Uimhir 22 de 1957.
AN tACHT SRIANTA CÍOSA (BUANÚ AGUS LEASÚ), 1957.
[An tiontó oifigiúil.]
Acht 1946 a bhuanú.
1.—Leanfaidh an tAcht Srianta Cíosa, 1946 (Uimh. 4 de 1946), i ngníomh go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1958.
Breis dleathach i gcás an tiarna talún do dhéanamh deisiúcháin áirithe.
2.—(1) I gcás ina ndéanfaidh an tiarna talún, i rith na tréimhse dhá bhliain 1957 agus 1958, suim a chaitheamh is mó ná dhá dtrian de chíos bunúsach áitribh rialaithe ag cur an áitribh i ndeisriocht réasúnach, is breis dleathach ar chíos bunúsach an áitribh suim a ríomhfar do réir an scála atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhas leis an Acht Srianta Cíosa (Leasú), 1949 (Uimh. 24 de 1949).
(2) Dá réir sin, déantar leis seo an tAcht Srianta Cíosa, 1946 (Uimh. 4 de 1946), arna leasú leis an Acht Srianta Cíosa (Buanú agus Leasú), 1950 (Uimh. 28 de 1950), leis an Acht Srianta Cíosa (Buanú agus Leasú), 1952 (Uimh. 20 de 1952), leis an Acht Srianta Cíosa (Buanú agus Leasú,) 1953 (Uimh. 34 de 1953), leis an Acht Srianta Cíosa (Buanú agus Leasú), 1954 (Uimh. 34 de 1954), leis an Acht Srianta Cíosa (Buanú agus Leasú), 1955 (Uimh. 24 de 1955), agus leis an Acht Srianta Cíosa (Buanú agus Leasú,) 1956 (Uimh. 43 de 1956), a leasú tuilleadh trí “nó 1957 agus 1958” a chur isteach i mír (g) d'fho-alt (2) d'alt 11, agus i mír (e) d'fho-alt (2) d'alt 17 díreach i ndiaidh “1956 agus 1957”.
Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.
3.—(1) Féadfar an tAcht Srianta Cíosa (Buanú agus Leasú), 1957, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchta Srianta Cíosa, 1946 go 1957, a ghairm de na hAchta Srianta Cíosa, 1946 go 1956, agus den Acht seo le chéile.
(3) Déanfar na hAchta Srianta Cíosa, 1946 go 1956, agus an tAcht seo d'fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin.