Uimhir 7 de 1961.
AN tACHT CÓIREÁLA MEABHAIR-GHALAR, 1961.
[An tiontú oifigiúil.]
Léiriú.
1.—(1) San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945.
(2) Forléireofar le chéile mar aon Acht amháin na hAchtanna Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 go 1958, agus an tAcht seo.
Leasú ar alt 108 den Phríomh-Acht.
2.—Déantar, leis seo, an abairt seo a leanas a chur le fo-alt (1) d'alt 108 den Phríomh-Acht: “I gcás othar in ospidéal meabhairghalar ceantair nó i bhforas eile a bheidh á chothabháil ag údarás ospidéil mheabhair-ghalar a bheith glactha isteach ann ar shlí seachas mar othar inmhuirir agus é a theacht chun bheith ina othar inmhuirir, déanfaidh an t-údarás sin, más údarás ospidéil mheabhair-ghalar eile an t-údarás ospidéil mheabhair-ghalar don cheantar ospidéil mheabhair-ghalar ina bhfuil gnáthchónaí ar an duine, fógra i dtaobh é bheith tagtha chun bheith ina othar inmhuirir a thabhairt don údarás ospidéil mheabhair-ghalar eile.”
Alt a chur isteach i ndiaidh alt 109 den Phríomh-Acht.
3.—Déantar, leis seo, an t-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 109 den Phríomh-Acht:
“109A. Féadfaidh an tAire le rialacháin a údarú do na húdaráis ospidéil mheabhair-ghalar go léir nó d'aon cheann nó cinn acu íocaíochtaí a thabhairt d'othair as obair a rinneadh, agus féadfaidh sé, leis na rialacháin sin, an tabhairt sin a rialáil.”
Leasú ar alt 128 den Phríomh-Acht.
4.—Déantar, leis seo, an abairt seo a leanas a chur le halt 128 den Phríomh-Acht: “I gcás foras príobháideach is foras ceadaithe, cuirfear othair shealadacha agus othair thoildeonacha san áireamh nuair a bheidh aon ríomh daoine á dhéanamh chun críocha an ailt seo.”
Leasú ar alt 150 den Phríomh-Acht.
5.—Déantar, leis seo, an abairt seo a leanas a chur le halt 150 den Phríomh-Acht: “I gcás foras déirciúil príobháideach is foras ceadaithe, cuirfear othair shealadacha agus othair thoildeonacha san áireamh nuair a bheidh aon ríomh daoine á dhéanamh chun críocha an ailt seo.”
Leasú ar alt 162 den Phríomh-Acht.
6.—(1) I bhfo-alt (1) d'alt 162 den Phríomh-Acht déantar leis seo “in ospidéal meabhair-ghalar ceantair” a chur in ionad “san ospidéal meabhair-ghalar ceantair” agus “chun liachleachtóra chláraithe (nach lia-chleachtóir cláraithe a bheidh dícháilithe maidir leis an duine sin)” a chur in ionad “chun an dochtúra oifigiúil údaraithe”.
(2) Déantar, leis seo, an fo-alt seo a leanas a chur le halt 162 den Phríomh-Acht:
“(6) Chun críocha an ailt seo, beidh lia-chleachtóir cláraithe dícháilithe maidir le duine—
(a) má bhíonn leas ag an lia-chleachtóir sin sna híocaíochtaí a bheidh le déanamh (má bhíonn) as aireachasú a dhéanamh ar an duine sin,
(b) más é an cleachtóir sin fearchéile nó banchéile, athair, leasathair nó athair céile, máthair, leasmháthair nó máthair chéile, mac, leasmhac nó cliamhain, iníon, leasiníon nó banchliamhain, deartháir, leasdeartháir nó deartháir cleamhnachta, deirfiúr, leasdeirfiúr nó deirfiúr chleamhnachta, nó caomhnóir nó iontaobhaí an duine, nó
(c) más dochtúir oifigiúil d'ospidéal meabhair-ghalar ceantair an cleachtóir sin.”
Leasú ar alt 163 den Phríomh-Acht.
7.—(1) Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) d'alt 163 den Phríomh-Acht:
“(1) Nuair a dhéanfar iarratas ag iarraidh moladh glactha—
(a) I gcás ina mbeidh an lia-chleachtóir cláraithe chun a ndéanfar an t-iarratas tar éis an duine lena mbainfidh an t-iarratas a fhiosrú agus a scrúdú laistigh de cheithre huaire fichead a chloig roimh an am a fuarthas an t-iarratas, ansin—
(i) más deimhin leis gur ceart an moladh a dhéanamh agus gurb é a thuairim go mbeidh an duine lena mbainfidh an t-iarratas ina othar inmhuirir má ghlactar é, déanfaidh sé an moladh san fhoirm ordaithe, nó
(ii) in aon chás eile, diúltóidh sé don iarratas.
(b) in aon chás eile—
(i) féadfaidh an lia-chleachtóir cláraithe chun a ndéanfar an t-iarratas (nó déanfaidh sé, más é an dochtúir oifigiúil údaraithe é) an duine lena mbainfidh an t-iarratas a fhiosrú agus a scrúdú laistigh de cheithre huaire fichead a chloig tar éis an t-iarratas a fháil, agus
(ii) tar éis an scrúdú sin,—
(I) más deimhin leis gur ceart an moladh a dhéanamh agus gurb é a thuairim go mbeidh an duine lena mbainfidh an t-iarratas ina othar inmhuirir má ghlactar é, déanfaidh sé an moladh san fhoirm ordaithe, nó
(II) in aon chás eile, diúltóidh sé don iarratas.”
(2) I mír (a) d'fho-alt (2) d'alt 163 den Phríomh-Acht, déantar leis seo “lia-chleachtóir cláraithe” a chur in ionad “dochtúir oifigiúil údaraithe” agus “i gcás an scrúdú a bheith déanta roimh an dáta a gheofar an t-iarratas ar an moladh, ar an dáta a gheofar an t-iarratas sin nó, in aon chás eile,” a chur isteach roimh “ar dháta an scrúdaithe sin”.
(3) I mír (c) d'fho-alt (2) d'alt 163 den Phríomh-Acht, déantar leis seo “lia-chleachtóra chláraithe” a chur in ionad “dochtúra oifigiúil údaraithe”.
Leasú ar alt 164 den Phríomh-Acht.
8.—I bhfo-alt (1) d'alt 164 den Phríomh-Acht, déantar, leis seo, “lia-chleachtóir cláraithe chun a ndéanfar an t-iarratas” a chur in ionad “dochtúir oifigiúil údaraithe”.
Leasú ar alt 165 den Phríomh-Acht.
9.—(1) Déantar, leis seo, an abairt seo a leanas a chur le fo-alt (1) d'alt 165 den Phríomh-Acht: “Beidh de cheart ag an gcomhalta den Gharda Síochána, chun críocha an ailt seo, dul isteach in aon teach nó áitreabh eile ar choinníoll go mbeidh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint go bhfuil an duine a chreidtear a bheith mímheabhrach ann de thuras na huaire”.
(2) I bhfo-alt (2) d'alt 165 den Phríomh-Acht, déantar, leis seo, “lia-chleachtóra chláraithe (nach lia-chleachtóir cláraithe a bheidh dícháilithe maidir leis an duine sin)” a chur in ionad “an doctúra oifigiúil údaraithe” agus “in ospidéal meabhair-ghalar ceantair” a chur in ionad “san ospidéal meabhair-ghalar ceantair”.
(3) I bhfo-alt (3) d'alt 165 den Phríomh-Acht déantar, leis seo, “lia-chleachtóra chláraithe ag iarraidh moladh glactha, féadfaidh an lia-chleachtóir cláraithe sin (nó, más é an dochtúir oifigiúil údaraithe é, déanfaidh sé)” a chur in ionad “an dochtúra oifigiúil údaraithe ag iarraidh moladh glactha, déanfaidh an dochtúir sin”.
(4) Déantar, leis seo, an fo-alt seo a leanas a chur le halt 165 den Phríomh-Acht:
“(5) Chun críocha an ailt seo, beidh lia-chleachtóir cláraithe dícháilithe maidir le duine—
(a) má bhíonn leas ag an gcleachtóir sin sna híocaíochtaí a bheidh le dhéanamh (má bhíonn) as aireachasú a dhéanamh ar an duine,
(b) más é an cleachtóir sin fearchéile nó banchéile, athair, leasathair nó athair céile, máthair, leasmháthair nó máthair chéile, mac, leasmhac nó cliamhain, iníon, leasiníon nó banchliamhain, deartháir, leasdeartháir nó deartháir cleamhnachta, deirfiúr, leasdeirfiúr nó deirfiúr chleamhnachta nó caomhnóir nó iontaobhaí an duine, nó
(c) más dochtúir oifigiúil d'ospidéal meabhair-ghalar ceantair an cleachtóir sin.”
