Uimhir 26 de 1986
ACHT NA gCÚIRTEANNA (UIMH. 2), 1986
RIAR NA nALT
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
Beerhouses (Ireland) Act, 1864 | 1864, c. 35 |
Beer Licences Regulation (Ireland) Act, 1877 | 1877, c. 4 |
Na hAchtanna Cúirteanna Breithiúnais, 1924 go 1961 | |
Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1986 | |
Na hAchtanna Custam | |
Na hAchtanna um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926 agus 1940 | |
An tAcht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976 | |
Licensing Act, 1872 | 1872, c. 94 |
Licensing Act, (Ireland), 1874 | 1874, c. 69 |
Na hAchtanna Ceadúnúcháin, 1833 go 1983 | |
Licensing (Ireland) Act, 1833 | 1833, c. 68 |
Licensing (Ireland) Act, 1855 | 1855, c. 62 |
Licensing (Ireland) Act, 1902 | 1902, c. 18 |
Petty Sessions (Ireland) Act, 1851 | 1851, c. 93 |
Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904 | 1904, c. 9 |
Roads Act, 1920 | 1920, c. 72 |
Small Penalties (Ireland) Act, 1873 | 1873, c. 82 |
Spirits (Ireland) Act, 1854 | 1854, c. 89 |
Uimhir 26 de 1986
ACHT NA gCÚIRTEANNA (UIMH. 2), 1986
[An tiontú oifigiúil]
Féichiúnaí a scrúdú ó thaobh acmhainne.
1.—(1) Leasaítear leis seo an tAcht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926, tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 15:
“15.—(1) (a) Aon uair a bheidh fiach dlite de dhuine (dá ngairtear ‘an féichiúnaí’ sa Chuid seo den Acht seo) de dhroim breithiúnais, ordú nó foraithne cúirte inniúla do dhuine eile (dá ngairtear ‘an creidiúnaí’ sa Chuid seo den Acht seo) féadfaidh an creidiúnaí, faoi réir an ailt seo, iarratas a dhéanamh chun cléireach Cúirte Dúiche don Cheantar Cúirte Dúiche ina bhfuil an scrúdú le déanamh chun toghairm a eisiúint á cheangal ar an bhféichiúnaí freastal le go ndéanfaidh Breitheamh den Chúirt Dúiche scrúdú air ó thaobh a chuid acmhainne.
(b) Is i bhfoirm a cheanglaítear le rialacha cúirte a bheidh an toghairm sin agus, faoi réir fho-alt (2), is é an cléireach Cúirte Dúiche a luaitear i mír (a), a eiseoidh í.
(c) Ar thoghairm den sórt sin a sheirbheáil agus chun críocha an scrúdaithe sin, taiscfidh an féichiúnaí ráiteas (dá ngairtear ‘ráiteas acmhainne’ sa Chuid seo den Acht seo) de réir fho-ailt (3) agus (4) den alt seo.
(2) Beidh, mar thaca le hiarratas ar thoghairm faoi fho-alt (1) den alt seo, dearbhú reachtúil ón gcreidiúnaí nó thar a cheann—
(a) gur faoi bhreithiúnas, ordú nó foraithne cúirte dlínse inniúla atá an fhiach dlite, agus
(b) gur sa Dúiche Chúirte Dúiche ina bhfuil an scrúdú le déanamh air atá gnáthchónaí ar an bhféichiúnaí.
(3) Is i bhfoirm a cheanglaítear le rialacha cúirte a bheidh an ráiteas acmhainne agus sonrófar ann sócmhainní agus dliteanais an fhéichiúnaí, a ioncam tuillte agus neamhthuillte, an tslí ina dtuilltear é nó an fhoinse óna ndíorthaítear é, agus na daoine a bhfuil a gcothabháil dlite de go dlíthiúil nó go morálta.
(4) Seachtain amháin ar a laghad sula suífidh an Chúirt Dúiche ina mbeidh an scrúdú le déanamh, taiscfear an ráiteas acmhainne leis an gcléireach Cúirte Dúiche don Cheantar Cúirte Dúiche ina bhfuil scrúdú an fhéichiúnaí le déanamh.
