[EN]

harp.jpg


Uimhir 4 de 1989


[EN]

AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1989


RIAR NA nALT

CUID I

Réamhráiteach

Alt

1.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

2.

Mínithe.

CUID II

Méaduithe

3.

Sochair árachais shóisialaigh (rátaí nua).

4.

Íocaíochtaí cúnaimh shóisialaigh (rátaí nua).

5.

Sochar linbh.

6.

Pinsean baintrí fir (neamhranníocach) agus liúntas fearchéile thréigthe.

7.

Míniú ar “leanbh cáilithe”.

8.

Ranníocaí árachais shóisialaigh pá-choibhneasa (méadú ar an uasteorainn tuillimh).

9.

Ranníocaí féinfhostaíochta (meadú ar an uasteorainn tuillimh).

10.

Sochar pá-choibhneasa.

11.

Deireadh a chur le rátaí neamhuirbeacha cúnaimh dífhostaíochta.

CUID III

Dliteanas an Teaghlach a Chothabháil

12.

Cuid X a chur isteach sa Phríomh-Acht (Dliteanas an teaghlach a chothabháil), aisghairm.

13.

Leasú ar an Acht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976.

CUID IV

Leasuithe Ilghnéitheacha

14.

Rogha chun sochar nó cúnamh a éileamh in imthosca áirithe.

15.

Íocaíochtaí ó bhord sláinte i leith leanaí atá curtha amach ar iostas, a bheith díolmhaithe ó acmhainn a ríomh.

16.

Rialacháin le go bhféadfar daoine a cheapadh le go nglacfaidh agus go ndéileálfaidh siad le sochar nó cúnamh.

17.

Leasú ar Chuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht (fostaíochtaí chun críocha alt 5 den Phríomh-Acht).

18.

An Garda Síochána a bheith cumhdaithe faoi árachas díobhálacha ceirde.

19.

Fostóir do thabhairt scéala faoi thosach fostaíochta.

20.

Fianaise ar thaifid, asléamhanna ríomhaire, fótachóipeanna, micreascannáin agus ar chóipeanna de dhoiciméid bhunaidh in imeachtaí.

21.

Taifid i dtaobh fostaithe a thugtar ar aird do chigirí a bheith ina bhfianaise prima facie.

22.

Fostóirí chun cúiteamh a dhéanamh leis an Aire as sochar a fuarthas go bréagach trí chlaonpháirteachas.

23.

Rialacháin faoi alt 17D den Phríomh-Acht.

24.

Liúntas réamhscoir.

25.

Leasú ar alt 79 (12) den Phríomh-Acht (coinníollacha chun pinsean seanaoise (ranníocach) a fháil).

26.

Forálacha an Phríomh-Achta etc. a chur i bhfeidhm le rialacháin.

27.

Sochair fhorluiteacha.

28.

Leasú ar alt 29 (4) (teideal chun sochair) agus alt 138 (1) (b) (coinníollacha reachtúla le haghaidh cúnaimh) den Phríomh-Acht.

29.

Cead ón Aire Airgeadais i ndáil le rialacháin áirithe.

30.

Féadfar le rialacháin liúntas gaoil fhorordaithe a íoc go díreach le gaol forordaithe.

31.

Dícháilithe chun sochar a fháil.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht an Bhainc Ceannais, 1971

1971, Uimh. 24

An tAcht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976

1976, Uimh. 11

Na hAchtanna Garda Síochána (Cúiteamh), 1941 agus 1945

Acht na dTithe (Teaghaisí Príobháideacha ar Cíos), 1982

1982, Uimh. 6

An tAcht um Chartlann Náisiúnta, 1986

1986, Uimh. 11

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1973

1973, Uimh. 10

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981

1981, Uimh. 1

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Leasú) 1981

1981, Uimh. 3

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1982

1982, Uimh. 2

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1983

1983, Uimh. 3

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1984

1984, Uimh. 5

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1985

1985, Uimh. 5

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1985

1985, Uimh. 14

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1986

1986, Uimh. 8

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1987

1987, Uimh. 29

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1988

1988, Uimh. 7

Na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1981 go 1988

An tAcht um Stádas Leanaí, 1987

1987, Uimh. 26

harp.jpg


Uimhir 4 de 1989


AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1989

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA LEASA SHÓISIALAIGH, 1981 GO 1988, AGUS AN ACHTA UM AN DLÍ TEAGHLAIGH (COTHABHÁIL CÉILÍ AGUS LEANAÍ), 1976. [26 Márta, 1989] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

CUID I

Réamhráiteach

[EN]

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

1.—(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1989, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Forléireofar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1981 go 1988, agus an tAcht seo le chéile mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1981 go 1989, a ghairm díobh le chéile.

[EN]

Mínithe.

2.—San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “Acht 1988” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1988;

[EN]

ciallaíonn “an príomh-Acht” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981;

[EN]

ciallaíonn “na hAchtanna Leasa Shóisialaigh” an príomh-Acht agus gach achtachán, cibé acu an roimh an Acht seo nó ina dhiaidh a ritheadh é, atá le forléiriú leis mar aon Acht amháin.

[EN]

CUID II

Méaduithe

[EN]

Sochair árachais shóisialaigh (rátaí nua).

3.—(1) Leasaítear leis seo an príomh-Acht trí na Codanna atá leagtha amach i Sceideal A a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad Chodanna I go IV (a cuireadh isteach le halt 3 d'Acht 1988) den Dara Sceideal a ghabhann leis an bpríomh-Acht sin.

[EN]

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh—

[EN]

(a) a mhéid a bhaineann sé le sochar dífhostaíochta, an 20ú lá d'Iúil, 1989,

[EN]

(b) a mhéid a bhaineann sé le sochar míchumais, le liúntas máithreachais, le sochar díobhála, le haisce mhíthreorach agus le pinsean míthreorach, an 24ú lá d'Iúil, 1989,

[EN]

(c) a mhéid a bhaineann sé le sochar banchéile thréigthe, le pinsean easláine agus le pinsean scoir, an 27ú lá d'Iúil, 1989, agus

[EN]

(d) a mhéid a bhaineann sé le sochar báis faoi alt 50, 51 nó 52 den phríomh-Acht, le pinsean seanaoise (ranníocach), le pinsean baintrí (ranníocach) agus le liúntas dílleachta (ranníocach), an 28ú lá d'Iúil, 1989.

[EN]

Íocaíochtaí cúnaimh shóisialaigh (rátaí nua).

4.—(1) Leasaítear leis seo an príomh-Acht trí na Codanna atá leagtha amach i Sceideal B a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad Chodanna I agus III (a cuireadh isteach le halt 4 d'Acht 1988) den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an bpríomh-Acht sin.

[EN]

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh—

[EN]

(a) a mhéid a bhaineann sé le cúnamh dífhostaíochta, an 19ú lá d'Iúil, 1989,

[EN]

(b) a mhéid a bhaineann sé le liúntas banchéile thréigthe, le liúntas banchéile príosúnaigh, le liúntas cúnaimh shóisialaigh, agus le liúntas do bhean shingil, an 27ú lá d'Iúil, 1989,

[EN]

(c) a mhéid a bhaineann sé le pinsean seanaoise, le pinsean dall, le pinsean baintrí (neamhranníocach) agus le pinsean dílleachta (neamhranníocach), an 28ú lá d'Iúil, 1989,

[EN]

(d) a mhéid a bhaineann sé le liúntas leasa forlíontach, an 24ú lá d'Iúil, 1989.

[EN]

(e) a mhéid a bhaineann sé le liúntas réamhscoir, ar thosach feidhme alt 28 d'Acht 1988,

[EN]

(f) a mhéid a bhaineann sé le pinsean baintrí fir (neamhranníocach), ar thosach feidhme alt 198A (a cuireadh isteach le halt 6(1) (a) den Acht seo) den phríomh-Acht, agus

[EN]

(g) a mhéid a bhaineann sé le liúntas fearchéile thréigthe, ar thosach feidhme alt 198B (a cuireadh isteach le halt 6(1) (b) den Acht seo) den phríomh-Acht.

[EN]

Sochar linbh.

5.—(1) Leasaítear leis seo alt 225 den phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) (a cuireadh isteach le halt 3 (6) den Acht Leasa Shóisialaigh, 1982, agus arna leasú le halt 17 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1986);

[EN]

“(1) Faoi réir na Coda seo agus na rialachán fúithi, aon duine atá cáilithe le haghaidh sochair linbh, íocfar leis, fad a bheidh sé cáilithe amhlaidh, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, sochar míosúil arb é a bheidh ann an méid atá leagtha amach i gcolún (1) de Chuid IV den Cheathrú Sceideal i leith gach linbh den chéad cheathrar leanbh cáilithe agus, ina theannta sin, an méid atá leagtha amach i gcolún (2) den Chuid sin i leith gach linbh cháilithe (más ann) de bhreis ar cheathrar.”.

