Uimhir 6 de 1989
AN tACHT UM IDIRSCARADH BREITHIÚNACH AGUS ATHCHÓIRIÚ AN DLÍ TEAGHLAIGH, 1989
RIAR NA nALT
Foraithne Idirscartha a Fháil
Orduithe Coimhdeacha Airgeadais, Maoine, Coimeádta agus Orduithe Eile
Dlínse Cúirte
30. | |
31. | |
32. | |
33. | Seoladh imeachtaí teaghlaigh sa Chúirt Chuarda agus san Ard-Chúirt. |
34. | |
35. | |
36. |
Ilghnéitheach
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
Na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1988 | |
An tAcht um an Dlí Teaghlaigh (Cothábháil Céilí agus Leanaí), 1976 | |
An tAcht um an Dlí Teaghlaigh (Céilí agus Leanaí a Chosaint), 1981 | |
Legitimacy Declaration Act (Ireland), 1868 | 1868, c. 20 |
Matrimonial Causes and Marriage Law (Ireland) Amendment Act, 1870 | 1870, c. 110 |
Partition Act, 1868 | 1868, c. 40 |
Partition Act, 1876 | 1876, c. 17 |
1987, Uimh. 36 | |
Uimhir 6 de 1989
AN tACHT UM IDIRSCARADH BREITHIÚNACH AGUS ATHCHÓIRIÚ AN DLÍ TEAGHLAIGH, 1989
[An tiontú oifigiúil]
CUID I
Foraithne Idirscartha a Fháil
Léiriú.
1.—San Acht seo, mura n-éilítear a mhalairt sa chomhthéacs—
ciallaíonn “an chúirt” an chúirt ag a bhfuil dlínse faoi Chuid III den Acht seo.
Iarratas ar fhoraithne idirscartha bhreithiúnaigh.
2.—(1) Féadfar iarratas ó chéile ar fhoraithne idirscartha bhreithiúnaigh ón gcéile eile a dhéanamh chun na cúirte a bhfuil dlínse aici imeachtaí faoi Chuid III den Acht seo a éisteacht agus a chinneadh ar fhoras amháin nó níos mó ná foras amháin díobh seo a leanas:
(a) go ndearna an freagróir adhaltranas;
(b) gur iompair an freagróir é féin ar shlí nach féidir le réasún a bheith ag súil go gcónódh an t-iarratasóir leis an bhfreagróir;
(c) faoi réir fho-alt (2) den alt seo, gur thréig an freagróir an t-iarratasóir ar feadh tréimhse leanúnaí bliana ar a laghad díreach roimh dháta an iarratais;
(d) faoi réir fho-alt (2) den alt seo, gur chónaigh na céilí ar leithligh óna chéile ar feadh tréimhse leanúnaí bliana ar a laghad díreach roimh dháta an iarratais agus go dtoileoidh an freagróir le foraithne a dheonú;
(e) faoi réir fho-alt (2) den alt seo, gur chónaigh na céilí ar leithligh óna chéile ar feadh tréimhse leanúnaí trí bliana ar a laghad díreach roimh dháta an iarratais;
(f) go bhfuil cliste ar an bpósadh sa mhéid gur deimhin leis an gCúirt sna himthosca go léir nach raibh gnáthchaidreamh pósta idir na céilí ar feadh tréimhse bliana ar a laghad díreach roimh dháta an iarratais.
(2) Le linn breithniú a dhéanamh chun críocha fho-alt (1) den alt seo, cé acu an tréimhse leanúnach nó nach ea ceachtar den dá thréimhse seo a leanas—
(a) i gcás mhír (c) den fho-alt sin, an tréimhse ar ar a feadh a bhí an t-iarratasóir tréigthe ag an bhfreagróir, nó
(b) i gcás mhír (d) nó (e) den fho-alt sin, an tréimhse ar lena linn a chónaigh na céilí ar leithligh,
ní thabharfar aon aird ar aon tréimhse amháin (nach faide ná 6 mhí) ná ar aon dá thréimhse nó níos mó (nach faide ná 6 mhí san iomlán) ar thosaigh na céilí ar chónaí lena chéile lena linn, ach ní dhéanfar aon tréimhse nó tréimhsí den sórt sin a raibh na céilí ina gcónaí lena chéile lena linn a áireamh mar chuid den tréimhse tréigin ná den tréimhse ar chónaigh na céilí ar leithligh, de réir mar a bheidh:
Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo ach amháin sa chás nach mbeidh na céilí ina gcónaí lena chéile an tráth a ndéanfar an t-iarratas.
(3) (a) San alt seo measfar céilí a bheith ina gcónaí ar leithligh óna chéile mura bhfuil siad ina gcónaí lena chéile sa teaghlach céanna, agus déanfar tagairtí do chéilí a bheith ina gcónaí lena chéile a fhorléiriú mar thagairtí do bheith ina gcónaí lena chéile sa teaghlach céanna.
(b) San alt seo folaíonn “tréigean” iompar ag céile amháin a dtarlaíonn dá thoradh go ndéanann an céile eile, le cúis chóir, an céile sin a fhágáil agus cónaí ar leithligh ón gcéile sin.
Foraithne idirscartha bhreithiúnaigh a dheonú, agus coimeád etc. leanaí.
3.—(1) Más rud é, ar iarratas a bheith déanta faoi alt 2 den Acht seo, gur deimhin leis an gcúirt, maidir le haon fhoras de na forais dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt sin ar a raibh an t-iarratasóir ag brath, gur dóichí an foras sin a bheith cruthaithe, deonóidh an chúirt, faoi réir fho-alt (2) den alt seo agus ailt 5 agus 6 den Acht seo, foraithne idirscartha bhreithiúnaigh i leith na gcéilí lena mbaineann.
(2) (a) Más rud é, i gcás na gcéilí lena mbaineann, go mbeidh aon leanaí cleithiúnacha de chuid an teaghlaigh ann, ní dheonóidh an chúirt foraithne idirscartha bhreithiúnaigh—
(i) mura deimhin léi go bhfuil cibé socrú is cuí sna himthosca déanta, nó
(ii) mura bhfuil sé beartaithe aici le hordú, ar dheonú na foraithne, cibé socrú a dhéanamh is cuí sna himthosca,
chun leas na leanaí sin.
(b) San fho-alt seo—
tá le “leanaí cleithiúnacha de chuid an teaghlaigh” an bhrí chéanna atá leis chun críocha Chuid II den Acht seo;
folaíonn “leas” leas creidimh agus morálta na leanaí lena mbaineann, mar aon lena leas intleachta, lena leas coirp agus lena leas sóisialta.
(3) Ar fhoraithne idirscartha bhreithiúnaigh a dheonú ag an gcúirt, féadfaidh an chúirt le hordú, más iomchuí é, cibé orduithe a thabhairt faoi alt 11 den Acht um Chaomhnóireacht Naíon, 1964, a mheasfaidh sí is cóir maidir le leas nó coimeád naín, nó le ceart rochtana chuig naíon (is naíon de réir bhrí an Achta sin), ionann is dá mba faoin alt sin a rinneadh an t-iarratas.
Forálacha forlíontacha maidir le hadhaltranas agus iompar míréasúnach a chruthú.
4.—(1) I gcás na céilí a bheith ina gcónaí lena chéile ar feadh breis is 1 bhliain tar éis don iarratasóir teacht ar an eolas go raibh adhaltranas déanta ag an bhfreagróir, ní bheidh an t-iarratasóir i dteideal brath ar an adhaltranas sin chun críocha alt 2 (1) (a) d'ainneoin go bhféadfadh an t-adhaltranas sin a bheith ar cheann de na fachtóirí ar a bhféadfadh an t-iarratasóir brath chun críocha alt 2 (1) (b) i dteannta nithe eile.
(2) I gcás go líomhnóidh an t-iarratasóir gur iompair an freagróir é féin ar shlí nach féidir, le réasún, a bheith ag súil leis go gcomhchónódh an t-iarratasóir leis ach gur chomhchónaigh na céilí lena chéile ar feadh tréimhse nó tréimhsí tar éis an dáta ar tharla an t-eachtra is déanaí ar a mbeidh an t-iarratasóir ag brath agus lena nglacfaidh an chúirt mar thaca lena líomhain, tabharfar neamhaird ar an gcomhchónaí sin agus cinneadh á dhéanamh chun críche alt 2 (1) (b) den Acht seo cibé acu an féidir nó nach féidir le réasún a bheith ag súil leis go gcónódh an t-iarratasóir leis an bhfreagróir más 6 mhí nó níos 1ú fad na tréimhse nó na dtréimhsí sin ina rabhthas ag comhchónaí lena chéile.
Cosaintí chun a áirithiú go bhfuil iarratasóir eolach ar roghanna seachas imeachtaí idirscartha agus chun cuidiú le hiarrachtaí le haghaidh comhréitigh.
