Uimhir 6 de 1998
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1998
RIAR NA nALT
Réamhráiteach
Alt | |
1. | |
2. | |
3. |
Méaduithe
Feabhsuithe ar Scéimeanna Leasa Shóisialaigh
10. | |
11. | |
12. | |
13. |
Sonraí Seirbhíse Poiblí a Riaradh
14. | |
15. |
Forálacha Ilghnéitheacha
16. | Suimeanna a íoc isteach sa Chiste Árachais Shóisialaigh agus amach as. |
17. | |
18. | |
19. | |
20. | |
21. | Sochar míthreorach — éilimh a dhéantar lasmuigh den am forordaithe. |
22. | |
23. | |
24. | |
25. |
Leasú ar an Acht um Ranníocaí Sláinte, 1979, agus ar an Acht um Ghníomhaireacht Fostaíochta don Aos Óg, 1981
26. | |
27. | Leasú ar alt 18A den Acht um Ghníomhaireacht Fostaíochta don Aos Óg, 1981. |
Leasú ar alt 54 d'Acht na bPinsean, 1990
28. |
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
Blind Persons Act, 1920 | 1920, c. 49 |
An tAcht um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta, 1995 | 1995, Uimh. 32 |
Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1992 | 1992, Uimh. 18 |
An tAcht um Údaráis Áitiúla (Deontais Ardoideachais), 1992 | 1992, Uimh. 19 |
Acht na bPinsean (Leasú), 1996 | 1996, Uimh. 18 |
An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1992 | 1992, Uimh. 5 |
An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1994 | 1994, Uimh. 4 |
An tAcht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1995 | 1995, Uimh. 23 |
An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1996 | 1996, Uimh. 7 |
An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1997 | 1997, Uimh. 10 |
An tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1993 | 1993, Uimh. 27 |
An tAcht Comhdhlúite Cánacha, 1997 | 1997, Uimh. 39 |
Uimhir 6 de 1998
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1998
[An tiontú oifigiúil]
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA LEASA SHÓISIALAIGH, ALT 7A DEN ACHT UM RANNÍOCAÍ SLÁINTE, 1979, ALT 18A DEN ACHT UM GHNÍOMHAIREACHT FOSTAÍOCHTA DON AOS ÓG, 1981, AGUS ALT 54 D'ACHT NA bPINSEAN, 1990.
[1 Aibreán, 1998]
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:
CUID I
Réamhráiteach
Gearrtheideal agus forléiriú.
1.—(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1998, a ghairm den Acht seo.
(2) Déanfar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh agus an tAcht seo (seachas Codanna VI agus VII) a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin.
Mínithe.
2.—San Acht seo—
ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1993;
ciallaíonn “Acht 1994” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1994;
ciallaíonn “Acht Uimh. 2 de 1995” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1995;
ciallaíonn “Acht 1996” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1996;
ciallaíonn “Acht 1997” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1997.
Ionstraimí a bhuanú.
3.—Aon ionstraim a rinneadh faoi fhoráil den Phríomh-Acht a leasaítear leis an Acht seo agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an leasaithe, leanfaidh sí de bheith i bhfeidhm amhail is dá mbeadh sí déanta faoin bhforáil arna leasú amhlaidh.
CUID II
Méaduithe
Sochair árachais shóisialaigh (rátaí nua).
4.—(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht trí na Codanna atá leagtha amach i Sceideal A a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad Chodanna I go IV (a cuireadh isteach le halt 3 d'Acht 1997) den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht sin.
(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh—
(a) a mhéid a bhaineann sé le sochar dífhostaíochta, an 28ú lá de Bhealtaine, 1998,
(b) a mhéid a bhaineann sé le sochar míchumais, sochar sláinte agus sábháilteachta, sochar díobhála, aisce mhíthreorach agus pinsean míthreorach, an 1ú lá de Mheitheamh, 1998,
(c) a mhéid a bhaineann sé le pinsean scoir, pinsean easláine agus íocaíocht iomchuí de bhua alt 18(1)(a) d'Acht 1996, an 4ú lá de Mheitheamh, 1998, agus
(d) a mhéid a bhaineann sé le sochar báis faoi alt 60, 61, 62 nó 63 den Phríomh-Acht, pinsean seanaoise (ranníocach), pinsean baintrí agus baintrí fir (ranníocach) agus liúntas dílleachta (ranníocach), an 5ú lá de Mheitheamh, 1998.
Íocaíochtaí cúnaimh shóisialaigh (rátaí nua).
5.—(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht trí na Codanna atá leagtha amach i Sceideal B a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad Chodanna I agus II (a cuireadh isteach le halt 4 d'Acht 1997) den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin.
(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh—
(a) a mhéid a bhaineann sé le cúnamh dífhostaíochta agus liúntas míchumais, an 27ú lá de Bhealtaine, 1998,
(b) a mhéid a bhaineann sé le liúntas leasa forlíontach, an 1ú lá de Mheitheamh, 1998,
(c) a mhéid a bhaineann sé le liúntas réamhscoir, íocaíocht teaghlaigh aontuismitheora (seachas i gcás í a bheith iníoctha i leith baintrí nó baintrí fir), liúntas cúramóra, liúntas gaoil fhorordaithe agus íocaíocht iomchuí de bhua alt 18(1)(b) nó (c) d'Acht 1996, an 4ú lá de Mheitheamh, 1998, agus
(d) a mhéid a bhaineann sé le pinsean seanaoise (neamhranníocach), pinsean dall, pinsean baintrí agus baintrí fir (neamhranníocach), íocaíocht teaghlaigh aontuismitheora is iníoctha i leith baintrí nó baintrí fir agus pinsean dílleachta (neamhranníocach), an 5ú lá de Mheitheamh, 1998.
Sochar linbh (rátaí nua, etc.).
6.—(1) Leasaítear leis seo an Ceathrú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an gCuid seo a leanas a chur in ionad Chuid III (a cuireadh isteach le halt 5 d'Acht 1997):
“CUID III
Na Méideanna Sochair Linbh
An méid i leith gach linbh den chéad 2 leanbh | An méid i leith gach linbh de bhreis ar 2 |
(1) | (2) |
£31.50 | £42.00 |
”.
(2) Leasaítear leis seo alt 194 den Phríomh-Acht (arna leasú le halt 5 d'Acht 1996)—
(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):
“(2) D'ainneoin aon ní sa Chuid seo, is é an sochar míosúil is iníoctha le duine cáilithe i leith linbh cháilithe a saolaíodh—
(a) in ilbhreith bheirt leanbh, a bhfanfaidh beirt díobh cáilithe, 150 faoin gcéad den mhéid mar atá leagtha amach i gCuid III den Cheathrú Sceideal, nó
(b) in ilbhreith triúr leanbh nó níos mó—
(i) a bhfanfaidh triúr ar a laghad díobh cáilithe, 200 faoin gcéad den mhéid mar atá leagtha amach i gCuid III den Cheathrú Sceideal,
(ii) a bhfanfaidh beirt ar a laghad díobh cáilithe, 150 faoin gcéad den mhéid mar atá leagtha amach i gCuid III den Cheathrú Sceideal, agus
(iii) a bhfanfaidh duine amháin díobh cáilithe, suim a bheidh iníoctha de réir an mhéid atá leagtha amach i gCuid III den Cheathrú Sceideal.”,
(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):
“(4) £500 méid an deontais a bheidh iníoctha de réir fho-alt (3).”,
agus
(c) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (6A) (a cuireadh isteach le halt 5 d'Acht 1996) agus (7):
“(7) Faoi réir an Achta seo, aon duine a bheidh cáilithe le haghaidh sochair linbh, déanfar deontas £500 i leith ilbhreithe beirt leanbh cháilithe nó níos mó a íoc leis nó léi ar chothrom ceithre bliana agus dhá bhliain déag bhreith an duine is déanaí a rugadh san ilbhreith sin.
(8) Aon deontas a íocfar faoi fho-alt (3) nó faoi fho-alt (7), íocfar é i dteannta aon sochair linbh is iníoctha mar shochar míosúil faoin gCuid seo i leith na leanaí lena mbaineann.”.
(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá de Mheán Fómhair, 1998.
Forlíonadh ar ioncam teaghlaigh (rátaí seachtainiúla nua, etc.).