(5) Beidh an creidiúnaí, ar íoc na táille forordaithe dó, i dteideal an ráiteas acmhainne, ar é bheith taiscthe, a iniúchadh agus cóipeanna de a thógáil nó a fháil.
(6) Tráth scrúdaithe ar fhéichiúnaí de bhun toghairme faoin alt seo tabharfaidh an creidiúnaí fianaise ar aird—
(a) maidir leis an bhfiach bunaidh atá dlite don chreidiúnaí faoi bhreithiúnas, ordú nó foraithne cúirte inniúla (mar aon le deimhniú i bhfoirm a cheanglaítear le rialacha cúirte ina leagtar amach an méid atá neamhíoctha ar dháta an deimhnithe), agus
(b) go bhfuil gnáthchónaí ar an bhféichiúnaí sa Dúiche Chúirte Dúiche ina bhfuil an scrúdú á dhéanamh.
(7) (a) San alt seo ciallaíonn ‘forordaithe’ forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire Dlí agus Cirt le toiliú an Aire Airgeadais.
(b) Chun críocha an ailt seo, measfar gur Ceantar Cúirte Dúiche Dúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath.
(c) Chun críocha na Coda seo den Acht seo, folaíonn ‘fiach’ aon fhuílleach d'fhiach a bheidh dlite tar éis cuid de a bheith íoctha nó gnóthaithe.”.
(2) Aon imeachtaí faoi alt 15 den Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926, a bhí ar feitheamh sa Chúirt Dúiche díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, féadfar leanúint díobh agus iad a chríochnú amhail is dá mba nár ritheadh an t-alt seo.
Príosúnacht ar chiontú achomair i gcás go mainneofar fíneáil a íoc.
2.—(1) Más rud é ar chiontú achomair go ngearrfar fíneáil, féadfaidh cúirt a ordú go ndéanfar, i gcás go mainneofar an fhíneáil a íoc go cuí, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná an tréimhse iomchuí a shonraítear sa scála seo a leanas a chur ar an duine a ndlitear air an fhíneáil a íoc:
Méid na Fíneála | An Tréimhse Príosúnachta | ||||||
Gan bheith níos mó ná £50 | ... | ... | ... | ... | ... | 5 lá | |
Níos mó ná £50 ach gan bheith níos mó ná £250 | ... | ... | 15 lá | ||||
Níos mó ná £250 ach gan bheith níos mó ná £500 | ... | ... | 45 lá | ||||
Níos mó ná £500 | ... | ... | ... | ... | ... | ... | 90 lá |
(2) Más rud é, ar é a chiontú go hachomair, go ngearrfar fíneáil ar chomhlacht corpraithe, féadfar an fhíneáil, i gcás go mainneofar í a íoc go cuí, a thobhach trí earraí na comhlachta corpraithe a thochsal agus a dhíol.
(3) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le haon chás a bhaineann le cáin nó dleacht atá faoi chúram agus faoi bhainisteoireacht na gCoimisinéirí Ioncaim ná le haon fhíneáil, pionós nó forghéilleadh a thabhófar i ndáil le haon cháin nó dleacht den sórt sin nó a thabhófar ar shlí eile faoi na hAchtanna Custam, seachas pionós máil faoin Roads Act, 1920 (arna leasú), a ghearrfar de bhun gearáin a dhéanfaidh comhalta den Gharda Síochána.
(4) San alt seo—
folaíonn “fíneáil” aon chúiteamh, costais nó caiteachais i dteannta fíneála a ordaítear a íoc;
folaíonn “ciontú achomair” ciontú a fhorchuirtear de dhroim trialach mar gheall ar chion achomair agus de dhroim trialach mar gheall ar chion indíotáilte a thriailfear go hachomair.
Leasú ar an Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1940.
3.—(1) San alt seo ciallaíonn “Acht 1940” an tAcht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1940.
