Uimhir 27 de 1988
AN tACHT FÉIMHEACHTA, 1988
RIAR NA nALT
Réamhráiteach agus Ginearálta
Alt | |
1. | |
2. | |
3. | |
4. | Feidhm an Achta maidir le féimheachtaí agus comhshocraíochtaí a bhí ar marthain. |
5. | |
6. |
Nós Imeachta I bhFéimheacht
7. | |
8. | |
9. | |
10. | |
11. | |
12. | |
13. | Comhaontú idir féimheach agus creidiúnaí maidir le hachainí nó gníomh féimheachta. |
14. | |
15. | |
16. | |
17. | |
18. | |
19. | |
20. | |
21. | |
22. | |
23. | |
24. | |
25. | |
26. | |
27. | |
28. | |
29. |
Cásanna Comhpháirtíochta
30. | Caingne ag an Sannaí Oifigiúil agus ag comhpháirtithe féimhigh. |
31. | |
32. | |
33. | |
34. | |
35. | |
36. | |
37. |
Imshocraíocht tar éis Féimheachta
38. | |
39. | |
40. | |
41. |
Féimheach d'fháil bháis tar éis Breithniú
42. |
Féimheacht Iardain
43. |
Riaradh Maoine
Éifeacht Breithnithe ar Mhaoin Féimhigh
44. | |
45. | |
46. | |
47. | |
48. | Teorainn le cumhachtaí an tSannaí Oifigiúil i ndáil le cóipcheart. |
49. | |
50. | |
51. | |
52. | |
53. | |
54. | Urscaoileadh daoine a sheachadann maoin, etc., ar an Sannaí Oifigiúil. |
55. | |
56. |
Tíolacais Chalaoiseacha agus Dheonacha
57. | |
58. | |
59. |
Forálacha Bainisteoireachta
Eastát a Dháileadh
80. | |
81. | |
82. | |
83. | |
84. | |
85. | |
86. |
Comhshocraíochtaí faoi Rialú na Cúirte
87. | |
88. | |
89. | |
90. | |
91. | |
92. | |
93. | |
94. | |
95. | |
96. | |
97. | |
98. | |
99. | |
100. | |
101. | |
102. | |
103. | |
104. | |
105. | |
106. | |
107. | |
108. | |
109. |
Foirceannadh ag Iontaobhaí
110. | |
111. | |
112. | |
113. | |
114. |
Eastáit Daoine a Fhaigheann Bás agus iad Dócmhainneach
115. | Achainí chun eastát duine, a fhaigheann bás agus é dócmhainneach, a riaradh i bhféimheacht. |
116. | Éifeacht fógra faoi achainí a sheirbheáil ar ionadaí pearsanta. |
117. | |
118. | |
119. | |
120. | |
121. | |
122. |
Cionta
123. | |
124. | |
125. | |
126. | |
127. | |
128. | |
129. | |
130. | |
131. | |
132. |
Ilghnéitheach
133. | |
134. | |
135. | |
136. | |
137. | Cumhacht chun imeachtaí i gcoinne féimhigh a bhacadh nó a shrianadh. |
138. | Comhpháirtíochtaí agus eastáit daoine éagtha a fhoirceannadh. |
139. | |
140. | |
141. | |
142. | |
143. | |
144. |
Cruthúnas ar Fhiacha
Aisghairm
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
Bankruptcy (Ireland) Amendment Act, 1872 | 1872, c. 58 |
Deeds of Arrangement Act, 1887 | 1887, c. 57 |
Factors Act, 1889 | 1889, c. 45 |
Fines and Recoveries (Ireland) Act, 1834 | 1834, c. 92 |
Friendly Societies Act, 1896 | 1896, c. 25 |
Irish Bankrupt and Insolvent Act, 1857 | 1857, c. 60 |
Judgment Mortgage (Ireland) Act, 1850 | 1850, c. 29 |
Partnership Act, 1890 | 1890, c. 39 |
Preferential Payments in Bankruptcy (Ireland) Act, 1889 | 1889, c. 60 |
Supreme Court of Judicature (Ireland) (No. 2) Act, 1897 | 1897, c. 66 |
Trustee Savings Banks Act, 1863 | 1863, c. 87 |
Giorruithe Imill
1857—Irish Bankrupt and Insolvent Act, 1857
1872, c. 57—Debtors Act (Ireland), 1872
1872—Bankruptcy (Ireland) Amendment Act, 1872
1887, c. 57—Deeds of Arrangement Act, 1887
1888, c. 44—Local Bankruptcy (Ireland) Act, 1888
1889—Preferential Payments in Bankruptcy (Ireland) Act, 1889
1890, c. 24—Deeds of Arrangement Amendment Act, 1890
33/1963—Acht na gCuideachtaí, 1963
16/1964—An tAcht um Chlárú Teidil, 1964
27/1965—An tAcht Comharbais, 1965
36/1971—Acht na gCúirteanna, 1971
R. na nUasch—Rialacha na nUaschúirteanna, 1962
LCR—Local Court Rules, 1888
Uimhir 27 de 1988
AN tACHT FÉIMHEACHTA, 1988
[An tiontú oifigiúil]
[13 Iúil, 1988]
CUID I
Réamhráiteach agus Ginearálta
Gearrtheideal.
1.—Féadfar an tAcht Féimheachta, 1988, a ghairm den Acht seo.
Tosach feidhme.
2.—Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh ar cibé lá nach déanaí ná 1 Eanáir, 1989 a cheapfaidh an tAire le hordú.
Léiriú.
3.—San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—
ciallaíonn “breithniú” breithniú i bhféimheacht;
tá le “maoin iarfhaighte” an bhrí a shanntar dó le halt 44 (5);
ciallaíonn “comhshocraíocht” comhshocraíocht de bhun ordaithe cosanta faoi Chuid IV;
ciallaíonn “féichiúnaí comhshocraíochta” féichiúnaí dár deonaíodh ordú cosanta faoi Chuid IV;
ciallaíonn “sannaithe” an Sannaí Oifigiúil agus sannaí na gcreidiúnaithe, más ann;
ciallaíonn “an Cigire Féimheachta” an cigire dá dtagraítear in alt 60 (2);
tá le “toghairm féimheachta” an bhrí a shanntar dó le halt 8 (1);
folaíonn “tíolacas”, i ndáil le talamh, sannadh agus aistriú;
ciallaíonn “an Chúirt” an Ard-Chúirt;
ciallaíonn “sannaí na gcreidiúnaithe” duine a roghnaítear agus a cheaptar amhlaidh faoi alt 18 (1);
folaíonn “talamh” aon eastát nó leas i dtalamh nó aon mhuirear ar thalamh;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt;
ciallaíonn “an Sannaí Oifigiúil” an Sannaí Oifigiúil i bhFéimheacht de thuras na huaire agus a chomharbaí de réir mar a cheaptar agus nuair a cheaptar iad;
ciallaíonn “forordaithe”, ach amháin i ndáil le táillí cúirte, forordaithe le rialacha cúirte;
folaíonn “maoin” airgead, earraí, ábhair i gcaingean, talamh agus gach saghas maoine cibé réadach nó pearsanta agus cibé acu suite sa Stát nó in áit eile; chomh maith leis sin, oibleagáidí, éasúintí, agus gach saghas eastáit, leasa agus brabúis, faoi láthair nó sa todhchaí, sannta nó teagmhasach, a thig as nó a ghabhann le maoin mar a shainmhínítear thuas;
ciallaíonn “cláraithe”, i ndáil le talamh, cláraithe i gClárlann na nGníomhas nó i gClárlann na Talún, de réir mar is cuí;
ciallaíonn “creidiúnaí urraithe” aon chreidiúnaí a shealbhaíonn aon mhorgáiste, muirear nó lian ar eastát an fhéichiúnaí nó ar aon chuid de mar urrús ar fhiach atá dlite dó;
tá le “comhshocraíocht dílseacháin” an bhrí a shanntar dó le halt 93 (2);
Feidhm an Achta maidir le féimheachtaí agus comhshocraíochtaí a bhí ar marthain.
4.—(1) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt san Acht seo, déanfar féimheacht nó comhshocraíocht a bhí ar marthain tráth thosach feidhme an Achta seo a riaradh dá éis sin de réir fhorálacha an Achta seo agus na rialacha faoin Acht seo, gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh nó a fulaingíodh go cuí roimh an tosach feidhme sin.
(2) Beidh feidhm ag forálacha an Achta seo agus ag na rialacha dá réir sin, a mhéid a fhéadfar iad a chur i bhfeidhm agus faoi réir cibé modhnuithe agus oiriúnuithe is iomchuí, amhail is dá mbeadh breithniú déanta ar an bhféimheach, nó ordú cosanta deonaithe don fhéichiúnaí comhshocraíochta, faoin Acht seo.
Caiteachais.
5.—Íocfar as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, na caiteachais faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo.
Aisghairm.
6.—(1) Aisghairtear leis seo, a mhéid a luaitear sa tríú colún den Sceideal sin, na hachtacháin a luaitear sa Dara Sceideal.
(2) Aon achainí, toghairm, subpoena, ordú, ordachán, fógra nó ionstraim eile a tíolacadh, a seirbheáladh, a rinneadh nó a eisíodh faoi achtachán aisghairthe agus a bhí i bhfeidhm tráth thosach feidhme an Achta seo, leanfaidh siad de bheith i bhfeidhm agus déileálfar leo ina dhiaidh sin amhail is dá mba faoin Acht seo a tíolacadh, a seirbheáladh, a rinneadh nó a eisíodh iad.
CUID II
Nós Imeachta i bhFéimheacht
Gníomhartha féimheachta.
(1872, a. 21 go páirt.)
7.—(1) Déanann duine aonair (ar a dtugtar “féichiúnaí” san Acht seo) gníomh féimheachta i ngach cás de na cásanna seo a leanas—
(a) má dhéanann sé, sa Stát nó in áit eile, tíolacas nó sannadh ar a chuid maoine ar fad, nó go substaintiúil ar fad, d'iontaobhaí nó d'iontaobhaithe chun leasa a chreidiúnaithe i gcoitinne;
(b) má dhéanann sé, sa Stát nó in áit eile, tíolacas, bronntanas, seachadadh nó aistriú calaoiseach ar a chuid maoine nó ar aon chuid di;
(c) má dhéanann sé, sa Stát nó in áit eile, aon tíolacas nó aistriú ar a chuid maoine nó ar aon chuid di, nó má chruthaíonn sé aon mhuirear ar an gcéanna, a bheadh faoin Acht seo nó faoi aon Acht eile, ar neamhní mar thosaíocht chalaoiseach dá mbreithneofaí ina fhéimheach é;
(d) má fhágann sé an Stát agus é ar intinn aige buachan ar a chreidiúnaithe nó iad a mhoilliú nó, i gcás é bheith las muigh den Stát, má fhanann sé lasmuigh den Stát nó má imíonn sé as a theach cónaithe nó má asláithríonn sé é féin ar shlí eile nó má éalaíonn sé óna chreidiúnaithe ar shlí eile;
(e) má chomhdaíonn sé dearbhú dócmhainneachta sa Chúirt;
(f) i gcás go mbeidh forghníomhú toibhithe ina choinne trína chuid earraí a urghabháil faoi ordú ó chúirt ar bith nó go mbeidh an sirriam nó an cláraitheoir contae, cibé tríd an ordú a fhormhuiniú nó ar shlí eile, tar éis a dhearbhú nach bhfuarthas aon earraí;
(g) i gcás go mbeidh an creidiúnaí a bheidh ag tíolacadh achainí tar éis toghairm féimheachta a sheirbheáil ar an bhféichiúnaí ar an modh forordaithe agus nach ndéanann sé, laistigh de cheithre lá dhéag tar éis sheirbheáil na toghairme, an tsuim a íoc dá dtagraítear sa toghairm nó urrú nó imshocrú ina leith chun sástacht an chreidiúnaí.
(2) Déanann féichiúnaí gníomh féimheachta freisin má mhainníonn sé déanamh de réir thoghairm féichiúnaí a sheirbheáiltear de bhun alt 21 (6) den Bankruptcy (Ireland) Amendment Act, 1872, laistigh den am iomchuí faoin Acht sin, agus beidh feidhm ag alt 8 (6) den Acht seo maidir leis an toghairm féichiúnaí sin.
(3) Beidh feidhm ag an alt seo, a mhéid is féidir é a chur i bhfeidhm, i ndáil le gníomhartha agus nithe agus i ndáil le faillíocha agus mainneachtanna gníomhartha agus nithe a dhéanamh cibé acu an roimh thosach feidhme an Achta seo, nó go páirteach roimhe agus go páirteach ina dhiaidh, nó go hiomlán ina dhiaidh a tharlaíonn sin.
Toghairm féimheachta.
(Nua: cf. 1872, a. 30 go páirt.)
8.—(1) Féadfaidh an Chúirt toghairm (dá ngairtear “toghairm féimheachta” san Acht seo) a dheonú do dhuine (dá ngairtear “an creidiúnaí” san alt seo) a chruthaíonn—
(a) go bhfuil fiach £1,500 nó os a chionn dlite dó den duine a bhfuil an toghairm á hiarraidh ina aghaidh,
(b) gur suim leachtaithe an fiach, agus
(c) gur seirbheáladh fógra san fhoirm fhorordaithe ar an bhféichiúnaí ag éileamh go n-íocfaí an fiach.
(2) Féadfar toghairm féimheachta a dheonú do dhá chreidiúnaí nó níos mó nach comhpháirtithe iad agus ar £1,000 nó níos mó a gcuid fiacha, le chéile. Ina leithéid sin de chás, d'fhonn déanamh de réir na bhforéileamh sa toghairm, ní mór d'fhéichiúnaí na fiacha a íoc nó imshocraíocht a dhéanamh ina leith nó urrús a thabhairt maidir leo do na creidiúnaithe go léir is páirtithe sa toghairm, mura gcomhaontóidh siad ar a mhalairt.
(3) San fhógra ag éileamh go n-íocfaí an fiach leagfar amach sonraí an fhéich atá dlite agus éileofar íocaíocht laistigh de cheithre lá tar éis an fógra a sheirbheáil ar an bhféichiúnaí.
(4) Beidh an toghairm féimheachta san fhoirm fhorordaithe.
(5) Féadfaidh féichiúnaí ar a seirbheáiltear toghairm féimheachta iarratas, ar an modh forordaithe agus laistigh den am forordaithe, a dhéanamh chun na Cúirte chun an toghairm a dhíbhe.
(6) (a) Féadfaidh an Chúirt an toghairm a dhíbhe, le costais nó gan chostais, agus
(b) ní mór don Chúirt an toghairm a dhíbhe más deimhin léi go mbeadh saincheist i gcomhair trialach i gceist.
Féichiúnaí éalaitheach a ghabháil.
(1872, ailt 78, 79 agus 80.)
9.—(1) Má dhealraíonn sé don Chúirt, tar éis toghairm féimheachta a bheith deonaithe in aghaidh féichiúnaí agus sula bhféadfar achainí chun é a bhreithniú ina fhéimheach a thíolacadh ina choinne, go bhfuil cúis dhóchúil ann lena chreidiúint go bhfuil sé ar tí an Stát a fhágáil nó éalú ar shlí eile d'fhonn íoc an fhéich, ar mar gheall air a eisíodh an toghairm féimheachta, a sheachaint nó d'fhonn scrúdú a sheachaint maidir lena ghnóthaí, nó d'fhonn imeachtaí i bhféimheacht a sheachaint nó a mhoilliú ar shlí eile, féadfaidh an Chúirt a chur faoi deara an féichiúnaí sin a ghabháil agus é a bhreith os comhair na Cúirte.
(2) Ní bheidh aon ghabháil faoin alt seo dleathach mura seirbheálfar an toghairm féimheachta ar an bhféichiúnaí sula ngabhfar é nó an tráth a ghabhfar é.
(3) Ar an bhféichiúnaí do thairiscint cibé urrúis, nó ar é do dhéanamh cibé íocaíochta nó imshocraíochta is réasúnach leis an gCúirt, scaoilfear ó choimeád é mura n-ordaíonn an Chúirt a mhalairt.
(4) Ní bheidh aon urrús, íocaíocht ná imshocraíocht den sórt sin díolmhaithe ó fhorálacha an Achta seo i ndáil le tosaíochtaí calaoiseacha.
Achainí.
(1857, a. 116 go páirt.)
10.—Is le hachainí arna fíorú le mionnscríbhinn an achainígh a dhéanfar iarratas ar bhreithniú.
Tíolacadh achainí.
(1872, a. 20)
(1872, a. 21 go páirt.)
(cf. 1857, a. 115)
(Nua: cf. 1857, a. 409)
(1872, a. 21 go páirt.)
(1857, a. 120)
11.—(1) Beidh creidiúnaí i dteideal achainí a thíolacadh le haghaidh breithniú in aghaidh féichiúnaí—
(a) más £1,500 nó níos mó an fiach atá dlite den fhéichiúnaí don chreidiúnaí achainíoch (nó, i gcás dhá chreidiúnaí nó níos mó do dhul i bpáirt i dtíolacadh na hachainí, méid comhiomlán na bhfiacha atá dlite dóibh),
(b) más suim leachtaithe an fiach,
(c) más rud é, maidir leis an ngníomh féimheachta ar a mbunaítear an achainí, gur laistigh de thrí mhí roimh thíolacadh na hachainí a tharla sé, agus
(d) más sa Stát atá sainchónaí ar an bhféichiúnaí (cibé acu an saoránach é nó nach ea) nó má bhí, laistigh de bhliain roimh dháta tíolactha na hachainí, gnáthchónaí air sa Stát nó má bhí teach cónaithe nó áit ghnó aige sa Stát nó má bhí gnó ar siúl aige sa Stát go pearsanta nó trí ghníomhaire nó trí bhainisteoir, nó más comhalta i gcomhpháirtíocht é nó, laistigh den tréimhse sin, má ba chomhalta i gcomhpháirtíocht é, a sheol gnó sa Stát trí chomhpháirtí, trí ghníomhaire nó trí bhainisteoir.
(2) Más creidiúnaí urraithe creidiúnaí a thíolacann an achainí nó a théann i bpáirt i dtíolacadh na hachainí leagfaidh sé amach ina achainí sonraí i dtaobh a urrúis agus luafaidh sé go bhfuil sé toilteanach a urrús a thabhairt suas ar mhaithe leis na creidiúnaithe i gcás go mbreithneofar an féichiúnaí ina fhéimheach nó tabharfaidh sé meastachán ar luach a urrúis. I gcás go dtugann creidiúnaí urraithe meastachán ar luach a urrúis féadfar glacadh leis mar chreidiúnaí achainíoch nó mar chomhchreidiúnaí achainíoch go feadh iarmhéid an fhéich a bheidh dlite dó tar éis an luach arna mheas amhlaidh a asbhaint sa tslí chéanna is dá mba chreidiúnaí neamhurraithe é ach déanfaidh sé, ar iarratas a bheith déanta ag an Sannaí Oifigiúil tar éis dháta an bhreithnithe, a urrús a thabhairt suas don Sannaí Oifigiúil ar mhaithe leis na creidiúnaithe ar an luach measta sin a íoc.
(3) Féadfaidh aon fhéichiúnaí achainí a dhéanamh le haghaidh breithniú ina aghaidh féin.
Costais chreidiúnaí achainígh.
(1857, a. 135)
12.—Tíolacfaidh an creidiúnaí achainíoch a achainí ar a chostas féin agus tabharfaidh sé ar aghaidh é go tráth an tsuí reachtúil dá dtagraítear in alt 17 (3), agus déanfaidh an Chúirt, ag an suí nó dá éis, ordú chun na costais sin a íoc as eastát an fhéimhigh i gcúrsa tosaíochta a shocrófar le rialacha cúirte.
Comhaontú idir féimheach agus creidiúnaí maidir le hachainí nó gníomh féimheachta.
(1857, a. 136)
13.—Ní dhéanfar aon achainí le haghaidh breithniú a dhíbhe ná aon bhreithniú a chur ar neamhní de bhíthin amháin go ndearna an féimheach nó a aturnae agus aon chreidiúnaí nó duine eile comhbheartú nó comhaontú eatarthu i dtaobh na hachainí nó an ghnímh féimheachta.
Breithniú: achainí creidiúnaí.
(1857, a. 127 go páirt.)
(1857, a. 129 go páirt; 36/1971, a. 23 (1))
14.—(1) I gcás gur creidiúnaí a thíolacfaidh an achainí, déanfaidh an Chúirt, le hordú, más deimhin léi gur comhlíonadh ceanglais alt 11 (1), an féichiúnaí a bhreithniú ina fhéimheach.
(2) Seirbheálfar cóip den ordú ar an bhféichiúnaí go pearsanta nó trína fágáil ag a áit chónaithe nó a áit ghnó sa Stát.
Breithniú: achainí féichiúnaí.
(R. na nUasch. 0.76, r. 37)
15.—I gcás gur féichiúnaí a thíolacfaidh an achainí, déanfaidh an Chúirt le hordú, ar chruthú nach féidir leis freastal dá ghealltanais i leith a chreidiúnaithe agus go bhfuil an t-eastát dá chuid atá ar fáil leordhóthanach chun £1,500 ar a laghad a dhéanamh, an féichiúnaí a bhreithniú ina fhéimheach.
Cúis a shuíomh in aghaidh breithnithe.
(cf. 1857, a. 129)
16.—(1) Féadfaidh an féimheach, laistigh de thrí lá nó cibé am breise nach faide ná ceithre lá dhéag is cuí leis an gCúirt ón tráth a seirbheáladh an chóip den ordú breithnithe air, cúis a shuíomh don Chúirt in aghaidh bhailíocht an bhreithnithe.
(2) Ar iarratas ar chúis a shuíomh faoi fho-alt (1) déanfaidh an Chúirt, i gcás gur deimhin léi go suíonn an féimheach laistigh den am sin nár comhlíonadh aon cheanglas de cheanglais alt 11 (1), an breithniú a chur ar neamhní agus féadfaidh sí, in aon chás eile, an t-iarratas a dhíbhe nó é a chur ar athló ar cibé coinníollacha is cuí leis an gCúirt ag féachaint do leasanna an fhéimhigh, a chuid creidiúnaithe agus aon daoine eile a d'fhéadfadh creidmheas breise a thabhairt dó.
(3) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a choiscfidh urghabháil láithreach ar earraí an fhéimhigh ar bhreithniú a bheith déanta air.
Fógra breithnithe agus suí reachtúil.
(1857, ailt. 129, 130 go páirt., cf. a. 353)
17.—(1) Beidh éifeacht leis an alt seo—
(a) i gcás achainí creidiúnaí sa chás nach ndearnadh chun sástacht na Cúirte cúis a shuíomh chun an breithniú a chur ar neamhní laistigh den am chun cúis a shuíomh, ar an am sin do dhul in éag;
(b) i gcás achainí féichiúnaí faoi alt 15 nó breithniú féichiúnaí comhshocraíochta faoi alt 105, tráth an bhreithnithe.
