Uimhir 38 de 1998
AN tACHT UM AONTAS EACNAMAÍOCH AGUS AIRGEADAÍOCHTA, 1998
RIAR NA nALT
Réamhráiteach agus Ginearálta
Alt | |
1. | |
2. | |
3. | |
4. |
Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta
Ginearálta
5. |
Córas Airgeadra an Euro.
6. | |
7. |
Dlíthairiscint agus Méideanna Dlíthairgthe
8. | |
9. | Stádas dlíthairgthe nótaí agus monaí arna n-ainmniú i bpuint Éireannacha. |
10. | |
11. | |
12. | Leasú ar alt 14 (toirmeasc ar dhéanamh nó eisiúint monaí) d'Acht 1969. |
13. | |
14. |
Nótaí agus Monaí Dlíthairgthe a Tharraingt Siar
15. | |
16. | |
17. | |
18. | |
19. |
Ilghnéitheach
20. | |
21. | |
22. | |
23. | |
24. | |
25. | |
26. | |
27. | |
28. | |
29. |
Monaíocht Chomórtha
30. | |
31. | |
32. | |
33. | Íocaíochtaí isteach i gciste ginearálta Bhanc Ceannais na hÉireann agus amach as. |
34. |
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
Acht an Bhainc Ceannais, 1997 | 1997, Uimh. 8 |
Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1990 | |
Achtanna an Airgid Reatha agus an Bhainc Ceannais, 1927 go 1971 | |
Na hAchtanna um Airgead Reatha Deachúil, 1969 go 1990 | |
Uimhir 38 de 1998
AN tACHT UM AONTAS EACNAMAÍOCH AGUS AIRGEADAÍOCHTA, 1998
[An tiontú oifigiúil]
ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ I nDÁIL LEIS AN EURO A THABHAIRT ISTEACH, DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE DEARADH, EISIÚINT AGUS DÍOL MONAÍOCHTA DLÍTHAIRGTHE COMÓRTHA AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. [13 Iúil, 1998]
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:
CUID I
Réamhráiteach agus Ginearálta
Gearrtheideal agus tosach feidhme.
1.—(1) Féadfar an tAcht um Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta, 1998, a ghairm den Acht seo.
(2) Tiocfaidh Cuid II i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe, i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla den Acht seo.
Léiriú (i gcoitinne).
2.—(1) San Acht seo ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais.
(2) San Acht seo—
(a) aon tagairt do Chuid nó d'alt is tagairt í do Chuid nó d'alt den Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe, agus
(b) aon tagairt d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír is tagairt í d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.
Caiteachais.
3.—Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, ach amháin i gcás go bhforáiltear a mhalairt san Acht seo.
Rialacháin agus orduithe a leagan.
4.—Déanfar gach rialachán agus ordú a dhéanfar faoin Acht seo (seachas ordú faoi alt 1(2), 9 nó 15) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán nó an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin nó an ordaithe, beidh an rialachán nó an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán nó faoin ordú.
CUID II
Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta
Caibidil I
Ginearálta
Léiriú (Cuid II).
5.—(1) Sa Chuid seo—
ciallaíonn “Acht 1969” an tAcht um Airgead Reatha Deachúil, 1969;
ciallaíonn “ráta comhshó” an ráta comhshó arna shocrú go neamhinchúlghairthe a ghlacfaidh an Chomhairle le haghaidh airgeadra gach Ballstáit rannpháirtigh de réir na chéad abairte d'Airteagal 109 1 (4) den Chonradh;
ciallaíonn “Rialachán 1998 ón gComhairle” Rialachán (CE) Uimh. 974/98 an 3 Bealtaine 1998 ón gComhairle maidir leis an euro a thabhairt isteach(1);
ciallaíonn “aonad an euro” an t-aonad airgeadra dá dtagraítear sa dara habairt d'Airteagal 2 de Rialachán 1998 ón gComhairle;
ciallaíonn “aonad an phuint Éireannaigh” aonad an phuint Éireannaigh arna mhíniú go cuí ar an 31ú lá de Nollaig, 1998;
ciallaíonn “Ballstáit rannpháirteacha” an Bheilg, an Ghearmáin, an Spáinn, an Fhrainc, Éire, an Iodáil, Lucsamburg, an Ísiltír, an Ostair, an Phortaingéil agus an Fhionlainn;
ciallaíonn “idirthréimhse” an tréimhse dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1999, agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 2001;
ciallaíonn “an Conradh” an Conradh ag Bunú an Chomhphobail Eorpaigh arna dhéanamh sa Róimh an 25ú lá de Mhárta, 1957 (arna leasú leis an gConradh ar an Aontas Eorpach arna dhéanamh i Maastricht an 7ú lá d'Fheabhra, 1992).
(2) Aon fhocal nó abairt a úsáidtear san Acht seo agus a úsáidtear freisin i Rialachán 1998 ón gComhairle tá an bhrí chéanna leis nó léi san Acht seo atá leis nó léi sa Rialachán sin, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt.
Caibidil II
Córas Airgeadra an Euro
Córas airgeadra an euro a thabhairt isteach.
