Uimhir 19 de 1990
AN tACHT CAIDRIMH THIONSCAIL, 1990
RIAR NA nALT
Réamhráiteach
Alt | |
1. | |
2. | |
3. | |
4. | |
5. | |
6. | |
7. |
Dlí Ceardchumann
Aighnis Cheirde
8. | |
9. | |
10. | Gníomhartha d'intinn nó de chabhair le haighneas ceirde a chur ar aghaidh. |
11. | |
12. | |
13. | |
14. | |
15. | |
16. | |
17. | |
18. | |
19. |
Leasú ar na hAchtanna Ceardchumann, 1941, 1971 agus 1975
20. | |
21. | |
22. |
Caidreamh Tionscail i gCoitinne
23. |
An Chúirt Oibreachais agus an Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais
24. | |
25. | |
26. | |
27. | |
28. | |
29. | Aoisliúntas agus aiscí le haghaidh agus i leith phríomhfheidhmeannach an Choimisiúin. |
30. | |
31. | |
32. | |
33. | |
34. | |
35. | |
36. | |
37. | |
38. | |
39. | |
40. | |
41. |
Cóid Chleachtais.
42. | |
43. | Feidhmeanna na Cúirte Oibreachais maidir le cóid chleachtais. |
Comhchoistí Oibreachais
44. | |
45. | |
46. | |
47. | |
48. | |
49. | Ordú rialaithe fostaíochta a fhorfheidhmiú ag cigire le himeachtaí sibhialta. |
50. |
Comhaontuithe Fostaíochta Cláraithe
Mainneachtain Bheith i Láthair ag Suí Cúirte
56. |
Méadú ar Fhíneálacha
Aisghairm
Éarlaisí
An Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais
Comhdhéanamh agus Imeachtaí Comhchoistí Oibreachais
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
Conspiracy, and Protection of Property Act, 1875 | 1875, c. 86 |
Petty Sessions (Ireland) Act, 1851 | 1851, c. 93 |
Trade Disputes Act, 1906 | 1906, c. 47 |
Trade Union Act, 1871 | 1871, c. 31 |
Uimhir 19 de 1990
AN tACHT CAIDRIMH THIONSCAIL, 1990
[An tiontú oifigiúil]
ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ BREISE AGUS FEABHS-AITHE CHUN CAIDREAMH COMHCHUÍ A CHUR CHUN CINN IDIR OIBRITHE AGUS FOSTÓIRÍ, AGUS DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE CEARDCHUM-AINN AGUS CHUN NA gCRÍOCH SIN AGUS CHUN CRÍOCH EILE DO LEASÚ NA nACHTANNA CAIDRIMH THIONSCAIL, 1946 GO 1976, AGUS NA nACHTANNA CEARDCHUMANN, 1871 GO 1982. [18 Iúil, 1990]
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:
CUID I
Réamhráiteach
Gearrtheideal.
1.—Féadfar an tAcht Caidrimh Thionscail, 1990, a ghairm den Acht seo.
Comhluanna agus forléiriú.
2.—(1) Féadfar na hAchtanna Caidrimh Thionscail, 1946 go 1990, a ghairm den Acht seo (seachas Cuid II) agus de na hAchtanna Caidrimh Thionscail, 1946 go 1976, le chéile agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin.
(2) Féadfar na hAchtanna Ceardchumann, 1871 go 1990, a ghairm de Chuid II den Acht seo agus de na hAchtanna Ceardchumann, 1871 go 1982, le chéile agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin.
Léiriú.
3.—(1) San Acht seo—
ciallaíonn “an tAire” an tAire Saothair;
ciallaíonn “an Chúirt” an Chúirt Oibreachais;
ciallaíonn “an Coimisiún” an Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais a bhunaítear le halt 24.
(2) San Acht seo—
(a) aon tagairt do Chuid nó d'alt is tagairt í do Chuid nó d'alt den Acht seo mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe;
(b) aon tagairt d'fho-alt nó do mhír is tagairt í don fho-alt nó don mhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe; agus
(c) déanfar tagairt d'aon achtachán eile, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile nó faoi, lena n-áirítear an tAcht seo.
(3) In aon achtachán seachas an tAcht seo, déanfar aon tagairt don Trade Disputes Act, 1906 (a aisghairtear leis an Acht seo) nó d'aon fhoráil den chéanna a fhorléiriú, gan dochar d'alt 20 (1) den Acht Léiriúcháin, 1937, mar thagairt d'aon fhoráil iomchuí de Chuid II den Acht seo.
Fíneálacha a mhéadú.
4.—(1) Aon duine a chiontófar i gcion dá bhforáiltear pionós in aon achtachán a chuirtear in iúl sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag aon uimhir thagartha dlífear, in ionad na fíneála dá bhforáiltear san achtachán sin, an fhíneáil a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a chur air, agus forléireofar an t-achtachán sin agus beidh éifeacht leis dá réir sin.
(2) I gcás go bhforáiltear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag aon uimhir thagartha go ndlífear fíneáil mhainneachtana laethúil a chur ar dhuine, beidh sé ciontach i sárú ar an achtachán iomchuí gach lá dá leanfaidh an sárú tar éis a chiontaithe mar gheall ar an sárú bunaidh agus, i leith gach ciona den sórt sin, dlífear fíneáil nach mó ná an méid a shonraítear ag an uimhir thagartha sin a chur air in ionad na fíneála a shonraítear in aghaidh an tsáraithe bhunaidh.
(3) Ní bheidh feidhm ag forálacha an ailt seo maidir le haon chion a dhéanfar roimh dháta an Achta seo a rith.
Imeachtaí achoimre i leith ciona.
5.—D'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achoimre i leith ciona faoi na hAchtanna Caidrimh Thionscail, 1946 go 1990, a thionscnamh laistigh de bhliain amháin ó dháta an chiona.
Caiteachais.
6.—Déanfar na caiteachais a thabhófar ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
Aisghairm.
7.—Déantar leis seo na hachtacháin dá dtagraítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.
CUID II
Dlí Ceardchumann
Aighnis Cheirde
Mínithe do Chuid II.
8.—Sa Chuid seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—
ciallaíonn “fostóir” duine a n-oibríonn nó ar oibrigh nó a n-oibríonn de ghnáth oibrí amháin nó níos mó dó nó a bhféachann oibrí amháin nó níos mó le hoibriú dó tar éis oibriú roimhe sin don duine sin;
ciallaíonn “aighneas ceirde” aon aighneas idir fostóirí agus oibrithe atá bainteach le fostaíocht nó neamhfhostaíocht, nó le téarmaí nó coinníollacha fostaíochta, aon duine nó le téarmaí nó coinníollacha a dhéanann difear d'fhostaíocht aon duine;
ciallaíonn “ceardchumann” ceardchumann a shealbhaíonn ceadúnas margántaíochta faoi Chuid II den Acht Ceárd-Chumann, 1941;
ciallaíonn “oibrí” aon duine atá nó a bhí fostaithe cibé acu i bhfostaíocht an fhostóra a dtarlaíonn aighneas ceirde leis nó nach ea, ach ní fholaíonn sé comhalta d'Óglaigh na hÉireann ná den Gharda Síochána;
ciallaíonn “gníomh tionscail” aon ghníomh a dhéanann difear, nó ar dóigh dó difear a dhéanamh, do théarmaí nó coinníollacha conartha, bíodh siad sainráite nó intuigthe, agus a dhéanann aon líon nó comhlacht oibrithe ag gníomhú dóibh i gcomhar nó ar chomhthuiscint chun tabhairt ar a bhfostóir, nó chun cabhrú le hoibrithe eile tabhairt ar a bhfostóir, glacadh nó gan glacadh le téarmaí nó coinníollacha fostaíochta nó le téarmaí nó coinníollacha a dhéanfadh difear d'fhostaíocht;
ciallaíonn “stailc” scor d'obair ag aon líon nó comhlacht oibrithe ag gníomhú dóibh i gcomhar, nó diúltú comhbheartaithe nó diúltú ar chomhthuiscint ag aon líon oibrithe leanúint de bheith ag obair dá bhfostóir, arna dhéanamh chun tabhairt ar a bhfostóir, nó chun cabhrú le hoibrithe eile tabhairt ar a bhfostóir, glacadh nó gan glacadh le téarmaí nó coinníollacha fostaíochta nó le téarmaí nó coinníollacha a dhéanfadh difear d'fhostaíocht.
Feidhm fhorálacha Chuid II.
9.—(1) Ní bheidh feidhm ag ailt 11, 12 agus 13 ach amháin i ndáil le ceardchumainn údaraithe ar sealbhóirí ceadúnas margántaíochta faoin Acht Ceárd-Chumann, 1941, iad de thuras na huaire agus le comhaltaí agus le feidhmeannaigh de chuid na gceardchumann sin agus ní in aon chás eile.
(2) Más rud é, i ndáil le fostaíocht nó neamhfhostaíocht oibrí aonair amháin nó le téarmaí nó coinníollacha fostaíochta, nó téarmaí nó coinníollacha a dhéanann difear d'fhostaíocht, oibrí aonair amháin, go bhfuil nósanna imeachta comhaontaithe a mbaintear leas astu de réir nóis nó i gcleachtas san fhostaíocht lena mbaineann, nó a bhforáiltear dóibh i gcomhaontú comhchoiteann, chun gearáin aonair, lena n-áirítear dífhóstuithe, a réiteach, ní bheidh feidhm ag ailt 10, 11 agus 12 ach amháin sa chás go ndeachthas i muinín na nósanna imeachta sin agus go bhfuil siad spíonta amach.
(3) Measfar nósanna imeachta a bheith spíonta amach má mhainníonn nó má dhiúltaíonn fostóir, ag céim ar bith, déanamh dá réir.
(4) Féadfar a áireamh sna nósanna imeachta dá dtagraítear i bhfo-alt (2) úsáid a bhaint as daoine nó comhlachtaí mar choimisinéir um chearta, an Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais, an Chúirt Oibreachais, oifigeach comhionannais agus an Binse Achomhairc Fostaíochta ach ní áireofar iontu achomharc chun cúirte.
Gníomhartha d'intinn nó de chabhair le haighneas ceirde a chur ar aghaidh.
