Uimhir 30 de 1990
ACHT NA nOSPIDÉAL POIBLÍ (LEASÚ), 1990
RIAR NA nALT
Alt | |
1. | |
2. | |
3. | |
4. | |
5. | |
6. | |
7. | |
8. | |
9. | |
10. | |
11. |
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
An tAcht um Oispidéil Phuiblí Dhéirciúla (Forálacha Sealadacha), 1930 | |
Na hAchtanna um Oispidéil Phuiblí Dhéirciúla, 1930 go 1932 | |
Achtanna na nOspidéal Poiblí, 1933 go 1976 | |
Uimhir 30 de 1990
ACHT NA nOSPIDÉAL POIBLÍ (LEASÚ), 1990
[An tiontú oifigiúil]
ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH DIÚSCAIRT AIRGID ARNA THAISCEADH IN AON BHANC I LEITH DUAISEANNA A CHUIRTEAR AR FÁIL CHUN CRÍOCHA AGUS DE RÉIR NA nACHTANNA UM OISPID-ÉIL PHUIBLÍ DHÉIRCIÚLA, 1930 GO 1932, NÓ ACHT-ANNA NA nOSPIDÉAL POIBLÍ, 1933 GO 1976, ACH NACH bhFUIL ÍOCTHA AGUS I dTAOBH DIÚSCAIRT ÚIS A BHAINEANN LE hAIRGEAD ARNA THAISCEADH AMHLAIDH I LEITH DUAISEANNA A bhFUIL SOL-ÁTHAR DÉANTA DÓIBH AMHLAIDH, DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH AON ÉILEAMH LÁITHREACH NÓ IARMHARTACH AR DHUAISEANNA A bhFUIL SOL-ÁTHAR DÉANTA DÓIBH AMHLAIDH, DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN ACHTANNA NA nOSPIDÉAL POIBLÍ, 1933 GO 1976, A AISGHAIRM AGUS DO DHÉANAMH SOC-RUITHE EILE I nDÁIL LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE.
[11 Nollaig, 1990]
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:
Léiriú.
1.—(1) San Acht seo—
ciallaíonn “Acht 1930” an tAcht um Oispidéil Phuiblí Dhéirciúla (Forálacha Sealadacha), 1930;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Sláinte;
ciallaíonn “an Príomh-Acht” Acht na nOispidéal Puiblí, 1933;
tá le “scuabgheall” an bhrí a shanntar dó le halt 1 den Phríomh-Acht nó le halt 1 d'Acht 1930, de réir mar is iomchuí sna himthosca;
tá le “coiste scuabghill” an bhrí a fhoráiltear dó le halt 5 (1) den Phríomh-Acht nó, más iomchuí sna himthosca, ciallaíonn sé coiste arna cheapadh faoi alt 2 d'Acht 1930;
ciallaíonn “duaischistí scuabghill” comhiomlán an airgid atá—
(a) in ionannas an airgid a thaisc coiste scuabghill in aon bhanc i gcuntas in ainmneacha na n-iontaobhaithe scuabghill lena mbaineann i leith duaiseanna a soláthraíodh chun críocha agus de réir na nAchtanna um Oispidéil Phuiblí Dhéirciúla, 1930 go 1932, nó Achtanna na nOspidéal Poiblí, 1933 go 1976, ach nach bhfuil íoctha toisc nár éilíodh iad nó, i gcás gur éilíodh, nach ndearnadh bailíochtú cuí orthu, agus
(b) in ionannas an úis a bhaineann leis an airgead a taisceadh amhlaidh i leith duaiseanna dá bhfuil soláthar déanta amhlaidh;
ciallaíonn “iontaobhaithe scuabghill” iontaobhaithe a cheaptar faoi scéim lena mbaineann alt 6 den Phríomh-Acht nó alt 2 d'Acht 1930, de réir mar is iomchuí sna himthosca, agus ar ina n-ainmneacha a shealbhaítear aon duaischistí scuabghill.
(2) San Acht seo is tagairt d'alt san Acht seo aon tagairt d'alt mura léirítear gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe agus aon tagairt d'fho-alt is tagairt í don fho-alt den alt ina bhfuil an tagairt mura léirítear gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.
Duaischistí scuabghill a dhílsiú don Aire.
2.—(1) Na duaischistí scuabghill go léir a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, dílsithe d'iontaobhaithe scuabghill agus na cearta, na cumhachtaí agus na pribhléidí go léir a bhaineann nó a ghabhann le haon chistí den sórt sin, tiocfaidh siad, ar an tosach feidhme sin, gan aon sannadh ach faoi réir a n-aistrithe i gcás ar gá sin i leabhair aon bhainc, chun bheith agus beidh siad dílsithe don Aire.
(2) Aon duaischistí scuabghill a bhí dílsithe don Aire de bhua an ailt seo agus a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, i leabhair aon bhainc in ainm iontaobhaithe scuabghill, déanfaidh an banc, ar an Aire á iarraidh sin aon tráth ar dháta an tosach feidhme sin nó dá éis, iad a aistriú sna leabhair sin chun ainm an Aire.
(3) Ní hioncam de chuid an Stáit duaischistí scuabghill a dhílseofar don Aire de bhua an ailt seo.
Duaischistí scuabghill a dhiúscairt.
3.—Déanfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, na duaischistí scuabghill neamhdháilte a dhiúscairt i leith cibé seirbhís ag iarfhostaithe den chuideachta, a corpraíodh an 6ú lá de Bhealtaine, 1940, mar Iontaobhas na nOspidéal (1940) Teoranta, a chinnfidh sé.
