Off On Dualscroll
Turn Dualscroll on to scroll both language versions together.
Uimhir 31 de 1956.
ACHT NA dTITHE (LEASÚ), 1956.
[An tiontó oifigiúil.]
CUID I.
Réamhráiteach agus Ginearálta.
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.
1.—(1) Féadfar Acht na dTithe (Leasú), 1956, a ghairm den Acht seo.
(2) Déanfar an tAcht seo, a mhéid a leasaíos sé Achta Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1954, Achta na Sclábhaithe, 1883 go 1954, na hAchta um Thithe Beaga Cónaithe d'Fháil, 1899 go 1954, agus Achta na dTithe (Forála Airgeadais agus Forála Ilghnéitheacha), 1932 go 1954, a léamh agus d'fhorléiriú mar aon ní amháin leis na hAchta sin faoi seach agus féadfar Achta Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1956, Achta na Sclábhaithe, 1883 go 1956, na hAchta um Thithe Beaga Cónaithe d'Fháil, 1899 go 1956, agus Achta na dTithe (Forála Airgeadais agus Forála Ilghnéitheacha), 1932 go 1956, a ghairm den Acht seo agus de na hAchta sin le chéile.
Mínithe.
2.—San Acht seo—
ciallaíonn “Acht 1899” an Small Dwellings Acquisition Act, 1899;
ciallaíonn “Acht 1948” Acht na dTithe (Leasú), 1948 (Uimh. 1 de 1948);
ciallaíonn “Acht 1950” Acht na dTithe (Leasú), 1950 (Uimh. 25 de 1950);
ciallaíonn “Acht 1952” Acht na dTithe (Leasú), 1952 (Uimh. 16 de 1952);
ciallaíonn “Acht 1954” Acht na dTithe (Leasú), 1954 (Uimh. 16 de 1954);
ciallaíonn “údarás tithe”—
(a) i gcás ceantair shláinte chontae, comhairle na contae ina bhfuil an ceantar sláinte contae sin,
(b) i gcás contae-bhuirge nó buirge eile, bardas na contaebhuirge nó na buirge eile sin, agus
(c) i gcás ceantair uirbigh, comhairle an cheantair uirbigh sin;
ciallaíonn “Achta Tithe an Lucht Oibre” Achta Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1954, arna leasú leis an Acht seo;
ciallaíonn “Achta na Sclábhaithe” Achta na Sclábhaithe, 1883 go 1954, arna leasú leis an Acht seo;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil.
Rialacháin.
3.—(1) Gach rialachán a dhéanfas an tAire faoin Acht seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an rialachán a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán sin.
(2) Ní dhéanfaidh an tAire aon rialachán faoin Acht seo a mbeidh foráil ann maidir le híocaíocht a bheas le déanamh ag an Aire gan an tAire Airgeadais do thoiliú leis an bhforáil sin.
Caiteachais.
4.—Déanfar na caiteachais faoina raghaidh an tAire ag riaradh an Achta seo, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais é, d'íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.
Athghairm.
5.—Déantar leis seo gach achtachán a luaitear sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm a mhéid a sonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.
CUID II.
Forála Airgeadais.
Ailt áirithe do leanúint i bhfeidhm.
6.—(1) Déanfar an tagairt don 1ú lá d'Aibreán, 1956, atá (de bhuaidh ailt 6 d'Acht 1954) i mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 16 d'Acht 1948, i mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 20 den Acht sin agus i mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 24 d'Acht 1952, d'fhorléiriú mar thagairt don 1ú lá d'Aibreán, 1958.
(2) Déanfar an tagairt don 1ú lá d'Aibreán, 1956, atá (de bhuaidh ailt 6 d'Acht 1954) i mír (b) d'fho-alt (2) d'alt 19 d'Acht 1948 agus i mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 6 d'Acht 1950 d'fhorléiriú mar thagairt don 1ú lá d'Aibreán, 1957.
(3) Déanfar an tagairt don 1ú lá d'Aibreán, 1956, atá i mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 13 d'Acht 1954, d'fhorléiriú mar thagairt don 1ú lá d'Aibreán, 1957.
(4) Beidh, agus measfar go raibh, éifeacht ag fo-ailt (1), (2) agus (3) den alt seo amhail ar an 1ú lá d'Aibreán, 1956, agus ón lá sin amach.
Leasú ar alt 16 d'Acht 1948 agus ar an Dara Sceideal a ghabhas leis.
7.—(1) Leasaítear leis seo alt 16 d'Acht 1948 tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fo-mhíre (ii) de mhír (c) d'fho-alt (1):
“(ii) i gcás athfhoirgnithe—ag an duine d'athfhoirgnigh.”
(2) Leasaítear leis seo an Dara Sceideal a ghabhas le hAcht 1948 trí “chun a áitithe aige féin” a scrios as an gcéad cholún den Sceideal sin.
(3) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 9, fo-alt (1) d'alt 10 agus alt 11 d'Acht 1952 trí “agus, i gcás deontais a bhaineas le tógáil, athfhoirgniú nó ceannach, arb eisean a áititheoir an tráth a críochnófar an tógáil, an t-athfhoirgniú nó an ceannach” a chur isteach i ngach ceann acu i ndiaidh “dá dtabharfar deontas iomchuí,”.
