Uimhir 18 de 1987
AN tACHT SÁBHÁILTEACHTA, SLÁINTE AGUS LEASA (SUITEÁLACHA AMACH ÓN gCÓSTA), 1987
RIAR NA nALT
Réamhráiteach agus Ginearálta
Alt | |
1. | |
2. | |
3. | |
4. | |
5. | |
6. | |
7. | |
8. |
Suiteálacha amach ón gCósta
Sábháilteacht
22. | |
23. | |
24. | |
25. | An bainisteoir suiteála do cheapadh ionadaí sábháilteachta nó coiste sábháilteachta. |
26. |
Tionóiscí etc.
Cionta, Imeachtaí Dlí agus Pionóis
34. | |
35. | |
36. | |
37. | |
38. | |
39. |
Ilghnéitheach
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
Petty Sessions (Ireland) Act, 1851 | 1851, c. 93 |
Na hAchtanna um Shábháilteacht i dTionscal, 1955 agus 1980 | |
An tAcht um Dhlínse Mhuirí, 1959 | |
Uimhir 18 de 1987
AN tACHT SÁBHÁILTEACHTA, SLÁINTE AGUS LEASA (SUITEÁLACHA AMACH ÓN gCÓSTA), 1987
[An tiontú oifigiúil]
CUID I
Réamhráiteach agus Ginearálta
Gearrtheideal, tosach feidhme, forléiriú agus comhlua.
1.—(1) Féadfar an tAcht Sábháilteachta, Sláinte agus Leasa (Suiteálacha amach ón gCósta), 1987, a ghairm den Acht seo.
(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire, go ginearálta nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus forálacha éagsúla den Acht seo.
(3) Déanfar na hAchtanna um Shábháilteacht i dTionscal, 1955 go 1980, agus alt 47 den Acht seo a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna um Shábháilteacht i dTionscal, 1955 go 1987, a ghairm díobh le chéile.
(4) Féadfar na hAchtanna um an Scairbh Ilchríochach, 1968 agus 1987, a ghairm d'Acht 1968 agus d'alt 48 den Acht seo le chéile.
Léiriú.
2.—(1) San Acht seo—
ciallaíonn “Acht 1968” an tAcht um an Scairbh Ilchríochach, 1968;
ciallaíonn “Acht 1980” an tAcht um Shábháilteacht i dTionscal, 1980;
ciallaíonn “úinéir faofa” an duine a bhfuil an ceart aige taiscéaladh nó saothrú a dhéanamh ar na mianraí a bhfuil suiteáil amach ón gcósta á húsáid i ndáil leo nó a raibh nó a mbeidh suiteáil den sórt sin á húsáid i ndáil leo;
tá le “limistéar ainmnithe” an bhrí chéanna atá leis in alt 1 d'Acht 1968;
ciallaíonn “fostaithe” fostaithe faoi chonradh fostaíochta (lena n-áirítear conradh printíseachta nó conradh seirbhíse) nó faoi chonradh i gcomhair seirbhísí agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;
maidir le “saothrú”—
(a) ciallaíonn sé saothrú ó shuiteáil ar bith nó de bhíthin suiteála ar bith, is suiteáil snámha, tuinithe nó eile atá á cothabháil san uisce nó ar chuid den chósta nó ar thalamh eile a chlúdaíonn an fharraige aon tráth gnáth-thaoide nó meántaoide agus nach bhfuil i gceangal le talamh taobh thuas den líne bharr láin le buandéanmhas a thugann rochtain chuig an tsuiteáil gach tráth agus chun gach críoch, agus
(b) folaíonn sé gás a stóráil ar an gcósta nó faoi nó ar ghrinneall na farraige nó faoi agus aisghabháil an gháis a stóráiltear amhlaidh;
ciallaíonn “taiscéaladh” taiscéaladh le hintinn saothrú a dhéanamh;
folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais;
tá le “Lia-Chomhairleoir Tionscail (Suiteálacha amach ón gCósta)” an bhrí a shanntar dó le halt 33 den Acht seo;
ciallaíonn “cigire” duine a bheidh údaraithe nó ceaptha ag an Aire faoi alt 31, 33 nó 40 den Acht seo le bheith ina chigire chun críocha an Achta;
folaíonn “suiteáil” aon déanmhas nó feiste snámha a choimeádtar ar stáisiún ar cibé slí ar bith;
tá le “logleabhar suiteála” an bhrí a shanntar dó le halt 16 den Acht seo;
tá le “bainisteoir suiteála” an bhrí a shanntar dó le halt 11 den Acht seo;
ciallaíonn “mianraí” aon substaint (lena n-áirítear peitriliam) atá in uiscí lena mbaineann an tAcht seo, atá ar ghrinneall farraige na n-uiscí sin nó faoi nó atá ar an gcósta nó faoi nó ar thalamh eile nó faoi is talamh atá tadhlach le haon uiscí den sórt sin agus a chlúdaíonn an fharraige aon tráth gnáth-thaoide nó meántaoide;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Saothair;
ciallaíonn “suiteáil amach ón gcósta” aon suiteáil a chothabháiltear nó a bhí á cothabháil, nó a bheartaítear a bhunú, chun mianraí a thaiscéaladh nó a shaothrú agus folaíonn sé aon suiteáil a sholáthraíonn cóiríocht do dhaoine a oibríonn ar aon suiteáil amach ón gcósta den sórt sin nó uaithi, ar suiteáil í a ghabhann amhlaidh do thaiscéaladh nó do shaothrú mianraí;
ciallaíonn “úinéir”, i ndáil le suiteáil amach ón gcósta, an duine a bheidh de thuras na huaire i mbun bhainisteoireacht na suiteála nó a príomhdhéanmhais;
tá le “peitriliam” an bhrí chéanna atá leis in alt 2 (1) den Acht um Fhorbairt Pheitriliaim agus Mianraí Eile, 1960;
folaíonn “píblíne” aon fhad nó aon chuid eile de phíblíne;
ciallaíonn “oibreacha píblíne” oibreacha d'aon chineál díobh seo a leanas, eadhon:
(a) píblíne a chóimeáil nó a leagan,
(b) píblíne a iniúchadh, a thástáil, a chothabháil, a choigeartú, a dheisiú, a athrú nó a athnuachan,
(c) suíomh píblíne a athrú, píblíne a dhíchóimeáil nó í a thógáil chun siúil,
(d) grinneall na farraige a oscailt chun críocha aon oibreacha atá luaite sna míreanna roimhe seo den mhíniú seo, tollánú nó tolladh chun aon chríche de na críocha sin agus aon oibreacha eile a bheidh riachtanach nó teagmhasach i ndáil le haon cheann de na críocha sin,
(e) oibreacha a dhéanamh chun a chinneadh cibé acu a bheidh nó nach mbeidh áit oiriúnach lena úsáid mar láithreán do phíblíne atá beartaithe, agus oibríochtaí suirbhéireachta a dhéanamh chun an bealach a shocrú do phíblíne atá beartaithe;
ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;
tá le “toscaire sábháilteachta” agus le “leastoscaire sábháilteachta” na bríonna a shanntar dóibh, faoi seach, le halt 24 den Acht seo;
tá le “ionadaí sábháilteachta” agus le “leasionadaí sábháilteachta”, faoi réir alt 25 (4) den Acht seo, na bríonna a shanntar dóibh, faoi seach, le halt 23 den Acht seo;
tá le “coiste sábháilteachta”, faoi réir alt 25 (4) den Acht seo, an bhrí a shanntar dó le halt 24 den Acht seo;
ciallaíonn “farraigí teorann an Stáit” an chuid den fharraige arb í farraigí teorann an Stáit í chun críocha an Achta um Dhlínse Mhuirí, 1959.
(2) Aon tagairtí san Acht seo do shuiteáil amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo folaíonn siad—
(a) tagairtí d'aon chuid de shuiteáil amach ón gcósta is infhoireannaithe ag duine amháin nó níos mó, agus
(b) tagairtí d'aon phíblíne chomhghaolmhar atá in uiscí, nó a bhfuil aon chuid di in uiscí, lena mbaineann an tAcht seo.
(3) Glacfar le tagairtí san Acht seo do bhainisteoir ar shuiteáil amach ón gcósta nó do bhainisteoir suiteála, ach amháin a mhéid a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—
(a) mar thagairtí don duine a bheidh de thuras na huaire i bhfeighil na suiteála agus a bheidh ceaptha de bhun na gceanglas in alt 11 (1) den Acht seo, agus
(b) i gcás go dtarlaíonn de thuras na huaire na himthosca a luaitear i míreanna (a) nó (b) d'alt 12 (1) den Acht seo i ndáil leis an tsuiteáil, mar thagairtí a fholaíonn an duine a bheidh, maidir leis an tsuiteáil, arna cheapadh faoin alt sin 12 (1).
Feidhmiú an Achta.
3.—(1) Baineann an tAcht seo le haon suiteáil amach ón gcósta atá in uiscí lena mbaineann an tAcht seo.
(2) Baineann an tAcht seo leis an huiscí seo a leanas, eadhon, na huiscí sa chuid den fharraige arb é atá inti farraigí teorann an Stáit, na huiscí i ngach limistéar den fharraige a ndéantar, le halt 5 den Acht um Dhlínse Mhuirí, 1959, uiscí inmheánacha nó uiscí intíre an Stáit a shíneadh chucu, agus na huiscí in aon limistéar ar limistéar ainmnithe é de thuras na huaire de réir bhrí alt 1 d'Acht 1968.
(3) (a) Ní bheidh feidhm ag forálacha ailt 23, 24 agus 25 den Acht seo ach amháin maidir le suiteálacha amach ón gcósta ar d'aicme nó de thuairisc fhorordaithe iad nó atá ag oibriú de thuras na huaire in imthosca forordaithe agus gan dochar do ghinearáltacht an méid sin roimhe seo, féadfar chun críocha an fho-ailt seo, aicme nó tuairisc a fhorordú faoi threoir aon cheann nó níos mó díobh seo a leanas, eadhon:
(i) na méideanna oibre a bheidh i gceist nó is dóigh a bheidh i gceist i ndáil le taiscéaladh nó saothrú de thuairisc ar leith,
(ii) an líon daoine a bheidh fostaithe nó a mbeifear ag súil iad a bheith fostaithe ar shuiteálacha amach ón gcósta, sna suiteálacha sin nó ina gcomharsanacht, i gcoitinne nó le linn tréimhse áirithe,
(iii) an tréimhse ar lena linn a bheifear ag súil go mbeidh suiteálacha amach ón gcósta ag gabháil do thaiscéaladh nó do shaothrú.
(b) Féadfaidh rialacháin faoin bhfo-alt seo a fhoráil nach mbeidh feidhm ag forálacha na n-alt sin 23, 24 agus 25 maidir le suiteáil fad is nach mó ná líon forordaithe an líon daoine, seachas an bainisteoir suiteála, a bheidh fostaithe ar an tsuiteáil ar suiteáil amach ón gcósta í lena mbainfeadh rialacháin faoin bhfo-alt seo seachas sin.
Cumhacht an Aire chun díolúintí a dheonú.
4.—Más rud é maidir le suiteáil amach ón gcósta go mbeidh an tAire den tuairim mar gheall ar an méid oibre a bheidh i gceist, an líon daoine a bheidh fostaithe nó a mbeifear ag súil iad a bheith fostaithe ar an tsuiteáil, inti nó ina comharsanacht, giorracht na tréimhse a mbeifear ag súil an tsuiteáil a bheith ag gabháil do thaiscéaladh nó do shaothrú nó mar gheall ar aon chúinse speisialta eile, nach mbeadh sé réasúnta a éileamh go ndéanfaí forálacha an Achta seo nó aon fhoráil ar leith den Acht seo, nó foráil aon rialacháin a dhéanfar faoin Acht seo, a chomhlíonadh, feadfaidh sé le hionstraim i scríbhinn an tsuiteáil a dhíolmhú ó na forálacha nó ón bhforáil sin ar feadh cibé tréimhse, agus faoi réir cibé coinníollacha (más ann) a shonróidh sé i scríbhinn nuair a bheidh sé ag tabhairt na díolúine.
Rialacháin i gcoitinne.
5.—(1) Féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Fuinnimh, rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt don Acht seo ar choinníoll—
(a) a mhéid a bhaineann na rialacháin sin le sláinte daoine, nach ndéanfar iad ach amháin tar éis dul i gcomhairle freisin leis an Aire Sláinte, agus
(b) a mhéid a bhaineann na rialacháin sin le sciorrárthaí, le héileacaptair nó le haerárthaí eile, le soithí, le saoráidí raidió nó le seirbhísí raidió nó le saoráidí tarrthála a sholáthraítear nó a bheidh le soláthar, maidir le suiteálacha amach ón gcósta, nach ndéanfar iad ach le comhthoiliú an Aire Cumarsáide, Aire na Mara agus an Aire Turasóireachta agus Iompair, agus
(c) a mhéid a bhaineann na rialacháin sin le bearta um shábháilteacht ó dhóiteán, gur tar éis dul i gcomhairle freisin leis an Aire Comhshaoil a dhéanfar iad.
(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, maidir le rialacháin faoin Acht seo—
(a) féadfar iad a dhéanamh agus iad ag forordú aon ní dá dtagraítear san Acht seo mar ní forordaithe,
(b) féadfaidh siad forálacha éagsúla a dhéanamh maidir le haicmí éagsúla suiteálacha amach ón gcósta nó maidir le tuairiscí éagsúla ar na suiteálacha sin,
(c) féadfaidh siad forálacha a dhéanamh i ndáil le suiteálacha amach ón gcósta a mbeidh feidhm acu in imthosca forordaithe (mar shampla forálacha a mbeidh feidhm acu i ndáil le suiteálacha amach ón gcósta atá faoi bhealach nó forálacha a bhaineann le suiteálacha amach ón gcósta atá ar stáisiún),
(d) féadfaidh siad díolúintí (faoi réir nó d'éagmais choinníollacha) a dheonú, nó a shocrú iad a dheonú, ó aon fhoráil dá gcuid,
(e) féadfaidh siad forálacha a bheith iontu lena gceanglaítear taifid a choimeád,
(f) féadfaidh siad ceangal a chur cóipeanna den Acht seo nó d'achomaireachtaí forordaithe den Acht seo nó de rialacháin shonraithe faoin Acht seo a chur ar taispeáint agus a chur suas ar mhodh forordaithe,
(g) féadfaidh siad a cheangal ar shlí eile go gcuirfí forálacha forordaithe den Acht seo in iúl ar mhodh forordaithe do dhaoine a bheidh fostaithe ar shuiteálacha amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo,
(h) féadfaidh siad foráil a dhéanamh maidir le haon ábhair choimhdeacha nó fhorlíontacha a measann an tAire gur cuí foráil a dhéanamh maidir leo.
(3) Féadfaidh rialacháin faoin Acht seo a fhoráil go mbeidh daoine d'aicme nó do thuairisc fhorordaithe freagrach maidir lena áirithiú go gcomhlíonfar ceanglais shonraithe de na rialacháin.
(4) (a) Maidir le rialacháin faoin Acht seo a ndearbhaítear gur rialacháin iad lena mbaineann an mhír seo—
(i) féadfaidh siad, maidir le haon fhoráil atá sna rialacháin, cibé cosaint, más ann, a thabhairt a fhorordófar leis na rialacháin,
(ii) féadfaidh siad srian a fhorchur ar an bpionós a fhéadfar a fhorchur faoi alt 39 (7) den Acht seo i ndáil le haon sárú ar na rialacháin,
(iii) féadfaidh siad a fhoráil gur imeachtaí achoimre an t-aon fhoirm imeachtaí a thionscnófar i ndáil le haon sárú líomhnaithe ar na rialacháin.
(b) Féadfaidh rialacháin faoin Acht seo, seachas rialacháin faoi alt 14 (4) den Acht seo, a dhearbhú gur cion é coinníoll a shonraítear sna rialacháin a shárú.
(5) Féadfaidh rialacháin faoin Acht seo a fhoráil nach mbeidh feidhm ag aon fhoráil den Acht seo maidir le haon chuid de shuiteáil amach ón gcósta nó go mbeidh feidhm aici maidir léi faoi réir modhnuithe sonraithe, de réir mar a fhorordófar, agus i gcás go mbeidh rialachán faoin bhfo-alt seo i bhfeidhm dé thuras na huaire, déanfar aon fhoráil den Acht seo, ar foráil í lena mbaineann an rialachán, a fhorléiriú agus beidh éifeacht léi faoi réir agus de réir an rialacháin.
(6) Ní dhéanfaidh aon ní i rialacháin faoin Acht seo duine a chosc ar chosaint a ullmhú a bheadh, ar leith ó na rialacháin, ar fáil dó lena hullmhú in imeachtaí mar gheall ar chion faoin Acht seo.
