harp.jpg


Uimhir 30 de 1998


AN tACHT UM SHAOIRE DO THUISMITHEOIRÍ, 1998


RIAR NA nALT

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Alt

1.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

2.

Léiriú.

3.

Rialacháin.

4.

Forálacha áirithe i gcomhaontuithe a bheith ar neamhní nó a mhodhnú.

5.

Caiteachais.

CUID II

Saoire do Thuismitheoirí agus Saoire Force Majeure.

6.

Teideal chun saoire do thuismitheoirí.

7.

An modh ina bhféadfar saoire do thuismitheoirí a thógáil.

8.

Fógra i dtaobh saoire do thuismitheoirí.

9.

Saoire do thuismitheoirí a dhaingniú.

10.

Saoire do thuismitheoirí a iarchur, a chiorrú agus a athrú ag na páirtithe lena mbaineann.

11.

Saoire do thuismitheoirí a iarchur ag an bhfostóir.

12.

Saoire do thuismitheoirí a mhí-úsáid.

13.

Saoire ar fhorais force majeure.

CUID III

Cearta Fostaíochta

14.

Cearta fostaíochta a chosaint.

15.

Dul ar ais ag obair.

16.

Ceart chun fostaíochta eile.

CUID IV

Díospóidí a Réiteach

17.

“Díospóid”.

18.

Díospóidí a tharchur chuig coimisinéir um chearta.

19.

Achomharc i gcoinne breithe ó choimisinéir um chearta.

20.

Achomharc chun na hArd-Chúirte ar phonc dlí.

21.

Sásamh.

22.

Breitheanna ó choimisinéir um chearta agus cinntí ón mBinse a chur chun feidhme.

CUID V

Ilghnéitheach

23.

Fógraí.

24.

Foirceannadh agus féimheacht.

25.

Leasú ar achtacháin.

26.

Leathnú ar an Acht um Chosaint Fostaithe (Dócmhainneacht Fostóirí), 1984.

27.

Taifid.

28.

Athbhreithniú ar an Acht.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Uchtála, 1952

1952, Uimh. 25

An tAcht Féimheachta, 1988

1988, Uimh. 27

Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1956

1956, Uimh. 46

Acht na gCuideachtaí, 1963

1963, Uimh. 33

Acht na gCúirteanna, 1981

1981, Uimh. 11

An tAcht um Ghníomhaireacht Fostaíochta, 1971

1971, Uimh. 27

An tAcht um Chomhionannas Fostaíochta, 1998

1998, Uimh. 21

An tAcht um Shaoráil Faisnéise, 1997

1997, Uimh. 13

An tAcht Rialtais Áitiúil, 1941

1941, Uimh. 23

An tAcht um Chosaint Mháithreachais, 1994

1994, Uimh. 34

An tAcht um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta, 1973

1973, Uimh. 4

Na hAchtanna um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta, 1973 go 1991

An tAcht um Eagrú Ama Oibre, 1997

1997, Uimh. 20

An tAcht um Chosaint Fostaithe (Dócmhainneacht Fostóirí), 1984

1984, Uimh. 21

An tAcht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967

1967, Uimh. 21

Na hAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 go 1991

An tAcht um Dhífhostú Éagórach, 1977

1977, Uimh. 10

Na hAchtanna um Dhífhostú Éagórach, 1977 go 1993

harp.jpg


Uimhir 30 de 1998


AN tACHT UM SHAOIRE DO THUISMITHEOIRÍ, 1998

[An tiontú oifigiúil]


ACHT D'FHEIDHMIÚ THREOIR 96/34/CE AN 3 MEITHEAMH 1996 ÓN gCOMHAIRLE MAIDIR LEIS AN gCREAT-CHOMHAONTÚ UM SHAOIRE DO THUISMITHEOIRÍ ARNA THABHAIRT I gCRÍCH AG UNICE, CEEP AGUS AN ETUC, CHUN NA CRÍCHE SIN DO LEASÚ ACHTACHÁN ÁIRITHE AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. [8 Iúil, 1998]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

[EN]

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1.—(1) Féadfar an tAcht um Shaoire do Thuismitheoirí, 1998, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an 3ú lá de Nollaig, 1998.

[EN]

Léiriú.

2.—(1) San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “ordú uchtála” ordú faoi alt 9 den Acht Uchtála, 1952;

[EN]

tá le “doiciméad daingniúcháin” an bhrí a shanntar dó le halt 9;

[EN]

ciallaíonn “conradh fostaíochta”—

[EN]

(a) conradh seirbhíse nó printíseachta, nó

[EN]

(b) aon chonradh eile trína gcomhaontaíonn pearsa aonair le duine eile, a bhfuil gnó gníomhaireachta fostaíochta de réir bhrí an Achta um Ghníomhaireacht Fostaíochta, 1971, á sheoladh aige nó aici agus atá ag gníomhú i gcúrsa an ghnó sin, aon obair nó seirbhís a dhéanamh nó a chomhlíonadh go pearsanta do thríú duine (bíodh nó ná bíodh an tríú duine ina pháirtí nó ina páirtí sa chonradh),

[EN]

cibé acu is conradh sainráite nó intuigthe é agus, i gcás é a bheith sainráite, cibé acu is conradh ó bhéal nó i scríbhinn é;

[EN]

ciallaíonn “dáta”, i ndáil le doiciméad daingniúcháin, an dáta a síneoidh na páirtithe ann é nó an dáta is déanaí de na dátaí a síneofar amhlaidh é;

[EN]

ciallaíonn “fostaí” duine d'aois ar bith a rinne conradh fostaíochta nó a oibríonn faoi chonradh fostaíochta (nó, i gcás deireadh a bheith leis an bhfostaíocht, a rinne conradh fostaíochta nó a d'oibrigh faoi chonradh fostaíochta), agus déanfar tagairtí, i ndáil le fostóir, d'fhostaí a fhorléiriú mar thagairtí d'fhostaí atá ar fostú ag an bhfostóir sin; agus, chun críocha an Achta seo, measfar duine a shealbhaíonn oifig faoin Stát nó i seirbhís an Stáit (lena n-áirítear comhalta den Gharda Síochána nó d'Óglaigh na hÉireann nó státseirbhíseach de réir bhrí Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1956) a bheith ina fhostaí nó ina fostaí atá ar fostú ag ceann (de réir bhrí an Achta um Shaoráil Faisnéise, 1997) an chomhlachta phoiblí (de réir na brí a dúradh) ina bhfuil sé nó sí ar fostú agus measfar oifigeach nó seirbhíseach d'údarás áitiúil, chun críocha an Achta Rialtais Áitiúil, 1941, nó d'údarás cuain, do bhord sláinte nó do choiste gairmoideachais a bheith ina fhostaí nó ina fostaí atá ar fostú ag an údarás, ag an mbord nó ag an gcoiste, de réir mar a bheidh;

[EN]

maidir le “fostóir”—

[EN]

(a) ciallaíonn sé, i ndáil le fostaí, an duine lena bhfuil conradh fostaíochta déanta ag an bhfostaí nó dá n-oibríonn an fostaí faoi chonradh fostaíochta (nó, i gcás deireadh a bheith leis an bhfostaíocht, lena raibh conradh fostaíochta déanta ag an bhfostaí nó dár oibrigh an fostaí faoi chonradh fostaíochta), faoi réir an agúis go measfar gurb é nó gurb í fostóir na pearsan aonair an duine a dhlíonn, faoi chonradh fostaíochta dá dtagraítear i mír (b) den mhíniú ar “conradh fostaíochta”, luach saothair na pearsan aonair lena mbaineann a íoc i leith na hoibre nó na seirbhíse lena mbaineann, agus

[EN]

(b) folaíonn sé, i ndáil le fostaí, más cuí, comharba an fhostóra nó fostóir comhlachaithe de chuid an fhostóra;

[EN]

déanfar “saoire force majeure” a fhorléiriú de réir alt 13(1);

[EN]

ciallaíonn “post”, i ndáil le fostaí, an cineál oibre a bhfuil an fostaí ar fostú lena dhéanamh de réir a chonartha nó a conartha fostaíochta agus an cháil agus an áit ina bhfuil sé nó sí ar fostú;

[EN]

ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí;

[EN]

déanfar “saoire do thuismitheoirí” a fhorléiriú de réir alt 6(1);

[EN]

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe ag an Aire le rialacháin;

[EN]

déanfar “comharba”, i ndáil le fostóir, a fhorléiriú de réir alt 15(1);

[EN]

ciallaíonn “an Binse” an Binse Achomhairc Fostaíochta.

