Uimhir 28 de 1956.
AN tACHT IASCAIGH (ATHSCRÚDÚ AN DLÍ REACHTÚIL), 1956.
[An tiontó oifigiúil.]
Léiriú an Achta seo.
1.—(1) San Acht seo—
ciallaíonn an abairt “na hAchta” na hAchta Iascaigh, 1842 go 1953;
ciallaíonn an abairt “Acht 1925” an tAcht Iascaigh, 1925 (Uimh. 32 de 1925);
ciallaíonn an abairt “Acht 1933” an tAcht chun Iascaigh Mhara a Chaomhnadh, 1933 (Uimh. 53 de 1933);
ciallaíonn an abairt “Acht 1935” Acht Iascaigh na Sionainne, 1935 (Uimh. 4 de 1935);
ciallaíonn an abairt “Acht 1937” an tAcht Iascaigh Mhara (Iasc Neamhfhásta a Chaomhaint), 1937 (Uimh. 33 de 1937);
ciallaíonn an abairt “Acht 1939” an tAcht Iascaigh, 1939 (Uimh. 17 de 1939);
ciallaíonn an abairt “Acht 1945” an tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1945 (Uimh. 12 de 1945);
ciallaíonn an abairt “Acht 1953” an tAcht Iascaigh (Leasú), 1953 (Uimh. 16 de 1953);
ciallaíonn an abairt “Breitheamh Dúiche” Breitheamh den Chúirt Dúiche;
ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaíochta.
(2) San Acht seo forléireofar tagairtí d'aon achtachán mar thagairtí don achtachán sin arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin, lena n-áirítear an tAcht seo.
(3) Forléireofar an tAcht seo agus na hAchta mar aon ní amháin.
Míniú ar abairtí áirithe sna hAchta agus san Acht seo.
2.—(1) Sna hAchta agus san Acht seo—
ciallaíonn an abairt “ábhar díobhálach” aon tsubstaint (lena n-áirítear pléascán) ar dóigh dhó, arna theacht nó a scaoileadh isteach in uiscí ar bith, go ndéanfadh sé na huiscí sin nimhiúil nó díobhálach d'iasc, do leapacha sceite nó do bhia aon éisc;
folaíonn an abairt “oifigeach don Aire” seirbhíseach don Aire;
ciallaíonn an abairt “bradán nó breac neamhshaosúrach” aon bhradán nó breac atá ar tí sceite, nó atá tar éis sceite agus nach bhfuil tar éis téarnamh ó sceitheadh fós;
ciallaíonn an focal “uiscí” aon abha, loch, sruthchúrsa nó inbhear nó aon chuid den fharraige.
(2) In alt 35 d'Acht 1939 agus in alt 2 d'Acht 1953, ciallaíonn an focal “loch” loch fíoruisce.
Ceantair iascaigh agus toghranna.
3.—(1) Faoi réir orduithe faoi alt 4 Acht seo, beidh gach límistéir a luaitear i gcolún (4) den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag aon uimhir thagartha ina cheantar iascaigh chun críocha na nAcht agus an Achta seo agus aithneofar é faoin uimhir agus faoin ainm a luaitear i gcolúin (2) agus (3) faoi seach den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin.
(2) Faoi réir orduithe faoi alt 4 den Acht seo, beidh gach ceann de na huiscí faoi seach a luaitear i gcolún (6) den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag aon uimhir thagartha, chun críocha na nAcht agus an Achta seo, ina thoghroinn den cheantar iascaigh a luaitear a ainm i gcolún (3) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin, agus aithneofar gach toghroinn díobh sin faoin ainm a luaitear os a coinne i gcolún (5) den Sceideal sin.
3) (a) Cuirfidh an tAire faoi deara go n-ullmhófar léarscála (dá ngairmtear sa bhfo-alt seo na léarscála oifigiúla) a thaispeánfas, ar pé cuma is cuí leis an Aire agus a chuirfeas sé in iúl orthu, tóranta gach ceann faoi seach de na ceantair iascaigh.
(b) Cuirfear séala oifigiúil an Aire ar na léarscála oifigiúla.
(c) Chun críocha aon imeachtaí faoi na hAchta nó faoin Acht seo, beidh na léarscála oifigiúla ina bhfianaise chríochnaitheach maidir le tóranta gach ceantair iascaigh (mar taispeánfar iad ar na léarscála).
(d) Taiscfear na léarscála oifigiúla in Oifig an Aire i mBaile Atha Cliath agus beid ar fáil ansin lena n-iniúchadh in aisce, pé tráth a ordós an tAire, ag aon duine a mbeidh suim aige iontu.
(e) In aon imeachta faoi na hAchta nó faoin Acht seo, beidh léarscáil a dheimhnigh oifigeach don Aire a bheith ina cóip dhílis de na léarscála oifigiúla, nó d'aon chuid díobh, ina fianaise prima facie maidir leis na léarscála oifigiúla nó leis an gcuid sin díobh (do réir mar bheas) agus ní gá cruthú ar shíniú an duine a dheimhnigh an léarscáil sin ná cruthú gurbh oifigeach don Aire é.
Ceantair iascaigh agus toghranna nua a cheapadh.
4.—(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le hordú, aon ní nó nithe acu seo a leanas a dhéanamh—
(a) ceantar iascaigh nua a cheapadh (trí chónascadh, foroinnt nó eile),
(b) toghranna nua a cheapadh (trí chónascadh, fo-roinnt nó eile),
(c) an líon coimeádaithe (nach mó ná naonúr agus nach lú na triúr) a cheapadh a bheas le toghadh d'aon toghroinn nua a ceapfar faoin alt seo.
(2) Aon uair a cheapfas an tAire toghroinn nua le hordú faoin alt seo, féadfaidh sé—
(a) socrú a dhéanamh leis an ordú chun daoine a thoghadh le gníomhú mar choimeádaithe don toghroinn sin go dtí an chéad toghchán cinn trí mblian eile, nó
(b) daoine d'ainmniú le gníomhú mar choimeádaithe don toghroinn sin go dtí an chéad toghchán cinn trí mblian eile.
(3) Aon uair a cheapfas an tAire ceantair iascaigh nua le hordú faoin alt seo, ceapfaidh sé leis an ordú sin tóranta an cheantair iascaigh sin agus cuirfidh sé í gceangal leis an ordú sin léarscáil oiriúnach a thaispeánfas na tóranta sin.
(4) Aon uair a cheapfas an tAire ceantar nua iascaigh le hordú faoin alt seo, féadfaidh sé, leis an ordú céanna nó le hordú ina dhiaidh sin, a ordú go ndéanfar, faoi réir dliteanas an bhoird sin, an t-airgead agus na sócmhainní eile go léir, nó aon chuid shonraithe den chéanna, is le bord coimeádaithe aon cheantar iascaigh lena mbaineann an t-ordú, ar dháta an orduithe, a dhiúscairt ar pé cuma is cuí leis an Aire a ordú agus a shonrú san ordú sin, agus, nuair a déanfar aon ordú den tsórt sin, déanfar an t-airgead agus na sócmhainní eile lena mbaineann sé a dhiúscairt amhlaidh faoi réir na ndliteanas sin.
(5) Aon uair a cheapfas an tAire ceantar iascaigh nua le hordú faoin alt seo, féadfaidh sé, leis an ordú céanna nó le hordú ina dhiaidh sin, socrú a dhéanamh chun an chéad chruinniú den bhord coimeádaithe don cheantar iascaigh nua sin a thionól.
(6) A luaithe is féidir tar éis a dhéanta, foilseofar gach ordú a dhéanfas an tAire faoin alt seo (gan an léarscáil (más ann) i gceangal leis, ach le ráiteas á insint cá bhféadfar an léarscáil sin (más ann) a scrúdú) san Iris Oifigiúil agus i nuachtán nó nuachtáin a léitear sna ceantair iascaigh lena mbaineann an t-ordú, agus déanfar cóip den ordú sin agus den léarscáil (más ann) i gceangal léi a thaisceadh le Cláraitheoir Contae gach contae, agus le Cléireach Cúirte Dúiche gach dúiche, a mbaineann an t-ordú léi nó le haon chuid di, agus i ngach stáisiún Garda Shíochána sna ceantair iascaigh lena mbaineann an t-ordú.
An líon coimeádaithe do na toghranna.
5.—(1) Faoi réir orduithe faoi fho-alt (2) den alt seo, is é an líon coimeádaithe do gach toghroinn ar leith a hainmnítear i gcolún (5) den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo an uimhir atá i gcolún (7) den Sceideal sin os coinne lua na toghroinne sin.
(2) (a) Féadfaidh an tAire, le hordú, aon uair agus gach uair is cuí leis an líon coimeádaithe d'aon toghroinn d'athrú, ach ní déanfar le haon ordú den tsórt sin líon na gcoimeádaithe sin a mhéadú os cionn naonúr ná a laghdú faoi bhun triúr.
(b) Tiocfaidh gach ordú faoin bhfo-alt seo i leith toghroinne i ngníomh ag an gcéad toghchán cinn trí mblian do choimeádaithe don toghroinn sin a bheas ar siúl tar éis dáta an orduithe.
(c) Ní bhainfidh an fo-alt seo le dhá thoghroinn taoide Cheantar Iascaigh Uimh. 8 nó Cheantar Iascaigh Luimnigh.