(7) (a) Déanfaidh an tAire sula ndéanfaidh sé rialacháin faoin Acht seo, seachas faoi na forálacha de seo a shonraítear i mír (b) den fho-alt seo, fógra a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus i cibé slí eile is dóigh leis is fearr a oireann chun daoine lena mbaineann a chur ar an eolas, is fógra faoin togra chun na rialacháin a dhéanamh, agus faoin áit ina bhféadfar cóipeanna de dhréacht de na rialacháin a fháil, agus faoin am (nach lú ná lá is fiche) ar laistigh de a chaithfidh aon uiríoll maidir leis na dréacht-rialacháin a dhéanfaidh daoine lena mbaineann, nó a dhéanfar thar a gceann, a bheith faighte ag an Aire.
(b) Is iad na forálacha den Acht seo dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo ná alt 13 (5) (b) agus míreanna 7, 12 agus 13 den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.
(8) I gcás go mbeartaíonn an tAire rialacháin a dhéanamh faoin Acht seo agus go mbeartaítear a dhearbhú gur rialacháin lena mbaineann mír (a) d'fho-alt (4) den alt seo na rialacháin, leagfar dréacht de na rialacháin faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach díobh sin.
(9) Ní dhéanfar aon ní san Acht seo, ar leith ón alt seo, a fhorléiriú mar ní a dhéanfaidh dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo.
(10) Gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo, seachas rialachán a bheidh ceadaithe ag gach Teach den Oireachtas le rún, leagfar é faoi bhráid gach Tí díobh sin a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach díobh sin laistigh den lá is fiche deireanach a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.
Faisnéis don Aire.
6.—(1) Déanfaidh úinéir suiteála amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo cibé tuairiscí, staitisticí agus faisnéis eile a bhaineann le sábháilteacht, sláinte agus leas daoine a fhostaítear ar an tsuiteáil, inti nó ina comharsanacht, a chur ar fáil don Aire de réir mar a éileoidh sé ó am go ham.
(2) (a) Aon fhaisnéis a chuirtear ar fáil don Aire de bhun an ailt seo ní dhéanfaidh an tAire ná aon oifigeach ná seirbhíseach don Aire, an fhaisnéis sin a fhoilsiú ná a nochtadh ar shlí eile gan toiliú i scríbhinn ón duine a sholáthraigh an fhaisnéis, ach amháin d'Aire den Rialtas, ar leith ón Aire, nó don Chomhairle Oiliúna agus ní dhéanfar nochtadh a údaraítear leis an bhfo-alt seo ach amháin sa chás, agus sa chás sin go heisiach, go mbeidh an tAire deimhin de go bhfuil an nochtadh riachtanach sa chaoi go ndéanfadh an tAire den Rialtas dá mbeartaítear an nochtadh a dhéanamh nó an Chomhairle Oiliúna, de réir mar is iomchuí, a ndualgas a chomhlíonadh go cuí.
(b) I gcás nochtadh a bheidh údaraithe leis an bhfo-alt seo a dhéanamh go cuí, teachtfaidh a fhoilsiú, chun críocha dhlí an chlúmhillte, pribhléid shrianta.
(3) Ní choiscfidh aon ní san alt seo faisnéis a nochtadh—
(a) chun críocha aon imeachtaí mar gheall ar chion faoin Acht seo nó chun críocha aon tuarascáil ar aon imeachtaí den sórt sin, nó
(b) i bhfoirm achoimre ar thuairiscí, ar staitisticí nó ar fhaisnéis eile dá samhail a sholáthrófar don Aire de bhun an ailt seo, ar choinníoll go mbeidh an achoimre leagtha amach sa tslí nach bhféadfar faisnéis a sholáthróidh duine áirithe amhlaidh nó sonraí a bhaineann leis nó a bhaineann le suiteáil áirithe amach ón gcósta, a fhionnadh ón achoimre.
Fógraí, etc., a sheirbheáil.
7.—(1) I gcás go gceanglaítear leis an Acht seo nó le haon rialacháin a dhéanfar faoin Acht seo fógra nó doiciméad eile a sheirbheáil ar dhuine, a thabhairt dó nó a chur chuige, díreofar chuige é agus féadfar é a sheirbheáil air, a thabhairt dó nó a chur chuige ar shlí éigin díobh seo a leanas:
(a) i gcás go mbeidh sé dírithe chuige faoina ainm, trína sheachadadh air,
(b) trína fhágáil ag an seoladh ag a seolann sé gnó nó ag a bhfuil gnáthchónaí air nó, i gcás go mbeidh seoladh le haghaidh seirbheála tugtha, ag an seoladh sin,
(c) trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha a bheidh dírithe chuige ag an seoladh ag a seolann sé gnó nó ag a bhfuil gnáthchónaí air nó, i gcás go mbeidh seoladh le haghaidh seirbheála tugtha, ag an seoladh sin,
(d) i gcás nach féidir an seoladh ag a seolann sé gnó nó ag a bhfuil gnáthchónaí air a fhionnadh ó fhiosrú réasúnach agus go gceanglaítear nó go n-údaraítear amhlaidh an fógra nó an chóip a sheirbheáil nó a thabhairt i leith aon suiteála amach ón gcósta, tríd an bhfógra nó an chóip a sheachadadh ar dhuine éigin os cionn sé bliana déag d'aois a bheidh ina chónaí nó fostaithe sa tsuiteáil nó uirthí nó tríd an gcéanna a dhaingniú in áit fheiceálach ar an tsuiteáil sin.
(2) Féadfaidh rialacháin faoin Acht seo a cheangal ar úinéirí suiteálacha amach ón gcósta ar d'aicme nó de thuairisc iad a shonraítear sna rialacháin seoladh sa Stát a thabhairt don Aire chun aon fhógra nó doiciméad dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a sheirbheáil.
(3) Chun críocha an ailt seo, measfar gnáthchónaí a bheith ina hoifig chláraithe ar chuideachta is cuideachta de réir bhrí Acht na gCuideachtaí, 1963, agus measfar gnáthchónaí a bheith ina phríomhoifig nó in aon áit eile ag a seolann sé gnó, ar gach comhlacht corpraithe eile agus ar gach comhlacht neamhchorpraithe.
Caiteachais.
8.—Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
CUID II
Suiteálacha amach ón gCósta
Fógra maidir le bunú nó aistriú suiteála amach ón gcósta, etc.
9.—(1) (a) I gcás go mbeartaítear suiteáil amach ón gcósta a bhunú in uiscí lena mbaineann an tAcht seo chun mianraí a thaiscéaladh nó a shaothrú, tabharfaidh an t-úinéir faofa iomchuí fógra lá is fiche ar a laghad i scríbhinn don Aire faoina bhfuil beartaithe.
(b) I gcás go mbeartaíonn úinéir suiteála amach ón gcósta—
(i) an tsuiteáil amach ón gcósta sin a bunaíodh amhlaidh chun mianraí a shaothrú ó na huiscí sin, a aistriú nó a chur faoi deara í a aistriú (cibé acu trí dhíchóimeáil nó ar shlí eile),
(ii) oibríochtaí taiscéalta nó saothraithe sna huiscí sin a thosú ó bhun nó a chur faoi deara iad a thosú amhlaidh,
(iii) oibríochtaí saothraithe sna huiscí sin a scor go críochnaitheach nó a chur faoi deara iad a scor amhlaidh,
tabharfaidh sé fógra lá is fiche ar a laghad i scríbhinn don Aire faoina bhfuil beartaithe.
(c) I gcás go mbeartaíonn úinéir suiteála amach ón gcósta—
(i) an tsuiteáil amach ón gcósta sin a bunaíodh amhlaidh chun mianraí a taiscéaladh ó na huiscí sin, a aistriú nó a chur faoi deara í a aistriú (cibé acu trí dhíchóimeáil nó ar shlí eile),
(ii) oibríochtaí taiscéalta sna huiscí sin a scor go críochnaitheach nó a chur faoi deara iad a scor amhlaidh,
tabharfaidh sé fógra trí lá ar a laghad i scríbhinn don Aire faoina bhfuil beartaithe.
(2) Beidh fógra faoin alt seo i cibé foirm agus beidh ann nó ag gabháil leis cibé sonraí a ordóidh an tAire.
Suiteáil agus trealamh amach ón gcósta do chomhlíonadh ceanglas áirithe.
10.—(1) Cinnteoidh bainisteoir suiteála, maidir leis an tsuiteáil amach ón gcósta is cúram dó, nach n-úsáidfear í chun taiscéaladh ná saothrú a dhéanamh in uiscí lena mbaineann an tAcht seo mura mbeidh an tsuiteáil agus a cuid feistiúchán nó trealamh eile oiriúnach chun na críche agus mura mbeidh siad déanta go maith agus neart leordhóthanach iontu agus iad á gcothabháil go cuí agus mura gcomhlíonfaidh siad ceanglais aon rialachán faoin alt seo a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire agus a bhainfidh leo.
(2) (a) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Fuinnimh, a cheangal le rialacháin—
(i) sula n-úsáidfear suiteáil amach ón gcósta in uiscí lena mbaineann an tAcht seo,
(ii) sula gcuirfear aon fheistiúchán forordaithe nó aon chuid eile de shuiteáil amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo in úsáid,
go mbeidh nós imeachta forordaithe deimhníochta ann i ndáil leis an tsuiteáil, leis an bhfeistiúchán nó leis an gcuid eile, de réir mar is iomchuí, ar choinníoll, a mhéid a bhaineann na rialacháin le bearta um shábháilteacht ó dhóiteán, nach ndéanfar iad ach amháin tar éis dul i gcomhairle freisin leis an Aire Comhshaoil.
(b) Féadfaidh duine a thabharfaidh deimhniú chun críocha an fho-ailt seo coinníollacha a shonrú sa deimhniú chun oibriú sábháilte aon fheistiúcháin nó aon chuid eile lena mbaineann an deimhniú a áirithiú.
(3) Chun éifeacht a thabhairt d'fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Fuinnimh, rialacháin a dhéanamh—
(a) á cheangal suiteálacha amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo agus a dtrealamh a chothabháil ar shlí fhorordaithe,
(b) á fhoráil suirbhé, tástáil agus iniúchadh a dhéanamh ar na suiteálacha nó ar an trealamh sin;
ar choinníoll, a mhéid a bhaineann na rialacháin le sábháilteacht ó dhóiteán, nach ndéanfar iad ach amháin tar éis dul i gcomhairle freisin leis an Aire Comhshaoil.
(4) (a) I gcás go ndéanfaidh an tAire ceanglas de bhun rialachán faoi fho-alt (2) den alt seo i ndáil le suiteáil amach ón gcósta, déanfaidh úinéir na suiteála amach ón gcósta lena mbaineann a áirithiú go gcomhlíonfar an ceanglas agus tar éis an deimhniú iomchuí a bheith faighte tabharfaidh an bainisteoir suiteála an deimhniú nó cóip de ar aird do chigire ar iarratas a bheith déanta ag an gcigire chuige sin ag aon tráth réasúnach.
(b) Más rud é, i ndeimhniú a thugtar chun críocha rialachán faoi fho-alt (2) den alt seo, go mbeidh coinníollacha sonraithe maidir le hoibriú sábháilte, ní úsáidfear aon fheistiúchán ná aon chuid eile lena mbaineann na coinníollacha ach amháin de réir na gcoinníollacha sin.
(5) Is é dualgas bainisteora suiteála a áirithiú go ndéanfar gach áit oibre ar an tsuiteáil amach ón gcósta is cúram dó, sa tsuiteáil sin nó ina comharsanacht, a chur agus a choimeád i riocht sábháilte a mhéid is indéanta go réasúnach.
(6) I gcás go mbeidh fostaithe de chuid fostóirí éagsúla fostaithe ar shuiteáil amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo, sa tsuiteáil sin nó ina comharsanacht, comhoibreoidh na fostóirí le chéile chun na fostaithe a chosaint ar chontúirt.
Bainisteoir suiteála.
11.—(1) (a) Gach suiteáil amach ón gcósta ar suiteáil amach ón gcósta í lena mbaineann an tAcht seo beidh sí faoi chúram duine (dá ngairtear “bainisteoir suiteála” san Acht seo) a bheidh ceaptha i scríbhinn ag úinéir na suiteála agus de réir cibé rialacháin (más ann) faoin alt seo a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire.
(b) Folóidh rialacháin faoin alt seo ceanglais maidir le cáilíochtaí, taithí, sláinte nó aois.
(c) Nuair a bheidh ceapachán á dhéanamh de bhun cheanglais an fho-ailt seo déanfaidh an duine a bheidh ag déanamh an cheapacháin duine a cheapadh le bheith ina bhainisteoir suiteála a mbeidh, de réir mar is fearr is eol dó agus mar a chreideann sé, na scileanna agus an inniúlacht aige a oireann don cheapachán.
(d) I gcás go gceapfar bainisteoir suiteála, cuirfidh an duine a dhéanfaidh an ceapachán, a luaithe is féidir tar éis an ceapachán a dhéanamh, an ceapachán in iúl don Aire i scríbhinn.
(2) (a) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Fuinnimh, rialacháin a dhéanamh a bhaineann le dualgais bhainisteora suiteála maidir le sábháilteacht, sláinte agus leas daoine a bheidh fostaithe ar shuiteáil amach ón gcósta, inti nó ina comharsanacht.
(b) Beidh feidhm ag an gcoinníoll a ghabhann le halt 5(1) den Acht seo, fara na modhnuithe is gá, maidir le rialacháin faoin bhfo-alt seo.
(3) Más rud é tráth ar bith gur deimhin le húinéir suiteála amach ón gcósta nach bhfuil na scileanna ná an inniúlacht riachtanach ag bainisteoir suiteála a bheidh ceaptha de bhun fho-alt (1) den alt seo, foirceannfaidh sé an ceapachán a luaithe is indéanta sin agus tabharfaidh sé a luaithe is féidir, san fhoirm a bheidh ceadaithe ag an Aire de thuras na huaire chun críocha an fho-ailt seo, fógra don Aire faoina bhfuil déanta aige.
(4) Beidh sé mar dhualgas ar úinéir suiteála amach ón gcósta, d'fhonn a áirithiú go mbeidh bainisteoir suiteála a cheapfar faoi fho-alt (1) den alt seo ar an tsuiteáil nuair a bheidh sí foireannaithe, duine a bheidh ceaptha amhlaidh a chur ar an tsuiteail ó am go ham agus a áirithiú go bhfanfaidh sé ansin go dtí go ndéanfar uainíocht air, nó fad a bheidh sí foireannaithe.
(5) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo forálacha éagsúla a dhéanamh maidir le bainisteoirí suiteála cineálacha éagsúla suiteálacha amach ón gcósta nó maidir le bainisteoirí suiteála nach ionann a gcuid freagrachtaí ar shlite eile.
An bainisteoir suiteála do dhéanamh maoirseachta.
12.—(1) Ní úsáidfear suiteáil amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo chun taiscéaladh nó saothrú a dhéanamh mura bhfeidhmeoidh an bainisteoir suiteála maoirseacht phearsanta laethúil nó mura rud é, le linn aon tréimhse—
(a) ina mbeidh an bainisteoir sin as láthair ón tsuiteáil ar saoire nó ina gcoiscfear air a dhualgais a chur i gcrích faoin Acht seo de dheasca breoiteachta nó cúis eile nach bhfuil aon neart aige uirthi, nó
(b) ina mbeidh, maidir leis an tsuiteáil, oifig an bhainisteora suiteála folamh,
go ndéanfaidh duine a bheidh ceaptha ag úinéir na suiteála (agus a mbeidh cibé cáilíochtaí (más ann) aige a bheidh forordaithe) chun an mhaoirseacht sin a fheidhmiú le linn aon tréimhse den sórt sin, an mhaoirseacht sin a fheidhmiú.
(2) (a) Ní fhorléireofar fo-alt (1) den alt seo mar fho-alt lena n-údaraítear úsáid a bhaint as suiteáil amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo chun taiscéaladh nó saothrú a dhéanamh faoi mhaoirseacht duine seachas an bainisteoir suiteála ar feadh aon tréimhse is faide ná seacht lá (nó cibé tréimhse is faide ná sin a cheadóidh cigire).
(b) I gcás go ndéanann cigire, i bhfeidhmiú na cumhachta a thugtar dó le mír (a) den fho-alt seo, tréimhse seacht lá a fhadú, féadfaidh sé, tráth ar bith ar feadh na tréimhse a bheidh an fadú i bhfeidhm, coinníollacha a fhorchur maidir le húsáid na suiteála amach ón gcósta lena mbaineann.
(c) I gcás go bhforchuirtear coinníoll faoin bhfo-alt seo, is é dualgas an úinéara suiteála amach ón gcósta lena mbaineann a áirithiú go gcomhlíonfar an coinníoll.
(d) I gcás gur deimhin le cigire nár comhlíonadh coinníoll a forchuireadh faoin bhfo-alt seo déanfaidh sé an fadú iomchuí a chealú faoin bhfo-alt seo.
