[EN]

Uimhir 5 de 1978


[EN]

AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1978

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHTANNA NA bPINSIN SEANAOISE, 1908 GO 1977, NA nACHTANNA UM CHÚNAMH DÍFHOSTAÍOCHTA, 1933 GO 1977, NA nACHTANNA UM PINSIN DO BHAINTREACHA AGUS DO DHÍLLEACHTAÍ, 1935 GO 1977, AGUS NA nACHTANNA LEASA SHÓISIALAIGH, 1952 GO 1977.

[21 Márta, 1978]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

Mínithe.

1.—San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “Acht 1933” an tAcht um Chongnamh Dhíomhaointis, 1933;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1935” an tAcht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1952” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1952;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1961” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1961;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1962” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1962;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1965” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1965;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1966” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1969” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1969;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1975” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1975;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1976” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1976;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1977” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1977;

[EN]

ciallaíonn “Rialacháin 1977” na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Athrú sna Rátaí Iocaíochtaí), 1977 (I.R. Uimh. 313 de 1977).

[EN]

Pinsin seanaoise (rátaí nua).

2.—(1) Leasaítear leis seo alt 77 d'Acht 1952 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) (a cuireadh isteach le hAcht 1977 arna athrú le Rialacháin 1977):—

[EN]

“(2) (a) Is é an ráta ar dá réir a íocfar pinsean, in ionad aon ráta eile—

[EN]

(i) i gcás nach mó ná£16 acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an phinsinéara—an ráta atá leagtha amach i dTábla A a ghabhann leis an bhfo-alt seo,

[EN]

(ii) i gcás ar mó ná£16 acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an phinsinéara—an ráta ar dá réir ab iníoctha an pinsean faoi threoir an Tábla sin dá mba mhó ná£15 ach nár mhó ná£16 acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an phinsinéara, lúide £1.40 i leith gach suim £1 (más ann) atá san acmhainn sheachtainiúil sin de bhreis ar £16, agus aon chodán de £1 san acmhainn sheachtainiúil sin a áireamh chun na críche sin mar £1; ach más lú ná 50 pingin nua an ráta arna ríomh de bhun na míre seo ar dá réir, murach an coinníoll seo, a bheadh an pinsean iníoctha, ní bheidh an pinsean iníoctha,

[EN]

(iii) i gcás 80 bliain d'aois a bheith slánaithe ag an bpinsinéir—an ráta pinsin is iníoctha leis de réir fho-mhír (i) nó (ii) den mhír seo móide £1.05.

[EN]

agus déanfar an ráta pinsin arna chinneadh amhlaidh a mhéadú, i gcás ar duine de lánúin phósta an pinsinéir, an méid atá leagtha amach i dTábla B a ghabhann leis an bhfo-alt seo—

[EN]

(A) más fear an pinsinéir, i leith a bhanchéile má tá sé in aontíos léi nó á cothabháil go hiomlán nó go formhór agus nach bhfuil pinsean faoi na hAchtanna ná aon sochar ná pinsean faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1978, á fháil aici, nó

[EN]

(B) más bean an pinsinéir, i leith a fearchéile má tá sí á chothabháil go hiomlán nó go formhór agus go bhfuil seisean éagumasach, de dheasca éiglíocht coirp nó meabhrach, ar é féin a chothú agus nach bhfuil pinsean faoi na hAchtanna ná aon sochar ná pinsean faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1978, á fháil aige.

[EN]

(b) Chun críocha an fho-ailt seo, is í an acmhainn sheachtainiúil an acmhainn bhliantúil arna roinnt ar chaoga a dó.

TABLA A

An Ráta Pinsin

An Ráta Seachtainiúil

Acmhainn an éilitheora nó an phinséara

Éilitheoir nó pinsinéir, gan aon leanbh cáilithe

Éilitheoir nó pinsinéir, leanbh cáilithe amháin

Éilitheoir nó pinsinéir, beirt leanbh cháilithe nó níos mó

(1)

(2)

(3)

(4)

£

£

£

Má bhíonn acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an phinsinéara—

gan bheith níos mó ná£6     ..

13·60

17·25

20·90

Móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh cháilithe ann, £2·75 i leith gach leanbh cáilithe de bhreis ar bheirt.

níos mó ná£6 gan bheith níos mó ná£7     ..     ..     ..

12·20

15·85

19·50

níos mó ná£7 gan bheith níos mó ná£8     ..     ..     ..

10·80

14·45

18·10

níos mó ná£8 gan bheith níos mó ná£9     ..     ..     ..

9·40

13·05

16·70

níos mó ná£9 gan bheith níos mó ná£10     ..     ..     ..

8·00

11·65

15·30

níos mó ná£10 gan bheith níos mó ná£11     ..     ..     ..

6·60

10·25

13·90

níos mó ná£11 gan bheith níos mó ná£12     ..     ..     ..

5·20

8·85

12·50

níos mó ná£12 gan bheith níos mó ná£13     ..     ..     ..

3·80

7·45

11·10

níos mó ná£13 gan bheith níos mó ná£14     ..     ..     ..

2·40

6·05

9·70

níos mó ná£14 gan bheith níos mó ná£15     ..     ..     ..

1·00

4·65

8·30

níos mó ná£15 gan bheith níos mó ná£16     ..     ..     ..

neamhní

3·25

6·90

TABLA B

Méadú i leith Cleithiúnaí Aosaithe

Acmhainn an éilitheora nó an phinsinéara

Ráta seachtainiúil an mhéadaithe

Má bhíonn acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an phinsinéara—

£

gan bheith níos mó ná £6     ..     ..

..

..

..

6·75

níos mó ná £6 gan bheith níos mó ná £7

..

..

..