Dliteanais i leith duaischistí scuabghill.
4.—(1) Más rud é, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, go raibh aon imeachtaí dlíthiúla ar feitheamh a raibh iontaobhaithe scuabghill mar pháirtí iontu, déanfar, a mhéid a bhaineann na himeachtaí le haon duaischistí scuabghill, an tAire a chur in ionad na n-iontaobhaithe sin mar pháirtí sna himeachtaí sin agus más gá déanfar ainm an Aire a chur in ionad ainm na n-iontaobhaithe sin agus ní rachaidh na himeachtaí ar ceal mar gheall ar aon chur-in-ionad den sórt sin.
(2) Déanfar na dliteanais go léir a thabhaigh iontaobhaithe scuabghill go cuí roimh thosach feidhme an ailt seo, a mhéid a bhaineann na dliteanais sin le haon duaischistí scuabghill, a aistriú, faoi réir alt 7, chuig an Aire ar an tosach feidhme sin agus, dá réir sin, ní thionscnófar aon imeachtaí dlíthiúla tráth ar bith dá éis sin in aghaidh na n-iontaobhaithe ná a n-ionadaithe pearsanta tar éis an tosach feidhme sin i leith aon duaischistí scuabghill a aistríodh faoi alt 2.
Cuntais, etc.
5.—(1) A luaithe is féidir tar éis na duaischistí scuabghill neamhdháilte a dhiúscairt, cuirfidh an tAire faoi deara cuntas ar an airgead go léir a aistríodh chuige faoi alt 2 agus a bheidh diúscartha aige faoi alt 3, a ullmhú i bhfoirm a bheidh ceadaithe ag an Aire Airgeadais.
(2) Déanfaidh an tAire an cuntas a chuirtear faoi deara a ullmhú faoi fho-alt (1) a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena iniúchadh.
(3) Cuirfidh an tAire faoi deara, a luaithe is féidir, cóipeanna den chuntas a bheidh iniúchta de réir fho-alt (2) a chur faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.
Easnamh i nduaischistí scuabghill, etc.
6.—Más rud é—
(a) in aon imeachtaí dlíthiúla lena mbaineann an tAcht seo, go dtiocfaidh an tAire chun bheith faoi dhliteanas, cibé acu de bhua na himeachtaí sin a bheith socraithe nó ar shlí eile, chun suim airgid a íoc le haon duine, nó
(b) go mbeidh an tAire deimhin de gur chóir éileamh a bheidh déanta ag duine i leith na nduaischistí scuabghill a lamháil go hiomlán nó go páirteach,
agus go mbeidh, de dhroim diúscartha de bhua alt 3 den Acht seo, easnamh sna duaischistí scuabghill, nó nach mbeidh aon chistí ann, chun an duine i gceist a íoc, ansin déanfaidh an tAire Airgeadais cibé suim is gá chun a chumasú don Aire an méid a bheidh dlite a íoc leis an duine i gceist, a airleacan don Aire as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis.
Teorainn le himeachtaí agus le héilimh.
7.—(1) Faoi réir fho-alt (3), ní thionscnófar aon imeachtaí dlíthiúla in aghaidh an Aire de bhua alt 4 (2) tar éis tréimhse 4 bliana a bheith imithe i léig ó thosach feidhme an ailt seo.
(2) Faoi réir fho-alt (3), ní dhéanfaidh aon duine aon éileamh in aghaidh an Aire tar éis tréimhse 4 bliana a bheith imithe i léig ó thosach feidhme an ailt seo i ndáil le duaiseanna a chuirtear ar fáil chun críocha agus de réir na nAchtanna um Oispidéil Phuiblí Dhéirciúla, 1930 go 1932, nó Achtanna na nOspidéal Poiblí, 1933 go 1976.
(3) Más rud é, ar thosach feidhme an ailt seo, go mbeidh aon duine faoi mhíchumas dlíthiúil, ansin, déanfar fo-ailt (1) agus (2) a fhorléiriú maidir leis an duine sin amhail is dá mba é a bhí i ngach tagairt sna fo-ailt sin do dhul i léig na tréimhse 4 bliana tar éis an tosach feidhme sin tagairt do dhul i léig na tréimhse sin nó na tréimhse 12 mhí tar éis don duine sin scor de bheith faoin míchumas dlíthiúil, cibé teagmhas acu is deireanaí a tharlaíonn.
Suimeanna áirithe a íoc leis an Aire.
8.—Aon suim a bheidh le híoc le Ciste Iontaobhas na nOspidéal tar éis aisghairm a dhéanamh, de bhua alt 10, ar na forálacha a bhaineann leis an gCiste sin, íocfar í isteach sa Státchiste nó cuirfear chun sochair don Státchiste í i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.
Caiteachais.
9.—Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
Aisghairm.
10.—Aisghairtear leis seo na hAchtanna seo a leanas:
Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme.
11.—(1) Féadfar Acht na nOspidéal Poiblí (Leasú), 1990, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar Achtanna na nOspidéal Poiblí, 1933 go 1990, a ghairm d'Achtanna na nOspidéal Poiblí, 1933 go 1976, agus den Acht seo le chéile.
(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais agus leis an Aire Dlí agus Cirt, le hordú nó le horduithe chuige sin, go ginearálta nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú chun críocha éagsúla agus le haghaidh forálacha éagsúla.