harp.jpg


Uimhir 14 de 1990


AN tACHT UM LÁITHREÁIN THRÉIGTHE, 1990


RIAR NA nALT

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Alt

1.

Gearrtheideal.

2.

Léiriú.

3.

Míniú ar láithreán tréigthe.

4.

Rialacháin.

5.

Aisghairm.

6.

Fógraí a sheirbheáil, etc.

7.

Caiteachais.

CUID II

Bearta chun Láithreáin Thréigthe a Chosc agus a Rialú

8.

Clár na láithreán tréigthe.

9.

Dualgas ginearálta úinéara agus áititheora talún.

10.

Dualgas údaráis áitiúil.

11.

Cumhacht údaráis áitiúil a cheangal bearta a dhéanamh i ndáil le láithreáin thréigthe.

12.

Cumhacht an Aire ordú a thabhairt.

13.

Diúscairt láithreán a shealbhaíonn comhlachtaí reachtúla.

14.

Cumhacht láithreán tréigthe a fháil.

15.

Fógra go bhfuil sé ar intinn láithreán tréigthe a fháil go héigeantach.

16.

Agóid i gcoinne láithreáin thréigthe a fháil go héigeantach.

17.

Ordú dílseacháin.

18.

Foirm agus éifeacht ordaithe dílseacháin agus clárú teidil a gheofar faoin ordú sin.

19.

Cúiteamh.

20.

Úsáid láithreáin thréigthe a gheofar faoin Acht seo nó faoi achtachán eile.

CUID III

Tobhach ar Láithreáin Thréigthe

21.

Limistéar forordaithe.

22.

Margadhluach talún uirbí.

23.

Tobhach ar thalamh uirbeach.

24.

An tobhach ar láithreáin thréigthe chun bheith ina mhuirear ar thalamh.

25.

Bannaí.

26.

Cruatan.

CUID IV

Ionchúisimh

27.

Ionchúisimh.

28.

Cionta.

CUID V

Ilghnéitheach

29.

Oibleagáid faisnéis a thabhairt d'údarás áitiúil.

30.

Cumhacht duine údaraithe dul isteach ar thalamh.

31.

Úsáid fáltas ó dhiúscairt talún.

32.

Cumhacht cúirte chun bearta a údarú.

33.

Cosaint i gcás séadchomharthaí náisiúnta nó stairiúla.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Láithreáin Tréigthe do Thógaint, 1940

1940, Uimh. 29

Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919

9 and 10 Geo. 5, 57

Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1986

An tAcht um Láithreáin Tréigthe, 1961

1961, Uimh. 3

An tAcht Cuanta, 1946

1946, Uimh. 9

An tAcht Sláinte, 1970

1970, Uimh. 1

Housing of the Working Classes Act, 1890

53 and 54 Vic. c. 70

An tAcht Léiriúcháin, 1937

1937, Uimh. 38

Lands Clauses Consolidation Act, 1845

8 and 9 Vic. c. 18

An tAcht Rialtais Áitiúil, 1941

1941, Uimh. 23

An tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963

1963, Uimh. 28

Na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 go 1983

Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta, 1930 go 1987

An tAcht um Chlárú Teidil, 1964

1964, Uimh. 16

An tAcht Luachála, 1988

1988, Uimh. 2

An tAcht Oideachais Ghairme Beatha, 1930

1930, Uimh. 29

harp.jpg


Uimhir 14 de 1990


AN tACHT UM LÁITHREÁIN THRÉIGTHE, 1990

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE TALAMH CHUN É A CHOSC Ó BHEITH NÓ Ó THEACHT CHUN BHEITH INA LÁITHREÁN TRÉIGTHE, DÁ CHUMASÚ D'ÚDAR-ÁIS ÁITIÚLA A CHEANGAL AR ÚINÉIRÍ NÓ AR ÁIT-ITHEOIRÍ LÁITHREÁN TRÉIGTHE BEARTA A DHÉANAMH ORTHU AGUS, IN IMTHOSCA ÁIRITHE, LÁITHREÁIN THRÉIGTHE A GHLACADH CHUCU GO hÉIGEANTACH, DO BHUNÚ CLÁR DE LÁITHREÁIN THRÉIGTHE, DÁ CHUMASÚ DON AIRE ORDUITHE A THABHAIRT I nDÁIL LE LÁITHREÁIN THRÉIGTHE, DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH TOBHACH LÁITH-REÁN TRÉIGTHE AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE AGUS D'AISGHAIRM AN ACHTA UM LÁITHREÁIN TRÉIGTHE, 1961. [27 Meitheamh, 1990]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

[EN]

Gearrtheideal.

1.—Féadfar an tAcht um Láithreáin Thréigthe, 1990, a ghairm den Acht seo.

[EN]

Léiriú.

2.—(1) San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “an tAire iomchuí” aon Aire den Rialtas (seachas an tAire) a bhféadfadh, i dtuairim an Aire, baint nó leas a bheith aige san ábhar atá i gceist, ag féachaint do na feidhmeanna Aireachta atá dílsithe dó;

[EN]

tá le “banna” an bhrí a shanntar dó le halt 25;

[EN]

tá le “láithreán tréigthe”, an bhrí a shanntar dó le halt 3;

[EN]

tá le “tobhach ar láithreáin thréigthe” an bhrí a shanntar dó le halt 23;

[EN]

ciallaíonn “clár na láithreán tréigthe” an clár a bhunaítear faoi alt 8;

[EN]

ciallaíonn “cuspóir forbartha” cuspóir arna fhoirmiú ag údarás pleanála faoi alt 19 den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963;

[EN]

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais;

[EN]

folaíonn “talamh” aon déanmhas agus aon talamh atá faoi uisce;

[EN]

ciallaíonn “údarás áitiúil”, ach amháin sa mhíniú ar chomhlacht reachtúil, comhairle contae, bardas contaebhuirge nó buirge eile nó comhairle cheantair uirbigh;

[EN]

ciallaíonn “margadhluach” luach na talún uirbí iomchuí arna measúnú de réir alt 22;

[EN]

ciallaíonn “an tAire” an tAire Comhshaoil;

[EN]

folaíonn “áititheoir”, i ndáil le talamh, aon duine a bhfuil neasúsáid nó neasteachtadh na talún aige nó atá i dteideal an neasúsáid nó an neasteachtadh sin a bheith aige, aon duine atá i dteideal an talamh a áitiú agus aon duine eile a bhfuil an talamh faoina urláimh de thuras na huaire;

[EN]

seachas in alt 15, ciallaíonn “úinéir”, i ndáil le talamh, duine, seachas morgáistí nach bhfuil i seilbh, a bhfuil teideal aige ina cheart féin nó mar iontaobhaí nó mar ghníomhaire d'aon duine eile, cíos forlán na talún a ghlacadh nó, i gcás nach ar cíos forlán atá an talamh ligthe, a mbeadh an teideal sin aige dá mbeadh sé ligthe amhlaidh;

[EN]

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin Acht seo;

[EN]

ciallaíonn “an clár”, seachas in alt 18, an clár a bhunaítear faoi alt 8;

[EN]

ciallaíonn “údarás clárúcháin” údarás clárúcháin de réir bhrí an Achta um Chlárú Teidil, 1964;

[EN]

tá le “údarás Stáit” an bhrí a shanntar dó le halt 84 den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963;

[EN]

ciallaíonn”comhlacht reachtúil:—

[EN]

(a) údarás áitiúil de réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúil, 1941,

[EN]

(b) údarás cuain de réir bhrí an Achta Cuanta, 1946,

[EN]

(c) bord sláinte a bunaíodh faoin Acht Sláinte, 1970,

[EN]

(d) coiste gairmoideachais de réir bhrí an Achta Oideachais Ghairme Beatha, 1930,

[EN]

(e) bord nó comhlacht eile a bhunaítear le reacht nó faoi reacht,

[EN]

(f) cuideachta ina bhfuil na scaireanna go léir á sealbhú ag Aire den Rialtas, nó thar a cheann, nó ag stiúrthóirí arna gceapadh aige, nó

[EN]