6.—(1) Leasaítear leis seo Acht an Bhainc Ceannais, 1989, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 24 (arna leasú le halt 13 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1998):
“24.—De bhua Rialachán (CE) Uimh. 974/98 an 3 Bealtaine 1998 ón gComhairle maidir leis an euro a thabhairt isteach, ón 1ú lá d'Eanáir, 1999—
(a) is é an euro airgeadra an Stáit, agus
(b) is foroinn den euro aonad an phuint Éireannaigh (de réir bhrí an Achta um Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta, 1998).”
(2) Leasaítear leis seo Acht 1969, in alt 2, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):
“(2) Is ainmníochtaí nó aonaid airgid dlíthiúla in airgeadra Éireannach an punt Éireannach agus an phingin.”.
Conarthaí i rith na hidirthréimhse.
7.—I rith na hidirthréimhse agus d'ainneoin alt 25 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1989, féadfar, de bhua Airteagal 8 de Rialachán 1998 ón gComhairle, conarthaí a dhéanamh, a chur i gcrích agus a fhorghníomhú in aonad an euro d'ainneoin nach bhfuil nótaí agus monaí arna n-ainmniú san euro nó sa cent i gcúrsaíocht.
Caibidil III
Dlíthairiscint agus Méideanna Dlíthairgthe.
Míniú (Caibidil III).
8.—Sa Chaibidil seo tá le “dáta feidhme níos luaithe” an bhrí a shanntar le halt 9.
Stádas dlíthairgthe nótaí agus monaí arna n-ainmniú i bpuint Éireannacha.
9.—(1) Maidir le nótaí agus monaí arna n-ainmniú i bpuint Éireannacha nó in iolruithe nó i bhforanna den chéanna, coinneoidh siad stádas dlíthairgthe go dtí an 30ú lá de Mheitheamh, 2002, nó cibé dáta is luaithe ná sin (dá ngairtear an “dáta feidhme níos luaithe” sa Chaibidil seo) a shonróidh an tAire le hordú.
(2) Féadfaidh an tAire le hordú ordú faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm roimh an dáta feidhme níos luaithe.
(3) I gcás go mbeartaítear ordú a dhéanamh faoin alt seo, lena n-áirítear aon ordú ag leasú nó ag cúlghairm ordú lena mbaineann fo-alt (1), déanfar dréacht den ordú a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.
(4) Aisghairtear leis seo alt 118(3) d'Acht an Bhainc Ceannais, 1989, le héifeacht ón dáta feidhme níos luaithe nó, i gcás nach bhfuil aon dáta den sórt sin ann, ón 30ú lá de Mheitheamh, 2002.
Méideanna dlíthairgthe monaí.
10.—(1) Ní bheidh d'oibleagáid ar aon duine, seachas Banc Ceannais na hÉireann agus cibé daoine a ainmneoidh an tAire le hordú, glacadh le níos mó ná 50 mona arna n-ainmniú san euro nó sa cent in aon idirbheart amháin.
(2) Aisghairtear leis seo na forálacha seo a leanas le héifeacht ón dáta feidhme níos luaithe nó, i gcás nach bhfuil aon dáta den sórt sin ann, ón 30ú lá de Mheitheamh, 2002:
(a) ailt 8 go 10 d'Acht 1969,
(3) Féadfaidh an tAire le hordú ordú faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm.
Monaí a sholáthar agus a eisiúint.
11.—(1) Féadfaidh an tAire monaí arna n-ainmniú san euro nó sa cent a sholáthar agus féadfaidh sé nó sí le hordú sonraíochtaí teicniúla, toisí, comhshuíomh agus dearadh nó dearaí na monaí sin a leagan amach, faoi réir na sonraíochtaí sin do chomhlíonadh na n-ainmníochtaí agus na sonraíochtaí teicniúla a leagfaidh an Chomhairle síos de réir an dara habairt d'Airteagal 105a(2) den Chonradh.
(2) Maidir le monaí a sholáthrófar faoi fho-alt (1), eiseoidh an tAire iad trí Bhanc Ceannais na hÉireann, faoi réir ceadú ón mBanc Ceannais Eorpach maidir le méid na heisiúna agus, le héifeacht ó thosach feidhme na forála seo, beidh monaí a eiseofar faoi Chuid III faoi réir ceadú den sórt sin.
(3) Aisghairtear leis seo ailt 3, 4 agus 5 d'Acht 1969 le héifeacht ón dáta feidhme níos luaithe nó, i gcás nach bhfuil aon dáta den sórt sin ann, ón 30ú lá de Mheitheamh, 2002.
(4) Féadfaidh an tAire le hordú ordú faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm.
Leasú ar alt 14 (toirmeasc ar dhéanamh nó eisiúint monaí) d'Acht 1969.
12.—Leasaítear leis seo alt 14 d'Acht 1969 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):
“(1) Ach amháin monaí a eiseofar faoin Acht seo, faoin Acht um Airgead Reatha Deachúil, 1990, agus faoin Acht um Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta, 1998, agus monaí arna n-ainmniú san euro nó sa cent agus arna n-eisiúint ag ceann amháin nó níos mó de na Ballstáit rannpháirteacha eile, ní dhéanfar ná ní eiseofar sa Stát aon phíosa miotail nó miotail mheasctha d'aon aghaidhluach ainmniúil airbheartaithe ar bith mar mhona ná mar chomhartha ar airgead ná mar ní a airbheartaíonn (go sainráite nó go hintuigthe) go bhfuil a shealbhóir i dteideal aon luach a thaispeántar air a éileamh.”.
