Uimhir 3 de 1989
AN tACHT ÁRACHAIS, 1989
RIAR NA nALT
Réamhráiteach agus Ginearálta
Alt | |
1. | |
2. | |
3. | |
4. | |
5. | |
6. | |
7. | |
8. | Orduithe agus rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais. |
9. | |
10. |
Maoirsiú Arachóirí
Árachóirí d'Íoc Coimisiún
37. | |
38. | |
39. | |
40. | |
41. | |
42. | |
43. |
Idirghabhálaithe Árachais a Rialáil
44. | |
45. | |
46. | Idirghabhálaithe árachais a cheapadh agus coimisiún a íoc leo. |
47. | |
48. | |
49. | |
50. | |
51. | |
52. | |
53. | Mar a dhéileálfar le préimheanna a íoctar le hidirghabhálaithe. |
54. | |
55. | Daoine áirithe a bheith dícháilithe chun gníomhú mar idirghabhálaithe. |
56. | |
57. |
Ilghnéitheach
58. | |
59. | |
60. | |
61. | Cóid chleachtais i dtaobh dualgais maidir le nochtadh agus barántaí. |
Na hAchtacháin a Aisghairtear
Méadú ar Phionóis
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
Assurance Companies Act, 1909 | 1909, c. 49 |
Friendly Societies Act, 1896 | 1896, c. 25 |
Life Assurance Act, 1774. | 14 Geo. 3, c. 48 |
Life Insurance (Ireland) Act, 1866 | 29 & 30 Vict. c. 42 |
Public Offices Fees Act, 1879 | 1879, c. 58 |
An tAcht Iompair (Tionscnóirí Turas agus Gníomhairí Taistil), 1982 |
Uimhir 3 de 1989
[An tiontú oifigiúil]
CUID I
Réamhráiteach agus Ginearálta
Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus tosach feidhme.
1.—(1) Féadfar an tAcht Árachais, 1989, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna Árachais, 1909 go 1989, a ghairm de na hAchtanna Árachais, 1909 go 1985, agus den Acht seo le chéile, agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin.
(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfar le hordú nó le horduithe ón Aire, go ginearálta nó faoi threoir críche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críocha éagsúla agus le haghaidh forálacha éagsúla den Acht seo.
Léiriú.
2.—(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—
ciallaíonn “údarú” údarú arna eisiúint ag an Aire faoi Rialacháin 1976 nó faoi Rialacháin 1984 chun gnó árachais d'aicme nó de thuairisc shonraithe a sheoladh;
ciallaíonn “gníomhaire údaraithe”, i ndáil le gnóthas, an duine a bheidh ainmnithe mar ghníomhaire údaraithe den ghnóthas faoi Rialacháin 1976 nó faoi Rialacháin 1984;
ciallaíonn “gnó” gnó árachais;
ciallaíonn “cliant” duine a iarrann ar idirghabhálaí árachais árachas a shocrú thar a cheann;
tá le “íocaíocht choimisiúin” an bhrí a thugtar dó le fo-alt (3);
ciallaíonn “Achtanna na gCuideachtaí” Acht na gCuideachtaí, 1963, agus aon achtachán atá le forléiriú ina theannta;
folaíonn “sárú”, i ndáil le haon fhoráil den Acht seo, mainneachtain déanamh de réir aon cheanglais a fhorchuirtear leis an bhforáil sin nó faoin bhforáil sin agus forléireofar “sáraigh” dá réir sin;
ciallaíonn “Treoir ón gComhairle” Treoir ó Chomhairle na gComhphobal Eorpach;
ciallaíonn “an Chúirt” an Ard-Chúirt;
folaíonn “árachas” an focal Béarla “assurance”;
ciallaíonn “na hAchtanna Árachais” na hAchtanna Árachais, 1909 go 1989, agus rialacháin i ndáil le gnó árachais arna ndéanamh faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972;
ciallaíonn “gníomhaire árachais” aon duine a bhfuil ceapachán i scríbhinn aige ó árachóir a chumasaíonn dó gnó árachais a chur leis an árachóir sin, ach ní fholaíonn sé bróicéir árachais ná fostaí de chuid árachóra tráth a bheidh an fostaí ag gníomhú thar ceann an árachóra sin;
ciallaíonn “bróicéir árachais” duine a dhéanann, agus é ag gníomhú leis an saor-rogha a thuairiscítear in alt 44 (1) (b), daoine a bheidh ag iarraidh árachais agus gnóthais árachais a thabhairt le chéile le hionchas fiontair a árachú agus a dhéanann obair ullmhúcháin sula gcuirtear conarthaí árachais i gcrích, ach ní fholaíonn sé gníomhaire árachais ná fostaí de chuid árachóra tráth a bheidh an fostaí ag gníomhú thar ceann an árachóra sin;
ciallaíonn “idirghabhálaí árachais” nó “idirghabhálaí” gníomhaire árachais nó bróicéir árachais;
ciallaíonn “árachóir” sealbhóir ar údarú faoi Rialacháin 1976 nó Rialacháin 1984;
ciallaíonn “árachas saoil” árachas d'aicme a shonraítear i Sceideal 1 a ghabhann le Rialacháin 1984;
ciallaíonn “árachas neamh-shaoil” árachas d'aicme a shonraítear i Sceideal 1 a ghabhann le Rialacháin 1976;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;
ciallaíonn “forordaigh” forordaigh le rialacháin arna ndéanamh faoin Acht seo;
ciallaíonn “rialacháin” rialacháin arna ndéanamh faoi na hAchtanna Árachais, 1909 go 1989, agus rialacháin i ndáil le gnó árachais arna ndéanamh faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972;
ciallaíonn “Rialacháin 1976” Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Árachas Neamh-Shaoil), 1976 (I.R. Uimh. 115 de 1976);
ciallaíonn “Rialacháin 1984” Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Árachas Saoil), 1984 (I.R. Uimh. 57 de 1984);
ciallaíonn “deimhniú sócmhainneachta” deimhniú arna eisiúint ag an Aire chuig gnóthas a fhianaíonn go gcomhlíonann sé na ceanglais sócmhainneachta a shonraítear i Rialacháin 1976 nó i Rialacháin 1984 de réir mar is cuí;
ciallaíonn “údarás maoirseachta”, i leith aon chríche, an t-údarás a mbeidh an dualgas air, de réir dlí, maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí gnóthas árachais sa chríoch sin;
ciallaíonn “gnóthas” an sealbhóir ar údarú.
(2) Déanfar tagairtí sna hAchtanna Árachais, 1909 go 1989, do “cuideachta árachais” a fhorléiriú mar thagairtí do shealbhóir ar údarú, agus forléireofar tagairtí do “ceadúnas” mar thagairtí do “údarú”.
(3) (a) Is é atá in íocaíocht choimisiúin chun críche an Achta seo, íocaíocht, lena n-áirítear coimisiún nó luach saothair, luaíocht nó sochar comhchineáil eile, arna íoc nó is iníoctha ag sealbhóir ar údarú, nó thar a cheann, le hidirghabhálaí árachais i ndáil le gnó árachais an tsealbhóra agus folaíonn sé an t-am a thugann an sealbhóir don idirghabhálaí chun préimheanna a fuair an t-idirghabhálaí, ar son an tsealbhóra, i leith conarthaí árachais a bheidh déanta ag an sealbhóir, a íoc leis an sealbhóir.
(b) Beidh luach an ama a thugann idirghabhálaí chun coimisiún a íoc le cur i gcuntas nuair a bheidh luach an ama a thugann an sealbhóir amhlaidh á ríomh.
(4) Aon tagairt san Acht seo do Chuid, d'alt nó do Sceideal is tagairt í do Chuid nó d'alt den Acht seo nó do Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.
(5) Aon tagairt san Acht seo d'fho-alt nó do mhír is tagairt í don fho-alt nó don mhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.
Cionta agus pionóis.
3.—(1) Gach duine a sháróidh foráil den Acht seo beidh sé ciontach i gcion.
(2) Gach duine a bheidh ciontach i gcion faoin Acht seo dlífear—
(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí, nó iad araon, a chur air;
(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná trí bliana, nó iad araon, a chur air.
(3) I gcás cion faoin Acht seo a bheith déanta ag comhlacht corpraithe agus go gcruthófar go ndearnadh an cion le toiliú nó le cúlcheadú, nó gur inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile den sórt sin de chuid an chomhlachta nó aon duine a d'airbheartaigh bheith ag gníomhú sa cháil sin, beidh seisean, chomh maith leis an gcomhlacht, ciontach sa chion agus dlífear imeachtaí a shaothrú ina choinne agus é a phionósú dá réir sin.
(4) Aon duine a chiontófar i gcion dá bhforáiltear pionós i bhforáil, a luaitear i gcolún (2) den Dara Sceideal, d'Acht a shonraítear i gcolún (1) den Sceideal sin dlífear, in ionad an pionós a fhoráiltear san fhoráil sin a bheith inchurtha air, an pionós a chur air a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin os coinne lua na forála sin i gcolún (2).
(5) Má dhéanann aon duine go toiliúil, in aon tuairisceán, tuarascáil, deimhniú nó doiciméad eile a cheanglaítear a thabhairt chun críche aon fhorála den Acht seo, nó in aon iarratas chun an Aire ar údarú, aon ráiteas a bheidh bréagach in aon phonc ábhartha, agus a fhios aige go bhfuil sé bréagach, beidh sé ciontach i gcion.
(6) Na forálacha den alt seo is forálacha gan dochar iad d'alt 109 den Acht Árachais, 1936 (a bhaineann, de réir mar a oiriúnaítear é le halt 2 (2) den Acht seo, le cionta arna ndéanamh ag an sealbhóir ar údarú) agus déanfar tagairtí do “an Achta so” agus “fén Acht so” i bhfo-ailt (1) agus (4) den alt sin 109 a fhorléiriú mar thagairtí do na hAchtanna Arachais.
Doiciméid a sheirbheáil.
4.—Aon fhógra, éileamh, ordachán nó doiciméad eile, a cheanglaítear nó a údaraítear leis an Acht seo a sheirbheáil ar dhuine, féadfar é a sheirbheáil—
(a) i gcás cuideachta a bheidh corpraithe nó cumann a bheidh cláraithe sa Stát, trína fhágáil ag oifig chláraithe na cuideachta nó an chumainn nó trína chur leis an ngnáthphost réamhíoctha chuig an oifig sin,
(b) i gcás cuideachta atá corpraithe lasmuigh den Stát ach a bhfuil áit ghnó aici sa Stát, trína fhágáil leis an duine, nó trína chur leis an ngnáthphost réamhíoctha chuig an duine, a mbeidh sé fógraithe don Aire faoi na hAchtanna Árachais gurb é gníomhaire údaraithe na cuideachta sa Stát é nó, mura mbeidh aon duine den sórt sin fógraithe don Aire, tríd an modh atá sonraithe in alt 356 d'Acht na gCuideachtaí, 1963,
(c) i gcás cumann atá cláraithe ar an gcoigrích agus a bhfuil áit ghnó aige sa Stát, trína fhágáil leis an duine, nó trína chur leis an ngnáthphost réamhíoctha chuig an duine, a mbeidh sé fógraithe don Aire faoi na hAchtanna Árachais gurb é gníomhaire údaraithe an chumainn sa Stát é nó, mura mbeidh aon duine den sórt sin fógraithe don Aire, trína fhágáil ag, nó trína chur ar an modh a dúradh chuig, áit ghnó an chumainn sa Stát,
(d) i gcás Lloyd's, trína fhágáil leis an duine, nó trína chur leis an ngnáthphost réamhíoctha chuig an duine, a mbeidh sé fógraithe don Aire faoi na hAchtanna Árachais gurb é gníomhaire údaraithe Lloyd's sa Stát é,
(e) i gcás aon duine eile, trína fhágáil ag, nó trína chur leis an ngnáthphost réamhíoctha chuig, an seoladh is deireanaí is eol a bheith ag an duine sin.
Cumhacht rialacháin a dhéanamh.
5.—(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun a chumasú lán-éifeacht a bheith ag an Acht seo.
(2) Féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agus iarmhartacha a bheith i rialacháin faoin Acht seo is dóigh leis an Aire is fóirsteanach faoi choinne críoch ar bith de chuid an Achta seo.
Orduithe.
6.—Féadfaidh an tAire, le hordú, aon ordú a bheidh déanta aige faoi aon fhoráil den Acht seo, seachas ordú a rinneadh faoi alt 1 (3), a chúlghairm nó a leasú.
Táillí.
7.—(1) Féadfaidh an tAire le hordú, le toiliú an Aire Airgeadais, socrú a dhéanamh maidir le táillí—
(a) a bheidh le híoc leis gach bliain ag na sealbhóirí ar údaruithe,
(b) a bheidh le híoc leis i leith deimhniú sócmhainneachta a eisiúint.
(2) Is é an táille as iniúchadh a dhéanamh ar an gclár a choimeádtar faoi alt 21 den Acht Árachais, 1936, cibé táille nach mó ná deich bpunt a ordóidh an tAire ó am go ham le toiliú an Aire Airgeadais agus déantar leis seo fo-alt (5) den alt sin a leasú dá réir sin.
