, chun eadrána nó chun an Bhainc Ceannais;
(t) an dóigh ina scoirfidh comhaltas den chumann;
(u) ceart comhaltaí a bheith rannpháirteach i ndáileadh aon sócmhainní barrachais a bheidh ann tar éis íocaíochtaí le creidiúnaithe, tráth foirceanta nó tráth díscaoilte an chumainn; agus
(v) an dóigh ina gceapfar duine neamhspleách nó daoine neamhspleácha, nach oifigeach nó fostaí de chuid an chumainn, chun maoirsiú a dhéanamh ar stiúradh vótaíochta chun stiúrthóir a thoghadh.
6. Ní ghlacfar le haon ní sa Sceideal seo mar ní a údaraíonn aon fhoráil a dhéanamh i meabhrán nó i rialacha cumainn atá ar neamhréir leis an Acht seo nó le rialacháin arna ndéanamh faoi nó le ceanglais de chuid an Bhainc Ceannais i bhfeidhmiú a fheidhmeanna faoin Acht seo, ná mar ní a dhéanann difear d'oibriú aon fhorála den Acht seo lena gcuirtear rialacha ar neamhní go feadh méid sonraithe ar bith.
AN TRÍÚ SCEIDEAL
Forálacha forlíontacha i ndáil lehúdarú
1. (1) Maidir le hiarratas ar údarú—
(a) déanfar é ar cibé dóigh a shonróidh an Banc Ceannais, i gcoitinne nó in aon chás áirithe; agus
(b) beidh cibé faisnéis ag gabháil leis a cheanglóidh an Banc Ceannais, i gcoitinne nó in aon chás áirithe, d'fhonn a chinneadh ar chóir nó nár chóir údarú a dheonú, agus cibé acu i dteannta nó d'éagmais coinníollacha.
(2) Má cheanglaítear sin air le fógra ón mBanc Ceannais arna thabhairt tráth ar bith tar éis iarratas ar údarú a bheith déanta agus sula mbeidh cinneadh déanta ar an iarratas, tabharfaidh an t-iarratasóir cibé faisnéis bhreise don Bhanc Ceannais a cheanglóidh sé d'fhonn cinneadh a dhéanamh ar an iarratas.
(3) Má bheartaíonn an Banc Ceannais diúltú údarú a dheonú seirbheálfaidh sé fógra ar an iarratasóir á rá—
(a) go mbeartaíonn sé diúltú údarú a dheonú,
(b) cad iad na forais atá leis an diúltú beartaithe, agus
(c) go bhféadfaidh an t-iarratasóir uiríll a dhéanamh i scríbhinn chuig an mBanc Ceannais maidir leis an diúltú beartaithe laistigh de cibé tréimhse, nach lú ná 21 lá tar éis an fógra a sheirbheáil, a bheidh sonraithe san fhógra.
(4) Má tá ar áireamh sna forais atá leis an diúltú beartaithe an foras nach duine inniúil cuí aon oifigeach don chumann chun oifig a shealbhú sa chumann, seirbheálfaidh an Banc Ceannais fógra i dtaobh an fhorais sin ar an oifigeach sin agus tabharfar an ceart dó uiríll a dhéanamh, maidir lena inniúlacht agus lena chuibheas chun oifige, laistigh de cibé tréimhse, nach lú ná 21 lá tar éis an fógra a sheirbheáil, a bheidh sonraithe san fhógra.
(5) Déanfaidh an Banc Ceannais, sula ndéanfaidh sé cinneadh ar an iarratas, breithniú ar aon uiríll a bheidh déanta chuige faoi fhomhír (3) nó (4).
(6) Más rud é, ar iarratas ar údarú, go ndiúltóidh an Banc Ceannais údarú a dheonú, seirbheálfaidh sé fógra ar an gcumann agus ar gach oifigeach don chumann ina dtabharfar cinneadh an Bhainc Ceannais agus na forais a bhí leis agus, faoi réir fhomhír (7), déanfaidh sé amhlaidh sula mbeidh an tréimhse 6 mhí caite dar tosach an dáta a bhfuarthas an t-iarratas.