(4) (a) Faoi réir a bhforáltar anseo ina dhiaidh seo, bainfidh an fo-alt seo le gach ionstraim a bhéarfas éifeacht do cheannach tí ar an teach a thógáil.
(b) Ní bhainfidh alt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 (Uimh. 33 de 1947), ná alt 24 den Acht Airgeadais, 1949 (Uimh. 13 de 1949), le haon ionstraim lena mbaineann an fo-alt seo agus, ina ionad sin, beidh pé dleachta stampa inmhuirir a bheadh inmhuirir dá mba nár hachtaíodh na hailt sin.
(c) Beidh éifeacht ag mír (b) den fho-alt seo i gcás (agus sa chás sin amháin) deimhniú faoi shéala an Aire Rialtais Áitiúil a bheith formhuinithe ar an ionstraim gur tugadh nó go dtabharfar deontas faoi alt 16 d'Acht 1948 i leith an tí a ceannaíodh amhlaidh, nach deontas do chumann fóntais phoiblí ná d'áititheoir an tí ar thógáil an tí a chríochnú.
(d) Más rúd é—
(i) gur muirearaíodh dleacht stampa ar ionstraim do réir ailt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947, nó ailt 24 den Acht Airgeadais, 1949,
(ii) go n-iarrfaidh duine faoi alt 12 den Stamp Act, 1891, ar na Coimisinéirí Ioncaim a dtuairim a chur in iúl maidir leis an ionstraim, agus
(iii) go suífear chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim gurbh fhéidir deimhniú faoi mhír (c) den fho-alt seo d'fhormhuiniú go cuí ar an ionstraim,
measfar an deimhniú sin a bheith formhuinithe ar an ionstraim agus dleacht a bheith inmhuirir uirthi dá réir sin pé acu cuireadh nó nár cuireadh stampa áirithe uirthi cheana á thaispeáint gur stampáladh go cuí í.
(e) In aon chás den tsórt dá dtagartar i mír (d) den fho-alt seo, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an difríocht d'aisíoc a bheas idir an méid dleachta a muirearaíodh iarbhír ar an ionstraim agus an méid a meastar a bheith inmhuirir uirthi de bhuaidh míre (d) den fho-alt seo, ar choinníoll go ndéanfar an t-iarratas ar aisíoc laistigh de dhá bhliain tar éis dáta na hionstraime.
Leasú ar alt 10 d'Acht 1952 agus ar alt 10 d'Acht 1954.
8.—(1) Beidh éifeacht ag fo-alt (1) d'alt 10 d'Acht 1952 maidir le deontais iomchuí a dáilfear an 17ú lá d'Iúil, 1956, nó dá éis, amhail is dá méadaítí £104 gach ceann de na méideanna a sonraítear i míreanna (i) go (iv).
(2) Leasaítear leis seo fo-alt (2) d'alt 10 d'Acht 1952, maidir le deontais iomchuí a dáilfear an 17ú lá d'Iúil, 1956, nó dá éis trí “céile an duine sin má tá an duine sin pósta” a chur in ionad “gach duine de theaghlach an duine sin a chónaigh leis i gcaitheamh na bliana sin agus a bhfuil sé réasúnach bheith ag súil go gcónóidh sé leis sa tigh.”
(3) Beidh éifeacht ag fo-alt (2) d'alt 10 d'Acht 1954 maidir le deontais iomchuí a dáilfear an 17ú lá d'Iúil, 1956, nó dá éis, amhail is dá méadaítí £104 gach ceann de na méideanna a sonraítear i míreanna (a) go (d).
Leasú ar alt 12 d'Acht 1954.
9.—(1) Nuair a beifear ag tabhairt feidhme do mhír (a) d'fho-alt (1) d'alt 12 d'Acht 1954, déanfar an tagairt do £80, maidir le teaghas ar leithligh a bhfuil níos mó ná trí sheomra ann, d'fhorléiriú—
(a) i gcás teaghais ar leithligh a bhfuil cúig seomra nó níos mó ann—mar thagairt do £120, agus
(b) in aon chás eile—mar thagairt do £100.
(2) Leasaítear leis seo mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 12 d'Acht 1954 trí “nó faoi alt 11 d'Acht na dTithe (Leasú), 1956” a chur isteach i ndiaidh “faoi alt 7 d'Acht 1952”.
Scéimeanna le haghaidh ráthaíochtaí.
10.—(1) Féadfaidh údarás tithe, do réir scéime a bheas ceadaithe ag an Aire, ráthaíocht a thabhairt i leith coda d'airleacan (lena n-áirítear airleacan a tugadh sara ndearnadh an scéim) ó chumann foirgníochta nó ó chuideachta árachais chun teach a cheannach nó a thógáil maraon leis an ús air sin.
(2) Chun críocha scéime faoin alt seo, beidh ag údarás tithe na cumhachta céanna chun iasacht d'fháil atá ag an údarás sin chun críocha Acht Tithe an Lucht Oibre nó Acht na Sclábhaithe.