[EN]

(2) Leasaítear leis seo an Ceathrú Sceideal a ghabhann leis an bpríomh-Acht tríd an gCuid seo a leanas a chur in ionad Chuid IV (a cuireadh isteach le halt 17 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1986):

[EN]

“CUID IV

[EN]

Na Méideanna Sochair Linbh

An méid i leith gach linbh den chéad cheathrar leanbh

An méid i leith gach linbh de bhreis ar cheathrar

(1)

(2)

£15.05

£21.75

[EN]

(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 3ú lá de Dheireadh Fómhair, 1989.

[EN]

pinsean baintrí fir (neamhranníocach) agus liúntas fearchéile thréigthe.

6.—(1) Leasaítear leis seo an príomh-Acht—

[EN]

(a) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 198:

[EN]

“Caibidil 5A

[EN]

Liúntais d'Fhir Áirithe

pinsean baintrí fir (neamhranníocach)

198A.—(1) Íocfar pinsean baintrí fir (neamhranníocach), faoi réir rialachán, le baintreach fir a bhfuil leanbh cáilithe amháin ar a laghad ina chónaí leis agus a chomhlíonann na coinníollacha maidir le hacmhainn le bheith i dteideal pinsin baintrí (neamhranníocach) faoi Chaibidil 4 de Chuid III.

(2) Beidh an ráta pinsin baintrí fir (neamhranníocach) is iníoctha le duine comhionann le ráta pinsin baintrí (neamhranníocach) is iníoctha le baintreach faoi Chaibidil 4 de Chuid III.

(3) Ní mheasfar chun críocha an ailt seo, maidir le baintreach fir a d'athphós, gurb é baintreach fir a iarbhanchéile é.

(4) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh i ndáil le pinsean baintrí fir (neamhranníocach) agus féadfaidh na rialacháin aon fhorálacha de chuid an Achta seo, nó rialacháin faoin Acht seo, a chur chun feidhme (modhnaithe nó gan mhodhnú), nó forálacha ar comhréir leo (modhnaithe nó gan mhodhnú) a dhéanamh.”,

[EN]

(b) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 198A (a cuireadh isteach le mír (a) den fho-alt seo):

“Liúntas fearchéile thréigthe.

198B.—(1) Déanfar, faoi réir rialachán, liúntas fearchéile thréigthe a íoc le fear—

(a) atá tréigthe ag a bhanchéile,

(b) a bhfuil leanbh cáilithe amháin ar a laghad ina chónaí leis, agus

(c) a chomhlíonann na coinníollacha maidir le hacmhainn le bheith i dteideal pinsin baintrí (neamhranníocach) faoi Chaibidil 4 de Chuid III.

(2) Beidh an ráta liúntais fearchéile thréigthe is iníoctha le duine comhionann leis an ráta pinsin baintrí (neamhranníocach) is iníoctha le baintreach faoi Chaibidil 4 de Chuid III.

(3) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh i ndáil le liúntas fearchéile thréigthe agus, go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil ansin roimhe seo, féadfaidh na rialacháin sin—

(a) na himthosca a shonrú ina mbeidh sé le meas chun críocha an ailt seo go bhfuil fear tréigthe ag a bhanchéile,

(b) aon fhorálacha de chuid an Achta seo nó aon rialacháin faoin Acht seo a chur chun feidhme (modhnaithe nó gan mhodhnú) nó forálacha ar comhréir leo (modhnaithe nó gan mhodhnú) a dhéanamh, agus

(c) a fhoráil gurb amhlaidh a bheidh, le linn forálacha alt 300 a chur chun feidhme agus d'ainneoin aon ní atá san alt sin, go mbeidh, i gcás ar bith ina ndílamhálfar nó ina laghdófar liúntas fearchéile thréigthe de bhua cinneadh athbhreithnithe ó oifigeach breithiúnachta nó ó oifigeach achomhairc, cibé méid a ordóidh an tAire d'aon chuid den liúntas a bheidh íoctha thar an ráta a chinnfear leis an gcinneadh sin a bheith iníoc tha, inghnóthaithe mar fhiach atá dlite don Stát.”, agus

[EN]

(c) trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (1) (arna leasú le halt 28 d'Acht 1988) d'alt 134 (a bhaineann leis an gcineál cúnaimh) i ndiaidh mhír (k):

[EN]

“(l) pinsean baintrí fir (neamhranníocach),

[EN]

(m) liúntas fearchéile thréigthe.”.

[EN]

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire i gcoitinne nó faoi threoir míre amháin nó níos mó de mhíreanna fho-alt (1) agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh le haghaidh gach míre de na míreanna sin nó le haghaidh cuid de gach mír de na míreanna sin.

[EN]

Míniú ar “leanbh cáilithe”.

7.—(1) Leasaítear leis seo alt 2 (1) den phríomh-Acht tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “leanbh cáilithe”:

[EN]

“ciallaíonn ‘leanbh cáilithe’ leanbh a bhfuil gnáthchónaí air sa Stát, nach bhfuil faoi choinneáil i scoil cheartúcháin nó i scoil saothair, agus—

[EN]

(a) chun críocha—

[EN]

(i) ailt 21 (2), 26A (1) agus 32 (2),

[EN]

(ii) alt 44 (2) mar atá feidhm aige maidir le sochar díobhála, agus

[EN]

(iii) alt 139 (b) i gcás iarratasóra ar chúnamh dífhostaíochta seachas iarratasóir dá dtagraítear i mír (b),

[EN]

atá faoi bhun 18 mbliana d'aois,

[EN]

(b) chun críocha—

[EN]

(i) alt 44 (2) mar atá feidhm aige maidir le pinsean míthreorach,

[EN]

(ii) ailt 81 (2), 86 (2), 91 (2), 156B (1) (b) agus 161 (1), agus

[EN]

(iii) alt 139 (b) i gcás iarratasóra atá in aon tréimhse leanúnach dífhostaíochta mar a fhorléirítear de réir alt 135 (2), ag fáil sochair dífhostaíochta nó cúnaimh dífhostaíochta ar feadh 390 lá ar a laghad—

[EN]

(I) atá faoi bhun 18 mbliana d'aois, nó

[EN]

(II) atá 18 mbliana d'aois nó os a chionn agus faoi bhun 19 mbliana d'aois agus atá ag fáil teagaisc lánaimsire de ló in aon ollscoil, coláiste, scoil nó foras oideachais eile,

[EN]

(c) chun críocha ailt 50 (9), 95 (1), 103 (1), 178 (1), 195 (1), 196 (1), 197 (1), 198A agus 198B—

[EN]

(i) atá faoi bhun 18 mbliana d'aois, nó

[EN]

(ii) atá 18 mbliana d'aois nó os a chionn agus faoi bhun 21 bliain d'aois agus atá ag fáil teagaisc lánaimsire de ló in aon ollscoil, coláiste, scoil nó foras oideachais eile;”.

[EN]

(2) Aisghairtear leis seo na forálacha seo a leanas den phríomh-Acht—

[EN]

(a) alt 50 (10),

[EN]

(b) an míniú ar “leanbh cáilithe” atá in alt 92 (5),

[EN]

(c) alt 157 (a), agus

[EN]

(d) an míniú ar “leanbh cáilithe” atá in alt 176 (1).

[EN]

(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an lú lá de Mheán Fómhair, 1989, ach amháin a mhéid a bhaineann sé leis an míniú ar “leanbh cáilithe” (a cuireadh isteach le fo-alt (1) den alt seo) in alt 2 (1) den phríomh-Acht chun críocha alt 139 (b) den Acht sin, go dtiocfaidh sé i ngníomh an 30ú lá de Lúnasa, 1989.

[EN]

Ranníocaí árachais shóisialaigh páchoibhneasa (méadú ar an uasteorainn tuillimh).

8.—(1) Leasaítear leis seo alt 10 den phríomh-Acht—

[EN]

(a) trí “mhíreanna (c), (cc), agus (d)” a chur in ionad “mhíreanna (c) agus (d)” i mír (b) d'fho-alt (1),

[EN]

(b) trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhír (c) (a cuireadh isteach le halt 6 d'Acht 1988) d'fho-alt (1):

[EN]

“(c) I gcás ina raibh, i mbliain ranníoca áirithe, suim £18,000 de thuilleamh ináirithe ag ranníocóir fostaithe agus gur íocadh ranníocaí faoi mhír (b) (ii) i leith an tuillimh ináirithe sin, ní bheidh aon ranníoc eile den sórt sin iníoctha i leith aon tuillimh ináirithe de chuid an ranníocóra fhostaithe sin ag a fhostóir an bhliain ranníoca sin.

