As Ann Déscrolláil
Cuir Déscrolláil ar siúl chun an dá leagan a scrolláil le chéile.
Uimhir 26 de 1945.
AN tACHT CUMHACHTA PRÁINNE (BUANÚ AGUS LEASÚ), 1945.
[An tionntó oifigiúil.]
[29ú Iúl, 1945.]
CUID I.
Reamhraiteach.
Gearr-theideal.
1.—Féadfar an tAcht Cumhachta Práinne (Buanú agus Leasú), 1945, do ghairm den Acht so.
Mínithe.
2.—San Acht so—
ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Cumhachta Práinne, 1939 (Uimh. 28 de 1939);
ciallaíonn an abairt “Acht 1942” an tAcht Cumhachta Práinne (Buanú agus Leasú), 1942 (Uimh. 19 de 1942).
Athghairm.
3.—Athghairmtear leis seo na hachtacháin a luaitear sa dara colún den Sceideal a ghabhas leis an Acht so.
CUID II.
An Priomh-Acht do Bhuanu.
An Príomh-Acht do bhuanú.
4.—(1) Mura bhfoirceanntar roimhe sin é faoi fho-alt (2) den alt so, leanfaidh an Príomh-Acht i bhfeidhm go dtí an 2ú lá de Mheán Fómhair, 1946, agus raghaidh in éag ansan mura gcinne an tOireachtas a mhalairt.
(2) Féadfaidh an Rialtas a dhearbhú le hordú go raghaidh an Príomh-Acht in éag ar dháta áirithe is luaithe ná an 2ú lá de Mheán Fómhair, 1946, agus sa chás san raghaidh an Príomh-Acht in éag dá réir sin.
CUID III.
An Priomh-Acht do Leasu.
Alt 2 den Phríomh-Acht do leasú.
5.—(1) Leasaítear leis seo alt 2 den Phríomh-Acht—
(a) trí mhír (h) d'fho-alt (2) do scrios,
(b) trí gach focal i ndiaidh na bhfocal “foillsiú eolais oifigiúil do rialú” do scrios as mír (i) d'fho-alt (2),
(c) trí mhír (j) d'fho-alt (2) do scrios agus an mhír seo leanas do chur ina hionad:—
“ (j) údarás do thabhairt agus socrú do dhéanamh chun teacht daoine (seachas saoránaigh dúchais Éireannacha) isteach sa Stát nó imeacht daoine amach as an Stát agus gluaiseacht daoine (seachas saoránaigh dúchais Eireannacha) laistigh den Stát do thoirmeasc, do shrianadh nó do rialú;”,
(d) trí na focail “(seachas saoránaigh dúchais Eireannacha)” do chur isteach i mír (m) d'fho-alt (2) i ndiaidh an fhocail “daoine”,
(e) trí na focail “(seachas saoránaigh dúchais Eireannacha)” do chur isteach i mír (o) d'fho-alt (2) i ndiaidh na bhfocal “daoine eile”.
(2) Léireofar mír (k) d'fho-alt (2) d'alt 2 den Phríomh-Acht fé is dá n-athchuirtí isteach sa mhír sin (k) na focail agus na lúibíní a scriosadh aisti le fo-alt (1) d'alt 2 den Acht Cumhachta Práinne (Leasú), 1940 (Uimh. 1 de 1940).
(3) Léireofar mír (l) d'fho-alt (2) d'alt 2 den Phríomh-Acht fé is dá n-athchuirtí isteach sa mhír sin (l) na focail agus na lúibíní a scriosadh aisti le fo-alt (2) d'alt 2 den Acht Cumhachta Práinne (Leasú), 1940.
(4) Léireofar fo-alt (5) d'alt 2 den Phríomh-Acht fé is dá n-athchuirtí isteach sa bhfo-alt san (5) na focail a scriosadh as le halt 2 den Acht Cumhachta Práinne (Leasú) (Uimh. 2), 1940 (Uimh. 16 de 1940).
Tuilleadh srianta le horduithe do dhéanamh faoi Alt 2 den Phríomh-Acht.
