Uimhir 16 de 1990
AN tACHT UM CHEARTAS COIRIÚIL, 1990
RIAR NA nALT
Leasuithe Iarmhartacha
Na hAchtacháin a Aisghairtear
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
Children Act, 1908 | 1908, c. 67 |
Offences against the Person Act, 1861 | 1861, c. 100 |
Piracy Act, 1837 | 1837, c. 88 |
Acht na bPríosúnach Cogaidh agus na nEachtrannach Naimhdeach, 1956 | |
Achtanna na bPríosún, 1826 go 1980 | |
Uimhir 16 de 1990
AN tACHT UM CHEARTAS COIRIÚIL, 1990
[An tiontú oifigiúil]
ACHT DO CHUR DEIREADH LE PIONÓS AN BHÁIS AGUS DO CHUR PRÍOSÚNACHTA SAOIL INA IONAD, DÁ FHORÁIL GO nDÉANFAIDH DAOINE A CHIONTÓFAR I dTRÉAS NÓ I gCINEÁLACHA ÁIRITHE DÚNMHARAI-THE NÓ IN IARRACHTAÍ AON DÚNMHARÚ DEN SÓRT SIN A DHÉANAMH ÍOSTRÉIMHSE PRÍOSÚN-ACHTA A CHUR ISTEACH, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE SIN. [11 Iúil, 1990]
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:
Deireadh a chur le pionós an bháis.
1.—Ní chuirfear aon duine chun báis mar gheall ar aon chion.
Pianbhreith i leith tréasa agus dúnmharú.
2.—Gearrfar príosúnacht saoil ar dhuine a chiontófar i dtréas nó i ndúnmharú.
Socrú speisialta i ndáil le dúnmharuithe áirithe agus iarrachtaí áirithe.
3.—(1) Tá feidhm ag an alt seo maidir le—
(a) dúnmharú comhalta den Gharda Síochána ag gníomhú dó i gcúrsa a dhualgais,
(b) dúnmharú oifigigh phríosúin ag gníomhú dó i gcúrsa a dhualgais,
(c) dúnmharú arna dhéanamh i gcúrsa, nó ag saothrú, ciona faoi alt 6, 7, 8 nó 9 den Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit, 1939, nó i gcúrsa, nó ag saothrú, gníomhaíochtaí eagraíochta mídhleathaí de réir bhrí alt 18 (seachas mír (f)) den Acht sin, agus
(d) dúnmharú, arna dhéanamh laistigh den Stát chun tucaide polaitiúla, ar cheannasaí Stáit choigríche nó ar chomhalta de rialtas Stáit choigríche nó ar oifigeach taidhleoireachta do Stát coigríche,
agus maidir le hiarracht aon dúnmharú den sórt sin a dhéanamh.
(2) (a) Faoi réir mhír (b), is cion ar leithligh ó dhúnmharú agus ó iarracht dúnmharú a dhéanamh dúnmharú a bhfuil feidhm ag an alt seo maidir leis agus iarracht dúnmharú den sórt sin a dhéanamh agus ní chiontófar duine i ndúnmharú a bhfuil feidhm ag an alt seo maidir leis nó in iarracht dúnmharú den sórt sin a dhéanamh mura gcruthaítear go raibh a fhios aige gurbh ann do gach cuid den chion a shonraítear sa mhír iomchuí d'fho-alt (1) nó go raibh sé meargánta i dtaobh cibé acu arbh ann nó nárbh ann don chuid sin.
(b) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis an Acht seo, beidh feidhm maidir leis an gcion ag an dlí agus an nós imeachta a bhaineann le dúnmharú agus le hiarracht dúnmharú a dhéanamh.
(3) San alt seo—
ciallaíonn “oifigeach taidhleoireachta” comhalta foirne de mhisean taidhleoireachta de chuid Stáit choigríche a bhfuil céim thaidhleoireachta aige;
ciallaíonn “príosún” aon áit dar féidir rialacha nó rialacháin a dhéanamh faoi Achtanna na bPríosún, 1826 go 1980, faoi alt 7 den Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit (Leasú), 1940, faoi alt 233 den Acht Cosanta, 1954, faoi alt 2 d'Acht na bPríosúnach Cogaidh agus na nEachtrannach Naimhdeach, 1956, nó faoi alt 13 den Acht um Dhlínse Choiriúil, 1960;
folaíonn “oifigeach príosúin” aon chomhalta d'fhoireann príosúin agus aon duine ag a bhfuil coimeád, nó dualgais i leith coimeád, duine atá á choinneáil i bpríosún.
