[EN]

Uimhir 28 de 1976


[EN]

AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (UIMH. 2), 1976

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHTANNA NA bPINSEAN SEANAOISE, 1908 GO 1976, ACHT NA LEABHAR PINSEAN (TOIRMEASC AR AISTRIÚ), 1932, NA nACHTANNA UM CHÚNAMH DÍFHOSTAÍOCHTA, 1933 GO 1976, NA nACHTANNA UM PINSIN DO BHAINTREACHA AGUS DO DHÍLLEACHTAÍ, 1935 GO 1976, NA nACHTANNA ÁRACHAIS (BREAC-DHÍFHOSTAÍOCHT), 1942 AGUS 1963, NA nACHTANNA LEASA SHÓISIALAIGH (LIÚNTAIS LEANAÍ), 1944 GO 1975, AGUS NA nACHTANNA LEASA SHÓISIALAIGH, 1952 GO 1976, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS AN gCÉANNA. [12 Iúil, 1976] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

Mínithe.

1942, Uimh. 7.

1952, Uimh. 11.

1.—San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “Acht 1942” An tAcht Arachais (Breac-Dhíomhaointeas), 1942;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1952” An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1952.

[EN]

Leasú ar alt 44 d'Acht 1952.

2.—Leasaítear leis seo alt 44 d'Acht 1952, a bhaineann le hachomhairc agus le tarchur achomharc chun oifigeach achomhairc faoin Acht sin, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (9):

[EN]

“(9) Duine dar tugadh fógra faoi fho-alt (7) den alt seo agus a dhiúltóidh nó a fhailleoidh go toiliúil teacht i láthair de réir an fhógra nó, ar bheith i láthair amhlaidh, a dhiúltóidh fianaise a thabhairt nó a dhiúltóidh nó a mhainneoidh go toiliúil aon doiciméad lena mbaineann an fógra a thabhairt ar aird, beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hacomair dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur air.”.

[EN]

Leasú ar alt 49 d'Acht 1952.

1973, Uimh. 2.

3.—Leasaítear leis seo alt 49 d'Acht 1952 (arna leasú leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Sochar Pá-Choibhneasa), 1973), a bhaineann le cumhachtaí cigirí faoin Acht sin, trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (4) agus (6), faoi seach:

[EN]

“(4) Duine ar bith—

[EN]

(a) a mhoilleoidh nó a bhacfaidh cigire go toiliúil agus é ag feidhmiú aon chumhachta faoin alt seo, nó

[EN]

(b) a dhiúltóidh nó a fhailleoidh aon cheist a fhreagairt nó aon eolas a thabhairt nó aon doiciméad a thabhairt ar aird nuair a cheanglófar air sin a dhéanamh faoin alt seo, nó

[EN]

(c) a dhéanfaidh aon duine a cheilt nó a chosc, nó a fhéachfaidh le haon duine a cheilt nó a chosc, ar láithriú os comhair duine a bheidh ceaptha faoin alt seo, nó ar a scrúdú ag duine den sórt sin,

[EN]

beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus dlífear—

[EN]

(i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó

[EN]

(ii) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £2,000 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air,

[EN]

ach ní bheidh ceangal faoin alt seo ar dhuine ar bith aon cheist a fhreagairt ná aon fhianaise a thabhairt a d'inchoireodh é féin.

[EN]

(6) Is iad na háitribh agus na háiteanna a fhéadfar a iniúchadh faoin alt seo aon áitribh nó áiteanna a bhfuil cúis réasúnach ag cigire a chreidiúint go bhfuil nó go raibh aon daoine ar fostú iontu agus aon áitribh nó áiteanna a bhfuil cúis réasúnach ag cigire a chreidiúint go bhfuil aon chártaí árachais nó aon doiciméid eile a bhaineann le daoine ar fostú á gcoimeád iontu.”.

[EN]

Leasú ar alt 52 d'Acht 1952.

1961, Uimh. 22.

1971, Uimh. 16.

4.—Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 52 d'Acht 1952 (arna leasú leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1961, agus leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1971), ina bhfuil forálacha ginearálta maidir le cionta faoin Acht sin:

[EN]

“52.—(1) (a) Duine ar bith—

[EN]

(i)  a cheannóidh, a dhíolfaidh nó a thairgfidh le díol, a ghlacfaidh nó a thabharfaidh ar malairt, nó a gheallearbfaidh nó a ghlacfaidh ar geallearbadh aon chárta árachais nó aon stampa árachais úsáidte, nó

[EN]

(ii)  a ghreamóidh aon stampa árachais úsáidte d'aon chárta árachais, nó

[EN]

(iii) a ghreamóidh aon stampa brionnaithe nó góchumtha d'aon chárta árachais,

[EN]

beidh sé ciontach i gcion.