(2) Leasaítear leis seo Acht 1940 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 3:
“3.—Féadfar iarratas faoi alt 15 den Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926 (arna leasú le hAcht na gCúirteanna (Uimh. 2), 1986), a dhéanamh tráth ar bith laistigh de shé bliana tar éis dháta an bhreithiúnais, an ordaithe nó na foraithne ar i ndáil leo atá an t-iarratas á dhéanamh.”.
(3) Leasaítear leis seo Acht 1940 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) d'alt 4:
“(1) Leanfaidh ordú tráthchoda i bhfeidhm go dtí go mbeidh dhá bhliain déag caite ó dháta an bhreithiúnais, an ordaithe nó na foraithne iomchuí.”.
(4) Leasaítear leis seo Acht 1940 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3) d'alt 5:
“(4) Aon ordú faoin alt seo lena n-athraítear ordú tráthchoda ní oibreoidh sé amhlaidh chun an t-ordú tráthchoda a dhéanamh infheidhmithe tar éis dhá bhliain déag a bheith caite ó dháta an bhreithiúnais, an ordaithe nó na foraithne iomchuí.”.
(5) Folóidh na tagairtí i bhfo-ailt (1) agus (7) d'alt 8 d'Acht 1940 (arna leasú) d'ordú, tagairt—
(a) d'aon ordú maidir le costais a dhéanfar i gcomhar leis an ordú dá dtagraítear go príomha, agus
(b) d'aon ordú maidir le costais a dhéanfaidh cúirt i ndlínse chómhalartúcháin de réir bhrí an Achta um Orduithe Cothabhála, 1974, agus a dhéanfaidh cúirt den sórt sin i dtaca le hordú a ndearnadh ordú cothabhála infheidhmithe de faoin Acht sin.
Athnuachan a dheonú ar cheadúnais le haghaidh deochanna meisciúla gan deimhnithe cúirte.
4.—(1) San alt seo—
ciallaíonn “Acht 1902” an Licensing (Ireland) Act, 1902;
ciallaíonn “Acht 1927” an tAcht Deocha Meisciúla, 1927;
ciallaíonn “Acht 1952” an tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1952;
ciallaíonn “Acht 1960” an tAcht Deocha Meisciúla, 1960;
ciallaíonn “ceadúnas” ceadúnas chun deochanna meisciúla a dhíol ar gá deimhniú ón gCúirt Dúiche nó ón gCúirt Chuarda (de réir mar a bheidh) a thabhairt ar aird chun go ndeonófar é.
(2) Faoi réir fho-alt (5) den alt seo, i gcás ar gá athnuachan ar cheadúnas d'áitreabh a ceadúnaíodh an bhliain díreach roimhe sin, ní gá deimhniú ón gCúirt Dúiche a thabhairt ar aird d'oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim a gcumhachtaítear dó athnuachan a dheonú ar cheadúnas den sórt sin.
(3) I gcás go ndeonóidh oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim athnuachan ar cheadúnas agus gur tugadh faisnéis bhréagach nó mhíthreorach do na Coimisinéirí d'fhonn tacú leis an iarratas ar an deonú sin, beidh an t-iarratasóir ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £300 a chur air.
(4) I gcás go gciontófar an t-iarratasóir i gcion faoi fho-alt (3) den alt seo nó i gcás gur mainníodh déanamh de réir fho-alt (11) den alt seo, féadfaidh an Chúirt Dúiche a ordú go ndéanfar an ceadúnas a fhorghéilleadh.
(5) D'ainneoin fho-alt (2) den alt seo ní bheidh ceadúnas in-athnuaite ar é d'éag gan deimhniú ón gCúirt Dúiche don cheantar cúirte dúiche ina bhfuil an t-áitreabh lena mbaineann suite, a thabhairt ar aird—
(a) i gcás gur taisceadh fógra agóide i gcoinne na hathnuachana sin leis an gCúirt laistigh den am a fhorordaítear i rialacha cúirte, nó
(b) i gcás gur ceadúnas é atá in-athnuaite de bhua na bhforálacha in alt 30 (1) (b) d'Acht 1960, nó
(c) i gcás go mbeartaítear coinníoll a chur isteach sa cheadúnas de bhun alt 8 nó alt 9 d'Acht 1927.
