As Ann Déscrolláil
Cuir Déscrolláil ar siúl chun an dá leagan a scrolláil le chéile.
Uimhir 32 de 1976
AN tACHT UM AN DLÍ COIRIÚIL, 1976
[An tiontú oifigiúil]
[24 Meán Fómhair, 1976]
Mínithe.
1.—San Acht seo—
ciallaíonn “Acht 1939” an tAcht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit, 1939;
ciallaíonn “Óglaigh na hÉireann” na Buan-Óglaigh de réir brí an Achta Cosanta, 1954;
folaíonn “príosún” Foras Naomh Pádraig, aon áit a soláthraíodh faoi alt 2 d'Acht na bPríosún, 1970, aon áit a gcoinnítear daoine i gcoimeád míleata de bhun alt 2 d'Acht na bPríosún, 1972, nó aon áit arna sonrú lena húsáid mar phríosún faoi alt 3 den Acht sin, agus déanfar “rialtóir” agus “oifigeach príosúin” a fhorléiriú dá réir sin;
ciallaíonn “eagraíocht neamhdhleathach” eagraíocht ar cóghléasadh neamhdhleathach í de réir brí agus chun críocha Acht 1939.
Pionóis mar gheall ar chionta áirithe faoi Acht 1939.
2.—(1) Príosúnacht ar feadh 20 bliain an pionós is mó a bheidh ann mar gheall ar fheileonacht faoi alt 6 d'Acht 1939 agus, dá réir sin, déantar leis seo alt 6 (1) den Acht sin a leasú trí “príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 20 bliain” a chur in ionad “pian-tseirbhís ar feadh téarma nach sia ná deich mbliana no príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná dhá bhliain”.
(2) Príosúnacht ar feadh 20 bliain an pionós is mó a bheidh ann mar gheall ar oilghníomh faoi alt 6 d'Acht 1939 agus, dá réir sin, déantar leis seo alt 6 (2) den Acht sin a leasú trí “in oilghníomh” a chur in ionad “i mí-iompar” agus “príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 20 bliain” a chur in ionad “príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná dhá bhliain”.
(3) Príosúnacht ar feadh 20 bliain an pionós is mó a bheidh ann mar gheall ar fheileonacht faoi alt 7 d'Acht 1939 agus, dá réir sin, déantar leis seo alt 7 (1) den Acht sin a leasú trí “príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 20 bliain” a chur in ionad “piantseirbhís ar feadh téarma nach sia ná seacht mbliana no príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná dhá bhliain”.
(4) Príosúnacht ar feadh 20 bliain an pionós is mó a bheidh ann mar gheall ar oilghníomh faoi alt 7 d'Acht 1939 agus, dá réir sin, déantar leis seo alt 7 (2) den Acht sin a leasú trí “in oilghníomh” a chur in ionad “i mí-iompar” agus “príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 20 bliain” a chur in ionad “príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná dhá bhliain”.
(5) Príosúnacht ar feadh 15 bliana an pionós is mó a bheidh ann mar gheall ar chion faoi alt 15 d'Acht 1939 agus, dá réir sin, déantar leis seo alt 15 (3) den Acht sin a leasú trí “15 bliana” a chur in ionad “dhá bhliain”.
(6) Príosúnacht ar feadh 7 mbliana an pionós is mó a bheidh ann mar gheall ar chion faoi alt 21 d'Acht 1939, i gcás ciontú ar díotáil agus, dá réir sin, déantar leis seo alt 21 (2) den Acht sin a leasú trí “7 mbliana” a chur in ionad “dhá bhliain” i mír (b).
(7) Fíneáil £500 nó príosúnacht ar feadh 12 mhí nó iad araon an pionós is mó a bheidh ann mar gheall ar chion faoi alt 27 d'Acht 1939 agus, dá réir sin, déantar leis seo alt 27 (4) den Acht sin a leasú trí “£500” a chur in ionad “caoga punt” agus “12 mhí” a chur in ionad “trí mhí”.
Gríosú nó cuireadh chun dul isteach etc. in eagraíocht neamhdhleathach.
3.—Aon duine a dhéanfaidh duine eile a earcú d'eagraíocht neamhdhleathach nó a dhéanfaidh duine eile (nó daoine eile i gcoitinne) a ghríosú, nó cuireadh a thabhairt dó (nó dóibh) dul isteach in eagraíocht neamhdhleathach nó páirt a ghlacadh ina gníomhaíochtaí nó tacú nó cuidiú leo, beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú ar díotáil dlífear príosúnacht ar feadh téarma nach faide na 10 mbliana a chur air.
Leasú ar alt 25 d'Acht 1939.
4.—Leasaítear leis seo alt 25 d'Acht 1939—
(a) trí “12 mhí” a chur in ionad “de thrí mhí” i bhfo-alt (1) agus in ionad “trí mhí” i bhfo-alt (2), agus
(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:
“(6) Aon uair a bheidh ordú dúnta arna fhadú, féadfaidh comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná ard-cheannfort oibriú an ordaithe dúnta sin a fhadú tréimhse nó tréimhsí breise nach faide ná 12 mhí aon cheann díobh, ach ní bheidh ordú dúnta i ngníomh níos faide ná trí bliana.”.
Barántais chuardaigh maidir le cionta faoi Acht 1939 a dhéanamh etc.
5.—Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 29 d'Acht 1939:
“29.—(1) Más deimhin le comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná ceannfort go bhfuil cúis réasúnach ann chun a chreidiúint go bhfuil fianaise maidir le cion faoin Acht seo nó faoin Acht um an Dlí Coiriúil, 1976, nó cion is cion sceidealta de thuras na huaire chun críocha Chuid V den Acht seo nó a bhaineann le cion den sórt sin a dhéanamh nó lena bheith beartaithe é a dhéanamh, nó fianaise a bhaineann le tréas a dhéanamh nó lena bheith beartaithe é a dhéanamh, ar fáil in aon fhoirgneamh nó cuid d'fhoirgneamh nó in aon fheithicil nó soitheach nó aerárthach nó sciorrárthach nó in áit ar bith eile, féadfaidh sé barántas cuardaigh faoin alt seo i dtaobh na háite sin a eisiúint chuig comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná sáirsint.