5.—(1) Aon aturnae, más ann, a bheidh ag gníomhú thar ceann iarratasóra ar fhoraithne idirscartha bhreithiúnaigh déanfaidh sé an méid seo a leanas, sula ndéanfar iarratas ar fhoraithne idirscartha bhreithiúnaigh—
(a) pléifidh sé leis an iarratasóir cibé acu an féidir teacht ar chomhréiteach agus tabharfaidh sé dó ainmneacha agus seoltaí daoine atá cáilithe chun cuidiú le comhréiteach a chur i gcrích idir céilí atá i riocht coimhthithe, agus
(b) pléifidh sé leis an iarratasóir cibé acu an féidir dul i mbun idirghabhála chun cuidiú le hidirscaradh a chur i gcrích ar bhonn comhaontaithe le céile coimhthithe agus tabharfaidh sé dó ainmneacha agus seoltaí daoine agus eagras atá cailithe chun seirbhís idirghabhála a chur ar fáil, agus
(c) pléifidh sé leis an iarratasóir cibé acu an féidir idirscaradh a chur i gcrích trí ghníomhas idirscartha, nó trí chomhaontú idirscartha i scríbhinn, a chaibidlí agus a thabhairt chun críche.
(2) I dteannta iarratais ar idirscaradh breithiúnach beidh deimhniú ón aturnae, más ann, a bheidh ag gníomhú thar ceann an iarratasóra á rá go bhfuil forálacha fho-alt (1) den alt seo comhlíonta aige agus, i gcás nach ndeimhneoidh aturnae amhlaidh, féadfaidh an chúirt na himeachtaí a chur ar ar atráth go ceann cibé tréimhse is réasúnach léi chun go bpléifidh aturnae an iarratasóra na nithe dá dtagraítear san fho-alt sin leis an iarratasóir.
(3) Déanfar socrú le rialacha cúirte faoi chomhair an deimhniúcháin a éilítear chun críocha fho-alt (2) den alt seo.
Cosaintí chun a áirithiú go bhfuil freagróir eolach ar roghanna seachas imeachtaí idirscartha agus chun cuidiú le hiarrachtaí le haghaidh comhréitigh.
6.—(1) Aon aturnae, más ann, a bheidh ag gníomhú thar ceann freagróra in iarratas ar fhoraithne idirscartha bhreithiúnaigh déanfaidh sé an méid seo a leanas a luaithe is féidir tar éis dó treoracha a fháil ón bhfreagróir—
(a) pléifidh sé leis an bhfreagróir cibé acu an féidir teacht ar chomhréiteach agus tabharfaidh sé dó ainmneacha agus seoltaí daoine atá cáilithe chun cuidiú le comhréiteach a chur i gcrích idir páirtithe i bpósadh atá i riocht coimhthithe, agus
(b) pléifidh sé leis an bhfreagróir cibé acu an féidir dul i mbun idirghabhála chun cuidiú le hidirscaradh a chur i gcrích ar bhonn comhaontaithe le céile coimhthithe agus tabharfaidh sé dó ainmneacha agus seoltaí daoine agus eagras atá cáilithe chun seirbhís idirghabhála a chur ar fáil, agus
(c) pléifidh sé leis an bhfreagróir cibé acu an féidir idirscaradh a chur i gcrích trí ghníomhas idirscartha, nó trí chomhaontú idirscartha i scríbhinn, a chaibidlí agus a thabhairt chun críche.
(2) I dteannta Taifeadta Láithris nó Fógra go bhfuiltear chun Cosaint a Dhéanamh ar iarratas ar idirscaradh breithiúnach, beidh deimhniú ón aturnae, más ann, a bheidh ag gníomhú thar ceann an fhreagróra á rá go bhfuil forálacha fho-alt (1) den alt seo comhlíonta aige agus, i gcás nach ndeimhneoidh aturnae amhlaidh, féadfaidh an chúirt na himeachtaí a chur ar atráth go ceann cibé tréimhse is réasúnach léi chun go bpléifidh aturnae an fhreagróra na nithe dá dtagraítear san fho-alt sin leis an bhfreagróir.
(3) Déanfar socrú le rialacha cúirte faoi chomhair an deimhniúcháin a éilítear chun críocha fho-alt (2) den alt seo.
Imeachtaí a chur ar atráth chun cuidiú le teacht ar chomhréiteach nó ar chomhaontuithe i dtaobh idirscartha.
7.—(1) I gcás go ndéanfar iarratas chun na cúirte faoin Acht seo ar fhoraithne idirscartha bhreithiúnaigh, breithneoidh an chúirt cibé acu an féidir go dtiocfadh na céilí lena mbaineann ar chomhréiteach agus, dá réir sin, féadfaidh sí uair ar bith na himeachtaí a chur ar atráth chun deis a thabhairt do na céilí, más mian leo beirt é, breithniú a dhéanamh ar chomhréiteach eatarthu féin, le cuidiú nó d'éagmais cuidiú ó thríú páirtí.
(2) Más rud é le linn aon atráthú ar imeachtaí lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo go n-atosóidh na céilí ar chónaí lena chéile arís, ní thabharfar aon aird ar an méid sin chun críocha na n-imeachtaí sin.
(3) Más rud é, ar iarratas a bheith déanta faoin Acht seo ar fhoraithne idirscartha bhreithiúnaigh, go bhfeicfear don chúirt nach féidir leis na céilí lena mbaineann teacht ar aon chomhréiteach, féadfaidh sí na himeachtaí a chur ar atráth nó a chur ar atráth arís chun deis a thabhairt do na céilí, más mian leo beirt é, teacht ar chomhaontú (le cuidiú nó d'éagmais cuidiú ó thríú páirtí) faoi théarmaí an idirscartha, a mhéid is féidir é.
(4) Má tharla atráthú de bhua fho-alt (1) nó (3) den alt seo, féadfaidh ceachtar céile nó iad beirt a iarraidh go rachfar ar aghaidh le héisteacht an iarratais agus, gan dochar d'fho-alt (5) den alt seo, atosóidh an chúirt ar an iarratas a éisteacht, a luaithe is indéanta é.
(5) An chumhacht atrátha is infheidhmithe faoi fho-ailt (1) agus (3) den alt seo is cumhacht í de bhreis ar aon chumhacht atrátha eile is infheidhmithe ag an gcúirt, agus ní cumhacht í in ionad na cumhachta sin.
(6) I gcás go gcuirfidh an chúirt imeachtaí faoi fho-alt (1) nó (3) den alt seo ar atráth, féadfaidh sí dá rogha féin comhairle a chur ar na céilí lena mbaineann cuidiú ó thríú páirtí a lorg chun na críche atá leagtha amach san fho-alt iomchuí.
(7) Aon teagmháil ó bhéal nó i scríbhinn idir ceachtar céile agus aon tríú páirtí lena mbaineann fo-alt (1), (3) nó (6) den alt seo (cibé acu an i láthair an chéile eile a dhéanfar é nó nach ea) agus aon taifead i dtaobh teagmhála den sórt sin a chuirfidh an tríú páirtí sin faoi deara a dhéanamh, ní bheidh siad inghlactha mar fhianaise in aon chúirt.
Éifeacht idirscartha bhreithiúnaigh agus cealú foraithne idirscartha agus orduithe coimhdeacha tráth comhréitigh.
8.—(1) I gcás go ndeonóidh an chúirt foraithne idirscartha bhreith iúnaigh ní bheidh sé d'oibleagáid ar na céilí arbh iad na páirtithe iad sna himeachtaí sin comhchónaí níos mó.
(2) Tar éis foraithne idirscartha bhreithiúnaigh a dheonú féadfaidh an t-iarratasóir agus an freagróir sna himeachtaí idirscartha aon uair ina dhiaidh sin iarratas a dhéanamh trí chomhthoiliú, chun na cúirte, ar chealú a dhéanamh ar an bhforaithne idirscartha a deonaíodh agus déanfaidh an chúirt an t-ordú cealaithe sin ar í a bheith deimhin de go bhfuil an t-iarratasóir agus an freagróir tar éis teacht ar chomhréiteach agus go bhfuil siad cheana féin atosaithe, nó gur mian leo atosú arís, ar chomhchónaí mar fhearchéile agus banchéile.
(3) Ar ordú cealaithe a dhéanamh faoi fho-alt (2) den alt seo féadfaidh an chúirt freisin cibé ordú nó orduithe atá riachtanach agus coimhdeach a dhéanamh is dóigh léi is cuí sna himthosca ag féachaint d'aon orduithe a rinneadh roimhe sin faoi Chuid II den Acht seo.
Deireadh a chur le foraithne colscartha a mensa et thoro, etc.
9.—(1) Tar éis thosach feidhme an Achta seo, ní bheidh aon ábhar caingne ann i ndáil le colscaradh a mensa et thoro.
(2) Ní bheidh éifeacht le fo-alt (1) den alt seo i ndáil le haon chaingean a tionscnaíodh roimh thosach feidhme an Achta seo.