(3) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, cion nach mó ná caoga faoin gcéad d'aisíoc, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, den mhéid a chaith údarás tithe i leith ráthaíochta faoi scéim faoin alt seo más deimhin leis an Aire—
(a) gur tugadh an ráthaíocht i leith na coda den airleacan is ionann agus an bhreis atá ag an airleacan ar an airleacan a tabharfaí dá mba nár tugadh an ráthaíocht, agus
(b) nach ndeachaidh an méid d'íoc an t-údarás tithe i leith na ráthaíochta thar dhá dtrian den chaillteanas a tharla tríd an gcuid sin den airleacan a thabhairt.
(4) Is feidhm fhorcoimeádta chun críocha na nAcht um Bainistí Chontae, 1940 go 1955, agus chun críocha na nAcht a bhaineas le bainistí aon chontae-bhuirge, scéim a dhéanamh faoin alt seo.
(5) San alt seo—
ciallaíonn “cumann foirgníochta” cumann lena mbaineann na hAchta Cumann Foirgníochta, 1874 go 1942;
tá le “cuideachta árachais” an bhrí atá leis san Acht Arachais, 1936 (Uimh. 45 de 1936).
Deontais chun soláthar uisce príobháideach agus saoráidí séarachais príobháideacha a chur ar fáil agus a chur isteach.
11.—(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, agus faoi réir rialachán a déanfar faoin alt seo, deontas nach mó ná £40 a thabhairt, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, do dhuine a dhéanfas soláthar uisce príobháideach a chur ar fáil agus a chur isteach i dtigh cónaithe, más rúd é—
(i) go bhfuil an teach cónaithe i límistéir nach bhfuil, ar dháta an iarratais ar an deontas, aon tsoláthar poiblí uisce píopaí ar fáil ná á chur ar fáil ann, agus
(ii) go dtosnófar lá an Achta seo a rith nó dá éis sin ar an soláthar uisce a chur ar fáil agus a chur isteach agus go gcríochnófar sin ar an lú lá d'Aibreán, 1958, nó roimhe sin, agus go gcomhlíonfar ina leith na coinníollacha a bheas leagtha amach sna rialacháir sin.
(2) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, agus faoi réir rialachán a déanfar faoin alt seo, deontas nach mó ná £20 a thabhairt, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, do dhuine a dhéanfas saoráidí séarachais príobháideacha a chur ar fáil agus a chur isteach i dtigh cónaithe, más rud é—
(i) go bhfuil an teach cónaithe i límistéir nach bhfuil, ar dháta an iarratais ar an deontas, aon scéim séarachais phoiblí ar fáil ná á chur ar fáil ann agus
(ii) go dtosnófar lá an Achta seo a rith nó dá éis sin ar na saoráidí séarachais a chur ar fáil agus a chur isteach agus go gcríochnófar sin an lú lá d'Aibreán, 1958, nó roimhe sin, agus go gcomhlíonfar ina leith na coinníollacha a bheas leagtha amach sna rialacháin sin.
(3) Nuair a bhéarfas an tAire deontas faoin alt seo, ní déanfar luacháil an tionóntáin arb é an teach cónaithe sin é, nó ar cuid de an teach sin, a mhéadú, i gcás aon luacháil nó athscrúdú luachála air a theacht i bhfeidhm laistigh de sheacht mbliana tar éis an cur ar fáil agus an cur isteach sin a chríochnú, mar gheall ar aon mhéadú ar luach an tionóntáin sin de dhroim an soláthar uisce agus na saoráidí séarachais a chur ar fáil agus a chur isteach ann.
(4) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha an ailt seo.
(5) Forléireofar an tagairt don lú lá d'Aibreán, 1956, atá (de bhuaidh fo-ailt (2) d'alt 6 d'Acht 1954) i mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 7 d'Acht 1952, mar thagairt don lú lá d'Aibreán, 1957.
(6) Ní tabharfar deontas faoi alt 7 d'Acht 1952 agus faoin alt seo i leith an tí chónaithe chéanna.
(7) Ní bhainfidh fo-alt (2) d'alt 6 d'Acht 1950 le deontas faoin alt seo.
(8) Is deontas iomchuí chun críocha alt 9, 10 agus 11 d'Acht 1952 aon deontas a bhéarfar faoin alt seo.
(9) Beidh, agus measfar go raibh, éifeacht ag fo-alt (5) den alt seo amhail ar an lú lá d'Aibreán, 1956, agus ón lá sin amach.
CUID III.
Aitribh Airithe a Rialú.
Leasú ar ailt 7, 8 agus 9 d'Acht 1948.
12.—(1) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 7 d'Acht 1948 trí “é go léir nó cuid de d'úsáid ar shlí seachas chun cónaithe” a chur in ionad “é d'úsáid ar shlí seachas mar theach cónaithe”.
(2) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 8 d'Acht 1948 trí “é go léir nó cuid de d'úsáid ar shlí seachas chun cónaithe” a chur in ionad “é d'úsáid ar shlí seachas mar theach cónaithe”.
(3) Leasaítear leis seo alt 9 d'Acht 1948 trí “le hé sin go léir nó cuid de d'úsáid ar shlí seachas chun cónaithe” a chur in ionad “lena úsáid ar shlí seachas mar theach cónaithe”.