[EN]

(2) Chun críocha an Achta seo, measfar beirt fhostóirí a bheith comhlachaithe más comhlacht corpraithe é ceann acu a bhfuil rialú ag an gceann eile air (cibé acu go díreach nó go neamhdhíreach) nó más comhlachtaí corpraithe iad araon a bhfuil rialú ag tríú duine orthu (cibé acu go díreach nó go neamhdhíreach) agus déanfar “fostóir comhlachaithe” a fhorléiriú dá réir sin.

[EN]

(3) San Acht seo—

[EN]

(a) aon tagairt do Chuid nó d'alt is tagairt í do Chuid nó d'alt den Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe,

[EN]

(b) aon tagairt d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír is tagairt í d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe, agus

[EN]

(c) aon tagairt d'aon achtachán forléireofar í mar thagairt don achtachán sin arna leasú, arna oiriúnú nó arna leathnú, cibé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis, le haon achtachán nó faoi aon achtachán dá éis.

[EN]

(4) Beidh le focal nó abairt a úsáidtear san Acht seo agus a úsáidtear freisin i dTreoir 96/34/CE an 3 Meitheamh, 1996, ón gComhairle, an bhrí chéanna san Acht seo atá leis nó léi sa Treoir sin.

[EN]

Rialacháin.

3.—(1) Féadfaidh an tAire—

[EN]

(a) le rialacháin, foráil a dhéanamh le haghaidh aon ní dá dtagraítear san Acht seo mar ní atá forordaithe nó le forordú, agus

[EN]

(b) rialacháin a dhéanamh i gcoitinne chun éifeacht a thabhairt don Acht seo agus, más rud é go dtarlóidh aon deacracht ar aon bhealach i rith na tréimhse dhá bhliain tar éis thosach feidhme an ailt seo maidir leis an Acht seo a thabhairt i ngníomh, féadfaidh an tAire, le rialacháin, aon ní a dhéanamh a ndealraíonn sé gur gá nó gur fóirsteanach é chun a chumasú lánéifeacht a bheith leis an Acht seo.

[EN]

(2) Sula ndéanfaidh an tAire rialachán faoin Acht seo, rachaidh sé nó sí i gcomhairle le daoine a mheasann sé nó sí a bheith ionadaitheach d'fhostóirí i gcoitinne agus le daoine a mheasann sé nó sí a bheith ionadaitheach d'fhostaithe i gcoitinne i ndáil leis an rialachán.

[EN]

(3) Féadfaidh cibé forálacha iarmhartacha, forlíontacha agus coimhdeacha a mheasfaidh an tAire is gá nó is fóirsteanach a bheith i rialachán faoin Acht seo.

[EN]

(4) Gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

[EN]

Forálacha áirithe i gcomhaontuithe a bheith ar neamhní nó a mhodhnú.

4.—(1) Is foráil ar neamhní foráil in aon chomhaontú a mhéid a airbheartaíonn sí feidhm aon fhorála den Acht seo a eisiamh nó a theorannú, nó a mhéid atá sí ar neamhréir le haon fhoráil den Acht seo.

[EN]

(2) Maidir le foráil in aon chomhaontú ar foráil í is lú fabhar nó a thiocfaidh chun bheith ina foráil is lú fabhar i ndáil le fostaí ná teideal den tsamhail chéanna nó teideal comhréire a thugtar don fhostaí leis an Acht seo, measfar í a bheith modhnaithe ar shlí nach lú fabhar í.

[EN]

(3) Ní fhorléireofar aon ní san Acht seo mar ní a thoirmisceann foráil is mó fabhar d'fhostaí ná aon fhoráil i gCodanna II go V a bheith i gcomhaontú.

[EN]

(4) Aon tagairtí san alt seo do chomhaontú is tagairtí iad d'aon chomhaontú, cibé acu is conradh fostaíochta é nó nach ea agus cibé acu a rinneadh é roimh an Acht seo a rith nó dá éis.

[EN]

Caiteachais.

5.—Déanfar aon chaiteachais a thabhóidh an tAire nó an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

CUID II

Saoire do Thuismitheoirí agus Saoire Force Majeure

[EN]

Teideal chun saoire do thuismitheoirí.

6.—(1) Faoi réir an Achta seo, beidh fostaí is tuismitheoir nádúrtha nó tuismitheoir uchtaíoch linbh i dteideal saoire óna fhostaíocht nó óna fostaíocht, ar a dtabharfar agus dá ngairtear “saoire do thuismitheoirí” san Acht seo, go ceann tréimhse 14 sheachtain oibre chun a chumasú dó nó di aire a thabhairt don leanbh.

[EN]

(2) Ní bheidh feidhm ag an teideal chun saoire do thuismitheoirí ach amháin i leith linbh a shaolaítear an 3ú lá de Mheitheamh, 1996, nó dá éis, nó i leith linbh a bhfuil ordú uchtála déanta ina chás nó ina cás ar an dáta sin nó dá éis.

[EN]

(3) Críochnóidh tréimhse saoire do thuismitheoirí—

[EN]

(a) tráth nach déanaí ná an lá a mbeidh 5 bliana d'aois slánaithe ag an leanbh lena mbaineann, nó

[EN]

(b) i gcás linbh is ábhar d'ordú uchtála agus a raibh 3 bliana d'aois slánaithe aige nó aici, ach nach raibh 8 mbliana d'aois slánaithe aige nó aici, ar dháta déanta an ordaithe sin nó roimhe, tráth nach déanaí ná deireadh na tréimhse 2 bhliain dar tosach an dáta sin.

[EN]

(4) Ní thosóidh tréimhse saoire do thuismitheoirí roimh thráth a mbeidh bliain amháin d'fhostaíocht leanúnach críochnaithe ag an bhfostaí lena mbaineann leis an bhfostóir a bhfuil an tsaoire á tógáil óna fhostaíocht nó óna fostaíocht.

[EN]

(5) Faoi réir an Achta seo, beidh fostaí i dteideal saoire do thuismitheoirí in aghaidh gach linbh gur tuismitheoir nádúrtha nó tuismitheoir uchtaíoch é nó í ina leith.

[EN]

(6) Faoi réir an Achta seo, beidh tuismitheoir uchtaíoch, ar tuismitheoir nádúrtha an linbh lena mbaineann é nó í freisin, i dteideal saoire do thuismitheoirí mar thuismitheoir nádúrtha, ach ní mar thuismitheoir uchtaíoch, i leith an linbh.

[EN]

(7) I gcás go mbeidh beirt thuismitheoirí linbh i dteideal saoire do thuismitheoirí i leith an linbh, ní bheidh ceachtar de na tuismitheoirí i dteideal na saoire do thuismitheoirí de chuid an tuismitheora eile ná ní fhéadfaidh ceachtar acu aon chuid dá thréimhse nó dá tréimhse saoire do thuismitheoirí a aistriú chun an tuismitheora eile.

[EN]

(8) D'ainneoin fho-alt (4), i gcás nach mbeidh bliain amháin d'fhostaíocht leanúnach críochnaithe ag fostaí lena fhostóir nó lena fostóir ar an lá is déanaí chun tréimhse saoire do thuismitheoirí a thosú, ag féachaint d'fho-alt (3), ach go mbeidh 3 mhí fostaíochta den sórt sin críochnaithe aige nó aici ar an lá is déanaí chun tréimhse saoire den sórt sin dá bhforáiltear leis an bhfo-alt seo a thosú, beidh an duine, faoi réir an Achta seo, i dteideal saoire do thuismitheoirí ar feadh tréimhse seachtaine amháin in aghaidh gach míosa d'fhostaíocht leanúnach a bheidh críochnaithe aige nó aici leis an bhfostóir tráth tosaithe na saoire.

[EN]

(9) San alt seo ciallaíonn “tuismitheoir uchtaíoch”, i ndáil le leanbh, duine a mbeidh ordú uchtála i leith an linbh déanta ina fhabhar nó ina fabhar agus ar ordú é atá i bhfeidhm.

[EN]

An modh ina bhféadfar saoire do thuismitheoirí a thógáil.

7.—(1) Faoi réir an Achta seo, féadfaidh gurb é a bheidh i saoire do thuismitheoirí—

[EN]

(a) tréimhse leanúnach 14 sheachtain, nó

[EN]

(b) le comhaontú an fhostóra nó ionadaithe de chuid an fhostóra agus fostóirí eile agus an fhostaí nó ionadaithe de chuid an fhostaí agus fostaithe eile, líon tréimhsí a gcuimsíonn gach ceann acu—

[EN]

(i) lá amháin nó níos mó ar a mbeadh an fostaí, murach an tsaoire, ag obair san fhostaíocht lena mbaineann,

[EN]

(ii) uair an chloig nó níos mó a mbeadh an fostaí, murach an tsaoire, ag obair lena linn san fhostaíocht lena mbaineann, nó

[EN]

(iii) aon tréimhsí dá dtagraítear i bhfomhíreanna (i) agus (ii), i dteannta a chéile.