6·00

níos mó ná £7 gan bheith níos mó ná £8

..

..

..

5·35

níos mó ná £8 gan bheith níos mó ná £9

..

..

..

4·55

níos mó ná £9 gan bheith níos mó ná £10

..

..

..

3·80

níos mó ná £10 gan bheith níos mó ná £11

..

..

..

3·15

níos mó ná £11 gan bheith níos mó ná £12

..

..

..

2·35

níos mó ná £12 gan bheith níos mó ná £13

..

..

..

1·65

níos mó ná £13 gan bheith níos mó ná £14

..

..

..

0·95

níos mó ná £14     ..     ..     ..     ..

..

..

..

neamhní

[EN]

[EN]

(2) Leasaítear leis seo alt 77 (5) (a cuireadh isteach le hAcht 1969) d'Acht 1952 trí “seacht bpunt agus seasca pingin nua” a chur in ionad “sé phunt agus nócha pingin nua” (a cuireadh isteach le Rialacháin 1977).

[EN]

(3) Leasaítear leis seo alt 77 (6) (a cuireadh isteach le hAcht 1977) d'Acht 1952 trí “£1.10” a chur in ionad “£1”.

[EN]

(4) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 7ú lá d'Aibreán, 1978.

[EN]

Pinsin seanaoise (modhnú ar an gcoinníoll i dtaobh cónaí).

3.—Leasaítear leis seo Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1932, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 2 (1) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1976):

[EN]

“(1) In ionad an dara coinníoll reachtúil atá i mír (2) (a aisghairtear leis an Acht seo) d'alt 2 d'Acht 1908, achtaítear leis seo go mbeidh sé ina choinníoll chun aon duine d'fháil pinsean seanaoise go sásóidh sé na húdaráis phinsin go raibh sé ina chónaí sa Stát ar feadh tréimhse nár lú ná 15 bliana san iomlán.”.

[EN]

Cúnamh dífhostaíochta (rátaí nua).

4.—(1) Déantar leis seo Sceideal A a ghabhann leis an alt seo a chur in Acht 1933 in ionad an Sceidil a ghabhann leis an Acht sin a cuireadh isteach le hAcht 1977 arna athrú le Rialacháin 1977.

[EN]

(2) D'ainneoin fho-alt (1) den alt seo—

[EN]

(a) beidh feidhm ag Sceideal B a ghabann leis an alt seo i gcás duine a ndéantar luach bliantúil aon tairbhe a fhaibhríonn chuige as talamh a úsaid, ar mó ná£10 ach nach mó ná £15 a luacháil inrátaithe agus atá á úsáid nó á shealbhú aige go pearsanta, a ríomh ina leith de réir alt 8 d'Acht 1965 agus, dá réir sin, is iad na rátaí cúnaimh dhífhostaíochta a shonraítear sa Sceideal sin na rátaí a chuirfear i gcuntas i gcás duine den sórt sin chun críocha alt 10 (3) (c) (a cuireadh isteach le hAcht 1962) d'Acht 1933, agus

[EN]

(b) Beidh feidhm i gcónaí ag an Sceideal a ghabhann le hAcht 1933 a cuireadh isteach le hAcht 1975, arna athrú leis na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Athrú sna Rátaí locaíochtaí), 1975 (I.R. Uimh. 215 de 1975), i gcás duine a ndéantar luach bliantúil aon tairbhe a fhaibhríonn chuige as talamh a úsáid, ar mó ná£15 a luacháil inrátaithe agus atá á úsáid nó á shealbhú aige go pearsanta, a ríomh ina leith de réir alt 8 d'Acht 1965 agus, dá réir sin, is iad na rátaí cúnaimh dhífhostaíochta a shonraítear sa Sceideal sin arna athrú amhlaidh na rátaí a chuirfear i gcuntas i gcás duine den sórt sin chun críocha alt 10 (3) (c) (a cuireadh isteach le hAcht 1962) d'Acht 1933.

[EN]

(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 29ú lá de Mhárta, 1978.

[EN]

SCEIDEAL A

[EN]

Na Rátaí Cúnaimh Dhífhostaíochta

Na haicmí daoine lena mbaineann na rátaí cúnaimh dhífhostaíochta atá leagtha amach sa Sceideal seo

An ráta seachtainiúil cúnaimh dhífhostaíochta a bhaineann le daoine a chónaíonn in aon limistéar uirbeach

An ráta seachtainiúil cúnaimh dhífhostaíochta a bhaineann le daoine a chónaíonn in aon áit eile

Duine gan chleithiúnaí     ..

£11·75

£11·35

Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe     ..     ..

£20·30

£19·70

Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe agus leanbh cleithiúnach amháin     ..

£23·95

£23·35

Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe agus beirt leanbh chleithiúnacha nó níos mó     ..     ..     ..

£27·60

£27·00

móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, £2·75 i leith gach leanbh cleithiúnach de bhreis ar bheirt.

móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, £2·75 i leith gach leanbh cleithiúnach de bhreis ar bheirt.

Duine ag a bhfuil leanbh cleithiúnach amháin     ..

£15·55

£15·15

Duine ag a bhfuil beirt leanbh chleithiúnacha nó níos mó     ..     ..     ..

£19·20

£18·80

móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, £2·75 i leith gach leanbh cleithiúnach de bhreis ar bheirt.

móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, £2·75 i leith gach leanbh cleithiúnach de bhreis ar bheirt.

[EN]

SCEIDEAL B

[EN]

Na Rátaí Cúnaimh Dhífhostaíochta

Na haicmí daoine lena mbaineann na rátaí cúnaimh dhífhostaíochta atá leagtha amach sa Sceideal seo

An ráta seachtainiúil cúnaimh dhífhostaíochta a bhaineann le daoine a chónaíonn in aon limistéar uirbeach

An ráta seachtainiúil cúnaimh dhífhostaíochta a bhaineann le daoine a chónaíonn in an áit eile

Duine gan chleithiúnaí     ..