CUID II
Orduithe Coimhdeacha Airgeadais, Maoine, Coimeádta agus Orduithe Eile
Mínithe (Cuid II).
10.—Sa Chuid seo ach amháin nuair a éilíonn an comhthéacs a mhalairt—
folaíonn “tíolacas” morgáiste, léas, aontú, aistriú, séanadh, scaoileadh agus aon diúscairt eile maoine ar dhóigh seachas le huacht nó le donatio mortis causa agus folaíonn sé freisin comhaontú infhorfheidhmithe (coinníollach nó neamhchoinníollach) chun aon tíolacas den sórt sin a dhéanamh;
ciallaíonn “leanbh cleithiúnach den teaghlach”, maidir le céile nó céilí, aon leanbh—
(a) leis an dá chéile, nó a d'uchtaigh an dá chéile faoi na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1988, nó a bhfuil an dá chéile in loco parentis, i ndáil leis, nó
(b) le ceachtar céile, nó a d'uchtaigh ceachtar céile faoi na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1988, nó a bhfuil ceachtar céile in loco parentis i ndáil leis, i gcás inar dhéileáil an céile eile, agus a fhios aige nach é tuismitheoir an linbh é, leis an leanbh mar dhuine den teaghlach,
agus atá faoi bhun 16 bliana d'aois, nó má tá an aois sin slánaithe aige—
(i) atá nó a bheidh nó dá ndéanfaí ordú faoin Acht seo ag déanamh socrú le haghaidh íocaíochtaí tréimhsiúla chun é a chothú nó chun cnapshuim a sholáthar, a bheadh ag fáil oideachais nó teagaisc lánaimsire in aon ollscoil, coláiste, scoil nó foras eile oideachais agus atá faoi bhun 21 bliain d'aois, nó
(ii) a bhfuil an oiread sin de mhíchumas meabhrach nó coirp air nach féidir leis le réasún é féin a chothabháil go hiomlán;
ciallaíonn “teaghais”—
(a) aon fhoirgneamh, nó
(b) aon struchtúr, feithicil nó soitheach (soghluaiste nó doghluaiste),
nó cuid den chéanna, atá á áitiú mar theaghais ar leithligh agus folaíonn sé aon ghairdín nó geadán talún atá tadhlach leis an teaghais, agus á áitiú de ghnáth leis an teaghais, nó atá riachtanach ar dhóigh eile mar thaitneamhacht agus áis don teaghais;
ciallaíonn “áras teaghlaigh” go príomha, teaghais ina bhfuil gnáthchónaí ar lánúin phósta agus folaíonn an abairt, ina theannta sin, teaghais ina bhfuil gnáthchónaí ar chéile a bhfuil a chosaint ina shaincheist nó, má tá an céile sin imithe ón gcéile eile, a raibh gnáthchónaí ann ar an gcéile sin sular imigh sé amhlaidh;
ciallaíonn “airnéisí tí” troscán, leapachas, línéadach, soithí poircealláin, cré-earraí, gloiní, leabhair agus airnéis eile gnáthúsáide tís nó ornáide tís agus ina dteannta sin lóin tomhaltais, earraí gairdín agus ainmhithe tí, ach ní fholaíonn sé aon airnéisí a úsáideann ceachtar céile chun críocha gnó nó gairme ná airgead ná urrús ar airgead.
Réamhorduithe in imeachtaí idirscartha bhreithiúnaigh.
11.—Tar éis iarratas ar fhoraithne idirscartha bhreithiúnaigh a eisiúint, féadfaidh an chúirt, sula gcinnfidh sí ar an bhforaithne sin a dheonú nó ar dhiúltú i a dheonú, i gcás gur dóigh léi gur cóir déanamh amhlaidh, aon ordú nó orduithe díobh seo a leanas a dhéanamh—
(a) ordú urchoisc nó ordú cosanta de bhun alt 2 nó alt 3 den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Céilí agus Leanaí a Chosaint), 1981;
(b) ordú coimeádta nó ordú rochtana nó ordú eile ar aon cheist a fhearann ar leas naín de bhun alt 11 den Acht um Chaomhnóireacht Naíon, 1964;
(c) ordú chun caomhnú a dhéanamh ar áras an teaghlaigh nó ar aon airgead a réadaíodh as tíolacadh aon leasa san áras teaghlaigh, de bhun alt 5 den Acht um Chaomhnú Áras an Teaghlaigh, 1976;
(d) ordú chun caomhnú a dhéanamh ar airnéis tís nó ar aon airgead a réadaíodh as díol na hairnéise sin de bhun alt 9 den Acht um Chaomhnú Áras an Teaghlaigh, 1976.
Iarratais a dhéanamh ar réamhorduithe.
12.—Féadfaidh cúirt orduithe a dhéanamh faoi alt 11 má iarrann an t-iarratasóir nó an freagróir amhlaidh, gan é bheith riachtanach imeachtaí leithleacha a thionscnamh faoi na hAchtanna dá dtagraítear san alt sin mar réamhorduithe in imeachtaí le haghaidh idirscartha bhreithiúnaigh a shaothraítear faoin Acht seo.
Cothabháil go dtí go ndéanfar agra, etc.
13.—I gcás go ndéanfar iarratas ar idirscaradh breithiúnach féadfaidh an chúirt ordú a dhéanamh le haghaidh cothabhála go dtí go ndéanfar agra, is é sin le rá, ordú á cheangal ar cheachtar céile cibé íocaíochtaí tréimhsiúla a dhéanamh leis an gcéile eile chun an céile eile sin agus cibé leanaí cleithiúnacha (más ann) den teaghlach a chothú, go ceann cibé tréimhse, dar tosach tráth nach luaithe ná dáta an iarratais agus dar críoch tráth nach déanaí ná an dáta a chinnfear an t-iarratas sin, a mheasfaidh an chúirt a bheith cóir.
Orduithe i dtaobh íocaíochtaí tréimhsiúla agus cnapshuime.
14.—(1) Féadfaidh an chúirt, ar fhoraithne idirscartha bhreithiúnaigh a dheonú, nó aon tráth dá éis sin, ar cheachtar céile do dhéanamh iarratais chuici, aon ordú nó orduithe díobh seo a leanas a dhéanamh—
(a) ordú i dtaobh íocaíochtaí tréimhsiúla, is é sin le rá—
(i) ordú go ndéanfaidh ceachtar céile leis an gcéile eile cibé íocaíochtaí tréimhsiúla de cibé méid, agus ag cibé tráthanna, a bheidh sonraithe san ordú; nó
(ii) ordú go ndéanfaidh ceachtar céile cibé íocaíochtaí tréimhsiúla de cibé méid agus ag cibé tráth a bheidh sonraithe san ordú le cibé duine a bheidh sonraithe amhlaidh chun tairbhe linbh chleithiúnaigh den teaghlach;
(b) ordú i dtaobh íocaíochtaí tréimhsiúla urraithe, is é sin le rá—
(i) ordú go ndéanfaidh ceachtar céile cibé íocaíochtaí tréimhsiúla a bheidh sonraithe amhlaidh a urrú don chéile eile chun sástacht na cúirte; nó
(ii) ordú go ndéanfaidh céile cibé íocaíochtaí tréimhsiúla chun sástacht na cúirte a bheidh sonraithe amhlaidh a urrú do cibé duine a bheidh sonraithe amhlaidh chun tairbhe an linbh chleithiúnaigh sin den teaghlach;
(c) ordú go n-íocfaidh ceachtar céile leis an gcéile eile cibé cnapshuim nó cnapshuimeanna de cibé méid agus ag cibé tráth nó tráthanna a bheidh sonraithe amhlaidh;
(d) ordú go n-íocfaidh céile le cibé duine a bheidh sonraithe cibé cnapshuim nó cnapshuimeanna de cibé méid agus ag cibé tráth nó tráthanna a bheidh sonraithe amhlaidh chun tairbhe linbh chleithiúnaigh den teaghlach.
(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) (c) nó (d) den alt seo—
(a) aon ordú faoin alt seo go n-íocfaidh céile cnapshuim leis an gcéile eile féadfar é a dhéanamh le go bhféadfaidh an céile eile sin aon dliteanais nó caiteachais a íoc a thabhaigh sé nó sí, le réasún, roimh iarratas a dhéanamh ar ordú faoin alt seo ina fhabhar nó ina fabhar, chun é féin nó í féin nó aon leanbh cleithiúnach den teaghlach a chothabháil;
(b) aon ordú faoin alt seo chun cnapshuim a íoc chun tairbhe linbh chleithiúnaigh den teaghlach féadfar é a dhéanamh le go bhféadfar aon dliteanais nó caiteachais a íoc a thabhaigh an leanbh sin, nó a tabhaíodh chun tairbhe don leanbh sin, le réasún, roimh iarratas a dhéanamh ar ordú faoin alt seo ina fhabhar; agus
(c) féadfar a shocrú in aon ordú faoin alt seo chun cnapshuim a íoc go n-íocfar an tsuim sin ina tráthchodanna de cibé méid a bheidh sonraithe san ordú agus féadfar a cheangal go n-urrófar íoc na dtráthchodanna chun sástacht na cúirte.