(g) cuideachta ina bhfuil na scaireanna go léir á sealbhú ag bord, cuideachta, nó comhlacht eile dá dtagraítear i mír (e)(f) den mhíniú seo;

[EN]

ciallaíonn “déanmhas” aon fhoirgneamh, tógáil, déanmhas, tochailt, nó ní eile, a fhoirgnítear, a thógtar nó a dhéantar ar aon talamh nó ann nó faoi, nó aon chuid de dhéanmhas arna mhíniú amhlaidh, agus, i gcás go gceadaíonn an comhthéacs é, folaíonn sé an talamh ar air, ann nó faoi atá an déanmhas suite;

[EN]

ciallaíonn “an Binse” an Binse Luachála a bunaíodh faoi alt 2 den Acht Luachála, 1988;

[EN]

ciallaíonn “limistéar uirbeach” contaebhuirg nó buirg eile, ceantar uirbeach, baile mór nó limistéar arna fhorordú ag an Aire faoi alt 21;

[EN]

ciallaíonn “talamh uirbeach” láithreán tréigthe i limistéar uirbeach a bheidh taifeadta ar an gclár ach ní fholaíonn sé aon teaghais ná talamh áitithe atá ar úinéireacht ag údarás Stáit nó ag an údarás áitiúil a bhfuil an talamh suite ina limistéar feidhmiúcháin ná talamh—

[EN]

(a) a bhfuil ordú ceannaigh éigeantaigh (seachas ordú dílseacháin faoin Acht seo) tagtha chun bheith i ngníomh i ndáil leis, nó

[EN]

(b) a bhfuil cuspóir forbartha ann i ndáil leis an talamh chun é a chur in áirithe le haghaidh bóithre nó áiteanna loctha nó le haghaidh aon chríche de na críocha dá ndéantar talamh a chur in áirithe nó a shlánchoimeád a léirítear i gCuid IV den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963.

[EN]

(2) San Acht seo aon tagairt d'alt nó do Chuid is tagairt í d'alt nó do Chuid den Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

[EN]

(3) San Acht seo aon tagairt d'fho-alt is tagairt í d'fho-alt den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

[EN]

Míniú ar láithrean tréigthe.

3.—San alt seo ciallaíonn “láithreán tréigthe” aon talamh (dá ngairtear “an talamh i gceist” san alt seo) a bhaineann, nó ar dóigh dó baint, go feadh méid ábhartha, ó thaitneamhacht, ó shainghné nó ó dhealramh na talún i gcomharsanacht na talún i gceist—

[EN]

(a) mar gheall ar dhéanmhais atá ina bhfothraigh, tréigthe nó contúirteach a bheith ar an talamh i gceist, nó

[EN]

(b) mar gheall ar an talamh nó aon déanmhais ar an talamh i gceist a bheith ligthe i bhfaillí, mímhaiseach nó gráiniúil, nó

[EN]

(c) mar gheall ar aon bhruscar, truflais, smionagar nó dramhaíl a bheith ann nó a bheith caite nó carntha ar an talamh i gceist, ach amháin i gcás an bruscar, an truflais, an smionagar nó an dramhaíl sin a bheith ann, a bheith caite nó carntha de dhroim fheidhmiú cirt a thugtar le reacht nó leis an dlí coiteann.

[EN]

Rialacháin.

4.—(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh—

[EN]

(a) chun aon nithe a fhorordú dá dtagraítear san Acht seo mar nithe forordaithe, agus

[EN]

(b) chun éifeacht iomlán a thabhairt don Acht seo.

[EN]

(2) Gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo, seachas rialachán dá dtagraítear in alt 23 (4), leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

[EN]

Aisghairm.

5.—(1) Aisghairtear leis seo an tAcht um Láithreáin Tréigthe, 1961.

[EN]

(2) D'ainneoin fho-alt (1), agus gan dochar do ghinearáltacht alt 21 den Acht Léiriúcháin, 1937, ní fhearfaidh aisghairm an Achta um Láithreáin Tréigthe, 1961

[EN]

(a) ar fheidhmiú aon chumhachta faoi alt 2, 3, 4, 6, 9, 12, 14, 15, 16 nó 18 den Acht sin, ná

[EN]

(b) ar aon cheart a fhabhraíonn chuig duine faoi alt 5, 8, 9, 11 nó 13 den Acht sin,

[EN]

maidir le haon nós imeachta nó aon ní a tosaíodh roimh theacht i ngníomh don Acht seo.

[EN]

Fógraí a sheirbheáil, etc.

6.—(1) Aon fhógra a cheanglaítear a thabhairt do dhuine nó a sheirbheáil air faoin Acht seo, díreofar é chuig an duine lena mbaineann agus déanfar é a thabhairt dó nó a sheirbheáil air ar bhealach díobh seo a leanas:—

[EN]

(a) i gcás é a bheith dírithe chuige faoina ainm, trína sheachadadh air;

[EN]

(b) trína fhágáil ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air nó, i gcás seoladh le haghaidh seirbheála a bheith tugtha, ag an seoladh sin;

[EN]

(c) trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha, a bheidh dírithe chuige ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air nó, i gcás seoladh le haghaidh seirbheála a bheith tugtha, ag an seoladh sin;

[EN]

(d) i gcás nach féidir an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air a fhionnadh trí fhiosrú réasúnach, trína sheachadadh ar dhuine éigin os cionn sé bliana déag d'aois a bheidh ina chónaí nó fostaithe ar an talamh lena mbaineann an fógra nó trína ghreamú in áit fheiceálach ar an talamh sin nó gar dó.

[EN]

(2) I gcás nach féidir ainm an úinéara ná an áititheora (de réir mar a bheidh) a fhionnadh trí fhiosrú réasúnach, féadfar fógra a dhíriú chuig “an t-úinéir” nó “an t-áititheoir” (de réir mar a éileoidh an cás) gan é a ainmniú.

[EN]

(3) Chun críocha an ailt seo, measfar gur ag a hoifig chláraithe atá gnáthchónaí ar chuideachta de réir bhrí Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1986, agus measfar gur ag a phríomhoifig nó ag a phríomháit ghnó atá gnáthchónaí ar gach comhlacht corpraithe eile agus ar gach comhlacht neamhchorpraithe.

[EN]

(4) Ní dhéanfaidh duine aon tráth le linn na tréimhse aon mhíosa tar éis fógra a ghreamú faoi fho-alt 1 (d), an fógra a aistriú as, a dhamáistiú nó a aghlot gan údarúchán dleathach.

[EN]

Caiteachais.

7.—(1) Déanfar, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

[EN]

(2) Aon chaiteachais faoin Acht seo a thabhóidh údarás áitiúil ar comhairle contae iad muirearófar iad ar an gcontae (ach gach buirg agus ceantar uirbeach sa chontae sin a eisiamh).

CUID II

Bearta chun Láithreáin Thréigthe a Chosc agus a Rialú

[EN]

Clár na láithreán tréigthe.

8.—(1) Déanfaidh gach údarás áitiúil, laistigh de bhliain amháin tar éis thosach feidhme an Achta seo, clár a bhunú agus a chothabháil ina dhiaidh sin ar a dtabharfar “clár na láithreán tréigthe” agus dá ngairtear “an clár” san Acht seo agus taifeadfaidh siad ar an gclár—

[EN]

(a) mionsonraí i dtaobh aon talún ina limistéar feidhmiúcháin ar dóigh leo gur láithreán tréigthe é,

[EN]

(b) ainm agus seoladh gach úinéara agus áititheora, i gcás gur féidir iad sin a fhionnadh trí fhiosrúchán réasúnach,

[EN]

(c) mionsonraí i dtaobh aon bheart a bheidh déanta ag an údarás áitiúil faoin Acht seo nó faoi aon achtachán eile i ndáil leis an láithreán,

[EN]

(d) i gcás talún ar úinéireacht nó ar áitiú ag údarás áitiúil, mionsonraí i dtaobh na húsáide, más aon úsáid é, atá á baint as an talamh, agus mionsionraí i dtaobh aon críche a mbeartaítear an talamh a úsáid chuici,

[EN]

(e) mionsonraí faoi mhargadhluach talún uirbí arna chinneadh ag an údarás áitiúil, nó ag an mBinse ar achomharc, de réir fhorálacha alt 22, agus

[EN]

(f) cibé mionsonraí eile a fhorordófar.