Caiteachais a ghabhann le soláthar monaí.
13.—Gach suim a bheidh ag teastáil chun monaí arna n-ainmniú san euro nó sa cent agus arna soláthar faoi alt 11 a sholáthar, íocfar as ciste ginearálta an Bhainc Ceannais í agus féichiúnófar ar chúlchiste an airgeadra sa chiste sin í.
Fáltais ó eisiúint monaí.
14.—Déanfar na fáltais ó gach eisiúint monaí arna n-ainmniú san euro nó sa cent agus arna soláthar faoi alt 11 a íoc isteach i gciste ginearálta Bhanc Ceannais na hÉireann agus a chur chun creidmheasa chúlchiste an airgeadra sa chiste sin.
Caibidil IV
Nótaí agus Monaí Dlíthairgthe a Tharraingt Siar
Monaí a ghlaoch isteach.
15.—(1) Faoi réir fho-alt (2), féadfaidh an tAire le hordú monaí d'aon chomhshuíomh, dáta nó ainmníocht áirithe a ghlaoch isteach, ar monaí iad—
(a) a eisíodh faoi na hachtacháin aisghairthe, nó
(b) a eisíodh faoi na hAchtanna um Airgead Reatha Deachúil, 1969 go 1990, nó
(c) a eisíodh faoin Acht seo, nó
(d) atá i gcúrsaíocht sa Stát agus a d'eisigh ceann amháin nó níos mó de na Ballstáit rannpháirteacha eile, agus ar monaí iad is inchomórtais le monaí arna n-eisiúint faoin Acht seo,
agus féadfaidh an tAire le hordú ordú faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm.
(2) Ní dhéanfaidh an tAire ordú faoin alt seo a bhaineann le nithe a thig faoi inniúlacht an Bhainc Ceannais Eorpaigh le mír 2 d'Airteagal 105a den Chonradh, nó fúithi, ach amháin le toiliú an Bhainc sin.
(3) Beidh feidhm ag an méid seo a leanas maidir le gach ordú faoi fho-alt (1):
(a) forálfar san ordú go dtiocfaidh sé i ngníomh ar dháta áirithe (dá ngairtear an “dáta tarraingthe siar” san fho-alt seo) nach luaithe ná 6 mhí tar éis dháta a dhéanta,
(b) leagfar an t-ordú faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, roimh an dáta tarraingthe siar, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin.
(4) Aisghairtear leis seo alt 12 d'Acht 1969.
(5) San alt seo ciallaíonn “achtacháin aisghairthe” an tAcht Coighneála, 1926 (lena n-áirítear an tAcht sin arna leasú leis an Ordú Comhachta Práinne (Uimh. 140), 1942, agus le hailt 58 agus 60 d'Acht an Bhainc Cheannais, 1942) nó an tAcht Monaíochta, 1950.
Monaí a fhuascailt.
16.—Leasaítear leis seo Acht 1969 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 11:
“11.—Féadfaidh an Banc Ceannais, más cuí leis déanamh amhlaidh, monaí—
(a) a eisíodh faoi na hachtacháin aisghairthe, nó
(b) a eisíodh faoi na hAchtanna um Airgead Reatha Deachúil, 1969 go 1990, nó
(c) a eisíodh faoin Acht um Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta, 1998, nó
(d) atá i gcúrsaíocht sa Stát agus a d'eisigh ceann amháin nó níos mó de na Ballstáit rannpháirteacha eile, agus ar monaí iad is inchomórtais le monaí arna n-eisiúint faoin Acht um Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta, 1998,
a fhuascailt agus déanfar gach suim a bheidh ag teastáil chun na críche sin a íoc as ciste ginearálta an Bhainc Ceannais agus a fhéichiúnú ar chúlchiste an airgid reatha sa chiste sin.”.
Toirmeasc ar leá monaí.
17.—Beidh feidhm ag alt 15 d'Acht 1969 maidir le monaí arna n-eisiúint faoin Acht seo agus maidir le monaí atá i gcúrsaíocht sa Stát agus a d'eisigh ceann amháin nó níos mó de na Ballstáit rannpháirteacha eile, agus ar monaí iad is inchomórtais le monaí arna n-eisiúint faoin Acht seo.
Nótaí dlíthairgthe a fhuascailt.
18.—Leasaítear leis seo alt 121 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1989, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis i ndiaidh fho-alt 3:
“(4) Féadfaidh an Banc Ceannais leanúint de bheith ag fuascailt nótaí puint Éireannacha a eisíodh faoi alt 44 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971, nó aon nóta eile a bhí, díreach roimh an dáta feidhme níos luaithe (de réir na brí a shanntar le halt 9 den Acht um Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta, 1998) nó, i gcás nach bhfuil aon dáta den sórt sin ann, roimh an 30ú lá de Mheitheamh, 2002, ina nóta dlíthairgthe sa Stát agus a eisíodh faoin Acht Airgid Reatha, 1927, nó faoi aon Acht ina dhiaidh sin.”.
Nótaí dlíthairgthe a ghlaoch isteach.