Leasú ar alt 166 den Phríomh-Acht.
10.—(1) I bhfo-alt (1) d'alt 166 den Phríomh-Acht, déantar, leis seo, “lia-chleachtóra chláraithe (nach lia-chleachtóir cláraithe atá dícháilithe maidir leis an duine a gcreidtear gur duine mímheabhraché)” a chur in ionad “an dochtúra oifigiúil údaraithe” agus “in ospidéal meabhair-ghalar ceantair” a chur in ionad “san ospidéal meabhair-ghalar ceantair”.
(2) I bhfo-alt (2) d'alt 166 den Phríomh-Acht déantar, leis seo, “lia-chleachtóir cláraithe (nach lia-chleachtóir cláraithe atá dícháilithe maidir leis an duine)” a chur in ionad “an dochtúir oifigiúil údaraithe”.
(3) I bhfo-alt (3) d'alt 166 den Phríomh-Acht déantar, leis seo, “féadfaidh lia-chleachtóir cláraithe chun a ndéanfar an t-iarratas (nó, más é an dochtúir oifigiúil údaraithe é, déanfaidh sé)” a chur in ionad “déanfaidh an dochtúir oifigiúil údaraithe”.
(4) I bhfo-alt (4) d'alt 166 den Phríomh-Acht déantar, leis seo, “lia-chleachtóir cláraithe” a chur in ionad “an dochtúir oifigiúil údaraithe”.
(5) Déantar, leis seo, an fo-alt seo a leanas a chur le halt 166 den Phríomh-Acht:
“(5) Chun críocha an ailt seo, beidh lia-chleachtóir cláraithe dícháilithe maidir le duine—
(a) má bhíonn leas ag an glceachtóir sin sna híocaíochtaí a bheidh le déanamh (má bhíonn) as aireachasú a dhéanamh ar an duine,
(b) más é an cleachtóir sin fearchéile nó banchéile, athair, leasathair nó athair céile, máthair, leasmháthair nó máthair chéile, mac, leasmhac nó cliamhain, iníon, leasiníon nó banchliamhain, deartháir, leasdeartháir nó deartháir cleamhnachta, deirfiúr, leasdeirfiúr nó deirfiúr chleamhnachta, nó caomhnóir nó iontaobhaí an duine, nó
(c) más dochtúir oifigiúil d'ospidéal meabhair-ghalar ceantair an cleachtóir sin.”
Leasú ar alt 167 den Phríomh-Acht.
11.—I bhfo-alt (3) d'alt 167 den Phríomh-Acht déantar, leis seo, “lia-chleachtóir cláraithe a rinne an moladh” a chur in ionad “dochtúir oifigiúil údaraithe”.
Leasú ar alt 169 den Phríomh-Acht.
12.—Déantar, leis seo, alt 169 den Phríomh-Acht a leasú trí “lia-chleachtóir cláraithe” a chur in ionad “an dochtúir oifigiúil údaraithe” agus na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (a) agus (b):
“(a) féadfaidh an duine chun a n-eiseofar an deimhniú é a thíolacadh don chomhalta den Gharda Síochána a bheidh i bhfeighil aon stáisiúin Garda Síochána,
(b) déanfaidh an comhalta sin air sin—
(i) a iarraidh ar phríomh-dhochtúir cónaitheach an ospidéil mheabhair-ghalar cheantair a bheidh luaite sa mholadh socrú a dhéanamh le haghaidh coimhdeachta, nó
(ii) socrú a dhéanamh, é féin, le haghaidh cibé coimh dheacht is gá de réir a thuairime,
(c) má dhéantar iarratas mar a dúradh—
(i) féadfaidh an príomh-dhochtúir cónaitheach, as a chomhairle féin, socrú a dhéanamh le haghaidh cibé coimhdeacht is gá de réir a thuairime,
(ii) má chuireann an príomh-dhochtúir oifigiúil in iúl nach bhfuil beartaithe aige socrú a dhéanamh le haghaidh coimhdeachta, déanfaidh an comhalta den Gharda Síochána féin socrú le haghaidh cibé coimhdeacht is gá de réir a thuairime.”
Leasú ar alt 171 den Phríomh-Acht.
13.—Déantar, leis seo, an fo-alt seo a leanas a chur le halt 171 den Phríomh-Acht:
“(3) (a) Más rud é, i gcás ina n-airbheartaítear go ndearna príomhdhochtúir cónaitheach ospidéil mheabhair-ghalar cheantair nó dochtúir oifigiúil eile ag gníomhú thar a cheann ordú glactha othair inmhuirir de bhun mhír (a) d'fho-alt (1) den alt seo, go bhfaighfear amach nach raibh an duine a aistríodh go dtí an t-ospidéal ina ghnáthchónaí tráth ábhartha sa cheantar ospidéil mheabhair-ghalar iomchuí, beidh an t-ordú agus an moladh ar faoina dtreoir a rinneadh an t-ordú chomh bailí chun gach críche agus dá mbeadh an duine sin ina ghnáthchónaí an tráth sin sa cheantar sin.
(b) Más rud é, i gcás ina n-airbheartaítear gur dhiúltaigh príomh-dhochtúir oifigiúil ospidéil mheabhair-ghalar cheantair nó dochtúir oifigiúil eile don ospidéal ag gníomhú thar a cheann ordú glactha othair inmhuirir a dhéanamh de bhun mhír (b) d'fho-alt (1) den alt seo, go bhfaighfear amach nach raibh an duine a aistríodh go dtí an t-ospidéal ina ghnáthchónaí tráth ábhartha sa cheantar ospidéil mheabhair-ghalar iomchuí beidh an moladh glactha ar dá dhroim a aistríodh an duine sin amhlaidh chomh bailí chun gach críche agus dá mbeadh sé ina ghnáthchónaí an tráth sin sa cheantar sin.”
Leasú ar alt 176 den Phríomh-Acht.
14.—I mír (a) agus i mír (b) d'alt 176 den Phríomh-Acht déantar, leis seo, “in” a chur in ionad “san” roimh “ospidéal”.
Leasú ar alt 178 den Phríomh-Acht.
15.—Déantar, leis seo, an mhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (a) d'fho-alt (2) d'alt 178 den Phríomh-Acht:
“(aa) ní hé ná ní hí a bheidh i gceachtar den bheirt liachleachtóiri cláraithe a shíneoidh an t-ordú fearchéile ná banchéile, athair, leasathair ná athair céile, máthair, leasmháthair ná máthair chéile, mac, leasmhac ná cliamhain, iníon, leasiníon ná banchliamhain, deartháir, leasdeartháir ná deartháir cleamhnachta, deirfiúr, leasdeirfiúr ná deirfiúr chleamhnachta, ná caomhnóir ná iontaobhaí, ná comhpháirtí ná cúntóir an duine eile acu;”
Leasú ar alt 184 den Phríomh-Acht.
16.—(1) Déantar, leis seo, an fo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3) d'alt 184 den Phríomh-Acht:
“(3A) Ní dhéanfar iarratas faoin alt seo mura mbeidh an t-iarratasóir bliain is fiche ar a laghad d'aois.”
(2) I bhfo-alt (4) d'alt 184 den Phríomh-Acht déantar, leis seo, “ó lia-chleachtóir cláraithe (nach lia-chleachtóir cláraithe a bheidh dícháilithe maidir leis an duine lena mbainfidh an t-iarratas)” a chur in ionad “ón dochtúir oifigiúil údaraithe”.
(3) Déantar, leis seo, na fo-ailt seo a leanas a chur le halt 184 den Phríomh-Acht:
“(6) I gcás ina n-iarrfar deimhniú chun críche fho-alt (4) den alt seo ar an dochtúir oifigiúil údaraithe, scrúdóidh an dochtúir sin an duine ar ina leith a bheifear ag iarraidh an deimhnithe agus tabharfaidh sé an deimhniú uaidh má bhíonn an tuairim dá dtagraítear san fho-alt sin aige.
(7) Chun críocha an ailt seo, beidh lia-chleachtóir cláraithe dícháilithe maidir le duine—
(a) má bhíonn leas ag an gcleachtóir sin sna híocaíochtaí a bheidh le déanamh (má bhíonn) as aireachasú a dhéanamh ar an duine,
(b) más é an cleachtóir sin fearchéile nó banchéile, athair, leasathair nó athair céile, máthair, leasmháthair nó máthair chéile, mac, leasmhac nó cliamhain, iníon, leasiníon nó banchliamhain, deartháir, leasdeartháir nó deartháir cleamhnachta, deirfiúr, leasdeirfiúr nó deirfiúr chleamhnachta nó caomhnóir nó iontaobhaí an duine, nó
(c) más dochtúir oifigiúil d'ospidéal meabhair-ghalar ceantair an cleachtóir sin.
