[EN]

Uimhir 5 de 1972


[EN]

AN tACHT RAIDIO-THEILEAGRAFAÍOCHTA, 1972

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DÁ CHUMASÚ DON AIRE POIST AGUS TELEGRAFA FAISNÉIS ÁIRITHE A FHÁIL I dTAOBH DÍOL AGUS FRUILIÚ GLÉASANNA GLACADÓIREACHTA TEILIFÍSE, DÁ CHUMASÚ DO MONARÚ NÓ ALLMHAIRIÚ GAIREAS RAIDIO-THEILEAGRAFAÍOCHTA ÁIRITHE A THOIRMEASC AGUS DEARBHUITHE ÁIRITHE A DHÉANAMH MAIDIR LE hEISIÚINT CHEADÚNAS DO GHAIREAS RAIDIO-THEILEAGRAFAÍOCHTA, DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHT RADIO-THELEGRAFAÍOCHTA, 1926 AGUS 1956, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [3 Aibreán, 1972] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

Léiriú.

1946, Uimh. 16.

1926, Uimh. 45.

1.—(1) San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “an lá ceaptha” cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú faoi alt 2 (4) den Acht seo;

[EN]

ciallaíonn “conradh fruilithe” conradh chun gléas teilifíse a ligean ar fruiliú;

[EN]

tá le “comhaontú fruilcheannaigh”, “comhaontú díola creidmheasa”, “úinéir”, “díoltóir”, agus “ceannaitheoir” na bríonna a shanntar faoi seach do “comhaontú fost-cheannaigh”, “comhaontú díol ar cáirde”, “únaer”, “díoltóir” agus “ceannaitheoir” le halt 1 den Acht Fost-Cheannaigh, 1946;

[EN]

ciallaíonn “fruilitheoir”—

[EN]

(a) duine a thuairiscítear sa mhíniú ar fhostóir in alt 1 den Acht Fost-Cheannaigh, 1946, agus

[EN]

(b) duine lena ndéanann déileálaí teilifíse conradh fruilithe;

[EN]

ciallaíonn “monarú” déanamh ar mhodh ar bith agus comhpháirteanna a chóimeáil;

[EN]

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoi alt 15 den Acht seo;

[EN]

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Radio-Thelegrafaíochta, 1926;

[EN]

tá le “déileálaí cláraithe” an bhrí a shanntar dó le halt 2 (3) den Acht seo;

[EN]

ciallaíonn “déileálaí teilifíse” duine a dhéanann aon cheann de na nithe seo a leanas ar mhodh trádála nó gnó—

[EN]

(a) gléasanna teilifíse a mhórdhíol nó a mhiondíol,

[EN]

(b) gléasanna den sórt sin a ligean ar fruiliú nó ar fruilcheannach,

[EN]

(c) a shocrú go ndéanfadh déileálaí teilifíse eile gléasanna den sórt sin a dhíol nó a ligean mar a dúradh,

[EN]

(d) bheith ag gabháil do bhailiú tráthchodanna nó íocaíochtaí eile de phraghas nó i leith phraghas aon ghléis teilifíse nó ar mhodh cíosa maidir le haon ghléas teilifíse a dhíol nó ligean, nó

[EN]

(e) a thabhairt le fios go bhfuil sé toilteanach gabháil d'aon cheann de na gníomhaíochtaí roimhe seo;

[EN]

ciallaíonn “gléas teilifíse” aon ghaireas le haghaidh radiotheileagrafaíochta atá deartha go príomha chun cláir theilifíse a ghlacadh agus a thaispeáint a chraoltar lena nglacadh go coitianta (cibé acu atá nó nach bhfuil a úsáid chun na críche sin ag brath ar aon rud eile a úsáid ina theannta) agus aon chóimeáil arb é atá inti gaireas den sórt sin agus gaireas eile.

[EN]

(2) San Acht seo folaíonn tagairtí do mhiondíol tagairtí do dhíol faoi chomhaontú díola creidmheasa ach ní fholaíonn siad tagairtí do dhíol ar ceant mura mbíonn an ceantálaí ag díol mar phríomhaí.

[EN]

(3) Chun críocha an Achta seo bíonn gléas teilifíse díolta nó ligthe ar fruiliú nó ar fruilcheannach nuair a bhíonn an conradh díola nó de réir mar a bheidh, an conradh fruilithe nó fruil-cheannaigh, déanta.

[EN]

Déileálaithe teilifíse a chlárú.

2.—(1) Déanfaidh an tAire clár déileálaithe teilifíse a bhunú agus a chothabháil.

[EN]

(2) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo, gach duine is déileálaí teilifíse an lá ceaptha nó a thiocfaidh chun bheith ina dhéileálaí den sórt sin dá éis sin, tabharfaidh sé, tráth nach déanaí ná tríocha lá tar éis an lae cheaptha, nó, de réir mar a bheidh, tar éis an dáta a thiocfaidh sé chun bheith ina dhéileálaí den sórt sin, fógra don Aire san fhoirm fhorordaithe ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas—

[EN]

(a) ainm an duine sin, agus

[EN]

(b) an áit nó na háiteanna ina gcoimeádfar na taifid a cheanglaítear leis an Acht seo a choimeád agus ina mbeidh siad ar fáil lena n-iniúchadh,

[EN]

agus taifeadfar an fhaisnéis sa chlár a bheidh bunaithe agus á chothabháil faoi fho-alt (1) den alt seo.

[EN]

(3) Má scoireann duine a thug fógra faoi fho-alt (2) den alt seo (dá ngairtear déileálaí cláraithe san Acht seo) de bheith ina dhéileálaí teilifíse, nó má tharlaíonn aon athrú ar na hábhair ar thug sé faisnéis ina dtaobh faoin alt seo, tabharfaidh sé fógra faoi sin don Aire tráth nach déanaí ná tríocha lá tar éis an dáta a scoir sé amhlaidh nó, de réir mar a bheidh, tar éis dáta an athraithe atá i gceist, agus déanfaidh an tAire an taifead sa chlár a bhaineann leis an déileálaí sin a chealú nó a athrú, de réir mar is iomchuí.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire, le hordú, lá a cheapadh chun bheith ina lá ceaptha chun críocha an Achta seo.

[EN]

Idirbhearta áirithe a chur in iúl agus a thaifeadadh.

3.—(1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3) den alt seo, gach déileálaí cláraithe a gceanglaítear air fógra a thabhairt faoi alt 2 den Acht seo agus a dhéanfaidh tar éis deireadh na tréimhse ar laistigh di a cheanglaítear air an fógra sin a thabhairt—

[EN]

(a) gléas teilifíse a mhórdhíol nó a mhiondíol;

[EN]

(b) gléas teilifíse a ligean ar chonradh fruilithe nó ar chomhaontú fruilcheannaigh; nó

[EN]

(c) a shocrú go ndéanfaidh déileálaí teilifíse eile gléas teilefíse a dhíol le duine ar bith nó a ligean chun duine ar bith mar a dúradh,

[EN]

tabharfaidh sé don Aire, i ndáil leis an díol nó an ligean sin, fógra ina mbeidh na sonraí a shonraítear i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus déanfaidh sé taifead de na sonraí a shonraítear sa Chuid sin, agus tabharfar na sonraí don Aire tráth nach déanaí ná—

[EN]

(i) i gcás go bhfuil tráth sonraithe sa Sceideal sin i ndáil leis na sonraí, an tráth sin, agus

[EN]

(ii) in aon chás eile, an lá deiridh den mhí i ndiaidh na míosa ina ndearnadh an díol nó an ligean.

[EN]

(2) I gcás go ndíolfaidh déileálaí cláraithe gléas teilifíse le déileálaí cláraithe eile nó go ligfidh sé gléas teilifíse chuige chun go ndéanfadh an déileálaí eile sin é a dhíol nó a ligean, ní bheidh sé de cheangal ar an déileálaí cláraithe a rinne an díol nó an ligean fo-alt (1) den alt seo a chomhlíonadh ach, ina ionad sin, tabharfaidh sé don Aire, i ndáil leis an díol nó an ligean, tráth nach déanaí ná an lá deiridh den mhí i ndiaidh na míosa ina ndearnadh an díol nó an ligean, fógra i dtaobh ainm agus seoladh an déileálaí chláraithe eile atá i gceist agus déanfaidh sé taifead den ainm agus den seoladh sin.

