[EN]

Uimhir 8 de 1979


[EN]

AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1979

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHTANNA NA bPINSEAN SEANAOISE, 1908 GO 1978, NA nACHTANNA UM CHÚNAMH DÍFHOSTAÍOCHTA, 1933 GO 1978, NA nACHTANNA UM PINSIN DO BHAINTREACHA AGUS DO DHÍLLEACHTAÍ, 1935 GO 1978, NA nACHTANNA LEASA SHÓISIALAIGH (LIÚNTAIS LEANAÍ), 1944 GO 1977, AN ACHTA LEASA SHÓISIALAIGH (LIÚNTAIS LEASA FORLÍONTACHA), 1975 AGUS NA nACHTANNA LEASA SHÓISIALAIGH, 1952 GO 1978. [24 Márta, 1979] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

Mínithe.

1.—San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “Acht 1933” an tAcht um Chongnamh Dhíomhaointis, 1933;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1935” an tAcht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1952” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1952;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1960” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1960;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1962” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1962;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1964” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1964;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1965” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1965;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1966” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1970” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1970;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1973” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1973;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1974” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1974;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1975” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leasa Forlíontacha), 1975;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1977” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1977;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1978” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1978.

[EN]

Pinsin seanaoise (rátaí nua, leathnú ar na teorainneacha acmhainne).

2.—(1) Leasaítear leis seo alt 77 d'Acht 1952 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) (a cuireadh isteach le hAcht 1978):

[EN]

“(2) (a) Is é an ráta ar dá réir a íocfar pinsean, in ionad aon ráta eile—

[EN]

(i) i gcás nach mó ná £18 acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an phinsinéara—an ráta atá leagtha amach i dTábla A a ghabhann leis an bhfo-alt seo,

[EN]

(ii) i gcás ar mó ná £18 acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an phinsinéara—an ráta ar dá réir ab iníoctha an pinsean faoi threoir an Tábla sin dá mba mhó ná £17 ach nár mhó ná £18 acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an phinsinéara, lúide £1.30 i leith gach suim £1 (más ann) atá san acmhainn sheachtainiúil sin de bhreis ar £18, agus aon chodán de £1 san acmhainn sheachtainiúil sin a áireamh chun na críche sin mar £1; ach más lú ná 50 pingin nua an ráta arna ríomh de bhun na míre seo ar dá réir, murach an coinníoll seo, a bheadh an pinsean iníoctha, ní bheidh an pinsean iníoctha, agus

[EN]

(iii) i gcás 80 bliain d'aois a bheith slánaithe ag an bpinsinéir—an ráta pinsin is iníoctha leis de réir fhomhír (i) nó (ii) den mhír seo moide £1.20,

[EN]

agus déanfar an ráta pinsin arna chinneadh amhlaidh a mhéadú, i gcás ar duine de lánúin phósta an pinsinéir, an méid atá leagtha amach i dTábla B a ghabhann leis an bhfo-alt seo—

[EN]

(A) más fear an pinsinéir, i leith a bhanchéile má tá sé in aontíos léi nó á cothabháil go hiomlán nó go formhór agus nach bhfuil pinsean faoi na hAchtanna ná aon sochar, pinsean ná liúntas faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1979, á fháil aici, nó

[EN]

(B) más bean an pinsinéir, i leith a fearchéile má tá sí á chothabháil go hiomlán nó go formhór agus go bhfuil seisean éagumasach, de dheasca éiglíocht coirp nó meabhrach, ar é féin a chothú agus nach bhfuil pinsean faoi na hAchtanna ná aon sochar, pinsean ná liúntas faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1979, á fháil aige.

[EN]

(b) Chun críocha an fho-ailt seo, is í an acmhainn sheachtainiúil an acmhainn bhliantúil arna roinnt ar chaoga a dó.

[EN]

TÁBLA A

[EN]

An Ráta Pinsin

An Ráta Seb5achtainiúil

Acmhainn an éilitheora nó an phinsinéara

Éilitheoir nó pinsinéir, gan aon leanbh cáilithe

Éilitheoir nó pinsinéir, leanbh cáilithe amháin

Éilitheoir nó pinsinéir, beirt leanbh cháilithe nó níos mó

(1)

(2)

(3)

(4)

Má bhíonn acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an phinsinéara—

£

£

£

gan bheith níos mó ná £6

15.80

20.05

24.30

Móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh cháilithe ann. £3.20 i leith gach leanbh cháilithe de bhreis ar bheirt.

níos mó ná £6 gan bheith níos mó ná £7     ...

14.50

18.75

23.00

níos mó ná £7 gan bheith níos mó ná £8     ...

13.20

17.45

21.70

níos mó ná £8 gan bheith níos mó ná £9     ...

11.90

16.15

20.40

níos mó ná £9 gan bheith níos mó ná £10     ...

10.60

14.85

19.10

níos mó ná £10 gan bheith níos mó ná £11     ...

9.30

13.55

17.80

níos mó ná £11 gan bheith níos mó ná £12     ...

8.00

12.25

16.50

níos mó ná £12 gan bheith níos mó ná £13     ...

6.70

10.95

15.20

níos mó ná £13 gan bheith níos mó ná £14     ...

5.40

9.65

13.90

níos mó ná £14 gan bheith níos mó ná £15     ...

4.10

8.35

12.60

níos mó ná £15 gan bheith níos mó ná £16     ...

2.80

7.05

11.30

níos mó ná £16 gan bheith níos mó ná £17     ...

1.50

5.75

10.00

níos mó ná £17 gan bheith níos mó ná £18     ...

neamhní

4.45

8.70

[EN]

TÁBLA B

[EN]

Méadú i leith Cleithiúnaí Aosaithe

Acmhainn an éilitheora nó an phinsinéara

Ráta seachtainiúil an mhéadaithe

Má bhíonn acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an phinsinéara—

£

gan bheith níos mó ná £6 

...

...

...

7.85

níos mó na £6 gan bheith níos mó ná £7

...

7.20

níos mó ná £7 gan bheith níos mó ná £8

...

6.55

níos mó ná £8 gan bheith níos mó ná £9

...

5.90

níos mó ná £9 gan bheith níos mó ná £10

...

5.25

níos mó ná £10 gan bheith níos mó ná £11

...

4.60

níos mó ná £11 gan bheith níos mó ná £12

...