[EN]

(b) Duine ar bith, chun aon sochar nó íocaíocht eile a fháil faoin Acht seo, dó féin nó do dhuine éigin eile, nó chun aon chríche a bhaineann leis an Acht seo—

[EN]

(i)  a dhéanfaidh go feasach aon ráiteas bréagach nó uiríoll bréagach nó a cheilfidh go feasach aon fhíoras ábhartha, nó

[EN]

(ii)  a thabharfaidh ar aird nó a sholáthróidh, nó a chuirfidh faoi deara nó a cheadóidh go feasach go dtabharfar ar aird nó go soláthrófar, aon doiciméad nó eolas is eol dó a bheith bréagach i bponc ábhartha,

[EN]

beidh sé ciontach i gcion.

[EN]

(c) Má chabhraíonn nó má neartaíonn duine ar bith le fostaí dá chuid, nó má chomhairlíonn dó nó má thugann air, aon chion faoi mhír (a) nó (b) den fho-alt seo a dhéanamh, nó má chomhcheilgeann sé leis an bhfostaí chun an fostaí do dhéanamh aon chiona den sórt sin.

[EN]

beidh an duine sin ciontach i gcion.

[EN]

(d) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo dlífear—

[EN]

(i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin lé chéile, a chur air, nó

[EN]

(ii) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £2,000 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

[EN]

(e) In aon imeachtaí faoin bhfo-alt seo maidir le stampaí árachais úsáidte, measfar go ndearnadh stampa árachais a úsáid má greamaíodh de chárta árachais é nó má cealaíodh nó má aghloiteadh in aon slí é, agus cibé acu a úsáideadh nó nár úsáideadh é iarbhír chun ranníoc a íoc.

[EN]

(f) (i) Aon duine a chiontófar i gcion faoin bhfo-alt seo maidir le sochar seachas liúntas ranníocach dílleachta, sochar máithreachais, deontas báis, nó sochar báis faoi alt 21 nó 22 den Acht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966, beidh sé dícháilithe chun an sochar sin a fháil go ceann tréimhse sé mhí díreach tar éis dáta an chiontaithe.

[EN]

(ii) Ní bheidh éifeacht le fomhír (i) den mhír seo maidir le cion (seachas cion a bhaineann le sochar dífhostaíochta) a rinneadh sular ritheadh an tAcht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1976.

[EN]

(2) (a) Má mhainníonn aon fhostóir aon ranníoc fostaíochta a íoc am forordaithe nó laistigh d'am forordaithe a bheidh dlite de faoin Acht seo a íoc, beidh sé ciontach i gcion.

[EN]

(b) Má dhéanann aon fhostóir iomlán aon ranníoca fostóra, nó aon chuid de ranníoc fostóra, i leith duine a bhaint as luach saothair an duine sin, nó má fhéachann sé leis sin a dhéanamh, beidh an fostóir ciontach i gcion.

[EN]

(c) Má dhéanann aon fhostóir asbhaint as luach saothair duine i leith aon ranníoc fostaíocta a dhlíonn an fostóir faoin Acht seo a íoc agus go mainneoidh sé an ranníoc fostaíochta a ndearnadh an asbhaint ina leith a íoc am forordaithe nó laistigh d'am forordaithe, beidh an fostóir ciontach i gcion.

[EN]

(d) Duine a bheidh ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo dlífear—

[EN]

(i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó

[EN]

(ii) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £2,000 nó cibé suim ar cóimhéid le dhá oiread na suime a bheidh gan íoc nó asbhainte amhlaidh, cibé acu is mó, nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

[EN]

(3) Féadfar foráil a dhéanamh le rialacháin i dtaobh cionta is sárú nó neamhchomhlíonadh rialachán agus go ndéanfar, de rogha na cúirte—

[EN]

(a) i gcás duine a chiontú go hachomair i gcionta den sórt sin, fíneáil nach mó a méid sonraithe ná £500, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó

[EN]

(b) i gcás duine a chiontú ar díotáil i gcionta sórt sin, fíneáil nach mó a méid sonraithe ná £2,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, mar aon, i gcás ciona leanúnaigh, le fíneáil bhreise den sórt sin i leith gach lae a leanfar den chion, a chur air.