Leasú ar alt 13 d'Acht 1925.
6.—(1) Cuirfear an fo-alt seo a leanas in ionad fo-ailt (1) d'alt 13 d'Acht 1925—
“(1) Déanfaidh gach bord coimeádaithe, ar an 31ú lá de Nollaig nó roimhe i ngach bliain iascaigh lena mbaineann an t-alt seo, ráta a ghearradh ar gach iascach laistigh dá cheantar iascaigh (a taispeántar sna Liostaí Luachála athscrúdaithe is gá faoi na hAchta Luachála don Choimisinéir Luachála d'eisiúint um an lú lá de Mhárta díreach roimh thosach na bliana iascaigh sin, agus nach bhfuil idirdhealaithe ag an gCoimisinéir Luachála ar na liostaí sin de bhun ailt 2 den Valuation (Ireland) Act, 1854), do réir pé méid faoin gcéad dá luachála is leor, i dteannta an mhéid a meastar d'ioncam eile, faoi chomhair an chaiteachais a meastar a bheas ar an mbord don bhliain iascaigh sin.”
(b) Measfar mír (a) den fho-alt seo a theacht i ngníomh ar thosach feidhme ailt 13 d'Acht 1925.
(2) Cuirfear an fo-alt nua seo a leanas isteach in alt 13 d'Acht 1925—
“(4A) Nuair a ghearrfas bord coimeádaithe ráta faoi fho-alt (1) den alt seo, nó, toisc nár ghearr an bord coimeádaithe an ráta, a ghearrfas an tAire ráta faoi fho-alt (4) den alt seo, in aon bhliain iascaigh do cheantar iascaigh an bhoird choimeádaithe, féadfaidh an bord coimeádaithe nó an tAire claonadh, nach dtabharfaidh difir ar an luach, a dhéanamh ó na sonraí, maidir le hiascach sa cheantar iascaigh sin, sna Liostaí Luachála athscrúdaithe is gá faoi na hAchta Luachála a bheith eisithe ag an gCoimisinéir Luachála um an lú lá de Mhárta díreach roimh thosach na bliana iascaigh sin, do réir mar bheas riachtanach tráth an ráta a leagadh chun a chur ar chumas an bhoird choimeádaithe nó an Aire rátáil bailí a dhéanamh.”
(3) I bhfo-alt (5) d'alt 13 d'Acht 1925—
(a) cuirfear na focail “Gach ráta a gearrfar faoin alt seo” in ionad na bhfocal “Gach ráta a déanfar fén alt so agus gach ráta a bhuailfidh an tAire fén alt so”;
(b) cuirfear na focal “de Lúnasa” in ionad na bhfocal “de Mheán Fhómhair”.
Na luachála a ngearrfar rátaí iascaigh dá réir, agus forála maidir le hachomhairc i gcoinne luachála ar iascaigh.
7.—(1) Nuair a ghearrfas bord coimeádaithe ráta faoi alt 13 d'Acht 1925, nó, toisc nár ghearr an bord coimeádaithe an ráta, a ghearrfas an tAire ráta faoin alt sin, in aon bhliain iascaigh do cheantar iascaigh bhoird choimeádaithe, gearrfaidh an bord coimeádaithe nó an tAire an ráta do réir na luachál atá sa Liosta Luachála athscrúdaithe is gá faoi na hAchta Luachála a bheith eisithe ag an gCoimisinéir Luachála um an lú lá de Mhárta díreach roimh thosach na bliana iascaigh sin, agus féadfaidh an bord coimeádaithe aon tsuim a bheas dlite mar gheall ar aon ráta a gearradh amhlaidh a thobhach, a bhailiú agus a ghnóthú, d'ainneoin aon achomharc nó fógra achomhairc faoi na hAchta Luachála atá ar feitheamh i leith luachála, ach má déantar luacháil aon iascaigh d'athrú ar achomharc ansin—
(a) má laghdaítear an luacháil, aisíocfaidh an bord coimeádaithe aon tsuim a híocadh i leith an ráta de bhreis ar an tsuim a bheadh iníoctha dá mbeadh an luacháil i dtosach mar bhí tar éis a athruithe ar achomharc, agus
(b) má méadaítear an luacháil, féadfaidh an bord coimeádaithe suim a ghnóthú, mar riaráistí ráta, is ionann agus an difríocht idir an tsuim dob iníoctha i leith an ráta a gearradh agus an tsuim a bheadh iníoctha i leith an ráta dá mbeadh an luacháil i dtosach mar bhí tar éis a athruithe ar achomharc.
(2) Measfar fo-alt (1) den alt seo a theacht i ngníomh ar thosach feidhme ailt 13 d'Acht 1925.
Leasú ar rátaí iascaigh.
8.—(1) I gcás ráta iascaigh ar iascach a ghearradh (pé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin é) faoi alt 13 d'Acht 1925 i mbliain iascaigh áirithe, féadfaidh bord coimeádaithe an cheantair iascaigh ina bhfuil suíomh an iascaigh pé leasuithe a dhéanamh ar an ráta is gá chun go gceartófar ainmneacha áititheoirí, míthuairiscí, agus earráidí cléireachais, áirimh agus eile ann, ach ní fhéadfaid sin a dhéanamh tar éis deireadh na bliana iascaigh dar gcionn.
(2) Aon uair a bheartós bord coimeádaithe ráta ar iascach a leasú faoin alt seo—
(a) déanfaidh an bord coimeádaithe fógra faoin leasú a bheas beartaithe a sheirbheáil leis an bpost ar aon duine arb é áititheoir an iascaigh é,
(b) cuirfear in iúl sa bhfógra go bhféadfar agóidí i scríbhinn i gcoinne an leasuithe a bheas beartaithe a chur go dtí an bord coimeádaithe laistigh de sheacht lá tar éis an fógra a chur sa phost,
(c) sara ndéanfar an leasú a bheas beartaithe, breithneoidh an bord coimeádaithe na hagóidí (más ann) a fuarthas de thoradh an fhógra.
(3) Aisíocfaidh bord coimeádaithe pé suimeanna nó tabharfaid pé creidmheasa (do réir mar is gá sa chás) i leith ráta iascaigh, agus beid i dteideal pé suimeanna is iomchuí ó am go ham de thoradh aon leasuithe faoin alt seo a ghnóthú i leith rátaí iascaigh.
Leasú ar alt 95 d'Acht 1939.
9.—I bhfo-alt (6) d'alt 95 d'Acht 1939, cuirfear na focail “de Lúnasa” in ionad na bhfocal “de Mheán Fhomháir”.
Leasú ar alt 24 d'Acht 1935.
10.—In alt 24 d'Acht 1935, cuirfear na focail “sa chuid taoidmhear d'Abhainn na Sionainne” in ionad na bhfocal “in uiscí taoide Abhann na Sionainne do réir bhrí na nAchtanna sin”.
Srianta le heisiúint cheadúnas sruth-lín agus cheadúnas lín tarrainge i gcoda taoidmheara d'aibhneacha ina bhfuil iascach nó cearta iascaireachta ag Bord Soláthair an Leictreachais.
11.—(1) San alt seo ciallaíonn an abairt “an chuid taoidmhear d'abhainn lena mbaineann an t-alt seo”—
(a) an chuid taoidmhear d'Abhainn na Sionainne,
(b) an chuid taoidmhear d'aon abhainn a bhfuil iascach nó ceart iascaireachta inti faighte ag Bord Soláthair an Leictreachais faoi Chuid III d'Acht 1945 (Uimh. 12 de 1945).
(2) Féadfaidh an tAire, más cuí leis é, na nithe seo a leanas a dhéanamh maidir leis an gcuid taoidmhear d'abhainn lena mbaineann an t-alt seo—
(a) rialacháin a dhéanamh a fhorordós an méid uasta ceadúnas le haghaidh iascaireachta le sruth-líonta ann (nach raghaidh thar seachtó ceadúnas i gcás Abhann na Sionainne) is cead d'eisiúint in aon bhliain ina dtosnóidh an saosúr oscailte le haghaidh na hiascair eachta sin tar éis dáta na rialachán sin;
(b) rialacháin a dhéanamh a fhorordós an méid uasta ceadúnas le haghaidh iascaireachta le líonta tarrainge ann (nach raghaidh thar cúig is fiche ceadúnas i gcás Abhann na Sionainne) is cead d'eisiúint in aon bhliain ina dtosnóidh an saosúr oscailte le haghaidh na hiascaireachta sin tar éis dáta na rialachán sin;
(c) rialacháin a dhéanamh maidir le heisiúint cheadúnas den tsórt a luaitear i mír (a) nó (b) den fho-alt seo d'fhonn go dtabharfar do dhaoine ag a raibh ceadúnais sruth-líonta nó ceadúnais líonta tarrainge (pé acu é) den tsórt sin sa bhliain roimh dháta na rialachán faoi mhír (a) nó (b) den fho-alt seo, ceart tosaíochta chun ceadúnais sruth-líonta nó ceadúnais líonta tarrainge (pé acu é) den tsórt sin a cheannach roimh thosach aon tsaosúir oscailte le haghaidh iascaireachta faoi na ceadúnais sin a gcuireann na rialacháin deiridh sin a luaitear tórainn leis an méid ceadúnas den tsórt sin ina leith.