3.95

níos mó ná £12 gan bheith níos mó ná £13

...

3.30

níos mó ná £13 gan bheith níos mó ná £14

...

2.65

níos mó ná £14 gan bheith níos mó ná £15

...

2.00

níos mó ná £15 gan bheith níos mó ná £16

...

1.35

níos mó ná £16 gan bheith níos mó ná £17

...

0.70

níos mó ná £17

...

...

...

...

neamhní

[EN]

[EN]

(2) Leasaítear leis seo alt 77 (5) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1969) d'Acht 1952 trí “£8.80” a chur in ionad “seacht bpunt agus seasca pingin nua” (a cuireadh isteach le hAcht 1978).

[EN]

(3) Leasaítear leis seo alt 77 (6) (a cuireadh isteach le hAcht 1977) d'Acht 1952 trí “£1.30” a chur in ionad “£1.10” (a cuireadh isteach le hAcht 1978).

[EN]

(4) Leasaítear leis seo alt 8 (1) (a) (a cuireadh isteach le hAcht 1977) d'Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1924, trí “£884” a chur in ionad “seacht gcéad is ochtó punt”.

[EN]

(5) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1979.

[EN]

Cúnamh dífhostaíochta (rátaí nua).

3.—(1) Déantar leis seo Sceideal A a ghabhann leis an alt seo a chur in Acht 1933 in ionad Sceideal A a cuireadh isteach le hAcht 1978.

[EN]

(2) Beidh feidhm ag Sceideal B a ghabhann leis an alt seo i gcás duine a ndéantar luach bliantúil aon tairbhe a fhaibhríonn chuige as talamh a úsáid, ar mó ná £10 ach nach mó ná £15 a luacháil inrátaithe agus atá á úsáid nó á theachtadh aige go pearsanta, a ríomh ina leith de réir alt 8 d'Acht 1965 agus, dá réir sin, is iad na rátaí cúnaimh dhífhostaíochta a shonraítear sa Sceideal sin na rátaí a chuirfear i gcuntas i gcás duine den sórt sin chun críocha alt 10 (3) (c) (a cuireadh isteach le hAcht 1962) d'Acht 1933.

[EN]

(3) Beidh feidhm ag Sceideal C a ghabhann leis an alt seo i gcás duine a ndéantar luach bliantúil aon tairbhe a fhaibhríonn chuige as talamh a úsáid, ar mó ná £15 a luacháil inrátaithe agus atá á úsáid nó á theachtadh aige go pearsanta, a ríomh ina leith de réir alt 8 d'Acht 1965 agus, dá réir sin, is iad na rátaí cúnaimh dhífhostaíochta a shonraítear sa Sceideal sin na rátaí a chuirfear i gcuntas i gcás duine den sórt sin chun críocha alt 10 (3) (c) (a cuireadh isteach le hAcht 1962) d'Acht 1933.

[EN]

(4) Aisghairtear leis seo alt 4 d'Acht 1978.

[EN]

(5) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 28ú lá de Mhárta, 1979.

SCEIDEAL A

Na Rátaí Cúnaimh Dhífhostaíochta

Na haicmí daoine lena mbaineann na rátaí cúnaimh dhífhostaíochta atá leagtha amach sa Sceideal seo

An ráta seachtainiúil cúnaimh dhífhostaíochta a bhaineann le daoine a chónaíonn in aon limistéar uirbeach

An ráta seachtainiúil cúnaimh dhífhostaíochta a bhaineann le daoine a chónaíonn in aon áit eile

Duine gan chleithiúnaí    ...

£13.15

£12.70

Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe     ...     ...

£22.75

£22.05

Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe agus leanbh cleithiúnach amháin     ...

£26.85

£26.15

Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe agus beirt leanbh chleithiúnacha nó níos mó     ...     ...

£30.95

£30.25

móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, £3.10 i leith gach leanbh cleithiúnach de bhreis ar bheirt.

móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, £3.10 i leith gach leanbh cleithiúnach de bhreis ar bheirt.

Duine ag a bhfuil leanbh cleithiúnach amháin     ...

£17.45

£17.00

Duine ag a bhfuil beirt leanbh chleithiúnacha nó níos mó     ...     ...

£21.55

£21.10

móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, £3.10 i leith gach leanbh cleithiúnach de bhreis ar bheirt.

móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, £3.10 i leith gach leanbh cleithiúnach de bhreis ar bheirt.

SCEIDEAL B

Na Rátaí Cúnaimh Dhífhostaíochta

Na haicmí daoine lena mbaineann na rátaí cúnaimh dhífhostaíochta atá leagtha amach sa Sceideal seo

An ráta seachtainiúil cúnaimh dhífhostaíochta a bhaineann le daoine a chónaíonn in aon limistéar uirbeach

An ráta seachtainiúil cúnaimh dhífhostaíochta a bhaineann le daoine a chónaíonn in aon áit eile

Duine gan chleithiúnaí     ...

£11.00

£10.55

Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe     ...     ...

£18.95

£18.40

Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe agus leanbh cleithiúnach amháin     ...

£22.30

£21.75

Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe agus beirt leanbh chleithiúnacha nó níos mó

£25.65

£25.10

móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, £2.60 i leith gach leanbh cleithiúnach de bhreis ar bheirt.

móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, £2.60 i leith gach leanbh cleithiúnach de bhreis ar bheirt.

Duine ag a bhfuil leanbh cleithiúnach amháin     ...

£14.50

£14.05

Duine ag a bhfuil beirt leanbh chleithiúnacha nó níos mó     ...     ...

£17.85

£17.40

móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, £2.60 i leith gach leanbh cleithiúnach de bhreis ar bheirt.

móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, £2.60 i leith gach leanbh cleithiúnach de bhreis ar bheirt.

SCEIDEAL C

Na Rátaí Cúnaimh Dhífhostaíochta

Na haicmí daoine lena mbaineann na rátaí cúnaimh dhífhostaíochta atá leagtha amach sa Sceideal seo

An ráta seachtainiúil cúnaimh dhífhostaíochta a bhaineann le daoine a chónaíonn in aon limistéar uirbeach

An ráta seachtainiúil cúnaimh dhífhostaíochta a bhaineann le daoine a chónaíonn in aon áit eile

Duine gan chleithiúnaí     ...

£9.05

£8.70

Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe     ...     ...