[EN]

(4) (a) I gcás fostóir a chiontú faoin alt seo sa chion gur mhainnigh sé aon ranníocaí fostaíochta a íoc a dhlitear de faoin Acht seo a íoc, dlífidh sé suim a íoc leis an gCiste ar cóimhéid leis an tsuim a mhainnigh sé amhlaidh a íoc agus, ar chiontú den sórt sin, má rinneadh fógra i dtaobh é a bheith beartaithe sin a dhéanamh a sheirbheáil leis an toghairm nó leis an mbarántas, féadfar fianaise a thabhairt gur mhainnigh an fostóir ranníocaí fostaíochta eile a íoc i leith an duine chéanna i rith na dtrí bliana roimh an dáta a tugadh an fhaisnéis amhlaidh, agus ar an mainneachtain sin a bheith cruthaithe féadfaidh an chúirt a ordú don fhostóir suim a íoc leis an gCiste ar cóimhéid le hiomlán na ranníocaí fostaíochta go léir a mbeidh cruthaithe air amhlaidh gur mhainnigh sé iad a íoc, agus áireofar ar cheart an fhostóra achomharc a dhéanamh in aghaidh an chiontaithe faoin alt ceart achomharc a dhéanamh in aghaidh ordaithe den sórt sin.

[EN]

(b) Aon suim a íocfaidh fostóir faoin bhfo-alt seo déileálfar léi mar íocaíocht do shásamh na ranníocaí fostaíochta neamhíoctha, agus ní fhéadfaidh an fostóir cuid an duine árachaithe de na ranníocaí fostaíochta sin a ghnóthú ón duine árachaithe.

[EN]

(5) Ní dhéanfar aon ní san alt seo ná aon ní i rialacháin faoin alt seo a fhorléiriú mar ní a choisceann ar an Aire aon suimeanna atá dlite don Chiste a ghnóthú trí imeachtaí sibhialta.”.

[EN]

Síneadh ar an tréimhse chun ionchúisimh áirithe a thionscnamh.

5.—(1) D'ainneoin aon fhoráil in aon Acht a shonraíonn an tréimhse ar féidir imeachtaí a thionscnamh lena linn, féadfar ionchúiseamh i leith cion faoi aon cheann de na hAchtanna a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi réim, nó d'fheidhmiú forálacha, aon cheann de na hAchtanna sin a thionscnamh tráth ar bith laistigh de cibé tréimhse díobh seo a leanas is deireanaí a rachaidh in éag—

[EN]

(a) an tréimhse trí mhí dar tosach an dáta a dheimhneofar i scríbhinn arna séalú le séala oifigiúil an Aire Leasa Shóisialaigh gur tháinig fianaise ar dheis nó i seilbh an Aire sin ba leor le gur cheart an t-ionchúiseamh sin a thionscnamh, nó

[EN]

(b) an tréimhse dhá bhliain dar tosach an dáta a rinneadh an cion.

[EN]

(2) Is iad na hAchtanna sonraithe dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo—

[EN]

(a) Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1976,

[EN]

(b) na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1976,

[EN]

(c) na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1976,

[EN]

(d) na hAchtanna Arachais (Breac-Dhífhostaíocht), 1942 agus 1963,

[EN]

(e) na hAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1975,

[EN]

(f) na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1976.

[EN]

Cionta agus imeachtaí a bhaineann le comhlachtaí corpraithe.

6.—(1) Má dhéanann comhlacht corpraithe cion faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1976, nó faoi na hAchtanna Arachais (Breac-Dhífhostaíocht), 1942 go 1976, nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi na hAchtanna sin, bheidh gach duine a bhí, tráth déanta an chiona, ina stiúrthóir nó ina bhainisteoir, nó ina rúnaí nó ina oifigeach eile don chomhlacht corpraithe, nó a d'airbheartaigh bheith ag gníomhú in aon cháil díobh sin, ciontach freisin sa chion sin.

[EN]

(2) Is cosaint mhaith ar ionchúiseamh i leith cion faoin alt seo do dhuine a shuíomh gur gan fhios dó a rinneadh an cion agus go ndearna sé gach dícheall ba chóir dó a dhéanamh chun an cion a chosc, ag féachaint dá phost mar stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile agus do na himthosca go léir.