(2) Oibreoidh barántas cuardaigh faoin alt seo chun a údarú don chomhalta den Gharda Síochána a bheidh ainmnithe sa bharántas, agus aon chomhaltaí den Gharda Síochána nó d'Óglaigh na hÉireann ina theannta, dul isteach, laistigh de sheachtain ó dháta an bharántais, agus le forneart más gá, in aon fhoirgneamh nó cuid d'fhoirgneamh, nó in aon fheithicil nó soitheach nó aerárthach nó sciorrárthach nó in áit ar bith eile a bheidh ainmnithe sa bharántas, agus an céanna agus aon duine a gheofar ann a chuardach, agus aon ní a gheofar ann nó ar an duine sin a urghabháil.
(3) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána nó d'Óglaigh na hÉireann, ag gníomhú faoi údarás barántais chuardaigh faoin alt seo—
(a) ainm agus seoladh aon duine a gheofar san áit a ndéanfar an cuardach a éileamh, agus
(b) aon duine den sórt sin a ghabháil gan bharántas a loicfidh nó a dhiúltóidh a ainm agus a sheoladh a thabhairt nuair a éileofar sin, nó a thabharfaidh ainm nó seoladh bréagach nó míthreorach nó a bhfuil amhras ag an gcomhalta ar chúis réasúnach é a bheith bréagach nó míthreorach.
(4) Aon duine a choiscfidh aon chomhalta den Gharda Síochána nó d'Óglaigh na hÉireann, nó a fhéachfaidh lena chosc, agus an comhalta sin ag gníomhú faoi údarás barántais chuardaigh faoin alt seo, nó a loicfidh nó a dhiúltóidh a ainm agus a sheoladh a thabhairt nuair a éileofar sin, nó a thabharfaidh ainm nó seoladh bréagach nó míthreorach, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—
(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air, nó
(b) ar é a chiontú ar díotáil, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana a chur air.
(5) Folaíonn aon tagairt i bhfo-alt (1) den alt seo do chion tagairt do iarracht nó comhcheilg an cion a dhéanamh.”.
Ealú as coimeád.
6.—(1) Aon duine—
(a) a chabhróidh le haon duine ag éalú nó ag iarraidh éalú as coimeád dleathach nó, le hintinn éalú aon duine as coimeád dleathach a éascú nó a chumasú do dhuine tar éis a éalaithe fanacht go neamhdhleathach ar a shaoirse, nó le hintinn díobháil a dhéanamh do dhaoine nó do mhaoin in áit a bhfuil duine i gcoimeád dleathach, a thabharfaidh aon earra nó ní isteach in áit den sórt sin nó amach as nó chuig duine in áit den sórt sin nó a shuífidh aon earra nó ní laistigh nó lasmuigh d'áit den sórt sin, nó
(b) a dhéanfaidh aon socrú, nó a ghlacfaidh páirt in aon socrú, chun a chumasú do dhuine éalú as coimeád dleathach, chun éalú den sórt sin a éascú, chun a chumasú do dhuine tar éis a éalaithe fanacht go neamhdhleathach ar a shaoirse, nó chun díobháil a dhéanamh do dhaoine nó do mhaoin in áit a bhfuil duine i gcoimeád dleathach,
beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú ar díotáil príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 10 mbliana a chur air.
(2) Aon duine a dhéanfaidh nó a thriailfidh, contrártha d'aon rialacha nó rialacháin a bheidh i bhfeidhm maidir le príosún, aon earra nó ní a thabhairt isteach sa phríosún nó amach as nó chuig duine sa phríosún, nó aon earra nó ní a shuíomh in aon áit laistigh nó lasmuigh den phríosún le hintinn a theachta i seilbh duine sa phríosún, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—
(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air, nó
(b) ar é a chiontú ar díotáil, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana a chur air.
(3) Féadfaidh oifigeach príosúin, ar mhaithe le slándáil, duine ar bith a chuardach am ar bith le linn dó bheith i bpríosún nó le linn dó bheith i gcoimeád rialtóra príosúin.
Cumhacht an Gharda Síochána maidir le daoine áirithe a gabhadh.
1883, c. 3.
7.—(1) Nuair a bheidh duine i gcoimeád faoi fhorálacha alt 30 d'Acht 1939 nó alt 2 den Acht Cumhachtaí Práinne, 1976, féadfaidh comhalta den Gharda Síochána gach ní nó aon ní díobh seo a leanas a dhéanamh ina leith:
(a) a ainm agus a sheoladh a éileamh air;
(b) é a chuardach nó a chur faoi deara é a chuardach;
(c) é a ghrianghrafadh nó a chur faoi deara é a ghrianghrafadh;
(d) a mhéarloirg agus loirg a dhearnana a thógáil nó a chur faoi deara iad a thógáil;
(e) aon tástáil a dhéanamh, nó a chur faoi deara í a dhéanamh, a bheidh ceaptha chun a fháil amach an raibh sé i dtadhall le haon arm tine (de réir brí Achtanna na nArm Tine, 1925 go 1971) nó le haon ábhar pléascach (de réir brí an Explosive Substances Act, 1883) agus chun na críche sin táithíní a thógáil óna chraiceann nó samplaí dá ghruaig a thógáil;
(f) aon ní a bheidh ina sheilbh aige a urghabháil agus a choinneáil lena thástáil.
(2) Aon duine a choiscfidh aon chomhalta den Gharda Síochána nó aon duine eile agus é ag gníomhú faoi na cumhachtaí a thugtar le fo-alt (1) den alt seo, nó a fhéachfaidh lena chosc, nó a loicfidh nó a dhiúltóidh a ainm agus a sheoladh a thabhairt nuair a éileofar sin, nó a thabharfaidh ainm nó seoladh bréagach nó míthreorach, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—
(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air, nó
(b) ar é a chiontú ar díotáil, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana a chur air.
Cumhacht an Gharda Síochána feithiclí agus daoine i bhfeithiclí a chuardach.
1861, c. 100.
1916, c. 50.