£15.60

£15.15

Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe agus leanbh cleithiúnach amháin     ...

£18.40

£17.95

Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe agus beirt leanbh chleithiúnach nó níos mó     ...     ...

£21.20

£20.75

móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, £2.15 i leith gach leanbh cleithiúnach de bhreis ar bheirt.

móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, £2.15 i leith gach leanbh cleithiúnach de bhreis ar bheirt.

Duine ag a bhfuil leanbh cleithiúnach amháin     ...

£12.05

£11.65

Duine ag a bhfuil beirt leanbh chleithiúnacha nó níos mó     ...     ...

£14.85

£14.45

móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, £2.15 i leith gach leanbh cleithiúnach de bhreis ar bheirt.

móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, £2.15 i leith gach leanbh cleithiúnach de bhreis ar bheirt.

Acmhainn daoine áirithe a ríomh chun críocha cúnaimh dhífhostaíochta.

4.—(1) Leasaítear leis seo alt 8 d'Acht 1965 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1976):

“(1) Faoi réir forálacha ailt 9 agus 10 den Acht seo measfar, chun críocha alt 13 (1) (c) d'Acht 1933, gurb é luach bliantúil aon tairbhe a fhaibhreoidh chun duine a mbeidh cónaí air i limistéar a bheidh sonraithe de thuras na huaire in ordú faoi fho-alt (3) den alt seo as talamh a úsáid atá á úsáid nó á theachtadh go pearsanta ag an duine méid arna ríomh—

(a) de réir £30 in aghaidh gach punt de luacháil inrátaithe na talún in aon chás nach mó ná £10 an luacháil agus de réir ráta chomhréirigh in aghaidh aon chuid de phunt den luacháil,

(b) de réir £50 in aghaidh gach punt de luacháil inrátaithe na talún in aon chás ar mó ná £10 ach nach mó ná £15 an luacháil agus de réir ráta chomhréirigh in aghaidh aon chuid de phunt den luacháil,

(c) de réir £60 in aghaidh gach punt de luacháil inrátaithe na talún in aon chás ar mó ná £15 an luacháil agus de réir ráta chomhréirigh in aghaidh aon chuid de phunt den luacháil.”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 28ú lá de Mhárta, 1979.

Modh eile chun acmhainn daoine áirithe a ríomh chun críocha cúnamh dhífhostaíochta.

5.—Cuirtear, leis seo, an t-alt seo a leanas in ionad alt 9 d'Acht 1965:

9. D'ainneoin alt 8 den Acht seo, féadfaidh duine a mbeidh cónaí air i limistéar a bheidh sonraithe de thuras na huaire in ordú faoi fho-alt (3) den alt sin é a ghlacadh de rogha go ndéanfar, chun críocha alt 13 (1) (c) d'Acht 1933, luach bliantúil aon tairbhe a fhaibhreoidh chuige as talamh a úsáid a bheidh á úsáid nó á theachtadh go pearsanta aige a ríomh de réir forálacha mhír (3) de Rialachán 3 den Ordú um Chongnamh Dhíomhaointis (Rialacháin um Aireamh Acfuinne), 1934 (R. & O.R., Uimh. 34 de 1934).”.

Pinsin baintreach (neamhranníocach), liúntas banchéile thréigthe, liúntas cúnaimh shóisialaigh do mháithreacha neamhphósta agus liúntas do bhanchéile príosúnaigh (rátaí nua, leathnu ar na teorainneacha acmhainne).

6.—(1) Leasaítear leis seo alt 20 (a cuireadh isteach le hAcht 1952) d'Acht 1935 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) (a cuireadh isteach le hAcht 1978):

“(1) (a) Is é an ráta ar dá réir a íocfar pinsean baintrí (neamhranníocach) faoi réir forálacha an Achta seo—

(i) i gcás nach mó acmhainn sheachtainiúil na baintrí ná £18—an ráta atá leagtha amach i dTábla B a ghabhann leis an bhfo-alt seo, agus

(ii) i gcás ar mó ná £18 acmhainn sheachtainiúil na baintrí—an ráta ar dá réir ab iníoctha an pinsean faoi threoir an Tábla sin leis an mbaintreach dá mba mhó ná £17 ach nár mhó ná £18 a hacmhainn sheachtainiúil, lúide £1.30 i leith gach suim £1 (más ann) atá san acmhainn sheachtainiúil sin de bhreis ar £18, agus aon chodán de £1 san acmhainn sheachtainiúil sin a áireamh chun na críche sin mar £1; ach más lú ná 50 pingin nua an ráta arna ríomh de bhun na míre seo ar dá réir, murach an coinníoll seo, a bheadh an pinsean iníoctha, ní bheidh an pinsean iníoctha, agus

(iii) i gcás 80 bliain d'aois a bheith slánaithe ag an mbaintreach—an ráta pinsin is iníoctha léi de réir fhomhír (i) nó (ii) den mhír seo móide £1.20.

(b) Chun críocha an fho-ailt seo, is í an acmhainn sheachtainiúil an acmhainn bhliantúil arna roinnt ar chaoga a dó.

TÁBLA B

Na Rátaí Seachtainiúla Pinsean Baintreach (Neamhranníocach)

Acmhainn na baintrí

Baintreach, gan aon leanbh cáilithe

Baintreach, leanbh cáilithe amháin

Baintreach, beirt leanbh cháilithe nó níos mó

(1)

(2)

(3)

(4)

£

£

£

Má bhíonn acmhainn sheachtainiúil na baintrí—

gan bheith níos mó ná £6

15.80

21.00

26.20

Móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh cháilithe ann, £5.20 i leith gach leanbh cáilithe de bhreis ar bheirt.

níos mó ná £6 gan bheith níos mó ná £7     ...

14.50

19.70

24.90

níos mó ná £7 gan bheith níos mó ná £8     ...

13.20

18.40

23.60

níos mó ná £8 gan bheith níos mó ná £9     ...

11.90

17.10

22.30

níos mó ná £9 gan bheith níos mó ná £10     ...

10.60

15.80

21.00

níos mó ná £10 gan bheith níos mó ná £11     ...

9.30

14.50

19.70

níos mó ná £11 gan bheith níos mó ná £12     ...

8.00

13.20

18.40

níos mó ná £12 gan bheith níos mó ná £13     ...