(7) In aon chás ina gceanglóidh an Banc Ceannais faisnéis bhreise a thabhairt maidir le hiarratas, is é an tráth is déanaí chun fógra a thabhairt faoi fhomhír (6) maidir leis an iarratas deireadh cibé tréimhse acu seo a leanas is túisce a chríochnóidh, eadhon—
(a) an tréimhse 6 mhí dar tosach an dáta a dtabharfar an fhaisnéis bhreise don Bhanc Ceannais; nó
(b) an tréimhse 12 mhí dar tosach an dáta a bhfuair an Banc Ceannais an t-iarratas.
2. (1) Má bheartaíonn an Banc Ceannais coinníollacha a fhorchur ar údarú nó na coinníollacha a ghabhann le húdarú a leasú, nó cur leo, ar dhóigh a dhéanfadh níos tromaí iad, seirbheálfaidh sé fógra ar an gcumann agus ar gach oifigeach don chumann á rá—
(a) go mbeartaíonn an Banc Ceannais coinníollacha a fhorchur nó na coinníollacha a ghabhann le húdarú a leasú nó cur leo;
(b) cad iad na coinníollacha, na leasuithe nó na breisithe atá beartaithe;
(c) cad iad na forais atá leis an togra; agus
(d) go bhféadfaidh an cumann uiríll i scríbhinn a dhéanamh chuig an mBanc Ceannais maidir leis an bhforchur, an leasú nó an breisiú beartaithe laistigh de cibé tréimhse, nach lú ná 21 lá tar éis an fógra a sheirbheáil, a bheidh sonraithe san fhógra.
(2) Má tá san áireamh in aon choinníoll a bheartaítear a fhorchur, a leasú nó a chur mar bhreis, aon cheanglas go gcuirfí aon oifigeach de chuid an chumainn as oifig, seirbheálfaidh an Banc Ceannais fógra i dtaobh an togra sin ar an oifigeach sin agus tabharfar an ceart dó uiríll a dhéanamh maidir leis an togra laistigh de cibé tréimhse, nach lú ná 21 lá tar éis an fógra a sheirbheáil, a bheidh sonraithe san fhógra.
(3) Déanfaidh an Banc Ceannais, sula ndéanfaidh sé cinneadh ar chóir coinníollacha a fhorchur nó a leasú nó cur leo, breithniú ar aon uiríll a bheidh déanta chuige faoi fhomhír (1) nó (2).
(4) Má chinneann an Banc Ceannais coinníollacha a fhorchur nó a leasú nó cur leo, seirbheálfaidh sé ar an gcumann agus ar gach oifigeach de chuid an chumainn fógra ina dtabharfar—
(a) na coinníollacha, agus
(b) na forais a bhí lena chinneadh.
(5) I gcás ina gcinnfidh an Banc Ceannais, tar éis dó breithniú a dhéanamh ar aon uiríll a rinneadh chuige faoi fhomhír (1) nó (2), ar aon fhorchur, leasú nó breisiú, de réir mar a bheidh, atá éagsúil leis an gceann a sonraíodh san fhógra faoi fhomhír (1), ní gá dó fógra nua a thabhairt faoin mír seo mura mbeidh an coinníoll nó na coinníollacha níos tromaí, de bharr na héagsúlachta sin, ná mar a bheadh dá leanfadh an Banc Ceannais ar aghaidh de réir an fhógra bhunaidh.