£9·80

£9·40

Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe     ..     ..

£16·90

£16·40

Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe agus leanbh cleithiúnach amháin     ..

£19·90

£19·40

Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe agus beirt leanbh chleithiúnacha nó níos mó     ..     ..     ..

£22·90

£22·40

móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, £2·30 i leith gach leanbh cleithiúnach de bhreis ar bheirt.

móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, £2·30 i leith gach leanbh cleithiúnach de bhreis ar bheirt.

Duine ag a bhfuil leanbh cleithiúnach amháin     ..

£12·95

£12·55

Duine ag a bhfuil beirt leanbh chleithiúnacha nó níos mó     ..     ..     ..

£15·95

£15·55

móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, £2·30 i leith gach leanbh cleithiúnach de bhreis ar bheirt.

móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, £2·30 i leith gach leanbh cleithiúnach de bhreis ar bheirt.

[EN]

Cúnamh dífhostaíochta (deireadh leis na coinníollacha speisialta a bhaineann le mná áirithe).

5.—(1) Leasaítear leis seo alt 15 (1) d'Acht 1933 trí mhír (f) a scriosadh.

[EN]

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1978.

[EN]

Cúnamh dífhostaíochta (deireadh leis na coinníollacha speisialta a bhaineann le mná áirithe i leith a dteideal chun deimhnithe cáilíochta).

6.—Leasaítear leis seo alt 10 (3) d'Acht 1933 trí mhíreanna (e) agus (f) a scriosadh.

[EN]

Pinsin bhaintreach neamhranníocach, liúntas banchéile thréigthe, liúntas cúnaimh shóisialaigh do mháithreacha neamhhósta agus liúntas do bhanchéile príosúnaigh (rátaí nua).

7.—(1) Leasaítear leis seo alt 20 (a cuireadh isteach le hAcht 1952) d'Acht 1935 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) (a cuireadh isteach le hAcht 1977) arna athrú le Rialacháin 1977:

[EN]

“(1) (a) Is é an ráta ar dá réir a íocfar pinsean baintrí (neamhranníocach), faoi réir forálacha an Achta seo—

[EN]

(i) i gcás nach mó ná£16 acmhainn sheachtainiúil na baintrí—an ráta atá leagtha amach i dTábla B a ghabhann leis an bhfo-alt seo, agus

[EN]

(ii) i gcás inar mó ná£16 acmhainn sheachtainiúil na baintrí—an ráta ar dá réir ab iníoctha an pinsean faoi threoir an Tábla sin leis an mbaintreach dá mba mhó ná£15 ach nár mhó ná£16 a hacmhainn sheachtainiúil, lúide £1.40 i leith gach suim £1 (más ann) atá san acmhainn sheachtainiúil sin de bhreis ar £16, agus aon chodán de £1 san acmhainn sheachtainiúil sin a áireamh chun na críche sin mar £1; ach más lú ná 50 pingin nua an ráta arna ríomh de bhun na míre seo ar dá réir, murach an coinníoll seo, a bheadh an pinsean iníoctha, ní bheidh an pinsean iníoctha.

[EN]

(b) Chun críocha an fho-ailt seo, is í an acmhainn sheachtainiúil an acmhainn bhliantúil arna roinnt ar chaoga a dó.

[EN]

TABLA B

[EN]

Na Rátaí Seachtainiúla Pinsean Baintreach (Neamhranníocach)

Acmhainn na Baintrí

Baintreach, gan aon leanbh cáilithe

Baintreach, leanbh cáilithe amháin

Baintreach, beirt leanbh cháilithe nó níos mó

(1)

(2)

(3)

(4)

Má bhíonn acmhainn sheachtainiúil na baintrí—

£

£

£

gan bheith níos mó ná£6     ..

13·60

18·10

22·60

Móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh cháilithe ann, £4·50 i leith gach leanbh cáilithe de bhreis ar bheirt.

níos mó ná£6 gan bheith níos mó ná£7     ..     ..     ..

12·20

16·70

21·20

níos mó ná£7 gan bheith níos mó ná£8     ..     ..     ..

10·80

15·30

19·80

níos mó ná£8 gan bheith níos mó ná£9     ..     ..     ..

9·40

13·90

18·40

níos mó ná£9 gan bheith níos mó ná£10     ..     ..     ..

8·00

12·50

17·00

níos mó ná£10 gan bheith níos mó ná£11     ..     ..     ..

6·60

11·10

15·60

níos mó ná£11 gan bheith níos mó ná£12     ..     ..     ..

5·20

9·70

14·20

níos mó ná£12 gan bheith níos mó ná£13     ..     ..     ..

3·80

8·30

12·80

níos mó ná£13 gan bheith níos mó ná£14     ..     ..     ..

2·40

6·90

11·40

níos mó ná£14 gan bheith níos mó ná£15     ..     ..     ..

1·00

5·50

10·00

níos mó ná£15 gan bheith níos mó ná£16     ..     ..     ..

neamhní

4·10

8·60

 

[EN]

[EN]

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh, a mhéid a bhaineann sé le pinsean baintrí (neamhranníocach), an 7ú lá d'Aibreán, 1978, agus, a mhéid a bhaineann le liúntas banchéile thréigthe, le liúntas cúnaimh shóisialaigh do mháithreacha neamhphósta agus le liúntas do bhanchéile príosúnaigh, an 6ú lá d'Aibreán, 1978.

[EN]

Pinsin bhaintreach (neamhranníocach) (deireadh leis an gcoinníoll cónaí dhá bhliain).