(6) Féadfaidh aon duine agóid a dhéanamh in aghaidh athnuachana ar cheadúnas ar duine é a bheadh, murach an tAcht seo a rith, údaraithe agóid a dhéanamh i gcoinne deonú deimhnithe is gá chun ceadúnas a athnuachan i leith an áitribh; agus measfar gur agóid i gcoinne deonú an deimhnithe a cheanglaítear le fo-alt (5) den alt seo aon agóid den sórt sin.
(7) Faoi réir fho-alt (8) den alt seo is deimhniú maidir leis an méid seo a leanas an deimhniú a cheanglaítear le fo-alt (5) den alt seo—
(a) dea-charachtar an cheadúnaí,
(b) an modh síochánta agus ordúil ar seoladh an t-áitreabh ceadúnaithe an bhliain a chríochnaigh tráth éagtha an cheadúnais, agus
(c) i gcás áitribh a ceadúnaíodh de bhua Chaibidil III de Chuid VI d'Acht 1952, an modh a ndearnadh an campa saoire (de réir bhrí na Caibidle sin) ina bhfuil an t-áitreabh suite a sheoladh go hordúil an bhliain a chríochnaigh tráth éagtha an cheadúnais.
(8) I gcás ceadúnas a athnuachan de bhun fhorálacha alt 30 (1) (b) d'Acht 1960, is deimhniú maidir leis an méid seo a leanas an deimhniú a cheanglaítear le fo-alt (5) den alt seo—
(a) dea-charachtar an iarratasóra, agus
(b) i gcás gur seoladh gnó san áitreabh áirithe tráth ar bith i rith na bliana a chríochnaigh tráth éagtha an cheadúnais, an modh síochánta agus ordúil inar seoladh an t-áitreabh.
(9) D'ainneoin fho-alt (2) den alt seo, aon cheadúnas le haghaidh óstáin, ar ceadúnas é—
(a) ar tugadh éifeacht d'alt 42 (1) d'Acht 1952 ina leith, nó
(b) a deonaíodh tar éis Acht 1960 a rith, de bhua mhír (2) d'alt 2 d'Acht 1902,
ní bheidh sé in-athnuaite tráth a éagtha gan deimhniú a thabhairt ar aird do na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil an t-óstán ar deonaíodh an ceadúnas ina leith cláraithe i gclár na n-óstán a choimeádann Bord Fáilte Éireann.
(10) Ní dhéanfaidh oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, a gcumhachtaítear dó athnuachan ar cheadúnas a dheonú, athnuachan ar cheadúnas lena mbaineann alt 2 den Beer Licences Regulation (Ireland) Act, 1877, a dheonú gan dearbhú reachtúil a bheith tugtha ar aird gur comhlíonadh na coinníollacha san alt sin a bhaineann le luacháil inrátaithe an áitribh is ábhar don cheadúnas agus go raibh an t-áitreabh sin á áitiú go heisiach ag an sealbhóir ceadúnais ar feadh trí mhí ar a laghad roimh dháta an iarratais ar athnuachan.
(11) Nuair a bheidh iarratas ar cheadúnas a athnuachan á dhéanamh, cuirfidh an t-iarratasóir na nithe seo a leanas in iúl do na Coimisinéirí Ioncaim, más infheidhme:
(a) go bhfuil feidhm ag alt 30 d'Acht 1960;
(b) go bhfuil sé beartaithe aige iarratas a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche chun coinníoll a chur isteach ina cheadúnas de bhun alt 8 nó alt 9 d'Acht 1927;
(c) gur ceadúnas é ar tugadh éifeacht d'alt 42 (1) d'Acht 1952 ina leith nó a deonaíodh tar éis Acht 1960 a rith de bhua mhír (2) d'alt 2 d'Acht 1902.