[EN]

(3) I gcás go ndéanfaidh déileálaí cláraithe, de bhun chomhaontú den chineál a shonraítear i bhfo-alt (1) (c) den alt seo, gléas teilifíse a dhíol nó a ligean agus go gceanglófar ar an déileálaí eile atá i gceist fo-alt (1) den alt seo a chomhlíonadh maidir leis an díol nó an ligean—

[EN]

(a) ní cheanglófar ar an déileálaí cláraithe lena ndearnadh an socrú fo-alt (1) den alt seo a chomhlíonadh i ndáil leis an díol nó an ligean, agus

[EN]

(b) déanfaidh an déileálaí cláraithe sin, mura rud é go mbeidh na híocaíochtaí go léir den phraghas nó i leith an phraghais nó ar mhodh cíosa maidir leis an díol nó an ligean le fáil nó le bailiú thar a cheann ag an déileálaí a rinne an socrú, i ndáil leis an díol nó an ligean, fógra a thabhairt don Aire, laistigh den tréimhse a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo, ina mbeidh na sonraí a shonraítear i gCuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

[EN]

Fógra i dtaobh tráthchodanna agus íocaíochtaí áirithe.

4.—(1) Déanfaidh gach déileálaí cláraithe, laistigh de cibé tréimhse (nach lú ná 90 lá) díreach tar éis a chláraithe a shocróidh an tAire le hordú, fógra a thabhairt don Aire más amhlaidh, de bhua chomhaontú díola creidmheasa, conartha fruilithe nó comhaontaithe fruilcheannaigh a bhaineann le gléas teilifíse a dhíol nó a ligean agus a rinneadh lá éagtha nó roimh lá éagtha na tréimhse ar laistigh di a cheanglaítear air faoi alt 2 den Acht seo fógra a thabhairt, a bhi nó a bheidh, de réir mar is iomchuí, aon tráthchuid den phraghas nó aon íocaíocht cíosa le híoc an lá réamhluaite nó i ndiaidh an lae sin.

[EN]

(2) I gcás go raibh nó go mbeidh tráthchuid nó íocaíocht a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo le híoc ar an modh a luaitear san fho-alt sin, tabharfaidh an déileálaí cláraithe, maidir leis an gconradh nó leis an gcomhaontú lena mbaineann an tráthchuid nó an íocaíocht, fógra freisin don Aire ina mbeidh na sonraí a shonraítear i gCuid III den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, agus tabharfar na sonraí don Aire—.

[EN]

(a) i gcás go bhfuil tréimhse sonraithe sa Sceideal sin i ndáil leis na sonraí, laistigh den tréimhse sin, agus

[EN]

(b) in aon chás eile, laistigh den tréimhse a shonraítear san fho-alt sin (1).

[EN]

Fógra maidir le gaireas nó trealamh a fhéadann cumhacht radiomhinicíochta áirithe a radú.

5.—Chun gurbh fhusa foinsí tathagacha trasnaíochta a bhrath go haibéil, féadfaidh an tAire, le hordú, a cheangal ar aon duine a bhfuil aon ghaireas nó trealamh ina sheilbh ar féidir dó, faoi dhálaí a bheidh sonraithe san ordú, cumhacht radio-mhinicíochta a radú comhionann le méid nó thar méid a bheidh sonraithe amhlaidh, fógra ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas a thabhairt don Aire laistigh de cibé tréimhse a bheidh sonraithe san ordú—

[EN]

(a) ainm agus seoladh an duine sin;

[EN]

(b) saintuairisc ar an ngaireas nó ar an trealamh; agus

[EN]

(c) seoladh an áitribh ina bhfuil sé feistithe nó le feistiú.

[EN]

Fógraí agus taifid i gcoitinne.

6.—(1) Is i scríbhinn agus san fhoirm fhorordaithe (más ann) a bheidh aon fhógra a bheidh le tabhairt don Aire faoi na forálacha sin roimhe seo den Acht seo.