[EN]

(cc) I gcás ina raibh, i mbliain ranníoca áirithe, suim £16,700 de thuilleamh ináirithe ag ranníocóir fostaithe agus gur íocadh ranníocaí faoi mhír (b) (i) i leith an tuillimh ináirithe sin, ní bheidh aon ranníoc eile den sórt sin iníoctha i leith aon tuillimh ináirithe de chuid an ranníocóra fhostaithe sin ag an ranníocóir fostaithe an bhliain ranníoca sin.”,

[EN]

(c) trí “na suimeanna” a chur in ionad “an tsuim” i mír (a) d'fho-alt (2) agus “i míreanna (c) agus (cc) d'fho-alt (1)” a chur in ionad “i bhfo-alt (1) (c)” agus tá an mhír sin (a) arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo, agus

[EN]

(d) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) d'fho-alt (2):

[EN]

“(b) Le linn don Aire rialacháin a dhéanamh faoin bhfo-alt seo chun an tsuim a shonraítear i bhfo-alt (1) (cc) a athrú cuirfidh sé i gcuntas aon athruithe i meántuilleamh oibrithe sna tionscail earraí iniompair a taifeadadh amhlaidh ag an bpríomh-Oifig Staidrimh ón dáta a ndearnadh an tsuim a shonraítear i bhfo-alt (1) (cc) a chinneadh go deireanach ina leith.”.

[EN]

AN TÁBLA

(a) Féadfaidh an tAire le rialacháin na suimeanna a shonraítear i míreanna (c) agus (cc) d'fho-alt (1) a athrú agus glacfaidh an t-athrú sin éifeacht ó thús na bliana ranníoca tar éis na bliana ina ndéanfar na rialacháin.

[EN]

(2) Leasaítear leis seo alt 11 den phríomh-Acht trí “alt 10 (1) (cc)” a chur in ionad “alt 10 (1) (c)” i mír (c) d'fho-alt (1).

[EN]

(3) Leasaítear leis seo alt 2 (1) den phríomh-Acht trí “alt 10 (1) (c) nó (cc)” a chur in ionad “alt 10 (1) (c)” sa mhíniú ar “ranníoc cáilitheach” (a cuireadh isteach le halt 10 d'Acht 1988).

[EN]

(4) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1989.

[EN]

Ranníocaí féinfhostaíochta (meadú ar an uasteorainn tuillimh).

9.—(1) Leasaítear leis seo alt 17C (d) (a cuireadh isteach le halt 11 d'Acht 1988) den phríomh-Acht trí “£16,700” a chur in ionad “£16,200”.

[EN]

(2) Leasaítear leis seo alt 17D (2) (a cuireadh isteach le halt 11 d'Acht 1988) den phríomh-Acht trí “an méid a shonraítear in alt 17C (d)” a chur in ionad “£16,200”.

[EN]

(3) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1989.

[EN]

Sochar páchoibhneasa.

10.—(1) Leasaítear leis seo alt 73 (arna leasú le halt 8 d'Acht 1988) den phríomh-Acht trí “£69” a chur in ionad “£66”.

[EN]

(2) Beidh éifeacht leis an alt seo i ndáil le haon tréimhse éagumais chun oibre agus le haon tréimhse bhearnaithe fostaíochta dar tosach an 3ú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis.

[EN]

Deireadh a chur le rátaí neamhuirbeacha cúnaimh dífhostaíochta.

11.—(1) Aisghairtear leis seo na forálacha seo a leanas den phríomh-Acht—

[EN]

(a) fo-ailt (3) agus (4) d'alt 135,

[EN]

(b) alt 155, agus

[EN]

(c) alt 156.

[EN]

(2) Leasaítear leis seo alt 136 (3) den phríomh-Acht (a bhaineann leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh ag duine a mbeidh deimhniú cáilíochta á iarraidh aige) trí “tagairt 1 (a)” a chur in ionad “tagairt 1A (1) (i)” i mír (c) (a cuireadh isteach le halt 9 den Acht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1985) sa dá áit ina dtarlaíonn sé.

[EN]

(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 19ú lá d'Iúil, 1989.

[EN]

CUID III

Dliteanas an Teaghlach a Chothabháil

[EN]

Cuid X a chur isteach sa phríomh-Acht (Dliteanas an teaghlach a chothabháil), aisghairm.

12.—(1) Leasaítear leis seo an príomh-Acht tríd an gCuid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Chuid IX:

[EN]

“CUID X

[EN]

Dliteanas an Teaghlach a Chothabháil

Léiriú

314.—(1) Sa Chuid seo—

ciallaíonn ‘Acht 1976’ an tAcht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976 (arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán ina dhiaidh sin cibé acu an roimh an Acht seo nó dá éis a ritheadh é);

ciallaíonn ‘liúntas’ liúntas banchéile thréigthe faoi alt 195, liúntas leasa forlíontach faoi alt 200 nó liúntas fearchéile thréigthe faoi alt 198B;

ciallaíonn ‘sochar’ sochar banchéile thréigthe faoi alt 100;

ciallaíonn ‘údarás inniúil’ i ndáil le sochar banchéile thréigthe, liúntas banchéile thréigthe agus liúntas fearchéile thréigthe, an tAire agus i ndáil le liúntas leasa forlíontach ciallaíonn sé an bord sláinte a dheonaigh an liúntas sin d'fhaighteoir;

ciallaíonn ‘ordú ón gCúirt’ ordú cothabhála, ordú cnapshuime, ordú astaithe tuillimh, ordú athrúcháin nó ordú eatramhach, faoi Acht 1976.

(2) Déanfar gach tagairt sa Chuid seo do dhuine atá faoi dhliteanas duine eile a chothabháil, a fhorléiriú mar thagairt a chiallaíonn duine atá faoi dhliteanas an duine eile sin a chothabháil de bhua alt 315.

Dliteanas an teaghlach a chothabháil.

315.—Chun críocha ailt 100, 195, 200 agus 198B agus gan dochar d'aon oibleagáidí a fhorchuirtear le dlí nó ar shlí eile beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas, is é sin le rá—

(a) beidh fear faoi dhliteanas—

(i) a bhanchéile a chothabháil, agus

(ii) aon leanbh dá chuid a chothabháil, ar leanbh é atá faoi bhun 18 mbliana d'aois nó (seachas chun críocha alt 200) atá den aois sin nó os a cionn agus faoi bhun 21 bhliain d'aois agus ag fáil oideachais nó teagaisc lánaimsire de ló in aon ollscoil, coláiste, scoil nó foras oideachais eile, agus

(b) beidh bean faoi dhliteanas—

(i) a fearchéile a chothabháil, agus

(ii) aon leanbh dá cuid a chothabháil, ar leanbh é atá faoi bhun 18 mbliana d'aois nó (seachas chun críocha alt 200) atá den aois sin nó os a cionn agus faoi bhun 21 bhliain d'aois agus ag fáil oideachais nó teagaisc lánaimsire de ló in aon ollscoil, coláiste, scoil nó foras oideachais eile.

Ranníoc i leith sochair nó liúntais

316.—(1) Má íoctar sochar nó liúntas le haon fhaighteoir, beidh gach duine atá faoi dhliteanas an faighteoir sin a chothabháil nó aon leanbh a chothabháil ar deonaíodh méadú ar an sochar nó ar an liúntas sin ina leith, faoi

dhliteanas cibé méid a ranníoc leis an údarás inniúil a chinnfidh an t-údarás sin a bheith iomchuí i leith an tsochair nó an liúntais sin.

(2) Más rud é, maidir le duine atá faoi dhliteanas ranníoc a dhéanamh faoi fho-alt (1), go mainníonn nó go bhfaillíonn sé an ranníoc a dhéanamh, féadfaidh an t-údarás inniúil iarratas a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche ar ordú ag ordú don duine atá faoi dhliteanas ranníoc a dhéanamh an ranníoc sin a dhéanamh i leith an tsochair nó an liúntais.

(3) Déanfaidh an t-údarás inniúil, sula ndéanfaidh sé iarratas chun na Cúirte Dúiche faoi fho-alt (2), fógra faoin iarratas a sheirbheáil ar an duine atá faoi dhliteanas ranníoc a dhéanamh.

(4) I gcás go mbeidh an Chúirt Dúiche deimhin de, an tráth a éistfidh an t-údarás inniúil iarratas faoi fho-alt (2), gur mhainnigh nó gur fhailligh an duine atá faoi dhliteanas ranníoc a dhéanamh an ranníoc is gá faoi fho-alt (1) a dhéanamh agus go raibh sé in ann ranníoc a dhéanamh i leith an tsochair nó an liúntais a deonaíodh, socróidh an Chúirt Dúiche méid an ranníoca a dhéanfaidh an duine a bheidh faoi dhliteanas amhlaidh agus ordóidh sí an méid sin a íoc leis an údarás inniúil ar mhodh cibé íocaíochtaí is cuí leis an gCúirt.

Íocaíochtaí faoi ordú ón gCúirt chun ranníocaí a fhritháireamh

317.—I gcás go ndeonófar ordú ón gCúirt do dhuine a bhfuil sochar nó liúntas á fháil aige déanfaidh na híocaíochtaí a dhéanfar faoin ordú sin fritháireamh, go hiomlán nó go páirteach, de réir mar a chinnfidh an t-údarás inniúil, ar na ranníocaí a bheidh dlite ón duine atá faoi dhliteanas ranníoc a dhéanamh de bhun alt 316 (1) i leith an tsochair nó an liúntais sin.