(3) Aon uair a dhéanfas an tAire, faoin alt seo, rialacháin a fhorordós an méid uasta ceadúnas d'aon chinéal áirithe is cead d'eisiúint maidir leis an gcuid taoidmhear d'aon abhainn áirithe in aon tsaosúr oscailte áirithe, ní déanfar níos mó de na ceadúnais sin d'eisiúint maidir leis an gcuid taoidmhear sin in aon tsaosúr oscailte den tsórt sin ná an méid uasta a forordófar amhlaidh.
(4) Aon uair a ciontófar duine i gcion faoi na nAchta nó faoin Acht seo, ní bheidh an duine sin i dteideal aon chirt tosaíochta chun ceadúnas d'fháil faoin alt seo.
(5) Mura ndéantar nó go dtí go ndéanfar rialacháin faoi fho-alt (2) den alt seo maidir leis an gcuid taoidmhear d'Abhainn na Sionainne, leanfaidh forála fo-ailt (1) d'ailt 23 (a hathghairmtear leis an Acht seo) d'Acht 1935 i bhfeidhm d'ainneoin na hathghairme sin, agus, chun críocha an ailt seo, measfar gur le rialacháin faoi mhíreanna (a) agus (b) d'fho-alt (2) den alt seo a rinneadh na forála sin.
(6) Leanfaidh Rialacháin Uiscí Taoide Abhann na Sionainne (Ceadúnaisí Iascaigh a Thabhairt Amach), 1935 (R. & O. R., Uimh. 664 de 1935), a rinneadh faoi fho-alt (2) d'alt 23 (a hathghairmtear leis an Acht seo) d'Acht 1935 de bheith i bhfeidhm, d'ainneoin na hathghairme sin, agus measfar gur faoi mhír (c) d'fho-alt (2) den alt seo a rinneadh na rialacháin sin.
Srian le líonta a shealbhú, etc.
12.—(1) Má bhíonn ag aon duine ina sheilbh nó faoina urláimh in aon uiscí nó ar bhruach, nó in aice le bruach, aon uiscí—
(a) aon líon a bhfuil sé toirmiscthe le haon fhorál (seachas alt 35 d'Acht 1939) de na hAchta nó le haon fho-dhlí fúthu é d'úsáid sna huiscí sin chun iasc a ghabháil, nó
(b) aon uirlis (seachas líon) nó mealladh nó baoite a bhfuil sé toirmiscthe, le haon fhoráil de na hAchta nó le haon fho-dhlí fúthu, é d'úsáid chun iasc a thógáil sna huiscí sin,
beidh an duine sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo
(2) Má bhíonn ag aon duine ina sheilbh nó faoina urláimh, i loch fíoruisce nó in aice nó sa chuid fíoruisce nó ina haice d'aon abhainn, aon líon a bheas déanta nó gléasta i gcaoi gur féidir é d'úsáid chun iasc a ghabháil, le hintinn é d'úsáid contrártha d'alt 35 d'Acht 1939, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo.
(3) Duine ar bith a bheas ciontach i gcion faoi fho-alt (1) nó (2) den alt seo, dlífear ar a chiontú ann go hachomair fíneáil nach mó ná cúig puint fhichead a chur air nó, de roghain na Cúirte, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná sé mhí.
(4) I gcás duine a chiontú i gcion faoi fho-alt (1) nó (2) den alt seo beidh an líon, nó an uirlis, an mealladh nó an baoite eile a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim ciontuithe.
(5) Más rud é—
(a) go gcúiseofar duine i gcion faoi fho-alt (2) den alt seo maidir le líon a bheith ina sheilbh nó faoina urláimh aige, agus
(b) go gcruthófar go bhfuarthas an líon sin ina sheilbh nó faoina urláimh i loch fíoruisce nó in aice nó sa chuid fíoruisce, nó in aice na coda fíoruisce d'aon abhainn,
toimhdeofar go raibh an líon sin ina sheilbh nó faoina urláimh aige le hintinn é d'úsáid sa loch fíoruisce sin nó sa chuid fíoruisce den abhainn sin contrártha d'alt 35 d'Acht 1939 mura sásaí, agus go dtí go sásóidh sé, an chúirt gurb amhlaidh a bhí, an tráth a líomhantar a rinneadh an cion,—
(i) go raibh ar intinn aige, agus go raibh sé i dteideal, an líon sin d'úsáid ar mhodh a thig faoi réim eisceachta dá luaitear maidir le líon dá shamhail i bhfo-alt (1) d'alt 35 d'Acht 1939, nó, más líon tarrainge é, ar mhodh a ceadaítear le fo-dhlithe a rinneadh faoi alt 2 d'Acht 1953, nó
(ii) má fuarthas an líon sin ina sheilbh nó faoina urláimh in aice leis an tórainn idir an chuid taoidmhear agus an chuid fíoruisce den abhainn sin, gur shealbhóir é ar cheadúnas chun an líon sin d'úsáid sa cheantar iascaigh ina bhfuil an abha sin agus go raibh ar intinn aige, agus go raibh sé i dteideal, an líon sin d'úsáid sa chuid taoidmhear den abhainn sin.
Díolúine faoi alt 4 den Salmon Fishery (Ireland) Act, 1869, a chúlghairm.
13.—Féadfaidh an tAire díolúine a deonadh faoi alt 4 den Salmon Fishery (Ireland) Act, 1869, a chúlghairm.
An tráth coiscthe seachtainiúil in aibhneacha ina bhfuil iascach nó ceart iascaireachta ag Bord Soláthair an Leictreachais.
14.—(1) Baineann an t-alt seo le haon abhainn ina bhfuil iascach nó ceart iascaireachta ag Bord Soláthair an Leictreachais.
(2) Sna hAchta, faoi réir fo-ailt (3) den alt seo, ciallaíonn an abairt “an tráth coiscthe seachtainiúil” maidir le haon abhainn lena mbaineann an t-alt seo an tréimhse dar tosach a 6 a chlog a.m. Dé Sathairn agus dar críoch a 6 a chlog a.m. an Luan díreach ina dhiaidh sin.
(3) Féadfaidh an tAire athrú mar is cuí leis a dhéanamh, le rialacháin, ar an tráth coiscthe seachtainiúil a socraítear le fo-alt (2) den alt seo i leith aon abhann lena mbaineann an t-alt seo, ach ní dhéanfaidh sé, le haon rialacháin den tsórt sin, an tráth coiscthe seachtainiúil sin a mhéadú thar seachtó is dhá uair a chloig ná é a laghdú faoi bhun dachad is ocht n-uaire a chloig.
Pionóis mar gheall ar bhradáin nó bric neamhshaosúracha a thógáil, etc.
15.—(1) Aon duine a thógfas, a mharós nó a dhítheos aon bhradán nó breac neamhshaosúrach beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint fhichead a chur air agus fíneáil bhreise nach mó ná dhá phunt in aghaidh gach bradáin nó bric den tsórt sin a thóg nó a mharaigh nó a dhíthigh sé nó, de roghain na cúirte, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná sé mhí.
(2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh aon bhradán nó breac a ndearnadh ar cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim ciontuithe.
(3) Má cúisítear duine faoi bhradán nó breac a thógáil contrártha don alt seo, is cosaint mhaith a chruthú gur go tionóisceach a tógadh an bradán nó an breac sin agus gur cuireadh ar ais san uisce é, gan aon díobháil a dhéanamh dhó, díreach tar éis a thógála.
Pionóis mar gheall ar bhradáin nó bric atá neamhshaosúrach nó a gabhadh go mídhleathach a cheannach, a dhíol, etc., nó a shealbhú.
16.—(1) (a) Aon duine a cheannós, a dhíolfas, a thaispeánfas chun a dhíolta, nó a choimeádfas chun a dhíolta nó a mbeidh ina sheilbh nó faoina urláimh aige aon bhradán nó breac neamhshaosúrach, beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo.
(b) Má déantar duine, ar carraera coiteann é, a chúisiú faoin bhfo-alt seo i gcion faoi go raibh aon bhradán nó breac neamhshaosúrach ina sheilbh nó faoina urláimh aige, is cosaint mhaith ar an gcúiseamh sin a chruthú gur mar charraera coiteann, agus mar sin amháin, a bhí an bradán nó an breac sin ina sheilbh aige.
(2) (a) Aon duine a cheannós, a dhíolfas, a thaispeánfas chun a dhíolta, nó a choimeádfas chun a dhíolta nó a mbeidh ina sheilbh nó faoina urláimh aige aon bhradán nó breac a gabhadh go neamhdhleathach, beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo.
(b) In aon imeachta faoin bhfo-alt seo i gcoinne duine is ar an duine sin a bheas sé de dhualgas a chruthú gur go dleathach a gabhadh an bradán nó an breac is ábhar do na himeachta sin.
