Uimhir 30 de 1981
AN tACHT SEIRBHÍSÍ DÓITEÁIN, 1981
[An tiontú oifigiúil]
CUID I
Réamhráiteach agus Ginearálta
Gearrtheideal agus tosach feidhme.
1.—(1) Féadfar an tAcht Seirbhísí Dóiteáin, 1981, a ghairm den Acht seo.
(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire, go ginearálta nó faoi threoir críche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh chun críocha éagsúla agus forálacha éagsúla den Acht seo.
Léiriú.
2.—(1) San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—
ciallaíonn “foirgneamh” foirgneamh, déanmhas nó tógáil (buan nó sealadach) de chineál ar bith nó d'ábhair ar bith;
ciallaíonn “údarás dóiteáin” údarás dóiteáin lena mbaineann alt 9;
ciallaíonn “briogáid dóiteáin” comhlacht eagraithe daoine agus iad oilte agus trealmhaithe chun dóiteáin i bhfoirgnimh agus in áiteanna eile a mhúchadh agus chun daoine agus maoin a tharrtháil ó dhóiteáin den sórt sin, agus folaíonn sé na feithiclí agus an trealamh a sholáthraítear don chomhlacht sin;
folaíonn “hiodrant dóiteáin” pláta marcála, clúdach nó bosca ar bith hiodraint;
folaíonn “sábháilteacht ó dhóiteán” dóiteán a chosc agus réamhchúraimí in aghaidh dóiteáin;
folaíonn “inlasta” indóite;
tá le “limistéar feidhme”, maidir le húdarás dóiteáin, an bhrí a shanntar dó le halt 9 (3);
folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Comhshaoil;
folaíonn “úinéir” aon duine a bhfuil eastát nó leas ar bith aige in áitreabh;
tá le “duine i gceannas”, maidir le dóiteán nó éigeandáil eile, an bhrí a shanntar dó le halt 27;
tá le “údarás pleanála” an bhrí a shanntar dó le halt 2 (2) den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963;
tá le “foirgneamh a d'fhéadfadh a bheith contúirteach” an bhrí a shanntar dó le halt 19;
ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin Acht seo;
ciallaíonn “feidhm fhorchoimeádta”—
(a) i gcás comhairle contae nó comhlachta toghaí chun críocha na nAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1972, feidhm fhorchoimeádta chun críocha na nAchtanna sin;
(b) i gcás bardais chontaebhuirge, feidhm fhorchoimeádta chun críocha na nAchtanna a bhaineann le bainistí na contaebhuirge;
ciallaíonn “údarás sláintíochta” údarás sláintíochta chun críocha na nAchtanna Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1964.
(2) San Acht seo forléireofar tagairtí do dhóiteán a mhúchadh mar thagairtí a fholaíonn tagairt do dhóiteán a chosc ó leathadh.
(3) Aon tagairt san Acht seo d'alt is tagairt í d'alt den Acht seo mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.
(4) Aon tagairt san Acht seo d'fho-alt nó do mhír is tagairt í don fho-alt nó don mhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.
(5) Aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán forléireofar í mar thagairt don achtachán sin arna leasú nó arna mhodhnú le haon achtachán dá éis.
Orduithe agus rialacháin.
3.—(1) Féadfaidh an tAire orduithe agus rialacháin a dhéanamh chun críocha an Achta seo.
(2) Gach ordú ón Aire faoi alt 9 nó 11 agus gach rialachán a dhéanfaidh sé faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú nó an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe nó an rialacháin, beidh an t-ordú nó an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú nó faoin rialachán.
Cionta.
4.—Aon duine a sháróidh (trí ghníomh nó trí neamhghníomh) aon cheanglas de Chuid III den Acht seo nó d'aon rialachán faoin Acht seo nó d'aon fhógra lena mbaineann an tAcht seo beidh sé ciontach i gcion.
Pionóis.
5.—(1) Duine a bheidh ciontach i gcion faoin Acht seo (seachas cion lena mbaineann fo-alt (2))dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.
(2) Duine a bheidh ciontach i gcion mar gheall ar alt 18 (2), 20 nó 37 a shárú dlífear, ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.
(3) Beidh dlínse ag Breitheamh den Chúirt Dúiche cion lena mbaineann fo-alt (2) a thriail go hachomair—
(a) más é tuairim an Bhreithimh gur mionchion is intriailte go hachomair na fíorais a cruthaíodh nó a líomhnaíodh in aghaidh cosantóir a cúisíodh i gcion den sórt sin,
(b) má thoilíonn an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí leis, agus
(c) mura ndiúltóidh an cosantóir (ar bheith curtha in iúl dó ag an mBreitheamh gurb é a cheart dul ar a thriail roimh ghiúiré) dul ar a thriail go hachomair,
agus, ar é a chiontú faoin bhfo-alt seo, dlífear fíneáil nach mó ná £500 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur ar an gcosantóir.
(4) Beidh feidhm ag alt 13 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967, i ndáil le cion lena mbaineann fo-alt (2) amhail is dá mbeadh na pionóis dá bhforáiltear i bhfo-alt (3) den alt seo sonraithe ann in ionad na bpionós dá bhforáiltear i bhfo-alt (3) den alt sin, agus déanfar an tagairt i bhfo-alt (2) (a) den alt sin 13 do na pionóis da bhforáiltear san fho-alt sin (3) a fhorléiriú agus beidh éifeacht léi dá réir sin.
(5) I gcás ina gcruthófar maidir le cion faoin Acht seo a rinne comhlacht corpraithe go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gurb inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine (nó aon duine ag gníomhú thar a cheann) is stiúrthóir, bainisteoir nó rúnaí ar an gcomhlacht sin, beidh an duine sin nó an duine a bheidh ag gníomhú amhlaidh, cibé acu é, ciontach freisin sa chion sin.
Ionchúiseamh go hachomair i gcionta
6.—(1) Maidir le cion lena mbaineann alt 5 (1), féadfaidh an t-údarás dóiteáin don limistéar feidhme ina líomhnaítear go ndearnadh an cion nó duine ar bith eile imeachtaí achomaire a thabhairt ar aghaidh agus a shaothrú.
(2) D'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achomaire maidir le cion faoin Acht seo a thionscnamh laistigh de 12 mhí ó dháta an chiona.
Caiteachais an Aire.
7.—Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
Aisghairm.
8.—(1) Aisghairtear leis seo na hAchtanna seo a leanas—
an Cinematograph Act, 1909,
(2) Gach comhaontú a bheidh i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an ailt seo faoi alt 2 (3) (a) den Acht Briogáideacha Tóiteáin, 1940, idir údarás sláintíochta agus údarás briogáide dóiteáin, i gcás gach ceann acu teacht chun bheith ina údarás dóiteáin ar an tosach feidhme sin, fanfaidh sé i bhfeidhm agus measfar gur comhaontú é a rinneadh faoi alt 59 den Acht Rialtais Áitiúil, 1955.
CUID II
Seirbhísí Dóiteáin a Eagrú
Údaráis dóiteáin.
9.—(1) Beidh gach ceann de na húdaráis áitiúla seo a leanas ina údarás dóiteáin chun críocha an Achta seo—
(a) comhairle contae,
(b) bardas contaebhuirge,
(c) Bardas Dhún Laoghaire,
(d) faoi réir fho-alt (2), bardas aon bhuirge eile agus comhairle aon cheantair uirbigh a mbeidh briogáid dóiteáin bunaithe agus á cothabháil acu ar thosach feidhme an ailt seo.
(2) I gcás ina bhforálfaidh an tAire le hordú go scoirfidh fo-alt (1) (d) d'fheidhm a bheith aige maidir le bardas nó comhairle áirithe scoirfidh an comhlacht sin de bheith ina údarás dóiteáin an lá a shonrófar chuige sin san ordú.