(3) Is in airgead a bhaileofar na táillí a bheidh le híoc faoin Acht seo agus glacfar leo ar cibé modh a ordóidh an tAire Airgeadais ó am go ham, agus déanfar iad a íoc isteach sa Státchiste nó a dhiúscairt chun tairbhe don Státchiste de réir ordacháin an Aire sin.
(4) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le táillí faoin Acht seo.
Orduithe agus rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.
8.—Gach ordú nó rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú nó an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe nó an rialacháin beidh an t-ordú nó an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoi.
Aisghairm.
9.—Déantar gach achtachán a luaitear i gcolún (2) den Chéad Sceideal a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin os coinne lua an achtacháin sin i gcolún (2).
Caiteachais.
10.—Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
CUID II
Maoirsiú Árachóirí
Árachóirí do chur isteach agus d'fhoilsiú tuairisceán agus doiciméad.
11.—(1) Féadfaidh an tAire le rialachán—
(a) na tuairisceáin agus na doiciméid a bheidh le cur isteach ag sealbhóirí ar údaruithe a fhorordú,
(b) a cheangal go mbeidh aon tuairisceán nó doiciméad a chuirfear isteach chuige fianaithe ag duine ag a bhfuil seasamh gairmiúil, de réir mar a shonróidh an tAire, agus ag stiúrthóirí agus cibé oifigigh de chuid na cuideachta a fhorordóidh sé,
(c) a cheangal go ndéanfar aon tuairisceán nó doiciméad den sórt sin a fhoilsiú i cibé caoi is cuí leis an Aire agus go ndéanfar aon tuairisceán nó doiciméad a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.
(2) Beidh an ceart ag an Aire aon tuairisceán nó doiciméad den sórt sin a nochtadh d'údarás maoirseachta Ballstáit eile de chuid na gComhphobal Eorpach, i gcás go gceanglaítear nó go n-údaraítear le dlí an nochtadh sin a dhéanamh.
Rialacháin maidir le cúlchistí, dliteanais, luacháil sócmhainní, géilltí athárachais agus deimhnithe sócmhainneachta.
12.—Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh le haghaidh fheidhmiú cuí a fheidhmeanna faoi na hAchtanna Árachais i leith na nithe seo a leanas—>
(a) ríomh na gcúlchistí teicniúla nó matamaiticiúla a bheidh in ionannas do dhliteanais fhrithgheallta,
(b) luacháil sócmhainní gnóthais árachais,
(c) cineál agus raon na sócmhainní a bheidh in ionannas do dhliteanais fhrithgheallta agus suíomh agus comhoiriúnú na sócmhainní sin,
(d) ríomh dliteanas frithgheallta,
(e) géilltí athárachais gnóthas údaraithe lena n-áirítear faisnéis nach foláir do ghnóthais a sholáthar maidir lena gcomhshocruithe athárachais,
(f) an nós imeachta, na coinníollacha agus na foirmeacha a bheidh i gceist in eisiúint deimhnithe sócmhainneachta,
(g) toirmeasc nó srianadh infheistíochtaí d'aicme nó de thuairisc shonraithe.
(h) an céatadán den bharrachas dáilte a leithroinntear ar shealbhóirí polasaí.
Gnóthais do choimeád taifead.
13.—Cothabhálfaidh gnóthas, ag a oifig chláraithe nó ag a áit ghnó sa Stát, taifid chuí maidir leis an ngnó go léir a dhéanann an gnóthas sa Stát faoin údarú atá aige.
Sócmhainní agus dliteanais is inchurtha i leith gnó árachais saoil a dheighilt.
14.—(1) Déanfaidh gach gnóthas atá údaraithe chun gnó árachais saoil a dhéanamh—
(a) cuntas a chothabháil maidir leis an ngnó sin agus déanfar fáltais an ghnó sin a thaifeadadh sa chuntas a chothabhálfar chun na críche sin agus tabharfar ar aghaidh iad go dtí an ciste árachais saoil agus is é an ciste sin a bheidh iontu, agus
(b) cibé taifid chuntasaíochta agus taifid eile a chothabháil is gá chun sainaithint a dhéanamh—
(i) ar na sócmhainní a bheidh in ionannas don chiste a chothabhálann an gnóthas faoi mhír (a) den fho-alt seo, agus
(ii) ar na dliteanais is inchurtha i leith an ghnó sin.
(2) Ní dochar forálacha fho-alt (1) d'oibleagáidí gnóthais cibé taifid a chothabháil is gá chun go n-ullmhófaí agus go gcuirfí faoi bhráid an Aire cuntais agus ráitis ar leithligh d'aon aicme nó cuid d'aicme gnó de réir mar a cheanglófar ó am go ham leis na hAchtanna Árachais.
Cur chun feidhme sócmhainní gnóthais a dhéanann gnó árachais saoil.
15.—(1) Maidir leis na sócmhainní a bheidh in ionannas don chiste a chothabhálann gnóthas de réir alt 14 (1)—
(a) cuirfear chun feidhme iad chun críocha an ghnó sin, agus
(b) ní aistreofar iad chun go mbeidh siad ar fáil chun críocha eile de chuid an ghnóthais ach amháin i gcás inarb é atá san aistriú aisíoc caiteachais a d'iompair sócmhainní eile (sa bhliain airgeadais chéanna nó sa bhliain airgeadais díreach roimhe sin) chun dliteanais a urscaoileadh ab inchurtha go hiomlán nó go páirteach i leith gnó árachais saoil.
(2) I gcás ina suífear, trí fhiosrú lena mbaineann Airteagal 5 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Cuntais, Ráitis agus Luachálacha Árachais Saoil), 1986 (I.R. Uimh. 437 de 1986) nó a dhéantar de bhun ceanglais a fhorchuirtear faoi alt 16 nó 17, gur mó luach na sócmhainní a luaitear i bhfo-alt (1) ná méid an dliteanais is inchurtha i leith ghnó árachais saoil an ghnóthais, ní bheidh feidhm ag an srianadh a fhorchuirtear leis an bhfo-alt sin maidir leis an oiread sin de na sócmhainní sin arb é an barrachas é.
(3) Ní údarófar, le fo-alt (2), sócmhainní a aistriú nó a chur chun feidhme ar shlí eile faoi threoir fiosrú achtúireach tráth ar bith tar éis an dáta a mbeidh an achomaireacht ar thuarascáil an achtúire i dtaobh an fhiosraithe taiscthe leis an Aire de réir Airteagal 9 (1) de na Rialacháin sin 1986.
(4) Ní choiscfidh aon ní i bhfo-alt (1) ar ghnóthas sócmhainní a bheidh in ionannas don chiste a chothabhálann an gnóthas i leith a ghnó árachais saoil a mhalartú, ar margadhluach cóir, ar shócmhainní eile de chuid an ghnóthais.
(5) Beidh morgáiste nó muirear ar neamhní sa mhéid go sáraíonn sé fo-alt (1).
(6) Ní dhéanfar an t-airgead ón gciste a chothabháiltear ag gnóthas maidir lena ghnó árachais saoil a úsáid chun críocha aon ghnó de chuid an ghnóthais nach gnó árachais saoil d'ainneoin aon chomhshocrú a bheith ann chun é a aisíoc dá éis sin as fáltais an ghnó eile sin.
(7) Ní dhéanfaidh aon ghnóthas lena mbaineann an t-alt seo díbhinn a fhógairt tráth ar bith ar lú luach na sócmhainní a bheidh in ionannas don chiste nó an cion sócmhainneachta, arna chinneadh de réir aon rialachán luachála is infheidhme, ná—
(a) i gcás an chiste, méid na ndliteanas is inchurtha i leith an ghnó sin, arna chinneadh amhlaidh, nó
(b) i gcás an chion sócmhainneachta, an méid a cheanglaítear le Rialacháin 1984.
(8) Aon tagairt san alt seo do “an ciste” is tagairt í don chiste iomlán sócmhainní a chothabhálann an gnóthas maidir lena ghnó árachais saoil, nach sócmhainní scairshealbhóirí iad.
Cumhachtaí ginearálta chun faisnéis a éileamh.
16.—(1) Aon uair is dóigh leis an Aire gur gá é chun a dheimhniú dó go bhfuil gnóthas ag comhlíonadh a dhualgas faoi na hAchtanna Árachais, féadfaidh sé a éileamh ar an ngnóthas na nithe seo a leanas a ullmhú agus a chur faoina bhráid, eadhon—
(a) tuairisceáin agus cuntais san fhoirm a bheidh forordaithe sna hAchtanna Árachais agus iad déanta amach anuas go dtí cibé dáta a ordóidh an tAire;
(b) cibé faisnéis eile (lena n-áirítear faisnéis a fuarthas ó fhiosrú achtúireach) a shonróidh sé i ndáil leis an ngnóthas féin;
(c) cibé faisnéis eile a shonróidh an tAire, i ndáil le haon chomhlacht bainteach de chuid an ghnóthais, ar faisnéis í a bhféadfaí a bheith ag súil le réasún go dtabharfadh an gnóthas í.
(2) Féadfaidh an tAire a éileamh go mbeidh na tuairisceáin, na cuntais nó an fhaisnéis sin deimhnithe nó fianaithe, ó thaobh iad a bheith ceart, ag aon duine a bheidh ainmnithe aige.
(3) Chun críche an ailt seo folóidh comhlacht bainteach—
(a) aon chomhlacht bainteach de réir bhrí alt 4 (4), míreanna (a), (b) agus (d) den Acht Árachais (Uimh. 2), 1983,
(b) aon chomhlacht a bhfuil an gnóthas, leis féin nó maille le haon chomhlach nó comhlaigh, i dteideal an cúigiú cuid nó níos mó de na cearta vótála ann a fheidhmiú, nó a bhfeidhmiú a rialú, ag aon chruinniú ginearálta de chuid an chomhlachta sin,
(c) aon chomhlacht atá, leis féin nó maille le haon chomhlach nó comhlaigh, i dteideal an cúigiú cuid nó níos mó de na cearta vótála a fheidhmiú, nó a bhfeidhmiú a rialú, ag aon chruinniú ginearálta de chuid an ghnóthais,
(d) aon chomhlacht is comh-fhochuideachta de chuid an ghnóthais de réir bhrí Achtanna na gCuideachtaí, agus
(e) aon chomhlacht atá bainteach le comhlacht bainteach de réir bhrí an ailt seo.
(4) Chun críocha fho-alt (3) ciallaíonn “comhlacht” comhlacht corpraithe nó comhlacht neamhchorpraithe daoine.
(5) In éileamh faoi fho-alt (1) féadfar dáta a shonrú faoina mbeidh sé le comhlíonadh agus mura mbeidh sé comhlíonta faoin dáta sin féadfaidh an tAire fionraí nó cúlghairm a dhéanamh ar údarú an ghnóthais maidir le haon aicme nó cuid d'aicme gnó de réir na nósanna imeachta dá bhforáiltear in alt 58.
(6) Féadfaidh an tAire, le hordú, figiúr níos ísle ná an figiúr a luaitear i bhfo-alt (3), mír (b) nó (c), a fhorordú.
Fiosruithe.
17.—(1) Aon uair is dóigh leis an Aire gur gá é chun a dheimhniú dó an bhfuil gnóthas ag comhlíonadh a dhualgas faoi na hAchtanna Árachais nó an bhfuil ar chumas an ghnóthais leanúint dá gcomhlíonadh, féadfaidh an tAire a ordú go ndéanfar fiosrú ar ghnó an ghnóthais nó ar aon ghné den ghnó sin.
(2) I gcás ina n-ordóidh an tAire fiosrú den sórt sin a dhéanamh féadfaidh sé a cheangal ar an ngnóthas aon tuairisceán, doiciméad nó cuntas, cibé acu i ndáil leis an ngnóthas féin nó le haon chomhlacht bainteach a shonróidh an tAire, a thabhairt dó, faoi dháta sonraithe, is gá chun an fiosrú a sheoladh, agus féadfaidh sé a cheangal freisin ar an ngnóthas tuairisceáin agus cuntais a bheidh deimhnithe go cuí, nó aon doiciméad a bheidh fianaithe go cuí, a thabhairt dó is gá chun é a shásamh maidir le staid airgeadais an ghnóthais.
(3) Chun críocha an ailt seo tá le “comhlacht bainteach” an bhrí a thugtar dó le halt 16.
(4) Má mhainníonn an gnóthas déanamh de réir fho-alt (2), féadfaidh an tAire fionraí nó cúlghairm a dhéanamh ar a údarú maidir le haon aicme nó cuid d'aicme gnó de réir na nósanna imeachta dá bhforáiltear in alt 58.
Cumhachtaí idirghabhála i gcásanna sócmhainneachta amhrasaí.
18.—(1) Má bhíonn cúis ag an Aire chun a chreidiúint—
(a) nach bhfuil, nó go bhféadfadh nach mbeadh, gnóthas in ann freastal dá dhliteanais, nó
(b) nach bhfuil, nó go bhféadfadh nach mbeadh, gnóthas a bhfuil a phríomh-oifig sa Stát, in ann an cion sócmhainneachta a chur ar fáil is gá,
féadfaidh an tAire a ordú don ghnóthas cibé beart amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas is dóigh leis is cuí, a ghlacadh faoi dháta sonraithe, gan teorainn ama nó go ceann tréimhse sonraithe:
(i) staonadh de ghnó nua, nó de ghnó nua de chineál sonraithe nó d'aicme shonraithe, a ghlacadh,
(ii) a ioncam préimhe a theorannú go feadh méid sonraithe,
(iii) staonadh ó infheistíochtaí d'aicme nó de thuairisc shonraithe a dhéanamh,
(iv) infheistíochtaí d'aicme nó de thuairisc shonraithe a réadú laistigh de thréimhse shonraithe,
(v) sócmhainní a choinneáil sa Stát darb ionann luach agus méid iomlán a dhliteanas, nó cion sonraithe de mhéid a dhliteanas, i leith gnó a sheoltar sa Stát,
(vi) cibé bearta eile a ghlacadh a bheidh sonraithe san ordachán.