[EN]

(2) Sula ndéanfaidh siad aon iontráil ar an gclár i ndáil le haon talamh, tabharfaidh an t-údarás áitiúil d'aon úinéir agus áititheoir, i gcás gur féidir a fhionnadh trí fhiosrúchán réasúnach cé hiad, fógra á rá go bhfuil ar intinn acu an iontráil sin a dhéanamh agus breithneoidh siad aon uiríll a dhéanfaidh aon úinéir nó áititheoir i scríbhinn laistigh de cibé tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra agus féadfaidh siad an iontráil a dhéanamh nó gan é a dhéanamh de réir mar a cheapann siad is cóir ag féachaint do na huiríll sin.

[EN]

(3) Féadfaidh údarás áitiúil iontráil a thógáil as an gclár i gcás go gceapann siad nach bhfuil an iontráil iomchuí níos mó.

[EN]

(4) Tógfaidh údarás áitiúil iontráil as an gclár (agus taifeadfaidh siad sa chlár an dáta a dhéanfar é sin) i ndáil le láithreán tréigthe i gcás—

[EN]

(a) go mbeidh fógra faoi alt 11 comhlíonta, nó

[EN]

(b) go mbeidh bearta déanta faoi alt 11 (5) chun éifeacht a thabhairt do théarmaí fógra faoi alt 11, nó

[EN]

(c) go mbeidh an talamh scortha ar shlí eile de bheith ina láithreán tréigthe.

[EN]

(5) Coimeádfar an clár ag oifigí an údaráis áitiúil agus beidh sé ar fáil lena iniúchadh ag oifigí an údaráis áitiúil le linn uaireanta oifige.

[EN]

(6) Cuirfear cóip den chlár nó d'iontráil sa chlár chuig an Aire má iarrann sé é.

[EN]

(7) Déanfaidh an t-údarás áitiúil fógra faoi iontráil sa chlár a sheirbheáil ar úinéir agus áititheoir láithreáin a mbeidh iontráil déanta sa chlár ina leith i gcás gur féidir a fhionnadh trí fhiosrúchán réasúnach cé hiad na daoine sin.

[EN]

(8) Gach doiciméad a airbheartaíonn gur cóip é d'iontráil sa chlár agus a airbheartaíonn a bheith deimhnithe mar chóip dhílis den iontráil ag oifigeach d'údarás áitiúil, glacfar leis, gan cruthúnas ar shíniú an duine a airbheartaíonn gurb é a dheimhnigh é amhlaidh nó gurbh é an t-oifigeach sin é, mar fhianaise in aon imeachtaí dlíthiúla agus measfar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gur cóip dhílis é den iontráil agus gur fianaise é ar théarmaí na hiontrála.

(9) Féadfar fianaise ar iontráil sa chlár a thabhairt trí chóip de a thabhairt ar aird agus í deimhnithe de bhun an ailt seo agus ní call an clár féin a thabhairt ar aird.

[EN]

Dualgas ginearálta úinéara agus áititheora talún.

9.—Beidh de dhualgas ar gach úinéir agus áititheoir talún, lena n-áirítear comhlacht reachtúil agus údarás Stáit, gach beart réasúnach a dhéanamh lena chinntiú nach dtagann an talamh chun bheith nó nach leanann sé de bheith ina láithreán tréigthe.

[EN]

Dualgas údaráis áitiúil.

10.—Beidh sé de dhualgas ar údarás áitiúil gach beart réasúnach a dhéanamh (lena n-áirítear aon chumhachtaí reachtúla iomchuí a fheidhmiú) lena chinntiú nach dtagann aon talamh atá suite ina limistéar feidhmiúcháin chun bheith ná nach leanann sé de bheith ina láithreán tréigthe.

[EN]

Cumhacht údaráis áitiúil a cheangal bearta a dhéanamh i ndáil le láithreáin thréigthe.

11.—(1) I gcás—

[EN]

(a) gurb é tuairim údaráis áitiúil gur gá déanamh amhlaidh, chun nach dtiocfaidh talamh atá suite ina limistéar feidhmiúcháin chun bheith nó nach leanfaidh sé de bheith ina láithreán tréigthe, nó

[EN]

(b) go mbeidh ordaithe d'údarás áitiúil ag an Aire déanamh amhlaidh faoi alt 12,

[EN]

seirbheálfaidh siad fógra i scríbhinn ar aon duine a bhfeictear dóibh gurb é úinéir nó áititheoir na talún a dúradh é.

[EN]

(2) I bhfógra faoin alt seo—

[EN]

(a) sonrófar na bearta a cheapann an t-údarás áitiúil nó an tAire, de réir mar a bheidh, is gá chun nach dtiocfaidh an talamh chun bheith nó nach leanfaidh sé de bheith ina láithreán tréigthe,

[EN]

(b) ordófar don duine a bhfuil an fógra á sheirbheáil air cibé bearta a dhéanamh a bheidh sonraithe san fhógra, agus

[EN]

(c) sonrófar tréimhse (nach lú ná mí amháin) a mbeidh na bearta sin le déanamh laistigh di; ar choinníoll, áfach, nach mbeidh éifeacht leis an bhfógra—

[EN]

(i) go mbeidh ceithre lá dhéag caite ó dháta seirbheála an fhógra, nó

[EN]

(ii) má dhéantar aon uiríll faoi fho-alt (3), go dtí an dáta a dtabharfaidh an t-údarás áitiúil fógra don duine a rinne na huiríll sin go bhfuil breithniú déanta acu ar na huiríll a dúradh.

[EN]

(3) Aon duine is úinéir nó áititheoir talún a mbeidh fógra arna sheirbheáil faoin alt seo maidir leis, féadfaidh sé, laistigh de cheithre lá dhéag ó dháta seirbheála an fhógra, cibé uiríll i scríbhinn a dhéanamh is cuí leis chun an údaráis áitiúil i dtaobh théarmaí an fhógra agus féadfaidh an t-údarás sin, tar éis na huiríll sin a bhreithniú, an fógra a leasú nó a chúlghairm.

[EN]

(4) Aon duine is úinéir nó áititheoir talún a mbeidh fógra arna sheirbheáil faoin alt seo maidir leis, comhlíonfaidh sé ceanglais an fhógra, nó, de réir mar a bheidh, an fhógra arna leasú, laistigh den tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra.

[EN]

(5) Más rud é, laistigh den tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra nó san fhógra arna leasú, de réir mar a bheidh, nach gcomhlíonfaidh duine a mbeidh fógra faoin alt seo arna sheirbheáil air, ceanglais an fhógra, féadfaidh an t-údarás áitiúil a sheirbheáil an fógra cibé bearta a dhéanamh (lena n-áirítear daoine údaraithe do dhul isteach ar an talamh de réir alt 30) a cheapann siad a bheith réasúnach agus riachtanach chun éifeacht a thabhairt do théarmaí an fhógra nó an fhógra arna leasú, de réir mar a bheidh, agus féadfaidh siad aon chaiteachas a tabhaíodh amhlaidh a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla ón duine ar ar seirbheáladh an fógra nó an fógra arna leasú, de réir mar a bheidh, agus arb é an t-úinéir nó an t-áititheoir é.

[EN]

(6) Is forbairt dhíolmhaithe chun críocha na nAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 go 1983, déanamh aon oibreacha de réir bhrí na nAchtanna sin atá sonraithe i bhfógra nó san fhógra arna leasú, de réir mar a bheidh, faoin alt seo.

[EN]

(7) Aon duine ar a seirbheálfar fógra nó an fógra arna leasú, de réir mar a bheidh, faoin alt seo agus arb é úinéir na talún é a mbeidh fógra seirbheáilte ina leith, féadfaidh sé féin, agus a sheirbhísigh nó a ghníomhairí, dul isteach ar an talamh agus na bearta a cheanglaítear a dhéanamh faoin bhfógra a ghabháil de láimh.

[EN]

Cumhacht an Aire ordú a thabhairt.

