Uimhir 1 de 1977
AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (TRUAILLIÚ UISCE), 1977
[An tiontú oifigiúil]
Léiriú.
1.—(1) San Acht seo—
folaíonn “talmhaíocht” beostoc (lena n-áirítear muca, éanlaith chlóis agus aon chréatúr a choimeádtar chun bia, olann, seithí nó fionnadh a tháirgeadh) a phórú, a choinneáil agus a dhíol, agus sadhlas a dhéanamh agus a stóráil:
ciallaíonn “uiscíoch” aon stratam nó comhstratam a stórálann nó a thugann dóthain uisce chun fónamh mar fhoinse do sholáthar uisce;
ciallaíonn “bord coimeádaithe” bord coimeádaithe faoi na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1976, agus folaíonn sé Coimisiún Iascaigh an Fheabhail;
tá le “iasc” an bhrí chéanna atá leis sna hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1976;
folaíonn “ceadúnas”, i ndáil le ceadúnais faoi alt 4 nó 16, mar a gceadaíonn an comhthéacs é, ceadúnas den sórt sin arna athchóiriú faoi alt 7 nó 17:
ciallaíonn “údarás áitiúil” (ach amháin in alt 25 (5) (b))—
(a) i gcás contae riaracháin Bhaile Átha Cliath, gan buirg Dhún Laoghaire a áireamh, comhairle chontae Bhaile Átha Cliath.
(b) i gcás buirg Dhún Laoghaire, bardas na buirge,
(c) i gcás contae-bhuirge, bardas na contae-bhuirge, agus
(d) i gcás aon chontae riaracháin eile, comhairle an chontae.
agus, mar a gceadaíonn an comhthéacs é, folaíonn sé údarás rialaithe cáilíochta uisce arna bhunú faoi alt 25, agus déanfar tagairtí do limistéar feidhmiúcháin údaráis áitiúil a fhorléiriú dá réir sin;
ciallaíonn “muirdhéanmhas” ardán nó déanmhas eile de dhéantús an duine i bhfarraige;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil;
folaíonn “faireachán” iniúchadh, tomhas, samplóireacht nó anailísiú, a dhéantar go tréimhsiúil nó go leanúnach;
folaíonn “ábhar truailliúcháin” aon ábhar nimhiúil nó urchóideach agus aon substaint (lena n-áirítear aon phléascach, leacht nó gás) a d'fhéadfadh, ar í do dhul amach nó ar í a scardadh in aon uiscí, na huiscí sin nó aon uiscí eile a dhéanamh nimhiúil nó dochrach d'iasc, do leapacha sceite nó do bhia aon éisc, nó dochar a dhéanamh d'iasc ó thaobh a luachmhaireachta mar bhia don duine, nó laghdú a dhéanamh ar thairbhe grinneall agus ithir aon uiscí mar leapacha sceite nó ar a gcumas bia éisc a tháirgeadh nó a d'fhéadfadh na huiscí sin a dhéanamh díobhálach do shláinte an phobail nó d'úsáidí tís, tráchtála, tionscail, talmhaíochta nó áineasa;
folaíonn “áitreabh” talamh, bíodh nó ná bíodh déanmhais ar an talamh;
ciallaíonn “feidhm fhorchoimeádta”, i gcás comhairle contae nó Bardais Dhún Laoghaire, feidhm fhorchoimeádta chun críocha na nAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1972, nó, i gcás bardais chontae-bhuirge, feidhm fhorchoimeádta chun críocha na nAchtanna a bhaineann le bainistí na contae-bhuirge;
ciallaíonn “údarás sláintíochta” údarás sláintíochta chun críocha na nAchtanna Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1964;
folaíonn “séaracht” séaracht tís, agus séaracht tís agus uisce báistí le chéile;
ciallaíonn “eisilteach séarachta” aon eisilteach ó aon oibreacha,
gaireas, gléasra nó píopa siltin a úsáidtear chun séaracht, cóireáilte nó neamhchóireáilte, a ligean amach in uiscí;
tá le “séarach” an bhrí chéanna atá leis sna hAchtanna Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1964, agus folaíonn sé oibreacha cóireála nó diúscartha séarachta de chuid údaráis sláintíochta;
folaíonn “uiscí taoide” an fharraige agus aon inbhear aníos go dtí marc barrláin meántaoide agus aon duga iata i dtadhall le huiscí taoide:
folaíonn “trádáil” talmhaíocht, dobharshaothrú, gairneoireacht agus aon taighde nó turgnamh eolaíoch;
ciallaíonn “eisilteach trádála” eisilteach ó aon oibreacha, gaireas, gléasra nó píopa siltin a úsáidtear chun aon leacht (cóireáilte nó neamhchóireáilte) a dhiúscairt amach in uiscí nó i séarach, bíodh nó ná bíodh ábhar cáithníneach ar fuaidreamh ann, a scairdtear as áitreabh a úsáidtear ag seoladh aon trádála nó tionscail (lena n-áirítear mianadóireacht), ach ní fholaíonn sé séaracht tís ná uisce báistí;
ciallaíonn “soitheach” árthach snámha d'aon chineál, cibé acu uathghluaisteach di nó nach ea, agus folaíonn sé árthach aerchúisíneach;
folaíonn “uiscí”—
(a) aon abhainn, sruthán, loch, canáil, taiscumar, uiscíoch, linn, sruthchúrsa nó uiscí intíre eile, nádúrtha nó saorga (nó aon chuid den chéanna),
(b) aon uiscí taoide, agus
(c) mar a gceadaíonn an comhthéacs é, aon trá, bruach abhann agus riasc goirt nó aon limistéar eile atá tadhlach le haon ní dá luaitear i mír (a) nó (b), agus cainéal nó leaba aon ní dá luaitear i mír (a) atá tirim de thuras na huaire,
ach ní fholaíonn sé séarach.
(2) Aon tagairt san Acht seo d'alt is tagairt í d'alt den Acht seo mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.
(3) Aon tagairt san Acht seo d'fho-alt nó do mhír is tagairt í don fho-alt nó don mhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.
An Chomhairle um Thruailliú Uisce.
2.—(1) Déanfaidh an tAire, le hordú, tar éis dó comhairle a ghlacadh le haon Aire eile ar dealraitheach dó leas a bheith aige san ábhar, comhlacht a cheapadh dá ngairfear an Chomhairle um Thruailliú Uisce, agus an Chomhairle a ghairtear di san alt seo.
(2) Féadfaidh an Chomhairle, dá toil féin nó ar iarratas ón Aire, moltaí a dhéanamh chun an Aire i ndáil le haon ábhar a bhaineann lena fheidhmeanna nó a fhreagrachtaí i leith truailliú uisce a shrianadh agus tabharfaidh sí comhairle dó faoi aon ábhar a chuirfidh an tAire faoina bráid ag comhlíonadh a fheidhmeanna agus a fhrcagrachtaí dó faoin Acht seo.
(3) Déanfaidh an tAire cibé bearta is iomchuí leis chun faisnéis a choimeád leis an gComhairle i dtaobh ábhair i ndáil le truailliú uisce a shrianadh arb é a thuairim gur dóigh dóibh bheith ina gcabhair don Chomhairle ag comhlíonadh na bhfeidhmeanna a shanntar di le fo-alt (2) den alt seo.
(4) Beidh ar an gComhairle cibé líon daoine a cheapfar go ceann cibé tréimhse is oiriúnach leis an Aire.
(5) Ainmneoidh an tAire ó am go ham comhalta den Chomhairle chun gníomhú mar chathaoirleach ar an gComhairle.
(6) Féadfaidh an tAire tráth ar bith aon chomhalta den Chomhairle (lena n-áirítear an cathaoirleach) a chur as oifig.
(7) Íocfar le haon chomhalta den Chomhairle cibe caiteachais a chinnfidh an tAire le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.
(8) Tabharfaidh an Chomhairle tuarascáil gach bliain don Aire ar a gníomhaíochtaí i gcaitheamh na bliana roimhe sin, agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.
(9) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm.
Toirmeasc ginearálta ar ábhar truailliúcháin do dhul amach in uiscí.
3.—(1) Faoi réir fho-alt (5), ní chuirfidh duine faoi deara ná ní cheadóidh sé ábhar truailliúcháin do dhul amach in uiscí.
(2) Duine a sháróidh fo-alt (1), beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—
(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £250 (agus ina theannta sin, i gcás sárú leanúnach, fíneáil nach mó ná £100 in aghaidh gach lae a leanfar den sárú) nó príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná sé mhí nó, de rogha na cúirte, an fhíneáil nó na fíneálacha sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó
(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £5,000 (agus ina theannta sin, i gcás sárú leanúnach, fíneáil nach mó ná £500 in aghaidh gach lae a leanfar den sárú) nó príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná dhá bhliain nó, de rogha na cúirte, an fhíneáil nó na fíneálacha sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.
(3) Is cosaint mhaith é ar ionchúiseamh faoin alt seo a chruthú chun sástacht na cúirte gur ghlac an duine cúisithe gach cúram réasúnach chun an dul amach atá toirmiscthe faoi fho-alt (1) a chosc.
(4) Féadfaidh údarás áitiúil, bord coimeádaithe, an tAire Iascaigh nó aon duine eile ionchúiseamh i gcion faoin alt seo a thionscnamh.