(8) Más rud é, i gcás ina n-airbheartaítear go ndearna feighilteoir forais ordú glactha othair inmhuirir shealadaigh de bhun fho-alt (5) den alt seo, go bhfaighfear amach nach raibh an duine lena mbainfidh an t-ordú ina ghnáthchónaí tráth ábhartha sa cheantar ospidéil mheabhair-ghalar iomchuí, beidh an t-ordú agus an t-iarratas ar faoina dtreoir a rinneadh an t-ordú chomh bailí chun gach críche agus dá mbeadh an duine sin ina ghnáthchónaí an tráth sin sa cheantar sin.”
Leasú ar alt 185 den Phríomh-Acht.
17.—(1) Déantar, leis seo, an fo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 185 den Phríomh-Acht:
“(3A) Ní dhéanfar iarratas faoin alt seo mura mbeidh an t-iarratasóir bliain is fiche ar a laghad d'aois.”
(2) Déantar, leis seo, an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (6) d'alt 185 den Phríomh-Acht:
“(6) (a) I gcás ina n-iarrfar ordú glactha othair phríobháidigh shealadaigh, féadfaidh an duine iomchuí, tar éis an t-iarratas agus an deimhniú dochtúra a bheidh ag gabháil leis a bhreithniú, an t-ordú a dhéanamh san fhoirm ordaithe.
(b) I mír (a) den fho-alt seo ciallaíonn “an duine iomchuí”—
(i) i gcás inar lia-chleachtóir cláraithe feighilteoir an fhorais cheadaithe—an duine sin, agus
(ii) in aon chás eile—príomhdhochtúir oifigiúil an fhorais cheadaithe nó, i gcás an foras a bheith ceadaithe chun duine amháin, agus gan ach duine amháin, a ghlacadh ann, lia-fhreastalaí an duine lena mbainfidh an t-iarratas.”
Leasú ar alt 189 den Phríomh-Acht.
18.—(1) Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) d'alt 189 den Phríomh-Acht:
“(1) (a) Má thagann príomh-dhochtúir oifigiúil forais cheadaithe ar an tuairim nach mbeidh duine a bheidh ar coinneáil san fhoras faoi ordú glactha othair inmhuirir shealadaigh nó faoi ordú glactha othair phríobháidigh shealadaigh (lena n-áirítear duine a bheadh ar coinneáil amhlaidh mura mbeadh é a bheith as láthair, aistrithe nó ar iostas faoi alt 203, 204, 208 nó 209 den Acht seo) leigheasta ar bheith caite don téarma is féidir é a choinneáil de bhun mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 186 den Acht seo—
(i) i gcás andúiligh, féadfaidh an príomhdhochtúir oifigiúil, trí fhormhuiniú ar an ordú, an tréimhse sin a fhadú tréimhse eile nach faide ná sé mhí, nó, trí shraith fhormhuinithe ar an ordú, an tréimhse sin a fhadú tréimhse eile nach faide ná sé mhí aon tréimhse áirithe acu agus nach faide ná sé mhí a n-iomlán le chéile, agus
(ii) in aon chás eile, féadfaidh an príomhdhochtúir oifigiúil, trí fhormhuiniú ar an ordú, an tréimhse sin a fhadú tréimhse eile nach faide ná sé mhí, nó trí shraith fhormhuinithe ar an ordú, an tréimhse sin a fhadú tréimhsí eile nach faide ná sé mhí aon tréimhse áirithe acu agus nach faide ná ocht mí dhéag a n-iomlán le chéile.
(b) I gcás ina ndéanfar formhuiniú ar ordú faoin alt seo—
(i) tabharfaidh an príomh-dhochtúir oifigiúil—
(I) don duine lena mbainfidh an t-ordú fógra ina n-inseofar sonraí an fhormhuinithe agus go bhfuil cead ag an duine sin nó ag an duine a d'iarr an t-ordú glactha agóid i gcoinne an fadú ar an tréimhse choinneála a chur chuig an gCigire Ospidéal Meabhair-Ghalar, agus
(II) fógra den sórt céanna don duine a d'iarr an t-ordú,
(ii) ar agóid a fháil a chuirfear chuige de dhroim an fhógra faoi chlásal (I) nó (II) den fhomhír roimhe seo, éileoidh an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar ar an bpríomh-dhochtúir oifigiúil tuarascáil iomlán ar an duine lena mbainfidh an t-ordú a thabhairt dó,
(iii) nuair a éileofar air an tuarascáil sin a thabhairt, tabharfaidh an príomh-dhochtúir oifigiúil an tuarascáil sin láithreach agus, ar an tuarascáil a bhreithniú, déanfaidh an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar gach ní is dóigh leis is gá chun a fháil amach ar ceart nó nach ceart leanúint den duine lena mbainfidh an t-ordú a bheith á choinneáil.”
(2) Má bhíonn duine, ag tosach feidhme an ailt seo, ar coinneáil de bhua ordú nó sraith orduithe faoi alt 189 den Phríomh-Acht, féachfar, chun críocha an Phríomh-Achta arna leasú leis an Acht seo, ar an ordú nó ar an sraith orduithe, mar fhormhuin iú nó sraith fhormhuinithe a rinneadh de bhua fho-alt (1) den alt seo.
Leasú ar alt 190 den Phríomh-Acht.
19.—(1) I bhfo-alt (3) d'alt 190 den Phríomh-Acht déantar, leis seo, “, más duine faoi bhun sé bliana déag an duine a mbeifear á iarraidh é a ghlacadh” a chur isteach i ndiaidh “faoin alt so” agus déantar leis seo “ó lia-chleachtóir cláraithe (nach liachleachtóir cáilithe a bheidh dícháilithe maidir leis an duine a mbeifear á iarraidh é a ghlacadh)” a chur isteach in ionad “ón dochtúir oifigiúil údaraithe”.
(2) Déantar, leis seo, na fo-ailt seo a leanas a chur le halt 190 den Phríomh-Acht:
“(4) I gcás ina n-iarrfar moladh chun críche fho-alt (3) den alt seo ar an dochtúir oifigiúil údaraithe, scrúdóidh an dochtúir sin an duine ar ina leith a bheifear ag iarraidh an mholta agus tabharfaidh sé an moladh más é a thuairim go rachadh sé chun tairbhe don duine sin é a ghlacadh mar a bheifear a iarraidh.
(5) Chun críocha an ailt seo, beidh lia-chleachtóir cláraithe dícháilithe maidir le duine—
(a) má bhíonn leas ag an gcleachtóir sin sna híocaíochtaí a bheidh le déanamh (má bhíonn) as aireachasú a dhéanamh ar an duine,
(b) más é an cleachtóir sin fearchéile nó banchéile, athair, leasathair nó athair céile, máthair, leasmháthair nó máthair chéile, mac, leasmhac nó cliamhain, iníon, leasiníon nó banchliamhain, deartháir, leasdeartháir nó deartháir cleamhnachta, deirfiúr, leasdeirfiúr nó deirfiúr chleamhnachta nó caomhnóir nó iontaobhaí an duine, nó
(c) más dochtúir oifigiúil d'ospidéal meabhair-ghalar ceantair an cleachtóir sin.”
Leasú ar alt 191 den Phríomh-Acht.
20.—I bhfo-alt (3) d'alt 191 den Phríomh-Acht, déantar, leis seo, “, más duine faoi bhun sé bliana déag d'aois an duine a mbeifear á iarraidh é a ghlacadh” a chur isteach i ndiaidh “faoin alt so”.
Leasú ar alt 192 den Phríomh-Acht.
21.—Déantar, leis seo, an abairt seo a leanas a chur le halt 192 den Phríomh-Acht: “Más rud é, ar dhuine a bheith glactha i bhforas ceadaithe mar othar toildeonach agus mar othar inmhuirir, go bhfaighfear amach nach raibh sé ina ghnáthchónaí tráth ábhartha sa cheantar ospidéil mheabhair-ghalar iomchuí, beidh an glacadh agus an t-iarratas ar faoina dtreoir a rinneadh an glacadh chomh bailí chun gach críche agus dá mbeadh an duine sin ina ghnáthchónaí an tráth sin sa cheantar sin.”
Leasú ar alt 203 den Phríomh-Acht.
22.—(1) I bhfo-alt (1) d'alt 203 den Phríomh-Acht déantar, leis seo, “Féadfaidh príomh-dhochtúir cónaitheach ospidéil mheabhair-ghalar cheantair a cheadú do dhuine a bheidh á choinneáil san ospidéal sin nó in aon fhoras eile a bheidh á chothabháil ag an údarás ospidéil mheabhair-ghalar” a chur in ionad “Féadfaidh údarás ospidéil mheabhair-ghalar, ag gníomhú dhóibh ar chomhairle phríomh-dhochtúra chomhnaithigh a n-ospidéil mheabhair-ghalar cheantair, a cheadú do dhuine a bheas á choinneáil san ospidéal san nó in aon fhoras eile a bheas á chothabháil acu”.