(3) Maidir le duine a cheapfar faoi fho-alt (1) den alt seo, déanfar, i ndáil le haon tréimhse a ngníomhaíonn sé lena linn i bhfeidhmiú a cheapacháin, déileáil leis chun críocha an Achta seo agus chun críocha rialachán faoi ar gach slí amhail is dá mba é an bainisteoir suiteála é ar an tsuiteáil amach ón gcósta lena mbaineann, ach ní fhorléireofar aon ní san fho-alt seo mar ní a bhainfidh aon chumhacht ó bhainisteoir suiteála, nó a shaorfaidh é ó aon dualgas nó dliteanas, a thugtar dó nó a fhorchuirtear air leis an Acht seo nó de bhua an Achta seo.
Sábháilteacht agus araíonacht etc. ar shuiteálacha amach ón gcósta.
13.—(1) (a) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis an Acht seo, beidh ar bhainisteoir suiteála ar shuiteáil amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo, i ndáil leis an tsuiteáil, freagracht ghinearálta maidir le nithe a fhearann ar shábháilteacht, ar shláinte nó ar leas agus i gcás baint a bheith ag na nithe sin le sábháilteacht, sláinte nó leas, maidir le hord agus araíonacht a chothabháil, agus chun an fhreagracht sin a urscaoileadh cuirfidh sé a údarás i bhfeidhm ar gach duine ar an tsuiteáil, inti nó ina comharsanacht.
(b) Ní fhorléireofar an fo-alt seo mar fho-alt a thugann faoina réim aon nithe a mbeidh duine eile freagrach astu mar mháistir, mar chaptaen nó mar cheannasaí ar aon soitheach, héileacaptar nó aerárthach eile, sciorrárthach nó teach solais.
(2) Ní cheadóidh bainisteoir suiteála ar shuiteáil amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo an tsuiteáil a úsáid ar aon slí, ná ní cheadóidh sé aon oibríocht a chur i gcrích sa tsuiteáil, uirthi nó uaithi, más dóigh go gcuirfear acmhainn farraige nó cobhsaíocht na suiteála i mbaol trína húsáid ar an tslí sin, nó tríd an oibríocht sin a chur i gcrích nó tríd an oibríocht a chur i gcrích ar an tslí atá beartaithe, agus beidh sé mar dhualgas ar úinéir na suiteála a áirithiú go gcomhlíonfaidh an bainisteoir suiteála forálacha an fho-ailt seo.
(3) Más rud é, ag suiteáil amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo, go mbeidh éigeandáil nó éigeandáil réamhbhraite ann a chuirfidh acmhainn farraige nó cobhsaíocht na suiteála i mbaol nó lena mbainfidh priacal báis nó tromdhíobhála pearsanta, féadfaidh an bainisteoir suiteála cibé bearta is gá nó is fóirsteanach a dhéanamh nó a cheangal iad a dhéanamh in aghaidh na héigeandála nó chun í a sheachaint agus aon rialachán nó coinníoll lena mbeidh éifeacht de bhua a Achta seo nó aon choinníoll a gceanglaítear leis an Acht seo déanamh dá réir, ní fhorléireofar é ná ní mheasfar go dtoirmisceann nó go srianann sé na bearta sin a dhéanamh.
(4) (a) Más rud é go mbeidh cúis réasúnach ag bainisteoir suiteála ar shuiteáil amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo lena chreidiúint—
(i) go bhfuil duine atá faoi bhun ocht mbliana déag d'aois fostaithe ar an tsuiteáil, inti nó ina comharsanacht, féadfaidh sé a chur faoi deara an duine a chur i dtír sa Stát,
(ii) gur gá nó gur fóirsteanach é chun sábháilteacht na suiteála nó na ndaoine ar an tsuiteáil, inti no ina timpeall a áirithiú nó chun ord agus araíonacht a choimeád i measc na ndaoine sin, féadfaidh sé a chur faoi deara aon duine ar an tsuiteáil, inti nó ina timpeall a chur i dtír sa Stát,
agus más rud é go ndearna aon duine ar an tsuiteáil, inti nó ina timpeall aon ghníomh nó go bhfuil sé ar tí aon ghníomh a dhéanamh a chuirfeadh sábháilteacht na suiteála nó na ndaoine ar an tsuiteáil, inti nó ina timpeall nó cothabháil oird agus araíonachta i measc na ndaoine sin i mbaol, nó ar dóigh dó déanamh amhlaidh, nó go mbeidh cúis réasúnach ag an mbainisteoir suiteála drochamhras a bheith air go ndearna an duine sin gníomh den sórt sin nó go bhfuil sé ar tí gníomh den sórt sin a dhéanamh, féad faidh an bainisteoir suiteála cibé bearta réasúnacha eile a dhéanamh nó a chur faoi deara iad a dhéanamh ina aghaidh, trí shrian a chur ar a phearsa nó ar shlí eile, de réir mar is gá nó mar is fóirsteanach leis an mbainisteoir suiteála.
(b) Ní fhorléireofar an fo-alt seo mar fho-alt a thugann faoina réim aon ní a mbeidh duine eile freagrach as mar mháistir, mar chaptaen nó mar cheannasaí ar aon soitheach, héileacaptar nó aerárthach eile, sciorrárthach nó teach solais eile.
(5) Ní choimeádfar duine faoi shrian de bhua fho-alt (4) den alt seo ar feadh tréimhse is faide ná sé huaire an chloig is tríocha mura rud é—
(a) go bhfuiltear ar intinn é a chur i dtír sa Stát de réir an fho-ailt sin an chéad deis a gheofar, agus
(b) laistigh de na sé huaire an chloig is tríocha sin go ndéanfar fógra go bhfuil sé á choimeád faoi shrian agus an chúis atá leis a chur chuig an údarás sa Stát a bheidh forordaithe chun críocha an fho-ailt seo.
Toirmeasc ar dhaoine áirithe a fhostú.
14.—(1) Faoi réir fho-alt (4) den alt seo ní dhéanfar duine faoi bhun ocht mbliana déag d'aois a fhostú ar shuiteáil amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo ná inti.
(2) Ní fhostófar duine chun oibriú ar shuiteáil amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo ná inti ná chun oibriú i gcomharsanacht na suiteála agus i ndáil le taiscéaladh nó saothrú a n-úsáidtear suiteáil den sórt sin maidir leis, mura rud é—
(a) (i) go mbeidh teagasc, oiliúint nó oiliúint agus teagasc leordhóthanach a bhaineann leis an obair, de réir mar is iomchuí, faighte ag an duine agus go mbeidh sé inniúil ar an obair a dhéanamh gan mhaoirseacht, nó
(ii) fad a bheidh an duine i mbun na hoibre, go mbeidh sé faoi theagasc agus faoi mhaoirseacht duine a thuairiscítear i bhfomhír (i) den mhír seo, agus
(b) i gceachtar cás díobh, go gcomhlíonfar ceanglais aon rialachán faoin alt seo a bheidh infheidhme maidir leis an gcás áirithe.
(3) Féadfaidh an tAire le rialacháin chun críocha fho-alt (2) den alt seo ceanglais a shonrú maidir le hoiliúint agus teagasc nach foláir a chomhlíonadh agus féadfar na ceanglais sin a shonrú i ndáil le hobair i gcoitinne nó i ndáil le gníomhaíocht, oibríocht nó próis áirithe nó le hobair de thuairisc shonraithe.
(4) Féadfaidh an tAire le rialacháin aon ghníomhaíocht, oibríocht, próis nó obair de thuairisc a shonraítear sna rialacháin a dhíolmhú ó fho-alt (1) den alt seo, faoi réir cibé coinníollacha (más ann) a bheidh sonraithe sna rialacháin a chomhlíonadh, agus féadfaidh feidhm a bheith ag na rialacháin sin i ndáil le daoine faoi bhun ocht mbliana déag i gcoitinne nó le daoine faoin aois sin ar d'aicme nó de thuairisc shonraithe iad, agus i gcás rialacháin faoin bhfo-alt seo a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire, forléireofar an fo-alt sin (1) agus beidh éifeacht leis faoi réir théarmaí na rialachán.
Dualgais ghinearálta daoine a fhostaítear ar shuiteálacha amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht.
15.—(1) Beidh sé de dhualgas ar aon duine a fhostaítear ar shuiteáil amach ón gcósta, lena mbaineann an tAcht seo, inti nó ina comharsanacht—
(a) cibé bearta a dhéanamh is gá le réasún ar mhaithe lena shábháilteacht agus lena shláinte féin agus ar mhaithe le sábháilteacht agus sláinte daoine eile a fhostaítear ar an tsuiteáil, inti nó ina comharsanacht,
(b) comhoibriú lena fhostóir nó le haon duine eile chun go bhféadfar aon cheanglas den Acht seo nó de rialacháin faoi nó aon dualgas a fhorchuirtear leis an Acht seo nó le rialacháin faoi a chomhlíonadh nó a chur i gcrích.
(2) Duine a fhostaítear ar shuiteáil amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo, sa tsuiteáil sin nó ina comharsanacht, ní bhainfidh sé go toiliúil le haon chóir, fearas, áis, trealamh nó ní eile a bheidh curtha ar fáil de bhun an Achta seo chun sábháilteacht, sláinte nó leas daoine a fhostaítear amhlaidh a áirithiú ná ní mhí-úsáidfidh sé an céanna agus más rud é go mbeidh aon chóir nó airteagal, fearas, trealamh nó ní eile chun sábháilteacht nó sláinte a áirithiú curtha ar fáil lena úsáid ag aon duine den sórt sin faoin Acht seo, úsáidfidh sé an chóir nó an t-airteagal, an fearas, an trealamh nó an ní eile.
(3) Duine a fhostaítear ar shuiteáil amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo, sa tsuiteáil sin nó ina comharsanacht ní dhéanfaidh sé, go toiliúil agus gan cúis réasúnach, aon ní ar dhóigh dó é féin nó daoine eile a chur i mbaol.
Logleabhar suiteála agus taifid.
16.—(1) De réir an ailt seo, déanfaidh an bainisteoir suiteála lena mbaineann, logleabhar chun críocha an Achta seo (is leabhar dá ngairtear “logleabhar suiteála” san Acht seo) a choimeád agus a chothabháil i ndáil le suiteáil amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo agus déanfar cibé sonraí a ordóidh an tAire ó am go ham a thaifeadadh sa logleabhar sin.
(2) I dteannta fho-alt (1) den alt seo a chomhlíonadh, coimeádfaidh agus cothabhálfaidh bainisteoir suiteála i bhfoirm a bheidh ceadaithe ag an Aire taifead d'aon duine a bheidh ar an tsuiteáil amach ón gcósta is cúram don bhainisteoir suiteála, nó a bheidh sa tsuiteáil sin, tráth ar bith fad a bheidh an tsuiteáil in uiscí lena mbaineann an tAcht seo, agus folófar na sonraí seo a leanas sa taifead sin, eadhon:
(a) ainm iomlán an duine,
(b) dáta agus am teachta an duine chuig an tsuiteáil agus dáta agus am imeachta an duine ón tsuiteáil,
(c) an chúis a bhfuil an duine i láthair ar an tsuiteáil, agus
(d) ainm agus seoladh fhostóir an duine (más ann).
Foirm na logleabhar suiteála etc. agus caomhnú agus iniúchadh na n-iontrálacha iontu.
17.—(1) Gach logleabhar suiteála nó doiciméad eile a sholáthrófar de bhun an Achta seo nó de bhun rialachán faoin Acht seo chun aon tuairisc, taifead nó ítim eile faisnéise a chur isteach ann beidh sé i cibé foirm a ordóidh an tAire.
(2) Áiritheoidh an bainisteoir suiteála go ndéanfar gach iontráil in aon logleabhar suiteála nó doiciméad eile a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo nó cóip den taifead sin a chaomhnú ar feadh dhá bhliain nó cibé tréimhse eile a bheidh forordaithe, agus go dtí nach gceanglófar a thuilleadh í a chaomhnú leis an alt seo nó faoi rialacháin arna ndéanamh de bhua an ailt seo, coimeádfar an iontráil ag an tsuiteáil amach ón gcósta lena mbaineann sí nó ag cibé áit eile a bheidh ceadaithe ag cigire agus beidh sí ar oscailt lena hiniúchadh gach tráth réasúnach ag duine ar bith a bheidh fostaithe ar an tsuiteáil nó inti nó ag duine a bheidh údaraithe chuige sin ag an duine sin.
Saoráidí oiriúnacha agus leordhóthanacha etc. le soláthar.
18.—(1) Áiritheoidh úinéir suiteála amach ón gcósta, fad a bheidh an tsuiteáil in uiscí lena mbaineann an tAcht seo, go soláthrófar agus go gcothabhálfar saoráidí, trealamh, éadach agus ábhair oiriúnacha agus leordhóthanacha chun daoine a fhostaítear ar an tsuiteáil, inti, nó ina comharsanacht a chosaint ar chontúirtí a thig i ndáil lena gcuid oibre.
(2) Féadfaidh an tAire a cheangal le rialacháin go ndéanfar saoráidí, trealamh, éadach agus ábhair fhorordaithe a sholáthar de bhun an ailt seo agus féadfaidh na rialacháin sin a cheangal go ndéanfar na saoráidí, an trealamh, an t-éadach nó na hábhair sin a sholáthar i gcoitinne i ndáil le daoine a fhostaítear amhlaidh nó i ndáil le daoine a fhostaítear amhlaidh in oibríocht nó i bpróis fhorordaithe nó in obair de thuairisc fhorordaithe.
Soilse nochta agus caitheamh tobac.
19.—(1) Ní úsáidfidh duine solas nocht ná ní chaithfidh sé tobac ar shuiteáil amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo ná inti seachas de bhun agus de réir rialacha a dhéanfaidh an bainisteoir suiteála lena mbaineann.
(2) (a) Féadfaidh bainisteoir suiteála nó, má cheanglaítear air trí fhógra i scríbhinn arna thabhairt dó chuige sin ag an Aire, ní foláir dó, rialacha a dhéanamh a cheadóidh do dhaoine soilse nochta a úsáid agus tobac a chaitheamh ar an tsuiteáil amach ón gcósta is cúram dó nó inti in áiteanna sa tsuiteáil a bheidh sonraithe sna rialacha agus féadfar a fhoráil leis na rialacha sin nach gceadófar úsáid soilse nochta ná caitheamh tobac ach amháin le linn cibé uaireanta, i cibé imthosca nó faoi réir cibé coinníollacha a bheidh sonraithe sna rialacha.
(b) Más rud é go mbeidh riail faoin alt seo i bhfeidhm de thuras na huaire agus go bhfearann rialachán faoin Acht seo ar ní lena mbaineann an riail, forléireofar an riail agus beidh éifeacht (más aon éifeacht í) léi faoi réir théarmaí an rialacháin.
(3) Áiritheoidh bainisteoir suiteála, ag féachaint do chríocha an ailt seo, go ndéanfar líon leordhóthanach d'fhógraí iomchuí a choiscfidh nó a shrianfaidh caitheamh tobac agus úsáid soilse nochta a chur ar taispeáint ar an tsuiteáil amach ón gcósta is cúram dó chun go mbeidh siad feiceálach agus inléite go héasca.
(4) Ní chiontófar duine faoin alt seo agus faoi alt 15 den Acht seo maidir leis an ngníomh nó leis an neamhghníomh céanna.
Gás a bhrath.
20.—(1) Áiritheoidh úinéir suiteála amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo go ndéanfar córas éifeachtach braite (lena n-áirítear aláram iontaofa sochloiste) a sholáthar le faireachán uathoibríoch a dhéanamh ar aon ghás inlasta nó dochrach a bheadh ar an tsuiteáil nó inti.
(2) Beidh sé de dhualgas ar bhainisteoir suiteála a áirithiú go gcothabhálfar go cuí an córas braite a sholáthrófar de bhun an ailt seo i ndáil leis an tsuiteáil amach ón gcósta is cúram dó.
Substaintí agus ullmhóidí áirithe a stóráil etc.
21.—(1) Déanfar aon ghás nó substaint nó ullmhóid eile atá creimneach, ocsaídeach, tocsaineach, inlasta nó radaighníomhach agus aon phléascach, fad a bheidh an céanna ar shuiteáil amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo nó inti agus nach mbeidh á úsáid, a stóráil—
(a) in áit a bheidh sábháilte agus sna himthosca áirithe chomh fada as láthair agus is féidir le réasún ó aon limistéar contúirteach agus ó aon áit a úsáidtear le haghaidh cóiríochta daoine ar an tsuiteáil, agus
(b) i gcoimeádáin oiriúnacha a bheidh marcáilte go soiléir agus go dóthanach.