AN CEATHRÚ SCEIDEAL
Forálacha forlíontacha i ndáil lehÚDARÚ A CHÚLGHAIRM
1. (1) Má bheartaíonn an Banc údarú a chúlghairm (ar shlí seachas de bhun iarrata ón sealbhóir) seirbheálfaidh sé fógra ar an gcumann foirgníochta agus ar gach oifigeach á rá—
(a) go mbeartaíonn sé an t-údarú a chúlghairm,
(b) cad iad na forais atá aige leis an gcúlghairm bheartaithe a dhéanamh, agus
(c) go bhféadfaidh an cumann, laistigh de 21 lá tar éis dáta an fhógra a thabhairt, uiríll i scríbhinn a dhéanamh chuig an mBanc Ceannais i ndáil leis an gcúlghairm bheartaithe.
(2) Má tá ar áireamh sna forais atá leis an gcúlghairm bheartaithe an foras nach duine inniúil cuí aon oifigeach don chumann chun oifig a shealbhú sa chumann, seirbheálfaidh an Banc Ceannais fógra i dtaobh an fhorais sin ar an oifigeach atá i gceist freisin agus tabharfar an ceart dó uiríll a dhéanamh, maidir lena inniúlacht agus lena chuibheas chun oifige, laistigh de cibé tréimhse, nach lú ná 21 lá tar éis an fógra a sheirbheáil, a bheidh sonraithe san fhógra.
(3) Déanfaidh an Banc Ceannais, sula gcinnfidh sé ar chóir nó nár chóir an t-údarú a chúlghairm, breithniú ar aon uiríll a bheidh déanta chuige faoi fhomhír (1) nó (2) i ndáil leis an gcúlghairm bheartaithe agus seirbheálfaidh sé ar an gcumann agus ar gach oifigeach fógra ina dtabharfar a chinneadh agus na forais a bhí leis agus féadfaidh an cumann, laistigh de mhí amháin tar éis cinneadh an Bhainc a fháil, achomharc a dhéanamh chun na Cúirte ina choinne.
2. (1) I gcás ina gcúlghairfear údarú agus nach mbeidh an cumann á fhoirceannadh—
(a) leanfaidh an cumann de bheith faoi réir na ndualgas agus na n-oibleagáidí a fhorchuirtear air leis an Acht seo nó faoi go dtí go mbeidh a dhliteanais go léir maidir le scaireanna agus taiscí urscaoilte chun sástacht an Bhainc Ceannais;
(b) cuirfidh an cumann scéala, a luaithe is féidir, chuig na daoine go léir a shealbhaíonn scaireanna ann nó taiscí leis, agus chuig an mBanc Ceannais, i dtaobh na mbearta atá á ndéanamh aige chun a dhliteanais go léir maidir leis na scaireanna agus na taiscí sin a urscaoileadh go hiomlán gan mhoill mhíchuí; agus
(c) féadfaidh an Banc Ceannais, má mhainníonn an cumann scéala a chur chuige laistigh de thréimhse ama réasúnach de réir fhomhír (1) (b) nó más dóigh leis nach bearta sásúla na bearta atá á nglacadh ag an gcumann, nó a bheartaíonn sé a ghlacadh, chun a dhliteanais i leith scairshealbhóirí agus taisceoirí a urscaoileadh, treoir a thabhairt á thoirmeasc ar an gcumann—
(i) déileáil in aon sócmhainní, nó in aon sócmhainní sonraithe, dá chuid, nó iad a dhiúscairt, ar dhóigh ar bith,
(ii) gabháil d'aon idirbheart nó d'aon aicme idirbhirt nó d'aon idirbheart sonraithe, nó
(iii) íocaíochtaí a dhéanamh,
go ceann cibé tréimhse, nach faide ná 6 mhí, a bheidh sonraithe sa treoir, gan údarú roimh ré ón mBanc Ceannais agus féadfaidh sé a cheangal ar an gcumann scéim chun a dhliteanais i leith a scairshealbhóirí agus a thaisceoirí a urscaoileadh go hordúil agus go hiomlán a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Bhainc, laistigh de 2 mhí ón treoir, lena cheadú a fháil.
(2) I gcás ina dtabharfar treoir lena mbaineann fomhír (1) beidh feidhm ag forálacha an Chúigiú Sceideal fara aon mhodhnuithe is gá.
