Uimhir 10 de 1987
AN tACHT AIRGEADAIS, 1987
RIAR NA nALT
Cáin Ioncaim agus Cáin Chorparáide
Cáin Ioncaim
Cáin Ioncaim: Faoiseamh i leith Infheistíochta i dTrádálacha Corpraithe
Íocaíochtaí i leith Seirbhísí Gairmiúla ag Daoine Áirithe
13. | |
14. | |
15. | |
16. | |
17. | |
18. | |
19. | |
20. | Creidmheasanna nó aisíocaíochtaí eatramhacha cánach cuí a chionroinnt. |
21. | Teorainn le creidmheasanna nó aisíocaíochtaí eatramhacha cánach cuí. |
Cáin Ioncaim agus Cáin Chorparáide
22. | Feirmeoireacht: leasú ar fhorálacha a bhaineann le faoiseamh i leith méadú ar stocluachanna. |
23. | |
24. | |
25. | |
26. | |
27. | Limistéir ainmnithe le haghaidh faoisimh maidir le hathnuachan uirbeach. |
Cáin Chorparáide
Custaim agus Mál
36. | |
37. |
Cáin Bhreisluacha
38. | |
39. | |
40. | |
41. | Leasú ar alt 12 (asbhaint i leith cáin a iompraíodh nó a íocadh) den Phríomh-Acht. |
42. | |
43. | Leasú ar alt 13 (loghadh cánach ar earraí a onnmhairítear, etc.) den Phríomh-Acht. |
44. | |
45. | |
46. | |
47. |
Dleachtanna Stampa
48. | |
49. | Leasú ar alt 92 (tobhach ar phréimheanna árachais áirithe) den Acht Airgeadais, 1982. |
Cáin Fháltas Caipitiúil
50. |
Ilghnéitheach
51. | |
52. | Leasú ar alt 162 (An tArd-Bhailitheoir) den Acht Cánach Ioncaim, 1967. |
53. | |
54. | |
55. |
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
An tAcht Talmhaíochta (An Chomhairle Oiliúna Talmhaíochta) 1979 | |
Inland Revenue Regulation Act, 1890 | 1890, c. 21 |
An tAcht um Sheirbhísí Rialtais Áitiúil (Comhlachtaí Corpraithe), 1971 | |
Na hAchtanna um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 go 1986 | |
Stamp Act, 1891 | 1891, c. 39 |
Succession Duty Act, 1853 | 1853, c. 51 |
Na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1983 | |
Uimhir 10 de 1987
AN tACHT AIRGEADAIS, 1987
[An tiontú oifigiúil]
CUID I
Cáin Ioncaim agus Cáin Chorparáide
Caibidil I
Cáin Ioncaim
Leasú ar alt 6 (liúntas speisialta i leith A.S.P.C. do 1982-83) den Acht Airgeadais, 1982.
1.—Beidh éifeacht le halt 6 den Acht Airgeadais, 1982, d'fhonn a fhionnadh cad é méid an ioncaim ar a mbeidh cáin ioncaim don bhliain 1987-88 le muirearú ar phearsa aonair dá dtagraítear ann, ionann is dá ndéanfaí, i bhfo-alt (2)—
(a) “1987-88” a chur in ionad “1982-83”, agus
(b) “£286” a chur in ionad “£312”, gach áit a bhfuil sé.
Feidhm alt 10 (ioncam áirithe ó thalamh feirmeoireachta a léasú a bheith díolmhaithe) den Acht Airgeadais, 1985.
2.—(1) San alt seo, tá le “léas cáilitheach”, “léasóir cáilitheach” agus “an méid sonraithe” na bríonna faoi seach a shanntar dóibh le halt 10 (1) den Acht Airgeadais, 1985.
(2) Maidir le léas cáilitheach nó le léasanna cáilitheacha a dhéantar sa tréimhse dar tosach an 20ú lá d'Eanáir, 1987, agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1987, beidh éifeacht leis an alt sin 10 (1) ionann is dá mba thagairtí do £2,800 na tagairtí ann do £2,000:
Ar choinníoll, i gcás gurb é atá in ioncam léasóra cháilithigh, nó i gcás gur cuid den ioncam sin, cíos nó cíosanna ó léas cáilitheach nó ó léasanna cáilitheacha a dhéantar laistigh den tréimhse sin agus ó léas cáilitheach nó ó léasanna cáilitheacha a dhéantar aon tráth eile, nach mó an méid sonraithe ná £2,800.
Feidhm alt 16 (creidmheas i leith cánach feirme) den Acht Airgeadais, 1986.
3.—Beidh feidhm agus éifeacht le halt 16 den Acht Airgeadais, 1986, don bhliain mheasúnachta 1986-87 ionann is dá mba thagairtí do cháin fheirme a bhí arna híoc nó arna hiompar an 30ú lá de Mheitheamh, 1987, nó roimhe, na tagairtí san alt sin don cháin sin a bhí arna híoc nó arna hiompar sa bhliain mheasúnachta sin.
Áit chónaithe daoine atá ag obair thar lear.
4.—(1) I gcás pearsa aonair, a bhfuil sainchónaí air sa Stát, a bheith ag gabháil go lánaimseartha do cheann amháin nó níos mó díobh seo a leanas, is é sin le rá, trádáil, gairm, oifig nó fostaíocht, agus go mbeidh an coinníoll a luaitear i bhfo-alt (2) comhlíonta, déanfar an cheist i dtaobh cónaí a bheith air sa Stát chun críocha cánach a chinneadh agus neamhaird á thabhairt ar aon áit chónaithe a bheidh á chothabháil sa Stát lena húsáid aige.
(2) Is é an coinníoll sin a dúradh ná gan aon chuid den trádáil ná den ghairm a bheith á seoladh sa Stát agus dualgais uile na hoifige nó na fostaíochta a bheith á gcomhlíonadh lasmuigh den Stát.
(3) Nuair a bheifear ag cinneadh an bhfuil dualgais oifige nó fostaíochta á gcomhlíonadh lasmuigh den Stát, aon dualgais a chomhlíontar sa Stát nach bhfuil ach baint theagmhasach idir a gcomhlíonadh agus comhlíonadh dhualgais na hoifige nó na fostaíochta lasmuigh den Stát, áireofar iad chun críocha an ailt seo mar dhualgais a rinneadh lasmuigh den Stát.
Leasú ar alt 14 (mar a dhéileálfar, ó thaobh cánach, le díbhinní áirithe) den Acht Airgeadais, 1986.
5.—Leasaítear leis seo alt 14 den Acht Airgeadais, 1986, maidir leis an mbliain 1987-88 agus aon bhliain mheasúnachta dá éis—
(a) trí “i leith scaireanna cáilithe” a chur isteach i ndiaidh “Aon díbhinn” i bhfo-alt (1),
(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):
“(1A) (a) San alt seo ciallaíonn ‘scaireanna cáilithe’, i ndáil le cuideachta, scaireanna is cuid de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta agus ar scaireanna iad—
(i) atá láníoctha,
(ii) nach mbeidh ag gabháil leo aon cheart tosaíochta láithreach nó todhchúil chun díbhinní nó chun sócmhainní na cuideachta ar í a fhoirceannadh, ná aon cheart tosaíochta láithreach nó todhchúil chun fuascailte, agus
(iii) nach bhfuil faoi réir aon déileála atá difriúil leis an déileáil atá i bhfeidhm maidir leis na scaireanna uile den aicme chéanna, go háirithe, déileáil difriúil—
(I) maidir leis an díbhinn is iníoctha,
(II) maidir le haisíoc,
(III) maidir le srianta a ghabhann leis na scaireanna,
nó
(IV) maidir le haon tairiscint scaireanna, urrús nó ceart, de chineál ionadach nó breise, de thuairisc ar bith i leith na scaireanna.
(b) Ach amháin i gcás gurb é atá sna scaireanna, scaireanna i gcuideachta ar scaireanna d'aon aicme amháin a gnáth-scairchaipiteal, ní scaireanna cáilithe a bheidh i scaireanna chun críocha an ailt seo mura rud é, tráth íoca na díbhinne i leith na scaireanna lena mbaineann an t-éileamh faoin alt seo, maidir le formhór na scaireanna eisithe ar den aicme chéanna iad leis na scaireanna sin, go bhfuil siad á sealbhú ag daoine seachas—
(i) daoine a fuair a gcuid scaireanna de bhun aon tairbhe, cirt nó deise a tugadh dóibh mar stiúrthóir nó mar fhostaí de chuid na cuideachta lena mbaineann nó de chuid aon chuideachta eile agus ní de bhun tairisceana don phobal, agus
(ii) iontaobhaithe atá ag sealbhú scaireanna thar ceann daoine a fuair a leas tairbhiúil sna scaireanna de bhun tairbhe, cirt nó deise den chineál a luaitear i bhfomhír (i).
(c) San fho-alt seo tá le ‘gnáth-scairchaipiteal’ an bhrí a shanntar dó le halt 155 (5) den Acht Cánach Corparáide, 1976.
(d) Ní áireofar scaireanna i gcuideachta, chun críocha an ailt seo, mar scaireanna d'aicme amháin nó mar scaireanna den aicme chéanna mura n-áireofaí amhlaidh iad dá ndéileálfaí iontu ar stocmhargadh sa Stát.”,
(c) tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur in ionad an choinníll a ghabhann le fo-alt (2):
“Ar choinníoll, maidir leis an méid a ndéanfar ioncam pearsan aonair dá bhfreagraíonn díbhinní cáilitheacha a laghdú de réir an ailt seo d'aon bhliain mheasúnachta, nach mó é—
(i) i gcás díbhinní cáilitheacha a d'íoc cuideachta—
(I) atá ar marthain go hiomlán chun trádáil, arb é atá inti go hiomlán nó go formhór monarú earraí de réir bhrí Chaibidil VI de Chuid I den Acht Airgeadais, 1980, a sheoladh go hiomlán nó go formhór sa Stát, agus
(II) a bhunaigh scéim brabús-roinnte a bhí ceadaithe, agus atá fós á ceadú, ag na Coimisinéirí Ioncaim de réir Chuid I den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1982,
ná £9,000, agus
(ii) i gcás díbhinní cáilitheacha a d'íoc aon chuideachta eile, ná £7,000:
Ar choinníoll thairis sin nach mó ná £9,000 an méid iomlán a mbeidh ioncam pearsan aonair dá bhfreagraíonn díbhinní cáilitheacha le laghdú faoin alt seo d'aon bhliain mheasúnachta.”,
agus
(d) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):
“(2A) Chun críocha fho-alt (2), déanfar trádáil arb é atá inti monarú earraí de réir bhrí Chaibidil VI de Chuid I den Acht Airgeadais, 1980, go páirteach, agus oibríochtaí trádála eile, go páirteach, a áireamh mar thrádáil arb é atá inti, go hiomlán nó go formhór, monarú earraí de réir na brí sin a dúradh más rud é, agus ar an gcoinníoll amháin, nach lú an méid iomlán is infhaighte ag an gcuideachta a sheolann an trádáil ó dhíol na n-earraí sin ná 75 faoin gcéad den mhéid iomlán is infhaighte ag an gcuideachta ó na díolacháin go léir a dhéanfar i gcúrsa na trádála sin.”,
agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TÁBLA |
(1) Aon díbhinn i leith scaireanna cáilithe arna híoc, an 6ú lá d'Aibreán, 1986, nó dá éis, ag cuideachta a chónaíonn sa Stát, ar dáileadh iomchuí í chun críocha alt 45 den Acht Airgeadais, 1980, is díbhinn cháilitheach í chun críocha an ailt seo. |
Leasú ar fhorálacha a bhaineann le faoiseamh i leith úis.
6.—(1) I ndáil le haon ús arna íoc i leith aon tréimhse dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1987, nó dá éis, ní thabharfar faoiseamh faoi ailt 76 (1) (c) agus 496 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, ná faoi mhír 1 (2) de Chuid III de Sceideal 6 a ghabhann leis an Acht sin, i leith na breise a bheidh ag méid, nó ag méid comhiomlán, an úis ar 90 faoin gcéad de mhéid, nó de mhéid comhiomlán, an úis a dtabharfaí, ar leith ón alt seo, faoiseamh faoi na forálacha sin ina leith thairis sin.
(2) Ní bheidh feidhm ag forálacha an ailt seo maidir le hús ar airgead a gheofar ar iasacht chun dleachtanna báis a íoc.
Méid malartach ar cuntas cánach cuí.
7.—(1) Chun criocha an ailt seo—
(a) áireofar go bhfaibhríonn ús ó lá go lá mura n-áirítear ar shlí eile amhlaidh é,
(b) déanfar tagairtí do “dáta creidiúnúcháin ginearálta” a fhorléiriú, maidir le glacadóir taisce iomchuí, mar thagairtí do dháta ar a ndéanann an glacadóir taisce iomchuí an t-ús faibhrithe a bheidh dlite i leith na dtaiscí iomchuí a shealbhaíonn sé ar an dáta sin a chreidiúnú do na taiscí sin go léir nó don chuid is mó díobh (cibé acu a dhéanfar nó nach ndéanfar an t-ús a chur le hiarmhéideanna na dtaiscí iomchuí ar an dáta sin d'fhonn ús a ríomh a bheidh dlite ar dháta éigin sa todhchaí), agus
(c) déanfar tagairtí don “príomh-alt” a fhorléiriú mar thagairtí d'alt 33 den Acht Airgeadais, 1986.
(2) Más rud é, d'aon bhliain mheasúnachta (arb í an bhliain 1986-87 nó aon bhliain mheasúnachta dá éis í), gur lú an méid cánach cuí a bheidh dlite agus iníoctha ag glacadóir taisce iomchuí don bhliain sin faoin bpríomh-alt ná an méid cánach cuí a bheadh dlite agus iníoctha amhlaidh ag an nglacadóir taisce iomchuí don bhliain dá mbeadh méid iomlán an úis a d'fhaibhrigh, sa tréimhse dhá mhí dhéag dar críoch—
(a) an dáta creidiúnúcháin ginearálta maidir leis an nglacadóir taisce iomchuí sin a thiteann sa bhliain mheasúnachta sin, nó
(b) má thiteann breis agus dáta creidiúnúcháin ginearálta amháin maidir leis an nglacadóir taisce iomchuí sin sa bhliain mheasúnachta sin, cibé dáta acu is déanaí, nó
(c) mura dtiteann aon dáta creidiúnúcháin ginearálta maidir leis an nglacadóir taisce iomchuí sin sa bhliain mheasúnachta sin, an 5ú lá d'Aibreán sa bhliain sin,
ar na taiscí iomchuí go léir a bhí á sealbhú ag an nglacadóir taisce iomchuí sa tréimhse sin (ach nach mbeadh níos mó ná sin) íoctha aige sa tréimhse sin, beidh feidhm ag forálacha an ailt seo maidir leis an nglacadóir taisce iomchuí sin don bhliain mheasúnachta díreach i ndiaidh na bliana measúnachta sin agus do gach bliain mheasúnachta dá éis.
(3) I gcás feidhm a bheith ag forálacha an ailt seo maidir le glacadóir taisce iomchuí d'aon bhliain mheasúnachta, ní bheidh, d'ainneoin aon ní sa phríomh-alt, feidhm ag fo-alt (4) den phríomh-alt maidir leis an nglacadóir taisce iomchuí don bhliain mheasúnachta sin ach beidh feidhm ag fo-alt (4) den alt seo maidir leis an nglacadóir taisce iomchuí sin don bhliain sin agus, maidir leis an nglacadóir taisce iomchuí sin don bhliain sin, déanfar aon tagairt sna hAchtanna Cánach, ar leith ón alt seo, d'fho-alt (4) den phríomh-alt, a fhorléiriú mar thagairt d'fho-alt (4) den alt seo.
(4) D'ainneoin fho-alt (3) den phríomh-alt, ní mór do ghlacadóir taisce iomchuí, maidir le gach bliain mheasúnachta, méid ar cuntas cánach cuí a íoc leis an Ard-Bhailitheoir laistigh de 15 lá ón 5ú lá de Dheireadh Fómhair sa bhliain mheasúnachta sin ar méid é nach lú ná an méid a chinnfear de réir na foirmle atá leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo; agus aon mhéid ar cuntas cánach cuí a bheidh íoctha amhlaidh ag an nglacadóir taisce iomchuí do bhliain mheasúnachta, áireofar é, a mhéid is féidir, mar íocaíocht ar cuntas aon chánach cuí a bheidh dlite agus iníoctha aige don bhliain mheasúnachta sin faoin bhfo-alt sin (3):
Ar choinníoll, i gcás inar mó an méid ar cuntas cánach cuí a íocfaidh glacadóir taisce iomchuí do bhliain mheasúnachta faoin bhfo-alt seo ná méid na cánach cuí a bheidh dlite agus iníoctha aige don bhliain mheasúnachta sin faoin bhfo-alt sin (3), go ndéanfar an bhreis a thabhairt ar aghaidh agus a fhritháireamh in aghaidh aon mhéid a bheidh dlite agus iníoctha faoin bhfo-alt seo nó faoin bhfo-alt sin (3) ag an nglacadóir taisce iomchuí d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin (ach déanfar an fritháireamh sin, a mhéid is féidir, in aghaidh méid a bheidh dlite agus iníoctha amhlaidh ar dháta níos luaithe seachas ar dháta níos déanaí).