12.—Féadfaidh an tAire—

[EN]

(a) a ordú d'údarás áitiúil fógra a sheirbheáil faoi alt 11 (1), i ndáil le láithreán tréigthe atá ar áireamh sa chlár, nó

[EN]

(b) a ordú d'údarás áitiúil cibé bearta a dhéanamh a cheapann an tAire a bheith réasúnach agus riachtanach chun éifeacht a thabhairt do théarmaí fógra a sheirbheáiltear faoi alt 11 (1), nó

[EN]

(c) a ordú d'údarás áitiúil cibé bearta a dhéanamh a shonróidh sé chun nach dtiocfaidh aon talamh atá ar úinéireacht nó á áitiú acu chun bheith nó nach leanfaidh sé de bheith ina láithreán tréigthe,

[EN]

agus beidh sé de dhualgas ar an údarás áitiúil déanamh de réir an ordaithe laistigh de cibé tréimhse a shonróidh an tAire.

[EN]

Diúscairt láithreán a shealbhaíonn comhlachtaí reachtúla.

13.—(1) Féadfaidh an tAire, i ndáil le haon láithreán tréigthe atá ar áireamh sa chlár agus a bhfuil leas ag comhlacht reachtúil ann, a ordú don chomhlacht sin cibé bearta a dhéanamh atá ar fáil aige chun an leas sin a dhiúscairt.

[EN]

(2) Sula dtabharfaidh sé ordú faoi fho-alt (1), rachaidh an tAire i gcomhairle leis an Aire iomchuí agus tabharfaidh sé fógra don chomhlacht lena mbaineann go bhfuil beartaithe aige ordú den sórt sin a thabhairt agus breithneoidh sé aon agóidí a dhéanfaidh an comhlacht sin agus féadfaidh sé a thogra a mhodhnú ar cibé modh agus a mhéid is dóigh leis is cóir agus féadfaidh sé ordú a thabhairt dá réir sin.

[EN]

(3) Ní thabharfaidh an tAire ordú faoin alt seo mura deimhin leis tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire iomchuí nach bhfuil an talamh lena mbainfidh an t-ordú, má thugtar é, á úsáid ag an gcomhlacht reachtúil, ná nach bhfuil sé ná nach dóigh go mbeidh sé ag teastáil ón gcomhlacht sin, chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh.

[EN]

(4) Beidh de dhualgas ar chomhlacht reachtúil dá mbeidh ordú tugtha faoin alt seo déanamh de réir an ordaithe laistigh den tréimhse ama a bheidh sonraithe san ordú.

[EN]

Cumhacht láithreán tréigthe a fháil.

14.—Féadfaidh údarás áitiúil aon láithreán tréigthe atá suite laistigh dá limistéar feidhmiúcháin a fháil trí chomhaontú nó go héigeantach.

[EN]

Fógra go bhfuil sé ar intinn láithreán tréigthe a fháil go héigeantach.

15.—(1) Déanfaidh údarás áitiúil a bhfuil sé ar intinn acu aon láithreán tréigthe a fháil go héigeantach faoin Acht seo—

[EN]

(a) fógra a fhoilsiú i nuachtán amháin nó níos mó a léitear ina limistéar feidhmiúcháin agus déarfar san fhogra go bhfuil sé ar intinn acu an láithreán tréigthe a fháil go héigeantach faoin Acht seo, tabharfar tuairisc ar an talamh lena mbaineann sé, ainmneofar an áit ina bhfuil léarscáil den láithreán tréigthe taiscthe agus na hamanna ar féidir í a iniúchadh lena linn agus sonrófar an tréimhse ama (nach lú ná mí amháin) ar féidir agóidí in aghaidh fháil na talún a dhéanamh chuig an údarás áitiúil laistigh di agus an modh ar féidir déanamh amhlaidh, agus

[EN]

(b) fógra san fhoirm fhorordaithe a sheirbheáil ar gach úinéir, léasaí agus áititheoir (seachas tionóntaí ar feadh míosa nó tréimhse is lú ná mí) ar an talamh agus déarfar san fhógra go bhfuil sé ar intinn acu an láithreán tréigthe a fháil go héigeantach faoin Acht seo, tabharfar tuairisc ar an láithreán tréigthe lena mbaineann sé, ainmneofar an áit ina bhfuil léarscáil den láithreán tréigthe taiscthe agus na hamanna ar féidir í a iniúchadh lena linn agus sonrófar an tréimhse ama (nach lú ná mí amháin) ar féidir agóidí i gcoinne fháil an láithreáin thréigthe a dhéanamh chuig an údarás áitiúil laistigh di agus an modh ar féidir déanamh amhlaidh.

[EN]

(2) San alt seo ciallaíonn “úinéir” i ndáil le talamh, duine, seachas morgáistí nach bhfuil i seilbh, atá i dteideal de thuras na huaire feo simplí na talún a dhiúscairt, cibé acu i seilbh nó i bhfrithdhílse agus folaíonn sé freisin duine a shealbhaíonn cíosanna agus brabúis na talún, nó a bhfuil teideal aige chucu, faoi léas nó comhaontú, agus ar faide ná trí bliana an téarma de atá gan chaitheamh.

[EN]

Agóid i gcoinne láithreáin thréigthe a fháil go héigeantach.

16.—(1) Aon duine de na daoine a mbeidh fógraí seirbheáilte orthu maidir le fáil éigeantach a bheidh beartaithe ar láithreán tréigthe, féadfaidh sé laistigh den tréimhse, agus ar an modh, a shonraítear sna fógraí, agóid a chur faoi bhráid an údaráis áitiúil i gcoinne na fála éigeantaí a bheidh beartaithe dá dtagraítear san fhógra.

[EN]

(2) Féadfaidh an duine a rinne agóid i gcoinne fála éigeantaí a bheidh beartaithe ar láithreán tréigthe ar bith an agóid sin a tharraingt siar trí fhógra i scríbhinn a chur chuig an údarás áitiúil.

[EN]

(3) Más rud é, i ndáil le fáil éigeantach a bheidh beartaithe ar láithreán tréigthe ar bith ag údarás áitiúil, go ndéanfar agóid chuig an údarás áitiúil de réir fho-alt (1) agus nach dtarraingeofar siar í, ní bhfaighidh an t-údarás áitiúil an láithreán tréigthe go héigeantach gan toiliú an Aire.

[EN]

(4) Aon iarratas ó údarás áitiúil ar thoiliú an Aire a fháil chun aon láithreán tréigthe a fháil go héigeantach faoin Acht seo déanfar é laistigh de mhí amháin tar éis don tréimhse ama ar laistigh di is féidir agóid a dhéanamh i gcoinne na fála a bheidh beartaithe a bheith caite, agus beidh an méid seo ag gabháil leis an iarratas: an léarscáil iomchuí, an agóid a rinneadh go cuí chun an údaráis áitiúil de bhun an ailt seo i ndáil leis an bhfáil a bheidh beartaithe agus nach mbeidh tarraingthe siar ina dhiaidh sin, tráchtaí an údaráis (más ann) ar an agóid agus cibé doiciméid agus mionsonraí eile a bheidh forordaithe.

[EN]

(5) Ar thráchtaí an údaráis (más ann) dá dtagraítear i bhfo-alt (4) a fháil, déanfaidh an tAire, trí fhógra a sheirbheálfar ar an duine a rinne an agóid, cóip de na tráchtaí sin a chur chuig an duine sin agus féadfaidh seisean a bharúlacha a chur in iúl don Aire i ndáil leis na tráchtaí sin, laistigh de lá is fiche ó dháta seirbheála an fhógra.

[EN]

(6) Ar iarratas a fháil faoi fho-alt (4), i ndáil le haon láithreán tréigthe dá dtagraítear i bhfógra a fhoilseoidh údarás áitiúil faoi alt 15, féadfaidh an tAire, de réir mar is cuí leis, a thoiliú a dheonú nó a dhiúltú chun an láithreán tréigthe go léir nó cuid de a fháil go héigeantach.

[EN]

Ordú dílseacháin.