(3) Faoi réir fhomhír (4), cealófar go hiomlán aon oibleagáid íocaíocht a dhéanamh leis an gcumann, is íocaíocht a dtoirmisctear ar an gcumann, de bhua alt 17, í a ghlacadh.
(4) Más rud é, an tráth a chúlghairtear údarú cumainn, go mbeidh comhalta faoi oibleagáid íocaíochtaí a dhéanamh leis an gcumann in ionannas tráthchodanna den mhéid atá dlite ar mhodh suibscríobh le haghaidh scaire sa chumann agus ar íocaíochtaí iad a dtoirmisctear ar an gcumann, de bhua alt 17, iad a ghlacadh, beidh an oibleagáid (faoi réir aon ní i rialacha an chumainn agus aon chomhaontaithe idir an cumann agus an comhalta) ar fionraí, maidir le gach tráthchuid, ar feadh na tréimhse nach mbeidh aon údarú i bhfeidhm; agus dá réir sin má dheonaítear údarú don chumann dá éis sin beidh an tsuim a bheidh dlite iníoctha arís ina tráthchodanna.
(5) Beidh sé de dhualgas ar an gcumann comhshocraíochtaí réasúnacha a dhéanamh chun cistí an chumainn a úsáid faoi chomhair iarratas ó thaisceoirí leis an gcumann agus ó scairshealbhóirí ann (ar iarratais iad a dhéanfar de réir rialacha an chumainn) go n-aisíocfaí an t-airgead a bheidh taiscthe nó suibscríofa acu.
(6) Féadfaidh cumann ar cúlghaireadh a údarú iarratas a dhéanamh chun an Bhainc Ceannais ar údarú nua de réir alt 17.
(7) Cuirfidh an Banc Ceannais nóta faoi chúlghairm údarú an chumainn, agus faoin dáta a dtiocfaidh sí in éifeacht, i gcomhad poiblí an chumainn agus, a luaithe is féidir tar éis údarú a chúlghairm, foilseoidh sé fógra faoin gcúlghairm ar cibé dóigh is cuí leis.
(8) I gcás ina gcúlghairfear údarú cumainn agus go mbeidh an cumann á fhoirceannadh, féadfaidh an leachtaitheoir, d'ainneoin na cúlghairme, dul ar aghaidh ag seoladh ghnó an chumainn agus ag tabhairt le fios gur cumann foirgníochta é féin (agus na cearta agus na hoibleagáidí go léir a ghabhann le cumann den sórt sin aige) a mhéid a mheasfaidh an Banc Ceannais (nó an Chúirt, más faoi mhaoirseacht na Cúirte atá an cumann á fhoirceannadh) is gá chun a chumasú dó a fheidhmeanna a chomhall.
AN CÚIGIÚ SCEIDEAL
Forálacha forlíontachta i ndáil le treoir ón mBanc Ceannais faoi Alt 40
1. Féadfaidh an Banc Ceannais treoir a tugadh faoi alt 40 (2) a chúlghairm mura mbeidh ordú faoi mhír 3 déanta ag an gCúirt maidir leis an treoir.
2. Féadfaidh cumann foirgníochta dár tugadh treoir faoi alt 40 (2) iarratas a dhéanamh chun na Cúirte ar ordú ag cur na treorach ar ceal agus féadfaidh an Chúirt an t-ordú sin a dheonú.
3. Féadfaidh an Banc Ceannais iarratas a dhéanamh chun na Cúirte ar ordú, agus féadfaidh an Chúirt ordú a dheonú, ag daingniú treorach, nó á daingniú agus, faoi réir mhír 5, ag síneadh a tréimhse oibríochta go ceann cibé tréimhse ama, nach faide ná an tréimhse 12 mhí ón dáta ar tháinig an treoir in éifeacht, a mheasfaidh an Chúirt is cuí, ag féachaint do na himthosca go léir.