AN TÁBLA |
A - (B - C) |
i gcás gurb é A méid na cánach cuí a bheadh dlite agus iníoctha ag an nglacadóir taisce iomchuí don bhliain mheasúnachta (dá ngairtear an “bliain iomchuí” ina dhiaidh seo sa Tábla seo) de réir fho-alt (3) den phríomh-alt dá mbeadh méid iomlán an úis iomchuí a d'fhaibhrigh sa tréimhse dhá mhí dhéag dar críoch an 5ú lá de Dheireadh Fómhair sa bhliain iomchuí ar na taiscí iomchuí go léir a bhí á sealbhú ag an nglacadóir taisce iomchuí sa tréimhse sin (ach nach mbeadh níos mó ná sin) íoctha aige sa bhliain iomchuí, gurb é B méid na cánach cuí a bhí dlite agus iníoctha ag an nglacadóir taisce iomchuí don bhliain mheasúnachta díreach roimh an mbliain iomchuí de réir an fho-ailt sin (3), agus gurb é C méid ar comhionann leis an méid is lú den mhéid ag B agus den mhéid a áireofar, de réir fhorálacha an fho-ailt seo nó de réir fhorálacha fho-alt (4) den phríomh-alt, mar mhéid a d'íoc an glacadóir taisce iomchuí ar cuntas na cánach cuí a bhí dlite agus iníoctha aige don bhliain mheasúnachta díreach roimh an mbliain iomchuí. |
(5) Forléireofar an t-alt seo i dteannta Chaibidil IV de Chuid I den Acht Airgeadais, 1986, agus measfar aon cháin is iníoctha de réir an ailt seo a bheith iníoctha de réir na Caibidle sin.
Caibidil II
Cáin Ioncaim: Faoiseamh i leith Infheistíochta i dTrádálacha Corpraithe
Leasú ar alt 12 (an faoiseamh) den Acht Airgeadais, 1984.
8.—Leasaítear leis seo alt 12 den Acht Airgeadais, 1984—
(a) tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur ag gabháil le mír (c) d'fho-alt (1):
“Ar choinníoll, i gcás gur úsáid an chuideachta an t-airgead a cruinníodh, nó go bhfuil sí á úsáid nó go mbeartaíonn sí é a úsáid, chun long a cheannach lena húsáid aici i gcúrsa trádála loingseoireachta cáilithí atá á seoladh aici, go mbeidh ar áireamh san fhianaise sin a dúradh deimhniú ó Aire na Mara á dheimhniú, i gcás ceannach na loinge, go rabhthas, go bhfuiltear nó go mbeifí i dteideal deontas-i-gcabhair a fháil, faoi scéim chúnaimh reachtúil chun longa a cheannach atá á riar ag Roinn na Mara.”,
agus
(b) tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur ag gabháil le fo-alt (3), le héifeacht amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1987:
“Ar choinníoll, más rud é—
(a) go mbeidh faoiseamh dlite, de réir fhorálacha alt 27, maidir le méid arna shuibscríobh i gcáil ainmnithigh thar ceann pearsan aonair cáilithí ag bainisteoirí ciste ainmnithe, agus
(b) go ndéanfar na scaireanna cáilithe, ar ina leith a suibscríobhadh an méid, a eisiúint sa chéad bhliain mheasúnachta eile tar éis na bliana measúnachta inar suibscríobhadh an méid sin i leith an chiste ainmnithe,
go bhféadfaidh an phearsa aonair, trí fhógra i scríbhinn chun an chigire, a roghnú go ndéanfaí an faoiseamh a bheidh dlite a thabhairt mar asbhaint óna ioncam iomlán don bhliain mheasúnachta inar suibscríobhadh an méid i leith an chiste ainmnithe in ionad é a thabhairt mar asbhaint óna ioncam iomlán don bhliain mheasúnachta ina n-eisítear na scaireanna.”.
Leasú ar alt 13 (teorainneacha le faoiseamh) den Acht Airgeadais, 1984.
9.—Leasaítear leis seo alt 13 den Acht Airgeadais, 1984, le héifeacht amhail ar an agus ón 6ú lá d’Aibreán, 1984, trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):
“(2A) Más rud é, in aon bhliain mheasúnachta, go dtabharfaí méid faoisimh is mó do phearsa aonair maidir leis an méid nó an méid iomlán a bheidh suibscríofa aige le haghaidh scaireanna cáilithe (dá ngairtear ‘an suibscríobh iomchuí’ san fho-alt seo) a eisíodh chuige an bhliain sin nó, i gcás feidhm a bheith ag an gcoinníoll (arna chur isteach leis an Acht Airgeadais, 1987) a ghabhann le halt 12 (3), sa chéad bhliain mheasúnachta eile, murach ceachtar de na cúiseanna seo a leanas nó murach an dá chúis acu, eadhon—
(a) easpa ioncaim iomláin, nó
(b) oibriú fho-alt (2),
déanfar méid an fhaoisimh a thabharfaí murach na cúiseanna sin, lúide méid, nó méid comhiomlán, aon fhaoisimh i leith an tsuibscríofa iomchuí a thugtar an bhliain mheasúnachta sin, a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad bhliain mheasúnachta eile ina dhiaidh sin, agus déileálfar leis chun críocha an fhaoisimh mar mhéid a bheidh arna shuibscríobh go díreach ag an bpearsa aonair le haghaidh scaireanna cáilithe arna n-eisiúint chuige an bhliain sin ina dhiaidh sin:
Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ná éifeacht leis an bhfo-alt seo maidir le haon bhliain mheasúnachta tar éis na bliana 1990-91.
(2B) Más rud é nach ndéanfar, agus a mhéid nach ndéanfar, méid a tugadh ar aghaidh uair amháin faoi fho-alt (2A) (agus ar déileáladh leis mar mhéid a bhí suibscríofa go díreach ag pearsa aonair le haghaidh scaireanna cáilithe arna n-eisiúint chuige an bhliain mheasúnachta sin ina dhiaidh sin) a asbhaint óna ioncam iomlán don bhliain mheasúnachta sin, tabharfar ar aghaidh arís é go dtí an chéad bhliain mheasúnachta eile ina dhiaidh sin (agus déileálfar leis mar mhéid a bheidh suibscríofa go díreach aige le haghaidh scaireanna cáilithe arna n-eisiúint chuige sa bhliain sin díreach ina dhiaidh sin), agus mar sin de do bhlianta measúnachta dá éis sin:
Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ná éifeacht leis an bhfo-alt seo maidir le haon bhliain mheasúnachta tar éis na bliana 1990-91.
(2C) Is san ord seo a leanas a thabharfar faoiseamh do phearsa aonair d'aon bhliain mheasúnachta—
(a) ar dtús, i leith méid a bheidh tugtha ar aghaidh ó bhliain mheasúnachta níos luaithe de réir fhorálacha fho-alt (2A) nó (2B), agus, maidir le méid den sórt sin a bheidh tugtha ar aghaidh amhlaidh, do bhliain mheasúnachta is luaithe, i dtosaíocht ar bhliain mheasúnachta is déanaí, agus
(b) ansin, agus ansin amháin, i leith aon mhéid eile a mbeidh faoiseamh le tabhairt ina leith an bhliain mheasúnachta sin.”.
Leasú ar alt 15 (cuideachtaí cáilitheacha) den Acht Airgeadais, 1984.
10.—Leasaítear leis seo alt 15 den Acht Airgeadais, 1984—
(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):
“(3A) (a) Aon chuideachta a bhfuil gnóthas tráchta cuartaíochta amháin nó níos mó, de réir bhrí alt 16 (2A) (arna chur isteach leis an Acht Airgeadais, 1987), ar áireamh ina trádáil, ní cuideachta cháilitheach a bheidh inti mura mbeidh sé suite aici, agus go dtí go mbeidh sé suite aici, chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim gur chuir sí faoi bhráid Bhord Fáilte Éireann (dá ngairtear ‘an Bord’ feasta sa Chaibidil seo) plean forbartha agus margaíochta trí bliana i ndáil leis an ngnóthas sin nó leis na gnóthais sin, de réir mar a bheidh, ar plean é a bheidh ceaptha agus leagtha amach go príomha chun trácht cuartaíochta, agus ioncam, ó áiteanna lasmuigh den Stát a mhéadú, agus gur cheadaigh an Bord an plean sin.
(b) Le linn dó bheith ag cinneadh ar chóir plean den sórt sin a cheadú, ní bheidh aird ag an mBord ach amháin ar cibé treoirlínte i ndáil leis an gceadú sin ar a gcomhaontófar ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais, idir an Bord agus an tAire Turasóireachta agus Iompair, agus, gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil anseo roimhe seo, féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith leagtha amach sna treoirlínte sin—
(i) a mhéid a fhéadfaidh leasanna na cuideachta i dtalamh agus i bhfoirgnimh a bheith mar chuid de shócmhainní iomlána na cuideachta,
(ii) ceanglais shonracha nach foláir a chomhlíonadh chun bheith i gcomhréir leis an gcuspóir a luaitear i mír (a), agus
(iii) a mhéid is cóir an t-airgead a chruinnítear trí eisiúint scaireanna cáilithe a úsáid chun an gnóthas nó na gnóthais, de réir mar a bheidh, a chur chun cinn lasmuigh den Stát.”, agus
(b) tríd an bhfo-alt nua seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (12):
“(13) D'ainneoin aon fhorála de na forálacha sin roimhe seo den alt seo, ní cuideachta cháilitheach a bheidh i gcuideachta más rud é, le linn na tréimhse iomchuí—
(a) nach cuideachta cháilitheach a bheadh sa chuideachta mura mbeadh forálacha fho-alt (1A) (arna chur isteach leis an Acht Airgeadais, 1987) d'alt 26, agus
(b) maidir leis an gcuideachta nó aon fhochuideachta dá cuid—
(i) go suibscríobhfaidh sí le haghaidh scairchaipitil, nua nó láithreach, i bhfochuideachta, nó
(ii) go dtabharfaidh sí iasachtaí d'fhochuideachta,
ar fochuideachta cháilitheach í de bhua an fho-ailt sin (1A).”.
Leasú ar alt 16 (trádálacha cáilitheacha) den Acht Airgeadais, 1984.
11.—Leasaítear leis seo alt 16 den Acht Airgeadais, 1984—
(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) i bhfo-alt (2):
“(a) gurb é a bheidh inti, go hiomlán nó go formhór, ceann amháin nó níos mó de na hoibríochtaí trádála seo a leanas (dá ngairtear ‘oibríochtaí trádála cáilitheacha’ sa Chaibidil seo)—
(i) monarú earraí de réir bhrí Chaibidil VI de Chuid I den Acht Airgeadais, 1980:
Ar choinníoll, maidir le hoibríochtaí nó gníomhaíochtaí trádála a áirítear sa mhíniú ar earraí chun críocha na Caibidle sin VI, nó a meastar chun na gcríoch sin gur monarú earraí den sórt sin laistigh den Stát iad de bhua aon achtacháin a achtófar tar éis an tAcht seo a rith, nach measfar, faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den mhír seo, gur oibríochtaí trádála cáilitheacha iad chun críocha na Caibidle seo,
(ii) seirbhísí a dhéanamh (seachas oibríochtaí trádála iomchuí de réir bhrí alt 39B (arna chur isteach leis an Acht Airgeadais, 1987) den Acht Airgeadais, 1980) i gcúrsa gnóthais seirbhíse ar thug an tÚdarás Forbartha Tionscail deontas fostaíochta ina leith faoi alt 2 den Acht um Fhorbairt Tionscail (Uimh. 2), 1981,
(iii) maidir le suibscríobh le haghaidh scaireanna cáilithe a dhéanfar an 1ú lá d'Eanáir, 1987, nó dá éis, seoladh gníomhaíochtaí loingseoireachta cáilitheacha de réir bhrí alt 28 (1) den Acht Airgeadais, 1987,
(iv) maidir le suibscríobh le haghaidh scaireanna cáilithe a dhéanfar an 6ú lá d'Aibreán, 1987, nó dá éis, oibriú gnóthais tráchta cuartaíochta amháin nó níos mó de réir bhrí fho-alt (2A) (arna chur isteach leis an Acht Airgeadais, 1987), agus
(v) maidir le suibscríobh le haghaidh scaireanna cáilithe a dhéanfar ar an dáta a dtiocfaidh alt 29 den Acht Airgeadais, 1987, in éifeacht, nó dá éis, díol earraí onnmhairiúcháin ag Teach Trádála Speisialta de réir bhrí fho-alt (ICC2) (arna chur isteach leis an Acht Airgeadais, 1987) d'alt 39 den Acht Airgeadais, 1980,”,
agus
(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):
“(2A) Chun críocha fho-alt (2), ciallaíonn gnóthais tráchta cuartaíochta—
(a) oibriú saoráidí cóiríochta do thurasóirí, fearacht óstáin, tithe aíochta, láithreáin charbhán agus champála agus cóiríocht fhéinfhreastail dá gcoimeádann an Bord clár de réir na nAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1983,
(b) oibriú cibé aicmí eile saoráidí a cheadóidh an tAire Airgeadais chun críocha an fhaoisimh, i gcomhairle leis an Aire Turasóireachta agus Iompair, ar mholadh ón mBord i gcomhréir le cóid shonracha caighdeán a bheidh leagtha síos aige, nó
(c) aon cheann de na saoráidí a luaitear i míreanna (a) agus (b) a chur chun cinn lasmuigh den Stát.”.
Leasú ar fhorálacha a bhaineann le fochuideachtaí.
12.—(1) Leasaítear leis seo alt 26 den Acht Airgeadais, 1984, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):
“(1A) (a) D’ainneoin fhorálacha fho-alt (1), féadfaidh cuideachta cháilitheach arb é atá go hiomlán nó go formhór ina gnó seoladh gníomhaíochtaí loingseoireachta cáilitheacha de réir bhrí alt 28 (1) den Acht Airgeadais, 1987, fochuideachta amháin nó níos mó a bheith aici nach gcomhlíonann ceachtar de na coinníollacha i mír (b) d'fho-alt (1): Ar choinníoll go mbeidh an coinníoll a luaitear i mír (b) den fho-alt seo comhlíonta.
(b) Is é an coinníoll sin a dúradh gur cuideachta í an fhochuideachta, nó gach fochuideachta, atá ar marthain chun trádáil a sheoladh arb é atá inti go hiomlán nó go formhór seoladh gníomhaíochtaí loingseoireachta cáilitheacha.
(c) I mír (b), tá le ‘gníomhaíochtaí loingseoireachta cáilitheacha’ an bhrí a shanntar dó le halt 28 (1) den Acht Airgeadais, 1987, amhail is dá ndéanfaí, sa mhíniú ar ‘long cháilitheach’ chun críocha na brí sin, míreanna (a) agus (b) den mhíniú sin a scriosadh.
(d) San fho-alt seo, déanfar an cheist an seoladh gníomhaíochtaí loingseoireachta cáilitheacha atá go hiomlán nó go formhór i dtrádáil a fhorléiriú, fara aon mhodhnuithe is gá, de réir an choinníll a ghabhann le halt 16 (2).”.
(2) Leasaítear leis seo an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1984, tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír 1:
“1. Maidir leis na scaireanna a eiseoidh an chuideachta cháilitheach, féadfar, in ionad iad a eisiúint nó i dteannta iad a eisiúint chun na críche a luaitear i bhfo-alt (1) (b) d'alt 12, iad a eisiúint chun airgead a chruinniú ar mhaithe le trádáil cháilitheach atá á seoladh ag fochuideachta (seachas fochuideachta is fochuideachta cháilitheach de bhua alt 26 (1A) (arna chur isteach leis an Acht Airgeadais, 1987)) nó a bheartaíonn fochuideachta den sórt sin a sheoladh; agus i gcás go n-eiseofar scaireanna amhlaidh beidh éifeacht le fo-ailt (1) (c), (4), (5), (7) (b) agus (8) d'alt 12 ionann is dá mba thagairtí don fhochuideachta tagairtí don chuideachta nó, de réir mar a bheidh, ionann is dá bhfolódh tagairtí don chuideachta tagairtí don fhochuideachta.”.
Caibidil III
Íocaíochtaí i leith Seirbhísí Gairmiúla ag Daoine Áirithe
Léiriú (Caibidil III).