8.—(1) Baineann an t-alt seo:
(a) le cion faoi Acht 1939 nó cion is cion sceidealta de thuras na huaire chun críocha Chuid V den Acht sin;
(b) le cion faoi alt 2 nó 3 den Acht um an Dlí Coiriúil (Dlínse), 1976;
(c) le dúnmharú nó dúnorgain nó cion faoi alt 18 den Offences Against the Person Act, 1861;
(d) le cion faoi alt 23, 23A nó 23B den Larceny Act, 1916:
(e) le cion damáistithe mhailísigh do mhaoin ina mbaintear úsáid as tine nó as aon ábhar pléascach (de réir brí alt 7 (1) (e) den Acht seo);
(f) le cion faoi Achtanna na nArm Tine, 1925 go 1971;
(g) le héalú as coimeád dleathach;
(h) le cion faoi alt 11 den Acht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1973, nó faoi alt 10 den Acht um an Dl Coiriúil (Dlínse), 1976;
(i) le cion faoin Acht seo.
(2) Nuair a éileoidh comhalta den Gharda Síochána a bhfuil amhras aige ar chúis réasúnach cion lena mbaineann an t-alt seo a bheith déanta nó á dhéanamh nó ar tí a dhéanta, ar dhuine feithicil a stopadh chun a fháil amach—
(a) an mbeadh aon duine san fheithicil nó ag gabháil léi tar éis an cion a dhéanamh nó á dhéanamh nó ar tí é a dhéanamh, nó
(b) an mbeadh fianaise maidir leis an gcion a dhéanamh nó lena bheith beartaithe é a dhéanamh ag aon duine san fheithicil nó uirthi nó ar aon duine san fheithicil nó ag gabháil léi,
féadfaidh sé an fheithicil a chuardach, agus más rud é (cibé acu roimh thosú nó tar éis tosú ar an gcuardach é) go mbeidh amhras aige ar chúis réasúnach gurb ann d'aon fhíoras dá luaitear i mír (a) nó (b) thuas, féadfaidh sé aon duine a bheidh san fheithicil nó ag gabháil léi a chuardach.
(3) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána forneart réasúnach a úsáid chun d'iallach ar dhuine déanamh de réir éilimh chun feithicil a stopadh, agus féadfar a áireamh san fhorneart sin bacainn nó seift eile a chur sa bhealach ar fheithiclí.
(4) Folaíonn aon tagairt i bhfo-alt (1) den alt seo do chion tagairt do iarracht nó comhcheilg an cion a dhéanamh.
Cumhacht earraí a urghabhadh a choinneáil.
1897, c. 30.
9.—Más rud é, i gcúrsa aon chumhachtaí faoin Acht seo a fheidhmiú nó i gcúrsa cuardach a dhéanamh faoi aon chumhacht eile, go bhfaighidh comhalta den Gharda Síochána nó oifigeach príosúin nó comhalta d'Óglaigh na hÉireann, nó go dtiocfaidh ina sheilbh, aon ní a gcreidfidh sé gur fianaise é ar aon chion nó ar aon chion amhrasta, féadfar an ní sin a urghabháil agus é a choinneáil lena úsáid mar fhianaise in aon imeachtaí coiriúla, nó in aon imeachtaí maidir le sárú ar araíonacht phríosúin, go ceann cibé tréimhse is réasúnach ó dháta na hurghabhála nó, má bhíonn tús curtha le himeachtaí inar gá an rud a urghabhadh amhlaidh a úsáid i bhfianaise, go dtí go mbeidh deireadh leis an himeachtaí, agus ina dhiaidh sin bainfidh an Police (Property) Act, 1897, leis an ní a urghabhadh amhlaidh amhail mar a bhaineann an tAcht sin le maoin a tháinig i seilbh an Gharda Síochána sna himthosca a luaitear san Acht sin.
(2) Má léirítear, nó má dhealraíonn sé, do dhuine a bheartóidh doiciméad a urghabháil nó a choinneáil faoin alt seo go ndearnadh, nó go bhféadfaidh sé go ndearnadh, an doiciméad chun comhairle dlí a fháil nó a thabhairt nó a chur in iúl ó abhcóide nó ó aturnae nó ag abhcóide nó ag aturnae, ní urghabhfaidh ná ní choinneoidh an duine sin an doiciméad mura rud é go bhfuil amhras aige ar chúis réasúnach nach ndearnadh an doiciméad, nó nach bhfuil sé ceaptha, d'aontoisc chun aon chríche acu sin atá luaite.
Toirmeasc ar ghrianghraif etc. d'fhoirgnimh áirithe a shealbhú.
10.—(1) Ní bheidh ina sheilbh ag duine i gcoimeád dlíthiúil in aon phríosún nó stáisiún Garda nó teach cúirte aon ghrianghraf, scannán, léaráid, líníocht, sceitse, léarscáil, plean nó eisiomlú eile de chuid ar bith, ná aon nóta i dtaobh cuid ar bith, den taobh istigh ná den taobh amuigh d'aon phríosún nó stáisiún Garda nó teach cúirte gan cead ón rialtóir (más i bpríosún dó), ón gcomhalta ceannais den Gharda Síochána (más i stáisiún Garda dó) nó ón gcúirt a bhfuil an duine áirithe os a comhair nó le bheith os a comhair (más i dteach cúirte dó), agus aon duine den sórt sin a mbeidh aon eisiomlú nó nóta den sórt sin ina sheilbh gan an cead sin beidh sé ciontach i gcion mura raibh sé ina sheilbh nuair a tógadh isteach i gcoimeád é agus go n-inseoidh sé é sin nuair a chuirfear i bhfios dó go bhfuil toirmeasc ar aon eisiomlú nó nóta den sórt sin a shealbhú gan chead.
(2) (a) Duine a bheidh i bpríosún, i stáisiún Garda nó i dteach cúirte, nó i maighin an chéanna, agus le linn dó bheith ansin a bheidh ar intinn, nó tar éis, cuairt a thabhairt nó casadh ar dhuine i gcoimeád dleathach sa phríosún, sa stáisiún nó sa teach cúirte sin, ní bheidh ina sheilbh aige aon eisiomlú ná nóta dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo gan an cead a shonraítear san fho-alt sin, agus duine ar bith a mbeidh aon eisiomlú nó nóta den sórt sin ina sheilbh aige gan an cead sin beidh sé ciontach i gcion má cuireadh i bhfios dó ó bhéal nó trí fhógra i scríbhinn go bhfuil toirmeasc ar aon eisiomlú nó nóta den sórt sin a shealbhú gan an cead sin.