(2) Más rud é go mbeidh gás nó pléascach nó aon substaint nó ullmhóid eile a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo ar shuiteáil amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo nó inti, beidh sé de dhualgas ar an mbainisteoir suiteála lena mbaineann a áirithiú go gcomhlíonfar fo-alt (1) den alt seo i ndáil leis an ngás nó leis an bpléascach nó leis an tsubstaint nó leis an ullmhóid, agus i dteannta an méid sin roimhe seo, i gcás an gás nó an pléascach sin, an tsubstaint nó an ullmhóid eile a bheith stóráilte ar shuiteáil amach ón gcósta den sórt sin, áiritheoidh an bainisteoir suiteála lena mbaineann go mbeidh urlámhas air ag duine freagrach a bheidh ceaptha aige chun na críche sin agus go dtaispeánfar go leordhóthanach le fógra cuí-scríofa gur ann dó san áit ina bhfuiltear á stóráil.
(3) San alt seo tá le “pléascach” an bhrí a thugtar dó le halt 9 (1) den Acht um Shubstaintí Contúirteacha, 1972.
CUID III
Sábháilteacht
Rialacháin maidir le sábháilteacht, sláinte agus leas.
22.—(1) Faoi réir chomhlíonadh na gceanglas in alt 5 (1) den Acht seo maidir le dul i gcomhairle leis an Aire Fuinnimh, leis an Aire Sláinte nó leis an Aire Comhshaoil nó faoi réir chomhthoiliú an Aire Cumarsáide, Aire na Mara agus an Aire Turasóireachta agus Iompair a fháil, féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh—
(a) maidir le sábháilteacht, sláinte agus leas daoine a fhostaítear—
(i) ar shuiteálacha amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo nó sna suiteálacha sin, nó
(ii) i gcomharsanacht suiteála den sórt sin agus i ndáil le taiscéaladh nó saothrú a bhfuil nó a mbeidh an tsuiteáil á húsáid maidir leis, agus
(b) maidir le sábháilteacht suiteálacha den sórt sin agus maidir le tionóiscí orthu nó gar dóibh a chosc.
(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, maidir le rialacháin faoin alt seo—
(a) féadfaidh siad foráil a dhéanamh d'aon cheann de na nithe a luaitear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, nó i ndáil leis na nithe sin,
(b) beidh éifeacht leo i ndáil le sciorrárthaí, héileacaptair nó aerárthaí eile, nó soithí, ar shuiteáil amach ón gcósta nó ina comharsanacht agus a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid i ndáil le taiscéaladh nó saothrú,
(c) féadfaidh siad aon ghníomhaíocht, oibríocht, próis nó obair a rialáil, cibé acu ar shuiteáil amach ón gcósta, inti nó ina comharsanacht nó san uisce nó ar dhromchla an chósta nó faoina bhun nó ar ghrinneall na farraige nó faoina bhun,
(d) beidh éifeacht leo i ndáil le haon oibreacha píblíne.
(3) Má áirítear foráil san Acht seo maidir le hábhar ar bith ní oibreoidh an t-áireamh sin chun cosc a chur le rialacháin (a bheidh i gcomhréir leis an bhforáil sin) a dhéanamh faoin alt seo maidir leis an ábhar sin.
(4) (a) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo dualgais a fhorchur ar úinéirí faofa, ar úinéirí suiteála amach ón gcósta, ar bhainisteoirí suiteála agus ar chonraitheoirí.
(b) I dteannta an méid sin roimhe sin, féadfaidh rialacháin faoin alt seo dualgais a fhorchur ar dhaoine ar d'aicme nó de thuairisc fhorordaithe iad agus a fhostaítear ar shuiteáil amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo, sa tsuiteáil nó ina comharsanacht.
(5) Déanfaidh bainisteoir suiteála amach ón gcósta scéala a thabhairt d'úinéir an chéanna a luaithe is indéanta i dtaobh aon teagmhais a tharlóidh ar an tsuiteáil, inti nó ina comharsanacht agus ar teagmhas é a gceanglaítear ar an úinéir sin faoi rialacháin faoin alt seo scéala a thabhairt don Aire ina thaobh.
Ionadaí agus leasionadaí sábháilteachta.
23.—(1) Féadfaidh na daoine (seachas an bainisteoir suiteála) atá ag obair ar shuiteáil amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo, sa tsuiteáil sin nó uaithi, ionadaí agus leasionadaí (dá ngairtear san Acht seo “an t-ionadaí sábháilteachta” agus “an leasionadaí sábháilteachta”, faoi seach) a roghnú agus a cheapadh as measc a lín chun feidhmiú ar a son i gcomhchomhairlí faoin alt seo leis an mbainisteoir suiteála.
(2) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt don alt seo agus, gan dochar do ghinearáltacht an méid sin roimhe seo, féadfaidh rialacháin faoin alt seo foráil a dhéanamh i ndáil le gach ní nó aon ní de na nithe seo a leanas:—
(a) na téarmaí agus na coinníollacha ceapacháin agus feidhmeanna agus dualgais an ionadaí agus an leasionadaí sábháilteachta;
(b) dualgais an bhainisteora suiteála lena mbaineann, lena n-áirítear ceanglas go dtabharfaidh sé (nó go gcuirfidh sé faoi deara go dtabharfar) don ionadaí sábháilteachta (nó don leasionadaí sábháilteachta) lena mbaineann cóip den ráiteas faoi bheartas faoi alt 26 den Acht seo a luaithe is indéanta, agus in aon chás tráth nach déanaí ná deich lá ó dheireadh na tréimhse a shonraítear faoi alt 26 (3) (c) den Acht seo chun an ráiteas sin a ullmhú, agus go rachaidh sé i gcomhchomhairle leis an ionadaí sábháilteachta (nó leis an leasionadaí sábháilteachta) lena mbaineann chun comhoibriú a áirithiú idir an bhainisteoireacht agus na daoine eile a oibríonn ar an tsuiteáil amach on gcósta lena mbaineann, sa tsuiteáil sin nó uaithi chun a áirithiú go gcomhlíonfar forálacha an Achta seo (nó rialachán faoi) a bhaineann le sábháilteacht, sláinte agus leas nó cibé forálacha reachtúla eile a bheidh forordaithe chun críocha an ailt seo agus a bhaineann leis an tsuiteáil sin nó leis na daoine sin (nó leo araon);
(c) foráil go mbeidh an t-ionadaí sábháilteachta (nó an leasionadaí sábháilteachta), ar iarraidh a bheith déanta chuig cigire, i dteideal bheith i gcuideachta cigire ar aon turas (nó cuid de thuras) iniúchta ar an tsuiteáil iomchuí amach ón gcósta a dhéanfaidh an cigire i gcúrsa dualgais (seachas turas iniúchta a dhéantar go sonrach chun tionóisc a imscrúdú) agus i gcás é bheith ar intinn ag ionadaí a bheith i gcuideachta cigire, go gcuirfidh sé in iúl don chigire go bhfuil ar intinn aige sin a dhéanamh.
Coiste sábháilteachta agus toscaire sábháilteachta.
24.—(1) Na daoine a bheidh ag obair ar shuiteáil amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo, sa tsuiteáil sin nó uaithi, féadfaidh siad comhaltaí de choiste (dá ngairtear “coiste sábháilteachta” san Acht seo) a roghnú agus a cheapadh as measc a lín chun cabhrú le húinéir na suiteála nó leis an mbainisteoir suiteála (de réir mar is iomchuí) chun a áirithiú go ndéanfar de réir mar a thuairiscítear i bhfo-alt (3) (b) den alt seo.
(2) I gcás go gceapfar coiste sábháilteachta agus go mbeidh, tráth an cheaptha, ionadaí sábháilteachta (nó leasionadaí sábháilteachta) arna cheapadh faoi alt 23 nó 25 den Acht seo i ndáil leis an tsuiteáil amach ón gcósta lena mbaineann, déanfaidh ceapachán an choiste sábháilteachta ceapachán an ionadaí sin a chúlghairm.
(3) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt don alt seo agus gan dochar do ghinearáltacht an méid sin roimhe seo féadfaidh rialacháin faoin alt seo foráil a dhéanamh i ndáil le gach ní nó aon ní díobh seo a leanas:—
(a) foráil faoi chomhair théarmaí agus choinníollacha an cheapacháin agus an mhodha chun an líon comhaltaí ar choiste sábháilteachta agus an córam do chruinniú den choiste a chinneadh (faoi réir alt 25 den Acht seo);
(b) foráil chun feidhmeanna agus dualgais an choiste sábháilteachta a shonrú, lena n-áirítear cúnamh a thabhairt chun a áirithiú go ndéanfaidh an bainisteoir suiteála lena mbaineann agus na daoine a bheidh ag obair ar an tsuiteáil iomchuí amach ón gcósta, sa tsuiteáil sin nó uaithi, de réir fhorálacha an Achta seo (nó de réir rialachán faoin gcéanna) a bhaineann le sábháilteacht, sláinte agus leas, nó de réir cibé forálacha reachtúla eile a fhorordaítear chun críocha an ailt seo agus a mbeidh feidhm acu maidir leis an tsuiteáil sin nó leis na daoine sin (nó leo araon);
(c) foráil go ndeanfaidh an coiste sábháilteachta ionadaí agus leasionadaí (dá ngairtear “toscaire sábháilteachta” agus “leastoscaire sábháilteachta” faoi seach, san Acht seo) a roghnú agus a cheapadh as measc a lín agus foráil maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann leis an gceapachán sin agus le feidhmeanna agus dualgais na dtoscairí sin;
(d) foráil go mbeidh an bainisteoir suiteála i dteideal freastal go pearsanta (nó duine amháin ar a laghad a bheidh ainmnithe aige a bheith ina ionadaí dó) ag gach cruinniú den choiste sábháilteachta;
(e) forálacha a shonróidh dualgais an bhainisteora suiteála, lena n-áirítear ceanglas go ndéanfaidh sé (nó ionadaí) freastal ar an gcéad chruinniú den choiste sábháilteachta agus go ndéanfaidh sé (nó go gcuirfidh sé faoi deara go ndéanfar) a luaithe is indéanta agus in aon chás tráth nach déanaí ná deich lá ó dhul in éag don tréimhse a shonraítear faoi alt 26(3)(c) den Acht seo d'ullmhú an ráitis sin, an ráiteas faoi bheartas faoi alt 26 den Acht seo a thabhairt don choiste;
(f) foráil go mbeidh an toscaire sábháilteachta (nó an leastoscaire sábháilteachta), ar iarraidh a bheith déanta ag an gcoiste sábháilteachta, i dteideal a bheith i gcuideachta cigire ar aon turas (nó cuid de thuras) iniúchta ar an tsuiteáil iomchuí amach ón gcósta a dhéanfaidh an cigire i gcúrsa dualgais (seachas turas iniúchta a dhéantar go sonrach chun tionóisc a imscrúdú) agus, i gcás é bheith ar intinn ag ionadaí a bheith i gcuideachta cigire, go gcuirfidh sé in iúl don chigire go bhfuil ar intinn aige sin a dhéanamh;
(g) foráil go bhféadfaidh an toscaire sábháilteachta uiríll a dhéanamh chuig cigire maidir le hábhair a bhaineann le sábháilteacht, sláinte agus leas na ndaoine a oibríonn ar shuiteáil amach ón gcósta, sa tsuiteáil sin nó uaithi (ar uiríll iad a dhéanfar ar iarraidh ón gcoiste sábháilteachta) agus, d'fhonn na huiríll a bhreithniú, go bhféadfaidh cigire aon taifid ar imeachtaí an choiste sábháilteachta a iniúchadh.
An bainisteoir suiteála do cheapadh ionadaí sábháilteachta nó coiste sábháilteachta.
25.—(1) Más rud é—
(a) go mbeidh suiteáil amach ón gcósta in uiscí lena mbaineann an tAcht seo ar feadh tréimhse leanúnaí sé mhí, agus
(b) ar dhul in éag don tréimhse sin, nó ar feadh tréimhse sé mhí dar tosach tráth ar bith tar éis an dul in éag sin, nach mbeidh ionadaí sábháilteachta ná coiste sábháilteachta arna cheapadh faoi alt 23 nó 24 den Acht seo i ndáil leis an tsuiteáil,
ansin, faoi réir fho-alt (2) den alt seo, déanfaidh an bainisteoir suiteála iomchuí, a luaithe is indéanta agus tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis don tréimhse iomchuí a bheith imithe in éag, ionadaí sábháilteachta agus leasionadaí sábháilteachta nó coiste sábháilteachta (de réir mar is cuí leis) a cheapadh as measc líon na ndaoine eile a bheidh ag obair ar an tsuiteáil nó inti.
(2) Sula ndéanfar ceapachán faoin alt seo rachaidh bainisteoir suiteála i gcomhairle leis na daoine eile a bheidh ag obair ar an tsuiteáil iomchuí amach ón gcósta nó inti maidir leis an gceapachán a bheidh beartaithe.
(3) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt don alt seo agus, gan dochar do ghinearáltacht an méid sin roimhe seo, féadfaidh rialacháin faoin alt seo foráil a dhéanamh i ndáil le gach ní nó aon ní díobh seo a leanas:-
(a) feidhmeanna agus dualgais bainisteora suiteála, lena n-áirítear líon chomhaltaí an choiste sábháilteachta a chinneadh;
(b) téarmaí agus coinníollacha ceaptha chomhaltaí an choiste sábháilteachta agus (faoi réir alt 24 (2) den Acht seo) an ionadaí sábháilteachta nó an leasionadaí sábháilteachta.
(4) Déanfar tagairtí san Acht seo d'ionadaí sábháilteachta, do leasionadaí sábháilteachta nó do choiste sábháilteachta a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'ionadaí sábháilteachta, do leasionadaí sábháilteachta nó do choiste sábháilteachta faoin alt seo.
Ráitis sábháilteachta.
26.—(1) Déanfaidh úinéir suiteála amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo, a luaithe is indéanta, ráiteas i scríbhinn a ullmhú (nó a chur faoi deara é a ullmhú) ina sonrófar an modh ina ndéanfar sábháilteacht agus sláinte daoine a fhostaítear ar an tsuiteáil, inti nó ina comharsanacht a áirithiú.
(2) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt d'fho-alt (1) den alt seo agus, gan dochar do ghinearáltacht an méid sin roimhe seo, féadfaidh rialacháin faoin alt seo a fhoráil go sonrófar sa ráiteas a éilítear leis an bhfo-alt sin—
(a) na comhshocraíochtaí chun sábháilteacht agus sláinte na ndaoine dá dtagraítear san fho-alt sin a chosaint;
(b) an comhoibriú is gá ó na daoine sin i ndáil le sábháilteacht agus sláinte;
(c) aon saoráidí oiliúna sábháilteachta atá ar fáil;
(d) na bearta atá le déanamh i ndáil le contúirtí a bheidh sonraithe amhlaidh nó i ndáil le baol aon chontúirte den sórt sin ar an tsuiteáil nó ina timpeall;
(e) aon ní atá sonraithe i rialacháin faoin alt seo a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire.
(3) Mas rud é—
(a) go dtabharfar fógra don Aire faoi alt 9 den Acht seo go bhfuiltear chun suiteáil amach ón gcósta a bhunú in uiscí lena mbaineann an tAcht seo nó chun oibríochtaí taiscéalta nó saothraithe a thosú sna huiscí sin, agus
(b) go mbunófar an tsuiteáil amach ón gcósta nó go dtosófar ar na hoibríochtaí, agus
(c) nach mbeidh, laistigh den tréimhse dhá mhí dar tosach dáta an bhunaithe nó an tosaithe sin, ráiteas dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo ullmhaithe i ndáil leis an tsuiteáil amach ón gcósta a bheidh bunaithe amhlaidh nó ar trína húsáid a sheoltar na hoibríochtaí, féadfaidh an tAire fógra a sheirbheáil ar úinéir na suiteála amach ón gcósta á cheangal air ráiteas den sórt sin a ullmhú laistigh de cibé tréimhse (nach lú ná mí amháin) a bheidh sonraithe san fhógra agus más rud é go seirbheálfar an fógra sin déanfaidh an duine ar ar seirbheáladh é ceanglais an fhógra sin a chomhlíonadh.
(4) Féadfaidh an tAire le rialacháin a cheangal nach foláir faisnéis a bhaineann le nithe a shonraítear sna rialacháin a áireamh i ráitis faoi fho-alt (1) den alt seo.
(5) Más rud é, i ndáil le suiteáil amach ón gcósta, nach mbeidh de thuras na huaire aon ionadaí sábháilteachta ná aon choiste sábháilteachta ann, tabharfaidh an bainisteoir suiteála (nó cuirfidh sé faoi deara go dtabharfar), má iarrann aon duine a bheidh fostaithe ar an tsuiteáil nó inti air déanamh amhlaidh, cóip den ráiteas iomchuí faoi fho-alt (1) den alt seo don duine sin, tráth nach déanaí ná deich lá ó dhul in éag don tréimhse a shonraítear faoi fho-alt (3) (c) den alt seo chun an ráiteas sin a ullmhú nó tráth nach déanaí ná deich lá ó dháta na hiarrata sin, cibé acu is déanaí.