6.70

11.90

17.10

níos mó ná £13 gan bheith níos mó ná £14     ...

5.40

10.60

15.80

níos mó ná £14 gan bheith níos mó ná £15     ...

4.10

9.30

14.50

níos mó ná £15 gan bheith níos mó ná £16     ...

2.80

8.00

13.20

níos mó ná £16 gan bheith níos mó ná £17     ...

1.50

6.70

11.90

níos mó ná £17 gan bheith níos mó ná £18     ...

neamhní

5.40

10.60

(2) Leasaítear leis seo alt 20 (a cuireadh isteach le hAcht 1952) d'Acht 1935 trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7):

“(8) Déanfar na rátaí pinsin a chinnfear faoi fho-alt (1) (a) (i), (1) (a) (ii) nó 1 (a) (iii) den alt seo a mhéadú £1.30 i gcás 66 bliana d'aois a bheith slánaithe ag an mbaintreach agus í a bheith ina cónaí ina haonar.

(9) (a) Déanfar an ráta seachtainiúil pinsin a chinnfear faoi fho-alt (1) (a) (i), (1) (a) (ii) nó (1) (a) (iii) den alt seo a mhéadu £8.80 in aghaidh aon tréimhse—

(i) a dtarlóidh lena linn go slánóidh an bhaintreach 66 bliana d'aois agus go mbeidh sí chomh héagumasach sin go dteastóidh cúram agus aire lánaimsire uaithi,

(ii) a mbeidh gaol forordaithe leis an mbaintreach ina chónaí leis an mbaintreach lena linn chun an cúram agus an aire sin a thabhairt, agus

(iii) a gcomhlíonfar lena linn cibé coinníollacha a bheidh forordaithe.

(b) Ní bheidh thar mhéadú amháin pinsin iníoctha faoin bhfo-alt seo nó faoi fho-alt (4) (a cuireadh isteach le halt 9 den Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968) d'alt 26 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1952, maidir le haon ghaol forordaithe.

(c) Oifigeach breithiúnachta arna cheapadh ag an Aire faoi alt 41 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1952, a chinnfidh iarratas ar mhéadú pinsin faoin bhfo-alt seo.”.

(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh, a mhéid a bhaineann sé le liúntas banchéile thréigthe, le liúntas cúnaimh shóisialaigh do mháithreacha neamhphósta agus le liúntas do bhanchéile príosúnaigh, an 5ú lá d'Aibreán, 1979, agus, a mhéid a bhaineann sé le pinsean baintrí (neamhranníocach), an 6ú lá d'Aibreán, 1979.

Pinsin baintreach (neamhranníocach), liúntas banchéile thréigthe, liúntas cunaimh shóisialaigh do mháithreacha neamhphósta agus liúntas do bhanchéile príosúnaigh (uasteorainn aoise a chur ar ceal).

7.—Chun a áirithiú nach scoirfidh pinsin baintreach (neamhranníocach), liúntas banchéile thréigthe, liúntas cúnaimh shóisialaigh do mháithreacha neamhphósta agus liúntas do bhanchéile príosúnaigh de bheith iníoctha nuair a shlánóidh faighteoir 66 bliana d'aois—

(a) aisghairtear leis seo alt 21 d'Acht 1935 (a cuireadh isteach le hAcht 1964 agus a leasaíodh le hAcht 1977);

(b) cuirtear, leis seo, an méid seo a leanas in ionad alt 22 (1) (arna leasú le hAcht 1977) d'Acht 1935:

“(1) Pinsean baintrí (neamhranníocach) is iníoctha le baintreach leanfaidh sé, faoi réir an Achta seo, de bheith iníoctha mura n-athphósfaidh sí agus i gcás den sórt sin scoirfidh an pinsean ar a hathphósadh agus uaidh sin amach.”;

(c) cuirtear, leis seo, an t-alt seo a leanas in ionad alt 36 (arna leasú le hAcht 1977) d'Acht 1935:

“36. I gcás ar lá den tseachtain seachas an lá díreach roimh an lá sa tseachtain a bhforordaítear gurb é an lá é a íocfar íocaíochtaí seachtainiúla mar gheall ar an bpinsean an dáta a scoirfeadh pinsean baintrí de bheith iníoctha, leanfaidh an pinsean de bheith iníoctha maidir leis na laethanta sa tseachtain suas go dtí an lá forordaithe, ach gan an lá sin a áireamh.”;

(d) aisghairtear leis seo alt 22 (1) (b) d'Acht 1970 (arna leasú le hAcht 1973);

(e) aisghairtear leis seo alt 8 (1) (b) d'Acht 1973;

(f) aisghairtear leis seo alt 9 (1) (b) d'Acht 1974.

Liúntas do bhanchéile príosúnaigh (leathnú ar thréimhse an íoctha).

8.—Leasaítear leis seo alt 9 d'Acht 1974, lena ndéantar socrú le haghaidh liúntais do bhanchéile príosúnaigh, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Leanfar de liúntas do bhanchéile príosúnaigh a íoc go ceann tréimhse cheithre sheachtain tar éis an príosúnach a scaoileadh saor as príosún nó as áit choinneála.”.

Pinsin dílleachtaí (neamhranníocach) (rátaí nua agus leathnú ar an teorainn acmhainne).

9.—(1) Leasaítear leis seo alt 25 (a cuireadh isteach le hAcht 1973) d'Acht 1935 tríd an Tábla a ghabhann leis an alt seo a chur in ionad an Tábla (a cuireadh isteach le hAcht 1978) a ghabhann le fo-alt (1).

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1979.

AN TÁBLA

Na Rátaí Seachtainiúla Pinsean Dílleachtaí (Neamhranníocach)

Acmhainn an Dílleachta

Na Rátaí Seachtainiúla

Má bhíonn acmhainn sheachtainiúil an dílleachta—

£

Gan bheith níos mó ná £1     ...     ...     ...

10.25

níos mó ná £1 gan bheith níos mó ná £2     ...

8.95

níos mó ná £2 gan bheith níos mó ná £3     ...

7.65

níos mó ná £3 gan bheith níos mó ná £4     ...

6.35

níos mó ná £4 gan bheith níos mó ná £5     ...

5.05

níos mó ná £5 gan bheith níos mó ná £6     ...

3.75

níos mó ná £6 gan bheith níos mó ná £7     ...

2.45

níos mó ná £7 gan bheith níos mó ná £8     ...