(b) D'ainneoin mhír (a) den fho-alt seo, má iarrann duine an cead a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo an chéad chaoi a gheobhaidh sé chuige sin tar éis teacht chuig an bpríosún nó an stáisiún Garda nó an teach cúirte, ní bheidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo mura ndiúltófar agus go dtí go ndiúltófar an cead agus go leanfaidh sé de sheilbh a choinneáil ar an eisiomlúnó ar an nóta.
(3) Ní fhágfaidh aon ní san alt seo gur neamhdhleathach do dhuine aon eisiomlú nó nóta dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a bheith ina sheilbh aige i dteach cúirte i gcás é a bheith le tabhairt ar aird nó le húsáid nó le bheith faoi thagairt ina aon imeachtaí atá ar siúl nó ar tí bheith ar siúl nó tar éis bheith ar siúl sa teach cúirte sin.
(4) Duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear—
(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air, nó
(b) ar é a chiontú ar díotáil, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana a chur air.
Cionta áirithe a bheith ina bhfeileonachtaí.
11.—(1) Beidh cion fuadaigh agus cion príosúnachta bréige agus cion faoi alt 10 den Acht um an Dlí Coiriúil (Dlínse), 1976, ina bhfeileonachtaí.
(2) Dlífear príosúnacht saoil a chur ar dhuine a bheidh ciontach i bhfuadach nó ciontach i bpríosúnacht bhréige, ar a chiontú ar díotáil.
Toirmeasc ar fhaisnéis bhréige áirithe a thabhairt.
12.—Aon duine—
(a) a thabharfaidh go feasach tuairisc nó ráiteas bréige a chuirfeadh i gcéill cion a bheith déanta, cibé acu aige féin nó ag duine eile é, nó a d'fhéadfadh imní a mhúscailt faoi shábháilteacht daoine nó maoine, nó
(b) a thabharfaidh go feasach tuairisc nó ráiteas bréige a chuirfeadh i gcéill go bhfuil faisnéis aige a bhaineann go hábhartha le haon fhiosrúchán ag an nGarda Síochána agus a chuirfidh am amú dá bhíthin sin ar an nGarda Síochána,
beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—
(i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air, nó
(ii) ar é a chiontú ar díotáil, príosúnacht are feadh téarma nach faide ná 5 bliana a chur air.
Cion a dhéanamh le linn pianbhreith a chur isteach.
13.—(1) Aon phianbhreith phianseirbhíse nó phríosúnachta nó aon phianbhreith choinneála i bhForas Naomh Pádraig a thabharfar ar dhuine mar gheall ar chion a rinneadh le linn dó aon phianbhreith den sórt sin a chur isteach leanfaidh sí an phianbhreith a bheidh á cur isteach aige nó, má bhíonn níos mó ná pianbhreith amháin á cur isteach nó le cur isteach aige, leanfaidh sí an phianbhreith is déanaí a bheidh le dul in éag, sa dóigh áfach, má thugann an Chúirt Dúiche dhá phianbhreith nó níos mó as a chéile mar a fhoráiltear leis an alt seo, nach mó ná dhá mhí dhéag an téarma iomlán príosúnachta nó coinneála i leith na bpianbhreitheanna sin as a chéile.
(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo in aon chás inar pianbhreith phianseirbhíse saoil nó phríosúnachta saoil an phianbhréith a bheidh á cur isteach nó a bheidh le tabhairt.
(3) Beidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo d'ainneoin aon ní in alt 5 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1951.
Srian le brí “scríbhinn” in ailt 13 agus 14 d'Acht 1939.
14.—In ailt 13 agus 14 d'Acht 1939, ní fholaíonn “scríbhinn” aon ní dá sonraítear sa leasú ar mhíniú “scríbhinn” a rinneadh le halt 5 den Acht um Chiontaí in aghaidh an Stáit (Leasú), 1972
Cumhacht Óglaigh na hÉireann daoine a ghabháil agus cuardach a dhéanamh in imthosca áirithe.
15.—(1) Ní fhéadfar na cumhachtaí a thugtar le fo-ailt (3) agus (4) den alt seo a fheidhmiú ach amháin de réir fho-alt (2) de alt seo.
(2) Aon uair a iarrfaidh comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná ceannfort ar oifigeach d'Óglaigh na hÉireann comhaltaí d'Óglaigh na hÉireann a chur ar fáil chun na cumhachtaí a fheidhmiú a thugtar le fo-ailt (3) agus (4) den alt seo i rith tréimhse a bheidh sonraithe san iarratas, féadfaidh an t-oifigeach--
(a) é féin agus comhalta nó comhaltaí d'Óglaigh na hÉireann faoina cheannas, nó
(b) comhalta nó comhaltaí d'Óglaigh na hÉireann faoina cheannas.
a chur ar fáil chun na críche réamhráite, agus féadfaidh comhalta d'Óglaigh na hÉireann a chuirfear ar fáil mar atá ráite, le linn dó bheith ar dualgas faoi éide i rith na tréimhse a bheidh sonraithe san iarratas, na cumhachtaí a thugtar leis na fo-ailt sin (3) agus (4) a fheidhmiú.
(3) (a) Má bhíonn amhras ag comhalta d'Óglaigh na hÉireann ar chúis réasúnach go bhfuil cion lena mbaineann alt 8 den Acht seo déanta nó á dhéanamh nó ar tí a dhéanta, féadfaidh sé a éileamh ar dhuine feithicil a stopadh chun a fháil amach—
(i) an mbeadh aon duine san fheithicil nó ag gabháil léi tar éis an cion a dhéanamh nó á dhéanamh nó ar tí é a dhéanamh, nó
(ii) an mbeadh fianaise maidir leis an gcion a dhéanamh nó lena bheith beartaithe é a déanamh ag aon duine san fheithicil nó uirthi nó ar aon duine san fheithicil nó ag gabháil léi,
agus féadfaidh sé an fheithicil a chuardach, agus más rud é (cibé acu roimh thosú nó tar éis tosú ar an gcuardach é) go mbeidh amhras aige ar chúis réasúnach gurb ann d'aon fhíoras dá luaitear i bhfomhír (i) nó (ii) thuas, féadfaidh sé aon duine a bheidh san fheithicil nó ag gabháil léi a chuardach.
