As Ann Déscrolláil
Cuir Déscrolláil ar siúl chun an dá leagan a scrolláil le chéile.
Uimhir 4 de 1966.
ACHT NA nAERCHUIDEACHTAÍ, 1966
[An tiontú oifigiúil.]
Mínthe.
1.—San Acht seo—
ciallaíonn “Aer Lingus” Aer Lingus, Teoranta;
ciallaíonn “Aerlínte” Aerlínte Éireann, Teoranta;
ciallaíonn “Aer Rianta” Aer Rianta, Teoranta;
ciallaíonn “na haerchuideachtaí” Aer Lingus, Aerlínte agus Aer
Rianta agus forléireofar “aerchuideachta” dá réir sin;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Iompair agus Cumhachta.
Scaireanna atá ar seilbh ag Aer Rianta a aistriú agus a scairchaipiteal a laghdú.
2.—D'ainneoin aon ní atá in Acht na gCuideachtaí, 1963, nó i meabhrán comhlachais nó airteagail chomhlachais Aer Rianta, ar thosach feidhme an Achta seo—
(a) beidh na scaireanna de chuid Aer Lingus agus Aerlínte a bheidh ar seilbh ag Aer Rianta díreach roimh an tosach feidhme sin arna n-aistriú chun an Aire Airgeadais,
(b) beidh na gnáthscaireanna agus an stoc bintiúir morgáiste de chuid Irish and Intercontinental Hotels, Limited, a bheidh ar seilbh ag Aer Rianta díreach roimh an tosach feidhme sin arna n-aistriú chun Aerlínte, agus eiseoidh Aerlínte chun an Aire Airgeadais dhá chéad ochtó a ceathair míle, trí chéad agus seacht scair punt an ceann de chuid Aerlínte agus féadfaidh an tAire sin an céanna a thógáil gan íoc astu, agus
(c) beidh scairchaipiteal Aer Rianta arna laghdú go dtí seasca míle punt arna roinnt i seasca míle scair punt an ceann agus beidh an líon scaireanna de chuid na cuideachta a shealbhóidh an tAire Airgeadais arna laghdú go dtí caoga a haon míle, dhá chéad seasca a haon.
£700,000 a aistriú ó Aer Rianta go dtí Aer Lingus agus scaireanna go feadh luach £700,000 de chuid Aer Lingus a eisiúint chun an Aire Airgeadais.
3.—A luaithe is féidir tar éis tosach feidhme an Achta seo aistreoidh Aer Rianta go dtí Aer Lingus suim seacht gcéad míle punt a d'airleac an tAire Airgeadais chun Aer Rianta an 12ú lá de Bhealtaine, 1965, agus ar an aistriú sin—
(a) beidh fo-alt (3) d'alt 3 agus ailt 5 agus 6 den Acht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1961, arna gcúlghairm agus measfar nach raibh feidhm riamh acu maidir leis an tsuim sin seacht gcéad míle punt, agus
(b) i dteannta na scaireanna de chuid Aer Lingus a aistrítear chun an Aire Airgeadais le halt 2 den Acht seo, eiseoidh Aer Lingus chun an Aire Airgeadais agus féadfaidh an tAire sin aon aicme nó aicmí scaireanna de chuid Aer Lingus go feadh luach ainmniúil seacht gcéad míle punt a thógáil gan íoc astu.
Airleacain chun Aer Lingus agus Aerlínte ón Aire Airgeadais.
4.—(1) D'fhonn a chumasú d'Aer Lingus a fheidhmeanna a chomhlíonadh féadfaidh an tAire Airgeadais, ar mholadh an Aire, cibé suimeanna nach mó ná milliún punt a iarrfaidh an chuideachta sin ó am go ham a airleacan ó am go ham chun na cuideachta sin.
(2) D'fhonn a chumasú d'Aerlínte a fheidhmeanna a chomhlíonadh féadfaidh an tAire Airgeadais, ar mholadh an Aire, cibé suimeanna nach mó ná milliún punt a iarrfaidh an chuideachta sin ó am go ham a airleacan ó am go ham chun na cuideachta sin.