13.—(1) Sa Chaibidil seo—
tá le “duine cuntasach’ an bhrí a shanntar dó le halt 14;
ciallaíonn “cáin chuí” i ndáil le híocaíocht iomchuí—
(a) i gcás nach bhfuil cáin bhreisluacha ar áireamh san íocaíocht sin, suim in ionannas cánach ioncaim ar mhéid na híocaíochta sin de réir an ráta chaighdeánaigh a bheidh i bhfeidhm tráth na híocaíochta, agus
(b) i gcás go bhfuil cáin bhreisluacha ar áireamh san íocaíocht sin, suim in ionannas cánach ioncaim de réir an ráta chaighdeánaigh a bheidh i bhfeidhm tráth na híocaíochta ar mhéid na híocaíochta sin gan an cháin bhreisluacha a áireamh;
ciallaíonn “bonntréimhse do bhliain mheasúnachta”, i ndáil le duine sonraithe—
(a) i gcás íocaíocht iomchuí a bheith le háireamh le linn brabúis nó gnóchain an duine sin a bheith á ríomh chun críocha Chás I nó II de Sceideal D, an tréimhse ar ar a brabúis nó a gnóchain a bheidh cáin ioncaim don bhliain sin le ríomh go críochnaitheach chun críocha an Cháis sin I nó II:
Ar choinníoll—
(i) má théann dhá bhonntréimhse thar a chéile, go measfar, chun críocha na Caibidle seo, gur sa dara bonntréimhse amháin atá an tréimhse a bhaineann leo araon,
(ii) má bhíonn eatramh idir deireadh na bonntréimhse do bhliain mheasúnachta amháin agus an bhonntréimhse don chéad bhliain mheasúnachta eile, ansin, go measfar gur cuid den dara bonntréimhse an t-eatramh,
(iii) go ndéanfar an tagairt i bhfomhír (i) do dh á thréimhse ag dul thar a chéile a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do dhá thréimhse do chomhtheacht le chéile nó do thréimhse amháin a bheith ar áireamh i dtréimhse eile, agus go ndéanfar an tagairt don tréimhse a bhaineann leo araon a fhorléiriú dá réir sin, agus
(b) in aon chás eile, an bhliain mheasúnachta;
ciallaíonn “mí cánach ioncaim” mí dar tosach an 6ú lá d'aon mhí ó Aibreán go Márta in aon bhliain;
folaíonn “seirbhísí gairmiúla”—
(a) seirbhísí liachta, déidliachta, cogaisíochta, súil-liachta, cluasliachta nó tréidliachta,
(b) seirbhísí ailtireachta, innealtóireachta, suirbhéireachta cainníochta nó suirbhéireachta, agus seirbhísí gaolmhara,
(c) seirbhísí cuntasaíochta, iniúchóireachta nó airgeadais agus seirbhísí sainchomhairle airgeadais, eacnamaíochta, margaithe, fógraíochta nó eile,
(d) seirbhísí aturnae nó abhcóide agus seirbhísí eile dlí,
(e) seirbhísí geolaíochta, agus
(f) seirbhísí oiliúna a chuirtear ar fáil thar ceann na Comhairle Oiliúna;
ciallaíonn “íocaíocht iomchuí” íocaíocht arna déanamh an 6ú lá de Mheitheamh, 1987, nó dá éis, i leith seirbhísí gairmiúla bíodh nó ná bíodh na seirbhísí sin á gcur ar fáil don duine cuntasach a dhéanann an íocaíocht, ach ní áirítear ann—
(a) díolaíochtaí, a thagann faoi réim Chaibidil IV de Chuid V den Acht Cánach Ioncaim, 1967, lena mbaineann an Chaibidil sin, ná
(b) íocaíochtaí faoi chonradh foirgníochta de réir bhrí alt 17 den Acht Airgeadais, 1970, ónar asbhaineadh cáin de réir fhorálacha fho-alt (2) den alt sin, nó óna n-asbhainfí amhlaidh í mura mbeadh forálacha fho-alt (8) den alt sin;
ciallaíonn “duine sonraithe”, i ndáil le híocaíocht iomchuí, an duine lena ndéantar an íocaíocht sin;
ciallaíonn “cáin” cáin ioncaim nó cáin chorparáide, de réir mar a éilíonn an comhthéacs.
(2) Chun críocha na Caibidle seo—
(a) déanfar aon tagairt sa Chaibidil seo do mhéid íocaíochta iomchuí a fhorléiriú mar thagairt don mhéid ar mhéid na híocaíochta sin a bheadh ann mura mbeadh cáin chuí ar bith le hasbhaint uaidh, agus
(b) i ndáil le duine sonraithe, ciallaíonn cáin chuí is inchurtha i leith tréimhse cuntasaíochta nó i leith bonntréimhse do bhliain mheasúnachta an cháin chuí arna hasbhaint ó íocaíocht iomchuí a chuirtear i gcuntas le linn brabúis nó gnóchain an duine shonraithe a bheith á ríomh don tréimhse sin agus, i gcás níos mó ná íocaíocht iomchuí amháin den sórt sin a bheith ann sa tréimhse sin, ciallaíonn sé méid comhiomlán na cánach cuí a asbhaintear ó na híocaíochtaí sin.
Daoine cuntasacha.
14.—(1) Sa Chaibidil seo, ciallaíonn “duine cuntasach”—
(a) Aire Rialtais,
(b) údarás áitiúil de réir bhrí alt 2 (2) den Acht Rialtais Áitiúil, 1941, agus folaíonn sé comhlacht arna bhunú faoin Acht um Sheirbhísí Rialtais Áitiúil (Comhlachtaí Corpraithe), 1971,
(c) bord sláinte,
(d) an Bord Seirbhísí Liachta Ginearálta (Íocaíochtaí) arna bhunú faoin Ordú um an mBord Seirbhísí Liachta Ginearálta (Íocaíochtaí) (Bunú), 1972 (I.R. Uimh. 184 de 1972),
(e) an tArd-Aighne,
(f) an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí,
(g) na Coimisinéirí Ioncaim,
(h) Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn,
(i) an Bord um Chúnamh Dlíthiúil,
(j) coiste gairmoideachais nó ceard-choláiste réigiúnach arna bhunú faoin Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930,
(k) An Chomhairle Oiliúna arna bhunú faoin Acht Oiliúna Tionscail, 1967,
(l) údarás cuain arna bhunú faoin Acht Cuanta, 1946,
(m) An Chomhairle Oiliúna Talmhaíochta arna bhunú faoin Acht Talmhaíochta (An Chomhairle Oiliúna Talmhaíochta), 1979,
(n) An Foras Talúntais arna bhunú faoin Acht Talmhaíochta (An Foras Talúntais), 1958,
(o) Údarás na Gaeltachta arna bhunú faoin Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979,
(p) an tÚdarás Forbartha Tionscail arna bhunú faoin Acht um an Údarás Forbartha Tionscail, 1950, agus arna choimeád ar marthain leis an Acht um Fhorbairt Tionscail, 1986,
(q) Córas Tráchtála arna bhunú faoin Acht um Onnmhairiú a Spreagadh, 1959,
(r) Cuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta arb í an chuideachta í dá dtagraítear sna hAchtanna um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 go 1986,
(s) Bord Fáilte Éireann arna bhunú faoin Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1939, nó
(t) foras ard-oideachais de réir bhrí Achta an Údaráis um Ard-Oideachas, 1971.
(2) Chun críocha na Caibidle seo féadfaidh an tAire Airgeadais, le Rialacháin, an míniú ar dhuine cuntasach a leathnú trí dhaoine eile nó aicmí eile daoine a áireamh i bhfo-alt (1) ach ní bheidh éifeacht leis an áireamh sin i ndáil le híocaíochtaí a rinneadh roimh dháta a bheidh sonraithe sna Rialacháin.
(3) Má bheartaítear Rialachán a dhéanamh faoi fho-alt (2), leagfar dréacht de faoi bhráid Dháil Éireann agus ní dhéanfar an Rialachán go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag Dáil Éireann.
Cáin a asbhaint ó íocaíochtaí iomchuí.
15.—(1) Déanfaidh duine cuntasach a bheidh ag déanamh íocaíochta iomchuí an cháin chuí i ndáil leis an íocaíocht a asbhaint ó mhéid na híocaíochta. Déanfaidh an duine sonraithe lena ndéantar an íocaíocht sin an asbhaint sin a lamháil ar iarmhéid na híocaíochta a fháil agus beidh an duine cuntasach a dhéanfaidh an asbhaint sin saortha agus urscaoilte i leith an oiread sin airgid arb ionannas dó an asbhaint, amhail is dá mba gur íocadh an tsuim sin iarbhír.
(2) Ní dhéanfaidh sé difear d'fhorálacha na nAchtanna Cánach i ndáil le brabúis nó gnóchain a ríomh, cáin chuí a asbhaint ó íocaíochtaí iomchuí de réir fhorálacha fho-alt (1), agus, dá réir sin, déanfar méid na n-íocaíochtaí iomchuí sin a chur i gcuntas le linn brabúis nó gnóchain an duine shonraithe a bheith á ríomh chun críocha cánach.
Daoine sonraithe a aithint agus doiciméid a eisiúint chucu.
16.—(1) Tabharfaidh an duine sonraithe don duine cuntasach lena mbaineann—
(a) i gcás duine sonraithe a chónaíonn sa Stát nó duine a bhfuil buanfhoras nó bunáit sheasta aige sa Stát—
(i) sonraí faoina uimhir chánach ioncaim nó chánach corparáide, de réir mar is iomchuí, agus
(ii) má tá méid i leith cánach breisluacha ar áireamh san íocaíocht iomchuí, a uimhir chláraithe cánach breisluacha, agus
(b) i gcás duine sonraithe, seachas duine a luaitear i mír (a), sonraí faoina thír chónaithe agus a uimhir thagartha cánach sa tír sin.
(2) I gcás fo-alt (1) a bheith comhlíonta ag an duine sonraithe, déanfaidh an duine cuntasach, ar é do dhéanamh íocaíochta iomchuí, sonraí i dtaobh na nithe seo a leanas a thabhairt don duine sin i bhfoirm a bheidh forordaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim, eadhon—
(a) ainm agus seoladh an duine shonraithe,
(b) uimhir thagartha cánach an duine mar a tugadh de réir mhír (a) (i) nó (b) d'fho-alt (1),
(c) méid na híocaíochta iomchuí,
(d) méid na cánach cuí a asbhaineadh ón íocaíocht sin, agus
(e) dáta déanta na híocaíochta.
Tuairisceáin agus bailiú cánach cuí.
17.—(1) Laistigh de dheich lá ó dheireadh gach mí cánach ioncaim cuirfidh an duine cuntasach ar aghaidh chuig an mBailitheoir na méideanna uile cánach cuí a dhlífidh sé faoin gCaibidil seo a asbhaint ó íocaíochtaí iomchuí a rinne sé le linn na míosa cánach ioncaim sin.
(2) Beidh tuairisceán ag gabháil le gach méid a chuirfear ar aghaidh faoi fho-alt (1) agus beidh sa tuairisceán na sonraí a cheanglaítear leis an tuairisceán i ndáil le gach duine sonraithe lena ndearnadh íocaíocht iomchuí sa mhí cánach ioncaim lena mbaineann.
(3) Ceanglófar ar dhuine cuntasach tuairisceán a thabhairt do mhí cánach ioncaim d'ainneoin nach ndearna an duine cuntasach aon íocaíochtaí iomchuí sa mhí cánach ioncaim sin.
(4) Is i bhfoirm a bheidh forordaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim a bheidh gach tuairisceán agus beidh dearbhú ann á rá go bhfuil an tuairisceán cruinn agus iomlán.
(5) Tabharfaidh an Bailitheoir admháil don duine cuntasach as an méid iomlán a cuireadh ar aghaidh amhlaidh.
(6) Na forálacha uile de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le bailiú agus gnóthú cánach ioncaim beidh feidhm acu, a mhéid is infheidhme iad, maidir le bailiú agus gnóthú cánach cuí.
Creidmheas i leith cánach cuí a iompraíodh.
18.—(1) Más rud é, i ndáil le tréimhse chuntasaíóchta, go mbeidh duine sonraithe laistigh de réim mhuirir cánach corparáide agus gur iompair sé cáin chuí is inchurtha i leith na tréimhse cuntasaíochta sin féadfaidh sé, faoi réir fhorálacha alt 21, a éileamh go ndéanfaí méid na cánach cuí a shonraítear i bhfo-alt (4) a fhritháireamh in aghaidh cánach corparáide is inmhuirearaithe don tréimhse chuntasaíochta sin agus, i gcás ar mó an cháin chuí sin ná an cháin chorparáide sin, go ndéanfaí an bhreis a aisíoc leis.
(2) Más rud é, i ndáil le bliain mheasúnachta, go mbeidh duine sonraithe laistigh de réim mhuirir cánach ioncaim agus gur iompair sé cáin chuí is inchurtha i leith na bonntréimhse don bhliain mheasúnachta sin, féadfaidh sé, faoi réir fhorálacha alt 21, a éileamh go ndéanfaí méid na cánach cuí a shonraítear i bhfo-alt (4) a fhritháireamh in aghaidh na cánach ioncaim is inmhuirearaithe don bhliain mheasúnachta sin agus, i gcás ar mó an cháin chuí sin ná an cháin ioncaim sin, go ndéanfaí an bhreis a aisíoc leis.
(3) Déanfaidh an duine sonraithe, maidir le gach éileamh faoi fho-alt (1) nó (2), an fhoirm a thabharfaidh duine cuntasach dó de réir fhorálacha alt 16 (2) a chur ar fáil maidir le gach méid cánach cuí a bheidh ar áireamh san éileamh.
(4) Is é méid na cánach cuí a bheidh le fritháireamh in aghaidh cánach corparáide do thréimhse chuntasaíochta nó in aghaidh cánach ioncaim do bhliain mheasúnachta de réir fho-alt (1) nó (2), méid iomlán na cánach cuí is inchurtha i leith na tréimhse cuntasaíochta nó na bonntréimhse don bhliain mheasúnachta, de réir mar a bheidh, agus atá ar áireamh sna foirmeacha a chuirtear ar fáil de réir fho-alt (3), agus nach mbeidh aisíoctha faoi aon fhoráil de chuid na Caibidle seo.
Aisíocaíochtaí eatramhacha cánach cuí.
19.—(1) Féadfaidh duine sonraithe éileamh a dhéanamh ar aisíocaíocht eatramhach den cháin chuí go léir, nó de chuid den cháin chuí, is inchurtha i leith tréimhse cuntasaíochta nó i leith bonntréimhse do bhliain mheasúnachta, de réir mar a bheidh (dá ngairtear “an tréimhse chéadluaite” san alt seo), agus déanfaidh an cigire, más deimhin leis go bhfuil ceanglais fho-alt (2) comhlíonta ag an duine sonraithe a rinne an t-éileamh, cibé aisíocaíocht a bheidh sonraithe i bhfo-alt (3) a thabhairt agus, faoi réir na gceanglas sin a dúradh arna modhnú i bhfo-alt (4) (a), cibé aisíocaíocht a bheidh sonraithe san fho-alt sin a thabhairt.
(2) Is iad ceanglais an fho-ailt seo—
(a) go mbeidh na brabúis nó na gnóchain don tréimhse chuntasaíochta nó don bhonntréimhse don bhliain mheasúnachta, de réir mar a bheidh, díreach roimh an tréimhse chéadluaite cinnte go críochnaitheach chun críocha cánach agus go mbeidh méid na cánach ab iníoctha don tréimhse chuntasaíochta sin nó don bhliain mheasúnachta a fhreagraíonn don bhonntréimhse sin íoctha (cibé acu trí chreidmheas i leith cánach cuí nó ar shlí eile), agus
(b) go gcuirfidh an duine sonraithe ar fáil don chigire, maidir le gach íocaíocht iomchuí a bheidh ar áireamh san éileamh, an fhoirm a thug duine cuntasach dó de réir fhorálacha alt 16 (2).
(3) Is é méid na cánach a bheidh le haisíoc an bhreis a bheidh ag méid iomlán na cánach cuí atá ar áireamh sna foirmeacha a cuireadh ar fáil de réir fhorálacha fho-alt (2) (b) (agus nach mbeidh aisíoctha cheana féin faoi fhorálacha an ailt seo) ar mhéid na cánach dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (a) lúide an méid a dhlífidh sé a íoc nó a chur ar aghaidh—
(a) faoin Acht Cánach Breisluacha, 1972, agus faoi na Rialacháin arna ndéanamh faoin Acht sin,
(b) faoi Chaibidil IV de Chuid V den Acht Cánach Ioncaim, 1967, agus faoi na Rialacháin arna ndéanamh faoin gCaibidil sin, agus
(c) maidir le ranníocaíochtaí fostaíochta faoin Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981, agus faoi na Rialacháin arna ndéanamh faoin Acht sin.
(4) (a) I gcás gurb é an tréimhse chéadluaite an tréimhse inar bunaíodh agus inar cuireadh tús le trádáil nó gairm an duine shonraithe, ní bheidh feidhm ag forálacha fho-alt (2) (a) agus déanfaidh an cigire, de réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den fho-alt seo, aisíocaíocht eatramhach a thabhairt don duine sonraithe maidir le cáin chuí a asbhaineadh ó íocaíochtaí iomchuí a cuireadh, nó atá le cur, i gcuntas le linn brabúis nó gnóchain na trádála sin nó na gairme sin a bheith á ríomh.
(b) D'fhonn méid na haisíocaíochta eatramhaí sin a chinneadh, cinnfidh an cigire—
(i) méid ar comhionann le méid na cánach de réir an ráta chaighdeánaigh ar mhéid a chinnfear de réir na foirmle:
E × | A __ B | × | C __ P |
i gcás—
gurb é A méid iomlán measta na n-íocaíochtaí iomchuí a bheidh le cur i gcuntas mar ioncam le linn na brabúis nó na gnóchain ón tréimhse chéadluaite a bheith á ríomh chun críocha cánach,
gurb é B comhshuim iomlán mheasta na méideanna uile a bheidh le cur i gcuntas amhlaidh mar ioncam le linn na brabúis nó na gnóchain sin a bheith á ríomh,
gurb é C an uimhir mheasta míonna nó codanna de mhíonna sa tréimhse ar ina leith a dhéantar an t-éileamh ar an aisíoc,
gurb é E an méid measta atá le leagan amach nó le caitheamh go hiomlán agus go heisiach ag an duine sonraithe sa tréimhse chéadluaite chun críocha na trádála nó na gairme,
agus
gurb é P an uimhir mheasta míonna nó codanna de mhíonna sa tréimhse chéadluaite,
agus déanfaidh an cigire na meastacháin dá dtagraítear san fhoirmle seo de réir mar is fearr is eol dó agus mar a chreideann sé agus de réir na faisnéise a bheidh ar fáil d ó, agus
(ii) méid na cánach cuí a asbhaineadh ó na híocaíochtaí iomchuí ar cuireadh foirmeacha isteach ina leith de réir fhorálacha fho-alt (2) (b) tar éis aon mhéid den cháin sin a bheidh aisíoctha cheana féin don tréimhse ar ina leith a dhéantar an t-éileamh ar aisíoc, a asbhaint uaidh.