[EN]

(3) Aon toghairm nó doiciméad eile is gá chun críche imeachtaí faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1976, nó faoi na hAchtanna Arachais (Breac-Dhífhostaíocht), 1942 go 1976, a sheirbheáil ar chomhlacht corpraithe féadfar an céanna a sheirbheáil—

[EN]

(a) trína fhágáil in oifig chláraithe an chomhlachta chorpraithe nó trína chur leis an bpost go dtí an oifig sin,

[EN]

(b) trína fhágáil in aon áit sa Stát ina ndéanann an comhlacht corpraithe gnó nó trína chur leis an bpost go dtí an áit sin, nó

[EN]

(c) trína chur leis an bpost chuig aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile don chomhlacht corpraithe nó a airbheartaíonn a bheith ag gníomhú in aon cháil díobh sin san áit a gcónaíonn an duine sin.

[EN]

Foirceannadh agus féimheacht.

1889, c. 60.

1963, Uimh. 33.

7.—(1) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn “Acht 1889” an Preferential Payments in Bankruptcy (Ireland) Act, 1889;

[EN]

tá le “ranníoc fostaíochta” an bhrí a shanntar dó le hAcht 1952.

[EN]

(2) Aon suim—

[EN]

(a) a bhainfidh fostóir as luach saothair fostaí dá chuid i leith ranníoc fostaíochta a bheidh dlite den fhostóir, nó

[EN]

(b) a bhainfidh fostóir as luach saothair fostaí dá chuid agus a bhainfear as amhlaidh faoi alt 20 d'Acht 1942 i leith ranníoca sheachtainiúil faoi Acht 1942, agus

[EN]

(c) a bheidh gan íoc ag an bhfostóir i leith ceachtar cineál de na ranníocaí sin—

[EN]

ní bheidh an tsuim sin ina cuid de shócmhainní cuideachta teoranta i bhfoirceannadh faoi Acht na gCuideachtaí, 1963, agus i bhfoirceannadh den sórt sin déanfar, d'ainneoin aon ní san Acht sin, suim ar cóimhéid leis an tsuim a asbhaineadh amhlaidh a íoc leis an gCiste Arachais Shóisialaigh nó leis an gCiste Dífhostaíochta Forlíontach (cibé acu é) i dtosaíocht ar na fiacha a shonraítear in alt 285 (2) den Acht sin.

[EN]

(3) Aon suim—

[EN]

(a) a bhainfidh fostóir as luach saothair fostaí dá chuid i leith ranníoc fostaíochta a bheidh dlite den fhostóir, nó

[EN]

(b) a bhainfidh fostóir as luach saothair fostaí dá chuid agus a bhainfear as amhlaidh faoi alt 20 d'Acht 1942 i leith ranníoca sheachtainiúil faoi Acht 1942, agus

[EN]

(c) a bheidh gan íoc ag an bhfostóir i leith ceachtar cineál de na ranníocaí sin roimh dháta an ordaithe bhreithnithe nó roimh dháta comhadaithe na hachainí comhshocraíochta (cibé acu é)—

[EN]

ní bheidh sí ina cuid de mhaoin an fhéimhigh nó an fhéichiúnaí comhshocraíochta sa dóigh go ndéanfaí í a áireamh ar na fiacha a bheidh, faoi alt 4 d'Acht 1889, le híoc i dtosaíocht ar gach fiach eile nuair a bheidh an mhaoin sin á dáileadh, ach déanfar, roimh an dáileadh sin agus d'ainneoin aon ní in Acht 1889, í a íoc leis an gCiste Arachais Shóisialaigh nó leis an gCiste Dífhostaíochta Forlíontach (cibé acu é) i dtosaíocht ar na fiacha a shonraítear in alt 4 d'Acht 1889.

[EN]

(4) Ní gá cruthúnas foirmiúil maidir le fiach dá dtugtar tosaíocht leis an alt seo ach amháin i gcás ina gceanglaítear sin le hAcht 1889 nó faoi nó le hAcht na gCuideachtaí, 1963, nó faoi.

[EN]

Leasú ar alt 51 d'Acht 1942.

8.—Cuirtear leis seo an t-alt seo a leanas in ionad alt 51 d'Acht 1942, ina bhfuil forálacha ginearálta maidir le cionta faoin Acht sin:

[EN]

“51.—(1) (a) Duine ar bith—

[EN]

(i) a cheannóidh, a dhíolfaidh nó a thairgfidh le díol, a ghlacfaidh nó a thabharfaidh ar malairt, nó a gheallearbfaidh nó a ghlacfaidh ar geallearbadh aon chárta dífhostaíochta forlíontach, leabhar dífhostaíochta forlíontach nó aon stampa árachais forlíontach úsáidte,

[EN]

(ii) a ghreamóidh aon stampa árachais forlíontach úsáidte d'aon chárta dífhostaíochta forlíontach nó d'aon leabhar dífhostaíochta forlíontach, nó

[EN]

(iii) a ghreamóidh aon stampa árachais forlíontach brionnaithe nó góchumtha d'aon chárta dífhostaíochta forlíontach nó d'aon leabhar dífhostaíochta forlíontach,

[EN]

beidh sé ciontach i gcion.