10.—(1) Aon chomhaontú nó comhar idir beirt nó níos mó chun aon ghníomh a dhéanamh, nó chun déanamh aon ghnímh a thabhairt chun críche, d'intinn nó de chabhair le haighneas ceirde a chur ar aghaidh, ní bheidh sé indíotáilte mar chomhcheilg más rud é nach mbeadh gníomh den sórt sin arna dhéanamh ag duine amháin inphionóis mar choir.
(2) Aon ghníomh a dhéanfar de bhun comhaontú nó comhair idir beirt nó níos mó ní bheidh sé, má dhéantar é d'intinn nó de chabhair le haighneas ceirde a chur ar aghaidh, inchaingne mura mbeadh an gníomh, dá ndéanfaí é gan aon chomhaontú ná comhar den sórt sin, inchaingne.
(3) Forléireofar le chéile mar aon alt amháin alt 3 den Conspiracy, and Protection of Property Act, 1875, agus fo-ailt (1) agus (2) den alt seo.
Picéadú sítheoilte.
11.—(1) Beidh sé dleathach do dhuine amháin nó níos mó, ag gníomhú thar a gceann féin nó thar ceann ceardchumainn d'intinn nó de chabhair le haighneas ceirde a chur ar aghaidh, freastal ag áit, nó i gcás nach indéanta sin, ag na bealaí chuig áit, ina n-oibríonn a bhfostóir nó ina seolann sé gnó, má fhreastalaíonn siad amhlaidh d'aon toisc chun faisnéis a fháil nó a thabhairt go sítheoilte nó chun a áiteamh go sítheoilte ar aon duine oibriú nó staonadh ó obair.
(2) Beidh sé dleathach do dhuine amháin nó níos mó, ag gníomhú thar a gceann féin nó thar ceann ceardchumainn d'intinn nó de chabhair le haighneas ceirde a chur ar aghaidh, freastal ag áit, nó i gcás nach indéanta sin, ag na bealaí chuig áit, ina n-oibríonn fostóir nach páirtí san aighneas ceirde nó ina seolann sé gnó más rud é, agus más rud é amháin, go bhfuil sé réasúnach dóibh siúd atá ag freastal amhlaidh a chreidiúint ag tús a bhfreastail agus ar feadh na tréimhse a leanfaidh siad dá bhfreastal go bhfuil an fostóir sin tar éis cuidiú go díreach lena bhfostóir, ar páirtí san aighneas ceirde é, chun an stailc nó an gníomh tionscail eile a shárú, ar choinníoll gur d'aon toisc chun faisnéis a fháil nó a thabhairt go sítheoilte nó chun a áiteamh go sítheoilte ar aon duine oibriú nó staonadh ó obair, a dhéanfar an freastal sin.
(3) Chun amhras a sheachaint, aon ghníomh a dhéanfaidh fostóir sna seirbhísí sláinte chun seirbhísí saolchaomhnaithe a chothabháil le linn stailce nó gnímh tionscail eile, ní cuidiú a bheidh ann chun críocha fho-alt (2).
(4) Beidh sé dleathach d'fheidhmeannach ceardchumainn aon chomhalta dá chumann a bhfeidhmíonn sé ar a shon a thionlacan ar choinníoll go mbeidh an comhalta ag gníomhú de réir fhorálacha fho-alt (1) nó (2) agus ar choinníoll gur d'aon toisc chun faisnéis a fháil nó a thabhairt go sítheoilte nó chun a áiteamh go sítheoilte ar aon duine oibriú nó staonadh ó obair a bheidh an feidhmeannach sin ag freastal.
(5) Chun críocha an ailt seo ciallaíonn “feidhmeannach ceardchumainn” aon fheidhmeannach pá de chuid ceardchumainn nó aon oifigeach de chuid cumainn nó brainse de chumann a thoghfar nó a cheapfar de réir rialacha cumainn.
Deireadh a chur le dliteanas i leith gníomhartha áirithe.
12.—Ní bheidh gníomh a dhéanfaidh duine d'intinn nó de chabhair le haighneas ceirde a chur ar aghaidh inchaingne ar an bhforas amháin—
(a) go n-aslaíonn sé duine éigin eile chun conradh fostaíochta a bhriseadh, nó
(b) gurb é atá ann bagairt ó dhuine duine éigin eile a aslú chun conradh fostaíochta a bhriseadh nó bagairt ó dhuine a chonradh fostaíochta féin a bhriseadh, nó
(c) gur cur isteach é ar thrádáil, gnó nó fostaíocht duine éigin eile, nó ar cheart duine éigin eile a chaipiteal nó a shaothar a dhiúscairt mar a thograíonn sé.
Caingne torta in aghaidh ceardchumann a shrianadh.
13.—(1) Ní thabharfaidh aon chúirt aird ar chaingean in aghaidh ceardchumainn, cibé acu is ceardchumann d'oibrithe nó d'fhostóirí, nó in aghaidh a iontaobhaithe nó in aghaidh aon chomhaltaí nó feidhmeannach den chéanna thar a gceann féin agus gach comhalta eile den cheardchumann maidir le haon ghníomh tortach a rinne an ceardchumann nó a rinneadh thar a cheann d'intinn nó de chabhair le haighneas ceirde a chur ar aghaidh.
(2) I gcaingean in aghaidh aon cheardchumainn nó duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) maidir le haon ghníomh tortach a líomhnaítear a bheith déanta, nó a bhfaightear amach é bheith déanta, ag ceardchumann nó thar a cheann is cosaint é go ndearnadh an gníomh de réir na tuairime réasúnaí go ndearnadh é d'intinn nó de chabhair le haighneas ceirde a chur ar aghaidh.
Rúnbhallóidí.
14.—(1) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh dhá bhliain tar éis dháta an Achta seo a rith (“an dáta feidhme”).
(2) I rialacha gach ceardchumainn beidh foráil—
(a) nach ndéanfaidh an cumann staile nó gníomh tionscail eile a eagrú ná a cheadú ná páirt a ghlacadh sa chéanna ná tacaíocht a thabhairt don chéanna gan rúnbhallóid, a dtabharfar teideal comhionann chun vótáil inti do gach comhalta a mbeidh sé réasúnach don chumann áirithe a chreidiúint, tráth na ballóide, go n-iarrfar air páirt a ghlacadh sa stailc nó sa ghníomh tionscail eile;
(b) go nglacfaidh an cumann bearta réasúnacha chun a chinntiú go vótálfaidh gach comhalta, a bheidh i dteideal vótáil sa bhallóid, gan aon chur isteach ón gcumann nó ó aon duine dá chomhaltaí, dá fheidhmeannaigh nó dá fhostaithe nó gan srianadh arna fhorchur ag an gcéanna agus, a mhéid is indéanta go réasúnach, go dtabharfar deis chothrom vótála do na comhaltaí sin;
(c) go mbeidh lán-rogha ag coiste bainisteoireachta nó ag údarás rialaithe eile ceardchumainn i ndáil le stailc nó gníomh tionscail eile a eagrú nó a cheadú nó páirt a ghlacadh sa chéanna nó tacaíocht a thabhairt don chéanna d'ainneoin tromlach na ndaoine a vótálann sa bhallóid, lena n-áirítear ballóid chomhiomlán dá dtagraítear i mír (d), a bheith i bhfabhar na stailce nó an ghnímh tionscail eile sin;
(d) nach ndéanfaidh coiste bainisteoireachta nó údarás rialaithe eile ceardchumainn stailc nó gníomh tionscail eile a eagrú ná a cheadú ná páirt a ghlacadh sa chéanna ná tacaíocht a thabhairt don chéanna in aghaidh thoil thromlach a chuid comhaltaí a vótálann i rúnbhallóid, ach amháin, i gcás ballóidí ag níos mó ná ceardchumann amháin, má bhíonn tromlach comhiomlán na vótaí go léir a caitheadh i bhfabhar na stailce nó an ghnímh tionscail eile sin;
(e) má bhíonn an toradh ar rúnbhallóid a sheolfaidh ceardchumann atá cleamhnaithe le Comhar Ceardchumann na hÉireann nó, i gcás ballóidí ag níos mó ná ceardchumann amháin den sórt sin, má bhíonn tromlach comhiomlán na vótaí go léir a caitheadh, i bhfabhar tacú le stailc a bheidh eagraithe ag ceardchumann eile, nach gcuirfear cinneadh i bhfeidhm chun gníomh tacaíochta den sórt sin a dhéanamh mura mbeidh an gníomh ceadaithe ag Comhar Ceardchumann na hÉireann;
(f) go nglacfaidh an ceardchumann, a luaithe is féidir tar éis rúnbhallóid a sheoladh, bearta réasúnacha chun an méid seo a leanas a chur i bhfios dá chomhaltaí a bhí i dteideal vótáil sa bhallóid:
(i) an líon páipéar ballóide a eisíodh,
(ii) an líon vótaí a caitheadh,
(iii) an líon vótaí i bhfabhar an togra,
(iv) an líon vótaí in aghaidh an togra, agus
(v) an líon vótaí millte.
(3) Na cearta a thugtar le foráil dá dtagraítear i bhfo-alt (2) is cearta iad a thugtar do chomhaltaí an cheardchumainn lena mbaineann agus ní d'aon duine eile.
(4) Ní bheidh aon ní san alt seo ina chonstaic ar mhargántaíocht chun aighneas ceirde a shocrú nó ar oibrithe is páirtí san aighneas ceirde d'fhilleadh chun oibre.
(5) Déantar leis seo an Chéad Sceideal a ghabhann leis an Trade Union Act, 1871, a leathnú chun an ceanglas dá bhforáiltear i bhfo-alt (2) a chur san áireamh.
Cumhacht chun rialacha ceardchumann a athrú.
15.—(1) D'ainneoin aon ní i rialacha ceardchumainn beidh cumhacht ag coiste bainisteoireachta nó ag údarás rialaithe eile an chumainn, trí mheabhrán i scríbhinn, rialacha an chumainn a athrú a mhéid is gá chun éifeacht a thabhairt d'alt 14.
(2) Más rud é, i gcás ceardchumainn is ceardchumann faoi dhlí tíre eile, go mbeidh a cheanncheathrú rialaithe aige sa tír sin, beidh an bhrí chéanna leis an gcoiste bainisteoireachta nó leis an údarás rialaithe eile dá dtagraítear sa Chuid seo is atá leis in alt 17 (2) den Acht Ceardchumann, 1975.
Forfheidhmiú na rialach le haghaidh rúnbhallóide.