19.—Leasaítear leis seo alt 122 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1989, trí “le húdarás an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus faoi réir cibé coinníollacha maidir le ham, áit, modh agus ord tíolactha is cuí leis an mBanc” a chur in ionad “faoi réir cibé coinníollacha maidir le ham, áit, modh agus ord tíolactha is cuí leis” agus tá an t-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TÁBLA |
122.—Féadfaidh an Banc, le húdarás an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus faoi réir cibé coinníollacha maidir le ham, áit, modh agus ord tíolactha is cuí leis an mBanc, aon nótaí dlíthairgthe a bheidh eisithe faoin Acht seo nó faoi Achtanna an Airgid Reatha agus an Bhainc Ceannais, 1927 go 1971, nó faoi aon Acht acu sin, a ghlaoch isteach ar théarmaí go n-íocfaidh sé as na nótaí sin, ar iad a thíolacadh, ar an gcaoi chéanna a n-íocfaí astu dá mbeidís á bhfuascailt faoi alt 121. |
Caibidil V
Ilghnéitheach
Cóipcheart i nótaí agus i monaí euro.
20.—Leasaítear leis seo an tAcht Cóipchirt, 1963, in alt 57, trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):
“(1A) Ní dochar fo-alt (1) den alt seo agus Cuid II den Acht seo do chóipcheart an Bhainc Ceannais Eorpaigh i nótaí dlíthairgthe arna n-ainmniú in aonad an euro.
(1B) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le haon aghaidh náisiúnta monaí arna n-eisiúint faoi alt 11 den Acht um Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta, 1998.”.
Foirmeacha a mhodhnú.
21.—(1) Maidir le haon fhoirm atá leagtha amach i reacht nó in ionstraim reachtúil a rithfear nó a dhéanfar roimh an 1ú lá d'Eanáir, 2002, ar foirm í ina bhfuil tagairt do shuim airgid in aonad an phuint Éireannaigh (cibé acu go sainráite nó faoi threoir alt 11 den Acht um Airgead Reatha Deachúil, 1970), féadfaidh an t-údarás a eiseoidh an fhoirm í a mhodhnú, nó féadfar í a mhodhnú le cead sainráite an údaráis sin, chun go léireofar inti freisin an méid comhréire in aonad an euro de réir an ráta comhshó.
(2) Maidir le haon fhoirm atá leagtha amach i reacht nó in ionstraim reachtúil a rithfear nó a dhéanfar roimh an 1ú lá d'Eanáir, 2002, ar foirm í atá deartha chun freastal do thagairtí do shuimeanna airgid atá go hiomlán nó go páirteach in aonad an phuint Éireannaigh (cibé acu go sainráite nó faoi threoir alt 11 den Acht um Airgead Reatha Deachúil, 1970), féadfaidh an t-údarás a eiseoidh an fhoirm í a mhodhnú, nó féadfar í a mhodhnú le cead sainráite an údaráis sin, chun go bhféadfaidh sí freastal do thagairtí do shuimeanna airgid atá go hiomlán nó go páirteach in aonad an euro.
(3) Ní dochar fo-ailt (1) agus (2) d'aon fhoráil eile lena n-údaraítear aon fhoirm den sórt sin a mhodhnú.
Ráta tairgthe idirbhainc.
22.—Amhail ón lú lá d'Eanáir, 1999, cuirfear an ráta ar a dtugtar Ráta Tairgthe Idirbhainc an Euro in ionad an ráta ar a dtugtar Ráta Tairgthe Idirbhainc Bhaile Átha Cliath.
Fiachas neamhíoctha a athainmniú in euro.
23.—(1) Féadfaidh an tAire le hordú, i leith dáta amháin nó níos mó ná dáta amháin agus faoi cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire, an fiachas neamhíoctha iomlán nó cuid den chéanna arna eisiúint go cuí ag an Stát nó thar ceann an Stáit faoi dhlí an Stáit, agus arna ainmniú in aonad an phuint Éireannaigh, a athainmniú in aonad an euro, agus féadfaidh an tAire le hordú ordú faoin bhfo-alt seo a leasú nó a chúlghairm ach ní chúlghairfidh sé ordú i ndiaidh dháta éifeachtach an ordaithe.
(2) (a) (i) Féadfaidh an tAire an fiachas neamhíoctha iomlán nó cuid den chéanna arna eisiúint go cuí ag an Stát nó thar ceann an Stáit agus arna ainmniú in aon aonad airgeadra náisiúnta a athainmniú in aonad an euro, i gcás go mbeidh an Ballstát ar ina aonad airgeadra náisiúnta atá an fiachas ainmnithe tar éis a fhiachas rialtais ghinearálta go léir, nó cuid de, arna ainmniú ina aonad airgeadra náisiúnta, a athainmniú in aonad an euro.
(ii) Is iad na téarmaí agus na coinníollacha ar dá réir a fhéadfaidh an tAire athainmniú a dhéanamh faoi fhomhír (i) na téarmaí agus na coinníollacha sin atá leagtha síos i ndlí an Bhallstáit faoinar eisíodh an fiachas.
(iii) Déanfaidh an tAire réamhfhógra go mbeartaítear athainmniú a dhéanamh faoi fhomhír (i) a thabhairt san Iris Oifigiúil mí amháin ar a laghad roimh an athainmniú sin.