(c) Má déantar duine, ar carraera coiteann é, a chúisiú faoin bhfo-alt seo i gcion faoi go raibh aon bhradán nó breac, a gabhadh go neamhdhleathach, ina sheilbh nó faoine urláimh aige, is cosaint mhaith ar an gcúiseamh sin an duine sin do chruthú—
(i) gur mar charraera coiteann, agus mar sin amháin, a bhí an bradán nó an breac sin ina sheilbh nó faoina urláimh aige, agus
(ii) an tráth a ghlac sé an bradán nó an breac sin lena iompar, gur thug an coinsíneoir dó deimhniú i pé foirm a bheas ordaithe ag an Aire ó am go ham, arna shíniú ag an gcoinsíneoir sin, nó ag duine d'údaraigh sé chuige sin, á dheimhniú gur go dleathach a gabhadh an bradán nó an breac sin.
(d) Más rud é—
(i) go gcúiseofar duine i gcion faoin bhfo-alt seo maidir le bradán, agus
(ii) go gcruthóidh sé gur gabhadh an bradán le slat agus ruaim in áit áirithe le linn tréimhse seachas an saosúr coiscthe bliantúil le haghaidh duántachta bradán san áit sin, agus
(iii) go gcruthóidh sé gur shealbhóir ar cheadúnas chun bradáin d'iascach le slat agus ruaim a ghabh an bradán, agus
(iv) go gcruthóidh sé gur go dleathach ar gach slí eile a gabhadh an bradán,
díbhfear an cúiseamh i gcoinne an duine sin.
(e) Más rud é—
(i) go gcúiseofar duine i gcion faoin bhfo-alt seo maidir le breac, agus
(ii) go gcruthóidh sé gur gabhadh an breac le slat agus ruaim in áit áirthe le linn tréimhse seachas an saosúr coiscthe bliantúil le haghaidh duántachta breac san áit sin, agus
(iii) má bhí sé toirmiscthe an breac a ghabháil amháin do réir ceadúnais chun bric d'iascach le slat agus ruaim, go gcruthóidh sé gur shealbhóir ar cheadúnas den tsórt sin a ghabh an breac, agus
(iv) go gcruthóidh sé gur dleathach ar gach slí eile a gabhadh an breac,
díbhfear an cúiseamh ina choinne.
(f) Más rud é—
(i) go gcúiseofar duine i gcion faoin bhfo-alt seo faoi gur cheannaigh sé nó go raibh ina sheilbh nó faoina urláimh aige aon bhradán nó breac a gabhadh go neamhdhleathach, agus
(ii) go gcruthóidh sé gur cheannaigh sé an bradán nó an breac ó shealbhóir ar cheadúnas (nua nó athnuaite) díolta bradán agus breac a heisíodh faoi alt 17 d'Acht 1925 agus a bhí i bhfeidhm ar an dáta a cheannaigh sé é agus gur ceannaíodh amhlaidh é in áit a bheas sonraithe sa cheadúnas,
díbhfear an cúiseamh i gcoinne an duine sin.
(3) Duine ar bith a dhéanfas, i ndeimhniú faoina shíniú a seachadfar do charraera coiteann faoi fho-mhír (ii) de mhír (c) d'fho-alt (2) den alt seo, aon ráiteas atá bréagach, beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo.
(4) Gach duine a bheas ciontach i gcion faoi fho-alt (1), (2) nó (3) den alt seo, dlífear, ar a chiontú ann go hachomair, fíneáil nach mó ná cúig puint fhichead a chur air, maraon le fíneáil bhreise nach mó ná dhá phunt in aghaidh gach bradáin nó bric a ndearnadh an cion ina leith nó, de roghain na Cúirte, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná sé mhí.
(5) Nuair a ciontófar duine i gcion faoi fho-alt (1) nó (2) den alt seo, beidh aon bhradán nó breac a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim ciontuithe.
Leasú ar alt 12 d'Acht 1933 agus dá thoradh sin ar alt 8 d'Acht 1937.
17.—(1) I bhfo-alt (2) d'alt 12 d'Acht 1933, cuirfear na focail “luach measta nithe (más aon ní é) a forghéilleadh” roimh na focail “agus costaisí an chúisitheora”.
(2) I bhfo-alt (2) d'alt 8 d'Acht 1937, déanfar an tagairt d'alt 12 d'Acht 1933 d'fhorléiriú mar thagairt don alt sin arna leasú le fo-alt (1) den alt seo.
Aisghabháil seilbhe ar earraí a forghéilleadh faoi Acht 1933 nó Acht 1937.
18.—(1) Más rud é—
(a) go n-ordóidh cúirt, faoi Acht 1933, go bhforghéillfear aon earra ar bord báid, nó go mbeidh sí, faoi Acht 1933 nó Acht 1937, ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim ciontuithe ag cúirt, agus
(b) go gcoimeádfar an bád faoi choinneáil faoi Acht 1933 nó Acht 1937,
féadfaidh an Chúirt, ar iarratas an inchúisitheora, a údarú d'oifigeach caomhanta iascaigh mhara, le hordú chun an oifigigh sin, an bád a choinneáil go dtí go ngabhfar seilbh ar an earra fhorghéillte, agus féadfar an bád sin a choinneáil dá réir sin.
(2) (a) Sa bhfo-alt seo ciallaíonn an focal “máistir”, maidir le bád, aon duine atá i gceannas nó i gcúram an bháid.
(b) Nuair a déanfar earra ar bord báid d'fhorghéilleadh faoi Acht 1933 nó Acht 1937, féadfaidh oifigeach caomhanta iascaigh mhara a iarraidh ar mháistir an bháid pé saoráidí a chur ar fáil (lena n-áirítear an bád d'aistriú ó áit go háit agus nithe a dhéanamh ar an mbád, ar a trealamh nó ar a hinneallra nó le haon ní díobh sin) a iarrfas an t-oifigeach caomhanta iascaigh mhara sin go réasúnach chun go bhféadfaidh sé seilbh a ghabháil ar an earra.
(c) Má fhaillíonn nó má dhiúltaíonn máistir báid déanamh do réir iarratais faoi mhír (b) den fho-alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.
(3) Aon duine a choiscfeas nó a bhacfas go toiliúil oifigeach caomhanta iascaigh mhara le linn dó-san bheith ag gabháil seilbhe ar aon earra a forgéilleadh faoi Acht 1933 nó Acht 1937, beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus, ar a chiontú ann go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air nó, de roghain na cúirte, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná trí mhí.
Feidhm ag ailt 1, 2 agus 3 den Mussels, Periwinkles and Cockles (Ireland) Act, 1898, maidir le maothaigh (ach amháin oisrí).
19.—(1) San alt seo ciallaíonn an abairt “Acht 1898” an Mussels, Periwinkles and Cockles (Ireland) Act, 1898.
(2) Beidh feidhm ag ailt 1, 2 agus 3 d'Acht 1898 leis na maothaigh uile (ach amháin oisrí).
(3) Chun lán-éifeacht a thabhairt d'fho-alt (2) den alt seo—
(a) in alt 1 d'Acht 1898 cuirfear na focail “the mollusc (other than oyster) fisheries” in ionad na bhfocal “the mussel, periwinkle and cockle fisheries”;
(b) in ailt 2 agus 3 d'Acht 1898 cuirfear na focail “molluscs (other than oysters) of the kind specified in the byelaw” in ionad na bhfocal “mussels, periwinkles or cockles”, mar a bhfuil na focail deiridh sin.
Leasú ar alt 24 d'Acht 1925.
20.—(1) Cuirfear an mhír seo a leanas in ionad míre (a) d'fho-alt (1) d'alt 24 d'Acht 1925—
“(a) aon duine a stopadh agus a chuardach atá, nó a bhfuiltear in amhras é a bheith, ag iompar éisc d'aon tsaghas nó aon uirlise nó substainte a húsáidtear nó atá oiriúnaithe chun iasc a thógáil go neamhdhleathach, agus aon iasc, uirlis nó substaint d'iniúchadh a gheofar ar iompar ag an duine sin agus chun na críche sin aon fheithicil nó pacáiste d'oscailt agus a chuardach a mbeidh nó a bhféadfadh go mbeadh nó a gcreidfear go bhfuil aon iasc, uirlis nó substaint ar iompar ann;”
(2) Cuirfear na fo-ailt seo a leanas in ionad fo-alt (3) agus (4) d'alt 24 d'Acht 1925—
“(3) Más rud é—
(a) go gcoinneoidh oifigeach údaraithe aon iasc faoina choimeád faoin alt seo, agus
(b) gur dóigh go mbeidh an t-iasc sin neamhoiriúnach mar bhia do dhaoine sara mbeidh sé caothúil ag aon Chúirt an cás a thriail,
bhéarfaidh sé an t-iasc sin ar aird d'Fheadhmannach Síochána agus air sin beidh feidhm ag na forála seo a leanas—
(i) más é tuairim an Fheadhmannaigh Shíochána gur chóir an t-iasc sin a dhíthiú, ordóidh sé don oifigeach údaraithe sin an t-iasc sin a dhíthiú, agus dítheofar an t-iasc sin dá réir sin,
(ii) murab é sin tuairim an Fheadhmannaigh Shíochána, ordóidh sé don oifigeach údaraithe sin an t-iasc sin a dhíol, agus díolfar an t-iasc sin dá réir sin.