(2) I bhfo-alt (2) d'alt 203 den Phríomh-Acht déantar, leis seo, “feighilteoir forais mheabhair-ghalar, nach foras a bheidh á chothabháil ag údarás ospidéil mheabhair-ghalar, a cheadú do dhuine a bheidh á choinneáil san fhoras sin” a chur in ionad “an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar a cheadú do dhuine a bheas á choinneáil a bhforas meabhair-ghalar, nach foras a bheas á chothabháil ag údarás ospidéil mheabhair-ghalar,”.
(3) Déantar, leis seo, an fo-alt seo a leanas a chur le halt 203 den Phríomh-Acht:
“(5) I gcás duine a bheith as láthair ar promhadh faoin alt seo as foras, féadfaidh feighilteoir an fhorais cead an duine sin chun bheith as láthair a tharraingt siar tráth ar bith roimh dheireadh na tréimhse nó na tréimhse fadaithe a bheidh cead aige a bheith as láthair, agus, má tharraingítear siar an cead amhlaidh, féadfar, tráth ar bith laistigh d'ocht lá is fiche tar éis an cead a tharraingt siar, an duine a bheidh as láthair ar promhadh a atógáil ionann agus dá mbeadh sé tar éis éalú as an bhforas sin.”
Leasú ar alt 204 den Phríomh-Acht.
23.—Déantar, leis seo, an fo-alt seo a leanas a chur le halt 204 den Phríomh-Acht:
“(4) I gcás duine a bheith as láthair ar parúl faoin alt seo ó fhoras, féadfaidh feighilteoir an fhorais cead an duine sin chun bheith as láthair a tharraingt siar tráth ar bith roimh dheireadh na tréimhse a bheidh cead aige a bheith as láthair, agus, má tharraingítear siar an cead amhlaidh, féadfar, tráth ar bith laistigh d'ocht lá is fiche tar éis an cead a tharraingt siar, an duine a bheidh as láthair ar parúl a atógáil ionann agus dá mbeadh sé tar éis éalú as an bhforas sin.”
Alt a chur isteach i ndiaidh alt 204 den Phríomh-Acht.
24.—Déantar, leis seo, an t-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 204 den Phríomh-Acht:
“204A. (1) Féadfaidh aon duine eolas a iarraidh ar údarás ospidéil mheabhair-ghalar i dtaobh cé acu atá nó nach bhfuil duine áirithe á choinneáil mar othar de chuid an údaráis faoi ordú glactha agus, má tá sé á choinneáil amhlaidh, i dtaobh ainm feighilteoir an fhorais a bheidh ainmhithe san ordú glactha agus an áit a bhfuil an foras sin.
(2) I gcás ina ndéanfar iarratas mar a dúradh maidir le duine ar bith, féadfaidh an t-iarratasóir freisin na nithe seo a leanas a iarraidh ar an údarás ospidéil mheabhair-ghalar—
(a) cóip d'aon ordú glactha iomchuí,
(b) ainm an duine a d'iarr aon mholadh glactha nó ordú glactha iomchuí,
(c) ainm nó ainmneacha aon lia-chleachtóra chláraithe nó lia-chleachtóirí cláraithe a rinne aon mholadh nó a shínigh aon deimhniú maidir leis an duine sin.
(3) I gcás ina ndéanfar iarratas faoi fho-alt (1) den alt seo, géillfidh an t-údarás ospidéil mheabhair-ghalar dó mura gcinnfidh siad, agus mura gcuirfidh siad in iúl don iarratasóir, nár chruthaigh an t-iarratasóir dóibh gur duine oiriúnach é chun an t-eolas a thabhairt dó a bheidh sé a iarraidh.
(4) I gcás ina ndéanfar iarratas faoi fho-alt (2) den alt seo, géillfidh an t-údarás ospidéil mheabhair-ghalar dó má bhíonn an duine lena mbainfidh an t-iarratas á choinneáil acu mar othar, mura gcinnfidh siad, agus mura gcuirfidh siad in iúl don iarratasóir, nár chruthaigh an t-iarratasóir dóibh gur duine oiriúnach é chun an doiciméad agus an t-eolas a thabhairt dó a bheidh sé a iarraidh.
(5) I gcás ina gcuirfear in iúl d'iarratasóir mar a fhoráiltear dó sin le fo-alt (3) nó (4) den alt seo, féadfaidh sé achomharc a dhéanamh chun an Aire i gcoinne cinneadh an údaráis ospidéil mheabhair-ghalar agus, má ordaíonn an tAire ar an achomharc sin géilleadh don iarratas, géillfear dó láithreach.”
Leasú ar alt 207 den Phríomh-Acht.
25.—(1) Déantar, leis seo, na míreanna seo a leanas a chur le fo-alt (2) d'alt 207 den Phríomh-Acht:
“(d) ar é a aistriú chun na háite sin, féadfar, d'ainneoin aon fhoráil eile atá san Acht seo, an duine sin a choinneáil ann go dtí go gcuirfear é go dtí ospidéal meabhairghalar ceantair nó go dtí foras eile nó go dtí go n-urscaoilfear é faoin alt seo nó go dtí go bhfaighidh sé bás,
(e) má chinneann an tAire gan ordú a dhéanamh faoi mhír (c) den fho-alt seo, tabharfaidh sé fógra sa chéill sin d'fheighilteoir an ospidéil mheabhair-ghalar cheantair nó an fhorais eile,
(f) má thugann an tAire fógra mar a dúradh, féadfar, más duine atá ina ghnáthchónaí i gceantar ospidéil mheabhair-ghalar eile an duine sin, é chur ar aghaidh tráth ar bith go dtí an t-ospidéal meabhair-ghalar ceantair don cheantar sin, d'ainneoin mhír (a) den fho-alt seo,
(g) féachfar ar choinneáil an duine sin de bhun mhír (a) den fho-alt seo nó tar éis é a chur ar aghaidh de bhun mhír (f) den fho-alt seo mar choinneáil faoi ordú glactha othair inmhuirir nó faoi ordú glactha othair phríobháidigh (de réir mar is iomchuí).”
(2) Déantar, leis seo, na focail seo a leanas a chur le fo-alt (3) d'alt 207 den Phríomh-Acht: “nó, má bhíonn gnáthchónaí air i gceantar ospidéil mheabhair-ghalar eile, é a chur ar aghaidh go dtí an t-ospidéal meabhair-ghalar ceantair don cheantar sin, agus féachfar ar choinneáil an duine sin, tar éis é a chur ar ais nó ar aghaidh mar a dúradh, mar choinneáil faoi ordú glactha othair inmhuirir nó faoin ordú glactha othair phríobháidigh (de réir mar is iomchuí)”.
Leasú ar alt 215 den Phríomh-Acht.
26.—I bhfo-alt (3) d'alt 215 den Phríomh-Acht déantar, leis seo, “an phríomh-dhochtúra oifigiúil chónaithigh” a chur in ionad “an údaráis”.
Leasú ar alt 217 den Phríomh-Acht.
27.—(1) Déantar, leis seo, an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) d'alt 217 den Phríomh-Acht:
“(1) (a) Más deimhin le feighilteoir ospidéil mheabhairghalar cheantair nó forais eile atá á chothabháil ag údarás ospidéil mheabhair-ghalar duine a bheidh á choinneáil ann mar othar príobháideach a bheith téarnaithe, tabharfaidh sé fógra sa chéill sin don duine a rinne an íocaíocht deiridh i leith an duine a bheidh á choinneáil.
(b) Más deimhin le príomh-dhochtúir oifigiúil forais mheabhair-ghalar nach bhfuil á chothabháil ag údarás ospidéil mheabhair-ghalar duine a bheidh á choinneáil ann mar othar príobháideach a bheith téarnaithe, tabharfaidh feighilteoir an fhorais sin fógra sa chéill sin don duine a rinne an íocaíocht deiridh i leith an duine a bheidh á choinneáil.
(c) Beidh i bhfógra faoin alt seo ráiteas á rá, mura ndéanfar an duine a bheidh á choinneáil a aistriú roimh dháta sonraithe nach luaithe ná seacht lá i ndiaidh an dáta ar a dtabharfar an fógra, go n-urscaoilfear é.
(d) I mír (b) den fho-alt seo, déanfar an tagairt do phríomh-dhochtúir oifigiúil forais, i gcás inarb éard é an foras áitreabh chun duine amháin, agus gan ach duine amháin, a ghlacadh ann, a fhorléiriú mar thagairt dó lia-fhreastalaí an duine a bheidh á choinneáil.”