[EN]

(2) (a) Maidir le saoire do thuismitheoirí a thógfaidh fostaí de bhun fho-alt (1) (b), is saoire a bheidh inti a fhágfaidh gurb ionann an líon uaireanta an chloig a mbeadh an fostaí, murach an tsaoire, ag obair lena linn san fhostaíocht lena mbaineann agus—

[EN]

(i) an líon uaireanta an chloig ar oibrigh an fostaí lena linn san fhostaíocht lena mbaineann i cibé tréimhse leanúnach 14 sheachtain roimh thosach na saoire a chinnfidh an fostaí lena mbaineann agus an fostóir, nó

[EN]

(ii) má mhainníonn an fostaí agus an fostóir tréimhse a chinneadh chun críocha fhomhír (i), 14 oiread an mheánlín uaireanta an chloig sa tseachtain ar oibrigh an fostaí lena linn san fhostaíocht i ngach ceann de na tréimhsí 14 sheachtain dar críoch díreach roimh thosach gach seachtaine ina dtógann sé nó sí aon chuid den tsaoire.

[EN]

(b) Le linn tréimhse 14 sheachtain dá dtagraítear i mír (a) a chinneadh, déanfar laethanta saoire (lena n-áirítear laethanta saoire poiblí) atá an fostaí lena mbaineann ina dteideal, nó laethanta ar a bhfuil sé nó sí as láthair ón obair ar shaoire bhreoiteachta, ar shaoire mháithreachais, ar shaoire uchtaíoch, nó ar shaoire force majeure, a eisiamh agus áireofar líon comhréire laethanta díreach roimh thosach na tréimhse agus measfar gur am a chaith an fostaí ag obair san fhostaíocht lena mbaineann aon am a chaith sé nó sí ar shaoire do thuismitheoirí.

[EN]

(3) I gcás go mbeidh fostaí i dteideal saoire do thuismitheoirí i leith níos mó ná leanbh amháin agus nach leanaí a rugadh in ilbhreith iad na leanaí lena mbaineann, ní mó, gan toiliú an fhostóra, an tréimhse saoire do thuismitheoirí a thógfaidh sé nó sí in aon tréimhse 12 mhí ná an tréimhse dá bhforáiltear i bhfo-alt (1).

[EN]

(4) (a) I gcás aon lá saoire (seachas lá saoire poiblí), a bhfuil fostaí ina theideal, a bheith ann le linn tréimhse saoire do thuismitheoirí de chuid an fhostaí agus sin ar lá a mbeadh an fostaí (murach an tsaoire agus an lá saoire) ag obair san fhostaíocht lena mbaineann, tógfar an lá saoire cibé tráth eile a chinnfidh an fostóir lena mbaineann de bhun alt 20 den Acht um Eagrú Ama Oibre, 1997.

[EN]

(b) I gcás aon lá saoire poiblí, a bhfuil fostaí ina theideal, a bheith ann le linn tréimhse saoire do thuismitheoirí de chuid an fhostaí agus sin ar lá a mbeadh an fostaí (murach an tsaoire agus an lá saoire) ag obair san fhostaíocht lena mbaineann, cuirfear lá leis an tréimhse saoire do thuismitheoirí atá an fostaí i dteideal a thógáil.

[EN]

Fógra i dtaobh saoire do thuismitheoirí.

8.—(1) Nuair a bheartóidh fostaí saoire do thuismitheoirí a thógáil, déanfaidh sé nó sí, a luaithe is indéanta le réasún ach tráth nach déanaí ná 6 sheachtain roimh thosach na saoire, fógra i scríbhinn faoina bhfuil beartaithe aige nó aici a thabhairt dá fhostóir nó dá fostóir.

[EN]

(2) Sonrófar i bhfógra faoi fho-alt (1) dáta tosaithe na saoire do thuismitheoirí lena mbaineann mar aon lena fad agus an modh ina mbeartaítear í a thógáil agus déanfaidh an fostaí lena mbaineann an fógra a shíniú.

[EN]

(3) Roimh dháta an doiciméid daingniúcháin lena mbaineann, féadfaidh fostaí, trí fhógra i scríbhinn arna shíniú aige nó aici agus arna thabhairt dá fhostóir nó dá fostóir, fógra a thug sé nó sí faoi fho-alt (1) a chúlghairm agus, má dhéanann an fostaí amhlaidh, ní bheidh sé nó sí i dteideal saoire do thuismitheoirí a thógáil an tráth a shonraítear san fhógra deiridh sin a luaitear.

[EN]

(4) D'ainneoin fho-alt (1), i gcás go ndéanfaidh fostaí, atá i dteideal saoire do thuismitheoirí ach nach bhfuil fo-alt (1) comhlíonta aige nó aici i ndáil leis an tsaoire, saoire a thógáil a airbheartóidh a bheith ina saoire do thuismitheoirí, féadfaidh an fostóir, dá rogha féin, an tsaoire a áireamh mar shaoire do thuismitheoirí agus beidh feidhm ag an Acht seo dá réir sin.

[EN]

(5) Coinneoidh fostóir fógra a bheidh tugtha dó nó di faoin alt seo agus tabharfaidh sé nó sí cóip de don fhostaí lena mbaineann agus coinneoidh an fostaí í.

[EN]

(6) Maidir le fostaí ag a mbeidh fógra tugtha dá fhostóir nó dá fostóir faoi fho-alt (1), déanfaidh sé nó sí, má iarrann an fostóir amhlaidh, cibé fianaise a theastóidh uaidh nó uaithi le réasún a thabhairt dó nó di—

[EN]

(a) i gcás linbh a bhfuil ordú uchtála i bhfeidhm ina leith, i ndáil leis na tuismitheoirí uchtaíocha, i ndáil le dáta breithe an linbh agus le dáta déanta an ordaithe, agus

[EN]

(b) i gcás aon linbh eile, i ndáil leis an bhfostaí is tuismitheoir an linbh agus le dáta breithe an linbh.

[EN]

Saoire do thuismitheoirí a dhaingniú.

9.—(1) I gcás go mbeidh fógra faoi alt 8(1) tugtha ag fostaí dá fhostóir nó dá fostóir, déanfaidh siad, tráth nach déanaí ná 4 sheachtain roimh thosach na saoire do thuismitheoirí lena mbaineann, doiciméad (dá ngairtear “doiciméad daingniúcháin” san Acht seo) ina sonrófar dáta tosaithe na saoire, fad na saoire agus an modh ina dtógfar í, a ullmhú agus a shíniú.

[EN]

(2) I gcás go n-áireofar saoire mar shaoire do thuismitheoirí de bhun alt 8(4), déanfaidh an fostóir agus an fostaí lena mbaineann, a luaithe is féidir, doiciméad daingniúcháin i ndáil leis an tsaoire a ullmhú agus a shíniú.

[EN]

(3) Coinneoidh fostóir doiciméad daingniúcháin a bheidh sínithe aige nó aici agus tabharfaidh sé nó sí cóip de don fhostaí lena mbaineann agus coinneoidh an fostaí í.

[EN]

Saoire do thuismitheoirí a iarchur, a chiorrú agus a athrú ag na páirtithe lena mbaineann.

10.—(1) Faoi réir an Achta seo, nuair a bheidh doiciméad daingniúcháin ullmhaithe agus sínithe de réir alt 9, ní bheidh an fostaí lena mbaineann i dteideal oibriú san fhostaíocht lena mbaineann le linn na tréimhse saoire do thuismitheoirí a bheidh sonraithe sa doiciméad.

[EN]

(2) D'ainneoin fho-alt (1), más rud é, tar éis dáta doiciméid daingniúcháin (cibé acu a thosaigh nó nár thosaigh an tréimhse saoire do thuismitheoirí lena mbaineann sé), go gcomhaontóidh an fostóir lena mbaineann nó comharba an fhostóra sin agus an fostaí lena mbaineann amhlaidh, féadfar an tsaoire nó cuid di a iarchur go dtí cibé tráth ar a gcomhaontófar amhlaidh, féadfar tréimhse na saoire sin a chiorrú i cibé slí agus a mhéid ar a gcomhaontófar nó féadfar foirm na saoire a athrú i cibé slí ar a gcomhaontófar, agus i gcás den sórt sin leasófar an doiciméad daingniúcháin dá réir sin.