(4) Aon ordú a bhéarfas Feadhmannach Síochána faoi fho-alt (3) den alt seo á ordú d'oifigeach údaraithe iasc a dhíthiú nó a dhíol—
(a) beidh sé i scríbhinn,
(b) beidh sé i pé foirm a ordós an tAire,
(c) bhéarfaidh sé tuairisc ar an iasc sin agus ar aon mharcanna, sainchomharthaí nó sonraí eile ina thaobh a thaispeáin an t-oifigeach údaraithe sin don Fheadhmannach Síochána sin,
(d) beidh sé ina fhianaise dhochloíte i ngach Cúirt ar na fíorais a bheas luaite ann.”
Cionta a thriail.
21.—I gcás ina ndearnadh, nó ina líomhantar go ndearnadh, cion faoi na hAchta nó faoin Acht seo in aon uiscí nó ar aon uiscí atá mar thórainn idir dhá Dhúthaigh nó níos mó a bunaíodh chun críocha na Cúirte Dúiche, ansin, d'ainneoin ailt 79 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 (Uimh. 10 de 1924), féadfar imeachta i leith an chiona a thionscnamh, d'éisteacht agus a chinneadh os comhair aon Bhreithimh Dúiche, agus ag aon Bhreitheamh Dúiche, atá sannta de thuras na huaire d'aon cheann de na Dúthaí sin agus féadfar i bhfaisnéis nó i dtoghairm a líomhnadh agus a rá go ndearnadh an cion sin sa Dúthaigh ina bhfuil beartaithe na himeachta a thionscnamh.
Usáid an fháltais as díol éisc de bhun orduithe faoi alt 24 (3) d'Acht 1925.
22.—(1) Nuair a díolfar aon iasc de bhun orduithe faoi fho-alt (3) d'alt 24 d'Acht 1925, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—
(a) Más rud é—
(i) go dtionscnófar imeachta go cuí i gcoinne aon duine á chúiseamh i gcion faoi na hAchta maidir leis an iasc sin, agus
(ii) go gciontófar an duine sin sa chion, agus
(iii) go mbeadh an t-iasc sin, mura mbeadh gur díoladh é, ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim ciontuithe,
déanfar an glan-fháltas as an díol sin d'íoc isteach sa Stát-Chiste nó a chur chun tairbhe dó mar ordós an tAire Airgeadais;
(b) in aon chás eile déanfar an glan-fháltas sin d'íoc le húnaer an éisc sin ar é dá éileamh;
(c) más do réir míre (a) den fho-alt seo a déanfar leis an nglan-fháltas sin, ansin—
(i) i gcás ina bhfeicfear don Aire go ndearna comhalta den Gharda Síochána an t-iasc sin a choinneáil faoi alt 24 d'Acht 1925, íocfar—
(I) le bord coimeádaithe an cheantair iascaigh ina ndearnadh an cion, suim is ionann agus dhá dtrian an ghlan-fháltais sin, agus
(II) le Ciste Luaíochta an Gharda Shíochána, suim is ionann agus trian an ghlan-fháltais sin,
(ii) in aon chás eile íocfar leis an mbord coimeádaithe sin suim is ionann agus an glan-fháltas sin.
(2) Déanfaidh an tAire an t-airgead go léir is iníoctha faoi mhír (c) d'fho-alt (1) den alt seo d'íoc, pé trátha is cuí leis, as airgead a sholáthrós an tOireachtas.
Iascaigh áirithe i gCeantar Mhagh Bhile d'eisiamh ón Acht Maoine Stáit, 1954.
23.—Chun deireadh a chur le hamhrais, dearbhaítear leis seo go measfar nach talamh Stáit chun críocha Coda II den Acht Maoine Stáit, 1954 (Uimh. 25 de 1954), aon iascach laistigh de cheantar Mhagh Bhile, mar mínítear sin le fo-alt (1) d'alt 2 d'Acht Iascaigh an Fheabhail, 1952 (Uimh. 5 de 1952), a dílsíodh san Aire agus in Aireacht Tráchtála Thuaisceart Éireann faoi alt 8 den Acht sin.
Ordú faoi alt 19 d'Acht 1935 a choimeád i bhfeidhm.
24.—Aon ordú a rinneadh faoi alt 19 (a hathghairmtear leis an Acht seo) d'Acht 1935, agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh an Acht seo a rith, leanfaidh sé i bhfeidhm d'ainneoin na hathghairme sin agus measfar gur faoi alt 3 d'Acht 1953 a rinneadh é.
Athghairm.
25.—Déantar leis seo na hachtacháin a sonraítear sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm a mhéid a sonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin.
Gearrtheideal agus comhlua.
26.—(1) Féadfar an tAcht Iascaigh (Athscrúdú an Dlí Reachtúil), 1956, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchta Iascaigh, 1842 go 1956, a ghairm de na hAchta agus den Acht seo le chéile.
AN CHEAD SCEIDEAL.
Ceantair Iascaigh, Toghranna agus an Líon Coimeádaithe do gach Toghroinn Cheantair.
|
|
|
|
|
| An líon coimeádaithe do gach toghroinn cheantair. |
Uimh. Thag. | Uimh. an cheantair iascaigh. | Ainm an cheantair iascaigh. | An límistéir atá sa cheantar iascaigh. | Ainm na dtoghranna ceantair sa cheantar iascaigh. | Na huiscí atá i ngach toghroinn cheantair. | |
(1) | (2) | (3) | (4) | (5) | (6) | (7) |
1 | Uimh. 1 | Ceantar Bhaile Atha Cliath. | An límistéir arb é atá ann— (a) iomlán na farraige agus na taoide-chonaire feadh an chósta idir na pointí seo a leanas, eadhon, an pointe is sia soir ar Rubha-Oileán, Sceirí, contae Bhaile Atha Cliath, agus Ceann Chill Mhantáin, contae Chill Mhantáin, agus timpeall ar aon oileáin nó carraigeacha amach ón gcósta idir na pointí sin, agus (b) iomlán na n-aibhneacha agus na loch gona suainmheacháin faoi seach a shníos amach sa taoide-chonair idir na pointí sin, agus an talamh a shileas siad sin. | Toghroinn Thaoide “A” de Cheantar Bhaile Atha Cliath. | Na huiscí uile (ach amháin na coda fíoruisce dhíobh) i gceantar Bhaile Atha Cliath. | Triúr. |
Toghroinn Fhíoruisce “B” de Cheantar Bhaile Atha Cliath.
| Na coda fíoruisce uile do na huiscí atá i gCeantar Bhaile Atha Cliath.
| Triúr.
| ||||
2 | Uimh. 2 | Ceantar Loch Garman. | An límistéir arb é atá ann— (a) iomlán na farraige agus na taoide-chonaire feadh an chósta idir na pointí seo a leanas, eadhon, Ceann Chill Mhantáin, contae Chill Mhantáin, agus Báigh na Tíníleach, contae Loch Garman, agus timpeall ar aon oileáin nó carraigeacha amach ón gcósta idir na pointí sin, agus (b) iomlán na n-aibhneacha agus na loch gona suainmheacháin faoi seach a shníos amach sa taoide-chonair idir na pointí sin, agus an talamh a shileas siad. | Toghroinn Thaoide “A” de Cheantar Loch Garman. | Na huiscí uile (ach amháin na coda fíoruisce dhíobh) atá i gCeantar Loch Garman. | Seisear. |
Toghroinn Fhíoruisce “B” de Cheantar Loch Garman.
| Na coda fíoruisce uile de na huiscí atá i gCeantar Loch Garman.
| Seisear.