(b) Féadfaidh comhalta d'Óglaigh na hÉireann forneart réasúnach a úsáid chun a chur d'iallach ar dhuine déanamh de réir éilimh chun feithicil a stopadh, agus féadfar áireamh san fhorneart sin bacainn nó seift eile a chur sa bhealach ar fheithiclí.
(4) (a) Féadfaidh comhalta d'Óglaigh na hÉireann duine a ghabháil gan bharántas a mbeidh amhras aige ar chúis réasúnach cion lena mbaineann alt 8 den Acht seo a bheith á dhéanamh nó déanta nó ar tí a dhéanta aige agus a mbeadh teideal ag comhalta den Gharda Síochána, dá mbeadh amhras aige amhlaidh, an duine sin a ghabháil ina thaobh.
(b) Chun duine a ghabháil faoin bhfo-alt seo beidh an chumhacht chéanna ag comhalta d'Óglaigh na hÉireann dul isteach agus cuardach a dhéanamh in aon fhoirgneamh nó cuid d'fhoirgneamh nó in aon fheithicil nó soitheach nó aerárthach nó sciorrárthach, nó aon áit ar bith eile, is a bheadh ag comhalta den Gharda Síochána in imthosca dá samhail.
(c) Ní rachaidh an fo-alt seo chun dochair d'aon chumhacht ghabhála a thugtar le dlí ar leithligh ón bhfo-alt
(5) Déanfar, a luaithe is féidir, duine a ghabhfar faoin alt seo a sheachadadh isteach i gcoimeád an Gharda Síochána nó a scaoileadh saor agus ar aon chuma, mura mbeidh sé seachadta amhlaidh um an am sin, scaoilfear saor é i gceann 6 huaire a chloig ón am a gabhadh é.
(6) Comhlíonfaidh duine a dhéanfaidh gabháil faoin alt seo aon riail dlí a cheanglaíonn air foras na gabhála a lua má deir sé go bhfuil gabháil á déanamh aige mar chomhalta d'Óglaigh na hÉireann de bhrí go bhfuil amhras aige cion lena mbaineann alt 8 den Acht seo a bheith á dhéanamh nó déanta nó ar tí a dhéanta, cibé acu é, ag an duine atá sé a ghabháil.
(7) (a) Nuair a fheidhmeofar cumhacht a thugtar le fo-alt (3) nó (4) den alt seo, beidh deimhniú arna shíniú ag oifigeach d'Óglaigh na hÉireann nach ísle céim ná ceannfort agus á rá—
(i) go ndearna comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná ceannfort agus a bheidh ainmnithe sa deimhniú iarratas faoi fho-alt (2) den alt seo ar dháta sonraithe chuig oifigeach d'Óglaigh na hÉireann a bheidh ainmnithe sa deimhniú.
(ii) go ndearna an t-oifigeach a bheidh ainmnithe sa deimhniú nó, cibé acu é, comhalta nó comhaltaí d'Óglaigh na hÉireann faoina cheannas nó an t-oifígeach sin mar aon le comhalta nó comhaltaí d'Óglaigh na hÉireann faoina cheannas, an chumhacht réamhráite a fheidhmiú agus, tráth an fheidhmithe sin, go raibh lucht feidhmithe na cumhachta ar dualgas faoi éide agus gur cuireadh ar fáil iad de bhun an iarratais réamhráite,
(iii) gur feidhmíodh an chumhacht réamhráite i rith na tréimhse a sonraíodh san iarratas.
ina fhianaise, gan cruthúnas ar shíniú an duine a mbeidh sé airbheartaithe an deimhniú a bheith sínithe aige ná cruthúnas gurbh oifigeach d'Óglaigh na hÉireann é nárbh ísle céim ná ceannfort, in imeachtaí ar bith ar na nithe a bheidh deimhnithe sa deimhniú agus leis an deimhniú
(b) Nuair a fheidhmeofar cumhacht a thugtar le fo-alt (3) nó (4) den alt seo, beidh deimhniú arna shíniú ag comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná ceannfort agus á rá go ndearna comhalta den Gharda Síochána nárbh ísle céim ná ceannfort agus a bheidh ainmnithe sa deimhniú iarratas faoi fho-alt (2) den alt seo ar dháta sonraithe chuig oifigeach d'Óglaigh na hÉireann a bheidh ainmnithe sa deimhniú ina fhianaise, gan cruthúnas shíniú an duine a mbeidh sé airbheartaithe an deimhniú a bheith sínithe aige ná cruthúnas gur chomhalta den Gharda Síochána é nárbh ísle céim ná ceannfort, in imeachtaí ar bith ar na nithe a bheidh deimhnithe sa deimhniú agus leis an deimhniú.
(8) Ní bheidh éifeacht leis an alt seo ach amháin fad a bheidh an tAcht Cumhachtaí Práinne, 1976, i bhfeidhm.
Gearrtheideal agus feidhm.
16.—(1) Féadfar an tAcht um an Dlí Coiriúil, 1976, a ghairm den Acht seo.
(2) Ní bheidh feidhm ag ailt 2 agus 11 den Acht seo maidir le cionta a rinneadh roimh an Acht seo a rith agus is tagairt do chion a dhéanfar tar éis a rite an tagairt do chion in alt 13 (1) den Acht seo.
Number 32 of 1976
CRIMINAL LAW ACT, 1976
ARRANGEMENT OF SECTIONS
Acts Referred to | |
1939, No. 13 | |
1954, No. 18 | |
1970, No. 11. | |
1972, No. 7. | |
Explosive Substances Act, 1883 | 1883, c. 3. |
1976, No. 14. | |
Person Act, 1861 | 1861, c. 100. |
Larceny Act, 1916 | 1916, c. 50. |
1973, No. 29. | |
Police (Property) Act, 1897 | 1897, c. 30. |
1951, No. 2. |
Number 32 of 1976
CRIMINAL LAW ACT, 1976
Definitions.