(2) Féadfaidh an tAire na cumhachtaí a thugtar i bhfo-alt (1), míreanna (i) go (vi), a fheidhmiú freisin ar aon fhoras díobh seo a leanas:
(a) má tá mainnithe ag an ngnóthas foráil de chuid na nAchtanna Árachais a chomhlíonadh,
(b) mura deimhin leis an Aire go bhfuil comhshocruithe leordhóthaineacha i bhfeidhm nó le déanamh chun athárachú a dhéanamh ar fhiontair a ndéanann an gnóthas, i gcúrsa gnó a sheoladh, daoine a árachú ina n-aghaidh, agus ar fiontair iad d'aicme ar dóigh leis an Aire gur gá comhshocruithe den sórt sin a dhéanamh maidir leo,
(c) má tá foras ann ar a mbeadh an tAire toirmiscthe ó údarú a eisiúint chuig an ngnóthas dá ndéanfadh an gnóthas iarratas air,
(d) más dealraitheach don Aire go bhfuil imithe cuid mhaith ó aon togra nó réamhaisnéis a cuireadh isteach chuige agus arbh ar a mbonn a eisíodh údarú chuig an ngnóthas.
(3) I gcás gnóthas ar i mBallstát eile de chuid an Chomhphobail dá phríomhoifig déanfaidh an tAire, sula n-eiseoidh sé ordachán faoin alt seo, fógra a chur chuig údarás maoirseachta an Bhallstáit ina bhfuil an phríomhoifig suite.
(4) Mura ndéanfaidh an gnóthas de réir ordacháin faoin alt seo féadfaidh an tAire fionraí nó cúlghairm a dhéanamh ar a údarú maidir le haon aicme nó cuid d'aicme gnó de réir na nósanna imeachta dá bhforáiltear in alt 58.
(5) Féadfaidh an tAire iarratas a dhéanamh chun na Cúirte ar ordú ag daingniú ordacháin faoin alt seo nó ar ordú ag daingniú agus ag fadú tréimhse oibríochta ordacháin den sórt sin go ceann cibé tréimhse ama is dóigh leis an gCúirt is cuí ag féachaint do na himthosca go léir, agus féadfaidh an Chúirt ordú den sórt sin a dheonú.
(6) Féadfaidh an Chúirt, i dteannta nó in ionad ordú a dhéanamh faoi fho-alt (5), cibé ordú a dhéanamh i ndáil leis an ábhar is dóigh léi is gá.
(7) Féadfar na himeachtaí go léir, nó cuid de na himeachtaí, faoin alt seo, nó achomharc nó cuid d'achomharc i ndáil leo, a éisteacht i ndlísheomra.
(8) Féadfaidh gnóthas dá dtugtar ordachán faoin alt seo iarratas a dhéanamh chun na Cúirte ar ordú ag cur an ordacháin ar ceal agus féadfaidh an Chúirt ordú den sórt sin a dheonú.
(9) Féadfaidh an tAire ó am go ham ordachán a tugadh faoin alt seo a athrú nó a chúlghairm.
Fógra roimh ré i dtaobh téarmaí polasaí agus rátaí préimhe agus iad a chur ar taispeáint.
19.—(1) Féadfaidh an tAire a cheangal ar ghnóthas atá údaraithe sa Stát nó ar ghnóthas árachais a eisíonn cumhdach ón gcoigrích, cé nach bhfuil sé údaraithe sa Stát, i gcoinne fiontair a éiríonn sa Stát agus a bhfuil teideal dlí aige sin a dhéanamh, sonraí a thabhairt dó tráth ar bith maidir leis na coinníollacha polasaí agus na rátaí préimhe, i gcoitinne agus go sonrach, a ghabhann le cineálacha sonraithe conarthaí árachais agus féadfaidh sé a cheangal go dtabharfar na sonraí sin sula n-eiseofar aon chonarthaí árachais den sórt sin.
(2) Féadfaidh an tAire a cheangal ar dhaoine a bheidh ag iarraidh údarú chun bunú sa Stát faisnéis den chineál céanna a thabhairt dó.
(3) Féadfaidh an tAire a cheangal ar árachóirí a dhéanann árachú d'aon aicme nó tuairisc shonraithe faisnéis maidir lena gcoinníollacha polasaí agus a rátaí a chur ar taispeáint nó a chur ar fáil i cibé caoi a fhorordóidh sé.
Cáilíochtaí stiúrthóirí, bainisteoirí agus gníomhaire údaraithe.
20.—(1) Féadfaidh an tAire a cheangal ar árachóir cibé faisnéis a chur chuige a bheidh ag teastáil uaidh maidir leis na cáilíochtaí agus an taithí atá ag a chuid stiúrthóirí agus ag sealbhóirí cibé post bainistíochta a shonróidh sé, nó atá ag gníomhaire údaraithe an árachóra sa Stát.
(2) Más dealraitheach don Aire, maidir le duine atá i seilbh poist mar stiúrthóir, bainisteoir nó gníomhaire údaraithe, nach duine é ag a bhfuil cáilíochtaí oiriúnacha nó taithí oiriúnach chun an post sin a shealbhú (“duine cáilithe”), féadfaidh sé a ordú go nglacfaidh an t-árachóir, fad a bheidh an post sin ag an duine sin, cibé beart amháin nó níos mó de na bearta a shonraítear in alt 18 (1) is dóigh leis an Aire is cuí agus déanfaidh an t-árachóir de réir an ordacháin sin agus beidh éifeacht dá réir sin leis an alt sin.
(3) Cuirfear fógra chuig an Aire i dtaobh gach togra chun stiúrthóir, príomhfheidhmeannach nó gníomhaire údaraithe de chuid an árachóra a cheapadh agus ní dhéanfar an ceapachán má chuireann an tAire i gcoinne an togra ar an bhforas nach duine cáilithe an duine a bheartaítear a cheapadh.
(4) (a) Cuirfidh iarratasóir ar údarú cibé faisnéis ar fáil don Aire a bheidh ag teastáil uaidh maidir leis na cáilíochtaí agus an taithí atá ag aon duine a bheartaítear a cheapadh mar stiúrthóir ar an ngnóthas agus ag gach duine a bheartaítear a cheapadh mar phríomhfheidhmeannach nó chun aon phost bainistíochta freagrach eile a shealbhú sa ghnóthas, nó ag an duine a bheartaítear a cheapadh mar ghníomhaire údaraithe don ghnóthas.
(b) Ní dheonóidh an tAire údarú más dealraitheach dó nach duine cáilithe an duine sin.
(5) I gcás gnóthas nach sa Stát dá phríomhoifig ní bheidh feidhm ag an alt seo ach amháin maidir le daoine a sheolann feidhmeanna de chuid an ghnóthais sa Stát.
(6) Ní bheidh aon éileamh ann i gcoinne an Aire i leith aon chailliúint oifige a tharlaíonn go díreach nó go neamhdhíreach de bharr aon fhorála de chuid an ailt seo.
(7) Féadfaidh gnóthas achomharc a dhéanamh chun na Cúirte i gcoinne ordachán nó agóid de chuid an Aire faoin alt seo. Féadfar an t-achomharc a éisteacht i ndlísheomra.
Údarú a chúlghairm i gcás nach bhfuil aon ghnó á dhéanamh.
21.—(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, féadfaidh an tAire—
(a) údarú a chúlghairm maidir le haon aicme nó cuid d'aicme árachais saoil nó neamh-shaoil más deimhin leis nach bhfuil aon ghnó déanta faoin údarú le dhá bhliain chomhleanúnacha anuas, nó má tá an méid gnó a dhéanann sealbhóir ar údarú in aicme nó i gcuid d'aicme árachais saoil nó neamh-shaoil laghdaithe chomh mór sin aige gurb ionann é dáiríre agus scor de bheith ag seoladh gnó san aicme sin nó sa chuid sin d'aicme;
(b) údarú a fhionraí maidir le haon aicme nó cuid d'aicme árachais saoil nó neamh-shaoil más deimhin leis go bhfuil scortha go sealadach den ghnó nó go bhfuil an méid gnó a dhéanann an gnóthas san aicme sin gnó nó sa chuid sin den aicme sin gnó laghdaithe chomh mór sin aige gurb ionann é dáiríre agus scor go sealadach de bheith ag seoladh an ghnó sin, agus féadfaidh an tAire coinníollacha a leagan síos maidir le deireadh a chur leis an bhfionraí ar an údarú.
(2) Chun críche an ailt sin measfar go gciallaíonn gnó árachais a sheoladh polasaithe árachais a eisiúint sa Stát.
(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le gnó a scor nó a laghdú, nó údaruithe a chúlghairm nó a fhionraí, i gcás ina gceanglaítear sin le hordachán ón Aire faoi alt 18.
(4) Is de réir na nósanna imeachta dá bhforáiltear in alt 58 a dhéanfar údarú a chúlghairm nó a fhionraí faoin alt seo.
Athárachas.
22.—(1) Ní dleathach d'aon duine gnó, arb éard é athárachú a dhéanamh ar ghnó d'aicme lena mbaineann na hAchtanna Árachais, a sheoladh ó áit ghnó nó ag áit ghnó, nó ó bhunaíocht nó ag bunaíocht, sa Stát mura rud é—
(a) i gcás gnóthas ag a bhfuil údarú chun gnó in aicme amháin nó níos mó a sheoladh, go mbaineann an t-údarú freisin leis na haicmí sin gnó ina bhfuil athárachas á ghlacadh, nó
(b) i gcás duine nach bhfuil údarú aige, go mbeidh fógra tugtha ag an duine sin don Aire, i cibé foirm a fhorordóidh an tAire, á rá go seolann sé gnó athárachais, agus mura gcomhdóidh sé a chuntais, i cibé foirm a shonróidh an tAire, le cláraitheoir na gcuideachtaí.
(2) Ní choiscfidh aon ní san alt seo ar ghnóthas athárachas a ghlacadh in aicme nó in aicmí nach síneann a údarú chuici nó chucu, i gcás gur gnó é an gnó san aicme nó sna haicmí sin atá coimhdeach leis an bpríomhghnó athárachais atá á ghlacadh, ar choinníoll i gcónaí—
(a) i gcás gnóthas ag a bhfuil údarú faoi Rialacháin 1976, nach bhfuil san aicme nó sna haicmí gnó ina bhfuil athárachas á ghlacadh ach árachas d'aicme nó d'aicmí a shonraítear i Sceideal 1 a ghabhann leis na Rialacháin sin, nó
(b) i gcás gnóthas ag a bhfuil údarú faoi Rialacháin 1984, nach bhfuil san aicme nó sna haicmí gnó ina bhfuil athárachas á ghlacadh ach árachas d'aicme nó d'aicmí a shonraítear i Sceideal 1 a ghabhann leis na Rialacháin sin.
(3) Beidh glacadh athárachais ag gnóthas faoi réir fhorálacha na nAchtanna Árachais.
Ceanglais scairchaipitil íosta.
23.—(1) Ní dheonóidh an tAire údarú mura rud é—
(a) i gcás cuideachta atá corpraithe sa Stát faoi Achtanna na gCuideachtaí, nach lú ná £500,000 scairchaipiteal íoctha na cuideachta, agus
(b) i gcás cumann atá cláraithe faoi na hAchtanna um Chumainn Tionscail agus Soláthair, 1893 go 1978, nach lú ná £500,000 an scairchaipiteal íoctha agus nach mbeidh an scairchaipiteal sin in-aistarraingthe ag baill den chumann ná inaisíoctha leo.
(2) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir leis an bhfoirm ina bhféadfaidh na comhlachtaí dá dtagraítear i bhfo-alt (1) scairchaipiteal a eisiúint agus féadfaidh sé le hordú leasú a dhéanamh ar na ceanglais maidir leis an luach, dá dtagraítear san fho-alt sin, nach foláir a bheith leis an scairchaipiteal íoctha.
Cumhacht coinníollacha a chur ag gabháil le húdaruithe.
24.—(1) Más dóigh leis an Aire gur fóirsteanach é ar mhaithe le leas an phobail nó le leas scairshealbhóirí, féadfaidh sé, an tráth a eiseofar údarú nó aon tráth eile, a cheangal ar shealbhóir ar údarú geallúintí a thabhairt, faoi dháta sonraithe, maidir leis an gcaoi ina seolfar a chuid gnó agus tabharfaidh an sealbhóir sin na geallúintí a cheanglaítear amhlaidh agus comhlíonfaidh sé iad.