| ||||
3 | Uimh. 3 | Ceantar Phortláirge. | An límistéir arb é atá ann— (a) iomlán na farraige agus na taoide-chonaire feadh an chósta idir na pointí seo a leanas, eadhon, Báigh na Tiníleach, contae Loch Garman, agus Ceann Heilbhic, contae Phortláirge agus timpeall ar aon oileáin nó carraigeacha amach ón gcósta idir na pointí sin, agus (b) iomlán na n-aibhneacha agus na loch gona suainmheacháin faoi seach a shníos amach sa taoide-chonair idir na pointí sin, agus an talamh a shileas siad. | Toghroinn Thaoide “A” de Cheantar Phort. láirge. | Na huiscí uile i gCeantar Phortláirge ach amháin (a) na coda fíoruisce de na huiscí sin, agus (b) na huiscí atá i dToghranna Ceantair Thaoide “B” agus “C” de Cheantar Phortláirge. | Seisear. |
Toghroinn Cheantair Thaoide “B” de Cheantar Phortláirge. | Na huiscí uile arb é atá iontu— (a) na coda taoide uile agus faoi seach den Bhearbha agus den Fheoir. (b) comhchonair thaoide na Bearbha agus na Feoire suas ó line dhíreach a tarraingeofaí ón bpointe is sia soir i mbaile fearainn Dhroim Domhnaigh Uachtair, contae Chill Choinnigh, trí phointe na Síge, contae Phortláirge, agus a sínfí chun go dteagmhódh le cladach Loch Garman ag baile fearainn na hEaige, contae Loch Garman, agus (c) na coda taoide d'aon aibhneacha atá i gceangal leis na coda taoide sin den Bhearbha agus den Fheoir agus leis an gcomhchonair thaoide sin. | Triúr. | ||||
Toghroinn Thaoide “C” de Cheantar Phortláirge. | Na huiscí uile atá sna coda taoide uile agus faoi seach den tSiúir gona suainmheacháin suas ó líne dhíreach a tarraingeofaí mar adúradh. | Triúr. | ||||
Toghroinn Fhíoruisce “D” de Cheantar Phortláirge. | Na huiscí uile atá sna coda fíoruisce— (a) den tSiúir gona suainmheacháin. (b) de na haibhneacha, agus na locha uile gona suainmheacháin a shníos amach i gcomhchonair thaoide na Siúire, na Feoire agus na Bearbha, agus (c) na haibhneacha agus na locha uile gona suainmheacháin a shníos amach sa bhfarraige idir Ceann Heilbhic, contae Phortláirge agus Ceann Rua, contae Phortláirge. | Triúr. | ||||
Toghroinn Fhíoruisce “E” de Cheantar Phortláirge. | Na huiscí uile sna coda fíoruisce— (a) den Bhearbha gona suainmheacháin, (b) de na haibhneacha agus na locha uile go na suainmheacháin a shníos ón taobh thoir amach i gcomhchonair thaoide na Bearbha agus na Feoire, agus (c) de na haibhneacha agus na locha uile gona suainmheacháin a shníos amach sa taoide-chonair idir Báigh na Tínileach, agus Rinn Dubháin, contae Loch Garman. | Triúr. | ||||
Toghroinn Fhíoruisce “F” de Cheantar Phortláirge. | Na huiscí uile atá sna coda fícruisce— (a) den Fheoir gona suainmheacháin, agus (b) de na haibhneacha, agus na locha uile gona suainmheacháin a shníos ón taobh thiar amach i gcomhchonair thaoide na Bearbha agus na Feoire. | Triúr. | ||||
4 | Uimh. 4 | Ceantar Leasa Móire. | An límistéir arb é atá ann— (a) iomlán na farraige agus na taoide-chonaire feadh an chósta idir na pointí seo a leanas, eadhon, Ceann Heilbhic, contae Phortláirge agus piara Bhaile Choitín, contae Chorcaighe, agus timpeall ar aon oileáin nó carraigeacha amach ón gcósta idir na pointí sin, agus (b) iomlán na n-aibhneacha, agus na loch gona suainmheacháin faoi seach a shníos amach sa taoide-chonair idir na pointí sin, agus an talamh a shileas siad. | Toghroinn Thaoide “A” de Cheantar Leasa Móire. | Na huiscí uile (ach amháin na coda fíoruisce dhíobh) atá i gCeantar Leasa Móire. | Seisear. |
Toghroinn Fhíoruisce “B” de Cheantar Leasa Móire.
| Na coda fíoruisce uile de na huiscí atá i gCeantar Leasa Móire.
| Seisear.
| ||||
5 | Uimh. 5 | Ceantar Chorcaighe. | An límistéir arb é atá ann— 1. Límistéir Phiara Bhaile Choitín—Ceann an Bharraigh, is é sin le rá— | Toghroinn Thaoide “A” de Cheantar Chorcaighe. | Na huiscí uile (ach amháin na coda fíoruisce dhíobh) atá i Límistéir Phiara Bhaile Choitín —Ceann an Bharraigh. | Ceathrar. |
|
|
| (a) iomlán na farraige agus na taoide-chonaire feadh an chósta idir na pointí seo a leanas, eadhon, Piara Bhaile Choitín, contae Chorcaighe, agus Ceann an Bharraigh, contae Chorcaighe, agus timpeall ar aon oileáin nó carraigeacha amach ón gcósta idir na pointí sin, agus | Toghroinn Thaoide “B” de Cheantar Chorcaighe. | Na huiscí uile (ach amháin na coda fíoruisce dhíobh) atá i Límistéir Cheann an Bharraigh —Dún Déide. | Triúr. |
|
|
| (b) iomlán na n-aibhneacha agus na loch gona suainmheacháin uile agus faoi seach a shníos amach sa taoidechonair idir na pointí sin, agus an talamh a shileas siad; | Toghroinn Thaoide “C” de Cheantar Chorcaighe. | Na huiscí uile (ach amháin na coda fíoruisce dhíobh) atá i Límistéir Dhún Déide—Carn Uí Néid. | Triúr. |
2. Límistéir Cheann an Bharraigh—Dún Déide, is é sin le rá— (a) iomlán na farraige agus na taoide-chonaire feadh an chósta idir na pointí seo a leanas, eadhon, Ceann an Bharraigh, contae Chorcaighe agus Dún Déide, contae Chorcaighe agus timpeall ar aon oileáin nó carraigeacha amach ón gcósta idir na pointí sin, agus | Toghroinn Thaoide “D” de Cheantar Chorcaighe. | Na huiscí uile (ach amháin na coda fíoruisce dhíobh) atá i Límistéir Charn Uí Néid—Corr Rubha. | Triúr. | |||
(b) iomlán na n-aibhneacha agus na loch gona suainmheachán uile agus faoi seach a shníos amach sa taoidechonair idir na pointí sin, agus an talamh a shileas siad; 3. Límistéir Dhún Déide—Carn Uí Néid, is é sin le rá— | Toghroinn Fhíoruisce “E” de Cheantar Chorcaighe. | Na coda fíoruisce uile de na huiscí atá i Límistéir Phiara Bhaile Choitín —Ceann an Bharraigh. | Ceathrar. | |||
|
|
| ||||
(a) iomlán na farraige agus na taoide-chonaire feadh an chósta idir na pointí seo a leanas, eadhon, Dún Déide, contae Chorcaighe agus Carn Uí Néid, contae Chorcaighe, agus timpeall ar aon oileáin nó carraigeacha amach ón gcósta idir na pointí sin, agus (b) iomlán na n-aibhneacha agus na loch gona suainmheacháin a shníos amach sa taoide-chonair idir na pointí sin, agus an talamh a shileas siad, agus | Toghroinn Fhíoruisce “F” de Cheantar Chorcaighe. | Na coda fíoruisce uile de na huiscí atá i Límistéir Cheann an Bharraigh— Dún Déide. | Triúr. | |||
Toghroinn Fhíoruisce “G” de Cheantar Chorcaighe. | Na coda fíoruisce uile de na huiscí atá i Límistéir Dhún Déide—Carn Uí Néid. | Triúr. | ||||
4. Límistéir Charn Uí Néid— Corr Rubha, is é sin le rá— | ||||||
(a) iomlán na farraige agus na taoide-chonaire feadh an chósta idir na pointí seo a leanas, eadhon, Carn Uí Néid, contae Chorcaighe, agus Corr Rubha, contae Chorcaighe agus timpeall ar aon oileáin nó carraigeacha amach ón gcósta idir na pointí sin, agus (b) iomlán na n-aibhneacha agus na loch gona suainmheacháin uile agus faoi seach a shníos amach sa taoide-chonair idir na pointí sin, agus an talamh a shileas siad. | Toghroinn Fhíoruisce “H” de Cheantar Chorcaighe. | Na coda fíoruisce uile de na huiscí atá i Límistéir Charn Uí Néid—Corr Rubha. | Triúr. | |||
6 | Uimh. 7 | Ceantar Chiarraighe. | An límistéir arb é atá ann— 1. Límistéir Chorr Rubha— Ceann an Uain, is é sin le rá— (a) iomlán na farraige agus na taoide-chonaire idir na pointí seo a leanas, eadhon, Corr Rubha, contae Chorcaighe agus Ceann an Uain, contae Chiarraighe, agus timpeall ar aon oileáin nó carraigeacha amach ón gcósta idir na pointí sin, agus | Toghroinn Thaoide “A” de Cheantar Chiarraighe. | Na huiscí uile (ach amháin na coda fíoruisce dhíobh atá i Limistéir Chorr Rubha—Ceann an Uain. | Triúr. |
|
|
| ||||
(b) iomlán na n-aibhneacha agus naloch gona suainmheacháin uile agus faoi seach a shníos isteach sa thaoide-chonair idir na pointí sin, agus an talamh a shileas siad. | Toghroinn Thaoide “B” de Cheantar Chiarraighe. | Na huiscí uile (ach amháin na coda fíoruisce dhíobh) atá i Límístéir Cheann an Uain—Faill Fhiadh. | Triúr. | |||