8.—(1) Aisghairtear leis seo alt 29 (3) d'Acht 1935, arna leasú le hAcht 1961.

[EN]

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá d'Aibreán, 1978.

[EN]

Pinsin dílleachtaí (neamhranníocach) (rátaí nua).

9.—(1) Leasaítear leis seo alt 25 (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1973) d'Acht 1935 tríd an Tábla a ghabhann leis an alt seo a chur in ionad an Tábla (a cuireadh isteach le hAcht 1977 arna athrú le Rialacháin 1977) a ghabhann le fo-alt (1).

[EN]

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 7ú lá d'Aibreán, 1978.

AN TABLA

Na Rátaí Seachtainiúla Pinsean Díllfachtaí (Neamhranníocach)

Acmhainn an Dílleachta

Na Rátaí Seachtainiúla

Má bhíonn acmhainn sheachtainiúil an dílleachta—

£

gan bheith níos mó ná£1     ..

..

..

..

8·85

níos mó ná£1 gan bheith níos mó ná£2

..

..

..

7·40

níos mó ná£2 gan bheith níos mó ná£3

..

..

..

5·90

níos mó ná£3 gan bheith níos mó ná£4

..

..

..

4·45

níos mó ná£4 gan bheith níos mó ná£5

..

..

..

3·00

níos mó ná£5 gan bheith níos mó ná£6

..

..

..

1·50

níos mó ná£6     ..     ..

..

..

..

neamhní

[EN]

Liuntas do bhean shingil (rátaí nua).

10.—(1) Leasaítear leis seo alt 8 den Acht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1974, tríd an Tábla a ghabhann leis an alt seo a chur in ionad an Tábla (a cuireadh isteach le hAcht 1977 arna athrú le Rialacháin 1977) a ghabhann leis an alt sin.

[EN]

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1978.

AN TABLA

Ráta an Liúntais do Bhean Shingil

Acmhainn an Éilitheora nó an Tairbhí

An Ráta Seachtainiúil

Má bhíonn acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an tairbhí—

£

gan bheith níos mó ná£1     ..     ..     ..

..

..

..

11·75

níos mó ná£1 gan bheith níos mó ná£2

..

..

..

10·35

níos mó ná£2 gan bheith níos mó ná£3

..

..

..

8·95

níos mó ná£3 gan bheith níos mó ná£4

..

..

..

7·55

níos mó ná£4 gan bheith níos mó ná£5

..

..

..

6·15

níos mó ná£5 gan bheith níos mó ná£6

..

..

..

4·75

níos mó ná£6 gan bheith níos mó ná£7

..

..

..

3·35

níos mó ná£7 gan bheith níos mó ná£8

..

..

..

1·95

níos mó ná£8 gan bheith níos mó ná£9

..

..

..

0·55

níos mó ná£9     ..     ..     ..     ..

..

..

..

neamhní

[EN]

Liúntas (cúram) seanaoise (ráta nua).

11.—(1) Leasaítear leis seo alt 21 (1) den Acht Leasa Shóisialaigh, 1970, trí “£7.60” a chur in ionad “£6.90” (a cuireadh isteach le Rialacháin 1977).

[EN]

(2) Tiocfaidh an t-alt i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1978.

[EN]

Liúntas leasa forlíontach (rátaí nua).

12.—(1) Is iad na méideanna atá leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo na méideanna seachtainiúla is iníoctha faoi alt 10 den Acht Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leasa Forlíontacha), 1975, agus atá leagtha amach sa Tábla a ghabhann le fo-alt (1) den alt sin, arna athrú leis na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Athrú sna Rátaí Liúntais Leasa Fhorlíontaigh) (Uimh. 2), 1977 (I.R. Uimh. 318 de 1977).

[EN]

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 3ú lá d'Aibreán, 1978.

AN TABLA

Méideanna Seachtainiúla Liúntais Leasa Fhorlíontaigh

Na haicmí daoine lena mbaineann na méideanna liúntais leasa fhorlíontaigh

Méid seachtainiúil an liúntais leasa fhorlíontaigh

(1)

(2)

Duine gan chleithiúnaí     ..     ..     ..     ..     ..     ..

£11·35

Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe     ..     ..     ..

£19·70

Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe agus leanbh cleithiúnach amháin     ..     ..     ..     ..     ..     ..     ..     ..

£23·35

Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe agus beirt leanbh chleithiúnacha nó níos mó     ..     ..     ..     ..     ..     ..

£27·00

móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, £2·75 i leith gach leanbh cleithiúnach de bhreis ar bheirt.

Duine ag a bhfuil leanbh cleithiúnach amháin     ..     ..     ..

£15·15

Duine ag a bhfuil beirt leanbh cleithiúnacha nó níos mó     ..

£18·80

móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, £2·75 i leith gach leanbh cleithiúnach de bhreis ar bheirt.

[EN]

Liúntas leasa forlíontach (leathnú ar bhrí “cleithiúnaí aosaithe”).

13.—(1) Cuirtear leis seo an méid seo a leanas in ionad mhír (c) d'alt 10 (2) den Acht Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leasa Forlíontacha), 1975:

[EN]

“(c) i gcás duine singil, baintreach, baintreach fir nó duine atá ag fáil liúntas banchéile thréigthe nó sochar banchéile thréigthe faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1978, bean (is duine a bhfuil 16 bliana d'aois slán aici) a bhfuil leanbh cleithiúnach nó leanaí cleithiúnacha dá chuid nó dá cuid faoina cúram agus atá á cothabháil go hiomlán nó go formhór aige nó aici;”.

[EN]

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 3ú lá d'Aibreán, 1978.

[EN]

Sochair árachais shóisialaigh (rátaí nua).