(2) Tabharfaidh an sealbhóir ar údarú don Aire, gach bliain nó ag cibé eatraimh is minice ná sin a iarrfaidh an tAire, cibé tuairisceáin agus doiciméid nó cibé faisnéis eile, agus iad i cibé foirm agus modh a iarrfaidh sé, is gá chun a chumasú don Aire a fhíorú go bhfuil na geallúintí a luaitear i bhfomhír (1) á gcomhlíonadh.
(3) I gcás ina mainneoidh an sealbhóir ar údarú fo-ailt (1) nó (2) a chomhlíonadh féadfaidh an tAire fionraí nó cúlghairm a dhéanamh ar an údarú maidir le haon aicme nó cuid d'aicme gnó de réir na nósanna imeachta dá bhforáiltear in alt 58.
Gnó árachais tionscail.
25.—(1) D'ainneoin aon ní dá mhalairt san Assurance Companies Act, 1909, nó san Acht Árachais, 1936, féadfar na cistí árachais tionscail agus árachais saoil a bhí á gcothabháil ag árachóir roimh thosach feidhme an ailt seo a chónascadh agus beidh an ciste comhcheangailte faoi dhliteanas i leith aon chonarthaí de chuid an árachóra a mbeadh aon chiste díobh faoi dhliteanas ina leith roimhe sin.
(2) I gcás conarthaí gnó árachais tionscail, beidh an oibleagáid chun préimheanna a bhailiú, cibé acu is de bharr conarthaí, sainráite nó intuigthe, nó trí impleacht reachtúil í, agus cibé acu a bhí na conarthaí sin ar marthain tráth thosach feidhme an ailt seo nó a rinneadh iad dá éis sin, comhlíonta má dhéantar an bailiú uair ar a laghad gach dhá mhí.
(3) (a) Leasaítear leis seo alt 50 (5) den Acht Árachais, 1936, trí “£1,200” a chur in ionad “cúig púint fhichead”.
(b) Leasaítear leis seo alt 51 (2) den Acht Árachais, 1936 (suimeanna uasta is féidir a árachú ar shaol leanaí faoi bhun 10 mbliana) trí “£1,000” a chur in ionad “fiche punt” (a cuireadh isteach leis an Acht um Chomhar Creidmheasa, 1966) agus “£1,000” a chur in ionad “tríocha punt” (a cuireadh isteach leis an Acht um Chomhar Creidmheasa, 1966).
(c) Féadfaidh an tAire le hordú athrú a dhéanamh ar fhorálacha an fho-ailt seo maidir leis na suimeanna a árachaítear faoi pholasaithe árachais tionscail.
Árachú daoine nach n-ainmnítear.
26.—(1) Ní dhéanfaidh alt 2 den Life Assurance Act, 1774, arna chur chun feidhme leis an Life Insurance (Ireland) Act, 1866, polasaí árachais chun sochair daoine nach n-ainmnítear, is polasaí a thagann ó am go ham faoi réim aicme nó tuairisce sonraithe, a chur ó bhail má bhíonn cur síos sách mion sa pholasaí ar an aicme nó ar an tuairisc sin gur féidir céannacht na ndaoine go léir a bheidh, aon tráth áirithe, i dteideal sochar a fháil faoin bpolasaí, a chinneadh.
(2) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le gach polasaí a bhaintear amach cibé acu roimh thosach feidhme an ailt seo nó dá éis.
Feidhm Acht 1978.
27.—Leasaítear leis seo an tAcht Árachais (Leasú), 1978, tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 2:
“2.—(1) Baineann an tAcht seo le haon bhanna nó le haon chonradh urraíochta nó ráthaíochta arna thabhairt nó arna dhéanamh, mar urra nó ráthóir—
(a) ag ceadúnaí i gcúrsa a ghnó baincéireachta, nó
(b) ag Corparáid an Chairde Tionscail Cuideachta Phoiblí Theoranta, i gcúrsa a gnó, nó
(c) ag Fóir Teoranta i gcúrsa a ghnó,
nó a bheidh arna thabhairt nó arna dhéanamh mar urra nó ráthóir, i gcúrsa a ghnó baincéireachta, ag duine a chónaíonn lasmuigh den Stát do shásamh ceanglais, agus d'aontoisc chun críocha ceanglais—
(i) is ceanglas de chuid ceadúnaí nó de chuid Chorparáid an Chairde Tionscail Cuideachta Phoiblí Theoranta nó Fóir Teoranta, agus
(ii) a rinneadh d'aontoisc d'urrú saoráidí airgeadais atá le cur ar fáil ag an gceadúnaí sin nó ag Corparáid an Chairde Tionscail Cuideachta Phoiblí Theoranta nó ag Fóir Teoranta.
(2) Chun críocha an ailt seo—
tá le ‘gnó baincéireachta’ an bhrí a shanntar dó le halt 2 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971;
ciallaíonn ‘ceadúnaí’ an sealbhóir ar cheadúnas a deonaíodh faoi Acht an Bhainc Ceannais, 1971.”.
Leasú ar an Friendly Societies Act, 1896.
28.—Leasaítear leis seo an Friendly Societies Act, 1896, tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 8:
Feidhm na ndíolúintí i Rialacháin 1976 agus 1984 ar árachas saoil agus neamhshaoil.
29.—Dearbhaítear leis seo d'fhonn amhras a sheachaint—
(a) nach bhfuil feidhm ag forálacha Rialachán 3 (2) (b) de Rialacháin 1976, ná ag Rialachán 3 (2) (b) de Rialacháin 1984 ach amháin i ndáil leis na hoibríochtaí a luaitear sna fomhíreanna sin i gcás na hoibríochtaí sin a bheith á seoladh ag comhlacht atá cláraithe faoi na hAchtanna a bhaineann le cara-chumainn nó ceard chumainn, agus
(b) gur tagairtí do chomhlachais fhrithpháirteacha agus d'eagraíochtaí atá cláraithe faoi na hAchtanna a bhaineann le cara-chumainn nó ceardchumainn an tagairt i Rialachán 3 (2) (c) de Rialacháin 1976 do fhrithpháirtigh agus an tagairt i Rialachán 3 (2) (c) de Rialacháin 1984 d'eagraíochtaí agus comhlachais fhrithpháirteacha.
Árachóirí a fhoirceannadh.
30.—I gcás go dtíolacfaidh duine seachas an tAire achainí chun gnóthas a fhoirceannadh, seirbheálfar cóip den achainí ar an Aire agus beidh sé i dteideal éisteacht a fháil maidir leis an achainí.
An Ciste Cúitimh Árachais.
31.—(1) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1A) (a cuireadh isteach le hAcht 1983) d'alt 3 den Acht Árachais, 1964, maidir le leachtaitheoir árachóra (de réir bhrí Acht 1983) ar tar éis thosach feidhme an ailt seo a chuirfidh an Chúirt tús lena fhoirceannadh.
(2) Leasaítear leis seo alt 3 den Acht Árachais, 1964, trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1A):
“(1B) (a) Faoi réir fhorálacha an ailt seo féadfar, le ceadú na hArd-Chúirte, cibé méid nó méideanna (faoi réir na teorann dá bhforáiltear i mír (b)) a údaróidh an Chúirt ó am go ham a íoc as an gCiste le leachtaitheoir árachóra dhócmhainnigh (lena n-áirítear árachóir a mbeidh a údarú cúlghairthe ag an Aire) ar tar éis thosach feidhme alt 31 den Acht Árachais, 1989, a chuirfidh an Ard-Chúirt tús lena fhoirceannadh, i leith aon suime (seachas suim is iníoctha i leith aisíoc préimhe) a bheidh dlite do dhuine faoi pholasaí a d'eisigh an t-árachóir sa Stát i leith fiontair atá suite sa Stát, mar aon leis na costais agus na caiteachais (más ann) a thabhaigh an duine de riachtanas agus de réir réasúin agus é ag iarraidh íoc na suime a áirithiú.
(b) Maidir leis an tsuim iomlán is féidir a íoc as an gCiste faoi mhír (a) i leith aon suime a bheidh dlite do dhuine faoi pholasaí, ní rachaidh sí (cibé acu mar íocaíocht amháin nó mar an iomlán de shraith íocaíochtaí) thar seasca a cúig faoin gcéad (nó sé chéad is caoga míle punt, cibé acu is lú) den tsuim sin.
(1C) I gcás go mbaineann aon suim dá dtagraítear i bhfo-alt (1B) le dliteanas an árachaí i leith tríú páirtí, beidh feidhm ag an teorainn a fhorordaítear leis an bhfo-alt sin d'íocaíochtaí as an gCiste maidir leis an tsuim is gá faoi chomhair dhliteanas an árachaí i leith an tríú páirtí sin.
(1D) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1B) maidir le haon suim a bheidh dlite do chomhlacht corpraithe nó comhlacht neamhchorpraithe daoine mura mbeidh an tsuim dlite i ndáil le dliteanas an chomhlachta sin i leith pearsan aonair nó i ndáil le dliteanas pearsan aonair i leith an chomhlachta sin.
(1E) I gcás ina ndéanfar aon mhéid a íoc as an gCiste le leachtaitheoir faoi fho-alt (1B) déanfaidh an leachtaitheoir an méid sin a íoc leis an duine a mbeidh sé dlite ina leith.”.
(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2B) (a cuireadh isteach le hAcht 1983) den alt sin 3 maidir le riarthóir árachóra (de réir na brí sin a dúradh) ar tar éis thosach feidhme an ailt seo a thosófar á riaradh.
(4) Leasaítear leis seo alt 3 den Acht Árachais, 1964—
(a) trí “féadfaidh an tAire, d'fhonn gur éasca gnó an árachóra a chur ar bonn fónta tráchtála agus airgeadais, an fiach sin ar fad nó cuid den fhiach sin a tharscaoileadh tráth ar bith thar ceann an Chiste” a scriosadh as fo-alt (2C) (b) (a cuireadh isteach le halt 9 d'Acht 1983) agus trí “féadfaidh an tAire, le ceadú an Aire Airgeadais, d'fhonn gur éasca gnó an árachóra a chur ar bhonn fónta tráchtála agus airgeadais, an fiach sin ar fad nó aon chuid den fhiach sin a tharscaoileadh tráth ar bith thar ceann an Chiste” a chur ina ionad; agus
(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2A) (a cuireadh isteach le halt 9 d'Acht 1983):
“(2A) I gcás méid a íoc as an gCiste le leachtaitheoir árachóra faoi fho-alt (1A) nó (1B) den alt seo i leith suim a bheidh dlite faoi pholasaí a d'eisigh an t-árachóir agus i leith na gcostas agus na gcaiteachas (más ann) a tabhaíodh i ndáil leis an tsuim, nó, i gcás feidhm a bheith ag fo-alt (1A), i leith aisíoc préimhe, beidh an Cuntasóir, maidir leis an méid a íocadh as an gCiste, ina chreidiúnaí de chuid an árachóra, agus glacfar leis an méid sin sna himeachtaí le haghaidh an fhoirceanta mar fhiach cruthaithe ar an árachóir agus tosaíocht aige ar aon suim a bheidh dlite fós faoin bpolasaí nó i leith aisíoc na préimhe, de réir mar a bheidh.”.
(5) Leasaítear leis seo alt 6 (2) (d) den Acht Árachais, 1964 (a cuireadh isteach le halt 10 d'Acht 1983) tríd an míniú ar “ioncam comhiomlán” a scriosadh agus an míniú seo a leanas a chur ina ionad:
“ciallaíonn ‘ioncam comhiomlán’, i ndáil le hárachóir i leith aon tréimhse, méid comhlán na bpréimheanna a íocadh nó is iníoctha leis an árachóir i leith polasaithe a d'eisigh sé sa Stát sa tréimhse sin i leith fiontar atá suite sa Stát;”.
(6) San alt seo ciallaíonn “Acht 1983” an tAcht Árachais (Uimh. 2), 1983.
(7) Measfar fiontar a bheith suite sa Stát chun críocha ailt 3 agus 6 den Acht Árachais, 1964, arna leasú leis an alt seo, i gcás go mbaineann an polasaí nó an ionstraim eile árachais—
(a) le maoin arb éard í foirgnimh nó foirgnimh agus a n-inneachair, sa mhéid go mbeidh na hinneachair cumhdaithe leis an bpolasaí céanna nó leis an ionstraim eile árachais céanna, má tá an mhaoin suite sa Stát;
(b) le feithiclí, lena n-áirítear feithiclí talún, rothra iarnróid, aerárthaí, soithí farraige, locha, abhann agus canála, má tá an fheithicil cláraithe sa Stát;
(c) le fiontair taistil nó saoire, d'aicme ar bith, más sa Stát a eisítear an polasaí nó an ionstraim eile árachais;
nó, in aon chás eile, má tá gnáthchónaí ar an sealbhóir polasaí sa Stát nó más pearsa dhlíthiúil an sealbhóir polasaí agus go bhfuil an bhunaíocht lena mbaineann an polasaí nó an ionstraim eile árachais suite sa Stát.
Íocaíochtaí tosaíochta fiach as cúlchistí teicniúla gnóthais.
32.—(1) I ngach foirceannadh, déanfar sócmhainní an ghnóthais, cibé áit a mbeidh siad, a bheidh in ionannas do chúlchistí teicniúla a cheanglaítear a bhunú agus a chothabháil de bhun Rialacháin 1976 nó Rialacháin 1984, de réir mar a bheidh, a úsáid, gan dochar d'aon cheart tosaíochta faoi Achtanna na gCuideachtaí nó faoi aon achtachán eile, chun fiacha a éiríonn faoi chonarthaí árachais a rinneadh de bhun údarú an ghnóthais a urscaoileadh i dtosaíocht ar fhiacha eile.
