[EN]

Uimhir 3 de 1977


[EN]

AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1977

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHTANNA NA bPINSEAN SEANAOISE, 1908 GO 1976, NA nACHTANNA UM CHÚNAMH DÍFHOSTAÍOCHTA, 1933 GO 1976, NA nACHTANNA UM PINSIN DO BHAINTREACHA AGUS DO DHÍLLEACHTAÍ, 1935 GO 1976, NA nACHTANNA LEASA SHÓISIALAIGH (LIÚNTAIS LEANAÍ), 1944 GO 1976, AGUS NA nACHTANNA LEASA SHÓISIALAIGH, 1952 GO 1976. [21 Márta, 1977] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

Mínithe.

1.—San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “Acht 1933” an tAcht um Chongnamh Dhíomhaointis, 1933;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1935” an tAcht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1952” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1952;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1965” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1965;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1966” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1973” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1973;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1974” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1974;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1975” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1975;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1976” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1976;

[EN]

ciallaíonn “Rialacháin 1976” na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Athrú sna Rátaí Iocaíochtaí), 1976 (I.R. Uimh. 259 de 1976).

[EN]

Pinsin seanaoise (rátaí nua, lena n-áirítear méadú speisialta do phinsinéirí a chónaíonn ina n-aonar).

2.—(1) Leasaítear leis seo alt 77 d'Acht 1952 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) (a cuireadh isteach le hAcht 1976 arna athrú le Rialacháin 1976):

[EN]

“(2) (a) Is é an ráta ar dá réir a íocfar pinsean, in ionad aon ráta eile—

[EN]

(i) i gcás nach mó ná £16 acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an phinsinéara—an ráta atá leagtha amach i dTábla A a ghabhann leis an bhfo-alt seo,

[EN]

(ii) i gcás ar mó ná £16 acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an phinsinéara—an ráta ar dá réir ab iníoctha an pinsean faoi threoir an Tábla sin dá mba mhó ná £15 ach nár mhó ná £16 acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an phinsinéara, lúide £1.25 i leith gach suim £1 (más ann) atá san acmhainn sheachtainiúil sin de bhreis ar £16, agus aon chodán de £1 san acmhainn sheachtainiúil sin a áireamh chun na críche sin mar £1; ach más lú ná 50 pingin nua an ráta arna ríomh de bhun na míre seo ar dá réir, murach an coinníoll seo, a bheadh an pinsean iníoctha, ní bheidh an pinsean iníoctha,

[EN]

(iii) i gcás 80 bliain d'aois a bheith slánaithe ag an bpinsinéir—an ráta pinsin is iníoctha leis de réir fhomhír (i) nó (ii) den mhír seo móide 90 pingin nua,

[EN]

agus déanfar an ráta pinsin arna chinneadh amhlaidh a mhéadú, i gcás ar duine de lánúin phósta an pinsinéir, an méid atá leagtha amach i dTábla B a ghabhann leis an bhfo-alt seo—

[EN]

(A) más fear an pinsinéir, i leith a bhanchéile má tá sé in aontíos léi nó á cothabháil go hiomlán nó go formhór agus nach bhfuil pinsean faoi na hAchtanna ná aon sochar ná pinsean faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1977, á fháil aici, nó

[EN]

(B) más bean an pinsinéir, i leith a fearchéile má tá sí á chothabháil go hiomlán nó go formhór agus go bhfuil seisean éagumasach, de dheasca éiglíocht coirp nó meabhrach, ar é féin a chothú agus nach bhfuil pinsean faoi na hAchtanna ná aon sochar ná pinsean faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1977, á fháil aige.

[EN]

(b) Chun críocha an fho-ailt seo, is í an acmhainn sheachtainiúil an acmhainn bhliantúil arna roinnt ar chaoga a dó.

[EN]

TABLA A

[EN]

An Ráta Pinsin

An Ráta Seachtainiúil

Acmhainn an éilitheora nó an phinsinéara

Eilitheoir nó pinsinéir, gan aon leanbh cáilithe

Eilitheoir nó pinsinéir, leanbh cáilithe amháin

Eilithoir nó pinsinéir, beirt leanbh cháilithe nó níos mó

(1)

(2)

(3)

(4)

Má bhíonn acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an phinsinéara—

£

£

£

gan bheith níos mó ná £6

..

11·75

14·90

18·05

níos mó ná £6 gan bheith níos

mó ná £7

..

..

..

10·50

13·65

16·80

níos mó ná £7 gan bheith níos

mó ná £8

..

..

..

9·25

12·40

15·55

níos mó ná £8 gan bheith níos

mó ná £9

..

..

..

8·00

11·15

14·30

níos mó ná £9 gan bheith níos

Móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh cháilithe ann, £2·40 i leith gach leanbh cáilithe de bhreis ar bheirt.

mó ná £10

..

..

..

6·75

9·90

13·05

níos mó ná £10 gan bheith níos

mó ná £11

..

..

..

5·50

8·65

11·80

níos mó ná £11 gan bheith níos

mó ná £12

..

..

..

4·25

7·40

10·55

níos mó ná £12 gan bheith níos

mó ná £13

..

..

..

3·00

6·15

9·30

níos mó ná £13 gan bheith níos

mó ná £14

..

..

..

1·75

4·90

8·05

níos mó ná £14 gan bheith níos

mó ná £15

..

..

..

0·50

3·65

6·80

níos mó ná £15 gan bheith níos

mó ná £16

..

..

..

neamhní

2·40

5·55

[EN]

TABLA B

[EN]

Méadú i leith Cleithiúnaí Aosaithe

Acmhainn an éilitheora nó an phinsinéara

Ráta seachtainiúil an mhéadaithe

Má bhíonn acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an phinsinéara—

£

gan bheith níos mó ná £6

..

..

..

..

..

5·85

níos mó ná £6 gan bheith níos mó ná £7

..

..

..

5·20

níos mó ná £7 gan bheith níos mó ná £8

..

..

..

4·60

níos mó ná £8 gan bheith níos mó ná £9

..

..

..

3·95

níos mó ná £9 gan bheith níos mó ná £10

..

..

..

3·30

níos mó ná £10 gan bheith níos mó ná £11

..

..

..

2·70

níos mó ná £11 gan bheith níos mó ná £12

..

..

2·05

níos mó ná £12 gan bheith níos mó ná £13

..

..

..

1·40

níos mó ná £13 gan bheith níos mó ná £14

..

..

..