7.—(1) Leasaítear leis seo alt 197 den Phríomh-Acht tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “ioncam seachtainiúil teaghlaigh” (a cuireadh isteach le halt 6 d'Acht 1997):
“ciallaíonn ‘ioncam seachtainiúil teaghlaigh’, faoi réir rialachán faoi alt 202, an méid ioncaim a fhaigheann teaghlach in aon seachtain amháin, lúide—
(i) aon ranníoc inlamhála dá dtagraítear i Rialacháin 59 agus 60 (a cuireadh isteach leis na Rialacháin Chánach Ioncaim (Fostaíochtaí), 1972 (I.R. Uimh. 260 de 1972)) de na Rialacháin Chánach Ioncaim (Fostaíochtaí), 1960 (I.R. Uimh. 28 de 1960),
(ii) aon cháin ioncaim is iníoctha faoi fhorálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim mar a mhínítear in alt 1 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997, is infheidhme maidir le Sceideal E,
(iii) aon ranníocaí is iníoctha faoi alt 10(1)(b) nó rialacháin arna ndéanamh faoi alt 11,
(iv) aon ranníocaí is iníoctha faoi alt 5 den Acht um Ranníocaí Sláinte, 1979,
(v) aon ranníocaí is iníoctha faoi alt 16 den Acht um Ghníomhaireacht Fostaíochta don Aos Óg, 1981, nó
(vi) aon ioncam de chuid duine ar leanbh é i leith an teaghlaigh sin.”.
(2) Tiocfaidh fo-alt (1) i ngníomh an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1998.
(3) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 198 (a cuireadh isteach le halt 6 d'Acht 1997):
“Teideal chun forlíonadh. | 198.—Faoi réir an Achta seo, beidh liúntas (dá ngairtear ‘forlíonadh ar ioncam teaghlaigh’ san Acht seo) iníoctha as airgead a sholáthróidh an tOireachtas i leith teaghlaigh más lú an t-ioncam seachtainiúil teaghlaigh ná— (a) i gcás teaghlaigh nach bhfuil ach 1 leanbh ann, £212, (b) i gcás teaghlaigh a bhfuil 2 leanbh ann, £232, (c) i gcás teaghlaigh a bhfuil 3 leanbh ann, £252, (d) i gcás teaghlaigh a bhfuil 4 leanbh ann, £272, (e) i gcás teaghlaigh a bhfuil 5 leanbh ann, £297, (f) i gcás teaghlaigh a bhfuil 6 leanbh ann, £317, (g) i gcás teaghlaigh a bhfuil 7 leanbh ann, £334, nó (h) i gcás teaghlaigh a bhfuil 8 leanbh nó níos mó ann, £351.”. |
(4) Tiocfaidh fo-alt (3) i ngníomh an 4ú lá de Mheitheamh, 1998.
Ranníocaí fostaíochta (méaduithe ar na huasteorainneacha tuillimh, etc.).
8.—(1) Leasaítear leis seo alt 10 den Phríomh-Acht—
(a) trí “£100” a chur in ionad “£80” (a cuireadh isteach le halt 8(1)(a) d'Acht 1996) i bhfo-alt (1)(b),
(b) trí “£24,200” a chur in ionad “£23,200” (a cuireadh isteach le halt 8(1)(b) d'Acht 1997) i bhfo-alt (1)(c),
(c) trí “£270” a chur in ionad “£260” (a cuireadh isteach le halt 8(1)(c) d'Acht 1997) i bhfo-alt (1)(d)(i) agus (ii), agus
(d) trí “£29,000” a chur in ionad “£27,900” (a cuireadh isteach le halt 8(1)(d) d'Acht 1997) i bhfo-alt (1)(e).
(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1998.
Ranníocaí féinfhostaíochta (méadú ar an uasteorainn ioncaim).
9.—(1) Leasaítear leis seo alt 18(1) den Phríomh-Acht trí “£24,200” a chur in ionad “£23,200” (a cuireadh isteach le halt 9(1) d'Acht 1997) i mír (d).
(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1998.
CUID III
Feabhsuithe ar Scéimeanna Leasa Shóisialaigh
Acmhainn a mheasúnú — feabhsuithe.
10.—(1) Leasaítear leis seo Riail 1 de Chuid I den Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht—
(a) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (p) i mír (2) (a cuireadh isteach le halt 26(1)(a) d'Acht 1997):
“(p) seachas i gcás liúntais míchumais agus faoi réir mhír (6) agus (6A), aon airgead a thuillfidh sé nó a chéile ó fhostaíocht inárachaithe de chineál séasúrach.”,
(b) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (6) (a cuireadh isteach le halt 11(1)(b) d'Acht Uimh. 2 de 1995):
“(6A) seachas i gcás liúntais míchumais, luach an airgid go léir a gheobhaidh a chéile nó a céile ó fhostaíocht inárachaithe de chineál séasúrach, arna fhionnadh sa tslí fhorordaithe, le linn na tréimhse ina mbeidh a chéile nó a céile ag gabháil don fhostaíocht sin, agus measfar gurb é an luach arna ríomh amhlaidh acmhainn sheachtainiúil an duine sin ón bhfostaíocht sin.”,
agus
(c) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (r) i mír (2):
“(r) seachas i gcás liúntais míchumais, méid £2,000 mar aon le leath d'aon mhéid de bhreis ar £2,000 a gheofar faoi na scéimeanna seo a leanas:
(i) an Scéim um Chosaint na Timpeallachta Tuaithe a riarann an tAire Talmhaíochta agus Bia, agus
(ii) an Scéim um Limistéir Chaomhantais Speisialta a riarann an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán,”.
(2) Leasaítear leis seo Riail 1(4) (a cuireadh isteach le halt 26(1)(c) d'Acht 1997) de Chuid II den Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht—
(a) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (b):
“(bb) i gcás liúntais cúramóra, méid nach mó ná an méid uasta atá leagtha amach ag colún (2), tagairt 3 de Chuid I den Dara Sceideal, d'íocaíocht a fhreagraíonn do phinsean easláine faoi Chaibidil 15 de Chuid II, ó Bhallstát eile nó faoi reachtaíocht aon Stáit eile a bhfuil socrú cómhalartach déanta ag an Aire leis faoi fhorálacha alt 238,”,
(b) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (q):
“(q) i gcás pinsin seanaoise (neamhranníocach), méid £2,000 mar aon le leath d'aon mhéid de bhreis ar £2,000 a gheofar faoi na scéimeanna seo a leanas:
(i) an Scéim um Chosaint na Timpeallachta Tuaithe a riarann an tAire Talmhaíochta agus Bia, agus
(ii) an Scéim um Limistéir Chaomhantais Speisialta a riarann an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán,”,
agus
(c) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (t):
“(t) chun críocha pinsin seanaoise (neamhranníocach) agus pinsin baintrí agus baintrí fir (neamhranníocach), aon airgead a gheofar i leith cíosa ó dhuine a chónaíonn leis an éilitheoir nó leis an tairbhí agus, murach cónaí an duine sin, go mbeadh cónaí ar an éilitheoir nó ar an tairbhí ina aonar nó ina haonar,”.
(3) Leasaítear leis seo alt 4(4)(a) (arna leasú le halt 26(2) d'Acht 1997) den Phríomh-Acht trí “, 1(6) agus 1(6A)” a chur in ionad “agus 1(6)”.
(4) Leasaítear leis seo alt 119 (arna leasú le halt 11(3) d'Acht Uimh. 2 de 1995) den Phríomh-Acht trí “Faoi réir Riail 1(6) nó Riail 1(6A), de réir mar a bheidh,” a chur in ionad “Faoi réir Riail 1(6),” sa mhíniú ar “acmhainn sheachtainiúil”.
Íocaíocht i leith cumhacht ceannaigh a chailleadh.
11.—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 206:
“Íocaíocht i leith cumhacht ceannaigh a chailleadh. | 206A.—(1) I gcás ina ndéanfaidh duine éileamh ar aon sochar de réir alt 205 agus go gcuirtear moill le híoc an éilimh sin ar feadh tréimhse is faide ná 12 mhí agus gur imthosca atá faoi rialú na Roinne Gnóthaí Sóisialacha, Pobail agus Teaghlaigh is aonchúis nó is príomhchúis leis an moill agus nach bhfuil baint ag an duine leis an moill sin, féadfar a fhoráil le rialacháin go ndéanfar íocaíocht i leith na cumhachta ceannaigh a cailleadh, faoi réir cibé coinníollacha agus i cibé imthosca a fhorordófar. (2) I gcás duine lena mbaineann fo-alt (1), féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun go ndéanfar foráil maidir le méid costas a íoc, faoi réir cibé teorainneacha íosta agus uasta a fhorordófar, a bheidh tabhaithe iarbhír agus de riachtanas ag an duine sin.”. |
Liúntas cúramóra — íocaíocht tar éis bháis.