Orduithe coigeartaithe maoine.
15.—(1) Féadfaidh an chúirt ar fhoraithne idirscartha bhreithiúnaigh a dheonú nó aon tráth dá éis sin, ar cheachtar céile do dhéanamh iarratais chuici, ordú coigeartaithe maoine, is é sin le rá, aon ordú nó orduithe díobh seo a leanas a dhéanamh—
(a) ordú go n-aistreoidh céile chuig an gcéile eile, chuig aon leanbh cleithiúnach den teaghlach nó chuig cibé duine a bheidh sonraithe san ordú chun tairbhe an linbh sin, cibé maoin a bheidh sonraithe amhlaidh, is maoin a bhfuil an céile céadluaite ina teideal, cibé acu ar mhodh seilbhe nó frithdhílse;
(b) ordú chun socrú a dhéanamh chun sástacht na cúirte i dtaobh cibé maoin a bheidh sonraithe amhlaidh, ar maoin í a mbeidh céile ina teideal amhlaidh, agus sin chun tairbhe an chéile eile agus aon linbh chleithiúnaigh den teaghlach nó chun tairbhe aon duine nó gach duine de na daoine sin;
(c) ordú chun aon socrú réamhphósta nó iarphósta (lena n-áirítear socrú den chineál sin a rinneadh le huacht nó le codaisíl) a rinneadh i leith na gcéilí a athrú chun tairbhe na gcéilí agus aon linbh chleithiúnaigh den teaghlach nó chun tairbhe aon duine nó gach duine de na daoine sin;
(d) ordú chun leas ceachtar de na céilí faoi aon socrú den chineál sin a mhúchadh nó a laghdú.
(2) Féadfaidh an chúirt, ar fhoraithne idirscartha bhreithiúnaigh a bheith deonaithe aici, breithniú a dhéanamh agus a chinneadh cibé acu ar chóir nó nár chóir di ordú nó orduithe a dhéanamh i bhfabhar céile faoin alt seo ar an aon ócáid amháin mura rud é ar an ócáid sin go gceileann céile, go toiliúil, eolas de chineál ábhartha atá iomchuí chun aon ordú nó orduithe den sórt sin a dhéanamh.
Orduithe coimhdeacha ilghnéitheacha.
16.—Féadfaidh an chúirt, ar fhoraithne idirscartha bhreithiúnaigh a dheonú nó aon tráth dá éis, ar cheachtar céile do dhéanamh iarratais chuici, aon ordú nó orduithe díobh seo a leanas a dhéanamh:
(a) ordú a thabharfadh ceart do chéile amháin, ar feadh shaol an chéile sin nó ar feadh cibé tréimhse eile (cinntitheach nó teagmhasach) a shonróidh an chúirt, áras an teaghlaigh a áitiú agus an céile eile a eisiamh;
(b) ordú chun áras an teaghlaigh a dhíol faoi réir cibé coinníollacha a mheasfaidh an chúirt a bheith cóir;
(c) ordú faoi alt 12 den Acht um Stádas Ban Pósta, 1957, a chinnfidh aon díospóid idir na céilí i dtaobh an teidil chun aon mhaoine nó i dtaobh seilbhe aon mhaoine;
(d) ordú faoi alt 4, 5 nó 9 den Acht um Chaomhnú Áras an Teaghlaigh, 1976;
(e) ordú faoi alt 2 nó 3 den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Céilí agus Leanaí a Chosaint), 1981;
(f) ordú chun maoin a pháirtiú nó ordú faoi na Partition Acts, 1868 agus 1876;
(g) ordú faoi alt 11 den Acht um Chaomhnóireacht Naíon, 1964, maidir le haon leanbh cleithiúnach den teaghlach.
Ordú múchta ceart comharbais.
17.—(1) Ar fhoraithne idirscartha bhreithiúnaigh a dheonú, nó aon tráth dá éis sin, agus ar cheachtar céile do dhéanamh iarratais chuici, breithneoidh an chúirt cibé acu ar chóir di ordú a dhéanamh ag múchadh an sciar a mbeadh ceachtar céile ina theideal, seachas sin, in eastát an chéile eile mar cheart dlíthiúil nó i gcás díthiomnachta faoin Acht Comharbais, 1965.
(2) Déanfaidh an chúirt ordú ag múchadh an sciar a mbeadh céile ina theideal, seachas sin, in eastát an chéile eile mar cheart dlíthiúil nó i gcás intiomnachta faoin Acht sin 1965 más rud é—
(a) gur deimhin leis an gcúirt, ag féachaint d'fhorálacha alt 20, go bhfuil soláthar leordhóthanach agus réasúnach de chineál buan déanta chun soláthar d'urraíocht thodhchaíoch an chéile a bhfuil a chearta comharbais faoi cheist, nó
(b) gur deimhin léi, ag féachaint d'fhorálacha alt 20, nach cás é inar gá soláthar de chineál buan a dhéanamh le haghaidh urraíocht thodhchaíoch an chéile a bhfuil a chearta comharbais faoi cheist, nó
(c) nach céile é an céile a bhfuil a chearta comharbais faoi cheist, a ndearna an chúirt, tar éis di aird a thabhairt ar fhorálacha alt 20 (lena n-áirítear fo-ailt (2) (i) agus (3)), ordú faoi alt 14, 15 nó 16 (a) chun é a chothú, nó
(d) gur deimhin leis an gcúirt nach céile é an céile a bhfuil a chearta comharbais faoi cheist, a ndéanfadh an chúirt, tar éis di aird a thabhairt ar fhorálacha alt 20 (lena n-áirítear fo-ailt 2 (i) agus (3)), ordú faoi alt 14, 15 nó 16 (a) dá ndéanfaí iarratas chuici maidir leis sin chun é a chothú.
Orduithe chun maoin a dhíol.
18.—(1) I gcás go ndéanfaidh an chúirt ordú i dtaobh íocaíochtaí tréimhsiúla urraithe, ordú chun cnapshuim a íoc, nó ordú coigeartaithe maoine, ansin, ar an ordú sin a dhéanamh nó ag aon tráth dá éis sin, féadfaidh an chúirt ordú breise a dhéanamh chun cibé maoin a bheidh sonraithe san ordú sin a dhíol, ar maoin í a bhfuil leas tairbhiúil ar mhodh seilbhe nó frithdhílse inti, nó i bhfáltais a díola, ag ceachtar céile nó ag an dá chéile.
(2) An chumhacht ordú a dhéanamh le haghaidh díola i gcás ordaithe coigeartaithe maoine, ní fheidhmeofar í ar shlí a chuirfidh isteach ar cheart a thugtar leis an ordú sin áras an teaghlaigh a áitiú.
(3) Féadfar cibé forálacha iarmhartacha nó forlíontacha is cuí leis an gcúirt a bheith in ordú faoi fho-alt (1) den alt seo agus gan dochar do ghinearáltacht na forála roimhe seo, féadfar na nithe seo a áireamh ann—
(a) foráil á cheangal íocaíocht a dhéanamh as fáltais díola na maoine lena mbaineann an t-ordú, agus
(b) foráil á cheangal aon mhaoin den sórt sin a thairiscint lena díol le duine, nó le haicme daoine, a bheidh sonraithe san ordú.
(4) I gcás go ndéanfar ordú faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an chúirt a ordú nach rachaidh an t-ordú nó cibé foráil den ordú a shonróidh an chúirt, in éifeacht go dtí go dtarlóidh teagmhas a bheidh sonraithe ag an gcúirt nó go rachaidh tréimhse a bheidh sonraithe amhlaidh in éag.
(5) I gcás foráil a bheith in ordú faoi fho-alt (1) den alt seo á cheangal go ndéanfar fáltais díola na maoine lena mbaineann an t-ordú a úsáid chun íocaíochtaí tréimhsiúla le céile a áirithiú, scoirfidh an t-ordú d'éifeacht a bheith leis ar bhás an chéile sin.
(6) I gcás leas tairbhiúil a bheith ag céile in aon mhaoin, nó i bhfáltais díola na maoine sin, agus leas tairbhiúil sa mhaoin sin nó i bhfáltais díola na maoine sin a bheith freisin ag duine éigin eile nach duine de na céilí, ansin, sula gcinnfidh sí an ndéanfaidh sí ordú faoin alt seo i ndáil leis an maoin sin, beidh de dhualgas ar an gcúirt deis a thabhairt don duine eile sin uiríll a dhéanamh maidir leis an ordú; agus aon uiríll a dhéanfaidh an duine eile sin folófar iad i measc na n-imthosca nach mór don chúirt aird a thabhairt orthu faoi alt 20.