0·80

níos mó ná £14

..

..

..

..

..

..

..

neamhní

[EN]

(2) Leasaítear leis seo alt 77 (5) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1969) d'Acht 1952 trí “sé phunt, cúig phingin nua is caoga” a chur in ionad “sé phunt” (a cuireadh isteach le Rialacháin 1976).

[EN]

(3) Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5) d'alt 77 d'Acht 1952:

[EN]

“(6) Déanfar na rátaí pinsin a chinnfear faoi fho-alt (2) (a) (i), (2) (a) (ii) nó (2) (a) (iii) den alt seo a mhéadú £1 sa tseachtain i gcás aois inphinsin a bheith slánaithe ag an bpinsinéir agus é ina aonar.”.

[EN]

(4) Cuirtear leis seo an méid seo a leanas in ionad alt 8 (1) d'Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1924:

[EN]

“(1) Is coinníoll reachtúil le go bhfaighidh aon duine pinsean seanaoise go ndeimhneoidh an duine sin do na húdaráis pinsean nach mó a acmhainn arna ríomh faoi Achtanna na bPinsean Seanaoise—

[EN]

(a) i gcás gan aon leanbh is leanbh cáilithe mar a mhínítear i bhfo-alt (2B) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1974) d'alt 77 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1952, a bheith ag an duine—ná seacht gcéad is ochtó punt,

[EN]

(b) i gcás leanbh cáilithe amháin nó níos mó ná leanbh cáilithe amháin den sórt sin a bheith ag an duine, ná an t-uasmhéid iomchuí acmhainne ag ar féidir pinsean a íoc leis an duine sin faoi alt 77 (2) den Acht Leasa Shóisialaigh, 1952.”.

[EN]

(5) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá d'Aibreán, 1977.

[EN]

Déanfar neamhshuim de mhéadú ar thuillimh i gcás dall faoi Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1977.

3.—(1) Leasaítear leis seo an Seachtú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952, ina bhfuil rialacha faoi ríomh acmhainne chun críocha pinsin seanaoise, trí “£208”, “£156” agus “£104”, faoi seach, a chur i Riail 1 (II) (h) in ionad “£65”, “£52” agus “£39” (a cuireadh isteach le hAcht 1965) sa dá áit a bhfuil siad.

[EN]

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá d'Aibreán, 1977.

[EN]

Cúnamh dífhostaíochta (rátai nua).

4.—(1) Déantar leis seo an Sceideal a ghabhann leis an alt seo a chur in Acht 1933 in ionad an Sceidil a ghabhann leis an Acht sin a cuireadh isteach le hAcht 1976.

[EN]

(2) D'ainneoin fho-alt (1) den alt seo—

[EN]

(a) leanfaidh an Sceideal a ghabhann le hAcht 1933 a cuireadh isteach le hAcht 1976 d'fheidhm a bheith aige i gcás duine dá ndéantar luach bliantúil aon tairbhe a fhaibhríonn chuige as talamh a úsáid, ar mó ná £10 ach nach mó ná £15 a luacháil inrátaithe agus atá á úsáid nó á theachtadh aige go pearsanta, a ríomh de réir alt 8 d'Acht 1965 agus, dá réir sin, is iad na rátaí cúnaimh dhífhostaíochta a shonraítear sa Sceideal a cuireadh isteach amhlaidh na rátaí a chuirfear i gcuntas i gcás duine den sórt sin chun críocha alt 10 (3) (c) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1962) d'Acht 1933, agus

[EN]

(b) leanfaidh an Sceideal a ghabhann le hAcht 1933 a cuireadh isteach le hAcht 1975, arna athrú leis na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Athrú sna Rátaí Iocaíochtaí), 1975 (I.R. Uimh. 215 de 1975), d'fheidhm a bheith aige i gcás duine dá ndéantar luach bliantúil aon tairbhe a fhaibhríonn chuige as talamh a úsáid, ar mó ná £15 ach nach mó ná £20 a luacháil inrátaithe agus atá á úsáid nó á theachtadh aige go pearsanta, a ríomh de réir alt 8 d'Acht 1965 agus, dá réir sin, is iad na rátaí cúnaimh dhífhostaíochta a shonraítear sa Sceideal sin arna athrú amhlaidh na rátaí a chuirfear i gcuntas i gcás duine den sórt sin chun críocha alt 10 (3) (c) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1962) d'Acht 1933.

[EN]

(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 30ú lá de Mhárta, 1977.

[EN]

AN SCEIDEAL

[EN]

Na Rátaí Cúnaimh Dhífhostaíochta

Na haicmí daoine lena mbaineann na rátaí cúnaimh dhífhostaíochta atá leagtha amach sa Sceideal seo

An ráta seachtainiúil cúnaimh dhífhostaíochta a bhaineann le daoine a chónaíonn in aon limistéar uirbeach

An ráta seachtainiúil cúnaimh dhífhostaíochta a bhaineann le daoine a chónaíonn in aon áit eile

Duine gan chleithiúnaí

..

£10·20

£9·80

Duine ag a bhfuil cleithiúnaí

aosaithe

..

..

£17·60

£17·05

Duine ag a bhfuil cleithiúnai aosaithe agus leanbh

cleithiúnach amháin

..

£20·75

£20·20

Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe agus beirt leanbh chleithiúnacha nó

níos mó

..

..

..

£23·90

£23·35

móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, £2·40 i leith gach leanbh cleithiúnach de bhreis ar bheirt.

móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, £2·40 i leith gach leanbh cleithiúnach de bhreis ar bheirt.

Duine ag a bhfuil leanbh

cleithiúnach amháin

..

£13·50

£13·10

Duine ag a bhfuil beirt leanbh chleithiúnacha nó

níos mó

..

..

..

£16·65

£16·25

móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, £2·40 i leith gach leanbh cleithiúnach de bhreis ar bheirt.

móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, £2·40 i leith gach leanbh cleithiúnach de bhreis ar bheirt.

[EN]

Cúnamh dífhostaíochta (modhnú ar Acht 1965).