(2) Cuirfidh an Chúirt faoi deara go dtabharfar fógra faoin mbreithniú a luaithe is féidir ar an modh forordaithe san Iris Oifigiúil agus i nuachtán laethúil amháin ar a laghad a léitear sa limistéar ina gcónaíonn an féimheach.
(3) Ceapfaidh an Chúirt suí reachtúil a thionólfar laistigh de thrí seachtaine ó fhoilsiú an fhógra agus freastalóidh an féimheach ar an suí sin agus déanfaidh sé nochtadh iomlán ar a chuid maoine don Chúirt, agus féadfaidh a chreidiúnaithe a gcuid fiacha a chruthú agus sannaí creidiúnaithe a roghnú agus a cheapadh.
(4) Féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ar chúis a shuíomh faoi alt 16 (1) a chur ar athló, bac a chur ar fhoilsiú fógra faoin mbreithniú ar urrús a bheith tugtha ag an bhféimheach nó ar cibé coinníollacha eile is cuí leis an gCúirt.
Sannaí na gcreidiúnaithe.
(1857, ailt 64, 265)
18.—(1) Féadfaidh na creidiúnaithe, ag an suí reachtúil dá dtagraítear in alt 17 (3), duine (dá ngairtear “sannaí na gcreidiúnaithe” san Acht seo) a roghnú agus a cheapadh chun feidhmiú dóibh i riaradh eastát an fhéimhigh.
(2) Beidh gach creidiúnaí i dteideal vótáil sa roghnú sin go pearsanta nó trí ghníomhaire a bheidh údaraithe i scríbhinn chuige sin, agus is tríd an bpríomh-chuid de na creidiúnaithe ó thaobh luacha a dhéanfar an roghnú agus an ceapachán.
(3) Féadfaidh an Chúirt diúltú d'aon duine a roghnaíodh amhlaidh a ndealraíonn sé don Chúirt é bheith neamhinniúil chun bheith ina shannaí creidiúnaithe nó féadfaidh sí sannaí creidiúnaithe a chur as oifig agus i gcás folúntais, cibé slí a tharlóidh sé, féadfar roghnú agus ceapachán nua a dhéanamh sa tslí chéanna.
(4) Féadfaidh creidiúnaí a fhiach a chruthú d'fhonn sannaí creidiúnaithe a cheapadh.
Dualgais féimhigh.
(1857, a. 132 go páirt.)
19.—Déanfaidh an féimheach—
(a) mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, cibé leabhair chuntas nó páipéir eile a bhaineann lena eastát agus atá ina sheilbh nó faoina rialú agus a iarrfaidh an Sannaí Oifigiúil ó am go ham a sheachadadh láithreach ar an Sannaí Oifigiúil agus a nochtadh dó cé na leabhair nó na páipéir díobh atá i seilbh nó faoi rialú aon duine eile;
(b) seilbh ar aon chuid dá mhaoin is inroinnte i measc a chreidiúnaithe faoin Acht seo, agus atá de thuras na huaire ina sheilbh nó faoina rialú, a sheachadadh ar an Sannaí Oifigiúil nó ar aon duine a bheidh údaraithe ag an gCúirt nó ar shlí eile faoi fhorálacha an Achta seo chun seilbh a thógáil ar an gcuid sin;
(c) mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, ráiteas gnóthaí san fhoirm fhorordaithe a chomhdú sa Phríomh-Oifig laistigh den am forordaithe agus cóip de a sheachadadh ar an Sannaí Oifigiúil;
(d) gach cúnamh réasúnta a thabhairt don Sannaí Oifigiúil i riaradh an eastáit;
(e) aon mhaoin iarfhaighte a nochtadh don Sannaí Oifigiúil.
Athrú ar ainm nó ar sheoladh, etc.
(Nua)
20.—(1) Déanfaidh féimheach aon athrú ar a ainm nó ar a sheoladh a tharlaíonn le linn a fhéimheachta a chur in iúl i scríbhinn láithreach don Sannaí Oifigiúil.
(2) Chun críocha fho-alt (1) measfar athrú a bheith ar ainm féimhigh má úsáideann an féimheach go hiarbhír ainm difriúil nó ainm breise.
(3) Aon uair a cheanglóidh an Sannaí Oifigiúil air déanamh amhlaidh, cuirfidh féimheach in iúl láithreach don Sannaí Oifigiúil i scríbhinn cad é cineál aon slí bheatha, gairme, gnó nó fostaíochta a chleachtann sé.
(4) Aon fhéimheach a mhainníonn déanamh de réir aon fhoráil d'fhorálacha an ailt seo beidh sé ciontach i gcion.
Féimheach agus daoine eile a scrúdú.
(1857, ailt. 305 go páirt., 306, 307, 308, 310; cf. 33/1963, a. 245)
21.—(1) Féadfaidh an Chúirt féimheach nó aon duine arb eol go bhfuil nó a bhfuil drochamhras ann go bhfuil aon mhaoin de chuid an fhéimhigh ina sheilbh nó faoina rialú nó aon mhaoin de chuid an fhéimhigh diúscartha aige nó a shíltear a bheith i bhfiacha ag an bhféimheach, nó aon duine a fhéadfaidh, i dtuairim na Cúirte, faisnéis a thabhairt i ndáil le trádáil, déileálacha, gnóthaí nó maoin an fhéimhigh, a ghairm os a comhair.
(2) Féadfaidh an Chúirt é a scrúdú faoi mhionn maidir leis na nithe a dúradh, de bhriathra béil nó ar agarcheisteanna i scríbhinn, agus féadfaidh sí a fhreagraí a chur síos i scríbhinn agus a cheangal air iad a shíniú.
(3) Féadfaidh an Chúirt a cheangal air aon leabhair chuntas agus aon pháipéir ina sheilbh nó faoina rialú a bhaineann leis na nithe réamhráite a thabhairt ar aird ach i gcás go n-éilíonn sé aon lian ar leabhair nó ar pháipéir a thabharfaidh sé ar aird, ní dhéanfaidh a dtabhairt ar aird dochar don lian sin agus féadfaidh an Chúirt gach ceist a chinneadh i ndáil leis an lian.
(4) Ní bheidh féimheach ná duine eile a scrúdófar faoin alt seo i dteideal diúltú freagra a thabhairt ar aon cheist a chuirfear air ar an bhforas go bhféadfadh a fhreagra é a ionchoiriú ach ní bheidh aon fhreagra dá chuid inghlactha i bhfianaise ina choinne in aon imeachtaí eile, sibhialta nó coiriúil, ach amháin i gcás aon imeachtaí coiriúla mar gheall ar mhionnú éithigh i leith aon fhreagra den sórt sin.
Fiach atá dlite do fhéimheach a admháil.
(cf. 1857, a. 311)
22.—Má dhealraíonn sé go bhfuil aon duine, ar é a scrúdú, i bhfiacha ag an bhféimheach nó go bhfuil aon mhaoin de chuid an fhéimhigh ina sheilbh nó faoina rialú, féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ón Sannaí Oifigiúil, a ordú dó an méid nó aon chuid de a íoc leis an Sannaí Oifigiúil ag cibé am agus i cibé slí is cuí leis an gCúirt nó an mhaoin sin nó aon chuid di a sheachadadh ar an Sannaí Oifigiúil ag cibé tráth agus i cibé slí agus ar cibé téarmaí a ordóidh an Chúirt.
Gabháil féimhigh, etc.
(cf. 1857, ailt. 124, 125)
(cf. 1857, a. 305 go páirt.)
(cf. 1857, a. 308 go páirt.)
23.—(1) Má dhealraíonn sé don Chúirt, aon tráth tar éis ordú breithnithe a dhéanamh, ar chruthú a bheith aici go bhfuil cúis dhóchúil ann lena chreidiúint go bhfuil féimheach ar tí an Stát a fhágáil nó éalú ar shlí eile nó go ndearna sé nó go bhfuil sé ar tí aon mhaoin dá chuid a aistriú nó a cheilt agus é d'intinn aige íoc a chuid fiach a sheachaint nó scrúdú a sheachaint maidir lena ghnóthaí, nó go bhfuil sé ag fanacht as an mbealach agus nach féidir toghairm a sheirbheáil air, féadfaidh an Chúirt a chur faoi deara é a ghabháil agus é a thabhairt os a comhair le haghaidh scrúdú.
(2) Má ghairtear féimheach os comhair na Cúirte de bhun alt 21 agus nach dtiocfaidh sé ag an am a bheidh ceaptha gan leithscéal a bheith aige (a bheidh curtha i bhfios don Chúirt ag tráth a suite agus a bheidh ceadaithe aici) féadfaidh an Chúirt a chur faoi deara é a ghabháil agus a thabhairt os a comhair le haghaidh scrúdú.
(3) Má mhainníonn duine ar bith a ghairtear os comhair na Cúirte de bhun alt 21, tar éis suim réasúnach le haghaidh a chuid caiteachas a thairiscint dó, teacht os comhair na Cúirte ag an am a bheidh ceaptha gan leithscéal a bheith aige (a bheidh curtha i bhfios don Chúirt ag tráth a suite agus a bheidh ceadaithe aici) féadfaidh an Chúirt a chur faoi deara é a ghabháil agus a thabhairt os a comhair le haghaidh scrúdú.
(4) Ní dhéanann forálacha fho-ailt (2) agus (3) dochar do chumhachtaí na Cúirte i ndáil le díspeagadh nó lena chur ar fhinnéithe a bheith i láthair.
Cimiú chun príosúin.
(1857, a. 385)
24.—Má dhiúltaíonn an féimheach nó aon duine a ghairtear nó a thugtar os comhair na Cúirte mionn a ghlacadh nó má dhiúltaíonn nó má mhainníonn sé freagra a thabhairt ar aon cheist dhleathach a chuireann an Chúirt air nó mura bhfreagraíonn sé aon cheist den sórt sin go hiomlán nó má dhiúltaíonn sé a scrúdú a shíniú agus a fhoscríobh ar é a bheith curtha síos i scríbhinn (gan aon leithscéal dleathach a bheith aige a bheidh ceadaithe ag an gCúirt) nó déanamh de réir aon ordú ón gCúirt faoin Acht seo, féadfaidh an Chúirt a ordú an duine sin a chimiú chun príosúin d'fhonn fanacht le hordú eile de chuid na Cúirte.
Daoine i gcoimeád a scrúdú.
(1872, a. 73)
25.—Má bhíonn an féimheach nó duine ar bith i bpríosún de bhun ordú de chuid na Cúirte faoi alt 24, féadfaidh an Chúirt le barántas a bheidh dírithe chuig rialtóir an phríosúin a ordú é a thabhairt os comhair na Cúirte. I gcás go ndeimhneoidh duine den sórt sin don Chúirt go ndearna sé de réir a cuid ceanglas dleathach ordóidh an Chúirt é a scaoileadh saor ó choimeád. In aon chás eile féadfar é a thógáil ar ais go dtí an príosún gan aon ordú eile.
Scaoileadh féimhigh as príosún.
(Nua)
26.—Má bhíonn féimheach i bpríosún de bhua alt 6 den Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1940, mar gheall ar fhiach a thabhaigh sé roimh bhreithniú, féadfaidh an Chúirt ordú a thabhairt é a scaoileadh saor.
Barántas urghabhála.
(1857, a. 72 go páirt.)
27.—(1) Féadfaidh an Chúirt le barántas a ordú don Chigire Féimheachta nó d'aon chúntóir dá chuid aon mhaoin de chuid an fhéimhigh a urghabháil.
(2) Féadfaidh oifigeach a bheidh ag gníomhú faoin mbarántas aon chuid de mhaoin an fhéimhigh atá i seilbh nó faoi rialú an fhéimhigh a urghabháil agus féadfaidh sé, d'fhonn aon mhaoin den sórt sin a urghabháil, dul isteach, agus briseadh isteach más gá, in aon teach, foirgneamh, seomra nó áit eile de chuid an fhéimhigh a gceaptar go bhfuil aon chuid dá chuid maoine ann.
Barántas cuardaigh.
(cf. 1857, a. 326)
28.—Má dhealraíonn sé don Chúirt go bhfuil cúis ann lena chreidiúint go bhfuil maoin ar bith de chuid an fhéimhigh ceilte in aon teach, foirgneamh, seomra nó áit eile nach leis an bhféimheach, féadfaidh an Chúirt barántas cuardaigh a dheonú don Chigire Féimheachta nó d'aon chúntóir dá chuid, nó do dhuine eile a bheidh ceaptha ag an gCúirt agus féadfaidh siadsan an barántas a fhorghníomhú de réir a bhrí.
Slánaíocht do dhaoine a ghníomhaíonn faoi bharántas.
(1857, a. 327)
29.—Ní bheidh an Cigire Féimheachta ná a chuid cúntóirí, ná duine eile a bheidh ceaptha ag an gCúirt, faoi dhliteanas mar gheall ar aon ní a rinneadh bona fide de bhun aon bharántais de chuid na Cúirte.
Cásanna Comhpháirtíochta
Caingne ag an Sannaí Oifigiúil agus ag comhpháirtithe féimhigh.
(cf. 1857, a. 278)
30.—Má bhreithnítear comhalta de chomhpháirtíocht ina fhéimheach féadfaidh an Chúirt a údarú don Sannaí Oifigiúil aon chaingean a thosú agus a thabhairt ar aghaidh in ainmneacha an tSannaí Oifigiúil agus chomhpháirtí an fhéimhigh chun aon fhiach atá dlite do na comhpháirtithe, nó aon mhaoin dá gcuid, a ghnóthú agus beidh aon scaoileadh ar an bhfiach nó ar an éileamh lena mbaineann an chaingean, ag comhpháirtí den sórt sin, ar neamhní; ach déanfar fógra i dtaobh an iarratais ar údarás chun an chaingean a thosú a thabhairt do chomhpháirtí an fhéimhigh agus féadfaidh sé cúis a shuíomh ina coinne agus, ar iarratas uaidh, féadfaidh an Chúirt, más cuí léi, a ordú go bhfaighidh sé a chion cóir d'fháltais na caingne. Mura n-éileoidh an comhpháirtí aon tairbhe ón gcaingean slánófar é in aghaidh costas ina leith de réir mar a ordóidh an Chúirt.
Achainí in aghaidh comhpháirtí amháin nó níos mó.
(cf. 1857, a. 122)
31.—(1) Aon chreidiúnaí ar leor a fhiach chun é bheith i dteideal achainí ar bhreithniú a thíolacadh i gcoinne gach comhpháirtí i ngnólacht féadfaidh sé achainí a thíolacadh i gcoinne aon chomhpháirtí amháin nó níos mó den ghnólacht gan an chuid eile a áireamh.
(2) Má thíolactar achainí ar bhreithniú i gcoinne níos mó ná duine amháin féadfaidh an Chúirt ordú breithnithe a dhéanamh i gcoinne duine amháin, nó níos mó ná duine amháin díobh agus an achainí a dhíbhe maidir leis an gcuid eile.
Cuntais chomhpháirtíochta a sholáthar don Sannaí Oifigiúil.
(Nua)
32.—Má bhreithnítear comhalta de chomhpháirtíocht ina fhéimheach féadfaidh an Sannaí Oifigiúil a cheangal ar an gcomhpháirtí eile nó ar na comhpháirtithe eile cibé cuntais agus faisnéis a sheachadadh ar an Sannaí Oifigiúil a bhaineann leis an eastát comhpháirtíochta agus le leas an fhéimhigh ann (arna fhíorú go cuí le mionnscríbhinn más gá) de réir mar a cheapfaidh an Sannaí Oifigiúil a bheith riachtanach.
Dualgas comhpháirtí féimhigh.
(Nua)
33.—Má bhreithnítear comhalta de chomhpháirtíocht ina fhéimheach déanfaidh sé ráiteas gnóthaí ar leith san fhoirm fhorordaithe maidir leis an gcomhpháirtíocht a sheachadadh ar an Sannaí Oifigiúil laistigh den am forordaithe.
Cómhacin agus maoin leithleach.
(Nua)
34.—(1) I gcás comhpháirtithe beidh an chómhaoin infheidhme sa chéad ásc chun íoc as a gcomhfhiacha, agus beidh maoin leithleach gach comhpháirtí infheidhme sa chéad ásc chun íoc as a fhiacha leithleacha.
(2) I gcás barrachas cómhaoine a bheith ann déileálfar leis mar chuid de na maoine leithleacha faoi seach i gcomhréir le ceart agus leas gach comhpháirtí sa chómhaoin.
(3) I gcás barrachas d'aon mhaoin leithleach a bheith ann déileálfar leis mar chuid den chómhaoin a mhéid is gá chun fónamh d'aon easnamh ar an gcómhaoin.
Caingne i dtaobh comhchonarthaí.
(Nua)
35.—I gcás féimheach a bheith páirteach i gconradh i gcomhpháirt le haon duine eile, féadfaidh an duine eile sin agra a dhéanamh, nó féadfar agra a dhéanamh ina aghaidh, i leith an chonartha gan dul i bpáirt leis an bhféimheach.
Imeachtaí in ainm comhpháirtíochta.
(Nua)
36.—(1) Féadfaidh aon bheirt nó níos mó ar comhpháirtithe iad, nó aon duine a sheolann gnó faoi ainm comhpháirtíochta, imeachtaí a thionscnamh faoin Acht seo nó féadfar imeachtaí a thionscnamh ina n-aghaidh faoin Acht seo, in ainm an ghnólachta, ach i gcás den sórt sin féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ó aon duine ar leas leis é, ordú a thabhairt ainm na ndaoine a nochtadh i cibé slí agus iad a fhíorú faoi mhionn nó ar shlí eile, mar a ordóidh an Chúirt.
(2) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (1) ní dhéanfar aon ordú breithnithe in aghaidh gnólachta in ainm an ghnólachta ach déanfar é in aghaidh na gcomhpháirtithe go haonarach agus ainm an ghnólachta curtha leo.
Comhpháirtíochtaí teoranta.
(33/1963. a. 345 (8))
37.—Faoi réir cibé modhnuithe a dhéanfar le rialacha cúirte, beidh feidhm ag forálacha an Achta seo maidir le comhpháirtíochtaí teoranta sa tslí chéanna amhail is dá mba ghnáth-chomhpháirtíochtaí comhpháirtíochtaí teoranta agus, ar na comhpháirtithe ginearálta uile i gcomhpháirtíocht teoranta a bheith breithnithe ina bhféimhigh, dílseoidh sócmhainní na comhpháirtíochta teoranta don Sannaí Oifigiúil.
Imshocraíocht tar éis Féimheachta
Bac ar réadú eastáit.
(Nua)
38.—Féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ó fhéimheach, bac a dheonú ar réadú a eastáit ar feadh cibé ama agus faoi cibé coinníollacha is cuí léi, chun a chumasú dó nó d'aon daoine a bheidh ag gníomhú thar a cheann tairiscint imshocraíochta a dhéanamh dá chuid creidiúnaithe faoi alt 39.
Tairiscint imshocraíochta.
(cf. 1857, ailt. 149, 150 go páirt., 1872, alt 61)
39.—(1) I gcás bac ar réadú eastáit féimhigh a bheith deonaithe faoi alt 38, gairfidh an féimheach cruinniú dá chuid creidiúnaithe os comhair na Cúirte chun tairiscint imshocraíochta a dhéanamh dóibh.
(2) Deich lá ar a laghad roimh an gcruinniú, déanfar fógra i dtaobh an chruinnithe ina sonrófar go beacht an tairiscint imshocraíochta atá le déanamh a chur isteach san Iris Oifigiúil agus a chur freisin leis an bpost chuig gach creidiúnaí ag an seoladh is deireanaí is eol a bhí aige.
(3) Má dhéanann an féimheach tairiscint imshocraíochta nó má dhéantar sin thar a cheann agus go nglacann trí chúigiú de na creidiúnaithe, ó thaobh lín agus luacha, a vótálann ag an gcruinniú, cibé go pearsanta nó trí ghníomhaire a bheidh údaraithe i scríbhinn chuige sin, leis an tairiscint nó le haon mhodhnú uirthi, measfar go mbeidh glactha léi agus ar an tairiscint a bheith ceadaithe ag an gCúirt beidh sí ina ceangal ar chreidiúnaithe uile an fhéimhigh.
(4) Ní bheidh creidiúnaí i dteideal vótáil más lú ná £100 an fiach a bheidh dlite dó.
(5) Más rud é ar chúis ar bith nach mbeidh ráiteas faoina ghnóthaí comhdaithe ag an bhféimheach mar a cheanglaítear le halt 19 (c), déanfaidh sé amhlaidh ag an gcruinniú nó roimhe.
(6) Féadfar fiacha a chruthú ag an gcruinniú.
Imshocraíocht a íoc.
(Nua)
40.—(1) Beidh aon imshocraíocht iníoctha mar a leanas—
(a) in airgead tirim, laistigh de mhí amháin ó cheadú na tairisceana imshocraíochta ag an gCúirt nó laistigh de cibé am breise a lamhálfaidh an Chúirt, nó
(b) i dtráthchodanna, a mbeidh gach tráthchuid díobh urraithe chun sástacht na gcreidiúnaithe, nó
(c) go páirteach in airgead tirim agus go páirteach i dtráthchodanna a bheidh iníoctha nó urraithe mar a dúradh.
(2) Ní dhéanfar i gcás ar bith tráthchuid a urrú le bille, nóta nó urrús eile a bheidh sínithe ag an bhféimheach agus aigesean amháin nó infheidhmithe ina choinne amháin.
(3) Beidh discréid ag an gCúirt diúltú tairiscint a cheadú a bheidh iníoctha go hiomlán nó go páirteach i dtráthchodanna mura mbeidh an tráthchuid dheireanach iníoctha laistigh de dhá bhliain.
Ordú breithnithe a urscaoileadh.
(Nua)
41.—Ar iarratas ón bhféimheach nó óna ionadaithe pearsanta, déanfaidh an Chúirt, tráth na tuarascála ón Sannaí Oifigiúil agus mura bhfuil calaois i gceist, an t-ordú breithnithe a urscaoileadh—
(a) i gcás imshocraíochta is iníoctha in airgead tirim, ar an méid a lóisteáil leis an Sannaí Oifigiúil is gá chun íoc as an imshocraíocht, na caiteachais, na táillí, na costais, cibé suimeanna breise a ordóidh an Chúirt agus as na híocaíochtaí tosaíochta;
(b) i gcás imshocraíochta is iníoctha i dtráthchodanna a bheidh urraithe chun sástacht na gcreidiúnaithe, ar na billí, na nótaí nó na hurrúis eile comhlánaithe a lóisteáil leis an Sannaí Oifigiúil mar aon leis an méid is gá chun íoc as caiteachais, táillí, costais, cibé suimeanna breise a ordóidh an Chúirt agus as na híocaíochtaí tosaíochta;
(c) i gcás imshocraíochta is iníoctha go páirteach in airgead tirim agus go páirteach i dtráthchodanna a bheidh urraithe chun sástacht na gcreidiúnaithe, ar na billí, na nótaí nó na hurrúis eile comhlánaithe a lóisteáil leis an Sannaí Oifigiúil mar aon leis an méid is gá chun íoc as an imshocraíocht airgid, as caiteachais, táillí, costais, cibé suimeanna breise a ordóidh an Chúirt agus as na híocaíochtaí tosaíochta.