(4) Ní bheidh feidhm ag alt 7 ná ag alt 8 d'Acht 1948, arna leasú leis an alt seo, i gcás gan ach cuid de theach inchónaithe d'úsáid ar shlí seachas chun cónaithe más rud é go raibh an chuid sin den teach á húsáid amhlaidh díreach roimh an Acht seo a rith.
(5) Leanfaidh alt 8 d'Acht 1948, arna leasú le fo-alt (2) den alt seo, i bhfeidhm go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1958.
CUID IV.
Tithe don Lucht Oibre.
Talamh a thógáil le haghaidh sráideanna, etc.
13.—Féadfar an chumhacht chun talamh d'fháil chun críocha Coda III den Housing of the Working Classes (Ireland) Act, 1890, d'fheidhmiú i gcás talún a beartófar a úsáid le haghaidh sráideanna nó bóithre poiblí, faichí imeartha, páirceanna nó spásanna oscailte, pé acu i ndáil le tithe atá tógtha cheana féin nó i ndáil le tithe a beartaítear a thógáil, a bheas na sráideanna, na bóithre, na faichí imeartha, na páirceanna nó na spásanna oscailte sin le soláthar.
CUID V.
Iostáin Sclábhaithe.
Leasú ar alt 12 (2) (b) (i) d'Acht na Sclábhaithe, 1936.
14.—(1) Leasaítear leis seo fo-mhír (i) de mhír (b) d'fho-alt (2) d'alt 12 d'Acht na Sclábhaithe, 1936 (Uimh. 24 de 1936), trí “ar iostán ar thalamh stáit a bheith curtha ar fáil acu, iad a thea cht chun bheith mar únaer i bhfeo simplí ar an talamh sin, nó” a chur léi.
(2) I gcás ina mbeidh feidhm, de bhuaidh an ailt seo, ag fo-alt (2) d'alt 12 'dAcht na Sclábhaithe, 1936 láithreach ar an Acht seo a rith, measfar gurb í an tréimhse dhá mhí dhéag a thosnós ar dháta an Achta seo a rith an tréimhse ina mbeidh na hoblagáidí a forchuirtear leis an bhfo-alt sin le comhlíonadh.
Leasú ar alt 18 d'Acht na Sclábhaithe, 1936.
15.—Leasaítear leis seo alt 18 d'Acht na Sclábhaithe, 1936, (Uimh. 24 de 1936), tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:
“(3) I gcás oibreacha a bheith déanta de bhun fo-ailt (1) den alt seo ar iostán nó istigh ann—
(a) déanfar air sin ordú dílsiúcháin i leith an iostáin,
(b) féadfaidh ceannaitheoir an iostáin, tráth nach déanaí ná deireadh na tréimhse tríocha lá dar tosach an dáta a hinseofar dó go ndearnadh an t-ordú dílsiúcháin, fógra a thabhairt don Aire i dtaobh aon amhrais, aighnis nó ceiste maidir leis na hoibreacha ar mian leis go dtabharfadh an tAire breith air de bhun fo-ailt (2) den alt seo, agus
(c) má tugtar fógra mar adúradh don Aire agus go gcinnfidh sé go bhfuil oibreacha breise le déanamh, ní measfar go mbeidh déanamh na n-oibreacha breise coiscthe mar gheall ar an ordú dílsiúcháin a bheith déanta ná mar gheall ar a théarmaí.”
Leasú ar alt 24 d'Acht 1950.
16.—Leasaítear leis seo alt 24 d'Acht 1950 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (3):
“(3) (a) Féadfaidh comhairle chontae a ligfeas iostán faoin alt seo a dhearbhú gur duine cáilithe chun críocha ailt 16 d'Acht na Sclábhaithe, 1936 (Uimh. 24 de 1936), an duine chun ar ligeadh an t-iostán, agus air sin is duine cáilithe chun na gcríocha sin an duine sin.
(b) Is feidhm fhorcoimeádta chun críocha na nAcht um Bainistí Chontae, 1940 go 1955, dearbhú a dhéanamh faoin alt seo.”
Teach a dhíol faoi alt 35 d'Acht 1952.
17.—Ar theach a dhíol faoi alt 35 d'Acht 1952, féadfaidh an t-údarás tithe, más oiriúnach leo é, a aontú gur ina thráthchoda a híocfar an praghas nó go ndéanfar cuid den phraghas d'urrú trí mhórgáiste ar an áitreabh.
Leasú ar na cumhachta chun orduithe ceannaigh a neamhniú nó a dhaingniú.
18.—(1) Aon neamhniú nó daingniú a déanfar de bhun míre (a), (b) nó (c) d'Airteagal 4 den Tríú Sceideal a ghabhas le hAcht na dTithe (Forála Airgid agus Forála Ilghnéitheacha), 1932 (Uimh. 19 de 1932), arna leasú le halt 42 d'Acht 1948, féadfar é a dhéanamh in aon chéim amháin san aon-tráth nó i dhá chéim nó níos mó i dtrátha éagsúla.