(c) Aisíocfaidh an cigire méid cánach cuí ar comhionann leis an méid is lú de na méideanna a chinntear ag fomhíreanna (i) agus (ii) de mhír (b).
(5) In imthosca ina n-éileoidh agus ina gcruthóidh an duine sonraithe go bhfuil cruatan ar leith i gceist, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha chun aisíocaíocht a thabhairt a shonraítear san alt seo a tharscaoileadh (go hiomlán nó go páirteach) agus, i gcás go dtarscaoilfidh na Coimisinéirí Ioncaim an coinníoll nó na coinníollacha sin amhlaidh, cinnfidh siad, ag féachaint do na himthosca uile agus ag cur cuspóirí agus intinn na bhforálacha sin roimhe seo den alt seo i gcuntas, méid aisíocaíochta nó aisíocaíochta breise is dóigh leo a bheith cóir agus réasúnach agus údaróidh siad don chigire an aisíocaíocht sin nó an aisíocaíocht bhreise sin, de réir mar a bheidh, a thabhairt dá réir sin.
(6) Chun críocha an ailt seo, is é a bheidh in ioncam duine shonraithe do thréimhse chuntasaíochta nó do bhonntréimhse do bhliain mheasúnachta, comhshuim na méideanna go léir a fuair sé nó is infhaighte aige agus a chuirtear i gcuntas le linn brabúis nó gnóchain a chuid trádála nó gairme don tréimhse sin a bheith á ríomh.
Creidmheasanna nó aisíocaíochtaí eatramhacha cánach cu í a chionroinnt.
20.—I gcás go mbaineann an fhoirm dá dtagraítear in alt 18 (3) nó in alt 19 (2) (b) le beirt duine sonraithe nó níos mó, déanfar aon chionroinnt is gá chun éifeacht a thabhairt d'ailt 18 agus 19.
Teorainn le creidmheasanna nó aisíocaíochtaí eatramhacha cánach cuí.
21.—Ní dhéanfar aon mhéid cánach cuí a fhritháireamh nó a aisíoc níos mó ná uair amháin faoi fhorálacha na Caibidle seo ná ní bheidh aon mhéid cánach cuí arna aisíoc de réir fhorálacha alt 19 ar fáil lena fhritháireamh faoi fhorálacha alt 18.
Caibidil IV
Cáin Ioncaim agus Cáin Chorparáide
Feirmeoireacht: leasú ar fhorálacha a bhaineann le faoiseamh i leith méadú ar stocluachanna.
22.—(1) Leasaítear leis seo alt 31A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1976) den Acht Airgeadais, 1975, trí “1987” a chur in ionad “1986” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1986)—
(a) i mír (iv) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1979) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (4) (a), agus
(b) i ngach áit a bhfuil sé i bhfo-ailt (7) agus (9) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984),
agus tá an mhír sin (iv), an fo-alt sin (7) (ar leith ón gcoinníoll) agus an fo-alt sin (9) (ar leith ón gcoinníoll), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.
AN TÁBLA |
(iv) nach lamhálfar asbhaint faoi fhorálacha an ailt seo le linn ioncam trádála cuideachta a bheith á ríomh d'aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1987, nó aon lá dá éis. (7) I gcás ar mó, i ndáil le tréimhse chuntasaíochta, stocluach oscailte cuideachta ná a stocluach dúnta, déanfar, más ar dháta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1987, do dheireadh na tréimhse cuntasaíochta, méid na breise (dá ngairtear “laghdú ar stocluach” na cuideachta san alt seo) a áireamh, le linn ioncam trádála na cuideachta a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide, mar fháltas trádála de chuid thrádáil na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin: (9) Le linn ioncam trádála cuideachta a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide d'aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1987, nó dá éis, a mbeidh laghdú ar stocluach, áireofar mar fháltas trádála de chuid thrádáil na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin an méid (más ann) ar mó A ná comhiomlán B agus C i gcás— arb é A méid comhiomlán na laghduithe ar stocluach na cuideachta sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1987, nó dá éis, arb é B méid comhiomlán na méaduithe ar stocluach na cuideachta sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1987, nó dá éis, agus arb é C comhiomlán na méideanna a áireofar, faoin bhfo-alt seo, mar fháltais trádála de chuid thrádáil na cuideachta do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin: |
(2) Leasaítear leis seo alt 12 den Acht Airgeadais, 1976—
(a) trí “1987-88” a chur in ionad “1986-87” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1986) i bhfo-alt (3), agus
(b) trí “1987” a chur in ionad “1986” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1986) gach áit a bhfuil sé i bhfo-ailt (5) agus (6) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984),
agus tá an fo-alt sin (3), an fo-alt sin (5) (ar leith ón gcoinníoll) agus an fo-alt sin (6) (ar leith ón gcoinníoll), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.
AN TÁBLA |
(3) Aon asbhaint a lamhálfar de bhua an ailt seo le linn brabúis thrádála duine do thréimhse chuntasaíochta a bheith á ríomh ní bheidh éifeacht leis chun aon chríche de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim d'aon bhliain mheasúnachta roimh an mbliain 1974-75 nó tar éis na bliana 1987-88. (5) Le linn brabúis trádála duine a bheith 2á ríomh do thréimhse chuntasaíochta ina mbeidh laghdú ar stocluach agus dar críoch dáta sa tréimhse ón 6ú lá d'Aibreán, 1976 go dtí an 5ú lá d'Aibreán, 1987, áireofar méid an laghdaithe sin mar fháltas trádála de chuid na trádála don tréimhse chuntasaíochta sin: (6) Le linn brabúis trádála duine a bheith á ríomh d'aon tréimhse chuntasaíochta ina mbeidh laghdú ar stocluach agus dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1987, nó dá éis, áireofar mar fháltas trádála de chuid na trádála don tréimhse chuntasaíochta sin an méid (más ann) ar mó A ná comhiomlán B agus C i gcás— arb é A méid comhiomlán na laghduithe ar stocluach an duine sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1987, nó dá éis, arb é B méid comhiomlán na méaduithe ar stocluach an duine sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1987, nó dá éis, agus arb é C comhiomlán na méideanna a áireofar mar fháltais trádála de chuid thrádáil an duine do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1987, nó dá éis: |
(3) Ní bheidh éifeacht leis an alt seo ach amháin maidir le trádáil feirmeoireachta.
Aisghairm alt 362 (faoiseamh ó chánachas dúbailte ar bhrabúis ó ghnó muiriompair nó aeriompair) den Acht Cánach Ioncaim, 1967.
23.—(1) Aisghairtear leis seo alt 362 den Acht Cánach Ioncaim, 1967.
(2) D'ainneoin aisghairm alt 362 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, a dhéantar le fo-alt (1), más rud é, roimh thosach feidhme an Achta seo, go raibh ordú déanta faoin alt sin, beidh feidhm dlí leis an gcomhshocraíocht lena mbaineann an t-ordú a mhéid céanna a mbeadh feidhm dlí léi dá mba nár achtaíodh an t-alt seo.
Liúntais chaipitiúla d'fheithiclí áirithe bóthair.
24.—(1) (a) San alt seo—
ciallaíonn “carr” aon fheithicil inneallghluaiste bóthair ar feithicil í atá déanta nó oiriúnaithe le go mbeidh sí oiriúnach go príomha chun paisinéirí a iompar agus ní chun earraí ná ualach de thuairisc ar bith a iompar ná chun feithiclí eile a tharraingt ar bhóthar, agus ar feithicil í de chineál a úsáidtear go coitianta mar fheithicil phríobháideach agus atá oiriúnach lena húsáid amhlaidh, agus folaíonn sé feithicil atá in úsáid chun na críche dá dtagraítear i mír (ii) den mhíniú ar “críocha cáilitheacha;
tá le “tréimhse inmhuirearaithe” agus “tréimhse inmhuirearaithe nó a bonntréimhse” na bríonna, faoi seach, a shanntar dóibh le mír 1 (2) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Cánach Corparáide, 1976;
ciallaíonn “críocha cáilitheacha” úsáid cairr, i ngnáthchúrsa trádála—
(i) chun é a ligean ar fruiliú gearrthéarma le baill den phobal, nó
(ii) chun baill den phobal a iompar a fhad is atá an carr ina fhruilfheithicil cheadúnaithe phoiblí agus tacsaiméadar feistithe air de bhun na Rialachán um Thrácht ar Bhóithre (Feithiclí Seirbhíse Poiblí), 1963 (I.R. Uimh. 191 de 1963);
ciallaíonn “fruiliú gearrthéarma” i ndáil le carr, an carr a fhruiliú le duine faoi chomhaontú fruiltiomána (de réir bhrí alt 3 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961) ar feadh tréimhse leanúnaí nach faide ná ocht seachtaine:
Ar choinníoll, i gcás go bhfruileoidh duine carr le duine eile ar feadh tréimhse agus, laistigh de sheacht lá ó dheireadh na tréimhse sin, go bhfruileoidh an duine sin carr (cibé acu an é an carr céanna é nó nach é) leis an duine eile sin ar feadh tréimhse eile, measfar, chun críocha an ailt seo, lena n-áirítear aon fheidhmiú ina dhiaidh sin den choinníoll seo, gur tréimhse fruilithe leanúnach amháin an dá thréimhse le chéile, sa chaoi, más faide ná ocht seachtaine an tréimhse fruilithe leanúnach amháin sin, nach ndéileálfar le tréimhse fruilithe aon chairr atá ar áireamh sa tréimhse fruilithe leanúnach sin mar thréimhse fruilithe gearrthéarma, agus, chun críocha an choinníll seo, áireofar aon tagairt do dhuine mar thagairt a fholaíonn tagairt d'aon duine eile a measfaí baint a bheith aige leis an duine sin faoi alt 16 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968;
ciallaíonn “cáin” cáin ioncaim nó cáin chorparáide, de réir mar a bheidh.
(b) Chun críocha an ailt seo, measfar carr a bheith á úsáid ag duine chun críocha cáilitheacha maidir le tréimhse inmhuirearaithe más rud é, agus amháin más rud é, gur chun críocha cáilitheacha 75 faoin gcéad ar a laghad den úsáid (arna chinneadh faoi threoir na dtréimhsí ama ina n-úsáidtear an carr, nó ina bhfuil sé ar fáil lena úsáid, chun críche ar bith) a bhaineann an duine sin as sa tréimhse inmhuirearaithe nó ina bonntréimhse:
Ar choinníoll, más rud é, maidir le tréimhse inmhuirearaithe, nach gcomhlíonann úsáid cairr chun críocha cáilitheacha ceanglais na míre seo ach go gcomhlíonfadh sí na ceanglais sin dá mba thagairt do “50 faoin gcéad” an tagairt do “75 faoin gcéad”, go measfar an carr a bheith á úsáid chun críocha cáilitheacha maidir leis an tréimhse inmhuirearaithe sin má chomhlíon úsáid an chairr ag an duine sin chun críocha cáilitheacha ceanglais na míre seo maidir leis an tréimhse inmhuirearaithe díreach roimhe sin, nó go measfar an carr a bheith á úsáid amhlaidh má chomhlíonann úsáid sin an chairr na ceanglais sin maidir leis an tréimhse inmhuirearaithe díreach ina dhiaidh sin agus déanfaidh an cigire méid na liúntas caipitiúil a bheidh le tabhairt, le linn trádáil an duine a bheith á cur faoi cháin, a choigeartú dá réir sin agus aisíocfar aon mhéid cánach a ró-íocadh.
(2) Nuair a bheifear ag cinneadh cé na liúntais chaipitiúla a bheidh le tabhairt do dhuine, d'aon tréimhse inmhuirearaithe dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1987, nó dá éis, le linn trádáil, arb é atá inti nó ar cuid di críocha cáilitheacha a sheoladh, a bheith á cur faoi cháin, beidh feidhm ag alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, maidir le carr a bheidh, maidir leis an tréimhse sin, úsáidte ag an duine chun críocha cáilitheacha—
(a) ionann is dá mba thagairt do “dhá oiread an méid” an tagairt i bhfo-alt (1) den alt sin do “cúig cheathrú den méid”, agus
(b) ionann is dá scriosfaí an dara coinníoll a ghabhann leis an bhfo-alt sin (1).
Feidhm alt 52 (liúntais chaipitiúla: mar a dhéileálfar le deontais, etc.) den Acht Airgeadais, 1986, maidir le trádáil phróiseála bia.
25.—(1) Chun críocha an ailt seo—
ciallaíonn “trádáil phróiseála bia” trádáil arb é atá inti, nó ar cuid di, monarú bia phróiseáilte;
ciallaíonn “bia próiseáilte” earraí a mhonaraíonn cuideachta laistigh den Stát i gcúrsa trádála, ar bia é—
(a) atá ceaptha mar bhia don duine, agus
(b) a monaraíodh trí phróiseas ina n-úsáidtear innealra nó gléasra a fhágann go bhfuil difríocht shubstaintiúil, ó thaobh foirme agus luacha, idir na hearraí a tháirgtear trí fheidhmiú an phróisis sin agus na hábhair ar feidhmíodh an próiseas orthu agus, gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil ansin roimhe seo, nach é atá go príomha sa phróiseas—
(i) próiseas nádúrtha a bhrostú, a mhoilliú, a athrú nó a fheidhmiú, nó
(ii) modhanna caomhnaithe, paistéarú nó aon chóiriú eile dá samhail a fheidhmiú;
ciallaíonn “innealra nó gléasra cáilitheach” innealra nó gléasra nach n-úsáidtear ach amháin i gcúrsa próisis mhonarúcháin trína dtáirgtear bia próiseáilte.
(2) Ní bheidh feidhm, agus measfar nach raibh feidhm riamh, ag forálacha fho-alt (1) d'alt 52 den Acht Airgeadais, 1986, i gcás liúntas a bheith le tabhairt faoi alt 241 nó alt 251 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, le linn trádáil phróiseála bia a sheolann cuideachta a bheith á cur faoi cháin agus i gcás inar thabhaigh an chuideachta sin an caiteachas caipitiúil a bhfuil an liúntas le tabhairt ina leith agus gur i leith innealra nó gléasra cháilithigh a tabhaíodh amhlaidh é:
Ar choinníoll nach bhfolóidh an tagairt san fho-alt seo do chaiteachas a thabhaigh cuideachta aon chaiteachas a mheasfar a bheith tabhaithe aici de réir fhorálacha alt 241 (2) nó alt 252 den Acht sin a dúradh.
Leasú ar alt 40 (liúntais chaipitiúla i leith sócmhainní léasaithe áirithe) den Acht Airgeadais, 1984.
26.—Leasaítear leis seo alt 40 den Acht Airgeadais, 1984, trí “an léasaí” a chur in ionad “an t-iasachtaí” i mír (a) d'fho-alt (10) (arna chur isteach leis an Acht Airgeadais, 1986), agus tá an mhír sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TÁBLA (a) monarú earraí (lena n-áirítear gníomhaíochtaí a bheadh, dá ndéanfadh an léasaí éileamh ar fhaoiseamh i leith na trádála faoi Chaibidil VI de Chuid I den Acht Airgeadais, 1980, le háireamh chun críocha na Caibidle sin mar mhonarú earraí), nó |
Limistéir ainmnithe le haghaidh faoisimh maidir le hathnuachan uirbeach.
27.—(1) Chun críocha Chaibidil V de Chuid I den Acht Airgeadais, 1986, féadfaidh an tAire Airgeadais, le hordú, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Comhshaoil, a ordú—
(a) (i) go bhfolóidh an míniú ar “limistéar ainmnithe” atá in alt 41 den Acht sin cibé limistéar nó limistéir a bheidh tuairiscithe san ordú agus nach mbeadh, murach an t-ordú, ar áireamh sa mhíniú sin,
(ii) maidir le haon limistéar den sórt sin a bheidh tuairiscithe amhlaidh san ordú, go ndéanfar an míniú ar “tréimhse cháilitheach” in alt 42, 44 nó 45 den Acht sin a fhorléiriú mar thagairt do cibé tréimhse a bheidh sonraithe san ordú i ndáil leis an limistéar sin: ar choinníoll nach dtosóidh aon tréimhse den sórt, sin a bheidh sonraithe san ordú roimh dháta an Achta seo a rith ná nach gcríochnóidh sí i ndiaidh an 31ú lá de Bhealtaine, 1991,
agus
(b) go bhfolóidh an míniú ar “Limistéar Duganna Theach an Chustaim” atá san alt sin 41, le héifeacht ó dháta an ordaithe sin, cibé limistéar nó limistéir a bheidh tuairiscithe san ordú agus nach mbeadh, murach an t-ordú, ar áireamh sa mhíniú sin,
agus i gcás go n-ordóidh an tAire Airgeadais amhlaidh, measfar go bhfolaíonn an míniú sin ar “limistéar ainmnithe”, nó ar “Limistéar Duganna Theach an Chustaim”, de réir mar a bheidh, an limistéar nó na limistéir sin agus déanfar an míniú sin ar “tréimhse cháilitheach” a fhorléiriú mar thagairt don tréimhse sin a bheidh sonraithe san ordú.