(3) Déanfar airleacain faoi fho-alt (1) nó (2) den alt seo a thabhairt faoi réir cibé téarmaí i dtaobh aisíoca, úis agus eile a chinnfidh an tAire Airgeadais.
(4) Déanfar na suimeanna go léir a íocfaidh Aer Lingus nó Aerlínte ag aisíoc airleacain faoi fho-alt (1) nó (2) den alt seo nó de bhun aon téarma nó coinníll ar faoina réir a tugadh airleacan faoin alt seo a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste.
Ráthaíocht ón Aire Airgeadais i leith airgead a gheobhaidh Aer Lingus agus Aerlínte ar iasacht.
5.—(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, ráthaíocht a thabhairt i cibé foirm agus modh agus i cibé airgead (lena n-áirítear airgead d'airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach leis go n-aisíocfaidh Aer Lingus nó Airlínte go cuí aon airgead a fuair siad ar iasacht roimh thosach feidhme an Achta seo nó a gheobhaidh siad ar iasacht dá éis sin nó go n-íocfar ús ar an airgead sin nó go ndéanfar an phríomhshuim a aisíoc agus an t-ús a íoc.
(2) Ní fheidhmeoidh an tAire Airgeadais na cumhachtaí a thugtar le fo-alt (1) den alt seo agus le fo-alt (1) d'alt 4 den Acht seo—
(a) ionas gur nó ná cúig mhilliún punt méid na n-airleacan a bheidh tugtha d'Aer Lingus faoin bhfo-alt deiridh sin mar aon le méid, nó méid comhiomlán, na príomhshuime a bheidh de dhliteanas air aon tráth áirithe a íoc ar scór aon ráthaíochtaí faoi fho-alt (1) den alt seo a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire maidir le hairgead a bheidh Aer Lingus tar éis a fháil ar iasacht tar éis tosach feidhme an Achta seo mar aon le méid na príomhshuime (más ann) a bheidh íoctha roimhe sin ag an Aire Airgeadais ar scór aon ráthaíochtaí den sórt sin agus nach mbeidh aisíoctha ag Aer Lingus, nó
(b) ionas gur mó ná milliún punt méid, nó méid comhiomlán, na príomhshuime a bheidh de dhliteanas air aon tráth áirithe a íoc ar scór aon ráthaíochtaí faoin bhfo-alt sin (1) (seachas ráthaíocht lena mbaineann fo-alt (12) den alt seo) a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire maidir le hairgead a fuair Aer Lingus ar iasacht roimh thosach feidhme an Achta seo mar aon le méid na príomhshuime (más ann) a bheidh íoctha ag an Aire roimhe sin ar scór aon ráthaíochtaí den sórt sin agus nach mbeidh aisíoctha ag Aer Lingus.
(3) Ní fheidhmeoidh an tAire Airgeadais na cumhachtaí a thugtar le fo-alt (1) den alt seo agus le fo-alt (2) d'alt 4 den Acht seo ionas gur mó ná sé mhilliún punt méid na n-airleacan a bheidh tugtha d'Aerlínte faoin bhfo-alt deiridh sin mar aon le méid, nó méid comhiomlán, na príomhshuime a bheidh de dhliteanas air aon tráth áirithe a íoc ar scór aon ráthaíochtaí faoi fho-alt (1) den alt seo a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire maidir le hairgead a bheidh Aerlínte tar éis a fháil ar iasacht mar aon le méid na príomhshuime (más ann) a bheidh íoctha roimhe sin ag an Aire Airgeadais ar scór aon ráthaíochtaí den sórt sin agus nach mbeidh aisíoctha ag an gcuideachta sin.