(5) Ní bhaineann fo-alt (1)—
(a) le scardadh eisiltigh thrádála nó eisiltigh shéarachta (seachas scardadh is ábhar do rialacháin faoi alt 4 (10), mura rud é, i gcás caighdeán iomchuí a bheith forordaithe faoi alt 26, go bhfuil an scardadh de réir an chaighdeáin sin);
(b) le haon ábhar do dhul amach in uiscí taoide as soithí nó as gaireas chun aon ábhar a aistriú isteach i soithí nó amach as soithí nó as muirdhéanmhais;
(c) le haon ábhar a chur mar a údaraítear faoi alt 3 nó 13 den Acht Imeall Trágha, 1933, nó alt 48 den Acht Cuanta, 1946;
(d) le haon ábhar nó ní a údaraítear faoi alt 88 den Acht Cuanta, 1946, a chur amach in uiscí;
(e) le haon oibreacha a údaraítear le hordú faoi alt 134 den Acht Cuanta, 1946;
(f) le haon dul isteach a údaraítear faoi na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1976.
(6) Chun an díolúine a thugtar le gach achtachán a luaitear sa Tábla a ghabhann leis an alt seo a bhuanú d'ainneoin na haisghairme a dhéantar le halt 34 (c), déanfar tagairt in aon achtachán díobh sin do na Fisheries (Ireland) Acts, 1842 to 1909, do na hAchtanna Iascaigh, 1842 go 1935, nó do na hAchtanna Iascaigh, 1842 go 1944, a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt d'fho-alt (1).
AN TABLA |
Alt 16 d'acht Leictreachais na Sionainne, 1925. Alt 16 d'Acht Taisc-Iomar na Life, 1936. Alt 10 den Acht Siltin Airtéirigh, 1945. Alt 11 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1945. |
Eisilteach trádála agus eisilteach séarachta a cheadúnú.
4.—(1) (a) Faoi réir fho-alt (2), ní dhéanfaidh duine, tar éis cibé dáta a shocrófar chun críche an fho-ailt seo le hordú ón Aire, aon eisilteach trádála ná aon eisilteach séarachta a scardadh amach in aon uiscí ná ní chuirfidh sé faoi deara ná ní cheadóidh sé é sin a dhéanamh ach amháin faoi réim agus de réir ceadúnas faoin alt seo.
(b) Féadfar ceadúnas faoin alt seo a dheonú—
(i) i gcás scardadh amach in uiscí i limistéar feidhmiúcháin údaráis áitiúil, ag an údarás áitiúil sin, agus
(ii) in aon chás eile, ag údarás áitiúil ar ina limistéar feidhmiúcháin atá aon áitreabh, oibreacha, gaireas, gléasra nó píopa siltin as a scairdtear an t-eisilteach.
(2) Ní bhaineann fo-alt (1) le scardadh—
(a) amach in uiscí taoide as soithí nó muirdhéanmhais,
(b) as séarach, nó
(c) is ábhar do rialacháin faoi fho-alt (10).
(3) (a) Féadfaidh údarás áitiúil dá rogha féin diúltú ceadúnas faoin alt seo a dheonú nó féadfaidh sé ceadúnas den sórt sin a dheonú faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis agus a shonróidh sé sa cheadúnas.
(b) Le linn d'údarás áitiúil bheith á bhreithniú an ndeonóidh nó nach ndeonóidh sé ceadúnas faoin alt seo beidh aird aige ar na haidhmeanna in aon phlean iomhcuí faoi alt 15.
(4) Ní dheonóidh údarás áitiúil ceadúnas faoin alt seo i ndáil le scardadh eisiltigh nach mbeadh ar comhréir, nó a mbeadh de thoradh air go mbeadh na huiscí a scairdfí an t-eisilteach amach iontu ar neamhréir, le haon chaighdeán iomchuí a bheidh forordaithe faoi alt 26.
(5) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (3), féadfaidh coinníollacha a bheidh ag gabháil le ceadúnas faoin alt seo—
(a) baint—
(i) le nádúr, comhdhéanamh, teocht, toilleadh, ráta, modh cóireála agus láthair scardaidh, leis na tréimhsí a fhéadfar nó nach bhféadfar scardadh a dhéanamh, le héifeacht scardaidh ar uiscí glactha agus le dearadh agus déanamh asraonta scardaidh;
(ii) le méadair, tomhasairí, gaireas eile, dúnphoill agus liosanna iniúchóireachta a sholáthar agus a chothabháil;
(iii) le samplaí a thógáil agus a anailísiú, taifid a choimeád agus faisnéis a thabhairt don údarás áitiúil;
(iv) le scardadh a chosc i gcás gléasra loiceadh;
(b) a cheangal an costas a thabhaigh an t-údarás áitiúil i ndáil le faireachán scardaidh a íoc nó ranníoc a dhéanamh ina leith,
(c) dáta a shonrú arb é an dáta is déanaí é chun aon choinníollacha a chomhlíonadh, agus
(d) a cheangal go n-íocfar leis an údarás áitiúil a dheonaigh an ceadúnas táille nó táillí a bheidh forordaithe, nó a ríomhfar de réir an mhodha a bheidh forordaithe, faoi alt 6 (2) (e).
(6) Beidh aon choinníollacha a ghabhann le ceadúnas faoin alt seo ina gceangal ar aon duine a dhéanfaidh, nó a chuirfidh faoi deara nó a cheadóidh, eisilteach lena mbaineann an ceadúnas a scardadh.
(7) I gcás, tar éis trí bliana ón dáta a deonaíodh ceadúnas faoin alt seo, nach mbeidh aon scardadh den chineál a údaraítear leis an gceadúnas déanta, nó i gcás gan aon scardadh den sórt sin a dhéanamh in imeacht tréimhse trí bliana, scoirfidh an ceadúnas d'éifeacht a bheith leis.
(8) Duine a sháróidh fo-alt (1) beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—
(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £250 (agus ina theannta sin, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil nach mó ná £100 in aghaidh gach lae a leanfar den sárú) nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó, de rogha na cúirte, an fhíneáil nó na fíneálacha sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó
(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £5,000 (agus ina theannta sin, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil nach mó ná £500 in aghaidh gach lae a leanfar den sárú) nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain nó, de rogha na cúirte, an fhíneáil nó na fíneálacha sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.
(9) Féadfaidh údarás áitiúil, bord coimeádaithe, an tAire Iascaigh nó aon duine eile ionchúiseamh i gcion faoin alt seo a thionscnamh.
(10) Féadfaidh an tAire le rialacháin, tar éis dó comhairle a ghlacadh leis an Aire Iascaigh agus leis an gComhairle um Thruailliú Uisce, cibé eisilteach nó cineálacha eisiltigh a shonróidh sé sna rialacháin, lena n-áirítear eisilteach nó cineálacha eisiltigh a scairdtear amach in uiscí sonraithe nó i gcineálacha sonraithe uiscí nó amach in uiscí i limistéir shonraithe nó amach in uiscí a shonrófar faoi threoir a n-úsáide, a dhíolmhú ó fho-alt (1).
(11) Is cosaint mhaith é ar ionchúiseamh i gcion faoi aon achtachán seachas an tAcht seo an gníomh arb é an cion líomhnaithe é a bheith údaraithe le ceadúnas faoin alt seo.
(12) Ní bheidh duine i dteideal, go heisiatach de bhíthin ceadúnas faoin alt seo, go ndéanfaidh sé, ná go gcuirfidh sé faoi deara nó go gceadóidh sé, eisilteach trádála ná eisilteach séarachta a scardadh amach in uiscí.
Forálacha de dhroim alt 4.
5.—(1) Measfar nach mbeidh alt 4 (1) sáraithe ag duine i ndáil le scardadh láithreach eisiltigh thrádála nó eisiltigh shéarachta a bheidh déanta sula ndearnadh nó sular diúltaíodh ceadúnas a dheonú dó faoi alt 4 más rud é, roimh an dáta iomchuí, go mbeidh ceadúnas den sórt sin iarrtha aige agus ceanglais aon rialacháin faoi alt 6 maidir le faisnéis a thabhairt d'údarás áitiúil comhlíonta aige.
(2) In ionchúiseamh i gcion faoi alt 4, toimhdeofar, nó go suífidh an duine cúisithe a mhalairt, nach scardadh láithreach eisiltigh thrádála nó eisiltigh shéarachta arna dhéanamh sna dálaí a shonraítear i bhfo-alt (1) an scardadh áirithe.
(3) I gcás a mbaineann rialacháin faoi alt 26 le scardadh láithreach eisiltigh thrádála nó eisiltigh shéarachta atá á dhéanamh sna dálaí a shonraítear i bhfo-alt (1) nó le huiscí a bhfuil an scardadh sin á dhéanamh amach iontu amhlaidh, déanfaidh nó diúltóidh an t-údarás áitiúil áirithe (de réir mar is gá sa chás) ceadúnas faoi alt 4 a dheonú a luaithe is féidir tar éis na rialacháin a dhéanamh, i ndáil leis an scardadh.
(4) San alt seo—
ciallaíonn “scardadh láithreach” scardadh arb ionann dó maidir lena nádúr, lena chomhdhéanamh, lena theocht, lena thoilleadh agus le ráta a dhéanta agus do scardadh a rinneadh i rith aon tréimhse comhréire sa tréimhse dhá mhí dhéag dar críoch an dáta iomchuí;
ciallaíonn “an dáta iomchuí” an dáta a bheidh socraithe le hordú faoi alt 4 (1).