(2) I gcás ina ndéanfar, de bhuaidh an ailt seo, daingniú lena mbaineann alt 17 d'Acht na dTithe (Forála Ilghnéitheacha), 1931 (Uimh. 50 de 1931), i dhá chéim nó níos mó, beidh éifeacht ag an alt sin—
(a) amhail is gur cheangail fo-alt (2) fógra d'fhoilsiú agus a sheirbheáil, maidir le gach céim acu sin, á rá gur daingníodh an t-ordú chomh fada agus a bhain sé leis an talamh lenar bhain an chéim sin,
(b) amhail is gur bhain fo-alt (3) le foilsiú gach fógra acu sin a foilseofaí, agus
(c) amhail is gur fhoráil fo-alt (4) go dtiocfaidh an t-ordú i ngníomh, maidir leis an talamh lenar bhain aon chéim acu sin, i gceann sé seachtaine ón dáta a foilsíodh fógra maidir leis an gcéim sin.
(3) I gcás ina ndéanfar, de bhuaidh an ailt seo, an chéad daingniú nó an dara daingniú do réir bhrí ailt 43 d'Acht 1948 i dhá chéim nó níos mó, beidh éifeacht ag an alt sin—
(a) amhail is gur cheangail fo-alt (3) nó fo-alt (4) (do réir mar oireas) fógra d'fhoilsiú maidir le gach céim acu sin á rá gur daingníodh an t-ordú chomh fada agus a bhain sé leis an talamh lenar bhain an chéim sin,
(b) amhail is gur fhoráil fo-alt (6) go dtiocfaidh an t-ordú i ngníomh, maidir leis an talamh lenar bhain aon chéim acu sin, i gceann trí seachtaine ón dáta a foilsíodh fógra maidir leis an gcéim sin, agus
(c) i gcás an dara daingnithe, amhail is gur bhain fo-alt (5) le gach céim acu sin ionann is dá mba é an dara daingniú an chéim sin.
CUID VI.
Tithe Cónaithe Beaga d'Fháil.
Leasú ar alt 1 d'Acht 1899.
19.—Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 1 d'Acht 1899, arna leasú le halt 34 den Housing (Ireland) Act, 1919, a leasú—
(a) trí “ninety-five per centum” a chur in ionad “ninety per centum”, agus
(b) trí “excluding from that market value a grant under any enactment” a chur isteach i ndiaidh “the market value of the ownership”.
An ráta úis ar airleacain faoi Acht 1899.
20.—I gcás aon airleacan a bhéarfar tar éis an tAcht seo a rith, is do réir pé ráta a shocrós an t-údarás áitiúil a bhéarfas an t-airleacan a bheas an ráta úis ar airleacain faoi alt 1 d'Acht 1899.
AN SCEIDEAL.
Athghairm.
Uimhir agus Bliain | Gearrtheideal | Méid na hathghairme |
Alt 40. | ||
In alt 11, na focail “má áitíonn seisean an teach nuair a bheas sé críochnaithe”; alt 34. | ||
Alt 15. |
Number 31 of 1956.
HOUSING (AMENDMENT) ACT, 1956.
ARRANGEMENT OF SECTIONS
PRELIMINARY AND GENERAL.
Section | |
FINANCIAL PROVISIONS.
CONTROL OF CERTAIN PREMISES.
HOUSING OF THE WORKING CLASSES.
LABOURERS COTTAGES.
Amendment of powers to annul or confirm compulsory purchase orders. |
ACQUISITION OF SMALL DWELLINGS.
Acts Referred to | |
No. 1 of 1948 | |
No. 25 of 1950 | |
No. 16 of 1952 | |
No. 16 of 1954 | |
No. 33 of 1947 | |
No. 13 of 1949 | |
No. 45 of 1936 | |
No. 24 of 1936 | |
No. 19 of 1932 | |
No. 50 of 1931 |
Number 31 of 1956.
HOUSING (AMENDMENT) ACT, 1956.
PART I.
Preliminary and General.
Short title, construction and collective citation.
1.—(1) This Act may be cited as the Housing (Amendment) Act, 1956.
(2) This Act in so far as it amends the Housing of the Working Classes Acts, 1890 to 1954, the Labourers Acts, 1883 to 1954, the Small Dwellings Acquisition Acts, 1899 to 1954, and the Housing (Financial and Miscellaneous Provisions) Acts, 1932 to 1954, shall be read and construed as one therewith respectively and may be cited together therewith as the Housing of the Working Classes Acts, 1890 to 1956, the Labourers Acts, 1883 to 1956, the Small Dwellings Acquisition Acts, 1899 to 1956, and the Housing (Financial and Miscellaneous Provisions) Acts, 1932 to 1956.
Definitions.
2.—In this Act—
“the Act of 1899” means the Small Dwellings Acquisition Act, 1899;
“the Act of 1948” means the Housing (Amendment) Act, 1948 (No. 1 of 1948);
“the Act of 1950” means the Housing (Amendment) Act, 1950 (No. 25 of 1950);
“the Act of 1952” means the Housing (Amendment) Act, 1952 (No. 16 of 1952);
“the Act of 1954” means the Housing (Amendment) Act, 1954 (No. 16 of 1954);
“housing authority” means in the case of—
(a) a county health district, the council of the county in which such county health district is situate,
(b) a county or other borough, the corporation of such county or other borough, and
(c) an urban district, the council of such urban district;
“the Housing of the Working Classes Acts” means the Housing of the Working Classes Acts, 1890 to 1954, as amended by this Act;
“the Labourers Acts” means the Labourers Acts, 1883 to 1954, as amended by this Act;
“the Minister” means the Minister for Local Government.