(2) Chun críche an ailt seo aon mhéid a ghnóthófar ó athárachóir faoi chonradh athárachais a bhaineann le conradh árachais a luaitear i bhfo-alt (1) beidh sé mar chuid de na cúlchistí teicniúla sin a dúradh.
Cumhacht díola an riarthóra.
33.—(1) Dearbhaítear leis seo, d'fhonn amhras a sheachaint, go mbeidh ag riarthóir arna cheapadh faoi alt 2 den Acht Árachais (Uimh. 2), 1983, agus go measfar go raibh aige riamh, an chumhacht chun gnó, gnóthas nó sócmhainní uile an árachóra, nó aon chuid den chéanna, a dhiúscairt agus chun aon ghnó a bheidh fágtha a sheoladh, lena n-áirítear dliteanais a ghlanadh, d'fhonn an riaradh a thabhairt chun críche ar bhealach ordúil.
(2) Más rud é go ndearna aon riarthóir den sórt sin a ceapadh roimh thosach feidhme an Achta seo gnó, gnóthas nó sócmhainní uile árachóra nó aon chuid den chéanna a dhiúscairt, féadfar le toiliú na hArd-Chúirte, cibé méideanna is gá, i dtuairim na hArd-Chúirte, le go leanfadh an riarthóir den riaradh d'fhonn é a thabhairt chun críche ar bhealach ordúil, a íoc as an gCiste leis an riarthóir.
Ceapachán, dualgas agus cáilíochtaí achtúire.
34.—(1) Aon árachóir a bhfuil a phríomhoifig sa Stát agus a bhfuil, tráth thosach feidhme na Coda seo, údarú aige chun dul i mbun gnó árachais saoil déanfaidh sé laistigh de dhá mhí ón tosach feidhme sin, mura mbeidh sé déanta aige cheana féin, duine cuí-cháilithe a cheapadh mar achtúire don árachóir agus déanfar sonraí i dtaobh céannacht, taithí agus cáilíochtaí an duine a cheapfar amhlaidh a chur in iúl don Aire tráth a cheaptha.
(2) Aon árachóir a bhfuil a phríomhoifig sa Stát déanfaidh sé, laistigh de mhí tar éis údarú chun dul i mbun gnó árachais saoil a bheith deonaithe dó, duine cuí-cháilithe a cheapadh mar achtúire don ghnóthas, agus déanfar faisnéis i dtaobh céannacht, taithí agus cáilíochtaí an duine a cheapfar amhlaidh a chur in iúl don Aire tráth an cheaptha sin.
(3) Beidh sé de dhualgas ar an duine a cheapfar mar achtúire do ghnóthas aon fheidhm i ndáil le gnó an ghnóthais sin, a gceanglaíonn na hAchtanna Árachais é a bheith déanta ag achtúire, a sheoladh.
(4) Féadfaidh an tAire le hordú na cáilíochtaí agus an taithí a bheidh ag an duine a cheapfar mar achtúire do ghnóthas a fhorordú.
Dualgais iniúchóra.
35.—(1) Más rud é, maidir le hiniúchóir árachóra—
(a) go mbeidh cúis aige chun a chreidiúint go bhfuil imthosca ann ar dóigh dóibh difear ábhartha a dhéanamh do chumas an árachóra freastal dá oibleagáidí i leith sealbhóirí polasaí nó freastal dá riachtanais airgeadais ábhartha faoi na hAchtanna Árachais, nó
(b) go mbeidh cúis aige chun a chreidiúint go bhfuil lochtanna ábhartha i gcórais agus rialuithe airgeadais, nó i dtaifid chuntasaíochta, an árachóra ar dóigh dóibh an éifeacht sin a bheith leo, nó
(c) go mbeartóidh sé coinníoll a chur ag gabháil le haon deimhniú atá le cur ar fáil aige i ndáil le ráitis nó tuairisceáin airgeadais de chuid an árachóra faoi Achtanna na gCuideachtaí nó faoi na hAchtanna Árachais, nó
(d) go gcinnfidh sé éirí as nó gan dul ar aghaidh lena atoghadh mar iniúchóir,
tuairisceoidh sé an méid sin i scríbhinn don Aire gan mhoill.
(2) Déanfaidh an t-iniúchóir cóip d'aon tuarascáil a thug sé don Aire faoi fho-alt (1) a chur chuig an árachóir.
(3) Aon uair is dóigh leis an Aire gur gá déanamh amhlaidh ar mhaithe le feidhmiú a chuid feidhmeanna faoi na hAchtanna Árachais nó chun leasanna sealbhóirí polasaí a chosaint, féadfaidh sé a cheangal ar iniúchóir árachóra cibé faisnéis a shonróidh sé a thabhairt dó i ndáil leis an iniúchadh ar ghnó an árachóra agus déanfaidh an t-iniúchóir de réir an cheanglais sin. Féadfaidh an tAire a cheangal go ngníomhóidh an t-iniúchóir go neamhspleách ar an árachóir agus an fhaisnéis sin á tabhairt aige.
(4) I gcás árachóra a bhfuil a phríomhoifig lasmuigh den Stát, beidh feidhm ag na dualgais a fhorchuirtear ar iniúchóir faoin alt seo maidir le gnó arna scríobh ag an árachóir ag a bhunaíocht sa Stát.
(5) Ní mheasfar aon dualgas, a mbeidh iniúchóir árachóra faoina réir, a bheith sáraithe, ná ní bheidh an t-iniúchóir faoi dhliteanas ar bith i leith an árachóra ná i leith scairshealbhóirí, creidiúnaithe nó páirtithe leasmhara eile de chuid an árachóra, mar gheall ar é do chomhlíonadh aon oibleagáide a fhorchuirtear air leis an alt seo nó faoin alt seo.
Cumhachtaí na Cúirte maidir le cónascadh nó aistriú gnó árachais.
36.—(1) Aon uair a thabharfaidh an Chúirt cead, faoi alt 13 den Assurance Companies Act, 1909, le haghaidh cónascadh dhá chuideachta árachais nó níos mó nó le haghaidh aistriú gnó árachais d'aicme ar bith ó chuideachta árachais amháin go dtí cuideachta árachais eile, nó go bhfuil cónascadh nó aistriú den chineál a dúradh le déanamh nach gá cead na Cúirte faoin alt sin lena aghaidh, déanfaidh an Chúirt, ag féachaint di do dhliteanais uile na gcuideachtaí, leis an ordú ina dtugtar an cead nó, i gcás nach gá cead faoin alt sin, ar iarratas a bheith déanta chuici, socrú le haghaidh cibé de na nithe seo a leanas is gá sna himthosca:
(a) gnóthas uile, agus maoin nó dliteanais uile, aon chuideachta is aistreoir, nó aon chuid den chéanna, a aistriú chuig an gcuideachta is aistrí;
(b) leithroinnt nó leithreasú ag an gcuideachta is aistrí ar aon scaireanna, bintiúir, polasaithe nó leasanna eile dá samhail sa chuideachta sin a bheidh, faoin gcónascadh nó faoin aistriú, le leithroinnt nó le leithreasú ag an gcuideachta sin ar aon duine eile nó chuig aon duine eile;
(c) aon imeachtaí dlí a bheidh ar feitheamh ag aon chuideachta is aistreoir, nó ina coinne, a choimeád ar marthain ag an gcuideachta is aistrí, nó ina coinne;
(d) aon chuideachta is aistreoir a dhíscaoileadh, gan foirceannadh;
(e) cibé nithe teagmhasacha, iarmhartacha agus forlíontacha is gá chun a áirithiú go gcuirfear an cónascadh nó an t-aistriú i gcrích go hiomlán agus go héifeachtúil.
(2) Más rud é, in aon ordú arna dhéanamh faoi fho-alt (1), go mbeidh foráil le haghaidh maoin nó dliteanais a aistriú, déanfar, de bhua an ordaithe, an mhaoin sin a aistriú chuig an gcuideachta is aistrí agus a dhílsiú di agus déanfar, de bhua an ordaithe, na dliteanais sin a aistriú chuig an gcuideachta sin agus beidh siad ina ndliteanais dá cuid, agus i gcás aon mhaoin beidh sí, má ordaítear amhlaidh san ordú, saor ó aon mhorgáiste nó muirear atá le scor, de bhua an chónasctha nó an aistrithe, d'éifeacht a bheith leis.
(3) I gcás go dtabharfaidh an Chúirt a cead nó a formheas le haghaidh cónascadh nó aistriú lena mbaineann fo-alt (1), déanfaidh an chuideachta is aistrí, laistigh de dheich lá ón dáta a ndéantar an t-ordú nó cibé tréimhse is faide ná sin a cheadóidh an tAire, dhá chóip oifige den ordú a thaisceadh leis an Aire.
(4) San alt seo—
folaíonn “dliteanais” dualgais;
folaíonn “maoin” maoin, cearta agus cumhachtaí de gach tuairisc;
ciallaíonn “cuideachta is aistreoir” an chuideachta a bhfuil a gnóthas nó a maoin go léir, nó cuid díobh, le haistriú faoin gcónascadh nó faoin aistriú agus ciallaíonn “cuideachta is aistrí” an chuideachta a bhfuil an t-aistriú sin le déanamh chuici.
CUID III
Árachóirí d'Íoc Coimisiún
Cumhacht an Aire chun laghdú ar choimisiúin a éileamh.
37.—(1) (a) Más rud é, i dtuairim an Aire, go bhfuil íocaíochtaí coimisiúin ró-arda á ndéanamh ag an sealbhóir ar údarú, féadfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn a chur chuig an sealbhóir, a cheangal ar an sealbhóir íocaíochtaí coimisiúin an tsealbhóra i ndáil le gnó árachais, nó i ndáil le haicmí áirithe gnó árachais, a laghdú, tar éis cibé dáta (nach lú ná dhá mhí tar éis dáta seolta an fhógra) a shonrófar san fhógra, go dtí leibhéal nach airde ná cibé leibhéal nó leibhéil a shonróidh an tAire san fhógra.
(b) Féadfaidh an tAire leibhéil na n-íocaíochtaí coimisiúin a shonrú i bhfógra faoin bhfo-alt seo i cibé foirm agus faoi threoir cibé nithe is cuí leis an Aire.
(c) I gcás ina gcuirfidh an tAire fógra faoin bhfo-alt seo chuig an sealbhóir ar údarú, cuirfidh sé cóip den fhógra an tráth céanna chuig gach sealbhóir eile ar údarú, agus aon sealbhóir ar údarú a gcuirtear fógra den sórt sin chuige ní íocfaidh sé, ná ní chuirfidh sé faoi deara go n-íocfar thar a cheann, tar éis an dáta a bheidh sonraithe san fhógra, íocaíochtaí coimisiúin de réir leibhéil is airde ná an leibhéal a shonraítear chuige sin san fhógra.
(2) Aon duine—
(a) a gcuirtear fógra chuige faoi fho-alt (1) agus a íocfaidh, nó a chuirfidh faoi deara go n-íocfar thar a cheann, íocaíochtaí coimisiúin de réir leibhéil is airde ná an leibhéal a shonraítear chuige sin san fhógra, nó
(b) a sháróidh fo-alt (1) (c),
beidh sé ciontach i gcion.
(3) (a) Féadfaidh an tAire fógra faoi fho-alt (1), a cuireadh chuig an sealbhóir ar údarú, a chur ar neamhní trí fhógra a chur chuig an sealbhóir á rá go mbeidh an fógra faoi fho-alt (1) ar neamhní ó dháta sonraithe, agus i gcás ina gcuirfear fógra faoin bhfo-alt seo chuig an sealbhóir ar údarú, scoirfidh an fógra faoi fho-alt (1) lena mbaineann sé d'éifeacht a bheith leis ar an lá a bheidh sonraithe chun na críche sin san fhógra faoin bhfo-alt seo.
(b) I gcás ina gcuirfidh an tAire fógra faoin bhfo-alt seo chuig an sealbhóir ar údarú, cuirfidh sé cóip den fhógra an tráth céanna chuig gach sealbhóir eile ar údarú.
(c) Aon tagairtí i bhfo-alt (2) agus sna hailt ina dhiaidh seo den Acht seo d'fhógra faoi fho-alt (1) nó d'fhógra faoin alt seo is tagairtí iad d'fhógra faoin bhfo-alt sin (1) a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire.
(4) I gcás ina gcuirfidh an tAire fógra faoin alt seo chuig duine ar bith cuirfidh sé faoi deara, a luaithe is féidir, go bhfoilseofar fógra agus sonraí i dtaobh an fhógra i nuachtán laethúil amháin ar a laghad a léitear ar fud an Stáit.
Íocaíochtaí áirithe coimisiúin a thoirmeasc.