17.—(1) Más rud é, i ndáil le haon láithreán tréigthe a mbeidh forálacha alt 15 comhlíonta ina leith ag údarás áitiúil—

[EN]

(a) nach gcuirfear aon agóid faoi bhráid an údaráis áitiúil de réir alt 16, nó

[EN]

(b) go ndéanfar aon agóid a chuirfear faoi bhráid an údaráis áitiúil mar a dúradh a tharraingt siar dá éis sin, nó

[EN]

(c) go dtoilíonn an tAire leis an údarás áitiúil d'fháil an láithreáin go héigeantach,

[EN]

féadfaidh an t-údarás áitiúil an láithreán tréigthe a fháil le hordú (dá ngairtear ordú dílseacháin san Acht seo).

[EN]

(2) I gcás go dtagann údarás áitiúil, sula ndéanann siad ordú dílseacháin, ar an eolas go bhfuil an láithreán tréigthe atá le fáil leis an ordú faoi réir (go haonarach nó i dteannta talún eile) aon bhlianachta nó íocaíochta eile a íoctar le Coimisiún Talún na hÉireann nó le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, nó faoi réir aon mhuirir is iníoctha leis na Coimisinéirí Ioncaim ar bhás aon duine, cuirfidh an t-údarás áitiúil in iúl láithreach do Choimisiún Talún na hÉireann, do Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn nó do na Coimisinéirí Ioncaim, de réir mar a bheidh, go bhfuil ar intinn acu an t-ordú a dhéanamh.

[EN]

(3) Aon uair a dhéanfaidh údarás áitiúil ordú dílseacháin faoin alt seo, déanfaidh siad laistigh de cheithre lá dhéag tar éis an t-ordú a dhéanamh—

[EN]

(a) fógra a fhoilsiú i nuachtán amháin nó níos mó a léitear laistigh dá limistéar feidhmiúcháin ina ndéarfar go ndearnadh an t-ordú, ina dtabharfar tuairisc ar an láithreán tréigthe lena mbaineann sé agus ina n-ainmneofar áit inar féidir cóip den ordú agus den léarscáil a ghabhann leis a fheiceáil gach tráth réasúnach, agus

[EN]

(b) fógra a sheirbheáil ar gach duine ar dóigh leo leas a bheith aige sa láithreán tréigthe lena mbaineann an t-ordú, á rá go ndearnadh an t-ordú agus cad é éifeacht an ordaithe.

[EN]

Foirm agus éifeacht ordaithe dílseacháin agus clárú teidil a gheofar faoin ordú sin.

18.—(1) Is san fhoirm fhorordaithe a bheidh gach ordú dílseacháin lena bhfaighidh údarás áitiúil aon láithreán tréigthe faoin Acht seo agus beidh léarscáil ag gabháil leis ar a dtaispeánfar an talamh lena mbaineann sé.

[EN]

(2) Beidh ordú dílseacháin sainráite agus oibreoidh sé chun an láithreán tréigthe lena mbaineann sé a dhílsiú don údarás áitiúil i bhfeo simplí saor ó eirí agus ó gach eastát, ceart, teideal agus leas d'aon chineál ar bith ar dháta sonraithe (dá ngairtear an dáta dílseacháin san Acht seo) tráth nach luaithe ná lá is fiche tar éis an t-ordú a dhéanamh.

[EN]

(3) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (2), i gcás go mbeidh údarás áitiúil tar éis láithreán tréigthe a fháil le hordú dílseacháin is láithreán tréigthe a bheidh, go haonarach nó i dteannta talún eile, faoi réir blianachta ceannaigh, íocaíochta in ionad cíosa, nó suime bliantúla eile (nach cíos faoi chonradh tionóntachta, go huile, a bheidh inti) is iníoctha le Coimisiún Talún na hÉireann, nó le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, tiocfaidh an t-údarás chun bheith, agus beidh siad, amhail ón dáta a ndílseofar an láithreán tréigthe dóibh leis an ordú dílseacháin, faoi dhliteanas an tsuim bhliantúil, nó cibé cuid den chéanna a chionroinnfidh Coimisiún Talún na hÉireann nó Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, de réir mar a bheidh, a íoc le Coimisiún Talún na hÉireann nó le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, de réir mar a bheidh, i leith an láíthreáin thréigthe amhail is dá mbeadh an láithreán tréigthe aistrithe ag úinéir an láithreáin chuig an údarás ar an dáta sin.

[EN]

(4) Nuair a dhéanfaidh an t-údarás áitiúil ordú dílseacháin i ndáil le haon láithreán tréigthe, cuirfidh siad an t-ordú chuig an údarás clárúcháin agus air sin cuirfidh an t-údarás clárúcháin faoi deara an t-údarás áitiúil a chlárú mar úinéir ar an talamh de réir an ordaithe.

[EN]

(5) (a) Más rud é gur deimhin le húdarás áitiúil, ar iarratas ó aon duine leasmhar, go bhfuil earráid nó dearmad in ordú dílseacháin, cibé acu is iad an t-údarás áitiúil a rinne an t-ordú dílseacháin sin faoi deara é nó nach iad, féadfaidh an t-údarás áitiúil an t-ordú dílseacháin sin a leasú, le hordú, ar choinníoll go bhféadfar an earráid nó an dearmad sin a cheartú gan éagóir a dhéanamh ar aon duine.

[EN]

(b) Má dhéanann údarás áitiúil ordú faoin bhfo-alt seo ag leasú ordú dílseacháin, déanfaidh an t-údarás clárúcháin, ar chóip den ordú leasaitheach sin a thaisceadh leo, an clár a cheartú ar cibé modh is gá chun go mbeidh an clár sin de réir an ordaithe leasaithigh sin.

[EN]

Cúiteamh.

19.—(1) Más rud é, díreach sula ndéanfar ordú dílseacháin, go mbeidh aon eastát nó leas ag aon duine sa láithreán tréigthe a gheofar leis an ordú, nó aon cheart aige maidir leis an láithreán sin, féadfaidh an duine tráth nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis an t-ordú a dhéanamh, iarratas a dhéanamh chun an údaráis áitiúil ar chúiteamh maidir leis an eastát, leis an leas nó leis an gceart, agus, faoi réir fho-alt (3), íocfaidh an t-údarás áitiúil air sin leis an duine ar mhodh cúitimh méid is comhionann le luach (más aon luach é) an eastáit, an leasa, nó an chirt.

[EN]

(2) Déanfar an cúiteamh a bheidh le híoc ag údarás áitiúil faoin alt seo maidir le haon eastát nó leas sa láithreán tréigthe nó le haon cheart maidir leis, a chinneadh, cheal comhaontaithe, trí eadráin faoi réim agus de réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919.

[EN]

(3) Más rud é, tar éis d'údarás áitiúil ordú dílseacháin a dhéanamh faoin Acht seo i ndáil le haon láithreán tréigthe, go mbeidh aon suim (lena n-áirítear aon suim i leith costas) dlite fós don údarás áitiúil ó dhuine ar bith ar mhodh tobhaigh ar láithreáin thréigthe nó ar scór ordú ó aon chúirt maidir le méid a íoc a bheidh dlite don údarás áitiúil faoin Acht seo nó faoi aon Acht eile—

[EN]

(a) más lú an tsuim réamhráite ná méid an chúitimh is iníoctha leis an duine faoin alt seo, laghdófar méid an chúitimh de mhéid na suime, agus

[EN]

(b) mura lú an tsuim réamhráite ná méid an chúitimh réamhráite, ní bheidh an cúiteamh iníoctha.

[EN]

(4) Beidh feidhm ag ailt 69 go 79 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, arna leasú nó arna n-oiriúnú leis an Dara Sceideal a ghabhann leis an Housing of the Working Classes Act, 1890, nó faoin Sceideal sin nó le haon Acht eile nó faoi, i ndáil le cúiteamh a bheidh le híoc ag údarás áitiúil faoin alt seo amhail is dá mba phraghas nó cúiteamh faoin Acht sin arna leasú amhlaidh an cúiteamh sin.

[EN]

(5) Más rud é go n-íocfaidh an t-údarás áitiúil airgead isteach i gCúirt faoi alt 69 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, arna chur chun feidhme leis an alt seo, ní bheidh aon chostais iníoctha ag an údarás sin le haon duine maidir le haon imeachtaí i leith an t-airgead sin a infheistiú, ioncam ar an airgead sin a íoc nó caipiteal an airgid sin a íoc.