Rialacháin chun críche ailt 4 agus 8.
6.—(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críche ailt 4 agus 8.
(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfaidh rialacháin faoin alt seo foráil a dhéanamh do gach ní nó d'aon ní díobh seo a leanas:
(a) foirm ceadúnais;
(b) é a bheith de cheangal ar iarratasóirí faisnéis shonraithe a thabhairt nó fógraí a fhoilsiú;
(c) é a bheith de cheangal fianaise a thabhairt ar aird a fhíoróidh aon fhaisnéis a thug iarratasóir;
(d) é a bheith de cheangal ar údaráis áitiúla aon fhaisnéis shonraithe a thabhairt don Aire agus d'aon daoine sonraithe eile i ndáil le haon iarratais agus leis an modh ar déiléaladh leo, nó aon fhógraí sonraithe a fhoilsiú i ndáil le hiarratais ar cheadúnais agus i ndáil le ceadúnais a dheonú nó lena dhiúltú iad a dheonú;
(e) táillí, nó modh ríofa táillí, a fhorordú chun eisilteach nó cineálacha áirithe eisiltigh a scardadh;
(f) é a bheith de cheangal ar iarratasóir costas aon imscrúdaithe a rinne údarás áitiúil i ndáil le hiarratas a íoc nó ranníoc ina leith.
(3) (a) Duine a dhéanfaidh, i ndáil le hiarratas ar cheadúnas faoi alt 4 nó le hachomharc faoi alt 8, le linn dó faisnéis a thabhairt faoin alt seo nó aon fhaisnéis den sórt sin a fhíorú, ráiteas i scríbhinn a bheidh bréagach nó is feasach dó a bheith míthreorach i bponc ábhartha, beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur air.
(b) I gcás a gciontófar duine i gcion faoin bhfo-alt seo, beidh aon cheadúnas a eisíodh chuig an duine sin de dhroim an iarratais nó an achomhairc ar i ndáil leis a tugadh an fhaisnéis arna chúlghairm ó dháta an chiontaithe.
(4) Táille a bheidh le híoc faoi alt 4 (5) (d) nó íocaíocht nó ranníocaíocht faoi fho-alt (2) (f) nó faoi alt 4 (5) (b), beidh sé iníoctha ar éileamh agus, mura n-íocfar amhlaidh é, féadfar é a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí i gcúirt dlínse inniúla.
(5) Féadfaidh an tAire nó údarás áitiúil ionchúiseamh i gcion faoin alt seo a thionscnamh.
Ceadúnas faoi alt 4 a athbhreithniú.
7.—(1) Féadfaidh údarás áitiúil ceadúnas faoi alt 4 a athbhreithniú i gceann tréimhsí nach giorra ná trí bliana ó dháta an cheadúnais nó ón tráth deiridh a athbhreithníodh an ceadúnas, nó tráth ar bith le toiliú an duine a bheidh ag déanamh, ag cur faoi deara nó ag ceadú an scardaidh.
(2) A luaithe is féidir tar éis d'údarás áitiúil athbhreithniú faoin alt seo a chríochnú, féadfaidh sé aon choinníoll a bheidh ag gabháil leis an gceadúnas a leasú nó a scriosadh nó coinníollacha nua a chur ag gabháil leis an gceadúnas, agus i gcás ar iomchuí é deonóidh sé ceadúnas athchóirithe faoi alt 4 in ionad an cheadúnais a athbhreithníodh.
(3) D'ainneoin aon fhorála eile den Acht seo nó aon fhorála i gceadúnas faoi alt 4—
(a) féadfaidh an t-údarás áitiúil a dheonaigh aon cheadúnas den sórt sin an ceadúnas sin a athbhreithniú tráth ar bith i gcás cúis réasúnach a bheith ag an údarás a chreidiúint gur mórbhaol do shláinte an phobail an scardadh a údaraítear leis an gceadúnas nó i gcás athrú ábhartha a bheith tagtha ar dhálaí sna huiscí glactha nárbh fhéidir le réasún a shamhlú nuair a deonaíodh an ceadúnas,
(b) i gcás a mbaineann rialacháin faoi alt 26 le heisilteach a údaraítear a scardadh le ceadúnas den sórt sin nó le huiscí ina ndéantar an t-eisilteach sin a scardadh, déanfaidh an t-údarás áitiúil a dheonaigh an ceadúnas é a athbhreithniú a luaithe is féidir tar éis na rialacháin a dhéanamh,
agus bainfidh fo-alt (2) le hathbhreithniú faoin bhfo-alt seo.
(4) (a) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críche an ailt seo.
(b) Gan dochar do ghinearáltacht mhír (a), féadfaidh rialacháin faoin bhfo-alt seo foráil a dhéanamh i ndáil le gach ní nó aon ní díobh seo a leanas:
(i) údarás áitiúil do thabhairt fógra do dhuine a bhfuil scardadh á dhéanamh aige nó a chuireann faoi deara nó a cheadaíonn scardadh a dhéanamh á chur i bhfios dó go mbeartaítear ceadúnas a athbhreithniú,
(ii) é a bheith de cheangal go ndéarfar i bhfógra den sórt sin go bhféadfar uiríolla i ndáil leis an athbhreithniú a dhéanamh laistigh de thréimhse shonraithe, agus
(iii) é a bheith de cheangal ar údaráis áitiúla aon fhógraí sonraithe a fhoilsiú i ndáil le haon choinníoll a ghabhann le ceadúnas a leasú nó a scriosadh nó le haon choinníollacha nua a chur ag gabháil le ceadúnas.
Achomhairc i ndáil le hailt 4 agus 7.
8.—(1) Féadfaidh aon duine achomharc a dhéanamh chun an Aire roimh dheireadh na tréimhse forordaithe i ndáil le ceadúnas faoi alt 4 a dheonú nó diúltú é a dheonú, leis na coinníollacha a ghabhann le ceadúnas den sórt sin nó le leasú nó scriosadh coinníollacha a ghabhann le ceadúnas, nó i ndáil le coinníollacha nua a chur ag gabháil le ceadúnas, ar athbhreithniú a dhéanamh faoi alt 7.
(2) Tar éis don Aire achomharc faoin alt seo a bhreithniú, diúltóidh sé don achomharc nó (de réir mar is cuí leis) tabharfaidh sé orduithe iomchuí don údarás áitiúil áirithe i ndáil le ceadúnas a dheonú nó a chúlghairm nó i ndáil le coinníollacha a chur ag gabháil le ceadúnas nó coinníollacha a leasú nó a scriosadh, agus, i gcás a dtabharfar orduithe den sórt sin, comhlíonfaidh an t-údarás na horduithe sin a luaithe is féidir tar éis iad a fháil.
Cláir de cheadúnais faoi ailt 4 agus 16 agus de astógálacha uisce.
9.—(1) Cuirfidh gach údarás áitiúil faoi deara go mbunófar agus go gcoimeádfar clár de na ceadúnais go léir faoi alt 4 a dheonaigh sé.
(2) Cuirfidh gach údarás áitiúil faoi deara go mbunófar agus go gcoimeádfar clár de astógálacha as uiscí ina limistéar feidhmiúcháin.
(3) Cuirfidh gach údarás sláintíochta faoi deara go mbunófar agus go gcoimeádfar clár de na ceadúnais go léir faoi alt 16 a dheonaigh sé.
(4) Coimeádfar clár faoin alt seo in oifigí an údaráis áitiúil nó an údaráis sláintíochta agus beidh sé ar fáil gach tráth réasúnach lena iniúchadh ag aon duine.
(5) Beidh aon duine i dteideal cóip d'aon taifead i gclár faoin alt seo a fháil ó údarás áitiúil nó ó údarás sláintíochta ar an táille fhorordaithe a íoc.
(6) Gach doiciméad a airbheartaíonn gur cóip é de thaifead i gclár faoin alt seo agus a airbheartaíonn a bheith deimhnithe mar chóip dhílis den taifead ag oifigeach d'údarás áitiúil nó d'údarás sláintíochta, glacfar leis, gan cruthúnas ar shíniú an duine a d'airbheartaigh a dheimhnigh amhlaidh nó gurbh é an t-oifigeach sin é, mar fhianaise in aon imeachtaí dlíthiúla agus measfar, nó go gcruthófar a mhalairt, gur cóip dhílis é den taifead agus gur fianaise é ar théarmaí an taifid.
(7) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críche an ailt seo.
(8) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (7), féadfaidh rialacháin faoin alt seo a fhoráil go mbeidh cineálacha sonraithe astógálacha díolmhaithe ó fho-alt (2).
Forálacha a bhaineann le sáruithe áirithe faoin Acht.
10.—(1) I gcás ar dealraitheach d'údarás áitiúil, don Aire Iascaigh nó do bhord coimeádaithe go bhfuil sárú déanta nó á dhéanamh ar alt 3 (1) nó 4 (1), féadfaidh an t-údarás, an tAire Iascaigh nó an bord ordú a iarraidh ar an gCúirt Dúiche á ordú do cibé duine a bheidh ainmnithe san ordú aon iardaí ón sárú a mhaolú nó a leigheas laistigh de cibé tréimhse agus i cibé slí a bheidh sonraithe san ordú.