Dlínse bhreise i leith áras an teaghlaigh.
19.—Feidhmeoidh an chúirt a dlínse faoi alt 16 (a) agus (b) thuas mar dhlínse de bhreis ar a dlínse faoin Acht um an Dlí Teaghlaigh (Céilí agus Leanaí a Chosaint), 1981, agus faoin Acht um Chaomhnú Áras an Teaghlaigh, 1976, agus le linn di an dlínse sin a fheidhmiú tabharfaidh sí aird ar leas an teaghlaigh ina iomláine agus cuirfidh sí san áireamh an méid seo go sonrach—
(a) i gcás gur deonaíodh foraithne idirscartha bhreithiúnaigh, nach féidir leis na céilí leanúint de chónaí lena chéile;
(b) gur chóir, más indéanta é, cóiríocht chuí bhuanseasmhach a chur ar fáil do chéile cleithiúnach agus d'aon leanbh cleithiúnach den teaghlach;
(c) na nithe dá dtagraítear in alt 20 den Acht seo.
Forálacha a bhaineann le horduithe cothabhála, orduithe maoine agus orduithe eile.
20.—(1) Le linn don chúirt cinneadh a dhéanamh cibé acu an bhfeidhmeoidh nó nach bhfeidhmeoidh sí a cumhachtaí faoi alt 13, 14, 15 nó 16 (a) nó (b) den Acht seo agus, má fheidhmíonn, cén chaoi a bhfeidhmeoidh sí iad amhlaidh, féachfaidh sí lena áirithiú go ndéanfar cibé soláthar le haghaidh aon chéile agus le haghaidh aon linbh chleithiúnaigh den teaghlach a bheidh leordhóthanach agus réasúnach ag féachaint d'imthosca uile an cháis.
(2) Maidir le feidhmiú chumhachtaí na cúirte faoi alt 13, 14, 15 nó 16 (a) nó (b) den Acht seo i ndáil le céile, tabharfaidh an chúirt aird go sonrach ar na nithe seo a leanas—
(a) an t-ioncam, an cumas tuillimh, an mhaoin agus na hac mhainní airgeadais eile atá nó is dóigh a bheidh ag gach céile sa todhchaí is intuartha;
(b) na riachtanais, na hoibleagáidí agus na freagrachtaí airgeadais atá ar gach céile, nó is dóigh a bheidh ar gach céile, acu sa todhchaí is intuartha;
(c) an caighdeán maireachtála a bhí ag an teaghlach sular tionscnaíodh imeachtaí nó sular scar na céilí, de réir mar a bheidh;
(d) aois gach céile, an fad a mhair an pósadh agus an fad ama a bhí na céilí ina gcónaí lena chéile;
(e) aon mhíchumas coirp nó meabhrach ar cheachtar céile;
(f) an cion a rinne gach céile, nó an cion is dóigh a dhéanfaidh gach céile sa todhchaí is intuartha, ar mhaithe le leas an teaghlaigh, lena n-áirítear an cion a rinne gach céile ar mhaithe le hioncam, cumas tuillimh, acmhainní maoine agus airgeadais an chéile eile agus aon chion a rinneadh trí aire a thabhairt don teach nó trí chúram a dhéanamh den teaghlach;
(g) an éifeacht ar chumas tuillimh gach céile atá ag na freagrachtaí pósta a ghlac gach céile air féin sa tréimhse ina raibh cónaí ar na céilí lena chéile, agus, go sonrach, a mhéid a dhéantar dochar do chumas tuillimh céile sa todhchaí de bhíthin an deis ar ghníomhaíocht le haghaidh luach saothair a thabhairt suas nó a ligean uaidh chun aire a thabhairt don teach nó cúram a dhéanamh den teaghlach;
(h) aon ioncam nó sochair a bhfuil ceachtar céile ina dteideal le reacht nó faoi reacht;
(i) iompar gach céile de na céilí, más iompar de chineál é nach mbeadh sé, i dtuairim na cúirte, agus sna himthosca go léir, ag teacht le ceartas dá ndéanfaí neamhshuim de;
(j) na riachtanais cóiríochta ag ceachtar céile.
(3) Ní dhéanfaidh an chúirt ordú faoi alt 13, 14, 15 nó 16 (a) nó (b) den Acht seo faoi chomhair cothú céile i gcás go mbeidh an céile tar éis an céile eile a thréigean agus go raibh sé ag leanúint den chéile eile a thréigean suas go dtí an t-am ar tionscnaíodh imeachtaí ar fhoraithne idirscartha bhreithiúnaigh mura rud é, ag féachaint do na himthosca go léir (lena n-áirítear iompar an chéile eile), gurb é tuairim na cúirte nach mbeadh sé ag teacht le ceartas mura ndéanfaí an t-ordú sin nó na horduithe sin.
(4) Maidir le cumhachtaí na cúirte a fheidhmiú faoi alt 13, 14 nó 15 den Acht seo i ndáil le haon leanbh cleithiúnach den teaghlach, tabharfaidh an chúirt aird ar na nithe seo a leanas, go sonrach—
(a) riachtanas airgeadais an linbh;
(b) ioncam, cumas tuillimh (más ann), maoin agus acmhainní airgeadais eile an linbh;
(c) aon mhíchumas coirp nó meabhrach atá ar an leanbh;
(d) aon ioncam nó sochair a bhfuil an leanbh ina dteideal le reacht nó faoi reacht;
(e) an tslí ina rabhthas ag tabhairt oideachais dó agus ag cur oiliúna air agus an tslí a raibh na céilí ag súil go ndéanfaí amhlaidh;
(f) an chomaoin atá luaite i ndáil leis na céilí i bhfo-alt (2) (a), (b), (c) agus (e) den alt seo;
(g) riachtanais cóiríochta an linbh.
(5) San alt seo folaíonn “tréigean” iompar ag céile amháin arb é a thoradh go bhfágann an céile eile, agus cúis chóir aige, an céile sin agus go gcónaíonn sé ar leith ón gcéile sin.
Orduithe cothabhála cúlghabhálacha.
21.—(1) Féadfaidh an chúirt le linn di ordú i dtaobh íocaíochtaí tréimhsiúla a dhéanamh faoi alt 14 (1) (a) socrú a dhéanamh go ndéanfar an tsuim a ordóidh sí a íoc, a íoc ón dáta ar eisíodh an t-iarratas idirscartha, ach ní ó dháta is luaithe ná sin, i gcás go measfar gurb iomchuí ordú den sórt sin a dhéanamh ag féachaint d'imthosca uile an cháis agus féadfaidh sí, le linn di sin a dhéanamh, ordú a thabhairt aon riaráiste a mheasann sí dá réir sin a bheith carntha, is riaráistí d'íocaíochtaí cothabhála, a íoc ina chnapshuim faoi dháta áirithe agus féadfaidh sí, nuair a bheidh sí ag ordú cnapshuim den chineál sin a íoc, creidiúint a thabhairt don chéile ar ordaíodh dó an íocaíocht sin a dhéanamh as aon airgead iomchuí a d'íoc sé leis an gcéile lena bhfuil an íocaíocht sin le déanamh sa tréimhse idir an dáta ar eisíodh na himeachtaí ar idirscaradh agus an dáta ar deonaíodh foraithne idirscartha bhreithiúnaigh.
(2) An dlínse a thugtar don chúirt chun ordú i dtaobh cnapshuime a dhéanamh faoi fho-alt (1) den alt seo, is dlínse í nach ndéanann dochar do ghinearáltacht na dlínse chun ordú den sórt sin a dhéanamh a thig faoi alt 14 (1) (c) agus 14 (1) (d).
Orduithe airgeadais agus maoine a athrú agus a urscaoileadh.
22.—(1) I gcás go mbeidh ordú lena mbaineann an t-alt seo déanta ag an gcúirt, ansin faoi réir fhorálacha an ailt seo agus alt 20 den Acht seo, féadfaidh an chúirt, ar iarratas chuici ó cheachtar céile, más cuí léi déanamh amhlaidh ag féachaint d'aon athrú sna himthosca agus d'aon fhianaise nua, an t-ordú a athrú nó a urscaoileadh, nó aon fhoráil den ordú a fhionraí go sealadach, gníomhú aon fhorála a bheidh fionraithe amhlaidh a athoibriú agus in aon chás iomchuí an t-ordú sin a athrú arís, nó a ghníomhú a fhionraí arís nó a athoibriú.
(2) Baineann an t-alt seo leis na horduithe seo a leanas—
(a) ordú le haghaidh cothabhála go dtí go ndéanfar agra;
(b) ordú i dtaobh íocaíochtaí tréimhsiúla;
(c) ordú i dtaobh íocaíochtaí tréimhsiúla urraithe;
(d) an chuid sin d'ordú faoi chomhair íocaíochta cnapshuime lena ndéantar foráil le haghaidh íocaíocht na suime sin i dtráthchodanna nó a cheanglaíonn íocaíocht na dtráthchodanna sin a bheith urraithe;
(e) ordú i ndáil le háitiú áras an teaghlaigh, agus
(f) ordú chun maoin a dhíol.