[EN]

Úsáid láithreáin thréigthe a gheofar faoin Acht seo nó faoi achtachán eile.

20.—(1) Féadfaidh údarás áitiúil aon láithreán tréigthe a gheobhaidh siad faoin Acht seo, faoin Acht um Láithreáin Tréigthe, 1961, nó faoin Acht um Láithreáin Tréigthe do Thógaint, 1940, a úsáid chun aon críche a bhaineann lena bhfeidhmeanna.

[EN]

(2) Má tharlaíonn, aon tráth, nach mbeidh an t-iomlán, nó aon chuid, de láithreán tréigthe a gheofar faoin Acht seo, faoin Acht um Láithreáin Tréigthe, 1961, nó faoin Acht um Láithreáin Tréigthe do Thógaint, 1940, ag teastáil ón údarás áitiúil a gheobhaidh é, féadfaidh an t-údarás áitiúil, faoi réir aon rialachán a dhéanfar faoin Acht seo, an t-iomlán, nó an chuid sin (de réir mar a bheidh), den láithreán tréigthe a dhíol, a ligean, a aistriú nó a mhalartú.

CUID III

Tobhach ar Láithreáin Thréigthe

[EN]

Limistéar forordaithe.

21.—Féadfaidh an tAire a fhorordú gur limistéar uirbeach chun críche an Achta seo aon limistéar nach cuid de chontaebhuirg; nó buirg eile, ceantar uirbeach nó baile mór é.

[EN]

Margadhluach talún uirbí.

22.—(1) A luaithe is féidir tar éis talamh uirbeach a iontráil ar an gclár, agus ar a laghad uair amháin gach cúig bliana ina dhiaidh sin, cinnfidh údarás áitiúil margadhluach talún uirbí trí mheastachán a dhéanamh nó trí chur faoi deara meastachán a dhéanamh ar an bpraghas a rachadh feo simplí neamhualaithe na talún sin dá ndíolfaí é ar an margadh oscailte ar an dáta luachála i cibé slí agus faoi cibé dálaí a bhféadfaí le réasún a bheith ag súil go bhfaighfí an margadhphraghas is fearr ar an talamh don díoltóir.

[EN]

(2) Déanfaidh an t-údarás áitiúil meastachán ar mhargadhluach na talún uirbí i cibé slí agus ar cibé dóigh is cuí leo agus féadfaidh siad a údarú do dhuine a bheidh cáilithe go hoiriúnach chuige sin an talamh uirbeach a iniúchadh agus luach na talún sin a thuairisciú dóibh agus tabharfaidh an duine a mbeidh an mhaoin sin ina sheilbh nó ina choimeád cead don duine a bheidh údaraithe amhlaidh iniúchadh a dhéanamh cibé tráthanna réasúnacha a mheasfaidh an t-údarás áitiúil a bheith riachtanach.

[EN]

(3) I gcás go mbeidh údarás áitiúil tar éis margadhluach talún uirbí a chinneadh, déanfaidh siad mionsonraí an chinnidh a iontráil sa chlár (maille le dáta na hiontrála sa chlár), agus seirbheálfaidh siad fógra ar úinéir na talún a dúradh i dtaobh na luachála nó na luachála athbhreithnithe, de réir mar a bheidh, a bheidh curtha acu ar an talamh a dúradh, agus san fhógra a dúradh cuirfear in iúl don úinéir gur féidir leis achomharc a dhéanamh chuig an mBinse i gcoinne an chinnidh a bheidh déanta ag an údarás áitiúil, laistigh d'ocht lá is fiche ón lá a mbeidh an fógra faighte aige.

[EN]

(4) Féadfaidh úinéir ar thalamh uirbeach achomharc a dhéanamh chun an Bhinse i gcoinne cinneadh a dhéanfaidh údarás áitiúil faoi fho-alt (1).

[EN]

(5) Is é an Binse a éistfidh agus a chinnfidh achomhairc faoi fho-alt (4).

[EN]

(6) Faoi réir cead achomhairc chun na hArd-Chúirte ar cheist dlí, is cinneadh críochnaitheach cinneadh an Bhinse.

[EN]

(7) Beidh, in achomharc chun an Bhinse, ráiteas i dtaobh na bhforas sonrach a bheidh leis an achomharc.

[EN]

(8) Cuirfidh an Binse cóip de gach achomharc a gheobhaidh sé chuig an údarás áitiúil a chinn margadhluach talún uirbí (agus is é an t-údarás áitiúil an freagróir san achomharc lena mbaineann, agus beidh siad i dteideal éisteacht a fháil agus fianaise a thabhairt ar aird ag éisteacht an achomhairc) agus chuig aon duine eile ar dóigh leis an mBinse go bhfearann an cinneadh go díreach air agus beidh aon duine den sórt sin i dteideal éisteacht a fháil agus fianaise a thabhairt ar aird ag éisteacht an achomhairc.

[EN]

(9) Má tá aon leasú le déanamh ar mhargadhluach aon talún uirbí iomchuí de bhun cinneadh a dhéanfaidh an Binse nó breith a dhéanfaidh an Ard-Chúirt i ndáil le hachomharc faoin alt seo, tabharfaidh an Binse fógra i scríbhinn faoi leasú don údarás áitiúil lena mbaineann, agus cuirfidh siadsan an leasú sin in iúl d'úinéir na talún sin agus cuirfidh siad faoi deara an iontráil iomchuí sa chlár a leasú le héifeacht ón dáta a ndéanfar an iontráil dá dtagraítear i bhfo-alt (3).

[EN]

(10) Beidh feidhm ag ailt 5 agus 7 den Acht Luachála, 1988, maidir le cinneadh achomhairc faoin alt seo mar atá feidhm acu maidir le hachomhairc faoin Acht sin.

[EN]

Tobhach ar thalamh uirbeach.

23.—(1) Déanfar tobhach dá ngairfear an tobhach ar láithreáin thréigthe a mhuirearú, a thobhach agus a íoc i leith gach bliana airgeadais áitiúla ag tosú cibé bliain a bheidh forordaithe, i leith na talún uirbí go léir a mbeidh margadhluach cinnte i ndáil leis agus a bheidh iontráilte ar an gclár ar an gcéad lá d'Eanáir sa bhliain airgeadais áitiúil sin.

[EN]

(2) Íocfaidh an t-úinéir ar thalamh uirbeach an tobhach ar láithreáin thréigthe leis an údarás áitiúil a bhfuil an talamh a dúradh suite ina limistéar feidhmiúcháin.

[EN]

(3) Is é is méid don tobhach ar láithreáin thréigthe—

[EN]

(a) trí faoin gcéad de mhargadhluach na talún uirbí lena mbaineann, i leith na bliana airgeadais áitiúla a fhorordaítear de réir fho-alt (1), agus

[EN]

(b) i leith aon bhliana den sórt sin ina dhiaidh sin cibé méid nach mó ná deich faoin gcéad a bheidh forordaithe i leith gach limistéir uirbigh nó mura mbeidh aon mhéid den sórt sin forordaithe trí faoin gcéad den mhargadhluach a dúradh.

[EN]

(4) Má bheartaítear tobhach a fhorordú i leith limistéir uirbigh ar tobhach é a bheadh méid is mó ná dó faoin gcéad de mhargadhluach na talún uirbí lena mbaineann níos mó ná an tobhach a bhí i bhfeidhm i leith an limistéir sin sa bhliain airgeadais áitiúil roimhe sin leagfar dréacht de na rialacháin lena mbaineann faoi bhráid gach Tí den Oireachtas tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh na bliana airgeadais áitiúla agus ní dhéanfar na rialacháin mura mbeidh rún ag ceadú an dréachta déanta ag gach Teach acu sin.

[EN]

(5) Faoi réir fho-alt (6), beidh an tobhach ar láithreáin thréigthe iníoctha ar éileamh chuige sin a bheith déanta ag an údarás áitiúil; agus mura n-íocfar é laistigh de dhá mhí tar éis dó teacht chun bheith iníoctha, beidh sé inghnóthaithe mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

[EN]

(6) Féadfaidh údarás áitiúil foráil a dhéanamh chun an tobhach ar láithreáin thréigthe a íoc i dtráthchodanna.