16.—(1) Cuirfidh gach ceardchumann atá cláraithe faoi na hAchtanna Ceardchumann, 1871 go 1975, nó ceardchumann faoi dhlí tíre eile, tráth nach déanaí ná an dáta feidhme, cóip dá rialacha, ina gcorpraítear na forálacha dá dtagraítear i bhfo-alt (2) d'alt 14, ar aghaidh chuig Cláraitheoir na gCara-Chumann.
(2) Scoirfidh ceardchumann a mhainneoidh fo-alt (2) d'alt 14 nó fo-alt (1) den alt seo a chomhlíonadh de bheith i dteideal ceadúnas margántaíochta a shealbhú faoi Chuid II den Acht Ceárd-Chumann, 1941, agus beidh a cheadúnas láithreach arna chúlghairm ar an dáta feidhme.
(3) Ní dheonófar ceadúnas margántaíochta do chomhlacht daoine mura ndéanann sé, i dteannta na coinníollacha iomchuí a shonraítear in alt 7 den Acht Ceárd-Chumann, 1941, agus alt 2 den Acht Ceardchumann, 1971, arna leasú le halt 21 den Acht seo, a chomhall, fo-alt (2) d'alt 14 a chomhlíonadh, agus chun na críche sin beidh éifeacht leis an bhfo-alt sin ó dháta an Achta seo a rith.
(4) Ní dheonófar ceadúnas margántaíochta do chomhlacht daoine is ceardchumann faoi dhlí tíre eile mura ndéanann sé, i dteannta na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (3) agus in alt 17 den Acht Ceardchumann, 1975, a chomhall, cóip dá rialacha ina gcorpraítear na forálacha dá dtagraítear i bhfo-alt (2) d'alt 14 a chur ar aghaidh, tráth an iarratais ar cheadúnas margántaíochta, chuig Cláraitheoir na gCara-Chumann.
(5) I gcás gur deimhin le Cláraitheoir na gCara-Chumann, tar éis imscrúdú cuí, gurb é polasaí nó cleachtas ceardchumainn atá cláraithe faoi na hAchtanna Ceardchumann, 1871 go 1975, nó ceardchumainn faoi dhlí tíre eile, neamhaird a thabhairt go buan ar aon cheanglas de na forálacha dá dtagraítear i bhfo-alt (2) d'alt 14 féadfaidh sé treoir a thabhairt don cheardchumann an ceanglas a chomhlíonadh. I gcás go dtabharfar neamhaird ar an treoir sin cuirfidh Cláraitheoir na gCara-Chumann é sin in iúl don Aire agus féadfaidh an tAire ceadúnas margántaíochta an cheardchumainn lena mbaineann a chúlghairm.
Gníomhartha contrártha do thoradh rúnbhallóide.
17.—(1) Ní bheidh feidhm ag ailt 10, 11 agus 12 maidir le himeachtaí a thig as nó a bhaineann le stailc nó gníomh tionscail eile ag ceardchumann nó grúpa oibrithe a thugann neamhaird ar thoradh rúnbhallóide a bhaineann leis an gceist nó leis na ceisteanna lena mbaineann an t-aighneas nó atá contrártha don toradh sin.
(2) I gcás ballóidí ag níos mó ná ceardchumann amháin, ciallóidh toradh rúnbhallóide dá dtagraítear i bhfo-alt (1) toradh na mballóidí comhiomlána.
(3) I gcás dhá rúnbhallóid nó níos mó a bheith déanta i ndáil le haighneas, ciallóidh an bhallóid dá dtagraítear i bhfo-alt (1) an bhallóid deiridh den sórt sin.
Neamhfheidhm ailt 14 go 17 maidir le cumainn fostóirí.
18.—Ní bheidh feidhm ag ailt 14 go 17 maidir le ceardchumann fostóirí.
Srian le ceart chun urghaire.
19.—(1) I gcás rúnbhallóid a bheith déanta de réir rialacha ceardchumainn dá bhforáiltear in alt 14. agus gur toradh i bhfabhar stailce nó gnímh tionscail eile an toradh a bheidh uirthi nó, i gcás comhiomlánú ballóidí, an toradh a bheidh ar na ballóidí comhiomlána, agus go dtabharfaidh an ceardchumann, sula nglacfaidh sé páirt sa stailc nó sa ghníomh tionscail eile, fógra seachtaine ar a laghad don fhostóir lena mbaineann go bhfuil sé ar intinn aige déanamh amhlaidh, ní bheidh an fostóir sin i dteideal iarratas a dhéanamh chun aon chúirte ar urghaire ag srianadh na stailce nó an ghnímh tionscail eile mura mbeidh fógra faoin iarratas tugtha don cheardchumann agus dá chomhaltaí is páirtí san aighneas ceirde.
(2) I gcás rúnbhallóid a bheith déanta de réir rialacha ceardchumainn dá bhforáiltear in alt 14, agus gur toradh i bhfabhar stailce nó gnímh tionscail eile an toradh a bheidh uirthi nó, i gcás comhiomlánú ballóidí, an toradh a bheidh ar na ballóidí comhiomlána, agus go dtabharfaidh an ceardchumann, sula nglacfaidh sé páirt sa stailc nó sa ghníomh tionscail eile, fógra seachtaine ar a laghad don fhostóir lena mbaineann go bhfuil sé ar intinn aige déanamh amhlaidh, ní dheonóidh cúirt urghaire ag srianadh na stailce nó an ghnímh tionscail eile má shuíonn an freagróir cás cóir go raibh sé ag gníomhú d'intinn nó de chabhair le haighneas ceirde a chur ar aghaidh.
(3) Féadfar fógra dá bhforáiltear i bhfo-alt (1) a thabhairt do chomhaltaí ceardchumainn trí aird na gcomhaltaí sin a dhíriú ar dhoiciméad a bhfuil an fógra ann agus a mbeidh deis réasúnach ag na comhaltaí é a léamh i gcúrsa a bhfostaíochta nó a mbeidh fáil réasúnach acu air ar shlí éigin eile.
(4) Níl feidhm ag fo-ailt (1) agus (2)—
(a) maidir le himeachtaí a thig as nó a bhaineann le dul isteach go neamhdhleathach ar aon mhaoin de chuid duine eile nó fanacht go neamhdhleathach uirthi nó damáiste a dhéanamh go neamhdhleathach do mhaoin duine eile nó a chur faoi deara nó a cheadú damáiste a dhéanamh do mhaoin duine eile, nó
(b) maidir le himeachtaí a thig as aon ghníomh, nó a bhaineann le haon ghníomh, a bheidh nó is dóigh a bheidh ina thrúig bháis nó díobhála pearsanta.
(5) I gcás dhá rúnbhallóid nó níos mó a bheith déanta i ndáil le haighneas, is í an bhallóid dá dtagraítear i bhfo-ailt (1) agus (2) an bhallóid deiridh acu.
Leasú ar na hAchtanna Ceardchumann, 1941, 1971 agus 1975
Athrú ar éarlais de dhroim athrú ar líon comhaltaí.
20.—(1) Laistigh de mhí amháin tar éis an 31 Nollaig gach bliain cuirfidh ceardchumann a shealbhaíonn ceadúnas margántaíochta ráiteas faoina líon comhaltaí ar an 31 Nollaig chuig an Aire agus, más gá éarlais a mhéadú nó a laghdú faoi Chuid II den Acht Ceárd-Chumann, 1941, arna leasú le halt 2 den Acht Ceardchumann, 1971, d'aon mhéid chun go mbeidh sí comhionann leis an tsuim iomchuí, déanfaidh an ceardchumann sin, tráth nach déanaí ná ceithre mhí tar éis an 31 Nollaig, an éarlais sin a mhéadú den mhéid sin nó iarratas a dhéanamh (mar a éilíonn an cás) ar an méid sin a fháil ar ais as an éarlais sin.
(2) Glacfaidh fo-alt (1) éifeacht ar an 1 Eanáir, 1991.
(3) Is í “an tsuim iomchuí” i bhfo-alt (1) an tsuim iomchuí—
(a) faoi alt 7 (2) den Acht Ceárd-Chumann, 1941, nó
(b) faoi alt 2 (4) den Acht Ceardchumann, 1971, nó
(c) faoi alt 21 (3) nó alt 21 (4) den Acht seo,
de thuras na huaire, de réir mar a bheidh.
(4) Más rud é, i ndáil le haon cheardchumann a gceanglaítear air ráiteas a chur chuig an Aire faoin alt seo, go mainnítear ráiteas a chur nó go gcuirtear ráiteas atá bréagach go toiliúil, beidh cibé duine de chomhaltaí agus d'oifigigh an cheardchumainn a thoilíonn leis an mainneachtain ráiteas a chur, nó a éascaíonn sin, nó a thoilíonn leis an ráiteas bréagach a chur, nó a éascaíonn sin, agus, i gcás ceardchumainn atá cláraithe faoi na hAchtanna Ceardchumann, 1871 go 1975, an ceardchumann féin, ciontach araon i gcion faoin alt seo agus ar iad a chiontú go hachomair sa chéanna, dlífear fíneáil nach mó ná £500 a chur orthu.
(5) Ach amháin de bhun an ailt seo, ní dhéanfaidh ceardchumann, de bharr athrú ar líon a chuid comhaltaí, méid éarlaise faoi Chuid II den Acht Ceárd-Chumann, 1941, arna leasú le halt 2 den Acht Ceardchumann, 1971, a athrú.
(6) Beidh feidhm ag ailt 14 agus 16 den Acht Ceárd-Chumann, 1941, i ndáil le héarlais a thaiscfear leis an Ard-Chúirt faoin Acht seo nó faoin Acht Ceardchumann, 1971, mar atá feidhm acu maidir le héarlais faoin Acht Ceárd-Chumann, 1941.
Leasú ar alt 2 den Acht Ceardchumann. 1971.
21.—(1) San alt seo ciallaíonn “Acht 1971” an tAcht Ceardchumann. 1971.
(2) Déantar leis seo alt 2 (1) (b) d'Acht 1971 (a thagraíonn don chomhaltas is lú chun ceadúnas margántaíochta a dheonú), a leasú, i ndáil le hiarratais ar cheadúnas margántaíochta a dhéanfar tar éis dháta rite an Achta seo, trí “1,000” a chur in ionad “500”.