(3) Gan dochar do ghinearáltacht alt 14 den Acht seo maidir leis an gcuid sin d'ordú lena bhforáiltear leanbh cleithiúnach a chothú, beidh sí urscaoilte más rud é go scoirfidh an leanbh de bheith ina leanbh cleithiúnach den teaghlach de bhíthin aois sé bliana déag nó bliain is fiche, de réir mar a bheidh, a bheith slánaithe aige, agus urscaoilfidh an chúirt an chuid sin den ordú, ar iarratas chuici faoi fho-alt (1) den alt seo, más deimhin léi go bhfuil an leanbh scortha ar aon chúis de bheith ina leanbh cleithiúnach den teaghlach.
(4) Na cumhachtaí is infheidhmithe ag an gcúirt faoin alt seo i ndáil le hordú, beidh siad infheidhmithe freisin i ndáil le haon ionstraim a fhorghníomhaítear de bhun an ordaithe.
(5) Ní dhéanfar aon ordú coigeartaithe maoine ar iarratas chun athrú a dhéanamh ar ordú i dtaobh íocaíochtaí tréimhsiúla nó ordú i dtaobh íocaíochtaí tréimhsiúla urraithe a dhéanfar faoi alt 14 den alt seo (cibé acu i bhfabhar céile nó i bhfabhar linbh chleithiúnaigh den teaghlach).
(6) I gcás céile d'fháil bháis a dhlífidh íocaíochtaí a dhéanamh faoi ordú i dtaobh íocaíochtaí tréimhsiúla urraithe, féadfaidh an céile a bheidh i dteideal íocaíochta faoin ordú i dtaobh íocaíochtaí tréimhsiúla nó ionadaithe pearsanta an chéile éagtha, iarratas a dhéanamh faoin alt seo i ndáil leis an ordú sin (agus le haon ordú a cheanglaíonn fáltais díolacháin maoine a úsáid chun na híocaíochtaí sin a urrú), ach ní dhéanfar aon iarratas den chineál sin, ach amháin le cead na cúirte, tar éis dheireadh na tréimhse dhá mhí dhéag ón dáta a dheonaítear ionadaíocht i dtaobh eastát an duine éagtha i dtosach.
(7) Ionadaithe pearsanta céile éagtha a ndearnadh ordú i dtaobh íocaíochtaí tréimhsiúla urraithe ina choinne ní bheidh siad faoi dhliteanas as aon chuid d'eastát an duine éagtha a dháileadh tar éis na tréimhse dhá mhí dhéag dá dtagraítear i bhfo-alt (6) den alt seo ar an bhforas gur chóir dóibh a chur san áireamh go mb'fhéidir go gceadódh an chúirt don duine a bheidh i dteideal íocaíochtaí faoin ordú iarratas a dhéanamh faoin alt seo tar éis na tréimhse sin; ach ní dhéanfaidh an fo-alt seo dochar d'aon chumhacht aon chuid den eastát a dháiltear amhlaidh a ghnóthú ar ais ar cumhacht í a éiríonn de bhua ordú a dhéanamh de bhun an ailt seo.
Cothabháil linbh.
23.—(1) Sonrófar in ordú cothabhála nó in ordú athrúcháin gach cuid d'íocaíocht faoin ordú ar le leanbh cleithiúnach a chothú í agus féadfar an tréimhse, le linn bheith beo don duine a d'iarr an t-ordú, a shonrú ann a ndéanfar an oiread sin d'íocaíocht faoin ordú, ar chun leanbh cleithiúnach a chothú é, a íoc ina haghaidh.
(2) Aon iompar den chineál dá dtagraítear in alt 20 (2) (i) nó 20 (3) nó in alt 22 ní foras é ar a ndiúltóidh cúirt ordú cothabhála a dhéanamh le leanbh cleithiúnach a chothú ná ní foras é an t-iompar sin ar a n-urscaoilfear nó ar a n-athrófar aon chuid d'ordú cothabhála lena ndéantar foráil maidir leis an leanbh sin a chothú.
An cléireach Cúirte Dúiche do tharchur íocaíochtaí tréimhsiúla.
24.—D'ainneoin aon ní san Acht seo, beidh feidhm ag forálacha alt 9 den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976, i ndáil le hordú le haghaidh cothabhála go dtí go ndéanfar agra, maidir le hordú i dtaobh íocaíochtaí tréimhsiúla nó le hordú i dtaobh íocaíochtaí tréimhsiúla urraithe, ach sin faoi réir na modhnuithe go bhforléireofar an tagairt don chreidiúnaí cothabhála i bhfo-alt (4) den alt sin 9 mar thagairt don duine lena ndéanfaí íocaíochtaí faoin ordú agus go bhforléireofar na tagairtí eile don chreidiúnaí cothabhála san alt sin 9 mar thagairtí don duine ar ar iarratas uaidh a rinneadh an t-ordú i dtaobh íocaíochtaí tréimhsiúla.
Leasú ar alt 3 den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976.
25.—(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, leasaítear leis seo alt 3 (1) den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976, trí—
“(i) ordú ag ordú ailiúnas a íoc go dtí go ndéanfar agra nó go dtí go n-íocfar buan-ailiúnas;”
a scriosadh sa mhíniú ar “réamh-ordú” agus trí—
“(i) ordú le haghaidh ailiúnais go dtí go ndéanfar agra;
(j) ordú faoin Acht um Idirscaradh Breithiúnach agus Athchóiriú an Dlí Teaghlaigh, 1989, go n-íocfar cothabháil go dtí go ndéanfar agra nó ordú i dtaobh íocaíochtaí tréimhsiúla faoin Acht sin.”
a chur ina ionad.
(2) Ní dhéanfaidh fo-alt (1) den alt seo difear d'fheidhmiú an Achta um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976, maidir le hordú chun buanailiúnas a íoc, a bheidh i bhfeidhm tráth thosach feidhme an Achta seo.
Ní asbhainfear cáin ioncaim as íocaíochtaí a dhéanfar.
26.—Ní asbhainfear cáin ioncaim as íocaíochtaí airgid a dhéanfar de bhun ordú faoin gCuid seo.
Feidhmiú orduithe i dtaobh íocaíochtaí cothabhála agus orduithe i dtaobh íocaíochtaí tréimhsiúla maidir le fir de chuid Óglaigh na hÉireann.
27.—An tagairt in alt 98 (1) (h) den Acht Cosanta, 1954, d'ordú chun ailiúnas a íoc, forléireofar í mar thagairt a fholaíonn tagairtí d'ordú le haghaidh cothabhála go dtí go ndéanfar agra, d'ordú i dtaobh íocaíochtaí tréimhsiúla agus d'ordú i dtaobh íocaíochtaí tréimhsiúla urraithe.
Leasú ar an Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1940.
28.—Na tagairtí i bhfo-ailt (1) agus (7) d'alt 8 den Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1940 (arna leasú le halt 29 den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976), d'ordú forléireofar iad mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'ordú chun cothabháil a íoc go dtí go ndéanfar agra agus d'ordú i dtaobh íocaíochtaí tréimhsiúla faoin Acht seo.
Idirbhearta a bheith neamhbhailí más chun faoiseamh airgid a chosc nó a laghdú a bheartaítear iad.
29.—(1) Chun críocha an ailt seo, ciallaíonn “faoiseamh airgid” faoiseamh faoi aon fhoráil d'fhorálacha ailt 13, 14, 15, 16 (a), 16 (b), 21 agus 22 (seachas fo-alt (6)) den Acht seo, agus aon tagairt san alt seo do shárú a dhéanamh ar éileamh duine ar fhaoiseamh airgid, is tagairt í do chosc a chur le faoiseamh airgid a dheonú don duine sin, nó don duine sin chun sochair linbh chleithiúnaigh den teaghlach, nó do laghdú a dhéanamh ar mhéid an fhaoisimh airgid a d'fhéadfaí a dheonú amhlaidh, nó do chur isteach nó do chur bac ar fhorghníomhú aon ordaithe a d'fhéadfadh a bheith, nó a bheidh, déanta ar thionscnamh an duine sin faoi aon cheann de na forálacha sin.