12.—Leasaítear leis seo alt 210(2) (arna leasú le halt 26 d'Acht 1994) den Phríomh-Acht—
(a) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (d):
“(dd) i gcás ina mbeidh liúntas cúramóra á fháil ag duine agus go bhfaighidh an pinsinéir iomchuí, ar ina leith atá an cúramóir ag cur cúram agus aire lánaimseartha ar fáil, bás, agus gurb é an cúramóir céile an phinsinéara sin, in aon chás nach mbeidh an cúramóir sin i dteideal íocaíochta faoi fhorálacha mhír (a), leanfar de liúntas cúramóra a íoc, i leith an phinsinéara iomchuí, ar feadh tréimhse 6 seachtaine tar éis bhás an phinsinéara iomchuí, agus”,
agus
(b) trí “(a), (c) nó (dd)” a chur in ionad “(a) nó (c)” gach áit a bhfuil sé i mír (f).
Leasuithe ar alt 2 den Phríomh-Acht — mínithe.
13.—Leasaítear leis seo alt 2 den Phríomh-Acht—
(a) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “an tAire” i bhfo-alt (1):
“ciallaíonn ‘an tAire’ an tAire Gnóthaí Sóisialacha, Pobail agus Teaghlaigh;”,
(b) trí “i rialacháin, nó” a chur in ionad “i rialacháin.” i bhfo-alt (3)(b)(II), agus
(c) tríd an gclásal seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (3)(b) i ndiaidh chlásal (II):
“(III) atá 18 mbliana d'aois nó os a chionn agus a mheastar a bheith ag freastal ar chúrsa staidéir de réir bhrí alt 126 (3)(a).”.
CUID IV
Sonraí Seirbhíse Poiblí a Riaradh
Sonraí seirbhíse poiblí a riaradh.
14.—(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht trí na hailt seo a leanas a chur in ionad alt 223:
“Uimhir phearsanta seirbhíse poiblí. | 223.—(1) San alt seo agus in ailt 223A, 223B agus 223C— ciallaíonn ‘uimhir chuntais phríomha’, i ndáil le cárta seirbhíse poiblí nó le cárta arna eisiúint faoi alt 223B, uimhir arb é atá inti— (a) uimhir eisitheora, arna heisiúint faoi cheadúnas ó Eagraíocht na gCaighdeán Idirnáisiúnta, (b) uimhir phearsanta seirbhíse poiblí, agus (c) uimhir chárta arna leithroinnt, i gcás cárta seirbhíse poiblí, ag an Aire nó, in aon chás eile, ag an duine a d'eisigh an cárta; ciallaíonn ‘comhlacht sonraithe’— (a) Aire den Rialtas, (b) údarás áitiúil (chun críocha an Achta Rialtais Áitiúil, 1941), (c) bord sláinte, (d) na Coimisinéirí Ioncaim, (e) An Foras Áiseanna Saothair, (f) An Post, (g) An tArd-Chláraitheoir, (h) an Bord um Chúnamh Dlíthiúil, (i) an Garda Síochána agus Óglaigh na hÉireann i leith a gcomhaltaí féin, nó (j) cibé duine eile a fhorordófar; ciallaíonn ‘céile’— (a) gach duine de lánúin phósta, nó (b) fear agus bean nach bhfuil pósta lena chéile ach atá ag maireachtáil i bhfochair a chéile mar fhearchéile agus banchéile; ciallaíonn ‘idirbheart’— (a) iarratas, (b) éileamh, (c) cumarsáid, (d) íocaíocht, nó (e) soláthar seirbhíse, i ndáil le cistí poiblí chuig comhlacht sonraithe nó dó nó uaidh agus a bhaineann le duine nádúrtha. (2) Féadfaidh an tAire uimhir (dá ngairtear ‘uimhir phearsanta seirbhíse poiblí’ san Acht seo) a leithroinnt agus a eisiúint chuig gach duine is ábhar d'aon idirbheart le comhlacht sonraithe. (3) Aon duine a dhéanann aon idirbheart le comhlacht sonraithe tabharfaidh sé nó sí don Aire cibé faisnéis, de réir mar a fhorordófar, is gá chun go ndéanfar uimhir phearsanta seirbhíse poiblí a leithroinnt agus a eisiúint. (4) Déanfaidh duine a uimhir nó a huimhir phearsanta seirbhíse poiblí agus uimhreacha pearsanta seirbhíse poiblí a chéile nó a céile agus a leanaí, más iomchuí, a thabhairt do chomhlacht sonraithe de réir mar a cheanglóidh an comhlacht sin chun críocha idirbheart an duine. (5) San alt seo déanfar tagairt d'uimhir phearsanta seirbhíse poiblí a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt d'uimhir ar a dtugtar uimhir ioncaim agus árachais shóisialaigh. (6) Aon duine, seachas— (i) an duine lena mbaineann an uimhir phearsanta seirbhíse poiblí, (ii) comhlacht sonraithe, (iii) duine a dhéanann idirbheart le comhlacht sonraithe i gcás ina mbaineann an uimhir leis an idirbheart idir an duine sin agus an comhlacht sonraithe, nó (iv) duine a gceanglaítear air nó uirthi forálacha ailt 221, 222 nó rialachán arna ndéanamh faoi na hailt sin a chomhlíonadh, a úsáidfidh uimhir phearsanta seirbhíse poiblí nó a dhéanfaidh iarracht a chur faoi deara uimhir phearsanta seirbhíse poiblí a nochtadh dó nó di, beidh sé nó sí ciontach i gcion. |
Cárta seirbhíse poiblí. | 223A.—(1) Féadfaidh an tAire cárta (dá ngairtear ‘cárta seirbhíse poiblí’ san Acht seo) a eisiúint chuig duine i cibé formáid is cuí leis an Aire agus beidh— (a) ainm, uimhir phearsanta seirbhíse poiblí agus uimhir chuntais phríomha an duine, maille leis an dáta eisiúna, inscríofa air, agus (b) dáta breithe, inscne agus uimhir chuntais phríomha an duine, maille le dáta éagtha an chárta agus cód seirbhíse an chárta, ionchódaithe go leictreonach air, agus beidh cibé faisnéis eile a fhorordófar inscríofa nó ionchódaithe go leictreonach ar an gcárta. (2) Féadfaidh duine, ar iarraidh a dhéanamh chuige sin chun an Aire, faisnéis atá ionchódaithe go leictreonach ar a chárta nó ar a cárta seirbhíse poiblí a fháil laistigh de 28 lá ón iarraidh sin, más indéanta sin. (3) Déanfaidh duine a chárta nó a cárta seirbhíse poiblí a thabhairt ar aird ar iarraidh ó chomhlacht sonraithe chun críocha idirbhirt. (4) Aon duine a dhéanfaidh, nó a dhéanfaidh iarracht, cárta seirbhíse poiblí a úsáid nó a dhéanfaidh iarracht a chur faoi deara cárta seirbhíse poiblí a thabhairt ar aird dó nó di, seachas— (a) an duine arb é nó í sealbhóir an chárta nó duine a bheidh ceaptha chun gníomhú thar ceann shealbhóir an chárta, (b) comhlacht sonraithe, chun críocha idirbhirt, nó (c) duine a dhéanann idirbheart le comhlacht sonraithe i gcás baint a bheith ag an uimhir phearsanta seirbhíse poiblí atá ar an gcárta leis an idirbheart idir an duine sin agus an comhlacht sonraithe, beidh sé nó sí ciontach i gcion. |
Cárta íocaíochta. | 223B.—(1) Féadfaidh an tAire a cheadú cibé faisnéis, de réir mar a fhorordófar, a inscríobh nó a ionchódú go leictreonach ar chárta, is féidir a inscríobh nó a ionchódú amhlaidh, seachas cárta seirbhíse poiblí d'fhonn sochar a íoc. (2) Féadfaidh duine, ar iarraidh a dhéanamh chuige sin chun an Aire, faisnéis atá inscríofa nó ionchódaithe go leictreonach ar an gcárta lena mbaineann fo-alt (1) agus a bhaineann leis nó léi a fháil laistigh de 28 lá ón iarraidh sin, más indéanta sin. (3) Aon duine a dhéanfaidh, nó a dhéanfaidh iarracht, cárta lena mbaineann fo-alt (1) a úsáid chun íocaíocht sochair a fháil agus nach sealbhóir an chárta é nó í an duine sin ná nach duine é nó í a bheidh ceaptha chun gníomhú thar ceann shealbhóir an chárta, beidh sé nó sí ciontach i gcion. |