Regulations.
3.—(1) Every regulation made by the Minister under this Act shall be laid before each House of the Oireachtas as soon as may be after it is made and, if a resolution annulling the regulation is passed by either such House within the next subsequent twenty-one days on which that House has sat after the regulation is laid before it, the regulation shall be annulled accordingly but without prejudice to anything previously done thereunder.
(2) No regulation which includes provision in respect of a payment to be made by the Minister shall be made by the Minister under this Act without the consent to that provision of the Minister for Finance.
Expenses.
4.—The expenses incurred by the Minister in the administration of this Act shall, to such extent as may be sanctioned by the Minister for Finance, be paid out of moneys provided by the Oireachtas.
Repeals.
5.—Each enactment mentioned in the Schedule to this Act is hereby repealed to the extent specified in the third column of that Schedule.
PART II.
Financial Provisions.
Continuance of certain sections.
6.—(1) The reference to the 1st day of April, 1956, contained (by virtue of section 6 of the Act of 1954) in paragraph (a) of subsection (1) of section 16 of the Act of 1948, paragraph (a) of subsection (1) of section 20 of that Act and paragraph (a) of subsection (1) of section 24 of the Act of 1952 shall be construed as a reference to the 1st day of April, 1958.
(2) The reference to the 1st day of April, 1956, contained (by virtue of section 6 of the Act of 1954) in paragraph (b) of subsection (2) of section 19 of the Act of 1948 and paragraph (a) of subsection (1) of section 6 of the Act of 1950 shall be construed as a reference to the 1st day of April, 1957.
(3) The reference to the 1st day of April, 1956, contained in paragraph (b) of subsection (1) of section 13 of the Act of 1954 shall be construed as a reference to the 1st day of April, 1957.
(4) Subsections (1), (2) and (3) of this section shall have and be deemed to have had effect as on and from the 1st day of April, 1956.
Amendment of section 16 of and Second Schedule to Act of 1948.
7.—(1) Section 16 of the Act of 1948 is hereby amended by the substitution of the following subparagraph for subparagraph (ii) of paragraph (c) of subsection (1):
“(ii) in the case of reconstruction—by the person who reconstructed.”
(2) The Second Schedule to the Act of 1948 is hereby amended by the deletion in the first column of that Schedule of “for own occupation”.
(3) Subsection (1) of section 9, subsection (1) of section 10 and section 11 of the Act of 1952 are each hereby amended by the insertion of “and of which, in the case of a grant related to erection, reconstruction or purchase, he is the occupier when the erection, reconstruction or purchase is completed” after “for which a relevant grant is made”.
(4) (a) Subject as hereinafter provided, this subsection applies to every instrument giving effect to the purchase of a house upon the erection thereof.
(b) Section 13 of the Finance (No. 2) Act, 1947 (No. 33 of 1947), and section 24 of the Finance Act, 1949 (No. 13 of 1949), shall not apply to any instrument to which this subsection applies and, in lieu thereof, such stamp duties shall be chargeable as would have been chargeable if those sections had not been enacted.
(c) Paragraph (b) of this subsection shall have effect if, but only if, there is endorsed on the instrument a certificate under the seal of the Minister for Local Government that a grant under section 16 of the Act of 1948 has been or will be made in respect of the house so purchased, not being a grant to a public utility society or to the occupier of the house when erection thereof is completed.
(d) Where—
(i) an instrument has been charged with stamp duty in accordance with section 13 of the Finance (No. 2) Act, 1947, or with section 24 of the Finance Act, 1949,
(ii) a person requires under section 12 of the Stamp Act, 1891, the Revenue Commissioners to express their opinion with reference to the instrument, and
(iii) it is shown to the satisfaction of the Revenue Commissioners that there could properly have been endorsed on the instrument a certificate under paragraph (c) of this subsection,
the instrument shall be deemed to have endorsed on it such certificate and to have been chargeable with duty accordingly, whether or not it has previously been stamped with a particular stamp denoting that it is duly stamped.
(e) In any such case as is referred to in paragraph (d) of this subsection, the Revenue Commissioners may repay the difference between the amount of duty actually charged on the instrument and the amount deemed to be chargeable thereon by virtue of paragraph (d) of this subsection, provided that the application for repayment is made within two years after the date of the instrument.
Amendment of section 10 of Act of 1952 and section 10 of Act of 1954.
8.—(1) Subsection (1) of section 10 of the Act of 1952 shall, as respects relevant grants allocated on or after the 17th day of July, 1956, have effect as if each of the amounts specified in paragraphs (i) to (iv) were increased by £104.
(2) Subsection (2) of section 10 of the Act of 1952 is hereby amended, as respects relevant grants allocated on or after the 17th day of July, 1956, by the substitution of “the spouse of such person where such person is married” for “every member of such person's family who resided with him during that year and who may reasonably be expected to reside with him in the house.”