[EN]

(b) Duine ar bith, chun aon sochar forlíontach nó íocaíocht nó aisíocaíocht a fháil faoin Acht seo, dó féin nó do dhuine éigin eile, nó chun aon chríche a bhaineann leis an Acht seo—

[EN]

(i) a dhéanfaidh go feasach aon ráiteas bréagach nó uiríoll bréagach nó a cheilfidh go feasach aon fhíoras ábhartha, nó

[EN]

(ii) a thabharfaidh ar aird nó a sholáthróidh, nó a chuirfidh faoi deara nó a cheadóidh go feasach go dtabharfar ar aird nó go soláthrófar, aon doiciméad nó eolas is eol dó a bheith bréagach i bponc ábhartha,

[EN]

beidh sé ciontach i gcion.

[EN]

(c) Má chabhraíonn nó má neartaíonn duine ar bith le fostaí dá chuid, nó má chomhairlíonn dó nó má thugann air, aon chion faoi mhír (a) nó (b) den fho-alt seo a dhéanamh nó má chomhcheilgeann sé leis an bhfostaí chun an fostaí do dhéanamh aon chiona den sórt sin,

[EN]

beidh an duine sin ciontach i gcion.

[EN]

(d) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo dlífear—

[EN]

(i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó

[EN]

(ii) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £2,000 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

[EN]

(e) In aon imeachtaí faoin bhfo-alt seo maidir le stampaí árachais forlíontacha úsáidte, measfar go ndearnadh stampa árachais forlíontach a úsáid má greamaíodh é de chárta dífostaíochta forlíontach nó de leabhar dífhostaíochta forlíontach nó má cealaíodh nó má aghloiteadh in aon slí é, agus cibé acu a úsáideadh nó nár úsáideadh é iarbhír chun ranníoc seachtainiúil a íoc.

[EN]

(2) (a) Má mhainníonn aon fhostóir aon ranníoc seachtainiúil a íoc am forordaithe nó laistigh d'am forordaithe a bheidh dlite de faoin Acht seo a íoc, beidh sé ciontach i gcion.

[EN]

(b) Má dhéanann aon fhostóir iomlán aon ranníoca fostóra, nó aon chuid de ranníoc fostóra, i leith duine a bhaint as luach saothair an duine sin, nó má fhéachann sé leis sin a dhéanamh, beidh an fostóir ciontach i gcion.

[EN]

(c) Má dhéanann aon fhostóir asbhaint as luach saothair duine i leith aon ranníoc seachtainiúil a dhlíonn an fostóir faoin Acht seo a íoc agus go mainneoidh sé an ranníoc seachtainiúil a ndearnadh an asbhaint ina leith a íoc am forordaithe nó laistigh d'am forordaithe, beidh an fostóir ciontach i gcion.

[EN]

(d) Duine a beidh ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo dlífear—

[EN]

(i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó

[EN]

(ii) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £2,000 nó cibé suim ar cóimhéid le dhá oiread na suime a bheidh gan íoc nó asbhainte amhlaidh, cibé acu is mó, nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

[EN]

(3) Féadfar foráil a dhéanamh le rialacháin i dtaobh cionta is sárú nó neamhchomhlíonadh rialachán agus go ndéanfar, de rogha na cúirte—

[EN]

(a) i gcás duine a chiontú go hachomair i gcionta den sórt sin, fíneáil nach mó a méid sonraithe ná £500, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó

[EN]

(b) i gcás duine a chiontú ar díotáil i gcionta den sórt sin, fíneáil nach mó a méid sonraithe ná £2,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, mar aon, i gcás cionta leanúnacha, le fíneáil bhreise den sórt sin i leith gach lae a leanfar de na cionta, a chur air.