Faighteoir an tsochair nó an liúntais d'aistriú íocaíochtaí faoi ordú ón gCúirt chuig údarás inniúil.

318.—(1) Faoi réir fho-alt (2), dlífear ar dhuine atá ag fáil sochair nó liúntais íocaíochtaí a rinneadh leis an duine sin i gcomhlíonadh ordaithe ón gCúirt a aistriú chuig an údarás inniúil.

(2) Ní dhlífear ar dhuine a bhí ag fáil sochair nó liúntais roimh thosach feidhme na Coda seo (nó coda di) aon íocaíochtaí a aistriú a rinneadh leis an duine sin i gcomhlíonadh ordaithe ón gCúirt a rinneadh roimh an tosach feidhme sin ach i gcás go n-athraíonn ordú ón gCúirt, a rinneadh tar éis thosach feidhme na Coda seo (nó coda di), ordú a rinneadh roimh an tosach feidhme sin dlífear ar an duine lena mbaineann, an tsuim, más ann, trínar mó méid an ordaithe a rinneadh tar éis thosach feidhme na Coda seo (nó coda di) ná méid an ordaithe a rinneadh roimh an tosach feidhme sin, a aistriú chuig an údarás inniúil.

(3) I gcás go mainníonn duine atá ag fáil sochair nó liúntais forálacha fho-alt (1) nó (2) a chomhlíonadh laghdófar an sochar nó an liúntas atá á íoc leis an duine sin den mhéid a bhfuil an duine sin faoi dhliteanas é a aistriú chuig an Aire faoi fho-ailt (1) agus (2).

Imscrúduithe ag oifigigh leasa shóisialaigh nó ag boird sláinte.

319.—(1) Déanfaidh oifigeach leasa shóisialaigh a bheidh údaraithe chuige sin ag an Aire imscrúdú ar aon cheist, agus tabharfaidh tuairisc don Aire, ar aon cheist, a thig maidir le, nó i ndáil le, haon sochar nó liúntas a tharchuirfidh an tAire chuige agus féadfaidh sé, chun críche an imscrúdaithe agus na tuairisce sin a cheangal ar dhuine atá faoi dhliteanas ranníoc a dhéanamh faoi alt 316 (1) nó ar aon fhostóir d'aon duine den sórt sin cibé faisnéis den sórt sin a thabhairt dó agus cibé doiciméid a bhaineann leis an duine sin a theastóidh uaidh go réasúnach a thabhairt ar aird dó lena n-iniúchadh.

(2) Féadfaidh bord sláinte imscrúdú a dhéanamh faoi aon cheist a thig maidir le, nó i ndáil le, liúntas leasa forlíontach a dheonaíonn an bord, agus féadfaidh sé chun críche an imscrúdaithe sin a cheangal ar dhuine atá faoi dhliteanas ranníoc a dhéanamh faoi alt 316 (1) nó ar aon fhostóir d'aon duine den sórt sin cibé faisnéis den sórt sin a thabhairt don bhord sláinte agus

cibé doiciméid a bhaineann leis an duine sin a theastóidh ón mbord sláinte go réasúnach a thabhairt ar aird don bhord sláinte lena n-iniúchadh.

(3) I gcás go mainníonn duine atá faoi dhliteanas ranníoc a dhéanamh faoi alt 316 (1), nó fostóir d'aon duine den sórt sin, forálacha fho-ailt (1) agus (2) a chomhlíonadh, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná£1,000 nó, ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná£10,000, a chur air.

Tosach feidhme Chuid X.

320.—Tiocfaidh an Chuid seo i ngníomh cibé lá nó laethana a shocrófar le hordú nó le horduithe ón Aire i gcoitinne nó faoi threoir ailt amháin nó níos mó den Chuid seo agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh le haghaidh gach ailt de na hailt sin nó le haghaidh cuid de gach alt de na hailt sin.”.

[EN]

(2) Aisghairtear leis seo ailt 214 agus 215 den phríomh-Acht.

[EN]

(3) Tiocfaidh fo-alt (2) den alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

[EN]

Leasú ar an Acht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976.

13.—(1) Leasaítear leis seo an tAcht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976

[EN]

(a) trí na mínithe seo a leanas a chur isteach in alt 3 (1):

[EN]

“ciallaíonn ‘liúntas’ liúntas banchéile thréigthe faoi alt 195, liúntas leasa forlíontach faoi alt 200 nó liúntas fearchéile thréigthe faoi alt 198B den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981;

[EN]

ciallaíonn ‘sochar’ sochar banchéile thréigthe faoi alt 100 den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981;

[EN]

tá le ‘údarás inniúil’ an bhrí a shanntar dó le halt 314 den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981;”,

[EN]

(b) trí “cé is moite de shochar nó liúntas nó d'aon mhéadú ar shochar nó liúntas den sórt sin maidir le haon leanaí cleithiúnacha a deonaíodh do cheachtar tuismitheoir de na leanaí sin” a chur isteach i ndiaidh “den sórt sin” in alt 5 (4) (a),

[EN]

(c) trí “cé is moite de shochar nó liúntas nó d'aon mhéadú ar shochar nó liúntas den sórt sin maidir le haon leanaí cleithiúnacha a deonaíodh do cheachtar tuismitheoir de na leanaí sin” a chur isteach in alt 5A (a cuireadh isteach le halt 18 den Acht um Stádas Leanaí, 1987) i ndiaidh “faoi reacht”,

[EN]

(d) trí “nó, más iomchuí, chuig an údarás inniúil” a chur isteach i ndiaidh “chuig an gcreidiúnaí cothabhála” in alt 9 (4),

[EN]

(e) trí “nó, más iomchuí, chuig an údarás inniúil” a chur isteach i ndiaidh “faoin réamh-ordú iomchuí a fháil” in alt 10 (2) (a),

[EN]

(f) trí “nó, más iomchuí, chuig an údarás inniúil” a chur isteach i ndiaidh “lena dtarchur chuig an duine sin” in alt 10 (2) (b), agus

[EN]

(g) trí “nó, más iomchuí, chuig an údarás inniúil” a chur isteach i ndiaidh “a fháil” in alt 12.

[EN]

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

[EN]

CUID IV

Leasuithe Ilghnéitheacha

[EN]

Rogha chun sochar nó cúnamh a éileamh in imthosca áirithe.

14.—(1) Leasaítear leis seo alt 142 den phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

[EN]

“(1A) D'ainneoin fho-alt (1), féadfar foráil a dhéanamh le rialacháin, faoi réir cibé coinníollacha a bheidh forordaithe, nach ndéanfar duine a bheidh ag fáil nó i dteideal sochair dífhostaíochta faoi Chuid II a dhícháiliú chun cúnamh dífhostaíochta a fháil:

[EN]

Ar choinníoll nach gcuirfidh aon rialacháin den sórt sin faoi deara go bhfaighidh duine sochar dífhostaíochta agus cúnamh dífhostaíochta araon, nó cúnamh dífhostaíochta agus sochar pá-choibhneasa araon, i leith an lae nó na laethanta céanna.”.

[EN]

(2) Leasaítear leis seo alt 34 den phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (9):

[EN]

“(10) Chun críocha an ailt seo, déanfar aon lá a bhfaighidh duine cúnamh dífhostaíochta ina leith fad a bheidh sé i dteideal sochair dífhostaíochta, a áireamh amhail is dá mba lá é ar íocadh sochar dífhostaíochta ina leith.”.

[EN]

Íocaíochtaí ó bhord sláinte i leith leanaí atá curtha amach ar iostas, a bheith díolmhaithe ó acmhainn a ríomh.

15.—(1) Leasaítear leis seo alt 146 (1) (b) (arna leasú le halt 13 den Acht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1985) den phríomh-Acht tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (xi):

[EN]

“(xiA) íocaíochtaí ó bhord sláinte i leith linbh atá curtha amach ar iostas,”.

[EN]

(2) Leasaítear leis seo alt 210 (2) (arna leasú le halt 9 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1984, agus le halt 17 den Acht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1985) den phríomh-Acht tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i mír (a) i ndiaidh fhomhír (i):

[EN]

“(iA) íocaíochtaí ó bhord sláinte i leith linbh atá curtha amach ar iostas,”.

[EN]

(3) Leasaítear leis seo Riail 1 (4) den Tríú Sceideal a ghabhann leis an bpríomh-Acht tríd an gclásal seo a leanas a chur isteach i bhfomhír (e) (a cuireadh isteach le halt 18 den Acht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1987) i ndiaidh chlásal (i):

[EN]

“(iA) íocaíochtaí ó bhord sláinte i leith linbh atá curtha amach ar iostas,”.

[EN]

Rialacháin le go bhféadfar daoine a cheapadh le go nglacfaidh agus go ndéileálfaidh siad le sochar nó cúnamh.