1.15

níos mó ná £8     ...     ...     ...     ...

neamhní

Liúntas do bhean shingil (rátaí nua agus leathnú ar an teorainn acmhainne).

10.—(1) Leasaítear leis seo alt 8 d'Acht 1974 tríd an Tábla a ghabhann leis an alt seo a chur in ionad an Tábla a ghabhann leis an alt sin (a cuireadh isteach le hAcht 1978).

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 5ú lá d'Aibreán, 1979.

AN TÁBLA

Ráta an Liúntais do Bhean Shingil

Acmhainn an Éilitheora nó an Tairbhí

An Ráta Seachtainiúil

Má bhíonn acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an tairbhí—

£

Gan bheith níos mó ná £1     ...     ...     ...

13.65

níos mó ná £1 gan bheith níos mó ná £2     ...

12.35

níos mó ná £2 gan bheith níos mó ná £3     ...

11.05

níos mó ná £3 gan bheith níos mó ná £4     ...

9.75

níos mó ná £4 gan bheith níos mó ná £5     ...

8.45

níos mó ná £5 gan bheith níos mó ná £6     ...

7.15

níos mó ná £6 gan bheith níos mó ná £7     ...

5.85

níos mó ná £7 gan bheith níos mó ná £8     ...

4.55

níos mó ná £8 gan bheith níos mó ná £9     ...

3.25

níos mó ná £9 gan bheith níos mó ná £10     ...

1.95

níos mó ná £10 gan bheith níos mó ná £11     ...

0.65

níos mó ná £11     ...     ...     ...     ...

neamhní

Liúntas leasa forlíontach (rátaí nua).

11.—(1) Is iad na méideanna atá leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo na méideanna seachtainiúla is iníoctha faoi alt 10 d'Acht 1975 agus atá leagtha amach sa Tábla a ghabhann le fo-alt (1) den alt sin (arna leasú le hAcht 1978).

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 2ú lá d'Aibreán, 1979.

AN TÁBLA

Na Méideanna Seachtainiúla Liúntais Leasa Fhorlíontaigh

Na haicmí daoine lena mbaineann na méideanna liúntais leasa fhorlíontaigh

Méid seachtainiúil an liúntais leasa fhorlíontaigh

(1)

(2)

Duine gan chleithiúnaí     ...     ...     ...

£12.70

Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe     ...

£22.05

Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe agus leanbh cleithiúnach amháin     ...     ...     ...

£26.15

Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe agus beirt leanbh chleithiúnacha nó níos mó     ...     ...

£30.25

móide, má bhíonn níos mó ná leanbh chleithiúnacha ann, £3.10 i leith gach leanbh cleithiúnach de bhreis ar bheirt.

Duine ag a bhfuil leanbh cleithiúnach amháin

£17.00

Duine ag a bhfuil beirt leanbh chleithiúnacha nó níos mó     ...     ...     ...     ...     ...

£21.10

móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, £3.10 i leith gach leanbh cleithiúnach de bhreis ar bheirt.

Liúntas (cúram) seanaoise do scor.

12.—Aisghairtear leis seo alt 21 d'Acht 1970, lena ndéantar socrú le haghaidh liúntais dá ngairtear “liúntas (cúram) seanaoise” san alt sin.

Méadú ar an acmhainn a eisiatar le linn pinsean seanaoise a bheith á ríomh.

13.—Leasaítear leis seo an Seachtú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952, ina bhfuil rialacha maidir le acmhainn a ríomh, tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (I) de Riail 1:

“(I) luach bliantúil aon mhaoine leis an duine (nach maoin a úsáideann nó a theachtann an duine go pearsanta) atá infheistithe nó curtha chun úsáide tairbhiúla ar shlí eile ag an duine nó, cé go bhféadfaí í a infheistiú nó a úsáid go tairbhiúil, nach bhfuil infheistithe ná curtha chun úsáide tairbhiúla amhlaidh ag an duine, agus is mar a, leanas a ríomhfar luach bliantúil na maoine:

(a) eisiafar an chéad £200 de luach caipitiúil na maoine, agus

(b) glacfar gurb é luach bliantúil an chéad £375 eile de luach caipitiúil na maoine an fichiú cuid den luach caipitiúil, agus

(c) glacfar gurb é luach bliantúil na coda sin de luach caipitiúil na maoine is mó ná £575 an deichiú cuid den luach caipitiúil,

ach ní chuirfear i gcuntas faoi aon fhoráil eile de na Rialacha seo aon leithreasú ar an maoin chun críche caiteachais reatha;”.

Méadú ar an acmhainn a eisiatar le linn pinsean baintrí (neamhranníocach) a bheith á ríomh.

14.—Beidh éifeacht le Riail 1 (I) (a) den Seachtú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 (arna leasú leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1963), a mhéid a bhaineann sí le pinsean faoi na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1979, lena ndéantar socrú go n-eisiafar an chéad £100 de luach caipitiúil maoine baintrí le linn a hacmhainn a bheith á ríomh chun críocha pinsean den sórt sin ionann is dá gcuirfí “£200” in ionad “£100”.

An riail a bhaineann le ríomh acmhainne baintrí a aisghairm.

15.—Aisghairtear leis seo Riail 4 den Seachtú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 (a cuireadh isteach le hAcht 1965) lena ndéantar socrú go ndéantar acmhainn áirithe le leanbh cáilithe nó le leanaí cáilithe a áireamh ar acmhainn baintrí (chun a pinsean baintrí (neamhranníocach) a ríomh).

Méadú ar eisiataí áirithe le linn acmhainn daoine áirithe a bheith á ríomh.

16.—Leasaítear leis seo an Seachtú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (j) de mhír II de Riail 1 (a cuireadh isteach le hAcht 1960 agus a leasaíodh le hAcht 1965 agus leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1971, agus a cuireadh chun feidhme i gcás pinsin faoi Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1979, le hAcht 1964):

“(j) i gcás duine nach duine dall agus a bhfuil leanbh cáilithe nó leanaí cáilithe aige a chónaíonn go rialta leis, a thuilleamh go léir óna luain phearsanta ach amháin agus a mhéid a ríomhfar gur mó ná £104 i leith gach linbh den sórt sin suim bhliantúil an tuillimh sin.”.

Gan codanna de mhéaduithe ar phinsin áirithe a ríomh mar acmhainn.