(4) I gcás rathaíocht a thabhairt faoin alt seo tabharfaidh an chuideachta dá dtugtar í, má fhoréilíonn an tAire Airgeadais é, cibé urrús (lena n-áirítear, go sonrach, bintiúir) a shonrófar san fhoréileamh chun aisíoc aon airgid a dhlífidh an tAire Airgeadais a íoc, nó a bheidh íoctha aige, faoin ráthaíocht a áirithiú dó.
(5) Déanfaidh an tAire Airgeadais, a luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana airgeadais, ráiteas a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ina luafar maidir le gach ráthaíocht a tugadh faoin alt seo i rith na bliana sin nó a tugadh aon tráth roimh thosach, agus a bhí i bhfeidhm i dtosach, na bliana sin—
(a) sonraí na ráthaíochta,
(b) i gcás ina ndearna an tAire Airgeadais íocaíocht faoin ráthaíocht roimh dheireadh na bliana sin, méid na híocaíochta agus an méid (má b'ann) a aisíocadh leis an Aire Airgeadais ar scór na híocaíochta,
(c) an méid príomhshuime a bhí faoi réim na ráthaíochta agus a bhí gan aisíoc ag deireadh na bliana sin.
(6) Aon airgead a airleacadh as an bPríomh-Chiste d'fhonn a chumasú don Aire Airgeadais íocaíocht a dhéanamh faoi ráthaíocht faoin alt seo déanfaidh Aer Lingus nó Aerlínte, cibé acu é, é a aisíoc leis an Aire Airgeadais (mar aon le hús air de réir cibé ráta nó rátaí a cheapfaidh an tAire Airgeadais) laistigh de dhá bhliain ón dáta a airleacadh an t-airgead as an bPríomh-Chiste.
(7) I gcás ina mbeidh an t-airgead go léir nó aon chuid den airgead is gá de réir fho-alt (6) den alt seo a aisíoc leis an Aire Airgeadais gan aisíoc de réir an fho-ailt sin, déanfar an tsuim a bheidh gan aisíoc amhlaidh a aisíoc leis an bPríomh-Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
(8) D'ainneoin airgead a sholáthar faoi fho-alt (7) den alt seo chun suim a aisíoc leis an bPríomh-Chiste, leanfaidh Aer Lingus nó Aerlínte, cibé acu é, de bheith faoi dhliteanas ag an Aire Airgeadais i leith na suime sin agus íocfaidh Aer Lingus nó Aerlínte, cibé acu é, an tsuim sin (mar aon le hús uirthi de réir cibé ráta nó rátaí a cheapfaidh an tAire Airgeadais) leis an Aire Airgeadais cibé tráthanna agus i cibé tráthchodanna a cheapfaidh an tAire Airgeadais agus, mura ndéanfar íoc mar a dúradh agus gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile, féadfar í a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.
(9) Aon airgead a íocfaidh Aer Lingus nó Aerlínte leis an Aire Airgeadais nó a ghnóthóidh an tAire Airgeadais ó Aer Lingus nó Aerlínte faoin alt seo íocfar isteach sa Státchiste é nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste é.
(10) Maidir le ráthaíocht faoin alt seo in airgead d'airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit—
(a) glacfar le gach ceann de na tagairtí do phríomhshuim i bhfo-ailt (2) agus (3) den alt seo mar thagairt don chomhionannas in airgead reatha an Stáit leis an bpríomhshuim iarbhír, agus an comhionannas sin á ríomh de réir an ráta iomlaoide tráth an ráthaíocht a thabhairt,
(b) glacfar le gach ceann de na tagairtí d'airgead i bhfo-alt (6) den alt seo agus i bhfo-alt (1) d'alt 7 den Acht seo mar thagairt do chostas an airgid iarbhír in airgead reatha an Stáit.
(11) I gcás—
(a) an comhionannas in airgead reatha an Stáit le hairgead reatha eile a ríomh de bhun mhír (a) den fho-alt roimhe seo, agus
(b) airgead reatha an Stáit agus an t-airgead reatha eile a bheith ar na hairgid reatha ag a mbeidh, an tráth a shonraítear sa mhír sin, parluachanna a bunaíodh faoi Airteagail Chomhaontaithe an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta,
déanfar an tagairt sa mhír sin don ráta iomlaoide an tráth sin a ghlacadh mar thagairt don ráta iomlaoide a bunaíodh ar na luachanna sin.