(3) Maidir le comhlacht daoine a dhéanann iarratas faoi alt 9 (1) den Acht Ceárd-Chumann, 1941, ar cheadúnas margántaíochta tar éis dháta rite an Achta seo is í “an tsuim iomchuí” dá dtagraítear in alt 2 (1) (a) d'Acht 1971 an tsuim is iomchuí do líon comhaltaí an chomhlachta de réir an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo nó an tsuim a bhí taiscthe mar éarlais agus coinnithe taiscthe san Ard-Chúirt roimh an dáta rite sin de réir an ailt sin 2 (1) (a) agus an Sceidil a ghabhann le hAcht 1971, de réir mar a bheidh.
(4) Aon uair tar éis dháta rite an Achta seo a bhunófar ceardchumann arb é a bheidh ann ar fad nó go formhór dhá cheardchumann nó níos mó a rinne cónascadh le chéile agus a raibh gach ceann acu, díreach roimh an gcónascadh, ina shealbhóir ar cheadúnas margántaíochta, is é a bheidh sa “suim iomchuí” dá dtagraítear san alt sin 2 (1) (a) cibé suim a chinnfidh an tAire maidir leis an gcumann a bhunófar amhlaidh.
Cónascthaí agus aistrithe.
22.—(1) Leasaítear leis seo alt 15 den Acht Ceardchumann, 1975 (a thagraíonn do dheontas i leith caiteachais a bhaineann le cónascthaí nó aistrithe) trí “a bheith neamhghnách agus” a scriosadh.
(2) Aon uair a dhéanann dhá cheardchumann nó níos mó iarracht ar chónascadh nó ar aistriú gealltanas a dhéanamh ó cheardchumann amháin go ceann eile agus go gcliseann ar an iarracht, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, deontas, ina mbeidh cibé méid is cuí leis an Aire, a thabhairt do cheardchumann amháin nó níos mó de na ceardchumainn sin as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, i leith na gcaiteachas sin is deimhin leis a thabhaigh an ceardchumann sin, sa tréimhse dhá bhliain díreach roimh an gcliseadh, i gcúrsa nó in oirchill na hiarrachta cónasctha nó aistrithe sin.
(3) I gcás go nglacfaidh ionstraim chónascacháin éifeacht, scoirfidh clárú aon chumainn cónascacháin d'éifeacht a bheith leis agus ar cheadúnas margántaíochta a dheonú don chumann nua scoirfidh aon cheadúnas margántaíochta a shealbhaíonn cumann cónascacháin d'éifeacht a bheith leis.
(4) I gcás go nglacfaidh ionstraim aistrithe gealltanas éifeacht, scoirfidh clárú aon chumainn is aistreoir agus aon cheadúnas margántaíochta a shealbhaíonn an cumann sin d'éifeacht a bheith leis.
CUID III
Caidreamh Tionscail i gCoitinne
“Oibrí”.
23.—(1) Sna hAchtanna Caidrimh Thionscail, 1946 go 1976, agus sa Chuid seo, ciallaíonn “oibrí” aon duine 15 bliana d'aois nó níos mó a bhfuil conradh déanta aige le fostóir nó a oibríonn faoi chonradh d'fhostóir, cibé acu is conradh i ndáil le saothar láimhe, saothar cléireachais nó eile é, cibé acu sainráite nó intuigthe, ó bhéal nó i scríbhinn dó, agus cibé acu is conradh seirbhíse nó printíseachta é nó conradh aon obair nó saothar a dhéanamh go pearsanta lena n-áirítear, go háirithe, altra shíciatrach a bheidh fostaithe ag bord sláinte agus aon duine a bheidh ainmnithe de thuras na huaire faoi fho-alt (3) ach ní fholaíonn sé—
(a) duine atá ar fostú ag an Stát nó faoin Stát,
(b) múinteoir meánscoile,
(c) múinteoir scoile náisiúnta,
(d) oifigeach d'údarás áitiúil,
(e) oifigeach do choiste gairmoideachais, nó
(f) oifigeach do choiste freastail scoile.
(2) I bhfo-alt (1) ciallaíonn “údarás áitiúil”—
(a) comhairle contae, bardas contaebhuirge nó buirge eile, comhairle ceantair uirbigh, coimisinéirí baile, bord sláinte nó údarás sláintíochta calafoirt,
(b) coiste nó comhchoiste nó bord nó comhbhord arna cheapadh (cibé acu roimh nó i ndiaidh dháta rite an Achta seo) le reacht nó faoi reacht chun feidhmeanna nó aon cheann d'fheidhmeanna comhlachta amháin nó níos mó de na comhlachtaí a luaitear i mír (a) a chomhlíonadh, agus
(c) coiste nó comhchoiste nó bord nó comhbhord de chomhlacht amháin nó níos mó, nó arna cheapadh ag comhlacht amháin nó níos mó, de na comhlachtaí a luaitear i míreanna (a) agus (b) ach gan coiste gairmoideachais, coiste talmhaíochta ná coiste freastail scoile a áireamh.
(3) Féadfaidh an tAire Airgeadais ó am go ham—
(a) aon daoine (seachas státseirbhísigh bhunaithe de réir bhrí Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1956) atá fostaithe de bhua alt 30 (1) (g) den Acht Cosanta, 1954, nó atá fostaithe ag an Stát nó faoi, a ainmniú chun críche fho-alt (1), agus
(b) ainmniú aon daoine faoin bhfo-alt seo a chealú.
(4) Aon duine a bheidh ainmnithe de bhua alt 17 (2) (a) den Acht Caidrimh Thionscail, 1969, ar dháta rite an Achta seo, leanfaidh sé de bheith ainmnithe chun críche fho-alt (1) mura gcealaítear an t-ainmniú faoi fho-alt (3) (b).
(5) Féadfaidh an Rialtas le hordú an míniú ar “oibrí” i bhfo-alt (1) a leasú agus féadfaidh sé, le hordú, aon ordú den sórt sin a chúlghairm nó a leasú.
(6) Gach ordú a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.
An Chúirt Oibreachais agus an Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais
An Coimisiún a bhunú.
24.—(1) Beidh comhlacht ann ar a dtabharfar an Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais chun na feidhmeanna a shanntar dó leis an Acht seo a chomhall.
(2) Beidh an Coimisiún arna bhunú cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.
(3) Is é a bheidh sa Choimisiún cathaoirleach agus sé ghnáthchomhalta a cheapfaidh an tAire.
(4) Beidh feidhm ag an gCeathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo maidir leis an gCoimisiún.
Feidhmeanna an Choimisiúin.
25.—(1) Beidh an Coimisiún freagrach i gcoitinne as feabhsú ar chaidreamh tionscail a chur chun cinn agus déanfaidh sé—
(a) seirbhís chomhréitigh a chur ar fáil;
(b) seirbhís chomhairleach caidrimh thionscail a chur ar fáil;
(c) cóid chleachtais i ndáil le caidreamh tionscail a ullmhú tar éis dul i gcomhairle le cumainn agus eagraíochtaí fostóirí;
(d) treoir a thairiscint i dtaobh cód cleachtais agus cuidiú chun aighnis a réiteach maidir lena gcur sin i bhfeidhm;
(e) oifigigh chomhionannais de chuid an Choimisiúin a cheapadh agus foireann agus saoráidí a chur ar fáil don tseirbhís oifigeach comhionannais;
(f) daoine a roghnú agus a ainmniú lena gceapadh mar choimisinéirí um chearta agus foireann agus saoráidí a chur ar fáil don tseirbhís coimisinéirí um chearta;
(g) taighde ar ábhair a bhaineann le caidreamh tionscail a sheoladh nó a choimisiúnú;
(h) athbhreithniú agus faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí i réimse an chaidrimh thionscail;
(i) cuidiú le comhchoistí oibreachais agus comhchomhairlí tionscail i bhfeidhmiú a gcuid feidhmeanna.
(2) Féadfaidh an Coimisiún, ar iarraidh ó pháirtí amháin nó níos mó in aighneas ceirde nó ar a thionscnamh féin, a sheirbhísí iomchuí a thairiscint do na páirtithe d'fhonn teacht ar chomhréiteach.
(3) Ach amháin i gcás go mbeidh foráil shonrach ann chun aighnis cheirde a tharchur go díreach chuig an gCúirt Oibreachais, tarchuirfear aighnis cheirde ar dtús chuig an gCoimisiún nó chuig a sheirbhísí iomchuí.
(4) Féadfaidh an Coimisiún, más cuí leis, ar iarraidh nó ar a thionscnamh féin, cibé comhairle is iomchuí leis a chur ar fáil d'fhostóirí, do chomhlachais fostóirí, d'oibrithe agus do cheardchumainn ar aon ábhar a bhaineann le caidreamh tionscail.
(5) Is comhaltaí d'fhoireann an Choimisiúin, a bheidh ceaptha go cuí ag an gCoimisiún, a dhéanfaidh na feidhmeanna dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (a), (b) nó (d) a chomhlíonadh thar ceann an Choimisiúin.
(6) Ní dhéanfaidh an Coimisiún, comhalta den Choimisiún ná aon duine dá fhoireann aon fhaisnéis a gheobhaidh sé i gcúrsa aon imeachtaí os a chomhair faoin Acht seo maidir le haon cheardchumann, nó maidir leis an ngnó a sheolann aon duine, nach mbeidh ar fáil in aon slí eile seachas trí fhianaise a thugtar ag na himeachtaí (lena n-áirítear comhdhálacha comhréitigh agus cruinnithe comhairleacha) a chur in aon tuarascáil gan toiliú an cheardchumainn nó an duine lena mbaineann, ná ní dhéanfaidh aon chomhalta den Choimisiún ná aon duine dá fhoireann ná aon duine a bhfuil baint aige leis na himeachtaí, gan toiliú den sórt sin, aon fhaisnéis den sórt sin a nochtadh.
(7) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (6) maidir le tuarascáil chuig an gCúirt faoi alt 26 (1) (a) ná le fógra chuig an gCúirt faoi alt 26 (3) (a) ná le tuarascáil faoi alt 48 (3).
(8) Is fo-alt é fo-alt (6) atá gan dochar d'alt 8 (2) den Acht in aghaidh Idirdhealú (Pá), 1974, agus d'alt 14 den Acht Caidrimh Thionscail, 1969.
Imscrúdú aighnis ag an gCúirt.