14.—(1) Leasaítear leis seo an Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 tríd an gCuid seo a leanas a chur in ionad Chuid I (a cuireadh isteach le hAcht 1977 arna athrú le Rialacháin 1977):

[EN]

“CUID I

[EN]

Rátaí na Sochar Tréimhsiúil agus na Méaduithe Orthu

An Cineál Sochair

An Ráta Seachtainiúil

Méadú i leith cleithiúnaí aosaithe (más iníoctha)

Méadú i leith linbh cháilithe nó i leith gach duine de bheirt leanbh cháilithe (más iníoctha)

Méadú i leith gach leanbh cáilithe de bhreis ar bheirt (más iníoctha)

Méadú i leith cleithiúnaí aosaithe faoi alt 26 (4) (más iníoctha)

(1)

(2)

(3)

(4)

(5)

(6)

£

£

£

£

£

1. Sochar Míchumais agus Sochar Dífhostaíochta:

(a) i gcás daoine os cionn ocht mbliana déag d'aois—

(i) fear, bean shingil nó baintreach, bean phósta a chónaíonn ar leithligh óna fearchéile agus nach bhféadann aon chúnamh airgid a fháil uaidh nó bean phósta a bhfuil teideal aici chun méadú i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe nó i leith fearchéile

..

14·35

9·35

4·15

3·40

--

(ii) aon bhean phósta eile

..

12·50

--

--

--

--

(b) i gcás daoine faoi bhun ocht mbliana déag d'aois—

(i) ma tá teideal ag an duine chun méadú i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe nó i leith cleithiúnaí aosaithe

..

..

14·35

9·35

4·15

3·40

--

(ii) mura bhfuil teideal den sórt sin ag an duine

..

..

12·50

--

--

--

--

2. Pinsean Easláine:

(a) fear, bean shingil nó baintreach, bean phósta a chónaíonn ar leithligh óna fearchéile agus nach bhféadann aon chúnamh airgid a fháil uaidh nó bean phósta a bhfuil teideal aici chun méadú i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe nó i leith fearchéile

..

14·35

9·35

4·15

3·40

7·60

(b) aon bhean phósta eile

..

..

12·50

--

--

--

7·60

3. Liúntas Máithreachais

..

..

14·35

--

--

--

--

4. Pinsean Baintrí (Ranníocach):

(a) i gcás daoine faoi bhun ochtó bliain d'aois

..

..

..

14·60

--

4·90

4·90

7·60

(b) in aon chás eile

..

..

..

15·75

--

4·90

4·90

7·60

5. Sochar Banchéile Thréigthe

..

14·60

--

4·90

4·90

7·60

6. Liúntas Dílleachta (Ranníocach)

..

10·60

--

--

--

--

7. Pinsean Scoir agus Pinsean Seanaoise (Ranníocach):

(a) i gcás daoine faoi bhun ochtó bliain d'aois

..

..

..

16·05

10·25

4·15

3·40

7·60

(b) in aon chás eile

..

..

..

17·05

10·25

4·15

3·40

7·60

(c) méadú breise i leith cleithiúnaí aosaithe a bhfuil aois inphinsin slánaithe aige

..

..

..

--

1·85

--

--

--

[EN]

[EN]

(2) Leasaítear leis seo alt 14 (2) d'Acht 1977 trí “£1.10” a chur in ionad “£1”.

[EN]

(3) Leasaítear leis seo an Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad Chuid II (a cuireadh isteach le hAcht 1965):

[EN]

“CUID II

[EN]

Méid na nDeontas

An Cineál Deontais

An Méid

(1)

(2)

£

1. Deontas Máithreachais     ..     ..     ..     ..     ..     ..     ..

8

2. Deontas Báis:

(a) i gcás ar leanbh cáilithe faoi bhun cúig bliana d'aois an duine éagtha     ..     ..     ..     ..     ..     ..     ..     ..

10

(b) i gcás ar aon leanbh cáilithe eile an duine éagtha     ..     ..

30

(c) in aon chás eile     ..     ..     ..     ..     ..     ..     ..

50

[EN]

(4) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh—

[EN]

(a) a mhéid a bhaineann sé le sochar míchumais, le sochar dífhostaíochta, le liúntas máithreachais, le deontas máithreachais agus le deontas báis—an 3ú lá d'Aibreán, 1978,

[EN]

(b) a mhéid a bhaineann sé le sochar banchéile thréigthe, le pinsean easláine agus le pinsean scoir—an 6ú lá d'Aibreán, 1978, agus

[EN]

(c) a mhéid a bhaineann sé le pinsean seanaoise (ranníocach), le pinsean baintrí (ranníocach) agus le liúntas dílleachta (ranníocach)—an 7ú lá d'Aibreán, 1978.

[EN]

Sochar dífhostaíochta (méadú ar rátaí áirithe).

15.—(1) Leasaítear leis seo alt 5 (2) den Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1967, tríd an Tábla a ghabhann leis an alt seo a chur in ionad an Tábla (a cuireadh isteach le hAcht 1977 arna athrú le Rialacháin 1977) a ghabhann leis an alt sin.

[EN]

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 3ú lá d'Aibreán, 1978.

AN TABLA

An Aicme Duine

An Ráta Seachtainiúil

Méadú i leith cleithiúnaí aosaithe (más iníoctha)

Méadú i leith linbh cháilithe nó i leith gach duine de bheirt leanbh cháilithe (más iníoctha)

Méadú i leith gach leanbh cáilithe de bhreis ar bheirt (más iníoctha)

(1)

(2)

(3)

(4)

(5)

£

£

£

£

Duine atá i dteideal méadú i leith linbh cháilithe ach nach bhfuil i dteideal méadú i leith cleithiúnaí aosaithe     ..