Orduithe áirithe a chur i bhfeidhm faoin Acht um Chaomhnóireacht Naíon, 1964.
5.—(1) San alt seo ciallaíonn “Acht 1964” an tAcht um Chaomhnóireacht Naíon, 1964, arna leasú le hAcht na gCúirteanna, 1981, agus leis an Acht um Lán-Aois, 1985.
(2) Gan dochar don dlí maidir le díspeagadh cúirte, i gcás ordú a bheith déanta ag an gCúirt Dúiche faoi alt 7 nó alt 11 d'Acht 1964 agus go mbeidh treoir san ordú maidir le—
(a) coimeád naín, nó
(b) ceart rochtana ar naíon,
aon duine a mbeidh coimeád iarbhír an naín aige agus dá dtabharfar nó dá dtaispeánfar cóip den ordú agus—
(i) a mbeidh ceangal curtha air, ag duine nó thar ceann duine a bhfuil coimeád an naín tugtha dó leis an treoir, an naíon a thabhairt suas don duine sin, nó
(ii) a mbeidh ceangal curtha air, ag duine nó thar ceann duine a bhfuil teideal rochtana ar an naíon aige de réir na treorach, cead a thabhairt don duine sin an rochtain sin a bheith aige,
agus a mhainníonn nó a dhiúltaíonn an ceanglas a chomhlíonadh, beidh an duine sin ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £200 nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.
(3) Chun críocha an ailt seo measfar gur tugadh nó gur taispeánadh cóip d'ordú a rinneadh faoi alt 7 nó alt 11 d'Acht 1964 do dhuine má bhí an duine sin i láthair ag an suí den Chúirt ina ndearnadh an t-ordú sin.
(4) Déanfar na tagairtí d'ordú i bhfo-ailt (1) agus (7) d'alt 8 den Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1940, a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'ordú cothabhála a dhéantar faoi alt 7 (6) nó alt 11 (2) (b) d'Acht 1964 agus d'ordú athrúcháin a dhéantar faoi alt 12 d'Acht 1964.
Leasú ar alt 25 den Acht Deocha Meisciúla, 1927.
6.—Leasaítear leis seo alt 25 den Acht Deocha Meisciúla, 1927—
(a) trí “Faoi réir fhorálacha fho-alt (1A) den alt seo” a chur isteach i bhfo-alt (1) roimh “Pé uair”, agus
(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):
“(1A) I gcás ciontú mar gheall ar chion a bhaineann le tráthanna toirmiscthe, ní bheidh feidhm ag forálacha fho-alt (1) den alt seo ach amháin más cuí sin leis an gCúirt dá rogha féin.”,
agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TÁBLA |
(1) Faoi réir fhorálacha fho-alt (1A) den alt seo, pé uair a déanfar sealbhóir aon cheadúnais miondíolta deocha meisciúla do chiontú i gcionta le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, ansan, i gcás gan an té a ciontófar amhlaidh do bheith ina shealbhóir ach ar aon cheadúnas amháin den tsórt san, breacfar an ciontú ar an gceadúnas san no, más sealbhóir an duine sin ar dhá cheadúnas no níos mó den tsórt san a bhaineann leis an aon áitreabh amháin, breacfar ar gach ceadúnas acu é no, más sealbhóir é ar dhá cheadúnas no níos mó den tsórt san agus ná bainid uile leis an aon áitreabh amháin breacfar é ar pé ceann no cinn de sna ceadúnaisí sin a bhaineann leis an áitreabh gur dineadh an cionta ina thaobh. |
Leasú ar alt 27 den Acht Deocha Meisciúla, 1927.
7.—Leasaítear leis seo an tAcht Deocha Meisciúla, 1927, tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 27:
“27.—(1) Cibé uair a dhéanfaidh Breitheamh den Chúirt Dúiche sealbhóir aon cheadúnais chun deochanna meisciúla a dhíol, a chiontú i gcion lena mbaineann an Chuid seo den Acht seo, beidh ábhar achomhairc ann i gcoinne an chiontaithe sin chun an Bhreithimh den Chúirt Chuarda ar laistigh dá chuaird a bheidh Dúiche nó aon chuid de Dhúiche an Bhreithimh sin suite agus is breith chríochnaitheach agus neamh-inachomhairc breith an Bhreithimh sin.