26.—(1) Ní dhéanfaidh an Chúirt aighneas ceirde a imscrúdú—
(a) mura rud é, faoi réir fho-alt (3), go bhfaigheann sí tuarascáil ón gCoimisiún á rá go bhfuil an Coimisiún sásta nach gcuideoidh aon iarrachtaí breise dá chuid le réiteach a fháil ar an aighneas, agus
(b) murar iarr na páirtithe san aighneas ar an gCúirt an t-aighneas a imscrúdú.
(2) Folóidh an tuarascáil dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (a) faisnéis faoi na saincheisteanna atá faoi aighneas, na hiarrachtaí a rinneadh chun an t-aighneas a réiteach agus aon fhaisnéis eile a mheasfaidh an Coimisiún a bheith mar chuidiú don Chúirt.
(3) D'ainneoin fho-alt (1) (a), féadfaidh an Chúirt aighneas a imscrúdú—
(a) má chuireann Cathaoirleach an Choimisiúin (nó aon chomhalta nó oifigeach de chuid an Choimisiúin a bheidh údaraithe aige) in iúl don Chúirt go ndéanann an Coimisiún, sna himthosca a shonraítear san fhógra, a fheidhm chomhréitigh san aighneas a tharscaoileadh, agus
(b) má iarrann na páirtithe san aighneas ar an gCúirt an t-aighneas a imscrúdú.
(4) Ní bheidh feidhm ag na forálacha sin roimhe seo den alt seo i ndáil le himscrúdú ar aighneas ceirde ag an gCúirt a bheidh tionscanta aici roimh bhunú an Choimisiúin ná i ndáil le hachomharc chuig an gCúirt i ndáil le moladh ó choimisinéir um chearta nó ó oifigeach comhionannais.
(5) Más rud é gurb é tuairim na Cúirte, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, i ndáil le haighneas ceirde a mbeadh, murach an fo-alt seo, bac uirthi, de bhua fho-alt (1), é a imscrúdú, go bhfuil imthosca eisceachtúla a dhlíonn go ndéanfadh sí amhlaidh, féadfaidh sí an t-aighneas a imscrúdú.
Nós imeachta an Choimisiúin.
27.—(1) Féadfaidh an Coimisiún gníomhú d'ainneoin dhá fholúntas ar a mhéid a bheith ina chomhaltas.
(2) Féadfaidh an Coimisiún rialacha a dhéanamh ó am go ham ag rialáil a nós imeachta agus a ghnó féin (lena n-áirítear córam a shocrú dá chruinnithe) agus tabharfaidh sé cóip d'aon rialacha den sórt sin don Aire a luaithe is féidir tar éis a ndéanta.
(3) Déanfaidh an Coimisiún gach bliain, ar cibé dáta a ordóidh an tAire, tuarascáil faoina ghníomhaíochtaí a thabhairt don Aire, lena n-áirítear cibé tuairimí is cuí leis an gCoimisiún a bhaineann le treochtaí agus forbairtí i gcaidreamh tionscail lena n-áirítear pá agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.
(4) Soláthróidh an Coimisiún cibé faisnéis don Aire a éileoidh sé ó am go ham maidir lena chuid gníomhaíochtaí.
An príomhfheidhmeannach.
28.—(1) Beidh príomhoifigeach don Choimisiún ann ar a dtabharfar an príomhfheidhmeannach.
(2) Is é an tAire a cheapfaidh an chéad phríomhfheidhmeannach agus is é an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, a cheapfaidh gach príomhfheidhmeannach ina dhiaidh sin.
(3) Déanfaidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais téarmaí agus coinníollacha seirbhíse phost an phríomhfheidhmeannaigh a chinneadh.
(4) Féadfaidh an duine céanna a bheith i seilbh oifig an chathaoirligh agus phost an phríomhfheidhmeannaigh ar feadh cibé tréimhse agus faoi réir cibé coinníollacha a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.
(5) Féadfaidh an tAire an príomhfheidhmeannach a chur as oifig ar chúiseanna sonraithe.
Aoisliúntas agus aiscí le haghaidh agus i leith phríomhfheidhmeannach an Choimisiúin.
29.—(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, scéim nó scéimeanna a dhéanamh chun pinsin, aiscí agus liúntais eile a dheonú do, nó i leith, phríomhfheidhmeannach an Choimisiúin ar scor dá oifig dó nó ar a bhás.
(2) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, scéim a bheidh déanta aige faoin alt seo a leasú tráth ar bith.
(3) Déanfaidh an tAire scéim a bheidh déanta ag an Aire faoin alt seo a chur i gcrích de réir a téarmaí.
(4) Má bhíonn aon aighneas ann i dtaobh éileamh aon duine ar aon phinsean, aisce nó liúntas, nó i dtaobh méid aon phinsin, aisce nó liúntais, is iníoctha de bhun scéime faoin alt seo, cuirfear an t-aighneas sin faoi bhráid an Aire agus tarchuirfidh seisean é chun an Aire Airgeadais, agus is cinneadh críochnaitheach a bheidh ina chinneadhsan.
(5) Déanfar gach scéim a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.
Deontais don Choimisiún agus cumhacht chun iasacht a fháil.
30.—(1) Gach bliain airgeadais féadfar deontas de cibé méid a cheadóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc leis an gCoimisiún as airgead a sholáthróidh an tOireachtas i leith chaiteachas an Choimisiúin i gcomhlíonadh a fheidhmeanna.
(2) Féadfaidh an Coimisiún, le toiliú an Aire, arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais, iasacht de cibé suimeanna a éileoidh sé chun soláthar a dhéanamh do chaiteachas reatha a fháil go sealadach trí chomhshocrú le baincéirí.
Cuntais agus iniúchtaí.
31.—(1) Coimeádfaidh an Coimisiún, i cibé foirm a bheidh ceadaithe ag an Aire le toiliú an Aire Airgeadais, na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a gheobhaidh sé nó a chaithfidh sé.
(2) Déanfaidh an Coimisiún na cuntais a choimeádfar de bhun an ailt seo a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste gach bliain cibé tráthanna a ordóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, lena n-iniúchadh, agus déanfar na cuntais sin, nuair a bheidh siad iniúchta amhlaidh (mar aon le tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste orthu) a thíolacadh don Aire, agus cuirfidh seisean faoi deara cóipeanna de na cuntais iniúchta agus den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.
Foireann an Choimisiúin.
32.—(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, cibé foireann a cheapadh a mheasfaidh sé a bheith riachtanach chun cuidiú leis an gCoimisiún a chuid feidhmeanna a chomhlíonadh.
(2) Beidh ceapacháin faoin alt seo ar cibé téarmaí a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais agus beidh siad faoi réir Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956, agus Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse, 1956 agus 1958.
Oifigigh chaidrimh thionscail agus seirbhís chomhairleach.
33.—(1) Féadfaidh an Coimisiún comhaltaí dá fhoireann a cheapadh chun gníomhú mar oifigigh chaidrimh thionscail.
(2) Déanfaidh na hoifigigh chaidrimh thionscail aon dualgais a chomhlíonadh a shannfaidh an Coimisiún dóibh trína chathaoirleach nó trína phríomhoifigeach feidhmiúcháin agus cuideoidh siad go háirithe chun aighnis cheirde a chosc agus a réiteach.
(3) Féadfaidh an Coimisiún comhaltaí dá fhoireann, lena n-áirítear oifigigh chaidrimh thionscail, a cheapadh chun comhairle i dtaobh nithe a bhaineann le caidreamh tionscail a thabhairt do lucht bainistíochta agus d'oibrithe nó dá n-ionadaithe.
Coimisinéirí um chearta.
34.—(1) I gcás go mbeartóidh an tAire coimisinéir um chearta a cheapadh faoi alt 13 (1) den Acht Caidrimh Thionscail, 1969, iarrfaidh sé ar an gCoimisiún rolla daoine a chur faoina bhráid agus ní cheapfaidh sé aon duine mar choimisinéir um chearta seachas duine a bheidh ar áireamh ar an rolla sin.
(2) Is tréimhse nach faide ná trí bliana téarma oifige coimisinéara um chearta a cheapfar de bhun fho-alt (1).
(3) Féadfaidh an tAire coimisinéir um chearta a athcheapadh ar feadh téarma nó téarmaí breise.
Seirbhís na gCoimisinéirí um Chearta.
35.—(1) Oibreoidh na coimisinéirí um chearta mar sheirbhís de chuid an Choimisiúin agus glacfar le tagairtí do choimisinéirí um chearta san Acht Caidrimh Thionscail, 1969, san Acht um Dhífhostú Éagórach, 1977, agus san Acht um Chosaint Mháithreachais d'Fhostaithe, 1981, mar thagairtí do choimisinéirí um chearta ag obair dóibh amhlaidh.
(2) Beidh coimisinéir um chearta neamhspleách agus é ag comhlíonadh a chuid feidhmeanna.
Agóidí agus achomhairc.
36.—(1) Ní bheidh aon éifeacht le hagóid faoi alt 13 (3) (b) (ii) den Acht Caidrimh Thionscail, 1969, ag páirtí in aighneas ceirde in aghaidh imscrúdú an aighnis ag coimisinéir um chearta mura gcuirfear in iúl í i scríbhinn don choimisinéir laistigh de thrí seachtaine tar éis fógra faoi tharchur an aighnis chuig an gcoimisinéir a bheith curtha leis an bpost chuig an bpáirtí sin.
(2) Ní bhreithneofar achomharc chun na Cúirte in aghaidh an mholta ó choimisinéir um chearta mura gcuirfear in iúl é i scríbhinn don Chúirt laistigh de shé seachtaine tar éis an moladh a dhéanamh.
(3) Déanfaidh coimisinéir um chearta gach moladh a dhéanfaidh sé a chur in iúl don Aire agus don Choimisiún, chomh maith lena chur in iúl don Chúirt.
(4) Ní fheidhmeoidh an Coimisiún a fheidhm chomhréitigh maidir le haighneas a ndearna coimisinéir um chearta moladh ina leith.
Oifigigh chomhionannais.
37.—(1) Féadfaidh an Coimisiún, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, comhaltaí dá fhoireann a cheapadh le bheith ina n-oifigigh chomhionannais agus tabharfar oifigeach comhionannais ar dhuine a cheapfar amhlaidh (agus gairtear sin de sa Chuid seo).