17.—D'ainneoin aon ní sa Seachtú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952, i gcás—

(a) pinsean seanaoise (neamhranníocach), pinsean baintrí (neamhranníocach) nó pinsean dílleachta (neamhranníocach) a bheith i gcúrsa a íoctha le duine nó le céile an duine nó leo araon, nó ina leith,

(b) pinsean (dá ngairtear “an pinsean eile” san alt seo), seachas pinsean dá dtagraítear i mír (a), a bheith i gcúrsa a íoctha leis an duine nó le céile an duine nó leo araon, nó ina leith, agus

(c) méadú a theacht ar an bpinsean eile ar dháta thosach feidhme an ailt seo nó dá éis,

le linn acmhainn an duine nó acmhainn a chéile nó a n-acmhainn araon a bheith á ríomh chun críocha Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1979, nó na nAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 to 1979, ní áireofar mar acmhainn aon chuid den mhéadú ar an bpinsean eile a thabharfadh, dá n-áireofaí mar acmhainn í, laghdú ar mhéid an phinsin nó ar mhéid na gcomhphinsean (de réir mar a bheidh) ba mhó ná méid an mhéadaithe.

(2) Aisghairtear leis seo alt 9 d'Acht 1960 agus alt 15 den Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1961.

Tithe cónaithe agus foirgnimh feirme a eisiamh le linn acmhainn áirithe a bheith á ríomh.

18.—In alt 13 (1) (c) d'Acht 1933, i Riail 1 (III) den Seachtú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 agus in alt 12 (2) (c) d'Acht 1975 (ina bhfuil forálacha i ndáil le ríomh acmhainne chun críocha na nAchtanna sin faoi seach), ní fholóidh “maoin” teach cónaithe ná foirgneamh feirme atá ar úinéireacht agus ar áitiú.

Liúntais leanaí (rátaí nua).

19.—(1) Leasaítear leis seo alt 6 (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1952) den Acht Liúntas Leanbhaí (Leasú), 1946, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) (a cuireadh isteach le hAcht 1977):

“(1) Faoi réir forálacha na nAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1979, agus na rialachán fúthu, aon duine a fhionnfar a bheith cáilithe le haghaidh liúntais leanaí, íocfar leis, fad a bheidh sé cáilithe amhlaidh, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, liúntas míosúil de réir—

(a) £3.50 i gcás é a bheith cáilithe i leith linbh cháilithe amháin,

(b) £9.00 i gcás é a bheith cáilithe i leith beirt leanbh cháilithe,

(c) £14.50 i gcás é a bheith cáilithe i leith triúr leanbh cáilithe nó níos mó, móide £5.50 i leith gach leanbh cáilithe de bhreis ar thriúr.”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá d'Aibreán, 1979.

Sochair árachais shóisialaigh (rátaí nua).

20.—(1) Leasaítear leis seo an Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 tríd an gCuid seo a leanas a chur in ionad Chuid I (a cuireadh isteach le hAcht 1978):

“CUID I

Rátaí na Sochar Tréimhsiúil agus na Méaduithe Orthu

An Cineál Sochair

An Ráta Seachtainiúil

Méadú i leith cleithiúnaí aosaithe (más iníoctha)

Méadú i leith linbh cháilithe nó i leith gach duine de bheirt leanbh cháilithe (más iníoctha)

Méadú i leith gach leanbh cáilithe de bhreis ar bheirt (más iníoctha)

Méadú i leith cleithiúnaí aosaithe faoi alt 26 (4) (más iníoctha)

(1)

(2)

(3)

(4)

(5)

(6)

Sochar Míchumais agus Sochar Dífhostaíochta:

£

£

£

£

£

(a) i gcás daoine os cionn ocht mbliana déag d'aois—

(i) fear, bean shingil nó baintreach, bean phósta a chónaionn ar leithligh óna fearchéile agus nach bhféadann aon chúnamh airgid a fháil uaidh nó bean phósta a bhfuil teideal aici chun méadú i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe nó i leith fearchéile     ...     ...

16.05

10.45

4.65

3.80

--

(ii) aon bhean phósta eile     ...

14.00

--

--

--

--

(b) i gcás daoine faoi bhun ocht mbliana déag d'aois—

(i) ma tá teideal ag an duine chun méadú i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe nó i leith cleithiúnaí aosaithe     ...     ...

16.05

10.45

4.65

3.80

--

(ii) mura bhfuil teideal den sórt sin ag an duine     ...     ...

14.00

--

--

--

--

2. Pinsean Easláine:

(a) fear, bean shingil nó baintreach, bean phósta a chónaíonn ar leithligh óna fearchéile agus nach bhféadann aon chúnamh airgid a fháil uaidh nó bean phósta a bhfuil teideal aici chun méadú i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe nó i leith fearchéile

16.65

10.85

4.80

3.95

8.80

(b) aon bhean phósta eile     ...     ...

14.50

--

--

--

8.80

3. Liúntas Máithreachais     ...     ...

16.05

--

--

--

--

4. Pinsean Baintrí (Ranníocach) agus Sochar Banchéile Thréigthe:

(a) i gcás daoine faoi bhun ochtó bliain d'aois     ...     ...     ...

17.00

--

5.70

5.70

8.80

(b) in aon chás eile     ...     ...

18.25

--

5.70

5.70

8.80

5. Liúntas Dílleachta (Ranníocach)

12.30

--

--

--

--

6. Pinsean Scoir agus Pinsean Seanaoise (Ranniocach):

(a) i gcás daoine faoi bhun ochtó bliain d'aois     ...     ...     ...

18.60

11.90

4.80

9.95

8.80

(b) in aon chás eile     ...     ...

20

11.90

4.80

3.95

8.80

(c) méadú breise i leith cleithiúnaí aosaithe a bhfuil aois inphinsin slánaithe aige     ...     ...     ...

--

2.15

--

--

--

(2) Leasaítear leis seo alt 14 (2) d'Acht 1977 trí “£1.30” a chur in ionad “£1.10” (a cuireadh isteach le hAcht 1978).