(6) (a) I gcás go n-ullmhófar ráiteas den sórt sin ach nach deimhin leis an Aire gur leor é chun críocha an ailt seo, féadfaidh an tAire a ordú go ndéanfar an ráiteas a athbhreithniú ar mhodh a bheidh sonraithe san ordú agus i gcás go dtabharfaidh an tAire ordú den sórt sin déanfaidh sé a luaithe is indéanta cóip den ordú a sheirbheáil ar úinéir na suiteála amach ón gcósta lena mbaineann an t-ordú agus déanfaidh an t-úinéir an t-ordú a chomhlíonadh laistigh de cibé tréimhse (nach lú ná mí amháin) a bheidh sonraithe san ordú.
(b) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, ordú faoin bhfo-alt seo a chealú.
(7) Féadfaidh an tAire a cheangal le rialacháin, i gcás go ndéanfar ráiteas a ullmhú nó a athbhreithniú faoin alt seo, go n-áiritheoidh an bainisteoir suiteála iomchuí go ndéanfar cóip den ráiteas arna ullmhú nó arna athbhreithniú amhlaidh a iontráil i logleabhar suiteála na suiteála amach ón gcósta lena mbaineann, agus go ndéanfar cóip den ráiteas arna ullmhú nó arna athbhreithniú amhlaidh a thabhairt do chigire a iarrann é ar an mbainisteoir sin.
(8) I gcás go n-athbhreithneofar ráiteas faoin alt seo tabharfaidh an bainisteoir suiteála iomchuí (nó cuirfidh sé faoi deara go dtabharfar) cóip den ráiteas arna athbhreithniú amhlaidh—
(a) i gcás go mbeidh ionadaí sábháilteachta ann don tsuiteáil lena mbaineann, don duine sin nó dá leasionadaí, nó
(b) i gcás go mbeidh coiste sábháilteachta le haghaidh na suiteála sin ann, don choiste sin, nó
(c) i gcás nach mbeidh ionadaí sábháilteachta ná coiste sábháilteachta le haghaidh na suiteála sin ann, d'aon duine a bheidh fostaithe ar an tsuiteáil sin nó inti, má iarrann an duine sin air déanamh amhlaidh;
ar choinníoll i gcás mhíreanna (a) nó (b) den fho-alt seo go dtabharfar (nó go gcuirfear faoi deara go dtabharfar) an chóip den ráiteas athbhreithnithe a luaithe is indéanta, agus in aon chás tráth nach déanaí ná deich lá ó dhul in éag don tréimhse a shonraítear faoi fho-alt (6) (a) den alt seo chun an ráiteas a athbhreithniú, agus i gcás mhír (c) den fho-alt seo, go dtabharfar (nó go gcuirfear faoi deara go dtabharfar) an chóip den ráiteas athbhreithnithe tráth nach déanaí ná deich lá ó dhul in éag don tréimhse a shonraítear amhlaidh, nó tráth nach déanaí ná deich lá ó dháta na hiarrata, cibé acu is déanaí.
CUID IV
Tionóiscí etc.
Fógra faoi thionóiscí áirithe a thabhairt don Aire agus don Aire Fuinnimh.
27.—(1) Má tharlaíonn tionóisc nó cor eile ar shuiteáil amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo, sa tsuiteáil sin nó ina comharsanacht, a dtig cailliúint beatha nó bás dá dheasca nó a bheidh ina chúis le cailliúint beatha nó bás nó ina chúis le díobháil choirp de chineál a fhorordaítear chun críocha an ailt seo, déanfaidh an bainisteoir suiteála lena mbaineann a áirithiú go ndéanfar fógra i scríbhinn faoin tionóisc a thabhairt láithreach don Aire agus don Aire Fuinnimh agus beidh an fógra sin i bhfoirm a bheidh de thuras na huaire arna cheadú ag an Aire chun críocha an fho-ailt seo.
(2) Má thugtar fógra faoin alt seo mar gheall ar aon tionóisc nó cor eile a bheidh ina thrúig mhíthreorach agus go bhfaighidh an duine míchumasaithe bás de dheasca na tionóisce nó an choir tar éis an fógra a bheith tugtha, tabharfaidh an bainisteoir suiteála lena mbaineann fógra i scríbhinn don Aire faoin mbás a luaithe is féidir tar éis dó scéala a fháil faoin mbás.
(3) Nuair a tharlóidh tionóisc nó cor eile is infhógartha faoi fho-alt (1) den alt seo, déanfaidh an bainisteoir suiteála lena mbaineann iontráil de na sonraí seo a leanas sa logleabhar suiteála iomchuí agus síneoidh sé é, eadhon:
(a) dáta agus am na tionóisce nó an choir,
(b) suíomh na suiteála amach ón gcósta iomchuí an tráth ar tharla, nó an t-ionad inar tharla, an tionóisc nó an cor eile a mhéid is féidir le dúthracht réasúnach an suíomh nó an t-ionad sin a fhionnadh tráth déanta na hiontrála,
(c) an áit (ar an tsuiteáil amach ón gcósta iomchuí nó in áit eile, de réir mar a bheidh) inar tharla an tionóisc nó an cor eile,
(d) ainm agus, más eol iad don bhainisteoir sin, seoladh agus slí bheatha, aon duine a cailleadh nó a maraíodh nó a d'fhulaing sa tionóisc nó sa chor eile aon díobháil choirp a fhorordaítear chun críocha an ailt seo, mar aon le hainm agus seoladh a fhostóra agus tuairisc ar aon díobháil choirp a d'fhulaing an duine (lena n-áirítear díobháil ar tháinig bás dá dheasca) a mhéid is féidir díobháil den sórt sin a fhionnadh le dúthracht den sórt sin,
(e) tuairisc ar an tionóisc nó ar an gcor eile (lena n-áirítear sonraí faoi aon oibríocht ar lena linn a tharla an tionóisc agus aon trealamh ar i ndáil lena úsáid a tharla an tionóisc),
(f) tuairisc ar aon damáiste a tharla don tsuiteáil amach ón gcósta lena mbaineann nó d'aon trealamh de chuid aon soithigh a bhí bainteach leis an tionóisc nó leis an gcor eile, a mhéid is féidir an damáiste sin a fhionnadh le dúthracht den sórt sin, mar aon le hainm agus calafort nó áit chláraithe aon soithigh den sórt sin,
(g) ainm agus seoladh gach finné ar an tionóisc nó ar an gcor eile agus ainm agus seoladh a fhostóra (más ann) a mhéid is féidir na sonraí sin a fhionnadh, agus
(h) cibé sonraí eile (más ann) a mhéid is féidir iad a fhionnadh amhlaidh, a bheidh de thuras na huaire arna bhforordú chun críocha an fho-ailt seo.
(4) (a) Nuair a tharlóidh tionóisc nó cor eile is infhógartha faoi fho-alt (1) den alt seo ar shuiteáil amach ón gcósta, ní chorróidh aon duine an áit inar tharla sé ná ní bhainfidh d'aon ní san áit sin—
(i) go dtí go mbeidh an tréimhse caite dar tosach an tráth a tharla an tionóisc nó an cor eile agus dar críoch an dara lá i ndiaidh an lae díreach i ndiaidh an lae sin a gcuirtear fógra i scríbhinn mar gheall ar an tionóisc nó an cor eile chun an Aire de bhun cheanglas fho-alt (1) den alt seo, nó
(ii) go dtí go mbeidh cuairt tugtha ag cigire ar an áit sin agus go mbeidh sí scrúdaithe aige i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó leis an Acht seo.
(b) Ní thoirmiscfidh aon ní san fho-alt seo rud ar bith a dhéanamh ag cigire nó le toiliú cigire.
(5) (a) Nuair a sheolfaidh cróinéir ionchoisne maidir le haon duine a bhféadfadh gurbh é ba thrúig bháis dó tionóisc nó cor eile is infhógartha faoi fho-alt (1) den alt seo, faoi réir mhír (b) den fho-alt seo, beidh feidhm ag na forálacha atá i míreanna (a) go (f) d'alt 77 den Acht Monarchan, 1955, maidir leis an ionchoisne.
(b) Beidh éifeacht le halt 77 den Acht Monarchan, 1955, arna fheidhmiú leis an bhfo-alt seo—
(i) amhail is dá mba thagairtí do chigire de réir bhrí an Achta seo na tagairtí do chigire ann,
(ii) amhail is dá ndéanfaí na tagairtí i mír (c) don mhonarcha inar tharla nó ar timpeall uirthi a tharla an tionóisc nó an galar agus na tagairtí i bhfomhíreanna (iv) agus (v) de mhír (e) agus i mír (f) don mhonarcha a fhorléiriú, i gcás gach tagartha díobh, mar thagairt don tsuiteáil amach ón gcósta ar uirthi nó ar inti nó ina comharsanacht a tharla an tionóisc nó an cor eile,
agus
(iii) amhail is dá mba thagairtí d'úinéir na suiteála sin amach ón gcósta gach tagairt i bhfomhíreanna (iii) agus (vi) de mhír (e) d'áititheoir monarchan.
Bás nó cailliúint beatha.
28.—Más rud é in uiscí lena mbaineann an tAcht seo—
(a) go bhfaighidh duine bás (seachas de dheasca tionóisce nó coir a luaitear in alt 27 den Acht seo) ar shuiteáil amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo, sa tsuiteáil sin nó ina comharsanacht fad a bheidh sé ag gabháil d'aon oibríocht a mbeidh baint aici leis an tsuiteáil amach ón gcósta den sórt sin nó a mbeidh an tsuiteáil amach ón gcósta den sórt sin á húsáid i ndáil léi nó ar shlí eile, nó go gcaillfear ón tsuiteáil sin amach ón gcósta é in imthosca ina mbeidh sé réasúnta a chreidiúint go bhfuil sé marbh,
(b) go bhfaighidh duine bás amhlaidh i mbád tarrthála, i rafta tarrthála nó in árthach marthanais éigeandála eile de chuid suiteála amach ón gcósta den sórt sin nó orthu nó go gcaillfear uathu é in imthosca den sórt sin,
cuirfidh an bainisteoir suiteála lena mbaineann fógra i scríbhinn láithreach faoin gcor chun an Aire agus chun an Aire Fuinnimh.
Galair áirithe ar shuiteáil amach ón gcósta a chur in iúl do Lia-Chomhairleoir Tionscail (Suiteálacha amach ón gCósta).
29.—(1) Más rud é, i gcás duine a bheidh de thuras na huaire fostaithe ar shuiteáil amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo, nó inti, go bhfaighfear amach trí scrúdú dochtúra (cibé acu a sheolfar é ar an tsuiteáil nó in áit eile agus cibé acu a sheolfar é i ndáil lena fhostaíocht nó ar shlí eile) go bhfuil sé ag fulaingt galair a fhorordaítear chun críocha an ailt seo, cuirfidh an lia-chleachtóir a sheol an scrúdú in iúl a luaithe is féidir do Lia-Chomhairleoir Tionscail (Suiteálacha amach ón gCósta) gur bhris an galar amach.
(2) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt don alt seo, agus gan dochar do ghinearáltacht an méid sin roimhe seo, féadfar a cheangal leis na rialacháin go dtabharfaidh an lia-chleachtóir iomchuí aon cheann nó gach ceann díobh seo a leanas do Lia-Chomhairleoir Tionscail (Suiteálacha amach ón gCósta), eadhon:
(a) sonraí forordaithe faoin ngalar lena mbaineann,
(b) ainm an duine agus cibé sonraí pearsanta eile a bheidh forordaithe,
(c) an dáta nó an neasdáta ar bhris an galar amach nó ar tolgadh é, i dtuairim an lia-chleachtóra sin, an tsuiteáil nó na suiteálacha amach ón gcósta ar ar bhris an galar amach nó ar ar tolgadh é, i dtuairim an lia-chleachtóra sin agus suíomh na suiteála nó na suiteálacha amach ón gcósta, de réir mar is iomchuí, ar an dáta nó an neasdáta sin.
Sonraí faoi thionóiscí áirithe le hiontráil sa logleabhar suiteála.
30.—Má tharlaíonn aon tionóisc ar shuiteáil amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo, sa tsuiteáil sin, nó ina comharsanacht a dtig dá barr nach bhféadfaidh duine a fhostaítear ar an tsuiteáil aon dualgais a chomhlíonadh ar feadh breis is trí lá, déanfaidh an bainisteoir suiteála lena mbaineann a áirithiú go n-iontrálfar sonraí faoin tionóisc sa logleabhar suiteála.
Cumhacht chun imscrúdú foirmiúil a ordú maidir le tionóiscí agus cásanna galair áirithe.
31.—(1) Más rud é, de bhun an Achta seo, go dtabharfar fógra don Aire faoi thionóisc nó faoi ghalar a bhris amach nó faoi aon chor eile féadfaidh an tAire, más dóigh leis é a bheith iomchuí sin a dhéanamh, a ordú go ndéanfar imscrúdú foirmiúil ar an tionóisc nó ar an gcor agus ar chúiseanna agus imthosca na tionóisce nó an choir.
(2) Beidh, faoi réir aon mhodhnuithe is gá, feidhm maidir le himscrúdú faoin alt seo ag forálacha alt 78 (2) den Acht Monarchan, 1955, arna leasú le halt 56 d'Acht 1980, mar atá feidhm acu maidir le himscrúdú faoin alt sin.
Cumhacht an Aire a cheangal gléasra áirithe a scrúdú agus a thástáil agus tuarascálacha áirithe a iarraidh.
32.—(1) Má tharlaíonn tionóisc nó cor contúirteach i suiteáil amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo nó sa tsuiteáil sin nó ina comharsanacht agus gur deimhin leis an Aire go mb'fhéidir gur mar gheall ar aon ghléasra a tharla an tionóisc nó an cor (go hiomlán nó go páirteach) ansin más dóigh leis an Aire gur gá é chun an tionóisc nó an cor a imscrúdú i gceart, ceanglóidh sé le fógra i scríbhinn ar bhainisteoir na suiteála—
(a) an gléasra sin, nó i gcás a gcreidfear gur mar gheall ar pháirt den ghléasra a tharla an tionóisc nó an cor, an pháirt sin, a chur á scrúdú agus á thástáil láithreach ag duine inniúil, agus
(b) tuarascáil ar thorthaí an scrúdaithe agus na tástála a chur á hullmhú agus a chur faoi bhráid an bhainisteora sin, ag an duine a rinne an scrúdú agus an tástáil a luaithe is féidir agus in aon chás tráth nach déanaí ná ocht lá is fiche tar éis an scrúdú agus an tástáil a chríochnú, agus
(c) cóip den tuarascáil sin a thabhairt don Aire laistigh de sheacht lá tar éis í a fháil de bhun mhír (b) den fho-alt seo.
(2) Beidh sonraí i dtaobh na nithe seo a leanas i dtuarascáil a éileofar faoi fho-alt (1) den alt seo—
(a) an modh inar cuireadh an scrúdú iomchuí i gcrích,
(b) an modh a úsáideadh nuair a bhí aon tástálacha á ndéanamh,
(c) aon laige nó fabht, ó thaobh déanmhais nó eile, is dóigh leis an duine ag déanamh an scrúdaithe a dhéanfadh difear faoi dheoidh do neart an ghléasra a scrúdaíodh nó a bheadh ina thrúig d'aon loiceadh ar an ngléasra sin, agus
(d) cibé ábhar eile a shonróidh an tAire nuair a bheidh an ceanglas á dhéanamh aige.
(3) Mura mbeidh an tAire sásta i dtaobh leorfhiúntas tuarascála faoin alt seo nó i dtaobh inniúlacht duine a fostaíodh le scrúdú agus tástáil dá dtagraítear san alt seo a dhéanamh nó i dtaobh leorfhiúntas an scrúdaithe agus na tástála sin, féadfaidh sé a cheangal ar bhainisteoir na suiteála amach ón gcósta lena mbaineann go ndéanfaidh duine arna ainmniú ag an Aire an gléasra lena mbaineann a athscrúdú agus a thástáil ar chostas úinéir na suiteála sin amach ón gcósta agus i gcás go ndéanfaidh an tAire ceanglas faoin bhfo-alt seo déanfaidh an t-úinéir agus an bainisteoir sin agus, mura leis an úinéir sin an gléasra, an duine ar leis an gléasra, an ceanglas a chomhlíonadh agus tabharfaidh sé aon saoráidí is gá le haghaidh an athscrúdaithe agus na tástála sin.
(4) San alt seo folaíonn “gléasra” aon choire, glacadán nó brúshoitheach eile, aon fhearas nó trealamh, leictreach nó eile (nó aon chuid de) nó aon inneall nó innealra eile (nó aon chuid de), cibé acu is le cumhacht mheicniúil nó nach ea a thiomáintear é.