(2) Na hoifigigh chomhionannais a ceapadh roimh bhunú an Choimisiúin faoin Acht in aghaidh Idirdhealú (Pá), 1974, arna oiriúnú le halt 18 den Acht um Chomhionannas Fostaíochta, 1977, déanfaidh siad, tar éis an bhunaithe sin, a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh mar oifigigh don Choimisiún agus ní don Chúirt.
(3) Beidh oifigeach comhionannais neamhspleách agus é ag comhlíonadh a chuid feidhmeanna.
(4) Scoirfidh alt 6 (1) den Acht sin 1974 d'éifeacht a bheith leis ar bhunú an Choimisiúin ach sin gan dochar d'aon cheapacháin a rinneadh roimhe sin faoin bhfo-alt sin.
(5) Aon tagairtí san Acht in aghaidh Idirdhealú (Pá), 1974, agus san Acht um Chomhionannas Fostaíochta, 1977, d'oifigigh chomhionannais léifear iad mar thagairtí d'oifigigh chomhionannais faoin alt seo.
An tAire do tharchur aighnis.
38.—(1) Más é tuairim an Aire go ndéanann aighneas ceirde, cibé acu iarbhír nó tuartha é, difear do leas an phobail, féadfaidh sé an cheist a tharchur chuig an gCoimisiún nó chuig an gCúirt a dhéanfaidh iarracht an t-aighneas a réiteach.
(2) Más é tuairim an Aire gur aighneas a bhfuil tábhacht speisialta leis aighneas ceirde, féadfaidh sé a iarraidh ar an gCoimisiún nó ar an gCúirt nó ar dhuine nó ar chomhlacht eile, fiosrúchán a sheoladh maidir leis an aighneas agus tuarascáil a thabhairt dó ar na cinntí.
Comhchoistí oibreachais a athbhreithniú.
39.—Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú tréimhsiúil d'fhonn a fhionnadh cibé acu ar cheart, i dtuairim an Choimisiúin, comhchoistí oibreachais nua a bhunú nó, maidir le coistí láithreacha, cibé acu ar gá leasú a dhéanamh ar aon ordú bunaithe, nó ar cheart aon choiste a chur ar ceal agus cuirfidh sé cóip den athbhreithniú chuig an gCúirt agus chuig an Aire.
Aoisliúntas agus aiscí do chathaoirleach, do leaschathaoirligh agus do ghnáthchomhaltaí na Cúirte agus ina leith.
40.—Leasaítear leis seo alt 5 den Acht Caidrimh Thionscail, 1969, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):
“(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, scéim nó scéimeanna a dhéanamh chun pinsin, aiscí agus liúntais eile a dheonú, ar scor dá n-oifig nó ar bhás dóibh, don chathaoirleach, do leaschathaoirleach (cibé acu ar ceapadh é faoi alt 4 (1) nó 4 (4) den Acht seo nó faoi alt 8 (3) den Acht Caidrimh Thionscail, 1976) a bheidh faoi cheangal ag an Aire a am oibre go léir a chaitheamh le dualgais oifig leaschathaoirligh, agus do ghnáthchomhaltaí na Cúirte nó i leith na ndaoine sin.”.
Ranna den Chúirt.
41.—Féadfaidh an tAire ordú a bheidh déanta aige faoi alt 8 (1) den Acht Caidrimh Thionscail, 1976, a leasú nó a chúlghairm.
Cóid Chleachtais
Cóid chleachtais.
42.—(1) Ullmhóidh an Coimisiún dréachtchóid chleachtais i dtaobh caidrimh thionscail lena gcur faoi bhráid an Aire, ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ón Aire.
(2) Sula gcuirfidh sé dréachtchód cleachtais faoi bhráid an Aire lorgóidh an Coimisiún agus breithneoidh sé tuairimí ó eagraíochtaí atá ionadaíoch d'fhostóirí agus ó eagraíochtaí atá ionadaíoch d'oibrithe, agus ó cibé comhlachtaí eile a mheasfaidh an Coimisiún is iomchuí.
(3) I gcás go bhfaighidh an tAire dréachtchód cleachtais ón gCoimisiún féadfaidh sé a dhearbhú le hordú gur cód cleachtais chun críocha an Achta seo an cód a bheidh sa sceideal a ghabhann leis an ordú.
(4) In aon imeachtaí os comhair cúirte, na Cúirte Oibreachais, an Choimisiúin, an Bhinse Achomhairc Fostaíochta, coimisinéara um chearta nó oifigigh chomhionannais beidh cód cleachtais inghlactha mar fhianaise agus cuirfear aon fhoráil den chód is dóigh leis an gcúirt, leis an gcomhlacht nó leis an oifigeach áirithe a bheith bainteach le haon cheist a éireoidh sna himeachtaí, san áireamh nuair a bheifear ag cinneadh na ceiste sin.
(5) Má mhainníonn aon duine aon fhoráil de chód cleachtais a urramú ní chuirfidh sé sin ann féin faoi dhliteanas é maidir le haon imeachtaí.
(6) Féadfaidh an tAire ar iarraidh ón gCoimisiún, nó tar éis dó dul i gcomhairle leis, cód cleachtais a chúlghairm nó a leasú le hordú.
(7) Gach ordú a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.
Feidhmeanna na Cúirte Oibreachais maidir le cóid chleachtais.
43.—(1) Féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ó pháirtí nó páirtithe lena mbaineann, a tuairim a thabhairt maidir le léiriú ar chód cleachtais ar choinníoll, i gcás iarratais ó pháirtí amháin, gur thug an páirtí sin fógra faoin iarratas don pháirtí eile.
(2) Féadfaidh an Chúirt imscrúdú a dhéanamh ar ghearán go ndearnadh sárú ar chód cleachtais ar choinníoll gur tarchuireadh an gearán chun na Cúirte ag páirtí a bhí bainteach go díreach leis agus gur bhreithnigh an Coimisiún an gearán ar dtús de réir alt 26.
(3) I gcás gur imscrúdaigh an Chúirt gearán den sórt sin féadfaidh sí moladh a dhéanamh ag leagan síos a tuairime maidir leis an ábhar agus, más iomchuí, a tuairime maidir leis an mbeart is ceart do pháirtí atá ag sárú an chóid a dhéanamh, nó scor dá dhéanamh, chun a chinntiú go ndéanfar de réir an chóid.
Comhchoistí Oibreachais
Comhdhéanamh agus imeachtaí comhchoistí oibreachais.
44.—Beidh éifeacht le forálacha an Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo maidir le comhdhéanamh agus imeachtaí comhchoistí oibreachais.
Orduithe bunaithe a dhéanamh.
45.—(1) An lá chun fiosrúchán dhéanamh i dtaobh iarratais ar ordú bunaithe faoi alt 38 den Acht Caidrimh Thionscail, 1946, a fhógrófar i bhfógra faoin alt sin, is lá é nach mbeidh níos luaithe ná tríocha lá ó dháta foilsithe an fhógra nó nach déanaí ná seasca lá ó lá faighte an iarratais ag an gCúirt agus beidh alt 38 (b) (ii) den alt arna leasú dá réir sin.
(2) Déanfaidh an Chúirt ordú bunaithe, nó cuirfidh sí a cinneadh i bhfios nach bhfuil sí chun an t-ordú sin a dhéanamh, laistigh de dhá lá is daichead ó chríoch an fhiosrúcháin a rinneadh de réir an ailt sin 38.
Eisiamh ó réim comhchoiste oibreachais.
46.—(1) Féadfaidh an Chúirt le hordú gnóthas lena mbaineann comhaontú fostaíochta cláraithe a eisiamh ó réim feidhmeanna comhchoiste oibreachais ar iarraidh ón bhfostóir agus ón ngrúpa oibrithe nó a n-ionadaithe sa ghnóthas ar choinníoll nach lú fabhar an luach saothair agus na coinníollacha fostaíochta dá bhfhoráiltear sa chomhaontú fostaíochta cláraithe ná iadsin dá bhforáiltear san ordú rialaithe fostaíochta iomchuí.
(2) Scoirfidh ordú faoi fho-alt (1) d'eifeacht a bheith leis—
(a) má thagann an luach saothair agus na coinníollacha fostaíochta dá bhforáiltear sa chomhaontú fostaíochta cláraithe chun bheith ina gcuid is lú fabhar ná iadsin dá bhforáiltear san ordú rialaithe fostaíochta iomchuí, nó
(b) má chúlghairtear an comhaontú fostaíochta cláraithe.
Tuarascáil chun cuidiú le comhchoiste oibreachais.
47.—(1) Féadfaidh an Chúirt, ar a tionscnamh féin nó ar iarraidh ó chomhchoiste oibreachais, socrú a dhéanamh chun tuarascáil a sholáthar mar gheall ar an tionscal nó ar an trádáil a thagann faoi réim an choiste agus ar staid a líon saothair, ag féachaint do na haidhmeanna ar lena n-aghaidh a bunaíodh an coiste.
(2) Féadfaidh an coiste iarraidh a dhéanamh ar thuarascáil faoi fho-alt (1) ar iarratas ón gcathaoirleach le ceadú ó thromlach chomhaltaí an choiste.
Tograí le haghaidh ordaithe rialaithe fostaíochta.
48.—(1) I gcás gur fhoirmigh comhchoiste oibreachais tograí le haghaidh ordaithe rialaithe fostaíochta, foilseoidh an coiste fógra ina luafar—
(a) an áit a bhfaighfear cóipeanna de na tograí;
(b) go bhféadfar uiríll maidir leis na tograí a dhéanamh chuig an gcoiste laistigh den tréimhse lá is fiche tar éis dháta an fhoilsithe sin.
(2) Féadfaidh an comhchoiste oibreachais, tar éis aon uiríll a mheas a rinneadh chuige de réir fho-alt (1), cibé tograí is cuí leis a chur faoi bhráid na Cúirte le haghaidh ordaithe rialaithe fostaíochta.
(3) Nuair a chuirfear tograí le haghaidh ordaithe rialaithe fostaíochta faoi bhráid na Cúirte, cuirfidh cathaoirleach an choiste tuarascáil faoi bhráid na Cúirte maidir leis na himthosca a bhaineann lena nglacadh.
(4) Féadfaidh an Chúirt le hordú, mar is cuí léi, éifeacht a thabhairt do na tograí ó cibé dáta (tar éis dháta an ordaithe) a shonróidh an Chúirt san ordú.