(2) Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3) d'alt 217 den Phríomh-Acht:
“(3) Ní thabharfar fógra faoin alt seo maidir le duine a bheidh á choinneáil i bhforas a bheidh á chothabháil ag údarás ospidéil mheabhair-ghalar agus nach ospidéal meabhair-ghalar ceantair ach amháin le ceadú an phríomhdhochtúra chónaithigh.”
Leasú ar alt 218 den Phríomh-Acht.
28.—I bhfo-alt (3) d'alt 218 den Phríomh-Acht déantar, leis seo, “an phríomh-dhochtúra chónaithigh” a chur in ionad “an údaráis”.
Leasú ar alt 219 den Phríomh-Acht.
29.—I bhfo-alt (2) d'alt 219 den Phríomh-Acht déantar, leis seo, “an phríomh-dhochtúra chónaithigh” a chur in ionad “an údaráis”.
Leasú ar alt 220 den Phríomh-Acht.
30.—I bhfo-alt (2) d'alt 220 den Phríomh-Acht déantar, leis seo, “an phríomh-dhochtúra chónaithigh” a chur in ionad “an údaráis”.
Alt a chur isteach i ndiaidh alt 222 den Phríomh-Acht.
31.—Déantar, leis seo, an t-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 222 den Phríomh-Acht:
“222A. Féadfaidh údarás ospidéil mheabhair-ghalar, faoi réir cheadú an Aire, a shocrú go gcuirfear seirbhísí urchoisc nó iarchúraim ar fáil d'aon othar inmhuirir a bheidh ina ghnáthchónaí ina gceantar ospidéil mheabhair-ghalar.”
Leasú ar alt 229 den Phríomh-Acht.
32.—Déantar, leis seo, an focal agus an mhír seo a leanas a chur le fo-alt (4) d'alt 229 den Phríomh-Acht:
“agus
(c) i gcás gur as áit eile seachas foras meabhair-ghalar a d'éalaigh an t-éalaitheach—an t-údarás ospidéil mheabhair-ghalar nó an duine eile a bheidh ag seoladh an fhorais mheabhair-ghalar ina gcoinnítear é de ghnáth.”
Leasú ar alt 237 den Phríomh-Acht.
33.—Déantar, leis seo, alt 237 den Phríomh-Acht a leasú trí “déanfaidh” a scriosadh agus na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (a) go (o):
“(a) feicfidh sé gach othar—
(i) ar iarr an t-othar féin nó aon duine nó daoine eile (lena n-áirítear, go háirithe, feighilteoir an fhorais agus, i gcás ospidéil mheabhair-ghalar cheantair, an coiste fiosraithe) scrúdú a dhéanamh air, nó
(ii) a mbeidh cúis aige chun bheith in amhras i dtaobh ar cuí é a bheith á choinneáil,
(b) gheobhaidh sé amach cé acu a rinneadh nó nach ndearnadh aon fhadaithe faoi alt 189 den Acht seo ón uair dheiridh a rinne sé fiosrú de réir an Achta seo agus, má rinneadh, déanfaidh sé cúram faoi leith de na hothair a bheidh i gceist,
(c) déanfaidh sé gach páirt de na háitribh san fhoras a iniúchadh,
(d) cinnfidh sé cé acu atáthar nó nach bhfuiltear ag tabhairt aird chuí, i mbainistí an fhorais, ar an Acht seo agus ar na forálacha a bheidh déanta faoi,
(e) gheobhaidh sé amach—
(i) cé acu atá nó nach bhfuil an chóiríocht atá curtha ar fáil san fhoras dóthaineach agus oiriúnach,
(ii) cé acu an leor nó nach leor an cúram agus an chóireáil atá curtha ar fáil do na hothair,
(iii) cé acu an leor nó nach leor na saoráidí liachtoibre agus liacht-siamsa atá curtha ar fáil do na hothair,
(iv) cé acu atá nó nach bhfuil biathadh na n-othar dóthaineach agus oiriúnach,
(v) cé acu atá nó nach bhfuil aicmiú déanta ar na hothair,
(vi) cé acu atá nó nach bhfuil aon chóras comhéigin, srianta nó leithlise i bhfeidhm,
(vii) na fíorais a bhaineann le haon ábhar eile ar dóigh leis gur ceart fiafraí a dhéanamh faoi,
(f) cuirfidh sé ina thuarascáil faoi alt 243 den Acht seo ráiteas ag insint an méid a bheidh faighte amach aige de bhun na míre sin roimhe seo,
(g) maidir le haon othar a mbeidh sé in amhras i dtaobh ar cuí é a bheith á choinneáil, cuirfidh sé in iúl d'fheighilteoir an fhorais go bhfuil sé in amhras i dtaobh ar cuí an t-othar sin a bheith á choinneáil,
(h) cuirfidh sé tuairisc i dtaobh cúrsaí foirne.”
Leasú ar alt 244 den Phríomh-Acht.
34.—I bhfo-alt (1) agus i bhfo-alt (2) d'alt 244 den Phríomh-Acht, déantar, leis seo, “gach rud nó aon rud (de réir mar a iarrfaidh an Cigire) de na nithe seo a leanas, eadhon,” a chur isteach i ndiaidh “Chigire”.
Leasú ar alt 253 den Phríomh-Acht.
35.—Déantar leis seo an abairt seo a leanas a chur le halt 253 den Phríomh-Acht: “San alt seo forléireofar an focal “drochúsáide” mar fhocal a fholaíonn tagairt do bhualadh nó ionsaí ar shlí eile.”
Leasú ar alt 266 den Phríomh-Acht.
36.—In alt 266 den Phríomh-Acht déantar, leis seo, “chun coiste fiosraithe ospidéil mheabhair-ghalar cheantair” a chur isteach roimh “nó chun an Chigire Ospidéal Mheabhair-Ghalar”.
Leasú ar alt 274 den Phríomh-Acht.
37.—(1) I bhfo-alt (1) d'alt 274 den Phríomh-Acht déantar, leis seo, “ansin, faoi réir cibé forálacha a bheidh ordaithe,” a chur isteach roimh “íocfaidh”.
(2) Déantar, leis seo, na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1) d'alt 274 den Phríomh-Acht:
“(1A) Nuair a scrúdóidh lia-chleachtóir cláraithe seachas an dochtúir oifigiúil údaraithe duine, de bhun alt 162, 165 nó 166 den Acht seo nó chun críocha alt 184 nó 190 de, íocfaidh an t-údarás ospidéil mheabhair-ghalar don cheantar ospidéil mheabhair-ghalar ina bhfuil gnáthchónaí ar an duine sin táille dhá ghiní as an scrúdú leis an gcleachtóir sin faoi réir cibé forálacha a bheidh ordaithe.
(1B) Má tharlaíonn aon díospóid i dtaobh táille a bheith tagtha chun bheith iníoctha faoin alt seo nó nó i dtaobh cé acu údarás ospidéil mheabhair-ghalar a íocfaidh táille a bheidh tagtha chun bheith iníoctha amhlaidh, féadfar, trí chomhaontú idir na páirtithe, an díospóid a chur faoi bhráid an Aire chun í a chinneadh, agus is cinneadh críochnaitheach cinneadh an Aire ar aon díospóid den sórt sin a chuirfear faoina bhráid amhlaidh.”
Feidhm an Phríomh-Achta maidir le daoine áirithe.
1875, c. 67.
38.—(1) D'ainneoin aon ní atá in alt 10 den Lunatic Asylums (Ireland), Act, 1875, aon duine dá dtagraítear san alt sin féachfar air agus déileálfar leis chun gach críche, ón dáta a bheidh deireadh lena phianbhreith agus dá éis, amhail is dá mbeadh sé arna ghlacadh isteach san ospidéal meabhair-ghalar ceantair mar dhuine mímheabhrach faoi fhorálacha an Phríomh-Achta agus na hAchtanna a leasaíonn an tAcht sin, agus beidh feidhm ag na forálacha sin maidir leis dá réir sin.
(2) D'ainneoin aon ní atá in alt 12 den Lunatic Asylums (Ireland) Act, 1875, féachfar ar aon duine a aistreofar de bhun an ailt sin, agus déileálfar leis, chun gach críche amhail is dá mbeadh sé arna aistriú isteach san ospidéal meabhair-ghalar ceantair mar dhuine mímheabhrach faoi fhorálacha an Phríomh-Achta agus na nAchtanna a leasaíonn an tAcht sin, agus beidh feidhm ag na forálacha sin maidir leis dá réir sin.
An Príomh-Ospidéal Meabhair-Ghalar.
1845, c. 107.
39.—An Príomh-Ospidéal Meabhair-Ghalar a thabharfar ar an bpríomh-ghealtlann choiriúil an bunaíodh de bhun an Central Criminal Lunatic Asylum (Ireland) Act, 1845, agus sin é a ghairfear de.