(3) Is é an limistéar feidhme a bheidh ag údarás dóiteáin—
(a) i gcás comhairle contae, an contae riaracháin, gan aon bhuirg ná ceantar uirbeach a áireamh, ar údarás dóiteáin de thuras na huaire a bhardas nó a chomhairle;
(b) i gcás aon údarás áitiúil eile, a limistéar riaracháin.
(4) Déanfar tagairtí in aon achtachán d'údarás briogáide dóiteáin, mar a mhínítear é san Acht Briogáideacha Tóiteáin, 1940, a fhorléiriú mar thagairtí d'údarás dóiteáin.
Feidhmeanna údarás dóiteáin.
10.—(1) Beidh ag údarás dóiteáin na feidhmeanna a shanntar dó leis an Acht seo nó faoin Acht seo.
(2) Ní mór d'údarás dóiteáin—
(a) soláthar a dhéanamh chun dóiteáin i bhfoirgnimh agus in áiteanna eile de gach cineál ina limistéar feidhme a mhúchadh go tapaidh agus go héifeachtach agus chun daoine agus maoin a chosaint ar dhíobháil ó dhóiteán agus a tharrtháil ón díobháil sin, agus
(b) briogáid dóiteáin a bhunú agus a chothabháil, áitreabh a sholáthar agus cibé socrú eile a dhéanamh a mheasann sé is gá nó is inmhianaithe chun na críche sin, agus
(c) socrú leordhóthanach a dhéanamh chun glacadh le glaonna ag lorg cúnamh ón mbriogáid dóiteáin agus chun freagairt do na glaonna sin.
(3) Ní mór d'údarás dóiteáin, nuair a bheidh sé ag feidhmiú a fheidhmeanna faoi fho-alt (2), aird a thabhairt (i dteannta aird a thabhairt ar gach ní eile a bhainfidh leis an gcúrsa) ar chineál na bhfiontar dóiteáin agus ar a mhinicí is dócha a tharlóidh dóiteáin ina limistéar feidhme agus ar an méid is dócha a bheidh sna dóiteáin sin, ar ghné an limistéir agus ar luach na maoine ar dóigh do dhóiteáin damáiste a dhéanamh di.
(4) Féadfaidh údaráis dóiteáin socruithe a dhéanamh chun aon fheidhmeanna dá gcuid a chomhlíonadh i gcomhpháirt.
(5) (a) Féadfaidh údarás dóiteáin trí chomhaontú, seirbhísí a sholáthar d'aon chomhlacht nó duine seachas údarás dóiteáin nó féadfaidh sé leas a bhaint as a seirbhísí siúd.
(b) Maidir le comhaontú faoi alt 2 (3) (b) den Acht Briogáideacha Tóiteáin, 1940, a bheidh i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an ailt seo agus a bheidh déanta ag údarás sláintíochta a thiocfaidh chun bheith ina údarás dóiteáin, leanfaidh sé i bhfeidhm agus measfar gur comhaontú faoin alt seo é.
(6) (a) Aon uair is dóigh leis an Aire gur chóir comhaontú faoi alt 59 den Acht Rialtais Áitiúil, 1955, a dhéanamh idir údaráis dóiteáin chun críche aon fheidhmeanna dá gcuid féadfaidh sé, tar éis caoi a thabhairt do na húdaráis lena mbaineann uiríolla a chur faoina bhráid, a cheangal orthu comhaontú a dhéanamh.
(b) Féadfaidh an tAire a ordú go mbeidh i gcomhaontú ar bith den sórt sin cibé téarmaí a shonróidh sé agus déanfaidh na húdaráis lena mbaineann de réir aon ordú a thabharfaidh an tAire.
(7) Is feidhm fhorchoimeádta comhaontuithe a dhéanamh faoin alt seo.
(8) Beidh de dhualgas ar údarás dóiteáin is páirtí i gcomhaontú lena mbaineann an t-alt seo cóip den chomhaontú a thabhairt don Aire.
(9) Féadfaidh údarás dóiteáin briogáid dóiteáin a chur go dtí aon áit lasmuigh dá limistéar feidhme, cibé acu is i limistéar feidhme údaráis dóiteáin eile nó nach ea don áit sin agus, i gcás briogáid dóiteáin den sórt sin a chur go dtí áit lasmuigh de limistéar feidhme aon údaráis dóiteáin, beidh ag an duine a bheidh de thuras na huaire i bhfeighil na briogáide dóiteáin sin na cumhachtaí a bheidh ar fáil ag an duine i gceannas ag dóiteán nó ag éigeandáil eile faoi alt 28.
(10) Ní mór d'údarás dóiteáin, a luaithe is féidir tar éis tosach feidhme an ailt seo agus de réir mar is gá, suirbhéireacht a dhéanamh chun go scrúdófar suíomh agus leordhóthanacht na soláthairtí uisce le haghaidh comhrac dóiteáin, trealamh comhrac dóiteáin agus hiodraint dóiteáin.
Feidhmeanna a aistriú chuig údaráis dóiteáin.
11.—(1) Is feidhmeanna údaráis dóiteáin laistigh dá limistéar feidhme a bheidh i bhfeidhmeanna údaráis áitiúil faoi na hachtacháin seo a leanas—
(b) an Explosives Act, 1875,
(c) cibé forálacha in aon achtachán eile a shonróidh an tAire le hordú.
(2) Ní mór d'údarás dóiteáin, laistigh dá limistéar feidhme, na feidhmeanna a chomhlíonadh, a bhaineann le cóir éalaithe i gcás dóiteáin, a thugtar d'údaráis sláintíochta—
(a) sna hAchtanna um Shábháilteacht i dTionscal, 1955 agus 1980, agus
(b) san Acht um Áitribh Oifige, 1958.
(3) Beidh feidhmeanna údaráis áitiúil faoi alt 36 den Public Health Acts Amendment Act, 1890, infheidhme ag údarás dóiteáin maidir le cóir imeachta i gcás dóiteáin.
Bearta a bheidh le déanamh i gcomhairle leis an Aire Poist agus Telegrafa.
12.—Má chuireann údarás dóiteáin in iúl don Aire Poist agus Telegrafa nach bhfuil cóir réasúnach ar fáil chun a chumasú do dhaoine in aon chuid dá limistéar feidhme glaoch ar bhriogáid dóiteáin, rachaidh an tAire sin i gcomhairle leis an údarás dóiteáin faoi na bearta is gá chun socrú réasúnach a dhéanamh chun na críche sin agus déanfaidh sé cibé bearta ar a gcomhaontófar.
Comhairle d'údarás pleanála.
13.—Féadfaidh údarás dóiteáin comhairle a thabhairt d'údarás pleanála maidir le feidhmeanna an údaráis phleanála faoi alt 26 (a bhaineann le cead forbartha) agus faoi alt 27 (a bhaineann le cead chun déanmhais a choinneáil) den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963.
Comhoibriú idir údaráis dóiteáin.
14.—Beidh de dhualgas ar údaráis dóiteáin cúnamh a thabhairt dá chéile, má iarrtar é, ar choinníoll go bhféadfar an cúnamh sin a thabhairt gan na seirbhísí dóiteáin i limistéar feidhme an údaráis chúnaimh a laghdú faoi bhun caighdeáin a mheasann sé a bheith riachtanach agus nach féidir a choinneáil ar bun trí chúnamh ó údarás dóiteáin eile.
Oiliúint.
15.—(1) Beidh de dhualgas ar údarás dóiteáin socruithe a dhéanamh chun oiliúint éifeachtach a thabhairt do phearsanra a sheirbhísí dóiteáin.
(2) Féadfaidh údarás dóiteáin saoráidí a bhunú agus á chothabháil chun cúrsaí teagaisc a chur ar fáil do phearsanra a sheirbhísí dóiteáin féin nó seirbhísí dóiteáin eile agus chun oiliúint a thabhairt do dhaoine eile ar an gceardaíocht a bhaineann le comhrac dóiteáin, ar an nós imeachta a bhaineann le druil dóiteáin, ar shábháilteacht ó dhóiteán agus ar nithe atá ar aon dul leis na nithe sin.