Faisnéis a chomhroinnt. | 223C.—(1) San alt seo— tá le ‘rialaitheoir sonraí’ agus ‘sonraí pearsanta’ an bhrí chéanna a mhínítear in alt 1 den Acht um Chosaint Sonraí, 1988; ciallaíonn ‘faisnéis’ aon sonraí pearsanta nó faisnéis arna baint as sonraí den sórt sin; ciallaíonn ‘críoch iomchuí’— (a) d'fhonn teideal chuig aon cheann díobh seo a leanas a chinneadh nó d'fhonn rialú a dhéanamh air— (i) sochar, (ii) seirbhís arna soláthar le hailt 45, 58, 59 agus 61 den Acht Sláinte, 1970, nó fúthu, nó le rialacháin nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoin gcéanna, (iii) íocaíocht faoi alt 44 (3) den Acht Sláinte, 1947, (iv) liúntas faoin Blind Persons Act, 1920, (v) deontas arna dhámhachtain de réir rialachán arna ndéanamh faoi alt 2 (arna leasú le halt 3 den Acht um Údaráis Áitiúla (Deontais Ardoideachais), 1992) den Acht um Údaráis Áitiúla (Deontais Ardoideachais), 1968, nó (vi) cúnamh dlíthiúil arna dhámhachtain faoin Acht um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta, 1995, nó (b) d'fhonn— (i) measúnacht a dhéanamh de réir alt 9 d'Acht na dTithe, 1988, (ii) ligean a dhéanamh de réir alt 11 d'Acht na dTithe, 1988, (iii) cíos nó íocaíocht eile a chinneadh de réir alt 58 d'Acht na dTithe, 1966, nó d'fhonn rialú a dhéanamh ar an gcéanna. (2) Féadfaidh comhlacht sonraithe a shealbhaíonn faisnéis an fhaisnéis sin a chomhroinnt le comhlacht sonraithe eile a dhéanann idirbheart le duine nádúrtha a bhaineann le críoch iomchuí, más rud é go ndéanfaidh an comhlacht sonraithe a bheidh ag lorg na faisnéise uimhir phearsanta seirbhíse poiblí an duine is ábhar don idirbheart a chur ar fáil agus go sásóidh sé rialaitheoir sonraí an chomhlachta shonraithe a shealbhaíonn an fhaisnéis go mbaineann an fhaisnéis a iarrtar leis an idirbheart chun na críche sin a dúradh idir an duine agus an comhlacht sonraithe a lorgaíonn an fhaisnéis sin. (3) Ní fhéadfaidh comhlacht sonraithe faisnéis a lorg ach amháin chun críocha idirbhirt a bhaineann le críoch iomchuí. (4) Más rud é go bhfaighfear amach, maidir le faisnéis a chomhroinntear idir comhlacht sonraithe amháin agus ceann eile, go bhfuil sí míchruinn, déanfaidh an comhlacht sonraithe, ar é sin a fháil amach, an fhaisnéis cheart a dheimhniú leis an duine agus cuirfidh sé an fhaisnéis leasaithe in iúl don chomhlacht sonraithe eile. (5) Aon duine a dhéanfaidh, seachas le haghaidh idirbhirt maidir le críoch iomchuí, aon fhaisnéis a shealbhaíonn comhlacht sonraithe agus a bhaineann le duine eile a lorg nó a aistriú go feasach trí uimhir phearsanta seirbhíse poiblí an duine eile sin a úsáid, beidh sé nó sí ciontach i gcion.”. |
(2) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht trí “111(2), 115(2), 223(1), 223A(1) nó 223B(1)” a chur in ionad “111(2) nó 115(2)” in alt 4(5) (arna leasú le halt 37 d'Acht 1996).
Tosach feidhme (Cuid IV).
15.—Tiocfaidh an Chuid seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil agus le haghaidh forálacha éagsúla.
CUID V
Forálacha Ilghnéitheacha
Suimeanna a íoc isteach sa Chiste Árachais Shóisialaigh agus amach as.
16.—(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4) d'alt 7:
“(4) Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt go sonrach—
(a) déanfar suimeanna is iníoctha isteach sa Chiste a íoc isteach i gcuntas reatha an Chiste nó i gcuntas infheistíochta an Chiste, agus
(b) déanfar suimeanna is iníoctha amach as an gCiste a íoc amach as cuntas reatha an Chiste.”.
Athbhreithniú achtúireach.
17.—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 7:
“Athbhreithniú achtúireach. | 7A.—(1) Cuirfidh an tAire faoi deara— (a) go ndéanfaidh cibé daoine a shocróidh an tAire athbhreithnithe achtúireacha i dtaobh staid airgeadais an Chiste d'fhonn a chinneadh cá mhéid a mbeifear ag súil leis, go fadtéarmach, go bhfreastalóidh an Ciste do na héilimh i leith íocaíochtaí sochar agus íocaíochtaí eile, ag féachaint go háirithe do leordhóthanacht nó neamh-leordhóthanacht na ranníocaí faoi chomhair sochar agus íocaíochtaí eile agus cibé nithe eile is dóigh leis an Aire a bheith iomchuí sa mhéid go ndéanann siad difear do staid airgeadais reatha agus thodhchaí an Chiste, (b) tuarascáil a thabhairt don Aire an tráth a chríochnófar aon athbhreithniú den sórt sin, agus (c) cóip de gach tuarascáil faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas laistigh de 6 mhí ón tráth a chríochnófar an t-athbhreithniú. (2) Is é dáta críochnaithe an chéad athbhreithnithe achtúirigh faoin alt seo dáta nach déanaí ná an 31ú lá de Nollaig, 2002, agus is é dáta críochnaithe gach athbhreithnithe ina dhiaidh sin dáta nach déanaí ná 5 bliana tar éis dháta críochnaithe an athbhreithnithe díreach roimhe sin.”. |
Liúntas réamhscoir — forálacha a chomhdhlúthú.
18.—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an gCaibidil seo a leanas a chur in ionad Chaibidil 3 de Chuid III:
“CAIBIDIL 3
Liúntas Réamhscoir
Teideal chun liúntais. | 127.—(1) Faoi réir an Achta seo, beidh liúntas (dá ngairtear ‘liúntas réamhscoir’ sa Chaibidil seo) iníoctha i leith aon tréimhse scoir le duine— (a) a mbeidh an aois a shonraítear le rialacháin, ach nach mbeidh aois inphinsin, slánaithe aige nó aici, (b) nach mó a acmhainn nó a hacmhainn sheachtainiúil, faoi réir fho-alt (4), ná méid an liúntais réamhscoir (lena n-áirítear aon mhéaduithe air) a bheadh iníoctha leis an duine faoin gCaibidil seo mura mbeadh acmhainn ar bith ag an duine sin, agus (c) (i) a raibh sochar dífhostaíochta nó cúnamh dífhostaíochta á fháil aige nó aici i leith 390 lá dífhostaíochta ar a laghad in aon tréimhse leanúnach dífhostaíochta sa tréimhse díreach roimhe sin mar a fhorléirítear de réir alt 120(3), (ii) is céile idirscartha nach raibh fruilithe le fostaíocht chúititheach nó le féinfhostaíocht am ar bith sa tréimhse sin roimhe sin de réir mar a fhorordófar, nó (iii) a bhí, díreach roimh an tseachtain ar ina leith atá liúntas réamhscoir á éileamh— (A) ag fáil íocaíochta teaghlaigh aontuismitheora, ach atá scortha de bheith i dteideal na híocaíochta sin de bhua nach meastar a thuilleadh gur tuismitheoir cáilithe de réir bhrí alt 157(1) é nó í, nó (B) ag fáil liúntais cúramóra, ach atá scortha de bheith i dteideal an liúntais sin de bhua nach meastar a thuilleadh gur cúramóir de réir bhrí alt 163(1) é no í. (2) (a) Chun críocha fho-alt (1)(c)(ii) agus faoi réir alt 3(12), duine a bheidh idirscartha óna chéile nó óna céile, leanfar dá mheas nó dá meas mar chéile idirscartha i gcás an pósadh a bheith scaoilte, ar scaoileadh é atá aitheanta mar scaoileadh atá bailí sa Stát. (b) Faoi réir na Caibidle seo, leanfaidh liúntas réamhscoir de bheith iníoctha le duine a bhfuil feidhm ag fo-alt (1)(c)(ii) ina leith, mura n-athphósann an duine sin nó mura gcomhchónaíonn sé nó sí mar fhearchéile agus banchéile, agus sa chás sin scoirfidh an liúntas. (3) Sa Chaibidil seo, is í an ‘acmhainn sheachtainiúil’, faoi réir Riail 1(6A), an acmhainn bhliantúil arna roinnt ar 52; déanfar acmhainn a ríomh de réir na Rialacha atá i gCuid I den Tríú Sceideal. (4) Más rud é, maidir le céile éilitheora ar liúntas réamhscoir, nach aosach cáilithe an éilitheora é nó í, nó gur céile é nó í a bhfuil méadú iníoctha ina leith de bhua rialachán arna ndéanamh faoi alt 245A, glacfar leis gurb í leath na hacmhainne acmhainn an éilitheora. |