Aireofar seirbhís áirithe mar sheirbhís sa Státseirbhís.
1909, c. 48.
40.—I gcás—
(a) duine a bheith, i gcaitheamh tréimhse dar críoch tosach feidhme an ailt seo, ag fónamh i bpost bunaithe i státseirbhís an Rialtais,
(b) an duine sin a bheith, i gcaitheamh tréimhse dar críoch tosach na tréimhse a shonraítear i mír (a) den alt seo, ag íoc ranníocaí, maidir le cuid den tréimhse, faoin Asylum Officers Superannuation Act, 1909, agus, maidir leis an gcuid eile den tréimhse, faoi Chuid VIII den Phríomh-Acht, maidir le hoifig ar bhain a dualgais leis na nithe céanna lenar bhain dualgais an phoist bhunaithe sin, agus
(c) an duine sin a bheith i gcaitheamh tréimhse dar críoch tosach na tréimhse a shonraítear i mír (b) den alt seo, ag fónamh i bpost bunaithe i Státseirbhís Shaorstát Éireann ar bhain a dhualgais leis na nithe céanna lenar bhain dualgais an phoist bhunaithe dá dtagraítear i mír (a) den alt seo,
déanfar, chun críocha na nAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1956, comhiomlán na dtréimhsí a shonraítear i míreanna (b) agus (c) den alt seo a áireamh mar sheirbhís i bpost bunaithe i státseirbhís an Rialtais.
Aoisliúntas.
1909, c. 48.
41.—(1) Beidh feidhm ag an Acht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1956, faoi réir na leasuithe dá dtagraítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.
(2) D'ainneoin fho-alt (10) d'alt 71 den Acht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1956, déanfar liúntas—
(a) is iníoctha ag—
(i) údarás sláinte, de réir bhrí an Achta Sláinte, 1947, ina gcáilíocht mar údarás a comhlíonann feidhmeanna faoi na hAchtanna Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 go 1961, nó
(ii) comhbhord a chomhlíonann feidhmeanna faoi na hAchtanna sin, agus
(b) a fhionrófaí nó a laghdófaí faoi alt 75 den Acht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1948, dá ndéantaí neamhshuim den fho-alt sin,
a fhionraí nó a laghdú faoin alt sin 75.
(3) (a) I gCuid VIII den Phríomh-Acht (seachas ailt 65 agus 93 den Acht sin) forléireofar gach tagairt don Aire mar thagairt don Aire Rialtais Áitiúil.
(b) Is é an tAire Rialtais Áitiúil an t-údarás comhaontaithe chun críocha fho-alt (3) d'alt 2 agus fho-alt (8) d'alt 14 den Asylum Officers Superannuation Act, 1909, an t-údarás réitigh chun críocha alt 12 den Acht sin agus an t-údarás cinnte chun críocha alt 15 den Acht sin.
(4) Déantar leis seo na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (4), (5) agus (6) d'alt 65 den Phríomh-Acht:
“(4) (a) I gcás ar aireachas nó cúram othar iomlán fostaíocht oifigigh nó seirbhísigh d'údarás ospidéil mheabhairghalar, taifeadfar a ainm sa chlár a bheidh á choimeád faoin alt seo ag an údarás.
(b) I gcás—
(i) ar cuid, agus nach ea ach cuid, d'fhostaíocht oifigigh nó seirbhísigh d'údarás ospidéil mheabhair-ghalar aireachas nó cúram othar, agus
(ii) go gcomhlíontar na coinníollacha ordaithe ina chás,
taifeadfar a ainm sa chlár a bheidh á choimeád faoin alt seo ag an údarás.
(c) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, na coinníollacha (dá ngairtear na coinníollacha ordaithe san alt seo) a shonrú ar gá chun iad a chomhlíonadh, i gcás oifigeach nó seirbhíseach d'údarás ospidéil mheabhair-ghalar arb éard cuid, agus nach ea ach cuid, dá fhostaíocht aireachas nó cúram othar, ainm an oifigigh nó an tseirbhísigh a thaifeadadh sa chlár a bheidh á choimeád faoin alt seo ag an údarás.
(5) Bainfear ainm oifigigh nó seirbhísigh de chlár a bheidh á choimeád faoin alt seo ag údarás ospidéil mheabhair-ghalar más rud é (agus amháin más rud é)—
(a) go dtiocfaidh sé, de dhroim nua-cheapacháin nó ar shlí eile, chun bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don údarás nach aon chuid dá fhostaíocht aireachas nó cúram othar,
(b) ar bheith dó ina oifigeach nó ina sheirbhíseach ar aireachas nó cúram othar iomlán a fhostaíochta, go dtiocfaidh sé, de dhroim nua-cheapacháin nó ar shlí eile, chun bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach ar cuid dá fhostaíocht aireachas nó cúram othar agus nach gcomhlíontar ansin na coinníollacha ordaithe ina chás, nó
(c) gur oifigeach nó seirbhíseach é ar cuid, agus nach ea ach cuid, dá dhualgais aireachas nó cúram othar agus go bhfuil scortha de na coinníollacha ordaithe a chomhlíonadh ina chás.
(6) Más éagóir le hoifigeach nó seirbhíseach d'údarás ospidéil mheabhair-ghalar—
(a) iad do mhainniú a ainm a thaifeadadh sa chlár a bheidh á choimeád acu faoin alt seo, nó
(b) iad do bhaint a ainm den chlár sin,
féadfaidh sé gearán i scríbhinn a chur chun an Aire agus, má ordaíonn an tAire, tar éis dó an gearán a bhreithniú, don údarás ainm an oifigigh nó an tseirbhísigh a thaifeadadh nó a ataifeadfadh (de réir mar is iomchuí) sa chlár sin, déanfaidh siad de réir an ordaithe sin.”
(5) Ní dheonófar aon liúntas faoi alt 77 nó 78 den Phríomh-Acht ach amháin maidir le hoifigeach nó seirbhíseach—
(a) a mbeidh a ainm ar taifead i gclár a bheidh á choimeád faoi alt 65 den Phríomh-Acht, agus
(b) a raibh a ainm ar taifead amhlaidh ag tosach feidhme an ailt seo.
(6) I gcás—
(a) liúntas faoi Chuid VIII den Phríomh-Acht a bheith i gcúrsa a íoctha, go hiomlán nó go páirteach, ag tosach feidhme an ailt seo,
(b) gur faoi threoir é a bheith ina oifigeach a scoir d'oifig a shealbhú ar theorainn aoise áirithe a shroicheadh a deonaíodh an liúntas don duine dar deonaíodh é, agus
(c) nár choinníoll a ghabh lena cheapadh ina oifigeach den sórt sin go scoirfeadh sé amhlaidh d'oifig a shealbhú,
féadfaidh an comhlacht a íocfaidh an liúntas, faoi réir cheadú an Aire Sláinte,—
(i) méadú ar an liúntas a dheonú, agus is é méid a bheidh sa mhéadú sin cibé méid is iomchuí leis an gcomhlacht faoi réir na sriantachta nach mó é ná an t-ochtú cuid den tuarastal ar faoina threoir a ríomhadh an liúntas, agus
(ii) méadú ar an gcnapshuim a deonaíodh i dteannta an liúntais a dheonú agus is é méid a bheidh sa mhéadú sin cibé méid is iomchuí leis an gcomhlacht faoi réir na sriantachta nach mbeidh sé níos mó ná trian den tuarastal ar faoina threoir a ríomhadh an liúntas agus gur amhlaidh dó nach mó an chnapshuim arna méadú amhlaidh ná ceithre thrian den tuarastal sin.
Aisghairm.
42.—Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.
Gearrtheideal, tosach feidhme agus comhlua.
43.—(1) Féadfar an tAcht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1961, a ghairm den Acht seo.
(2) (a) Faoi réir na míre díreach ina dhiaidh seo, tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire i gcoitinne nó maidir le haon chríoch nó foráil áirithe agus féadfar laetheanta éagsúla a shocrú le haghaidh críocha éagsúla agus forálacha éagsúla den Acht seo.
(b) Is lú lá d'Aibreán an lá a shocrófar chun alt 41 den Acht seo a theacht i ngníomh.
(3) Féadfar na hAchtanna Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 go 1961, a ghairm de na hAchtanna Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 go 1958, agus den Acht seo le chéile.
AN CHEAD SCEIDEAL.
Leasuithe ar an Acht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1956.
1. Sa mhíniú ar “údarás áitiúil” in alt 2, cuirfear “lena n-áirítear údarás ospidéil mheabhair-ghalar” in ionad “seachas bord ospidéil mheabhair-ghalar”.