(2) Ar éisteacht achomhairc faoi fho-alt (1) den alt seo maidir le ciontú mar gheall ar chion a bhaineann le tráthanna toirmiscthe, féadfaidh Breitheamh na Cúirte Cuarda, cé go ndaingníonn sé an ciontú, ordú a dhéanamh, más cuí leis amhlaidh dá rogha féin, á dhearbhú nach ndéanfar an ciontú sin a thaifeadadh ar an gceadúnas sin agus, cibé uair a dhéanfar ordú den sórt sin amhlaidh, ní thaifeadfar an ciontú sin amhlaidh agus measfar chun gach críche nár taifeadadh amhlaidh riamh é agus dá réir sin, measfar aon fhorghéilleadh a tháinig as taifeadadh an chiontaithe sin a bheith curtha ar ceal.”
Leasú ar an Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967.
8.—(1) Más rud é faoi Chuid II den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967, go mbeidh réamhscrúdú ciona indíotáilte á dhéanamh ag breitheamh áirithe den Chúirt Dúiche agus go leanfaidh breitheamh eile leis mar gheall ar bhreoiteacht an bhreithimh sin nó ar aon chúis eile, déileálfaidh an breitheamh eile chun críocha an Achta sin le teistíocht nó le ráiteas a thóg nó a shínigh an chéad bhreitheamh amhail is dá mba é féin a thóg nó a shínigh é.
(2) Leasaítear leis seo an tAcht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5) d'alt 24:
“(5) (a) Mura suífidh an Chúirt an lá chuig a mbeidh duine athchurtha faoi choimeád, beidh sé arna athchur amhlaidh go dtí an chéad suí eile den Chúirt a thionólfar sa dúiche chúirte dúiche chéanna.
(b) Mura suífidh an Chúirt an lá chuig a mbeidh duine athchurtha faoi bhannaí, beidh sé arna athchur amhlaidh go dtí an chéad suí eile den Chúirt a thionólfar sa cheantar cúirte dúiche céanna.”.
Leasuithe agus aisghairmeacha ilghnéitheacha.
9.—Déantar leis seo gach foráil a luaitear i gcolún (2) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, os coinne an lua i gcolún (1) den Sceideal sin d'achtachán, a leasú ar an modh a dhearbhaítear i gcolún (3) den Sceideal sin, agus déantar leis seo gach achtachán a luaitear i gcolún (2) den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin.
Gearrtheideal, forléiriú, comhlua agus tosach feidhme.
10.—(1) Féadfar Acht na gCúirteanna (Uimh. 2), 1986, a ghairm den Acht seo.
(2) Folóidh an comhlua “Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1986” an tAcht seo (seachas ailt 4, 6 agus 7 agus an Chéad Sceideal a mhéid a bhaineann sé leis an dlí faoi dheoch mheisciúil) agus déanfar Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1986 sin (seachas na hailt sin 4, 6, agus 7 agus an Chéad Sceideal sin a mhéid a bhaineann sé leis an dlí faoi dheoch mheisciúil) a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin.
(3) Déanfar ailt 4, 6 agus 7 agus, a mhéid a bhaineann siad leis an dlí faoi dheoch mheisciúil, alt 9 den Acht seo agus an Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, agus na hAchtanna Ceadúnúcháin, 1833 go 1983, a fhorléiriú le chéile leis na hAchtanna sin agus féadfar na hAchtanna Ceadúnúcháin, 1833 go 1986, a ghairm díobh le chéile.
(4) Déanfar alt 9 den Acht seo agus an Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, a mhéid a bhaineann siad le hAchtanna Clárú na gClubanna, 1904 go 1981, a fhorléiriú le chéile leis na hAchtanna sin agus féadfar Achtanna Clárú na gClubanna, 1904 go 1986, a ghairm díobh le chéile.