(b) Féadfaidh eisitheoir fiachais seachas an Stát, faoi na téarmaí agus na coinníollacha a leagfar síos in ordú faoi fho-alt (1), amhail is dá mba é an Stát an t-eisitheoir sin, bannaí agus foirmeacha eile fiachais urrúsaithe atá soshannta sna margaí caipitil, agus ionstraimí margaidh airgid arna n-eisiúint acu faoi dhlí an Stáit agus arna n-ainmniú in aonad airgeadra náisiúnta ar bith, a athainmniú in aonad an euro, ach sin sa chás amháin go mbeidh an Ballstát ar ina aonad airgeadra náisiúnta atá an fiachas ainmnithe tar éis a fhiachas rialtais ghinearálta go léir, nó cuid de, arna ainmniú ina aonad airgeadra náisiúnta, a athainmniú in aonad an euro.
(3) (a) Más rud é, i leith iasachtaí atá aige, go gcomhaontóidh comhlacht Stáit agus gach páirtí iomchuí eile i gcomhaontú saoráide, arna ainmniú in aonad airgeadra náisiúnta ar bith, airgeadra an chomhaontaithe a athainmniú in aonad an euro agus go gcomhaontóidh siad na méideanna a shonraítear sa chéanna a athainmniú agus iad a choigeartú ina suimeanna caoithiúla arna n-ainmniú san euro, ní bheidh toiliú an Aire nó aon Aire eile den Rialtas, nó a dtoiliú araon, ag teastáil, ar toiliú é a bheadh ag teastáil go cuí murach an fo-alt seo, le coigeartuithe den sórt sin nó le haon choigeartuithe iarmhartacha eile ar an gcomhaontú lena mbaineann ag éirí as an gcéanna nó de bhun an euro a thabhairt isteach ach sin sa chás amháin nach mó méid comhiomlán na n-iasachtaí atá ag an gcomhlacht Stáit lena mbaineann, lena n-áirítear iasachtaí ar mhodh ionstraimí soshannta féich, ná an teorainn (más ann) leis na hiasachtaí sin a bhfuil Aire den Rialtas tar éis toiliú a thabhairt léi cheana féin.
(b) Más rud é go mbeidh ráthaíocht eisithe ag an Aire i leith iasachtaí atá ag comhlacht Stáit agus go leasófar an conradh i leith na n-iasachtaí sin de bhun mhír (a), ní bheidh toiliú an Aire agus aon Aire eile den Rialtas le haon athrú coibhéiseach ar an ráthaíocht ag teastáil, ach sin sa chás amháin nach rachfar thar mhéid comhiomlán na n-iasachtaí atá ag an gcomhlacht Stáit lena mbaineann, lena n-áirítear iasachtaí ar mhodh ionstraimí soshannta féich, atá ráthaithe cheana féin ag an Aire.
(c) San alt seo ciallaíonn “comhlacht Stáit” comhlacht ar faoi réir thoiliú Aire den Rialtas a fhaigheann sé iasachtaí.
Scairchaipiteal a athainmniú.
24.—(1) San alt seo agus in ailt 25 agus 26—
folaíonn “airteagail chomhlachais”, i gcás cuideachta nach cuideachta de réir bhrí alt 2(1) d'Acht na gCuideachtaí, 1963, a cairt, a fodhlíthe nó doiciméid ghaolmhara eile;
ciallaíonn “cuideachta” cuideachta de réir bhrí alt 2(1) d'Acht na gCuideachtaí, 1963, agus aon chomhlacht corpraithe de réir bhrí alt 377 (1) den Acht sin;
folaíonn “scair” scair stoic i scairchaipiteal cuideachta.
(2) (a) Más rud é go ndéanfar scairchaipiteal cuideachta nó aon chuid de chaipiteal den sórt sin a athainmniú in euro i ndiaidh na hidirthréimhse faoi Airteagal 14 (a bhaineann le tagairtí in ionstraimí dlíthiúla d'aonaid airgeadra náisiúnta a léamh, i ndeireadh na hidirthréimhse, mar thagairtí d'aonad an euro) de Rialachán 1998 ón gComhairle, is ar an scairchaipiteal iomlán nó ar aon chuid den scairchaipiteal iomlán atá eisithe nó le heisiúint, lena n-áirítear gach aicme den mhéid sin roimhe seo (i gcás aon aicmí ar leithligh a bheith ann) a dhéanfar an t-athainmniú sin.
(b) Déanfar an parluach scaire ainmniúil athainmnithe a ríomh tríd an méid iomlán athainmnithe arna chinneadh de réir mhír (a) a roinnt ar an líon iomlán scaireanna a bheidh údaraithe, eisithe nó le heisiúint, nó atá san aicme iomchuí, de réir mar is cuí, sa tslí go sloinnfear an luach ainmniúil i méideanna neamhchothromaithe euro.
Forálacha idirthréimhseacha a bhaineann le halt 24.
25.—(1) Beidh feidhm ag an alt seo—
(a) maidir le gach cuideachta ag a bhfuil scairchaipiteal, agus
(b) d'ainneoin aon ní dá mhalairt atá in Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1990, nó i meabhrán nó in airteagail chomhlachais cuideachta lena mbaineann an t-alt seo.