Tréimhse íosta príosúnachta mar gheall ar thréas agus dúnmharú, agus iarrachtaí ar dhúnmharú, a bhfuil feidhm ag alt 3 maidir leo.
4.—I gcás go gciontófar duine (seachas leanbh nó duine óg) i dtréas nó i ndúnmharú nó in iarracht dúnmharú a dhéanamh a bhfuil feidhm ag alt 3 maidir leis, déanfaidh an chúirt—
(a) i gcás tréasa nó dúnmharú, a shonrú, le linn di pianbhreith a chur ar an duine, gur tréimhse nach lú ná daichead bliain an tréimhse íosta príosúnachta a bheidh le cur isteach ag an duine sin,
(b) i gcás iarracht dúnmharú a dhéanamh, tréimhse príosúnachta nach lú ná fiche bliain a chur ar an duine agus a shonrú gur tréimhse nach lú ná fiche bliain an tréimhse íosta príosúnachta a bheidh le cur isteach ag an duine sin.
Srianta ar chumhacht pionós a iomalartú nó a loghadh nó scaoileadh saor sealadach a dheonú.
5.—(1) An chumhacht a thugtar le halt 23 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1951, pionós a iomalartú nó a loghadh ní bheidh sí, i gcás duine a mbeidh pianbhreith á cur isteach aige a cuireadh air ar é a chiontú i dtréas nó i ndúnmharú a bhfuil feidhm ag alt 3 maidir leis nó in iarracht dúnmharú den sórt sin a dhéanamh, infheidhmithe roimh dhul in éag don tréimhse íosta a bheidh sonraithe ag an gcúirt faoi alt 4 lúide aon laghdú a dhéanfar ar an tréimhse sin faoi fho-alt (2) den alt seo.
(2) Na rialacha nó an cleachtas faoinar féidir le príosúnaigh i gcoitinne loghadh pianbhreithe a thuilleamh trí dhúthracht agus dea-iompar, beidh feidhm acu maidir le duine a mbeidh pianbhreith á cur isteach aige a cuireadh air ar é a chiontú i dtréas nó i ndúnmharú a bhfuil feidhm ag alt 3 maidir leis nó in iarracht dúnmharú den sórt sin a dhéanamh amhail is dá mbeadh téarma príosúnachta gearrtha air is comhionann leis an tréimhse íosta a bheidh sonraithe ag an gcúirt faoi alt 4, agus laghdófar an tréimhse sin de mhéid aon loghadh a bheidh tuillte amhlaidh aige.
(3) Aon chumhacht a thugtar le rialacha arna ndéanamh faoi alt 2 den Acht um Dhlínse Choiriúil, 1960 (lena n-áirítear an t-alt sin arna chur chun feidhme le halt 4 d'Acht na bPríosún, 1970) chun duine a mbeidh pianbhreith príosúnachta á cur isteach aige a scaoileadh saor go sealadach, ní bheidh sí, i gcás duine a mbeidh pianbhreith á cur isteach aige a cuireadh air ar é a chiontú i dtréas nó i ndúnmharú a bhfuil feidhm ag alt 3 maidir leis nó in iarracht dúnmharú den sórt sin a dhéanamh, infheidhmithe i gcaitheamh na tréimhse a mbeidh iomalartú nó loghadh a phionóis toirmiscthe le fo-alt (1) den alt seo ach amháin ar chúiseanna tromaí de chineál daonchairdiúil, agus ní mhairfidh aon scaoileadh saor a dheonófar amhlaidh ach cibé fad teoranta a bheidh cóir ag féachaint do na cúiseanna sin.
Nós imeachta i gcás dúnmharú, agus iarrachtaí ar dhúnmharú, a bhfuil feidhm ag alt 3 maidir leo.