[EN]

(3) I gcás go gciorrófar saoire do thuismitheoirí faoi fho-alt (2) nó faoi Chuid IV, féadfar an tsaoire do thuismitheoirí nach dtógtar de bhíthin an chiorraithe a thógáil cibé tráth eile ar a gcomhaontóidh na páirtithe lena mbaineann.

[EN]

Saoire do thuismitheoirí a iarchur ag an bhfostóir.

11.—(1) Faoi réir an ailt seo, i gcás go mbeidh fógra faoi alt 8(1) tugtha ag fostaí dá fhostóir nó dá fostóir agus gur deimhin leis an bhfostóir, i gcás go dtógfaí an tsaoire do thuismitheoirí an tráth a shonraítear san fhógra, go ndéanfaí mórdhochar d'oibriú ghnó, ghairm nó shlí bheatha an fhostóra de bhíthin athruithe séasúracha ar mhéid na hoibre lena mbaineann, de bhíthin gan duine a bheith ar fáil chun dualgais an fhostaí san fhostaíocht a chomhlíonadh, de bhíthin chineál na ndualgas sin, de bhíthin líon na bhfostaithe san fhostaíocht nó de bhíthin líon na bhfostaithe ar laistigh den tréimhse a shonraítear san fhógra sin a bheidh a dtréimhsí, nó codanna dá dtréimhsí, saoire do thuismitheoirí nó de bhíthin aon nithe iomchuí eile, féadfaidh an fostóir, trí fhógra i scríbhinn a thabharfar don fhostaí tráth nach déanaí ná 4 sheachtain roimh thosach beartaithe na saoire, tosach na saoire a iarchur go dtí cibé tráth, nach déanaí ná 6 mhí tar éis an dáta tosaithe a shonraítear san fhógra iomchuí faoi alt 8(1), ar a gcomhaontóidh an fostóir agus an fostaí.

[EN]

(2) Sula dtabharfaidh fostóir fógra faoin alt seo d'fhostaí, rachaidh sé nó sí i gcomhairle leis an bhfostaí i ndáil le hiarchur beartaithe na saoire do thuismitheoirí.

[EN]

(3) I bhfógra faoi fho-alt (1), beidh ráiteas i bhfoirm achomair maidir leis na forais chun tosach na saoire do thuismitheoirí lena mbaineann a iarchur.

[EN]

(4) Ní fhéadfar tosach na saoire do thuismitheoirí i leith linbh áirithe a iarchur níos mó ná uair amháin faoin alt seo mura foras leis an iarchur a dhéanamh athrú séasúrach ar mhéid na hoibre lena mbaineann; agus, i gcás gur foras é sin leis an iarchur a dhéanamh, ní fhéadfar an tosach sin i leith linbh áirithe a iarchur níos mó ná dhá uair.

[EN]

(5) Níl feidhm ag fo-alt (1) maidir le saoire do thuismitheoirí ar shínigh na páirtithe lena mbaineann doiciméad daingniúcháin i ndáil léi.

[EN]

(6) Más rud é, de bharr tosach na saoire do thuismitheoirí a iarchur faoin alt seo agus dá bharr sin amháin—

[EN]

(a) go mbeidh 5 bliana d'aois slánaithe ag an leanbh lena mbaineann, nó

[EN]

(b) i gcás linbh is ábhar d'ordú uchtála agus a raibh 3 bliana d'aois slánaithe aige nó aici, ach nach raibh 8 mbliana d'aois slánaithe aige nó aici, ar dháta déanta an ordaithe sin nó roimhe, go rachaidh an tréimhse 2 bhliain dar tosach an dáta sin in éag le linn na tréimhse saoire do thuismitheoirí a mbeidh an fostaí lena mbaineann ina teideal,

[EN]

ansin, measfar, chun críocha an Achta seo, gur tharla an slánú nó, de réir mar a bheidh, an dul in éag réamhráite tar éis dheireadh na tréimhse saoire do thuismitheoirí réamhráite.

[EN]

(7) Coinneoidh fostóir cóip d'fhógra faoin alt seo a bheidh tugtha aige nó aici d'fhostaí dá chuid nó dá cuid agus coinneoidh an fostaí an fógra.

[EN]

(8) San alt seo, folaíonn tagairtí do shaoire do thuismitheoirí tagairtí do thréimhse saoire do thuismitheoirí a shonraítear in alt 7(1)(b).

[EN]

Saoire do thuismitheoirí a mhí-úsáid.

12.—(1) Tugtar teideal chun saoire do thuismitheoirí faoi réir an choinníll go n-úsáidfear í chun aire a thabhairt don leanbh lena mbaineann.

[EN]

(2) I gcás go mbeidh forais réasúnacha ag fostóir chun a chreidiúint nach bhfuil fostaí dá chuid nó dá cuid atá ar shaoire do thuismitheoirí ag úsáid na saoire chun aire a thabhairt don leanbh lena mbaineann, féadfaidh an fostóir, trí fhógra i scríbhinn arna thabhairt don fhostaí, an tsaoire a fhoirceannadh agus beidh ráiteas i bhfoirm achomair san fhógra maidir leis na forais chun an tsaoire a fhoirceannadh agus déanfar an lá a shonrú ann (is lá nach déanaí ná dáta dheireadh thréimhse na saoire a shonraítear sa doiciméad daingniúcháin lena mbaineann ná, faoi réir an cheanglais sin roimhe seo, nach luaithe ná 7 lá tar éis dháta fála an fhógra ag an bhfostaí lena mbaineann).

[EN]

(3) I gcás go ndéanfar saoire do thuismitheoirí a fhoirceannadh faoi fho-alt (2), fillfidh an fostaí lena mbaineann ar a fhostaíocht nó ar a fostaíocht ar an lá a shonrófar san fhógra faoin bhfo-alt sin lena mbaineann agus measfar nach saoire do thuismitheoirí aon tréimhse idir dáta an fhillte sin agus dáta dheireadh thréimhse na saoire a shonraítear sa doiciméad daingniúcháin lena mbaineann.

[EN]

(4) I gcás go dtabharfaidh fostaí fógra faoi alt 8(1) dá fhostóir nó dá fostóir agus go mbeidh forais réasúnacha ag an bhfostóir chun a chreidiúint nach bhfuil an fostaí i dteideal na saoire do thuismitheoirí lena mbaineann, féadfaidh an fostóir, trí fhógra i scríbhinn arna thabhairt don fhostaí, diúltú an tsaoire a dheonú don fhostaí agus, má dhéanann an fostóir amhlaidh, ní bheidh an fostaí i dteideal an tsaoire do thuismitheoirí lena mbaineann a thógáil.

[EN]

(5) I bhfógra faoi fho-alt (4) beidh ráiteas i bhfoirm achomair maidir leis na forais chun diúltú an tsaoire do thuismitheoirí lena mbaineann a dheonú.

[EN]

(6) I gcás go mbeartóidh fostóir fógra faoi fho-alt (2)(4) a thabhairt d'fhostaí dá chuid nó dá cuid, déanfaidh an fostóir, sula dtabharfaidh sé nó sí an fógra, fógra i scríbhinn faoina bhfuil beartaithe aige nó aici a thabhairt don fhostaí agus beidh ráiteas i bhfoirm achomair san fhógra maidir leis na forais chun an tsaoire do thuismitheoirí lena mbaineann a fhoirceannadh, nó, de réir mar a bheidh, chun diúltú í a dheonú, mar aon le ráiteas go bhféadfaidh an fostaí, laistigh de 7 lá tar éis an fógra a fháil, uiríoll a dhéanamh chun an fhostóra i ndáil lena bhfuil beartaithe; agus déanfaidh an fostóir aon uiríll den sórt sin a dhéanfaidh fostaí chun fostóra laistigh den tréimhse réamhráite a bhreithniú sula gcinnfidh sé nó sí an dtabharfaidh sé nó sí fógra faoi fho-alt (2), nó de réir mar a bheidh, faoi fho-alt (4) don fhostaí.

[EN]

(7) Coinneoidh duine fógra faoin alt seo a bheidh tugtha dó nó di agus cóip d'fhógra faoin alt seo a bheidh tugtha aige nó aici.

[EN]

Saoire ar fhorais force majeure.

13.—(1) Beidh fostaí i dteideal saoire le pá óna fhostaíocht nó óna fostaíocht, ar a dtabharfar agus dá ngairtear “saoire force majeure” san Acht seo, más rud é, ar chúiseanna práinneacha teaghlaigh, de dheasca díobhála do dhuine nó breoiteachta duine a shonraítear i bhfo-alt (2), nach féidir déanamh gan an fostaí a bheith láithreach san áit a bhfuil an duine, cibé acu ina theach nó ina teach féin nó in áit eile.