Féimheach d'fháil bháis tar éis Breithniú
Féimheach d'fháil bháis tar éis breithniú.
(1857, a. 137)
42.—Má fhaigheann féimheach bás féadfaidh an Chúirt dul ar aghaidh leis an bhféimheacht amhail is dá mba bheo dó.
Féimheacht Iardain
Féimheacht iardain.
(Nua)
43.—(1) Má bhreithnítear féimheach athuair, dílseoidh an mhaoin iarfhaighte go léir nach mbeidh éilithe ag an Sannaí Oifigiúil ar dháta na féimheachta iardain, don Sannaí Oifigiúil, má éilíonn sé í, chun creidmheas na féimheachta iardain.
(2) Déanfaidh an Sannaí Oifigiúil aon mhaoin iarfhaighte nó na fáltais ón maoin sin a bheidh ina sheilbh ar dháta na féimheachta iardain a aistriú chun creidmheas na féimheachta iardain (tar éis dó a chostais agus a chaiteachais a asbhaint).
(3) Aistreofar chun creidmheas na hiarfhéimheachta aon bharrachas a éireoidh de dhroim na féimheachta iardain.
CUID III
Riaradh Maoine
Éifeacht Breithnithe ar Mhaoin Féimhigh
Maoin a dhílsiú don Sannaí Oifigiúil.
(1857, ailt. 267, 268, 273).
44.—(1) I gcás duine a bhreithniú ina fhéimheach, ansin, faoi réir fhorálacha an Achta seo, dílseoidh maoin uile an duine sin, ar dháta an bhreithnithe, don Sannaí Oifigiúil chun leasa chreidiúnaithe an fhéimhigh.
(2) Maidir le teideal an tSannaí Oifigiúil chun aon mhaoine a dhílsíonn dó de bhua fho-alt (1) ní thosóidh sé, faoi réir fhorálacha an Achta seo, ar aon dáta is luaithe ná dáta an bhreithnithe.
(3) Folaíonn an mhaoin lena mbaineann fo-alt (1)—
(a) na cumhachtaí go léir a dhílsítear don fhéimheach agus a d'fhéadfadh sé a fheidhmiú go dlíthiúil i ndáil le haon mhaoin díreach roimh dháta an bhreithnithe;
(b) an mhaoin go léir ab ábhar d'aon tíolacas nó aistriú a dhearbhaítear le hailt 57, 58 agus 59 a bheith ar neamhní amhail i gcoinne an tSannaí Oifigiúil, faoi réir chearta aon daoine a chaomhnaítear leis na hailt sin.
(4) Ní fholaíonn an mhaoin lena mbaineann fo-alt (1)—
(a) maoin a shealbhaíonn an féimheach ar iontaobhas d'aon duine eile, ná
(b) aon suim a dhílsíonn don Sannaí Oifigiúil faoi alt 7 (1) (a) den Acht um Cheantálaithe agus Gníomhairí Tithe, 1967, nó alt 30 (i) d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971.
(5) Gan dochar d'aon phrionsabal atá ar marthain nó d'aon riail dlí nó cothromais, do chleachtas nó do ghnáthamh bunaithe i ndáil le damáistí nó cúiteamh a ghnóthaíonn féimheach nó is inghnóthaithe aige mar gheall ar dhíobháil nó caillteanas pearsanta a d'fhulaing sé, aon mhaoin a fuair féimheach nó a chineachaigh chuige roimh urscaoileadh nó neamhniú an ordaithe breithnithe (dá ngairtear “maoin iarfhaighte” san Acht seo) dílseoidh sí don Sannaí Oifigiúil má éilíonn sé agus an tráth a éilíonn sé í.
Earraí eiscthe.
(1857, ailt 298, 299)
45.—(1) Beidh féimheach i dteideal seilbh a choimeád, mar earraí eiscthe, ar cibé baill éadaí, troscán tí, leapachas, uirlisí nó trealamh a cheirde nó a shlí bheatha nó earraí riachtanacha eile dá samhail dó féin, dá bhanchéile, dá leanaí agus dá ghaolta cleithiúnacha a chónaíonn leis, mar a roghnóidh sé, nach mó a luach ná £2,500 nó cibé méid eile a lamhálfaidh an Chúirt ar iarratas ón bhféimheach.
(2) I gcás go ndéanfaidh féimheach, tar éis dó na hítimí arb iad na hearraí eiscthe iad a roghnú, a iarraidh i scríbhinn ar an Sannaí Oifigiúil gan a mbeidh fágtha d'aon earraí den chineál dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a dhiúscairt, ní dhiúscróidh an Sannaí Oifigiúil iad sin ach amháin de réir ordaithe de chuid na Cúirte.
(3) Féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ón bhféimheach nó ón Sannaí Oifigiúil, i ndáil lena mbeidh fágtha d'earraí den sórt sin—
(a) a n-aistriú agus a ndíol a chur siar;
(b) a cheadú iad d'fhanacht in úsáid ag an bhféimheach;
(c) a ordú, tráth ar bith, iad a thógáil ag an Sannaí Oifigiúil nó thar a cheann agus iad a dhíol chun leasa na gcreidiúnaithe.
Deimhniú i dtaobh dílsiú maoine don Sannaí Oifigiúil.
(cf. 1857, a. 269)
46.—(1) Más rud é, de réir dlí, go gceanglaítear clárú a dhéanamh ar aon tíolacas talún agus go ndílsíonn an talamh sin don Sannaí Oifigiúil faoin gCuid seo, eiseofar deimhniú chuige faoi shéala na Cúirte mar fhianaise ar an dílsiú agus cuirfidh sé faoi deara an deimhniú a chlárú a luaithe is féidir amhail is dá mba thíolacas é, agus beidh an éifeacht chéanna chun gach críche ag clárú an deimhnithe a bheadh ag clárú tíolacais.
(2) Maidir le teideal aon cheannaitheora a cheannaigh aon talamh den sórt sin ar chomaoin luachmhar, de mheon macánta agus d'éagmais fógra faoin mbreithniú, agus a chláraigh an tíolacas go cuí roimh chlárú an deimhnithe, ní bheidh sé neamhbhailí de bhíthin an bhreithnithe mura gclárófar an deimhniú laistigh de dhá mhí tar éis dháta an bhreithnithe.
Airgead agus urrúis áirithe a dhílsiú don Sannaí Oifigiúil.
(Nua)
47.—D'ainneoin aon fhorála in aon achtachán eile—
(a) aon airgead i mBanc Taisce an Phoist nó i mbanc taisce iontaobhais a bhfuil teideal ag féimheach chuige, nó
(b) aon urrúis a eisíonn an tAire Airgeadais tríd an bPost faoina chumhachtaí reachtúla chun iasachtaí a fháil agus a bhfuil teideal ag féimheach chucu,
dílseoidh an t-airgead nó na hurrúis sin, tráth breithnithe an fhéimhigh, don Sannaí Oifigiúil, ar an tslí chéanna le haon mhaoin eile.
Teorainn le cumhachtaí an tSannaí Oifigiúil i ndáil le cóipcheart.
(Nua)
48.—Más rud é go gcuimsíonn maoin féimhigh an chóipcheart in aon saothar nó aon leas i gcóipcheart den sórt sin agus go ndlífidh sé ríchíosanna nó sciar de na brabúis ina leith a íoc leis an údar—
(a) ní bheidh an Sannaí Oifigiúil i dteideal aon chóipeanna den saothar a dhíol ná a údarú aon chóipeanna de a dhíol, ná an saothar a léiriú ná léiriú den saothar a údarú, ach amháin de réir na dtéarmaí go n-íocfar leis an údar cibé suimeanna ar mhodh ríchíosa nó sciar de na brabúis a bheadh iníoctha ag an bhféimheach, agus
(b) ní bheidh sé i dteideal an ceart a shannadh ná an leas a aistriú ná aon leas sa cheart a dheonú le ceadúnas, ach amháin le toiliú an údair nó na Cúirte agus ar théarmaí a áiritheoidh íocaíochtaí don údar ar mhodh ríchíosa nó sciar de na brabúis de réir ráta nach lú ná an ráta a dhlígh an féimheach a íoc.
Clásal sriantach i gcomhaontú nó i léas.
(Nua)
49.—(1) Beidh gach cúnant nó foráil d'fhorghéilleadh léasa tráth féimheachta an léasaí ar neamhní amhail in aghaidh an tSannaí Oifigiúil.
(2) Aon chlásal i gcomhaontú fruilcheannaigh a airbheartaíonn an comhaontú a fhoirceannadh tráth féimheachta an fhruilitheora, beidh sé ar neamhní amhail in aghaidh an tSannaí Oifigiúil.
Forghníomhú in aghaidh maoine féichiúnaí roimh bhreithniú.
(cf. 1872, a. 54)
50.—(1) I gcás go ndearnadh earraí nó leas léasachta i dtalamh de chuid féichiúnaí a urghabháil faoi ordú forghníomhaithe agus a dhíol, nó i gcás gur íocadh airgead, mar pháirt-shásamh nó mar lán-sásamh ar an bhforghníomhú, leis an sirriam nó leis an gcláraitheoir contae nó leis an gcreidiúnaí forghníomhaithe d'fhonn urghabháil nó díol faoin bhforghníomhú sin a sheachaint, coinneoidh an sirriam, an cláraitheoir contae nó an creidiúnaí forghníomhaithe fáltais an díola nó an t-airgead a íocadh amhlaidh, ar feadh tréimhse lá is fiche.
(2) Más rud é, laistigh den tréimhse sin, go bhfaighidh an sirriam, an cláraitheoir contae nó an creidiúnaí forghníomhaithe fógra faoi bhreithniú an fhéichiúnaí, géillfidh sé an mhaoin don Sannaí Oifigiúil nó íocfaidh sé leis fáltais an díola nó aon airgead a íocadh mar shásamh ar an bhforghníomhú agus beidh an Sannaí Oifigiúil i dteideal an mhaoin, na fáltais nó an t-airgead, de réir mar a bheidh, a choinneáil amhail in aghaidh an chreidiúnaí forghníomhaithe.
(3) Aon fhorghníomhú a thoibheofar trí urghabháil a dhéanamh ar aon mhaoin den sórt sin de chuid an fhéichiúnaí ní bheidh sé neamhbhailí de bhíthin amháin gur gníomh féimheachta é agus aon duine a cheannóidh an mhaoin de mheon macánta faoi dhíolachán ag an sirriam nó ag an gcláraitheoir contae, gheobhaidh sé teideal maith chuici amhail in aghaidh an tSannaí Oifigiúil.
(4) Má dhéanann sirriam nó cláraitheoir contae, gan fógra faoi bhreithniú an fhéichiúnaí, fáltais díola nó airgead eile a choinnigh sé de bhun fho-alt (1) a íoc leis an gcreidiúnaí forghníomhaithe tar éis lá is fiche a bheith caite, ní bheidh sé faoi dhliteanas ag an Sannaí Oifigiúil maidir leis an íocaíocht.
(5) Má ghéilltear maoin nó má íoctar fáltais díola nó airgead eile leis an Sannaí Oifigiúil beidh costais an fhorghníomhaithe ina thúsmhuirear ar an gcéanna agus féadfaidh an Sannaí Oifigiúil an mhaoin go léir nó cuid di a dhíol chun an muirear a ghlanadh.
Tosaíocht mhorgáiste breithiúnais.
(1857, a. 331)
51.—(1) Creidiúnaí breithiúnais a chláraíonn mionnscríbhinn dá bhreithiúnas de réir ailt 6 agus 7 den Judgment Mortgage (Ireland) Act, 1850, ní bheidh sé, de bhíthin an chláraithe sin, i dteideal aon tosaíochta ar chreidiúnaithe conartha shimplí i gcás an duine ar ina choinne a chláraítear an mhionnscríbhinn sin a bhreithniú ina fhéimheach, mura mbeidh an mhionnscríbhinn cláraithe trí mhí ar a laghad roimh dháta an bhreithnithe.
(2) Déanfar an tagairt in alt 284 (2) d'Acht na gCuideachtaí, 1963, d'alt 331 den Irish Bankrupt and Insolvent Act, 1857 (a aisghairtear leis an Acht seo) a fhorléiriú mar thagairt d'fho-alt (1) agus dá réir sin déanfar an tagairt san alt sin 284 (2) do chomhdú na hachainí a léamh mar thagairt do dháta an bhreithnithe.
Ordú an ceannaitheoir a chur i seilbh.
(1872, a. 75)
52.—I gcás talamh de chuid féimhigh nó féichiúnaí comhshocraíochta a bheith díolta faoi fhorálacha an Achta seo nó a bheith díolta ag an gCúirt nó faoi ordú uaithi, féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ón gceannaitheoir, ordú a eisiúint á ordú don sirriam nó don chláraitheoir contae iomchuí an ceannaitheoir a chur i seilbh na talún go léir nach bhfuil á áitiú ag léasaithe, ag fo-léasaithe nó ag tionóntaí, ar faoi réir a leasa a rinneadh an díol agus a d'aturnaigh chuig an gceannaitheoir laistigh d'am a chinnfear san ordú, agus forghníomhófar an t-ordú ar an modh céanna le hordú maidir le seachadadh seilbhe.
Cead ag morgáistí imthairiscint a dhéanamh tráth díola.
(1857, a. 316)
53.—Féadfaidh morgáistí aon mhaoine de chuid féimhigh nó féichiúnaí comhshocraíochta, le cead na Cúirte, imthairiscint agus ceannach a dhéanamh tráth díola na maoine.
Urscaoileadh daoine a sheachadann maoin, etc., ar an Sannaí Oifigiúil.
(cf. 1857, a. 281)
54.—Maidir le duine—
(a) óna ngnóthaíonn an Sannaí Oifigiúil aon mhaoin de chuid féimhigh, nó
(b) a dhéanann, gan aon imeachtaí dlí, seilbh aon mhaoine den sórt sin a sheachadadh de mheon macánta ar an Sannaí Oifigiúil, nó
(c) a íocann aon fhiach a dhlitear do fhéimheach agus a éilíonn an Sannaí Oifigiúil,
scaoilfear é ó gach éileamh ag an bhféimheach i leith na maoine nó an fhéich sin, d'ainneoin neamhniú nó urscaoileadh an bhreithnithe dá éis sin.
Ní chuirfear ó bhail teideal chun maoine a dhíolfar.
(1857, a. 323)
55.—Ní dhéanfaidh an féimheach, ná aon duine á éilíonn faoi, an teideal chun aon mhaoine a dhíolfar i bhféimheacht a chur ó bhail de bhíthin amháin go bhfuil locht éigin ar aon imeachtaí faoin Acht seo.
Maoin dhochraideach a shéanadh.
(1872, ailt 97 agus 98; 33/1963, a. 290)
56.—(1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (5), más é atá in aon mhaoin (seachas maoin iarfhaighte) de chuid féimhigh talamh faoi aon tionacht a bhfuil cúnaint dhochraideacha d'ualach air, scaireanna nó stoc i gcuideachtaí, conarthaí gan bhrabús, nó aon mhaoin eile nach féidir a dhíol nó nach féidir a dhíol go réidh toisc go gcuireann sí ceangal ar a sealbhóir aon ghníomh dochraideach a dhéanamh nó aon suim airgid a íoc, féadfaidh an Sannaí Oifigiúil, d'ainneoin iarracht a bheith déanta aige an mhaoin a dhíol nó seilbh a bheith glactha aige uirthi nó aon ghníomh úinéireachta a bheith déanta aige maidir léi, an mhaoin a shéanadh, le cead na Cúirte agus faoi réir fhorálacha an ailt seo, trí scríbhinn a shíneoidh sé, aon tráth laistigh de dhá mhí dhéag tar éis dháta an bhreithnithe nó tar éis cibé tréimhse fhadaithe a cheadóidh an Chúirt.
(2) Más rud é nach mbeidh eolas faoi aon mhaoin den sórt a dúradh faighte ag an Sannaí Oifigiúil laistigh de mhí tar éis dháta an bhreithnithe, féadfar, aon tráth laistigh de dhá mhí dhéag tar éis dó eolas a fháil ina taobh nó de cibé tréimhse fhadaithe a cheadóidh an Chúirt, an chumhacht a fheidhmiú a thugtar faoin alt seo chun an mhaoin a shéanadh.
(3) Oibreoidh an séanadh chun deireadh a chur, amhail ó dháta an tséanta, le cearta, leasanna agus dliteanais an fhéimhigh, agus le dílseánacht an fhéimhigh, sa mhaoin a shéantar nó i leith na maoine sin, agus urscaoilfidh sé freisin an Sannaí Oifigiúil ó gach dliteanas pearsanta i leith na maoine a shéantar amhail ó dháta dílsithe na maoine dó, ach ní dhéanfaidh sé difear do chearta ná dliteanais aon duine eile ach amháin sa mhéid gur gá sin chun an féimheach agus maoin an fhéimhigh agus an Sannaí Oifigiúil a scaoileadh ó dhliteanas.
(4) Féadfaidh an Chúirt, sula dtabharfaidh sí cead séanta nó ar é a thabhairt, a cheangal ar an Sannaí Oifigiúil cibé fógraí a thabhairt do dhaoine leasmhara, agus féadfaidh sí cibé téarmaí a fhorchur mar choinníoll a bhainfidh leis an gcead a thabhairt, agus cibé ordú eile a dhéanamh san ábhar, is dóigh leis an gCúirt is cóir.
(5) Ní bheidh an Sannaí Oifigiúil i dteideal aon mhaoin a shéanadh faoin alt seo in aon chás ina ndearnadh iarratas chuige i scríbhinn ó aon daoine a bhfuil leas acu sa mhaoin á cheangal air a chinneadh cé acu a shéanfaidh sé nó nach séanfaidh sé í, agus nach mbeidh an Sannaí Oifigiúil, laistigh de thréimhse ocht lá is fiche tar éis dó an t-iarratas a fháil nó de cibé tréimhse bhreise a cheadóidh an Chúirt, tar éis fógra a thabhairt don iarratasóir go bhfuil ar intinn aige iarratas a dhéanamh chun na Cúirte ar chead séanta; agus más rud é, i gcás conartha, nach ndéanfaidh an Sannaí Oifigiúil, tar éis an iarratais sin a dúradh, an conradh a shéanadh laistigh den tréimhse sin nó den tréimhse fhadaithe sin, measfar go mbeidh glactha aige leis.
(6) Féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ó aon duine a bheidh, amhail in aghaidh an tSannaí Oifigiúil, i dteideal tairbhe, nó faoi réir ualach, aon chonartha a rinneadh leis an bhféimheach, ordú a dhéanamh ag cealú an chonartha, ar cibé téarmaí is dóigh leis an gCúirt is cóir maidir le híoc damáistí ag ceachtar páirtí, nó le ceachtar páirtí, mar gheall ar neamhchomhlíonadh an chonartha nó eile, agus measfar gur fiach a cruthaíodh agus a admhaíodh san fhéimheacht aon damáistí is iníoctha faoin ordú le haon duine den sórt sin.
(7) Faoi réir fho-alt (8), féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ó aon duine a bheidh ag éileamh go bhfuil aon leas aige in aon mhaoin shéanta nó a bheidh faoi aon dliteanas nach n-urscaoiltear leis an Acht seo i leith aon mhaoine séanta, agus tar éis di aon daoine den sórt sin is cuí léi a éisteacht, ordú a dhéanamh chun an mhaoin a dhílsiú d'aon duine nó a sheachadadh ar aon duine a bheidh ina teideal, nó a ndealróidh sé gur cóir an mhaoin a sheachadadh air mar chúiteamh sa dliteanas sin a dúradh, nó ar iontaobhaí dó, agus ar cibé téarmaí is dóigh leis an gCúirt is cóir, agus ar aon ordú dílseacháin den sórt sin a dhéanamh, dílseoidh an mhaoin a bheidh ar áireamh ann dá réir sin don duine a bheidh ainmnithe ann chuige sin gan aon tíolacas ná sannadh chun na críche sin.
(8) Más de chineál léasachta an mhaoin a shéantar, ní dhéanfaidh an Chúirt ordú dílseacháin i bhfabhar aon duine a bheidh ag éileamh faoin bhféimheach, cibé acu mar fho-léasaí nó mar mhorgáistí trí fhorléasadh é, ach amháin ar théarmaí lena gcuirfear an duine sin—
(a) faoi réir na ndliteanas agus na n-oibleagáidí céanna leo siúd a raibh an féimheach faoina réir faoin léas i leith na maoine ar dháta an bhreithnithe; nó
(b) más cuí leis an gCúirt é, faoi réir na ndliteanas agus na n-oibleagáidí céanna sin amháin a mbeadh an duine sin faoina réir dá sannfaí an léas dó ar an dáta sin;
agus i gceachtar cás (más gá sin), ionann is nach raibh sa léas ach an mhaoin atá ar áireamh san ordú dílseacháin, agus déanfar aon mhorgáistí nó fo-léasaí a dhiúltóidh glacadh le hordú dílseacháin ar na téarmaí sin a eisiamh ó gach leas sa mhaoin agus ó gach urrús uirthi, agus mura mbeidh aon duine dá mbeidh ag éileamh faoin bhféimheach toilteanach glacadh le hordú ar na téarmaí sin, beidh cumhacht ag an gCúirt eastát agus leas an fhéimhigh sa mhaoin a dhílsiú d'aon duine a dhlífidh go pearsanta nó i gcáil ionadach, agus ina aonar nó i gcomhpháirt leis an bhféimheach, cúnaint an léasaí sa léas a chomhlíonadh, agus iad saortha agus urscaoilte ó gach eastát, eire agus leas a bhunaigh an féimheach ann.
(9) Aon duine a mbainfidh damáiste dó trí shéanadh a oibriú faoin alt seo, measfar gur creidiúnaí de chuid an fhéimhigh é go feadh méid na ndamáistí, agus féadfaidh sé dá réir sin an méid a chruthú mar fhiach san fhéimheacht.
Tíolacais Chalaoiseacha agus Dheonacha
Tosaíochtaí calaoiseacha a neamhniú.
(1872, a. 53; 33/1963, Sceid. 11, mír 1.)