6.—(1) Ní léireofar éinní dá bhfuil in alt 2 den Phríomh-Acht mar ní údaraíos don Rialtas trí ordú faoin alt san—
(a) údarás do thabhairt agus socrú do dhéanamh chun comarsáid trí gach ceann nó aon cheann nó cinn de na seirbhísí a chothabhálann nó a rialaíonn an tAire Poist agus Telegrafa nó trí aon mheán eile, poiblí nó príobháideach, do chinnsiriú, do shrianadh nó do rialú, nó í d'fhionnraí i bpáirt nó go hiomlán, ná
(b) socrú do dhéanamh chun foillsiú nó leathadh éinní do thoirmeasc, nó údarás do thabhairt nó socrú do dhéanamh chun nuachtáin agus tréimhseacháin do rialú agus do chinnsiriú, ná
(c) údarás do thabhairt agus socrú do dhéanamh chun pictiúirí do chinnsiriú, ná
(d) údarás do thabhairt agus socrú do dhéanamh chun teacht saoránach dúchais Éireannach isteach sa Stát nó gluaiseacht saoránach dúchais Éireannach laistigh den Stát do thoirmeasc, do shrianadh nó do rialú, ná
(e) údarás do thabhairt agus socrú do dhéanamh chun saoránaigh dúchais Eireannacha do choinneáil, ná
(f) údarás do thabhairt chun saoránaigh dúchais Eireannacha do ghabháil gan barántas, ná
(g) údarás do thabhairt agus socrú do dhéanamh chun saoránaigh dúchais Eireannacha do chuardach, ná
(h) oibriú an Phríomh-Achta, Achta 1942, nó an Achta so do chur ar fionnraí nó aon Acht acu san do leasú nó do thonasc (le modhnú nó gan modhnú).
(2) San alt so tá leis an bhfocal “pictiúirí” an bhrí atá leis sna hAchta um Scrúdóireacht Scannán, 1923 go 1930.
Alt 5 den Phríomh-Acht do leasú.
7.—Leasaítear leis seo alt 5 den Phríomh-Acht, arna leasú le halt 8 d'Acht 1942, sa tslí seo leanas—
(a) trí fho-mhír (i) de mhír (a) d'fho-alt (6) do scrios,
(b) trí na focail “in aon chás eile” do scrios as fo-mhír (ii) den mhír sin (a),
(c) trí fho-alt (6A) do scrios.
Ré feidhme Coda III.
8.—Leanfaidh an Chuid seo den Acht so i bhfeidhm faid a leanfas an Príomh-Acht i bhfeidhm agus ní níos sia ná san.
Comhluadh.
9.—Féadfar na hAchta Cumhachta Práinne, 1939 go 1945, do ghairm den Phríomh-Acht, d'Acht 1942, agus den Chuid seo den Acht so le chéile.
AN SCEIDEAL.
Achtachain a hAthghairmtear.
Uimhir agus Bliain (1) | Gearr-theideal (2) |
An tAcht Cumhachta Práinne (Leasú), 1940. | |
An tAcht Cumhachta Práinne (Leasú) (Uimh. 2), 1940. | |
Number 26 of 1945.
EMERGENCY POWERS (CONTINUANCE AND AMENDMENT) ACT, 1945.
ARRANGEMENT OF SECTIONS
Preliminary.
Section | |
Continuance of the Principal Act.
Amendment of the Principal Act.
Further restriction on making orders under section 2 of the Principal Act. | |
Acts Referred to | |
No. 28 of 1939 | |
No. 19 of 1942 | |
No. 1 of 1940 | |
No. 16 of 1940 | |
No. 16 of 1944 |
Number 26 of 1945.
EMERGENCY POWERS (CONTINUANCE AND AMENDMENT) ACT, 1945.
PART I.
Preliminary.
Short title.
1.—This Act may be cited as the Emergency Powers (Continuance and Amendment) Act, 1945.
Definitions.
2.—In this Act—
the expression “the Principal Act” means the Emergency Powers Act, 1939 (No. 28 of 1939);
the expression “the Act of 1942” means the Emergency Powers (Continuance and Amendment) Act, 1942 (No. 19 of 1942).
Repeals.