11·90

--

3·65

2·75

Aon duine eile     ..

11·75

8·55

3·65

2·75

[EN]

Leathnú ar an míniú ar “dílleachta” in Acht 1935 agus in Acht 1952.

16.—(1) Leasaítear leis seo alt 3 (1) d'Acht 1935 agus alt 2 (1) d'Acht 1952 tríd an méid seo a leanas a chur leis an míniú ar “dílleachta” (a cuireadh isteach in Acht 1935 le hAcht 1952)—

[EN]

“nó

[EN]

(c) leanbh cáilithe a bhfuair a mháthair bás le linn liúntas banchéile thréigthe nó sochar banchéile thréigthe a bheith iníoctha léi faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1978, agus nach bhfuil a athair á chothabháil go hiomlán nó go formhór;”.

[EN]

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an lú lá d'Aibrean, 1978

[EN]

Ranníocaí fostaíochta (rátaí nua).

17.—(1) (a) Leasaítear leis seo mar a leanas an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1952: in ionad an ráta ranníoca atá sonraithe i ngach mír a luaitear i gcolún (1) den Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo cuirfear an ráta atá sonraithe i gcolún (2) den Tábla sin os coinne an lua sin i gcolún (1).

[EN]

(b) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 3ú lá d'Aibreán, 1978.

AN TABLA

An mhír den Dara Sceideal

An Ráta Ranníoca

(1)

(2)

£

Mír 1 (a):

(i) i gcás fear-ranníocóra fhostaithe

..

..

..

2·69

(ii) i gcás ban-ranníocóra fhostaithe

..

..

..

2·63

Mír 1 (b):

(i) i gcás fear-ranníocóra fhostaithe

..

..

..

4·61

(ii) i gcás ban-ranníocóra fhostaithe

..

..

..

4·59

Mír 2 (a)

..

..

..

..

..

..

..

..

2·57

Mír 2 (b)

..

..

..

..

..

..

..

..

4·47

Mír 2A (a)

..

..

..

..

..

..

..

..

2·43

Mír 2A (b)

..

..

..

..

..

..

..

..

4·45

Mír 3 (a)

..

..

..

..

..

..

..

..

2·14

Mír 3 (b)

..

..

..

..

..

..

..

..

3·76

Mír 3A (a)

..

..

..

..

..

..

..

..

2·62

Mír 3A (b)

..

..

..

..

..

..

..

..

4·87

Mír 4 (a)

..

..

..

..

..

..

..

..

0·54

Mír 4 (b)

..

..

..

..

..

..

..

..

0·92

Mír 5 (b)

..

..

..

..

..

..

..

..

0·92

Mír 6 (a)

..

..

..

..

..

..

..

..

2·60

Mír 6 (b)

..

..

..

..

..

..

..

..

4·59

Mír 7 (a)

..

..

..

..

..

..

..

..

2·74

Mír 7 (b)

..

..

..

..

..

..

..

..

4·82

Mír 8 (a)

..

..

..

..

..

..

..

..

2·14

Mír 8 (b)

..

..

..

..

..

..

..

..

3·76

[EN]

(2) (a) Déanfar ranníoc fostaíochta is iníoctha de réir ráta a shonraítear i mír 1 (a), 2 (a), 2A (a), 3 (a), 3A (a), 6 (a), 7 (a) nó 8 (a) den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1952, arna leasú le fo-alt (1) den alt seo, a laghdú£1.16, agus déanfar ranníoc fostaíochta is iníoctha de réir ráta a shonraítear i mír 1 (b), 2 (b), 2A (b), 3 (b), 3A (b), 6 (b), 7 (b) nó 8 (b) den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1952, arna leasú le fo-alt (1) den alt seo, a laghdú £0.34, i gcás an ranníoc a bheith iníoctha i leith tréimhse fostaíochta—

[EN]

(i) ar lú na £50 sa tseachtain an luach saothair is iníoctha ina leith, nó

[EN]

(ii) nach bhfuil aon luach saothair iníoctha in leith.

[EN]

(b) Chun críocha an fho-alt seo, ciallaíonn “luach saothair” díolaíochtaí airgid de chuid ranníocóra fhostaithe is inchurtha faoi cháin ioncaim faoin Acht Cánach Ioncaim, 1967, arna laghdú de mhéid aon ranníoc i leith ciste nó scéime aoisliúntais is iníoctha ag an ranníocóir fostaithe agus is inbhainte ag an bhfostóir as díolaíochtaí an ranníocóra fhostaithe, i gcás an ranníoc sin a bheith, de bhua alt 222 nó 233 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, nó de bhua alt 16, 17 nó 25 den Acht Airgeadais, 1972, inlamhála mar asbhaint as na díolaíochtaí sin chun críocha measúnachta faoin Acht Cánach Ioncaim, 1967.

[EN]

(c) Cúlghairtear leis seo na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Rátaí Ranníocaí a Athrú), 1977 (I.R. Uimh. 374 de 1977).

[EN]

(d) Tiocfaidh an fo-alt seo i ngníomh an 3ú lá d'Aibreán, 1978.

[EN]

(3) (a) Déanfar na rátaí ranníoca fostaíochta is iníoctha faoi mhíreanna 1, 2, 2A, 3A, 6 agus 7 den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1952, arna leasú le fo-ailt (1) agus (2) den alt seo, a mhéadú mar a leanas: cuirfear leis an ráta ranníoca a shonraítear i ngach mír a luaitear i gcolún (1) den Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo an ráta a shonraítear i gcolún (2) den Tábla sin os coinne an lua sin i gcolún (1).