38.—Aon uair is dóigh leis an Aire gur gá é ar mhaithe le leas an phobail féadfaidh sé a fhoráil le hordú nach ndéanfaidh an sealbhóir ar údarú—
(a) íocaíochtaí coimisiúin a íoc i bhfoirm aon sochair chomhchineáil nó i bhfoirm aon iasachta airgid arna déanamh ag an sealbhóir le hidirghabhálaí, nó arna déanamh, thar ceann an tsealbhóra, ag duine eile le hidirghabhálaí;
(b) faoi réir cibé eisceachtaí agus coinníollacha a bheidh sonraithe san ordú, íocaíocht choimisiúin i leith polasaí árachais a íoc le hidirghabhálaí árachais, nó a chur chun creidmheasa dá chuntas, go dtí go mbeidh an phréimh lena mbaineann an íocaíocht choimisiúin faighte ag an sealbhóir, nó ag an idirghabhálaí thar ceann an tsealbhóra, de réir mar a bheidh.
Údarú a chúlghairm.
39.—(1) I gcás ina ndéanfar duine is sealbhóir ar údarú i leith árachais neamh-shaoil a chiontú i gcion faoi alt 37 nó 38 agus nach ndéanfaidh an duine achomharc in aghaidh an chiontaithe nó go ndaingneofar an ciontú ar achomharc, beidh an ciontú ina fhoras le cúlghairm an údaraithe ag an Aire agus, dá réir sin, féadfaidh an tAire an t-údarú sin a chúlghairm de réir fhorálacha Airteagal 23 de Rialacháin 1976, ionann is—
(a) dá gcuirfí an mhír seo a leanas isteach i bhfo-airteagal (1) den Airteagal sin 23 i ndiaidh mhír (a):
“(aa) más rud é gur ciontaíodh an sealbhóir i gcion faoi alt 37 nó 38 den Acht Árachais, 1989, agus nach ndearna an sealbhóir achomharc in aghaidh an chiontaithe nó gur daingníodh an ciontú ar achomharc”,
agus
(b) dá gcuirfí an méid seo a leanas isteach i ndiaidh “Bhallstáit eile,” i bhfo-airteagal (3) (a) den Airteagal sin 23:
“más rud é gur ciontaíodh an gnóthas i gcion faoi alt 37 nó 38 den Acht Árachais, 1989, agus nach ndearna an sealbhóir achomharc in aghaidh an chiontaithe nó gur daingníodh an ciontú ar achomharc, nó”.
(2) I gcás ina ndéanfar duine is sealbhóir ar údarú i leith árachais saoil a chiontú i gcion faoi alt 37 nó 38 agus nach ndéanfaidh an duine achomharc in aghaidh an chiontaithe nó go ndaingnítear an ciontú ar achomharc, beidh an ciontú ina fhoras le cúlghairm an údaraithe ag an Aire agus, dá réir sin, féadfaidh an tAire an t-údarú sin a chúlghairm de réir fhorálacha Airteagal 25 de Rialacháin 1984, ionann is—
(a) dá gcuirfí an mhír seo a leanas isteach i bhfo-airteagal (1) den Airteagal sin 25 i ndiaidh mhír (a):
“(aa) más rud é gur ciontaíodh an sealbhóir i gcion faoi alt 37 nó 38 den Acht Árachais, 1989, agus nach ndearna an sealbhóir achomharc in aghaidh an chiontaithe nó gur daingníodh an ciontú ar achomharc”,
agus
(b) dá gcuirfí an méid seo a leanas isteach i ndiaidh “Ballstáit eile,” i bhfo-airteagal (3) (a) den Airteagal sin 25:
“más rud é gur ciontaíodh an gnóthas i gcion faoi alt 37 nó 38 den Acht Árachais, 1989, agus nach ndearna an sealbhóir achomharc in aghaidh an chiontaithe nó gur daingníodh an ciontú ar achomharc, nó”.
(3) Beidh cúlghairm nó fionraí ar údarú faoin alt seo faoi réir na nósanna imeachta dá bhforáiltear in alt 58.
Srian le fógraíocht.
40.—I gcás ina gciontófar duine i gcion faoi alt 37 nó 38 agus nach ndéanfaidh an duine achomharc in aghaidh an chiontaithe nó go ndaingneofar an ciontú ar achomharc, ní dhéanfaidh sé, ná ní chuirfidh sé faoi deara go ndéanfar, fógrán a fhoilsiú i ndáil le gnó árachais an duine a ciontaíodh mura rud é nach mbeidh íocaíochtaí coimisiúin an duine i ndáil leis an ngnó sin níos airde ná na leibhéil a bheidh sonraithe i ndáil le híocaíochtaí de na cineálacha sin san fhógra faoi alt 37 lenar bhain an ciontú agus go mbeidh na híocaíochtaí a dhéantar le hidirghabhálaithe i gcomhréir le halt 38.
Cionta arna ndéanamh ag idirghabhálaithe.
41.—(1) Faoi réir fho-alt (2), más rud é—
(a) go nglacfaidh idirghabhálaí árachais le híocaíocht choimisiúin,
(i) ó dhuine ar cuireadh fógra faoi alt 37 nó cóip d'fhógra den sórt sin chuige, nó ó dhuine a bheidh ag gníomhú thar ceann duine den sórt sin, agus
(ii) gur airde an íocaíocht ná an leibhéal a bheidh sonraithe i ndáil le híocaíochtaí den sórt sin faoin bhfógra, agus
(iii) go ndéanfar an íocaíocht tar éis an dáta a bheidh sonraithe san fhógra, nó
(b) go nglacfaidh idirghabhálaí árachais le híocaíocht choimisiúin de shárú ar alt 38,
beidh an t-idirghabhálaí ciontach i gcion.
(2) In ionchúiseamh mar gheall ar chion faoin alt seo, is cosaint é don chosantóir a shuíomh nach raibh a fhios aige, agus nach bhféadfaí le réasún a bheith ag súil go mbeadh a fhios aige—
(a) gurbh airde an íocaíocht choimisiúin i gceist ná an leibhéal a bheidh sonraithe i ndáil le híocaíocht den sórt sin san fhógra áirithe faoi alt 37 agus, ar é do theacht ar an eolas sin, gur chuir sé barrachas na híocaíochta coimisiúin sin ar ais chuig an duine a rinne í, nó
(b) gur shárú ar alt 38 an íocaíocht choimisiúin i gceist agus, ar é do theacht ar an eolas sin, gur chuir sé an íocaíocht choimisiúin sin ar ais chuig an duine a rinne í.
Polasaithe áirithe árachais saoil a bheith inneamhnithe.
42.—Más rud é—
(a) go ndéanfar sealbhóir ar údarú i leith árachais saoil a chiontú i gcion faoi alt 37 i ndáil le híocaíochtaí coimisiúin a bheidh sonraithe i bhfógra faoin alt sin, nó a chiontú i gcion faoi alt 38, agus
(b) nach ndéanfaidh sé achomharc in aghaidh an chiontaithe nó go ndaingneofar an ciontú ar achomharc, agus
(c) i gcás na híocaíochta coimisiúin lenar bhain an cion, gur íocaíocht í i leith conradh árachais ar shaol duine a chur i gcrích idir an duine a ciontaíodh agus duine eile,
ansin aon duine is páirtí i gconradh árachais ar shaol duine a cuireadh i gcrích leis an sealbhóir agus ar íoc an sealbhóir, nó duine ag gníomhú thar ceann an tsealbhóra, íocaíocht choimisiúin ina leith, le hidirghabhálaí árachais, ab airde ná an leibhéal a bhí sonraithe i ndáil le híocaíocht den sórt sin san fhógra a dúradh, nó ar íocadh íocaíocht choimisiúin ina leith de shárú ar alt 38, féadfaidh sé, laistigh de mhí amháin ó dháta an chiontaithe, trí fhógra i scríbhinn a chur leis an bpost chuig an sealbhóir, an conradh a neamhniú agus, air sin, beidh an conradh ar neamhní agus féadfaidh sé aon airgead a d'íoc an duine ar scór an chonartha, mar aon le hús air sin de réir cibé ráta a bheidh socraithe ag an Aire le rialacháin faoin alt seo, a ghnóthú ón sealbhóir mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.
Faisnéis a thabhairt don Aire.
43.—Féadfaidh an tAire, trí fhógra i scríbhinn a chur chuig an sealbhóir ar údarú, a cheangal ar an sealbhóir cibé faisnéis a bheidh sonraithe san fhógra i ndáil le híocaíochtaí coimisiúin an tsealbhóra a thabhairt dó laistigh de cibé tréimhse ama (nach lú ná 21 lá ón dáta a gcuirfear an fógra) a bheidh sonraithe san fhógra.
CUID IV
IdirghabhÁlaithe Árachais a RialÁil
Cáilíochtaí bróicéirí.
44.—(1) Ní ghníomhóidh duine mar bhróicéir árachais, ná ní thabharfaidh sé le tuiscint gur bróicéir árachais é, mura rud é—
(a) gur ball é de chomhlacht ionadach bróicéirí árachais a cheanglaíonn, mar choinníoll le haghaidh ballraíochta, go gcomhlíonfar forálacha an Achta seo, agus go dtugann an tAire aitheantas don chomhlacht mar chomhlacht den sórt sin, agus go gcomhlíonfaidh sé thairis sin forálacha an Achta seo, nó, mura ball de chomhlacht ionadach aitheanta é, go gcomhlíonfaidh sé forálacha an Achta seo, agus
(b) go bhfuil ar a chumas—
(i) i gcás árachais neamh-shaoil, conarthaí árachais a shocrú thar ceann a chliant le cúig ghnóthas ar a laghad, nó
(ii) i gcás árachais saoil, conarthaí árachais a shocrú thar ceann a chliant le cúig ghnóthas ar a laghad.
(2) Ní ghníomhóidh duine mar bhróicéir árachais, ná ní thabharfaidh sé le tuiscint gur bróicéir árachais é, mura mbeidh ceapachán aige i scríbhinn ó gach gnóthas ar idirghabhálaí dó é.
Árachas slánaíochta idirghabhálaithe.
45.—Féadfaidh an tAire a fhoráil, le rialacháin, nach ngníomhóidh duine mar bhróicéir árachais nó mar ghníomhaire árachais, ná nach dtabharfaidh sé le tuiscint gur bróicéir nó gníomhaire den sórt sin é, mura mbainfidh sé amach polasaí árachais slánaíochta gairmiúil i bhfoirm shonraithe a shlánaíonn é i leith cibé suim, i cibé modh, maidir le cibé nithe agus a bheidh bailí go ceann cibé tréimhse íosta a fhorordóidh an tAire, ó am go ham, faoin alt seo.
Idirghabhálaithe árachais a cheapadh agus coimisiún a íoc leo.
46.—(1) Ní cheapfaidh gnóthas duine mar idirghabhálaí árachais mura rud é, de réir mar is fearr is eol don ghnóthas agus mar a chreideann sé, tar éis dó fiosrú réasúnach a chur á dhéanamh—
(a) gur ball é de chomhlacht ionadach bróicéirí árachais a bheidh aitheanta ag an Aire chun críocha alt 44 (1) (a), nó
(b) gur duine é a chomhlíonann ceanglais an Achta seo ach nach bhfuil ina bhall de chomhlacht ionadach aitheanta.
(2) Ní íocfaidh gnóthas aon íocaíocht choimisiúin seachas le hidirghabhálaí árachais atá, de réir mar is fearr is eol don ghnóthas agus mar a chreideann sé, tar éis dó fiosrú réasúnach a chur á dhéanamh—
(a) ina bhall de chomhlacht ionadach bróicéirí árachais a bheidh aitheanta ag an Aire chun críocha alt 44 (1) (a), nó
(b) ina dhuine a chomhlíonann forálacha an Achta seo ach nach bhfuil ina bhall de chomhlacht ionadach aitheanta.
(3) Ní dhéanfaidh aon idirghabhálaí árachais ná fostaí de chuid gnóthais aon íocaíocht choimisiúin a íoc seachas le hidirghabhálaí árachais a chomhlíonann an tAcht seo, ach amháin i gcás íocaíocht choimisiúin a íocfaidh idirghabhálaí árachais le duine i ndáil le polasaí árachais a chuir an t-idirghabhálaí sin le gnóthas.
(4) Tá le “íocaíocht choimisiúin”, i bhfo-alt (3), an bhrí a thugtar dó in alt 2 (3) ionann is dá mba thagairt d'idirghabhálaí árachais na focail “sealbhóir ar údarú” sa mhíniú sin.
Ní mór banna árachais a bheith ag idirghabhálaí.
47.—(1) Más rud é, tráth ar bith sa chéad bhliain chuntasaíochta, gur mó ná £25,000 comhiomlán an airgid a thaiscfidh idirghabhálaí árachais sna cuntais bhainc ar leithligh a cheanglaítear a bheith aige faoi alt 48, bainfidh an t-idirghabhálaí banna amach i bhfoirm shonraithe, maidir lena ghnó árachais, go feadh luach £25,000 i leith na coda eile den chéad bhliain chuntasaíochta.
(2) Faoi réir fho-alt (4), sealbhóidh idirghabhálaí árachais banna i bhfoirm shonraithe—
(a) maidir lena ghnó árachais neamh-shaoil, go feadh luach £25,000, agus
(b) maidir lena ghnó árachais saoil, go feadh luach £25,000 nó 25 faoin gcéad dá láimhdeachas árachais saoil, cibé acu is mó, faoi threoir na bliana cuntasaíochta roimhe sin.
