Uimhir 6 de 1969
AN tACHT CAIRDE TALMHAÍOCHTA, 1969
[An tiontú oifigiúil]
Léiriú.
1.—San Acht seo—
ciallaíonn “Acht 1947” ar tAcht Cairde Thalmhaíochta, 1947;
ciallaíonn “Acht 1961” an tAcht Cairde Thalmhaíochta, 1961;
ciallaíonn “Acht 1965” an tAcht Cairde Talmhaíochta, 1965.
Méadú ar chaipiteal na Corparáide.
2.—(1) Féadfaidh an Chorparáid, faoi réim agus de réir alt 2 d'Acht 1961, a caipiteal a mhéadú go dtí iomlán nach mó ná deich milliún punt agus, dá réir sin, déanfar tagairt do dheich milliún punt a chur san alt sin in ionad na tagartha do shé mhilliún punt (a cuireadh isteach le halt 2 d'Acht 1965).
(2) Aisghairtear leis seo alt 2 d'Acht 1965.
Leasú ar alt 3 d'Acht 1965.
3.—Leasaítear leis seo alt 3 (1) d'Acht 1965 trí “fiche a cúig milliún punt” a chur in ionad “fiche milliún punt”.
Leasú ar alt 4 d'Acht 1965.
4.—Leasaítear leis seo alt 4 d'Acht 1965 trí “fiche a cúig milliún punt” a chur in ionad “fiche milliún punt”.
Leasú ar alt 19 d'Acht 1947.
5.—Leasaítear leis seo alt 19 (1) d'Acht 1947 trí “a luaithe is féidir” a chur in ionad “laistigh de nócha lá”.
Leasú ar alt 24 d'Acht 1947.
6.—Leasaítear leis seo alt 24 (6) (a) d'Acht 1947 trí “faoi láimh aturnae nó gníomhaire dlí an iasachtóra aitheanta sin” a chur in ionad “faoi shéala”.
Athrú ar mheabhrán agus airteagail chomhlachais na Corparáide.
7.—(1) Is dleathach don Chorparáid na hathruithe uile as gá nó is ceart chun éifeacht a thabhairt d'fhorálacha an Achta seo agus na nAchtanna Cairde Talmhaíochta, 1927 go 1965, arna leasú leis an Acht seo, agus is gá nó is ceart mar fhorlíonadh ar aon athrú, nó de dhroim aon athrú, den sórt sin, a dhéanamh ar a meabhrán agus a hairteagail chomhlachais.
(2) Beidh feidhm agus éifeacht ag fo-ailt (2) agus (3) d'alt 14 d'Acht 1961 maidir le hathruithe ar mheabhrán agus airteagail chomhlachais na Corparáide a údaraítear leis an alt seo mar atá feidhm agus éifeacht acu maidir le hathruithe ar an meabhrán sin agus ar na hairteagail sin a údaraítear leis an alt sin 14.
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.
8.—(1) Féadfar an tAcht Cairde Talmhaíochta, 1969, a ghairm den Acht seo.
(2) Forléireofar na hAchtanna Cairde Talmhaíochta, 1927 go 1965, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin.
(3) Féadfar na hAchtanna Cairde Talmhaíochta, 1927 go 1969, a ghairm de na hAchtanna Cairde Talmhaíochta, 1927 go 1965, agus den Acht seo le chéile.