(5) (a) I gcás nach deimhin leis an gCúirt gur cheart di ordú a dhéanamh ag tabhairt éifeachta do na tograí, féadfaidh sí tograí leasaithe a chur faoi bhráid an choiste a mbeidh sí toilteanach glacadh leo.
(b) Féadfaidh an coiste, más cuí leis, na tograí leasaithe, fara nó d'éagmais modhnuithe, a chur faoi bhráid na Cúirte athuair.
(c) Féadfaidh an Chúirt, mar is cuí léi, ordú a dhéanamh ag tabhairt éifeachta do na tograí mar a cuireadh faoina bhráid athuair iad amhlaidh ó cibé dáta (tar éis dháta an ordaithe) is cuí leis an gCúirt agus a shonróidh sí san ordú nó féadfaidh sí diúltú ordú a dhéanamh.
Ordú rialaithe fostaíochta a fhorfheidhmiú ag cigire le himeachtaí sibhialta.
49.—(1) Féadfaidh cigire, thar ceann oibrí, imeachtaí sibhialta a thionscnamh chun aon cheart caingne de chuid an oibrí in aghaidh a fhostóra a fhorfheidhmiú maidir le mainneachtain an fhostóra coinníoll fostaíochta d'ordú rialaithe fostaíochta a chomhlíonadh agus in aon imeachtaí den sórt sin féadfar ordú a dhéanamh chun gurb é an cigire agus nach é an t-oibrí a íocfaidh na costais.
(2) An chumhacht a thugtar le fo-alt (1), ní maolú í ar aon cheart de chuid oibrí imeachtaí sibhialta a thionscnamh thar a cheann féin.
Leasú ar alt 52 (2) (d) den Acht Caidrimh Thionscail, 1946.
50.—Leasaítear leis seo alt 52 (2) (d) den Acht Caidrimh Thionscail, 1946 (a thagraíonn do mhainneachtain nó do dhiúltú aon cheanglas dleathach ó chigire a chomhlíonadh) trí “go toiliúil” i ndiaidh “dhiúltós” a scriosadh.
Comhaontuithe Fostaíochta Cláraithe
Taifid.
51.—(1) Coimeádfaidh fostóir aon oibrithe lena mbaineann comhaontú fostaíochta cláraithe cibé taifid is gá chun a thaispeáint go bhfuil an comhaontú fostaíochta cláraithe á chomhlíonadh agus coinneoidh sé na taifid ar feadh trí bliana.
(2) Má mhainníonn fostóir foráil d'fho-alt (1) a chomhlíonadh beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £500 a chur air.
(3) Más rud é, i gcás aon fhostóra a gceanglaítear air leis an alt seo taifid a choimeád, go gcoimeádfaidh sé aon taifead nó go gcuirfidh sé faoi deara aon taifead a choimeád, nó go dtabharfaidh sé aon taifead ar aird nó go gcuirfidh sé faoi deara, nó go gceadóidh sé go feasach, aon taifead a thabhairt ar aird do chigire, ar taifead é atá bréagach i bponc ábhartha agus a fhios aige é a bheith bréagach, beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £1,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná trí mhí, nó iad araon, a chur air.
Cumhachtaí íniúchta chun comhaontú fostaíochta cláraithe a fhorfheidhmiú.
52.—Beidh na cumhachtaí iniúchta a thugtar do chigirí le halt 12 den Acht Caidrimh Thionscail, 1969, infheidhmithe chun forálacha alt 32 den Acht Caidrimh Thionscail, 1946, agus alt 51 den Acht seo a fhorfheidhmiú agus forléireofar an t-alt sin 12 agus an t-alt seo mar aon alt amháin.
Cruthúnas ar chomhaontú fostaíochta cláraithe agus nithe gaolmhara.
53.—(1) Beidh cóip den Iris Oifigiúil, a n-airbheartaítear ina leith go bhfuil fógra inti a d'fhoilsigh an Chúirt maidir le clárú comhaontaithe fostaíochta, ina fianaise prima facie go ndearnadh an comhaontú sin.
(2) Féadfar fianaise prima facie maidir le comhaontú fostaíochta cláraithe nó maidir le hathrú ar chomhaontú a thabhairt trí dhoiciméad a thabhairt ar aird a n-airbheartaítear ina leith gur cóip den chomhaontú nó den athrú é agus go bhfuil sé foilsithe ag an gCúirt.
(3) Beidh cóip den Iris Oifigiúil, a n-airbheartaítear ina leith go bhfuil fógra nó liosta inti a d'fhoilsigh an Chúirt faoi alt 31 den Acht Caidrimh Thionscail, 1946, ina fianaise prima facie ar ábhair an fhógra nó an liosta, lena n-áirítear aon sonraí a foilsíodh leis an gcéanna.
Comhaontú fostaíochta cláraithe a fhorfheidhmiú ag cigire le himeachtaí sibhialta.
54.—(1) Féadfaidh cigire, más dóigh leis go bhfuil suim dlite ó fhostóir d'oibrí lena mbaineann comhaontú fostaíochta cláraithe nó gur mhainnigh an fostóir coinníoll d'aon chomhaontú den sórt sin a chomhlíonadh maidir leis an oibrí, imeachtaí sibhialta a thionscnamh thar ceann an oibrí sin chun an tsuim sin a ghnóthú nó chun an coinníoll sin a fhorfheidhmiú agus in aon imeachtaí den sórt sin féadfar ordú a dhéanamh chun gurb é an cigire agus nach é an t-oibrí a íocfaidh na costais.
(2) An chumhacht a thugtar le fo-alt (1), ní maolú í ar aon cheart de chuid oibrí imeachtaí sibhialta a thionscnamh thar a cheann féin.
Leasú ar alt 12 (2) (d) den Acht Caidrimh Thionscail, 1969.
55.—Leasaítear leis seo alt 12 (2) (d) den Acht Caidrimh Thionscail, 1969 (a thagraíonn do mhainneachtain nó do dhiúltú ceanglas dleathach ó chigire a chomhlíonadh) trí “go toiliúil” i ndiaidh “fhailleodh” a scriosadh.
Mainneachtain Bheith i Láthair ag Suí Cúirte
Fianaise ar mhainneachtain bheith i láthair ag suí Cúirte.
56.—(1) Maidir le doiciméad a n-airbheartaítear ina leith é a bheith séalaithe le séala na Cúirte agus ina luaitear—
(a) go ndearnadh, le toghairm faoi alt 21 den Acht Caidrimh Thionscail, 1946, an duine a ainmnítear sa doiciméad a thoghairm chun bheith i láthair mar fhinné os comhair na Cúirte ar lá agus ag áit a bheidh sonraithe sa doiciméad,
(b) go raibh suí den Chúirt ann ar an lá sin agus ag an áit sin. agus
(c) go ndearna an duine sin mainneachtain bheith i láthair ag an gCúirt de bhun na toghairme,
glacfar leis, in ionchúiseamh in aghaidh an duine a ainmnítear amhlaidh mar gheall ar an mainneachtain líomhnaithe, mar fhianaise ar na nithe a dúradh amhlaidh gan a thuilleadh cruthúnais.
(2) Beidh feidhm ag alt 18 den Acht Caidrimh Thionscail, 1946, maidir le doiciméad lena mbaineann fo-alt (1).
AN CHÉAD SCEIDEAL
Méadú ar Fhíneálacha
Uimh. Thag. | Alt | Fíneáil |
(1) | (2) | (3) |
TRADE UNION ACT, 1871 | ||
1 | 15 | £200 sa lá. |
2 | 16 | £500, in ionad cúig phunt. |
£1,000, in ionad caoga punt. | ||
3 | 6 (2) | £1,000 agus fíneáil mhainneachtana laethúil de £200. |
4 | 12 (2) | £100 agus fíneáil mhainneachtana laethúil de £10. |
5 | 13 (2) | £100 agus fíneáil mhainneachtana laethúil de £10. |
6 | 21 (3) | £200. |
7 | 32 (4) | £1,000 agus fíneáil mhainneachtana laethúil de £200. |
8 | 45 (1) | £750. |
9 | 45 (3) (a) | £750. |
10 | 48 (2) | £750. |
11 | 49 (3) | £500. |
12 | 52 (2) | £500. |
13 | 52 (3) | £1,000. |
14 | 72 (b) | £1,000. |
15 | 10 (2) | £1,000 agus fíneáil mhainneachtana laethúil de £200. |
16 | 10 (3) | £1,000 agus fíneáil mhainneachtana laethúil de £200. |
17 | 12 (2) | £500. |
18 | Alt 10 (8): | |
Sceideal, | £200. | |
Mír 3 (1) |
AN DARA SCEIDEAL
Aisghairm
Seisiún agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain | Gearrtheideal | Méid na hAisghairme |
38 & 39 Vict., c. 86 | The Conspiracy, and Protection of Property Act, 1875 | In alt 3, an chéad mhír agus an mhír a cuireadh isteach le 6 Edw. 7, c. 47, alt 1. |
6 Edw. 7, c. 47 | Trade Disputes Act, 1906 | An tAcht iomlán. |
Alt 11 Alt 15. | ||
Alt 4 Alt 23 (2) | ||
Alt 41 | ||
Alt 43 (1) | ||
Alt 64 | ||
Ailt 67, 69, 71 agus 72 | ||
An Dara Sceideal. | ||
Alt 6 In alt 10 (3) gach focal ó “dlífear ar é a chiontú” go dtí “céad punt agus” | ||
Alt 11 | ||
Alt 17 | ||
Alt 18. | ||
Alt 2 (3). | ||
Alt 2 Alt 5. | ||
An tAcht iomlán. |
AN TRÍÚ SCIEDEAL
Éarlaisí
1. I gcás nach mó líon na gcomhaltaí ná 2,000, is é a bheidh san éarlais ná £20,000.
2. I gcás gur mó líon na gcomhaltaí ná 2,000 ach nach mó é ná 5,000, is é a bheidh san éarlais ná £20,000 i dteannta £800 in aghaidh gach 300 comhalta breise (nó cuid de 300 comhalta) de bhreis ar 2,000 comhalta.
3. I gcás gur mó líon na gcomhaltaí ná 5,000 ach nach mó é ná 10,000, is é a bheidh san éarlais ná £28,000 i dteannta £800 in aghaidh gach 500 comhalta breise (nó cuid de 500 comhalta) de bhreis ar 5,000 comhalta.
