[EN]

Uimhir 7 de 1973


[EN]

AN tACHT UM THOGHCHÁIN ÁITIÚLA, 1973

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ D'ATHRÚ NA mBLIANTA CHUN TOGHCHÁIN ÁITIÚLA A DHÉANAMH AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH NITHE ÁIRITHE EILE A BHAINEANN LE TOGHCHÁIN ÁITIÚLA. [27 Meitheamh, 1973] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

Toghcháin áitiúla a dhéanamh i 1974 agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin.

1963, Uimh 19.

1966, Uimh. 28.

1972, Uimh. 12.

1.—(1) Leasaítear leis seo alt 81 (1) den Acht Toghcháin, 1963, arna leasú le halt 1 den Acht um Thoghcháin Áitiúla, 1966, agus le halt 3 den Acht um Thoghcháin Áitiúla, 1972, tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

[EN]

“(a) Déanfar toghchán do chomhaltaí gach údaráis áitiúil sa bhliain 1974 agus i gceann gach cúig bliana ina dhiaidh sin.”.

[EN]

(2) Beidh téarmaí oifige comhaltaí d'údaráis áitiúla, arb iad na téarmaí reatha iad tráth an Achta seo a rith, arna síneadh ionas gur sa bhliain 1974 a dhéanfar na toghcháin do chomhaltaí d'údaráis áitiúla is túisce a bheidh ann tar éis an tAcht seo a rith agus measfar chun gach críche gur toghcháin chúigbhliantúla na toghcháin sin.

[EN]

Bliain toghcháin áitiúil a shonrú le hordú.

2.—(1) Má bhíonn an tAire sásta gur cheart toghchán do chomhaltaí gach údaráis áitiúil a bheidh le déanamh de bhun alt 81 den Acht Toghcháin, 1963, arna leasú, a chur siar, féadfaidh sé, le hordú, a fhoráil go ndéanfar an toghchán sin bliain a shonrófar san ordú (bliain dá ngairfear an bhliain toghcháin sonraithe ina dhiaidh seo san Acht seo).

[EN]

(2) I gcás go mbeidh ordú faoi fho-alt (1) den alt seo i bhfeidhm de thuras na huaire, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

[EN]

(a) déanfar an tagairt i mír (a) d'alt 81 (1) den Acht Toghcháin, 1963 (a chuirtear isteach le halt 1 (1) den Acht seo) don bhliain 1974 a fhorléiriú mar thagairt don bhliain a sonrófar san ordú gurb í an bhliain toghcháin sonraithe í agus beidh éifeacht dá réir sin ag an mír sin (a),

[EN]

(b) beidh téarmaí oifige comhaltaí d'údaráis áitiúla, arb iad na téarmaí reatha iad ar theacht i ngníomh don ordú, arna síneadh ionas gur sa bhliain a sonrófar amhlaidh gurb í an bhliain toghcháin sonraithe í a dhéanfar na toghcháin do chomhaltaí d'údaráis áitiúla is túisce a bheidh ann tar éis teacht i ngníomh don ordú agus measfar chun gach críche gur toghcháin chúigbhliantúla na toghcháin sin.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú a rinneadh faoi fho-alt (1) den alt seo a chúlghairm.

[EN]

(4) Ní thiocfaidh ordú faoin alt seo i ngníomh mura ndéanfar agus go dtí go ndéanfar cóip den ordú a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus an t-ordú a dhaingniú le rún ó gach Teach acu sin.

[EN]

Athrú ar na blianta chun comhaltaí de choistí freastal scoile a cheapadh.

1926, Uimh. 17.

3.—(1) Is sa bhliain 1974 a dhéanfar na ceapacháin is túisce a dhéanfar tar éis an tAcht seo a rith faoi alt 10 den Acht Freastal Scoile, 1926, agus measfar gur ceapacháin chúigbhliantúla na ceapacháin sin.

[EN]

(2) Is sa bhliain a sonrófar in ordú faoi alt 2 den Acht seo gurb í an bhliain toghcháin sonraithe í a dhéanfar na ceapacháin is túisce a dhéanfar, tar éis teacht i ngníomh don ordú, faoi alt 10 den Acht Freastal Scoile, 1926, agus measfar gur ceapacháin chúigbhliantúla na ceapacháin sin.

[EN]

Foráil maidir le cruinnithe áirithe de choistí gairmoideachais.

1930, Uimh. 29.

4.—Measfar gur cruinnithe cúigbhliantúla na cruinnithe is túisce a bheidh ann tar éis an tAcht seo a rith faoi alt 14 den Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930, agus aon chruinnithe eile den sórt sin is túisce a bheidh ann tar éis teacht i ngníomh d'ordú faoi alt 2 den Acht seo.

[EN]

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

5.—(1) Féadfar an tAcht um Thoghcháin Áitiúla, 1973, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Forléireofar an tAcht seo agus na hAchtanna um Thoghcháin Áitiúla, 1963 go 1973, mar aon Acht amháin agus folófar an tAcht seo sa chomhlua sin.