(3) Féadfaidh an tAire cúnamh a thabhairt, mar is oiriúnach leis, d'údaráis dóiteáin i ndáil lena bhfeidhmeanna faoin alt seo agus féadfaidh sé, go háirithe—
(a) foráil nó socrú a dhéanamh chun teagasc a chur ar fáil do phearsanra seirbhísí dóiteáin agus do dhaoine eile agus chun saoráidí oiliúna (lena n-áirítear lárionad náisiúnta oiliúna) a bhunú agus a chothabháil agus féadfaidh sé muirir a ghearradh i leith an teagaisc sin,
(b) socrú a dhéanamh chun scrúduithe agus trialacha a sheoladh, chun teastais a dheonú ar thorthaí na scrúduithe agus na dtrialacha sin agus chun aitheantas a thabhairt do theastais agus do dhámhachtainí eile ó chomhlachtaí eile.
(4) Féadfaidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, ranníoc a dhéanamh i leith caiteachas údaráis dóiteáin i ndáil le saoráidí oiliúna a chur ar fáil, faoi réir cibé coinníollacha a fhorchuirfidh sé maidir leis na saoráidí a bheith ar fáil agus maidir lena n-oiriúnacht.
(5) Féadfaidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, ranníoc a dhéanamh i leith caiteachas údaráis dóiteáin i ndáil le comhaltaí den tseirbhís dóiteáin a chur ar chúrsaí ceadaithe nó i ndáil le daoine a bheith ar fáil chun oiliúint a thabhairt do chomhaltaí seirbhísí dóiteáin eile nó comhlachtaí eile.
Comhairle na Seirbhísí Dóiteáin.
16.—(1) Féadfaidh an tAire le hordú comhlacht a bhunú ar a dtabharfar Comhairle na Seirbhísí Dóiteáin (dá ngairtear an Chomhairle san alt seo) chun cibé seirbhísí a shonróidh an tAire ó am go ham a chomhlíonadh don Aire nó d'údaráis dóiteáin nó thar a gceann.
(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), ní mór don Chomhairle, ar an Aire á iarraidh sin—
(a) cibé feidhmeanna faoi alt 15 (3) a shannfaidh an tAire don Chomhairle a chomhlíonadh,
(b) cabhair a thabhairt chun treoirlínte, cóid chleachtais, caighdeáin nó rialacháin a bhaineann le sábháilteacht ó dhóiteán a ullmhú,
(c) taighde, nó socrú le haghaidh taighde, a dhéanamh maidir le hábhair a bhaineann le dóiteán nó le sábháilteacht ó dhóiteán,
(d) imscrúdú a dhéanamh faoi aon dóiteán nó faoi aon oibríocht éigeandála lena mbaineann alt 25 agus tuarascáil ar an gcéanna a thabhairt don Aire.
(3) Chun críche imscrúdaithe faoi fho-alt (2) (d) beidh a rogha féin ag an gComhairle maidir leis an gcaoi a ndéanfar an t-imscrúdú agus go háirithe féadfaidh sí an t-imscrúdú a dhéanamh go hiomlán nó go páirteach i bhfianaise an phobail agus féadfaidh an Chomhairle nó duine a bheidh údaraithe ag an gComhairle (dá ngairtear duine údaraithe san alt seo)—
(a) dul isteach ar aon talamh nó in aon fhoirgneamh gach uile thráth réasúnach agus an céanna a iniúchadh,
(b) aon duine nó aon trealamh a thógáil isteach ar thalamh nó isteach i bhfoirgneamh agus aon ní a scrúdú, a thástáil nó samplaí a thógáil de,
(c) trí fhógra i scríbhinn a cheangal ar aon duine aon fhaisnéis iomchuí a thabhairt nó pleananna nó doiciméid a thabhairt ar aird agus chun na críche sin teacht i láthair agus fianaise a thabhairt os comhair na Comhairle nó os comhair duine údaraithe, agus
(d) fianaise a thógáil faoi mhionn agus chun na críche sin daoine a chur faoi mhionn.
(4) Aon duine—
(a) a dhiúltóidh cead isteach ar aon talamh nó in aon fhoirgneamh chun críche an ailt seo, nó
(b) a chuirfidh toirmeasc nó bac ar an gComhairle nó ar dhuine údaraithe, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dóibh le fo-alt (3), nó
(c) a mhainneoidh nó a dhiúltóidh aon cheanglas ón gComhairle nó ó dhuine údaraithe a chomhlíonadh, nó
(d) a thabharfaidh go toiliúil nó go meargánta don Chomhairle nó do dhuine údaraithe aon fhaisnéis atá bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha,
beidh sé ciontach i gcion.
(5) Beidh feidhm ag an Acht um Sheirbhísí Rialtais Áitiúil (Comhlachtaí Corpraithe), 1971, chun críocha an ailt seo maidir le húdarás dóiteáin, maidir le hordú faoin alt seo amhail is dá mba ordú bunaithe é agus maidir leis an gComhairle amhail is dá mba faoi ordú den sórt sin a bunaíodh í.
(6) Tabharfaidh an Chomhairle tuarascáil bhliantúil don Aire ar a gníomhaíochtaí agus cuirfidh seisean faoi deara go leagfar an tuarascáil sin faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.
Foireann agus maoin a aistriú chuig údaráis dóiteáin.
17.—(1) Tá feidhm ag an alt seo maidir le comhlacht is bardas buirge nó comhairle cheantair uirbigh nach dtagann chun bheith ina údarás dóiteáin ar thosach feidhme alt 9.
(2) Ar thosach feidhme alt 9, gach oifigeach, seirbhíseach nó duine eile a bhí, díreach roimh an tosach feidhme sin, fruilithe ag comhlacht lena mbaineann an t-alt seo i gcomhlíonadh feidhmeanna de chineál a thugtar leis an Acht seo d'údarás dóiteáin áirithe agus sa cháil sin amháin tiocfaidh sé, mura gcomhaontóidh an comhlacht sin agus an t-oifigeach, an seirbhíseach nó an duine eile sin ar a mhalairt chun bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don údarás dóiteáin sin nó chun bheith fruilithe ag an údarás dóiteáin sin ar na téarmaí agus ar na coinníollacha ab infheidhme maidir lena fhostaíocht nó lena fhruiliú roimhe sin.
(3) Ar thosach feidhme alt 9, an mhaoin uile, réadach agus pearsanta (lena n-áirítear ábhair i gcaingean) a bhí, díreach roimh an tosach feidhme sin, dílsithe do chomhlacht lena mbaineann an t-alt seo agus a bhí á húsáid chun críocha feidhmeanna a thugtar leis an Acht seo d'údarás dóiteáin áirithe agus chun na gcríocha sin amháin, beidh sí, mura gcomhaontóidh an comhlacht sin agus an t-údarás dóiteáin sin ar a mhalairt, dílsithe don údarás dóiteáin sin gan aon tíolacadh ná sannadh.
(4) Féadfaidh comhlacht lena mbaineann an t-alt seo deimhniú a eisiúint faoi láimh a chléirigh bhaile i leith maoine sonraithe á dheimhniú, mar is cuí leis, gur dhílsigh nó nár dhílsigh an mhaoin sin faoin alt seo agus is deimhniú dochloíte an deimhniú sin.
(5) Ní bheidh feidhm ag alt 12 den Finance Act, 1895, maidir le maoin a dhílsiú faoin alt seo.
(6) Más rud é, de bhua ordú ón Aire faoi alt 9 (2), go scoirfidh comhlacht de bheith ina údarás dóiteáin ar lá sonraithe, beidh feidhm ag an alt seo maidir leis an gcomhlacht sin le héifeacht ón lá sin agus beidh feidhm ag na forálacha sin roimhe seo den alt seo dá réir sin faoi réir cibé modhnuithe agus forálacha coimhdeacha a mheasfaidh an tAire is gá agus a ndéanfaidh sé foráil faoina gcomhair san ordú.