(2) Féadfaidh an tAire Airgeadais orduithe a dhéanamh chun críche an ailt seo agus aon ordú a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann Dáil Éireann, laistigh den lá is fiche a shuífidh Dáil Éireann tar éis an t-ordú a leagan faoina bráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.
Caibidil V
Cáin Chorparáide
Faoiseamh i ndáil le hioncam ó thrádáil loingseoireachta cháilitheach.
28.—(1) San alt seo—
ciallaíonn “long cháilitheach” soitheach farraige—
(a) atá faoi úinéireacht 51 faoin gcéad ar a laghad ag duine nó daoine a bhfuil gnáthchónaí air nó orthu sa Stát,
(b) atá cláraithe sa Stát faoi Chuid II den Acht Loingis Thráchtála, 1955,
(c) nach lú ná 100 tonna a olltonnáiste, agus
(d) atá uathghluaisteach,
ach d'ainneoin aon ní i míreanna (a), (b), (c) nó (d) den mhíniú seo, ní fholaíonn sé—
(i) soitheach iascaireachta,
(ii) tuga,
(iii) soitheach (lena n-áirítear dreidire) a úsáidtear go príomha mar ardán snámha d'innealra oibre nó mar ardán tumadóireachta,
(iv) soitheach a úsáidtear chun soláthairtí nó pearsanra a iompar chuig rige, ardán, soitheach nó suiteáil soghluaiste nó seasta de chineál ar bith ar muir, nó chun seirbhísí a sholáthar i ndáil leis an gcéanna, agus
(v) aon soitheach eile de chineál nach n-úsáidtear de ghnáth chun críocha gníomhaíochtaí loingseoireachta cáilitheacha;
ciallaíonn “gníomhaíochtaí loingseoireachta cáilitheacha” gníomhaíochtaí arna seoladh ag cuideachta i gcúrsa trádála arb éard iad—
(a) úsáid loinge cáilithí chun paisinéirí nó lasta a iompar ar muir ar luaíocht,
(b) seirbhísí a ghabhann le húsáid sin na loinge cáilithí a chur ar fáil ar bord na loinge cáilithí,
(c) cearta a thabhairt a gcuireann nó a gcuirfidh duine eile dá mbua na seirbhísí sin ar fáil ar bord na loinge cáilithí sin, agus
(d) long cháilitheach a ligean ar cairt lena húsáid chun na gcríoch sin i gcás go bhfanann oibriú na loinge, agus foireann na loinge, faoi stiúradh agus faoi rialú na cuideachta;
ciallaíonn “trádáil loingseoireachta cháilitheach” trádáil, a dtagann an t-ioncam uaithi faoi réim mhuirir cánach corparáide, arna seoladh sa tréimhse iomchuí agus arb é atá inti go hiomlán gníomhaíochtaí loingseoireachta cáilitheacha a sheoladh nó, i gcás trádáil arb é atá inti seoladh gníomhaíochtaí den sórt sin, go páirteach, agus seoladh gníomhaíochtaí eile, go páirteach, ciallaíonn sé an chuid sin den trádáil arb é atá inti go hiomlán gníomhaíochtaí loingseoireachta cáilitheacha a sheoladh agus a ndéileáiltear léi, de bhua fho-alt (2), mar thrádáil leithleach;
ciallaíonn “an tréimhse iomchuí” an tréimhse ón lú lá d'Eanáir, 1987, go dtí an 31ú lá de Nollaig, 2000;
ciallaíonn “liúntais chaipitiúla shonraithe” liúntais chaipitiúla—
(a) maidir le caiteachas arna thabhú ag aon duine, sa tréimhse iomchuí, ag soláthar loinge cáilithí atá á húsáid, nó a bheartaítear a úsáid, i dtrádáil loingseoireachta cháilitheach, nó
(b) maidir le luach laghdaithe loinge cáilithí, mar gheall ar chaitheamh agus cuimilt le linn na tréimhse iomchuí, ar long í atá in úsáid chun críocha trádála loingseoireachta cáilithí,
agus is liúntais chaipitiúla shonraithe a bheidh in aon liúntais chaipitiúla den sórt sin d'ainneoin nach ndéileáiltear leo mar chaiteachais trádála de chuid na trádála loingseoireachta cáilithí.
(2) Más rud é, le linn na tréimhse iomchuí, go seolann cuideachta, mar chuid de thrádáil, gníomhaíochtaí loingseoireachta cáilitheacha, déileálfar leis na gníomhaíochtaí sin chun críocha uile na nAchtanna Cánach, cé is moite d'aon fhorálacha de na hAchtanna sin a bhaineann le tosú nó scor trádála, mar thrádáil leithleach, ar leith ó na gníomhaíochtaí eile go léir a sheolann an chuideachta mar chuid den trádáil, agus déanfar aon chionroinnt is gá ar fháltais nó ar chaiteachais:
Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo i ndáil le héileamh ón gcuideachta go ndéanfaí, faoi alt 16 (1) den Acht Cánach Corparáide, 1976—
(a) caillteanas a tabhaíodh roimh thosach na tréimhse iomchuí a fhritháireamh in aghaidh ioncaim a eascraíonn le linn na tréimhse iomchuí, agus
(b) caillteanas arna thabhú le linn na tréimhse iomchuí a fhritháireamh in aghaidh ioncaim a eascraíonn tar éis dheireadh na tréimhse iomchuí.
(3) Leasaítear leis seo alt 39 den Acht Airgeadais, 1980, maidir le cuideachta a sheolann trádáil loingseoireachta cháilitheach in aon tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta sin a thiteann sa tréimhse iomchuí, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (ICC) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984):
“(ICC1) (a) San fho-alt seo tá le ‘gníomhaíochtaí loingseoireachta cáilitheacha’ agus le ‘trádáil loingseoireachta cháilitheach’, faoi seach, na bríonna céanna atá leo in alt 28 den Acht Airgeadais, 1987.
(b) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas, chun críocha faoisimh faoin gCaibidil seo, i ndáil le cuideachta a sheolann trádáil loingseoireachta cháilitheach:
(i) measfar gur monarú earraí laistigh den Stát gníomhaíochtaí loingseoireachta cáilitheacha a sheoltar i gcúrsa na trádála loingseoireachta cáilithí,
(ii) measfar gur méid is infhaighte ó dhíol earraí aon mhéid is infhaighte ó sheoladh na ngníomhaíochtaí sin, agus
(iii) beidh éifeacht le fo-alt (1D) maidir leis an gcuideachta i ndáil le héileamh uaithi ar fhaoiseamh ó cháin de bhua an fho-ailt seo mar atá éifeacht leis maidir le cuideachta i ndáil le héileamh uaithi ar fhaoiseamh ó cháin de bhua fho-alt (1B) nó (1C).”.
(4) D'ainneoin aon fhorála eile de chuid na nAchtanna Cánach, chun críocha faoiseamh a thabhairt ó cháin (agus san fho-alt seo ciallóidh “cáin” cáin ioncaim nó cáin chorparáide, de réir mar a bheidh) maidir le haon ioncam nó brabúis a eascraíonn sa tréimhse iomchuí, nó chun an méid den ioncam nó de na brabúis sin ar ar inmhuirearaithe cáin a chinneadh—
(a) ní lamhálfar liúntais chaipitiúla shonraithe ach amháin—
(i) le linn an t-ioncam ó thrádáil loingseoireachta cháilitheach a bheith á ríomh, nó
(ii) le linn aon ioncam, a eascraíonn ón long cháilitheach dá dtagraíonn na liúntais chaipitiúla shonraithe a ligean ar cairt, seachas ligean ar cairt ar gníomhaíocht loingseoireachta cháilitheach é, a bheith á ríomh nó á mhuirearú i leith cánach,
agus ní lamhálfar iad le linn aon ioncam nó brabúis eile a bheith á ríomh ná le linn aon trádáil eile a bheith á cur faoi cháin ná le linn aon ioncam eile a bheith á mhuirearú i leith cánach,
(b) ní dhéanfar caillteanas arna thabhú sa tréimhse iomchuí i dtrádáil loingseoireachta cháilitheach a fhritháireamh—
(i) in aghaidh aon bhrabús faoi alt 16 (2) den Acht Cánach Corparáide, 1976, ach amháin go feadh méid an ioncaim ó thrádáil loingseoireachta cháilitheach a bheidh ar áireamh sna brabúis sin, nó
(ii) in aghaidh bhrabúis iomlána chuideachta éilimh faoi alt 116 (1) den Acht Cánach Corparáide, 1976, ach amháin go feadh méid an ioncaim ó thrádáil loingseoireachta cháilitheach a bheidh ar áireamh sna brabúis iomlána sin,
agus
(c) d'ainneoin mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 40 den Acht Airgeadais, 1984, measfar, maidir le long a ligean ar cairt dá dtagraítear ag mír (a) (ii) i gcúrsa trádála, gur trádáil léasúcháin an ligean sin chun críocha an ailt sin agus gur trádáil leithleach é dá bhforáiltear i bhfo-alt (2) den alt sin.
(5) Ní áireofar trádáil loingseoireachta cháilitheach mar thrádáil shonraithe chun críocha—
(a) alt 40 den Acht Airgeadais, 1984 (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1986), nó
(b) alt 84A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984) den Acht Cánach Corparáide, 1976 (arna leasú amhlaidh).
Faoiseamh i ndáil le hioncam Tithe Trádála Speisialta.
29.—Maidir le haon tréimhse chuntasaíochta iomchuí (de réir bhrí alt 38 den Acht Airgeadais, 1980) nó le haon chuid de thréimhse chuntasaíochta den sórt sin, dar tosach an dáta a dtiocfaidh an t-alt seo i bhfeidhm nó aon dáta dá éis, leasaítear leis seo Caibidil VI de Chuid I den Acht Airgeadais, 1980, sin, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach in alt 39 i ndiaidh fho-alt (ICC1) (arna chur isteach leis an Acht seo)—
“(ICC2) (a) San fho-alt seo—
ciallaíonn ‘earraí onnmhairiúcháin’ earraí arb éard iad, i ndáil le monaróir na n-earraí sin, earraí chun críocha na Caibidle seo agus a onnmhairíonn Teach Trádála Speisialta nach é monaróir na n-earraí é ach arb é, i ndáil leis an tréimhse chuntasaíochta iomchuí, an chuideachta é atá ag éileamh faoisimh ó cháin de bhua an fho-ailt seo i gcás inar mórdhíol díol na n-earraí a onnmhairítear amhlaidh ag an Teach Trádála Speisialta;
ciallaíonn ‘mórdhíol’ díol earraí d'aicme ar bith le duine a sheolann gnó arb éard é díol earraí den aicme sin nó a úsáideann earraí den aicme sin chun críocha trádála nó gnóthais a sheolann sé;
ciallaíonn “Teach Trádála Speisialta” cuideachta atá ar marthain go hiomlán chun trádáil a sheoladh arb éard í go hiomlán, earraí onnmhairiúcháin a dhíol.
(b) Chun críocha an fho-ailt seo onnmhairítear earraí nuair a iompraítear amach as an Stát iad i gcúrsa na n-earrai sin a mhórdhíol agus nach n-iompraítear na hearraí isteach sa Stát ina dhiaidh sin i gcúrsa na n-earraí sin a mhórdhíol.
(c) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas chun críocha faoisimh faoin gCaibidil seo i ndáil le Teach Trádála Speisialta:
(i) nuair a onnmhairíonn Teach Trádála Speisialta earraí onnmhairiúcháin i gcúrsa a chuid trádála measfar na hearraí sin a bheith monaraithe ag an Teach Trádála Speisialta, d'ainneoin go bhfuil an monaróir tar éis, nó i dteideal, faoiseamh a éileamh faoin gCaibidil seo i leith dhíol na n-earraí sin aige,
(ii) aon mhéid is infhaighte ag an Teach Trádála Speisialta mar íocaíocht as earraí onnmhairiúcháin a dhíol áireofar é mar mhéid is infhaighte ó dhíol earraí, agus
(iii) beidh éifeacht le fo-alt (1D) maidir leis an gcuideachta i ndáil le héileamh uaithi ar fhaoiseamh ó cháin de bhua an fho-ailt seo mar atá éifeacht leis maidir le cuideachta i ndáil le héileamh uaithi ar fhaoiseamh ó cháin de bhua fho-alt (1B) nó (1C).
(d) Ní thiocfaidh an fo-alt seo in éifeacht go dtí go n-achtófar reachtaíocht ag rialú ceadúnúcháin Thithe Trádála Speisialta agus tiocfaidh sé in éifeacht faoi réir na reachtaíochta sin agus sin ar cibé dáta a ainmneoidh an tAire Airgeadais le hordú.”.
Faoiseamh i ndáil le hioncam ó oibríochtaí trádála áirithe a sheoltar i Limistéar Duganna Theach an Chustaim.
30.—Maidir le haon tréimhse chuntasaíochta iomchuí de réir bhrí alt 38 den Acht sin, leasaítear leis seo Caibidil VI de Chuid I den Acht Airgeadais, 1980 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 39A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1981)—
“39B.—(1) San alt seo—
ciallaíonn ‘an Limistéar’ Limistéar Duganna Theach an Chustaim mar a mhínítear sin in alt 41 den Acht Airgeadais, 1986;
ciallaíonn ‘cuideachta’ aon chuideachta a sheolann trádáil;
ciallaíonn ‘an tAire’ an tAire Airgeadais;
ciallaíonn ‘cuideachta cháilithe’ cuideachta ar thug an tAire deimhniú di faoi fho-alt (2);
ciallaíonn ‘oibríochtaí trádála iomchuí’ oibríochtaí trádála a shonraítear i ndeimhniú arna thabhairt ag an Aire faoi fho-alt (2);
ciallaíonn ‘oibríocht trádála’ aon oibríocht trádála nach monarú earraí í, ar leith ón alt seo, chun críocha na Caibidle seo.
(2) Faoi réir fho-ailt (6) agus (7) féadfaidh an tAire deimhniú a thabhairt á dheimhniú gur oibríochtaí trádála iomchuí chun críocha an ailt seo, le héifeacht ó dháta a bheidh sonraithe sa deimhniú, cibé oibríochtaí trádála de chuid cuideachta a bheidh sonraithe sa deimhniú agus beidh aon deimhniú a thabharfar amhlaidh i bhfeidhm, mura gcúlghairfear é faoi fho-alt (4) nó (5), go dtí an 31ú lá de Nollaig, 2000.
(3) Féadfar deimhniú faoi fho-alt (2) a thabhairt d'éagmais coinníollacha nó faoi réir cibé coinníollacha is dóigh leis an Aire is cóir agus a shonróidh sé sa deimhniú.
(4) Más rud é, i gcás cuideachta a mbeidh deimhniú faoi fho-alt (2) tugtha ina leith—
(a) go scoirfidh trádáil na cuideachta nó, ach amháin i gcás cuideachta a mbeidh deimhniú faoi fho-alt (2) tugtha ag an Aire ina leith de réir fho-alt (7) agus nár thosaigh an chuideachta sin fós ar an oibríocht trádála nó na hoibríochtaí trádála a shonraítear sa deimhniú a sheoladh sa Limistéar, go dtiocfaidh sí chun bheith á seoladh go hiomlán lasmuigh den Limistéar, nó
(b) gur deimhin leis an Aire gur mhainnigh an chuideachta déanamh de réir aon choinníll ar tugadh an deimhniú faoina réir,
féadfaidh an tAire, le fógra i scríbhinn a sheirbheálfar leis an bpost cláraithe ar an gouideachta, an deimhniú a chúlghairm le héifeacht ó cibé dáta a bheidh sonraithe san fhógra.
(5) Más rud é, i gcás cuideachta a mbeidh deimhniú faoi fho-alt (2) tugtha ina leith, go bhfuil an tAire den tuairim go raibh, nó go bhféadfadh go mbeidh, drochéifeacht ag aon ghníomhaíocht de chuid na cuideachta ar úsáid nó ar fhorbairt an Limistéir nó go bhfuil sí mífhabhrach ar shlí eile d'fhorbairt an Limistéir, ansin—
(a) féadfaidh an tAire, le fógra i scríbhinn a sheirbheálfar leis an bpost cláraithe ar an gcuideachta, a cheangal ar an gcuideachta éirí as an ngníomhaíocht sin le héifeacht ó cibé dáta a bheidh sonraithe san fhógra, agus
(b) mura deimhin leis an Aire go bhfuil an chuideachta tar éis déanamh de réir cheanglais an fhógra sin, féadfaidh sé, le fógra eile i scríbhinn a sheirbheálfar leis an bpost cláraithe ar an gcuideachta, an deimhniú a chúlghairm le héifeacht ó cibé dáta a bheidh sonraithe san fhógra eile sin.