(2) Duine nach gcomhlíonfaidh ordú faoi fho-alt (1) beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £250 (agus ina theannta sin, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil nach mó ná £100 in aghaidh gach lae a leanfar den sárú) nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó, de rogha na cúirte, an fhíneáil nó na fíneálacha sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.
(3) Ní dhéanfar ordú faoi fho-alt (1) gan caoi a thabhairt don duine atá le hainmniú san ordú éisteacht a fháil sa Chúirt Dúiche, agus féadfaidh cibé téarmaí agus coinníollacha i dtaobh íoc costas is iomchuí leis an gcúirt a bheith san ordú.
(4) I gcás nach gcomhlíonfaidh duine ordú faoi fho-alt (1) laistigh den tréimhse a bheidh sonraithe san ordú, féadfaidh údarás áitiúil aon bheart a dhéanamh is dóigh leis is gá chun iardaí ón sárú a mhaolú nó a leigheas agus costas an bhirt sin a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí i gcúirt dlínse inniúla ón duine a bheidh ainmnithe san ordú.
(5) Féadfaidh údarás áitiúil fógra i scríbhinn a sheirbheáil ar aon duine a dhéanfaidh, a chuirfidh faoi deara nó a cheadóidh scardadh nó dul amach a sháróidh alt 3 (1) nó 4 (1), á cheangal deireadh a chur leis an sárú laistigh de cibé tréimhse a shonrófar san fhógra agus á cheangal aon iardaí ón sárú a mhaolú nó a leigheas laistigh de cibé tréimhse agus i cibé slí a bheidh sonraithe amhlaidh.
(6) I gcás nach gcomhlíonfaidh duine fógra faoi fho-alt (5) laistigh den tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra, féadfaidh an t-údarás áitiúil a sheirbheáil an fógra aon bheart a dhéanamh a mheasann sé is gá chun an dul amach nó an scardadh a chosc nó chun aon iardaí ón sárú a mhaolú nó a leigheas agus féadfaidh sé costas an bhirt sin a ghnóthú ón duine ar ar seirbheáladh an fógra mar fhiach conartha shimplí i gcúirt dlínse inniúla ar a dheimhniú don chúirt go bhfuil an duine sin freagrach sa sárú.
(7) Féadfar iarratas a dhéanamh faoi fho-alt (1) agus fógra a sheirbheáil faoi fho-alt (5) cibé acu a tionscnaíodh nó nár tionscnaíodh ionchúiseamh faoi alt 3 nó faoi alt 4.
(8) Féadfar iarratas faoi fho-alt (1) a dhéanamh chun breitheamh den Chúirt Dúiche ina shuí dó sa Cheantar Cúirte Dúiche ina ndearnadh an sárú.
(9) Féadfaidh údarás áitiúil, bord coimeádaithe nó an tAire Iascaigh ionchúiseamh i gcion faoin alt seo a thionscnamh.
Cumhacht na hArd-Chúirte sárú leanúnach ar alt 3(1) nó 4(1) a thoirmeasc.
11.—(1) I gcás sárú a bheith déanta nó á dhéanamh ar alt 3 (1) nó 4 (1), féadfaidh an Ard-Chúirt, ar iarratas ó údarás áitiúil nó ó aon duine eile, cibé acu atá nó nach bhfuil leas ag an duine sin sna huiscí, a thoirmeasc le hordú go leanfaí den sárú.
(2) Is trí fhoriarratas a dhéanfar iarratas ar ordú faoin alt seo, agus féadfaidh an Ard-Chúirt, nuair a bheidh sí ag breithniú an ábhair, cibé ordú eatramhach nó idirbhreitheach is cuí léi a déanamh.
(3) Féadfaidh cibé téarmaí agus coinníollacha maidir le costais a íoc is cuí leis an Ard-Chúirt a bheith san ordú trína gcinnfear iarratas faoin alt seo.
Cumhacht údaráis áitiúil a chur faoi deara bearta a dhéanamh chun truailliú uisce a chosc.
12.—(1) I gcás ar dealraitheach d'údarás áitiúil gur gá beart a dhéanamh chun truailliú uiscí a chosc nó a shrianadh, féadfaidh sé fógra i scríbhinn a sheirbheáil faoin alt seo ar aon duine a bhfuil ábhar truailliúcháin ina choimeád nó faoina rialú in áitreabh i limistéar feidhmiúcháin an údaráis sin.
(2) Maidir le fógra faoin alt seo—
(a) sonróidh sé na bearta a mheasann an t-údarás áitiúil a sheirbheálfaidh an fógra is gá chun an t-ábhar sin a chosc ar dhul amach in uiscí.
(b) ordóidh sé don duine ar a seirbheálfar an fógra cibé bearta a dhéanamh a bheidh sonraithe san fhógra, agus
(c) sonróidh sé tréimhse ina mbeidh na bearta sin le déanamh.
(3) Féadfaidh duine ar ar seirbheáladh fógra faoin alt seo uiríolla a dhéanamh chun an údaráis áitiúil áirithe maidir le téarmaí an fhógra laistigh de cibé tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra agus féadfaidh an t-údarás, tar éis aon uiríolla den sórt sin a bhreithniú, an fógra a leasú.
(4) I gcás nach gcomhlíonfar fógra faoin alt seo sa tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra, beidh an duine ar ar seirbheáladh é ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £250, agus ina theannta sin, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná £100 in aghaidh gach lae a leanfar den chion, a chur air.
(5) I gcás nach gcomhlíonfaidh duine fógra faoin alt seo laistigh den tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra, féadfaidh an t-údarás áitiúil a sheirbheáil an fógra aon bheart a dhéanamh a mheasfaidh sé is gá chun ábhar truailliúcháin ar i ndáil leis a seirbheáladh an fógra a chosc ar dhul amach in uiscí agus féadfaidh sé costas an bhirt sin a ghnóthú ón duine ar ar seirbheáladh an fógra mar fhiach conartha shimplí i gcúirt dlínse inniúla.
(6) Féadfaidh údarás áitiúil ionchúiseamh i gcion faoin alt seo a thionscnamh.
Cumhacht údaráis áitiúil truailliú a chosc agus a laghdú in imthosca áirithe.
13.—(1) I gcás ar dealraitheach d'údarás áitiúil gur gá beart a dhéanamh láithreach chun truailliú aon uiscí ina limistéar feidhmiúcháin a chosc, nó chun ábhar truailliúcháin a thógáil as uiscí sa limistéar sin, nó, le linn d'ábhar den sórt sin a bheith in uiscí lasmuigh den limistéar sin, chun é a chosc ar aon chuid den limistéar sin a dhochrú, féadfaidh an t-údarás áitiúil cibé beart nó oibríochtaí a dhéanamh nó cibé cúnamh a thabhairt a mheasfaidh sé is gá chun an t-ábhar sin a chosc ar dhul amach sna huiscí, nó féadfaidh sé an t-ábhar a thógáil as na huiscí, é a dhiúscairt mar is cuí leis agus iardaí aon truaillithe de chionn an ábhair sin a mhaolú nó a leigheas.
(2) I gcás a ndéanfaidh údarás áitiúil beart nó oibríochtaí nó a dtabharfaidh sé cúnamh faoin alt seo, féadfaidh sé costas an bhirt, na n-oibríochtaí nó an chúnaimh sin a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí i gcúirt dlínse inniúla ó cibé duine a ndeimhneoidh an t-údarás áitiúil don chúirt gurb é an duine é arbh é a ghníomh nó a neamhghníomh a thug gur ghá an beart, na hoibríochtaí nó an cúnamh sin.
Fógra faoi scardadh de thaisme.
14.—(1) A luaithe is féidir tar éis aon ábhar truailliúcháin scardadh nó doirteadh nó a leagan de thaisme, is ábhar a rachaidh amach, nó ar dóigh dó dul amach, in aon uiscí nó i séarach, tabharfaidh an duine a bheidh freagrach fógra don údarás áitiúil ar ina limistéar feidhmiúcháin a tharla an scardadh, an doirteadh nó an leagan nó, i gcás séaraigh, don údarás sláintíochta a bhfuil an séarach dílsithe dó nó faoina rialú.
(2) Duine a mhainneoidh fo-alt (1) a chomhlíonadh beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £250 a chur air.
(3) Féadfaidh údarás áitiúil nó údarás sláintíochta ionchúiseamh i gcion faoin alt seo a thionscnamh.
Pleananna bainistithe cáilíochta uisce.
15.—(1) Féadfaidh údarás áitiúil plean bainistithe cáilíochta uisce le haghaidh aon uiscí ina limistéar feidhmiúcháin nó atá tadhlach leis an limistéar sin a dhéanamh agus déanfaidh sé plean den sórt sin má ordaíonn an tAire dó é.
(2) Beidh i bplean faoin alt seo cibé cuspóirí chun truailliú na n-uiscí is ábhar don phlean a chosc nó a laghdú agus cibé forálacha eile a mheasfaidh an t-údarás áitiúil is gá.
(3) Féadfar ó am go ham plean faoin alt seo a athchóiriú nó plean eile a chur ina ionad.
(4) Féadfaidh baint a bheith ag plean faoin alt seo leis an bhfarraige a mhéid a cheadóidh an tAire tar éis dó comhairle a ghlacadh leis an Aire Iascaigh.
(5) Ní bheidh aon fhoráil ar neamhréir le rialacháin faoi alt 26 i bplean faoin alt seo.