57.—(1) Gach tíolacas nó aistriú maoine nó gach muirear ar an gcéanna, gach íocaíocht a dhéantar, gach oibleagáid a thabhaítear agus gach imeacht bhreithiúnach a thionscnaíonn nó a fhulaingíonn aon duine nach acmhainn dó a fhiacha a ghlanadh, de réir mar a thiocfaidh siad chun bheith dlite, as a chuid airgid féin i bhfabhar aon chreidiúnaí nó aon duine ar iontaobhas d'aon chreidiúnaí d'fhonn tosaíocht ar na creidiúnaithe eile a thabhairt don chreidiúnaí sin nó d'aon urra nó ráthóir ar an bhfiach a dhlitear don chreidiúnaí sin, measfar, i gcás go mbreithneofar an duine a dhéanann, a thabhaíonn, a thionscnaíonn nó a fhulaingíonn an céanna ina fhéimheach laistigh de shé mhí tar éis dáta déanta, tabhaithe, tionscanta nó fulaingthe an chéanna, iad a bheith calaoiseach agus ar neamhní amhail in aghaidh an tSannaí Oifigiúil; ach ní dhéanfaidh an t-alt seo difear do chearta aon duine a bheidh ag bunú teidil de mheon macánta agus ar chomaoin luachmhar trí chreidiúnaí nó faoi chreidiúnaí de chuid an fhéimhigh.
(2) (a) I gcás go mbreithneofar duine ina fhéimheach agus go mbeidh aon ní a rinneadh ar neamhní faoi fho-alt (1) nó go raibh sé ar neamhní faoi fhorálacha comhréireacha an dlí a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta seo mar thosaíocht chalaoiseach do dhuine a bhfuil leas aige i maoin atá faoi mhorgáiste nó faoi mhuirear chun fiach an fhéimhigh a urrú, ansin (gan dochar d'aon chearta nó dliteanais a éireoidh ar leith ón alt seo) beidh na dliteanais chéanna ar an duine a fuair an tosaíocht agus beidh na cearta céanna aige amhail is dá mbeadh geallta aige bheith faoi dhliteanas go pearsanta mar urra ar an bhfiach go feadh an mhuirir ar an maoin nó go feadh luach a leasa, cibé acu is lú.
(b) Déanfar luach leas an duine a dúradh a chinneadh amhail ar dháta an idirbhirt arbh é an tosaíocht chalaoiseach é, agus cinnfear é amhail is dá mbeadh an leas saor ó gach eire seachas eirí a raibh an muirear le haghaidh fiach an fhéimhigh faoina réir an uair sin.
(c) I gcás aon iarratas a dhéanfar chun na Cúirte maidir le haon íocaíocht ar an bhforas gur thosaíocht chalaoiseach d'urra nó do ráthóir an íocaíocht, beidh dlínse ag an gCúirt aon cheisteanna maidir leis an íocaíocht, a éireoidh idir an duine lena ndearnadh an íocaíocht agus an t-urra nó an ráthóir, a chinneadh agus faoiseamh a thabhairt ina leith d'ainneoin nach gá sin a dhéanamh chun críocha na féimheachta, agus chuige sin féadfaidh sí cead a thabhairt chun an t-urra nó an ráthóir a thabhairt isteach mar thríú páirtí faoi mar a dhéanfaí i gcás caingean chun an tsuim a íocadh a ghnóthú.
(d) Beidh feidhm ag mír (c), fara na modhnuithe is gá, i ndáil le hidirbhearta seachas íoc airgid, faoi mar atá feidhm aige maidir le híocaíochtaí.
Idirbhearta áirithe a neamhniú.
(Nua)
58.—(1) Más rud é, laistigh de thrí mhí sula mbreithneofar féichiúnaí ina fhéimheach, go ndéanfaidh sé gníomh féimheachta agus go ndíolfaidh sé ina dhiaidh sin aon mhaoin dá chuid ar phraghas atá, i dtuairim na Cúirte, go substaintiúil faoina margadhluach nó go ndéanfaidh sé aon idirbheart eile nó go mbeidh sé ina pháirtí in aon idirbheart eile a bhfuil d'éifeacht leis, i dtuairim na Cúirte, go laghdaíonn sé go substaintiúil an tsuim atá ar fáil le dáileadh ar na creidiúnaithe, beidh an t-idirbheart sin ar neamhní amhail in aghaidh an tSannaí Oifigiúil, mura rud é go ndearnadh an t-idirbheart ar mhodh bona fide agus nach raibh fógra ag an bpáirtí eile tráth an idirbhirt go raibh gníomh féimheachta déanta roimhe sin ag an bhféimheach.
(2) Ní dhéanfaidh fo-alt (1) difear do chearta aon duine a bheidh ag bunú teidil de mheon macánta agus ar chomaoin luachmhar trí dhuine nó faoi dhuine (seachas an féimheach) is páirtí in idirbheart a bheidh luaite san fho-alt sin.
(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le haon idirbheart a luaitear in alt 57 (1) nó 59.
Socraíochtaí áirithe a neamhniú.
(1857, a. 314; 1872, a. 52)
59.—(1) Aon socraíocht maoine, nach socraíocht a dhéantar roimh phósadh agus i gcomaoin phósta, nó a dhéantar i bhfábhar ceannaitheora nó eireadóra de mheon macánta agus ar chomaoin luachmhar beidh sí—
(a) i gcás an socraitheoir a bhreithniú ina fhéimheach laistigh de dhá bhliain tar éis dháta na socraíochta, ar neamhní amhail in aghaidh an tSannaí Oifigiúil, agus
(b) i gcás an socraitheoir a bhreithniú ina fhéimheach aon tráth dá éis sin laistigh de chúig bliana tar éis dháta na socraíochta, ar neamhní amhail in aghaidh an tSannaí Oifigiúil mura gcruthóidh na páirtithe a bheidh ag éileamh faoin socraíocht go raibh an socraitheoir, tráth déanta na socraíochta, ábalta ar a fhiacha go léir a íoc gan cúnamh na maoine a chuimsítear sa socraíocht agus gur aistrigh leas an tsocraitheora sa mhaoin sin chuig iontaobhaí na socraíochta sin ar í a fhorghníomhú.
(2) Aon chúnant nó conradh a dhéanann aon duine (ar a dtugtar an socraitheoir san alt seo) i gcomaoin a phósta nó a pósta, chun airgead a íoc sa todhchaí chun sochair do chéile nó leanaí an tsocraitheora, nó chun maoin nach raibh, ar dháta an phósta, aon eastát nó leas, cibé dílsithe nó teagmhasach, i seilbh nó i bhfuíoll, ag an socraitheoir inti a shocrú sa todhchaí ar chéile nó leanaí an tsocraitheora nó lena n-aghaidh, beidh an cúnant nó an conradh sin i gcás an socraitheoir a bhreithniú ina fhéimheach agus gan an cúnant nó an conradh a bheith forghníomhaithe ar dháta an bhreithnithe, ar neamhní amhail in aghaidh an tSannaí Oifigiúil ach amháin a mhéid a chumasaíonn sé do na daoine a bheidh i dteideal faoin gcúnant nó faoin gconradh éileamh a dhéanamh ar dhíbhinn i bhféimheacht an tsocraitheora faoin gcúnant nó faoin gconradh nó ina leith, ach cuirfear siar aon éileamh den sórt sin ar dhíbhinn go dtí go sásófar gach éileamh ó na creidiúnaithe eile ar chomaoin luachmhar in airgead nó i luach airgid.
(3) Aon íocaíocht airgid (nach íocaíocht préimheanna ar pholasaí árachais saoil) nó aon aistriú maoine a rinne an socraitheoir de bhun cúnaint nó conartha lena mbaineann fo-alt (2), beidh sí ar neamhní amhail in aghaidh an tSannaí Oifigiúil i bhféimheacht an tsocraitheora, mura gcruthóidh na daoine a ndearnadh an íocaíocht leo nó an t-aistriú chucu:
(a) go ndearnadh an íocaíocht nó an t-aistriú breis agus dhá bhliain roimh dháta breithnithe an tsocraitheora, nó
(b) go raibh an socraitheoir, ar dháta na híocaíochta nó an aistrithe, ábalta ar a fhiacha go léir a íoc gan cúnamh an airgid a íocadh amhlaidh ná na maoine a aistríodh amhlaidh, nó
(c) gur de bhun cúnaint nó conartha chun airgead a íoc nó maoin a aistriú is dóigh a thiocfadh chun an tsocraitheora ó bhás nó ar bhás duine áirithe a ainmnítear sa chúnant nó sa chonradh, a rinneadh an íocaíocht nó an t-aistriú, agus go ndearnadh é laistigh de thrí mhí tar éis don airgead nó don mhaoin teacht i seilbh nó faoi rialú an tsocraitheora;
ach, i gcás go ndearbhófar go bhfuil aon íocaíocht nó aistriú den sórt sin ar neamhní, beidh na daoine a ndearnadh an íocaíocht leo nó an t-aistriú chucu i dteideal éileamh a dhéanamh ar dhíbhinn faoin gcúnant nó faoin gconradh nó ina leith sa tslí chéanna amhail is dá mba nach raibh an cúnant nó an conradh forghníomhaithe ar dháta an bhreithnithe.
(4) San alt seo folaíonn “socraíocht” aon tíolacas nó aistriú maoine.
Forálacha Bainisteoireachta
Oifig an tSannaí Oifigiúil.
60.—(1) Beidh ag an Sannaí Oifigiúil, agus feidhmeoidh sé, cibé cumhachtaí agus údaráis agus comhlíonfaidh sé cibé dualgais agus feidhmeanna a thabharfar nó a shannfar dó ó am go ham le reacht (lena n-áirítear an tAcht seo) nó le rialacha cúirte.
(2) Fostófar cigire (dá ngairtear “an Cigire Féimheachta” san Acht seo) in Oifig an tSannaí Oifigiúil agus beidh feidhm dá réir sin ag mír 22 den Ochtú Sceideal a ghabhann le hAcht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961.
(3) An duine a bhí díreach roimh thosach feidhme an Achta seo i seilbh oifige mar Theachtaire na Cúirte tiocfaidh sé, ar an tosach feidhme sin, chun bheith, agus is é a bheidh, ina Chigire Féimheachta.
Feidhmeanna an tSannaí Oifigiúil i bhféimheacht agus i gcomhshocraíochtaí dílseacháin.
(Nua)
61.—(1) Baineann an t-alt seo le gach ábhar féimheachta agus comhshocraíocht dílseacháin.
(2) Is iad feidhmeanna an tSannaí Oifigiúil an mhaoin a ghlacadh isteach agus a réadú, na fiacha agus na dliteanais a chinneadh agus na sócmhainní a dháileadh de réir fhorálacha an Achta seo.
(3) I gcomhlíonadh a fheidhmeanna beidh cumhacht ag an Sannaí Oifigiúil go háirithe—
(a) an mhaoin a dhíol ar cheant poiblí nó trí chonradh príobháideach, le cumhacht chun iomlán na maoine a aistriú chuig aon duine nó an céanna a dhíol ina míreanna agus, chun críche talamh a dhíol, an díol sin a dhéanamh trí dheontas feofheirme, fodheontas feofheirme, léas, fo-léas nó ar shlí eile agus aon chíos a dhíol a bheidh forchoimeádta ar aon deontas den sórt sin nó aon fhrithdhílse a dhíol a bheidh feifeach ar fhoirceannadh aon léasa den sórt sin,
(b) aon chomhréiteach nó comhshocraíocht a dhéanamh le creidiúnaithe nó le daoine a bheidh ag éileamh gur creidiúnaithe iad, nó a bhfuil, nó a líomhnóidh go bhfuil, aon éileamh acu, láithreach nó todhchaí, cinnte nó teagmhasach, cinntithe nó inchúitithe le damáistí amháin trína bhféadfaidh an féimheach nó an féichiúnaí comhshocraíochta teacht faoi dhliteanas,
(c) gach fiach agus gach dliteanas a bhféadfadh fiacha teacht as, agus gach éileamh, láithreach nó todhchaí, cinnte nó teagmhasach, cinntithe nó inchúitithe le damáistí amháin, atá ar marthain nó a shíltear a bheith ar marthain idir an féimheach nó an féichiúnaí comhshocraíochta agus aon fhéichiúnaí agus gach ceist a bhaineann in aon slí leis na sócmhainní nó leis na himeachtaí nó a dhéanfaidh difear dóibh in aon slí, a chomhréiteach ar cibé téarmaí ar a gcomhaontófar agus aon urrús go ndéanfar urscaoileadh ar aon fhiach, dliteanas nó éileamh, a ghlacadh agus urscaoileadh iomlán a thabhairt ina leith sin,
(d) aon imeachtaí a bhaineann leis an maoin a thionscnamh, a chosaint nó a choimeád ar siúl,
(e) aon díospóid a bhaineann leis an maoin a chur chun eadrána faoi théarmaí alt 11 den Acht Eadrána, 1954,
(f) aon mhaoin a mhorgáistiú nó a chur i ngeall chun aon airgead is gá a chruinniú,
(g) litreacha riaracháin maidir le haon eastát a rachadh a riaradh chun tairbhe don fhéimheach nó don fhéichiúnaí comhshocraíochta a bhaint amach faoina ainm oifigiúil gan a cheangal air urrús a thabhairt,
(h) comhaontú ar shuim le haghaidh costas i gcás go n-ordaíonn an Chúirt amhlaidh nó go gceapann sé nach mbeadh an tsuim a cheadófaí ar fhómhas níos mó ná £1,000,
(i) comhaontú ar tháillí cuntasóirí, ceantálaithe, bróicéirí agus daoine eile,
(j) cinneadh agus deimhniú a dhéanamh don Chúirt maidir leis an méid atá dlite i leith féich mhorgáiste agus tosaíocht chuí an chéanna le cumhacht don Chúirt an deimhniú sin a athrú,
(k) aon suim nach mó ná £100 ar mhodh slánaíochta i leith na gcostas a thabhaíonn sé a tharraingt as an gcuntas dá dtagraítear in alt 84 (1).
(4) D'ainneoin aon fhoráil contrártha dó sin i bhfo-alt (3), ní dhéanfar aon diúscairt ar mhaoin féimhigh, féichiúnaí comhshocraíochta ná duine a fhaigheann bás agus é dócmhainneach ar maoin í a fholaíonn áras teaghlaigh de réir bhrí an Achta um Chaomhnú Áras an Teaghlaigh, 1976, gan cead na Cúirte a fháil roimh ré, agus beidh aon diúscairt ar neamhní a dhéanfar gan cead den sórt sin.
(5) Ar iarratas ón Sannaí Oifigiúil faoin alt seo ar ordú chun áras teaghlaigh a dhíol, beidh, d'ainneoin aon ní san achtachán seo nó in aon achtachán eile, cumhacht ag an gCúirt ordú a thabhairt díol an árais teaghlaigh a chur siar ag féachaint do leasanna na gcreidiúnaithe agus chéile agus chleithiúnaithe an fhéimhigh agus d'imthosca uile an cháis chomh maith.
(6) Féadfaidh an Sannaí Oifigiúil, i gcás amhrais nó deacrachta, ordacháin na Cúirte a lorg i dtaca le gnóthaí aon fhéimhigh nó aon fhéichiúnaí comhshocraíochta.
(7) Beidh feidhmiú na gcumhachtaí a thugtar leis an alt seo ag an Sannaí Oifigiúil faoi réir rialú na Cúirte agus féadfaidh aon chreidiúnaí nó duine eile ag a bhfuil leas i dtuairim na Cúirte iarratas a dhéanamh chun na Cúirte i ndáil le feidhmiú nó feidhmiú beartaithe na gcumhachtaí sin.
(8) Na cumhachtaí agus na feidhmeanna a thugtar don Sannaí Oifigiúil leis an alt seo féadfar iad a fheidhmiú agus a chur i gcrích—
(a) i gcás breithniú a bhunaítear ar achainí ó fhéichiúnaí, tráth an bhreithnithe,
(b) i gcás breithniú a bhunaítear ar achainí ag creidiúnaí, ar an am chun cás a shuíomh a bheith imithe in éag,
(c) i gcás comhshocraíochta dílseacháin, ar cheadú an togra ag an gCúirt.
Cigire Féimheachta agus cúntóirí.
(1857, a. 62)
62.—(1) Leanfaidh an Cigire Féimheachta agus a chúntóirí treoracha an tSannaí Oifigiúil, faoi réir ordacháin agus rialú na Cúirte.
(2) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, beidh sé de dhualgas ar an gCigire Féimheachta nó ar a chúntóirí—
(a) maoin an fhéimhigh a urghabháil de bhun barántais a eiseoidh an Chúirt faoi alt 27,
(b) fardal a ghlacadh de mhaoin an fhéimhigh agus tuairisc a thabhairt uirthi,
(c) seilbh a ghlacadh ar mhaoin fhéichiúnaí comhshocraíochta de bhun alt 100 agus fardal a ghlacadh den mhaoin agus tuairisc a thabhairt uirthi,
(d) cibé nithe eile a dhéanamh a ordóidh an Chúirt nó an Sannaí Oifigiúil.
An Sannaí Oifigiúil a chosaint.
(1857, a. 65)
63.—Ní bheidh an Sannaí Oifigiúil faoi dhliteanas—
(a) de bhrí nár leor chun tacú le breithniú aon ní de na nithe ar ar bunaíodh an breithniú,
(b) i dtaca le haon mhaoin a ghlacadh aige, ar choinníoll nár dhéileáil sé leis an maoin ar mhodh seachas mar a d'ordaigh an Chúirt nó mar a cheanglaítear leis an Acht seo nó le rialacha cúirte.
Cumhacht an tSannaí Oifigiúil chun sainoidhreacht a urchose.
(1857, a. 340; 1872, a. 50)
64.—Féadfaidh an Sannaí Oifigiúil, le cead na Cúirte, déileáil le haon talamh a bhfuil an féimheach ina theideal go tairbhiúil mar thionónta sainoidhreach, sa tslí chéanna a bhféadfadh an féimheach déileáil leis dá mba nár breithníodh é; agus beidh réim agus feidhm ag ailt 49 go 61 den Fines and Recoveries (Ireland) Act, 1834 (a mhéid is infheidhme iad) maidir le himeachtaí i bhféimheacht faoin Acht seo amhail is dá mbeadh na hailt sin ath-achtaithe san Acht seo agus sin i dtéarmaí a bheadh infheidhme maidir leis na himeachtaí sin.
Cumhacht an tSannaí Oifigiúil chun cuid d'ioncam féimhigh a leithreasú.
(Nua: cf. 1857, a. 319; 1872, a. 51)
65.—(1) D'ainneoin aon fhoráil contrártha dó sin in aon achtachán eile, uair ar bith a mbeidh aon tuarastal, ioncam, díolaíocht nó pinsean á fháil ag féimheach, cibé féinfhostaithe é nó a mhalairt, nó a mbeidh sé i dteideal an céanna a fháil, féadfaidh an Chúirt, ó am go ham, ar iarratas ón Sannaí Oifigiúil, ordú a dhéanamh a bheidh dírithe chun an fhéimhigh agus chun aon duine óna bhfuil an féimheach i dteideal aon tuarastal, ioncam, díolaíocht nó pinsean den sórt sin a fháil á ordú an t-iomlán nó cuid den tuarastal, den ioncam, den díolaíocht nó den phinsean sin a íoc leis an Sannaí Oifigiúil faoi réir cibé coinníollacha maidir le híocaíocht a shonróidh an Chúirt san ordú ag féachaint do fhreagrachtaí teaghlaigh agus staid phearsanta an fhéimhigh.
(2) Féadfaidh an Chúirt tráth ar bith, ar iarratas ó aon duine leasmhar, ordú faoi fho-alt (1) a athrú, ag féachaint d'aon athruithe ar fhreagrachtaí teaghlaigh nó staid phearsanta an fhéimhigh.
Maoin a sheachadadh ar an Sannaí Oifigiúil.
(cf. 1857, a. 324)
66.—Déanfaidh gach duine, ar é á iarraidh air, an t-airgead uile nó na hurrúis uile ar airgead ina sheilbh nó faoina rialú nach bhfuil sé i dteideal a choimeád de réir dlí amhail in aghaidh an fhéimhigh nó an tSannaí Oifigiúil, a sheachadadh ar an Sannaí Oifigiúil.
Ceart an tSannaí Oifigiúil stoic nó scaireanna a aistriú.
(cf. 1857, a 320)
67.—I gcás gur stoic nó scaireanna a bheidh in aon chuid de mhaoin féimhigh, nó de mhaoin féichiúnaí comhshocraíochta faoi chomhshocraíocht dílseacháin, féadfaidh an Sannaí Oifigiúil an ceart chun iad a aistriú a fheidhmiú a mhéid céanna a bhféadfadh an féimheach nó an féichiúnaí comhshocraíochta é a fheidhmiú murach an breithniú nó an chomhshocraíocht dílseacháin.
Ceart an tSannaí Oifigiúil earraí atá geallearbtha nó curtha i ngeall a iniúchadh.
(Nua)
68.—I gcás go mbeidh aon earraí de chuid féimhigh á sealbhú ag aon duine ar mhodh cur i ngeall, geallearbtha nó urrúis eile, féadfaidh an Sannaí Oifigiúil fógra i scríbhinn a thabhairt don sealbhóir á rá go bhfuil sé ar intinn aige na hearraí a iniúchadh agus, i gcás fógra den sórt sin a bheith tugtha, ní bheidh an sealbhóir i dteideal a urrús a réadú go dtí go mbeidh deis réasúnach tugtha aige don Sannaí Oifigiúil chun na hearraí a iniúchadh agus a cheart fuascailte a fheidhmiú más cuí leis sin a dhéanamh.
Maoin féimhigh a ghlacadh.
(cf. 1857, ailt 60, 61)
69.—(1) Beidh an Sannaí Oifigiúil ina shannaí ar eastát gach féimhigh agus gníomhóidh sé i dteannta sannaí na gcreidiúnaithe, más ann dó.
(2) Ach amháin mar a ordaíonn an Chúirt a mhalairt, déanfaidh an Sannaí Oifigiúil maoin gach féimhigh, agus an t-ioncam agus na fáltais ón maoin sin, a shealbhú agus a ghlacadh.
(3) An t-airgead agus na hurrúis go léir a ghlacfaidh an Sannaí Oifigiúil, ar cuid iad d'eastát féimhigh, lóisteálfaidh sé láithreach iad i mBanc Ceannais na hÉireann agus coimeádfar ansin iad chun creidmheas an tSannaí Oifigiúil faoi réir fhorálacha an Achta seo agus rialacha cúirte agus ordacháin na Cúirte.
(4) Faoi réir alt 84, déileálfar de bhun rialacha cúirte leis an airgead agus leis na hurrúis go léir a bhí, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, ag seasamh chun creidmheas cuntas bainc i gcúrsaí féimheachta nó comhshocraíochta.
(5) Féadfaidh an Sannaí Oifigiúil, le cead na Cúirte, an t-iomlán nó aon chuid d'aon airgead dá dtagraítear san alt seo a infheistiú ó am go ham, agus déanfar aon ús air sin a íoc isteach sna cuntais bainc cuí.