(2) Más rud é, maidir le scairchaipiteal údaraithe iomlán cuideachta, le scairchaipiteal eisithe iomlán cuideachta nó lena scairchaipiteal iomlán atá le heisiúint lena n-áirítear aon aicme den mhéid sin roimhe seo (i gcás aon aicmí ar leithligh a bheith ann), gur i bpuint Éireannacha nó in airgeadra Ballstáit rannpháirtigh eile atá sé go léir nó atá cuid de sloinnte i meabhrán nó in airteagail chomhlachais na cuideachta díreach roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1999, féadfar an scairchaipiteal sin, an aicme sin nó an chuid sin den chéanna a athainmniú in aonad an euro de réir fho-alt (3).
(3) (a) Faoi réir fho-alt (5) agus mhír (b), féadfaidh scairshealbhóirí cuideachta—
(i) le gnáthrún a rithfear ag cruinniú ginearálta, nó
(ii) má cheadaítear amhlaidh faoi airteagail chomhlachais na cuideachta, le gnáthrún i scríbhinn arna shíniú ag comhaltaí uile na cuideachta a bheidh de thuras na huaire i dteideal a bheith i láthair agus vótáil ar an rún sin de réir alt 141 (8) d'Acht na gCuideachtaí, 1963,
a chinneadh, maidir le scairchaipiteal údaraithe iomlán cuideachta, le scairchaipiteal eisithe iomlán cuideachta nó lena scairchaipiteal iomlán atá le heisiúint lena n-áirítear aon aicme den mhéid sin roimhe seo, go ndéanfar é go léir nó go ndéanfar cuid de a athainmniú in aonad an euro de réir an ráta comhshó agus a chomhshó de réir Airteagal 4, agus a chothromú de réir Airteagal 5, de Rialachán (CE) Uimh. 1103/97 an 17 Meitheamh 1997 ón gComhairle ar fhorálacha áirithe a bhaineann leis an euro a thabhairt isteach.
(b) Déanfar an parluach scaire ainmniúil athainmnithe a ríomh tríd an méid iomlán athainmnithe arna chinneadh de réir mhír (a) a roinnt ar an líon iomlán scaireanna a bheidh údaraithe, eisithe nó le heisiúint, nó atá san aicme iomchuí, de réir mar is cuí, sa tslí go sloinnfear an luach ainmniúil i méideanna neamhchothromaithe euro.
(4) Measfar nach laghdú ar scairchaipiteal de réir bhrí Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1990, aon laghdú ar luach ainmniúil scairchaipitil eisithe faoin alt seo.
(5) Maidir le haon athainmniú de bhun rúin scairshealbhóirí faoi fho-alt (3), ní athróidh sé in aon slí na cearta, na pribhléidí ná na buntáistí a bhí ar teachtadh ag scairshealbhóirí nó na hoibleagáidí, na srianta nó na teorainneacha a bhí forchurtha ar scairshealbhóirí sular ritheadh an rún i ndáil le díbhinní, le vótáil ag cruinnithe nó le nithe eile.
(6) Déanfaidh cuideachta cóip chlóite d'aon rún faoi fho-alt (3) a chur chuig Cláraitheoir na gCuideachtaí laistigh de 15 lá tar éis a rite agus déanfaidh an Cláraitheoir gach rún den sórt sin a thaifeadadh go cuí.
(7) (a) I gcás go mainneoidh cuideachta cóip chlóite d'aon rún faoi fho-alt (3) a chur chuig Cláraitheoir na gCuideachtaí de réir fho-alt (6), beidh sí ciontach i gcion agus dlífear, ar í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £250 a chur uirthi.
(b) I gcás cion faoin bhfo-alt seo a bheith déanta ag comhlacht corpraithe agus go gcruthófar go ndearnadh amhlaidh é le toiliú, le cúlcheadú nó le ceadú, nó gurb inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine is stiúrthóir, rúnaí nó oifigeach eile de chuid an chomhlachta chorpraithe, nó aon duine eile a bhí ag gníomhú nó a d'airbheartaigh a bheith ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an duine sin, chomh maith leis an gcomhlacht corpraithe, ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a thionscnamh ina choinne nó ina coinne agus é nó í a phionósú amhail is dá mbeadh sé nó sí ciontach sa chion céadluaite.
(8) Scoirfidh an t-alt seo, seachas fo-ailt (6), (7) agus an fo-alt seo, d'éifeacht a bheith leis ón 1ú lá d'Eanáir, 2002.
Scaireanna a athainmluacháil.
26.—(1) Beidh feidhm ag an alt seo—
(a) maidir le gach cuideachta ag a bhfuil scairchaipiteal, agus
(b) d'ainneoin aon ní dá mhalairt atá in Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1990, nó i meabhrán nó in airteagail chomhlachais cuideachta lena mbaineann an t-alt seo.