(5) Tiocfaidh an tAcht seo, seachas ailt 2, 3 (1), 3 (3) go 3 (5) agus 5 go 8, aisghairm na bhforálacha sin den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851 agus den Small Penalties (Ireland) Act, 1873, dá bhforáiltear in alt 9 agus in alt 10, i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire Dlí agus Cirt, go ginearálta nó faoi threoir críche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus forálacha éagsúla den Acht seo.
AN CHÉAD SCEIDEAL
Leasuithe Ilghnéitheacha
Achtachán | Foráil | An Cineál Leasaithe |
(1) | (2) | (3) |
Licensing (Ireland) Act, 1833 | Alt 2 | (a) “, twenty-one days at least before the first day of the then next general sessions of the peace to be held for the district within which the house for which such person shall desire to be licensed shall be situate,” agus |
(b) “,ten days at the least previous to such quarter sessions of the peace,”, | ||
a scriosadh. | ||
Licensing (Ireland) Act, 1855 | Alt 1 | “If objection be raised to an application” a chur in ionad “If any person shall apply for and be refused the certificate in the said Act mentioned, to entitle such person”. |
“the certificate required before the licence can be renewed by an officer of the Revenue Commissioners” a chur in ionad “such application”. | ||
Beerhouses (Ireland) Act, 1864 | Alt 3 | (a) “or to grant a renewal of any such licence as aforesaid to any person applying for such renewal,” |
(b) “or the renewal of a licence for the same house as shall have been licensed in the year last immediately preceding and which licence shall not have been withdrawn or annulled,” agus | ||
(c) “applying for such renewal, or of the person” | ||
a scriosadh. | ||
Licensing Act, 1872 | Alt 82 | (a) “or to grant to any spirit grocer upon the expiration of his excise license a renewal of such excise license,” agus |
(b) “,or, in the case of a renewal, during the past year”. | ||
a scriosadh. | ||
Licensing Act (Ireland), 1874 | Alt 8 | (a) “renewal or” san áit a dtarlaíonn na focail sin ar dtús, agus |
(b) “,renewal,” san áit a dtarlaíonn an focal sin an dara huair. | ||
a scriosadh. | ||
Alt 9 | “and of renewals of excise licenses” a scriosadh. | |
Alt 10 | An t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 10: | |
“10. Every person intending to apply for a new licence or for the transfer of a licence shall, at least 21 days before the intended application is to be heard, cause to be inserted or advertised in a newspaper circulating in the place in which the premises concerned are situate, a notice duly complying with the requirements of section 2 of the Licensing (Ireland) Act, 1833.”. | ||
Alt 14 | “not later than seven days before the holding of such session” a scriosadh. | |
Alt 14 | “The justices may, notwithstanding that no notice of objection has been served, if objection is made in court, adjourn the signing of the certificate to a future day, and require the attendance of the applicant.” a scriosadh. | |
Beer Licences Regulation (Ireland) Act, 1877 | Alt 2 | “, or to grant a renewal of any such licence as aforesaid” a scriosadh. |
Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904 | Alt 3 (3) | An abairt seo a leanas a chur in ionad an tríú habairt: |
“Such certificate so issued shall, subject to the provisions of this Act, remain in force until the annual licensing district court (within the meaning of the Intoxicating Liquor, 1927) held next after the grant of such certificate, and shall then expire.”. | ||