[EN]

(2) Is iad na daoine dá dtagraítear i bhfo-alt (1)

[EN]

(a) duine arb é nó arb í an fostaí a thuismitheoir nó a tuismitheoir nó a thuismitheoir uchtaíoch nó a tuismitheoir uchtaíoch,

[EN]

(b) céile an fhostaí nó duine lena bhfuil an fostaí in aontíos mar fhearchéile nó mar bhanchéile,

[EN]

(c) duine dá bhfuil an fostaí in loco parentis,

[EN]

(d) deartháir nó deirfiúr don fhostaí,

[EN]

(e) tuismitheoir, seanathair nó seanmháthair de chuid an fhostaí, agus

[EN]

(f) daoine de cibé aicme nó aicmí eile (más ann) a fhorordófar.

[EN]

(3) Nuair a thógann fostaí saoire force majeure, déanfaidh sé nó sí, a luaithe is indéanta le réasún ina dhiaidh sin, trí fhógra san fhoirm fhorordaithe arna thabhairt dá fhostóir nó dá fostóir, a dhearbhú go bhfuil saoire den sórt sin tógtha aige nó aici agus sonrófar san fhógra na dátaí ar ar tógadh í agus beidh ráiteas ann maidir leis na fíorais a thugann teideal chun saoire force majeure don fhostaí.

[EN]

(4) Is é a bheidh i saoire force majeure lá amháin nó níos mó ar a mbeadh an fostaí, murach an tsaoire, ag obair san fhostaíocht lena mbaineann ach ní mó í ná 3 lá in aon tréimhse 12 mhí chomhleanúnacha nó 5 lá in aon tréimhse 36 mhí chomhleanúnacha.

[EN]

(5) Measfar, chun críocha fho-alt (4), maidir le lá nach mbeidh fostaí as láthair ón obair ar shaoire force majeure i bhfostaíocht ach ar feadh cuid den tréimhse a gceanglaítear air nó uirthi oibriú san fhostaíocht lena linn an lá sin, gur lá amháin de shaoire force majeure é an lá sin.

CUID III

Cearta Fostaíochta

[EN]

Cearta fostaíochta a chosaint.

14.—(1) Le linn d'fhostaí a bheith ar shaoire do thuismitheoirí, measfar, chun gach críche a bhaineann lena fhostaíocht nó lena fostaíocht (seachas a cheart nó a ceart chun luach saothair nó sochair aoisliúntais a fháil nó aon cheanglas ranníocaí a íoc san fhostaíocht nó i leith na fostaíochta), an fostaí a bheith ag obair fós san fhostaíocht agus ní dhéanfaidh an tsaoire difear d'aon cheart eile dá chuid nó dá cuid a bhaineann leis an bhfostaíocht.

[EN]

(2) Ní dhéileálfar le hasláithreacht fhostaí ó fhostaíocht, le linn dó nó di a bheith ar shaoire do thuismitheoirí, mar chuid d'aon saoire eile ón bhfostaíocht (lena n-áirítear saoire bhreoiteachta, saoire bhliantúil, saoire uchtaíoch, saoire mháithreachais agus saoire force majeure) a mbeidh an fostaí lena mbaineann ina teideal.

[EN]

(3) Más rud é—

[EN]

(a) go dtógfaidh fostaí saoire do thuismitheoirí, ar fostaí é nó í atá ar promhadh ina fhostaíocht nó ina fostaíocht nó atá faoi oiliúint i ndáil leis an bhfostaíocht sin nó atá ar fostú faoi chonradh printíseachta, agus

[EN]

(b) go measfaidh a fhostóir nó a fostóir nach mbeadh asláithreacht an fhostaí ón bhfostaíocht le linn dó nó di a bheith ar shaoire do thuismitheoirí ag teacht le leanúnachas an phromhaidh, na hoiliúna nó na printíseachta,

[EN]

féadfaidh an fostóir a cheangal go bhfionrófar an promhadh, an oiliúint nó an phrintíseacht le linn thréimhse na saoire do thuismitheoirí agus go gcríochnóidh an fostaí é no í i ndeireadh na tréimhse sin.

[EN]

(4) Le linn d'fhostaí a bheith ar shaoire force majeure, measfar, chun gach críche a bhaineann lena fhostaíocht nó lena fostaíocht, an fostaí a bheith ag obair fós san fhostaíocht lena mbaineann agus ní dhéanfaidh an tsaoire difear d'aon cheart dá chuid nó dá cuid a bhaineann leis an bhfostaíocht.

[EN]

(5) Ní dhéileálfar le hasláithreacht fhostaí ó fhostaíocht, le linn dó nó di a bheith ar shaoire force majeure, mar chuid d'aon saoire eile ón bhfostaíocht (lena n-áirítear saoire bhreoiteachta, saoire bhliantúil, saoire uchtaíoch, saoire mháithreachais agus saoire do thusimitheoirí) a mbeidh an fostaí lena mbaineann ina teideal.

[EN]

Dul ar ais ag obair.

15.—(1) Ar éag do thréimhse saoire do thuismitheoirí (arb í, i gcás saoire do thuismitheoirí a bheith foirceanta faoi alt 12, an tréimhse í a shonraítear sa doiciméad daingniúcháin lena mbaineann) (“an tréimhse”), beidh an fostaí lena mbaineann i dteideal dul ar ais ag obair—

[EN]

(a) leis an bhfostóir lena raibh sé nó sí ag obair díreach roimh thosach na tréimhse nó, más rud é, le linn don fhostaí a bheith as láthair ón obair, gur tharla athrú nó athruithe úinéireachta ar an ngnóthas ina raibh sé nó sí fostaithe díreach sula raibh sé nó sí as láthair, leis an úinéir ar éag don tréimhse (“an comharba”),

[EN]

(b) sa phost a bhí ag an bhfostaí díreach roimh thosach na tréimhse, agus

[EN]

(c) faoin gconradh fostaíochta a raibh an fostaí fostaithe faoi díreach roimh thosach na tréimhse nó, i gcás ar tharla athrú úinéireachta den sórt dá dtagraítear i mír (a), faoi chonradh fostaíochta leis an gcomharba is ionann agus an conradh a raibh an fostaí fostaithe faoi díreach roimh an tosach sin, agus (i gceachtar cás) faoi théarmaí nó coinníollacha nach lú fabhar don fhostaí ná na téarmaí agus na coinníollacha a bheadh infheidhme ina chás nó ina cás murach go raibh sé nó sí as láthair amhlaidh ón obair.

[EN]

(2) Chun críocha fho-alt (1) (b), más rud é nárbh é gnáthphost an fhostaí nó an post is iondúil a bhíodh ag an bhfostaí an post a bhí ag fostaí díreach roimh thosach tréimhse saoire do thuismitheoirí atá sé nó sí ina teideal, beidh sé nó sí i dteideal dul ar ais ag obair sa ghnáthphost nó sa phost is iondúil a bhíodh aige nó aici, nó sa phost sin, a luaithe is indéanta gan an fostaí nó an fostóir do shárú aon fhorála de reacht nó aon fhorála arna déanamh faoi reacht.

[EN]

(3) Más rud é, mar gheall ar stopadh san obair nó scor d'obair in áit fostaíochta fostaí, a bheidh ann ar éag do thréimhse saoire do thuismitheoirí a bheidh tógtha ag an bhfostaí, gur míréasúnach a bheith ag súil go rachadh an fostaí ar ais ag obair ar an dul in éag sin, féadfaidh an fostaí, ina ionad sin, dul ar ais ag obair nuair a atosófar ar an obair san áit fostaíochta tar éis an stoptha nó an scoir, nó a luaithe is indéanta le réasún tar éis an atosaithe sin.

[EN]

Ceart chun fostaíochta eile.

16.—(1) I gcás teideal a bheith ag fostaí dul ar ais ag obair de bhun alt 15 ach nach indéanta le réasún don fhostóir a cheadú don fhostaí dul ar ais ag obair de réir an ailt sin, beidh an fostaí i dteideal go ndéanfaidh a fhostóir nó a fostóir fostaíocht oiriúnach eile faoi chonradh nua fostaíochta a thairiscint dó nó di.

[EN]

(2) Is obair oiriúnach eile chun críocha an Achta seo obair faoi chonradh nua fostaíochta más rud é—

[EN]

(a) gur obair í de shaghas atá oiriúnach i ndáil leis an bhfostaí lena mbaineann agus is iomchuí don fhostaí a dhéanamh sna himthosca, agus

[EN]

(b) maidir le téarmaí nó coinníollacha an chonartha a bhaineann leis an áit ina gceanglaítear an obair faoi a dhéanamh, leis an gcáil ina bhfostófar an fostaí lena mbaineann agus le haon téarmaí nó coinníollacha eile fostaíochta, nach lú fabhar go substaintiúil don fhostaí iad ná téarmaí agus coinníollacha a chonartha nó a conartha fostaíochta díreach roimh thosach na tréimhse a raibh sé nó sí as láthair ón obair le linn dó nó di a bheith ar shaoire do thuismitheoirí.