Lia-Chomhairleoir Tionscail (Suiteálacha amach ón gCósta).
33.—(1) Féadfaidh an tAire an fheidhm maidir leis an Aire a chomhairliú go gairmiúil i ndáil lena fheidhmeanna faoin Acht seo a shannadh d'aon lia-chleachtóir cláraithe a bheidh ainmnithe mar liachomhairleoir tionscail faoi alt 50 d'Acht 1980.
(2) “Lia-Chomhairleoir Tionscail (Suiteálacha amach ón gCósta)” a ghairtear san Acht seo de dhuine dá sanntar faoin alt seo na feidhmeanna a thuairiscítear i bhfo-alt (1) den alt seo.
(3) Gan dochar do ghinearáltacht alt 40 (1) den Acht seo, féadfaidh an tAire a údarú do Lia-Chomhairleoir Tionscail (Suiteálacha amach ón gCósta) a bheith ina chigire chun críocha an Achta seo.
CUID V
Cionta, Imeachtaí Dlí agus Pionóis
Cionta.
34.—(1) (a) I gcás go sáraíonn nó nach gcomhlíonann bainisteoir suiteála alt 16, 17, 21 (2), 25, 28 nó 30 den Acht seo trí ghníomh nó trí neamhghníomh, beidh sé ciontach i gcion.
(b) I gcás go mainneoidh úinéir suiteála amach ón gcósta ceanglais alt 11 (4) den Acht seo, ceanglais fhógra faoi alt 26 (3) den Acht seo nó ordaithe faoi alt 26 (6) den Acht seo, a chomhlíonadh, nó i gcás nach gcomhlíonfar coinníoll a fhorchuirtear faoi alt 12 (2) den Acht seo, beidh sé ciontach i gcion.
(2) (a) Más rud é go mainneoidh bainisteoir suiteála alt 10 (1), 14, 16, 17, 25 nó 30 den Acht seo a chomhlíonadh nó go sáróidh sé iad, beidh úinéir na suiteála iomchuí amach ón gcósta, faoi réir fhorálacha an Achta seo, ciontach i gcion.
(b) I gcás go ndéanfaidh bainisteoir suiteála cion faoin alt seo de bhíthin gur mhainnigh sé alt 21 (2) den Acht seo a chomhlíonadh agus go ndearnadh an cion le toiliú, le cúlcheadú nó le ceadú úinéir na suiteála amach ón gcósta lena mbaineann, beidh an t-úinéir sin freisin ciontach sa chion.
(3) I gcás go sárófar alt 12 (1) nó 14 den Acht seo i ndáil le suiteáil amach ón gcósta de bhrí nach bhfuil aon bhainisteoir suiteála ná duine eile ceaptha de thuras na huaire de bhun agus de réir alt 11 (1) den Acht seo, nó de bhrí gur úsáideadh an tsuiteáil faoi mhaoirseacht duine seachas an bainisteoir suiteála ar feadh tréimhse ab fhaide ná an tréimhse a cheadaítear le halt 12 (2) den Acht seo, beidh úinéir na suiteála ciontach i gcion.
(4) Más rud é go bhfostóidh duine, seachas an bainisteoir suiteála iomchuí, duine de shárú ar alt 14 den Acht seo beidh an bainisteoir suiteála, faoi réir fhorálacha an Achta seo, ciontach i gcion.
(5) (a) Aon duine a sháróidh trí ghníomh nó neamhghníomh—
(i) rialachán faoin Acht seo, nó
(ii) coinníoll a shonraítear i rialachán faoi alt 14 (4) den Acht seo, nó
(iii) coinníoll, seachas coinníoll a bheidh sonraithe amhlaidh, atá le fáil i rialachán faoin Acht seo ar coinníoll é lena mbaineann dearbhú faoi alt 5 (4) den Acht seo ach nach coinníoll é a mbeidh feidhm maidir leis ag forálacha alt 13 (3) den Acht seo, i ndáil le forléiriú,
beidh sé ciontach i gcion.
(b) Aon duine a sháróidh alt 26 (5) nó 26 (8) den Acht seo beidh sé ciontach i gcion.
(6) Aon duine nach gcomhlíonfaidh ceanglas a dhéanfaidh an tAire faoi alt 6 (1) den Acht seo beidh sé ciontach i gcion.
(7) Aon duine nach gcomhlíonfaidh alt 9 den Acht seo beidh sé ciontach i gcion.
(8) (a) Aon duine nach gcomhlíonfaidh fo-alt (1) nó fo-alt (5) d'alt 10 den Acht seo beidh sé ciontach i gcion.
(b) (i) Aon úinéir suiteála amach ón gcósta a mhainneoidh ceanglas dá dtagraítear in alt 10 (4) (a) den Acht seo a chomhlíonadh beidh sé ciontach i gcion.
(ii) Aon bhainisteoir suiteála a mhainneoidh deimhniú a thabhairt ar aird de bhun cheanglais alt 10 (4) (a) den Acht seo beidh sé ciontach i gcion.
(c) Aon duine a dhéanfaidh nó a chuirfidh faoi deara go ndéanfar aon fheistiúchán nó aon pháirt eile lena mbaineann coinníoll dá dtagraítear in alt 10 (4) (b) den Acht seo, a úsáid de shárú ar an alt 10 (4) (b) sin, beidh sé ciontach i gcion.
(9) Aon bhainisteoir suiteála nó duine eile nach bhfeidhmeoidh an mhaoirseacht phearsanta laethúil a cheanglaítear air a fheidhmiú le halt 12 (1) den Acht seo beidh sé ciontach i gcion.
(10) Má bhíonn duine atá faoi réir údaráis bhainisteora suiteála amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo easumhal go toiliúil i gcomhlíonadh ordaithe dhleathaigh a thabharfaidh an bainisteoir dó i bhfeidhmiú an údaráis sin, beidh sé ciontach i gcion.
(11) Má mhainníonn bainisteoir nó úinéir suiteála alt 13 (2) den Acht seo a chomhlíonadh nó mura n-áiritheoidh sé go gcomhlíonfar an t-alt sin, beidh sé ciontach i gcion.
(12) Aon duine a fhostóidh duine de shárú ar alt 14 den Acht seo beidh sé ciontach i gcion.
(13) Faoi réir alt 19 (4) den Acht seo aon duine a sháróidh fo-alt (1), (2) nó (3) d'alt 15 den Acht seo beidh sé ciontach i gcion.
(14) Aon duine a mhainneoidh alt 18 (1) den Acht seo a chomhlíonadh beidh sé ciontach i gcion.
(15) Aon duine nach ndéanfaidh fad a bheidh sé fostaithe ar shuiteáil amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo, sa tsuiteáil sin nó ina comharsanacht saoráidí, trealamh, éadach nó ábhair a sholáthrófar de bhun alt 18 den Acht seo nó rialachán faoin gcéanna a chaitheamh nó a úsáid go cuí ar shlí eile le linn oibre chun é féin a chosaint beidh sé ciontach i gcion.
(16) Aon duine a sháróidh alt 19 (1) nó fo-alt (1) nó (2) d'alt 20 den Acht seo beidh sé ciontach i gcion.
(17) Aon duine nach gcomhlíonfaidh forálacha alt 22 (5) den Acht seo beidh sé ciontach i gcion.
(18) (a) Aon bhainisteoir suiteála nach gcomhlíonfaidh fo-alt (1) nó (2) d'alt 27 den Acht seo beidh sé ciontach i gcion.
(b) Aon duine a sháróidh alt 27 (4) den Acht seo beidh sé ciontach i gcion.
(19) (a) (i) Aon duine a mhainneoidh ceanglas d'fhógra a sheirbheálfar air faoi alt 32 (1) den Acht seo a chomhlíonadh nó a mhainneoidh ceanglas a dhéanfaidh an tAire faoi alt 32 (3) den Acht seo a chomhlíonadh, beidh sé ciontach i gcion.
(ii) Aon úinéir nó bainisteoir suiteála amach ón gcósta a mhainneoidh saoráidí a thabhairt a cheanglaítear a thabhairt le halt 32 (3) den Acht seo, beidh sé ciontach i gcion.
(b) Aon duine seachas úinéir nó bainisteoir na suiteála iomchuí amach ón gcósta a mhainneoidh saoráidí a thabhairt a cheanglaítear a thabhairt le halt 32 (3) den Acht seo beidh sé ciontach i gcion.
(20) (a) Maidir le duine—
(i) a mhainneoidh aon cheanglas a fhorchuirfidh cigire faoi alt 41 den Acht seo a chomhlíonadh, nó
(ii) a choiscfidh aon duine eile nó a dhéanfaidh iarracht aon duine eile a chosc ar láithriú os comhair cigire nó ar aon cheist a fhreagairt a bhféadfadh cigire freagra a iarraidh ina leith, de bhua fho-alt (1) d'alt 41 den Acht seo, nó
(iii) a aistreoidh ó shuiteáil amach ón gcósta lena mbainéann an tAcht seo aon innealra, gaireas nó airteagal eile a mbeidh cigire tar éis seilbh a ghlacadh air faoi alt 41 den Acht seo, gan cead a bheith tugtha ag cigire, nó a cheilfidh an céanna nó a bhainfidh leis an gcéanna, nó
(iv) a choiscfidh cigire nó a chuirfidh isteach air i bhfeidhmiú nó i gcomhlíonadh a chumhachtaí nó a dhualgas, beidh sé ciontach i gcion.
(b) Aon duine a ghníomhóidh de shárú ar alt 41 (2) (c) den Acht seo beidh sé ciontach i gcion.
(21) Aon duine a sháróidh toirmeasc nó srian a fhorchuirfidh cigire nó a mhainneoidh ceanglas a fhorchuirfidh nó a dhéanfaidh cigire faoi alt 42 den Acht seo a chomhlíonadh, beidh sé ciontach i gcion.
(22) Duine a dhéanfaidh asbhaint de shárú ar alt 46 den Acht seo beidh sé ciontach i gcion.
Cionta; forálacha forlíontacha.
35.—(1) In aon imeachtaí mar gheall ar chion faoin Acht seo beidh, go dtí go gcruthófar a mhalairt, deimhneasc in aon díotáil, toghairm nó próis eile maidir leis an bhfíoras go ndearnadh aon ní nó go raibh aon ní suite laistigh de na huiscí lena mbaineann an tAcht seo, ina fhianaise leordhóthanach ar an bhfíoras sin mar a bheidh luaite sa deimhneasc.
(2) Más rud é, maidir le cion faoin Acht seo arna dhéanamh ag comhlacht corpraithe, go gcruthófar go ndearnadh an cion le toiliú nó le cúlcheadú, nó gur urasaíodh a dhéanamh le haon fhaillí ar thaobh, aon stiúrthóra, bainisteora, rúnaí nó oifigigh eile de chuid an chomhlachta, measfar go mbeidh seisean, mar aon leis an gcomhlacht, ciontach sa chion agus dlífear imeachtaí a thionscnamh ina choinne agus é a phionósú dá réir.
(3) Má bhaineann bainisteoir suiteála nó úinéir suiteála amach ón gcósta leas as aon díolúine a cheadaítear leis an Acht seo nó faoi agus go mainneoidh sé aon choinníoll a ghabhann leis an díolúine a chomhlíonadh, measfar go mbeidh an fhoráil iomchuí den Acht seo nó de rialachán faoin Acht seo sáraithe aige.
(4) Más rud é, ar aon suiteáil amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo, go mbeidh aon daoine fostaithe ar shlí seachas de réir ceanglais den Acht seo nó d'aon rialachán arna dhéanamh faoin Acht seo, measfar sárú ar leith a bheith ann maidir le gach duine a bheidh fostaithe amhlaidh.
(5) I gcás go ndearnadh cion faoi alt 34 (22) den Acht seo le toiliú, le cúlcheadú nó le ceadú bainisteora suiteála nó gur urasaíodh a dhéanamh le haon fhaillí ar thaobh an bhainisteora sin, beidh an bainisteoir sin freisin ciontach sa chion.
Cosaint i gcoitinne.
36.—(1) In aon imeachtaí mar gheall ar chion faoin Acht seo, is cosaint don chúisí a chruthú gur chaith sé gach dúthracht chuí chun aon cheanglas den Acht seo nó d'aon rialachán faoin Acht seo, lena mbaineann an cion líomhnaithe, a fhorghníomhú nó a chomhlíonadh, agus go ndearnadh an sárú iomchuí gan a thoiliú, a chúlcheadú nó a mhainneachtain thoiliúil nó go ndearna sé bearta réasúnacha, nó gur chuir sé faoi deara bearta réasúnacha a dhéanamh, chun an sárú a chosc nó a sheachaint.
(2) In aon imeachtaí mar gheall ar chion faoi alt 12 den Acht seo is cosaint don chosantóir a chruthú gur imthosca nach raibh aon neart aige orthu ba chúis leis an mainneachtain aige ar i ndáil léi a líomhnaítear an cion a bheith déanta.
(3) In aon imeachtaí a shaothraítear maidir le sárú ar alt 27 (4) den Acht seo arb é a bheidh ann gníomh ar bith a dhéanamh, is cosaint a chruthú gur ghá an gníomh a dhéanamh chun sábháilteacht na suiteála amach ón gcósta lena mbaineann nó na ndaoine uirthi a áirithiú.
Ionchúiseamh i gcionta.
37.—(1) Féadfaidh an tAire imeachtaí achoimre mar gheall ar chion faoin Acht seo a ionchúiseamh.
(2) Faoi réir fho-alt (4) den alt seo, féadfar imeachtaí achoimre mar gheall ar chion faoin Acht seo a thosú—
(a) tráth ar bith laistigh de shé mhí ón dáta a rinneadh an cion, nó
(b) tráth ar bith laistigh de thrí mhí ón dáta a thiocfaidh an duine a thionscain na himeachtaí ar fhianaise a bheidh, ina thuairim, leordhóthanach leis na himeachtaí a bheith ann, cibé acu is déanaí.
(3) I dteannta fho-alt (2) den alt seo, más rud é, mar gheall ar thionóisc in uiscí lena mbaineann an tAcht seo nó mar gheall ar ghalar sna huiscí sin, ar shuiteáil amach ón gcósta, sa tsuiteáil sin nó ina comharsanacht, go ndéanfaidh duine a bheidh ceaptha faoin Acht seo chun imscrúdú a dhéanamh faoi alt 31 den Acht seo, tuarascáil a thabhairt, nó go seolfar ionchoisne cróinéara, agus gur cosúil ón tuarascáil nó ó na himeachtaí ag an ionchoisne go ndearnadh, tráth na tionóisce nó an choir eile, nó roimhe sin, i ndáil leis an tsuiteáil amach ón gcósta—
(a) sárú ar fhoráil den Acht seo nó de rialacháin arna ndéanamh faoin Acht seo, nó
(b) sárú ar choinníoll a ghabhann le díolúine, toiliú, ceadú nó údarás a dheonaigh an tAire nó cigire faoin Acht seo nó de bhua an Achta seo,
féadfar, tráth ar bith laistigh de thrí mhí tar éis an tuarascáil a thabhairt nó an t-ionchoisne a chríochnú, imeachtaí achoimre a thosú in aghaidh aon duine a ndlífear imeachtaí a thionscnamh ina choinne maidir leis an sárú.
(4) Ní dhéanfar imeachtaí achoimre a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo a thionscnamh tráth is déanaí ná dhá bhliain ón dáta a ndearnadh an cion.
(5) Chun críocha an ailt seo is fianaise prima facie deimhniú a bheidh sínithe ag an duine nó thar ceann an duine a thionscnaíonn na himeachtaí maidir leis an dáta ar tháinig an duine sin ar fhianaise a thuairiscítear i bhfo-alt (2) den alt seo agus in aon imeachtaí dlí measfar, maidir le doiciméad a airbheartaíonn gur deimhniú é a eisíodh chun críocha an ailt seo agus a síníodh amhlaidh, gur síníodh amhlaidh é agus glacfar leis mar fhianaise, gan cruthúnas ar shíniú an duine a d'airbheartaigh an deimhniú a shíniú, mura dtaispeántar a mhalairt.
(6) Beidh éifeacht le fo-ailt (2) agus (3) den alt seo d'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851.
Dlínse.