[EN]

(b) Beidh feidhm ag an bhfo-alt seo sa tréimhse dar tosach an 3ú lá d'Aibreán, 1978, agus dar críoch an lú lá d'Aibreán, 1979.

AN TABLA

An mhír den Dara Sceideal

An Ráta Ranníoca

(1)

(2)

£

Mír 1 (a)

(i) i gcás fear-ranníocóra fhostaithe

..

..

..

0·10

(ii) i gcás ban-ranníocóra fhostaithe

..

..

..

0·10

Mír 1 (b):

(i) i gcás fear-ranníocóra fhostaithe

..

..

..

0·21

(ii) i gcás ban-ranníocóra fhostaithe

..

..

..

0·21

Mír 2 (a)

..

..

..

..

..

..

..

..

0·10

Mír 2 (b)

..

..

..

..

..

..

..

..

0·21

Mír 2A (a)

..

..

..

..

..

..

..

..

0·10

Mír 2A (b)

..

..

..

..

..

..

..

..

0·21

Mír 3A (a)

..

..

..

..

..

..

..

..

0·10

Mír 3A (b)

..

..

..

..

..

..

..

..

0·21

Mír 6 (a)

..

..

..

..

..

..

..

..

0·10

Mír 6 (b)

..

..

..

..

..

..

..

..

0·21

Mír 7 (a)

..

..

..

..

..

..

..

..

0·10

Mír 7 (b)

..

..

..

..

..

..

..

..

0·21

[EN]

Ranníocaí saorálacha (rátaí nua).

18.—(1) Leasaítear leis seo alt 6 d'Acht 1952 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) (a cuireadh isteach le hAcht 1977):

[EN]

“(2) Is ranníocaí seachtainiúla ranníocaí saorálacha agus beidh siad le híoc ag ranníocóirí saorálacha atá faoi bhun aoise inphinsin de réir, i gcás fear-ranníocóirí saorálacha agus i gcás banranníocóirí saorálacha—

[EN]

(a) £1.46 in aghaidh gach seachtain ranníoca i gcás ina raibh siad, díreach roimh scor de bheith ina ranníocóirí fostaithe, ar fostú inárachaithe i bhfostaíocht nach bhfuil na ranníocaí fostaíochta is iníoctha ina leith inríofa chun críocha pinsin seanaoise (ranníocach), agus

[EN]

(b) £3.76 in aghaidh gach seachtain ranníoca i gcás ina raibh siad, díreach roimh scor de bheith ina ranníocóirí fostaithe, ar fostú inárachaithe i bhfostaíocht a bhfuil na ranníocaí fostaíochta is iníoctha ina leith inríofa chun críocha pinsin seanaoise (ranníocach).”.

[EN]

(2) Is é ráta seachtainiúil ranníoca shaorálaigh is iníoctha ag duine lena mbaineann alt 17 d'Acht 1975 £2.30 i gcás fear-ranníocóirí saorálacha agus i gcás ban-ranníocóirí saorálacha.

[EN]

(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 3ú lá d'Aibreán, 1978.

[EN]

Sochair dhíobhálacha ceirde (rátaí nua sochar agus ranníocaí).

19.—(1) Déantar leis seo gach ráta (a cuireadh isteach le hAcht 1977 arna athrú le Rialacháin 1977) den sochar díobhálacha ceirde in Acht 1966 a luaitear i gcolún (1) den Tábla a ghabhann leis an alt seo a mhéadú tríd an ráta a shonraítear i gcolún (2) den Tábla sin os coinne an lua sin i gcolún (1) a chur in ionad an ráta sin.

[EN]

(2) Leasaítear leis seo ailt 36 (2) (b) agus 36 (3) d'Acht 1966 trí “19p” a chur in ionad “14p” (a cuireadh isteach le hAcht 1976) agus trí “16p” a chur in ionad “11p” (a cuireadh isteach le hAcht 1976).

[EN]

(3) Faoi réir fho-alt (4) den alt seo, tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 3ú lá d'Aibreán, 1978.

[EN]

(4) Tiocfaidh na méaduithe dá bhforáiltear le fo-alt (1) den alt seo, a mhéid a bhaineann siad le hailt 17 (2), 18 (2), 18 (3), 19, 20 agus 21 (2) d'Acht 1966, i ngníomh an 7ú lá d'Aibreán, 1978.

An ráta sochair dhíobhálacha ceirde in Acht 1966

An ráta méadaithe

(1)

(2)

£14·30

in alt 8 (3) (a)

..

..

..

..

..

£15·70

£18·30

  ,,   ,,   8 (3) (b)

..

..

..

..

..

£20·10

£1,260·00

  ,,   ,,   9 (7) (a)

..

..

..

..

..

£1,390·00

£18·30

i dTábla I a ghabhann le halt 9 (8)

..

..

£20·10

£16·47

  ,,         ,,        ,,      ,,   ,,   ,,   ,,

..

..

£18·09

£14·64

  ,,         ,,         ,,      ,,   ,,   ,,   ,,

..

..

£16·08

£12·81

  ,,         ,,         ,,      ,,   ,,   ,,   ,,

..

..

£14·07

£10·98

  ,,         ,,         ,,      ,,   ,,   ,,   ,,

..

..

£12·06

£9·15

  ,,         ,,         ,,      ,,   ,,   ,,   ,,

..

..

£10·05

£7·32

  ,,         ,,         ,,      ,,   ,,   ,,   ,,

..

..

£8·04

£5·49

i dTábla I a ghabhann le halt 9 (8)

..

..

£6·03

£3·66

  ,,         ,,         ,,      ,,   ,,   ,,   ,,

..

..

£4·02

£14·30

i dTábla II a ghabhann le halt 9 (8)

..

..

£15·70

£12·87

  ,,         ,,         ,,      ,,   ,,   ,,   ,,

..