5.—(1) D'ainneoin alt 8 (arna leasú le hAcht 1976) d'Acht 1965, in aon chás ar mó ná £20 luacháil inrátaithe talamh atá á úsáid nó á theachtadh go pearsanta ag duine a chónaíonn i limistéar a bheidh sonraithe de thuras na huaire in ordú faoi alt 8 (3) d'Acht 1965—

[EN]

(a) déanfar luach bliantúil aon bhuntáiste a fhaibhríonn chuig an duine sin as úsáid na talún sin a ríomh, chun críocha alt 13 (1) (c) d'Acht 1933, de réir forálacha Rialachán 3 (3) den Ordú um Chongnamh Dhíomhaointis (Rialacháin um Aireamh Acfuinne), 1934 (R. & O.R., Uimh. 34 de 1934), agus

[EN]

(b) deimhniú cáilíochta a deonaíodh in aon chás den sórt sin i gcás a raibh feidhm ag alt 8 d'Acht 1965 le linn luach bliantúil an bhuntáiste a bheith á ríomh a fhaibhríonn chuig an duine sin as úsáid na talún sin scoirfidh sé d'éifeacht a bheith leis chun críocha cúnaimh dhífhostaíochta ar thosach feidhme an ailt seo agus uaidh sin amach.

[EN]

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 30ú lá de Mhárta, 1977.

[EN]

Cúnamh dífhostaíochta (feabhas ar choinníollacha cáilíochta d'iarratasóirí áirithe).

6.—(1) Ní 1ú ná 26 an líon ranníocaí fostaíochta nach foláir a bheith íoctha, i leith baintreach nó bean shingil gan chleithiúnaí, mar choinníoll nach mór di a bheith comhlíonta aici chun críocha iarratais ar dheimhniú cáilíochta faoi Acht 1933, agus forléireofar alt 10 (3) (f) den Acht sin (arna leasú le hAcht 1973) agus beidh éifeacht leis dá réir sin.

[EN]

(2) Ní lú ná 26 an líon ranníocaí fostaíochta nach foláir a bheith íoctha, i leith baintreach nó bean shingil gan chleithiúnaí agus is sealbhóir ar dheimhniú cáilíochta faoi Acht 1933, mar choinníoll nach mór di a bheith comhlíonta aici le teideal a bheith aici cúnamh dífhostaíochta a fháil, agus forléireofar alt 15 (1) (f) den Acht sin (arna leasú le hAcht 1973) agus beidh éifeacht leis dá réir sin.

[EN]

(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 30ú lá de Mhárta, 1977.

[EN]

Cúnamh dífhostaíochta (leathnú ar bhrí na habairte “cleithiúnaí aosaithe” agus dícháilíochtaí áirithe a dhíchur).

7.—(1) Déantar leis seo an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “cleithiúnaí aosaithe” in alt 4 (1A) (a cuireadh isteach le hAcht 1952) den Acht um Chongnamh Dhíomhaointis (Leasú), 1935:

[EN]

“ciallaíonn an abairt‘cleithiúnaí aosaithe’—

[EN]

(a) i gcás fir phósta—a bhanchéile má tá sí in aontíos leis nó á cothabháil go hiomlán nó go formhór aige,

[EN]

(b) i gcás mná pósta—a fearchéile má tá sé éagumasch ar é féin a chothú de dheasca éiglíocht éigin coirp nó meabhrach agus go bhfuil sé á chothabháil go hiomlán nó go formhór aici, agus

[EN]

(c) i gcás duine singil, baintreach, baintreach fir nó duine atá ag fáil liúntas banchéile thréigthe nó sochar banchéile thréigthe faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1977—aon bhean (a bhfuil sé bliana déag slánaithe aici) a bhfuil leanbh cleithiúnach nó leanaí cleithiúnacha dá chuid nó dá cuid faoina cúram agus atá á cothabháil go hiomlán nó go formhór aige nó aici.”.

[EN]

(2) Déantar leis seo an méid seo a leanas a chur in ionad alt 9 den Acht um Chongnamh Dhíomhaointis (Leasú), 1935, arna leasú le hAcht 1952:

[EN]

“9.—Beidh duine dícháilithe chun cúnamh dífhostaíochta a fháil—

[EN]

(a) le linn cónaí a bheith air, go sealadach nó go buan, lasmuigh den Stát; nó

[EN]

(b) le linn dó bheith ina phríosúnach nó ar coinneáil in aon phríosún nó áit choinneála eile a chothabháiltear go hiomlán nó go páirteach as airgead poiblí; nó

[EN]

(c) le linn dó bheith ina iostaí in aon fhoras a chothabháiltear go hiomlán nó go páirteach as airgead poiblí nó ag údarás áitiúil; nó

[EN]

(d) le linn dó bheith ag fáil nó i dteideal—

[EN]

(i) pinsean faoi alt 6 d'Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1932 (Uimh. 18 de 1932), nó

[EN]

(ii) sochar míchumais, sochar dífhostaíochta nó liúntas máithreachais faoin Acht Leasa Shóisialaigh, 1952.”.

[EN]

(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 30ú lá de Mhárta, 1977.

[EN]

Pinsin baintreach (neamhranníocach), liúntas banchéile thréigthe, liúntas cúnaimh shóisialaigh do mháithreacha neamhphósta agus liúntas do bhanchéile príosúnaigh (rátaí nua).

8.—(1) Leasaítear leis seo alt 20 (a cuireadh isteach le hAcht 1952) d'Acht 1935 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) (a cuireadh isteach le hAcht 1976, arna athrú le Rialacháin 1976):

[EN]

“(1) (a) Faoi réir forálacha an Achta seo, íocfar pinsean baintrí (neamhranníocach)—

[EN]

(i) i gcás nach mó acmhainn sheachtainiúil na baintrí ná £16—de réir an ráta atá leagtha amach i dTábla B a ghabhann leis an bhfo-alt seo, agus

[EN]

(ii) i gcás ar mó ná £16 acmhainn sheachtainiúil na baintrí—de réir an ráta ar dá réir ab iníoctha faoi threoir an Tábla sin an pinsean leis an mbaintreach dá mba mhó ná £15 ach nár mhó ná £16 a hacmhainn sheachtainiúil, lúide £1.25 i leith gach suim £1 (más ann) atá san acmhainn sheachtainiúil sin de bhreis ar £16, agus aon chodán de £1 san acmhainn sheachtainiúil sin a áireamh chun na críche sin mar £1; ach más lú ná 50 pingin nua an ráta arna ríomh de bhun na míre seo ar dá réir, murach an coinníoll seo, a bheadh an pinsean iníoctha, ní bheidh an pinsean iníoctha.

[EN]

(b) Chun críocha an fho-ailt seo, is í an acmhainn sheachtainiúil an acmhainn bhliantúil arna roinnt ar chaoga a dó.