CUID III
Comhrac Dóiteáin agus Sábháilteacht ó Dhóiteán
Oibleagáidí ginearálta maidir le sábháilteacht ó dhóiteán.
18.—(1) Tá feidhm ag an alt seo maidir le háitreabh nó le haon chuid d'áitreabh as a mbaintear na húsáidí seo a leanas—
(a) úsáid mar chóir chodlata nó chun aon chríche a bhaineann le cóir chodlata a chur ar fáil ach gan áitreabh a áireamh arb éard atá ann teach cónaithe atá á áitiú mar theaghais aonair;
(b) úsáid mar fhoras, nó mar chuid d'fhoras, a chuireann cóireáil nó cúram ar fáil;
(c) úsáid chun críocha siamsaíochta, caithimh aimsire nó teagaisc nó chun críche aon chlub, aon chumainn nó aon chomhlachais;
(d) úsáid chun críocha múinteoireachta, oiliúna nó taighde;
(e) úsáid chun aon chríche a bhaineann le rochtain chun an áitribh a bheith ag an bpobal, trí íocaíocht nó ar shlí eile; agus
(f) úsáid chun aon chríche forordaithe eile, ach gan iad seo a leanas a áireamh—
(i) áitreabh a úsáidtear mar mhonarcha de réir bhrí na nAchtanna um Shábháilteacht i dTionscal, 1955 agus 1980;
(ii) áitreabh a úsáidtear mar stóras agus faoi réir cheadúnúcháin faoi rialacháin arna ndéanamh faoin Acht um Shubstaintí Contúirteacha, 1972;
(iii) armlann, stóras nó áitreabh cláraithe de réir bhrí an Explosives Act, 1875; agus
(iv) lamairne ola de réir bhrí rialachán faoin Acht um Shubstaintí Contúirteacha, 1972.
(2) Beidh de dhualgas ar gach duine i gceannas áitribh lena mbaineann an t-alt seo gach beart réasúnach a dhéanamh le bheith san airdeall ar dhóiteán tarlú san áitreabh sin, agus sábháilteacht daoine san áitreabh, i gcás dóiteán tarlú, a áirithiú a mhéid is féidir sin le réasún.
(3) Beidh de dhualgas ar gach duine, agus é in áitreabh lena mbaineann an t-alt seo, é féin a iompar ar shlí a áiritheoidh, a mhéid is féidir sin le réasún, nach gcuirfear aon duine san áitreabh i mbaol ó dhóiteán mar gheall ar aon ghníomh nó aon neamhghníomh dá chuid.
(4) Féadfaidh údarás dóiteáin comhairle a thabhairt maidir le sábháilteacht ó dhóiteán d'úinéir nó d'áititheoir aon áitribh nó d'aon duine i gceannas aon áitribh.
Foirgneamh a d'fhéadfadh a bheith contúirteach.
19.—(1) San Acht seo ciallaíonn “foirgneamh a d'fhéadfadh a bheith contúirteach” aon fhoirgneamh a d'fhágfadh, i gcás dóiteán tarlú ann, go mbeadh daoine i gcontúirt a n-anama ar aon cheann de na cúiseanna seo a leanas—
(a) líon mór daoine bheith á thaithí nó ag fáil cóiríochta ann de ghnáth;
(b) gan fearais ná feistis ar bith ná fearais ná feistis leormhaithe ar bith a bheith ann—
(i) chun dóiteáin san fhoirgneamh a mhúchadh,
(ii) chun a chumasú do na háititheoirí éalú i gcás dóiteáin,
(iii) chun ráig dóiteáin a bhrath go huathoibríoch,
(iv) chun rabhadh a thabhairt do dhaoine i gcás dóiteáin,
(v) chun a áirithiú gur féidir an chóir éalaithe a úsáid go sábháilte agus go héifeachtúil i gcónaí, nó
(vi) le haghaidh soilsiú éigeandála;
(c) gur ábhair de chineál inlasta na hábhair as a bhfuil an foirgneamh déanta;
(d) gur troscán, cóiriú agus feistis de chineál inlasta atá san fhoirgneamh;
(e) gan leorchóir imeachta a bheith ar fáil as an bhfoirgneamh;
(f) gan aon fhógraí ná aon fhógraí leormhaithe a bheith ann maidir leis an nós imeachta is cóir a leanúint i gcás dóiteáin;
(g) gur de chineál inlasta nó pléascach nó inphléasctha aon ní a úsáidtear, a stóráiltear nó a thaisctear san fhoirgneamh;
(h) gur dhóigh do dhóiteán ann leathadh go gasta san fhoirgneamh nó chuig áitreabh eile;
(i) aon chóras soláthair cumhachta nó soilsiúcháin san áitreabh a bheith lochtach, uireasach nó á chothabháil go huireasach;
(j) aon chóras téacháin nó aerúcháin san áitreabh a bheith lochtach nó á chothabháil go huireasach nó a bheith ina fhiontar dóiteáin; nó
(k) aon chúis dá samhail.
(2) San alt seo folaíonn “foirgneamh” aon chuid d'fhoirgneamh ach ní fholaíonn sé—
(a) áitreabh arb éard atá ann teach cónaithe atá á áitiú mar theaghais aonair;
(b) áitreabh is monarcha de réir bhrí na nAchtanna um Shábháilteacht i dTionscal, 1955 agus 1980;
(c) áitreabh arb éard atá ann stóras atá faoi réir cheadúnúcháin faoi rialacháin arna ndéanamh faoin Acht um Shubstaintí Contúirteacha, 1972;
(d) armlann, stóras nó áitreabh cláraithe de réir bhrí an Explosives Act, 1875; nó
(e) lamairne ola de réir bhrí rialachán faoin Acht um Shubstaintí Contúirteacha, 1972.
Fógraí um shábháilteacht ó dhóiteán.
20.—(1) Féadfaidh údarás dóiteáin fógra (dá ngairtear fógra um shábháilteacht ó dhóiteán san Acht seo) de réir an ailt seo a sheirbheáil ar úinéir nó ar áititheoir aon fhoirgnimh a measann an t-údarás gur foirgneamh é a d'fhéadfadh a bheith contúirteach.
(2) Féadfar le fógra um shábháilteacht ó dhóiteán maidir le foirgneamh—
(a) a thoirmeasc an foirgneamh, nó cuid shonraithe den fhoirgneamh, a úsáid chun na críche nó chun aon cheann de na críocha a shonrófar san fhógra;
(b) a thoirmeasc an foirgneamh, nó cuid shonraithe den fhoirgneamh, a úsáid chun na críche nó chun aon cheann de na críocha a shonrófar san fhógra, mura ndéanfar nó go dtí go ndéanfar réamhchúraimí sonraithe chun sástacht an údaráis dóiteáin trí fhearais nó trí fheistis shonraithe a chur ar fáil san fhoirgneamh nó trí athruithe sonraithe a dhéanamh ar dhéanmhas an fhoirgnimh nó trí bhreisithe sonraithe a chur leis, nó trí throscán, trí chóiriú, trí fheistis nó trí aon ábhar nó ní eile a aistriú as an bhfoirgneamh, nó trí aon ní ar bith eile a dhéanamh maidir leis an bhfoirgneamh nó a bhfuil ann.