(6) A luaithe is féidir tar éis plean faoin alt seo a dhéanamh nó a athchóiriú nó plean eile a chur ina ionad, déanfaidh an t-údarás áitiúil áirithe cóip den phlean a rinneadh nó a athchóiríodh nó cóip den phlean a cuireadh ina ionad a thabhairt don Aire, don Aire Iascaigh, d'údaráis áitiúla a bhfuil a limistéir fheidhmiúcháin tadhlach le limistéar an údaráis a rinne nó a d'athchóirigh an plean nó a chuir plean eile ina ionad, d'údaráis sláintíochta agus do bhoird choimeádaithe i limistéar feidhmiúcháin an údaráis sin.
(7) Féadfaidh an tAire—
(a) a cheangal go ndéanfar pleananna faoin alt seo ó dhá údarás áitiúla nó níos mó a chomhoirdniú i ndáil le hábhair agus ar dhóigh a shonróidh sé,
(b) a cheangal ar údarás áitiúil plean faoin alt seo a athchóiriú i ndáil le hábhair agus ar mhodh a shonróidh sé agus sin i gceann cibé tréimhsí a ordóidh sé, nó plean eile a chur in ionad an phlean sin,
(c) a ordú do dhá údarás áitiúla nó níos mó plean faoin alt seo a dhéanamh nó a athchóiriú, nó plean eile a chur ina ionad, i gcomhar,
agus comhlíonfaidh údaráis áitiúla aon cheanglas nó ordú den sórt sin.
(8) Is feidhm fhorchoimeádta plean faoin alt seo a dhéanamh, a athchóiriú nó plean eile a chur ina ionad.
(9) Cinnfidh an tAire aon díospóid idir dhá údarás áitiúla nó níos mó i dtaobh cé acu a dhéanfaidh plean faoin alt seo le haghaidh aon uiscí.
(10) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críche an ailt seo agus, gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil anseo roimhe seo, féadfaidh foráil a bheith sna rialacháin sin do gach ní nó d'aon ní díobh seo a leanas:
(a) fógra a fhoilsiú i nuachtáin a léitear i limistéar feidhmiúcháin údaráis áitiúil go bhfuil beartaithe plean faoin alt seo a dhéanamh nó a athchóiriú nó plean eile a chur ina ionad,
(b) ráiteas a bheith i bhfógra den sórt sin á chur i bhfios cá háit agus cathain a fhéadfar cóip den phlean beartaithe a iniúchadh agus go bhféadfar uiríolla i ndáil leis an bplean a dhéanamh chuig an údarás áitiúil laistigh de thréimhse shonraithe.
(11) Féadfaidh aon duine, de réir rialacháin faoi fho-alt (10), uiríolla a dhéanamh chuig údarás áitiúil i ndáil le plean a bheartaítear a dhéanamh nó a athchóiriú nó a mbeartaítear plean eile a chur ina ionad faoin alt seo, agus breithneoidh an t-údarás áitiúil gach uiríoll den sórt sin, agus féadfaidh sé ansin, mar is cuí leis, an plean a dhéanamh nó a athchóiriú nó plean eile, leasaithe nó gan leasú, a chur ina ionad.
Scardadh chun séarach a cheadúnú.
16.—(1) Ní dhéanfaidh duine seachas údarás sláintíochta, tar éis cibé dáta a cheapfar chun críche an ailt seo le hordú ón Aire, aon eisilteach trádála nó aon ábhar eile (seachas séaracht tís nó uisce báistí) a scardadh, ná a chur faoi deara ná a cheadú é a scardadh, chun séaraigh, ach amháin faoi réim agus de réir ceadúnas faoin alt seo arna dheonú ag an údarás sláintíochta a bhfuil an séarach dílsithe dó nó faoina rialú.
(2) (a) Féadfaidh údarás sláintíochta, dá rogha féin, diúltú ceadúnas faoin alt seo a dheonú nó féadfaidh sé ceadúnas den sórt sin a dheonú faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis agus a shonróidh sé sa cheadúnas.
(b) Le linn d'údarás sláintíochta bheith á bhreithniú an ndeonóidh nó nach ndeonóidh sé ceadúnas faoin alt seo beidh aird aige ar na cuspóirí in aon phlean iomchuí faoi alt 15.
(3) Ní dheonóidh údarás sláintíochta ceadúnas faoin alt seo maidir le scardadh eisiltigh thrádála nach gcomhlíonfadh aon chaighdeán iomchuí a fhorordaítear faoi alt 26.
(4) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2), féadfaidh coinníollacha a bheidh ag gabháil le ceadúnas faoin alt seo—
(a) baint—
(i) le nádúr, comhdhéanamh, teocht, toilleadh, ráta, modh cóireála agus láthair scardaidh agus leis na tréimhsí a fhéadfar nó nach bhféadfar scardadh a dhéanamh;
(ii) le méadair, tomhasairí, gaireas eile, dúnphoill agus liosanna iniúchóireachta a sholáthar agus a chothabháil;
(iii) le samplaí a thógáil agus a anailísiú, taifid a choimeád agus faisnéis a thabhairt don údarás sláintíochta;
(b) a cheangal costas a thabhaigh an t-údarás sláintíochta i ndáil le faireachán, cóireáil nó diúscairt scardaidh a íoc nó ranníoc a dhéanamh ina leith (trí shuim chaipitiúil nó muirear bliantúil nó iad araon a íoc), agus
(c) dáta a shonrú arb é an dáta is déanaí é chun aon choinníollacha a chomhlíonadh.
(5) Beidh aon choinníollacha a bheidh ag gabháil le ceadúnas faoin alt seo ina gceangal ar aon duine a dhéanfaidh, nó a chuirfidh faoi deara nó a cheadóidh, eisilteach trádála nó ábhar eile lena mbaineann an ceadúnas a scardadh.
(6) I gcás, tar éis trí bliana ón dáta a deonaíodh ceadúnas faoin alt seo, nach mbeidh aon scardadh den chineál a údaraítear leis an gceadúnas déanta, nó i gcás gan aon scardadh den chineál sin a dhéanamh in imeacht tréimhse trí bliana, scoirfidh an ceadúnas d'éifeacht a bheith leis.
(7) Ní cheadóidh duine ná ní chuirfidh sé faoi deara aon ábhar truailliúcháin, lena n-áirítear séaracht, do dhul amach in aon draein nó séarach a cuireadh ar fáil d'aon turas chun uisce báistí a ghlacadh nó a dhiúscairt.
(8) Duine a sháróidh fo-alt (1) nó (7) beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—
(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £250 (agus ina theannta sin, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil nach mó na £100 in aghaidh gach lae a leanfar den sárú) nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó, de rogha na cúirte, an fhíneáil nó na fíneálacha sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó
(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £5,000 (agus ina theannta sin, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil nach mó ná £500 in aghaidh gach lae a leanfar den sárú) nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain nó, de rogha na cúirte, an fhíneáil nó na fíneálacha sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.
(9) Féadfaidh údarás sláintíochta ionchúiseamh i gcion faoin alt seo a thionscnamh.
(10) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, tar éis dó comhairle a ghlacadh leis an Aire Iascaigh, cibé cineálacha scardaidh a shonróidh sé sna rialacháin a dhíolmhú ó fho-alt (1).
(11) Is cosaint mhaith é ar ionchúiseamh i gcion faoi aon achtachán seachas an tAcht seo an gníomh arb é an cion líomhnaithe é a bheith údaraithe le ceadúnas faoin alt seo.
(12) Ní bheidh duine i dteideal, go heisiatach de bhíthin ceadúnas faoin alt seo, scardadh a dhéanamh chun séaraigh ná a chur faoi deara ná a cheadú é a dhéanamh.
(13) Féadfaidh údarás sláintíochta fógra i scríbhinn a sheirbheáil ar aon duine a dhéanfaidh nó a chuirfidh faoi deara nó a cheadóidh scardadh nó dul amach a sháróidh fo-alt (1) nó (7), á cheangal deireadh a chur leis an sárú laistigh de cibé tréimhse a shonrófar san fhógra agus á cheangal aon iardaí ón sárú sin a mhaolú nó a leigheas laistigh de cibé tréimhse agus i cibé slí a bheidh sonraithe amhlaidh.
(14) I gcás nach gcomhlíonfaidh duine fógra faoi fho-alt (13) laistigh den tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra, féadfaidh an t-údarás sláintíochta a sheirbheáil an fógra aon bheart a mheasann sé is gá a dhéanamh chun an scardadh nó an dul amach a chosc nó chun aon iardaí ón sárú a mhaolú nó a leigheas agus féadfaidh sé costas an bhirt sin a ghnóthú ón duine ar ar seirbheáladh an fógra mar fhiach conartha shimplí i gcúirt dlínse inniúla ar a dheimhniú don chúirt go bhfuil an duine sin freagrach sa sárú.
(15) Féadfar fógra a sheirbheáil faoi fho-alt (13) cibé acu a tionscnaíodh nó nár tionscnaíodh ionchúiseamh faoin alt seo.
Ceadúnas faoi alt 16 a athbhreithniú.
17.—(1) Féadfaidh údarás sláintíochta ceadúnas faoi alt 16 a athbhreithniú i gceann tréimhsí nach giorra ná trí bliana ó dháta an cheadúnais nó ón tráth deiridh a athbhreithníodh an ceadúnas, nó tráth ar bith le toiliú an duine a bheidh ag déanamh, ag cur faoi deara nó ag ceadú an scardaidh.