2. Límistéir Cheann an Uain— Faill Fhiadh, is é sin le rá— (a) iomlán na farraige agus na taoide-chonaire idir na pointí seo a leanas, eadhon, Ceann an Uain contae Chiarraighe agus Faill Fhiadh, contae Chiarraighe agus timpeall ar aon oileáin nó carraigeacha idir na pointí sin, agus | Toghroinn Thaoide “C” de Cheantar Chiarraighe. | Na huiscí uile (ach amháin na coda fíoruisce dhíobh) atá i Límístéir Fhaill Fhiadh—Ceann Chiarraighe. | Cúigear. | |||
(b) iomlán na n-aibhneacha agus na loch gona suainmheacháin uile agus faoi seach a shníos amach sa taoide-chonair idir na pointí sin, agus an talamh a shileas siad, agus | Toghroinn Fhíoruisce “D” de Cheantar Chiarraighe. | Na coda fíoruisce uile de na huiscí atá i Límistéir Chorr Rubha—Ceann an Uain. | Triúr. | |||
Toghroinn Fhícruisce “E” de Cheantar Chiarraighe. | Na coda fíoruisce uile de na huiscí atá i Límistéir Cheann an Uain—Faill Fhiadh. | Seisear. | ||||
3. Límistéir Fhaill Fhiadh— Ceann Chiarraighe, is é sin le rá— (a) iomlán na farraige agus na taoide-chonaire idir na pointí seo a leanas, eadhon, Faill Fhiadh, contae Chiarraighe agus Ceann Chiarraighe, contae Chiarraighe, agus timpeall ar aon oilcáin nó carraigeacha amach ón gcósta idir na pointí sin, agus (b) iomlán na n-aibhneacha, agus na loch gona suainmheacháin uile agus faoi seach a shníos amach sa taoide-chonair idir na pointí sin, agus an talamh a shileas siad. | Toghroinn Fhíoruisce “F” de Cheantar Chiarraighe. | Na coda fíoruisce uile de na huiscía shníos amach sa taoide-chonair idir na pointí seo a leanas, eadhon, Faill Fhiadh, contae Chiarraighe agus Pointe an Chromáin i gCuan Chaisleán na Mainge, contae Chiarraighe. | Triúr. | |||
Toghroinn Fhíoruisce “G” de Cheantar Chiarraighe. | Na coda fíoruisce uile de na huiscí a shníos amach sa taoide-chonair idir na pointí seo a leanas, eadhon, Pointe an Chromáin i gCuan Chaisleán na Mainge, contae Chiarraighe agus Ceann Chiarraighe contae Chiarraighe. | Triúr. | ||||
7 | Uimh. 8 | Ceantar Luimnigh | An límistéir arb é atá ann— (a) iomlán na farraige agus na taoide-chonaire feadh an chósta idir na pointí seo a leanas, eadhon: Ceann Chiarraighe, contae Chiarraighe agus Ceann Caillí, contae an Chláir, agus timpeall ar aon oileáin nó carraigeacha amach ón gcósta idir na pointí sin, agus | Toghroinn Thaoide “A” de Cheantar Luimnigh. | Na huiscí uile atá i gceantar Luimnigh ach amháin— (a) na coda fíoruisce de na huiscí sin, agus (b) na huiscí i dToghroinn Thaoide “B” de Cheantar Luimnigh. | Triúr. |
|
|
| (b) iomlán na n-aibhneacha agus na loch, gona suainmhcacháin uile agus faoi seach a shníos amach sa taoide-chonair idir na pointi sin, agus an talamh a shileas siad. | Toghroinn Thaoide “B” de Cheantar Luimnigh. | Uisci uile na Sionainne ó líne a tarraingeofaí idir Pointe Pholl an tSalainn, i bParóiste Seana-Ghualann, contae Luimnigh agus Rinn Fhaoláin, i bParóiste Chill Feadáin, contae an Chláir, suas go dtí a hacomhal leis an bhfíoruisce maraon le hiomlán na gcoda taoide de na haibhneacha uile agus faoi seach gona suainmheacháin a shníos isteach sa chéanna. | Trúir. |
Toghroinn Fhíoruisce “C” de Cheantar Luimnigh. | Na coda fíoruisce uile de na huiscí uile a shníos amach i dtaoidechonair na Sionainne ar an taobh theas idir Ceann Chiarraighe agus Cathair Luimnigh. | Triúr. | ||||
Toghroinn Fhíoruisce “D” de Cheantar Luimnigh. | Na coda fíoruisce uile de na huiscí a shníos amach i dtaoide-chonair na Sionainne, ar an taobh thuaidh idir Ceann Caillí agus Cathair Luimnigh. | Triúr. | ||||
Toghroinn Fhíoruisce “E” de Cheantar Luimnigh. | Na coda fíoruisce uile den tSionainn agus de na huiscí uile a shníos amach sa chéanna idir Cathair Luimnigh agus an Droichead ag Beannchar. | Triúr. | ||||
Toghroinn Fhíoruisce “F” de Cheantar Luimnigh. | Na coda fíoruisce uile den tSionainn agus de na huiscí a shníos amach sa chéanna ón Droichead ag Beannchar suas. | Triúr. | ||||
8 | Uimh. 91 | Ceantar na Gaillimhe. | An límistéir arb é atá ann— (a) iomlán na farraige agus na taoide-chonaire feadh an chósta idir na pointi seo a leanas, eadhon, Ceann Caillí, contae an Chláir, agus Muir-rinn na tórann idir baile fearainn Chaorán na gCearc, Theas, agus an Bhanrach Bhán, Theas, contae na Gaillimhe, agus timpeall ar aon oileáin nó carraigeacha amach ón gcósta idir na pointí sin, agus (b) iomlán na n-aibhneacha agus na loch gona suainmheacháin uile agus faoi seach a shníos amach sa taoide-chonair idir na pointí sin, agus an talamh a shileas siad. | Toghroinn Thaoide “A” de Cheantar na Gaillimhe. | Na huiscí uile (ach atcháin na coda fíoruisce dhíobh) atá i gCeantar na Gaillimhe. | Ceathrar. |
Toghroinn Fhíoruisce “B” de Cheantar na Gaillimhe.
| Na coda fíoruisce uile de na huiscí atá i gCeantar na Gaillimhe.
| Ceathrar.
| ||||
9 | Uimh. 92 | Ceantar Chonamara. | An limistéir arb é atá ann— (a) iomlán na farraige agus na tacide-chonaire feadh an chósta idir na pointí seo a leanas, eadhon, Muir-rinn na tórann idir baile fearainn Chaorán na gCearc, Theas, agus an Bhanrach Bhán, Theas, contae na Gaillimhe, agus Ceann Léime, contae na Gaillimhe, agus timpeall ar aon oileáin nó carraigeacha amach ón gcósta idir na pointísin, agus (b) iomlán na n-aibhneacha, agus na loch gona suainmheacháin uile agus faoi seach a shníos amach sa taoidechonair idir na pointí sin, agus an talamh a shileas siad. | Toghroinn Thaoide “A” de Cheantar Chonamara. | Na huiscí uile (ach amháin na coda fíoruisce dhíobh) atá i gCeantar Chonamara. | Ceathrar. Ceathrar. |
Toghroinn Fhíoruisce “B” de Cheantar Chonamara.
| Na coda fíoruisce uile de na huiscí atá i gCeantar Chonamara.
| Ceathrar.
| ||||
10 | Uimh. 101 | Ceantar Bhaile na Cille. | An límistéir arb é atá ann— (a) iomlán na farraige agus na taoide-chonaire feadh an chósta idir na pointí seo a leanas, eadhon, Ceann Léime, contae na Gaillimhe agus Rinn an Choilm in aice le Cathair na Mart, contae Mhuigheo, agus timpeall ar aon oilcáin nó carraigeacha amach ón gcósta idir na pointí sin, agus (b) iomlán na n-aibhneacha agus na loch gona suainmheacháin uile agus faoi seach a shníos amach sa taoide chonair idir na pointí sin, agus an talamh a shileas siad. | Toghroinn Thaoide “A” de Cheantar Bhaile na Cille. | Na huiscí uile (ach amháin na coda fíoruisce dhíobh) atá i gCeantar Bhaile na Cille. | Ceathrar. |
Toghroinn Fhíoruisce “B” de Cheantar Bhaile na Cille.
| Na coda fíoruisce uile de na huiscí atá i gCeantar Bhaile na Cille.
| Ceathrar.
| ||||
11 | Uimh. 102 | Ceantar Bheannchair Iorrais. | An límistéir arb é atá ann— (a) iomlán na farraige agus na taoide-chonaire idir na pointí seo a leanas, eadhon, Rinn an Choilm in aice le Cathair na Mart, contae Mhuigheo agus Beann Bhuí, contae Mhuigheo, agus timpeall ar aon oileáin nó carraigeacha amach ón gcósta idir na pointí sin, agus (b) iomlán na n-aibhneacha, agus na loch gona suainmheacháin uile agus faoi seach a shníos amach sa tacide-chonair idir na pointí sin, agus an talamh a shileas siad. | Toghroinn Thaoide “A” de Cheantar Bheannchair Iorrais. | Na huiscí uile (ach amháin na coda fíoruisce dhíobh) atá i gCeantar Bheannchair Iorrais. | Triúr. |
Toghroinn Fhíoruisce “B” de Cheantar Bheanncháir Iorrais.
| Na coda fíoruisce uile de na huiscí atá i gCeantar Bheanncháir Iorrais.
| Triúr.
| ||||
12 | Uimh. 11 | Ceantar Bhéal an Atha. | An límistéir arb é atá ann— (a) iomlán na farraige agus na taoide-chonaire idir na pointí seo a leanas, Beann Bhuí, contae Mhuigheo agus Rinn an Chuain Mhóir, Contac Shligigh, agus timpeall ar aon oileáin nó carraigeacha amach ón gcósta idir na poiní sin, agus (b) iomlán na n-aibhneacha agus na loch gona suainmheacháin uile agus faoi seach a shníos amach sa taoide-chonair idir na pointí sin, agus an talamh a shileas siad. | Toghroinn Thaoide “A” de Cheantar Bhéal an Atha. | Na huiscí uile (ach amháin na coda fíoruisce dhíobh) atá i gCeantar Bhéal an Atha. | Seisear. |
Toghroinn Fhioruisce “B” de Cheantar Bhéal an Atha.
| Na coda fíoruisce uile de na huiscí atá i gCeantar Bhéal an Atha.