38.—(1) Más rud é—
(a) go ndéanfar aon ghníomh nó neamhghníomh ar shuiteáil amach ón gcósta atá in uiscí lena mbaineann an tAcht seo nó in aon chuid d'uiscí atá laistigh de chúig chéad méadar den tsuiteáil sin, nó
(b) (i) go ndéanfar aon ghníomh nó neamhghníomh in aon chuid de na huiscí lena mbaineann an tAcht seo nach bhfuil laistigh de chúig chéad méadar de shuiteáil amach ón gcósta atá de thuras na huaire in uiscí lena mbaineann an tAcht seo, nó faoi bhun nó os cionn aon chuid den sórt sin, nó aon suiteála den sórt sin, agus
(ii) go mbeidh baint ag an ngníomh nó an neamhghníomh le taiscéaladh nó saothrú ghrinneall na farraige nó na fo-ithreach le haghaidh peitriliam nó mianraí eile,
i gcás gur cion faoin Acht seo nó gur éagóir an gníomh nó an neamhghníomh agus go dtionscnófar imeachtaí dlí mar gheall ar an gcion nó ar an éagóir agus nach mbeidh dlínse ar leith ón alt seo ag Breitheamh den Chúirt Chuarda nó ag Breitheamh den Chúirt Dúiche a dtionscnófar na himeachtaí os a chomhair chun na himeachtaí a éisteacht agus a chinneadh, ansin chun an dlínse sin a dheonú féadfar déileáil leis an gcion nó leis an éagóir mar chion nó mar éagóir a rinneadh laistigh de chuaird an Bhreithimh sin nó den Dúiche Chúirte Dúiche dá mbeidh an Breitheamh sin sannta, de réir mar is iomchuí.
(2) Forléireofar an tagairt in alt 10 (1) den Acht um Dhlínse Mhuirí, 1959, do long mar thagairt a fholaíonn tagairt do shuiteáil amach ón gcósta.
(3) San alt seo tá le “éagóir” an bhrí a shanntar dó leis an Acht um Dhliteanas Sibhialta, 1961.
Pionóis.
39.—(1) Gach duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 34 (1) (b) den Acht seo de bhíthin mainneachtana ceanglais alt 11 (4) den Acht seo a chomhlíonadh, nó a bheidh ciontach i gcion faoi alt 34 (8) den Acht seo, de bhíthin mainneachtana alt 10 (1) den Acht seo a chomhlíonadh, nó a bheidh ciontach i gcion faoi alt 34 (9), 34 (11), 34 (19) (a) nó 44 den Acht seo dlífear—
(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air, nó
(b) ar é chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £2,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.
(2) Gach duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 34 (10), 34 (16), 34 (17), 34 (18), 34 (19) (b), 34 (20) (a) nó 34 (21) den Acht seo, nó faoi alt 34 (8) den Acht seo seachas de bhíthin mainneachtana alt 10 (1) den Acht seo a chomhlíonadh, dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air.
(3) Gach duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 34 (1) den Acht seo, seachas de bhíthin mainneachtana ceanglais alt 11 (4) den Acht seo a chomhlíonadh, ar é a chiontú go hachomair—
(a) dlífear fíneáil nach mó ná £200 a chur ar an duine sin i gcás gur de bhíthin alt 16, 17, nó 28 den Acht seo a shárú, a bheidh sé ciontach i gcion,
(b) dlífear fíneáil nach mó ná £400 a chur ar an duine sin i gcás gur de bhíthin alt 25 (1), 26 (3) nó 30 den Acht seo a shárú nó de bhíthin mainneachtana an céanna a chomhlíonadh, a bheidh sé ciontach i gcion, agus
(c) dlífear fíneáil nach mó ná £600 a chur air in aon chás eile.
(4) Gach duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (2) nó (3) d'alt 34 den Acht seo, ar é a chiontú go hachomair—
(a) dlífear fíneáil nach mó ná £200 a chur ar an duine sin i gcás gur de bhíthin mainneachtana ag bainisteoir suiteála alt 16 den Acht seo a chomhlíonadh, a bheidh sé ciontach i gcion,
(b) dlífear fíneáil nach mó ná £300 a chur ar an duine sin i gcás gur de bhíthin nár chomhlíon bainisteoir suiteála alt 25 den Acht seo nó de bhíthin gur fhostaigh an bainisteoir sin duine de shárú ar alt 14 den Acht seo, a bheidh sé ciontach i gcion, agus
(c) dlífear fíneáil nach mó ná £600 a chur air in aon chás eile.
(5) Gach duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 34 (4), 34 (7), 34 (12), 34 (13), 34 (14), 34 (15), 34 (22) nó 45 den Acht seo dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £300 a chur air.
(6) Gach duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 34 (6) den Acht seo dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £200 a chur air.
(7) Faoi réir aon fhorála a bheidh, de thoradh feidhmiú na cumhachta i mír (a) (ii) nó (a) (iii) d'alt 5 (4) den Acht seo, le fáil i rialachán faoin Acht seo agus a bheidh infheidhme sa chás áirithe dlífear, i gcás gach duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 34 (5) den Acht seo—
(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £600 a chur air, nó
(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £1,200, nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.
(8) Gach duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 34 (20) (b) den Acht seo dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £400 a chur air.
(9) I gcás go gciontófar duine ar díotáil i gcion faoin Acht seo agus go leanfaidh sé den chion tar éis a chiontaithe dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £200 a chur air in aghaidh gach lae a leanfar amhlaidh den chion.
(10) Más deimhin leis an gcúirt a chiontaigh duine i gcion faoin Acht seo, maidir leis an gcion inar ciontaíodh é—
(a) gur dhóigh dó a bheith ina thrúig bháis nó mórdhíobhála coirp do dhuine a bhí fostaithe ar shuiteáil amach ón gcósta, sa tsuiteáil sin nó ina comharsanacht ar i ndáil léi a tharla an sárú, nó
(b) gur dhóigh dó a bheith ina thrúig tionóisce contúirtí, nó
(c) gur dhóigh dó sábháilteacht aon duine den sórt sin a chur i mbaol,
ansin más rud é, ar leith ón bhfo-alt seo, nach bhféadfaidh an chúirt téarma príosúnachta a fhorchur i leith an chiontaithe, féadfaidh an chúirt príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí (i dteannta fíneála nó ina hionad) a fhorchur ar an duine.
CUID VI
Ilghnéitheach
Cigirí.
40.—(1) Féadfaidh an tAire duine ar bith dá chuid oifigeach nó duine ar bith eile a údarú chun bheith ina chigire chun críocha an Achta seo.
(2) Foilseofar fógra faoi údarú faoin alt seo san Iris Oifigiúil.
(3) Gach duine a údaróidh an tAire faoi fho-alt (1) den alt seo tabharfar deimhniú a údaraithe dó agus nuair a bheidh sé ag feidhmiú cumhachta faoin Acht seo, tabharfaidh sé an deimhniú sin ar aird lena iniúchadh ag aon duine ar a bhfearann an deimhniú sin má iarrann an duine air é.
(4) Déanfar cibé tuarascálacha bliantúla d'imeachtaí na gcigirí a ordóidh an tAire a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.
Cumhachtaí ginearálta cigirí.
41.—(1) Chun críche an Achta seo a fhorghníomhú beidh cumhacht ag cigire—
(a) tráth ar bith (cibé acu de ló nó d'oíche) dul ar bord suiteála amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo nó thairis sin dul isteach sa tsuiteáil sin agus an t-iomlán nó aon chuid di agus aon ní inti nó uirthi a iniúchadh,
(b) comhalta den Gharda Síochána a thabhairt leis má bhíonn cúis réasúnach aige lena cheapadh go gcuirfear aon bhac air agus é ag feidhmiú a dhualgais,
(c) cibé scrúdú agus fiosrú a dhéanamh is gá—
(i) chun a fháil amach an bhfuil na nithe seo a leanas á gcomhlíonadh, eadhon, forálacha an Achta seo agus rialacháin faoi, aon ordú nó ceanglas a thabharfar nó a fhorchuirfear le fógra a sheirbheálfaidh an tAire nó cigire faoin Acht seo nó de bhua an Achta seo agus aon choinníoll a ghabhann le haon díolúine nó toiliú a dheonóidh nó a thabharfaidh an tAire nó cigire faoin Acht seo nó de bhua an Achta seo, nó
(ii) chun aon ní a fháil amach is dóigh leis an gcigire a dhéanfaidh difear do shábháilteacht, do shláinte nó do leas daoine nó a bhainfidh lena sábháilteacht, lena sláinte nó lena leas ar daoine iad a bheidh fostaithe ar shuiteáil amach ón gcósta den sórt sin, sa tsuiteáil sin nó ina comharsanacht agus go háirithe (ach gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil anseo roimhe seo) na cúiseanna agus na himthosca a bhí le haon tionóisc nó cor eile ag suiteáil amach ón gcósta den sórt sin is tionóisc nó cor a gceanglaítear leis an Acht seo fógra a thabhairt maidir leis i gceachtar cás,
(d) chun críche aon scrúdú nó fiosrú faoi na forálacha réamhráite—
(i) aon tomhas a dhéanamh nó fótagraf a ghlacadh nó aon téip nó taifeadadh leictreach eile a dhéanamh a mheasann sé is gá chun críocha den sórt sin,
(ii) a cheangal ar aon duine a fhaigheann sé ar shuiteáil amach ón gcósta den sórt sin nó a bhfuil cúis réasúnach aige lena chreidiúint go bhfuil sé fostaithe ar shuiteáil amach ón gcósta den sórt sin, nó go raibh sé ar fostú laistigh den dá mhí roimhe sin ar an tsuiteáil sin, freagra a thabhairt, in éagmais daoine seachas duine a bheidh ainmnithe ag an duine le bheith i láthair agus aon daoine a cheadóidh an cigire a bheith i láthair, ar cibé ceisteanna is cuí leis an gcigire a chur sa chaoi, áfach, nach mbeidh aon fhreagra a thabharfaidh duine de bhun ceanglais a fhorchuirfear faoin bhfomhír seo inghlactha mar fhianaise ina aghaidh in aon imeachtaí,
(iii) samplaí a thógáil (gan íocaíocht) d'aon airteagail nó substaintí a gheofar ar shuiteáil amach ón gcósta den sórt sin, agus den atmaisféar, nó leibhéal aon radaíochta ansin a léamh,
(iv) seilbh nó urlámh (gan chúiteamh) a ghlacadh ar aon innealra, gaireas nó airteagal ar bith eile ar shuiteáil amach ón gcósta den sórt sin ar léir dó gur thrúig contúirte a bhí ann nó ba dhóigh a bheadh ann, do shábháilteacht nó do shláinte agus a chur faoi deara é a dhíchóimeáil nó é a chur faoi réir aon phróise nó tástála, d'ainneoin díobháil nó milleadh a dhéanamh air dá dheasca sin,
(e) a cheangal—
(i) aon logleabhar suiteála nó doiciméad eile a cheanglaítear a choimeád leis an Acht seo nó de bhua an Achta seo, agus
(ii) aon doiciméid eile ar doiciméid iad atá ina sheilbh nó faoina urláimh ag úinéir faofa, ag úinéir suiteála amach ón gcósta den sórt sin nó ag bainisteoir suiteála agus a fhónfaidh i dtuairim an chigire do scrúdú nó d'fhiosrú faoi na forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo,
a thabhairt ar aird, agus nuair a thabharfar ar aird iad, iad a iniúchadh agus cóipeanna díobh a thógáil,
(f) gach duine a fhaigheann sé i suiteáil amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo nó ar an tsuiteáil sin nó a mbeidh cúis réasúnach aige lena chreidiúint go bhfuil sé nó go raibh sé laistigh den dá mhí roimhe sin fostaithe i suiteáil amach ón gcósta den sórt sin nó ar an tsuiteáil sin a scrúdú leis féin nó i láthair aon duine eile, de réir mar is cuí leis, maidir le nithe faoin Acht seo, agus a cheangal ar gach duine den sórt sin dul faoi scrúdú amhlaidh agus dearbhú a shíniú i dtaobh fírinne na nithe ar ina leith atá sé á scrúdú amhlaidh,
(g) a cheangal ar aon duine a mbeidh freagrachtaí air i ndáil le suiteáil amach ón gcósta den sórt sin (cibé acu an é an t-úinéir nó an bainisteoir suiteála nó aon duine eile a bheidh fostaithe uirthi nó ina comharsanacht é nó nach é)—
(i) cibé saoráidí agus cúnamh a thabhairt dó maidir le haon nithe nó rudaí a thagann faoi réim fhreagrachtaí an duine sin is gá chun a chumasú don chigire aon cheann de na cumhachtaí a thugtar dó leis an bhfo-alt seo a fheidhmiú,
(ii) a chumasú don chigire aon ní a úsáid a bheidh an tráth sin faoi urláimh an duine agus a theastaíonn ón gcigire chun scrúdú nó fiosrú a dhéanamh nó chun sampla a thógáil faoin Acht seo,
(iii) cibé cúnamh pearsanta a shonróidh an cigire a thabhairt nó a chur faoi deara é a thabhairt chun aon scrúdú nó fiosrú den sórt sin a dhéanamh nó chun aon sampla den sórt sin a thógáil; nó i ndáil leis an scrúdú, leis an bhfiosrú nó leis an tógáil sin,
(h) cibé cumhachtaí eile a fheidhmiú is gá chun an tAcht seo a chur in éifeacht.
(2) (a) Féadfaidh aon duine ar duine é a thuairiscítear i bhfo-alt (1) (g) den alt seo, an tráth a thógfar sampla faoin alt seo, agus ar na fearais a chur ar fáil is gá, a cheangal ar an gcigire an sampla a roinnt i dtrí chuid, gach cuid a mharcáil agus a shéalú nó a cheangal ar cibé slí a cheadóidh a chineál, agus
(i) cuid amháin a sheachadadh air,
(ii) cuid amháin a choimeád le comparáid a dhéanamh tráth níos déanaí,
(iii) cuid amháin a thabhairt le haghaidh anailíse,
agus déanfaidh an Ceimiceoir Stáit nó duine a bheidh de thuras na huaire arna cheadú ag an Aire chun críocha an ailt, nó déanfar faoina dtreoir, aon anailís faoin alt seo, más gá sin.
(b) Maidir le deimhniú a airbheartóidh gur deimhniú é ón gCeimiceoir Stáit nó ó dhuine atá de thuras na huaire arna cheadú ag an Aire chun críocha an ailt maidir le torthaí anailíse ar shampla a thógtar faoin alt seo, beidh sé inghlactha mar fhianaise, in aon imeachtaí faoin Acht seo, ar na nithe a luaitear ann, ach féadfaidh ceachtar páirtí a cheangal go nglaofar mar fhinné ar an duine a rinne an anailís.
(c) Ní dleathach d'aon duine, ach amháin a mhéid is gá chun críocha ionchúisimh i leith ciona faoin Acht seo, torthaí anailíse a rinneadh faoin alt seo a fhoilsiú ná a nochtadh d'aon duine, seachas don Aire.
(d) San fho-alt seo ciallaíonn “an t-alt” alt 72 den Acht Monarchan, 1955, arna leasú le hailt 42 (2) agus 56 (d) d'Acht 1980.
Cumhacht an chigire leigheas a éileamh ar chontúirt láithreach nó bhraithe, etc.
42.—(1) Más é tuairim cigire, maidir le suiteáil amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo nó aon chuid di nó aon ábhar, ní nó cleachtas ar shuiteáil amach ón gcósta den sórt sin nó inti nó a bhaineann le rialú nó bainisteoireacht suiteála amach ón gcósta den sórt sin, go bhfuil sé contúirteach nó gur dóigh gur gearr go dtiocfaidh sé chun bheith contúirteach do shábháilteacht nó sláinte na ndaoine a fhostaítear ar an tsuiteáil, sa tsuiteáil nó ina comharsanacht nó d'aon duine acu, féadfaidh sé fógra a sheirbheáil ar an mbainisteoir suiteála lena mbaineann á rá gurb é sin a thuairim agus ina dtabharfaidh sé sonraí faoi fhoras na tuairime sin aige, agus lena gcuirfidh sé cibé toirmeasc, srian nó ceanglas eile ar an mbainisteoir suiteála sin is dóigh leis an gcigire is gá chun sábháilteacht nó sláinte na ndaoine nó aon duine díobh a fhostaítear ar an tsuiteáil nó inti a chosaint.
(2) I gcás gurb é tuairim cigire maidir le haon ní ar shuiteáil amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo, nó inti, gur contúirt nó baol contúirte é féadfaidh sé le fógra i scríbhinn a cheangal ar úinéir na suiteála cibé bearta réasúnacha a ghlacadh a mheasfaidh sé is leor chun déileáil leis an ábhar agus a shonróidh sé san fhógra, agus i gcás go ndéanfar ceanglas faoin bhfo-alt seo folóidh úinéir na suiteála sonraí sa ráiteas a ullmhóidh sé de bhun alt 26 den Acht seo i dtaobh na mbeart a shonraítear san fhógra iomchuí faoin bhfo-alt seo.
(3) Beidh fógra toirmisc nó fógra faoi fho-alt (1), (2) nó (6) den alt seo sínithe ag cigire.
(4) Duine arb éagóir leis forchur nó ceanglas a fhorchuirtear air faoin alt seo, féadfaidh sé, laistigh den tréimhse seacht lá dar tosach an lá a bhfaíghidh sé an fógra iomchuí, achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte in aghaidh an ábhair a fhorchuirtear.