(3) Féadfar le fógra um shábháilteacht ó dhóiteán ceanglais a chur ar úinéir nó ar áititheoir foirgnimh maidir leis na nithe seo a leanas—
(a) síneacha asbhealaigh, soilsiú éigeandála agus fógraí faoin nós imeachta a bheidh le leanúint i gcás dóiteáin, a chur ar fáil agus a chothabháil;
(b) na socruithe a bheidh le déanamh maidir le trealamh agus feistis chun dóiteán a bhrath, chun dóiteán a chosc, chun dóiteáin a mhúchadh agus chun rabhadh a thabhairt i gcás dóiteáin, a chur ar fáil agus a chothabháil agus chun a áirithiú go bhféadfar an chóir éalaithe a úsáid go sábháilte agus go héifeachtúil gach uile thráth ábhartha;
(c) feistiú, cothabháil agus úsáid córas cumhachta, soilsiúcháin, téacháin agus aerúcháin an fhoirgnimh;
(d) na socruithe a bheidh le déanamh chun earraí nó ábhair atá inlasta, pléascach nó inphléasctha a úsáidtear, a stóráiltear nó a thaisctear san fhoirgneamh, a stóráil go sábháilte;
(e) na bearta a bheidh le déanamh chun a áirithiú go bhfaighidh daoine ar fostú san fhoirgneamh teagasc nó oiliúint iomchuí ar shábáilteacht ó dhóiteán, agus ar a mbeidh le déanamh i gcás dóiteáin, agus go gcoimeádfar taifid ar an teagasc nó ar an oiliúint sin;
(f) druileanna aslonnúcháin um shábháilteacht ó dhóiteán a sheoladh ag eatraimh shonraithe agus taifid a choimeád ar na druileanna sin;
(g) duine nó daoine iomchuí a bheidh ar fostú san fhoirgneamh a ainmniú chun bheith freagrach as bearta um shábháilteacht ó dhóiteán san fhoirgneamh; agus
(h) teorainn a chur leis an líon daoine is cead a bheith san fhoirgneamh aon tráth ar leith.
(4) I gcás ina gceanglaítear le fógra um shábháilteacht ó dhóiteán aon obair a dhéanamh agus go líomhnóidh an t-úinéir nó an t-áititheoir gur cheart gur ar an áititheoir nó an úinéir a bheadh caiteachas iomlán nó cuid de chaiteachas na hoibre, féadfaidh sé ordú a iarraidh ar an gCúirt Dúiche maidir leis na caiteachais nó lena gcionroinnt agus beidh dlínse ag an gCúirt cibé ordú is cóir léi a dhéanamh.
(5) I gcás inarb é tuairim údaráis dóiteáin go ndéantar substaint atá inlasta, pléascach nó inphléasctha a úsáid, a stóráil nó a thaisceadh tadhlach le foirgnimh i slí a d'fhágfadh go mbeadh daoine i gcontúirt a n-anama, féadfaidh an t-údarás fógra um shábháilteacht ó dhóiteán a sheirbheáil ar úinéir nó ar áititheoir na talún ar a ndéantar an tsubstaint a úsáid, a stóráil nó a thaisceadh á cheangal bearta sonraithe a dhéanamh chun an chontúirt a laghdú go dtí leibhéal réasúnach.
(6) Féadfar le fógra um shábháilteacht ó dhóiteán tréimhse ama a shonrú ina mbeidh aon cheanglas le comhlíonadh.
(7) Fógra um réamhchúram in aghaidh dóiteáin a bheidh i bhfeidhm faoin Acht Briogáideacha Tóiteáin, 1940, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo leanfaidh sé i bhfeidhm agus measfar gur fógra um shábháilteacht ó dhóiteán é.
(8) Coimeádfaidh gach údarás dóiteáin ag a oifigí clár d'fhógraí um shábháilteacht ó dhóiteán a sheirbheáil sé agus beidh an clár ar oscailt lena iniúchadh ag aon duine gach uile thráth réasúnach.
Achomharc i gcoinne fógra um shábháilteacht ó dhóiteán.
21.—(1) Aon duine ar a seirbheálfar fógra um shábháilteacht ó dhóiteán féadfaidh sé, laistigh de cheithre lá dhéag ó dháta na seirbheála, achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche i gcoinne an fhógra ar aon fhoras nó forais acu seo a leanas:
(a) nach é úinéir ná áititheoir an fhoirgnimh nó na talún é,
(b) nach foirgneamh a d'fhéadfadh a bheith contúirteach é an foirgneamh,
(c) go bhfuil an fógra míréasúnach de bharr gur andóigh dóiteán tarlú san fhoirgneamh nó de bharr gur andóigh daoine a bheith i mbaol a n-anama de dheasca dóiteáin nó de dheasca substaint lena mbaineann fógra faoi alt 20 (5) a úsáid, a stóráil nó a thaisceadh,
(d) go mbeadh caiteachas míréasúnach nó cur isteach míréasúnach ar úsáid an fhoirgnimh nó na talún ag baint le ceanglais an fhógra a chomhlíonadh,
(e) gur sonraíodh leis an bhfógra spás aimsire róghearr ar fad chun na ceanglais nó aon cheann acu a chomhlíonadh.
(2) Tabharfar fógra i dtaobh an achomhairc don údarás dóiteáin agus beidh an t-údarás sin i dteideal láithriú, éisteacht a fháil agus fianaise a thabhairt ar aird ar an achomharc a éisteacht.
(3) Ar an achomharc a éisteacht féadfaidh an Chúirt, mar is cuí léi—
(a) an fógra a dhaingniú gan choinníoll, nó
(b) an fógra a dhaingniú faoi réir cibé modhnuithe, athruithe nó breiseanna is réasúnach leis an gCúirt, nó
(c) an fógra a neamhniú.
(4) I gcás ina ndaingneoidh an Chúirt an fógra, faoi réir modhnuithe, athruithe nó breiseanna, beidh éifeacht leis an bhfógra faoi réir na modhnuithe, na n-athruithe nó na mbreiseanna sin.
(5) Ní bheidh éifeacht leis an bhfógra—
(a) go dtí go mbeidh ceithre lá dhéag caite ó dháta seirbheála an fhógra, nó
(b) má dhéantar achomharc a shaothrú agus an fógra a dhaingniú, le modhnuithe nó gan mhodhnuithe, go dtí an dáta a bhfógrófar breith na Cúirte.
(6) Is é an Breitheamh den Chúirt Dúiche ag a bhfuil dlínse sa dúiche ina bhfuil an foirgneamh nó an talamh a fheidhmeoidh an dlínse a thugtar don chúirt sin leis an alt seo.
(7) Ní bheidh aon ábhar achomhairc ann chun na Cúirte Cuarda i gcoinne breith ón gCúirt Dúiche faoin alt seo.
(8) (a) Fógra um réamhchúram in aghaidh dóiteáin a sheirbheálfar faoin Acht Briogáideacha Tóiteáin, 1940, laistigh de cheithre lá dhéag roimh thosach feidhme an ailt seo, measfar gur fógra um shábháilteacht ó dhóiteán é agus glacfar leis gur tagairt d'úinéir nó d'áititheoir an fhoirgnimh tagairt san fhógra do dhílseánach.
(b) Féadfar achomharc i gcoinne an fhógra a shaothrú agus a chinneadh faoin alt seo agus féadfaidh úinéir nó áititheoir an fhoirgnimh, maidir le hachomharc a bheidh ar feitheamh faoin Acht sin, leanúint leis an achomharc sin agus cinneadh a fháil faoin alt seo amhail is dá mba rud é, i gceachtar cás, go raibh an t-alt seo i bhfeidhm an dáta a seirbheáladh an fógra.
Cumhachtaí iniúchta a bheith ag daoine údaraithe.
22.—(1) San alt seo ciallaíonn “duine údaraithe” duine a bheidh údaraithe chun críocha an ailt seo ag údarás dóiteáin.
(2) Beidh aon duine údaraithe i dteideal dul isteach gach uile thráth réasúnach (ach tabharfaidh sé ar aird, má éilítear air é, a údarás i scríbhinn gur duine den sórt sin é) ar aon talamh nó in aon fhoirgneamh (seachas teach cónaithe a bheidh á áitiú mar theaghais aonair) agus an céanna a iniúchadh chun críocha an Achta seo.