(6) Faoi réir fho-alt (7), ní dheimhneoidh an tAire, faoi fho-alt (2), gur oibríocht trádála iomchuí oibríocht trádála mura rud é—
(a) go seoltar laistigh den Limistéar í,
(b) gur deimhin leis an Aire go gcabhróidh sí le forbairt an Limistéir mar Lárionad Seirbhísí Airgeadais Idirnáisiúnta, agus
(c) go dtagann sí faoi réim aicme amháin nó níos mó de na haicmí oibríochtaí trádála seo a leanas—
(i) seirbhisí, i ndáil le hidirbhearta in airgeadraí coigríche, is de chineál a chuireann banc ar fáil de ghnáth i ngnáthchúrsa a thrádála, a chur ar fáil do dhaoine nach bhfuil gnáthchónáí orthu sa Stát,
(ii) gníomhaíochtaí airgeadais idirnáisiúnta a sheol adh thar ceann daoine nach bhfuil gnáthchónaí orthu sa Stát, lena n-áirítear, go háirithe, na gníomhaíochtaí seo a leanas—
(I) bainisteoireacht airgid dhomhanda,
(II) déileálacha idirnáisiúnta in airgeadraí coigríche agus i dtodhchaíochtaí, i roghanna agus i sócmhainní airgeadais dá samhail atá ainmnithe in airgeadraí coigríche,
(III) déileálacha i mbannaí, i gcothromais agus in ionstraimí dá samhail atá ainmnithe in airgeadraí coigríche, agus
(IV) árachas agus gníomhaíochtaí gaolmhara,
(iii) seirbhísí nó saoráidí a chur ar fáil do dhaoine nach bhfuil gnáthchónaí orthu sa Stát, ar seirbhísí nó saoráidí iad a bhaineann le próiseáil, rialú, cuntasaíocht, cumarsáid, imréiteach, imshocrú nó stóráil faisnéise i ndáil le gníomhaíochtaí airgeadais,
(iv) forbairt nó soláthar bogearraí ríomhaireachta le húsáid le linn seirbhísí nó saoráidí de chineál dá dtagraítear i bhfomhír (iii) a chur ar fáil nó chun faisnéis i ndáil le gníomhaíochtaí airgeadais a athphróiseáil nó a anailísiú nó chun déileáil léi ar bhealach eile den tsamhail sin, nó
(v) oibríochtaí trádála atá cosúil nó coimhdeach le haon cheann de na hoibríochtaí sin a thuairiscítear sna forálacha sin roimhe seo den alt seo a bhfuil an tAire den tuairim ina dtaobh go gcabhraíonn siad le húsáid an Limistéir mar Lárionad Seirbhísí Airgeadais Idirnáisiúnta:
Ar choinníoll nach bhfolóidh na tagairtí san fho-alt seo d'aon seirbhís nó saoráid a chuirtear ar fáil do dhuine, nó d'aon ghníomhaíocht a sheoltar thar ceann duine, is duine nach bhfuil gnáthchónaí air sa Stát aon seirbhís nó saoráid den sórt sin a chuirtear ar fáil do thrádáil iomlán nó d'aon chuid de thrádáil a sheolann an duine sin sa Stát ná aon ghníomhaíocht a sheoltar thar ceann na trádála nó na coda sin.
(7) I gcás go mbeadh oibríocht trádála deimhnithe ag an Aire faoi fho-alt (2) murach nár comhlíonadh an coinníoll a shonraítear i mír (a) d'fho-alt (6) maidir leis an oibríocht trádála sin, féadfaidh sé, d'ainneoin an coinníoll sin a bheith gan chomhlíonadh, an oibríocht trádála sin a dheimhniú faoi fho-alt (2) más deimhin leis—
(a) gur de bharr imthosca nach bhfuil aon neart ag an gcuideachta a sheolann an oibríocht trádála orthu a tharlaíonn nach bhfuil an oibríocht trádála á seoladh laistigh den Limistéar,
(b) go mbeartaíonn an chuideachta sin an oibríocht trádála a sheoladh, agus go dtosóidh sí á seoladh, laistigh den Limistéar laistigh de cibé tréimhse ama a shonróidh an tAire faoi fho-alt (3) mar choinníoll ar dá réir a thabharfaidh sé an deimhniú faoi fho-alt (2) maidir leis an oibríocht trádála, agus
(c) i gcaitheamh na tréimhse, tar éis an deimhniú a thabhairt, ar lena linn a sheolfar an oibríocht trádála lasmuigh den Limistéar, go seolfar í in áitreabh a mbeidh an chuideachta a sheolann an oibríocht trádála i dteideal é a áitiú faoi léas nó comhaontú dá shamhail, a bheidh déanta ar bhonn neamhthuilleamaíoch le duine nach n-áireofaí chun críocha na nAchtanna Cánach Corparáide mar dhuine a bhfuil baint aige leis an gcuideachta, agus nach faide tréimhse áitíochta an áitribh a bhfuil an chuideachta ina teideal faoin léas nó faoin gcomhaontú dá shamhail, nó an tréimhse áitíochta a mbeadh sí ina teideal dá bhfeidhmeodh sí aon chearta a thugtar leis an léas sin nó leis an gcomhaontú sin dá shamhail, ná an tréimhse is dóigh leis an Aire is leor chun ligean don chuideachta an oibríocht trádála a sheoladh sula dtosóidh sí á seoladh sa Limistéar.
(8) I gcás cuideachta cháilithe a sheolann oibríochtaí trádála iomchuí, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas chun críche faoisimh faoin gCaibidil seo—
(a) measfar gur monarú earraí laistigh den Stát na hoibríochtaí trádála iomchuí, agus
(b) measfar gur méid is infhaighte ó dhíol earraí aon mhéid is infhaighte mar íocaíocht as aon rud a dhíol nó as aon seirbhísí a dhéanamh i gcúrsa na n-oibríochtaí trádála iomchuí.
(9) Féadfaidh an cigire, trí fhógra i scríbhinn, a cheangal ar chuideachta a mbeidh faoiseamh ó cháin á eileamh aici de bhua an ailt seo cibé faisnéis nó sonraí a thabhairt dó is gá chun éifeacht a thabhairt don alt seo, agus beidh éifeacht le halt 41 (2) ionann is dá mbeadh an fhaisnéis nó na sonraí a bheidh sonraithe i bhfógra faoin alt seo ar áireamh na n-ábhar a gceanglaítear leis an bhfo-alt sin cruthúnas a thabhairt ina dtaobh.”.
Leasú ar Chaibidil VI (cuideachtaí monaraíochta) de Chuid I den Acht Airgeadais, 1980.
31.—Maidir le haon tréimhse chuntasaíochta iomchuí (de réir bhrí alt 38 den Acht Airgeadais, 1980), nó cuid de thréimhse chuntasaíochta den sórt sin, dar tosach dáta rite an Achta seo nó dáta dá éis, leasaítear leis seo Caibidil VI de Chuid I den Acht Airgeadais, 1980, sin, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach in alt 39 i ndiaidh fho-alt (ICC2) (arna chur isteach leis an Acht seo):
“(1CC3) Folóidh an míniú ar ‘earraí’ i bhfo-alt (1) plandaí arna saothrú sa Stát, tríd an bpróiseas bith-theicneolaíochta plandaí ar a dtugtar ‘micreashíolrú’ nó ‘clónú plandaí’, i gcúrsa trádála ag an gcuideachta arb í, i ndáil leis an tréimhse chuntasaíochta iomchuí, an chuideachta í atá ag éileamh faoisimh faoin gCaibidil seo i ndáil leis an trádáil agus déanfar tagairtí sa Chaibidil seo do ‘monaraithe’ a fhorléiriú, i ndáil le plandaí den sórt sin, mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do shaothraithe, agus déanfar focail sa Chaibidil seo atá gaolmhar le ‘monaraithe’ a fhorléiriú dá réir sin.”.
Cuideachtaí: creidmheas i leith cánach feirme.
32.—D'fhonn creidmheas a thabhairt i leith cánach feirme a d'íoc cuideachta agus chun méid na cánach corparáide is iníoctha ag cuideachta a chinneadh, beidh feidhm ag alt 16 den Acht Airgeadais, 1986, agus ag alt 3, fara aon mhodhnuithe is gá agus—
(a) ionann is dá mba thagairtí d'aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch sa bhliain 1986-87 tagairtí sna hailt sin don bhliain 1986-87,
(b) ionann is dá mba thagairtí do chuideachta a bheith faoi dhliteanas cáin fheirme a íoc ar dháta ar bith arb é an 30ú lá de Mheitheamh, 1987, nó dáta roimhe sin, é, tagairtí do phearsa aonair a bheith faoi dhliteanas cáin fheirme a íoc ar dháta i mbliain mheasúnachta,
(c) (i) ionann is dá mba thagairtí do “cáin chorparáide” tagairtí sna hailt sin do “cáin ioncaim”,
(ii) ionann is dá mba thagairtí do “cuideachta” agus “an chuideachta” tagairtí sna hailt sin do “pearsa aonair” agus “an phearsa aonair”, faoi seach,
(iii) ionann is dá mba thagairtí do “sí”, “aici” agus “a cuidse” tagairtí sna hailt sin do “sé”, “aige” agus “a chuidse”, faoi seach, agus
(iv) ionann is dá mba thagairtí do “tréimhse chuntasaíochta” tagairtí sna hailt sin do “bliáin mheasúnachta”,
(d) ionann is dá mba thagairtí do mhéid na cánach feirme a d'íoc nó a d'iompair duine an 30ú lá de Mheitheamh, 1987, nó roimhe, tagairtí do mhéid na cánach feirme a d'íoc nó a d'iompair duine i mbliain mheasúnachta nó do mhéid na cánach feirme is iníoctha ag pearsa aonair do bhliain fhéilire, agus
(e) ionann is dá gcuirfí an Sceideal seo a leanas in ionad an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin—
“AN TRÍÚ SCEIDEAL
An Cháin is Iomchuí do na Brabúis nó na Gnóchain ó Fheirmeoireacht
Ciallaíonn ‘an cháin is iomchuí do na brabúis nó na gnóchain ó fheirmeoireacht’, i ndáil le cuideachta is inmhuirearaithe i leith cánach corparáide do thréimhse chuntasaíochta ar bhrabúis ar a n-áirítear nó arb éard iad ioncam ó fheirmeoireacht (de réir bhrí Chaibidil II de Chuid I den Acht Airgeadais, 1974), an méid a chinnfear de réir na foirmle—
F __ P | × T |
i gcás—
gurb é F méid an ioncaim ó fheirmeoireacht a bheidh ar áireamh i mbrabúis na cuideachta a chuirtear faoi mhuirear cánach corparáide don tréimhse chuntasaíochta sin, tar éis aon asbhaint ón ioncam sin nó aon bhreisiú leis a dhéanamh faoi alt 14 den Acht Cánach Corparáide, 1976, agus tar éis aon chaillteanas a áirítear mar chaillteanas a laghdaíonn an t-ioncam sin a asbhaint ón ioncam sin,
gurb é P méid bhrabús na cuideachta a chuirtear faoi mhuirear cánach corparáide don tréimhse chuntasaíochta sin roimh aon asbhaint a dhéanamh uathu maidir le muirir ar ioncam, caiteachais bhainisteoireachta nó méideanna eile is féidir a asbhaint ó bhrabúis, a fhritháireamh in aghaidh brabús nó a áireamh mar mhéideanna a laghdaíonn brabúis, ar brabúis iad de bhreis is aon tuairisc amháin, agus
gurb é T méid na cánach corparáide is iníoctha ag an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta, roimh aon fhaoiseamh maidir le cáin fheirme nó luathcháin chorparáide a íocadh nó maidir le cáin choigríche agus tar éis aon cháin chorparáide is iníoctha de bhua alt 101 nó 162 den Acht Cánach Corparáide, 1976, a asbhaint.”.
Feidhm alt 79 (ráta laghdaithe cánach corparáide d'ioncam áirithe) den Acht Cánach Corparáide, 1976, maidir le hús áirithe.
33.—Maidir le haon ús lena mbaineann alt 28 den Acht Airgeadais, 1976, ar aon iasacht tithíochta (de réir bhrí an ailt sin) arna tabhairt an 22ú lá de Bhealtaine, 1987, nó dá éis, beidh feidhm ag alt 79 den Acht Cánach Corparáide, 1976, ionann is dá mba thagairt do “45 faoin gcéad” an tagairt i bhfo-alt (1) den alt sin 79 do “35 faoin gcéad”.
Brabúis a eascraíonn ón gCrannchur Náisiúnta a bheith díolmhaithe ó cháin chorparáide.
34.—D'ainneoin aon fhorála de chuid na nAchtanna Cánach Corparáide, brabúis a eascraíonn in aon tréimhse chuntasaíochta, a chríochnaíonn tar éis an 31ú lá de Nollaig, 1986, do chuideachta atá údaraithe, de bhua ceadúnais a dheonaigh an tAire Airgeadais faoin Acht um Chrannchur Náisiúnta, 1986, chun an Crannchur Náisiúnta a dhéanamh, beidh siad díolmhaithe ó cháin chorparáide.
Faoiseamh i leith infheistíochta i scannáin.
35.—(1) San alt seo—
ciallaíonn “cuideachta infheistiúcháin incheadaithe”, i ndáil le cuideachta cháilitheach, cuideachta nach bhfuil baint aici leis an gcuideachta cháilitheach;
ciallaíonn “scannán” scannán a tháirgtear—
(a) ar bhonn tráchtála le hionchas brabús a réadú, agus
(b) go hiomlán nó go príomha lena thaispeáint don phobal i bpictiúrlanna nó trí chraoladh teilifíse,
ach ní fholaíonn sé scannán a dhéantar lena thaispeáint mar chlár fógraíochta nó mar chraolfhógrán;
ciallaíonn “cuideachta cháilitheach” cuideachta—
(a) atá corpraithe sa Stát, agus
(b) a chónaíonn sa Stát agus nach gcónaíonn áit ar bith eile, agus
(c) atá ar marthain go hiomlán chun scannán cáilitheach nó scannáin cháilitheacha a tháirgeadh agus a dháileadh;
ciallaíonn “scannán cáilitheach” scannán ar sa Stát a dhéantar 75 faoin gcéad ar a laghad den obair á tháirgeadh agus a n-íocann infheistíochtaí iomchuí as 60 faoin gcéad ar a mhéid de chostas táirgthe an scannáin;
ciallaíonn “tréimhse cháilitheach” an tréimhse a thosaíonn ar dháta rite an Achta seo agus a chríochnaíonn ar chothrom trí bliana an dáta sin;
ciallaíonn “infheistíocht iomchuí” suim airgid—
(a) arna híoc, i dtréimhse cháilitheach, ag cuideachta infheistiúcháin incheadaithe thar a ceann féin le cuideachta cháilitheach, i leith scaireanna sa chuideachta cháilitheach sin nó ar shlí eile, agus
(b) a íocann an chuideachta infheistiúcháin incheadaithe sin chun a chumasú don chuideachta cháilitheach scannán cáilitheach a tháirgeadh, agus
(c) a mbaineann an chuideachta cháilitheach úsáid aisti chun na críche sin laistigh de dhá bhliain ón tsuim sin a fháil,
ach ní fholaíonn sé suim airgid a íoctar leis an gcuideachta cháilitheach ar théarmaí go n-aisíocfar í, agus déanfar tagairt do dhéanamh infheistíochta iomchuí a fhorléiriú mar thagairt do shuim den sórt sin a íoc le cuideachta cháilitheach.
(2) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, más rud é, i dtréimhse chuntasaíochta, go ndéanfaidh cuideachta infheistiúcháin incheadaithe infheistíocht iomchuí, ceadófar di, ar éileamh cuí a dhéanamh agus ar na fíorais a chruthú, méid na hinfheistíochta sin a asbhaint óna brabúis iomlána don tréimhse chuntasaíochta:
Ar choinníoll, más mó méid na hasbhainte a mbeidh teideal ag an gcuideachta infheistiúcháin incheadaithe chuige faoin alt seo i dtréimhse chuntasaíochta ná a brabúis don tréimhse chuntasaíochta sin, go ndéanfar an bhreis a thabhairt ar aghaidh go dtí an tréimhse chuntasaíochta ina dhiaidh sin agus go ndéileálfar leis an méid a thabharfar ar aghaidh amhlaidh chun críocha an ailt seo, seachas fo-alt (3), ionann is dá mba infheistíocht iomchuí é a dhéantar sa tréimhse chuntasaíochta sin ina dhiaidh sin.
(3) Más rud é, in aon tréimhse dhá mhí dhéag a chríochnaíonn ar chothrom dáta rite an Achta seo, gur mó ná £100,000 méid, nó méid comhiomlán, na n-infheistíochtaí iomchuí a rinne cuideachta infheistiúcháin incheadaithe, nó a rinne cuideachta den sórt sin agus na cuideachtaí go léir a n-áireofaí, tráth ar bith sa tréimhse sin, baint a bheith acu leis an gcuideachta sin, ní thabharfar aon fhaoiseamh faoin alt seo i leith na breise agus, i gcás níos mó ná infheistíocht iomchuí amháin den sórt sin a bheith ann, déanfaidh an cigire nó, ar achomharc, na Coimisinéirí Achomhairc, cibé cionroinnt ar an bhfaoiseamh atá ar fáil is cóir agus is réasúnach d'fhonn cion cuí den fhaoiseamh atá ar fáil a leithroinnt ar gach infheistíocht iomchuí ar leith agus, más gá, d'fhonn méid faoisimh i gcomhréir le méid na hinfheistíochta iomchuí, nó méid comhiomlán na n-infheistíochtaí iomchuí, a rinne sí sa tréimhse sin a dheonú do gach cuideachta infheistiúcháin incheadaithe ar leith lena mbaineann.