(3) Subsection (2) of section 10 of the Act of 1954 shall, as respects relevant grants allocated on or after the 17th day of July, 1956, have effect as if each of the amounts specified in paragraphs (a) to (d) were increased by £104.
Amendment section 12 of Act of 1954.
9.—(1) In applying paragraph (a) of subsection (1) of section 12 of the Act of 1954, the reference to £80 shall, in relation to a separate dwelling with more than three rooms, be construed—
(a) in the case of a separate dwelling with five or more rooms—as a reference to £120, and
(b) in any other case—as a reference to £100.
(2) Paragraph (b) of subsection (1) of section 12 of the Act of 1954 is hereby amended by the insertion of “or section 11 of the Housing (Amendment) Act, 1956” after “section 7 of the Act of 1952”.
Schemes for guarantees.
10.—(1) A housing authority may, in accordance with a scheme approved of by the Minister, guarantee part of an advance (including an advance made before the making of the scheme) by a building society or an assurance company for the purchase or erection of a house together with interest thereon.
(2) For the purposes of a scheme under this section, a housing authority shall have the like powers of borrowing as are conferred on them for the purposes of the Housing of the Working Classes Acts or the Labourers Acts.
(3) The Minister, with the consent of the Minister for Finance, may recoup out of moneys provided by the Oireachtas not more than fifty per cent. of the expenditure by a housing authority in meeting a guarantee under a scheme under this section if the Minister is satisfied—
(a) that the guarantee was given in relation to such part of the advance as represents the excess of the advance over the advance that would have been made if the guarantee had not been given, and
(b) that the amount paid by the housing authority in meeting the guarantee did not exceed two-thirds of the loss which arose from the making of that part of the advance.
(4) The making of a scheme under this section shall be a reserved function for the purposes of the County Management Acts, 1940 to 1955, and for the purposes of the Acts relating to the management of any county borough.
(5) In this section—
“building society” means a society to which the Building Societies Acts, 1874 to 1942, apply;
“assurance company” has the same meaning as in the Insurance Act, 1936 (No. 45 of 1936).
Grants for provision and installation of private water supply and private sewerage facilities.
11.—(1) The Minister may, with the consent of the Minister for Finance, and subject to regulations made under this section, make, out of moneys provided by the Oireachtas, to a person providing and installing in a dwelling-house a private water supply, a grant not exceeding £40, if—
(i) the dwelling-house is situate in an area where, at the date of the application for the grant, no public piped water supply has been provided or is being provided, and
(ii) the provision and installation of the water supply commence on or after the day of the passing of this Act and are completed on or before the 1st day of April, 1958, and comply with the conditions set out in the said regulations.
(2) The Minister may, with the consent of the Minister for Finance, and subject to regulations made under this section, make, out of moneys provided by the Oireachtas, to a person providing and installing in a dwelling-house private sewerage facilities, a grant not exceeding £20, if—
(i) the dwelling-house is situate in an area where, at the date of the application for the grant, no public sewerage scheme has been provided or is being provided, and
(ii) the provision and installation of the sewerage facilities commence on or after the day of the passing of this Act and are completed on or before the 1st day of April, 1958, and comply with the conditions set out in the said regulations.
(3) Where the Minister makes a grant under this section, the valuation of the tenement consisting of or including the dwelling-house shall not, on any valuation or revision of the valuation thereof coming into force within seven years after the completion of the provision and installation, be increased on account of any increase in the value of such tenement arising from the provision and installation.
(4) The Minister may make regulations for the purposes of this section.
(5) The reference to the 1st day of April, 1956, contained (by virtue of subsection (2) of section 6 of the Act of 1954) in paragraph (b) of subsection (1) of section 7 of the Act of 1952 shall be construed as a reference to the 1st day of April, 1957.
(6) A grant shall not be made under section 7 of the Act of 1952 and under this section in respect of the same dwelling-house.
(7) Subsection (2) of section 6 of the Act of 1950 shall not apply in relation to a grant under this section.
(8) A grant made under this section shall be a relevant grant for the purposes of sections 9, 10 and 11 of the Act of 1952.
(9) Subsection (5) of this section shall have and be deemed to have had effect as on and from the 1st day of April, 1956.
PART III.
Control of Certain Premises.
Amendment of sections 7, 8 and 9 of Act of 1948.
12.—(1) Subsection (1) of section 7 of the Act of 1948 is hereby amended by the substitution of “for dwelling purposes the whole or part of” for “as a dwelling house”.
(2) Subsection (1) of section 8 of the Act of 1948 is hereby amended by the substitution of “for dwelling purposes the whole or part of” for “as a dwelling house”.
(3) Section 9 of the Act of 1948 is hereby amended by the substitution of “for dwelling purposes of the whole or part” for “as a dwelling house” where the latter words occur firstly.
(4) Section 7 or section 8 of the Act of 1948, as amended by this section, shall not apply in the case of a use otherwise than for dwelling purposes of part only of a habitable house where that part of the house was so used immediately before the passing of this Act.