6.—(1) I gcás go gcúisítear duine i ndúnmharú a bhfuil feidhm ag alt 3 maidir leis nó in iarracht dúnmharú den sórt sin a dhéanamh, cúiseofar é sa díotáil i ndúnmharú a bhfuil feidhm ag an alt sin maidir leis nó, de réir mar a bheidh, in iarracht dúnmharú den sórt sin a dhéanamh.
(2) Maidir le duine a dhíotáiltear i ndúnmharú a bhfuil feidhm ag alt 3 maidir leis—
(a) féadfar, mura ndlíonn an fhianaise é a chiontú i ndúnmharú den sórt sin ach go ndlíonn sí é a chiontú i ndúnmharú, é a fháil ciontach i ndúnmharú,
(b) féadfar, mura ndlíonn an fhianaise é a chiontú i ndúnmharú ach go ndlíonn sí é a chiontú i ndúnorgain, é a fháil ciontach i ndúnorgain.
(3) Duine a dhíotáiltear in iarracht dúnmharú a dhéanamh a bhfuil feidhm ag alt 3 maidir leis féadfar, mura ndlíonn an fhianaise é a chiontú in iarracht den sórt sin ach go ndlíonn sí é a chiontú in iarracht dúnmharú a dhéanamh, é a fháil ciontach in iarracht dúnmharú a dhéanamh.
Leasuithe iarmhartacha.
7.—Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Chéad Sceideal a leasú ar an modh a shonraítear sa Sceideal sin.
Forálacha idirthréimhseacha.
8.—(1) Cion tréasa, dúnmharaithe breithe báis nó iarracht dúnmharú breithe báis a dhéanamh, ar cion é a rinneadh go hiomlán nó go páirteach roimh an Acht seo a rith, déileálfar leis faoin dlí a bhí i bhfeidhm roimh an Acht seo a rith, ach amháin—
(a) má chiontaítear an ciontóir i dtréas nó i ndúnmharú breithe báis, go ngearrfar pianbhreith air mar a fhoráiltear leis an Acht seo amhail is dá mba rud é, i gcás dúnmharú breithe báis, gur dúnmharú a bhfuil feidhm ag alt 3 maidir leis an dúnmharú, agus
(b) má chiontaítear é in iarracht ar dhúnmharú breithe báis, go ngearrfar pianbhreith air amhail is dá gciontófaí é in iarracht ar dhúnmharú.
(2) Más rud é, ar achomharc in aghaidh ciontú a tharla roimh an Acht seo a rith i dtréas nó i ndúnmharú breithe báis, go ndaingnítear an ciontú, forchuirfidh an chúirt achomhairc pianbhreith mar a fhoráiltear leis an Acht seo amhail is dá mba rud é, i gcás dúnmharú breithe báis, gur dúnmharú a bhfuil feidhm ag alt 3 maidir leis an dúnmharú.
Aisghairm.
9.—(1) Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Dara Sceideal a aisghairm a mhéid a shonraítear sa Sceideal sin.
(2) Ní dhéanfaidh aisghairm alt 1 den Offences against the Person Act, 1861, leis an Acht seo difear d'oibriú ailt 64 go 68 den Acht sin.
Gearrtheideal.
10.—Féadfar an tAcht um Cheartas Coiriúil, 1990, a ghairm den Acht seo.
AN CHÉAD SCEIDEAL
Leasuithe Iarmhartacha
1. In alt 2 den Piracy Act, 1837, cuirfear isteach “and on conviction thereof shall be sentenced to imprisonment for life” ag deireadh an ailt.
2. Beidh éifeacht le halt 103 den Children Act, 1908, i ndáil le leanbh nó duine óg a chiontaítear i gcion a gceanglófaí príosúnacht saoil a ghearradh mar phianbhreith ar dhuine aosaithe ina leith, amhail mar a bhí éifeacht leis an alt sin roimh an Acht seo a rith i ndáil le leanbh nó duine óg a ciontaíodh i gcion a gceanglófaí pionós báis a ghearradh ar dhuine aosaithe ina leith.
3. Leasófar alt 1 den Acht Tréasa, 1939, mar a leanas:
(a) i bhfo-ailt (1) agus (2) cuirfear “déanfar ar é a chiontú ann príosúnacht saoil a ghearradh air” in ionad “dlighfear ar a chiontú ann é chur chun báis”, agus
(b) i bhfo-alt (3) cuirfear “dúnmharú a bhfuil feidhm ag alt 3 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1990, maidir leis” in ionad “dúnmharú breithe báis” (a cuireadh isteach ansin leis an Acht um Cheartas Coiriúil, 1964).
4. Leasófar an tAcht Cosanta, 1954, mar a leanas:
(a) scriosfar “bháis nó” in alt 50 (2);
(b) cuirfear “príosúnacht saoil a chur air nó” in ionad “é a chur chun báis nó faoi” in ailt 124 agus 125;
(c) déanfar “ar feadh aon téarma nach faide ná dhá bhliain” a chur isteach i ndiaidh “príosúntacht” in alt 126 (2) (iii);
(d) cuirfear “príosúnacht saoil a chur air nó” in ionad “é a chur chun báis nó faoi” in ailt 127 agus 128;
(e) in ailt 133, 134, 135 (1) (b), 136, 137 (1), 140, 141, 142 (b), 142A (1) (ii), 143, 144, 145, 146, 147, 148, 150, 152, 153, 156, 157, 159 (1), 160, 161 (2), 162, 163, 164 (1), 165, 166, 167 agus 168 (1) déanfar “ar feadh aon téarma nach faide ná dhá bhliain” a chur isteach i ndiaidh “príosúntacht”;
(f) cuirfear an t-alt seo a leanas in ionad alt 169:
“Cionta is inphionóis de réir an ghnáthdhlí. | 169.—(1) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, gach duine a dhéanfaidh, le linn dó bheith faoin dlí míleata, aon chion dá dtagraítear san alt seo, measfar é a bheith ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata, agus má chúisítear é faoin alt seo in aon chion den sórt sin (dá ngairtear cion sibhialta san Acht seo) dlífear é a thriail ag armchúirt. |
(2) I gcás duine a chúisítear faoin alt seo a chiontú i dtréas nó i ndúnmharú ag armchúirt, gearrfar príosúnacht saoil air. | |
(3) I gcás duine a chúisítear faoin alt seo a chiontú i gcion ag armchúirt, seachas i gcion tréasa nó dúnmharaithe, dlífear pionós a chur air mar a leanas: | |
(a) más i ndúnorgain a chiontófar é, dlífear pianseirbhís nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air; | |
(b) más i mbanéigean a chiontófar é, dlífear pianseirbhís nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air; | |
(c) más i ngníomh cinedhíothaithe ab inphionóis faoin Acht um Chinedhíothú, 1973, a chiontófar é, dlífear príosúnacht mar a leanas a chur air— | |
(i) i gcás gurb é atá sa chion marú aon duine, príosúnacht saoil, nó | |
(ii) in aon chás eile, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná ceithre bliana déag; | |
(d) más in aon chion nach bhfuil sonraithe ar leithligh roimhe seo san alt seo a chiontófar é, agus más cion é is inphionóis de réir ghnáthdhlí coiriúil an Stáit i gcás gur sa Stát a dhéanfar é, dlífear, cibé acu sa Stát nó in aon áit eile a rinneadh an cion, aon phionós atá ceaptha ag dlí an Stáit don chion sin a chur air, nó má tá sé faoin dlí míleata mar oifigeach, é a dhífhostú faoi aithis as Óglaigh na hÉireann nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air nó, má tá sé faoin dlí míleata mar fhear, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná dhá bhliain nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.”; |
(g) cuirfear an t-alt seo a leanas isteach i ndiaidh alt 169:
“Tréas agus dúnmharuithe áirithe-agus iarrachtaí áirithe a thriail ag armchúirt. | 169A.—(1) Duine atá faoin dlí míleata agus a chúisítear i ndúnmharú a líomhnaítear gur dúnmharú é a bhfuil feidhm ag alt 3 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1990, maidir leis nó in iarracht dúnmharú den sórt sin a dhéanamh, agus atá lena thriail ag armchúirt, cúiseofar é i ndúnmharú a bhfuil feidhm ag an alt sin maidir leis nó, de réir mar a bheidh, in iarracht dúnmharú den sórt sin a dhéanamh, agus beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas den Acht sin agus beidh éifeacht leo i ndáil leis an triail, eadhon— |
(a) alt 4, ach ‘an armchúirt’ a chur in ionad ‘an chúirt’, agus | |
(b) fo-alt (2) d'alt 6, ach ‘a chúisítear’ a chur in ionad ‘a dhíotáiltear’. | |
(2) Beidh feidhm ag an alt sin 4 agus beidh éifeacht leis, i ndáil le triail duine atá faoin dlí míleata agus a chúisítear i dtréas, ach ‘an armchúirt’ a chur in ionad ‘an chúirt’.”; |
(h) déanfar “ar feadh aon téarma nach faide ná dhá bhliain” a chur isteach i ndiaidh “príosúntacht” in alt 192 (2) (d);
(i) scriosfar fo-alt (2) in alt 198;
(j) cuirfear “Príosúnacht saoil” in ionad “Bás” in ailt 209 (1) agus 210 (1);
(k) in alt 210 (6) cuirfear “phríosúnachta saoil nó” isteach roimh “phian-tseirbhíse” i ngach áit a bhfuil na focail sin;
(l) i bhfo-ailt (7) agus (10) d'alt 210 cuirfear “ar feadh aon téarma nach faide ná dhá bhliain” isteach i ndiaidh “phríosúntachta”;
(m) ní bheidh feidhm ag alt 212 maidir le pianbhreith phríosúnachta saoil;
(n) in alt 220, scriosfar fo-alt (2) agus, i bhfo-alt (3), cuirfear “pianbhreith phríosúnachta ar dhuine a chiontú i dtréas nó i ndúnmharú, nó in iarracht ar dhúnmharú, a bhfuil feidhm ag alt 3 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1990, maidir leis” in ionad “pianbhreith bháis”;
(o) in alt 221 (1) scriosfar “(seachas pianbhreith bháis)” agus cuirfear an coinníoll seo a leanas leis an bhfo-alt:
“Ar choinníoll—
(i) nach mbeidh, i gcás pianbhreith phríosúnachta a cuireadh ar dhuine ar é a chiontú i dtréas nó i ndúnmharú, nó in iarracht ar dhúnmharú, a bhfuil feidhm ag alt 3 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1990, maidir leis, an chumhacht sin chun maolaithe nó loghtha a dúradh infheidhmithe roimh dhul in éag don tréimhse íosta a shonróidh an armchúirt faoi alt 4 den Acht sin, arna chur chun feidhme le halt 169A den Acht seo, lúide aon laghdú ar an tréimhse sin a dhéanfar faoi mhír (ii) den choinníoll seo, agus
(ii) go mbeidh, maidir leis na rialacha nó leis an gcleachtas faoinar féidir le príosúnaigh i gcoitinne loghadh pianbhreithe a thuilleamh trí dhúthracht agus dea-iompar, feidhm acu i gcás duine a mbeidh pianbhreith á cur isteach aige a cuireadh air ar é a chiontú i dtréas nó i ndúnmharú, nó in iarracht ar dhúnmharú, a bhfuil feidhm ag an alt sin 3 maidir leis amhail is dá mbeadh téarma príosúnachta gearrtha air is comhionann leis an tréimhse íosta a bheidh sonraithe ag an armchúirt faoin alt sin 4, arna chur chun feidhme le halt 169A den Acht seo, agus laghdófar an tréimhse sin de mhéid aon loghadh a bheidh tuillte amhlaidh aige.”;
(p) in alt 222, scriosfar mír (a) agus “in aon chás eile” i mír (b);
(q) cuirfear an fo-alt seo a leanas le halt 223:
“(10) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le pianbhreith phríosúnachta ar dhuine a chiontú i dtréas nó i ndúnmharú, nó in iarracht ar dhúnmharú, a bhfuil feidhm ag alt 3 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1990, maidir leis.”;
(r) scriosfar alt 227;
(s) cuirfear an fo-alt seo a leanas isteach in alt 228 i ndiaidh fho-alt (1):
“(1A) I gcás go gcuirfidh armchúirt pianbhreith phríosúnachta saoil agus go ndaingneofar í, déanfar an príosúnach míleata, a luaithe is féidir, a chur á chimiú chun príosúin phoiblí lena phianbhreith a fhulaingt de réir dlí, agus beidh éifeacht le fo-ailt (2) go (7) den alt seo i ndáil leis—
(a) amhail is dá mba thagairt do phríosúnach míleata gach tagairt sna fo-ailt sin do phianseirbhí míleata agus amhail is dá mba thagairt do phríosún poiblí gach tagairt iontu do phríosún pianseirbhíse, agus
(b) amhail is dá mba thagairt do phríosúnacht an tagairt san fho-alt sin (7) do phianseirbhís.”;
(t) ní bheidh feidhm ag alt 229 maidir le príosúnach míleata a gcuirfear príosúnacht saoil mar phianbhreith air; agus
(u) cuirfear an fo-alt seo a leanas isteach in alt 233 i ndiaidh fho-alt (2):
“(2A) Aon chumhacht a thugtar le rialacha faoin alt seo chun duine a scaoileadh saor go sealadach ní bheidh sí, i gcás duine a mbeidh pianbhreith á cur isteach aige a cuireadh air ar é a chiontú i dtréas nó i ndúnmharú, nó in iarracht ar dhúnmharú, a bhfuil feidhm ag alt 3 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1990, maidir leis, infheidhmithe i gcaitheamh na tréimhse a mbeidh an chumhacht chun a phionós a mhaolú nó a loghadh toirmiscthe le mír (i) den choinníoll (a cuireadh isteach leis an Acht sin) a ghabhann le halt 221 (1) den Acht seo ach amháin ar chúiseanna tromaí de chineál daonchairdiúil, agus ní mhairfidh aon scaoileadh saor den sórt sin ach cibé fad teoranta a bheidh cóir ag féachaint do na cúiseanna sin.”.
(a) in ailt 26, 28 (2) (c) agus 28 (3) (ii) (I) déanfar “i gcion a gceanglófaí dá dheasca pianbhreith phríosúnachta saoil a chur ar dhuine ar é a chiontú” a chur in ionad “i gcion báis nó i ndúnmharú”;
(b) in alt 27 (2) (c) déanfar “i gcúis ciona a gceanglófaí dá dheasca pianbhreith phríosúnachta saoil a chur ar dhuine ar é a chiontú” a chur in ionad “i gcúis bháis nó i gcúis dúnmharaithe”.
AN DARA SCEIDEAL
Na hAchtacháin a Aisghairtear
Caibidil nó Uimhir agus Bliain | Gearrtheideal | Méid na hAisghairme |
(1) | (2) | (3) |
C. 100. | Offences against the Person Act, 1861. | Ailt 1 go 3. In alt 71, na focail “otherwise than with death”. |
C. 24. | Capital Punishment Amendment Act, 1868. | An tAcht go léir. |
C. 78. | Juries Procedure (Ireland) Act, 1876. | Alt 13. |
C. 49. | General Prisons (Ireland) Act, 1877. | An coinníoll in alt 40. |
Alt 53. | ||
I bhfo-alt (1) d'alt 6, na focail “breithe báis nó”. Fo-alt (2) d'alt 6. | ||
I bhfo-alt (1) d'alt 23, na focail “Ach amháin i gcásanna lena ngabhann pionós báis,”. | ||
Acht na bPríosúnach Cogaidh agus na nEachtrannach Naimhdeach, 1956. | Fo-alt (1) d'alt 5. | |
I bhfo-alt (1) (b) d'alt 6 agus i bhfo-alt (1) d'alt 8, na focail “bháis nó”. | ||
I bhfo-alt (2) d'alt 8, na focail “ina phianbhreith bháis, nó go bhfanfaidh sí”. | ||
An tAcht go léir, seachas ailt 4 agus 11. | ||
Alt 4. | ||
Fo-alt (6) d'alt 20. | ||
Alt 21. | ||
An tAcht um Eiseachadadh (An Coinbhinsiún Eorpach chun Sceimhliú a Dhíchur), 1987. | Fo-alt (4) d'alt 6. |