[EN]

(4) (a) I gcás fostóir a chiontú faoin alt seo sa chion gur mhainnigh sé aon rainníocaí seachtainiúla a íoc a dhlitear de faoin Acht seo a íoc, dlífidh sé suim a íoc leis an gCiste Dífhostaíochta Forlíontach ar cóimhéid leis an tsuim a mhainnigh sé amhlaidh a íoc agus, ar chiontú den sórt sin, má rinneadh fógra i dtaobh é a bheith beartaithe sin a dhéanamh a sheirbheáil leis an toghairm nó leis an mbarántas, féadfar fianaise a thabhairt gur mhainnigh an fostóir ranníocaí seachtainiúla eile a íoc i leith an duine chéanna i rith na dtrí bliana roimh an dáta a tugadh an fhaisnéis amhlaidh, agus ar an mainneachtain sin a bheith cruthaithe féadfaidh an chúirt a ordú don fhostóir suim a íoc leis an gCiste Dífhostaíochta Forlíontach ar cóimhéid le hiomlán na ranníocaí seachtainiúla go léir a mbeidh cruthaithe air gur mhainnigh sé iad a íoc, agus áireofar ar cheart an fhostóra achomharc a dhéanamh in aghaidh an chiontaithe faoin alt ceart achomharc a dhéanamh in aghaidh ordaithe den sórt sin.

[EN]

(b) Aon suim a íocfaidh fostóir faoin bhfo-alt seo déileálfar léi mar íocaíocht do shásamh na ranníocaí seachtainiúla neamhíoctha, agus ní fhéadfaidh an fostóir cuid an duine árachaithe de na ranníocaí seachtainiúla sin a ghnóthú ón duine árachaithe.

[EN]

(5) (a) In aon imeachtaí faoin alt seo nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoin alt seo nó in aon imeachtaí a bhain eann le haon cheist i dtaobh ranníocaí seachtainiúla a íoc faoin Acht seo nó aon suimeanna atá dlite don Chiste Dífhostaíochta Forlíontach a ghnóthú, beidh feidhm mar an gcéanna ag forálacha alt 57 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1952 (a bhaineann leis an éifeacht atá le cinntí faoin Acht sin), faoi réir cibé modhnuithe is gá, maidir le cinneadh faoin Acht seo is iomchuí do na himeachtaí sin.

[EN]

(b) Beidh feidhm ag forálacha alt 56 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1952 (a bhaineann le deimhnithe ar chinntí faoin Acht sin) i ndáil le cinneadh de bhun an Achta seo nó de bhun rialacháin faoin Acht seo.

[EN]

(6) Aon suim a dhlífidh fostóir a íoc faoi fho-alt (4) den alt seo nó aon suim a bheidh dlite don Chiste Dífhostaíochta Forlíontach a ndearna cúirt ordú íoca ina leith, féadfaidh an tAire, gan dochar do mhodhanna gnóthaithe eile, an tsuim sin a bhaint as aon suimeanna is iníoctha as an gCiste Dífhostaíochta Forlíontach leis an bhfostóir sin faoin Acht seo agus íocfaidh an tAire isteach sa Chiste Dífhostaíochta Forlíontach aon suimeanna a asbainfear amhlaidh.

[EN]

(7) Ní dhéanfar aon ní san alt seo nó i rialacháin faoin alt seo a fhorléiriú mar ní a choisceann ar an Aire aon suimeanna a bheidh dlite don Chiste Dífhostaíochta Forlíontach a ghnóthú trí imeachtaí sibhialta agus féadfar na suimeanna uile den sórt sin a ghnóthú mar fhiacha atá dlite don Stát agus gan dochar d'aon leigheas eile féadfaidh an tAire iad a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.”.

[EN]

Pionóis mhéadaithe i gcás cionta áirithe.

1935, Uimh. 38.

1933, Uimh. 46.

9.—(1) Duine a bheidh ciontach i gcion faoi achtachán a shonraítear sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo, dlífear, in ionad é a bheith dlite dó aon phionós a shonraítear san achtachán sin a chur air—

[EN]

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó

[EN]

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £2,000 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

[EN]

an tabla

Uimh. Thag.

Achtachán

(1)

(2)

1.

Alt 9(1) den Old Age Pensions Act, 1908 (1908, c. 40) (a cuireadh isteach le halt 22 den Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1960 (Uimh. 28 de 1960)).

2.

Acht na Leabhar Pinsean (Toirmeasc ar Aistriú), 1932 (Uimh. 1 de 1932).

3.

Alt 29 den Acht um Chongnamh Dhíomhaointis, 1933 (Uimh. 46 de 1933) (arna leasú le halt 14 den Acht um Chongnamh Dhíomhaointis (Leasú), 1935 (Uimh. 38 de 1935)).

4.

Alt 58 den Acht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 (Uimh. 29 de 1935) (arna leasú le halt 13(1) den Acht leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1961 (Uimh. 22 de 1961)).