4. I dteannta nó in ionad ordú faoi mhír 3, féadfaidh an Chúirt cibé ordú eile a dhéanamh sa chás is dóigh léi is gá lena n-áirítear ordú ag ordú d'aon duine a shealbhaíonn airgead nó sócmhainní eile don chumann nó thar ceann an chumainn, nó do dhuine sonraithe, gan aon cheann de na sócmhainní sin a dhiúscairt ach amháin ar cibé coinníollacha agus i cibé imthosca a bheidh sonraithe san ordú.
5. Beidh críoch le treoir a bheidh daingnithe ag an gCúirt—
(a) i ndeireadh na tréimhse oibríochta a bheidh sonraithe ag an gCúirt,
(b) an tráth a dhéanfaidh an Chúirt ordú críochnaitheachta ar iarratas ón mBanc Ceannais,
(c) an tráth a dhéanfar ordú foirceanta maidir leis an gcumann, nó
(d) an tráth a dhéanfaidh an Chúirt ordú críochnaitheachta i gcás inar dóigh leis an gCúirt nach ann a thuilleadh do na himthosca ba bhun leis an treoir agus nach mbeadh sé ceart ná cóir gan an t-ordú a dhéanamh,
cibé acu is túisce a tharlóidh.
6. Más é tuairim an Bhainc Ceannais go bhfuil an cumann dár tugadh an treoir in ann freastal dá oibleagáidí i leith a scairshealbhóirí agus a chreidiúnaithe ach nach dócha go réiteofar na himthosca ba bhun leis an treoir, déanfaidh sé iarratas láithreach chun na Cúirte ar ordú, agus féadfaidh an Chúirt ordú a dheonú, ag ordú don chumann sin scéim chun a ghnó a fhoirceannadh go hordúil agus chun a dhliteanais i leith a scairshealbhóirí agus a thaisceoirí a urscaoileadh faoi mhaoirseacht an Bhainc a ullmhú, i gcomhairle leis an mBanc, agus a chur faoi bhráid na Cúirte, laistigh de 2 mhí, lena ceadú a fháil.
7. Ní cheadóidh an Chúirt téarmaí scéime faoi mhír 6 gan éisteacht a thabhairt don Bhanc Ceannais agus, i gcás go mbeidh díospóid ann i dtaobh téarmaí na scéime, féadfaidh an Banc nó an cumann a iarraidh ar an gCúirt a breithiúnas a thabhairt ar an ábhar.
8. Má mhainníonn an cumann déanamh de réir ordú ón gCúirt faoi mhír 6 nó má mhainníonn sé cloí leis an scéim a bheidh ceadaithe ag an gCúirt, féadfaidh an Banc Ceannais iarratas a dhéanamh chun na Cúirte ar cibé ordú breise, agus féadfaidh an Chúirt cibé ordú breise a dhéanamh, is dóigh léi is iomchuí, lena n-áirítear ordú cimithe nó ordú chun an cumann a fhoirceannadh ar an bhforas gur ceart agus gur cóir é a fhoirceannadh.
9. Féadfaidh an Chúirt, le hordú, ordú (seachas ordú faoi mhír 5) a rinne sí faoin Sceideal seo a chúlghairm nó a leasú.
10. I gcás ina dtabharfaidh an Banc Ceannais treoir de réir alt 40—
(a) déanfaidh an cumann dár tugadh an treoir gach beart is gá chun a áirithiú nach ndéanfar aon laghdú ar a chuid sócmhainní, cibé áit a mbeidh siad á sealbhú gan údarú roimh ré ón mBanc; agus
(b) féadfaidh an Banc a ordú do bhanc nó d'aon fhoras a bheidh díolmhaithe faoi alt 7 d'Acht 1971, agus a mbeidh cuntas de chuid an chumainn dár tugadh an treoir á shealbhú aige, íocaíochtaí as an gcuntas, gan údarú roimh ré ón mBanc, a fhionraí.