Éileamh ar mhaoin i seilbh féimhigh.
(Nua)
70.—(1) Má éilíonn duine aon mhaoin atá i seilbh an fhéimhigh ar dháta an bhreithnithe déanfaidh sé éileamh a bheidh fíoraithe le mionnscríbhinn a chomhdú leis an Sannaí Oifigiúil.
(2) Féadfaidh an Sannaí Oifigiúil fógra i scríbhinn a thabhairt d'aon duine chun a éileamh chun maoine atá i seilbh an fhéimhigh ar dháta an bhreithnithe a chruthú agus más rud é nach ndéanfaidh an duine sin laistigh de mhí amháin tar éis seirbheáil an fhógra éileamh a bheidh fíoraithe le mionnscríbhinn a chomhdú leis an Sannaí Oifigiúil, féadfaidh an Sannaí Oifigiúil, le cead na Cúirte, an mhaoin a dhíol nó a dhiúscairt saor ó aon cheart nó leas inti ag an duine sin.
Liúntais d'fhéimheach.
(cf. 1857, a. 301)
71.—Féadfaidh an Chúirt cibé liúntais is cuí leis an gCúirt in imthosca speisialta an cháis a thabhairt don fhéimheach as a eastát.
Athdhíriú litreacha, etc., a sheoltar chuig féimheach.
(1857, a. 312)
72.—Má bhreithnítear féichiúnaí ina fhéimheach, féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ón Sannaí Oifigiúil, a ordú ó am go ham go ndéanfar ar feadh cibé tréimhse, nach faide ná trí mhí, is cuí leis an gCúirt litreacha, teileagraim agus paicéid phoist a bheidh dírithe ar an bhféimheach ag áit ar bith a bheidh luaite san ordú a athdhíriú nó a sheoladh chuig an Sannaí Oifigiúil nó a sheachadadh air de réir mar a ordóidh an Chúirt ar cibé téarmaí agus faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis an gCúirt.
Glacadóirí agus bainisteoirí a cheapadh.
(1872, a. 68)
73.—Féadfaidh an Chúirt, tráth ar bith tar éis breithniú nó tar éis ordú cosanta a dheonú, glacadóir nó bainisteoir a cheapadh ar mhaoin iomlán an fhéimhigh nó an fhéichiúnaí comhshocraíochta, nó ar chuid dá mhaoin, agus féadfaidh sí a ordú go nglacfaidh an glacadóir nó an bainisteoir seilbh láithreach ar an maoin sin nó ar chuid ar bith di.
Comhdhíbhinní agus díbhinní leithleacha.
(cf. 1857, a. 266)
74.—Más féimheach comhpháirtí amháin nó níos mó de na compháirtithe i ngnólacht, beidh aon chreidiúnaí de chuid an ghnólachta i dteideal a fhiach a chruthú nó go nglacfaí leis mar chreidiúnaí chun críche vótála i roghnú agus i gceapadh sannaí creidiúnaithe ach ní bhfaighidh creidiúnaí den sórt sin aon díbhinn as eastát leithleach an fhéimhigh go dtí go mbeidh méid iomlán a bhfiacha faoi seach faighte ag na creidiúnaithe leithleacha go léir.
Fiacha is inchruthaithe i bhféimheacht agus i gcomhshocraíochtaí.
(cf. 1857, ailt 247, 249, 252 go 258; 1872, ailt 45-47)
75.—(1) Fiacha agus dliteanais, láithreach nó todhchaí, cinnte nó teagmhasach, de bhíthin aon oibleagáide a thabhaigh an féimheach nó an féichiúnaí comhshocraíochta roimh dháta an bhreithnithe nó an ordaithe cosanta agus éilimh de chineál damáistí neamhleachtaithe a raibh an féimheach nó an féichiúnaí comhshocraíochta faoi dhliteanas maidir leo ar an dáta sin de bhíthin éagóra de réir bhrí an Achta um Dhliteanas Sibhialta, 1961, beidh siad inchruthaithe san fhéimheacht nó sa chomhshocraíocht.
(2) I gcás ús nó aon chomaoin airgid in ionad úis a bheith forchoimeádta, nó i gcás comhaontú a bheith déanta maidir leis ar fhiach atá thar téarma ar dháta an bhreithnithe, beidh an creidiúnaí i dteideal a fhiach a chruthú nó go nglacfar leis mar chreidiúnaí faoi chomhair an úis nó na comaoine sin suas go dtí dáta an bhreithnithe.
(3) I gcás go gcomhaontóidh na páirtithe riachtanacha go léir, féadfaidh an Chúirt ordú a dhéanamh le haghaidh measúnú damáistí nó ranníoca faoi alt 61 (2) den Acht um Dhliteanas Sibhialta, 1961, d'ainneoin go bhféadfadh nach í an chúirt í ar aici, nó ar os a comhair, a bheidh an t-éileamh ar dhamáistí nó ar ranníocaí le cinneadh.
(4) Féadfaidh an Chúirt meastachán a dhéanamh maidir le luach aon fhéich nach ngabhann luach cinnte leis mar gheall ar é bheith faoi réir aon teagmhais nó ar aon chúis eile agus cruthófar méid an mheastacháin mar fhiach.
Cruthúnas ar fhiacha.
(cf. 1857, a. 246 go páirt.)
76.—Beidh feidhm ag forálacha an Chéad Sceidil i ndáil le cruthúnas ar fhiacha.
Féimheacht ghníomhaire mharsantaigh.
(Nua)
77.—Maidir le halt 12 (2) den Factors Act, 1889 (a rialálann cearta úinéara earraí i gcás féimheacht ghníomhaire mharsantaigh a mbeidh siad curtha faoina chúram), beidh éifeacht leis ach tagairt don Sannaí Oifigiúil a chur in ionad na tagartha d'iontaobhaí i bhféimheacht.
Cruthúnas le haghaidh costas breithiúnais.
(1857, a. 261)
78.—I gcás go bhfaighidh páirtí i gcúis nó in ábhar ar bith breithiúnas nó ordú in aghaidh duine a ndéanfar dá éis sin é a bhreithniú ina fhéimheach nó ordú cosanta a dheonú dó maidir le haon fhiach a gcruthóidh sé gur creidiúnaí é nó go nglacfar leis mar chreidiúnaí ina leith, beidh sé freisin i dteideal a chruthú gur creidiúnaí é nó go nglacfar leis mar chreidiúnaí faoi choinne costais an bhreithiúnais nó an ordaithe, cibé acu ar fómhasadh nó ar cinntíodh na costais nó nach ndearnadh, ar dháta an bhreithnithe nó an ordaithe cosanta.
Fiacha a cruthaíodh cheana féin a dhícheadú.
(1857, a. 263)
79.—Féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ón Sannaí Oifigiúil nó ó aon chreidiúnaí nó ón bhféimheach nó ón bhféichiúnaí comhshocraíochta, aon fhiach a bheidh cruthaithe nó a mbeidh glactha leis cheana féin a dhícheadú go hiomlán nó go páirteach.
Eastát a Dháileadh
Tosaíocht ag caiteachais, etc.
(Nua)
80.—Beidh caiteachais, táillí agus costais na féimheachta iníoctha i dtosaíocht ar dhliteanais an fhéimhigh i cibé ord a bheidh forordaithe.
Íocaíochtaí tosaíochta.
(1889, ailt 4, 6; 33/1963, a. 285)
81.—(1) Nuair a bheidh maoin féimhigh á dáileadh íocfar i dtosaíocht ar gach fiach eile—
(a) na rátaí áitiúla go léir a bheidh dlite den fhéimheach ar dháta an ordaithe breithnithe, agus a tháinig chun bheith dlite agus iníoctha laistigh de dhá mhí dhéag díreach roimh an dáta sin, agus gach cáin mhaoine nó cáin ioncaim a bheidh measúnaithe ar an bhféimheach suas go dtí an 5ú lá d'Aibreán díreach roimh dháta an ordaithe breithnithe, agus nach mó san iomlán ná measúnacht bliana amháin;
(b) pá nó tuarastal uile (cibé acu a tuilleadh nó nár tuilleadh é go hiomlán nó go páirteach mar choimisiún) aon chléirigh nó seirbhísigh i leith seirbhísí a rinneadh don fhéimheach i gcaitheamh na gceithre mhí díreach roimh dháta an ordaithe breithnithe nach mó ná £2,500;
(c) pá uile aon oibrí nó saothraí nach mó ná £2,500 (cibé acu in aghaidh ama nó ar thascobair a bhí sé iníoctha) i leith seirbhísí a rinneadh don fhéimheach i gcaitheamh na gceithre mhí díreach roimh dháta an ordaithe breithnithe: ar choinníoll, i gcás conradh a bheith déanta ag aon saothraí feirme chun cuid dá phá a íoc leis mar chnapshuim ag deireadh na bliana fruilithe nó cibé téarma fruilithe eile is giorra ná sin, go mbainfidh an tosaíocht faoin alt seo le hiomlán cibé suime, nó cibé cuid di, a chinnfidh an Chúirt a bheith dlite faoin gconradh i gcomhréir leis an tréimhse seirbhíse suas go dtí dáta an ordaithe breithnithe;
(d) an luach saothair faibhrithe go léir in aghaidh saoire a tháinig chun bheith iníoctha le haon chléireach, seirbhíseach, oibrí nó saothraí (nó i gcás a bháis, le haon duine eile i ndualgas a chirt) ar dheireadh a theacht lena fhostaíocht roimh an ordú breithnithe nó de bharr a éifeachta;
(e) na suimeanna go léir a bheidh dlite d'aon fhostaí de bhun aon scéime nó comhshocraíochta chun íocaíochtaí a chur ar fáil don fhostaí fad a bheidh sé as láthair ó fhostaíocht de dheasca drochshláinte;
(f) aon íocaíochtaí a bheidh dlite den fhéimheach de bhun aon scéime nó comhshocraíochta chun sochair aoisliúntais a chur ar fáil d'fhostaithe de chuid an fhéimhigh nó i leith na bhfostaithe sin cibé atá na híocaíochtaí sin dlite i leith ranníoc an fhéimhigh leis an scéim sin nó faoin gcomhshocraíocht sin nó i leith ranníocaí den sórt sin is iníoctha ag na fostaithe leis an bhféimheach faoi aon scéim nó comhshocraíocht den sórt sin a asbhaineadh as pá nó as tuarastail fostaithe;
(g) aon fhiach, íocaíocht nó ranníoc a bhí, de bhua aon fhoráil in aon achtachán a bhí i ngníomh roimh thosach feidhme an Achta seo, ar áireamh sna fiacha ar thug alt 4 den Preferential Payments in Bankruptcy (Ireland) Act, 1889, tosaíocht dóibh; agus forléireofar aon tagairt don alt sin 4 in aon achtachán den sórt sin mar thagairt don fho-alt seo.
(2) Beidh na fiacha sin roimhe seo ar aon chéim lena chéile agus íocfar iad go hiomlán mura rud é nach leor maoin an fhéimhigh faoina gcomhair, agus sa chás sin laghdófar iad i gcionmhaireachtaí comhionanna lena chéile.
(3) Faoi réir cibé suimeanna a choinneáil is gá le haghaidh costas agus caiteachas riaracháin nó eile, déanfar na fiacha sin roimhe seo a ghlanadh láithreach a mhéid ar leor maoin an fhéimhigh faoina gcomhair.
(4) I gcás go ndéanfaidh nó go ndearna tiarna talún nó duine eile tochsal ar aon earraí nó éifeachtaí de chuid an fhéimhigh laistigh de thrí mhí díreach roimh dháta an ordaithe breithnithe, beidh na fiacha dá dtugtar tosaíocht leis an alt seo ina dtúsmhuirear ar na hearraí nó na héifeachtaí a ndéanfar nó a ndearnadh tochsal orthu amhlaidh nó ar na fáltais as a ndíol; ar choinníoll maidir le haon airgead a íocfar faoi aon mhuirear den sórt sin go mbeidh ag an tiarna talún nó ag an duine eile na cearta tosaíochta céanna leis an duine lena ndéanfar an íocaíocht.
(5) Measfar gur pá i leith seirbhísí a rinneadh don fhéimheach i rith tréimhse saoire nó asláithreachta ó obair ar chúis mhaith aon luach saothair in aghaidh na tréimhse sin.
(6) D'ainneoin alt 4, ní bheidh feidhm ag an alt seo más roimh thosach feidhme an Achta seo a rinneadh an t-ordú breithnithe, agus i gcás den sórt sin, measfar go bhfuil lánfheidhm fós ag na forálacha maidir le híocaíochtaí tosaíochta a mbeadh feidhm acu dá mba nár ritheadh an tAcht seo.
(7) Beidh feidhm ag fo-ailt (1), (2), (3), (5) agus (6) i gcás féichiúnaí comhshocraíochta faoi fhorálacha an Achta seo amhail is dá mba fhéimheach é, agus amhail is dá ndéanfaí dáta comhdaithe na hachainí le haghaidh comhshocraíochta a chur in ionad dháta an ordaithe breithnithe.
(8) I gcás comhshocraíochta, aon chreidiúnaí a dhéanann, maidir le haon fhiach dá dtugtar tosaíocht leis an alt seo, vótáil i bhfabhar nó in aghaidh glacadh le togra an fhéichiúnaí nó le haon mhodhnú ar an togra sin nó, i gcás imshocraíochta tar éis féimheachta, a vótálann, maidir le haon fhiach den sórt sin, i bhfabhar nó in aghaidh glacadh le tairiscint imshocraíochta an fhéimhigh nó le haon mhodhnú ar an tairiscint sin, measfar go mbeidh aon chearta faoi fho-alt (1) tréigthe aige trí vótáil amhlaidh agus tabharfar ar ais dó cibé cearta (más ann) i leith aon fhéich de na fiacha a luaitear san fho-alt sin a bheadh ag an gcreidiúnaí sin ar leith ón bhfo-alt sin.
(9) Beidh feidhm ag an alt seo i gcás duine éagtha a fhaigheann bás agus é dócmhainneach amhail is dá mba fhéimheach é agus amhail is dá gcuirfí dáta a bháis in ionad dháta an ordaithe breithnithe.
(10) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo athrú ar éifeacht alt 3 den Partnership Act, 1890, ná ní dhéanfaidh sé dochar d'fhorálacha alt 14 den Trustee Savings Banks Act, 1863, ná d'fhorálacha an Friendly Societies Act, 1896.
Eastát a dháileadh.
(cf. 1857, a. 286, 288, 289, 290, 292, 293)
82.—(1) A luaithe a bheidh sé caoithiúil tar éis dó dóthain airgid a fháil faoi chomhair caiteachas, táillí, costas agus íocaíochtaí tosaíochta agus chun díbhinn a íoc le creidiúnaithe in eastát aon fhéimhigh, cuirfidh an Sannaí Oifigiúil ar chomhad na Cúirte liosta creidiúnaithe lenar ghlac sé féin nó an Chúirt, cóip de chuntas iomchuí an fhéimhigh ina leabhair, sonraí maidir le caiteachais, táillí, costais, íocaíochtaí tosaíochta agus díbhinn is iníoctha le creidiúnaithe agus a thuarascáil ar réadú an eastáit.
(2) Déanfaidh an Sannaí Oifigiúil na doiciméid agus an tuarascáil arna gcomhdú de réir fho-alt (1) a thíolacadh don Chúirt ag suí a thionólfar lá is fiche ar a laghad tar éis fógra faoin gcomhdú agus faoin suí a bheith tugtha ar an modh forordaithe.
(3) Féadfaidh an Chúirt cibé ordú a dhéanamh ag an suí is oiriúnach léi chun an t-eastát nó aon chuid de a dháileadh trí na caiteachais, na táillí, na costais agus na híocaíochtaí tosaíochta, maille leis an díbhinn iomchuí, a íoc.
(4) Beidh cead ag an bpobal an comhad dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a iniúchadh ar tháille fhorordaithe a íoc ach ní ghearrfar aon táille ar chreidiúnaithe a iniúchfaidh an comhad.
(5) Más rud é, ar chúis ar bith, nach ndáilfear eastát an fhéimhigh go hiomlán ag an suí sin déanfar an dara dáileadh agus dáiltí ina dhiaidh sin a luaithe is caoithiúil tar éis réadú an eastáit iarmharaigh. Is ionann an nós imeachta agus an nós imeachta le haghaidh an chéad dáilte.
(6) In aon chás nach mbeidh aon airgead nó, i dtuairim an tSannaí Oifigiúil, nach mbeidh dóthain airgid, ar fáil le dáileadh ar na creidiúnaithe, féadfaidh an Chúirt a ordú go n-íocfar caiteachais, táillí agus costais san ord sin a mhéid a sheasfaidh an t-airgead. I gcás iarmhéid a bheith fágtha, aistreofar é go dtí an cuntas dá dtagraítear in alt 84 (1).
Cuntais agus iniúchadh.
(Nua)
83.—Forálfar le rialacha cúirte go gcoimeádfaidh an Sannaí Oifigiúil cuntais agus go ndéanfar iniúchadh ar na cuntais sin.
Sannaí Oifigiúil— Cuntas Díbhinne Neamhéilithe.
(1857, ailt 61, 295, 296; 1872, a. 77; 1888, c.44; LCR 1888, r. 125)
(Nua)
84.—(1) Cuirfidh an Sannaí Oifigiúil faoi deara cuntas a oscailt i mBanc Ceannais na hÉireann, ar a dtabharfar an “Sannaí Oifigiúil —Cuntas Díbhinne Neamhéilithe” agus déanfar an t-airgead agus na hurrúis go léir a bhí, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, chun creidmheas an Chuntais Díbhinne Neamhéilithe, nó an Chuntais Díbhinne Neamhéilithe, Corcaigh, a thabhairt anonn go dtí an Cuntas sin.
(2) Íocfaidh an Sannaí Oifigiúil isteach sa Chuntas sin gach díbhinn neamhéilithe agus gach airgead neamhéilithe ar chuid iad d'eastát aon fhéimhigh.
(3) (a) Beidh an Sannaí Oifigiúil i dteideal gach díbhinn a éilítear go dleathach chomh maith leis na suimeanna dá bhforáiltear le halt 61 (3) (k) a íoc as an gCuntas sin.
(b) D'fhonn foráil sealadach a dhéanamh le haghaidh íocaíochtaí nach mbeidh aon airgead ar fáil dóibh láithreach san eastát ar leith ar ina aghaidh is inmhuirearaithe iad, féadfar cibé suimeanna, faoi réir cibé coinníollacha, a bheidh forordaithe a íoc as an gCuntas sin chun creidmheas an tSannaí Oifigiúil i gcuntas ar leith sa bhanc sin.
(4) Féadfaidh an Sannaí Oifigiúil, le cead na Cúirte, an t-airgead go léir nó aon chuid den airgead a bheidh chun creidmheas an Chuntais a infheistiú ó am go ham agus íocfar isteach sa Chuntas sin an t-ús ar na hinfheistíochtaí.
(5) Féadfaidh an Chúirt a ordú go n-íocfar leis an Sannaí Oifigiúil as an gCuntas cibé suim ar mhodh slánaíochta i leith aon damáistí, costas nó caiteachas is iníoctha aige nó a thabhaíonn sé nó a bheidh iníoctha aige nó a thabhóidh sé le haghaidh, nó de bhíthin, aon ghnímh nó ní a dhéanann sé le linn dó a bheith ag gníomhú ina cháil oifigiúil a mheasann an Chúirt a bheith cóir, lena n-áirítear na costais a bhaineann le haon imeachtaí arna dtionscnamh ag an Sannaí Oifigiúil le cead na Cúirte i gcás nach mbeidh dóthain airgid ann maidir leis an ábhar.
(6) Ní bheidh an Cuntas ar fáil chun aon chríche seachas críocha an ailt seo.
Urscaoileadh agus neamhniú.
(Nua)
(1857, a. 149)
(cf. 1872, a. 56)
(1857, a. 129)
(Nua)
(cf. 1872, a. 56)
85.—(1) Urscaoiltear leis seo aon fhéimheacht a bhí ar marthain tráth thosach feidhme an Achta seo más roimh an 1 Eanáir, 1960, a rinneadh an t-ordú breithnithe ina leith.
(2) I gcás ordú breithnithe a bheith urscaoilte de bhua fhorálacha fho-alt (1) déanfar aon mhaoin de chuid an fhéimhigh a bheidh dílsithe fós don Sannaí Oifigiúil a thabhairt ar ais don fhéimheach tar éis socrú a dhéanamh go n-íocfar na caiteachais, na táillí, na costais agus na híocaíochtaí tosaíochta agus measfar an mhaoin sin a bheith athdhílsithe dó amhail ar agus ó thosach feidhme an Achta seo.
(3) Beidh féimheach i dteideal a urscaoilte ó fhéimheacht—
(a) ar shocrú a bheith déanta chun na caiteachais, na táillí, agus na costais a bhí dlite san fhéimheacht, chomh maith leis na híocaíochtaí tosaíochta a íoc, agus
(i) ar phunt sa phunt, maille le cibé ús a cheadóidh an Chúirt, a bheith íoctha aige, nó
(ii) ar thoiliú gach creidiúnaí dá chuid a bheith faighte aige; nó
(b) i gcás lena mbaineann alt 41.
(4) Aon fhéimheach a mbeidh a eastát réadaithe go hiomlán i dtuairim na Cúirte beidh sé i dteideal a urscaoilte ó fhéimheacht ar shocrú a bheith déanta chun na caiteachais, na táillí agus na costais a bhí dlite san fhéimheacht, chomh maith leis na híocaíochtaí tosaíochta, a íoc, agus—
(a) ar chaoga pingin nó níos mó sa phunt a bheith faighte ag a chreidiúnaithe, nó
(b) ar cibé suimeanna breise a dhéanfaidh, i dteannta na díbhinne a íoctar, caoga pingin sa phunt, a bheith íoctha aige nó ag a chairde lena chreidiúnaithe, nó
(c) ar an bhféimheacht a bheith ar marthain le dhá bhliain déag:
ar choinníoll, in aon iarratas faoi mhír (c), go mbeidh an Chúirt sásta gur nochtadh gach maoin iarfhaighte agus go bhfuil sé réasúnta agus ceart an t-iarratas a dheonú.
(5) Beidh duine i dteideal go ndéanfar a bhreithniú a neamhniú—
(a) i gcás go suífidh sé cúis de bhun alt 16, nó
(b) in aon chás eile nuair nár chóir, i dtuairim na Cúirte, é a bheith breithnithe ina fhéimheach.
(6) Beidh foráil in ordú urscaoilte nó neamhnithe go ndéanfar aon mhaoin de chuid an fhéimhigh a bheidh an tráth sin dílsithe don Sannaí Oifigiúil a athdhílsiú don fhéimheach nó a thabhairt ar ais dó agus measfar chun gach críche gurb é a bheidh san ordú sin tíolacas, sannadh nó aistriú na maoine sin chun an fhéimhigh agus, i gcás gurb iomchuí é, féadfar é a chlárú dá réir sin.