5.

Alt 8 den Acht um Chongnamh Dhíomhaointis (Leasú), 1938 (Uimh. 2 de 1938).

6.

Alt 12 den Acht Liúntas Leanaí, 1944 (Uimh. 2 de 1944) (arna leasú le halt 12 den Acht Liúntas Leanaí (Leasú), 1946 (Uimh. 8 de 1946)).

7.

Alt 18 den Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1960 (Uimh. 28 de 1960).

[EN]

(2) Duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (1) d'alt 7 den Acht um Chongnamh Dhíomhaointis (Leasú), 1935 (a bhaineann le cúlghairm agus leasú ar dheimhnithe cáilíochta faoi Chuid II den Acht um Chongnamh Dhíomhaointis, 1933) dlífear, ar é a chiontú go hachomair, in ionad é a bheith dlite dó aon fhíneáil a shonraítear san fho-alt sin a chur air, fíneáil nach mó ná £100 a chur air.

[EN]

(3) Duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (4) d'alt 7 den Acht um Chongnamh Dhíomhaointis (Leasú), 1935, dlífear, ar é a chiontú go hachomair, in ionad é a bheith dlite dó fíneáil nach mó ná an méid a shonraítear san fho-alt sin a chur air, fíneáil nach mó ná £100 a chur air.

[EN]

Duine a bheith dícháilithe chun pinsin agus liúntais áirithe a fháil tar éis ciontuithe áirithe.

1960, Uimh. 28.

1908, c. 40.

1935, Uimh. 29.

1944, Uimh. 2.

10.—(1) Duine a chiontófar i gcion faoi alt 9 (1) (a cuireadh isteach le halt 22 den Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1960) den Old Age Pensions Act, 1908, beidh sé dícháilithe chun pinsean seanaoise a fháil go ceann sé mhí díreach tar éis dáta an chiontaithe.

[EN]

(2) Duine a chiontófar i gcion faoi alt 58 (1) den Acht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935, maidir le pinsean (neamhranníocach) baintreach beidh sé dícháilithe chun pinsean den sórt sin a fháil go ceann sé mhí díreach tar éis dáta an chionaithe.

[EN]

(3) Duine a chiontófar i gcion faoi alt 12 (1) den Acht Liúntas Leanaí, 1944, beidh sé dícháilithe chun an liúntas leanaí ar ina leith a rinneadh an cion a fháil go ceann sé mhí díreach tar éis dáta an chiontaithe.

[EN]

(4) Ní bheidh éifeacht le fo-ailt (1), (2) agus (3) den alt seo i ndáil le cionta a rinneadh roimh dháta an Achta seo a rith.

[EN]

Toimhde maidir le fírinne na faisnéise in iarratais ar shochar, liúntas, pinsean nó cúnamh áirithe.

11.—(1) Baineann an t-alt seo leis na hAchtanna seo a leanas—

[EN]

(a) Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1976,

[EN]

(b) na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1976,

[EN]

(c) na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhíl leachtaí, 1935 go 1976,

[EN]

(d) na hAchtanna Arachais (Breac-Dhífhostaíocht), 1942 go 1976,

[EN]

(e) na hAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1975,

[EN]

(f) na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1976.

[EN]

(2) Má tharlaíonn i gcúiseamh i leith cion faoi aon cheann de na hAchtanna lena mbaineann an t-alt seo, nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi réim, nó d'fheidhmiú forálacha, aon cheann de na hAchtanna sin, go suífear chun sástacht na cúirte—

[EN]

(a) go bhfuil iarratas déanta ag duine (dá ngairtear an cosantóir san alt seo) ar shochar, liúntas, pinsean nó cúnamh faoi aon cheann de na hAchtanna lena mbaineann an t-alt seo, agus

[EN]

(b) go ndearnadh de thoradh an iarratais sin sochar, liúntas, pinsean nó cúnamh faoi aon cheann de na hAchtanna lena mbaineann an t-alt seo a íoc le haon duine (cibé acu arbh é an sochar, an liúntas, an pinsean nó an cúnamh sin a iarradh nó nárbh é agus cibé acu ar leis an gcosantóir a íocadh é nó nár leis),

[EN]

toimhdeofar gur thug an cosantóir aon fhaisnéis a bheidh san iarratas (nó gur chuir sé faoi deara í a thabhairt thar a cheann) agus, i gcás ar faisnéis bhréagach an fhaisnéis sin, gurb eol dó go hiomlán gurbh fhaisnéis bhréagach í agus gur thug sé í le hintinn go meabhlódh sí; ach féadfar an toimhde sin a fhrisnéis.