CUID IV

Díospóidí a Réiteach

[EN]

“Díospóid”.

17.—Sa Chuid seo—

[EN]

déanfar “díospóid” a fhorléiriú de réir alt 18.

[EN]

Díospóidí a tharchur chuig coimisinéir um chearta.

18.—(1) Níl feidhm ag an gCuid seo maidir le comhalta d'Óglaigh na hÉireann.

[EN]

(2) Aon díospóid nó easaontas idir fostaí agus a fhostóir nó a fostóir a bhaineann le teidil an fhostaí faoin Acht seo (nó le haon ní a éiríonn as teidil den sórt sin nó a bhaineann leo nó a éiríonn ar shlí eile faoin Acht seo) seachas díospóid nó easaontas—

[EN]

(a) a bhaineann le dífhostú as fostaíocht, lena n-áirítear dífhostú de réir bhrí na nAchtanna um Dhífhostú Éagórach, 1977 go 1993,

[EN]

(b) arb é atá ann nó inti ceist a bhfuil feidhm ag alt 39(15) den Acht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967, maidir léi, nó

[EN]

(c) ar díospóid í a bhfuil feidhm ag alt 11 den Acht um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta, 1973, maidir léi,

[EN]

féadfaidh ceachtar de na páirtithe sin an díospóid nó an t-easaontas sin a tharchur chuig coimisinéir um chearta, agus sna forálacha ina dhiaidh seo den Chuid seo ciallaíonn “díospóid” díospóid nó easaontas a tharchuirtear nó a fhéadfar a tharchur mar a dúradh.

[EN]

(3) Éistfidh coimisinéir um chearta na páirtithe i ndíospóid agus glacfaidh sé nó sí aon fhianaise iomchuí a thabharfaidh ceachtar díobh.

[EN]

(4) Déanfar tarchur faoi fho-alt (2) trí fhógra i scríbhinn, ina mbeidh cibé sonraí (más ann) a fhorordófar, a thabhairt do choimisinéir um chearta agus tabharfaidh an coimisinéir cóip den fhógra don pháirtí eile sa díospóid.

[EN]

(5) Tabharfar fógra faoi fho-alt (4) a luaithe is féidir le réasún tar éis don díospóid lena mbaineann tarlú agus, ar aon chor, tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis don díospóid tarlú.

[EN]

(6) Déanfar imeachtaí os comhair coimisinéara um chearta faoin alt seo a sheoladh ar dhóigh seachas go poiblí.

[EN]

(7) Déanfaidh coimisinéir um chearta cóip de gach breith a thabharfaidh sé nó sí faoin gCuid seo a thabhairt don Bhinse.

[EN]

Achomharc i gcoinne breithe ó choimisinéir um chearta.

19.—(1) Féadfaidh páirtí lena mbaineann achomharc a dhéanamh chun an Bhinse i gcoinne breithe nó ordacháin ó choimisinéir um chearta faoi alt 21 agus glacfaidh an Binse aon fhianaise iomchuí a thabharfaidh páirtí sa díospóid.

[EN]

(2) Déanfaidh páirtí sa díospóid lena mbaineann achomharc faoin alt seo a thionscnamh trí fhógra i scríbhinn, ina mbeidh cibé sonraí (más ann) a fhorordófar, a thabhairt don Bhinse a luaithe is féidir agus, ar aon chor, tráth nach déanaí ná 4 sheachtain ón dáta ar tugadh an bhreith don pháirtí agus tabharfaidh an Binse cóip den fhógra don pháirtí eile lena mbaineann a luaithe is féidir tar éis don Bhinse an fógra a fháil.

[EN]

(3) Aon duine a bhfuil a fhianaise nó a fianaise tugtha nó á tabhairt nó le tabhairt os comhair an Bhinse, nó a thabharfaidh doiciméad ar aird don Bhinse nó a chuirfidh doiciméad chuig an mBinse, de bhun fógra faoi fho-alt (4), nó a gceanglaítear air nó uirthi le fógra den sórt sin fianaise a thabhairt nó doiciméad a thabhairt ar aird don Bhinse nó freastal os comhair an Bhinse agus, san áit sin, fianaise a thabhairt nó doiciméad a thabhairt ar aird, beidh sé nó sí i dteideal na bpribhléidí agus na ndíolúintí céanna amhail is dá mba fhinné os comhair na hArd-Chúirte an duine.

[EN]

(4) Féadfaidh an Binse, trí fhógra chuige sin a thabhairt i scríbhinn, a cheangal ar aon duine freastal os comhair an Bhinse ar dháta agus ag tráth agus in áit a shonrófar san fhógra agus, san áit sin, fianaise a thabhairt agus aon doiciméad a bheidh ina sheilbh nó ina seilbh, nó faoina chumhacht nó faoina cumhacht, agus a shonrófar san fhógra, a thabhairt ar aird, nó aon doiciméad a bheidh ina sheilbh nó ina seilbh, nó faoina chumhacht nó faoina cumhacht, agus a shonrófar san fhógra, a chur chuig an mBinse, nó a cheangal ar dhuine a bheidh ag freastal os comhair an Bhinse de bhun fógra faoin bhfo-alt seo aon doiciméad a bheidh ina sheilbh nó ina seilbh, nó faoina chumhacht nó faoina cumhacht, agus a shonrófar sa cheanglas, a thabhairt ar aird don Bhinse.

[EN]

(5) Beidh feidhm ag míreanna (a) agus (e) d'fho-alt (17) d'alt 39 den Acht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967, chun críocha an ailt seo mar atá feidhm aige chun críocha an ailt sin 39 fara an modhnú go gcuirfear “£1,500” in ionad “£150” agus fara aon mhodhnuithe eile is gá.

[EN]

(6) Féadfaidh an tAire imeachtaí i leith ciona faoin bhfo-alt sin (17), mar a chuirtear i bhfeidhm leis an alt seo é, a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.

[EN]

(7) Má thugann duine fianaise bhréagach os comhair an Bhinse in imeachtaí faoin alt seo in imthosca de shórt a d'fhágfadh go mbeadh an duine, dá mba rud é gur thug an duine an fhianaise os comhair cúirte, ciontach i mionnú éithigh, beidh an duine ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú ar díotáil sa chion sin, na pionóis a bhaineann le mionnú éithigh a chur air nó uirthi.

[EN]

Achomharc chun na hArd-Chúirte ar phonc dlí.

20.—(1) Féadfaidh an Binse ceist dlí a éireoidh in imeachtaí os a chomhair faoin gCuid seo a tharchur chun na hArd-Chúirte chun go ndéanfaidh sí cinneadh ina leith.

[EN]

(2) Féadfaidh páirtí in imeachtaí os comhair an Bhinse faoin gCuid seo achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte i gcoinne cinnidh ón mBinse ar phonc dlí.

[EN]

Sásamh.

21.—(1) Ar dhíospóid a éisteacht, déanfaidh coimisinéir um chearta nó an Binse—

[EN]

(a) i gcás coimisinéara um chearta, breith a thabhairt i ndáil leis an díospóid, nó

[EN]

(b) i gcás an Bhinse, cinneadh a dhéanamh i ndáil leis an díospóid,

[EN]

agus féadfaidh an coimisinéir um chearta nó an Binse, sa bhreith nó sa chinneadh, de réir mar a bheidh, cibé ordacháin a thabhairt do na páirtithe lena mbaineann a mheasfaidh an coimisinéir um chearta nó an Binse, de réir mar a bheidh, is gá nó is fóirsteanach chun an díospóid a réiteach.

[EN]

(2) Faoi fho-alt (1), féadfaidh an coimisinéir um chearta nó an Binse cibé sásamh a ordú don pháirtí lena mbaineann a mheasfaidh an coimisinéir um chearta nó an Binse, de réir mar a bheidh, a bheith cuí, ag féachaint do na himthosca go léir agus d'fhorálacha an Achta seo, agus a shonróidh an coimisinéir um chearta nó an Binse, lena n-áirítear ceachtar díobh seo a leanas nó iad araon:

[EN]

(a) saoire do thuismitheoirí a dheonú a mbeidh cibé fad inti, agus a thógfar cibé tráth nó tráthanna agus i cibé slí, a shonrófar amhlaidh,

[EN]

(b) dámhachtain cúitimh i bhfabhar an fhostaí lena mbaineann agus a bheidh le híoc ag an bhfostóir lena mbaineann.