(12) Aon ráthaíocht a bheidh tugtha ag an Aire Airgeadais faoi alt 75 den Acht um Aer-Loingseoireacht agus Aer-Iompar, 1936, á ráthú go ndéanfaidh Aer Rianta, de réir téarmaí bintiúr ag urrú aisíoc airgid a fuair Aer Lingus ar iasacht agus a d'eisigh Aer Rianta roimh thosach feidhme an Achta seo, an phríomhshuim agus an t-ús a urraíodh leis na bintiúir a íoc go cuí measfar, ar an tosach feidhme sin, gur ráthaíocht í faoin alt seo á ráthú go n-íocfaidh Aer Lingus go cuí, de réir téarmaí na mbintiúr, an phríomhshuim agus an t-ús a urraíodh leis na bintiúir agus leanfaidh an ráthaíocht sin de lán-fheidhm agus lán-éifeacht a bheith aici dá réir sin.
(13) Aon airgead is iníoctha ag Aer Lingus nó Aerlínte faoi chonradh le haghaidh earraí a sholáthar a rinneadh roimh thosach feidhme an Achta seo nó a dhéanfar dá éis le haontú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais measfar, chun críocha an ailt seo, gurb airgead é a fuair Aer Lingus nó Aerlínte, cibé acu é, ar iasacht.
Scair stiúrthóra aerchuideachta a dhílsiú don Aire Airgeadais ar an stiúrthóir d'fháil bháis.
6.—D'ainneoin aon ní in alt 2 den Acht seo, ar stiúrthóir aerchuideachta a scor nó d'fháil bháis nó ar oifig stiúrthóra aerchuideachta a theacht chun bheith folamh de réir airteagail chomhlachais na cuideachta, dílseoidh an scair a shealbhaigh an stiúrthóir sin don Aire Airgeadais, gan é bheith riachtanach í a aistriú, ar an Aire sin d'íoc luach ainmiúil na scaire sin leis an duine sin ba stiúrthóir nó lena ionadaí dlíthiúil pearsanta.
Airgead a sholáthar le haghaidh íocaíochtaí faoin Acht as an bPríomh-Chiste.
7.—(1) Airleacfar as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis an t-airgead go léir a bheidh ag teastáil ó am go ham ón Aire Airgeadais faoi chomhair suimeanna a thiocfadh chun bheith iníoctha aige faoin Acht seo.
(2) Chun soláthar a dhéanamh le haghaidh airgead a airleacan as an bPríomh-Chiste faoin alt seo, féadfaidh an tAire Airgeadais aon airgead is gá chun na críche sin a fháil ar iasacht ar urrús an Phríomh-Chiste nó a thoradh fáis, agus féadfaidh sé, chun críocha na hiasachta sin, urrúis a bhunú agus a eisiúint agus iad faoi réir cibé ráta úis agus faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca, fuascailte nó eile is oiriúnach leis, agus íocfaidh sé isteach sa Státchiste an t-airgead go léir a gheofar ar iasacht amhlaidh.
(3) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheidh muirear agus íoc príomhshuime agus úis aon urrús a eiseofar faoin alt seo agus an chaiteachais faoina rachfar i ndáil leis na hurrúis sin a eisiúint.
An tAire Airgeadais d'fheidhmiú an chirt nó na cumhachta is infeidhmithe ag sealbhóir scaireanna sna haerchuideachtaí.
8.—Féadfaidh an tAire Airgeadais, maidir leis na scaireanna in aerchuideachta a bheidh aige, cearta agus cumhachtaí uile shealbhóir na scaireanna sin a fheidhmiú agus, i gcás ceart nó cumhacht is infheidhmithe trí aturnae, féadfaidh an tAire Airgeadais í a fheidhmiú trína aturnae.