(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh—

(a) a mhéid a bhaineann sé le sochar míchumais, le sochar dífhostaíochta agus le liúntas máithreachais—an 2ú lá d'Aibreán, 1979,

(b) a mhéid a bhaineann sé le sochar banchéile thréigthe, le pinsean easláine agus le pinsean scoir—an 5ú lá d'Aibreán, 1979, agus

(c) a mhéid a bhaineann sé le pinsean seanaoise (ranníocach), le pinsean baintrí (ranníocach) agus le liúntas dílleachta (ranníocach)—an 6ú lá d'Aibreán, 1979.

Sochar dífhostaíochta (méadú ar rátaí áirithe).

21.—(1) Leasaítear leis seo alt 5 (2) den Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1967, tríd an Tábla a ghabhann leis an alt seo a chur in ionad an Tábla a ghabhann leis an alt sin (a cuireadh isteach le hAcht 1978).

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 2ú lá d'Aibreán, 1979.

AN TÁBLA

An aicme duine

An Ráta Seachtainiúil

An méadú i leith cleithiúnaí aosaithe (más iníoctha)

An méadú i leith linbh cháilithe nó i leith gach duine de bheirt leanbh cháilithe (más iníoctha)

An méadú i leith gach leanbh cáilithe de bhreis ar bheirt (más iníoctha)

(1)

(2)

(3)

(4)

(5)

£

£

£

£

Duine atá i dteideal méadú i leith linbh cháilithe ach nach bhfuil i dteideal méadú i leith cleithiúnaí aosaithe

13.35

--

4.10

3.10

Aon duine eile     ...

13.15

9.60

4.10

3.10

Leathnú ar an tréimhse sochair dhífhostaíochta do mhná pósta áirithe.

22.—(1) Beidh éifeacht le halt 16 (2) d'Acht 1952, maidir le bean phósta (seachas bean phósta a chónaíonn ar leithligh óna fearchéile agus nach bhféadann aon chúnamh airgid a fháil uaidh nó a bhfuil teideal aici chun méadú sochair i leith linbh nó fearchéile), ionann is dá gcuirfí “312 lá” in ionad “céad, caoga agus sé lá”.

(2) I gcás a ceart chun sochair dhífhostaíochta in aghaidh 312 lá a bheith ídithe ag bean atá i dteideal an tsochair sin—

(a) athcháileoidh sí chuige nuair a bheidh 13 ranníoc fostaíochta íoctha ina leith in aghaidh seachtainí ranníoca a thosaigh nó a chríochnaigh tar éis an 156ú lá dá raibh teideal aici chun an tsochair sin, agus

(b) ar í a athcháiliú chuige, beidh feidhm arís maidir léi ag alt 16 (2) d'Acht 1952 (arna leasú leis an alt seo), ach sin, i gcás an tréimhse bhearnaithe fostaíochta inar ídigh sí a ceart chun an tsochair sin do mharthain tar éis a hathcháilithe, ionann is dá mba thréimhsí bearnaithe fostaíochta ar leithligh an chuid roimh an ídiú agus an chuid tar éis an ídithe.

(3) Más rud é i dtréimhse bhearnaithe fostaíochta go mbeidh a ceart chun 156 lá sochair dhífhostaíochta ídithe ag bean dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo laistigh den tréimhse 156 lá roimh thosach feidhme an ailt seo, beidh sí i dteideal an tsochair sin in aghaidh gach lae dífhostaíochta, suas go dtí 156 lá ar a mhéid, ón tosach feidhme sin suas go dtí an 315ú lá dífhostaíochta sa tréimhse bhearnaithe fostaíochta sin.

(4) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 2ú lá d'Aibreán, 1979.

Liúntas máithreachais (srian le híocaíocht a dhíchur).

23.—(1) Leasaítear leis seo alt 20 d'Acht 1952, lena ndéantar socrú le haghaidh liúntais mháithreachais, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Faoi réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo, is í an tréimhse ar ina haghaidh a bheidh liúntas máithreachais iníoctha an tréimhse dhá sheachtain déag dar tosach an séú seachtain roimh dheireadh na seachtaine tuartha luí seoil, ach—

(a) má éagann an bhean ag a bhfuil teideal chun an liúntais, ní bheidh an liúntas iníoctha in aghaidh aon seachtaine ina dhiaidh sin,

(b) más tar éis na seachtaine tuartha luí seoil a thagann an dáta luí seoil, beidh an liúntas iníoctha, faoi réir mhír (a) den fho-alt seo, go dtí deireadh an séú seachtain i ndiaidh na seachtaine ina dtagann an dáta sin.”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 2ú lá d'Aibreán, 1979.

Pinsean baintrí (ranníocach) (leathnú ar an teideal).

24.—Leasaítear leis seo alt 22 d'Acht 1952 (arna leasú leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1960, agus le hAcht 1974), lena ndéantar socrú le haghaidh pinsin bhaintrí (ranníocach), tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) Bean a thiocfaidh chun bheith ina baintreach le linn di bheith ag fáil nó i dteideal sochair bhanchéile thréigthe, beidh sí, ar theacht di chun bheith ina baintreach, i dteideal pinsin bhaintrí (ranníocach) de réir an ráta chéanna le ráta an tsochair bhanchéile thréigthe ab iníoctha léi, cibé acu a bheidh nó nach mbeidh na coinníollacha ranníoca iomchuí chun bheith i dteideal an phinsin sin comhlíonta ina cás.”.

Sochair dhíobhálacha ceirde (rátaí nua).

25.—(1) Déantar leis seo gach ráta (a cuireadh isteach le hAcht 1978) den sochar díobhálacha ceirde in Acht 1966 a luaitear i gcolún (1) den Tábla a ghabhann leis an alt seo a mhéadú tríd an ráta a shonraítear i gcolún (2) den Tábla sin os coinne an lua sin i gcolún (1) a chur in ionad an ráta sin.

(2) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo, tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 2ú lá d'Aibreán, 1979.

(3) Tiocfaidh na méaduithe dá bhforáiltear le fo-alt (1) den alt seo, a mhéid a bhaineann siad le hailt 9 (8), 9 (9), 10 (1), 11 (1), 17 (2), 18 (2), 19, 20 agus 21 (2) d'Acht 1966, i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1979.

AN TÁBLA

An ráta sochair dhíobhálacha ceirde in Acht 1966

An ráta méadaithe

(1)

(2)

£15.70

in alt 8 (3) (a)

...

...

...

...

...

£17.60

£20.10

  ,,   ,,   8 (3) (b)

...

...

...

...

...

£22.50

£1,390

  ,,   ,,   9 (7) (a)

...