[EN]

TABLA B

[EN]

Na Rátaí Seachtainiúla Pinsean Baintreach (Neamhranníocach)

Acmhainn na Baintrí

Baintreach, gan aon leanbh cáilithe

Baintreach, leanbh cáilithe amháin

Baintreach, beirt leanbh cháilithe nó níos mó

(1)

(2)

(3)

(4)

£

£

£

Má bhíonn acmhainn sheachtainiúil na baintrí—

gan bheith níos mó ná £6

..

11·75

15·65

19·55

níos mó ná £6 gan bheith níos

Móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh cháilithe ann, £3·90 i leith gach leanbh cáilithe de bhreis ar bheirt.

mó ná £7

..

..

..

10·50

14·40

18·30

níos mó ná £7 gan bheith níos

mó ná £8

..

..

..

9·25

13·15

17·05

níos mó ná £8 gan bheith níos

mó ná £9

..

..

..

8·00

11·90

15·80

níos mó ná £9 gan bheith níos

mó ná £10

..

..

..

6·75

10·65

14·55

níos mó ná £10 gan bheith níos

mó ná £11

..

..

..

5·50

9·40

13·30

níos mó ná £11 gan bheith níos

mó ná £12

..

..

..

4·25

8·15

12·05

níos mó ná £12 gan bheith níos

mó ná £13

..

..

..

3·00

6·90

10·80

níos mó ná £13 gan bheith níos

mó ná £14

..

..

..

1·75

5·65

9·55

níos mó ná £14 gan bheith níos

mó ná £15

..

..

..

0·50

4·40

8·30

níos mó ná £15 gan bheith níos

mó ná £16

..

..

..

neamhní

3·15

7·05

 

[EN]

[EN]

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh, a mhéid a bhaineann sé le pinsean baintrí (neamhranníocach), an 1ú lá d'Aibreán, 1977, agus, a mhéid a bhaineann sé le liúntas banchéile thréigthe, le liúntas cúnaimh shóisialaigh do mháithreacha neamhphósta agus le liúntas do bhanchéile príosúnaigh, an 31ú lá de Mhárta, 1977.

[EN]

Pinsin dílleachtaí (neamhranníocach) (rátaí nua).

9.—(1) Leasaítear leis seo alt 25 (a cuireadh isteach le hAcht 1973) d'Acht 1935 tríd an Tábla a ghabhann leis an alt seo a chur in ionad an Tábla (a cuireadh isteach le hAcht 1976 arna athrú le Rialacháin 1976) a ghabhann le fo-alt (1).

[EN]

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá d'Aibreán, 1977.

AN TABLA

Na Rátaí Seachtainiúla Pinsean Dílleachtaí (Neamhranníocach)

Acmhainn an Dílleachta

Na Rátaí Seachtainiúla

Má bhíonn acmhainn sheachtainiúil an dílleachta—

£

gan bheith níos mó ná £1

..

..

..

..

..

7·65

níos mó ná £1 gan bheith níos mó ná £2

..

..

..

6·40

níos mó ná £2 gan bheith níos mó ná £3

..

..

..

5·10

níos mó ná £3 gan bheith níos mó ná £4

..

..

..

3·85

níos mó ná £4 gan bheith níos mó ná £5

..

..

..

2·55

níos mó ná £5 gan bheith níos mó ná £6

..

..

..

1·30

níos mó ná £6

..

..

..

..

..

..

..

neamhní

[EN]

Liúntais leanaí (rátaí nua).

10.—(1) Leasaítear leis seo alt 6 (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1952) den Acht Liúntas Leanaí (Leasú), 1946, tríd an bhfho-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) (a cuireadh isteach le halt 7 d'Acht 1975):—

[EN]

“(1) Faoi réir forálacha na nAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1977, agus na rialachán fúthu, aon duine a fhionnfar a bheith cáilithe le haghaidh liúntais leanaí, íocfar leis, fad a bheidh sé cáilithe amhlaidh, as airgead a sholáthróidh an tOireachas, liúntas míosúil de réir—

[EN]

(a) £2.30 i gcás é a bheith cáilithe i leith linbh cháilithe amháin,

[EN]

(b) £6.40 i gcás é a bheith cáilithe i leith beirt leanbh cháilithe,

[EN]

(c) £11.25 i gcás é a bheith cáilithe i leith triúr leanbh cáilithe nó níos mó, móide £4.85 i leith gach linbh cháilithe de bhreis ar thriúr.”.

[EN]

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá d'Iúil, 1977.

[EN]

Liúntas do bhean shingil (rátaí nua).

11.—(1) Leasaítear leis seo alt 8 d'Acht 1974 tríd an Tábla a ghabhann leis an alt seo a chur in ionad an Tábla a ghabhann leis an alt sin (a cuireadh isteach le hAcht 1976, arna athrú le Rialacháin 1976).

[EN]

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 31ú lá de Mhárta, 1977.

AN TABLA

Ráta an Liúntais do Bhean Shingil

Acmhainn an Eilitheora nó an Tairbhí

An Ráta Seachtainiúil

Má bhíonn acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an tairbhí—

£

gan bheith níos mó ná £1

..

..

..

..

..

..

10·20

níos mó ná £1 gan bheith níos mó ná £2

..

..

..

8·95

níos mó ná £2 gan bheith níos mó ná £3

..

..

..

7·70

níos mó ná £3 gan bheith níos mó ná £4

..

..

..

6·45

níos mó ná £4 gan bheith níos mó ná £5

..

..

..

5·20

níos mó ná £5 gan bheith níos mó ná £6

..

..

..

3·95

níos mó ná £6 gan bheith níos mó ná £7

..

..

..

2·70

níos mó ná £7 gan bheith níos mó ná £8

..

..

..

1·45

níos mó ná £8

..

..

..

..

..

..

..

neamhní

[EN]

Liúntas (cúram) seanaoise (rátaí nua).

12.—(1) Leasaítear leis seo alt 21 (1) den Acht Leasa Shóisialaigh, 1970, lena ndéantar socrú le haghaidh liúntais (cúram) seanaoise, trí “£6.55” a chur in ionad “£6.00” (a cuireadh isteach le Rialacháin 1976).

[EN]

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá d'Aibreán, 1977.

[EN]

Isliú ar an aois cháilitheach chun críocha pinsin.