(2) Tar éis aon athainmniú a dhéanamh ar scairchaipiteal nó ar aon chuid den chéanna in aonad an euro de bhun alt 25, nó más rud é, i ndeireadh na hidirthréimhse, go mbeidh feidhm ag Airteagal 14 (a bhaineann le tagairtí in ionstraimí dlíthiúla d'aonaid airgeadra náisiúnta a léamh, i ndeireadh na hidirthréimhse, mar thagairtí d'aonad an euro) de Rialachán 1998 ón gComhairle, féadfar an scairchaipiteal atá údaraithe agus eisithe, nó le heisiúint, agus parluach ainmniúil scaireanna i gcuideachta a choigeartú tuilleadh chun scairluachanna ainmniúla a bhaint amach a cheapfar a bheith cuí don scairphraghas an uair sin in aonad an euro (dá ngairtear “athainmluacháil” san alt seo) de réir fho-ailt (3) agus (4) ach ní dhéanfar, le coigeartuithe den sórt sin, luach ainmniúil aon scaire a laghdú go nialas.
(3) Féadfaidh cuideachta lena mbaineann an t-alt seo—
(a) le gnáthrún a rithfidh na scairshealbhóirí i gcruinniú ginearálta, nó
(b) má cheadaítear amhlaidh faoi airteagail chomhlachais na cuideachta, le gnáthrún i scríbhinn arna shíniú ag comhaltaí uile na cuideachta a bheidh de thuras na huaire i dteideal a bheith i láthair agus vótáil ar an rún sin de réir alt 141(8) d'Acht na gCuideachtaí, 1963,
forálacha an mheabhráin agus na n-airteagal comhlachais a athrú chun ath-ainmluacháil a dhéanamh, ar choinníoll go mbeidh coigeartú cuí ann i gcúlchistí indáilte (ar brabúis iad atá ar fáil lena ndáileadh agus lena mbaineann alt 45(2) d'Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1983) nó trí chaipiteal breise a thabhairt isteach, a dtabharfar cuntas ann go cuí, agus i gcás nach mbeidh laghdú ann ar scairchaipiteal.
(4) (a) Más é an toradh a bheadh ar an ath-ainmluacháil de bhua fho-alt (2) go mbeadh laghdú ar an scairchaipiteal údaraithe agus eisithe go léir, nó ar chuid de, nó ar aicme scaireanna, ní foláir rún speisialta a rith—
(i) i gcás an scairchaipitil údaraithe agus eisithe, ag na scairshealbhóirí, nó
(ii) i gcás aicme scaire, ag scairshealbhóirí na haicme,
lena ndearbhaítear go ndéanfar méid is comhionann le méid comhiomlán an chaipitil, arna laghdú mar thoradh ar an ath-ainmluacháil de réir fho-alt (2), a aistriú chuig ciste ar a dtabharfar an Cúlchiste Comhshó Caipitil, agus nach mó ná 10 faoin gcéad den scairchaipiteal laghdaithe an méid a aistreofar amhlaidh.
(b) Ach amháin mar a fhoráiltear san alt seo, beidh feidhm ag forálacha Acht na gCuideachtaí, 1963, a bhaineann leis an laghdú ar scairchaipiteal cuideachta, amhail is dá mba scairchaipiteal íoctha de chuid na cuideachta lena mbaineann an Cúlchiste Comhshó Caipitil.
(5) Measfar nach laghdú ar scairchaipiteal de réir bhrí Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1990, aon ath-ainmluacháil ar luach ainmniúil scairchaipitil eisithe faoin alt seo.
(6) Maidir le haon ath-ainmluacháil scaireanna faoin alt seo, ní dhéanfaidh sí aisti féin difear d'oibleagáid ná athrú ar oibleagáid scairshealbhóra an méid, más ann, a bheidh neamhíoctha ar na scaireanna sin a íoc.
(7) Maidir le haon ath-ainmluacháil faoin alt seo, ní athróidh sí in aon slí na cearta, na pribhléidí ná na buntáistí a bhí ar teachtadh ag scairshealbhóirí nó na hoibleagáidí, na srianta nó na teorainneacha a bhí forchurtha ar scairshealbhóirí sular ritheadh an rún i ndáil le díbhinní, le vótáil ag cruinnithe nó le nithe eile.
(8) Déanfaidh cuideachta cóip chlóite d'aon rún faoi fho-alt (3) nó (4) a chur chuig Cláraitheoir na gCuideachtaí laistigh de 15 lá tar éis aon rún den sórt sin a rith agus déanfaidh an Cláraitheoir gach rún den sórt sin a chuirfear chuige nó chuici amhlaidh a thaifeadadh go cuí.
(9) (a) I gcás go mainneoidh cuideachta fo-alt (8) a chomhlíonadh beidh sí ciontach i gcion agus dlífear, ar í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £250 a chur uirthi.
(b) I gcás cion faoin bhfo-alt seo a bheith déanta ag comhlacht corpraithe agus go gcruthófar go ndearnadh amhlaidh é le toiliú, le cúlcheadú nó le ceadú, nó gurb inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine is stiúrthóir, rúnaí nó oifigeach eile de chuid an chomhlachta chorpraithe, nó aon duine eile a bhí ag gníomhú nó a d'airbheartaigh a bheith ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an duine sin, chomh maith leis an gcomhlacht corpraithe, ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a thionscnamh ina choinne nó ina coinnne agus é nó í a phionósú amhail is dá mbeadh sé nó sí ciontach sa chion céadluaite.