(3) Féadfaidh aon duine údaraithe—
(a) iniúchadh a dhéanamh ar aon soláthar uisce i bhfoirgneamh nó ar aon talamh;
(b) iniúchadh a dhéanamh ar na taifid uile a cheanglaítear a choimeád le fógra um shábháilteacht ó dhóiteán nó le rialacháin;
(c) a cheangal go gcuirfidh úinéir nó áititheoir aon talún nó aon fhoirgnimh nó aon duine a bheidh ar fostú aigesean in iúl dó cad í an úsáid a bhaintear as an talamh nó as an bhfoirgneamh nó as aon chuid áirithe den chéanna, cad é an líon daoine a bhíonn ar fostú nó ag fáil cóiríochta ann nó á thaithí de ghnáth, cad í an tsubstaint as a bhfuil aon fhoirgneamh déanta agus modh a dhéanta agus aon ní eile a mheasfaidh an duine údaraithe a bheith bainteach le hábhar.
(4) Féadfaidh údarás dóiteáin trí fhógra i scríbhinn a cheangal ar úinéir nó ar áititheoir talún nó foirgnimh cibé pleananna (lena n-áirítear léaráidí imlíneacha nó léaráidí toiseacha simplí) den talamh nó den fhoirgneamh, agus cibé faisnéis i scríbhinn a éileoidh sé a chur ar fáil don údarás, laistigh de cibé tréimhse a shonróidh an t-údarás, agus beidh de dhualgas ar an úinéir nó ar an áititheoir déanamh de réir an fhógra.
(5) I bhfeidhmiú a chumhachtaí dó faoin alt seo beidh duine údaraithe i dteideal cibé daoine agus trealamh a mheasann sé is gá a thabhairt isteach leis ar thalamh nó isteach i bhfoirgneamh chun cabhrú leis agus chun scrúdú agus tástáil a dhéanamh ar aon chóras aerúcháin, téacháin, cumhachta nó soilsiúcháin agus ar aon ábhair nó substaintí a dhéantar a úsáid, a stóráil nó a thaisceadh ar an talamh nó san fhoirgneamh agus samplaí a thógáil chun tástáil a dhéanamh ar aon ábhair nó substaintí den sórt sin.
(6) Aon duine—
(a) a dhiúltóidh cead a thabhairt do dhuine údaraithe dul isteach ar aon talamh nó in aon fhoirgneamh nó aon duine nó trealamh a thabhairt leis agus é ag feidhmiú a chumhachta faoin alt seo, nó
(b) a chuirfidh toirmeasc nó bac ar dhuine údaraithe agus é ag feidhmiú aon chumhachtaí a thugtar dó leis an alt seo, nó
(c) a mhainneoidh nó a dhiúltóidh aon phlean nó faisnéis, atá duine údaraithe nó an t-údarás i dteideal a éileamh faoin alt seo, a thabhairt don duine údaraithe arna iarraidh sin air nó don údarás dóiteáin de bhun fógra i scríbhinn, nó
(d) a thabharfaidh go toiliúil nó go meargánta, do dhuine údaraithe nó d'údarás dóiteáin, faisnéis atá bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha, nó
(e) a mhainneoidh aon cheanglas den alt seo a chomhlíonadh,
beidh sé ciontach i gcion.
(7) I gcás ina ndiúltófar cead isteach ar thalamh nó i bhfoirgneamh a thabhairt do dhuine údaraithe agus é ag feidhmiú a chumhachtaí faoin alt seo féadfaidh an t-údarás dóiteáin barántas a iarraidh ar an gCúirt Dúiche á údarú dó dul isteach amhlaidh.
Ordú ón Ard-Chúirt maidir le húsáid talún agus foirgneamh.
23.—(1) Má mheasann údarás dóiteáin go bhfuil daoine i bhfiontar chomh mór sin i gcás dóiteáin gur cheart úsáid talún áirithe nó foirgnimh áirithe, nó úsáid coda den chéanna, a shrianadh nó a thoirmeasc láithreach go dtí go ndéanfar bearta sonraithe chun an fiontar a laghdú go dtí leibhéal réasúnta, féadfaidh sé ordú a iarraidh ar an Ard-Chúirt chun úsáid na talún nó an fhoirgnimh a shrianadh nó a thoirmeasc dá réir sin.
(2) Is trí fhoriarratas a dhéanfar an t-iarratas maidir leis an ordú, agus féadfaidh an Ard-Chúirt cibé ordú eatramhach nó idirbhreitheach is cuí léi a dhéanamh.
(3) Beidh éifeacht le haon ordú den sórt sin d'ainneoin téarmaí aon cheada a tugadh faoi aon achtachán eile chun an talamh nó an foirgneamh nó cuid den chéanna a úsáid.
Áitreabh a cheadúnú faoi achtacháin eile.
24.—Ní mór don té a iarrfaidh—
(a) deimhniú le haghaidh ceadúnas (seachas eischeadúnas) a dheonú nó a athnuachan faoi na hAchtanna Ceadúnúcháin, 1833 go 1981,
(b) deimhniú clárúcháin a dheonú nó a athnuachan faoi Achtanna Clárú na gClubanna, 1904 go 1981,
(c) ceadúnas i leith áitribh—
(i) faoin Acht um Hallaí Rinnce Puiblí, 1935, nó
(ii) faoi Chuid IV den Public Health Acts Amendment Act, 1890, nó
(d) deimhniú i leith áitribh faoi na hAchtanna um Chearrbhachas agus Crannchuir, 1956 go 1979,
fógra míosa i scríbhinn (nó fógra i leith cibé tréimhse is giorra ná sin a gcomhaontóidh an t-údarás dóiteáin glacadh leis in imthosca speisialta an cháis) i dtaobh an iarratais a thabhairt don údarás dóiteáin ar ina limistéar feidhme atá an t-áitreabh, agus féadfaidh an t-údarás dóiteáin láithriú, éisteacht a fháil agus fianaise a thabhairt ar aird i leith an iarratais ar an iarratas sin a éisteacht.
Comhrac dóiteáin agus éigeandálaí.
25.—Féadfaidh údarás dóiteáin aon oibríochtaí de chineál éigeandála a dhéanamh nó cúnamh a thabhairt á ndéanamh, bíodh fiontar dóiteáin i gceist nó ná bíodh, agus féadfaidh údarás dóiteáin, dá réir sin, cibé socrú a dhéanamh chun daoine a tharrtháil nó a chaomhnú agus chun maoin a chosaint amhail mar a mheasann sé is gá chun críocha na feidhme sin.
Pleananna Oibríochtaí Dóiteáin agus Éigeandála.
26.—(1) Ní mór do gach údarás dóiteáin a chothabhálann briogáid dóiteáin pleananna le haghaidh oibríochtaí dóiteáin agus éigeandála a ullmhú (agus, de réir mar is gá, a athmheas) chun a léiriú cad é an socrú atá déanta ag an údarás i dtaobh eagrú, fearais, trealamh, stáisiúin dóiteáin, soláthairtí uisce agus gníomhaithe múchta, oiliúint, nós imeachta oibriúcháin agus cibé nithe eile a bhaineann le hábhar. agus chun déileáil le hoibríochtaí de chineál éigeandála faoi alt 25.
(2) Tabharfaidh an t-údarás dóiteáin cóip don Aire de gach plean arna dhéanamh nó arna athmheas faoin alt seo agus féadfaidh seisean, más cuí leis é, a ordú go ndéanfar pleananna údarás tadhlach a chomhordú.
(3) Is feidhm fhorchoimeádta plean a dhéanamh agus a athmheas.
Ceannas ar oibríochtaí ag dóiteán nó éigeandáil eile.