[EN]

(7) Má scoireann talamh uirbeach de bheith ina thalamh tréigthe aon tráth le linn bliana airgeadais áitiúla, déanfar méid an tobhaigh ar láithreáin thréigthe dá dtagraítear i bhfo-alt (3) a laghdú maidir leis an talamh uirbeach sin de mhéid a chinnfear leis an bhfoirmle—

A

 

×

 

B

_____

365

[EN]

i gcás—

[EN]

(a) gurb é “A” an líon laethanta a bheidh fágtha sa bhliain airgeadais áitiúil tar éis an ama ar scoir an talamh uirbeach de bheith ina thalamh tréigthe, agus

[EN]

(b) gurb é “B” méid an tobhaigh ar láithreáin thréigthe maidir leis an talamh uirbeach, a cinneadh de réir fho-alt (3),

[EN]

agus déanfar, dá réir sin, aon choigeartú ar mhodh aisíoca nó fritháirimh, de réir mar is iomchuí, i ndáil le haon mhéideanna a bheidh íoctha maidir le tobhach ar láithreáin thréigthe nó aon mhéideanna a bheidh dlite maidir leis an tobhach sin i ndáil leis an mbliain airgeadais áitiúil sin.

[EN]

(8) Má bhíonn aon mhéid de thobhach ar láithreáin thréigthe dlite agus neamhíoctha i leith tréimhse dar tosach dhá mhí tar éis an dáta a n-éilítear é, déanfaidh an duine a dhlífidh an méid a bheidh dlite a íoc ús simplí a íoc leis an údarás áitiúil lena mbaineann, gan cáin ioncaim a bheith asbhainte, ar an méid agus ríomhfar an t-ús de réir 1.25 faoin gcéad in aghaidh gach míosa nó cuid de mhí a bheidh sa tréimhse agus beidh an t-ús sin dlite agus iníoctha dhá sheachtain tar éis an dáta a gceanglóidh an t-údarás áitiúil lena mbaineann, trí fhógra a sheirbheálfar ar an duine lena mbaineann, an t-ús a íoc.

[EN]

(9) Más rud é go n-athrófar margadhluach aon talún uirbí le cinneadh ón mBinse nó le breith ón Ard-Chúirt i ndáil le hachomharc faoi alt 22, agus más rud é dá dhroim sin, ag féachaint d'fho-alt (9) d'alt 22, go leasófar an iontráil iomchuí sa chlár, is faoi threoir an mhargadhluacha arna athrú amhlaidh a chinnfear méid an tobhaigh ar láithreáin thréigthe maidir leis an talamh uirbeach sin; agus i gcás méid eile maidir leis an tobhach ar láithreáin thréigthe a bheith íoctha cheana, déanfaidh an t-údarás áitiúil, i gcás go laghdaítear an margadhluach, aon mhéid a aisíoc a bheidh íoctha de bhreis ar an tsuim a bheadh iníoctha dá mba é an margadhluach mar a athraíodh é ar achomharc a bhí sa mhargadhluach i dtosach, agus má mhéadaítear an margadhluach, féadfaidh an t-údarás áitiúil an tobhach a éileamh i leith mhéid an mhéadaithe.

[EN]

(10) Féadfaidh údarás áitiúil an tobhach ar láithreáin thréigthe a mhuirearú agus a thobhach maidir le talamh uirbeach d'ainneoin achomharc a bheith ar feitheamh chun an Bhinse i ndáil le margadhluach na talún uirbí sin.

[EN]

An tobhach ar láithreáin thréigthe chun bheith ina mhuirear ar thalamh.

24.—(1) Más rud é go mbeidh tobhach ar láithreáin thréigthe i leith aon bhliana airgeadais áitiúla nó aon chuid di dlite tiocfaidh méid an tobhaigh agus an t-ús a bheidh dlite agus iníoctha air chun bheith, ar an dáta a dtiocfaidh sé chun bheith dlite agus iníoctha amhlaidh, ina mhuirear ar an talamh uirbeach iomchuí agus leanfaidh sé de bheith ina mhuirear amhlaidh go dtí go n-íocfar é.

[EN]

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) in aon chás ina ndéanfar ordú dílseacháin i ndáil le láithreán tréigthe.

[EN]

Bannaí.

25.—(1) Más deimhin le húdarás áitiúil go bhfuil talamh uirbeach ag teastáil ó úinéir na talún sin chun scéim forbartha maoine a chur i gcrích a fholaíonn an talamh, agus a mbeidh cead faoi Chuid IV den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963, deonaithe di nó a mbeidh iarratas ar chead den sórt sin nó achomharc faoi Chuid IV den Acht sin déanta i ndáil léi agus nach mbeidh sé sin diúltaithe féadfaidh an t-úinéir, le toiliú an údaráis áitiúil, dul faoi bhanna in ionad an tobhach ar láithreáin thréigthe a íoc go ceann tréimhse bliana airgeadais áitiúla nó blianta airgeadais áitiúla ach gan dul thar chúig bliana airgeadais áitiúla.

[EN]

(2) San alt seo ciallaíonn “banna” ráthaíocht arna hurrú le banc nó cuideachta árachais go ndéanfar, mura gcuirfear an scéim forbartha dá dtagraítear i bhfo-alt (1), nó scéim atá cosúil léi tríd is tríd, i gcrích roimh dheireadh na tréimhse dá dtagraítear i bhfo-alt (1), méid gach tobhaigh ar láithreáin thréigthe a bheidh dlite laistigh den tréimhse sin a íoc leis an údarás áitiúil.

[EN]

Cruatan.

26.—Más rud é, i dtuairim údaráis áitiúil, go mbeadh cruatan míchuí ar dhuine áirithe mar gheall ar an tobhach ar láithreáin thréigthe nó ús is iníoctha faoin Acht seo a íoc tráth áirithe, féadfaidh an t-údarás áitiúil, trí fhógra i scríbhinn a chur leis an bpost chuig an duine nó a thabhairt dó, fionraí a dhéanamh ar chaingean nó ar chaingean bhreise faoin gCuid seo chun go n-íocfaí méid iomlán an tobhaigh, nó cuid den tobhach, is iníoctha i leith cibé tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra, agus i gcás go ndéanfar fionraí faoin alt seo i leith aon tréimhse i ndáil le haon mhéid tobhaigh ar láithreáin thréigthe—

[EN]

(a) ní bheidh feidhm ag fo-alt (8) d'alt 23 maidir leis an méid sin i leith na tréimhse sin, agus

[EN]

(b) d'ainneoin na fionraí, leanfaidh alt 24 d'fheidhm a bheith aige i ndáil leis an méid sin i gcaitheamh na tréimhse sin.

CUID IV

Ionchúisimh

[EN]

Ionchúisimh.

27.—Féadfaidh an t-údarás áitiúil ar laistigh dá limistéar feidhmiúcháin a dhéantar cion faoin Acht seo an cion a ionchúiseamh.

[EN]

Cionta.

28.—(1) Beidh duine a sháróidh alt 6 (4), 11 (4), 29 (2), 29 (3), 30 (4) nó 32 (3) ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 (mar aon, i gcás ciona leanúnaigh, le fíneáil nach mó ná £100 in aghaidh gach lae a leanfar den chion agus nach mó san iomlán ná méid is comhionann le £1,000 nuair a chuirtear í le haon fhíneáil eile faoin bhfo-alt seo i ndáil leis an gcion lena mbaineann), nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó, de rogha na cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

[EN]

(2) Dlífear, maidir le duine a sháróidh alt 11 (4) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £25,000 (mar aon, i gcás ciona leanúnaigh, le fíneáil nach mó ná £2,000 in aghaidh gach lae a leanfar den sárú), nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain nó, de rogha na cúirte, an fhíneál sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

CUID V

Ilghnéitheach

[EN]

Oibleagáid faisnéis a thabhairt d'údarás áitiúil.