(7) Féadfaidh duine atá i dteideal urscaoilte nó neamhnithe iarratas a dhéanamh chun na Cúirte ar dheimhniú urscaoilte nó neamhnithe, de réir mar is gá sa chás, a fháil faoi shéala na Cúirte.
(8) San alt seo folaíonn “féimheach” ionadaithe agus sannaithe pearsanta.
Barrachas.
(1857, a. 304)
86.—(1) Má bhíonn eastát aon fhéimhligh leordhóthanach chun punt sa phunt a íoc, maille le hús de réir an ráta reatha is iníoctha ar fhiacha breithiúnais, agus chun barrachas a bheith fágtha, ordóidh an Chúirt an barrachas sin a íoc leis an bhféimheach, lena ionadaithe pearsanta nó lena shannaithe pearsanta nó é a sheachadadh air nó orthu nó a dhílsiú dó nó dóibh.
(2) Measfar chun gach críche gur tíolacas, sannadh nó aistriú maoine a bheidh san ordú agus, i gcás gurb iomchuí é, féadfar é a chlárú dá réir sin.
CUID IV
Comhshocraíochtaí faoi Rialú na Cúirte
Achainí le haghaidh cosanta.
(1857, a. 343)
(1872, a. 62)
(Nua)
87.—(1) Aon fhéichiúnaí nach féidir leis freastal dá ghealltanais i leith a chreidiúnaithe agus ar mian leis staid a ghnóthaí a leagan faoina mbráid d'fhonn togra a dhéanamh chun a fhiacha a imshocrú, faoi rialú na Cúirte, agus é féin a chur faoi dhlínse na Cúirte mar a fhoráiltear leis an gCuid seo, féadfaidh sé achainí a thíolacadh chun na Cúirte ina leagfar amach an chúis nach féidir leis a fhiacha a íoc agus á iarraidh go gcosnófar a phearsa agus a mhaoin ar aon chaingean nó ar aon phróis eile go dtí go ndéanfar ordú eile.
(2) Féadfaidh an Chúirt, ar achainí den sórt sin, an chosaint sin a dheonú le hordú agus an céanna a athnuachan ó am go ham mar is cuí léi.
(3) Féadfaidh an Chúirt diúltú cosaint a dheonú d'aon fhéichiúnaí is comhalta de chomhpháirtíocht mura dtéann na comhpháirtithe go léir i bpáirt san achainí.
(4) San alt seo folaíonn “próis” toghairm féimheachta agus clárú mionnscríbhinne i leith breithiúnais faoin Judgment Mortgage (Ireland) Act, 1850.
(5) Le linn d'ordú cosanta a bheith i bhfeidhm ní bheidh creidiúnaí i dteideal aon mhionnscríbhinn dá dtagraítear i bhfo-alt (4) a chlárú agus ní bheidh aon éifeacht le haon chlárú airbheartaithe.
(6) Má bhíonn féichiúnaí, tráth a achainí, i bpríosún de bhua alt 6 den Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1940, féadfaidh an Chúirt, tar éis cosaint a dheonú, a ordú go scaoilfear saor é.
Srian le déileáil le maoin.
(Nua)
88.—Tar éis ordú cosanta a bheith deonaithe agus a fhad a bheidh sé i bhfeidhm ní cead don fhéichiúnaí comhshocraíochta, gan cead roimh ré ón gCúirt, a mhaoin ná aon chuid dá mhaoin a chur i ngeall ná scaradh léi ná í a dhiúscairt, ach amháin i ngnáthchúrsa trádála nó gnó.
Éifeacht na cosanta ar orduithe forghníomhaithe.
(Nua)
89.—(1) Féadfar ordú cosanta a dheonú d'ainneoin ordú forghníomhaithe a bheith ar láimh sirriam nó cláraitheora contae agus oibreoidh an t-ordú chun cosaint a thabhairt ar fhorghníomhú ach amháin mar a fhoráiltear leis an alt seo.
(2) Ní dhéanfaidh an t-ordú cosanta difear d'ordú forghníomhaithe a mbeidh an sirriam nó an cláraitheoir contae tar éis urghabháil a dhéanamh nó seilbh a ghlacadh dá bhun, agus i gcás den sórt sin, féadfaidh an creidiúnaí forghníomhaithe cibé méid dá fhiach a ghnóthú a réadófar leis an bhforghníomhú.
(3) In aon chás nach mbeidh an sirriam nó an cláraitheoir contae tar éis urghabháil a dhéanamh nó seilbh a ghlacadh de bhun ordú forghníomhaithe, cosnóidh an t-ordú cosanta an féichiúnaí ar phróis eile maidir leis an ordú forghníomhaithe agus beidh an creidiúnaí forghníomhaithe faoi cheangal ag an gcomhshocraíocht.
An nós imeachta ar chosaint a dheonú.
(Nua)
90.—Ar ordú cosanta a dheonú—
(a) ordóidh an Chúirt don fhéichiúnaí comhshocraíochta réamhchruinniú dá chreidiúnaithe a ghairm agus ag an gcruinniú sin tíolacfaidh an féichiúnaí comhshocraíochta ráiteas i dtaobh a shócmhainní agus a dhliteanas agus coimeádfaidh sé miontuairisc ar na himeachtaí;
(b) ordóidh an Chúirt suí príobháideach a thionól os comhair na Cúirte (a thionólfar ar dháta a bheidh sonraithe san ordú) chun a thogra a bhreithniú;
(c) seachadfaidh an féichiúnaí comhshocraíochta meabhrán láithreach ar an Sannaí Oifigiúil ina mbeidh:
(i) dáta an ordaithe cosanta,
(ii) a ainm agus a sheoladh,
(iii) an méid dliteanas atá urraithe, páirt-urraithe agus neamhurraithe,
(iv) an méid sócmhainní,
agus seachadfaidh sé dúblach den mheabhrán sin ar an bPríomh-Oifig.
Ráitis a chomhdú.
(1857, a. 345 go páirt.)
91.—Déanfaidh an féichiúnaí comhshocraíochta, dhá lá ar a laghad roimh an suí príobháideach dá dtagraítear in alt 90, iad seo a leanas a chomhdú in Oifig an tSannaí Oifigiúil—
(a) ráiteas gnóthaí san fhoirm fhorordaithe, ar a mbeidh formhuinithe cibé togra is féidir leis a dhéanamh chun na fiacha nó na gealltanais atá leagtha amach sa ráiteas sin a íoc nó a chomhréiteach sa todhchaí, agus
(b) cóip den ráiteas a rinneadh ag an réamhchruinniú agus cóip den mhiontuairisc ar na himeachtaí maille le haon togra a rinneadh ag an réamhchruinniú nó ag aon atráthú de.
Glacadh le togra.
(1857, a. 346 go páirt., a. 348)
(1857, a. 347)
(1857, ailt 346, 347)
92.—(1) (a) Má tharlaíonn ag an suí príobháideach dá dtagraítear in alt 90 nó ag aon atráthú de, go nglacann trí chúigiú de na creidiúnaithe, ó thaobh lín agus luacha, a vótálann ag an suí sin, cibé go pearsanta nó trí ghníomhaire a bheidh údaraithe i scríbhinn chuige sin, leis an togra nó le haon mhodhnú air, measfar go mbeidh glactha ag na creidiúnaithe leis, faoi réir cheadú na Cúirte.
(b) Má cheadaíonn an Chúirt, beidh an togra nó aon mhodhnú air ina cheangal ar an bhféichiúnaí comhshocraíochta agus ar na daoine go léir ba chreidiúnaithe ar dháta na hachainí agus dár tugadh fógra faoin suí.
(2) Ní bheidh creidiúnaí i dteideal vótáil más lú ná £100 an fiach a bheidh dlite dó.
(3) Freastalóidh an féichiúnaí comhshocraíochta ar an suí agus beidh cumhacht ag an gCúirt é féin nó aon fhinné a thabharfaidh sé i láthair nó aon chreidiúnaí nó duine a éilíonn gur creidiúnaí é a scrúdú faoi mhionn.
(4) Féadfaidh an Chúirt a cheangal ar aon duine a scrúdófar amhlaidh scríbhinn dá fhianaise a shíniú.
(5) Féadfar fiacha a chruthú ag an suí.
Dílsiú don Sannaí Oifigiúil.
(Nua)
93.—(1) Má dhéantar socrú sa togra chun maoin uile an fhéichiúnaí comhshocraíochta nó cuid di a dhílsiú don Sannaí Oifigiúil, mar urrús do thairiscint nó chun an mhaoin a réadú agus a dháileadh, dílseoidh an mhaoin sin don Sannaí Oifigiúil, má thoilíonn sé, de réir théarmaí an togra, ar an togra a bheith ceadaithe ag an gCúirt.
(2) I gcás an mhaoin go léir nó cuid di a bheith dílsithe don Sannaí Oifigiúil chun í a réadú agus a dháileadh, beidh ag an Sannaí Oifigiúil chun na críche sin na cumhachtaí sin go léir i ndáil leis an maoin a bhíonn aige i gcás féimheachta. San Acht seo gairtear “comhshocraíocht dílseacháin” do thogra faoina ndílsítear maoin amhlaidh.
(3) Beidh feidhm ag alt 46 (a bhaineann le deimhniú dílseacháin) maidir le maoin a dhílsíonn don Sannaí Oifigiúil faoin alt seo.
Dáileadh maoine i gcomhshocraíocht dílseacháin.
(Nua)
94.—(1) Nuair a bheidh dóthain airgid ag an Sannaí Oifigiúil chun téarmaí comhshocraíochta dílseacháin a chur i ngníomh tíolacfaidh sé don Chúirt lena gceadú liosta creidiúnaithe lenar ghlac sé féin nó an Chúirt, cóip de chuntas iomchuí an fhéichiúnaí comhshocraíochta ina leabhair, sonraí maidir le caiteachais, táillí, costais, íocaíochtaí tosaíochta agus díbhinn is iníoctha le creidiúnaithe agus a thuarascáil ar réadú an eastáit.
(2) Féadfaidh an Chúirt cibé ordú a dhéanamh is cuí léi chun an t-eastát nó aon chuid de a dháileadh trí na caiteachais, na táillí, na costais agus na híocaíochtaí tosaíochta, maille leis an díbhinn iomchuí, a íoc.
(3) Déanfar ansin an tuarascáil agus an cuntas, i dteannta an ordaithe ón gCúirt, a chomhdú sa Phríomh-Oifig agus beidh cead ag gach creidiúnaí dá mbeidh fógra faoin gcomhdú tugtha i cibé foirm a fhorordófar, iad a iniúchadh. Ní ghearrfar aon táille as an gcomhad a iniúchadh.
(4) Más rud é, ar chúis ar bith, nach ndáilfear eastát an fhéichiúnaí comhshocraíochta go hiomlán le hordú den sórt sin, déanfar an dara dáileadh agus dáiltí ina dhiaidh sin a luaithe is caoithiúil tar éis réadú an eastáit iarmharaigh. Is ionann an nós imeachta agus an nós imeachta le haghaidh an chéad dáilte.
(5) In aon chás nach mbeidh aon airgead nó, i dtuairim an tSannaí Oifigiúil, nach mbeidh dóthain airgid, ar fáil le dáileadh ar na creidiúnaithe, féadfaidh an Chúirt a ordú go n-íocfar caiteachais, táillí agus costais san ord sin a mhéid a sheasfaidh an t-airgead. I gcás iarmhéid a bheith fágtha, aistreofar é go dtí an cuntas dá dtagraítear in alt 84 (1).
Suí príobháideach speisialta.
(cf. 1857, ailt 351, 353 go páirt.)
95.—(1) I gcás go mbeidh togra ceadaithe, agus go measfaidh an Chúirt go bhfuil sé riachtanach agus inmhianaithe déanamh amhlaidh, féadfaidh an Chúirt ar iarratas ón bhféichiúnaí comhshocraíochta a chur faoi deara suí príobháideach speisialta a thionól.
(2) Ag an suí sin, féadfaidh tromlach de na creidiúnaithe ó thaobh lín agus luacha a mbeidh cruthúnas acu ar fhiacha nach lú ná £100, an togra a dhaingniú, a athrú nó a neamhniú.
(3) Más rud é, áfach, nach mbeidh an tríú cuid de na creidiúnaithe sin, ó thaobh lín agus luacha, i láthair ag an suí ní bheidh an cinneadh a dhéanfar ag an suí bailí mura gceadaíonn an Chúirt é.
Éifeacht a thabhairt do thogra.
(Nua)
96.—Measfar éifeacht a bheith tugtha do thogra—
(a) i gcás comhshocraíochta dílseacháin, ar é a bheith ceadaithe ag an gCúirt, agus
(b) in aon chás eile, cibé tráth a fhorordófar.
Lóisteáil leis an Sannaí Oifigiúil.
(Nua)
97.—I gcás an togra ó fhéichiúnaí comhshocraíochta a bheith ceadaithe (nach togra é lena socraítear go ndílseoidh a mhaoin go léir nó cuid di don Sannaí Oifigiúil lena réadú nó lena dáileadh), déanfaidh an féichiúnaí comhshocraíochta, laistigh den tréimhse fhorordaithe, an méid is gá chun caiteachais, táillí, costais agus na híocaíochtaí tosaíochta a íoc, maille leis an airgead tirim, na billí nó na nótaí gealltanais (más ann) dá bhforáiltear sa togra, a lóisteáil leis an Sannaí Oifigiúil chun críocha dáilte.
Deimhniú féichiúnaí comhshocraíochta.
(Nua: cf. 1872, a. 64 go páirt.)
98.—I gcás éifeacht a bheith tugtha do thogra an fhéichiúnaí comhshocraíochta déanfaidh an Chúirt, ar thuarascáil an tSannaí Oifigiúil a fháil agus d'éagmais calaoise, deimhniú a dheonú don fhéichiúnaí comhshocraíochta faoi shéala na Cúirte, agus oibreoidh an deimhniú mar urscaoileadh don fhéichiúnaí comhshocraíochta ó éilimh na gcreidiúnaithe a fuair fógra i dtaobh na comhshocraíochta.
Foilsiú i ndáil le comhshocraíochtaí.
(Nua)
99.—(1) Ní dhéanfar gnóthaí an achainígh ná na himeachtaí in ábhar comhshocraíochta a fhoilsiú gan cead na Cúirte, seachas foilsiú a dhéanamh in iris trádála bona fide ar na sonraí a bheidh leagtha amach sna doiciméid a chomhdófar sa Phríomh-Oifig faoi alt 90.
(2) Beidh aon duine a sháróidh fo-alt (1) ciontach i gcion.
An Sannaí Oifigiúil do ghlacadh seilbhe ar mhaoin.
(cf. 1857, a. 344 go páirt.)
100.—Féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ón Sannaí Oifigiúil nó ó aon chreidiúnaí, aon tráth tar éis ordú cosanta a bheith déanta (agus ar chúis leordhóthanach a bheith suite) a ordú go ndéanfaidh an Sannaí Oifigiúil maoin an fhéichiúnaí comhshocraíochta nó aon chuid di a shealbhú agus a ghlacadh.
Ordú cosanta a urscaoileadh.
(Nua)
101.—Féadfaidh an Chúirt, aon tráth tar éis an tsuí phríobháidigh dá dtagraítear in alt 90, a ordú go n-urscaoilfear an t-ordú cosanta ar iarratas chuige sin a bheith déanta ag an bhféichiúnaí comhshocraíochta le comhthoiliú gach creidiúnaí a raibh fógra aige faoin suí príobháideach agus nach lú ná £100 a fhiach.
Barrachas.
(cf. 1872, a 65 go páirt.)
102.—(1) Aon uair is dóigh leis an gCúirt go bhfuil aon mhaoin de chuid féichiúnaí comhshocraíochta a mbeidh an deimhniú atá luaite in alt 98 faighte aige dílsithe fós don Sannaí Oifigiúil nó ina sheilbh nó faoina rialú ordóidh an Chúirt an mhaoin a athdhílsiú nó a thabhairt ar ais, de réir mar a bheidh, don fhéichiúnaí, dá ionadaithe pearsanta nó dá shannaithe pearsanta.
(2) Measfar chun gach críche gur tíolacas, sannadh nó aistriú maoine an t-ordú agus, más iomchuí, féadfar é a chlárú dá réir sin.
Earraí a fuarthas ar creidmheas.
(Nua)
103.—Má fhaigheann an féichiúnaí earraí ar creidmheas laistigh de cheithre lá déag sula ndéantar ordú cosanta agus a fhios aige ag an am nach mbeidh sé in ann íoc astu, féadfaidh an Chúirt más cuí léi, ar iarratas ón gcreidiúnaí, a ordú go dtabharfar na hearraí ar ais nó go n-íocfar astu go hiomlán.
Suí príobháideach le haghaidh fiosrúcháin.
(cf. 1857, a. 353 go páirt.)
104.—Féadfaidh an Chúirt aon tráth, maidir le hábhar comhshocraíochta, ar iarratas ón Sannaí Oifigiúil nó ó aon duine ag a bhfuil leas, suí príobháideach a cheapadh le haghaidh fiosrúcháin agus an féichiúnaí comhshocraíochta nó aon duine eile a thoghairm os a chomhair agus é a scrúdú i dtaobh aon ní a mheasfaidh an Chúirt a bheith ábhartha maidir leis an gcomhshocraíocht.
Féichiúnaí comhshocraíochta a bhreithniú.
(Nua: cf. 1857, a. 353 go páirt.)
105.—(1) Féadfaidh an Chúirt, más cuí léi, an féichiúnaí a bhreithniú ina fhéimheach i gcás—
(a) nach ndéanann sé na doiciméid a éilítear le halt 91 a chomhdú ar an modh forordaithe agus laistigh den tréimhse atá sonraithe san alt sin, nó
(b) nach nglacfar nó nach gceadófar a thogra nó aon mhodhnú air ag an suí príobháideach dá dtagraítear in alt 90, nó ag aon atráthú de, nó
(c) go ndéanfar a thogra a neamhniú faoi alt 95 (2), nó
(d) go suífear, aon tráth tar éis a achainí le haghaidh comhshocraíochta a thíolacadh, go bhfuil an mhionnscríbhinn a comhdaíodh leis an achainí bréagach go toiliúil nó nach ndearna sé a mhaoin, a shócmhainní agus a dhliteanais a nochtadh go hiomlán, nó
(e) go ndealraíonn sé nach mian leis comhshocraíocht bona fide a dhéanamh lena chreidiúnaithe go léir, nó
(f) nach togra réasúnach agus cóir a thogra le forghníomhú faoi threoir na Cúirte, nó
(g) nach mbeidh sé i láthair go cuí ag an suí príobháideach nó ag aon atráthú de, nó
(h) go mainneoidh sé déanamh de réir aon ordú ón gCúirt a dhéanann difear dó agus a dhéanfar san ábhar comhshocraíochta, nó
(i) gur páirtí é in aon chomhaontú éillitheach lena chreidiúnaithe chun a áirithiú go nglacfar lena thogra.
(2) Ar bhreithniú faoi fho-alt (1), rachaidh an Chúirt ar aghaidh amhail mar a dhéanfadh i bhféimheacht agus cuirfidh sí faoi deara fógra a thabhairt láithreach faoin mbreithniú ar an modh forordaithe san Iris Oifigiúil agus i nuachtán laethúil amháin ar a laghad, agus beidh an t-achainíoch faoi réir dhlínse na Cúirte ar an modh céanna le haon fhéimheach eile, agus is togra ar neamhní aon togra a bheidh déanta, glactha nó ceadaithe.
Comhpháirtithe a fhaigheann cosaint na Cúirte.
(Nua)
106.—(1) I gcás go bhfaighidh beirt chomhalta nó níos mó de chomhpháirtíocht cosaint na Cúirte agus go gcuirfidh siad tograí faoi bhráid a gcreidiúnaithe chun a gcomhdhliteanais agus a ndliteanais leithleacha a íoc nó a chomhréiteach, breithneoidh, an Chúirt na comhaltaí go léir ina bhféimhigh i gcás nach nglacfar le haon togra acu.
(2) Ar bhreithniú faoi fho-alt (1), rachaidh an Chúirt ar aghaidh amhail mar a dhéanfadh i bhféimheacht agus cuirfidh sí faoi deara fógra a thabhairt láithreach faoin mbreithniú ar an modh forordaithe san Iris Oifigiúil agus i nuachtán laethúil amháin ar a laghad, agus beidh an t-achainíoch faoi réir dhlínse na Cúirte ar an modh céanna le haon fhéimheach eile, agus is togra ar neamhní aon togra a bheidh déanta, glactha nó ceadaithe.
Finnéithe a thoghairm.
(1857, a. 353 go páirt.)
107.—Is ionann an nós imeachta chun finnéithe a thoghairm i gcomhshocraíocht leis an nós imeachta i bhféimheacht agus beidh cumhacht den chineál céanna ag an gCúirt chun tabhairt orthu teacht i láthair.
Comhshocraíochtaí a chlárú.
(Nua: cf. 1887, c. 57, a. 7; 1890, c. 24, a. 2)
108.—(1) Cothabhálfar clár sa Phríomh-Oifig chun meabhráin a sheachadtar ar an oifig sin faoi alt 90 a chomhdú.
(2) Féadfar foráil a dhéanamh le rialacha cúirte le haghaidh nithe atá coimhdeach le coimeád an chláir.
An Deeds of Arrangement Act, 1887, a eisiamh.
(Nua)
109.—Ní bheidh feidhm ag an Deeds of Arrangement Act, 1887 maidir le comhshocraíocht faoin gCuid seo.
CUID V
Foirceannadh ag Iontaobhaí
Ordú foirceanta.
(1872, ailt 87-122)
110.—Más rud é, ag an suí reachtúil dá dtagraítear in alt 17 (3) nó ag aon atráthú de, go ndéanfaidh trí chúigiú ar a laghad de na creidiúnaithe, ó thaobh lín agus luacha, a vótálann ag an gcruinniú, go pearsanta nó trí dhuine a bheidh údaraithe i scríbhinn chuige sin, a dhearbhú le rún go ndéanfaidh iontaobhaí agus coiste iniúchta eastát an fhéimhigh a fhoirceannadh agus go gceapfaidh siad chun na críche sin iontaobhaí agus coiste iniúchta ar a mbeidh cúigear creidiúnaithe ar a mhéid a bheidh cáilithe chun vótáil ag an gcruinniú, féadfaidh an Chúirt ar iarratas chuici chuige sin a ordú go bhfoirceannfar maoin an fhéimhigh amhlaidh.
Dílsiú d'iontaobhaí.
111.—An mhaoin de chuid an fhéimhigh a dhílsíonn don Sannaí Oifigiúil faoin Acht seo, dídhílseoidh sí de ar ordú a bheith déanta faoi alt 110 agus dílseoidh an mhaoin sin don iontaobhaí.