Díbhinní, etc., a íoc isteach sa Státchiste.
9.—Déanfar na díbhinní agus an t-airgead eile go léir a gheobhaidh an tAire Airgeadais i leith scaireanna de chuid na n-aerchuideachtaí a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste.
Srian le scaireanna sna haerchuideachtaí a eisiúint.
10.—Ní eiseofar scaireanna in aerchuideachta gan toiliú an Aire Airgeadais arna thabhairt tar éis dul i gcomhairle leis an Aire.
Na haerchuideachtaí d'fháil airgid ar iasacht.
11.—(1) (a) Féadfaidh gach aerchuideachta, le toiliú an Aire Airgeadais (agus leis sin amháin) arna thabhairt tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, airgead (lena n-áirítear airgead d'airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) a fháil ar iasacht ar cibé téarmaí agus coinníollacha a cheadóidh an tAire Airgeadais agus i cibé slí is oiriúnach léi.
(b) Gan dochar do ghinearáltacht mhír (a) den fho-alt seo, féadfaidh gach aerchuideachta, le toiliú an Aire Airgeadais arna thabhairt tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, airgead a fháil ar iasacht trí stoc nó gnéithe eile urrúis a bhunú a eiseofar, a aistreofar, a fhuasclófar agus lena ndéileálfar i cibé slí agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an chuideachta a gheobhaidh an t-airgead ar iasacht, ar an toiliú a dúradh roimhe seo a bheith tugtha tar éis dul i gcomhairle mar a dúradh roimhe seo.
(2) Féadfar na cumhachtaí chun airgead a fháil ar iasacht a thugtar leis an alt seo do na haerchuideachtaí a fheidhmiú chun críche ar bith a tharlóidh le linn a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh.
(3) Faoi réir thoiliú an Aire Airgeadais arna thabhairt tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, féadfaidh forálacha a bheith sna téarmaí ar a dtógfaidh aerchuideachta airgead ar iasacht faoin alt seo ag muirearú an airgid agus an úis ar an airgead ar an maoin uile de gach uile shórt a bheidh dílsithe de thuras na huaire don chuideachta nó ar aon mhaoin áirithe de chuid na cuideachta agus, d'ainneoin aon ní contrártha dó sin in aon achtachán, féadfaidh forálacha ag bunú tosaíocht na muirear sin eatarthu féin agus i ndáil le muirir i leith airleacan a tugadh roimh dháta an Achta seo a rith nó a thabharfar dá éis sin don chuideachta as an bPríomh-Chiste, agus féadfaidh na téarmaí sin a fhoráil go bhféadfaidh aon mhuirear i leith airgead a fuarthas ar iasacht amhlaidh tosaíocht a ghabháil ar mhuirir, nó bheith ar aon-chothrom le muirir, i leith na n-airleacan sin.
(4) Ní rachaidh an méid iomlán a gheobhaidh aerchuideachta ar iasacht faoin alt seo thar cibé méid a cheadóidh an tAire Airgeadais ó am go ham i leith na cuideachta sin.
(5) Na dliteanais agus na hoibleagáidí de chuid Aer Rianta faoi aon bhintiúir a d'eisigh Aer Rianta roimh thosach feidhme an Achta seo agus a mbeidh ráthaíocht faoi alt 75 den Acht um Aer-Loingseoireacht agus Aer-Iompar, 1936, tugtha ina leith ag an Aire Airgeadais, beidh siad, ar an tosach feidhme sin, arna n-aistriú chun Aer Lingus.
Stiúrthóirí na n-aerchuideachtaí.
12.—(1) Is é líon stiúrthóirí Aer Lingus cibé líon nach mó ná seachtar a chinnfidh an tAire ó am go ham le toiliú an Aire Airgeadais.
(2) Is é líon stiúrthóirí Aerlínte cibé líon nach mó ná seachtar a chinnfidh an tAire ó am go ham le toiliú an Aire Airgeadais.