(3) An ceanglas i bhfo-alt (2) go gcaithfidh idirghabhálaí árachais banna a shealbhú measfar é a bheith comhlíonta má shealbhaíonn an t-idirghabhálaí árachais banna go feadh luach £25,000 nó 25 faoin gcéad dá láimhdeachas árachais saoil, cibé acu is mó, faoi threoir na bliana cuntasaíochta roimhe sin.
(4) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) maidir le hidirghabhálaí árachais mura mó a láimhdeachas ná £25,000 faoi threoir na bliana cuntasaíochta roimhe sin agus mura mó ná £25,000 é in aon bhliain chuntasaíochta dá éis sin.
(5) Forálfar sa bhanna dá dtagraítear san alt seo go ndéanfar, má tharlaíonn nach mbeidh ar chumas an idirghabhálaí árachais, nó go gclisfidh air, freastal dá oibleagáidí airgeadais i ndáil le haon suimeanna airgid a bheidh faighte aige óna chliaint nó thar a gceann, suim airgid a chur ar fáil do dhuine a bheidh ainmnithe nó ceadaithe ag an Aire lena cur chun feidhme chun sochair d'aon chliant de chuid an idirghabhálaí a thabhaigh caillteanas nó dliteanas mar gheall ar éagumas nó cliseadh an idirghabhálaí árachais freastal ar na hoibleagáidí airgeadais sin.
(6) Déanfar, le toiliú an Aire agus go feadh cibé suim a shonróidh an tAire, an duine a bheidh ainmnithe nó ceadaithe ag an Aire a shlánú as fáltais an bhanna i leith cibé caiteachas réasúnach a bheidh tabhaithe ag comhlíonadh na bhfeidhmeanna dá bhforáiltear i bhfo-alt (5).
(7) Coinneoidh an duine a bheidh ainmnithe nó ceadaithe ag an Aire na cuntais go léir is cuí agus is gnách, lena n-áirítear cuntas ioncaim agus caiteachais agus clár comhardaithe, ar an airgead go léir a fuair sé ar scór banna agus ar na heisíocaíochtaí go léir a rinne sé as aon airgead den sórt sin agus ar aon mhéideanna i leith na gcaiteachas dá dtagraítear i bhfo-alt (6).
(8) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, a fhoráil—
(a) nach ndéanfar comhshocruithe i ndáil leis an mbanna ach amháin le daoine d'aicme nó d'aicmí a bheidh sonraithe sna rialacháin,
(b) go mbeidh an banna i cibé foirm, agus go mbeidh sé bailí go ceann cibé tréimhse íosta, a bheidh sonraithe sna rialacháin,
(c) go gcuirfear cóip den bhanna ar taispeáint, mar eolas don phobal, in áit shuntasach i ngach áitreabh a bheidh á áitiú ag idirghabhálaí árachais agus ina seolann sé gnó mar idirghabhálaí árachais, agus go luafar an banna ina litríocht díolacháin agus ar a pháipéar gnó.
(9) Féadfar aon mhéid nó ráta céatadáin i bhfo-ailt (2), (3) agus (4) a athrú de réir mar a fhorordóidh an tAire ó am go ham agus féadfar méideanna agus céatadáin éagsúla a fhorordú maidir le haicmí éagsúla idirghabhálaithe faoi threoir láimhdeachais nó cibé nithe eile is dóigh leis an Aire is cuí.
(10) Chun críocha an ailt seo—
ciallaíonn “bliain chuntasaíochta” an bhliain dar tosach an dáta a dtiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i bhfeidhm agus blianta cuntasaíochta cothrom bliana dá éis sin;
ciallaíonn “láimhdeachas” comhiomlán an airgid go léir a cheanglaítear ar idirghabhálaí a íoc isteach sna cuntais bhainc ar leithligh a cheanglaítear a bheith aige faoi alt 48 (1) (a) agus 48 (1) (b);
ciallaíonn “láimhdeachas árachais saoil” comhiomlán an airgid go léir a cheanglaítear ar idirghabhálaí a íoc isteach sa chuntas bainc ar leithligh a cheanglaítear a bheith aige faoi alt 48 (1) (b).
Cuntais bhainc ar leithligh a choimeád.
48.—(1) Coimeádfaidh idirghabhálaí árachais cuntas bainc ar leithligh le haghaidh gach aicme de na haicmí gnó seo a leanas—
(a) cuntas i ndáil le préimheanna is iníoctha le hárachóirí faoi chonarthaí árachais neamh-shaoil, nó airgead a bheidh íoctha nó is iníoctha le sealbhóirí polasaí ag gnóthais a bheidh údaraithe faoi Rialacháin 1976;
(b) cuntas i ndáil le préimheanna is iníoctha le hárachóirí faoi chonarthaí árachais saoil, nó airgead a bheidh íoctha nó is iníoctha le sealbhóirí polasaí ag gnóthais a bheidh údaraithe faoi Rialacháin 1984, agus
(i) déanfar an t-airgead go léir, cé is moite d'íocaíochtaí coimisiúin agus muirir seirbhíse, a fuair sé i ndáil le ceachtar de na haicmí gnó sin a íoc isteach sa chuntas iomchuí, agus
(ii) ní bheidh ag an Stát ná ag aon duine, ná ní bhfaighidh sé, aon fháil ar airgead, ná aon cheart chun airgid, a bheidh chun creidmheasa an chuntais nó na gcuntas sin maidir le héileamh nó ceart i gcoinne idirghabhálaí árachais go dtí go mbeidh na héilimh uile is cuí i gcoinne an airgid sin íoctha.
(2) Maidir leis an gcuntas a choimeádfar—
(a) faoi fho-alt (1) (a), tabharfar “alt 48 — Cuntas árachais neamh-shaoil” mar ainm air sna taifid airgeadais go léir a chothabhálann an t-idirghabhálaí,
(b) faoi fho-alt (1) (b), tabharfar “alt 48 — Cuntas árachais saoil” mar ainm air sna taifid airgeadais go léir a chothabhálann an t-idirghabhálaí.
(3) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le gníomhaire árachais faoi cheangal sa mhéid gur airgead i ndáil le comhaontú nó comhshocrú gníomhaireachta faoi cheangal a rinne an gníomhaire árachais faoi cheangal, aon airgead a gheobhaidh sé i ndáil le préimheanna is iníoctha le gnóthais faoi chonarthaí árachais nó aon airgead is iníoctha ag gnóthais le sealbhóirí polasaí.
(4) Chun críocha an ailt seo—
ciallaíonn “muirear seirbhíse” méid is iníoctha, nó is iníoctha in imthosca áirithe, ag cliant le hidirghabhálaí i leith seirbhísí an idirghabhálaí i ndáil le conarthaí árachais ach ní fholaíonn sé aon phréimh, nó aon chuid de phréimh, is iníoctha le gnóthas;
tá le “comhaontú nó comhshocrú gníomhaireachta faoi cheangal” an bhrí a shanntar dó in alt 51;
tá le “gníomhaire árachais faoi cheangal” an bhrí a shanntar dó in alt 51.
Cáilíochtaí gníomhairí árachais.
49.—(1) Ní ghníomhóidh aon duine mar ghníomhaire árachais, ná ní thabharfaidh sé le tuiscint gur gníomhaire árachais é, mura rud é—
(a) go mbeidh ceapachán aige i scríbhinn ó gach gnóthas ar gníomhaire dó é,
(b) go ndearbhóidh sé ar a chinn litreach agus ar a fhoirmeacha gnó gur gníomhaire árachais é agus go dtabharfaidh sé iontu ainm nó ainmneacha na ngnóthas go léir ar gníomhaire dó nó dóibh é, agus
(c) go gcuirfidh sé in iúl d'aon togróir conartha árachais gur gníomhaire árachais é agus go dtabharfaidh sé dó ainm nó ainmneacha na ngnóthas ar gníomhaire dó nó dóibh é.
(2) Faoi réir fho-alt (3), sealbhóidh gníomhaire árachais—
(a) i gcás árachais neamh-shaoil, ceapachán i scríbhinn ó cheithre ghnóthas, ar a mhéid, a bheidh údaraithe faoi Rialacháin 1976,
(b) i gcás árachais saoil, ceapachán i scríbhinn ó cheithre ghnóthas, ar a mhéid, a bheidh údaraithe faoi Rialacháin 1984.
(3) Tiocfaidh forálacha fho-alt (2) i bhfeidhm ar cibé dáta a fhoror dóidh an tAire is dáta nach túisce ná dhá bhliain tar éis thosach feidhme an ailt seo.
(4) Ní mór do ghníomhaire árachais faoi cheangal:
(a) a dhearbhú ar a chinn litreach agus ar a fhoirmeacha gnó gur gníomhaire árachais faoi cheangal é agus ainm nó ainmneacha gach gnóthais ar gníomhaire árachais faoi cheangal dó é a thabhairt,
(b) a chur in iúl d'aon togróir conartha árachais gur gníomhaire árachais faoi cheangal é agus ainm nó ainmneacha na ngnóthas go léir ar gníomhaire árachais faoi cheangal dó nó dóibh é a thabhairt dó, ar choinníoll i gcónaí, maidir leis an gconradh árachais atá i gceist, gur de chineál é a thagann faoi réir comhaontaithe nó comhshocraithe gníomhaireachta faoi cheangal a bheidh déanta ag an ngníomhaire árachais faoi cheangal sin.
(5) Ní ghníomhóidh gníomhaire árachais faoi cheangal i ndáil le conarthaí árachais arna dtairiscint nó arna n-eisiúint ag aon ghnóthas eile a bheidh údaraithe faoi na Rialacháin chéanna is atá an gnóthas lena bhfuil comhaontú nó comhshocrú gníomhaireachta faoi cheangal déanta ag an ngníomhaire árachais faoi cheangal.
(6) Chun críocha an ailt seo—
ciallaíonn “Rialacháin” Rialacháin 1976 nó Rialacháin 1984, de réir mar a bheidh;
tá le “gníomhaire árachais faoi cheangal” agus le “comhaontú nó comhshocrú árachais faoi cheangal” na bríonna a shanntar dóibh, faoi seach, in alt 51.
Clár d'idirghabhálaithe árachais.
50.—Déanfaidh gach gnóthas clár dá idirghabhálaithe árachais ceaptha go léir a choinneáil ag a phríomh-oifig sa Stát. Beidh an clár sin d'idirghabhálaithe árachais ceaptha ar oscailt lena iniúchadh ag an bpobal gach uile thráth réasúnach le linn gnáthuaire oibre.
Forálacha maidir le raon feidhme gníomhaireachta.
51.—(1) Measfar gníomhaire árachais a bheith ag gníomhú mar ghníomhaire don ghnóthas a mbeidh togra le haghaidh árachais á dhéanamh chuige má dhéanann an gníomhaire, d'fhonn an conradh árachais a fhoirmiú, togra le haghaidh árachais a chomhlánú ina scríbhneoireacht féin nó cabhrú le togróir conartha árachais é a chomhlánú. Sna himthosca sin amháin, beidh an t-árachóir freagrach as aon earráidí nó easnaimh sa togra comhlánaithe.
(2) Beidh an gnóthas freagrach as aon ghníomh nó neamhghníomh de chuid a ghníomhaire árachais faoi cheangal maidir le haon ní a bhaineann le conradh árachais arna thairiscint nó arna eisiúint ag an ngnóthas sin, ionann is dá mba fhostaí de chuid an ghnóthais sin an gníomhaire árachais faoi cheangal.
(3) San alt seo—
ciallaíonn “gníomhaire árachais faoi cheangal” aon duine a dhéanann comhaontú nó comhshocrú le gnóthas trína ngabhann an duine sin air féin gach togra árachais a chur faoi bhráid an ghnóthais lena ndearna sé an comhaontú nó an comhshocrú, nó aon duine a dhéanann comhaontú nó comhshocrú le gnóthas a shrianann ar chaoi ar bith saoirse an duine sin chun tograí árachais a chur faoi bhráid aon ghnóthais seachas an gnóthas lena ndearnadh an comhaontú nó an comhshocrú;
ciallaíonn “comhaontú nó comhshocrú gníomhaireachta faoi cheangal” comhaontú nó comhshocrú den chineál a thuairiscítear san alt seo.
(4) Ní fhágfaidh aon ní san alt seo go mbeidh gníomhaire árachais nó gníomhaire árachais faoi cheangal freagrach as aon ráitis bhréagacha a thug togróir polasaí árachais dó nó as aon fhaisnéis a cheil an togróir ar an ngníomhaire sin.
Idirghabhálaí do ghlacadh le tograí árachais.
52.—(1) Ní ghlacfaidh idirghabhálaí árachais le hairgead ó chliant—
(a) maidir le togra, mura mbeidh an togra comhlánaithe ag gabháil leis nó mura mbeidh glactha ag an ngnóthas leis an togra, nó
(b) maidir le polasaí árachais a athnuachan, mura mbeidh tairiscint chuige sin déanta ag an ngnóthas.
(2) Féadfaidh an tAire aon athruithe nó breisithe a fhorordú maidir leis na himthosca inar féidir le hidirghabhálaí glacadh le hairgead ó chliant faoi fho-alt (1).