2. Sa mhíniú ar “oifigeach” in alt 2, scriosfar “oifigeach d'ospidéal meabhair-ghalar ná”.
3. Sa mhíniú ar “seirbhíseach” in alt 2, scriosfar “ach ní fholaíonn sé seirbhíseach d'ospidéal meabhair-ghalar”.
4. Cuirfear na focail seo a leanas le fo-alt (1) d'alt 5: “agus tiocfaidh sí i ngníomh maidir le húdarás ospidéil mheabhairghalar ag tosach feidhme alt 41 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1961”.
5. I bhfo-alt (2) d'alt 5 cuirfear isteach “nó údarás ospidéil mheabhair-ghalar” i ndiaidh “1948”.
6. Cuirfear an fo-alt seo a leanas le halt 7:
“(5) (a) I gcás ina raibh oifigeach d'údarás ospidéil mheabhair-ghalar, díreach roimh thosach feidhme alt 41 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1961, ag ranníoc faoi alt 85 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945, nó faoi alt 9 den Asylum Officers' Superannuation Act, 1909, taifeadfaidh an t-údarás a ainm sa chlár amhail ón tosach feidhme sin.
(b) Beidh de dhualgas ar údarás ospidéil mheabhairghalar na taifid a dhéanfar sa chlár de dhroim an fho-ailt seo (seachas taifid a dhéanfar de thoradh achomhairc faoi mhír (c) den alt seo) a chríochnú laistigh de shé mhí ó thosach feidhme alt 41 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1961.
(c) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (3) den alt seo i gcás arb éagóir le duine údarás ospidéil mheabhairghalar dá dhiúltú nó dá mhainniú a ainm a thaifeadadh sa chlár de dhroim an fho-ailt seo, ach, in ionad achomharc a dhéanamh faoin bhfo-alt sin, féadfaidh an duine sin, laistigh de dhá mhí dhéag tar éis tosach feidhme alt 41 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1961, achomharc i gcoinne an diúltaithe nó na mainneachtana a dhéanamh chun an Aire iomchuí agus féadfaidh an tAire sin diúltú don achomharc nó a ordú an t-ainm a thaifeadadh sa chlár amhail ón tosach feidhme sin agus, sa chás deiridh sin, taifeadfaidh an t-údarás an t-ainm sa chlár amhail ón tosach feidhme sin.
(d) I gcás ina raibh oifigeach d'údarás ospidéil mheabhair-ghalar, díreach roimh thosach feidhme alt 41 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1961, ag ranníoc faoi alt 85 den Acht Cóiréala Meabhair-Ghalar, 1945, nó faoi alt 9 den Asylum Officers' (Superannuation) Act, 1909, féadfaidh an t-oifigeach sin, laistigh de dhá mhí dhéag tar éis an tosach feidhme sin, a chur in iúl i scríbhinn don údarás gurb é a rogha nach mbeidh feidhm ag mír (a) den fho-alt seo maidir leis, agus air sin—
(i) measfar nach raibh feidhm riamh ag mír (a) den fho-alt seo maidir leis, agus
(ii) má tharlaíonn, aon tráth tar éis an tosach feidhme sin, go dtiocfaidh sé chun bheith ina oifigeach d'ospidéal meabhair-ghalar agus ansin go mbeadh feidhm ag fo-alt (2) den alt seo, cé is moite den fhomhír seo, maidir leis, ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt sin maidir leis más tráth i dtréimhse a sheirbhíse leanúnaí mar oifigeach d'ospidéal meabhair-ghalar, dar tús dáta an tosach feidhme sin, an tráth a thiocfaidh sé chun bheith ina oifigeach d'ospidéal meabhairghalar.
(e) I gcás ina raibh duine a ndéanfaidh údarás ospidéil mheabhair-ghalar a ainm a thaifeadadh faoin bhfo-alt seo sa chlár, díreach roimh thosach feidhme alt 41 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1961, ag ranníoc faoi alt 9 den Asylum Officers' Superannuation Act, 1909, agus gurbh oifigeach den chéad aicme é chun críocha an Achta sin, beidh feidhm ag forálacha ailt 77, 78 agus 79 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945, maidir leis d'ainneoin mhír (a) d fho-alt (2) d'alt 64 den Acht sin agus, chun na críche sin, measfar a ainm a bheith taifeadta sa chlár a bheidh á choimeád faoi alt 65 den Acht sin.
(f) I gcás ina raibh duine a ndéanfaidh údarás ospidéil mheabhair-ghalar a ainm a thaifeadadh faoin bhfo-alt seo sa chlár, díreach roimh thosach feidhme alt 41 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1961, faoi réir an Asylum Officers' (Superannuation) Act, 1909, de bhua alt 64 den Acht Cóiréala Meabhair-Ghalar, 1945, scoirfidh sé, amhail ó dháta an tosach feidhme sin, de bheith faoi réir an Achta sin.
(g) I gcás ina dtaifeadfaidh údarás ospidéil mheabhair-ghalar ainm duine, seachas duine lena mbaineann mír (f) den fho-alt seo, sa chlár agus—
(i) gur faoin bhfo-alt seo a dhéanfar an taifeadadh, nó
(ii) gur ar shlí seachas faoin bhfo-alt seo a dhéanfar an taifeadadh agus go ndéanfar é amhail ó dheireadh tréimhse leanúnaí a bhí an duine sin ina sheirbhíseach d'ospidéal meabhair-ghalar, agus dar thús dáta thosach feidhme alt 41 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1961, agus a ndearnadh ainm an duine sin a thaifeadadh, amhail óna thosach feidhme, faoi fho-alt (5) d'alt 30 den Acht seo,
beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:
(I) ní bheidh feidhm ag aon alt acu seo a leanas maidir leis, is é sin le rá, ailt 66, 67, 68, 69, 70, 71, 72, 76, 85 agus 86 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945,
(II) ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) d'alt 63 ná ag ailt 77, 78 agus 79 den Acht sin maidir leis ach amháin i gcaitheamh na tréimhse leanúnaí ina oifigeach d'ospidéal agus dar tús an tráth ar amhail uaidh a thaifeadfaidh an t-údarás ospidéil mheabhair-ghalar a ainm sa chlár.
(h) Más rud é, i gcás seachas cás lena mbainfidh mír (e) nó (g) den fho-alt seo, go dtaifeadfaidh údarás ospidéil mheabhair-ghalar ainm duine sa chlár ar shlí seachas faoin bhfo-alt seo, ní bheidh feidhm ag Cuid VIII den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945, ach amháin alt 65 den Acht sin, maidir leis an duine sin.”
7. I bhfo-alt (2) d'alt 12, cuirfear isteach “nó a mbeidh a ainm taifeadta i gclár a bheidh á choimeád faoi alt 65 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945,” i ndiaidh “arb oifigeach briogáide tóiteáin é”.
8. I bhfomhír (ii) de mhír (a) d'fho-alt (2) d'alt 15 cuirfear isteach “nó a ainm a bheith taifeadta i gclár a bheidh á choimeád faoi alt 65 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945,” i ndiaidh “oifigeach briogáide tóiteáin”.
9. Cuirfear an fo-alt seo a leanas le halt 23:
“(4) (a) I gcás duine a ndéanfaidh údarás ospidéil mheabhairghalar a ainm a thaifeadadh faoi fho-alt (5) d'alt 7 den Acht seo sa chlár, déanfar, go dtí go mbeidh deireadh lena thréimhse leanúnach mar oifigeach d'údarás áitiúil dar thús dáta thosach feidhme alt 41 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1961, an tagairt do chúig faoin gcéad i bhfo-alt (1) den alt seo a fhorléiriú mar thagairt do thrí faoin gcéad.
(b) I gcás duine a ndéanfaidh údarás ospidéil mheabhair-ghalar a ainm a thaifeadadh ar shlí seachas faoi fho-alt (5) d'alt 7 den Acht seo sa chlár amhail ó dheireadh tréimhse leanúnaí a bhí an duine sin ina sheirbhíseach d'ospidéal meabhair-ghalar agus dar thús dáta thosach feidhme alt 41 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalair, 1961, agus a ndearnadh, ainm an duine sin a thaifeadadh, amhail óna thosach feidhme, faoi fho-alt (5) d'alt 30 den Acht seo, déanfar, go dtí go mbeidh deireadh lena thréimhse leanúnach mar oifigeach d'údarás áitiúil dar tús an tráth ar amhail uaidh a thaifeadfaidh an t-údarás a ainm sa chlár, an tagairt do chúig faoin gcéad i bhfo-alt (1) den alt seo a fhorléiriú mar thagairt do thrí faoin gcéad.”
10. I bhfo-alt (1) d'alt 29 cuirfear “nó faoin Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945” isteach i ndiaidh “faoin Acht seo”.
11. Cuirfear an fo-alt seo a leanas le halt 30:
“(5) (a) I gcás ina raibh seirbhíseach d'údarás ospidéil mheabhair-ghalar, díreach roimh thosach feidhme alt 41 den Acht Cóiréala Meabhair-Ghalar, 1961, ag ranníoc faoi alt 85 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945, nó faoi alt 9 den Asylum Officers' Superannuation Act, 1909, taifeadfaidh an t-údarás a ainm sa chlár amhail ón tosach feidhme sin.