[EN]

Cumhacht cionta a bhunú le rialacháin faoi Achtanna áirithe.

12.—(1) Baineann an t-alt seo leis na hAchtanna seo a leanas—

[EN]

(a) Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1976,

[EN]

(b) na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1976,

[EN]

(c) na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1976,

[EN]

(d) na hAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1975.

[EN]

(2) Féadfar foráil a dhéanamh le rialacháin faoi aon cheann de na hAchtanna lena mbaineann an t-alt seo i dtaobh cionta is sárú nó neamhchomhlíonadh ar na rialacháin sin agus i dtaobh fíneáil nach mó a méid sonraithe ná £500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a ghearradh, de rogha na cúirte, i gcás ciontú go hachomair i gcion den sórt sin.

[EN]

Leasuithe ar Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1932.

1932, Uimh. 18.

13.—(1) Leasaítear leis seo alt 2 d'Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1932 (arna leasú le hAcht 1952) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

[EN]

“(1) In ionad an dara coinníoll reachtúil atá i mír (2) (a aisghairtear leis an Acht seo) d'alt 2 d'Acht 1908, achtaítear leis seo go mbeidh sé ina choinníoll chun aon duine d'fháil pinsin seanaoise go sásóidh sé na húdaráis phinsin go raibh sé ina chónaí sa Stát ar feadh tréimhse nár lú ná 15 bliana san iomlán agus gur tar éis dó 50 bliain d'aois a shlánú 5 bliana ar a laghad den tréimhse sin.”.

[EN]

(2) Leasaítear leis seo Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1932, tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 6:

[EN]

“6. In ionad alt 1 (a aisghairtear leis an Acht seo) den Blind Persons Act, 1920, achtaítear leis seo go mbeidh gach dall a bhfuil 21 bliain d'aois slánaithe aige i dteideal cibé pinsean a fháil agus leanúint dá fháil a bheadh sé i dteideal a fháil faoi Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1976 (arna leasú), dá mbeadh 67 mbliana d'aois slánaithe aige, agus beidh feidhm ag forálacha na nAchtanna sin (arna leasú), lena n-áirítear na forálacha i dtaobh caiteachas, ar gach bealach maidir leis an duine sin faoi réir na modhnuithe seo a leanas—

[EN]

(a) cuirfear in ionad an chéad choinníoll reachtúil atá in alt 2 d'Acht 1908 coinníoll nach foláir don duine gur duine é a bhfuil 21 bliain d'aois slánaithe aige agus go sásóidh sé na húdaráis phinsin go bhfuil sé chomh dall sin nach féidir leis aon obair a dhéanamh a bhfuil radharc na súl riachtanach di nó nach féidir leis leanúint dá ghnáth-shlí bheatha; agus

[EN]

(b) cuirfear in ionad an choinníll reachtúil atá curtha leis an Acht seo in ionad an dara coinníoll reachtúil atá in alt 2 d'Acht 1908 coinníoll go sásóidh an duine na húdaráis phinsin go raibh sé, ó shlánaigh sé 10 mbliana d'aois, ina chónaí sa Stát ar feadh 5 bliana san iomlán agus beidh ag forálacha an Achta seo i ndáil le léiriú an choinníll reachtúil chéadluaite atá san alt sin feidhm maidir le léiriú an choinníll a fhorchuirtear leis an mír seo.”.

[EN]

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

14.—(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1976, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Déanfar an tAcht seo—

[EN]

(a) a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1976, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus a fholú sa chomhlua, Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1976,

[EN]

(b) a mhéid a leasaíonn agus leathnaíonn sé Acht na Leabhar Pinsean (Toirmeasc ar Aistriú), 1932, a fhorléiriú i dteannta an Achta sin mar aon ní amháin agus féadfar Achtanna na Leabhar Pinsean (Toirmeasc ar Aistriú), 1932 agus 1976, a ghairm díobh le chéile,

[EN]

(c) a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1976, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus a fholú sa chomhlua, na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1976,

[EN]

(d) a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1976, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus a fholú sa chomhlua, na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1976,

[EN]

(e) a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna Arachais (Breac-Dhífhostaíocht), 1942 agus 1963, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna Arachais (Breac-Dhífhostaíocht), 1942 go 1976, a ghairm díobh le chéile,

[EN]

(f) a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1975, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1976, a ghairm díobh le chéile.

[EN]

(g) a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1976, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus a fholú sa chomhlua, na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1976.