(10) D'ainneoin aon fhorála eile den alt seo, féadfaidh an chuideachta lena mbaineann an Cúlchiste Comhshó Caipitil a fheidhmiú chun scaireanna neamheisithe de chuid na cuideachta sin (seachas scaireanna infhuascailte) a íoc, ar scaireanna iad atá le cionroinnt ar scairshealbhóirí na cuideachta mar scaireanna bónais láníoctha.
(11) Scoirfidh an t-alt seo, seachas fo-ailt (8), (9), (10) agus an fo-alt seo, d'éifeacht a bheith leis ón 30ú lá de Mheitheamh, 2003.
Leasú ar Acht an Bhainc Ceannais, 1989.
27.—Leasaítear leis seo Acht an Bhainc Ceannais, 1989, in alt 134—
(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):
“(4A) Ní dhéanfaidh an tAire aon ordachán faoin alt seo i leith chomhlíonadh aon fheidhme nó dualgais de chuid an Bhainc, nó i leith fheidhmiú aon chumhachta ag an mBanc, a cheanglaítear leis an gConradh nó faoi nó leis an Reacht nó faoi.”,
agus
(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (7):
“(7) San alt seo—
tá le ‘airgeadra coigríche’ an bhrí chéanna atá leis san Acht um Rialú Iomlaoide, 1954;
tá le ‘an Conradh’ agus ‘an Reacht’ na bríonna céanna, faoi seach, a shanntar dóibh chun críocha an Achta seo le fo-alt (8) (arna chur isteach le hAcht an Bhainc Ceannais, 1998) d'alt 23.”.
Leasú ar Acht an Bhainc Ceannais, 1997.
28.—Leasaítear leis seo Acht an Bhainc Ceannais, 1997—
(a) in alt 10, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis i ndiaidh fho-alt (2):
“(3) Ní bheidh feidhm ag fo-ailt (1) agus (2) maidir le comhlíonadh aon fheidhme nó dualgais ag an mBanc, nó maidir le feidhmiú aon chumhachta ag an mBanc, a cheanglaítear leis an gConradh nó faoi nó leis an Reacht nó faoi.”,
agus
(b) in alt 13, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):
“(2A) (a) Ní bheidh feidhm ag fo-ailt (1)(b) agus (2) maidir le comhlíonadh aon fheidhme nó dualgais ag an mBanc, nó maidir le feidhmiú aon chumhachta ag an mBanc, a cheanglaítear leis an gConradh nó faoi nó leis an Reacht nó faoi.
(b) San fho-alt seo tá le ‘an Conradh’ agus ‘an Reacht’ na bríonna céanna, faoi seach, a shanntar dóibh chun críocha an Achta seo le fo-alt (2) (arna chur isteach le hAcht an Bhainc Ceannais, 1998) d'alt 24.”.
Cumhacht rialacháin a dhéanamh.
29.—(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun go bhféadfaidh an Chuid seo lánéifeacht a bheith léi.
(2) Féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agus iarmhartacha a bheith i rialacháin faoin gCuid seo is dealraitheach don Aire a bheith fóirsteanach chun aon chríche den Chuid seo.
CUID III
Monaíocht Chomórtha
Dearadh, etc., eisiúint agus díol monaí.
30.—(1) Féadfaidh an tAire monaí de chineál comórtha a sholáthar ina mbeidh cibé ainmníochtaí, sonraíochtaí teicniúla, toisí, comhshuíomh agus dearadh nó dearaí a chinnfidh an tAire.
(2) Féadfaidh an tAire monaí arna soláthar faoin gCuid seo a eisiúint agus a chur ar díol leis an bpobal trí Bhanc Ceannais na hÉireann.
Praghas a chinneadh.
31.—Is é Banc Ceannais na hÉireann a chinnfidh an praghas ar a gcuirfear aon chineál mona ar díol faoi alt 30 agus féadfar praghsanna éagsúla a chinneadh—
(a) le haghaidh bailchríoch éagsúil a chuirtear ar an gcineál mona nó le haghaidh buailtí éagsúla den chéanna, agus
(b) á chur i gcuntas an pacáistiú (más ann) nó an pacáistiú éagsúil a sholáthraítear leis an gcineál mona,
ach ní dhéanfar aon phraghas a chinneadh amhlaidh ar phraghas is ísle ná aghaidhluach an mhona.
Beidh monaí comórtha ina ndlíthairiscint.
32.—Aon tairiscint monaí a eiseofar faoin gCuid seo is dlíthairiscint í faoi réir aon teorann ginearálta maidir leis an líon monaí ar dlíthairiscint iad d'aon idirbheart amháin.
Íocaíochtaí isteach i gciste ginearálta Bhanc Ceannais na hÉireann agus amach as.
33.—(1) Gach suim a bheidh ag teastáil chun monaí arna soláthar faoin gCuid seo a sholáthar agus a eisiúint, íocfar as ciste ginearálta Bhanc Ceannais na hÉireann í agus féichiúnófar ar chúlchiste an airgeadra sa chiste sin í.
(2) Déanfar na fáltais ó gach eisiúint monaí arna soláthar faoin gCuid seo a íoc isteach i gciste ginearálta Bhanc Ceannais na hÉireann agus a chur chun creidmheasa chúlchiste an airgeadra sa chiste sin.
Cóipcheart.
34.—Beidh feidhm ag alt 57 den Acht Cóipchirt, 1963, maidir le monaí a eiseofar faoin gCuid seo.