Cumhachtaí iontaobhaí, etc.
112.—(1) Beidh an t-iontaobhaí faoi réir rialú na Cúirte san fhoirceannadh agus beidh aird aige ar aon ordacháin a thabharfaidh an coiste iniúchta dó nó a thabharfar dó le rún ó na creidiúnaithe ag an suí reachtúil nó ag aon suí dá éis.
(2) Faoi réir fho-alt (1), beidh na cumhachtaí go léir ag an iontaobhaí agus féadfaidh sé na feidhmeanna go léir a chomhlíonadh a thugtar don Sannaí Oifigiúil leis an Acht seo i ndáil le maoin a dhílsítear dó agus beidh feidhm ag forálacha an Achta seo (seachas forálacha Chodanna IV agus VI), fara aon mhodhnuithe is gá, i ndáil le foirceannadh maoine féimhigh ag iontaobhaí agus coiste iniúchta amhail mar atá feidhm acu i ndáil le riaradh maoine den sórt sin ag an Sannaí Oifigiúil agus cuirfear an t-iontaobhaí isteach in ionad an tSannaí Oifigiúil sna forálacha sin nuair is iomchuí.
(3) Déanfar socrú ag an suí reachtúil maidir leis na nithe seo:
(a) luach saothair an iontaobhaí,
(b) an t-iontaobhaí do thabhairt tuarascálacha rialta ag suíonna dá éis sin i ndáil leis an bhfoirceannadh,
(c) an nós imeachta a leanfaidh an t-iontaobhaí agus é ag lóisteáil airgid a gheobhaidh sé,
(d) iniúchadh chuntais an iontaobhaí, agus
(e) cibé nithe eile a fhorordófar.
Ordú urscaoilte.
113.—Nuair a bheidh maoin an fhéimhigh réadaithe go hiomlán agus díbhinn dheiridh íoctha leis na creidiúnaithe, tabharfaidh an t-iontaobhaí tuairisc don Chúirt, agus más deimhin leis an gCúirt go bhfuil an t-eastát foirceanta go hiomlán dearbhóidh sí an fhéimheacht a bheith urscaoilte agus ordóidh sí go scaoilfear an t-iontaobhaí.
Cumhachtaí na Cúirte.
114.—I gcás ordú a dhéanamh faoin gCuid seo chun maoin an fhéimhigh a fhoirceannadh ag iontaobhaí agus coiste iniúchta, beidh cumhacht ag an gCúirt, faoi réir fhorálacha na Coda seo, cibé orduithe a dhéanamh agus cibé ordacháin a thabhairt i ndáil leis an bhféimheach, a chreidiúnaithe, a fhéichiúnaithe agus a mhaoin agus i ndáil le scrúdú daoine (lena n-áirítear an féimheach), agus i ndáil le nithe eile, a bheadh aici mura mbeadh iontaobhaí agus coiste iniúchta ceaptha faoin gCuid seo.
CUID VI
Eastáit Daoine a Fhaigheann Bás agus iad Dócmhainneach
Achainí chun eastát duine a fhaigheann bás agus é dócmhainneach, a riaradh i bhféimheacht.
(Nua)
115.—(1) Féadfaidh na daoine seo a leanas achainí chun eastát duine éagtha a riaradh faoin gCuid seo a thíolacadh don Chúirt—
(a) aon chreidiúnaí a mbeadh a fhiach leordhóthanach chun tacú le hachainí féimheachta in aghaidh an duine éagtha i gcás é bheith beo, agus
(b) ionadaí pearsanta an duine éagtha.
(2) I gcás gur creidiúnaí a thíolacfaidh an achainí, seirbheálfar fógra ina thaobh ar ionadaí pearsanta an duine éagtha.
(3) I gcás nach eol aon ionadaí pearsanta a bheith ann, féadfaidh an Chúirt a ordú go seirbheálfar fógra ar cibé duine agus ar cibé slí is cuí léi nó féadfaidh sí an tseirbheáil a ligean thar ceal.
(4) Ní dhéanfar achainí le haghaidh riaradh faoin gCuid seo a thíolacadh don Chúirt tar éis tús a bheith curtha le himeachtaí sa Chúirt Chuarda chun eastát an duine éagtha a riaradh, ach féadfaidh an chúirt sin, nuair is deimhin léi nach leor an t-eastát chun na fiacha a íoc, na himeachtaí a aistriú chun na Cúirte agus air sin féadfaidh an Chúirt ordú a dhéanamh chun eastát an duine éagtha a riaradh faoin gCuid seo.
Éifeacht fógra faoi achainí a sheirbheáil ar ionadaí pearsanta.
(Nua)
116.—(1) Tar éis fógra faoi thíolacadh achainí a sheirbheáil ar an ionadaí pearsanta, ní oibreoidh aon íocaíocht nó aistriú maoine a dhéanfaidh an t-ionadaí pearsanta mar urscaoileadh dó amhail idir é féin agus an Sannaí Oifigiúil.
(2) Ach amháin mar atá ráite thuas ní chuirfidh aon ní sa Chuid seo ó bhail aon íocaíocht a rinne an t-ionadaí pearsanta, nó aon ghníomh nó ní a rinne sé, de mheon macánta roimh dháta an ordaithe chun eastát an duine éagtha a riaradh faoin gCuid seo.
Ordú le haghaidh riaradh faoi Chuid VI.
(Nua)
117.—(1) Féadfaidh an Chúirt, ar achainí a bheith tíolactha, mura ndealraíonn sé gur dócha le réasún go mbeidh an t-eastát leordhóthan ach chun fiacha an duine éagtha a íoc, ordú a dhéanamh chun eastát an duine éagtha a riaradh faoin gCuid seo nó féadfaidh sí, ar chúis a bheith suite, an achainí a dhíbhe fara nó d'éagmais costas.
(2) I gcás gur creidiúnaí a thíolacfaidh an achainí, cruthóidh sé a fhiach don Chúirt sula ndéanfar ordú.
(3) Féadfar ordú a dhéanamh faoin alt seo d'ainneoin nach eol aon ionadaí pearsanta de chuid an duine éagtha a bheith ann.
Dílsiú agus dáileadh.
(Nua)
118.—(1) Ar ordú a bheith déanta chun eastát an duine éagtha a riaradh faoin gCuid seo, dílseoidh a mhaoin don Sannaí Oifigiúil lena réadú agus lena dáileadh.
(2) Beidh feidhm ag alt 46 (a bhaineann le deimhniú dílseacháin) maidir le maoin a dhílseoidh don Sannaí Oifigiúil faoin alt seo.
Tosaíocht ag caiteachais adhlactha agus tiomnacha.
(Nua)
119.—Le linn eastát an duine éagtha a bheith á riaradh faoin gCuid seo, beidh na caiteachais adhlactha agus tiomnacha cuí a tabhaíodh iníoctha go hiomlán i dtosaíocht ar gach íocaíocht eile, d'ainneoin aon ní contrártha dó sin san achtachán seo nó in aon achtachán eile.
Feidhm an Achta.
(Nua)
120.—Beidh feidhm ag forálacha an Achta seo, a mhéid is infheidhme iad agus maille le modhnuithe iomchuí, i gcás ordú le haghaidh riaradh faoin gCuid seo amhail mar atá feidhm acu i gcás ordú breithnithe ach amháin nach mbeidh feidhm ag ailt 50, 57, 58 agus 59.
Barrachas.
(Nua)
121.—(1) Más rud é, ar eastát an duine éagtha a riaradh faoin gCuid seo, go mbeidh aon mhaoin dílsithe fós don Sannaí Oifigiúil nó ina sheilbh nó faoina rialú, tar éis soláthar a dhéanamh le haghaidh na gcaiteachas, na dtáillí agus na gcostas, maille leis na fiacha agus na dliteanais agus ús de réir an ráta reatha is iníoctha ar fhiacha breithiúnais, ordóidh an Chúirt an mhaoin a íoc le hionadaí pearsanta an duine éagtha, nó a sheachadadh air nó a dhílsiú dó, nó mura bhfuil aon ionadaí pearsanta ann, i cibé slí a ordóidh an Chúirt.
(2) Measfar chun gach críche gur tíolacas, sannadh nó aistriú maoine an t-ordú agus, más iomchuí, féadfar é a chlárú dá réir sin.
Srian le ceart coinneála.
(cf. 27/1965, a. 46)
122.—I gcás go ndéanfar ordú le haghaidh riaradh faoin gCuid seo ní bheidh ceart coinneála ionadaí phearsanta infheidhmithe ach féadfaidh sé cruthúnas a thabhairt i dtaobh aon fhéich a bheidh dlite dó a bheadh inchruthaithe thairis sin.
CUID VII
Cionta
Pionóis a chur ar fhéichiúnaithe calaoiseacha.
(1872, c. 57, a. 11; 33/1963, a. 293)
123.—(1) Faoi réir fho-alt (2), beidh féimheach nó féichiúnaí comhshocraíochta ciontach i gcion más rud é—
(a) nach nochtfaidh sé don Chúirt nó don Sannaí Oifigiúil, nó do cibé duine nó daoine a ordóidh an Chúirt ó am go ham, a mhaoin go léir agus conas agus cé chuige agus cad é an chomaoin ar ina leith, agus cathain, a dhiúscair sé aon chuid de, ach amháin an chuid a diúscraíodh i ngnáthshlí a thrádála (más ann) nó a caitheadh ar ghnáthchaiteachais a theaghlaigh, nó
(b) nach dtabharfaidh sé suas don Sannaí Oifigiúil, nó de réir mar a ordóidh seisean nó an chúirt, iomlán cibé cuid dá mhaoin atá ina sheilbh nó faoina rialú, agus a gceanglaítear air de réir dlí í a thabhairt suas, nó
(c) nach dtabharfaidh sé suas don Sannaí Oifigiúil, nó de réir mar a ordóidh seisean, nó an Chúirt, gach leabhar agus páipéar atá ina sheilbh nó faoina rialú a bhaineann lena eastát agus a gceanglaítear air de réir dlí iad a thabhairt suas, nó
(d) go gceilfidh sé aon chuid dá mhaoin is fiú £500 nó níos mó, nó go gceilfidh sé aon fhiach a bheidh dlite dó nó dlite de, nó
(e) go ndéanfaidh sé aon chuid dá mhaoin is fiú £500 nó níos mó a thabhairt chun siúil go calaoiseach, nó
(f) nach ndéanfaidh sé ráiteas gnóthaí a chomhdú nó a sheachadadh mar a cheanglaítear le halt 19 (c) nó go bhfágfaidh sé aon ní ábhartha ar lár as aon ráiteas a bhaineann lena ghnóthaí, nó
(g) go ndéanfaidh sé, agus a fhios aige nó é á chreidiúint go ndearna aon duine fiach bréagach a chruthú faoin bhféimheacht nó faoin gcomhshocraíocht, mainneachtain ar feadh tréimhse míosa an méid sin a chur in iúl don sannaí Oifigiúil, nó
(h) go gcoiscfidh sé aon leabhar nó páipéar a thabhairt ar aird a dhéanann difear dá eastát nó a bhaineann leis, nó
(i) go ndéanfaidh sé aon leabhar nó páipéar a dhéanann difear dá eastát nó a bhaineann leis a cheilt, a dhíothú, a lot nó a fhalsú, nó go mbeidh sé ionpháirteach sa cheilt, sa díothú, sa lot nó san fhalsú sin, nó
(j) go ndéanfaidh sé aon taifead bréagach in aon leabhar nó páipéar a dhéanann difear dá eastát nó a bhaineann leis nó go mbeidh sé ionpháirteach ina dhéanamh, nó
(k) go ndéanfaidh sé go calaoiseach, aon doiciméad a dhéanann difear dá eastát nó a bhaineann leis a ligean uaidh nó a athrú nó aon ní a fhágáil ar lár as, nó go mbeidh sé ionpháirteach go calaoiseach ina ligean uaidh nó ina athrú nó in aon ní a fhágáil ar lár as, nó
(l) go ndéanfaidh sé iarracht ar chuntas a thabhairt in aon chuid dá mhaoin trí chaillteanais nó caiteachais bhréige, nó
(m) go bhfaighidh sé aon mhaoin ar creidmheas trí aon chalaois nó trí aon fhaisnéis bhréagach, nó
(n) go bhfaighidh sé aon mhaoin ar creidmheas ar an dúmas bréige go bhfuil gnó á sheoladh aige agus, más trádálaí é, go bhfuil déileáil ar siúl aige i ngnáthshlí a thrádála, nó
(o) go ndéanfaidh sé aon mhaoin a fuair sé ar creidmheas a gheallearbadh, a chur i ngeall nó a dhiúscairt mura rud é, i gcás trádálaí, gur i ngnáthshlí a thrádála a dhéanfar an geallearbadh, an cur i ngeall nó an diúscairt sin, nó
(p) go mbeidh sé ciontach in aon chalaois nó in aon fhaisnéis bhréagach chun toiliú a fháil óna chreidiúnaithe nó ó aon duine acu le comhaontú maidir lena ghnóthaí nó leis an bhféimheacht nó leis an gcomhshocraíocht.
(2) Is cosaint mhaith é ar chúiseamh faoi aon cheann de na míreanna (a), (b), (c), (d), (f), (n) agus (o) d'fho-alt (1), má chruthaíonn an cúisí nach raibh aon intinn aige calaois a dhéanamh, agus ar chúiseamh faoi aon cheann de na míreanna (h), (i) agus (j) den fho-alt sin, má chruthaíonn sé nach raibh aon intinn aige staid a ghnóthaí a cheilt ná an dlí a shárú.
(3) (a) Aon duine (seachas féimheach nó féichiúnaí comhshocraíochta) a dhéanfaidh aon cheann de na gníomhartha atá luaite i míreanna (e), (i), (j), (k), (l), (m), (n) nó (o) d'fho-alt (1), le hintinn calaois a dhéanamh ar a chreidiúnaithe, beidh sé ciontach i gcion agus chun na críche sin déanfar tagairtí i míreanna (e) nó (k) do ghníomh atá calaoiseach nó a dhéantar go calaoiseach a fhorléiriú mar thagairtí do ghníomh a dhéantar le hintinn calaois a dhéanamh ar chreidiúnaithe.
(b) I gcás go ndéanfaidh duine dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo gníomh a shonraítear sa mhír sin laistigh de dhá mhí dhéag díreach sula mbreithnítear é nó sula ndeonaítear ordú cosanta dó, toimhdeofar go dtí go gcruthófar a mhalairt gur le hintinn calaois a dhéanamh ar a chreidiúnaithe a rinneadh an gníomh.
(4) Má dhéanann aon duine aon mhaoin a gheallearbadh, a chur i ngeall nó a dhiúscairt in imthosca a fhágann gur cion é faoi mhír (o) d'fho-alt (1) nó faoi fho-alt (3), beidh gach duine a ghlacfaidh an mhaoin ar gheallearbadh nó i ngeall nó a ghlacfaidh í ar dhóigh eile, agus a fhios aige go ndearnadh í a gheallearbadh nó a chur i ngeall nó a dhiúscairt sna himthosca sin a dúradh, ciontach i gcion freisin agus dlífear é a phionósú ionann is dá mbeadh sé ciontach i gcion faoin mír sin (o) nó faoin bhfo-alt sin (3).
Féichiúnaí éalaitheach.
(1872, c. 57, a. 12)
124.—Má dhéanann aon duine, le hintinn calaois a dhéanamh ar a chreidiúnaithe, an Stát a fhágáil agus aon chuid dá mhaoin is fiú £500 nó níos mó a thabhairt leis, nó má dhéanann sé iarracht nó ullmhúchán déanamh amhlaidh, beidh sé ciontach i gcion.
Comhaontú éillitheach le creidiúnaithe.
(cf. 1857, a. 150 go páirt; 1872, a. 76)
125.—Aon chreidiúnaí de chuid féimhigh nó féichiúnaí comhshocraíochta a fhaigheann nó a ghlacann aon mhaoin ón bhféimheach nó ón bhféichiúnaí comhshocraíochta nó ó aon duine eile mar aslú as gan cur i gcoinne nó as glacadh le haon tairiscint imshocraíochta nó aon togra nó aon mhodhnuithe orthu a rinne an féimheach nó an féichiúnaí comhshocraíochta nó a rinneadh thar a cheann, beidh éileamh an chreidiúnaí ar neamhní agus neamh-inghnóthaithe agus beidh an creidiúnaí agus an duine eile sin (más ann) ciontach araon i gcion.
Éileamh bréagach.
(1872, c. 57, a. 14)
126.—Más rud é, le hintinn calaois a dhéanamh, go ndéanfaidh aon chreidiúnaí, nó aon duine a éilíonn gur creidiúnaí é, in aon fhéimheacht nó comhshocraíocht, aon éileamh bréagach nó go dtabharfaidh sé aon chruthú, dearbhú nó ráiteas cuntas nach mbeidh fíor in aon phonc ábhartha, beidh sé ciontach i gcion.
Maoin iarfhaighte a fhágáil gan nochtadh.
(Nua)
127.—Aon fhéimheach a mhainneoidh aon mhaoin iarfhaighte a nochtadh don Sannaí Oifigiúil beidh sé ciontach i gcíoh.
Cosc a chur ar oifigigh.
(cf. 1857, a. 389)
128.—Aon duine a dhéanfaidh an Cigire Féimheachta nó aon duine dá chúntóirí nó aon duine eile a chomhrac, a bhacadh nó a chosc go feasach agus go toiliúil i bhforghníomhú a dhualgas faoin Acht seo, beidh sé ciontach i gcion.
Creidmheas a fháil nó gabháil do thrádáil faoi ainm eile.
(Nua)
129.—Aon fhéimheach nó féichiúnaí comhshocraíochta—
(a) a gheobhaidh, ina aonar nó i gcomhpháirt le duine eile, creidmheas is fiú £500 nó níos mó ó aon duine gan a chur in iúl don duine sin gur féimheach nó féichiúnaí comhshocraíochta é, nó
(b) a bheidh ag gabháil d'aon trádáil nó gnó faoi ainm seachas an t-ainm ar faoi a breithníodh é ina fhéimheach nó a deonaíodh cosaint dó gan a nochtadh do gach duine lena ndéanann sé aon idirbhearta gnó cén t-ainm faoinar breithníodh é nó faoinar deonaíodh cosaint amhlaidh dó,
beidh sé ciontach i gcion.
Fógrán a chur isteach gan údarás.
(1857, a. 396)
130.—I gcás go ndéanfaidh aon duine go toiliúil, nó go gcuirfidh sé faoi deara go toiliúil go ndéanfar, fógrán faoin Acht seo a chur isteach san Iris Oifigiúil nó in aon nuachtán gan údarás faoin Acht seo, nó a dhéanann amhlaidh agus a fhios aige an fógrán a bheith bréagach in aon phonc ábhartha, beidh sé ciontach i gcion.
Dliteanas coiriúil tar éis neamhniú.
(Nua)
131.—I gcás féimheach nó féichiúnaí comhshocraíochta a bheith ciontach in aon chion, ní bheidh díolúine aige ó imeachtaí a thionscnamh ina choinne mar gheall ar an gcion de bhíthin a fhéimheacht a bheith urscaoilte nó neamhnithe nó de bhíthin éifeacht a bheith tugtha dá thogra.
Pionóis i leith cionta.
(Nua)
132.—(1) Maidir le gach duine a bheidh ciontach i gcion faoin Acht seo dlífear—
(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air, nó
(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £1,000 nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná cúig bliana nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.
(2) Beidh feidhm ag alt 13 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967, i ndáil le cion faoin Acht seo ionann is dá sonrófaí san alt sin, in ionad na bpionós dá bhforáiltear i bhfo-alt (3) den alt sin, na pionóis dá bhforáiltear i bhfo-alt (1) (a) den alt seo, agus déanfar an tagairt i bhfo-alt (2) (a) den alt sin 13 do na pionóis dá bhforáiltear san fho-alt sin (3) a fhorléiriú, agus beidh éifeacht léi, dá réir sin.
CUID VIII
Ilghnéitheach
Tréimhse do chaingne.
(Nua)
133.—Ní iontaobhaí chun críocha Reacht na dTréimhsí, 1957, an Sannaí Oifigiúil.
Imeachtaí a sheoladh go príobháideach.
(cf. 1857, a. 354 go páirt.)
134.—Féadfaidh an Chúirt a ordú gur go príobháideach a sheolfar aon suí iomlán nó aon chuid d'aon suí de chuid na Cúirte nó aon imeachtaí ar aon ní faoin Acht seo.
Cumhacht na Cúirte a horduithe a athbhreithniú.
(cf. 1872, a. 6; 1897, ailt 3, 4)
135.—Féadfaidh an Chúirt ordú a bheidh déanta aici i gcúrsa ábhair féimheachta, seachas ordú urscaoilte nó neamhnithe, a athbhreithniú, a chealú nó a athrú.
Éifeacht breithnithe ar leigheasanna creidiúnaithe.
(cf. 1857, a. 262; 1872, a. 68 go páirt.)
136.—(1) Ar ordú breithnithe a bheith déanta, aon chreidiúnaí a mbeidh aon fhiach is inchruthaithe i bhféimheacht dlite dó den fhéimheach, ní bheidh leigheas aige i gcoinne mhaoin nó phearsa an fhéimhigh maidir leis an bhfiach seachas a chearta faoin Acht seo, agus ní thionscnóidh sé aon imeachtaí maidir leis an bhfiach sin ach amháin le cead na Cúirte agus ar cibé téarmaí a fhorchuirfidh an Chúirt.
(2) Ní dhéanfaidh an t-alt seo difear do chumhacht creidiúnaí urraithe a urrús a réadú nó déileáil leis an urrús sin ar shlí eile ar an modh céanna a mbeadh sé i dteideal é a réadú nó déileáil leis dá mba nár achtaíodh an t-alt seo.
Cumhacht chun imeachtaí i gcoinne féimhigh a bhacadh nó a shrianadh.
(Nua; cf. 33/1963, a. 217)
(cf. 1857, a. 262 go páirt.)
137.—(1) Féadfaidh an Sannaí Oifigiúil—
(a) i gcás aon imeachtaí i gcoinne an fhéimhigh a bheith ar feitheamh san Ard-Chúirt nó faoi achomharc sa Chúirt Uachtarach, iarratas a dhéanamh chun na cúirte ina bhfuil na himeachtaí ar feitheamh chun bac a chur ar na himeachtaí sin, agus
(b) i gcás aon imeachtaí eile a bheith ar feitheamh i gcoinne an fhéimhigh, iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte chun srian a chur le himeachtaí eile sa Chúirt sin,
agus féadfaidh an chúirt a ndéanfar an t-iarratas chuici an t-iarratas a dheonú ar cibé téarmaí agus ar feadh cibé tréimhse is cuí léi.