Rátaí liúntais (lena n-áirítear méaduithe d'aosach cáilithe agus do leanaí cáilithe). | 128.—(1) Faoi réir an ailt seo agus alt 122, is é an ráta liúntais réamhscoir (dá ngairtear ‘an ráta sceidealta’ sa Chaibidil seo) an ráta seachtainiúil atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid I den Cheathrú Sceideal, arna mhéadú— (a) den mhéid atá leagtha amach i gcolún (3) den Chuid sin in aghaidh aon tréimhse ar lena linn a bheidh aosach cáilithe ag an éilitheoir nó ag an tairbhí, faoi réir an tsriain nach mbeidh an t-éilitheoir nó an tairbhí i dteideal méadú a fháil faoin mír seo i leith níos mó ná duine amháin, agus (b) den mhéid cuí atá leagtha amach i gcolún (4) den Chuid sin i leith gach linbh cháilithe a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi leis an éilitheoir nó leis an tairbhí. (2) Beidh liúntas réamhscoir iníoctha— (a) i gcás nach mó ná £2 acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an tairbhí, de réir an ráta sceidealta, agus (b) i gcás gur mó ná £2 an acmhainn sheachtainiúil sin, de réir an ráta sceidealta arna laghdú de £2 i leith gach suim £2 (más ann) ar mó an acmhainn sheachtainiúil sin ná £2, agus aon chodán de £2 san acmhainn sheachtainiúil sin a áireamh chun na críche sin mar £2: Ar choinníoll, maidir leis an ráta arna ríomh de bhun na míre seo ar dá réir a bheadh an liúntas réamhscoir iníoctha murach an coinníoll seo— (i) más ionann é agus 10p nó níos mó ach gur lú é ná £1, go mbeidh an liúntas iníoctha de réir an ráta sheachtainiúil £1, agus (ii) más lú é ná 10p, nach mbeidh an liúntas iníoctha. (3) Aon mhéadú ar liúntas réamhscoir is iníoctha de bhun mhír (b) d'fho-alt (1) i leith linbh cháilithe a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi leis an éilitheoir nó leis an tairbhí agus le céile an éilitheora nó an tairbhí, beidh sé iníoctha de réir ráta ar leath é den mhéid cuí in aon chás nach aosach cáilithe é nó í céile an éilitheora nó an tairbhí agus forléireofar mír (b) d'fho-alt (1) agus beidh éifeacht léi dá réir sin. |
Rialacháin. | 129.—Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt don Chaibidil seo agus féadfaidh na rialacháin sin, go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo— (a) an aois chun críocha alt 127(1)(a) a shonrú, (b) na tréimhsí a mheasfar mar thréimhsí scoir chun críocha na Caibidle seo a shonrú, (c) na himthosca a shonrú ina mbeidh duine le meas mar chéile idirscartha chun críocha alt 127(1)(c)(ii), agus (d) an ráta seachtainiúil liúntais réamhscoir faoi alt 128 a athrú, ach ní dhéanfaidh aon athrú den sórt sin laghdú ar na rátaí seachtainiúla ab infheidhme díreach roimh thosach feidhme na rialachán sin. |
An scéim liúntais do bhean shingil a chomhtháthú leis an scéim liúntais réamhscoir. | 130.—(1) D'ainneoin na Caibidle seo agus rialachán arna ndéanamh fúithi, más rud é, díreach roimh an 5ú lá de Shamhain, 1992 (dá ngairtear ‘an lá ceaptha’ sa Chaibidil seo), go raibh bean, nach raibh aois inphinsin slánaithe aici, ag fáil liúntais do bhean shingil, beidh liúntas réamhscoir iníoctha léi ón lá ceaptha de réir an ráta chéanna a raibh an liúntas sin do bhean shingil iníoctha léi díreach roimh an lá sin: Ar choinníoll go leanfaidh sí de na coinníollacha maidir le hacmhainní de réir alt 127(3) a chomhlíonadh. (2) Chun críocha fho-alt (1), measfar, maidir le bean a bhí ag fáil liúntais do bhean shingil díreach roimh an lá ceaptha— (a) go bhfuil sí scortha de réir bhrí rialachán arna ndéanamh chun críocha alt 129(b), agus (b) go bhfuil an ceanglas atá in alt 127(1)(b) comhlíonta aici. (3) Aon chinneadh a rinne oifigeach breithiúnachta nó oifigeach achomhairc i ndáil le liúntas do bhean shingil a dhámhachtain do bhean roimh an lá ceaptha, measfar gur cinneadh é chun liúntas réamhscoir a dhámhachtain don duine sin ar an agus ón lá sin. (4) Sa Chaibidil seo, aon tagairt do ‘liúntas do bhean shingil’, ciallaíonn sí liúntas do bhean shingil a bhí iníoctha de bhua alt 198 (a aisghaireadh le halt 37 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1992) den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981, agus de bhua rialachán a rinneadh faoi.”. |
Pinsean dall.
19.—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) d'alt 141:
“141.—(1) Faoi réir an Achta seo—
(a) faoi réir mhír (b), beidh gach dall a bhfuil 18 mbliana d'aois slánaithe aige nó aici i dteideal cibé pinsean (dá ngairtear ‘pinsean dall’ san Acht seo) a fháil, agus leanúint dá fháil, a bheadh sé nó sí i dteideal a fháil faoi Chaibidil 4 den Chuid seo dá mbeadh aois inphinsin slánaithe aige nó aici, faoi réir an mhodhnaithe—
(i) gurb é an ráta pinsin dall a bheidh iníoctha an ráta seachtainiúil atá leagtha amach i gcolún (2), tagairt 5 i gCuid I den Cheathrú Sceideal, agus
(ii) go mbeidh an méadú is iníoctha de bhua alt 137(a), i gcás aois inphinsin a bheith slánaithe ag an tairbhí, amhail mar atá leagtha amach i gCuid II den Cheathrú Sceideal agus i ngach cás eile go mbeidh sé amhail mar atá leagtha amach i gCuid IIA den Cheathrú Sceideal,
agus
(b) go mbeidh feidhm ag forálacha na Caibidle sin 4 ar gach slí i gcás an duine sin, faoi réir na modhnuithe go gcuirfear na coinníollacha seo a leanas in ionad na gcoinníollacha reachtúla atá in alt 134 (a), eadhon, nach mór don duine—
(i) 18 mbliana d'aois a bheith slánaithe aige nó aici, agus
(ii) bheith chomh dall sin nach féidir leis no léi aon obair a dhéanamh a bhfuil radharc na súl riachtanach di nó nach féidir leis nó léi leanúint den ghnáthshlí bheatha atá aige nó aici.”.
Fiacha a ghnóthú.
20.—(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 279A (a cuireadh isteach le halt 31 d'Acht 1997):
“Fiacha a ghnóthú. | 279B.—I gcás ina mbeidh airgead faighte ag duine ón Roinn Gnóthaí Sóisialacha, Pobail agus Teaghlaigh nach raibh sé nó sí i dteideal a fháil, dlífidh an duine sin suim nach mó ná méid an airgid sin a fuarthas a aisíoc ar éileamh— (a) i gcás sochair, leis an gCiste Árachais Shóisialaigh, (b) i gcás cúnaimh (seachas liúntas leasa forlíontach), sochair linbh, forlíonadh ar ioncam teaghlaigh nó íocaíochta leantaí i leith leanaí cáilithe, leis an Aire, (c) i gcás liúntais leasa fhorlíontaigh, leis an mbord sláinte.”. |
(2) Leasaítear leis seo alt 281 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (6) agus (7):
“(6) Aon sochar, cúnamh, forlíonadh ar ioncam teaghlaigh nó íocaíocht leantach i leith leanaí cáilithe is inaisíoctha de réir alt 278, 279, 279A nó 279B, féadfar, gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile, é nó í a ghnóthú trí asbhaint as aon sochar, cúnamh (ach amháin liúntas leasa forlíontach) nó forlíonadh ar ioncam teaghlaigh a bhfuil an duine sin an tráth sin, nó a dtiocfaidh sé nó sí chun bheith, ina theideal.
(7) Aon sochar linbh is inaisíoctha de réir alt 278, 279, 279A nó 279B, féadfar, gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile, é a ghnóthú trí asbhaint as aon íocaíocht nó íocaíochtaí ar cuntas sochair linbh a bhfuil an duine sin an tráth sin, nó a dtiocfaidh sé nó sí chun bheith, ina teideal nó ina dteideal.”.
Sochar míthreorach — éilimh a dhéantar lasmuigh den am forordaithe.