..

£14·13

£11·44

  ,,         ,,         ,,      ,,   ,,   ,,   ,,

..

..

£12·56

£10·01

  ,,         ,,         ,,      ,,   ,,   ,,   ,,

..

..

£10·99

£8·58

  ,,         ,,         ,,      ,,   ,,   ,,   ,,

..

..

£9·42

£7·15

  ,,         ,,         ,,      ,,   ,,   ,,   ,,

..

..

£7·85

£5·72

  ,,         ,,         ,,      ,,   ,,   ,,   ,,

..

..

£6·28

£4·29

  ,,         ,,         ,,      ,,   ,,   ,,   ,,

..

..

£4·71

£2·86

  ,,         ,,         ,,      ,,   ,,   ,,   ,,

..

..

£3·14

£3·66

in alt 9 (9) (b) (ii)

..

..

..

..

..

£4·02

£2·86

 ,,  ,,  ,,  ,,   ,,   ,,

..

..

..

..

..

£3·14

£8·50

in alt 10 (1)

..

..

..

..

..

£9·35

£3·75

 ,,  ,,  11 (1)

..

..

..

..

..

£4·15

£3·10

 ,,  ,,   ,,   ,,

..

..

..

..

..

£3·40

£11·35

 ,,  ,,  12 (1) (a)

..

..

..

..

..

£12·50

£13·05

 ,,  ,,  12 (1) (b)

..

..

..

..

..

£14·35

£6·90

 ,,  ,,  13 (1)

..

..

..

..

..

£7·60

£13·80

 ,,  ,,   ,,   ,,

..

..

..

..

..

£15·20

£14·30

in alt 15 (1) (a) (i)

..

..

..

..

£15·70

£18·30

 ,,  ,, 15 (1) (a) (ii)

..

..

..

..

£20·10

£17·15

 ,,  ,, 17 (2) agus 18 (2)

..

..

..

..

£18·85

£893·00

 ,,  ,, 18 (3)

..

..

..

..

..

£982·00

£4·45

 ,,  ,, 19 gach áit a bhfuil sé

..

..

..

£4·90

£7·60

 ,,  ,, 20  ,,   ,,   ,,      ,,   ,,

..

..

..

£8·35

£17·15

 ,,  ,,       ,,   ,,   ,,      ,,   ,,

....

..

..

£18·85

£10·30

 ,,  ,, 21 (2)

..

..

..

..

..

£11·30

£100·00

 ,,  ,, 22 gach áit a bhfuil se

..

..

..

..

£115·00

£2·86

 ,,  ,, 25 (3) (a)

..

..

..

..

..

£3·14

£3·66

 ,,  ,, 25 (3) (b)

..

..

..

..

..

£4·02

[EN]

Díobhálacha ceirde (méadú speisialta do phinsinéirí a chónaíonn ina n-aonar).

20.—(1) Leasaítear leis seo alt 20 (1) d'Acht 1977 trí “£1.10” a chur in ionad “£1”.

[EN]

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 7ú lá d'Aibreán, 1978.

[EN]

Cumhacht pinsean seanaoise a íoc fad a bheidh cinntí áirithe ar feitheamh, ar chinneadh ó oifigeach leasa shóisialaigh.

21.—D'ainneoin aon ní in Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1978, i gcás arb é tuairim oifigigh leasa shóisialaigh go bhfuil na coinníollacha reachtúla comhlíonta chun pinsean seanaoise a fháil, féadfar an pinsean sin a íoc de réir ráta a shonróidh an t-oifigeach gan dochar d'aon chinneadh dá éis sin i ndáil leis an bpinsean sin (nó le ráta an phinsin) ó choiste pinsin áitiúil nó ó oifigeach achomhairc.

[EN]

Deireadh leis an gcumhacht ró-íocaíochtaí pinsin seanaoise a ghnothú trí asbhaint as íocaíochtaí atá dlite do dhuine eile.

22.—Aisghairtear leis seo alt 20 d'Acht 1961, ina bhfuil foráil le méideanna pinsin seanaoise a ró-íocadh a ghnóthú trí asbhaint as íocaíochtaí atá dlite do dhaoine eile.

[EN]

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

23.—(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1978, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Déanfar an tAcht seo—

[EN]

(a) a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1977, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus féadfar Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1978, a ghairm díobh le chéile,

[EN]

(b) a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1977, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1978, a ghairm díobh le chéile,

[EN]

(c) a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1977, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1978, a ghairm díobh le chéile, agus

[EN]

(d) a mhéid a leasaíonn agus leathnaíonn sé na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1977, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1978, a ghairm díobh le chéile.


Na hAchtanna da dTagraítear

Old Age Pensions Act, 1908

1908, c. 40.

Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1932

1932, Uimh. 18.

An tAcht um Chongnamh Dhíomhaointis, 1933

1933, Uimh. 46.

An tAcht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935

1935, Uimh. 29.

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1952

1952, Uimh. 11.

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1960

1960, Uimh. 28.

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1961

1961, Uimh. 22.

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1962

1962, Uimh. 17.

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1965

1965, Uimh. 20.

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966

1966, Uimh. 16.

An tAcht Cánach Ioncaim, 1967

1967, Uimh. 6.

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1967

1967, Uimh. 18.

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1969

1969, Uimh. 19.

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1970

1970, Uimh. 12.

An tAcht Airgeadais, 1972

1972, Uimh. 19.

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1973

1973, Uimh. 10.

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1974

1974, Uimh. 14.

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1975

1975, Uimh. 1.

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leasa Forlíontacha), 1975

1975, Uimh. 28.

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1976

1976, Uimh. 6.

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1976

1976, Uimh. 28.

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1977

1977, Uimh. 3.