[EN]

(2) Aon taifead a cheanglaítear leis an Acht seo a dhéanamh féadfar é a dhéanamh san fhoirm fhorordaithe (más ann) nó i bhfoirm ar bith eile lena bhféadfaidh an duine dá dtabharfar an taifead ar aird lena iniúchadh na nithe a bheidh ar taifead ann a aimsiú go héasca; agus aon ní is gá a thaifeadadh de bhua an Achta seo cuirfidh an duine lena mbaineann ar taifead é—

[EN]

(a) i gcás go bhfuil tréimhse sonraithe i ndáil leis sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, laistigh den tréimhse sin, agus

[EN]

(b) in aon chás eile, tráth nach déanaí ná an lá deiridh den mhí i ndiaidh na míosa ina ndearnadh an díol nó an ligean atá in gceist.

[EN]

(3) Aon taifead a cheanglaítear leis an Acht seo a dhéanamh ag aon duine, coimeádfar é in áit ina seolann sé gnó agus, mura scoirfidh sé roimhe sin de bheith ina dhéileálaí teilifíse, coimeádfaidh sé an taifead—

[EN]

(a) i gcás gur le díol a bhaineann sé agus nach i dtráthchodanna atá an praghas díola le híoc, go ceann dhá mhí dhéag ar a laghad ó dháta an díola;

[EN]

(b) i gcás gur le díol agus gur i dtráthchodanna atá an praghas le híoc nó le ligean a bhaineann sé, go ceann dhá mhí dhéag ón dáta ar a mbeidh an tráthchuid deiridh nó an íocaíocht deiridh cíosa dlite.

[EN]

(4) Déanfaidh an duine a bheidh i bhfeighil aon áit ina mbeidh taifead á choimeád faoin alt seo, tráth réasúnach ar bith, ar oifigeach don Aire arna údarú go cuí ag an Aire á iarraidh sin air, an taifead a thabhairt ar aird lena iniúchadh.

[EN]

(5) Féadfar aon fhógra a cheanglaítear a thabhairt don Aire leis an Acht seo nó faoin Acht seo, a thabhairt trína chur chuige leis an bpost cláraithe.

[EN]

Srian le gaireas áirithe a mhonarú nó a allmhairiú.

7.—(1) I gcás go bhfeicfear don Aire é a bheith fóirsteanach, d'fhonn baol trasnaíochta ar radio-theileagrafaíocht a chosc nó a laghdú, nó chun cibé críche eile a shonróidh an tAire, go mbeadh feidhm ag forálacha an ailt seo maidir le haon aicme nó cineál gairis le haghaidh radio-theileagrafaíochta, féadfaidh sé, le toiliú an Aire Tionscail agus Tráchtála, gaireas den aicme nó den chineál sin a shonrú le hordú chun críocha an ailt seo.

[EN]

(2) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo, i gcás aon aicme nó cineál gairis le haghaidh radio-theileagrafaíochta a bheith sonraithe de thuras na huaire le hordú faoi fho-alt (1) den alt seo—

[EN]

(a) ní dhéanfaidh duine gaireas den aicme nó den chineál sin a dhíol, a ligean ar fruiliú ná a mhonarú, cibé acu le haghaidh a dhíola é nó nach ea, ná

[EN]

(b) ní allmhaireoidh duine gaireas den aicme nó den chineál sin.

[EN]

(3) Féadfaidh forálacha a bheith ar áireamh in ordú faoi fho-alt (1) den alt seo a chumasóidh don Aire—

[EN]

(a) ceadúnais a dheonú ag tabhairt díolúine ó fhorálacha fho-alt (2) (a) den alt seo d'aon ghaireas le haghaidh radiotheileagrafaíochta d'aicme nó de chineál sonraithe a mhonaraítear sa Stát d'aontoisc lena onnmhairiú, agus

[EN]

(b) aon cheadúnas den sórt sin a eisiúint faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha maidir le díol) a shonrófar sa cheadúnas,

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo (lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo a chúlghairm nó a leasú.

[EN]

Speictream radio-mhinicíochta a chaomhnú agus trasnaíocht mhíchuí ar radio-theileagrafaíocht a sheachaint.