13.—(1) Leasaítear leis seo gach ceann de na forálacha seo a leanas trí thagairt do shé bliana is seasca a chur in ionad na tagartha do sheacht mbliana is seasca (a cuireadh isteach le hAcht 1975) gach áit a bhfuil sí:

[EN]

(a) alt 2 (1) den Old Age Pensions Act, 1908,

[EN]

(b) alt 6 d'Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1932,

[EN]

(c) alt 10 (3) (b) d'Acht 1933,

[EN]

(d) alt 21 (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1964), ailt 22 (1) agus 36 (a) (i) d'Acht 1935, agus

[EN]

(e) ailt 80 (2) agus 81 (1) d'Acht 1952.

[EN]

(2) Leasaítear leis seo alt 2 (1) d'Acht 1952 trí “sé bliana is seasca” a chur in ionad “seacht mbliana is seasca” (a cuireadh isteach le hAcht 1975) sa mhíniú ar “aois inphinsin”.

[EN]

(3) Leasaítear leis seo alt 81 (1) d'Acht 1952 (arna leasú leis an Acht seo) trí “sé bliana is seasca” a chur in ionad “seacht mbliana is seasca” (a cuireadh isteach le hAcht 1975).

[EN]

(4) I gcás duine a shlánóidh 55 bliana d'aois an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1977, nó aon lá dá éis sin—

[EN]

(i) déanfar an coinníoll ranníoca i leith pinsin seanaoise (ranníocach) atá leagtha amach i mír 6 (a) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1960) den Cheathrú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 a fhorléiriú amhail is dá mba gur cuireadh “sé bliana is caoga” in ionad “seasca bliain”, agus ní bheidh feidhm ag alt 10 (4) (i) d'Acht 1975 ar é do shlánú sé bliana is caoga d'aois agus ní bheidh feidhm ag alt 11 (4) (i) d'Acht 1974 ar é do shlánú seacht mbliana is caoga d'aois, agus

[EN]

(ii) déanfar alt 9 d'Acht 1952 (arna leasú le halt 4 den Acht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1960) a fhorléiriú amhail is dá mba gur cuireadh “sé bliana is caoga” in ionad “seasca bliain”, agus ní bheidh feidhm ag alt 10 (4) (ii) d'Acht 1975 ar é do shlánú sé bliana is caoga d'aois agus ní bheidh feidhm ag alt 11 (4) (ii) d'Acht 1974 ar é do shlánú seacht mbliana is caoga d'aois.

[EN]

(5) (a) Duine a shlánóidh 67 mbliana d'aois an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1977, nó dá éis ach roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1979, féadfar a theideal chun pinsin seanaoise (ranníocach) a chinneadh faoi fhorálacha na nAchtanna a bhí i ngníomh roimh an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1977, más buntáiste dó é sin.

[EN]

(b) Duine a mbeidh 67 mbliana d'aois slánaithe aige roimh an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1977, agus ar dámhadh pinsean seanaoise (ranníocach) dó faoi fhorálacha na nAchtanna a bhí i ngníomh roimh an dáta sin beidh ceart aige ar an dáta sin agus dá éis chun an phinsin sin de réir an ráta is iníoctha de thuras na huaire faoi threoir meánmhéid bliantúil ranníocaí íoctha agus creidiúnaithe ar cóimhéid le méanmhéid bliantúil ranníocaí íoctha agus creidiúnaithe arna ríomh ina chás faoi na forálacha sin.

[EN]

(c) Féadfar teideal chun pinsin bhaintrí (ranníocach) nó chun sochair bhanchéile thréigthe atá le cinneadh faoi threoir thaifead árachais duine a shlánóidh 67 mbliana d'aois roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1979, a chinneadh faoi fhorálacha na nAchtanna a bhí i ngníomh roimh an 1ú lá de Dheircadh Fómhair, 1977, más buntáiste don éilitheoir é sin.

[EN]

(d) Baintreach nó banchéile tréigthe a ndearnadh, faoi fhorálacha na nAchtanna a bhí i ngníomh roimh an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1977, pinsean baintrí (ranníocach) nó sochar banchéile thréigthe a dhámhadh di ar fhoras a taifid árachais féin nó taifead árachais a fearchéile ar an dáta a shlánaigh sise nó seisean aois inphinsin na huaire sin, beidh ceart aici, an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1977, agus dá éis, chun an phinsin nó an tsochair sin de réir an ráta is iníoctha de thuras na huaire faoi threoir meánmhéid bliantúil ranníocaí íoctha agus creidiúnaithe ar cóimhéid le meánmhéid bliantúil ranníocaí íoctha agus creidiúnaithe arna ríomh ina cás faoi na forálacha sin.

[EN]

(e) San fho-alt seo ciallaíonn “na hAchtanna” na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1977.

[EN]

(6) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1977.

[EN]

Sochair árachais shóisialaigh (rátaí nua, lena n-áirítear méadú speisialta do phinsinéirí a chónaíónn ina n-aonar).

14.—(1) Leasaítear leis seo an Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 tríd an gCuid seo a leanas a chur in ionad Chuid I (a cuireadh isteach le hAcht 1976, arna athrú le Rialacháin 1976):

[EN]

“CUID I

[EN]

Rátaí na Sochar Tréimhsiúil agus na Méaduithe Orthu

An Cineál Sochair

An Ráta Seachtainiúil

An méadú i leith cleithiúnaí aosaithe (más iníoctha)

An méadúi leith linbh cháilithe nó i leith gach duine de bheirt leanbh cháilithe (más iníoctha)

An méadú i leith gach linbh cháilithe de bhreis ar bheirt (más iníoctha)

An méadú i leith cleithiúnaí aosaithe faoi alt 26 (4) (más iníoctha)

(1)

(2)

(3)

(4)

(5)

(6)

£

£

£

£

£

1. Sochar Míchumais agus Sochar Dífhostaíochta:

(a) i gcás daoine os cionn ocht mbliana déag d'aois—

(i) fear, bean singil nó baintreach, bean phósta a chónaíonn ar leithligh óna fearchéile agus nach bhféadann aon chúnamh airgid a fháil uaidh nó bean phósta a bhfuil teideal aici chun méadú i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe nó i leith

fearchéile

..

..

..

..

12·45

8·10

3·55

2·95

--

(ii) aon bhean phósta eile

..

10·85

--

--

--

--

(b) i gcás daoine faoi bhun ocht mbliana déag d'aois—

(i) má tá teideal ag an duine chun méadú i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe nó i leith

cleithiúnaí aosaithe

..

..

..

12·45

8·10

3·55

2·95

(ii) mura bhfuil teidil den sórt sin

ag an duine

..

..

..