16.—Leasaítear leis seo alt 112 den phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) d'fho-alt (3)—

[EN]

“(b) go bhféadfar, i gcás inar dóigh leis an Aire gur cóir sin sna himthosca, duine a cheapadh le go nglacfaidh agus go ndéileálfaidh sé thar ceann éilitheora nó tairbhí le sochar nó pinsean mar a leanas—

[EN]

(i) maidir le sochar míchumais, sochar dífhostaíochta, pinsean seanaoise (ranníocach), pinsean scoir nó pinsean easláine, cibé cion den sochar nó den phinsean a mheasann an tAire a bheith réasúnach sna himthosca:

[EN]

Ar choinníoll nach mó in aon chás an méid a ndéileálfar leis ar an tslí seo ná an méid iomlán is iníoctha lúide an méid is iníoctha de bhua ailt 21 (1), 32 (1), 81 (1), 86 (1) nó 91 (1), de réir mar is iomchuí,

[EN]

(ii) maidir le pinsean baintrí (ranníocach), cibé cion den phinsean is iníoctha de bhua alt 95 (1),

[EN]

(iii) maidir le sochar díobhála nó pinsean míthreorach, cibé cion den sochar nó den phinsean a mheasann an tAire a bheith réasúnach sna himthosca:

[EN]

Ar choinníoll nach mó in aon chás an méid a ndéileálfar leis ar an tslí seo ná an méid iomlán is iníoctha lúide an méid is iníoctha de bhua alt 44 (1),”.

[EN]

Leasú ar Chuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bpríomh-Acht (fostaíochtaí chun críocha alt 5 den phríomh-Acht).

17.—Leasaítear leis seo Cuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bpríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 13 (a cuireadh isteach le halt 7 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1985):

[EN]

“14. Fostaíocht ag An post mar fhomháistir poist a fhaigheann luach saothair trí íocaíocht de réir scála.”.

[EN]

An Garda Síochána a bheith cumhdaithe faoi árachas díobhálacha ceirde.

18.—(1) Leasaítear leis seo alt 38 (3) den phríomh-Acht trí mhír (e) (a d'eisiaigh comhalta den Gharda Síochána ó chumhdach faoi árachas díobhálacha ceirde) a scriosadh.

[EN]

(2) Leasaítear leis seo alt 68 den phríomh-Acht (a bhaineann le sochar a chur i gcuntas agus damáistí á measúnú) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

[EN]

“(4) D'ainneoin na nAchta Gárda Síochána (Cúiteamh), 1941 agus 1945, cuirfear i gcuntas, agus cúiteamh á mheasúnú,—

[EN]

(a) in aghaidh aon chailleadh tuillimh nó brabús a d'fhabhraigh nó ar dóigh dó fabhrú chun an duine dhíobhálaithe ó na díobhálacha,

[EN]

(b) in aghaidh na héifeachta chun dochair a d'fhéadfadh a bheith go réasúnach ag na díobhálacha ar chumas tuillimh an duine dhíobhálaithe i gcoitinne sa todhchaí agus go háirithe (mura mbacfaidh na díobhálacha an duine díobhálaithe ó leanúint de bheith ina chomhalta den Gharda Síochána), ar a shlí bheatha san fhórsa sin sa todhchaí, agus

[EN]

(c) in aghaidh na péine agus na fulaingthe don duine díobhálaithe de dheasca na ndíobhálacha agus freisin d'aon ghalar nó claonadh chun galair mar gheall ar na díobhálacha,

[EN]

luach aon cheart a d'fhabhraigh nó ar dóigh dó fabhrú chuige uathu i leith sochair mhíthreoraigh (gan aird a thabhairt ar aon mhéadú air sin faoi alt 46 i leith síor-fhreastail) do na 5 bliana dar tosach an tráth a d'fhabhraigh an chúis chaingne.

[EN]

(5) D'ainneoin na nAchta Gárda Síochána (Cúiteamh), 1941 agus 1945, nuair a bheidh cúiteamh á mheasúnú faoi na hAchtanna sin—

[EN]

(a) i leith báis duine, féadfar aon sochar báis ar mhodh deontais faoi alt 53 den Acht seo i leith costas sochraide, a thig de dheasca bhás an duine sin, a chur i gcuntas, agus

[EN]

(b) i leith aon chostas míochaine nó máinliachta a thabhaigh nó is dóigh a thabhaigh an duine díobhálaithe i leith na ndíobhálacha nó dá ndroim, féadfar aon íocaíocht cúraim liachta faoi alt 57 den Acht seo a chur i gcuntas is íocaíocht a thig ó na díobhálacha sin do na 5 bliana dar tosach an tráth a d'fhabhraigh an chúis chaigne.”.

[EN]

(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

(4) Ní bheidh feidhm ag fo-ailt (4) agus (5) (a cuireadh isteach le fo-alt (2) den alt seo) d'alt 68 den phríomh-Acht maidir le haon imeachtaí a tionscnaíodh le haghaidh cúitimh faoi na hAchta Gárda Síochána (Cúiteamh), 1941 agus 1945, roimh thosach feidhme an ailt seo.

[EN]

Fostóir do thabhairt scéala faoi thosach fostaíochta.

19.—Leasaítear leis seo alt 15A (a cuireadh isteach le halt 2 den Acht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1987) den phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

[EN]

“(1) Féadfaidh an tAire—

[EN]

(a) a cheangal ar fhostóir nó ar aon duine eile scéala a thabhairt dó faoi dháta tosaigh fhostaíocht—

[EN]

(i) aon duine atá ar fostú aige.

[EN]

(ii) aon duine atá gafa aige faoi chonradh i gcomhair seirbhíse chun seirbhís a chomhlíonadh, nó

[EN]

(b) a cheangal ar dhuine atá fostaithe faoi chonradh i gcomhair seirbhíse chun seirbhís a chomhlíonadh an dáta a chur in iúl dó a raibh aon duine gafa chun an tseirbhís sin a chomhlíonadh in éineacht leis nó thar a cheann cibé acu faoi chonradh i gcomhair seirbhíse nó faoi aon socruithe eile a rinne sé nó a bheidh le déanamh aige.”.

[EN]

Fianaise ar thaifid, asléamhanna ríomhaire, fótachóipeanna, micreascannáin agus ar chóipeanna de dhoiciméid bhunaidh in imeachtaí.

20.—(1) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn “cóipthaifead” aon chóip de thaifead bunaidh ar taifead é a dhéantar chun críocha na nAchtanna Leasa Shóisialaigh nó rialachán a dhéantar fúthu nó na scéimeanna a riarann an Roinn Leasa Shóisialaigh nó a dhéantar i dtaca leis an gcéanna nó cóip den chóip sin a dhéantar de réir cheachtar de na modhanna dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo agus a ngabhann an deimhniú dá dtagraítear i bhfo-alt (3) den alt seo léi;

[EN]

ciallaíonn “taifead bunaidh” aon doiciméad, taifead, nó taifead d'iontráil i ndoiciméad nó i dtaifead nó faisnéis a stóráiltear trí bhíthin aon fheiste mheicniúil nó leictreonach, cibé acu an bhfuil sé i bhfoirm sholéite nó nach bhfuil, a rinne nó a stóráil an tAire nó gníomhaireacht shonraithe chun críocha nó i leith na nAchtanna Leasa Shóisialaigh nó rialachán a dhéantar fúthu nó scéimeanna a riarann an Roinn Leasa Shóisialaigh tráth an teagmhais a taifeadadh nó go gairid ina dhiaidh agus atá i seilbh an Aire nó gníomhaireachta sonraithe;

[EN]

ciallaíonn “taifead inchruthaithe” taifead bunaidh nó cóipthaifead;

[EN]

ciallaíonn “gníomhaireacht shonraithe” An post nó duine atá údaraithe chun gnó baincéireachta a sheoladh faoi alt 9 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971.

[EN]

(2) I gcás go dtagann meathlú ar aon taifead bunaidh nó cóipthaifead nó go n-éiríonn ciotaí maidir lena stóráil nó go dtéann modh a choimeádta as feidhm ó thaobh na teicniúlachta de, féadfaidh an tAire nó gníomhaireacht shonraithe dá dheasca sin cóip sholéite a dhéanamh den taifead nó faisnéis a bhaineann leis an taifead sin a stóráil ar shlí eile seachas i bhfoirm sholéite sa chaoi go bhféadfar an fhaisnéis a úsáid chun cóip sholéite a dhéanamh den taifead, agus féadfaidh an tAire nó an ghníomhaireacht shonraithe air sin an taifead bunaidh nó an cóipthaifead a scriosadh:

[EN]

Ar choinníoll go mbeidh aon údarú faighte a cheanglaítear leis an Acht um Chartlann Náisiúnta, 1986, le haghaidh an scriosta sin.

[EN]

(3) Aon deimhniú a bheidh sínithe ag oifigeach don Aire nó ag gníomhaireacht shonraithe, de réir mar a bheidh, ag sonrú go bhfuil cóipthaifead déanta de réir fhorálacha fho-alt (2) den alt seo, is fianaise a bheidh ann, in aon imeachtaí, go ndearnadh an cóipthaifead sin agus gur cóip dhílis é, go dtí go dtaispeánfar a mhalairt.