(3) Is é líon stiúrthóirí Aer Rianta cibé líon nach mó ná cúigear a chinnfidh an tAire ó am go ham le toiliú an Aire Airgeadais.
(4) Is é an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a cheapfaidh stiúrthóirí na n-aerchuideachtaí.
(5) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, stiúrthóir aerchuideachta a chur as oifig tráth ar bith.
(6) Beidh stiúrthóirí na n-aerchuideachtaí i seilbh oifige ar cibé téarmaí agus coinníollacha ar a gcinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, agus iad á gceapadh aige.
(7) (a) Féadfaidh an tAire (agus eisean amháin), le toiliú an Aire Airgeadais, stiúrthóir bainistí nó comhstiúrthóir bainistí aerchuideachta a cheapadh, más cuí sin leis an Aire, as líon stiúrthóirí na cuideachta agus beidh sé i seilbh na hoifige dá gceapfar é go ceann cibé téarma agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha maidir le sochair aoisliúntais) a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.
(b) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, duine a cheapfar chun oifige faoin bhfo-alt seo a chur as oifig tráth ar bith.
(8) D'ainneoin aon ní san alt seo aon duine a bhí, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, i seilbh oifige mar stiúrthóir ar aon cheann de na haerchuideachtaí leanfaidh sé, faoi réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha ar ar ceapadh é, de bheith i seilbh oifige mar stiúrthóir den sórt sin go dtí deireadh na tréimhse arb ina haghaidh a ceapadh é ionann agus dá mba nár ritheadh an tAcht seo.
Cathaoirligh bhord stiúrthóirí na n-aerchuideachtaí.
13.—(1) Is é an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a cheapfaidh cathaoirligh bhord stiúrthóirí na n-aerchuideachtaí agus beidh gach cathaoirleach ina stiúrthóir ar an gcuideachta arb é an cathaoirleach é ar a bord stiúrthóirí.
(2) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, le toiliú an Aire Airgeadais, cathaoirligh bhord stiúrthóirí na n-aerchuideachtaí a chur as oifig.
(3) Beidh cathaoirligh bhord stiúrthóirí na n-aerchuideachtaí i seilbh oifige ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, agus iad á gceapadh aige.
(4) Duine ar bith a bhí i seilbh oifige roimh thosach feidhme an Achta seo mar chathaoirleach ar bhord stiúrthóirí aon cheann de na haerchuideachtaí leanfaidh sé, faoi réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha ar ar ceapadh é, de bheith i seilbh oifige mar chathaoirleach den sórt sin go dtí deireadh na tréimhse ar ina haghaidh a ceapadh é ionann agus dá mba nár ritheadh an tAcht seo.
Stiúrthóirí, oifigigh agus seirbhísigh na naerchuideachtaí a bheith ina gcomhaltaí de cheachtar Teach den Oireachtas.
14.—(1) Má ainmnítear duine is stiúrthóir ar aerchuideachta mar iarrthóir le toghadh chun ceachtar Teach den Oireachtas nó mar chomhalta de Sheanad Éireann, scoirfidh sé air sin de bheith ina stiúrthóir ar an gcuideachta.
(2) I gcás duine is oifigeach nó seirbhíseach i bhfostaíocht aerchuideachta a theacht chun bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas—
(a) beidh sé, i gcaitheamh na tréimhse dar tosach an dáta a thiocfaidh sé i dteideal, faoi Bhuan-Orduithe an Tí sin, suí sa Teach sin agus dar críoch an dáta a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin nó, más túisce a tharlóidh, an dáta a éireoidh sé nó a scoirfidh sé as an bhfostaíocht sin nó a fhoirceannfaidh an chuideachta an fhostaíocht sin, ar iasacht ón bhfostaíocht sin,
(b) ní íocfaidh an chuideachta leis, ná ní bheidh teideal aige go bhfaigheadh sé ón gcuideachta, aon tuarastal ná pá, cibé acu é, in aghaidh na tréimhse sin.