(4) Más deimhin leis an gcigire gur comhlíonadh nó go gcomhlíonfar na coinníollacha uile i ndáil le faoiseamh féadfar éileamh ar fhaoiseamh faoin alt seo a lamháil aon tráth tar éis suim a íoc le cuideachta cháilitheach is suim a bheidh ina hinfheistíocht iomchuí má bhaineann an chuideachta cháilitheach úsáid aisti laistigh de dhá bhliain ón tráth ar íocadh í chun scannán cáilitheach a tháirgeadh, ach tarraingeofar siar an faoiseamh más rud é, de dheasca aon teagmhais do thitim amach dá éis sin nó de dheasca gan teagmhas do thitim amach a raibh súil leis an tráth ar tugadh an faoiseamh, go ndealraíonn sé nach raibh an chuideachta a dhéanann an t-éileamh i dteideal an fhaoisimh a lamháladh.
(5) Ní bheidh cuideachta infheistiúcháin incheadaithe i dteideal faoisimh i leith infheistíochta iomchuí mura suífear chun sástacht an chigire nó, ar achomharc, chun sástacht na gCoimisinéirí Achomhairc—
(a) go ndearnadh an infheistíocht iomchuí ar chúiseanna tráchtála bona fide agus nach mar chuid de scéim nó de chomhshocraíocht arb é an príomhchuspóir, nó ceann de na príomhchuspóirí, a bhí léi cáin a sheachaint,
(b) gur baineadh, nó go mbainfear, úsáid as an infheistíocht iomchuí chun scannán cáilitheach a tháirgeadh, agus
(c) gur ar phriacal na cuideachta a dhéantar an infheistíocht iomchuí agus nach bhfuil an chuideachta ná aon duine a measfaí baint a bheith aige leis an gcuideachta i dteideal aon íocaíocht a fháil, go díreach nó go neamhdhíreach, ón gcuideachta cháilitheach seachas íocaíocht a dhéantar ar bhonn neamhthuilleamaíoch as earraí nó seirbhísí a soláthraíodh nó íocaíocht as na fáltais ón scannán a chur chun cinn a bhfuil an chuideachta ina teideal de réir na dtéarmaí ar faoina réir a dhéantar an infheistíocht iomchuí.
(6) I gcás gur tugadh aon fhaoiseamh faoin alt seo agus go bhfaighfear amach ina dhiaidh sin nach raibh sé dlite, tarraingeofar siar é trí mheasúnacht i leith cánach corparáide a dhéanamh faoi Chás IV de Sceideal D don tréimhse chuntasaíochta nó do na tréimhsí cuntasaíochta inar tugadh an faoiseamh, agus, d'ainneoin aon ní sna hAchtanna Cánach, féadfar measúnacht den sórt sin a dhéanamh tráth ar bith.
(7) (a) Faoi réir mhír (b), i gcás go mbeidh cuideachta infheistiúcháin incheadaithe i dteideal faoisimh faoin alt seo i leith aon suime, nó aon chuid de shuim, nó go mbeadh sí ina theideal ar éileamh cuí a dhéanamh, mar asbhaint óna brabúis iomlána d'aon tréimhse chuntasaíochta, ní bheidh sí i dteideal aon fhaoisimh i leith na suime sin, nó aon chuid de shuim, le linn a hioncam nó a brabúis a bheith á ríomh, nó mar asbhaint óna hioncam nó óna brabúis, d'aon tréimhse chuntasaíochta faoi aon fhoráil eile de chuid na nAchtanna Cánach Corparáide nó na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil.
(b) I gcás go mbeidh infheistíocht iomchuí déanta ag cuideachta infheistiúcháin incheadaithe trí shuibscríobh le haghaidh gnáthscaireanna nua de chuid cuideachta cáilithí, agus nach ndiúscraíonn an chuideachta infheistiúcháin incheadaithe aon cheann de na scaireanna sin laistigh de thrí bliana ón tráth a fuair an chuideachta sin iad, ansin déanfar na suimeanna is inlamháilte mar asbhaintí ón gcomaoin, le linn an gnóchan nó an caillteanas a fhaibhríonn don chuideachta ar dhiúscairt na scaireanna sin a bheith á ríomh chun críche cánach gnóchan caipitiúil, a chinneadh gan féachaint d'aon fhaoiseamh faoin alt seo a bheidh faighte ag an gcuideachta, nó a mbeadh sí i dteideal a fháil ar é a éileamh go cuí, ach amháin, i gcás inar mó na suimeanna sin ná an chomaoin, go ndéanfar iad a laghdú den mhéid is comhionann—
(i) leis an méid a mbeidh faoiseamh faoin alt seo faighte ag an gcuideachta infheistiúcháin incheadaithe ina leith mar gheall ar shuibscríobh le haghaidh na scaireanna sin, nó
(ii) le méid na breise,
cibé acu is lú.
(c) Chun críocha an fho-ailt seo ciallaíonn “gnáthscaireanna nua” gnáthscaireanna nua is cuid de ghnáth-scairchaipiteal cuideachta cáilithí agus nach mbeidh ag gabháil leo, i gcaitheamh na tréimhse trí bliana dar tosach dáta eisiúna na scaireanna sin, aon cheart tosaíochta, anois nó feasta, chun díbhinní, nó chun sócmhainní cuideachta ar í a fhoirceannadh, ná aon cheart tosaíochta chun fuascailte, anois nó feasta.
(8) Beidh feidhm ag alt 157 den Acht Cánach Corparáide, 1976, chun críocha an ailt seo.
CUID II
Custaim agus Mál
Faoiseamh i leith ola hidreacarbóin áirithe.
36.—Má shuitear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim go ndearnadh ola hidreacarbóin úsáidte, ar ar inmhuirearaithe an dleacht máil a fhorchuirtear le mír 12 (1) den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 221) (Dleachtanna Máil), 1975 (I.R. Uimh. 307 de 1975), agus a chomhlíonann na ceanglais maidir le slaodacht agus dath a shonraítear i mír 3 den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 256) (Dleacht Máil ar Olaí Hidreacarbóin), 1981 (I.R. Uimh. 404 de 1981), a allmhairiú an 1ú lá de Lúnasa, 1987, nó dá éis, ar an dleacht máil sin a bheith íoctha agus go ndeachaigh sí, tar éis a hallmhairithe, faoi phróiseas scagtha, lártheifneoirithe nó próiseála dá samhail chun í a dhéanamh oiriúnach lena húsáid mar ola bhreosla chun críocha tionsclaíocha, féadfaidh siad, faoi réir cibé coinníollacha a bheith comhlíonta is cuí leo a fhorchur, an dleacht a íocadh amhlaidh a aisíoc, lúide comhshuim aon lacáiste dleachta a lamháladh agus méid arna ríomh de réir £0.76 an heictilítear ar an ola úsáidte sin:
Ar choinníoll nach lamhálfar aon aisíocaíocht mar a dúradh ar aon ola hidreacarbóin atá, i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, oiriúnaithe de bharr na próiseála sin lena húsáid mar ola bhealaithe nó lena dó in inneall mótarfheithicle.
Orduithe a dhaingniú.
37.—Daingnítear leis seo na hOrduithe a luaitear sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TÁBLA
I.R. Uimh. 438 de 1986 | An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 284) (Beoir), 1986 |
I.R. Uimh. 19 de 1987 | An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 285) (Dleachtanna Máil), 1987 |
CUID III
Cáin Bhreisluacha
Léiriú (Cuid III).
38.—Sa Chuid seo—
ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Cánach Breisluacha, 1972;
ciallaíonn “Acht 1978” an tAcht Cánach Breisluacha (Leasú), 1978;
ciallaíonn “Acht 1985” an tAcht Airgeadais, 1985;
ciallaíonn “Acht 1986” an tAcht Airgeadais, 1986.
Leasú ar alt 1 (léiriú) den Phríomh-Acht.
39.—(a) Leasaítear leis seo alt 1 den Phríomh-Acht—
(i) trí “, gabhair, muca agus fianna” a chur in ionad “agus muca” sa mhíniú ar “beostoc” i bhfo-alt (1), agus
(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (2) i ndiaidh mhír (b):
“agus
(c) tagairtí d'airgead a ndearnadh, i ndáil le hairgead a fuair duine ó dhuine eile, é a asbhaint—
(i) de réir fhorálacha Chaibidil III de Chuid I den Acht Airgeadais, 1987, nó
(ii) de réir fhorálacha alt 17 den Acht Airgeadais, 1970,
agus a bhfuil scortha aige dá bhíthin sin de bheith dlite den duine eile don duine céadluaite,”.
(b) Cúlghairtear leis seo an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 283) (Cáin Bhreisluacha), 1986 (I.R. Uimh. 412 de 1986).
Leasú ar alt 11 (rátaí cánach) den Phríomh-Acht.
40.—Leasaítear leis seo alt 11 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (1) (a cuireadh isteach le hAcht 1985) trí “1.7 faoin gcéad” a chur in ionad “2.4 faoin gcéad” (a cuireadh isteach le hAcht 1986) i mír (d).
Leasú ar alt 12 (asbhaint i leith cáin a iompraíodh nó a íocadh) den Phríomh-Acht.
41.—Leasaítear leis seo alt 12 den Phríomh-Acht—
(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) (a cuireadh isteach le hAcht 1978):
“(1) (a) Le linn an méid cánach is iníoctha aige i leith tréimhse inchánach a bheith á ríomh, féadfaidh duine inchánach, sa mhéid gur chun críocha a sholáthairtí inchánach nó aon cheann de na gníomhaíochtaí cáilitheacha a úsáideann sé na hearraí agus na seirbhísí, an méid seo a leanas a asbhaint, eadhon—
(i) an cháin a muirearaíodh air i gcaitheamh na tréimhse ag daoine inchánach eile trí shonraisc, arna n-ullmhú ar an modh a fhorordaítear le rialacháin, maidir le hearraí nó seirbhísí a soláthraíodh dó,
(ii) maidir le hearraí a d'allmhairigh sé sa tréimhse, an cháin a d'íoc sé nó a cuireadh siar mar a shuitear ó na doiciméid chustam iomchuí arna gcoimeád aige de réir alt 16 (3),
(iii) an cháin ab inmhuirearaithe i gcaitheamh na tréimhse maidir le hearraí a áirítear mar earraí a sholáthraigh sé de réir alt 3 (1) (e),
(iv) an cháin ab inmhuirearaithe i gcaitheamh na tréimhse i leith seirbhísí a áirítear mar sheirbhísí a sholáthraigh sé ar chomaoin i gcúrsa nó ag bisiú a ghnó de réir alt 5 (3) (d),
(v) an cháin ab inmhuirearaithe i gcaitheamh na tréimhse, is cáin a dhlíonn sé a íoc de bhua alt 5 (3A), maidir le seirbhísí a fuair sé,
(vi) má fhoráiltear amhlaidh le rialacháin agus faoi réir agus de réir aon rialachán den sórt sin, an méid cánach, mar a mhínítear, atá ar áireamh sa chomaoin is iníoctha as earraí réchaite sonraithe, nó earnálacha earraí réchaite sonraithe, a fuarthas, in imthosca seachas ná himthosca a thuairiscítear sa choinníoll a ghabhann le halt 10 (2), lena n-athdhíol ó dhuine nach duine inchánach nó ó dhuine inchánach i gcás inar úsáid an duine inchánach sin na hearraí chun críocha gnó a bhí á sheoladh aige, ach ar iompair sé cáin i ndáil lena bhfáil nó lena n-úsáid agus i gcás gurbh earraí iad de chineál a d'fhág, nó gur úsáideadh iad in imthosca a d'fhág, nach raibh aon chuid den cháin sin inasbhainte faoin alt seo,
(vii) an cháin ab inmhuirearaithe i gcaitheamh na tréimhse, is cáin a dhlíonn sé a íoc de bhua alt 8 (2), i leith seirbhísí a fuair sé, agus
(viii) cáin a muirearaíodh air i gcaitheamh na tréimhse trí shonraisc arna n-ullmhú ar an modh a fhorordaítear le rialacháin agus arna n-eisiúint chuige de réir alt 12A.
(b) I mír (a) ciallaíonn ‘gníomhaíochtaí cáilitheacha’—
(i) paisinéirí, mar aon leis an mbagáiste atá ina dteannta, a iompar lasmuigh den Stát,
(ii) seirbhísí a shonraítear i mír (i), (ix) (b), (c) nó (d), nó (xi), den Chéad Sceideal, agus a sholáthraítear—
(I) lasmuigh den Chomhphobal, nó
(II) go díreach i ndáil le honnmhairiú earraí chuig áit lasmuigh den Chomhphobal, agus
(iii) soláthairtí earraí nó seirbhísí lasmuigh den Stát ar sholáthairtí inchánach a bheadh iontu dá ndéanfaí sa Stát iad.”,
(b) i bhfo-alt (3) (a) (a cuireadh isteach le hAcht 1978)—
(i) trí “san alt seo, ní dhéanfar cáin a asbhaint faoin alt seo” a chur in ionad “i bhfo-alt (1), ní dhéanfar cáin a asbhaint faoin bhfo-alt sin”,
(ii) trí “nó” a chur isteach i ndiaidh fhomhír (iii), agus
(iii) tríd an gcuid sin uile den fho-alt sin (3) (a) atá i ndiaidh fhomhír (iv) a scriosadh,
agus tá an fo-alt sin (3) (a), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo.
AN TÁBLA |
(3) (a) D'ainneoin aon ní san alt seo, ní dhéanfar cáin a asbhaint faoin alt seo má bhaineann, agus a mhéid a bhaineann, an cháin leis na nithe seo a leanas— (i) bia nó deoch, nó cóiríocht nó seirbhísí pearsanta eile, a chur ar fáil don duine inchánach, dá ghníomhairí nó dá fhostaithe, ach amháin a mhéid, más aon mhéid é, is soláthar seirbhísí a bhfuil sé cuntasach i gcáin ina leith an cur ar fáil sin, (ii) caiteachais fhialachta a thabhaigh an duine inchánach, a ghníomhairí nó a fhostaithe, (iii) mótarfheithiclí a fháil (lena n-áirítear iad a fhruiliú) ar mhodh seachas mar stoc trádála nó chun críocha gnó arb é atá ann go hiomlán nó go páirteach mótarfheithiclí a fhruiliú nó iad a úsáid, i ngnó scoile tiomána, chun teagasc tiomána a thabhairt, nó (iv) peitreal a cheannach ar mhodh seachas mar stoc trádála, |
agus
(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):
“(4) I gcás go n-úsáideann duine inchánach earraí nó seirbhísí (nach earraí nó seirbhísí nach ndéanfar, de réir fho-alt (3), asbhaint cánach i leith a bhfála) chun críocha soláthairtí nó gníomhaíochtaí ar inasbhainte cáin i ndáil leo de réir an ailt seo agus chun críocha soláthairtí nó gníomhaíochtaí eile chomh maith, ní inasbhainte ach cibé comhréir den cháin is inchurtha síos do na soláthairtí nó do na gníomhaíochtaí céadluaite sin agus is de réir rialachán a chinnfear an chomhréir sin.”.
Leasú ar alt 12A (forálacha speisialta i leith cánach arna sonrasc ag feirmeoirí cothrom-ráta) den Phríomh-Acht.
42.—Leasaítear leis seo alt 12A (a cuireadh isteach le hAcht 1978) den Phríomh-Acht trí “1.7 faoin gcéad” a chur in ionad “2.4 faoin gcéad” (a cuireadh isteach le hAcht 1986) i bhfo-alt (1).
Leasú ar alt 13 (loghadh cánach ar earraí a onnmhairítear, etc.) den Phríomh-Acht.
43.—Leasaítear leis seo alt 13 (a cuireadh isteach le hAcht 1978) den Phríomh-Acht trí “nó i leith modhanna iompair atá le fruiliú lena n-úsáid sa Stát” a chur isteach i ndiaidh “sa Stát” sa dara háit a bhfuil sé i bhfo-alt (3) (c).
Leasú ar alt 32 (rialacháin) den Phríomh-Acht.
44.—Leasaítear leis seo alt 32 den Phríomh-Acht trí “fho-alt (1) (a) (vi) d'alt 12,” a chur isteach i ndiaidh “alt 5 (7),” i bhfo-alt (2A) (a cuireadh isteach le hAcht 1978).
Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.