[EN]

(4) Doiciméad a airbheartaíonn gur deimhniú é faoi fho-alt (3) den alt seo measfar gur deimhniú den sórt sin é gan chruthúnas ar shíniú an duine a airbheartaíonn an deimhniú a shíniú nó gur duine cuí an duine sin chun an deimhniú a shíniú amhlaidh, go dtí go dtaispeánfar a mhalairt.

[EN]

(5) In aon imeachtaí féadfar aon taifead inchruthaithe a thabhairt mar fhianaise agus is fianaise prima facie é faoi aon fhíoras a bheidh luaite ann nó faoi aon teagmhas a bheidh taifeadta tríd:

[EN]

Ar choinníoll go mbeidh an chúirt sásta le hiontaofacht an chórais a úsáidtear, i gcás taifid bhunaidh, chun an taifead sin a dhéanamh nó a thiomsú agus, i gcás cóipthaifid, chun an taifead bunaidh ar a raibh sé bunaithe a dhéanamh nó a thiomsú.

[EN]

(6) I gcás faisnéis atá i dtaifead inchruthaithe a bheith i bhfoirm nach mbeadh intuigthe de ghnáth ag duine nach feasach dó an cineál sin faisnéise, beidh míniú ar a bhrí ó dhuine atá cáilithe go hoiriúnach inghlactha.

[EN]

(7) Aon deimhniú a bheidh sínithe ag oifigeach don Aire nó do ghníomhaireacht shonraithe, de réir mar a bheidh, ag sonrú go ndearnadh mionchuardach iomlán le haghaidh taifid inchruthaithe de theagmhas gach áit ina gcoimeádann an tAire nó an ghníomhaireacht, de réir mar a bheidh, na taifid sin agus nach bhfuarthas aon taifead den sórt sin, beidh sé in aon imeachtaí ina fhianaise prima facie nár tharla an teagmhas:

[EN]

Ar choinníoll go mbeidh an chúirt sásta—

[EN]

(a) maidir le hiontaofacht an chórais a úsáideadh chun taifid den sórt sin a thiomsú nó dhéanamh agus a choimeád,

[EN]

(b) go ndéanfaí taifead den teagmhas dá mba rud é gur tharla sé, agus

[EN]

(c) gurb amhlaidh don chóras gurb é an t-aon mhíniú réasúnach ar easpa taifid ná nár tharla an teagmhas.

[EN]

(8) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le haon taifead bunaidh nó le haon chóipthaifead a rinneadh roimh an Acht seo a rith de réir ceachtar de na modhanna dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo ach ní bheidh éifeacht leis an gcoinníoll a ghabhann leis an bhfo-alt sin i ndáil le haon ní a mheastar a bheith déanta faoin bhfo-alt sin roimh thosach feidhme alt 7 den Acht um Chartlann Náisiúnta, 1986.

[EN]

Taifid i dtaobh fostaithe a thugtar ar aird do chigirí a bheith ina bhfianaise prima facie.

21.—Leasaítear leis seo alt 114 den phríomh-Acht (a bhaineann le cigirí) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7):

[EN]

“(8) Aon taifid i dtaobh daoine atá fostaithe agus a bhfuil sé d'oibleagáid ar fhostóir iad a choimeád faoi rialacháin arna ndéanamh faoi alt 15 (5) agus a thugtar ar aird do chigire, is fianaise prima facie iad go raibh na daoine sin fostaithe ag an bhfostóir sin agus ar thuilleamh na ndaoine sin agus ar na tréimhsí a raibh na daoine sin fostaithe aige.”.

[EN]

Fostóirí chun cúiteamh a dhéanamh leis an Aire as sochar a fuarthas go bréagach trí chlaonpháirteachas.

22.—(1) I gcás go gciontófar duine i gcion faoi mhír (b) nó (c) (a cuireadh isteach le halt 17 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1983) d'fho-alt (1) d'alt 115 den phríomh-Acht nó faoi fho-alt (1) nó (2) (a cuireadh isteacht le halt 19 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1983) d'alt 144 den Acht sin, agus, de bharr an chiona sin, go bhfuair fostaí dá chuid aon sochar, cúnamh nó forlíonadh ar ioncam teaghlaigh nach raibh sé i dteideal a fháil, dlífear ar an duine sin suim nach mó ná méid an tsochair, an chúnaimh nó an fhorlíonta sin a íoc leis an Aire. ar é á éileamh, a íocadh leis an bhfostaí sin de bharr an chiona a dúradh fad a bhí sé ar fostú aige agus féadfaidh an tAire an tsuim sin, mura mbeidh sí aisíoctha amhlaidh, a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

[EN]

(2) D'ainneoin fhorálacha fho-alt (1) den alt seo nó aon fhorálacha eile de na hAchtanna Leasa Shóisialaigh nó de rialacháin arna ndéanamh faoi réim, nó d'fheidhmiú, fhorálacha na nAchtanna sin, faoina bhféadtar méideanna sochair, cúnaimh nó forlíonta a ghnóthú, ní fhéadfaidh an méid a ghnóthóidh an tAire in aon chás a bheith níos mó ná méid an tsochair, an chúnaimh nó an fhorlíonta a fuair an fostaí agus nach raibh sé i dteideal a fháil.

[EN]

Rialacháin faoi alt 17D den phríomh-Acht.

23.—Leasaítear leis seo alt 17D (a cuireadh isteach le halt 11 d'Acht 1988) den phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

[EN]

“(2A) Féadfaidh an tAire le rialacháin imthosca a shonrú ina bhféadfar déileáil mar ranníocaí atá íoctha le ranníocaí atá iníoctha ag ranníocóir féinfhostaithe.”.

[EN]

Liúntas réamhscoir.

24.—(1) Leasaítear leis seo an príomh-Acht—

[EN]

(a) trí mhír (d) d'alt 156A (a cuireadh isteach le halt 28 (b) d'Acht 1988), a scriosadh, agus

[EN]

(b) tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 156B (a cuireadh isteach leis an alt sin 28 (b)):

[EN]

“156B.—(1) Faoi réir fho-alt (2) is é a bheidh sa ráta liúntais réamhscoir (dá ngairtear an ráta sceidealta sa Chaibidil seo) an ráta seachtainiúil atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid 1 den Cheathrú Sceideal arna mhéadú—

[EN]

(a) den mhéid atá leagtha amach i gcolún (3) den Chuid sin le haghaidh aon tréimhse a mbeidh cleithiúnaí aosaithe ag an iarratasóir nó ag an bhfaighteoir, faoi réir an tsriain nach mbeidh an t-iarratasóir nó an faighteoir i dteideal méadú a fháil faoin mír seo maidir le breis agus duine amháin, agus

[EN]

(b) den mhéid iomchuí atá leagtha amach i gcolún (4) nó (5) den Chuid sin maidir le gach leanbh cáilithe a bhfuil gnáthchónaí air leis an iarratasóir nó leis an bhfaighteoir.

[EN]

(2) Daoine a bheidh, faoin gCaibidil seo, i dteideal liúntas réamhscoir a fháil, íocfar cibé liúntas leo a bheidh de réir cibé ceann de na rátaí seo a leanas is infheidhme—

[EN]

(a) do dhaoine gan aon acmhainn, de réir an ráta sceidealta, agus

[EN]

(b) do dhaoine le hacmhainn, de réir rátaí a fhorordófar, a bheidh níos lú ná an ráta sceidealta agus a athróidh de réir méid a gcuid acmhainne.”.

[EN]

Leasú ar alt 79 (12) den phríomh-Acht (coínníollacha chun pinsean seanaoise (ranníocach) a fháil).

25.—Leasaítear leis seo alt 79 (12) (a cuireadh isteach le halt 30 (a) d'Acht 1988) den phríomh-Acht trí “agus an tráth a tháinig an t-alt sin 12 i ngníomh, ar ranníocóir fostaithe é a raibh ranníocaí is ináirithe chun críocha na gcoinníollacha ranníoca le haghaidh teidil chun pinsin seanaoise (ranníocach) iníoctha ina leith” a chur isteach i ndiaidh “i ngníomh.”.

[EN]

Forálacha an phríomh-Achta etc. a chur i bhfeidhm le rialacháin.

26.—(1) I gcás aon ailt den phríomh-Acht a thugann cumhachtaí don Aire aon fhorálacha de chuid an Achta sin a chur i bhfeidhm le rialacháin maidir le nithe dá dtagraítear san alt sin, measfar maidir leis na cumhachtaí sin, go bhfolóidh siad cumhachtaí chun aon fhorálacha d'aon achtachán a leasaíonn nó a leathnaíonn an príomh-Acht a chur i bhfeidhm, cibé acu an roimh an Acht seo nó dá éis a ritheadh an t-achtachán sin.