10·85

--

--

--

--

2. Pinsean Easláine:

(a) fear, bean singil nó baintreach, bean phósta a chónaíonn ar leithligh óna fearchéile agus nach bhféadann aon chúnamh airgid a fháil uaidh nó bean phósta a bhfuil teideal aici chun méadú i leith linbh cháilithe nó leana í cáilithe nó i leith

fearchéile

..

..

..

..

12·45

8·10

3·55

2·95

6·55

(b) aon bhean phósta eile

..

..

10·85

--

--

--

6·55

3. Liúntas Máithreachais

..

..

12·45

--

--

--

--

4. Pinsean Baintrí (Ranníocach):

(a) i gcás daoine faoi bhun ochtó

bliain d'aois

..

..

..

12·60

--

4·25

4·25

6·55

(b) in aon chás eile

..

..

..

13·60

--

4·25

4·25

6·55

5. Sochar Banchéile Thréigthe

..

..

12·60

--

4·25

4·25

6·55

6. Liúntas Dílleachta (Ranníocach)

..

9·20

--

--

--

--

7. Pinsean Scoir agus Pinsean Seanaoise (Ranníocach):

(a) i gcás daoine faoi bhun ochtó bliain

d'aois

..

..

..

13·90

8·85

3·55

2·95

6·55

(b) in aon chás eile

..

..

..

14·75

8·85

3·55

2·95

6·55

(c) méadú breise i leith cleithiúnaí aosaithe a bhfuil aois inphinsin

slánaithe aige

..

..

..

--

1·65

--

--

--

[EN]

[EN]

(2) Déanfar an ráta seachtainiúil pinsin easláine, pinsin bhaintrí (ranníocach), sochair bhanchéile thréigthe, pinsin scoir nó pinsin seanaoise (ranníocach) a mhéadú £1 sa tseachtain i gcás aois inphinsin a bheith slánaithe ag an duine atá i dteideal an tsochair nó an phinsin sin agus é ina chónaí ina aonar.

[EN]

(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh—

[EN]

(a) a mhéid a bhaineann sé le sochar banchéile thréigthe, le pinsean easláine agus le pinsean scoir—an 31ú lá de Mhárta, 1977,

[EN]

(b) a mhéid a bhaineann sé le pinsean baintrí (ranníocach), le liúntas dílleachta (ranníocach) agus le pinsean seanaoise (ranníocach)—an 1ú lá d'Aibreán, 1977, agus

[EN]

(c) a mhéid a bhaineann sé le sochar míchumais, le sochar dífhostaíochta agus le liúntas máithreachais—an 4ú lá d'Aibreán, 1977.

[EN]

Méadú ar rátaí áirithe sochair dhífhostaíochta.

15.—(1) Leasaítear leis seo alt 5 (2) den Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1967, tríd an Tábla a ghabhann leis an alt seo a chur in ionad an Tábla a ghabhann leis an alt sin (a cuireadh isteach le hAcht 1976).

[EN]

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 4ú lá d'Aibreán, 1977.

AN TABLA

An Aicme Duine

An Ráta Seachtainiúil

An méadú i leith cleithiúnaí aosaithe (más iníoctha)

An méadú i leith linbh cháilithe nó i leith gach duine de bheirt leanbh cháilithe (más iníoctha)

An méadú i leith gach linbh cháilithe de bhreis ar bheirt (más iníoctha)

(1)

(2)

(3)

(4)

(5)

£

£

£

£

Duine atá i dteideal méadú i leith linbh cháilithe ach nach bhfuil i dteideal méadú i leith

cleithiúnaí aosaithe

..

10·35

--

3·15

2·40

Aon duine eile

..

10·20

7·40

3·15

2·40

[EN]

Leathnú ar bhrí na habairte “cleithiúnaí aosaithe” i gcás socharáirithe.

16.—(1) (a) Leasaítear leis seo alt 26 d'Acht 1952, a dhéanann socrú le haghaidh méadú ar shochar míchumais nó ar shochar dífhostaíochta i gcásanna áirithe, tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (c):

[EN]

“(c) a bheidh an tairbhí, is duine singil, baintreach. baintreach fir, nó duine atá ag fáil liúntais bhanchéile thréigthe nó sochair bhanchéile thréigthe faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1977, ag cothabháil, go hiomlán nó go formhór, bean os cionn 16 bliana d'aois a bhfuil leanbh cáilithe amháin nó níos mó a chónaíonn go rialta leis an tairbhí faoina cúram,”.

[EN]

(b) Tiocfaidh an fo-alt seo i ngníomh an 4ú lá d'Aibreán, 1977.

[EN]

(2) (a) Leasaítear leis seo alt 26 (5) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1970) d'Acht 1952, a dhéanann socrú le haghaidh méadú ar phinsean easláine i gcásanna áirithe, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

[EN]

“(b) in aghaidh aon tréimhse a bheidh an tairbhí, is duine singil, baintreach, baintreach fir, nó duine atá ag fáil liúntais bhanchéile thréigthe nó sochair bhanchéile thréigthe faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh 1952 go 1977, ag cothabháil, go hiomlán nó go formhór, bean os cionn 16 bliana d'aois a bhfuil leanbh cáilithe amháin nó níos mó a chónaíonn go rialta leis an tairbhí faoina cúram,”.

[EN]

(b) Tiocfaidh an fo-alt seo i ngníomh an 31ú lá de Mhárta, 1977.

[EN]

Ranníocaí fostaíochta (rátaí nua).

17.—(1) (a) Leasaítear leis seo mar a leanas an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1952: in ionad an ráta ranníoca atá sonraithe i ngach mír a luaitear i gcolún (1) den Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo, cuirfear an ráta atá sonraithe i gcolún (2) den Tábla sin os coinne an lua sin i gcolún (1).

[EN]

(b) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 4ú lá d'Aibreán, 1977.

AN TABLA

An Mhír den Dara Sceideal

An Ráta Ranníoca

(1)

(2)

£

Mír 1 (a):

(i) i gcás fear-ranníocóra fhostaithe

..

..

..

2·25

(ii) i gcás ban-ranníocóra fhostaithe

..

..

..

2·19

Mír 1 (b):

(i) i gcás fear-ranníocóra fhostaithe

..

..

3·71

(ii) i gcás ban-ranníocóra fhostaithe

..

..

..

3·69

Mír 2 (a)

..

..

..

..

..

..

..

2·13

Mír 2 (b)

..

..

..

..

..

..

..

3·57

Mír 2A (a)

..