(2) A luaithe is féidir tar éis d'údarás sláintíochta athbhreithniú faoin alt seo a chríochnú, féadfaidh sé aon choinníoll a bheidh ag gabháil leis an gceadúnas a leasú nó a scriosadh nó coinníollacha nua a chur ag gabháil leis an gceadúnas, agus i gcás ar iomchuí é deonóidh sé ceadúnas athchóirithe faoi alt 16 in ionad an cheadúnais a athbhreithníodh.
(3) D'ainneoin aon fhorála eile den Acht seo nó aon fhorála i gceadúnas faoi alt 16—
(a) féadfaidh an t-údarás sláintíochta a dheonaigh aon cheadúnas den sórt sin an ceadúnas sin a athbhreithniú tráth ar bith i gcás cúis réasúnach a bheith ag an údarás a chreidiúint gur mórbhaol do shláinte an phobail an scardadh a údaraítear leis an gceadúnas nó i gcás athrú ábhartha (nach bhféadfaí, le réasún, a shamhlú nuair a deonaíodh an ceadúnas) ar dhálaí sna huiscí chun a scairdeann an tséaracht,
(b) i gcás a mbaineann rialacháin faoi alt 26 le heisilteach trádála a údaraítear a scardadh le ceadúnas den sórt sin, déanfaidh an t-údarás sláintíochta a dheonaigh an ceadúnas é a athbhreithniú a luaithe is féidir tar éis na rialacháin a dhéanamh,
(c) i gcás a mbaineann rialacháin faoi alt 26 le heisilteach séarachta ó shéarach nó le huiscí chun a ndéantar eisilteach séarachta ó shéarach a scardadh, déanfaidh an t-údarás sláintíochta a dheonaigh aon cheadúnas den sórt sin a údaraíonn eisilteach trádála a scardadh chun an tséaraigh an ceadúnas sin a athbhreithniú a luaithe is féidir tar éis na rialacháin a dhéanamh,
agus bainfidh fo-alt (2) le hathbhreithniú faoin bhfo-alt seo.
(4) (a) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críche an ailt seo.
(b) Gan dochar do ghinearáltacht mhír (a), féadfaidh rialacháin faoin bhfo-alt seo foráil a dhéanamh i ndáil le gach ní nó aon ní díobh seo a leanas:
(i) údarás sláintíochta do thabhairt fógra do dhuine a bhfuil scardadh á dhéanamh aige nó a chuireann faoi deara nó a cheadaíonn scardadh a dhéanamh á chur i bhfios dó go mbeartaítear ceadúnas a athbhreithniú, agus
(ii) é a bheith de cheangal go ndéarfar i bhfógra den sórt sin go bhféadfar uiríolla i ndáil leis an athbhreithniú a dhéanamh laistigh de thréimhse shonraithe.
Forálacha de dhroim alt 16.
18.—(1) Measfar nach mbeidh alt 16 (1) sáraithe ag duine i ndáil le scardadh láithreach eisiltigh thrádála nó ábhair eile a bheidh déanta sula ndearnadh nó sular diúltaíodh ceadúnas a dheonú dó faoi alt 16 más rud é, roimh an dáta iomchuí, go mbeidh ceadúnas den sórt sin iarrtha aige agus na ceanglais in aon rialacháin faoi alt 19 maidir le faisnéis a thabhairt d'údarás sláintiochta comhlíonta aige.
(2) In ionchúiseamh i gcion faoi alt 16, toimhdeofar, nó go suífidh an duine cúisithe a mhalairt, nach scardadh láithreach eisiltigh thrádála nó ábhair eile arna dhéanamh sna dálaí a shonraítear i bhfo-alt (1) an scardadh áirithe.
(3) I gcás a mbaineann rialacháin faoi alt 26 le scardadh láithreach eisiltigh thrádála atá á dhéanamh sna dálaí a shonraítear i bhfo-alt (1), déanfaidh nó diúltóidh an t-údarás sláintíochta áirithe (de réir mar is gá sa chás) ceadúnas faoi alt 16 a dheonú, a luaithe is féidir tar éis na rialacháin a dhéanamh, i ndáil leis an scardadh.
(4) San alt seo—
ciallaíonn “scardadh láithreach” scardadh arb ionann dó maidir lena nádúr, lena chomhdhéanamh, lena theocht, lena thoilleadh agus le ráta a dhéanta agus do scardadh a rinneadh i rith aon tréimhse comhréire sa tréimhse dhá mhí dhéag dar críoch an dáta iomchuí;
ciallaíonn “an dáta iomchuí” an dáta a bheidh socruithe le hordú faoi alt 16 (1).
Rialacháin chun críche ailt 16 agus 20.
19.—(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críche ailt 16 agus 20.
(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfaidh rialacháin faoin alt seo foráil a dhéanamh do gach ní nó d'aon ní díobh seo a leanas:
(a) foirm ceadúnais;
(b) é a bheith de cheangal ar iarratasóirí faisnéis shonraithe a thabhairt;
(c) é a bheith de cheangal fianaise a thabhairt ar aird a fhíoróidh aon fhaisnéis a thug iarratasóir;
(d) é a bheith de cheangal ar údaráis sláintíochta aon fhaisnéis shonraithe a thabhairt don Aire agus d'aon daoine sonraithe eile i ndáil le haon iarratais agus leis an modh ar déileáladh leo;
(e) é a bheith de cheangal ar iarratasóir costas aon imscrúdaithe a rinne údarás sláintíochta i ndáil le hiarratas a íoc nó ranníoc ina leith.
(3) (a) Duine a dhéanfaidh, i ndáil le hiarratas ar cheadúnas faoi alt 16 nó le hachomharc faoi alt 20, le linn dó faisnéis a thabhairt faoin alt seo nó aon fhaisnéis den sórt sin a fhíorú, ráiteas i scríbhinn a bheidh bréagach nó is feasach dó a bheith míthreorach i bponc ábhartha, beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur air.
(b) I gcás a gciontófar duine i gcion faoin bhfo-alt seo, beidh aon cheadúnas a eisíodh chun an duine sin de dhroim an iarratais nó an achomhairc ar i ndáil leis a tugadh an fhaisnéis arna chúlghairm ó dháta an chiontaithe.
(4) Beidh íocaíocht nó ranníoc faoi fho-alt (2) (e) nó alt 16 (4) (b) iníoctha ar éileamh agus, mura n-íocfar amhlaidh é, féadfar é a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí i gcúirt dlínse inniúla.
(5) Féadfaidh an tAire nó údarás sláintíochta ionchúiseamh i gcion faoin alt seo a thionscnamh.
Achomhairc i ndáil le hailt 16 agus 17.
20.—(1) Féadfaidh duine ar diúltaíodh ceadúnas faoi alt 16 a dheonú dó, nó ar deonaíodh ceadúnas den sórt sin dó faoi réir coinníollacha, achomharc a dhéanamh chun an Aire i ndáil leis an diúltú ceadúnas den sórt sin a dheonú, leis na coinníollacha a ghabhann le ceadúnas den sórt sin nó le coinníollacha a ghabhann le ceadúnas den sórt sin a leasú nó a scriosadh nó le coinníollacha nua a chur ag gabháil le ceadúnas den sórt sin ar athbhreithniú.
(2) Tar éis don Aire achomharc faoin alt seo a bhreithniú, diúltóidh sé don achomharc nó (de réir más cuí leis) tabharfaidh sé orduithe iomchuí don údarás sláintíochta áirithe i ndáil le ceadúnas a dheonú nó coinníollacha a chur ag gabháil le ceadúnas, nó le coinníollacha a leasú nó a scriosadh, agus, i gcás a dtabharfar orduithe den sórt sin comhlíonfaidh an t-údarás na horduithe sin a luaithe is féidir tar éis iad a fháil.
Achomhairc áirithe a aistriú chuig an mBord Pleanála.
21.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, a fhoráil gur chuig an mBord Pleanála a dhéanfar na hachomhairc go léir faoi ailt 8 agus 20 (nó cibé aicmí d'achomhairc den sórt sin a shonróidh sé san ordú) in ionad iad a dhéanamh chun an Aire.
(2) I gcás a ndéanfar ordú faoin alt seo, déanfar tagairtí in ailt 8 agus 20 don Aire i ndáil le hachomhairc is ábhar don ordú a fhorléiriú mar thagairtí don Bhord Pleanála agus is feidhm de chuid an Bhord Pleanála achomhairc den sórt sin a chinneadh.
(3) Féadfaidh ordú faoin alt seo cibé forálacha foghabhálacha, forlíontacha, iarmhartacha agus eatramhacha a bheith ann (lena n-áirítear modhnú aon fhorála den Acht seo agus modhnú nó feidhmiú aon fhorála de na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 agus 1976) a mheasfaidh an tAire is gá chun críche nó de dhroim an ordaithe nó chun lánéifeacht a thabhairt don ordú.
(4) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm.
(5) Gach ordú faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.
Faireachán, etc. ag údaráis áitiúla agus údaráis sláintíochta.