| Seisear.
| ||||
13 | Uimh. 12 | Ceantar Shligigh. | An límistéir arb é atá ann— 1. Límistéir Rinn an Chuain Mhóir—Rinn Chill Easpaig, is é sin le rá— | Toghroinn Thaoide “A” de Cheantar Shligigh. | Na huiscí uile (ach amháin na coda fíoruisce dhíobh) atá i Límistéir Rinn an Chuain Mhóir —Rinn Chill Easpaig. | Ceathrar. |
(a) iomlán na farraige agus na taoide-chonaire feadh an chósta idir na pointí seo a leanas, eadhon—Rinn an Chuain Mhóir, contae Shligigh agus Rinn Chill Easpaig i mbaile fearainn Chill Easpag Chróin, contae Shligigh, agus timpeall ar aon oileáin nó carraigeacha amach ón gcósta idir na pointí sin, agus | Toghroinn Thaoide “B” de Cheantar Shligigh. | Na huiscí uile (ach amháin na coda fíoruisce dhíobh) atá i Límistéir Rinn an Chuain Mhóir —Rinn Chill Easpaig. | Ceathrar. | |||
(b) iomlán na n-aibhneacha agus na loch gona suainmheacháin uile agus faoi seach a shníos amach sa taoide-chonair idir na pointí sin, agus | Toghroinn Fhíoruisce “C” de Cheantar Shligigh. | Na coda fíoruisce uile de na uisciatá i Límistéir Rinn an Chuain Mhóir —Rinn Chill Easpaig. | Ceathrar. | |||
2. Límistéir Rinn Chill Easpaig —an Charraig Gharbh, is é sin le rá— | ||||||
(a) iomlán na farraige agus na taoide-chonaire feadh an chósta idir na pointí seo a leanas, eadhon Rinn Chill Easpaig, contae Shligigh agus An Charraig Gharbh, contae Shligigh, agus timpeall ar aon oileáin nó carraigeacha amach ón gcósta idir na pointí sin, agus (b) iomlán na n-aibhneacha agus na lochgo na suainmheacháin uile agus faoi seach a shníos isteach sa taoidechonair idir na pointí sin, agus an talamh a shileas siad. | Toghroinn Fhíoruisce “D” de Cheantar Shligigh. | Na coda fíoruisce uile de na huiscí atá i Límistéir Rinn Chill Easpaig— an Charraig Gharbh. | Ceathrar. | |||
14 | Uimh. 13 | Ceantar Bhéal Ath Seanaigh. | An límistéir arb é atá ann— (a) iomlán na farraige agus na taoide-chonaire idir an Charraig Gharbh, contae Shligigh, agus Ceann Ros Eoghain, contae Dhún na nGall, agus timpeall ar aon oileáin nó carraigeacha amach ón gcósta idir na pointí sin, agus (b) na coda, laistigh den Stát, de na haibhneacha agus na locha gona suainmheacháin uile agus faoi seach a shníos isteach sa taoide-chonair idir na pointí sin, agus an talamh laistigh den Stát a shileas siad. | Toghroinn Thaoide “A” de Cheantar Bhéal Ath Seanaigh. | Na huiscí uile (ach amháin na coda fíoruisce dhíobh) atá i gCeantar Bhéal Ath Seanaigh. | Seisear. |
Toghroinn Fhíoruisce “B” de Cheantar Bhéal Ath Seanaigh.
| Na coda fíoruisce uile de na huiscí laistigh den Stát atá i gCeantar Bhéal Ath Seanaigh.
| Seisear.
| ||||
15 | Uimh. 141 | Ceantar Leitir Ceanainn. | An límistéir arb é atá ann— 1. Límistéir Cheann Ros Eoghain—Corrán Binne, is é sin le rá— | Toghroinn Thaoide “A” de Cheantar Leitir Ceanainn. | Na huiscí uile (ach amháin na coda fíoruisce dhíobh) atá i Límistéir Cheann Ros Eoghain— Corrán Binne. | Triúr. |
(a) iomlán na farraige agus na taoide-chonaire ar feadh an chósta idir na pointí seo a leanas, eadhon, Ceann Ros Eoghain, contae Dhún na nGall agus Corrán Binne, contae Dhún na nGall, agus timpeall ar aon oileáin nó carraigeacha amach ón gcósta idir na pointí sin, agus | Toghroinn Thaoide “B” de Cheantar Leitir Ceanainn. | Na huiscí uile (ach amháin na coda fíoruisce dhíobh) atá i Límistéir Chorrán Binne—Ceann Málainne. | Triúr. | |||
(b) iomlán na n-aibhneacha agus na loch gona suainmheacháin uile agus faoi seach a shníos isteach sa taoide-chonair idir na pointí sin, agus an talamh a shileas siad, agus | Toghroinn Fhíoruisce “C” de Cheantar Leitir Ceanainn. | Na coda fíoruisce uile de na huiscí atá i Límistéir Cheann Ros Eoghain —Corrán Binne. | Triúr. | |||
2. Límistéir Chorrán Binne— Ceann Málainne, is é sin le rá— | ||||||
(a) iomlán na farraige agus na taoide-chonaire idir na pointí seo a leanas, eadhon, Corrán Binne agus Ceann Málainne, contae Dhún na nGall agus timpeall ar aon oileáin nó carraigeacha amach ón gcósta idir na pointí sin, agus (b) iomlán na n-aibhneacha agus na loch gona suainmheachán uile agus faoi seach, laistigh den Stát, a shníos isteach sa taoide-chonair idir na pointí sin, agus an talamh a shileas siad. | Toghroinn Fhíoruisce “D” de Cheantar Leitir Ceanainn. | Na coda fíoruisce uile de na huiscí laistigh den Stát atá i Límistéir Chorrán Binne—Ceann Málainne. | Triúr. | |||
16 | Uimh. 172 | Ceantar Dhún Dealgan. | An límistéir arb é atá ann— (a) iomlán na farraige agus na taoide-chonaire, laistigh den Stát, feadh an chósta i Loch Cáirlinne agus feadh an chósta idir Ceann an Chlochair, contae Lughbhaidh, agus tórainn an Stáit agus Thuaisceart Éireann agus timpeall ar aon oileáin nó carraigeacha amach ó na cóstaísin; (b) na coda laistigh den Stát de na haibhneacha agus na locha gona suainmheacháin uile agus faoi seach a shníos amach sa taoide-chonair, agus an talamh, laistigh den Stát, a shileas siad. (c) an chuid atá laistigh den Stát den Abhainn Mhóir gona suainmheacháin, agus an talamh, laistigh den Stát, a shileas na haibhneacha sin. | Toghroinn Thaoide “A” de Cheantar Dhún Dealgan. | Na huiscí uile (ach amháin na coda fíoruisce dhíobh), laistigh den Stát, atá i Límistéir Dhún Dealgan. | Seisear. |
Toghroinn Fhíoruisce “B” de Cheantar Dhún Dealgan.
| Na coda fíoruisce uile de na huiscí, laistigh den Stát, atá i gCeantar Dhún Dealgan.
| Seisear.
| ||||
17 | Uimh. 171 | Ceantar Dhroichead Atha. | An limistéir arb é atá ann— (a) iomlán na farraige agus na taoide-chonaire feadh an chósta idir na pointí seo a leanas, eadhon, an pointe is sia soir ar Rubha-Oileán, Sceirí, contae Bhaile Atha Cliath, agus Ceann an Chlochair, contae Lughbhaidh, agus timpeall ar aon oileáin nó carraigeacha amach ón gcósta idir na pointí sin, agus | Toghroinn Thaoide “A” de Cheantar Dhroichead Atha. | Na huisci uile (ach amháin na coda fioruisce dhíobh) atá i gCeantar Dhroichead Atha. | Seisear. |
(b) iomlán na n-aibhneacha agus na loch gona suainmheacháin uile agus faoi seach a shníos amach sa taoidechonair idir na pointí sin, agus an talamh a shileas siad. | Toghroinn Fhioruisce “B” de Cheantar Dhroichead Atha. | Na coda fíoruisce uile de na huiscí atá i gCeantar Dhroichead Atha. | Seisear. |
AN DARA SCEIDEAL.
Achtacháin a hAthghairmtear.
Siosón agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain. | Gearrtheideal. | Méid na hAthghairme. |
(1) | (2) | (3) |
8 & 9 Vic. c. 108 | The Fisheries (Ireland) Act, 1845. | Alt 20. |
40 & 41 Vic. c. 42 | The Fisheries (Oyster, Crab and Lobster) Act, 1877. | Fo-alt (1) d'alt 8; ailt 9 agus 10. |
Alt 3. | ||
Alt 5; alt 27. | ||
Ailt 19, 21, 22 agus 23. | ||
Alt 24; fo-ailt (5) agus (6) d'alt 35; ailt 36 agus 38; i bhfo-alt (1) d'alt 41 na focail “neamhghlan nó”. | ||
Ailt 21, 22 agus 23. | ||
Alt 12; i bhfo-alt (1) d'alt 29, na mínithe ar na habairtí “ábhar díobhálach” agus “uiscí”; alt 30. | ||
I bhfo-alt (3) d'alt 2, an focal agus na figiúirí “agus 36”; fo-alt (1) d'alt 5. |