3.—The enactments specified in the second column of the Schedule to this Act are hereby repealed.
PART II.
Continuance of the Principal Act.
Continuance of the Principal Act.
4.—(1) The Principal Act shall, unless previously terminated under subsection (2) of this section, continue in force until the 2nd day of September, 1946, and shall then expire unless the Oireachtas otherwise determines.
(2) The Government may by order declare that the Principal Act shall expire on a specified date, being earlier than the 2nd day of September, 1946, and in that case the Principal Act shall expire accordingly.
PART III.
Amendment of the Principal Act.
Amendment of section 2 of the Principal Act.
5.—(1) Section 2 of the Principal Act is hereby amended—
(a) by the deletion of paragraph (h) of subsection (2),
(b) by the deletion, in paragraph (i) of subsection (2), of all words after the words “official information”,
(c) by deletion of paragraph (j) of subsection (2) and the substitution therefor of the following paragraph:—
“(j) authorise and provide for the prohibition, restriction or control of the entry of persons (other than natural-born Irish citizens) into the State or the departure of persons out of the State and the movements of persons (other than natural-born Irish citizens) within the State;”,
(d) by the insertion in paragraph (m) of subsection (2), after the word “persons” of the words “(other than natural born Irish citizens)”,
(e) by the insertion in paragraph (o) of subsection (2), after the word “persons” where it first occurs of the words “(other than natural born Irish citizens)”.
(2) Paragraph (k) of subsection (2) of section 2 of the Principal Act shall be construed as if the words and brackets deleted therefrom by subsection (1) of section 2 of the Emergency Powers (Amendment) Act, 1940 (No. 1 of 1940), were re-inserted in the said paragraph (k).
(3) Paragraph (l) of subsection (2) of section 2 of the Principal Act shall be construed as if the words and brackets deleted therefrom by subsection (2) of section 2 of the Emergency Powers (Amendment) Act, 1940, were re-inserted in the said paragraph (l).
(4) Subsection (5) of section 2 of the Principal Act shall be construed as if the words deleted therefrom by section 2 of the Emergency Powers (Amendment) (No. 2) Act, 1940 (No. 16 of 1940), were re-inserted in the said subsection (5).
Further restriction on making orders under section 2 of the Principal Act.
6.—(1) Nothing in section 2 of the Principal Act shall be construed as authorising the Government by order under the said section—
(a) to authorise and provide for the censorship, restriction, control, or partial or complete suspension of communication by means of all or one or more of the services maintained or controlled by the Minister for Posts and Telegraphs or by any other means, whether public or private, or
(b) to make provision for prohibiting the publication or spreading of any matter, or to authorise or provide for the control and censorship of newspapers and periodicals, or
(c) to authorise and provide for the censorship of pictures, or
(d) to authorise and provide for the prohibition, restriction or control of the entry of natural-born Irish citizens into the State or the movements of natural-born Irish citizens within the State, or
(e) to authorise and provide for the detention of natural-born Irish citizens, or
(f) to authorise the arrest without warrant of natural-born Irish citizens, or
(g) to authorise and provide for the searching of natural-born Irish citizens, or
(h) to suspend the operation of or amend or apply (with or without modification) the Principal Act, the Act of 1942, or this Act.
(2) In this section the word “pictures” has the same meaning as in the Censorship of Films Acts, 1923 to 1930.
Amendment of section 5 of the Principal Act.
7.—Section 5 of the Principal Act, as amended by section 8 of the Act of 1942, is hereby amended in the following respects—
(a) by the deletion of subparagraph (i) of paragraph (a) of subsection (6),
(b) by the deletion, in subparagraph (ii) of the said paragraph (a), of the words “in any other case”
(c) by the deletion of subsection (6A).
Duration of Part III.
8.—This Part of this Act shall continue in force so long as the Principal Act continues in force and no longer.
Collective citation.
9.—The Principal Act, the Act of 1942, and this Part of this Act may be cited together as the Emergency Powers Acts, 1939 to 1945.
SCHEDULE.
Enactments Repealed.
Number and Year | Short Title |
(1) | (2) |
No. 1 of 1940. | |
No. 16 of 1940. | |
No. 16 of 1944. |