22.—(1) Údarás áitiúil nó údarás sláintíochta—
(a) seolfaidh sé, nó cuirfidh sé faoi deara nó socróidh sé go seolfar, cibé faireachán ar uiscí agus ar scardadh eisilteach trádála agus eisilteach séarachta agus ábhar eile amach in uiscí (i gcás údaráis áitiúil) nó chun séarach (i gcás údaráis sláintíochta) a mheasfaidh sé is gá chun aon fheidhm dá chuid faoin Acht seo a chomhlíonadh nó mar a ordóidh an tAire,
(b) féadfaidh sé cibé faisnéis a bhailiú a mheasfaidh sé is gá chun aon fheidhm dá chuid faoin Acht seo a chomhlíonadh nó mar a ordóidh an tAire nó a chur faoi deara nó a shocrú sin a bhailiú amhlaidh.
(2) Féadfaidh údarás áitiúil nó údarás sláintíochta méadair, tomhasairí, dúnphoill nó liosanna iniúchóireachta nó aon ghaireas eile a sholáthar chun aon cheann de chríocha an ailt seo.
Oibleagáid faisnéis a thabhairt d'údaráis áitiúla agus d'údaráis sláintíochta.
23.—(1) Féadfaidh údarás áitiúil, chun aon chríche a bhaineann lena fheidhmeanna faoin Acht seo, trí fhógra i scríbhinn, a cheangal ar aon duine a thógann uisce as aon uiscí, nó a scairdeann, nó a chuireann faoi deara nó a cheadaíonn go scairdtear, eisilteach nó ábhar eile amach in aon uiscí, cibé sonraí i dtaobh na hastógála sin nó an scardaidh sin a shonrófar san fhógra a chur in iúl i scríbhinn don údarás laistigh de thréimhse shonraithe nach giorra ná 14 lá tar éis an duine sin a chur faoi cheangal amhlaidh.
(2) Féadfaidh údarás sláintíochta, chun aon chriche a bhaineann lena fheidhmeanna faoin Acht seo, trí fhógra i scríbhinn, a cheangal ar aon duine a dhéanann, nó a chuireann faoi deara nó a cheadaíonn go ndéantar, scardadh chun séaraigh, cibé sonraí i dtaobh an scardaidh a shonrófar san fhógra a chur in iúl i scríbhinn don údarás laistigh de thréimhse shonraithe nach giorra ná 14 lá tar éis an duine sin a chur faoi cheangal amhlaidh.
(3) Gach duine a gceanglófar air faoin alt seo aon ábhar nó ní a chur in iúl d'údarás áitiúil nó d'údarás sláintíochta agus a mhainneoidh sin a dhéanamh laistigh den tréimhse a bheidh ceaptha faoin alt seo nó, nuair a bheidh sé á chur sin in iúl, a dhéanfaidh ráiteas i scríbhinn a bheidh bréagach nó is feasach dó a bheith míthreorach i bponc ábhartha, beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fineáil nach mó ná £100 a chur air.
(4) Féadfaidh údarás áitiúil nó údarás sláintíochta ionchúiseamh i gcion faoin alt seo a thionscnamh.
Údaráis áitiúla, údaráis sláintíochta agus boird choimeádaithe do ghlacadh comhairle.
24.—Féadfaidh an tAire, tar éis comhairle a ghlacadh leis an Aire Iascaigh, leis an Aire Tionscail agus Tráchtála, le haon Aire eile ar dealraitheach dó leas a bheith aige agus leis an gComhairle um Thruailliú Uisce, rialacháin a dhéanamh á cheangal ar údaráis áitiúla, ar údaráis sláintíochta agus ar bhoird choimeádaithe comhairle a ghlacadh le cibé daoine agus ar cibé modh i ndáil le feidhmiú cibé cumhachtaí agus dualgais faoin Acht seo a fhorordófar.
Údaráis rialaithe cáilíochta uisce a bhunú.
25.—(1) Féadfaidh an tAire le hordú, tar éis dó comhairle a ghlacadh le hAire na Seirbhíse Poiblí agus leis an gComhairle um Thruailliú Uisce, údarás rialaithe cáilíochta uisce a bhunú maidir le cibé limistéar a bheidh sonraithe san ordú.
(2) Comhlíonfaidh údarás rialaithe cáilíochta uisce cibé feidhmeanna faoin Acht seo de chuid údaráis áitiúil i ndáil le truailliú uisce a bheidh sonraithe san ordú ag bunú an údaráis.
(3) Féadfaidh ordú faoin alt seo cibé forálacha foghabhálacha, forlíontacha agus iarmhartacha a bheith ann a mheasfaidh an tAire is gá chun an t-údarás a bhunú, lena n-áirítear forálacha i ndáil le comhaltas d'údarás rialaithe cáilíochta uisce, feidhmeanna sonraithe faoin Acht seo de chuid údarás áitiúil i ndáil leis an limistéar (nó le cuid den limistéar) a bhfuil údarás den sórt sin bunaithe ina leith a aistriú chuig an údarás sin, agus aon mhodhnú is gá ar aon fhorálacha reachtúla a bhaineann le húdarás áitiúil.
(4) Beidh údarás rialaithe cáilíochta uisce ina chomhlacht corpraithe agus comharbas suthain agus séala aige agus féadfaidh sé agairt agus bheith inagartha faoina ainm corpraithe agus féadfaidh sé talamh a theachtadh agus a dhiúscairt.
(5) (a) Beidh údarás rialaithe cáilíochta uisce ina chomhchomlacht de réir brí agus chun críocha na nAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1972.
(b) Beidh údarás rialaithe cáilíochta uisce ina údarás áitiúil de réir brí agus chun críocha na nAchtanna seo a leanas—
(i) na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1974,
(ii) Achtanna na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 agus 1940,
(iv) an tAcht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1956, agus
(v) Achtanna na nUdarás nAitiúil (Comhar-Arachas), 1926 go 1935.
(6) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) nó (3), féadfaidh ordú faoin alt seo—
(a) a fhoráil go n-aisíocfar (ar cibé modh a shonrófar san ordú) caiteachais uile, nó cuid de chaiteachais, údarás rialaithe cáilíochta uisce agus, i gcás a mainneoidh údarás áitiúil nó duine eile aisíoc den sórt sin a dhéanamh, go mbainfear as airgead is iníoctha ag aon Aire leis an údarás áitiúil nó leis an duine eile sin agus go n-íocfaidh an tAire sin leis an údarás rialaithe cáilíochta uisce as an airgead sin cóimhéid na suime a bheidh le haisíoc, agus
(b) forálacha a bheith ann a bhainfidh le gach ní nó le haon ní díobh seo a leanas—
(i) comhaltaí (lena n-áirítear cathaoirleach) a cheapadh,
(ii) deireadh le comhaltas,
(iii) cruinnithe (lena n-áirítear nós imeachta, imeachtaí agus córam),
(iv) aon ábhair atá coimhdeach nó foghabhálach i ndáil le haon ábhar de na hábhair sin roimhe seo.
(7) I gcás a mbeartófar ordú faoin alt seo a dhéanamh cuirfidh an tAire faoi deara dréacht de a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas, agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach.
Caighdeáin cháilíochta, etc.
26.—(1) Féadfaidh an tAire, tar éis comhairle a ghlacadh leis an Aire Iascaigh, leis an Aire Tionscail agus Tráohtála, le haon Aire eile ar dealraitheach dó leas a bheith aige agus leis an gComhairle um Thruailliú Uisce, caighdeáin cháilíochta a fhorordú chun críocha an Achta seo d'uiscí, d'eisiltigh thrádála agus d'eisiltigh shéarachta maille le caighdeáin i ndáil le modhanna cóireála na n-eisilteach sin.
(2) Féadfaidh baint a bheith ag rialacháin faoin alt seo—
(i) le gach uile uisce, eisilteach trádála nó eisilteach séarachta nó le cinn shonraithe nó cineálacha sonraithe díobh,
(ii) le huiscí, eisiltigh thrádála nó eisiltigh shéarachta i limistéir shonraithe, nó
(iii) le huiscí a shonrófar faoi threoir a n-úsáide.
(3) I gcás a mbainfidh rialacháin faoin alt seo le heisilteach séarachta ó shéarach nó le huiscí a scairdtear eisilteach séarachta amach iontu as séarach, is é dualgas an údaráis sláintíochta a bhfuil an séarach dílsithe dó nó faoina rialú beart a dhéanamh a luaithe is féidir chun a áirithiú go gcomhlíonann an t-eisilteach trádála aon chaighdeán iomchuí a bheidh forordaithe faoin alt seo nó nach mbeidh de thoradh air nach gcomhlíonann na huisci a scairdtear an t-eisilteach amach iontu aon chaighdeán den sórt sin.
Rialacháin chun úsáid soithí áirithe a shrianadh.
27.—(1) Féadfaidh an tAire, tar éis comhairle a ghlacadh leis an Aire Iompair agus Cumhachta, le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn agus leis an gComhairle um Thruailliú Uisce, rialacháin a dhéanamh lena chumasú d'údaráis áitiúla do thoirmeasc soithí go bhfearas sláintíochta a choimeád nó a úsáid i cibé uiscí (seachas uiscí taoide) a shonrófar sna rialacháin, is soithí a ngabhann, nó a bhféadfadh go ngabhfadh, ábhar truailliúcháin uathu amach sna huiscí, nó coimeád nó úsáid soithí den sórt sin sna huiscí sin a shrianadh nó a rialáil.
(2) Féadfaidh údarás sláintíochta saoráidí a sholáthar chun séaracht a ghlacadh agus a dhiúscairt ó shoithí agus féadfaidh sé táillí nó muirir eile a ghearradh as na saoráidí sin a úsáid.