..

..

..

..

..

..

1·99

Mír 2A (b)

..

..

..

..

..

..

..

3·55

Mír 3 (a)

..

..

..

..

..

..

..

1·77

Mír 3 (b)

..

..

..

..

..

..

..

3·01

Mír 3A (a)

..

..

..

..

..

..

..

2·18

Mír 3A (b)

..

..

..

..

..

..

..

3·97

Mír 4 (a)

..

..

..

..

..

..

..

0·45

Mír 4 (b)

..

..

..

..

..

..

..

0·75

Mír 5 (b)

..

..

..

..

..

..

..

0·75

Mír 6 (a)

..

..

..

..

..

..

..

2·16

Mír 6 (b)

..

..

..

..

..

..

..

3·69

Mír 7 (a)

..

..

..

..

..

..

..

2·30

Mír 7 (b)

..

..

..

..

..

..

..

3·92

Mír 8 (a)

..

..

..

..

..

..

..

1·77

Mír 8 (b)

..

..

..

..

..

..

..

3·01

[EN]

(2) (a) Déanfar na rátaí ranníoca fostaíochta is iníoctha faoi ghabhann le hAcht 1952, arna leasú le fo-alt (1) den alt seo, a mhéadú tríd an ráta a luaitear i gcolún (2) den Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo a chur leis an ráta ranníoca a shonraítear i ngach mír a luaitear i gcolún (1) den Tábla sin os coinne an lua sin i gcolún (1).

[EN]

(b) Beidh feidhm ag an bhfo-alt seo sa tréimhse dar tosach an 4ú lá d'Aibreán, 1977, agus dar críoch an 2ú lá d'Aibreán, 1978.

AN TABLA

An Mhír den Dara Sceideal

An Ráta Ranníoca

(1)

(2)

Mír 1 (a):

£

(i) i gcás fear-ranníocóra fhostaithe

..

..

..

0·10

(ii) i gcás ban-ranníocóra fhostaithe

..

..

..

0·10

Mír 1 (b):

(i) i gcás fear-ranníocóra fhostaithe

..

..

..

0·21

(ii) i gcás ban-ranníocóra fhostaithe

..

..

..

0·21

Mír 2 (a)

..

..

..

..

..

..

..

0·10

Mír 2 (b)

..

..

..

..

..

..

..

0·21

Mír 2A (a)

..

..

..

..

..

..

..

0·10

Mír 2A (b)

..

..

..

..

..

..

..

0·21

Mír 3A (a)

..

..

..

..

..

..

..

0·10

Mír 3A (b)

..

..

..

..

..

..

..

0·21

Mír 6 (a)

..

..

..

..

..

..

..

0·10

Mír 6 (b)

..

..

..

..

..

..

..

0·21

Mír 7 (a)

..

..

..

..

..

..

..

0·10

Mír 7 (b)

..

..

..

..

..

..

..

0·21

[EN]

Ranníocaí saorálacha (rátaí nua).

18.—(1) Leasaítear leis seo alt 6 d'Acht 1952 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) (a cuireadh isteach le hAcht 1976):

[EN]

“(2) Is ranníocaí seachtainiúla ranníocaí saorálacha agus déanfaidh ranníocóirí saorálacha atá faoi aois inphinsin iad a íoc de réir—

[EN]

(a) £1.20 in aghaidh gach seachtain ranníoca i gcás a raibh siad, díreach roimh scor dóibh de bheith ina ranníocóirí fostaithe, ar fostú inárachaithe i bhfostaíocht nach bhfuil na ranníocaí fostaíochta is iníoctha ina leith inríofa chun críocha pinsin seanaoise (ranníocach), agus

[EN]

(b) £3.10 in aghaidh gach seachtain ranníoca i gcás a raibh siad, díreach roimh scor dóibh de bheith ina ranníocóirí fostaithe, ar fostú inárachaithe i bhfostaíocht a bhfuil na ranníocaí fostaíochta is iníoctha ina leith inríofa chun críocha pinsin seanaoise (ranníocach),

[EN]

i gcás fear-ranníocóirí saorálacha agus i gcás ban-ranníocóirí saorálacha.”

[EN]

(2) £1.90 an ráta seachtainiúil ranníoca shaorálaigh is iníoctha ag duine lena mbaineann alt 17 d'Acht 1975 i gcás fear-ranníocóirí saorálacha agus i gcás ban-ranníocóirí saorálacha.

[EN]

(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngniomh an 4ú lá d'Aibreán, 1977.

[EN]

Sochair dhíobhálacha ceirde (rátaí nua).

19.—(1) Déantar leis seo gach ráta (a cuireadh isteach le hAcht 1976 arna athrú le Rialacháin 1976) sochair dhíobhálacha ceirde in Acht 1966 a luaitear i gcolún (1) den Tábla a ghabhann leis an alt seo a mhéadú tríd an ráta a shonraítear i gcolún (2) den Tábla sin os coinne an lua sin i gcolún (1) a chur in ionad an ráta sin.

[EN]

(2) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo, tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 4ú lá d'Aibreán, 1977.

[EN]

(3) Tiocfaidh na méadaithe dá bhforáiitear le fo-alt (1) den alt seo. a mhéid a bhaineann siad le hailt 17 (2), 18 (2), 18 (3), 19, 20 agus 21 (2) d'Acht 1966, i ngníomh an lú lá d'Aibreán 1977.

AN TABLA

An ráta sochair dhíobhálacha ceirde in Acht 1966

An ráta méadaithe

(1)

(2)

£11·90 in alt 8 (3) (a)

..

..

..

..

..

£13·60

£15·20 ,, ,, 8 (3) (b)

..

..

..

..

..

£17·40

£1,050·00 in alt 9 (7) (a)

..

..

..

..

..

£1,200·00

£15·20 i dTábla I a ghabhann le halt 9 (8)

..

..

£17·40

£13·68,,     ,,     ,,

,,

,,

,,     ,,

..

..

£15·66

£12·16,,     ,,     ,,

,,

,,

,,     ,,

..

..

£13·92

£10·64,,     ,,     ,,

,,

,,

,,     ,,

..

..

£12·18

£9·12 i dTábla I a ghabhann le halt 9 (8)

..

..

£10·44

£7·60,,     ,,     ,,

,,

,,

,,     ,,

..

..

£8·70

£6·08,,     ,,     ,,

,,

,,

,,     ,,

..

£6·96

£4·56,,     ,,     ,,

,,

,,

,,     ,,

..