1.—In this Act—
“the Act of 1939” means the Offences against the State Act, 1939;
“the Defence Forces” means the Permanent Defence Force within the meaning of the Defence Act, 1954;
“prison” includes Saint Patrick's Institution, any place provided under section 2 of the Prisons Act, 1970, any place in which persons are kept in military custody pursuant to section 2 of the Prisons Act, 1972, or any place specified to be used as a prison under section 3 of that Act, and “governor” and “prison officer” shall be construed accordingly;
“unlawful organisation” means an organisation which is an unlawful organisation within the meaning and for the purposes of the Act of 1939.
Penalties for certain offences under Act of 1939.
2.—(1) The maximum penalty for a felony under section 6 of the Act of 1939 shall be imprisonment for 20 years and, accordingly, section 6 (1) of that Act is hereby amended by the substitution of “to imprisonment for a term not exceeding 20 years” for “to suffer penal servitude for a term not exceeding ten years or to imprisonment for a term not exceeding two years”.
(2) The maximum penalty for a misdemeanour under section 6 of the Act of 1939 shall be imprisonment for 20 years and, accordingly, section 6 (2) of that Act is hereby amended by the substitution of “imprisonment for a term not exceeding 20 years” for “imprisonment for a term not exceeding two years”.
(3) The maximum penalty for a felony under section 7 of the Act of 1939 shall be imprisonment for 20 years and, accordingly, section 7 (1) of that Act is hereby amended by the substitution of “to imprisonment for a term not exceeding 20 years” for “to suffer penal servitude for a term not exceeding seven years or to imprisonment for a term not exceeding two years”.
(4) The maximum penalty for a misdemeanour under section 7 of the Act of 1939 shall be imprisonment for 20 years and, accordingly, section 7 (2) of that Act is hereby amended by the substitution of “imprisonment for a term not exceeding 20 years” for “imprisonment for a term not exceeding two years”.
(5) The maximum penalty for an offence under section 15 of the Act of 1939 shall be imprisonment for 15 years and, accordingly, section 15 (3) of that Act is hereby amended by the substitution of “15 years” for “two years”.
(6) The maximum penalty for an offence under section 21 of the Act of 1939 shall be, in the case of a conviction on indictment, imprisonment for 7 years and, accordingly, section 21 (2) of that Act is hereby amended by the substitution in paragraph (b) of “7 years” for “two years”.
(7) The maximum penalty for an offence under section 27 of the Act of 1939 shall be a fine of £500 or imprisonment for 12 months or both and, accordingly, section 27 (4) of that Act is hereby amended by the substitution of “£500” for “fifty pounds” and “12 months” for “three months”.
Incitement or invitation to join etc. an unlawful organisation.
3.—Any person who recruits another person for an unlawful organisation or who incites or invites another person (or other persons generally) to join an unlawful organisation or to take part in, support or assist its activities shall be guilty of an offence and shall be liable on conviction on indictment to imprisonment for a term not exceeding 10 years.
Amendment of section 25 of Act of 1939.
4.—Section 25 of the Act of 1939 is hereby amended—
(a) by the substitution of “12 months” for “three months” in subsections (1) and (2), and
(b) by the addition of the following subsection:
“(6) Whenever a closing order has been extended, a member of the Garda Síochána not below the rank of chief superintendent may extend the operation of such closing order for a further period or periods each of which shall not exceed 12 months, but a closing order shall not be in operation for more than three years.”.
Search warrants relating to commission of offences under Act of 1939 etc.
5.—The following section is hereby substituted for section 29 of the Act of 1939 :
“29.—(1) Where a member of the Garda Síochána not below the rank of superintendent is satisfied that there is reasonable ground for believing that evidence of or relating to the commission or intended commission of an offence under this Act or the Criminal Law Act, 1976, or an offence which is for the time being a scheduled offence for the purposes of Part V of this Act, or evidence relating to the commission or intended commission of treason, is to be found in any building or part of a building or in any vehicle, vessel, aircraft or hovercraft or in any other place whatsoever, he may issue to a member of the Garda Síochána not below the rank of sergeant a search warrant under this section in relation to such place.
(2) A search warrant under this section shall operate to authorise the member of the Garda Síochána named in the warrant, accompanied by any members of the Garda Síochána or the Defence Forces, to enter, within one week from the date of the warrant, and if necessary by the use of force, any building or part of a building or any vehicle, vessel, aircraft or hovercraft or any other place named in the warrant, and to search it and any person found there, and to seize anything found there or on such person.
(3) A member of the Garda Síochána or the Defence Forces acting under the authority of a search warrant under this section may—
(a) demand the name and address of any person found where the search takes place, and
(b) arrest without warrant any such person who fails or refuses to give his name and address when demanded, or gives a name or address which is false or misleading or which the member with reasonable cause suspects to be false or misleading.
(4) Any person who obstructs or attempts to obstruct any member of the Garda Síochána or the Defence Forces acting under the authority of a search warrant under this section or who fails or refuses to give his name and address when demanded, or gives a name or address which is false or misleading, shall be guilty of an offence and shall be liable—
(a) on summary conviction, to a fine not exceeding £500 or to imprisonment for a term not exceeding 12 months, or to both, or
(b) on conviction on indictment, to imprisonment for a term not exceeding 5 years.
(5) Any reference in subsection (1) of this section to an offence includes a reference to attempting or conspiring to commit the offence.”.
Escape from custody.
6.—(1) Any person who—
(a) aids any person in escaping or attempting to escape from lawful custody or, with intent to facilitate the escape of any person from lawful custody or enable a person after escape to remain unlawfully at large, or with intent to cause injury to persons or property in a place where a person is in lawful custody, conveys any article or thing into or out of such a place or to a person in such a place or places any article or thing inside or outside such a place, or
(b) makes, or takes part in, any arrangement for the purpose of enabling a person to escape from lawful custody, facilitating such an escape, enabling a person after escape to remain unlawfully at large, or causing injury to persons or property in a place where a person is in lawful custody,
shall be guilty of an offence and shall be liable on conviction on indictment to imprisonment for a term not exceeding 10 years.
(2) Any person who, contrary to any rules or regulations in force in relation to a prison, conveys or attempts to convey any article or thing into or out of the prison or to a person in the prison, or places any article or thing in any place inside or outside the prison with intent that it shall come into the possession of a person in the prison, shall be guilty of an offence and shall be liable—
(a) on summary conviction, to a fine not exceeding £500 or to imprisonment for a term not exceeding 12 months, or to both, or
(b) on conviction on indictment, to imprisonment for a term not exceeding 5 years.