27.—(1) I gcás briogáid dóiteáin amháin nó níos mó a bheith i láthair ag dóiteán i limistéar feidhme údaráis dóiteáin, déanfar feighlíocht agus ceannas iomlán na n-oibríochtaí uile chun an dóiteán a mhúchadh a dhílsiú mar a leanas—
(a) má chothabhálann an t-údarás dóiteáin briogáid dóiteáin agus má bhíonn an bhriogáid dóiteáin sin i láthair ag an dóiteán — don duine atá de thuras na huaire i bhfeighil na briogáide dóiteáin sin ag an dóiteán;
(b) mura gcothabhálann an t-údarás dóiteáin briogáid dóiteáin ach má bhíonn comhaontú déanta aige le húdarás dóiteáin chun a fheidhmeanna comhraic dóiteáin a chomhlíonadh agus má bhíonn briogáid an údaráis dóiteáin sin i láthair ag an dóiteán — don duine atá de thuras na huaire i bhfeighil na briogáide dóiteáin sin ag an dóiteán;
(c) in aon chás eile — don duine atá de thuras na huaire i bhfeighil briogáide dóiteáin údaráis dóiteáin arb í an bhriogáid í a shroicheann an dóiteán i dtosach.
(2) Féadfaidh údaráis dóiteáin trí chomhaontú socrú a dhéanamh, d'ainneoin aon ní i bhfo-alt (1), chun feighlíocht agus ceannas iomlán na n-oibríochtaí uile chun dóiteán a mhúchadh a dhílsiú d'aon duine atá de thuras na huaire i bhfeighil briogáide dóiteáin ag dóiteán agus chun feighlíocht agus ceannas den sórt sin a aistriú ó dhuine go céile.
(3) Mura mbeidh, agus fad nach mbeidh, aon bhriogáid dóiteáin de chuid údaráis dóiteáin i láthair ag dóiteán, beidh feighlíocht agus ceannas iomlán na n-oibríochtaí uile chun an dóiteán a mhúchadh ag an gcomhalta sinsearach den Gharda Síochána a bheidh i láthair ag an dóiteán.
(4) Féadfaidh an tAire le rialacháin socrú a dhéanamh—
(a) maidir le ceannas aon oibríochtaí de chuid údaráis dóiteáin faoi alt 25, seachas oibríochtaí chun dóiteán a mhúchadh, agus
(b) maidir le feighlíocht agus ceannas iomlán oibríochtaí den sórt sin a dhílsiú agus maidir le feighlíocht agus ceannas den sórt sin a aistriú ó dhuine go céile i cibé imthosca a fhorordófar.
(5) San Acht seo ciallaíonn “an duine i gceannas”, maidir le dóiteán nó éigeandáil eile, an duine dá ndílsítear, leis an alt seo nó faoi, feighlíocht agus ceannas iomlán na n-oibríochtaí uile chun dóiteán a mhúchadh nó aon oibríochtaí eile de chuid údaráis dóiteáin faoi alt 25.
Cumhachtaí foghabhálacha.
28.—(1) Féadfaidh an duine i gceannas dóiteáin nó éigeandála eile, go pearsanta, nó trí chomhalta de bhriogáid dóiteáin a bheidh i láthair ag an teagmhas, nó trí chomhalta den Gharda Síochána, nó trí cibé duine eile a bheidh údaraithe aige, gach uile ní a dhéanamh (le forneart, más gá) is dóigh leis is gá nó is oiriúnach chun an dóiteán a mhúchadh nó chun daoine nó maoin a chosaint nó a tharrtháil agus, go sonrach, féadfaidh sé—
(a) dul isteach ar aon talamh nó in aon fhoirgneamh a bhfuil cúis ann chun a chreidiúint go bhfuil dóiteán tar éis briseadh amach air nó ann nó gur air nó ann atá an éigeandáil nó dul isteach ar aon talamh nó in aon fhoirgneamh eile;
(b) a chur faoi deara go ndéanfaidh na háititheoirí aon talamh nó aon fhoirgneamh a fhágáil;
(c) aon fhoirgneamh nó aon chuid d'fhoirgneamh a leagan nó a scartáil;
(d) aon soláthar uisce, poiblí nó príobháideach, a úsáid;
(e) uisce a thógáil as aon sruthchúrsa, loch, linn nó foinse eile, aiceanta nó saorga;
(f) aon ní a aistriú as cóngar an dóiteáin nó na héigeandála eile.
(2) (a) Féadfaidh an duine i gceannas ag dóiteán nó ag éigeandáil eile a cheangal go ndéanfar aon soláthar uisce a bheidh ar fáil a rialú ó na príomhphíopaí in aon slí a ordóidh sé chun soláthar agus brú uisce níos fearr a chur ar fáil.
(b) Féadfaidh sé, má mheasann sé gur gá sin chun maoin eile a chosaint, a chur faoi deara go ndéanfar uisce nó gníomhaí múchta eile a dhíriú ar an maoin sin.
(c) Ní bheidh aon ábhar caingne ann i gcoinne údaráis dóiteáin, i gcoinne an duine i gceannas ag dóiteán nó éigeandáil eile ná i gcoinne aon duine a bheidh ag gníomhú faoina chumhachtaí faoin bhfo-alt seo.
(3) Duine ar bith a dhéanfaidh go toiliúil toirmeasc nó bac a chur ar an duine i gceannas ag dóiteán nó éigeandáil eile, nó ar aon duine faoina údarás, nó ar aon chomhalta den Gharda Síochána, na cumhachtaí a thugtar don duine nó don chomhalta sin faoin alt seo a fheidhmiú, beidh sé ciontach i gcion.
(4) I gcás damáiste a dhéanamh do mhaoin i bhfeidhmiú cumhachta a thugtar leis an alt seo, measfar, chun gach críche agus go háirithe chun críche aon chonartha árachais, gur de dheasca an dóiteáin nó na héigeandála a tharla an damáiste.
(5) Aon chlásal nó coinníoll, arna chur i gconradh árachais, a airbheartaíonn eisiamh a dhéanamh ar an bhfiontar damáiste a thagann ó chumhacht a fheidhmiú a thugtar leis an alt seo, nó arb é a eisiamh is éifeacht dó, beidh sé ar neamhní i gcás go mbeadh an fiontar damáiste, a thagann go díreach ón dóiteán nó ón éigeandáil arb ina leith a fheidhmítear an chumhacht, faoi bhrí an chonartha.
Soláthar uisce poiblí le haghaidh comhrac dóiteáin.
29.—(1) Bainfidh na feidhmeanna atá ag údarás sláintíochta chun soláthar uisce a chur ar fáil le huisce a sholáthar le haghaidh comhrac dóiteáin agus maidir le hiodraint dóiteáin a chur ar fáil agus a chothabháil i cibé áiteanna a éileoidh an t-údarás dóiteáin.
(2) Má chuireann údarás dóiteáin in iúl d'údarás sláintíochta nach bhfuil socrú réasúnach déanta chun soláthar uisce a chur ar fáil le haghaidh comhrac dóiteáin, rachaidh an t-údarás sláintíochta i gcomhairle leis an údarás dóiteáin faoi na bearta is gá a dhéanamh agus déanfaidh sé cibé bearta ar a gcomhaontófar.
Pionóis mar gheall ar bhréag-rabhaidh.
30.—Gach duine a dhéanfaidh go feasach nó a chuirfidh faoi deara go ndéanfar (trí rabhchán dóiteáin sráide, trí scéala teileafóin, trí ráiteas díreach, trí theachtaireacht nó eile) bréag-rabhadh a thabhairt do bhriogáid dóiteáin a bheidh á cothabháil ag údarás dóiteáin, beidh sé ciontach i gcion.
Damáiste do hiodrant dóiteáin.
31.—Duine ar bith a bhainfidh le hiodrant dóiteáin nó le gaireas ar bith chun uisce a tharraingt ó phríomhphíopa le haghaidh comhrac dóiteáin, nó a dhéanfaidh damáiste dó nó a chuirfidh bac air ar dhóigh ar bith seachas i ndáil le hoibríochtaí briogáide dóiteáin nó chun aon chríche a bheidh údaraithe ag an údarás sláintíochta, beidh sé ciontach i gcion.
CUID IV
Airgeadas agus Riarachán
Deontais d'údaráis dóiteáin.