(b) Beidh de dhualgas ar údarás ospidéil mheabhairghalar na taifid a dhéanfar sa chlár de dhroim an fho-ailt seo (seachas taifid a dhéanfar de thoradh achomhairc faoi mhír (c) den fho-alt seo) a chríochnú laistigh de shé mhí ó thosach feidhme alt 41 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1961.
(c) I gcás éagóir le duine údarás ospidéil mheabhair-ghalar dá dhiúltú nó dá mhainniú a ainm a thaifeadadh sa chlár de dhroim an fho-ailt seo, féadfaidh an duine sin, laistigh de dhá mhí dhéag ó thosach feidhme alt 41 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1941, achomharc i gcoinne an diúltaithe nó na mainneachtana a dhéanamh chun an Aire iomchuí agus féadfaidh an tAire sin diúltú don achomharc nó a ordú a ainm a thaifeadadh sa chlár amhail ón tosach feidhme sin agus, sa chás deiridh sin, taifeadfaidh an t-údarás an t-ainm sa chlár amhail ón tosach feidhme sin.
(d) I gcás ina raibh seirbhíseach d'údarás ospidéil mheabhair-ghalar, díreach roimh thosach feidhme alt 41 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1961, ag ranníoc leis an údarás faoi alt 85 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945, nó faoi alt 9 den Asylum Officers' Superannuation Act, 1909, féadfaidh an seirbhíseach sin, laistigh de dhá mhí dhéag tar éis an tosach feidhme sin, a chur in iúl don údarás i scríbhinn gurb é a rogha nach mbeidh feidhm ag mír (a) den fho-alt seo maidir leis, agus air sin—
(i) measfar nach raibh feidhm riamh ag mír (a) den fho-alt seo maidir leis, agus
(ii) má tharlaíonn, aon tráth tar éis an tosach feidhme sin, go mbeadh feidhm ag fo-alt (2) den alt seo, cé is moite den fhomhír seo, maidir leis, ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt sin más i dtréimhse a sheirbhíse leanúnaí mar sheirbhíseach d'ospidéal meabhair-ghalar dar tús dáta an tosach feidhme sin a tharlóidh críochnú iomchuí bliana airgeadais áitiúla.
(e) I gcás ina raibh duine a ndéanfaidh údarás ospidéal mheabhair-ghalar a ainm a thaifeadadh faoin bhfo-alt seo sa chlár, díreach roimh thosach feidhme alt 41 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1961, ag ranníoc faoi alt 9 den Asylum Officers' Superannuation Act, 1909, agus gurbh sheirbhíseach den chéad aicme é chun críocha an Achta sin, beidh feidhm ag forálacha ailt 77, 78 agus 79 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945, maidir leis d'ainneoin mhír (a) d'fho-alt (2) d'alt 64 den Acht sin agus, chun na críche sin, measfar a ainm a bheith taifeadta sa chlár a bheidh á choimeád faoi alt 65 den Acht sin.
(f) I gcás ina raibh duine a ndéanfaidh údarás ospidéil mheabhair-ghalar a ainm a thaifeadadh faoin bhfo-alt seo sa chlár, díreach roimh thosach feidhme alt 41 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1961, faoi réir an Asylum Officers' Superannuation Act, 1909, de bhua alt 64 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945, scoirfidh sé, amhail ó dháta an tosach feidhme sin, de bheith faoi réir an Achta sin.
(g) I gcás ina dtaifeadfaidh údarás ospidéil mheabhair-ghalar ainm duine, seachas duine lena mbaineann mír (f) den fho-alt seo, sa chlár agus—
(i) gur faoin bhfo-alt seo a dhéanfar an taifeadadh, nó
(ii) gur ar shlí seachas faoin bhfo-alt seo a dhéanfar an taifeadadh agus go ndéanfar é amhail ó dheireadh tréimhse leanúnaí a bhí an duine sin ina oifigeach d'ospidéal meabhair-ghalar agus dar thús dáta thosach feidhme alt 41 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1961, agus a ndearnadh ainm an duine sin a thaifeadadh, amhail óna thosach feidhme, faoi fho-alt (5) d'alt 7 den Acht seo,
beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:
(I) ní bheidh feidhm ag aon alt acu seo a leanas maidir leis, is é sin le rá, ailt 66, 67, 68, 69, 70, 71, 72, 76, 85 agus 86 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945,
(II) ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) d'alt 63 ná ag ailt 77, 78 agus 79 den Acht sin maidir leis ach amháin i gcaitheamh na tréimhse leanúnaí ina sheirbhíseach d'ospidéal meabhair-ghalar dó agus dar thús an tráth ar amhail uaidh a thaifeadfaidh an t-údarás ospidéil mheabhair-ghalar a ainm sa chlár.
(h) Más rud é, i gcás seachas cás lena mbainfidh mír (e) nó (g) den alt seo, go dtaifeadfaidh údarás ospidéil mheabhair-ghalar ainm duine sa chlár ar shlí seachas faoin bhfo-alt seo, ní bheidh feidhm ag Cuid VIII den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945, ach amháin alt 65 den Acht sin, maidir leis an duine sin.”
12. I bhfo-alt (2) d'alt 35, cuirfear “nó a mbeidh a ainm taifeadta i gclár a bheidh á choimeád faoi alt 65 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945,” isteach i ndiaidh “ar seirbhíseach bríogáide tóiteáin é”.
13. I bhfomhír (ii) de mhír (a) d'fho-alt (2) d'alt 36 cuirfear “nó a ainm a bheith taifeadta i gclár a bheidh á choimeád faoi alt 65 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945” isteach i ndiaidh “sheirbhíseach bríogáide tóiteáin”.
14. Déantar, leis seo, an fo-alt seo a leanas a chur le halt 43:
“(4) (a) I gcás duine a ndéanfaidh údarás ospidéil mheabhair-ghalar a ainm a thaifeadadh faoi fho-alt (5) d'alt 30 den Acht seo sa chlár, déanfar, go dtí go mbeidh deireadh lena thréimhse leanúnach mar sheirbhíseach d'údarás áitiúil dar tús dáta thosach feidhme alt 41 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1961, an tagairt do cheathair agus séú faoin gcéad i bhfo-alt (1) den alt seo a fhorléiriú mar thagairt do thrí faoin gcéad.
(b) I gcás duine a ndéanfaidh údarás ospidéil mheabhair-ghalar a ainm a thaifeadadh, ar shlí seachas faoi fho-alt (5) d'alt 30 den Acht seo, sa chlár amhail ó dheireadh tréimhse ieanúnaí a bhí an duine sin ina oifigeach d'ospidéal meabhair-ghalar agus dar thús dáta thosach feidhme alt 41 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1961, agus a ndearnadh ainm an duine sin a thaifeadadh amhail óna thosach feidhme, faoi fho-alt (5) d'alt 7 den Acht seo, déanfar, go dtí go mbeidh deireadh lena thréimhse leanúnach mar sheirbhíseach d'údarás áitiúil dar tús an tráth ar amhail uaidh a thaifeadfaidh an t-údarás ospidéil mheabhairghalar a ainm sa chlár, an tagairt do cheathair agus séú faoin gcéad i bhfo-alt (1) den alt seo a fhorléiriú mar thagairt do thrí faoin gcéad.”
15. In alt 49, cuirfear “nó faoin Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945” isteach i ndiaidh “faoin Acht seo”.
16. I mír (a) d'fho-alt (2) d'alt 63 cuirfear “nó do dhuine a bhfuil a ainm taifeadta i gclár atá á choimeád faoi alt 65 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945” isteach i ndiaidh “d'oifigeach nó seirbhíseach briogáide tóiteáin”.
AN DARA SCEIDEAL.
Achtacháin a Aisghairtear.
Seisiún agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain | Gearrtheideal | Méid na hAisghairme |
7 Geo. 4, c. 74. | Prisons (Ireland) Act, 1826. | Alt 61. |
11 Geo. 4 & Will. 4, c. 22. | Richmond Lunatic Asylum Act, 1830. | An tAcht iomlán a mhéid nach bhfuil sé aisghairthe. |
1 Will. 4 c. 13. | Richmond Lunatic Asylum Act, 1831. | An tAcht iomlán a mhéid nach bhfuil sé aisghairthe. |
8 & 9 Vict., c. 107. | Central Criminal Lunatic Asylum (Ireland) Act, 1845. | Alt 17. |
An tAcht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945. | Ailt 197, 198, 199, 200, 201, 202; Fo-alt (4) d'alt 208; Fo-alt (2) d'alt 216; Ailt 223, 226, 227 agus 238. |