(3) A prison officer may in the interests of security search any person at any time while he is in a prison or while he is in the custody of the governor of a prison.
Power of Garda Síochána in relation to certain arrested persons.
7.—(1) Where a person is in custody under the provisions of section 30 of the Act of 1939 or section 2 of the Emergency Powers Act, 1976, a member of the Garda Síochána may do all or any of the following in respect of him :
(a) demand of him his name and address;
(b) search him or cause him to be searched;
(c) photograph him or cause him to be photographed;
(d) take, or cause to be taken, his fingerprints and palm prints;
(e) make or cause to be made any test designed for the purpose of ascertaining whether he has been in contact with any firearm (within the meaning of the Firearms Acts, 1925 to 1971) or with any explosive substance (within the meaning of the Explosive Substances Act, 1883) and for that purpose take swabs from his skin or samples of his hair;
(f) seize and retain for testing anything that he has in his possession.
(2) Any person who obstructs or attempts to obstruct any member of the Garda Síochána or any other person acting under the powers conferred by subsection (1) of this section, or who fails or refuses to give his name and address when demanded, or gives a name or address which is false or misleading, shall be guilty of an offence and shall be liable—
(a) on summary conviction, to a fine not exceeding £500 or to imprisonment for a term not exceeding 12 months, or to both, or
(b) on conviction on indictment, to imprisonment for a term not exceeding 5 years.
Power of Garda Síochána to search vehicles and persons in vehicles.
8.—(1) This section applies to:
(a) an offence under the Act of 1939 or an offence that is for the time being a scheduled offence for the purposes of Part V of that Act;
(b) an offence under section 2 or 3 of the Criminal Law (Jurisdiction) Act, 1976;
(c) murder, manslaughter or an offence under section 18 of the Offences against the Person Act, 1861;
(d) an offence under section 23, 23A or 23B of the Larceny Act, 1916;
(e) an offence of malicious damage to property involving the use of fire or of any explosive substance (within the meaning of section 7 (1) (e) of this Act);
(f) an offence under the Firearms Acts, 1925 to 1971;
(g) escape from lawful custody;
(h) an offence under section 11 of the Air Navigation and Transport Act, 1973, or under section 10 of the Criminal Law (Jurisdiction) Act, 1976;
(i) an offence under this Act.
(2) Where a member of the Garda Síochána who with reasonable cause suspects that an offence to which this section applies has been, is being or is about to be committed requires a person to stop a vehicle with a view to ascertaining whether—
(a) any person in or accompanying the vehicle has committed, is committing or is about to commit the offence, or
(b) evidence relating to the commission or intended commission of the offence by any person is in or on the vehicle or on any person in or accompanying it,
he may search the vehicle, and if (whether before or after the commencement of the search) he suspects with reasonable cause that any of the facts mentioned in paragraph (a) or (b) above exists, he may search any person in or accompanying the vehicle.
(3) A member of the Garda Síochána may use reasonable force in order to compel a person to comply with a requirement to stop a vehicle, and such force may include the placing of a barrier or other device in the path of vehicles.
(4) Any reference in subsection (1) of this section to an offence includes a reference to attempting or conspiring to commit the offence.
Power to retain articles seized.
9.—(1) Where in the course of exercising any powers under this Act or in the course of a search carried out under any other power, a member of the Garda Síochána, a prison officer or a member of the Defence Forces finds or comes into possession of anything which he believes to be evidence of any offence or suspected offence, it may be seized and retained for use as evidence in any criminal proceedings, or in any proceedings in relation to a breach of prison discipline, for such period from the date of seizure as is reasonable or, if proceedings are commenced in which the thing so seized is required for use in evidence, until the conclusion of the proceedings, and thereafter the Police (Property) Act, 1897, shall apply to the thing so seized in the same manner as that Act applies to property which has come into the possession of the Garda Síochána in the circumstances mentioned in that Act.
(2) If it is represented or appears to a person proposing to seize or retain a document under this section that the document was, or may have been, made for the purpose of obtaining, giving or communicating legal advice from or by a barrister or solicitor, that person shall not seize or retain the document unless he suspects with reasonable cause that the document was not made, or is not intended, solely for any of the purposes aforesaid.
Prohibition of possession of photographs etc. of certain buildings.
10.—(1) A person in lawful custody in any prison, Garda station or courthouse shall not have in his possession any photograph, film, illustration, drawing, sketch, map, plan or other representation of or note concerning any part of the interior or exterior of any prison, Garda station or courthouse without the permission of the governor (if he is in a prison), of the member of the Garda Síochána in charge (if he is in a Garda station) or of the court before which the person in question is appearing or is to appear (if he is in a courthouse), and any such person who has any such representation or note in his possession without that permission shall, unless he has it in his possession when taken into custody and discloses that fact on being informed that possession of any such representation or note without permission is forbidden, be guilty of an offence.
(2) (a) A person who is in or in the precincts of a prison, Garda station or courthouse and while there intends to visit or meet, or has visited or met, a person in lawful custody in that prison, station or courthouse shall not have in his possession any representation or note which is referred to in subsection (1) of this section without the permission specified in that subsection, and any person who has any such representation or note in his possession without that permission shall be guilty of an offence if he has been informed orally or by written notice that possession of any such representation or note without that permission is forbidden.
(b) Notwithstanding paragraph (a) of this subsection, if a person applies for the permission specified in subsection (1) of this section at the first available opportunity after arrival at the prison, Garda station or courthouse, he shall not be guilty of an offence under this subsection unless and until the permission is refused and he continues to retain possession of the representation or note.
(3) Nothing in this section shall make it unlawful for a person to have in his possession in a courthouse any representation or note which is referred to in subsection (1) of this section and is intended for production, use or reference in any proceedings that are taking place, are about to take place or have taken place in that court-house.
(4) A person guilty of an offence under this section shall be liable—
(a) on summary conviction, to a fine not exceeding £500 or to imprisonment for a term not exceeding 12 months, or to both, or
(b) on conviction on indictment, to imprisonment for a term not exceeding 5 years.
Certain offences to be felonies.