8.—(1) Chun an speictream radio-mhinicíochta a chaomhnú nó chun trasnaíocht mhíchuí ar radio-theileagrafaíocht a sheachaint, féadfaidh an tAire ó am go ham cibé coinníollacha speisialta a luaitear i bhfo-alt (4) den alt seo is cuí leis a fhorchur. Nuair a bheidh ceadúnas á dheonú ag an Aire faoin bPríomh-Acht féadfaidh sé a dhearbhú go bhfuil an ceadúnas á eisiúint faoi réir an t-úinéir do chomhlíonadh aon choinníollacha speisialta a forchuireadh faoin alt seo agus a bhaineann leis an ngaireas le haghaidh radio-theileagrafaíochta lena mbaineann an ceadúnas agus a mbeidh feidhm acu tráth ar bith a bheidh an ceadúnas i bhfeidhm. Má dhéanann an tAire dearbhú faoin alt seo maidir le ceadúnas, déanfaidh sé cibé bearta is gá chun a chinntiú go mbeidh cóip d'aon choinníoll speisialta a bheidh arna fhorchur de thuras na huaire faoin bhfo-alt seo ar fáil lena hiniúchadh gach tráth réasúnach ag duine ar bith.

[EN]

(2) Aon uair a fhorchuirfidh an tAire coinníollocha speisialta faoin alt seo, cuirfidh sé faoi deara a luaithe is féidir fógra ina thaobh sin a fhoilsiú i nuachtán laethúil amháin ar a laghad a fhoilsítear sa Stát agus beidh ráiteas san fhógra maidir leis an áit agus na tráthanna ar féidir le duine ar bith cóip de na coinníollacha speisialta a iniúchadh.

[EN]

(3) Aon uair a dhéanfaidh an tAire dearbhú faoin alt seo, measfar, fad a bheidh feidhm ag coinníoll speisialta a forchuireadh faoin bhfo-alt seo agus a bhaineann leis an ngaireas le haghaidh radio-theileagrafíochta áta i gceist, gur faoi réir an choinníll sin a eisíodh an ceadúnas lena mbaineann an dearbhú.

[EN]

(4) Is é atá sna coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo coinníollacha (ar féidir gur srianta iad) maidir le feistiú, cothabháil nó úsáid gairis le haghaidh radio-theileagrafaíochta agus féadfaidh baint a bheith ag na coinníollacha sin le gaireas ar leith nó le gaireas de shórt nó de chineál áirithe.

[EN]

(5) Ní ionchúiseofar duine toisc gur sháraigh sé coinníoll speisialta nó gur mhainnigh sé ceanglais coinníll speisialta a chomhlíonadh ar coinníoll é a meastar, de bhua an ailt seo, gur faoi a deonaíodh ceadúnas, murar tharla, sula ndearnadh an cion a líomhnaítear—

[EN]

(a) gur thug an tAire fógra i scríbhinn don duine maidir leis an gcoinníoll speisialta lena mbaineann an cion a líomhnaítear, agus

[EN]

(b) go raibh caoi réasúnach ag an duine ceanglais an choinníll speisialta a chomhlíonadh.

[EN]

Toimhdeana maidir le cionta faoi ailt 3 agus 7 den Phríomh-Acht.

9.—(1) In ionchúiseamh i leith ciona faoi alt 3 den Phríomh-Acht ina dtaispeánfar go raibh gaireas le haghaidh radio-theileagrafíochta in áitreabh áirithe lá áirithe, toimhdeofar, go dtí go gcruthóidh an cosantóir a mhalairt, go raibh an gaireas ina sheilbh an lá sin ag an duine arbh é áititheoir an áitribh é an tráth sin.

[EN]

(2) In ionchúiseamh i leith ciona faoin alt sin 3 ina ndealraíonn sé (de bhua fho-alt (1) den alt seo nó ar shlí eile) go raibh gaireas le haghaidh radio-theileagrafaíochta á choimeád nó ina sheilbh ag duine an tráth lena mbaineann an t-ionchúiseamh, toimhdeofar, go dtí go gcruthóidh an cosantóir a mhalairt, nár shealbhaigh sé an tráth sin ceadúnas faoin bPríomh-Acht ag a raibh éifeacht an tráth sin á cheadúnú dó an gaireas lena mbaineann an t-ionchúiseamh a choimeád nó a shealbhú.