(2) I gcás aon imeachtaí i gcoinne féimhigh a bhacadh nó a shrianadh de bhun fho-alt (1), beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas:
(a) ní dhlífidh an creidiúnaí aon chostais a íoc a thabhóidh an féimheach nó an Sannaí Oifigiúil sna himeachtaí sin;
(b) más i gcoinne an fhéimhigh i gcomhpháirt le haon duine eile a tionscnaíodh na himeachtaí, ní dhéanfar difear dá bharr sin do na himeachtaí i gcoinne an duine eile sin.
Comhpháirtíochtaí agus eastáit daoine éagtha a fhoirceannadh.
(Nua)
138.—(1) Féadfaidh an Chúirt, ar fhógra a thabhairt do cibé daoine a ordóidh sí, cibé orduithe a dhéanamh agus cibé ordacháin a thabhairt is cóir léi chun aon chomhpháirtíocht nó eastát aon duine éagtha ina bhfuil leas ag an bhféimheach a fhoirceannadh agus chun gnóthaí an chéanna a shocrú.
(2) Déanfar gach cuntas agus fiosrúchán iarmhartach a thógáil agus a dhéanamh i cibé oifig de chuid na Cúirte a ordóidh an Chúirt.
Toirmeasc ar thochsal tar éis breithniú nó cosanta.
(Nua)
139.—Ní thoibheofar aon tochsal ar earraí féimhigh nó féichiúnaí comhshocraíochta tar éis dháta an bhreithnithe nó an ordaithe cosanta.
Fianaise dhuine éagtha.
(1857, a. 365)
140.—I gcás go n-éagfaidh aon fhinné a mbeidh teistíocht déanta aige in aon imeachtaí faoin Acht seo, beidh an teistíocht a airbheartófar a bheith séalaithe le séala na Cúirte, nó cóip den teistíocht a airbheartófar a bheith séalaithe amhlaidh, ina fianaise ar na nithe a theistítear sa teistíocht sin.
Fógra san Iris Oifigiúil nó i nuachtán.
(cf. 1857, ailt 358, 364)
141.—Aon fhógra a fhoilseofar de bhun an Achta seo san Iris Oifigiúil nó in aon nuachtán beidh sé ina fhianaise ar na nithe atá san fhógra.
Gníomhú i gcabhair ar chúirteanna eile.
(1872, a. 71)
142.—(1) Féadfaidh an Chúirt agus a hoifigigh gníomhú i gcabhair ar aon chúirt i dTuaisceart Éireann, i Sasana agus sa Bhreatain Bheag, in Albain, in Oileán Mhanann nó in Oileáin Mhuir nIocht, agus ar a hoifigigh faoi seach, ar iarraidh ón gcúirt sin, in aon ábhar féimheachta a bheidh os comhair na cúirte sin, agus beidh an dlínse chéanna agus an t-údarás céanna ag an gCúirt agus ag a hoifigigh nuair a bheidh siad ag gníomhú amhlaidh a bheadh acu i gcás féimheachta a thionscnaítear faoi ordú ón gCúirt.
(2) (a) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, fo-alt (1) a chur chun feidhme i ndáil le haon dlínse eile ar deimhin leis an Rialtas go gcuirfidh an dlínse sin saoráidí cómhalartacha ar fáil chuige sin.
(b) Féadfar ordú faoin bhfo-alt seo a chur faoi réir cibé coinníollacha, eisceachtaí agus agús a shonrófar san ordú.
(c) Féadfaidh an Rialtas ordú faoin bhfo-alt seo a leasú nó a chúlghairm le hordú.
(d) Beidh feidhm dlí ag ordú faoin bhfo-alt seo de réir a théarmaí.
(e) Ar chúlghairm a dhéanamh ar ordú chun fo-alt (1) a chur chun feidhme i ndáil le haon dlínse, scoirfidh an fo-alt sin d'fheidhm a bheith aige i ndáil leis an dlínse sin.
(f) Foilseofar gach ordú faoin bhfo-alt seo san Iris Oifigiúil a luaithe is féidir.
Teorainneacha airgid a athrú.
(Nua)
143.—Féadfaidh an tAire le hordú méadú nó laghdú a dhéanamh ar aon cheann de na suimeanna a shonraítear in ailt 8 (1) (a) agus (2), 11 (1) (a), 15, 39 (4), 45 (1), 61 (3) (h) agus (k), 81 (1) (b) agus (c), 92 (2), 95 (2), agus 101, ach ní dhéanfaidh aon ordú den sórt sin difear d'aon chás inar breithníodh duine ina fhéimheach nó inar deonaíodh cosaint dó sular tháinig sé i bhfeidhm.
Orduithe a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.
(Nua)
144.—Gach ordú a dhéanfar faoi alt 142 (2) nó 143, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.
AN CHÉAD SCEIDEAL
Cruthúnas ar Fhiacha
Ginearálta
1. Cruthóidh gach creidiúnaí a fhiach agus aon chreidiúnaí nach ndéanfaidh amhlaidh ní bheidh sé i dteideal bheith rannpháirteach in aon dáileadh a dhéanfar.
2. (a) Féadfaidh creidiúnaí a fhiach a chruthú trí shonraí i dtaobh a fhéich (dá ngairtear “cruthúnas ar fhiach” sa Sceideal seo) a sheachadadh nó a chur leis an bpost chuig an Sannaí Oifigiúil.
(b) Ní dhéanann fomhír (a) dochar don teideal atá ag creidiúnaí a fhiach a chruthú ag suí den Chúirt.
3. Féadfaidh an Sannaí Oifigiúil tréimhse a shocrú nach mór cruthúnais ar fhiacha a chur chuige laistigh di. Ní cheadófar cruthúnas a chuirfear isteach ina dhiaidh sin ach amháin le hordú ón gCúirt.
4. Féadfar cruthúnas ar fhiach a thabhairt i bhfoirm ráitis cuntais mionsonraithe, i bhfoirm mionnscríbhinne féich nó ar mhodhanna forordaithe eile.
5. Sonróidh an creidiúnaí na dearbháin nó aon fhianaise eile lena bhféadfar tacú a thabhairt don fhiach. Tabharfaidh sé sonraí freisin i dtaobh aon fhrithéilimh a bheidh, go bhfios dó, ag an bhféimheach nó ag an bhféichiúnaí comhshocraíochta, agus cuirfidh sé in iúl cé acu an creidiúnaí urraithe é nó nach ea.
6. Beidh na sonraí a cheanglaítear le halt 16 (2) den Acht Iasachtaithe Airgid, 1933, i gceangal le cruthúnas ar fhiach maidir le hairgead arna thabhairt ar iasacht ag iasacht ag iasachtóir airgid.
7. Beidh mionnscríbhinn ag teastáil in aon chás ina mbeidh díospóid ann i dtaobh an fhéich nó más cuí leis an gCúirt nó leis an Sannaí Oifigiúil é.
8. Féadfar cruthúnas ar fhiach a thabhairt le mionn nó le mionnscríbhinn an chreidiúnaí féin nó le mionn nó le mionnscríbhinn duine éigin eile a bheidh údaraithe ag an gcreidiúnaí nó thar a cheann, agus más duine a bheidh údaraithe amhlaidh a thabharfaidh é déarfar ann cén t-údarás atá aige foinse a eolais.
9. Faoi réir mhír 24 (5), féadfaidh creidiúnaí, le toiliú an tSannaí Oifigiúil, a chruthúnas ar fhiach a leasú.
10. Gach creidiúnaí a mbeidh cruthúnas ar fhiach lóisteáilte aige beidh sé i dteideal cruthúnais chreidiúnaithe eile a fheiceáil agus a scrúdú.
11. Féadfaidh fearchéile agus banchéile fiach a chruthú i gcoinne a chéile amhail is nach mbeidís pósta.
12. Beidh iontaobhaí aonair (lena n-áirítear ionadaí pearsanta) is féimheach nó féichiúnaí comhshocraíochta, i dteideal, gan cead na Cúirte, cruthúnas a thabhairt ina fhéimheacht nó ina chomhshocraíocht féin maidir le fiach a bheidh dlite de don eastát iontaobhais. Aon díbhinn maidir le fiach den sórt sin íocfar í le Cuntasóir na hArd-Chúirte chun creidmheas an eastáit iontaobhais.
13. Más rud é ar dháta an bhreithnithe nó an ordaithe cosanta go mbeidh féimheach nó féichiúnaí comhshocraíochta faoi dhliteanas maidir le conarthaí ar leithligh mar chomhalta de dhá ghnólacht ar leithligh nó níos mó nó mar chonraitheoir aonair agus freisin mar chomhalta de ghnólacht, ní thoirmeascfar cruthúnas maidir leis na conarthaí sin i gcoinne na maoine a bheidh faoi dhliteanas faoi seach de réir na gconarthaí sin de bhíthin gurb iad na pearsana aonair céanna, go hiomlán nó go páirteach, atá sna gnólachtaí sin nó gur duine de na comhchonraitheoirí an conraitheoir aonair freisin.
14. Maidir le haon fhiach nó suim chinnte, is iníoctha tráth áirithe nó ar shlí eile, nach mbeidh ús forchoimeádta air ná comhaontú ann ina leith, agus a bheidh thar téarma ar dháta an bhreithnithe, féadfaidh an creidiúnaí cruthúnas a thabhairt le haghaidh úis de réir an ráta reatha is iníoctha ar fhiacha breithiúnais go dtí an dáta sin ón tráth a raibh an fiach nó an tsuim iníoctha, má bhíonn an fiach nó an tsuim iníoctha tráth áirithe de bhua ionstraime i scríbhinn, agus má bhíonn sé iníoctha ar shlí eile, ansin ón tráth a mbeidh éileamh i scríbhinn déanta ag tabhairt fógra go n-éileofar ús ó dháta an éilimh go dtí tráth na híocaíochta.
15. Maidir le fiacha a bheidh dlite tar éis an bhreithnithe nó an ordaithe cosanta, agus a rabhthas faoi dhliteanas ina leith ar dháta an bhreithnithe nó an ordaithe cosanta sin, féadfaidh creidiúnaí cruthúnas a thabhairt le haghaidh luach an fhéich ar an dáta sin.
16. Más rud é, maidir le duine a dhlífidh aon íocaíocht thréimhsiúil a dhéanamh (lena n-áirítear cíos), go mbreithneofar ina fhéimheach é nó go ndeonófar ordú cosanta dó, ar lá seachas an lá a thiocfaidh an íocaíocht sin chun bheith dlite, féadfaidh an duine a mbeidh teideal aige chun na híocaíochta cruthúnas a thabhairt le haghaidh cuid chomhréireach den íocaíocht i leith na tréimhse ón dáta ar tháinig an íocaíocht dheireanach chun bheith dlite go dtí dáta an bhreithnithe nó an ordaithe cosanta amhail is dá mbeadh an íocaíocht dlite ar bhonn fabhraithe ó lá go lá.
17. (1) I gcás creidmheasanna nó fiacha frithpháirteacha a bheith ann amhail idir féimheach agus aon duine a bheidh ag éileamh mar chreidiúnaí, féadfar fiach nó éileamh amháin a fhritháireamh i gcoinne an chinn eile agus ní bheidh inghnóthaithe ar thaobh amháin nó ar an taobh eile ach an t-iarmhéid a fhionnfar a bheith dlite.
(2) Beidh feidhm ag alt 36 den Acht um Dhliteanas Sibhialta, 1961 (lena ndéantar socrú maidir le héilimh a fhritháireamh), arna leasú le halt 5 den Acht um Dhliteanas Sibhialta (Leasú), 1964, ach tagairt d'fhomhír (1) a chur isteach in alt 36 (3) in ionad na tagartha d'alt 251 den Irish Bankrupt and Insolvent Act, 1857.
18. Ní dhéanann an Sceideal seo dochar d'alt 61 den Acht um Dhliteanas Sibhialta, 1961 (lena ndéantar foráil maidir le héilimh ar dhamáistí nó ar ranníoc maidir le héagóir a chruthú) ná d'alt 62 den Acht sin (lena ndéantar foráil maidir le húsáid airgid is iníoctha faoi pholasaithe árachais áirithe i gcás go dtagann an duine árachaithe chun bheith ina fhéimheach).
19. Mura n-ordaíonn an Chúirt a mhalairt, is faoi chreidiúnaí a bheidh sé a chostais féin a íoc maidir le fiach a chruthú.
20. Féadfaidh an Chúirt aon duine atá ag iarraidh fiach a chruthú nó a n-éilítear cruthúnas breise uaidh, nó aon duine eile, a scrúdú i ndáil leis sin.
21. Más rud é, le hintinn calaois a dhéanamh, go ndéanfaidh creidiúnaí nó duine eile aon éileamh bréagach nó go dtabharfaidh sé aon chruthú, dearbhú nó ráiteas cuntas os comhair na Cúirte nó ina mhionnscríbhinn nach mbeidh fíor in aon phonc ábhartha i ndáil le fiacha a chruthú, féadfaidh an Chúirt i dteannta aon phionóis eile dá bhforáiltear san Acht seo, an t-éileamh a dhícheadú go hiomlán nó go páirteach.
22. Sula ndéanfaidh sé cinneadh ar éileamh, féadfaidh an Sannaí Oifigiúil a cheangal ar chreidiúnaí faisnéis nó cruthúnas breise a sholáthar nó teacht i láthair os a chomhair.
23. Déileáfaidh an Sannaí Oifigiúil le héilimh ar an modh seo a leanas:
(a) Ullmhóidh sé liosta, arna dheimhniú aige, de na héilimh.
(b) Taífeadfar sa liosta sin—
(i) na héilimh a bheidh ceadaithe aige, a mheasfar a bheith admhaithe, agus
(ii) na héilimh a bheidh dícheadaithe aige nó ar dóigh leis nach cóir iad a admháil gan iad a tharchur chun na Cúirte.
(c) Déanfaidh sé fiacha a bheidh faoi dhíospóid a tharchur chun na Cúirte chun a mbreithnithe.
(d) Déanfar cinneadh an tSannaí Oifigiúil maidir le héileamh a dhaingniú i scríbhinn chuig an gcreidiúnaí.
(e) Aon duine arb éagóir leis cinneadh an tSannaí Oifigiúil féadfaidh sé achomharc a dhéanamh chun na Cúirte.
(f) Cuirfidh an Sannaí Oifigiúil cóip den liosta ar chomhad na Cúirte.
(g) Beidh cead ag an bpobal an liosta a iniúchadh ar tháille fhorordaithe a íoc ach ní ghearrfar aon táille ar chreidiúnaithe a iniúchfaidh an liosta.
Creidiúnaithe Urraithe
24. (1) Má réadaíonn creidiúnaí urraithe a urrús, féadfaidh sé cruthúnas a thabhairt le haghaidh an iarmhéid a bheidh dlite dó tar éis an glanmhéid a réadaíodh a asbhaint agus féadfaidh sé díbhinní a fháil ar an iarmhéid ach sin ar chaoi nach gcuirfidh as d'aon díbhinn a bheidh dearbhaithe cheana an tráth sin. Má ghéilleann sé a urrús chun leas ginearálta na gcreidiúnaithe, féadfaidh sé cruthúnas a thabhairt le haghaidh a fhéich go léir.
(2) Mura réadaíonn nó mura ngéilleann creidiúnaí urraithe a urrús, déanfaidh sé, roimh chéimniú le haghaidh díbhinne, sonraí a urrúis, an dáta ar tugadh é agus a luach de réir a mheasúnachta féin, a shonrú ina chruthúnas, agus ní bheidh sé i dteideal díbhinn a fháil ach amháin maidir leis an iarmhéid a bheidh dlite dó tar éis an luach a mheasúnófar amhlaidh a asbhaint.
(3) Ní bheidh creidiúnaí urraithe i dteideal a urrús a ghéilleadh tar éis an ama a bheidh socraithe ag an Sannaí Oifigiúil chun cruthúnais ar fhiacha a fháil, ach amháin le hordú na Cúirte.
(4) (a) I gcás gurb é an creidiúnaí a dhéanfaidh urrús a luacháil, féadfaidh an Sannaí Oifigiúil é a fhuascailt aon tráth ar an luach measúnaithe a íoc leis an gcreidiúnaí. Mura mbíonn an Sannaí Oifigiúil sásta leis an luach measúnaithe féadfaidh sé a cheangal go ndéanfar an mhaoin a chuimsítear in aon urrús a luacháiltear amhlaidh, a thairiscint lena díol cibé tráth agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha ar a gcomhaontóidh sé féin agus an creidiúnaí, nó ceal comhaontú, a ordóidh an Chúirt. Más trí cheant poiblí a dhéantar an díol, féadfaidh an creidiúnaí, nó an Sannaí Oifigiúil thar ceann an eastáit, imthairiscint nó ceannach a dhéanamh.
(b) Féadfaidh an creidiúnaí aon tráth, áfach, trí fhógra i scríbhinn, a cheangal ar an Sannaí Oifigiúil a roghnú cé acu a fheidhmeoidh nó nach bhfeidhmeoidh sé a chumhacht chun an t-urrús a fhuascailt nó chun a cheangal é a thairiscint lena dhíol, agus mura gcuirfidh an Sannaí Oifigiúil in iúl don chreidiúnaí i scríbhinn, laistigh de thrí mhí tar éis an fógra a fháil, go bhfuil roghnaithe aige an chumhacht a fheidhmiú, ní bheidh sé i dteideal í a fheidhmiú; agus is don chreidiúnaí a dhílseoidh an cothromas fuascailte, nó aon leas eile sa mhaoin a chuimsítear san urrús atá dílsithe don Sannaí Oifigiúil, agus laghdófar méid fhiach an chreidiúnaí den méid is ionann agus an luacháil a tugadh don urrús.
(5) I gcás go mbeidh luacháil tugtha ag creidiúnaí dá urrús féadfaidh sé an luacháil agus an cruthúnas a leasú aon tráth ar a shuíomh chun sástacht an tSannaí Oifigiúil nó na Cúirte gur tugadh an luacháil agus an cruthúnas bona fide ar bhonn meastacháin earráidigh, ach is ar an gcreidiúnaí a bheidh costas gach leasaithe den sórt sin agus déanfar é ar cibé téarmaí a ordóidh an Chúirt, mura gceadaíonn an Sannaí Oifigiúil an leasú gan iarratas chun na Cúirte.
(6) I gcás luacháil a bheith leasaithe de réir fhomhír (5), aisíocfaidh an creidiúnaí láithreach aon díbhinn barrachais a bheidh faighte aige de bhreis ar an méid a mbeadh teideal aige chuige de réir na luachála leasaithe nó, de réir mar a bheidh, beidh sé i dteideal aon díbhinn nó cuid de dhíbhinn nach bhfuair sé de bhíthin an chéad luacháil a bheith míchruinn, a íoc leis as aon airgead a bheidh ar fáil le haghaidh díbhinní de thuras na huaire, sula gcuirfear an t-airgead sin chun feidhme chun aon díbhinn a íoc ina dhiaidh sin ach ní bheidh sé i dteideal cur as do dháileadh aon díbhinne a dearbhaíodh roimh dháta an leasaithe.
(7) Má dhéanann creidiúnaí, tar éis a urrús a luacháil, an t-urrús a réadú ina dhiaidh sin, nó má réadaítear é faoi fhorálacha fhomhír (4), cuirfear an glanmhéid a réadaítear in ionad mhéid aon luachála a bheidh déanta ag an gcreidiúnaí roimhe sin, agus déileálfar leis i ngach slí mar luacháil leasaithe arna déanamh ag an gcreidiúnaí.
(8) Má fhionntar aon tráth nach raibh sé ráite sa mhionnscríbhinn a thug creidiúnaí urraithe nó a tugadh thar a cheann gur creidiúnaí urraithe é, géillfidh an creidiúnaí sin a urrús don Sannaí Oifigiúil chun leas ginearálta na gcreidiúnaithe mura n-ordaíonn an Chúirt a mhalairt ar iarratas chuici, agus féadfaidh an Chúirt a cheadú an mhionnscríbhinn a leasú ar cibé téarmaí maidir le haisíoc aon díbhinne nó thairis sin is cóir leis an gCúirt.
(9) Mura gcomhlíonann creidiúnaí urraithe fomhír (8), eiseofar é ó gach cuid d'aon díbhinn.
(10) Faoi réir fhorálacha fhomhír (4), ní bhfaighidh an creidiúnaí i gcás ar bith méid is mó ná punt sa phunt maille le hús, i gcás go mbeidh an creidiúnaí i dteideal cruthúnas a thabhairt le haghaidh úis.
(11) I gcás go sealbhóidh morgáistí, mar urrús, polasaí árachais ar shaol féimhigh nó féichiúnaí comhshocraíochta ina mbeidh foráil go ndéanfar, i gcás nach n-íocfar préimheanna, na préimheanna sin a urscaoileadh go huathrialach as airgead is iníoctha faoin bpolasaí, glacfar leis nach lú luach an pholasaí chun críche cruthúnais san fhéimheacht nó sa chomhshocraíocht ná an luach amhail ar dháta an bhreithnithe nó an ordaithe cosanta; ar choinníoll go bhféadfaidh an morgáistí, má éagann an féimheach nó an féichiúnaí comhshocraíochta sula ngéilltear an polasaí, iarratas a dhéanamh chun na Cúirte chun a urrús a athluacháil.
AN DARA SCEIDEAL
Aisghairm
Seisiún agus Caibidil nó Bliain agus Uimhir | Gearrtheideal | Méid na hAisghairme |
20 agus 21 Vict. c. 60 | Irish Bankrupt and Insolvent Act, 1857 | An tAcht go léir |
35 agus 36 Vict. c. 57 | Debtors Act (Ireland), 1872 | Ailt 11 agus 12, agus 14 go 22 |
35 agus 36 Vict. c. 58 | Bankruptcy (Ireland) Amendment Act, 1872 | An tAcht go léir |
51 agus 52 Vict. c. 44 | Local Bankruptcy (Ireland) Act, 1888 | An tAcht go léir |
52 agus 53 Vict. c. 60 | Preferential Payments in Bankruptcy (Ireland) Act, 1889 | An tAcht go léir |
53 agus 54 Vict. c. 24 | Deeds of Arrangement Amendment Act, 1890 | An tAcht go léir |
Alt 12 | ||
Alt 3 | ||
Alt 17 (1) a mhéid a thagraíonn sé d'alt 313 den Irish Bankrupt and Insolvent Act, 1857 | ||
Alt 32 (3) | ||
In alt 11 (1) na focail ó “agus folaíonn sé” go dtí deireadh an fho-ailt. | ||
In alt 23: fo-alt (3) agus an tagairt do Chúirt Féimheachta Áitiúil Chorcaí i bhfo-ailt (4), (5) agus (6). | ||
In alt 286 (1), na focail “tíolacadh achainí féimheachta ar” agus “dá cionn” | ||
Alt 345 (8) | ||
Alt 28 (2) | ||
Alt 26 |