(5) Section 8 of the Act of 1948, as amended by subsection (2) of this section, shall continue in force until the 31st day of December, 1958.
PART IV.
Housing of the Working Classes.
Acquisition of land for streets, etc.
13.—The power to acquire land for the purposes of Part III of the Housing of the Working Classes (Ireland) Act, 1890, may be exercised in respect of land proposed to be used for public streets or roads, playing fields, parks or open spaces, whether such streets, roads, playing fields, parks or open spaces are to be provided in relation to houses already built or to houses proposed to be built.
PART V.
Labourers Cottages.
Amendment of section 12 (2) (b) (i) of Labourers Act, 1936.
14.—(1) Subparagraph (i) of paragraph (b) of subsection (2) of section 12 of the Labourers Act, 1936 (No. 24 of 1936), is hereby amended by the addition thereto of “having provided a cottage situate on state land, has become owner in fee simple of that land, or”.
(2) In a case to which, by virtue of this section, subsection (2) of section 12 of the Labourers Act, 1936, applies immediately upon the passing of this Act, the period during which the obligations imposed by that subsection are to be fulfilled shall be taken to be the period of twelve months beginning on the passing of this Act.
Amendment of section 18 of Labourers Act, 1936.
15.—Section 18 of the Labourers Act, 1936 (No. 24 of 1936), is hereby amended by the addition of the following subsection :
“(3) Where works have been carried out pursuant to subsection (1) of this section on or in a cottage—
(a) a vesting order in respect of the cottage shall thereupon be made,
(b) the purchaser of the cottage may, not later than the expiration of the period of thirty days beginning on the date on which he is notified of the making of the vesting order, notify the Minister of any doubt, dispute or question with respect to the works which he wishes the Minister to determine pursuant to subsection (2) of this section, and
(c) if the Minister is notified as aforesaid and determines that further works are to be carried out, neither the fact that the vesting order has been made nor its terms shall be taken as preventing the further works being carried out.”
Amendment of section 24 of Act of 1950.
16.—Section 24 of the Act of 1950 is hereby amended by the substitution for subsection (3) of the following subsection:
“(3) (a) The council of a county by whom a cottage is let under this section may declare that the person to whom the cottage is let is a qualified person for the purposes of section 16 of the Labourers Act, 1936 (No. 24 of 1936), and such person shall thereupon be a qualified person for those purposes.
(b) The making of a declaration under this subsection shall be a reserved function for the purposes of the County Management Acts, 1940 to 1955.”
Sale under section 35 of Act of 1952 of house.
17.—Upon a sale under section 35 of the Act of 1952 of a house, the housing authority may, if they think fit, agree to the price being paid by instalments or to the payment of part thereof being secured by a mortgage of the premises.
Amendment of powers to annul or confirm compulsory purchase orders.
18.—(1) Any annulment or confirmation pursuant to paragraph (a), (b) or (c) of Article 4 of the Third Schedule to the Housing (Financial and Miscellaneous Provisions) Act, 1932 (No. 19 of 1932), as amended by section 42 of the Act of 1948, may be effected either in one stage at one time or in two or more stages at different times.
(2) In a case in which, by virtue of this section, a confirmation to which section 17 of the Housing (Miscellaneous Provisions) Act, 1931 (No. 50 of 1931), relates is effected in two or more stages, that section shall have effect as if—
(a) subsection (2) required publication and service of notice, in relation to each such stage, stating that the order has been confirmed in so far as it related to the land to which that stage related,
(b) subsection (3) applied in relation to each such publication of notice, and
(c) subsection (4) provided that the order shall, as respects the land to which any such stage related, become operative at the expiration of six weeks from the date on which notice relating to that stage is published.
(3) In a case in which, by virtue of this section, a first or second confirmation within the meaning of section 43 of the Act of 1948 is effected in two or more stages, that section shall have effect as if—
(a) subsection (3) or subsection (4) (as may be appropriate) required publication of notice, in relation to each such stage, stating that the order has been confirmed in so far as it related to the land to which that stage related,
(b) subsection (6) provided that the order shall, as respects the land to which any such stage related, become operative at the expiration of three weeks from the date on which notice relating to that stage is published, and
(c) in the case of a second confirmation, subsection (5) applied in relation to each such stage as if that stage were the second confirmation.
PART VI.
Acquisition of Small Dwellings.
Amendment of section 1 of Act of 1899.
19.—Subsection (1) of section 1 of the Act of 1899, as amended by section 34 of the Housing (Ireland) Act, 1919, is hereby amended—
(a) by the substitution of “ninety-five per centum” for “ninety per centum”, and
(b) the insertion after “the market value of the ownership” of “excluding from that market value a grant under any enactment”.
Rate of interest on advances under Act of 1899.
20.—The rate of interest on advances under section 1 of the Act of 1899 shall, as regards any advance made after the passing of this Act, be at such rate as may be fixed by the local authority making the advance.
SCHEDULE.
Repeals.
Number and Year | Short title | Extent of repeal |
No. 1 of 1948. | Section 40. | |
No. 25 of 1950. | In section 11, the words “if the latter occupies the house when completed”; section 34. | |
No. 16 of 1954. | Section 15. |