(3) (a) I gcás ina nglacfaidh idirghabhálaí árachais le togra árachais comhlánaithe ó chliant, bíodh nó ná bíodh suim airgid ag gabháil leis, d'fhonn polasaí árachais a chur i gcrích le gnóthas, nó
(b) i gcás ina nglacfaidh idirghabhálaí árachais le hairgead ó chliant maidir le polasaí árachais a athnuachan, is athnuachan a thairg an t-árachóir, nó maidir le togra lenar ghlac gnóthas,
seirbheálfaidh sé doiciméad ar an gcliant á rá go bhfuil sé á eisiúint de bhun an ailt seo agus ina sonrófar—
(i) ainm agus seoladh an chliaint;
(ii) méid na suime sin, más ann, agus an dáta a bhfuair an t-idirghabhálaí í;
(iii) an togra, an athnuachan, nó an togra lenar ghlac gnóthas, ar ina leith a íocadh an tsuim sin;
(iv) an gnóthas lena mbainfear amach an polasaí nó lena n-athnuafar é, nó a ghlac leis an togra.
(4) Sa doiciméad a eiseoidh idirghabhálaithe i gcás lena mbaineann fo-alt (3) (a) sonrófar freisin nach ionann ann féin an glacadh sin ag an idirghabhálaí agus polasaí árachais a bhaint amach.
(5) Ní bheidh feidhm ag fo-ailt (3) agus (4) i gcás ina ndéanfaidh an t-idirghabhálaí, agus údarás aige sin a dhéanamh, polasaí árachais leis an ngnóthas a eisiúint chuig an gcliant.
(6) Féadfaidh an tAire aon athruithe nó breisithe a fhorordú maidir leis na nithe a bheidh le sonrú i ndoiciméid a cheanglaítear ar idirghabhálaithe a eisiúint faoi fho-ailt (3) agus (4).
(7) Aon doiciméad a airbheartóidh gur doiciméad é lena mbaineann fo-alt (3) nó fo-alt (4) is fianaise a bheidh ann, gan a thuilleadh cruthúnais, ar na nithe a bheidh sonraithe ann mura gcruthófar a mhalairt.
Mar a dhéileálfar le préimheanna a íoctar le hidirghabhálaithe.
53.—(1) I gcás ina n-íocfar préimh le hidirghabhálaí árachais i leith athnuachan polasaí atá tairgthe ag gnóthas, nó i leith togra lenar ghlac gnóthas, measfar an phréimh a bheith íoctha leis an ngnóthas an tráth a n-íocfar leis an idirghabhálaí árachais í.
(2) Ní fhágfaidh aon ní san alt seo go mbeidh gnóthas faoi dhliteanas maidir le préimh a íocadh le hidirghabhálaí i leith togra lenar ghlac gnóthas nó i leith athnuachana polasaí a thairg an gnóthas, i gcás fógra réasúnach i scríbhinn a bheith tugtha ag an ngnóthas don duine ar glacadh lena thogra nó arb é a pholasaí atá á athnuachan á rá nach bhfuil aon údarás ag an idirghabhálaí sin préimheanna den sórt sin a bhailiú thar ceann an ghnóthais.
Srian le hidirghabhálaithe a chiontófar i gcion.
54.—Aon idirghabhálaí árachais a chiontófar i gcion ag éirí as, nó i ndáil le, comhlíonadh a fheidhmeanna mar idirghabhálaí árachais, ní dhéanfaidh sé, gan cead ón gCúirt, gnó idirghabhálaí árachais a sheoladh sa Stát ná idirghabhálaí árachais eile a fhostú ná a údarú chun gníomhú sa cháil sin thar a cheann.
Daoine áirithe a bheith dícháilithe chun gníomhú mar idirghabhálaithe.
55.—Ní ghníomhóidh aon duine mar idirghabhálaí árachais ná ní thabharfaidh sé le tuiscint gur idirghabhálaí árachais é, gan cead ón gCúirt, más rud é—
(a) go mbreithneofar ina fhéimheach é, nó
(b) go ndéanfaidh sé imshocrú nó comhshocrú lena chreidiúnaithe, nó
(c) go gclisfidh air, ina cháil mar idirghabhálaí árachais, freastal dá oibleagáidí airgeadais nó dlíthiúla i ndáil le haon suim airgid a bheidh faighte aige ó chliant nó thar ceann cliaint, nó
(d) go gciontófar é i gcion lena ngabhann calaois nó mímhacántacht, cibé acu i ndáil le hárachas nó nach ea, nó
(e) go bhfuil sé nó go raibh sé ina stiúrthóir ar aon chuideachta a bhí ag plé le hárachas agus atá foirceanta ag an gCúirt nó trí fhoirceannadh toilteanach creidiúnaithe, nó
(f) gur ábhar é d'ordú faoi alt 184 d'Acht na gCuideachtaí, 1963.
Cóid chleachtais.
56.—Féadfaidh an tAire, le hordú, cóid chleachtais a fhorordú a bheidh le comhall ag bróicéirí árachais nó ag gníomhairí árachais sa Stát. Féadfar go háirithe, in aon ordú den sórt sin, na cleachtais a shonrú a bheidh le leanúint ag bróicéirí nó gníomhairí agus iad ag déileáil lena gcliaint nó le gnóthais nó le daoine eile.
Raon Chuid IV.
57.—(1) Ní bheidh feidhm ag an gCuid seo—
(a) maidir le conarthaí athárachais nó le hidirghabhálaithe árach ais nach mbíonn ag gabháil d'aon ghnó eile ach amháin conarthaí athárachais a bhaint amach;
(b) maidir le gníomhairí taistil agus tionscnóirí turas a bheidh ceadúnaithe faoin Acht Iompair (Tionscnóirí Turas agus Gníomhairí Taistil), 1982, sa mhéid go mbíonn siad ag gabháil d'árachas taistil nó do chonarthaí cúnaimh turasóireachta a dhéanamh mar chuid de chonradh taistil thar lear nó i dteannta conartha den sórt sin.
(2) San alt seo tá le “gníomhaire taistil”, “tionscnóir turas” agus “conradh taistil thar lear” na bríonna a shanntar dóibh faoi seach faoi alt 2 (1) den Acht Iompair (Tionscnóirí Turas agus Gníomhairí Taistil), 1982.
CUID V
Ilghnéitheach
Achomharc i gcoinne fionraí nó cúlghairm ar údarú.
58.—(1) I gcás ina mbeartóidh an tAire údarú a fhionraí nó a chúlghairm faoi alt 21 tabharfaidh sé fógra i scríbhinn don ghnóthas lena mbaineann á rá go mbeartaítear an fhionraí nó an chúlghairm sin a dhéanamh.
(2) Déanfar aon chinneadh ag an Aire chun údarú a fhionraí nó a chúlghairm faoin Acht seo a chur in iúl i scríbhinn don ghnóthas lena mbaineann sé, mar aon leis na fáthanna a bhfuil an t-údarú á fhionraí nó á chúlghairm.
(3) I gcás ina bhfionrófar nó ina gcúlghairfear údarú faoi fhorálacha an Achta seo tabharfaidh an tAire fógra i dtaobh na fionraí nó na cúlghairme d'údaráis mhaoirseachta aon Bhallstáit eile de chuid na gComhphobal Eorpach ina mbíonn an gnóthas ag seoladh gnó.
(4) I gcás gur i mBallstát eile do phríomh-oifig gnóthais, ní chúlghairfidh an tAire údarú an ghnóthais gan dul i gcomhairle i dtosach le húdarás maoirseachta an Bhallstáit ina bhfuil an phríomh-oifig. Féadfaidh an tAire, áfach, údarú an ghnóthais a fhionraí sa Stát sula mbeidh deireadh leis an gcomhchomhairliúchán sin agus i gcás den sórt sin tabharfaidh sé fógra d'údarás maoirseachta an Bhallstáit ina bhfuil an phríomh-oifig.
(5) Féadfaidh an tAire deireadh a chur le fionraí ar údarú tráth ar bith trí fhógra a thabhairt don ghnóthas á rá go bhfuil a údarú tugtha ar ais dó.
(6) Féadfaidh gnóthas achomharc a dhéanamh chun na Cúirte i gcoinne chinneadh an Aire údarú a fhionraí nó a chúlghairm.
(7) Féadfar an t-achomharc go léir nó aon chuid d'achomharc faoin alt seo a éisteacht i ndlísheomra.
(8) Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo maidir le húdarú a fhionraí nó a chúlghairm difear do bhailíocht aon chonartha árachais a baineadh amach sular fionraíodh nó sular cúlghaireadh an t-údarú ná do chonradh den sórt sin a choinneáil i bhfeidhm agus a chomhlíonadh go cuí.
Oifigigh údaraithe a cheapadh.
59.—(1) Féadfaidh an tAire cibé oifigigh agus cibé líon oifigeach dá chuid a cheapadh is cuí leis mar oifigigh údaraithe chun críocha na nAchtanna Árachais.
(2) Tabharfar do gach oifigeach údaraithe barántas a cheaptha mar oifigeach údaraithe agus an tráth a bheidh aon chumhacht a thugtar d'oifigeach údaraithe le halt 60 á feidhmiú aige tabharfaidh sé an barántas ar aird d'aon duine dá ndéanann sé difear má iarrann an duine sin air é.
Cumhachtaí oifigeach údaraithe.
60.—(1) Féadfaidh oifigeach údaraithe, d'fhonn aon fhaisnéis a fháil a bheidh ag teastáil ón Aire chun a chumasú dó a fheidhmeanna faoi na hAchtanna Árachais a fheidhmiú, aon ní amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas a dhéanamh—
(a) dul isteach gach uile thráth réasúnach in aon áitreabh a mbeidh forais réasúnacha aige chun a chreidiúint go bhfuil aon leabhair, doiciméid nó taifid ann a bhaineann le haon pholasaí, banna, deimhniú nó ionstraim eile árachais a eisiúint, nó le haon phréimh a ghlacadh i ndáil le polasaí, banna, deimhniú nó ionstraim eile árachais,
(b) a cheangal ar aon duine atá fostaithe san áitreabh aon leabhair, doiciméid nó taifid a thabhairt ar aird dó a bheidh faoi urláimh an duine sin nó ina sheilbh nó ar fáil aige agus a mbeidh forais réasúnacha ag an oifigeach sin chun a chreidiúint gur taifid, leabhair nó doiciméid iad a bhaineann le haon pholasaí, banna, deimhniú nó ionstraim eile a eisiúint, agus cibé faisnéis a thabhairt dó a bheidh ag teastáil le réasún uaidh i ndáil le haon iontrálacha in aon taifid, leabhair nó doiciméid den sórt sin,
(c) scrúdú a dhéanamh ar aon leabhar, taifead nó doiciméad eile a bheidh tugtha ar aird de bhun ceanglais faoi na hAchtanna Árachais agus, más cuí leis, cóip a dhéanamh d'aon iontráil in aon taifead, leabhar nó doiciméad den sórt sin.
(2) Aon duine a chuirfidh cosc nó treampán ar oifigeach údaraithe agus é ag feidhmiú cumhachta nó a mhainneoidh déanamh de réir ceanglais faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion.
Cóid chleachtais i dtaobh dualgais maidir le nochtadh agus barántaí.
61.—I gcás inar dóigh leis an Aire gur gá é ar mhaithe le leas an phobail agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an tionscal árachais agus le hionadaithe do thomhaltóirí, féadfaidh sé le hordú cóid chleachtais a fhorordú a bheidh le comhlíonadh ag gnóthais, agus iad ag déileáil le togróirí polasaithe árachais agus le sealbhóirí polasaí a bheidh ag athnuachan polasaithe árachais, i dtaobh an dualgais maidir le nochtadh agus barántaí.
AN CHÉAD SCEIDEAL
Na hAchtachÁin a Aisghairtear
Uimhir agus bliain | Gearrtheideal | Méid na hAisghairme |
(1) | (2) | (3) |
1909, c. 49. | Assurance Companies Act, 1909. | Alt 23. Alt 31, mír (f). Alt 32, mír (e). Alt 33, mír (i). An Chéad Sceideal, Foirmeacha (C.) go (E.). An Ceathrú Sceideal, Foirmeacha (C.) go (E.). An Cúigiú Sceideal, Foirm (E.). |
Alt 3, sa mhíniú ar “gnó árachais tionscail”, ó “ach ní fholuíonn an abairt sin” go dtí deireadh an mhínithe. Alt 8. Alt 11. Alt 12. Alt 13. Alt 14. Alt 15. Alt 16. Alt 17. Alt 20 (3). Alt 64 (2). Alt 103. Alt 109, i bhfo-ailt (1) agus (4), ó “agus ina theanta san” go dtí deireadh gach fo-ailt acu. Alt 109 (3). An Séú Sceideal. |
AN DARA SCEIDEAL
Méadú ar Phionóis
Acht | An fhoráil den Acht | An Pionós Méadaithe |
(1) | (2) | (3) |
Assurance Companies Act, 1909. | 24 | Fíneáil nach mó ná £1,000 |
9 (2) 53 (3) 61 (3) | Fíneáil nach mó ná £1,000 Fíneáil nach mó ná £100 Fíneáil nach mó ná £100 | |
68 (3) | Fíneáil nach mó ná £100 | |
75 (2) | Fíneáil nach mó ná £200 | |
75 (3) | Fíneáil nach mó ná £200 | |
109 (1) | Fíneáil nach mó ná £1,000 | |
109 (4) | Fíneáil nach mó ná £500 |