[EN]

(3) In ionchúiseamh i leith ciona faoi alt 7 (3) den Phríomh-Acht ina dtaispeánfar gur seoladh fógra speisialta leis an bpost cláraithe, toimhdeofar, go dtí go gcruthóidh an cosantóir a mhalairt, nár chomhlíon an duine ar cuireadh an fógra chuige amhlaidh ceanglais an ailt sin 7 (3).

[EN]

(4) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn “áititheoir” maidir le háitreabh, duine atá, mar úinéir, tionónta nó eile, ag áitiú an áitribh ina aonar, i gcomhpháirt nó go leithleach;

[EN]

ciallaíonn “áitreabh” talamh agus folaíonn sé cuid d'fhoirgneamh a áitítear mar theaghais ar leith, cibé acu atá nó nach bhfuil an t-áititheoir ag áitiú i bpáirt le haon duine eile aon choda den chéanna nó aon chóiríocht, conláiste nó saoráid i ndáil leis.

[EN]

Cionta agus pionóis.

10.—(1) Aon duine—

[EN]

(a) a mhainneoidh, gan chúis ná leithscéal réasúnach, aon cheann de cheanglais alt 2, 3 nó 4 den Acht seo nó ceanglas in ordú faoi alt 5 den Acht seo a chomhlíonadh, nó

[EN]

(b) i gcomhlíonadh airbheartaithe aon cheann acu sin—

[EN]

(i) a sholáthróidh aon fhaisnéis is eol dó a bheith bréagach maidir le haon ní ábhartha, nó

[EN]

(ii) a dhéanfaidh aon taifead is eol dó a bheith bréagach in aon ní ábhartha nó a chuirfidh faoi deara nó a cheadóidh go feasach é sin a dhéanamh,

[EN]

beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo.

[EN]

(2) Aon duine—

[EN]

(a) a dhíolfaidh, a ligfidh ar fruiliú nó a mhonaróidh aon ghaireas le haghaidh radio-theileagrafaíochta contrártha d'alt 7 den Acht seo,

[EN]

(b) a allmhaireoidh aon ghaireas den sórt sin contrártha don alt sin 7.

[EN]

(c) a sháróidh nó nach gcomhlíonfaidh aon téarma nó coinníoll ar faoina réir a dheonaigh an tAire ceadúnas dó faoin alt sin 7, nó

[EN]

(d) a sháróidh nó nach gcomhlíonfaidh aon choinníoll speisialta ar faoina réir, de bhua alt 8 den Acht seo, a meastar gur dheonaigh an tAire ceadúnas dó faoin bPríomh-Acht,

[EN]

beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo.

[EN]

(3) Duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (1) den alt seo, dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil a chur air nach mó ná—

[EN]

(a) cúig phunt is fiche más le ceanglas in ordú faoin alt sin 5 a bhaineann an cion, agus

[EN]

(b) céad punt in aon chás eile.

[EN]

(4) Duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (2) den alt seo, dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil a chur air nach mó ná—

[EN]

(a) caoga punt i gcás an chéad chiona den sórt sin, agus

[EN]

(b) céad punt i gcás an dara cion nó cion dá éis den sórt sin, agus ina theannta sin, i ngach cás, dlífidh sé an gaireas go léir ar ina leith a rinneadh an cion a fhorghéilleadh.

[EN]

(5) Má chiontaítear duine as ucht gan ceanglas a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo a chomhlíonadh agus go leanfaidh neamh-chomhlíonadh an cheanglais tar éis an chiontaithe, beidh an duine sin ciontach i gcion breise as ucht gan an ceanglas a chomhlíonadh agus dlífear imeachtaí a thionscnamh ina choinne agus pionós a ghearradh air dá réir.

[EN]

Leasú ar alt 3 den Phríomh-Acht.