21.—Leasaítear leis seo alt 205 den Phríomh-Acht (arna leasú le halt 32 d'Acht 1997)—
(a) trí “(seachas sochar míthreorach faoi alt 54, méadú ar shochar míthreorach faoi ailt 56 agus 57 nó sochar báis ar mhodh pinsin faoi ailt 60, 61 agus 62)” a chur isteach i bhfo-alt (2)(c) i ndiaidh “sochair díobhálacha ceirde”, agus
(b) trí na míreanna agus an coinníoll seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2)(d), (e) agus an choinníll:
“(d) i gcás sochair míchumais, liúntais breoiteachta nó liúntais míchumais, i leith aon tréimhse is faide ná 7 lá roimh an dáta a ndéanfar an t-éileamh,
(e) i gcás sochair máithreachais—
(i) i gcás ina ndéanfar an t-éileamh roimh dheireadh na seachtaine luí seoil, íocaíocht i leith aon tréimhse roimh thosach na seachtaine ina ndéanfar an t-éileamh,
(ii) i gcás ina ndéanfar an t-éileamh tar éis dheireadh na seachtaine luí seoil, íocaíocht i leith aon tréimhse roimh thosach an seachtú seachtain roimh an tseachtain ina ndéanfar an t-éileamh nach dáta é is luaithe ná tosach na seachtaine luí seoil, agus
(f) i gcás sochair míthreorach faoi alt 54, méadaithe ar shochar míthreorach faoi alt 56 nó alt 57 nó sochair báis ar mhodh pinsin faoi ailt 60, 61 nó 62, i leith aon tréimhse is faide ná 3 mhí roimh an dáta a ndéanfar an t-éileamh:
Ar choinníoll, i gcás sochair lena mbaineann míreanna (c), (d), (e) nó (f), más rud é go gcruthóidh éilitheoir chun sástachta oifigigh breithiúnachta nó oifigigh achomhairc—
(I) go raibh sé nó sí, ar dháta ba luaithe ná an dáta a ndearnadh a éileamh nó a héileamh ar shochar (lena n-áirítear aon mhéadú air), i dteideal an tsochair sin, ar leith ón gcoinníoll a chomhlíonadh ó thaobh éileamh a dhéanamh, agus
(II) go raibh cúis mhaith, i gcaitheamh na tréimhse idir an dáta ba luaithe agus an dáta a ndearnadh a éileamh nó a héileamh, leis an moill a bhain le héileamh a dhéanamh, nach mbeidh sé nó sí dícháilithe chun íocaíocht a fháil i leith aon tréimhse den sórt sin dá dtagraítear i bhfomhír (I) nach faide ná 6 mhí roimh an dáta a ndéantar an t-éileamh.”, agus
(c) trí “oifigeach breithiúnachta nó oifigeach achomhairc, de réir mar a bheidh,” a chur in ionad “oifigeach don Aire arna cheapadh ag an Aire chun na críche sin” i bhfo-alt (2D).”.
Cionta — gan faisnéis a nochtadh.
22.—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 221:
“Faisnéis a éilíonn an tAire. | 221.—(1) D'fhonn rialú agus imscrúdú a dhéanamh ar theideal chun aon sochair, faoin Acht seo nó faoi scéimeanna atá á riaradh ag an Aire nó thar ceann an Aire, féadfaidh an tAire a cheangal ar cibé daoine a fhorordófar cibé faisnéis i ndáil le cibé daoine nó cibé aicmí daoine a fhorordófar a thabhairt dó nó di. (2) Aon duine a mhainneoidh ceanglas a chuirfear air nó uirthi faoi fho-alt (1) nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi a chomhlíonadh, beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 a chur air nó uirthi.”. |
Oifigigh a cheapadh.
23.—(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) d'alt 212:
“Cigirí leasa shóisialaigh. | 212.—(1) Féadfaidh an tAire, nó oifigeach a bheidh údaraithe chuige sin le hordacháin speisialta nó ghinearálta ón Aire, cibé oifigigh agus cibé líon oifigeach a cheapadh de réir mar is cuí chun bheith ina gcigirí leasa shóisialaigh chun críocha cibé forálacha de Chodanna II, III, IV, V, VA, IX agus den Chuid seo a chinnfidh sé nó sí i gcás na gceapachán sin.”. |
(2) Leanfaidh cigire leasa shóisialaigh a ceapadh faoi alt 212(1) den Phríomh-Acht agus a bhí i seilbh oifige díreach roimh thosach feidhme an ailt seo de bheith in oifig amhail is dá mba rud é gur ceapadh é nó í faoi fho-alt (1) (arna chur isteach leis an alt seo) d'alt 212.
Gaol faoi dhliteanas.
24.—(1) Leasaítear leis seo alt 2 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4) (a cuireadh isteach le halt 38 d'Acht 1996):
“(5) Faoi réir Chuid IX den Acht seo ciallaíonn ‘gaol faoi dhliteanas’, i ndáil le haon duine—
(a) fear atá faoi dhliteanas—
(i) a bhanchéile a chothabháil,
(ii) a iar-bhanchéile a chothabháil i gcás an pósadh a bheith scaoilte, ar scaoileadh é atá aitheanta mar scaoileadh atá bailí sa Stát,
le linn di a bheith ag fáil liúntais nó sochair, agus
(iii) aon leanbh cáilithe dá chuid, a bhfuil méadú ar liúntas nó ar shochar iníoctha leis an máthair ina leith, a chothabháil, nó
(b) bean atá faoi dhliteanas—
(i) a fearchéile a chothabháil,
(ii) a hiar-fhearchéile a chothabháil i gcás an pósadh a bheith scaoilte, ar scaoileadh é atá aitheanta mar scaoileadh atá bailí sa Stát,
le linn dó a bheith ag fáil liúntais, agus
(iii) aon leanbh cáilithe dá cuid, a bhfuil méadú ar liúntas iníoctha leis an athair ina leith, a chothabháil.”.
(2) Leasaítear leis seo alt 247 den Phríomh-Acht (arna leasú le halt 29 d'Acht 1997) trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhír (dd) (a cuireadh isteach le halt 7(3) d'Acht 1996) agus (e) i bhfo-alt (2):
“(e) faoi Chuid VA (íocaíocht leantach i leith leanaí cáilithe);
(f) faoi Chuid VI (forálacha ginearálta maidir le hárachas sóisialach, cúnamh sóisialach agus inárachaitheacht), agus
(g) faoi Chuid IX (dliteanas an teaghlach a chothabháil).”.
(3) Cúlghairtear leis seo alt 29(1)(b) d'Acht 1997.
(4) Leasaítear leis seo alt 284(1) den Phríomh-Acht tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “liúntas”—
“ciallaíonn ‘liúntas’ íocaíocht teaghlaigh aontuismitheora, liúntas leasa forlíontach nó íocaíocht iomchuí de bhua alt 18(1)(a) nó (b) den Acht Leasa Shóisialaigh, 1996,”.
(5) Leasaítear leis seo alt 286 (arna leasú le halt 29 d'Acht 1997) den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):
“(4) I gcás inar deimhin le breitheamh den Chúirt Dúiche gur mhainnigh nó gur fhailligh an gaol faoi dhliteanas, tráth éisteachta iarratais ag an údarás inniúil faoi fho-alt (2), an ranníoc a dhéanamh a cheanglaítear faoin alt seo agus go raibh sé nó sí in ann ranníoc a dhéanamh i leith an liúntais a deonaíodh, ordóidh an breitheamh go n-íocfar an ranníoc sin leis an údarás inniúil i cibé slí is cuí leis nó léi.”.
Tosach feidhme (Cuid V).
25.—Tiocfaidh an Chuid seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil agus le haghaidh forálacha éagsúla.
CUID VI
Leasú ar an Acht um Ranníocaí Sláinte, 1979, agus ar an Acht um Ghníomhaireacht Fostaíochta don Aos Óg, 1981
Leasú ar alt 7A den Acht um Ranníocaí Sláinte, 1979.
26.—(1) Leasaítear leis seo alt 7A den Acht um Ranníocaí Sláinte, 1979—
(a) trí “£207” a chur in ionad “£197” (a cuireadh isteach le halt 38(1)(a)(i) d'Acht 1997) i mír (1)(a),
(b) trí “£10,750” a chur in ionad “£10,250” (a cuireadh isteach le halt 38(1)(a)(ii) d'Acht 1997) i mír (1)(b), agus
(c) trí “£10,750” a chur in ionad “£10,250” (a cuireadh isteach le halt 38(1)(b) d'Acht 1997) i bhfo-alt (2).
(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1998.
Leasú ar alt 18A den Acht um Ghníomhaireacht Fostaíochta don Aos Óg, 1981.
27.—(1) Leasaítear leis seo alt 18A den Acht um Ghníomhaireacht Fostaíochta don Aos Óg, 1981—
(a) trí “£207” a chur in ionad “£197” (a cuireadh isteach le halt 39(1)(a)(i) d'Acht 1997) i mír (1)(a),
(b) trí “£10,750” a chur in ionad “£10,250” (a cuireadh isteach le halt 39(1)(a)(ii) d'Acht 1997) i mír (1)(b), agus
(c) trí “£10,750” a chur in ionad “£10,250” (a cuireadh isteach le halt 39(1)(b) d'Acht 1997) i bhfo-alt (2).