29.—(1) Féadfaidh údarás áitiúil, chun aon chríche a éiríonn i ndáil lena bhfeidhmeanna faoin Acht seo, a cheangal trí fhógra i scríbhinn ar áititheoir aon déanmhais nó talún eile nó ar aon duine a bheidh ag fáil cíosa, cibé acu dó féin nó do dhuine eile, ó aon déanmhas nó talamh eile mionsonraí a thabhairt i scríbhinn don údarás sin, laistigh de thréimhse shonraithe nach lú ná ceithre lá dhéag tar éis an ceangal a chur amhlaidh, is mionsonraí faoin eastát, leas nó ceart ar dá mbua a áitíonn sé an déanmhas nó an talamh eile sin nó a fhaigheann sé an cíos sin (de réir mar a bheidh), agus (a mhéid is eol dó iad), ainm agus seoladh gach duine a thabhairt arb eol dó aon eastát nó leas a bheith aige sa déanmhas nó sa talamh eile sin nó ceart a bheith aige thar an gcéanna nó maidir leis sin.

[EN]

(2) Má dhéantar talamh a bheidh iontráilte ar an gclár nó leas sa talamh sin, a aistriú (seachas le huacht nó i gcás díthiomnachta) ó dhuine chuig duine eile, beidh de dhualgas ar an mbeirt scéala a thabhairt i scríbhinn don údarás áitiúil ar ina limistéar feidhmiúcháin atá an talamh suite faoin aistriú tráth nach déanaí ná ceithre seachtaine tar éis dháta an aistrithe.

[EN]

(3) Má aistrítear talamh a bheidh iontráilte ar an gclár nó aon leas sa talamh sin chuig duine le huacht nó i gcás díthiomnachta, beidh de dhualgas ar an duine sin scéala faoin aistriú a thabhairt i scríbhinn don údarás áitiúil ar ina limistéar feidhmiúcháin atá an talamh suite tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis dháta an aistrithe agus beidh de dhualgas ar ionadaí pearsanta an duine ar faoina uacht nó ar i gcás a dhíthiomnachta a aistríodh an talamh nó an leas sa talamh mar a dúradh, scéala faoin aistriú a thabhairt i scríbhinn don údarás áitiúil sin tráth nach déanaí ná dhá mhí tar éis an dáta ar deonaíodh probháid dó ar an uacht sin nó litreacha riaracháin eastát an dara duine a luaitear.

[EN]

(4) Má thugann aon duine scéala d'údarás áitiúil maidir le talamh nó leas i dtalamh a aistriú faoin alt seo cuirfidh an t-údarás áitiúil faoi deara an iontráil iomchuí sa chlár a leasú.

[EN]

(5) Gach duine a gceanglaítear air faoi fho-alt (1) aon ábhar nó ní a shonrú i scríbhinn d'údarás áitiúil agus a mhainneoidh an t-ábhar nó an ní sin a shonrú amhlaidh laistigh den am a bheidh ceaptha faoin alt seo, nó a dhéanfaidh aon ráiteas i scríbhinn is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha le linn dó aon ábhar nó ní den sórt sin a shonrú amhlaidh, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air.

[EN]

Cumhacht duine údaraithe dul isteach ar thalamh.

30.—(1) Féadfaidh duine údaraithe faoi réir fhorálacha an ailt seo, dul isteach ar aon talamh gach tráth réasúnach idir 9 a.m. agus 6 p.m. chun aon chríche a bhaineann leis an Acht seo.

[EN]

(2) Féadfaidh duine údaraithe a rachaidh isteach ar thalamh faoin alt seo gach ní a dhéanamh ar an talamh sin is gá le réasún chun na críche a ndeachaigh sé isteach ann agus, go sonrach, féadfaidh sé suirbhéireacht a dhéanamh, pleananna a dhéanamh, leibhéil a thógáil, eastóscthaí a dhéanamh agus scrúdú a dhéanamh ar dhoimhneacht agus ar chineál na fo-ithreach.

[EN]

(3) I gcás ina mbeartaítear dul isteach ar thalamh faoin bhfo-alt seo agus má dhiúltaíonn an t-áititheoir (i gcás talún áitithe) nó an t-úinéir (i gcás talún neamháitithe) cead a thabhairt chun dul isteach—

[EN]

(a) ní rachfar isteach mura mbeidh sin údaraithe le hordú ó bhreitheamh den Chúirt Dúiche ag a bhfuil dlínse sa dúiche Chúirte Dúiche ina bhfuil an talamh nó cuid den talamh suite, agus i gcás talaimh áitithe, mura mbeidh fógra ceithre huaire is fiche ar a laghad tugtha don áititheoir faoin dul isteach beartaithe agus faoin gcuspóir atá leis, agus

[EN]

(b) déanfar iarratas ar ordú den sórt sin ar fhógra a thabhairt don áititheoir (i gcás talún áitithe) agus don úinéir (i gcás talún neamháitithe).

[EN]

(4) Ní choiscfidh duine, trí ghníomh nó trí neamhghníomh, duine údaraithe i bhfeidhmiú dleathach na gcumhachtaí a thugtar leis an alt seo.

[EN]

(5) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn “duine údaraithe” duine a cheapann an t-údarás áitiúil, an Binse nó an tAire chun bheith ina dhuine údaraithe chun críocha an ailt seo.

[EN]

Úsáid fáltas ó dhiúscairt talún.

31.—Gach suim a gheobhaidh údarás áitiúil i leith díol nó léas láithreáin thréigthe a gheobhaidh siad faoin Acht seo, úsáidfidh an t-údarás áitiúil í chun críche a bhfeidhmeanna ar cibé slí a mheasfaidh an t-údarás áitiúil, le toiliú an Aire, is cóir.

[EN]

Cumhacht cúirte chun bearta a údarú.

32.—(1) Más rud é, maidir le haon duine ar a seirbheálfar fógra faoin Acht seo, nach féidir leis, gan toiliú duine éigin eile, bearta sonraithe a dhéanamh a cheanglaítear air a dhéanamh d'fhonn forálacha an fhógra sin a chomhlíonadh, agus mura dtugann an duine eile sin a thoiliú chun na bearta a dhéanamh, féadfaidh an duine lena mbaineann iarratas a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche inar seirbheáladh an fógra le haghaidh ordú faoin alt seo.

[EN]

(2) Má chinneann an Chúirt Dúiche, ar iarratas faoi fho-alt (1) a éisteacht, gur ghníomh míréasúnta ag an duine eile é gan a thoiliú a thabhairt, féadfaidh an Chúirt Dúiche, dá rogha féin, a mheas gur tugadh an toiliú agus a ordú don duine a dhéanfaidh an t-iarratas na bearta a dhéanamh.

[EN]

(3) Is cion é ag duine mainneachtain na bearta a ordaíonn an Chúirt Dúiche faoi fho-alt (2) a dhéanamh.

[EN]

(4) Má cheanglaítear ar aon duine ar a seirbheálfar fógra faoin Acht seo bearta sonraithe a dhéanamh de bhun an Achta seo agus má dhéanann an duine sin na bearta amhlaidh agus má cheapann an duine sin gur chóir gur ar dhuine éigin eile a bhfuil leas aige sa láithreán tréigthe a bheadh costas na mbeart sin go hiomlán nó go páirteach, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh chuig cúirt dlínse inniúla ar ordú á ordú gur ar an duine eile a bhfuil leas aige sa láithreán a bheidh costas iomlán na mbeart nó cibé cuid díobh a shonrófar san ordú, agus déanfaidh an chúirt ar an iarratas a éisteacht cibé ordú is cóir léi ag féachaint d'imthosca uile an cháis.

[EN]

Cosaint i gcás séadchomharthaí náisiúnta nó stairiúla.

33.—Maidir le cumhachtaí nó dualgais an Aire Airgeadais, Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn nó aon údaráis áitiúil faoi Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta, 1930 go 1987, i ndáil le séadchomharthaí náisiúnta nó séadchomharthaí stairiúla mar a mhínítear leis na hAchtanna sin nó i ndáil le haon séadchomhartha ar leith den sórt sin, ní chuirfidh aon ní san Acht seo srian leis na cumhachtaí ná leis na dualgais sin ná ní dhéanfaidh sé dochar ná difear dóibh.