Alt 16 (1) | “do réir ordú scrúdúcháin” a scriosadh. | |
Alt 17 | “do réir ordú scrúdúcháin” a scriosadh. | |
Alt 8 | I bhfo-alt (3), “no athnuachaint” a scriosadh agus “agus i ngach ceadúnas sé lá den sórt sin a athnuafar ina dhiaidh sin” a chur isteach i ndiaidh “an deimhnithe sin”. | |
Alt 9 | I bhfo-alt (3), “no athnuachaint” a scriosadh agus “agus i ngach ceadúnas luathdhúna den sórt sin a athnuafar ina dhiaidh sin” a chur isteach i ndiaidh “an deimhnithe sin”. | |
Alt 62 | (a) I bhfo-alt (1), “deimhniú ar” a scriosadh san áit a dtarlaíonn na focail sin sa líne dheireanach. | |
(b) I bhfo-alt (2), “deimhniú ar” a scriosadh. | ||
(c) I bhfo-alt (5), “dheimhniú ar” a scriosadh. | ||
Alt 32 (1) | (a) “chun na Cúirte de bhun alt 4 (5) (a) d'Acht na gCúirteanna (Uimh. 2), 1986, in aghaidh iarratais chun oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim le haghaidh ceadúnas a athnuachan” a chur in ionad “in aghaidh iarratais chun na Cúirte á iarraidh go ndeonófaí deimhniú faoi alt 11 (a bhaineann le ceadúnais a athnuachan) den Spirits (Ireland) Act, 1854,”. | |
(b) “dá bhforáiltear le halt 4 (7) nó 4 (8) (de réir mar a bheidh) d'Acht na gCúirteanna (Uimh. 2), 1986” a chur isteach i ndiaidh “an deimhniú”. | ||
Alt 25 | An t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 25: | |
“In iarratas chun na Cúirte Dúiche faoi alt 10, 16 nó 17 den Acht seo i ndáil le haon cheantar Cúirte, aon deimhniú a airbheartóidh a bheith sínithe ag an gCléireach Cúirte Dúiche don cheantar sin agus á dheimhniú gurb é liosta atá ann liosta de na daoine go léir is sealbhóirí, i leith áitreabh sa cheantar sin nó sa chuid de lena mbainfidh an t-iarratas (de réir mar a bheidh), ar cheadúnais a bheidh i bhfeidhm an tráth a thabharfar an liosta i bhfianaise, beidh sé, gan cruthú ar shíniú an duine a d'airbheartaigh an deimhniú a shíniú nó gurbh é ba Chléireach Cúirte Dúiche don cheantar sin, ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, ar na nithe a dheimhnítear sa deimhniú agus leis an deimhniú.”. | ||
Alt 24 | An fo-alt seo a leanas a chur isteach: | |
“(2) In aon chás nach gá deimhniú chun ceadúnas (seachas eischeadúnas) a athnuachan faoi na hAchtanna Ceadúnúcháin, 1833 go 1986, tabharfaidh an t-iarratasóir ar an athnuachan sin fógra míosa i scríbhinn (nó fógra i leith cibé tréimhse is giorra ná sin a gcomhaontóidh an t-údarás dóiteáin glacadh leis in imthosca speisialta an cháis) i dtaobh an iarratais don údarás dóiteáin ar ina limistéar feidhme atá an t-áitreabh suite agus má chuireann an t-údarás dóiteáin i gco inne an iarratais sin féadfaidh an t-údarás dóiteáin sin láithriú, éisteacht a fháil agus fianaise a thabhairt ar aird i leith an iarratais le haghaidh deimhniú dá bhforáiltear le halt 4 (7) nó 4 (8) (de réir mar a bheidh) d'Acht na gCúirteanna (Uimh. 2), 1986.”. |
AN DARA SCEIDEAL
Na hAchtacháin a Aisghairtear
Caibidil & Seisiún nó Uimhir & Bliain | Gearrtheideal | Méid na hAisghairme |
(1) | (2) | (3) |
14 & 15 Vic. c. 93. | Petty Sessions (Ireland) Act, 1851. | Míreanna 2 go 4 d'alt 22, a mhéid a bhaineann siad le himeachtaí coiriúla. |
Mír 9 d'alt 22. | ||
17 & 18 Vic. c. 89. | Spirits (Ireland) Act, 1854. | Alt 11. |
36 & 37 Vic. c. 82 | Small Penalties (Ireland) Act, 1873. | An tAcht iomlán. |
Alt 50. | ||
Alt 20. |