(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1998.
CUID VII
Leasú ar alt 54 d'Acht na bPinsean, 1990
Leasú ar alt 54 d'Acht na bPinsean, 1990.
28.—Leasaítear leis seo alt 54 (arna leasú le halt 20 d'Acht na bPinsean (Leasú), 1996) d'Acht na bPinsean, 1990—
(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1), (2) agus (3):
“(1) Déanfaidh iontaobhaithe scéime cibé faisnéis a thabhairt do cibé daoine i cibé imthosca agus laistigh de cibé teorainneacha ama a fhorordófar i ndáil leis na nithe seo a leanas, is é sin le rá—
(a) comhdhéanamh na scéime,
(b) riaradh agus airgeadas na scéime,
(c) na cearta agus na hoibleagáidí atá nó a fhéadfaidh a bheith ann faoin scéim, agus
(d) cibé nithe eile a fhorordófar agus is dóigh leis an Aire is iomchuí maidir le scéimeanna i gcoitinne nó le scéimeanna de thuairisc áirithe lena mbaineann an scéim.”,
(b) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (4) i ndiaidh mhír (b):
“(c) féadfaidh an Bord le fógra i scríbhinn a iarraidh ar fhostóir lena mbaineann scéim nó ar iontaobhaithe scéime cibé faisnéis a thabhairt don Bhord laistigh de cibé teorainneacha ama a shonróidh an Bord i ndáil leis na nithe a thuairiscítear i bhfo-alt (1) agus déanfaidh an fostóir nó na hiontaobhaithe de réir aon iarrata den sórt sin.”,
agus
(c) trí “nó rialacháin faoi fho-alt (3)” a scriosadh i bhfo-alt (5).
SCEIDEAL A
“An Dara Sceideal
Na Rátaí Sochar
CUID I
Na Rátaí Sochar Tréimhsiúil agus na Méaduithe Orthu
An cineál sochair | An ráta seachtainiúil | An méadú i leith aosaigh cháilithe (más iníoctha) | An méadú i leith gach linbh cháilithe (más iníoctha) | An méadú i leith gaoil fhorordaithe faoi alt 167 (más iníoctha) | An méadú i gcás aois inphinsin a bheith slánaithe ag an duine agus é nó í ina chónaí nó ina cónaí ina aonar nó ina haonar (más iníoctha) | An méadú i gcás 80 bliain d'aois a bheith slánaithe ag an duine (más iníoctha) |
(1) | (2) | (3) | (4) | (5) | (6) | (7) |
£ | £ | £ | £ | £ | £ | |
1. Sochar Michumais, Sochar Dífhostaíochta, Sochar Díobhála agus Sochar Sláinte agus Sábháilteachta ... ... | 70.50 | 41.20 | 13.20 | -- | -- | -- |
2. Sochar Báis: | ||||||
(a) pinsean is iníoctha le baintreach nó le baintreach fir faoi alt 60 | 92.40 | -- | 17.00 | 41.80 | 6.00 | -- |
(b) pinsean is iníoctha le tuismitheoir | ||||||
(i) ráta laghdaithe ... | 43.20 | -- | -- | 41.80 | 6.00 | -- |
(ii) ráta uasta ... | 92.40 | -- | -- | 41.80 | 6.00 | -- |
(c) pinsean is iníoctha le dílleachta ... ... | 50.90 | -- | -- | -- | -- | -- |
3. Pinsean Seanaoise (Ranníocach) agus Pinsean Scoir: | 83.00 | 52.50 | 15.20 | 41.80 | 6.00 | 5.00 |
méadú breise i leith aosaigh cháilithe a bhfuil aois inphinsin slánaithe aige nó aici ... ... ... | -- | 4.40 | -- | -- | -- | -- |
4. Pinsean Easláine: | 72.20 | 46.50 | 15.20 | 41.80 | 6.00 | 5.00 |
méadú breise i leith tairbhí a bhfuil 65 bliana d'aois slánaithe aige nó aici ... | 10.80 | -- | -- | -- | -- | -- |
5. Pinsean Baintrí agus Baintrí Fir (Ranníocach) agus íocaíocht iomchuí de bhua alt 18(1)(a) den Acht Leasa Shóisialaigh, 1996: | 74.10 | -- | 17.00 | 41.80 | 6.00 | 5.00 |
méadú breise i leith tairbhí a bhfuil aois inphinsin slánaithe aige nó aici | 2.00 | -- | -- | -- | -- | -- |
6. Liúntas Dílleachta (Ranníocach) | 48.60 | -- | -- | -- | -- | -- |
CUID II
Sochair Dhíobhálacha Ceirde — Aiscí agus Deontas
An Cineál Deontais | Méid | |||||||
(1) | (2) | |||||||
£ | ||||||||
1. Sochar Míthreorach: | ||||||||
Aisce uasta | ... | ... | ... | ... | ... | ... | ... | 6,590 |
2. Sochar Báis: | ||||||||
Deontas i leith costas sochraide | ... | ... | ... | ... | ... | 330 |
CUID III
Pinsean Míthreorach
An grád míthreorach | An ráta seachtainiúil | |||
(1) | (2) | |||
£ | ||||
100 faoin gcéad | ... | ... | ... | 94.20 |
90 ” ” | ... | ... | ... | 84.80 |
80 ” ” | ... | ... | ... | 75.40 |
70 ” ” | ... | ... | ... | 65.90 |
60 ” ” | ... | ... | ... | 56.50 |
50 ” ” | ... | ... | ... | 47.10 |
40 ” ” | ... | ... | ... | 37.70 |
30 ” ” | ... | ... | ... | 28.30 |
20 ” ” | ... | ... | ... | 18.80 |
CUID IV
Méaduithe ar Phinsean Míthreorach
An Cineál Méadaithe (1) | An Ráta Seachtainiúil (2) |
£ | |
1. Méadú i gcás an duine a bheith éagumasach go buan chun oibre | 70.50 |
2. Méadú i gcás síor-fhreastal a bheith ag teastáil ón duine: | |
(a) teorainn an mhéadaithe ach amháin i gcásanna míthreorach fíor-dhona ... ... ... ... ... ... ... | 39.60 |
(b) teorainn in aon chás eile ... ... ... ... ... | 77.60 |
”.
SCEIDEAL B
“An Ceathrú Sceideal
Na Rátaí Cúnaimh
CUID I
Na Rátaí Cúnaimh Shóisialaigh Thréimhsiúil agus na Méaduithe orthu
An cineál cúnaimh | An ráta seachtainiúil | An méadú i leith aosaigh cháilithe (más iníoctha) | An méadú i leith gach linbh cháilithe (más iníoctha) | An méadú i leith gaoil fhorordaithe faoi alt 167 (más iníoctha) | An méadú i gcás aois inphinsin a bheith slánaithe ag an duine agus é nó í ina chónaí nó ina cónaí ina aonar nó ina haonar (más iníoctha) | An méadú i gcás 80 bliain d'aois a bheith slánaithe ag an duine (más iníoctha) |
(1) | (2) | (3) | (4) | (5) | (6) | (7) |
£ | £ | £ | £ | £ | £ | |
1. Cúnamh Dífhostaíochta: | ||||||
(a) i gcás duine lena mbaineann alt 121(1)(a) | 70.50 | 41.20 | 13.20 | -- | -- | -- |
(b) i gcás duine lena mbaineann alt 121(1)(b) | 68.40 | 41.20 | 13.20 | -- | -- | -- |
2. Liúntas Réamhscoir ... | 70.50 | 41.20 | 13.20 | -- | -- | -- |
3. Liúntas Míchumais ... | 70.50 | 41.20 | 13.20 | -- | -- | -- |
4. Pinsean Seanaoise (Neamhranníocach) ... ... | 72.50 | -- | 13.20 | 41.80 | 6.00 | 5.00 |
5. Pinsean Dall: | 70.50 | -- | 13.20 | 41.80 | 6.00 | 5.00 |
méadú breise i leith tairbhí a bhfuil aois inphinsin slánaithe aige nó aici | 2.00 | -- | -- | -- | -- | -- |
6. Pinsean Baintrí (Neamhranníocach), Pinsean Baintrí Fir (Neamhranníocach) agus íocaíocht iomchuí de bhua alt 18(1)(b) nó (c) den Acht Leasa Shóisialaigh, 1996: | 70.50 | -- | -- | 41.80 | 6.00 | 5.00 |
méadú breise i leith tairbhí a bhfuil aois inphinsin slánaithe aige nó aici | 2.00 | -- | -- | -- | -- | -- |
7. Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora: | 70.50 | -- | 15.20 | -- | -- | 5.00 |
méadú breise i leith tairbhí a bhfuil aois inphinsin slánaithe aige nó aici | 2.00 | -- | -- | -- | -- | -- |
8. Liúntas Cúramóra: | ||||||
(a) i gcás duine lena mbaineann alt 165(1)(a) | 110.30 | -- | 13.20 | -- | -- | -- |
méadú breise i leith tairbhí a bhfuil aois inphinsin slánaithe aige nó aici | 3.00 | -- | -- | -- | -- | -- |
(b) i gcás duine lena mbaineann alt 165(1)(b) | 73.50 | -- | 13.20 | -- | -- | -- |
méadú breise i leith tairbhí a bhfuil aois inphinsin slánaithe aige nó aici | 2.00 | -- | -- | -- | -- | -- |
9. Pinsean Dílleachta (Neamhranníocach) ... ... | 48.60 | -- | -- | -- | -- | -- |
10. Liúntas Leasa Forlíontach | 68.40 | 41.20 | 13.20 | -- | -- | -- |
CUID II
An Méadú ar Phinsean Seanaoise (Neamhranníocach) agus An Méadú ar Phinsean Dall (i gcás Aois Inphinsin a bheith Slánaithe ag an Tairbhí) i leith Duine Amháin de Lánúin
Acmhainn an éilitheora nó an phinsinéara | Ráta seachtainiúil an mhéadaithe | |||||
£ | ||||||
Má bhíonn acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an | ||||||
phinsinéara gan bheith níos mó ná £6 | ... | ... | ... | 41.20 | ||
níos mó ná £6 gan bheith níos mó ná £8 | ... | ... | 40.20 | |||
níos mó ná £8 gan bheith níos mó ná £10 | ... | ... | 39.20 | |||
níos mó ná £10 gan bheith níos mó ná £12 | ... | ... | 38.20 | |||
níos mó ná £12 gan bheith níos mó ná £14 | ... | ... | 37.20 | |||
níos mó ná £14 gan bheith níos mó ná £16 | ... | ... | 36.20 | |||
níos mó ná £16 gan bheith níos mó ná £18 | ... | ... | 35.20 | |||
níos mó ná £18 gan bheith níos mó ná £20 | ... | ... | 34.20 | |||
níos mó ná £20 gan bheith níos mó ná £22 | ... | ... | 33.20 | |||
níos mó ná £22 gan bheith níos mó ná £24 | ... | ... | 32.20 | |||
níos mó ná £24 gan bheith níos mó ná £26 | ... | ... | 31.20 | |||
níos mó ná £26 gan bheith níos mó ná £28 | ... | ... | 30.20 | |||
níos mó ná £28 gan bheith níos mó ná £30 | ... | ... | 29.20 | |||
níos mó ná £30 gan bheith níos mó ná £32 | ... | ... | 28.20 | |||
níos mó ná £32 gan bheith níos mó ná £34 | ... | ... | 27.20 | |||
níos mó ná £34 gan bheith níos mó ná £36 | ... | ... | 26.20 | |||
níos mó ná £36 gan bheith níos mó ná £38 | ... | ... | 25.20 | |||
níos mó ná £38 gan bheith níos mó ná £40 | ... | ... | 24.20 | |||
níos mó ná £40 gan bheith níos mó ná £42 | ... | ... | 23.20 | |||
níos mó ná £42 gan bheith níos mó ná £44 | ... | ... | 22.20 | |||
níos mó ná £44 gan bheith níos mó ná £46 | ... | ... | 21.20 | |||
níos mó ná £46 gan bheith níos mó ná £48 | ... | ... | 20.20 | |||
níos mó ná £48 gan bheith níos mó ná £50 | ... | ... | 19.20 | |||
níos mó ná £50 gan bheith níos mó ná £52 | ... | ... | 18.20 | |||
níos mó ná £52 gan bheith níos mó ná £54 | ... | ... | 17.20 | |||
níos mó ná £54 gan bheith níos mó ná £56 | ... | ... | 16.20 | |||
níos mó ná £56 gan bheith níos mó ná £58 | ... | ... | 15.20 | |||
níos mó ná £58 gan bheith níos mó ná £60 | ... | ... | 14.20 | |||
níos mó ná £60 gan bheith níos mó ná £62 | ... | ... | 13.20 | |||
níos mó ná £62 gan bheith níos mó ná £64 | ... | ... | 12.20 | |||
níos mó ná £64 gan bheith níos mó ná £66 | ... | ... | 11.20 | |||
níos mó ná £66 gan bheith níos mó ná £68 | ... | ... | 10.20 | |||
níos mó ná £68 gan bheith níos mó ná £70 | ... | ... | 9.20 | |||
níos mó ná £70 gan bheith níos mó ná £72 | ... | ... | 8.20 | |||
níos mó ná £72 gan bheith níos mó ná £74 | ... | ... | 7.20 | |||
níos mó ná £74 gan bheith níos mó ná £76 | ... | ... | 6.20 | |||
níos mó ná £76 | ... | ... | ... | ... | ... | Neamhní |
CUID IIA
Méadú ar Phinsean Dall i leith Duine Amháin de Lánúin (i gcás nach bhfuil aois inphinsin slánaithe ag an Tairbhí)
Acmhainn an éilitheora nó an phinsinéara | Ráta seachtainiúil an mhéadaithe | |||
£ | ||||
Má bhíonn acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an | ||||
phinsinéara gan bheith níos mó ná £6 | ... | ... | ... | 41.20 |
níos mó ná £6 gan bheith níos mó ná £8 | ... | ... | 40.20 | |
níos mó ná £8 gan bheith níos mó ná £10 | ... | ... | 39.20 | |
níos mó ná £10 gan bheith níos mó ná £12 | ... | ... | 38.20 | |
níos mó ná £12 gan bheith níos mó ná £14 | ... | ... | 37.20 | |
níos mó ná £14 gan bheith níos mó ná £16 | ... | ... | 36.20 | |
níos mó ná £16 gan bheith níos mó ná £18 | ... | ... | 35.20 | |
níos mó ná £18 gan bheith níos mó ná £20 | ... | ... | 34.20 | |
níos mó ná £20 gan bheith níos mó ná £22 | ... | ... | 33.20 | |
níos mó ná £22 gan bheith níos mó ná £24 | ... | ... | 32.20 | |
níos mó ná £24 gan bheith níos mó ná £26 | ... | ... | 31.20 | |
níos mó ná £26 gan bheith níos mó ná £28 | ... | ... | 30.20 | |
níos mó ná £28 gan bheith níos mó ná £30 | ... | ... | 29.20 | |
níos mó ná £30 gan bheith níos mó ná £32 | ... | ... | 28.20 | |
níos mó ná £32 gan bheith níos mó ná £34 | ... | ... | 27.20 | |
níos mó ná £34 gan bheith níos mó ná £36 | ... | ... | 26.20 | |
níos mó ná £36 gan bheith níos mó ná £38 | ... | ... | 25.20 | |
níos mó ná £38 gan bheith níos mó ná £40 | ... | ... | 24.20 | |
níos mó ná £40 gan bheith níos mó ná £42 | ... | ... | 23.20 | |
níos mó ná £42 gan bheith níos mó ná £44 | ... | ... | 22.20 | |
níos mó ná £44 gan bheith níos mó ná £46 | ... | ... | 21.20 | |
níos mó ná £46 gan bheith níos mó ná £48 | ... | ... | 20.20 | |
níos mó ná £48 gan bheith níos mó ná £50 | ... | ... | 19.20 | |
níos mó ná £50 gan bheith níos mó ná £52 | ... | ... | 18.20 | |
níos mó ná £52 gan bheith níos mó ná £54 | ... | ... | 17.20 | |
níos mó ná £54 gan bheith níos mó ná £56 | ... | ... | 16.20 | |
níos mó ná £56 gan bheith níos mó ná £58 | ... | ... | 15.20 | |
níos mó ná £58 gan bheith níos mó ná £60 | ... | ... | 14.20 | |
níos mó ná £60 gan bheith níos mó ná £62 | ... | ... | 13.20 | |
níos mó ná £62 gan bheith níos mó ná £64 | ... | ... | 12.20 | |
níos mó ná £64 gan bheith níos mó ná £66 | ... | ... | 11.20 | |
níos mó ná £66 gan bheith níos mó ná £68 | ... | ... | 10.20 | |
níos mó ná £68 gan bheith níos mó ná £70 | ... | ... | 9.20 | |
níos mó ná £70 gan bheith níos mó ná £72 | ... | ... | 8.20 | |
níos mó ná £72 gan bheith níos mó ná £74 | ... | ... | 7.20 | |
níos mó ná £74 | Neamhní |
”.