(3) Duine a sháróidh foráil i rialachán faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £250, agus ina theannta sin, i gcás sárú leanúnach, fíneáil bhreise £100 in aghaidh gach lae a leanfar den sárú, a chur air.
(4) Féadfaidh údarás áitiúil ionchúiseamh i gcion faoin alt seo a thionscnamh.
Cumhachtaí dul isteach, iniúchóireachta. etc.
28.—(1) Faoi réir an ailt seo, féadfaidh duine údaraithe dul isteach aon tráth réasúnach in áitribh nó i soithí—
(a) chun feidhm a chomhlíonadh a thugtar faoin Acht seo d'údarás áitiúil, d'údarás sláintíochta, don Aire, don Aire Iascaigh nó do bhord coimeádaithe,
(b) chun a fhionnadh ar cheart feidhm den sórt sin a chomhlíonadh,
(c) chun a fhionnadh an bhfuil sárú á dhéanamh nó déanta ar aon fhoráil de chuid an Achta seo nó de chuid aon rialacháin faoin Acht seo, nó
(d) chun cibé iniúchóireacht a dhéanamh ar uiscí, eisiltigh nó ábhar eile nó samplaí díobh a thógáil, de réir mar is gá chun feidhm den sórt sin faoin Acht seo a chomhlíonadh.
(2) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (1), féadfar an chumhacht dul isteach in áitribh nó i soithí a thugtar leis an bhfo-alt sin a fheidhmiú tráth ar bith i ndáil le feidhm a thugtar le halt 13.
(3) In aon imeachtaí dlíthiúla faoin Acht seo toimhdeofar, go dtí go suífear a mhalairt, maidir le haon sampla d'eisilteach a thógfaidh duine údaraithe i lios iniúchóireachta, dúnpholl nó áit eile a bheidh curtha ar fáil faoi réim agus de réir ceadúnas faoin Acht seo, gur sampla é dá raibh ag dul ón áitreabh, ó na hoibreacha, ón bhfearas, ón ngléasra nó ón bpíopa siltin áirithe amach in uiscí nó go dtí séarach an tráth a tógadh an sampla.
(4) Duine a bhacfaidh duine údaraithe a bheidh ag comhlíonadh a dhualgas faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £250 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile a chur air.
(5) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críche an ailt seo agus, gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil anseo roimhe seo, féadfaidh na rialacháin sin—
(a) socrú a dhéanamh le haghaidh samplaí a thógáil agus tástáil, scrúdú agus anailísiú a dhéanamh ar shamplaí a tógadh faoin alt seo,
(b) na haicmí daoine a fhorordú a bheidh freagrach as samplaí den sórt sin a thógáil agus as tástáil, scrúdú agus anailísiú den sórt sin a dhéanamh,
(c) an deimhniú nó an fhianaise eile a fhorordú a thabharfar ar thoradh aon tástála, scrúdaithe nó anailísithe den sórt sin agus na haicmí daoine a fhorordú a thabharfaidh nó dá dtabharfar an deimhniú nó an fhianaise sin,
(d) a fhoráil go mbeidh aon deimhniú nó fianaise eile a bheidh forordaithe faoi mhír (c) agus a tugadh maidir leis an tástáil, leis an scrúdú nó leis an anailísiú ar shampla ina leorfhianaise, i ndáil leis an sampla sin, ar thoradh na tastála, an scrúdaithe nó an anailísithe go dtí go suífear a mhalairt.
(6) (a) Duine a n-údaraítear dó faoin alt seo dul isteach in áitribh nó i soithí, tabharfaidh sé ar aird fianaise ar a údarás, má éilítear é, roimh dhul isteach amhlaidh agus féadfaidh sé cibé daoine eile agus cibé trealamh is gá a thabhairt leis.
(b) Ní rachfar, ach amháin chun feidhm a thugtar le halt 13 a chomhlíonadh, isteach faoin alt seo in aon áitreabh nó soitheach a úsáidtear go heisiatach chun críocha cónaithe, ná isteach le trealamh trom ar aon talamh eile, mura mbeidh fógra seacht lá i scríbhinn tugtha don áititheoir á rá go bhfuil beartaithe dul isteach.
(c) Aon duine a rachaidh, i bhfeidhmiú a chumhachtaí faoin alt seo, isteach in aon áitreabh nó soitheach nach bhfuil áitithe nó a bhfuil a áititheoir as láthair go sealadach, fágfaidh sé an t-áitreabh nó an soitheach chomh daingean in aghaidh foghlaithe is a fuair sé é.
(7) (a) I gcás a suífear chun sástacht breitheamh den Chúirt Dúiche ar fhaisnéis i scríbhinn a bheith tugtha faoi mhionn—
(i) gur diúltaíodh cead isteach in aon áitreabh nó soitheach a thabhairt do dhuine atá i dteideal dul isteach ann faoin alt seo nó gur dócha go ndiúltófar an cead sin a thabhairt, agus
(ii) go bhfuil cúis réasúnach ann le dul isteach chun na críche ar chuici a iarrtar dul isteach;
féadfaidh an breitheamh, le barántas faoina láimh, a údarú don duine sin dul isteach san áitreabh nó sa soitheach.
(b) Fanfaidh barántas a deonaíodh faoin bhfo-alt seo i bhfeidhm go dtí go mbeidh an chríoch ar chuici a iarrtar dul isteach comhlíonta.
(8) Féadfaidh an tAire Iascaigh, údarás áitiúil, údarás sláintíochta, bord coimeádaithe nó an tAire ionchúiseamh i gcion faoin alt seo a thionscnamh.
(9) San alt seo—
ciallaíonn “duine údaraithe” duine arna cheapadh ag údarás áitiúil, ag údarás sláintíochta, ag an Aire, ag an Aire Iascaigh nó ag bord coimeádaithe chun bheith ina dhuine údaraithe chun críocha an Achta seo.
Taighde, etc. ar thruailliú uisce.
29.—Féadfaidh údarás áitiúil ranníoc i leith cistí duine a bheidh ag gabháil, nó a bheartóidh dul ag gabháil, do thaighde, suirbhéireachtaí nó fiosrúcháin i ndáil le truailliú uisce, ach ní rachaidh aon ranníoc den sórt sin thar aon teorainn, ná ní sháróidh sé aon choinníoll, a fhorordófar ó am go ham.
Rialacháin i gcoitinne.
30.—(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh d'fhorordú aon ní dá dtagraítear san Acht seo mar ní atá forordaithe nó le forordú nó i ndáil le haon ní dá dtagraítear san Acht seo mar ní is ábhar do rialacháin.
(2) Gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.
Cumhacht ag údarás áitiúil ionchúiseamh a thionscnamh.
31.—I gcás a bhféadfaidh údarás áitiúil faoin Acht seo ionchúiseamh i gcion a thionscnamh, féadfaidh an t-údarás an t-ionchúiseamh a thionscnamh amhlaidh cibé acu i limistéar feidhmiúcháin an údaráis (nó i leith uiscí sa limistéar sin) nó nach ea a tharla an cion.
Fógraí a sheirbheáil faoin Acht.
32.—(1) Aon fhógra a cheanglaítear leis an Acht seo nó faoi a thabhairt nó a sheirbheáil díreofar é chun an duine lena mbaineann agus tabharfar nó seirbheálfar é i slí acu seo a leanas—
(a) trína dhíriú chuige faoina ainm agus é a sheachadadh dó,
(b) trína fhágáil ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air,
(c) trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha a bheidh dírithe chuige ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air,
(d) i gcás nach féidir an seolodh ag a bhfuil gnáthchónaí air a fhionnadh ó fhiosrú réasúnach agus go gceanglaítear an fógra a thabhairt i leith aon áitribh nó soithigh, trína sheachadadh do dhuine os cionn 16 bliana d'aois a chónaíonn nó atá ar fostú san áitreabh nó sa soitheach nó trína dhaingniú in áit fheiceálach ar an áitreabh nó ar an soitheach nó ina aice.
(2) I gcás nach féidir ainm an áititheora a fhionnadh ó fhiosrú réasúnach féadfar fógra faoin alt seo a dhíriú go dtí “an t-áititheoir”.
(3) Chun críche an ailt seo, measfar gnáthchónaí a bheith ina hoifig chláraithe ar chuideachta atá cláraithe faoi Acht na gCuideachtaí, 1963, agus measfar gnáthchónaí a bheith ina phríomh-oifig nó ina phríomh-áit ghnó ar gach comhlacht corpraithe eile agus ar gach comhlacht neamhchorpraithe.
Tosach feidhme.
33.—Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire, go ginearálta nó faoi threoir críche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh chun críocha éagsúla agus forálacha éagsúla den Acht seo.
Aisghairm.
1876, c.75.
1893, c.31.
34.—Aisghairtear leis seo iad seo a leanas—
(a) the Rivers Pollution Prevention Act, 1876,
(b) the Rivers Pollution Prevention Act, 1893,
(c) ailt 171 agus 172 den Acht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959.
Caiteachais.
35.—(1) Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
(2) Déanfar na caiteachais a bhainfidh faoin Acht seo do chomhairle chontae Bhaile Átha Cliath a mhuirearú ar an gcontae sin gan buirg Dhún Laoghaire a áireamh.
Gearrtheideal.
36.—Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Truailliú Uisce), 1977, a ghairm den Acht seo.