...

...

...

...

£1,560

£20.10

i dTábla I a ghabhann le halt 9 (8)

...

...

£22.50

£18.09

  ,,         ,,        ,,      ,,   ,,   ,,   ,,

...

...

£20.25

£16.08

  ,,         ,,         ,,      ,,   ,,   ,,   ,,

...

...

£18.00

£14.07

  ,,         ,,         ,,      ,,   ,,   ,,   ,,

...

...

£15.75

£12.06

  ,,         ,,         ,,      ,,   ,,   ,,   ,,

...

...

£13.50

£10.05

  ,,         ,,         ,,      ,,   ,,   ,,   ,,

...

...

£11.25

£8.04

  ,,         ,,         ,,      ,,   ,,   ,,   ,,

...

...

£9.00

£6.03

  ,,         ,,         ,,      ,,   ,,   ,,   ,,

...

...

£6.75

£4.02

  ,,         ,,         ,,      ,,   ,,   ,,   ,,

...

...

£4.50

£15.70

i dTábla II a ghabhann le halt 9 (8)

...

...

£17.60

£14.13

  ,,         ,,         ,,      ,,   ,,   ,,   ,,

...

...

£15.84

£12.56

  ,,         ,,         ,,      ,,   ,,   ,,   ,,

...

...

£14.08

£10.99

  ,,         ,,         ,,      ,,   ,,   ,,   ,,

...

...

£12.32

£9.42

  ,,         ,,         ,,      ,,   ,,   ,,   ,,

...

...

£10.56

£7.85

  ,,         ,,         ,,      ,,   ,,   ,,   ,,

...

...

£8.80

£6.28

  ,,         ,,         ,,      ,,   ,,   ,,   ,,

...

...

£7.04

£4.71

  ,,         ,,         ,,      ,,   ,,   ,,   ,,

...

...

£5.28

£3.14

  ,,         ,,         ,,      ,,   ,,   ,,   ,,

...

...

£3.52

£4.02

in alt 9 (9) (b) (ii)

...

...

...

...

£4.50

£3.14

 ,,  ,,  ,,  ,,   ,,   ,,

...

...

...

...

£3.52

£9.35

in alt 10 (1)

...

...

...

...

...

£10.45

£4.15

 ,,  ,,  11 (1)

...

...

...

...

...

£4.65

£3.40

 ,,  ,,   ,,   ,,

...

...

...

...

...

£3.80

£12.50

 ,,  ,,  12 (1) (a)

...

...

...

...

£14.00

£14.35

 ,,  ,,  12 (1) (b)

...

...

...

...

£16.05

£7.60

 ,,  ,,  13 (1)

...

...

...

...

...

£8.80

£15.20

 ,,  ,,   ,,   ,,

...

...

...

...

...

£17.60

£15.70

in alt 15 (1) (a) (i)

...

...

...

...

£17.60

£20.10

 ,,  ,, 15 (1) (a) (ii)

...

...

...

...

£22.50

£18.85

 ,,  ,, 17 (2) agus 18 (2)

...

...

...

£21.85

£982

 ,,  ,, 18 (3)

...

...

...

...

...

£1,139

£4.90

 ,,  ,, 19 gach áit a bhfuil sé

...

...

...

£5.70

£8.35

 ,,  ,, 20  ,,   ,,   ,,      ,,   ,,

...

...

...

£9.70

£18.85

 ,,  ,,       ,,   ,,   ,,      ,,   ,,

...

...

...

£21.85

£11.30

 ,,  ,, 21 (2)

...

...

...

...

...

£13.10

£3.14

 ,,  ,, 25 (3) (a)

...

...

...

...

£3.52

£4.02

 ,,  ,, 25 (3) (b)

...

...

...

...

£4.50

Díobhálacha ceirde (méadú do phinsinéirí a chónaíonn ina n-aonar).

26.—(1) Leasaítear leis seo alt 20 (1) d'Acht 1977 trí “£1.30” a chur in ionad “£1.10” (a cuireadh isteach le hAcht 1978).

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1979.

Pinsean seanaoise—fógra i dtaobh méadú acmhainne.

27.—Leasaítear leis seo alt 16 d'Acht 1960 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) I gcás fo-alt (1) den alt seo a bheith sáraithe ag duine agus gur deimhin leis an Aire nach raibh, i ndáil leis an sárú, aon chalaois ar intinn ag an duine agus nach bhfuil aon acmhainní suntasacha ar fáil ag an duine sin, ní bheidh feidhm ag fo-ailt (2) agus (3) den alt seo i ndáil leis an méadú dá dtagraítear san fho-alt sin.”

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

28.—(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1979, a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar an tAcht seo—

(a) a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1978, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus féadfar Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1979, a ghairm díobh le chéile,

(b) a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1978, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1979, a ghairm díobh le chéile,

(c) a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1978, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1979, a ghairm díobh le chéile,

(d) a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1977, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1979, a ghairm díobh le chéile,

(e) a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé an tAcht Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leasa Forlíontacha), 1975, a fhorléiriú i dteannta an Achta sin mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leasa Forlíontacha), 1975 agus 1979, a ghairm díobh le chéile, agus

(f) a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1978, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1979, a ghairm díobh le chéile.

Na hACHTANNA dá dTagraítear

An tAcht um Chongnamh Dhíomhaointis, 1933

1933, Uimh. 46

An tAcht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935

1935, Uimh. 29

An tAcht Liúntas Leanbhaí (Leasú), 1946

1946, Uimh. 8

Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1924

1924, Uimh. 19

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1952

1952, Uimh. 11

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1952

1952, Uimh. 12

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1960

1960, Uimh. 25

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1960

1960, Uimh. 28

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1961

1961, Uimh. 22

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1962

1962, Uimh. 17

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1963

1963, Uimh. 26

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1964

1964, Uimh. 28

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1965

1965, Uimh. 20

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966

1966, Uimh. 16

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1967

1967, Uimh. 18

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1969

1969, Uimh. 31

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1970

1970, Uimh. 12

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1971

1971, Uimh. 16

An tAcht Leasa Shóisialaigh 1973

1973, Uimh. 10

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1974

1974, Uimh. 14

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leasa Forlíontacha), 1975

1975, Uimh. 28

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1976

1976, Uimh. 6

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1977

1977, Uimh. 3

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1978

1978, Uimh. 5