11.—Leasaítear leis seo alt 3 den Phríomh-Acht—

[EN]

(a) trí “ní fheisteoidh, ní chothabhálfaidh, ní oibreoidh ná ní úsáidfidh sé” agus “gur faoina réir, go sainráite nó de bhua an Achta seo, a deonaíodh an ceadúnas sin” a chur in ionad “ní oibreoidh ná ní úsáidfe sé” agus “de bhua an Achta so gur fé na réir a deonadh an ceadúnas san”, faoi seach, i bhfo-alt (2),

[EN]

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

[EN]

“(3) Gach duine a choimeádfaidh, a mbeidh ina sheilbh, a fheisteoidh, a chothabhálfaidh, a oibreoidh nó a úsáidfidh aon ghaireas contrártha don alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus dlífear, ar é a chiontú ann go hachomair, fíneáil a chur air nach mó ná—

[EN]

(a) caoga punt i gcás an chéad chiona den sórt sin, agus

[EN]

(b) céad punt i gcás an dara cion nó cion dá éis den sórt sin,

[EN]

agus, ina theannta sin, i ngach cás, dlífidh sé an gaireas ar ina leith a rinneadh an cion a fhorghéilleadh.”, agus

[EN]

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (6):

[EN]

“(6) Ní bhainfidh an t-alt seo le gaireas le haghaidh radio-theileagrafaíochta ar gaireas é—

[EN]

(a) d'aicme nó de chineál a ndearbhaítear de thuras na huaire le hordú ón Aire (ordú is féidir a chúlghairm nó a leasú le hordú eile) gur aicme nó cineál gairis é le haghaidh radio-theileagrafaíochta nach mbaineann an t-alt seo leis,

[EN]

(b) atá á choimeád nó ina sheilbh ag an Aire Cosanta le haghaidh na bhFórsaí Cosanta, nó

[EN]

(c) in aon long cogaidh leis an Stát nó le haon tír nó stát eile.”

[EN]

Leasú ar alt 7 den Phríomh-Acht.

12.—Leasaítear leis seo alt 7 den Phríomh-Acht—

[EN]

(a) tríd an mír seo a leanas a chur le fo-alt (2):

[EN]

“(f) aon ní a éileoidh an tAire chun sonraí a shoiléiriú a thaifid an duine nó a chuir sé in iúl i gcomhlíonadh airbheartaithe alt 2, 3 nó 4 den Acht Raidio-Theileagrafaíochta, 1972, nó ordaithe faoi alt 5 den Acht sin.”, agus

[EN]

(b) trí “thar chaoga punt” a chur in ionad “thar chúig púint” i bhfo-alt (3).

[EN]

Leasú ar alt 12A den Phríomh-Acht.

1960, Uimh. 10.

13.—Leasaítear leis seo alt 12A (3) den Phríomh-Acht (a cuireadh isteach ann le halt 34 den Acht um Údarás Craolacháin, 1960) trí “soicind. Folaíonn na tagairtí san fho-alt seo do ghléasra tagairtí do ghléasra le haghaidh radio-theileagrafaíochta agus tagairtí d'aon saghas líne leictreachais.” a chur in ionad na bhfocal go léir ó “soicind,” go dtí deireadh an fho-ailt.

[EN]

Leasú ar an Sceideal.

14.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, an Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a leasú.

[EN]

(2) Nuair a bheartófar ordú faoin bhfo-alt seo a dhéanamh, leagfar dréacht den ordú faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.

[EN]

Rialacháin i gcoitinne.

15.—Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun aon ní a fhorordú dá dtagraítear san Acht seo mar ní atá forordaithe.

[EN]

Orduithe agus rialacháin a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

16.—Cuirfidh an tAire faoi deara gach ordú, seachas ordú faoi alt 14 den Acht seo, agus gach rialaohán faoin Acht seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú nó an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe nó an rialacháin sin, beidh an t-ordú nó an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú nó faoin rialachán.

[EN]

Caiteachais an Aire.

17.—Is as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, a íocfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo.

[EN]

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

1956, Uimh. 4.

18.—(1) Féadfar an tAcht Raidio-Theileagrafaíochta, 1972, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna Raidio-Theileagrafaíochta, 1926 go 1972, a ghairm de na hAchta Radio-Thelegrafaíochta, 1926 agus 1956, de na hAchtanna um Údarás Craolacháin, 1960 go 1971, a mheid a leasaíonn siad na hAchtanna sin, agus den Acht seo le chéile.

[EN]

(3) Forléireofar an Príomh-Acht (arna leasú leis an Acht Radio-Thelegrafaíochta, 1956, leis an Acht um Údarás Craolacháin, 1960, agus leis an Acht um Údarás Craolacháin, 1966) agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin.