(2) I gcás go ndéanfaidh duine amháin imeachtaí i leith faoisimh airgid a thabhairt ar aghaidh i gcoinne duine eile féadfaidh an chúirt, ar iarratas ón duine céadluaite—
(a) más deimhin léi go bhfuil an páirtí eile sna himeachtaí agus é ar intinn aige an t-éileamh ar fhaoiseamh airgid a shárú, ar tí aon diúscairt a dhéanamh nó aon mhaoin a aistriú amach as an dlínse nó déileáil ar shlí eile le haon mhaoin, cibé ordú a dhéanamh is cuí léi chun srian a chur ar an bpáirtí eile déanamh amhlaidh nó chun an t-éileamh a chosaint ar shlí eile;
(b) más deimhin léi go bhfuil an páirtí eile, agus an méid sin ar intinn aige, tar éis diúscairt in-athbhreithnithe a dhéanamh agus, i gcás an diúscairt a chur ar ceal, go ndeonófaí faoiseamh airgid nó faoiseamh airgid éagsúil don iarratasóir, ordú a dhéanamh ag cur na diúscartha ar ceal;
(c) más deimhin léi, i gcás go mbeidh an t-iarratasóir tar éis ordú a fháil i gcoinne an pháirtí eile faoi aon fhoráil de na forálacha atá luaite i bhfo-alt (1) den alt seo, go bhfuil an páirtí eile, agus an méid sin ar intinn aige, tar éis diúscairt in-athbhreithnithe a dhéanamh, ordú a dhéanamh ag cur na diúscartha ar ceal;
agus aon iarratas chun críoch mhír (b) déanfar é sna himeachtaí le haghaidh an fhaoisimh airgid faoi cheist.
(3) I gcás go ndéanfaidh an chúirt ordú faoi fho-alt (2) (b) nó (c) den alt seo ag cur diúscairt ar ceal tabharfaidh sí cibé orduithe iarmhartacha is cuí léi chun éifeacht a thabhairt don ordú (lena n-áirítear orduithe á cheangal go ndéanfar aon íocaíochtaí nó go ndiúscrófar aon mhaoin).
(4) Aon diúscairt a dhéanfaidh an páirtí eile sna himeachtaí i leith faoisimh airgid faoi cheist (cibé acu roimh dháta thosach feidhme na n-imeachtaí sin nó dá éis) is diúscairt in-athbhreithnithe í chun críocha fho-alt (2) (b) agus (c) den alt seo mura ndearnadh an diúscairt sin ar chomaoin luachmhar (seachas pósadh) le duine a ghníomhaigh, tráth na diúscartha, de mheon macánta i ndáil leis an diúscairt agus d'éagmais fógra go raibh sé ar intinn ag an bpáirtí eile, óna thaobhsan, éileamh an iarratasóra ar fhaoiseamh airgid a shárú.
(5) Má dhéantar iarratas faoin alt seo maidir le diúscairt a rinneadh tráth nach luaithe ná trí bliana roimh dháta an iarratais nó maidir le diúscairt nó déileáil eile le maoin atáthar ar tí a dhéanamh agus más deimhin leis an gcúirt—
(a) i gcás faoi fho-alt (2) (a) nó (b) den alt seo, go mbeadh de thoradh ar an diúscairt nó ar an déileáil eile (ar leith ón alt seo), nó
(b) i gcás faoi fho-alt (2) (c) den alt seo, go raibh de thoradh ar an diúscairt,
gur sáraíodh éileamh an iarratasóra ar fhaoiseamh airgid, toimhdeofar, mura suífear a mhalairt, maidir leis an duine a dhiúscair an mhaoin nó atá ar tí an mhaoin a dhiúscairt nó déileáil léi, go ndearna sé amhlaidh nó, de réir mar a bheidh, go bhfuil sé ar tí déanamh amhlaidh, agus é ar intinn aige éileamh an iarratasóra ar fhaoiseamh airgid a shárú.
(6) San alt seo ní fholaíonn “diúscairt” soláthar in uacht nó i gcodaisíl ach, seachas an eisceacht sin, folaíonn sé aon tíolacas, árachas nó bronntanas maoine d'aon tuairisc, cibé acu a dhéanfar é le hionstraim nó ar shlí eile.
CUID III
Dlínse Cúirte
Míniú (Cuid III).
30.—Sa chuid seo ciallaíonn “imeachtaí dlí teaghlaigh”, i ndáil le cúirt, imeachtaí os comhair cúirte dlínse inniúla faoi na hAchtanna seo—
(a) an tAcht seo,
(b) na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1988,
(d) an tAcht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976,
(e) an tAcht um an Dlí Teaghlaigh (Céilí agus Leanaí a Chosaint), 1981,
(f) an tAcht um an Dlí Teaghlaigh, 1981,
(h) an Legitimacy Declaration Act (Ireland), 1868,
(i) an tAcht um Stádas Ban Pósta, 1957, nó
(j) an tAcht um Stádas Leanaí, 1987,
nó imeachtaí idir céilí faoin Partition Act, 1868, agus an Partition Act, 1876, i gcás gur ní ábhartha maidir leis na himeachtaí na céilí a bheith pósta le chéile.
Cúirteanna, dlínse agus láthair.
31.—(1) Tabharfar “an Chúirt Teaghlaigh Chuarda” ar an gCúirt Chuarda le linn di a dlínse a fheidhmiú chun imeachtaí dlí teaghlaigh a éisteacht agus a chinneadh nó, i gcás go mbeidh socrú déanta chuige sin, le linn di imeachtaí dlí teaghlaigh a aistriú chuig an Ard-Chúirt.
(2) Faoi réir fhorálacha eile an ailt seo, beidh i gcomhthráth leis an Ard-Chúirt, dlínse ag an gCúirt Teaghlaigh Chuarda, chun imeachtaí faoin Acht seo i leith foraithne idirscartha bhreithiúnaigh a éisteacht agus a chinneadh.
(3) Más rud é, in imeachtaí faoin Acht seo i leith foraithne idirscartha bhreithiúnaigh go bhféadfaí ordú a dhéanamh maidir le talamh ar mó ná £200 a luacháil inrátaithe agus go ndéanfar iarratas chun na Cúirte Teaghlaigh Cuarda chun na himeachtaí sin a thosú, aistreoidh an Chúirt sin na himeachtaí chun na hArd-Chúirte, má éilíonn an freagróir amhlaidh roimh éisteacht na n-imeachtaí sin, ach beidh aon ordú (lena n-áirítear ordú eatramhach) nó gníomh a rinneadh i gcúrsa na n-imeachtaí sin, roimh an aistriú sin, bailí mura ndéantar urscaoileadh nó athrú air le hordú ón Ard-Chúirt.
(4) An dlínse dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo ní bheidh sí infheidhmithe ach amháin i gcás sainchónaí a bheith ar cheachtar céile sa Stát ar dháta an iarratais ag tosú imeachtaí nó i gcás gnáthchónaí a bheith air sa Stát i gcaitheamh na tréimhse aon bhliana dar críoch an dáta sin.
(5) An dlínse dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo is é a fheidhmeoidh í, sa Chúirt Teaghlaigh Chuarda, an breitheamh den chuaird ina bhfuil gnáthchónaí ar cheachtar céile sna himeachtaí nó ina seolann ceachtar céile aon ghairm, gnó nó slí bheatha.
Imeachtaí a éisteacht.
32.—Is in áit dhifriúil nó ag tráthanna difriúla nó ar laethanta difriúla leo sin ar a dtionóltar gnáthshuíonna den Chúirt Chuarda a shuífidh an Chúirt Teaghlaigh Chuarda chun imeachtaí a thionscnaítear faoin Acht seo agus faoi na hAchtanna dá dtagraítear in alt 30 den Acht seo a éisteacht agus a chinneadh.
Seoladh imeachtaí teaghlaigh sa Chúirt Chuarda agus san Ard-Chúirt.
33.—(1) Beidh imeachtaí sa Chúirt Teaghlaigh Chuarda chomh neamhfhoirmiúil agus is féidir agus i gcomhréir le riaradh an cheartais.
(2) Breithiúna a shuífidh sa Chúirt Teaghlaigh Chuarda nó abhcóidí nó aturnaetha a bheidh i láthair sna cúirteanna sin ní chaithfidh siad peiriúicí ná róbaí.
(3) Aon imeachtaí dlí teaghlaigh a bheidh os comhair na hArd-Chúirte beidh siad chomh neamhfhoirmiúil agus is féidir agus i gcomhréir le riaradh an cheartais.
(4) Nuair a bheidh na himeachtaí dá dtagraítear i bhfo-alt (3) den alt seo á n-éisteacht agus á gcinneadh, ní chaithfidh breithiúna a shuífidh san Ard-Chúirt ná abhcóidí ná dlíodóirí a bheidh i láthair ag na himeachtaí sin peiriúicí ná róbaí.
Príobháideacht.
34.—Ní éistfear imeachtaí faoin Acht seo go poiblí.
Costais.
35.—Is de réir rogha na Cúirte a íocfar costais aon imeachtaí faoin Acht seo.
Rialacha cúirte.
36.—(1) Déanfar socrú le rialacha cúirte le haghaidh an doicim éadaithe a theastóidh chun imeachtaí a thosú go hachomair faoin Acht seo.