(3) Má thagann duine atá nó a bhí ina oifigeach nó ina sheirbhíseach d'aerchuideachta chun bheith i dteideal pinsin faoi na hAchtanna um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 go 1960, ní bheidh sé i dteideal an t-iomlán ná aon chuid dá thréimhse sheirbhíse inphinsin, de réir brí na nAchtanna sin, a áireamh le haghaidh aon sochair aoisliúntais is iníoctha faoi scéim arna déanamh ag an gcuideachta chun sochair aoisliúntais a íoc le, nó maidir le, hoifigigh nó seirbhísigh na cuideachta.
(4) Aon duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin beidh sé, an fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina stiúrthóir ar an gcuideachta nó ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don chuideachta.
Meabhráin chomhlachais agus airteagail chomhlachais na naerchuideachtaí a athrú.
15.—Déanfaidh na haerchuideachtaí cibé bearta is gá faoi Acht na gCuideachtaí, 1963, chun a gcuid meabhrán comhlachais agus airteagal comhlachais a athrú d'fhonn iad a bheith de réir an Achta seo.
Srian le meabhráin chomhlachais agus airteagail chomhleachais na naerchuideachtaí a athrú.
16.—D'ainneoin aon ní in Acht na gCuideachtaí, 1963, nó i meabhrán comhlachais nó airteagail chomhlachais aerchuideachta, ní bheidh aon athrú ar an meabhrán nó ar na hairteagail sin baili ná éifeachtúil gan ceadú a bheith faighte chuige roimh ré ón Aire le toiliú an Aire Airgeadais.
Cuntais a thabhairt don Aire.
17.—Tabharfaidh gach aerchuideachta, a luaithe is féidir é tar éis deireadh gach bliana cuntasaíochta de chuid na cuideachta, don Aire—
(a) clár comhardaithe amhail mar bhí ag deireadh na bliana cuntasaíochta sin agus é cuí-iniúchta ag iniúchóir na cuideachta;
(b) cuntas sochair agus dochair don bhliain chuntasaíochta sin agus é cuí-iniúchta ag iniúchóir na cuideachta, agus
(c) cóip de thuarascáil stiúrthóirí na cuideachta chun scairshealbhóirí na cuideachta don bhliain chuntasaíochta sin.
(2) Beidh an clár comhardaithe agus an cuntas sochair agus dochair a thabharfar de bhun fho-alt (1) den alt seo dréachtaithe i cibé slí a ordóidh an tAire tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais.
(3) Déanfaidh an tAire cóip de gach clár comhardaithe, de gach cuntas sochair agus dochair agus de gach tuarascáil a thabharfar dó de bhun fho-alt (1) den alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis an clár comhardaithe, an cuntas sochair agus dochair agus an tuarascáil sin a thabhairt amhlaidh dó.
(4) Tabharfaidh aerchuideachta don Aire, má iarrann an tAire uirthi é, cibé eolas a iarrfaidh sé maidir le haon chlár comhardaithe, cuntas sochair agus dochair nó tuarascáil leis an gcuideachta, nó i dtaobh beartas agus oibríochtaí na cuideachta.
Ceapadh iniúchóirí ag na haerchuideachtaí.
18.—Beidh ceapadh iniúchóirí ag na haerchuideachtaí faoi réir cheadú an Aire arna thabhairt tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais.
Díolúine ó dhleacht stampa.
19.—Ní mhuirearófar dleacht stampa i leith aon aistriú maoine a dhéantar leis an Acht seo.
An tAire do cheadú scéimeanna aoisliúntais le haghaidh oifigigh agus seirbhísigh de chuid na naerchuideachtaí.
20.—(1) Ní chuirfidh aerchuideachta i gcrích scéim le haghaidh pinsin, aiscí nó liúntais eile a dheonú ar scor dóibh d'aon oifigigh nó seirbhísigh, nó i leith aon oifigigh nó seirbhísigh, de chuid na cuideachta mura mbeidh an scéim ceadaithe ag an Aire tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais.