45.—Leasaítear leis seo an Chéad Sceideal (a cuireadh isteach le hAcht 1978) a ghabhann leis an bPríomh-Acht—
(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (i):
“(i) Seirbhísí airgeadais arb éard iad—
(a) stoic, scaireanna, bintiúir agus urrúis eile, seachas doiciméid a shuíonn teideal chun earraí, a eisiúint, a aistriú nó a ghlacadh, nó aon déileáil iontu,
(b) socrú a dhéanamh le haghaidh eisiúna a shonraítear i bhfomhír (a), nó an eisiúint a fhrithhealladh,
(c) aon chuntas reatha, taisce nó coigiltis a oibriú,
(d) airgead reatha, nótaí bainc agus monaí miotail, atá in úsáid mar dhlíthairiscint in aon tír, cé is moite de na nótaí bainc agus na monaí sin nuair sholáthraítear iad mar earraí infheistíochta nó mar phíosaí do bhailitheoirí, a eisiúint, a aistriú nó a ghlacadh, nó aon déileáil iontu,
(e) airgead a thabhairt ar iasacht nó creidmheas a thabhairt ar shlí seachas trí idirbhearta fruilcheannaigh nó díola creidmheasa,
(f) ráthaíochtaí creidmheasa nó aon urrús eile ar airgead a thabhairt nó aon déileáil iontu, agus bainisteoireacht ráthaíochtaí creidmheasa ag an duine a thug an creidmheas,
(g) bainisteoireacht scéime iontaobhais aonad—
(I) atá cláraithe faoin Acht um Iontaobhais Aonad, 1972,
(II) atá á riar ag an sealbhóir ar údarú a deonaíodh de bhun Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Árachas Saoil), 1984 (I.R. Uimh. 57 de 1984), nó ag duine a meastar, de bhun Airteagal 6 de na Rialacháin sin, gur sealbhóir den sórt sin é, arb iad na critéir i ndáil léi na critéir a shonraítear, i ndáil le comhshocraíocht atá á riar ag sealbhóir ar cheadúnas faoin Acht Arachais, 1936, in alt 7(4) den Acht um Iontaobhais Aonad, 1972,
(III) a bunaíodh go hiomlán chun críocha scéimeanna ciste aoisliúntas nó carthanas, nó
(IV) ar chinn an tAire Airgeadais gur scéim iontaobhais aonad í lena mbaineann forálacha na fomhíre seo;
(h) seirbhísí arna soláthar do dhuine faoi chomhshocraíochtaí a shocraíonn go gcúiteofar an duine maidir le soláthar earraí nó seirbhísí aige de réir scéime cárta creidmheasa, cárta muirir nó cárta dá samhail;”,
(b) i mír (ix)—
(i) trí “agus” a scriosadh i bhfomhír (a),
(ii) trí na fomhíreanna seo a leanas a chur in ionad fhomhíreanna (c), (d) agus (e):
“(c) seirbhísí árachais, agus
(d) seirbhísí a shonraítear i mír (i),”,
agus
(iii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (d) (arna cur isteach leis an Acht seo):
“ach gan seirbhísí bainisteoireachta agus slánchoimeádta i ndáil leis na seirbhísí a shonraítear i mír (i) (a), nach seirbhísí a shonraítear i mír (i) (g), a áireamh;”,
agus tá an mhír sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo,
AN TÁBLA |
(ix) seirbhísí gníomhaireachta maidir le— (a) cóir iompair do phaisinéirí nó cóiríocht do dhaoine a shocrú, (b) bailiú préimheanna árachais, (c) seirbhísí árachais, agus (d) seirbhísí a shonraítear i mír (i), ach gan seirbhísí bainisteoireachta agus slánchoimeádta i ndáil leis na seirbhísí a shonraítear i mír (i) (a), nach seirbhísí a shonraítear i mír (i) (g), a áireamh;, |
(c) trí “baincéireachta agus” a scriosadh i mír (xi), agus tá an mhír sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo,
AN TÁBLA (xi) seirbhísí árachais;, |
agus
(d) trí mhíreanna (xia) (a cuireadh isteach leis an Ordú Cánach Breisluacha (Gníomhaíochtaí Díolmhaithe) (Uimh. 1), 1985 (I.R. Uimh. 430 de 1985)) agus (xii) a scriosadh.
Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.
46.—Leasaítear leis seo an Dara Sceideal (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1976) a ghabhann leis an bPríomh-Acht trí “díscithe” a scriosadh i bhfomhír (d) (I) de mhír (xii) (a cuireadh isteach le hAcht 1985).
Leasú ar an Séú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.
47.—Leasaítear leis seo an Séú Sceideal (a cuireadh isteach le hAcht 1985) a ghabhann leis an bPríomh-Acht—
(a) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (xif) (a cuireadh isteach le hAcht 1986):
“(xig) seirbhísí treoraí turas;”
agus
(b) trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (xiic) (a cuireadh isteach le hAcht 1986):
“(xiii) dearbhchlónna fótagrafacha (seachas earraí a táirgeadh trí phróiseas fótachóipeála), sleamhnáin nó claonchlónna, a táirgeadh ó earraí a chuir duine ar fáil, a sholáthar don duine sin;
(xiiia) earraí arb éard iad—
(a) dearbhchlónna fótagrafacha (seachas earraí a táirgeadh trí phróiseas fótachóipeála), gléasta nó neamhghléasta, ach iad neamhfhrámáilte,
(b) sleamhnáin agus claonchlónna, agus
(c) scannán cineamatagrafach agus fís-scannán,
a dhéanann taifeadadh ar dhaoine, ar rudaí nó ar theagmhais áirithe, arna soláthar faoi chomhaontú grianghraif a dhéanamh de na daoine, de na rudaí nó de na teagmhais sin;
(xiiib) na nithe seo a leanas a sholáthar ag grianghrafadóir, eadhon—
(a) claonchlónna a táirgeadh ó scannán a nochtadh chun críocha a ghnó, agus
(b) scannán a nochtadh chun críocha a ghnó;
(xiiic) dearbhchlónna fótagrafacha a táirgeadh trí mheaisín díola a bhfuil ceamara agus trealamh réalta agus clóite ann;
(xiiid) seirbhísí arb éard iad—
(a) eagarthóireacht a dhéanamh ar scannán fótagrafach, scannán cineamatagrafach agus fís-scannán, agus
(b) micreascannánú;
(xiiie) seirbhísí gníomhaireachta i ndáil le soláthar a shonraítear i mír (xiii);
(xiiif) seirbhísí arb éard iad dramhábhar a ghlacadh lena dhiúscairt;
(xiiig) teagasc i dtiomáint feithiclí bóthair inneallghluaiste, nach oideachas, oiliúint ná athoiliúint de na cineálacha a shonraítear i mír (ii) den Chéad Sceideal;
(xiiih) daoine a ligean isteach chuig taispeántais de chineál a sheoltar de ghnáth i músaeim agus i ndánlanna, is taispeántais d'ábhair is díol spéise ó thaobh staire, cultúir, ealaíne nó eolaíochta;”.
CUID IV
Dleachtanna Stampa
Tobhach ar bhainc.
48.—(1) San alt seo—
ciallaíonn “méid inmheasúnaithe” an méid a gheofar tríd an méid sonraithe a roinnt ar a dó dhéag agus £10,000,000 a bhaint as an gcomhrann;
ciallaíonn “banc” duine ar shealbhóir é, an lú lá de Mheán Fómhair, 1986, ar cheadúnas a deonaíodh faoi alt 9 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971;
ciallaíonn “suim iomchuí”, i ndáil le tuairisceán, suim a thaispeántar sa tuairisceán seachas suim a thaispeántar i leith airgead reatha coigríche;
ciallaíonn “tuairisceáin”, i ndáil le banc, na tuairisceáin, dar teideal “TUAIRISCEÁN MÍOSÚIL Ó NA BAINC CHEADÚNAITHE UILE: BRAINSÍ CÓNAITHEACHA” a chuireann an banc ar fáil do Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le sócmhainní agus dliteanais an bhainc amhail ar an 15ú lá d'Eanáir, 1986, an 19ú lá d'Fheabhra, 1986, an 31ú lá de Mhárta, 1986, an 16ú lá d'Aibreán, 1986, an 21ú lá de Bhealtaine, 1986, an 30ú lá de Mheitheamh, 1986, an 16ú lá d'Iúil, 1986, an 20ú lá de Lúnasa, 1986, an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1986, an 15ú lá de Dheireadh Fómhair, 1986, an 19ú lá de Shamhain, 1986, agus an 31ú lá de Nollaig, 1986;
ciallaíonn “méid sonraithe”, i ndáil le banc, an méid a gheofar trí chomhiomlán na suimeanna iomchuí a thaispeántar maidir le Mír 302.2 i bhforlíonadh 1 de thuairisceáin an bhainc a asbhaint as comhiomlán na suimeanna iomchuí a thaispeántar sna tuairisceáin maidir le taiscí Rialtais agus taiscí Neamh-Rialtais agus a thaispeántar mar dhliteanais de chuid an bhainc sna tuairisceáin sin.
(2) Déanfaidh banc, tráth nach déanaí ná an 16ú lá de Mheán Fómhair, 1987, ráiteas i scríbhinn a sheachadadh ar na Coimisinéirí Ioncaim a thaispeánfaidh an méid inmheasúnaithe le haghaidh an bhainc sin, an méid sonraithe le haghaidh an bhainc sin agus na suimeanna dá dtagraítear sa mhíniú ar “méid sonraithe” i bhfo-alt (1) ar faoina dtreoir a ríomhadh an méid sonraithe sin.
(3) Ar gach ráiteas a sheachadfar de bhun fho-alt (2), muirearófar dleacht stampa ar cóimhéid lena gcomhshuim seo a leanas:
(a) 0.3 faoin gcéad den chuid sin den mhéid inmheasúnaithe a thaispeántar ann nach mó ná £100,000,000, agus
(b) 0.305 faoin gcéad den chuid sin den mhéid inmheasúnaithe a thaispeántar ann is mó ná £100,000,000:
Ar choinníoll, in aon chás nach mó ná £100,000,000 an méid inmheasúnaithe a thaispeántar sa ráiteas, go muirearófar dleacht stampa ar cóimhéid le 0.3 faoin gcéad den mhéid inmheasúnaithe a thaispeántar ann.
(4) Déanfaidh an banc an dleacht a mhuirearófar le fo-alt (3) ar ráiteas a sheachadfaidh banc de bhun fho-alt (2), a íoc an tráth a sheachadfar an ráiteas.
(5) Tabharfaidh banc cibé sonraí do na Coimisinéirí Ioncaim a mheasfaidh na Coimisinéirí Ioncaim is gá i ndáil le haon ráiteas a cheanglaíonn an t-alt seo ar an mbanc a sheachadadh.
(6) I gcás go mainneoidh banc aon ráiteas a cheanglaítear le fo-alt (2) a sheachadadh laistigh den tréimhse ama dá bhforáiltear san fho-alt sin nó ina mainneoidh sé an dleacht is inmhuirearaithe ar aon ráiteas den sórt sin a íoc, tráth a sheachadta, dlífidh an banc, amhail ó dháta rite an Achta seo go dtí an lá a n-íocfar an dleacht, ús de réir 15 faoin gcéad sa bhliain a íoc uirthi mar phionós, i dteannta na dleachta, agus, ina theannta sin, dlífidh sé mar phionós breise ón 16ú lá de Mheán Fómhair, 1987, suim a íoc is ionann agus 1 faoin gcéad den dleacht in aghaidh gach lae a fhanfaidh an dleacht gan íoc agusbeidh gach pionós inghnóthaithe sa tslí chéanna amhail is dá mba chuid den dleacht an pionós.
(7) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim seachadadh aon ráitis a cheanglaítear le fo-alt (2) a fheidhmiú faoi alt 47 den Succession Duty Act, 1853, ar gach cuma amhail is dá mba chuntas mar a luaitear san alt sin an ráiteas sin agus amhail is dá mba fhaillí mar a luaitear san alt sin an mhainneachtain an ráiteas sin a sheachadadh.
(8) Ní dhéanfar an dleacht stampa a mhuirearaítear leis an alt seo a lamháil mar asbhaint chun aon cháin nó dleacht atá faoi chúram agus faoi bhainisteoireacht na gCoimisinéirí Ioncaim agus is iníoctha ag an mbanc a ríomh.
Leasú ar alt 92 (tobhach ar phréimheanna árachais áirithe) den Acht Airgeadais, 1982.
49.—(1) Leasaítear leis seo alt 92 den Acht Airgeadais, 1982, trí “le trí faoin gcéad” a chur in ionad “le haon agus dhá thrian faoin gcéad” i bhfo-alt (8) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984).
(2) Cúlghairtear leis seo an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 286) (Tobhach ar Phréimheanna Árachais Áirithe), 1987 (I.R. Uimh. 88 de 1987).
CUID V
Cáin Fháltas Caipitiúil
Leasú ar alt 54 (forálacha a bhaineann le carthanais, etc.) den Acht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976.
50.—(1) Leasaítear leis seo alt 54 den Acht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):
“(2) Beidh bronntanas nó oidhreacht a bheidh glactha chun críocha poiblí nó chun críocha carthanúla díolmhaithe ó cháin, agus ní chuirfear i gcuntas é nó í le linn cáin a bheith á ríomh, a mhéid is deimhin leis na Coimisinéirí gur cuireadh nó go gcuirfear chun feidhme é nó í chun críocha ar críocha poiblí nó críocha carthanúla iad de réir dlí an Stáit.”.
(2) Beidh feidhm ag an alt seo i gcás gurb é dáta rite an Achta seo, nó dáta dá éis, dáta an bhronntanais nó dáta na hoidhreachta.
CUID VI
Ilghnéitheach
An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.
51.—(1) San alt seo—
ciallaíonn “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950;
ciallaíonn “alt leasaitheach 1986” alt 111 den Acht Airgeadais, 1986;
ciallaíonn “an seachtú blianacht bhreise is tríocha” an tsuim a mhuirearófar ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4);
tá le “an tAire”, “an Cuntas” agus “seirbhísí caipitiúla” na bríonna céanna faoi seach atá leo sa phríomh-alt.
(2) Maidir leis na naoi mbliana airgeadais is fiche comhleanúnacha dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1987, beidh éifeacht le fo-alt (4) d'alt leasaitheach 1986 ach “£42,934,622” a chur in ionad “£41,472,176”.
(3) Beidh éifeacht le fo-alt (6) d'alt leasaitheach 1986 ach “£32,503,814” a chur in ionad “£31,876,450”.
(4) D'fhonn iasachtaí, mar aon le hús ar an gcéanna, i leith seirbhísí caipitiúla, a fhuascailt, déanfar suim £45,510,049 a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sa tríocha bliain airgeadais chomhleanúnach dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1987.
(5) Déanfar an seachtú blianacht bhreise is tríocha a íoc isteach sa Chuntas ar cibé modh agus cibé tráthanna sa bhliain airgeadais iomchuí a chinnfidh an tAire.
(6) Féadfar aon mhéid den seachtú blianacht bhreise is tríocha, nach mó ná £34,980,050 in aon bhliain airgeadais áirithe, a úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí a íoc.
(7) Déanfar iarmhéid an seachtú blianacht bhreise is tríocha a úsáid in aon cheann nó níos mó de na slite a shonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt.
Leasú ar alt 162 (An tArd-Bhailitheoir) den Acht Cánach Ioncaim, 1967.
52.—Leasaítear leis seo alt 162 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (a) agus (b) i bhfo-alt (3):
“(a) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim daoine a ainmniú chun aon cheann nó gach ceann de na cumhachtaí agus de na feidhmeanna a thugtar don Ard-Bhailitheoir le haon fhoráil de chuid na nAchtanna Cánach a fheidhmiú thar a cheann agus ar ordú uaidh.
(b) I dteannta iad a bheith infheidhmithe ag an Ard-Bhailitheoir, beidh na cumhachtaí agus na feidhmeanna sin infheidhmithe freisin thar a cheann agus ar ordú uaidh ag daoine a ainmneofar faoin bhfo-alt seo.”.
Leasú ar alt 21 (institution of proceedings for fines, etc..) den Inland Revenue Regulation Act, 1890.
53.—Leasaítear leis seo alt 21 den Inland Revenue Regulation Act, 1890, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):
“(1) It shall not be lawful to commence proceedings against any person for the recovery of any fine, penalty, or forfeiture under any Act relating to Inland Revenue, or for the condemnation of any goods seized as forfeited under any such Act, except in the name of an officer or in the name of the Attorney General or in the name of the Director of Public Prosecutions.”.
Cúram agus bainisteoireacht cánacha agus dleachtanna.
54.—Déantar leis seo na cánacha agus na dleachtanna go léir a fhorchuirtear leis an Acht seo a chur faoi chúram agus faoi bhainisteoireacht na gCoimisinéirí Ioncaim.
Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.
55.—(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1987, a ghairm den Acht seo.
(2) Déanfar Cuid I (a mhéid a bhaineann le cáin ioncaim) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim agus (a mhéid a bhaineann le cáin chorparáide) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Corparáide.
(3) Déanfar Cuid II (a mhéid a bhaineann le custaim) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam agus (a mhéid a bhaineann le dleachtanna máil) a fhorléiriú i dteannta na reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainisteoireacht na ndleachtanna sin.
(4) Déanfar Cuid III a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Breisluacha, 1972 go 1986, agus féadfar na hAchtanna Cánach Breisluacha, 1972 go 1987, a ghairm díobh le chéile.
(5) Déanfar Cuid IV a fhorléiriú i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.
(6) Déanfar Cuid V a fhorléiriú i dteannta an Achta um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.
(7) Measfar, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite inti, gur tháinig Cuid I i bhfeidhm amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1987, agus glacfaidh sí éifeacht amhail ar an agus ón dáta sin.
(8) I gCuid III, measfar gur tháinig ailt 40 agus 42 i bhfeidhm amhail ar an agus ón 1ú lá de Bhealtaine, 1987, agus glacfaidh siad éifeacht amhail ar an agus ón dáta sin, measfar gur tháinig alt 39 (a) (ii) i bhfeidhm amhail ar an agus ón 6ú lá de Mheitheamh, 1987, agus glacfaidh sé éifeacht amhail ar an agus ón dáta sin, measfar gur tháinig ailt 46 agus 47 i bhfeidhm amhail ar an agus ón 1ú lá d'Iúil, 1987, agus glacfaidh siad éifeacht amhail ar an agus ón dáta sin, agus tiocfaidh ailt 41 agus 45 i bhfeidhm ar an 1ú lá de Shamhain, 1987.
(9) Ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt, forléireofar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile, nó faoi aon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo.
(10) San Acht seo, aon tagairt do Chuid, d'alt nó do Sceideal is tagairt í do Chuid nó d'alt den Acht seo, ná do Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.
(11) San Acht seo, aon tagairt d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil (lena n-áirítear Sceideal) ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.