(2) Na rialacha cúirte, agus aon fhoirm nó cúrsa bunaithe pléadála, cleachtais nó nós imeachta, chun críoch aon achtacháin nó dlínse ar a bhfearann an tAcht seo, beidh feidhm acu, go dtí go gcuí-dhéanfar rialacha cúirte, chun na gcríoch sin maille le cibé oiriúnuithe is gá.
CUID IV
Ilghnéitheach
Cosaint i leith an dlí láithrigh.
37.—Ach amháin a mhéid a fhoráiltear a mhalairt san Acht seo, beidh feidhm ag an dlí a bhaineann le himeachtaí i leith colscartha a mensa et thoro, a mhéid is infheidhme, i ndáil le himeachtaí i leith idirscartha bhreithiúnaigh.
Leasú ar alt 5 agus 6 den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976.
38.—(1) San alt seo ciallaíonn “Acht 1976” an tAcht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976.
(2) Leasaítear leis seo alt 5 d'Acht 1976—
(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (2) i ndiaidh “den tréigean”:
“mura rud é, ag féachaint do na himthosca go léir (lena n-áirítear iompar an chéile eile), gurb é tuairim na Cúirte go mbeadh sé contrártha don cheartas gan ordú cothabhála a dhéanamh”,
(b) trí fho-alt (3) a scriosadh, agus
(c) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b) d'fho-alt (4):
“(c) iompar gach duine de na céilí, más iompar é de chineál go mbeadh sé, i dtuairim na Cúirte, contrártha don cheartas sna himthosca go léir neamhaird a thabhairt air.”
(3) Leasaítear leis seo alt 6 d'Acht 1976—
(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach, i mír (b) d'fho-alt (1), i ndiaidh “d'aon imthosca nach raibh ann nuair a rinneadh an t-ordú”:
“(lena n-áirítear iompar gach duine de na céilí, más iompar é de chineál go mbeadh sé, i dtuairim na Cúirte, contrártha don cheartas sna himthosca go léir neamhaird a thabhairt air)”,
(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (2) i ndiaidh “agus go leanann sé nó sí den tréigean”:
“mura rud é, ag féachaint do na himthosca go léir (lena n-áirítear iompar an chéile eile), gurb é tuairim na Cúirte go mbeadh sé contrártha don cheartas déanamh amhlaidh.”,
(c) trí fho-alt (4) a scriosadh, agus
(d) trí “ná adhaltranas ag” a scriosadh i bhfo-alt (5) agus trí “ná iompar ag” a chur ina ionad.
Orduithe a urscaoileadh faoin Acht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976.
39.—Más rud é, tar éis ordú a dhéanamh faoi alt 5, 6, nó 7 den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976, go ndéanfar iarratas ar idirscaradh breithiúnach idir na páirtithe sna himeachtaí ina ndearnadh an t-ordú sin, féadfaidh an Chúirt, ar inti a bheidh an t-iarratas, nó aon iarratas a bheidh déanta faoi Chuid II den Acht seo ar feitheamh, más cuí léi é, treoir a thabhairt go scoirfidh an t-ordú d'éifeacht a bheith leis ar cibé dáta a bheidh sonraithe sa treoir.
Tuarascálacha i dtaobh cásanna caomhnóireachta leanaí.
40.—Leasaítear leis seo alt 11 den Acht um Chaomhnóireacht Naíon, 1964, trí na fo-ailt seo a leanas a chur leis an alt sin:
“(5) Féadfaidh an chúirt, ar fhoriarratas uaithi féin nó ar iarratas faoin alt seo, cibé orduithe a thabhairt is cóir léi le hordú faoin alt seo d'fhonn tuairisc a fháil ó cibé duine a ainmneoidh sí ar aon cheist a fhearann ar leas an naín.
(6) Le linn don chúirt a bheith ag cinneadh cibé acu an iarrfaidh nó nach n-iarrfaidh sí tuairisc faoi fho-alt (5) den alt seo, beidh aird aici ar mhianta na bpáirtithe os comhair na cúirte más féidir na mianta sin a fhionnadh ach ní bheidh sí faoi cheangal ag na mianta sin.
(7) Déanfar cóip d'aon tuairisc a ullmhófar faoi fho-alt (5) a chur ar fáil don abhcóide nó don aturnae, más ann, a bheidh ag déanamh ionadaíochta do gach páirtí sna himeachtaí nó, i gcás nach mbeidh aon ionadaíocht a déanamh do pháirtí áirithe, don pháirtí sin agus féadfar é a ghlacadh mar fhianaise sna himeachtaí.
(8) I gcás go n-ullmhóidh aon duine tuairisc de bhun iarrata faoi fho-alt (5) den alt seo, déanfaidh cibé páirtí nó páirtithe sna himeachtaí dá n-ordóidh an chúirt táillí agus caiteachais an duine sin a íoc.
(9) Féadfaidh an chúirt, más cuí léi é, nó féadfaidh ceachtar páirtí sna himeachtaí, an duine a thabharfaidh an tuairisc a ghairm mar fhinné.”.
Coimeád leanaí cleithiúnacha.
41.—(1) I gcás go ndeonóidh an chúirt foraithne idirscartha bhreithiúnaigh féadfaidh sí a dhearbhú gur céile neamhoiriúnach ceachtar céile chun aon leanbh cleithiúnach den teaghlach a bheith ina choimeád.
(2) I gcás dearbhú den sórt sin a bheith i bhforaithne idirscartha bhreithiúnaigh, ansin más tuismitheoir de chuid aon linbh den teaghlach an céile lena mbaineann an dearbhú, ní bheidh an céile sin, ar bhás an chéile eile, i dteideal, de cheart, coimeád an linbh sin a bheith aige.
(3) Aisghairtear leis seo alt 18 (1) den Acht um Chaomhnóireacht Naíon, 1964, ach amháin i ndáil le caingean a tionscnaíodh roimh thosach feidhme an Achta seo.
Leasú ar alt 120 (2) den Acht Comharbais, 1965.
42.—(1) Leasaítear leis seo alt 120 (2) den Acht Comharbais, 1965, trí na focail ó “a bhfuair an t-éagach foraithne idirscartha a mensa et thoro ina coinne,” go dtí na focail “agus céile” a scriosadh.
(2) Ní bheidh éifeacht le fo-alt (1) den alt seo i ndáil le foraithne idirscartha a mensa et thoro a deonaíodh in imeachtaí a tionscnaíodh roimh thosach feidhme an Achta seo.
Foraithní idirscartha a mensa et thoro agus orduithe ailiúnais.
43.—Ní dhéanfaidh an tAcht seo difear d'aon ordú a dhéanfaidh an Chúirt Chuarda nó an Ard-Chúirt ag deonú foraithne idirscartha a mensa et thoro in imeachtaí a eisíodh roimh thosach feidhme an Achta seo ach amháin go measfar chun gach críche gur ordú a rinneadh faoi alt 14 (1) (a) den Acht seo aon ordú ailiúnais a rinneadh tar éis an fhoraithne sin a dheonú.
Claonpháirteachas, maitheamh, frithmhilleánú, cúlcheadú.
44.—(1) Ní urchosc ar dheonú foraithne idirscartha bhreithiúnaigh claonpháirteachas idir na céilí i ndáil le hiarratas ar idirscaradh breithiúnach nó, faoi réir fho-alt (2) den alt seo, aon iompar (lena n-áirítear maitheamh nó frithmhilleánú) ar thaobh an iarratasóra.
(2) I gcás gur adhaltranas is foras d'iarratas ar fhoraithne idirscartha bhreithiúnaigh agus go gcruthaíonn an freagróir go ndearnadh an t-adhaltranas le cúlcheadú an iarratasóra, féadfaidh an chúirt an t-iarratas a dhiúltú.
Imeachtaí teaghlaigh sa Chúirt Dúiche a sheoladh.
45.—(1) Imeachtaí os comhair na Cúirte Dúiche faoin Acht um Chaomhnóireacht Naíon, 1964, faoin Acht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976, faoin Acht um Chaomhnú Áras an Teaghlaigh, 1976, faoi alt 9 den Acht um an Dlí Teaghlaigh, 1981, faoin Acht um an Dlí Teaghlaigh (Céilí agus Leanaí a Chosaint), 1981 agus faoin Acht um Stádas Leanaí, 1987, beidh siad chomh neamhfhoirmiúil agus is féidir agus i gcomhréir le riaradh an cheartais.
(2) Giúistísí dúiche a bheidh ag éisteacht agus ag cinneadh imeachtaí den chineál dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo nó abhcóidí nó aturnaetha a bheidh i láthair sna himeachtaí sin, ní chaithfidh siad peiriúicí ná róbaí.
Gearrtheideal agus tosach feidhme.
46.—(1) Féadfar an tAcht um Idirscaradh Breithiúnach agus Athchóiriú an Dlí Teaghlaigh, 1989, a ghairm den Acht seo.
(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh ar an lá a thitfidh sé mhí tar éis dháta rite an Achta seo.