[EN]

(3) Beidh i gcúiteamh faoi fho-alt (2) (b) cibé méid a mheasfaidh an coimisinéir um chearta nó an Binse a bheith cóir agus cothromasach ag féachaint do na himthosca go léir ach ní rachaidh sé thar luach saothair 20 seachtain i leith fhostaíocht an fhostaí arna ríomh i cibé slí a fhorordófar.

[EN]

(4) Is i scríbhinn a bheidh an bhreith ó choimisinéir um chearta nó an cinneadh ón mBinse agus cuirfidh an coimisinéir um chearta nó an Binse, de réir mar a bheidh, an bhreith nó an cinneadh sin i bhfios do na páirtithe.

[EN]

(5) Féadfaidh coimisinéir um chearta nó an Binse, má mheasann an coimisinéir nó an Binse gur réasúnach sin a dhéanamh, ag féachaint do bhreoiteacht nó d'éagumas eile an fhostaí lena mbaineann nó d'aon imthoisc eile, a ordú go dtógfar saoire do thuismitheoirí tráth nach mbeidh de réir alt 6(3).

[EN]

(6) Gan dochar do ghinearáltacht fho-ailt (1) agus (2), más rud é, ar tharchur faoi alt 18(2) nó ar achomharc faoi alt 19(1), gur deimhin le coimisinéir um chearta nó leis an mBinse, i gcás go dtógfaí an tsaoire do thuismitheoirí an tráth a shonraítear san fhógra faoi alt 8(1) lena mbaineann, go ndéanfaí mórdhochar de bhíthin aon cheann de na nithe a shonraítear in alt 11(1), féadfaidh an coimisinéir nó an Binse, de réir mar a bheidh, má mheasann an coimisinéir nó an Binse gur réasúnach sin a dhéanamh, a ordú go ndéanfar tosach na saoire a iarchur ar feadh tréimhse sonraithe (cibé acu is í an tréimhse í a shonraítear san fhógra iomchuí faoi alt 11(1) nó nach ea).

[EN]

(7) Gan dochar do ghinearáltacht fho-ailt (1) agus (2), más rud é, ar tharchur faoi alt 18(2) nó ar achomharc faoi alt 19(1), go measfaidh coimisinéir um chearta nó an Binse gur réasúnach sin a dhéanamh mar gheall ar mhórathrú tromchúiseach ar aon imthosca a dhéanann difear don fhostóir nó don fhostaí, féadfaidh an coimisinéir nó an Binse a ordú go ndéanfar tréimhse na saoire do thuismitheoirí lena mbaineann a chiorrú nó foirm na saoire sin a athrú nó tosach na saoire sin a iarchur ar feadh tréimhse sonraithe nó go ndéanfar saoire do thuismitheoirí, nach dtógtar mar gheall ar chiorrú mar a dúradh, a thógáil tráth a shonrófar.

[EN]

(8) Más cuí, déanfaidh na páirtithe sa doiciméad daingniúcháin lena mbaineann é a leasú chun go mbeidh sé de réir breithe, cinnidh nó ordacháin faoin alt seo.

[EN]

(9) San alt seo folaíonn “luach saothair” liúntais i modh pá agus sochair in ionad nó i dteannta pá.

[EN]

Breitheanna ó choimisinéir um chearta agus cinntí ón mBinse a chur chun feidhme.

22.—(1) (a) Má mhainníonn nó má dhiúltaíonn duine breith ó choimisinéir um chearta faoin gCuid seo (“breith”), nó cinneadh ón mBinse faoin Acht seo (“cinneadh”), a chomhlíonadh, déanfaidh an Chúirt Chuarda, ar iarratas chuige sin chuici—

[EN]

(i) ón bpáirtí eile lena mbaineann, nó

[EN]

(ii) ón Aire, má tá sé nó sí den tuairim gur cuí é sin a dhéanamh ag féachaint do na himthosca go léir,

[EN]

ordú á ordú don pháirtí sin an bhreith nó an cinneadh a chomhall de réir théarmaí na breithe nó an chinnidh sin.

[EN]

(b) I mír (a), an tagairt do bhreith nó do chinneadh is tagairt í do bhreith nó do chinneadh, de réir mar a bheidh, den sórt sin nach mbeidh, ar éag don tráth chun achomharc a dhéanamh ina coinne nó ina choinne, aon achomharc den sórt sin déanta i ndáil léi nó leis nó, más rud é go ndearnadh achomharc den sórt sin, gur tréigeadh é.

[EN]

(2) D'ainneoin fho-alt (1), más rud é, in imeachtaí faoin bhfo-alt sin, gur deimhin leis an gCúirt Chuarda nach bhféadfaí, de bharr imeacht aimsire, ordú faoin bhfo-alt sin a chomhlíonadh, déanfaidh an Chúirt sin ordú lena bhforálfar do cibé sásamh a mheasfaidh sí a bheith cuí ag féachaint d'fhorálacha an Achta seo agus do na himthosca go léir.

[EN]

(3) In ordú faoin alt seo lena bhforálfar do chúiteamh a íoc, féadfaidh an Chúirt Chuarda, má mheasann sí gur cuí é sin a dhéanamh sna himthosca go léir, a ordú don fhostóir lena mbaineann ús ar an gcúiteamh, de réir an ráta dá dtagraítear in alt 22 d'Acht na gCúirteanna, 1981, a íoc leis an bhfostaí lena mbaineann i leith na tréimhse go léir nó aon chuid den tréimhse dar tosach 4 sheachtain tar éis an dáta a gcuirtear an bhreith nó an cinneadh lena mbaineann i bhfios do na páirtithe agus dar críoch dáta an ordaithe.

[EN]

(4) Déanfar imeachtaí faoin alt seo a éisteacht sa chontae ina bhfuil gnáthchónaí ar an bhfostóir iomchuí nó ina seolann sé nó sí aon ghairm, gnó nó slí bheatha.

CUID V

Ilghnéitheach

[EN]

Fógraí.

23.—(1) Féadfar fógra nó doiciméad eile a thabhairt do dhuine chun críocha imeachtaí faoin Acht seo trína sheachadadh ar an duine nó trí chóip de a chur leis an bpost cláraithe réamhíoctha i gclúdach a bheidh dírithe chuig an duine ag an áit chónaithe nó ag an áit ghnó is deireanaí is eol a bheith ag an duine.

[EN]

(2) I gcás cuideachta a bhfuil feidhm ag Acht na gCuideachtaí, 1963, maidir léi, féadfar doiciméad den sórt sin a thabhairt trína sheachadadh, nó trí chóip de a chur leis an bpost cláraithe réamhíoctha i gclúdach a bheidh dírithe chuig an gcuideachta ag a hoifig chláraithe.

[EN]

(3) I gcás comhlachta chorpraithe nach bhfuil feidhm ag fo-alt (2) maidir leis nó i gcás comhlachta neamhchorpraithe daoine, féadfar doiciméad den sórt sin a thabhairt trí chóip de a chur chuig an gcomhlacht ag aon áit sa Stát ina seolann sé gnó nó i cibé slí eile ina bhféadfar toghairm thionscnaimh a sheirbheáil ar an gcomhlacht faoi rialacha cúirte.

[EN]

(4) Féadfaidh coimisinéir um chearta, má mheasann sé nó sí gur réasúnach é sin a dhéanamh ag féachaint do na himthosca go léir, tréimhse shonraithe (nach faide ná 6 sheachtain) a chur mar fhadú leis an tréimhse ama a gceanglaítear fógra faoin Acht seo (seachas alt 19(2)) a thabhairt lena linn.

[EN]

(5) Féadfaidh an Binse, má mheasann sé gur réasúnach é sin a dhéanamh ag féachaint do na himthosca go léir, tréimhse shonraithe a chur mar fhadú leis an tréimhse ama a gceanglaítear fógra faoi alt 19(2) a thabhairt lena linn.

[EN]

(6) Féadfar am a fhadú faoi fho-alt (4)(5) tar éis an tréimhse ama lena mbaineann a bheith caite.

[EN]

Foirceannadh agus féimheacht.

24.—(1) Le linn dáileadh a dhéanamh ar shócmhainní cuideachta a bheidh á foirceannadh, áireofar ar na fiacha a bheidh, faoi alt 285 d'Acht na gCuideachtaí, 1963, le híoc i dtosaíocht ar gach fiach eile, aon chúiteamh is iníoctha faoin Acht seo ag an gcuideachta le fostaí, agus beidh éifeacht dá réir sin leis an Acht sin, agus ní éileofar cruthúnas foirmiúil ar na fiacha dá dtugtar tosaíocht faoin bhfo-alt seo ach amháin i gcásanna ina bhforálfar a mhalairt le rialacha cúirte.