11.—(1) The offences of kidnapping and false imprisonment and an offence under section 10 of the Criminal Law (Jurisdiction) Act, 1976, shall be felonies.
(2) A person guilty of kidnapping or guilty of false imprisonment shall be liable on conviction on indictment to imprisonment for life.
Prohibition of giving certain false information.
12.—Any person who—
(a) knowingly makes a false report or statement tending to show that an offence has been committed, whether by himself or another person, or tending to give rise to apprehension for the safety of persons or property, or
(b) knowingly makes a false report or statement tending to show that he has information material to any inquiries by the Garda Síochána and thereby causes the time of the Garda Síochána to be wastefully employed,
shall be guilty of an offence and shall be liable—
(i) on summary conviction, to a fine not exceeding £500 or to imprisonment for a term not exceeding 12 months, or to both, or
(ii) on conviction on indictment, to imprisonment for a term not exceeding 5 years.
Offence committed while serving sentence.
13.—(1) Any sentence of penal servitude or imprisonment or of detention in Saint Patrick's Institution passed on a person for an offence committed while he is serving any such sentence shall be consecutive on the sentence that he is serving or, if he is serving or is due to serve more than one sentence, on the sentence last due to expire, so however that, where two or more consecutive sentences as required by this section are passed by the District Court, the aggregate term of imprisonment or detention in respect of those consecutive sentences shall not exceed twelve months.
(2) Subsection (1) of this section shall not apply in any case where the sentence being served or to be passed is a sentence of penal servitude for life or imprisonment for life.
(3) Subsection (1) of this section shall apply notwithstanding any thing contained in section 5 of the Criminal Justice Act, 1951.
Restriction of meaning of “document” in sections 13 and 14 of Act of 1939.
14.—In sections 13 and 14 of the Act of 1939, “document” does not include any of the things specified in the amendment of the definition of “document” made by section 5 of the Offences against the State (Amendment) Act, 1972.
Power of Defence Forces to arrest and search in certain circumstances.
15.—(1) The powers conferred by subsections (3) and (4) of this section may be exercised only in accordance with subsection (2) of this section.
(2) Whenever a member of the Garda Síochána not below the rank of superintendent requests an officer of the Defence Forces to make members of the Defence Forces available for the purpose of the exercise of the powers conferred by subsections (3) and (4) of this section during a period specified in the request, the officer may make—
(a) himself and one or more members of the Defence Forces under his command, or
(b) one or more members of the Defence Forces under his command,
available for the purpose aforesaid, and a member of the Defence Forces made available as aforesaid may, while on duty in uniform during the period specified in the request, exercise the powers conferred by the said subsections (3) and (4).
(3) (a) A member of the Defence Forces who with reasonable cause suspects that an offence to which section 8 of this Act applies has been, is being or is about to be committed may require a person to stop a vehicle with a view to ascertaining whether—
(i) any person in or accompanying the vehicle has committed, is committing or is about to commit the offence, or
(ii) evidence relating to the commission or intended commission of the offence by any person is in or on the vehicle or on any person in or accompanying it,
and he may search the vehicle, and if (whether before or after the commencement of the search) he suspects with reasonable cause that any of the facts mentioned in subparagraph (i) or (ii) above exists, he may search any person in or accompanying the vehicle.
(b) A member of the Defence Forces may use reasonable force in order to compel a person to comply with a requirement to stop a vehicle, and such force may include the placing of a barrier or other device in the path of vehicles.
(4) (a) A member of the Defence Forces may arrest without warrant a person whom he, with reasonable cause, suspects to be in the act of committing, of having committed or of being about to commit an offence to which section 8 of this Act applies and in relation to which a member of the Garda Síochána would be entitled, if he so suspected, to arrest the person.
(b) For the purpose of arresting a person under this subsection, a member of the Defence Forces shall have the same power to enter and search any building or part of a building or any vehicle, vessel, aircraft or hovercraft or any other place as a member of the Garda Síochána would have in like circumstances.
(c) This subsection shall not prejudice any power of arrest conferred by law apart from this subsection.
(5) A person arrested under this section shall, as soon as may be, be delivered into the custody of the Garda Síochána or released and shall in any event, if he has not then been so delivered, be released upon the expiration of 6 hours from the time of his arrest.
(6) A person effecting an arrest under this section complies with any rule of law requiring him to state the ground of arrest if he states that he is effecting an arrest as a member of the Defence Forces because he suspects the person being arrested of being in the act of committing, of having committed or of being about to commit, as the case may be, an offence to which section 8 of this Act applies.
(7) (a) Where a power conferred by subsection (3) or (4) of this section is exercised, a certificate signed by an officer of the Defence Forces not below the rank of commandant and stating—
(i) that a request was made under subsection (2) of this section on a specified date by a member of the Garda Síochána not below the rank of superintendent named in the certificate to an officer of the Defence Forces named in the certificate,
(ii) that the power aforesaid was exercised by the officer named in the certificate or, as the case may be, by a member or members of the Defence Forces under his command or by that officer and a member or members of the Defence Forces under his command, and that, at the time of such exercise, those exercising the power were on duty in uniform and had been made available pursuant to the request aforesaid, and
(iii) that the power aforesaid was exercised during the period specified in the request.
shall, without proof of the signature of the person purporting to have signed the certificate or that he was an officer of the Defence Forces not below the rank of commandant, be evidence in any proceedings of the matters certified in and by the certificate.
(b) Where a power conferred by subsection (3) or (4) of this section is exercised, a certificate signed by a member of the Garda Síochána not below the rank of superintendent and stating that a request was made under subsection (2) of this section on a specified date by a member of the Garda Síochána not below the rank of superintendent named in the certificate to an officer of the Defence Forces named in the certificate shall, without proof of the signature of the person purporting to have signed the certificate or that he was a member of the Garda Síochána not below the rank of superintendent, be evidence in any proceedings of the matters certified in and by the certificate.
(8) This section shall have effect only as long as the Emergency Powers Act, 1976 is in force.
Short title and application.
16.—(1) This Act may be cited as the Criminal Law Act, 1976.
(2) Sections 2 and 11 of this Act shall not apply in relation to offences committed before the passing of this Act and the reference in section 13 (1) of this Act to an offence is a reference to an offence committed after such passing.