[EN]

(2) Na cumhachtaí a thugtar don Aire faoi fho-alt (3) d'alt 23 d'Acht na dTithe (Teaghaisí príobháideacha ar Cíos), 1982, i ndáil le rialacháin faoi fho-alt (1) den alt sin (a bhaineann le híocaíochtaí faoin scéim liúntais chíosa) chun aon fhorálacha den phríomh-Acht nó aon fhorálacha a dhéantar faoin bpríomh-Acht a chur i bhfeidhm (modhnaithe nó gan mhodhnú) nó chun foráil a dhéanamh a fhreagraíonn (modhnaithe nó gan mhodhnú) do na forálacha sin, measfar go bhfolóidh siad cumhachtaí chun aon fhorálacha d'aon achtachán nó aon fhorálacha a dhéantar faoi aon achtachán a chur i bhfeidhm, cibé acu an roimh an Acht seo nó dá éis a ritheadh é, agus ar achtachán é a leasaíonn nó a leathnaíonn an príomh-Acht.

[EN]

Sochair fhorluiteacha.

27.—(1) Leasaítear leis seo alt 130 den phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4) (a cuireadh isteach le halt 15 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1984):

[EN]

“(5) Bean a mbeadh aois inphinsin sroichte aici agus a mbeadh, murach an fo-alt seo, teideal aici i leith tréimhse ar bith chuig—

[EN]

(a) pinsean baintrí (neamhranníocach) faoi alt 177,

[EN]

(b) liúntas banchéile thréigthe faoi alt 195,

[EN]

(c) liúntas do bhanchéile príosúnaigh faoi alt 196, nó

[EN]

(d) liúntas cúnaimh shóisialaigh faoi alt 197,

[EN]

agus pinsean seanaoise (ranníocach) faoi alt 78 nó pinsean seanaoise (neamhranníocach) faoi alt 158, ní bheidh ach pinsean nó liúntas amháin den sórt sin iníoctha.”.

[EN]

(2) Cúlghairtear leis seo na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Sochair Fhorluiteacha) (Leasú), 1979 (I.R. Uimh. 118 de 1979).

[EN]

Leasú ar alt 29 (4) (teideal chun sochair) agus alt 138 (1) (b) (coinníollacha reachtúla le, haghaidh cúnaimh) den phríomh-Acht.

28.—(1) Leasaítear leis seo alt 29 (4) den phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

[EN]

“(a) ní dhéanfar lá a áireamh i ndáil le duine árachaithe mar lá dífhostaíochta mura rud é ar an lá sin—

[EN]

(i) go bhfuil sé ábalta obair a dhéanamh,

[EN]

(ii) go bhfuil sé ar fáil le haghaidh fostaíochta, nó go measfar, de bharr a pháirteachais i ngníomhaíocht a bheidh forordaithe chun críocha an fho-ailt seo agus faoi réir cibé coinníollacha a bheidh forordaithe, é bheith ar fáil le haghaidh fostaíochta nó go bhfuil sé díolmhaithe ó cheangal a bheith air a bheith ar fáil le haghaidh fostaíochta, agus

[EN]

(iii) go bhfuil fostaíocht oiriúnach á lorg dáiríre aige, ach nach bhfuil sé in ann í a fháil, ag féachaint dá aois, dá ghnéas, dá neart coirp, dá oideachas, dá ghnáthshlí bheatha, dá áit chónaithe agus d'imthosca a theaghlaigh;”.

[EN]

(2) Leasaítear leis seo alt 138 (1) den phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

[EN]

“(b)    (i) go bhfuil sé ábalta obair a dhéanamh,

[EN]

(ii) go bhfuil sé ar fáil le haghaidh fostaíochta nó go measfar, de bharr a pháirteachais i ngníomhaíocht a bheidh forordaithe chun críocha an fho-ailt seo agus faoi réir cibé coinníollacha a bheidh forordaithe, é bheith ar fáil le haghaidh fostaíochta nó go bhfuil sé díolmhaithe ó cheangal a bheith air a bheith ar fáil le haghaidh fostaíochta, agus

[EN]

(iii) go bhfuil fostaíocht oiriúnach á lorg dáiríre aige, ach nach bhfuil sé in ann í a fháil, ag féachaint dá aois, dá ghnéas, dá neart coirp, dá oideachas, dá ghnáthshlí bheatha, dá áit chónaithe agus d'imthosca a theaghlaigh;”.

[EN]

Cead ón Aire Airgeadais i ndáil le rialacháin áirithe.

29.—Leasaítear leis seo alt 3 (4) (a) den phríomh-Acht trí “29 (4),” a chur isteach i ndiaidh “19 (4),” agus “138 (1), 142 (1A),” a chur isteach i ndiaidh “133,”.

[EN]

Féadfar le rialacháin liúntas gaoil fhorordaithe a íoc go díreach le gaol forordaithe.

30.—Leasaítear leis seo alt 112 den phríomh-Acht (a bhaineann le riaradh sochair) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (3) i ndiaidh mhír (c):

[EN]

“(d) d'ainneoin aon fhorála eile den Acht seo, nó rialachán a dhéantar faoi, chun go bhféadfar an méadú do ghaol forordaithe is iníoctha faoi alt 50 (11), 51 (2), 81 (3), 86 (3), 91 (3), 95 (2) nó 103 (2), faoi réir cibé coinníollacha agus i cibé imthosca a bheidh forordaithe, a íoc go díreach leis an ngaol forordaithe.”.

[EN]

Dícháilithe chun sochar a fháil.

31.—Leasaítear leis seo alt 115 (1) (arna leasú le halt 21 d'Acht 1988) den phríomh-Acht trí “3 mhí” a chur in ionad “6 mhí” i bhfomhír (i) de mhír (f).

[EN]

SCEIDEAL A

“An Dara Sceideal

Na Rátaí Sochar

Alt 3.

CUID I

Na Rátaí Sochar Tréimhsiúil agus na Méaduithe Orthu

An cineál sochair

An ráta seachtainiúil

An méadú i leith cleithiúnaíaosaithe (más iníoctha)

An méadú i leith gach linbh i gcás an chéad agus an dara leanbh cáilithe (más iníoctha)

An méadú i leith gach linbh cháilithe de bhreis ar bheirt (más iníoctha)

An méadú i leith gaoil fhorord aithe faoi alt 50 (11), 51 (2), 81 (3), 86 (3), 91 (3), 95 (2) nó 103 (2) más iníoctha)

An méadú i gcás aois inphinsin a bheith slánaithe ag an duine agus é ina chónaí ina aonar (más iníoctha)

(1)

(2)

(3)

(4)

(5)

(6)

(7)

£

£

£

£

£

£

1.  (A) Sochar Michumais agus Sochar Difhostaíochta   ...

45.00

29.00

10.90

10.00

--

--

(B) Rátaí laghdaithe Sochair Dífhostaíochta     ...     ... 

42.00

26.90

10.00

10.00

--

--

2. Liúntas Máithreachais          ... 

45.00

--

10.90

10.00

--

--

3. Sochar Díobhála     ...     ... 

61.70

29.00

10.90

10.00

--

--

4. Sochar Báis:

(a) pinsean is iníoctha le baintr_ each (alt 50 (2)) nó le baintreach fir (alt 50 (6))—

(i) faoi bhun 66 bliana d'aois     ...     ... 

66.60

--

14.30

14.90

--

--

(ii) os cionn 66 bliana d'aois     ...     ... 

68.10

--

14.30

14.90

28.00

3.90

(b) pinsean is iníoctha le tuismitheoir, i gcás an t-éagach a bheith, tráth a bháis, ina dhuine pósta agus go bhfuil an tuismitheoir—

(i) faoi bhun 66 bliana d'aois     ...     ... 

29.70

--

--

--

--

--

(ii) os cionn 66 bliana d'aois     ...     ... 

30.40

--

--

--

28.00

3.90

(c) pinsean is iníoctha le tuismitheoir, i gcás an t-éagach a bheith, tráth a bháis, ina bhaintreach fir, ina bhaintreach nó ina dhuine singil—

(i) i gcás inarb é an tuismitheoir an t-athair agus go raibh sé, ar bhás an éagaigh, éagumasach ar é féin a chothabháil mar gheall ar éigliocht éigin coirp nó meabhrach agus gur dóigh dó a bheith éagumasach amhlaidh go buan agus go bhfuil sé—

(a) faoi bhun 66 bliana d'aois

66.60

--

--

--

--

--

(b) os cionn 66 bliana d'aois     ... 

68.10

--

--

--

28.00

3.90

(ii) i gcás inarb é an tuismitheoir an mháthair agus í, ar bhás an éagaigh, ina baintreach nó gur tháinig sí chun bheith ina baintreach ina dhiaidh sin agus go bhfuil sí—

(a) faoi bhun 66 bliana d'aois

66.60

--

--

--

--

--

(b) os cionn 66 bliana d'aois     ... 

68.10

--

--

--

28.00

3.90

(iii) i gcás inarb é an tuismitheoir an mháthair agus gan í bheith ina baintreach, agus nach bhfuil pinsean de réir an ráta atá leagtha amach ag (i) thuas iníoctha lena fearchéile agus go bhfuil sí—

(a) faoi bhun 66 bliana d'aois

66.60

--

--

--

--

--

(b) os cionn 66 bliana d'aois     ...