(5) I gcás go ndéanfar achomharc faoin alt seo beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:
(a) fad a bheidh cinneadh an achomhairc ar feitheamh, ní fhearfaidh a dhéanamh in aon slí ar an bhforchur ná ar an gceanglas lena mbaineann an t-achomharc,
(b) le linn don achomharc a bheith á chinneadh, féadfaidh an Ard-Chúirt—
(i) an forchur nó an ceanglas sin a dhaingniú, le modhnú nó gan mhodhnú, nó
(ii) an forchur nó an ceanglas sin a chur i leataobh nó a chealú, de réir mar is iomchuí.
(6) Féadfaidh cigire trí fhógra a sheirbheálfaidh sé ar bhainisteoir suiteála nó ar úinéir na suiteála iomchuí amach ón gcósta, forchur nó ceanglas a fhorchuirtear faoin alt seo a leasú, nó a chur ar fionraí ar feadh cibé tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra, nó a chur i leataobh nó a chealú, de réir mar is iomchuí.
(7) (a) I gcás go bhforchuirfear forchur nó ceanglas faoin alt seo agus go seolfar gníomhaíochtaí de shárú ar an bhforchur nó ar an gceanglas, féadfaidh an Ard-Chúirt ar iarratas ó chigire seoladh na ngníomhaíochtaí a thoirmeasc le hordú.
(b) Is le foriarratas a dhéanfar iarratas chuig an Ard-Chúirt ar ordú faoin bhfo-alt seo agus féadfaidh an chúirt agus an t-ábhar á bhreithniú aici cibé ordú (más aon ordú) eatramhach nó idirbhreitheach a dhéanamh is iomchuí léi.
(c) Féadfaidh cibé téarmaí agus coinníollacha (más ann) maidir le híoc costas a mheasfaidh an Ard-Chúirt a bheith iomchuí a bheith san ordú trína gcinnfear iarratas faoin bhfo-alt seo.
(8) Más rud é—
(a) go ndéanfaidh an Ard-Chúirt, agus achomharc á chinneadh aici faoin alt seo, ceanglas nó forchur lena mbaineann an t-achomharc a chur i leataobh, a chealú nó a athrú, nó
(b) go ndéanfaidh cigire forchur nó ceanglas a fhorchuirtear faoin alt seo a fhionraí, a leasú, a chur i leataobh nó a chealú,
ní dhéanfaidh an cinneadh, an fhionraí, an leasú, an cur i leataobh nó an cealú difear do bhailíocht an cheanglais nó an fhorchuir a mhéid, ach amháin a mhéid, a ceanglaíodh leis aon ní a dhéanamh nó a toirmisceadh leis aon ní a dhéanamh roimh dháta an chinnte, nó de réir mar is iomchuí, dáta na fionraí, an leasaithe, an chuir i leataobh nó an chealaithe.
Foilsithe áirithe faoi phribhléid.
43.—(1) Maidir le tuarascáil ó chigire a bhaineann le suiteáil amach ón gcósta a fhoilseofar go hiomlán nó go páirteach agus a thabharfar de bhun an Achta seo do dhuine arb é atá ann i dtaca leis an tsuiteáil, comhalta den choiste sábháilteachta, an t-ionadaí sábháilteachta, an toscaire sábháilteachta, an leasionadaí sábháilteachta nó an leastoscaire sábháilteachta, teachtfaidh sé pribhléid shrianta chun críocha dhlí an chlúmhillte.
(2) Más rud é—
(a) go seirbheálfar fógra faoi alt 42 den Acht seo, nó,
(b) (i) de bhua a chuid feidhmeanna a chomhlíonadh faoin Acht seo nó ar shlí eile, gurb eol don Aire aon fhíoras nó ní a bhaineann le suiteáil amach ón gcósta ar suiteáil amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo í nó ar shuiteáil den sórt sin í tráth ar bith nó gurb eol dó aon ábhar, ní nó cleachtas ar shuiteáil amach ón gcósta den sórt sin nó sa tsuiteáil sin nó a bhaineann le rialú nó bainisteoireacht aon suiteála amach ón gcósta den sórt sin, nó
(ii) de bhua an chomhlíonta sin, nó ar shlí eile, gurb eol don Aire aon fhíoras nó ní eile nó go gcreideann sé an céanna, agus
(iii) i gceachtar cás, gur iomchuí i dtuairim an Aire an fíoras nó an ní do shábháilteacht, do shláinte nó do leas na ndaoine a fhostaítear ar shuiteáil amach ón gcósta den sórt sin, sa tsuiteáil sin nó ina comharsanacht,
féadfaidh an tAire dá lánrogha féin an tseirbhís nó an fíoras nó an ní eile a fhoilsiú do dhuine ar ionadaí sábháilteachta, toscaire sábháilteachta nó comhalta de choiste sábháilteachta é de thuras na huaire maidir leis an tsuiteáil iomchuí amach ón gcósta agus i gcás go bhfoilseoidh an tAire amhlaidh an tseirbhís, an fíoras nó an ní sin teachtfaidh an foilsiú pribhléid shrianta chun críocha dhlí an chlúmhillte.
Brionnú ar dheimhnithe, etc.
44.—Duine ar bith—
(a) le hintinn mheabhlaireachta, a bhrionnóidh, a ghóchumfaidh nó a úsáidfidh aon deimhniú is gá de réir nó faoi réir nó chun críocha an Achta seo nó rialachán faoin Acht seo nó a mbeidh doiciméad ina sheilbh aige a bheidh chomh cosúil le haon deimhniú den sórt sin gur dóigh dó daoine a mheabhlú,
(b) a thabharfaidh nó a shíneoidh aon deimhniú den sórt sin agus a fhios aige é a bheith bréagach in aon sonra ábhartha,
(c) a rithfidh nó a úsáidfidh go feasach aon deimhniú den sórt sin a bheidh brionnaithe, góchumtha nó bréagach mar a dúradh,
(d) a rithfidh nó a úsáidfidh go feasach, mar dheimhniú a bhainfidh le haon duine nó suiteáil amach ón gcósta, aon deimhniú den sórt sin nach mbaineann leis an duine nó leis an tsuiteáil sin,
(e) a phearsanóidh aon duine a bheidh ainmnithe in aon deimhniú den saghas sin,
(f) a chuirfidh i gcéill go bréagach gur cigire é,
(g) a chúlcheadóidh go toiliúil aon bhrionnú, góchumadh, tabhairt, síniú, rith, úsáid, pearsanú nó cur i gcéill den sórt sin,
(h) a chuirfidh iontráil bhréagach go toiliúil in aon logleabhar suiteála nó in aon chlár, fógra, deimhniú nó doiciméad eile is gá de réir nó chun críocha an Achta seo nó rialachán faoin Acht seo nó is gá de réir nó chun críocha choinníll a gceadaítear díolúine faoina réir de bhun rialacháin arna dhéanamh faoi alt 5 (2) (d) den Acht seo, a dhéanamh, a choimeád, a sheirbheáil, a thabhairt nó a chur ar aghaidh,
(i) a dhéanfaidh nó a shíneoidh go toiliúil iontráil nó dearbhú atá bréagach agus is gá a dhéanamh de réir an Achta seo nó faoin Acht seo,
(j) a úsáidfidh go feasach aon taifead nó dearbhú bréagach den sórt sin,
beidh sé, gan dochar d'aon chion eile, ciontach i gcion faoin alt seo.
Fógraí etc. a bhaint anuas nó a aghlot.
45.—Más rud é go ndéanfaidh duine, gan leithscéal réasúnach, fógra nó aon ní eile a bheidh curtha suas de thuras na huaire ag suiteáil amach ón gcósta i gcomhlíonadh forála den Acht seo nó de rialacháin faoin Acht seo, a bhaint anuas, a dhíobhálú nó a aghlot, beidh sé ciontach i gcion.
Asbhaintí áirithe as pá a thoirmeasc.
46.—Ní dhéanfaidh duine, maidir le haon ní a bheidh le déanamh nó le soláthar aige de bhun an Achta seo nó de bhun rialachán faoin Acht seo, aon asbhaint as pá nó as aon suim a chonróidh sé a íoc le haon duine a bheidh fostaithe aige ar shuiteáil amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo, sa tsuiteáil sin nó ina comharsanacht agus dá mbeidh, nó ar i ndáil leis a bheidh, an ní arna dhéanamh nó arna sholáthar amhlaidh ná ní cheadóidh sé d'aon duine a bheidh fostaithe amhlaidh aon íocaíocht i leith an ní a fháil ó aon duine dá mbeidh, nó ar i ndáil leis a bheidh, an ní arna dhéanamh nó arna sholáthar amhlaidh.
Srian a chur le feidhmiú na nAchtanna um Shábháilteacht i dTionscal, 1955 agus 1980.
47.—Ach amháin de réir mar a fhoráiltear in ailt 27 (5) agus 31 (2) den Acht seo, ní bheidh feidhm ag na hAchtanna um Shábháilteacht i dTionscal, 1955 agus 1980, maidir le haon suiteáil amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo ná ní bhainfidh siad le haon ghníomhaíocht, oibríocht, próis ná obair eile lena mbaineann an tAcht seo nó rialacháin arna ndéanamh faoin Acht seo.
Forálacha a bhaineann le halt 3 agus leasú ar Acht 1968.
48.—(1) Dearbhaítear leis seo maidir le halt 3 d'Acht 1968, d'ainneoin go bhféadfadh an t-alt sin difear a dhéanamh do phearsana aonair nó do chomhlachtaí corpraithe lasmuigh den Stát, go bhfuil feidhm aige maidir le haon phearsa aonair cibé acu an saoránach Éireannach é nó nach ea agus le haon chomhlacht corpraithe cibé acu an bhfuil sé corpraithe faoi dhlí an Stáit nó nach bhfuil.
(2) Ní ghlacfar leis in aon imeachtaí dlí nach mbeidh feidhm ag alt 3 d'Acht 1968 ná ag fo-alt (1) den alt seo i gcás áirithe de bhíthin amháin go bhfuil nó go raibh suiteáil amach ón gcósta faoi bhealach.
(3) Leasaítear leis seo alt 1 d'Acht 1968 tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “limistéar ainmnithe”:
“folaíonn ‘suiteáil’ aon déanmhas nó feiste shnámha a choimeádtar ar stáisiún ar cibé slí ar bith;”,
agus tá an t-alt sin 1, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TÁBLA
1.—San Acht seo— |
ciallaíonn “limistéar ainmnithe” limistéar atá ainmnithe de thuras na huaire le hordú faoi alt 2 den Acht seo; |
folaíonn “suiteáil” aon déanmhas nó feiste shnámha a choimeádtar ar stáisiún ar cibé slí ar bith; |
ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála. |
AN SCEIDEAL
Nithe dá bhForálfaidh, nó Nithe ar i ndáil Leo a Fhorálfaidh, Rialacháin faoi alt 22
1. Bearta chun sábháilteacht a áirithiú i gcás go mbeidh suiteáil amach ón gcósta nó aon chuid de shuiteáil den sórt sin, á cóimeáil nó á díchóimeáil in uiscí lena mbaineann an tAcht seo.
2. Suiteálacha amach ón gcósta a mharcáil agus a aithint.
3. Bearta chun sábháilteacht déanmhas a bhaineann le hoibríochtaí a chuirtear i gcrích ó shuiteálacha amach ón gcósta a áirithiú.
4. Gluaiseacht sciorrárthaí, héileacaptar nó aerárthaí eile dá dtagraítear in alt 22 (2) (b) den Acht seo, nó soithí dá dtagraítear amhlaidh agus réamhchúraimí a bheidh le glacadh acu.
5. (a) An tslí ina ndéanfar aon ghníomhaíocht, oibríocht, próis nó obair fhorordaithe eile ar aon suiteáil amach ón gcósta, sa tsuiteáil sin nó uaithi.
(b) Na himthosca nó na hócáidí nach bhféadfar aon ghníomhaíocht, oibríocht, próis nó obair fhorordaithe eile a chur i gcrích iontu nó lena linn, nó ar iontu nó lena linn amháin a fhéadfar déanamh amhlaidh, ar aon suiteáil amach ón gcósta, sa tsuiteáil sin nó uaithi.
(c) Toirmeasc ar aon ghníomhaíocht, oibríocht, próis nó obair fhorordaithe eile a chur i gcrích amhlaidh mura gcomhlíonfar, de réir mar a bheidh forordaithe, ceachtar de na ceanglais seo a leanas nó an dá cheanglas acu—
(i) maidir le duine a bheidh ag gabháil don ghníomhaíocht, don oibríocht, don phróis nó don obair eile, go ndeachaigh sé roimhe sin faoi theagasc nó oiliúint fhorordaithe nó faoi theagasc agus oiliúint fhorordaithe,
(ii) saoráidí, trealamh, éadach agus ábhair fhorordaithe a bheith ar fáil le húsáid maidir leis an ngníomhaíocht, leis an oibríocht, leis an bpróis nó leis an obair eile.
(d) Sábháilteacht nó oiriúnacht aon áit ina gcuirtear aon ghníomhaíocht, oibríocht, próis nó obair fhorordaithe eile i gcrích.
6. Ceanglais a mbeidh saoráidí, trealamh, éadach agus ábhair fhorordaithe dá réir, ar saoráidí, trealamh, éadach nó ábhair iad a dhéanfaidh i dtuairim an Aire, má úsáidtear iad ar shuiteáil amach ón gcósta nó i ndáil léi, difear do shábháilteacht, do shláinte agus do leas aon duine a bheidh fostaithe nó ag obair ar an tsuiteáil sin, nó ag obair thart uirthi nó uaithi.
7. (a) Bearta lena dtoirmiscfear, go ginearálta nó in imthosca forordaithe, gach duine nó daoine d'aicme forordaithe a fhostú nó lena modhnófar nó lena dteorannófar a n-uaireanta an chloig fostaíochta i ndáil le haon ghníomhaíocht, oibríocht, próis nó tuairisc ar obair láimhe, a bheidh forordaithe.
(b) Bearta á cheangal ar dhaoine sula bhfostófar iad in aon ghníomhaíocht, oibríocht nó próis fhorordaithe nó i dtuairisc fhorordaithe d'obair láimhe dul faoi scrúdú dochtúra forordaithe.
(c) Bearta á cheangal ar dhaoine, fad a bheidh siad fostaithe in aon ghníomhaíocht, oibríocht nó próis fhorordaithe nó i dtuairisc fhorordaithe d'obair láimhe, dul faoi scrúduithe dochtúra forordaithe ag tréimhsí forordaithe.
(d) Bearta á cheangal ar dhaoine, a mbeidh sé deimhnithe maidir leo ag daoine forordaithe agus ar mhodh forordaithe go bhfuil an duine a eisíonn an deimhniú in amhras go réasúnach go bhfuil siad ag fulaingt galair atá de thuras na huaire forordaithe chun críocha alt 29 den Acht seo, dul faoi scrúdú dochtúra maidir leis an ngalar sin mar choinníoll le cead a bheith acu leanúint i bhfostaíocht ar shuiteáil amach ón gcósta, sa tsuiteáil sin nó ina comharsanacht.
8. Oiliúint sábháilteachta.
9. Bearta lena rialaítear daoine agus nithe a iompar chuig suiteálacha amach ón gcósta nó uathu.
10. Bearta á cheangal trealamh braite dóiteáin forordaithe agus trealamh éigeandála forordaithe (lena n-áirítear trealamh sochta dóiteáin nó trealamh tarrthála) a sholáthar.
11. (a) Nósanna imeachta éigeandála.
(b) Trealamh braite dóiteáin agus trealamh éigeandála (lena n-áirítear trealamh sochta dóiteáin nó trealamh tarrthála) a úsáid.
(c) Ceanglais maidir le trealamh braite dóiteáin agus trealamh sochta dóiteáin nó trealamh éigeandála eile a dhéanamh, a shuiteáil, a chothabháil, a úsáid, a thástáil, a dheisiú, a choigeartú, a athrú agus a scrúdú.
12. (a) Tionóiscí, díobhálacha agus galair.
(b) Cora forordaithe.
(c) Garchabhair.
(d) Cóireáil mhíochaine agus stórtha míochaine.
13. Bearta á cheangal ar dhaoine forordaithe fógra a thabhairt don Aire ar shlí fhorordaithe maidir le hábhair fhorordaithe in imthosca forordaithe.
14. (a) Ceanglais maidir le caighdeáin chóiríochta agus sholáthair.
(b) Ceanglais maidir le soláthairtí d'uisce úr.
15. Saoráidí raidió nó seirbhísí raidió a chur ar fáil i suiteálacha amach ón gcósta a bheidh—
(a) de réir saoráidí a sholáthraíonn na haonaid tarrthála muirí agus aerloingseoireachta láithreacha, agus
(b) de réir saoráidí láithreacha cuardaigh agus tarrthála ar an gcósta.