4. I gcás gur mó líon na gcomhaltaí ná 10,000 ach nach mó é ná 20,000, is é a bheidh san éarlais ná £36,000 i dteannta £800 in aghaidh gach 1,000 comhalta breise (nó cuid de 1,000 comhalta) de bhreis ar 10,000 comhalta.
5. I gcás gur mó líon na gcomhaltaí ná 20,000 is é a bheidh san éarlais ná £44,000 i dteannta £800 in aghaidh gach 1,000 comhalta breise (nó cuid de 1,000 comhalta) de bhreis ar 20,000 comhalta, ach sin faoi réir uasmhéid sáraitheach de £60,000.
AN CEATHRÚ SCEIDEAL
An Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais
1. Beidh an Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais ina chomhlacht corpraithe agus comharbas suthain agus séala oifigiúil aige agus beidh cumhacht agartha aige agus beidh sé inagartha faoina ainm corpraithe.
2. Is é an tAire a cheapfaidh an cathaoirleach tar éis dul i gcomhairle le cibé eagraíochtaí a mheasfaidh an tAire a bheidh ionadaíoch d'oibrithe agus d'fhostóirí agus ceapfar é ar feadh cibé tréimhse agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire.
3. Ar ghnáthchomhaltaí an Choimisiúin—
(a) beidh beirt ina gcomhaltaí oibrithe;
(b) beidh beirt ina gcomhaltaí fostóirí; agus
(c) ainmneoidh an tAire beirt díobh.
4. Is iad na comhaltaí oibrithe na daoine a bheidh ainmnithe lena gceapadh ag an Aire ag cibé eagraíocht nó eagraíochtaí a chinnfidh an tAire a bheith ionadaíoch do cheardchumainn oibrithe.
5. Is iad na comhaltaí fostóirí na daoine a bheidh ainmnithe lena gceapadh ag an Aire ag cibé eagraíocht nó eagraíochtaí a chinnfidh an tAire a bheith ionadaíoch d'fhostóirí.
6. Beidh gach gnáthchomhalta ina chomhalta páirtaimseartha den Choimisiún agus ceapfar é ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire.
7. Féadfar cibé liúntais le haghaidh caiteachas a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc leis an gcathaoirleach agus le gach gnáthchomhalta as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
8. Féadfaidh an cathaoirleach nó gnáthchomhalta éirí as a oifig trí litir a bheidh dírithe chun an Aire.
9. Féadfaidh an tAire an cathaoirleach nó gnáthchomhalta a chur as oifig ar chúiseanna sonraithe.
10. (1) I gcás go ndéanfar an cathaoirleach nó gnáthchomhalta den Choimisiún a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó mar iarrthóir lena thoghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas nó chun Parlaimint na hEorpa scoirfidh sé air sin de bheith i seilbh oifige.
(2) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó ar comhalta é de Pharlaimint na hEorpa beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh nó ina chomhalta den sórt sin, dícháilithe chun bheith ina chathaoirleach nó ina ghnáthchomhalta den Choimisiún.
11. Fíordheimhneofar séala an Choimisiúin le síniú an chathaoirligh nó gnáthchomhalta a bheidh údaraithe ag an gCoimisiún chun gníomhú chuige sin agus le síniú oifigeach don Choimisiún a bheidh údaraithe ag an gCoimisiún chun gníomhú chuige sin.
12. Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala an Choimisiúin agus glacfar i bhfianaise gach doiciméad a airbheartóidh gur ionstraim é a rinne an Coimisiún agus a bheith séalaithe le séala (a airbheartóidh a bheith fíordheimhnithe de réir mhír 11) an Choimisiúin agus measfar gurb é an ionstraim sin é gan chruthúnas mura suífear a mhalairt.
AN CÚIGIÚ SCEIDEAL
Comhdhéanamh agus Imeachtaí Comhchoistí Oibreachais
1. Sa Sceideal seo—
ciallaíonn “coiste” comhchoiste oibreachais;
ciallaíonn “na hAchtanna” na hAchtanna Caidrimh Thionscail, 1946 go 1990.
2. (1) Faoi réir mhír 3, is iad a bheidh ar choiste—
(a) comhalta amháin (dá ngairtear an comhalta neamhspleách sa Sceideal seo) a cheapfaidh an tAire agus a roghnófar mar dhuine a bheidh neamhspleách, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcoiste, agus
(b) comhaltaí (dá ngairtear comhaltaí ionadaíocha sa Sceideal seo) a cheapfaidh an Chúirt arb é a bheidh iontu—
(i) cibé líon daoine is cuí leis an gCúirt (dá ngairtear sa Sceideal seo comhaltaí (fostóirí) ionadaíocha) a fheidhmíonn, i dtuairim na Cúirte, ar son fostóirí a mbeidh an coiste le gníomhú i ndáil leo, agus
(ii) comhlíon daoine (dá ngairtear sa Sceideal seo comhaltaí (oibrithe) ionadaíocha) a fheidhmíonn, i dtuairim na Cúirte, ar son oibrithe a mbeidh an coiste le gníomhú i ndáil leo.
(2) Sula gceapfaidh an Chúirt comhalta ionadaíoch de choiste rachaidh sí i gcomhairle le haon eagraíocht fostóirí nó, de réir mar a bheidh, le haon eagraíocht oibrithe, lena mbaineann, a mhéid is féidir go réasúnach.
(3) Ceapfaidh an tAire duine neamhspleách a ghníomhóidh mar chomhalta neamhspleách agus mar chathaoirleach d'uireasa an chathaoirligh agus folóidh tagairtí sna hAchtanna do chomhalta neamhspleách nó don chathaoirleach tagairtí do dhuine a ghníomhóidh amhlaidh.
(4) Beidh an comhalta neamhspleách de choiste i seilbh oifige fad is toil leis an Aire.
(5) I gcás go scoirfidh comhalta ionadaíoch de choiste, i dtuairim na Cúirte, de bheith ionadaíoch do na fostóirí nó, de réir mar a bheidh, do na hoibrithe ar ceapadh é le feidhmiú ar a son, foirceannfaidh an Chúirt a chomhaltas.
(6) Féadfaidh an Chúirt, dá rogha féin, comhaltas aon chomhalta ionadaíoch de choiste a fhoirceannadh.
(7) I gcás go bhfoirceannfar comhaltas aon chomhalta ionadaíoch de choiste scoirfidh an comhalta sin de bheith ina chomhalta den choiste.
3. I gcás an chomhchoiste oibreachais d'oibrithe talmhaíochta a bunaíodh faoi alt 4 den Acht Caidrimh Thionscail, 1976—
(a) ceapfaidh an tAire le toiliú an Aire Talmhaíochta agus Bia an comhalta neamhspleách;
(b) ceapfaidh an Chúirt na comhaltaí (fostóirí) ionadaíocha den choiste ó rolla a bheidh ullmhaithe agus tíolactha don Chúirt ag an Aire tar éis dó dul i gcomhairle le cibé eagraíocht nó eagraíochtaí a bheidh ionadaíoch d'fhostóirí talmhaíochtá is cuí leis an Aire le toiliú an Aire Talmhaíochta agus Bia;
(c) ceapfaidh an Chúirt na comhaltaí (oibrithe) ionadaíocha den choiste (suas go dtí líon ar cóimhéid le líon na gcomhaltaí (fostóirí) ionadaíocha) ó rolla a bheidh ullmhaithe agus tíolactha don Chúirt ag an Aire tar éis dó dul i gcomhairle le cibé eagraíocht nó eagraíochtaí a bheidh ionadaíoch d'oibrithe talmhaíochta is cuí leis an Aire le toiliú an Aire Talmhaíochta agus Bia;
(d) ní bheidh feidhm ag mír 2 (2).
4. Ní chuirfear imeachtaí coiste ó bhail mar gheall ar aon fholúntas ann ná aon locht ar cheapadh comhalta.
5. D'fhonn cruinniú coiste a bheith ann ní mór don chomhalta neamhspleách agus don tríú cuid ar a laghad de líon iomlán na gcomhaltaí ionadaíocha a bheith i láthair.
6. (1) Faoi réir fhorálacha na míre seo, beidh vóta amháin ag gach comhalta de choiste.
(2) Más rud é ag aon chruinniú coiste nach ionann líon an ghrúpa comhaltaí (fostóirí) ionadaíocha a bheidh i láthair agus líon an ghrúpa comhaltaí (oibrithe) ionadaíocha a bheidh i láthair—
(a) féadfaidh cibé grúpa de na grúpaí a dúradh a mbeidh tromlach acu a shocrú go staonfaidh aon duine amháin nó níos mó dá líon ó vótáil chun comhionannas a choimeád,
(b) mura ndéanfar aon socrú den sórt sin, féadfaidh cathaoirleach an choiste an vótáil ar aon cheist a chur ar atráth go dtí cruinniú eile den choiste.
7. (1) Tiocfaidh coiste le chéile ag cibé áiteanna agus tráthanna a chinnfidh sé ó am go ham a bheith oiriúnach chun a fheidhmeanna a chomhall agus féadfaidh sé aon cheann dá chruinnithe a chur ar athló.
(2) Glacfaidh coiste, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis na hAchtanna, le cibé nós imeachta ag a chruinnithe agus in aon chás eile, a chinnfidh sé a bheith oiriúnach chun a fheidhmeanna a chomhall.
8. (1) Féadfaidh coiste, le toiliú na Cúirte, fochoistí a cheapadh chun cuidiú leis.
(2) Féadfaidh comhaltaí den choiste, agus cibé daoine eile a cheapfaidh an coiste le comhthoiliú na Cúirte, a bheith ar fhochoiste de choiste.
(3) Measfar gur fochoiste a cheap an coiste faoi fhomhír (1) den mhír seo coiste trádála ceantair, arna bhunú faoin Trade Boards Acts, 1909 and 1918, a bhunaigh coiste nuair ba bhord trádála é.
9. Féadfar cibé luach saothair agus liúntais (lena n-áirítear cúiteamh i gcailliúint ama) a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc le comhaltaí coiste nó fochoiste.
10. I gcás gach comhchoiste oibreachais atá ar marthain ar dháta rite an Achta seo beidh na comhaltaí neamhspleácha i dteideal fanacht in oifig go dtí go gceapfar comhalta neamhspleách an choiste sin faoi mhír 2 (1) (a) nó 3, de réir mar a éileoidh an cás.