[EN]

AN SCEIDEAL

FOGRAI AGUS TAIFID

Ailt 3 agus 4.

Cuid I

Sonraí atá le cur in iúl agus le taifeadadh de bhun alt 3 (1).

1. Dáta an díola nó an ligin.

2. Ainm agus seoladh an cheannaitheora nó an fhruilitheora.

3. Déanamh agus sórt an ghléis teilifíse agus go háirithe cibé acu atá sé (a) deartha chun dathphictiúir a ghlacadh, agus (b) iniompair

4. I gcás díola, an le tráthchodanna atá an praghas le híoc agus, i gcás ligin, an ligean ar fruiliú nó ar fruilcheannach é.

5. I gcás díola creidmheasa nó ligin, ainm agus seoladh an díoltóra nó an úinéara agus ainm agus seoladh aon duine atá le haon íocaíocht nó tráthchuid a fháil den phraghas nó i leith an phraghais nó ar mhodh cíosa maidir leis an díol creidmheasa nó an ligean.

6. I gcás an gléas a bheith feistithe nó le feistiú ag an déileálaí cláraithe nó ag duine eile ar ordú uaidh, seoladh an áitribh ina bhfuil sé feistithe nó le feistiú agus ainm áititheoir an áitribh sin (más eol).

Laistigh de 30 lá ó thráth an eolais a theacht ar umhail an déileálaí chláraithe lena mbaineann.

7. I gcás gurb é an déileálaí féin an díoltóir nó an t-úinéir nó go bhfuil na híocaíochtaí nó na tráthchodanna sin le fáil ag an déileálaí nó le bailiú aige thar ceann an díoltóra nó an úinéara, aon athrú ar sheoladh an cheannaitheora nó an fhruilitheora.

8. Más rud é, tar éis dáta an díola nó an ligin, go mbeidh aon íocaíochtaí den phraghas nó i leith an phraghais nó ar mhodh cíosa maidir leis an díol nó an ligean a bheadh, murach sin, le fáil nó le bailiú ag an déileálaí, le fáil nó le bailiú ag duine eile, ainm agus seoladh an duine eile sin.

Cuid II

Sonraí atá le cur in iúl de bhun alt 3 (3).

1. Dáta an chonartha fruilithe, an chomhaontaithe fruilcheannaigh nó an chomhaontaithe díola creidmheasa, de réir mar a bheidh.

2. Ainm agus seoladh an cheannaitheora nó an fhruilitheora.

3. Ainm agus seoladh an déileálaí chláraithe a shocraigh an díol nó an ligean.

Laistigh de 30 lá ó thráth an eolais a theacht ar umhail an déileálaí chláraithe eile lena mbaineann.

4. Aon athrú ar sheoladh an cheannaitheora nó an fhruilitheora.

Cuid III

Sonraí atá le cur in iúl de bhun alt 4 (2).

1. Ainm agus seoladh an cheannaitheora nó an fhruilitheora.

2. Dáta an chonartha fruilithe, an chomhaontaithe díola creidmheasa nó an chomhaontaithe fruilcheannaigh, de réir mar a bheidh.

3. Más rud é, tar éis dáta an díola nó an ligin, go mbeidh aon íocaíochtaí den phraghas nó i leith an phraghais nó ar mhodh cíosa maidir leis an díol nó an ligean a bheadh, murach sin, le fáil nó le bailiú ag an déileálaí, le fáil nó le bailiú ag duine eile, ainm agus seoladh an duine eile sin.

Laistigh de 30 lá ó thráth an eolais a theacht ar umhail an déileálaí chláraithe lena mbaineann.

4. Aon athrú ar sheoladh an cheannaitheora nó an fhruilitheora.

5. Más rud é, tar éis fógra a bheith tugtha de bhun alt 4 (2) den Acht seo, go mbeidh aon íocaíochtaí den phraghas nó i leith an phraghais nó ar mhodh cíosa maidir leis an díol nó an ligean a bheadh, murach sin, le fáil nó le bailiú ag an déileálaí, le fáil nó le bailiú ag duine eile, ainm agus seoladh an duine eile sin.