[EN]

(2) Le linn dáileadh a dhéanamh ar mhaoin féimhigh nó féichiúnaí comhshocraíochta, áireofar ar na fiacha a bheidh, faoi alt 81 den Acht Féimheachta, 1988, le híoc i dtosaíocht ar gach fiach eile, aon chúiteamh is iníoctha faoin Acht seo ag an bhféimheach nó ag an bhféichiúnaí comhshocraíochta, de réir mar a bheidh, le fostaí, agus beidh éifeacht dá réir sin leis an Acht sin, agus ní éileofar cruthúnas foirmiúil ar na fiacha dá dtugtar tosaíocht faoin bhfo-alt seo ach amháin i gcásanna ina bhforálfar a mhalairt le rialacha cúirte.

[EN]

Leasú ar achtacháin.

25.—(1) Leasaítear leis seo an tAcht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967, tríd an gclásal seo a leanas a chur in ionad chlásal (d) (a cuireadh isteach leis an Acht um Chosaint Mháithreachais, 1994) i mír 5(1) de Sceideal 3:

[EN]

“(d) tréimhse a bhfuil an fostaí as láthair ón obair ar a feadh le linn dó nó di a bheith ar shaoire chosantach, ar asláithreacht chúraim breithe de réir bhrí Chuid IV den Acht um Chosaint Mháithreachais, 1994, ar shaoire do thuismitheoirí nó ar shaoire force majeure.”.

[EN]

(2) Leasaítear leis seo alt 6 den Acht um Dhífhostú Éagórach, 1977

[EN]

(a) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (d) i bhfo-alt (2):

[EN]

“(dd) an fostaí d'fheidhmiú an chirt chun saoire do thuismitheoirí nó chun saoire force majeure faoi réim agus de réir an Achta um Shaoire do Thuismitheoirí, 1998, nó an feidhmiú sin a bheith beartaithe aige nó aici,”,

[EN]

agus

[EN]

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2A) (a cuireadh isteach leis an Acht um Chosaint Mháithreachais, 1994):

[EN]

“(2B) Níl feidhm ag ailt 3 agus 4 maidir le cás a thagann faoi réim fho-alt (2)(dd) agus, chun críche na míre sin, folaíonn ‘fostaí’ duine a bheadh eisiata murach sin ón Acht seo le mír (a), (c), (f) nó (g) d'alt 2(1).”.

[EN]

(3) Maidir le fostaí atá i dteideal dul ar ais ag obair san fhostaíocht lena mbaineann de réir alt 15 ach nach gceadaíonn a fhostóir nó a fostóir dó nó di é sin a dhéanamh—

[EN]

(a) measfar gur dífhostaíodh an fostaí sin ar an dáta a raibh sé nó sí i dteideal dul ar ais ag obair mar a dúradh agus measfar, chun críocha na nAchtanna um Dhífhostú Éagórach, 1977 go 1993, gur dhífhostú éagórach an dífhostú, mura rud é, ag féachaint do na himthosca go léir, go raibh cúiseanna maithe leis an dífhostú,

[EN]

(b) measfar, chun críocha na nAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 go 1991, gur dífhostaíodh an fostaí sin de bhíthin iomarcaíochta ar an dáta réamhráite, agus

[EN]

(c) measfar, chun críocha na nAchtanna um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta, 1973 go 1991, go ndearnadh a chonradh nó a conradh fostaíochta lena fhostóir nó lena fostóir a fhoirceannadh ar an dáta réamhráite.

[EN]

(4) Leasaítear leis seo an tAcht um Eagrú Ama Oibre, 1997—

[EN]

(a) in alt 15, tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (a) i bhfo-alt (4):

[EN]

“(aa) aon tréimhse a raibh an fostaí as láthair ón obair ar a feadh le linn dó nó di a bheith ar shaoire do thuismitheoirí nó ar shaoire force majeure,”,

[EN]

agus

[EN]

(b) in alt 16, tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c) i bhfo-alt (5):

[EN]

“(cc) aon tréimhse a raibh an fostaí as láthair ón obair ar a feadh le linn dó nó di a bheith ar shaoire do thuismitheoirí nó ar shaoire force majeure,”.

[EN]

(5) Leasaítear leis seo an tAcht um Chomhionannas Fostaíochta, 1998, tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b) in alt 39:

[EN]

“(bb) faisnéis a sholáthar don phobal ar oibriú an Achta um Shaoire do Thuismitheoirí, 1998,”.

[EN]

Leathnú ar an Acht um Chosaint Fostaithe (Dócmhainneacht Fostóirí), 1984.

26.—(1) Déanfar alt 6 den Acht um Chosaint Fostaithe (Dócmhainneacht Fostóirí), 1984 (mar a leasaíodh leis an Acht um Chosaint Mháithreachais, 1994), a leasú de réir an ailt seo.

[EN]

(2) Cuirfear an méid seo a leanas in ionad chlásal (II) i bhfo-alt (2)(a)(v)—

[EN]

“(II) de bhua breithe, cinnidh nó ordaithe faoi Chuid V den Acht um Chosaint Mháithreachais, 1994, nó faoi Chuid IV den Acht um Shaoire do Thuismitheoirí, 1998,”.

[EN]

(3) I bhfo-alt (4)(c)—

[EN]

(a) cuirfear an méid seo a leanas in ionad fhomhír (iv) (seachas clásail (I) agus (II) den fhomhír sin)—

[EN]

“(iv) Ní dhéanfar aon íocaíocht faoin alt seo i leith méid lena mbaineann breith faoi Chuid V den Acht um Chosaint Mháithreachais, 1994, nó faoi Chuid IV den Acht um Shaoire do Thuismitheoirí, 1998, mura rud é—”,

[EN]

agus

[EN]

(b) cuirfear an méid seo a leanas in ionad fhomhír (v) (seachas clásail (I) agus (II) den fhomhír sin)—

[EN]

“(v) Ní dhéanfar aon íocaíocht faoin alt seo i leith méid lena mbaineann cinneadh faoi Chuid V den Acht um Chosaint Mháithreachais, 1994, nó faoi Chuid IV den Acht um Shaoire do Thuismitheoirí, 1998, mura rud é—”.

[EN]

Taifid.

27.—(1) Déanfaidh fostóir taifead ar an tsaoire do thuismitheoirí agus ar an tsaoire force majeure a thógann a fhostaithe nó a fostaithe, ina dtaispeánfar tréimhse fostaíochta gach fostaí agus na dátaí agus na tráthanna a raibh gach fostaí ar shaoire do thuismitheoirí nó ar shaoire force majeure.

[EN]

(2) Déanfaidh an fostóir lena mbaineann taifead arna dhéanamh faoin alt seo a choimeád go ceann tréimhse 8 mbliana agus, má shonraíonn an tAire foirm na dtaifead sin (agus cumhachtaítear leis seo dó nó di é sin a dhéanamh) is san fhoirm sin, nó i bhfoirm a mbeidh an éifeacht chéanna léi, a bheidh an taifead.

[EN]

(3) Aon fhógraí, nó aon chóipeanna d'fhógraí, a cheanglaítear leis an Acht seo ar dhuine a choimeád, coimeádfaidh an duine iad go ceann tréimhse bliana.

[EN]

(4) Aon fhostóir a sháróidh fo-alt (1)(2) den alt seo, beidh sé nó sí ciontach i gcion agus, ar é nó í a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná £1,500 a chur air nó uirthi.

[EN]

(5) Féadfaidh cigire (de réir bhrí an Achta um Eagrú Ama Oibre, 1997), chun críocha an ailt seo, aon cheann de na cumhachtaí a thugtar dó nó di leis an Acht sin a fheidhmiú.

[EN]

(6) Féadfaidh an tAire imeachtaí i leith ciona faoin alt seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.

[EN]

Athbhreithniú ar an Acht.

28.—Déanfaidh an tAire, tráth nach luaithe ná 2 bhliain agus nach déanaí ná 3 bliana tar éis thosach feidhme an Achta seo, tar éis dul i gcomhairle le daoine a mheasann sé nó sí a bheith ionadaitheach d'fhostóirí i gcoitinne agus le daoine a mheasann sé nó sí a bheith ionadaitheach d'fhostaithe i gcoitinne, athbhreithniú a sheoladh ar oibriú an Achta seo agus ullmhóidh sé nó sí tuarascáil i scríbhinn ar thorthaí an athbhreithnithe agus cuirfidh sé nó sí faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.