68.10

--

--

--

28.00

3.90

(iv) in aon chás eile má tá an tuismitheoir—

(a) faoi bhun 66 bliana d'aois

29.70

--

--

--

--

--

(b) os cionn 66 bliana d'aois

30.40

--

--

--

28.00

3.90

(d) pinsean is iníoctha le dílleachta     ...     ... 

35.10

--

--

--

--

--

5. pinsean Seanaoise (Ranníocach) agus pinsean Scoir:

(a) i gcás daoine faoi bhun 80 bliain d'aois     ...     ... 

58.50

37.30

12.20

10.60

28.00

3.90

(b) in aon chás eile     ...     ... 

62.40

37.30

12.20

10.60

28.00

3.90

(c) méadú breise i leith cleithiúnaí aosaithe a bhfuil aois inphinsin slánaithe aige     ...     ... 

--

6.40

--

--

--

--

6. pinsean Easláine:

(a) i gcás an duine a bheith faoi bhun 66 bliana d'aois

51.50

34.10

11.90

10.40

28.00

--

(b) i gcás an duine a bheith os cionn 66 bliana d'aois

52.50

34.10

11.90

10.40

28.00

3.90

7. pinsean Baintrí (Ranníocach) agus Sochar Banchéile Thréigthe i gcás daoine:

(a) faoi bhun 66 bliana d'aois

52.50

--

14.30

14.90

--

--

(b) idir 66 bliana agus 80 bliain d'aois     ...     ... 

53.70

--

14.30

14.90

28.00

3.90

(c) os cionn 80 bliain d'aois

57.20

--

14.30

14.90

28.00

3.90

8. Liúntas Dílleachta

(Ranníocach) ...     ...     ... 

33.20

--

--

--

--

--

CUID II

Sochar Díobhálacha Ceirde — Aiscí agus Deontas

£

1. Sochar Míthreorach:

Aisce uasta i gcás daoine—

(i) faoi bhun 66 bliana d'aois.

...

...

...

...

4,780

(ii) os cionn 66 bliana d'aois

...

...

...

...

4,860

2. Sochar Báis:

(i) Aisce baintrí fir i gcás daoine—

(a) faoi bhun 66 bliana d'aois

...

...

...

3,480

(b) os cionn 66 bliana d'aois

...

...

...

...

3,540

(ii) Deontas i leith costas sochraide

...

...

...

240

CUID III

pinsean Míthreorach

An grád míthreorach

An ráta seachtainiúil

(1)

(2)

Daoine faoi bhun 66 bliana d'aois

Daoine os cionn 66 bliana d'aois

£

£

100 faoin gcéad

...

...

...

68.75

70.25

90   faoin gcéad

...

...

...

61.88

63.23

80   faoin gcéad

...

...

...

55.00

56.20

70   faoin gcéad

...

...

...

48.13

49.18

60   faoin gcéad

...

...

...

41.25

42.15

50   faoin gcéad

...

...

...

34.38

35.13

40   faoin gcéad

...

...

...

27.50

28.10

30   faoin gcéad

...

...

...

20.63

21.08

20   faoin gcéad

...

...

...

13.75

14.05

CUID IV

Méaduithe ar phinsean Míthreorach

£

1. Méadú i gcás an duine a bheith éagumasach go buan chun oibre:

i gcás daoine—

(a) faoi bhun 66 bliana d'aois    ...    ...    ...

45.00

(b) os cionn 66 bliana d'aois    ...    ...    ...

45.80

2. Méadú i gcás síor-fhreastal a bheith ag teastáil ón tairbhí:

(a) teorainn an mhéadaithe ach amháin i gcásanna míthreorach fíor-dhona, má tá an duine—

(i) faoi bhun 66 bliana d'aois    ...    ...    ...    ...    ...

27.50

(ii) os cionn 66 bliana d'aois    ...    ...    ...    ...    ...

28.00

(b) teorainn in aon chás má tá an duine—

(i) faoi bhun 66 bliana d'aois     ...     ...     ...     ...

55.00

(ii) os cionn 66 bliana d'aois     ...     ...     ...     ...

56.00

”.

[EN]

SCEIDEAL B

“An Ceathrú Sceideal

Na Rátaí Cúnaimh

Alt 4.

CUID I

Na Rátaí Cúnaimh Shóisialaigh Thréimhsiúil agus na Méaduithe Orthu

An cineál cúnaimh, pinsin nó liúntais

An ráta nó an méid seachtainiúll

An méadú i leith cleithiúnaí aosaithe (más iníoctha)

An méadú i leith gach linbh i gcás an chéad agus an dara leanbh cáilithe (más iníoctha)

An méadú i leith gach linbh cháilithe de bhreis ar bheirt (más iníoctha)

An méadú i leith gaoil fhorordaithe faoi alt 162(1)(a), 179(a) 195(2), 196(2)nó 197(2) (más iníoctha)

An méadú i gcás aois inphinsin a bheith slánaithe ag an duine agus é ina chónaí ina aonar (más iníoctha)

An méadú i gcás 80 bliain d'aois a bheith slánaithe ag an duine (más iníoctha)

(1)

(2)

(3)

(4)

(5)

(6)

(7)

(8)

£

£

£

£

£

£

£

1. Cúnamh Dífhostaíochta:

(a) i gcás daoine a raibh, in aon tréimhse leanúnach dífhostaíochta de réir alt 135 (2), sochar dífhostaíochta nó cúnamh dífhostaíochta á fháil acu ar feadh 390 lá ar a laghad

47.00

29.00

10.50

10.00

--

--

--

(b) i gcás daoine seachas iad sin ag (a)     ...

42.00

26.90

10.00

10.00

--

--

--

2. Liúntas Réamhscoir     ...

47.00

29.00

10.50

10.00

--

--

--

3. pinsean Seanaoise agus pinsean Dall

50.00

--

10.80

10.00

28.00

3.90

3.70

4. pinsean Baintrí (Neamhranníocach) Liúntas Banchéile Thréigthe, Liúntas do Bhanchéile príosúnaigh agus Liúntas Cúnaimh Shóisialaigh, Pinsean Baintrí Fir (Neamhranníocach) agus Liúntas Fearchéile Thréigthe, i leith daoine—

(a) faoi bhun 66 bliana d'aois

49.00

--

12.90

13.50

--

--

--

(b) os cionn 66 bliana d'aois

50.00

--

12.90

13.50

28.00

3.90

3.70

5. pinsean Dílleachta (Neamhranníocach)

27.90

--

--

--

--

--

--

6. Liúntas do Bhean Shingil     ...

47.00

--

--

--

--

--

--

7. Liúntas Leasa Forlíontach     ...

42.00

26.90

10.00

10.00

--

--

--

CUID III

An Méadú ar phinsean Seanaoise i Leith Céile

Acmhainn an éilitheora nó an phinsinéara

Ráta seachtainiúil an mhéadaithe

£

Má bhíonn acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an

phinsinéara gan bheith níos mó ná£6

...

...

...

25.10

níos mó ná£6 gan bheith níos mó ná£8

...

...

24.10

níos mó ná£8 gan bheith níos mó ná £10

...

...

23.10

níos mó ná£10 gan bheith níos mó ná £12

...

...

22.10

níos mó ná gan bheith níos mó ná £14

...

...

21.10

níos mó ná£14 gan bheith níos mó ná £16

...

...

20.10

níos mó ná£16 gan bheith níos mó ná £18

...

...

19.10

níos mó ná£18 gan bheith níos mó ná £20

...

...

18.10

níos mó ná£20 gan bheith níos mó ná £22

...

...

17.10

níos mó ná£22 gan bheith níos mó ná £24

...

...

16.10

níos mó ná£24 gan bheith níos mó ná £26

...

...

15.10

níos mó ná£26 gan bheith níos mó ná £28

...

...

14.10

níos mó ná£28 gan bheith níos mó ná £30

...

...

13.10

níos mó ná£30 gan bheith níos mó ná £32

...

...

12.10

níos mó ná£32 gan bheith níos mó ná £34

...

...

11.10

níos mó ná£34 gan bheith níos mó ná £36

...

...

10.10

níos mó ná£36 gan bheith níos mó ná £38

...

...

9.10

níos mó ná£38 gan bheith níos mó ná £40

...

...

8.10

níos mó ná£40 gan bheith níos mó ná £42

...

...

7.10

níos mó ná£42 gan bheith níos mó ná £44

...

...

6.10

níos mó ná£44 gan bheith níos mó ná £46

...

...

5.10

níos mó ná£46 gan bheith níos mó ná £48

...

...

4.10

níos mó ná£48 gan bheith níos mó ná £50

...

...

3.10

níos mó ná£50 gan bheith níos mó ná £52

...

...

2.10

níos mó ná£52 gan bheith níos mó ná £54

...

...

1.10

níos mó ná£54            ...           ...

...

...

...

Neamhní

”.