..

£5·22

£3·04,,     ,,     ,,

,,

,,

,,     ,,

..

..

£3·48

£11·90 i dTábla II a ghabhann le halt 9 (8)

..

..

£13·60

£10·71,,     ,,     ,,

,,

,,

,,     ,,

..

..

£12·24

£9·52,,     ,,     ,,

,,

,,

,,     ,,

..

..

£10·88

£8·33,,     ,,     ,,

,,

,,

,,     ,,

..

..

£9·52

£7·14,,     ,,     ,,

,,

,,

,,     ,,

..

£8·16

£5·95,,     ,,     ,,

,,

,,

,,     ,,

..

..

£6·80

£4·76,,     ,,     ,,

,,

,,

,,     ,,

..

..

£5·44

£3·57,,     ,,     ,,

,,

,,

,,     ,,

..

..

£4·08

£2·38,,     ,,     ,,

,,

,,

,,     ,,

..

..

£2·72

£3·04 in alt 9 (9) (b) (ii)

..

..

..

..

£3·48

£2·38 in alt 9 (9) (b) (ii)

..

..

..

..

£2·72

£7·10 in alt 10 (1)

..

..

..

..

..

£8·10

£3·10 ,,     ,, 11 (1)

..

..

..

..

..

£3·55

£2·60,,     ,,     ,,     ,,

..

..

..

..

..

£2·95

£9·50,,     ,, 12 (1) (a)

..

..

..

..

..

£10·85

£10·90,,     ,, 12 (1) (b)

..

..

..

..

..

£12·45

£5·70,,     ,, 13 (1)

..

..

..

..

..

£6·55

£11·40,,     ,,     ,,     ,,

..

..

..

..

..

£13·10

£11·90,,     ,, 15 (1) (a) (i)

..

..

..

..

£13·60

£15·20,,     ,, 15 (1) (a) (ii)

..

..

..

..

£17·40

£14·95,,     ,, 17 (2) agus 18 (2)

..

..

..

£16·30

£742·00,,      ,, 18 (3)

..

..

..

..

..

£850·00

£3·90,,     ,, 19 gach áit a bhfuil sé

..

..

..

£4·25

£6·65,,     ,, 20   ,,

,,   ,,

,,     ,,

..

..

£7·25

£14·95,,     ,,      ,,

,,   ,,

,,     ,,

..

..

..

£16·30

£9·00,,     ,, 21 (2)

..

..

..

..

..

£9·80

£9·00,,     ,, 25 (3) (a)

..

..

..

..

..

£2·72

£3·04,,     ,, 25 (3) (b)

..

..

..

..

..

£3·48

[EN]

Díobhálacha ceirde (méadú speisialta do phinsinéiri a chónaíonn ina n-aonar).

20.—(1) Déanfar an ráta seachtainiúil pinsin is iníoctha le baintreach, le baintreach fir nó le tuismitheoir atá ag fáil sochair bháis faoi alt 17, 18 nó 20 d'Acht 1966 a mhéadú £1 i gcás aois inphinsin a bheith slánaithe ag an tairbhí agus é ina chónaí ina aonar.

[EN]

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an lú lá d'Aibreán, 1977.

[EN]

Díobhálacha ceirde (leathnú ar bhrí na habairte “cleithiúnaí aosaithe”).

21.—(1) Leasaítear leis seo alt 10 (1) d'Acht 1966 tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (c):

[EN]

“(c) a bheidh an tairbhí, is duine singil, baintreach, baintreach fir nó duine atá ag fáil liúntais bhanchéile thréigthe nó sochair bhanchéile thréigthe faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1977, ag cothabháil, go hiomlán nó go formhór, bean os cionn 16 bliana d'aois a bhfuil leanbh amháin nó níos mó atá cáilithe chun críocha an Achta seo agus a chónaíonn go rialta leis an tairbhí faoina cúram,”.

[EN]

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 4ú lá d'Aibreán, 1977.

[EN]

Comhshocraíochtaí cómhalartacha.

22.—Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 15 den Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha lighnéitheacha), 1966:

[EN]

“15.—(1) Féadfaidh an tAire cibé orduithe is gá a dhéanamh chun go gcuirfear i gcrích aon chomhshocraíochtaí cómhalartacha nó aon chomhshocraíochtaí eile, arna ndéanamh le haon eagraíocht idirnáisiúnta, le haon Stát nó Rialtas eile nó leis an údarás cuí faoi aon Rialtas eile, maidir le hábhair a bhaineann le hárachas agus le sochair faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1977, le pinsin faoi Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1977, le pinsin faoi na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1977, le cúnamh faoi na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1977, agus le liúntais faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1977, agus féadfaidh sé le haon ordú den sórt sin cibé oiriúnaithe agus modhnuithe a mheasann sé is gá a dhéanamh i ndáil leis na nithe sin.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm.”.

[EN]

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

23.—(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1977, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Déanfar an tAcht seo—

[EN]

(a) a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1976, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus féadfar Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1977, a ghairm díobh le chéile,

[EN]

(b) a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1976, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus féadar na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1977, a ghairm díobh le chéile,

[EN]

(c) a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1976, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1977, a ghairm díobh le chéile,

[EN]

(d) a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1976, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1977, a ghairm díobh le chéile, agus

[EN]

(e) a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1976, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1977, a ghairm díobh le chéile.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Old Age Pensions Act, 1908

1908, c.40

Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1932

1932, Uimh. 18.

An tAcht um Chongnamh Dhíomhaontis, 1933

1933, Uimh. 46.

An tAcht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935

1935, Uimh. 29.

An tAcht um Chongnamh Dhíomhaointis (Leasú), 1935

1935, Uimh. 38.

An tAcht Liúntas Leanbhaí (Leasú), 1946

1946, Uimh. 8.

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1952

1952, Uimh. 11.

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1952

1952, Uimh. 12.

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1960

1960, Uimh. 25.

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1962

1962, Uimh. 17.

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1964

1964, Uimh. 28.

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1965

1965, Uimh. 20.

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966

1966, Uimh. 16.

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1966

1966, Uimh. 24.

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1967

1967, Uimh. 18.

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1969

1969, Uimh. 19.

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1970

1970, Uimh. 12.

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1973

1973, Uimh. 10.

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1974

1974, Uimh. 12.

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1974

1974, Uimh. 14.

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1975

1975, Uimh. 1.

An tAcht Leasa Shoisialaigh 1976

1976, Uimh. 6.