32.—Féadfaidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, ranníocaí bliantúla nó ranníocaí eile a íoc le húdaráis dóiteáin i leith an chaiteachais a thabhóidh siad le seirbhís dóiteáin a chur ar fáil.
Deontais le haghaidh taighde.
33.—Féadfaidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, ranníoc a dhéanamh i leith cistí aon duine nó aon chomhlachta a bheidh ag déanamh taighde a bhaineann le comhrac dóiteáin nó le sábháilteacht ó dhóiteán nó ag réiteach lena dhéanamh.
Tuarascálacha agus staidreamh.
34.—Beidh de dhualgas ar gach údarás dóiteáin cibé tuarascálacha agus staidreamh a thabhairt don Aire a éileoidh sé maidir le dóiteáin a tharla i limistéar feidhme an údaráis agus maidir le hiniúchtaí i dtaobh sábháilteacht ó dhóiteán agus gníomhaíochtaí gaolmhara.
Caiteachais údarás dóiteáin.
35.—(1) Déanfar caiteachais chomhairle chontae Bhaile Átha Cliath mar údarás dóiteáin a mhuirearú ar an gcontae, gan buirg Dhún Laoghaire a áireamh.
(2) Déanfar na caiteachais, mar údarás dóiteáin, a thabhóidh comhairle aon chontae eile ina bhfuil buirg nó ceantar uirbeach, agus ar údarás dóiteáin de thuras na huaire bardas nó comhairle na buirge nó an cheantair uirbigh sin, a mhuirearú ar an gcontae, gan aon bhuirg nó ceantar uirbeach den sórt sin a áireamh.
(3) Beidh údarás dóiteáin i dteideal táille a ghearradh ar úsáidirí nó ar thairbhithe seirbhíse dóiteáin i leith seirbhísí a chuireann sé ar fáil.
Díolúine don Aire, d'údaráis dóiteáin agus d'údaráis sláintíochta.
36.—Ní bheidh aon ábhar caingne ná imeachta eile ann i gcoinne an Aire ná insaothraithe ina choinne, ná i gcoinne údaráis dóiteáin nó údaráis sláintíochta, ná i gcoinne aon oifigeach nó seirbhíseach d'aon údarás den sórt sin nó aon duine fruilithe ag údarás den sórt sin, chun damáistí a ghnóthú i leith díobhála do dhaoine nó do mhaoin a líomhnaítear gur faillí i gcomhlíonadh aon fheidhmeanna a thugtar leis an Acht seo ba chúis leis an díobháil nó gur chuir an fhaillí sin léi.
Rialacháin um shábháilteacht ó dhóiteán.
37.—(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh lena bhforálfar na réamhchúraimí a bheidh le glacadh in áitreabh lena mbaineann alt 18 chun daoine agus maoin a chosaint ar fhiontar ó dhóiteán.
(2) Féadfaidh feidhm a bheith ag na rialacháin maidir le haon úsáid áirithe áitribh nó aon aicme sonraithe áitreabh.
(3) Féadfar leis na rialacháin, gan dochar do ghinearáltacht na bhfo-alt sin roimhe seo, ceanglais a shonrú maidir le haon cheann nó gach ceann de na nithe seo a leanas—
(a) síneacha asbhealaigh, soilsiú éigeandála agus fógraí faoin nós imeachta a bheidh le leanúint i gcás dóiteáin, a chur ar fáil agus a chothabháil;
(b) cóir éalaithe i gcás dóiteáin a chur ar fáil, a chothabháil agus a choimeád saor ó bhac;
(c) cóir a chur ar fáil agus a chothabháil chun a áirithiú go bhféadfar aon chóir éalaithe a úsáid go sábháilte agus go héifeachtúil gach uile thráth ábhartha;
(d) cóir a chur ar fáil agus a chothabháil chun dóiteáin a chosc agus a mhúchadh agus cóir a chur ar fáil agus a chothabháil chun dóiteáin a bhrath agus chun rabhadh a thabhairt i gcás dóiteáin;
(e) druileanna aslonnúcháin um shábháilteacht ó dhóiteán a sheoladh ag eatraimh shonraithe agus taifid a choimeád ar na druileanna sin;
(f) déanamh inmheánach áitribh agus na hábhair a úsáidtear sa déanamh sin;
(g) toirmeasc iomlán a chur ar throscán, ar chóiriú nó ar threalamh d'aon tuairisc shonraithe, nó ar earraí nó ábhair de chineál inlasta, a bheith in áitreabh nó á n-úsáid ann, nó toirmeasc a chur ar iad a bheith ann nó á n-úsáid ann mura gcomhlíonfar caighdeáin shonraithe nó coinníollacha sonraithe;
(h) feistiú, cothabháil agus úsáid córas soláthair cumhachta, soilsiúcháin, téacháin agus aerúcháin;
(i) a áirithiú go bhfaighidh daoine a bheidh ar fostú san áitreabh teagasc agus oiliúint iomchuí ar a mbeidh le déanamh i gcás dóiteáin;
(j) an líon uasta daoine is cead a bheith san áitreabh nó in aon chuid den áitreabh aon tráth áirithe;
(k) a áirithiú, in imthosca sonraithe, go mbeidh líon sonraithe freastalaithe ar stáisiún i gcodanna sonraithe den áitreabh;
(l) taifid ar theagasc nó ar oiliúint a tugadh, nó ar nithe a rinneadh, de bhun na rialachán, a choimeád, agus
(m) leorchóir rochtana le haghaidh fearas agus trealaimh dóiteáin a chur ar fáil.
(4) Ní dhéanfaidh aon ní i rialacháin faoin alt seo laghdú ar fheidhmeanna údarás dóiteáin faoin Acht seo ná ar dhualgas a fhorchuirtear ar aon duine faoi fho-alt (2) nó (3) d'alt 18.
Fógraí a sheirbheáil.
38.—(1) Déanfar aon fhógra a cheanglaítear a thabhairt nó a sheirbheáil faoin Acht seo a dhíriú chuig an duine i gceist agus tabharfar é nó seirbheálfar é ar cheann de na slite seo a leanas—
(a) trína dhíriú chuige faoina ainm agus trína sheachadadh dó,
(b) trína fhágáil ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air,
(c) trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha a bheidh dírithe chuige ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air,
(d) mura féidir an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air a fháil amach ó fhiosrú réasúnach agus go gceanglaítear an fógra a thabhairt i leith aon áitribh, trína sheachadadh do dhuine os cionn 16 bliana d'aois a chónaíonn nó atá ar fostú san áitreabh nó trína dhaingniú in áit fheiceálach ar an áitreabh nó ina aice.
(2) Mura féidir ainm an áititheora a fháil amach ó fhiosrú réasúnach féadfar fógra faoin alt seo a dhíriú go dtí “an t-áititheoir”.
(3) Chun críche an ailt seo measfar gnáthchónaí a bheith ina hoifig chláraithe ar chuideachta atá cláraithe faoi Acht na gCuideachtaí, 1963, agus measfar gnáthchónaí a bheith ina phríomh-oifig nó ina phríomh-áit ghnó ar gach comhlacht corpraithe eile agus ar gach comhlacht neamhchorpraithe eile.
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
Cinematograph Act, 1909 | 1909, c. 30 |
Na hAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1972 | |
Explosive Act, 1875 | 1875, c. 17 |
Finance Act, 1895 | 1895, c. 16 |
Na hAchtanna um Chearrbhachas agus Crannchuir, 1956 go 1979 | |
Na hAchtanna Ceadúnúcháin, 1833 go 1981 | |
Na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1964 | |
An tAcht um Sheirbhísí Rialtais Áitiúil (Comhlachtaí Corpraithe), 1971 | |
Petty Sessions (Ireland) Act, 1851 | 1851, c. 93 |
Public Health Acts Amendment Act, 1890 | 1890, c. 59 |
Achtanna Clárú na gClubanna, 1904 go 1981 | |
Na hAchtanna um Shábháilteacht i dTionscal, 1955 agus 1980. |