(2) Ní chuirfidh aerchuideachta i gcrích scéim ag leasú nó ag cúlghairm scéime a bheidh i ngníomh ar thosach feidhme an Achta seo nó a thiocfaidh i ngníomh ina dhiaidh sin le haghaidh pinsin, aiscí nó liúntais eile a dheonú ar scor dóibh d'aon oifigigh nó seirbhísigh, nó i leith aon oifigigh nó seirbhísigh, de chuid na cuideachta mura mbeidh an scéim roimhe sin ceadaithe ag an Aire tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais.
(3) Ní bhaineann an t-alt seo le scéimeanna aoisliúntais den sórt dá dtagraítear i bhfo-alt (1) nó i bhfo-alt (2) den alt seo agus a bheidh i ngníomh ar dháta thosach feidhme an Achta seo.
Aisghairm.
21.—Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a luaitear sa tríú colún den Sceideal sin.
Caiteachas.
22.—Déanfar an caiteachas faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
Gearrtheideal agus tosach feidhme.
23.—(1) Féadfar Acht na nAerchuideachtaí, 1966, a ghairm den Acht seo.
(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.
AN SCEIDEAL
Achtacháin a Aisghairtear
Uimhir agus Bliain | Gearrtheideal | Méid na nAisghairme |
An tAcht um Aer-Loingseoireacht agus Aer-Iompar, 1936. | Cuid VIII agus an Dara Sceideal. | |
An tAcht um Aer-Loingseoireacht agus Aer-Iompar (Leasú), 1942. | An tAcht tiomlán. | |
An tAcht Aer-Loingseoireachta agus Aeriompair, 1946. | Cuid IV. | |
An tAcht Aer-Loingseoireachta agus Aeriompair, 1950. | Alt 25. | |
An tAcht Aer-Loingseoireachta agus Aeriompair (Uimh. 2), 1959. | An tAcht iomlán. | |
An tAcht Aer-Loingseoireachta agus Aeriompair, 1961. | An tAcht iomlán (seachas fo-alt (3) d'alt 3 agus ailt 5 agus 6). |
Number 4 of 1966.
AIR COMPANIES ACT, 1966
ARRANGEMENT OF SECTIONS
Enactments Repealed
Acts Referred to | |
1963, No. 33 | |
1961, No. 25 | |
1936, No. 40 |
Number 4 of 1966.
AIR COMPANIES ACT, 1966
Definitions.
1.—In this Act—
“Aer Lingus” means Aer Lingus, Teoranta;
“Aerlinte” means Aerlinte Eireann, Teoranta;
“Aer Rianta” means Aer Rianta, Teoranta;
“the air companies” means Aer Lingus, Aerlinte and Aer Rianta and “air company” shall be construed accordingly;
“the Minister” means the Minister for Transport and Power.
Transfer of shares held by Aer Rianta and reduction of its share capital.
2.—Notwithstanding anything contained in the Companies Act, 1963, or the memorandum or articles of association of Aer Rianta, on the commencement of this Act—
(a) the shares of Aer Lingus and Aerlinte held by Aer Rianta immediately before such commencement shall stand transferred to the Minister for Finance,
(b) the ordinary shares and mortgage debenture stock of Irish and Intercontinental Hotels, Limited, held by Aer Rianta immediately before such commencement shall stand transferred to Aerlinte, and Aerlinte shall issue to the Minister for Finance, and that Minister may take up without payment therefor, two hundred and eighty-four thousand, three hundred and seven shares of one pound each of Aerlinte, and
(c) the share capital of Aer Rianta shall stand reduced to sixty thousand pounds divided into sixty thousand shares of one pound each and the number of shares of the company held by the Minister for Finance shall stand reduced to fifty-one thousand, two hundred and sixty-one.
Transfer of £700,000 from Aer Rianta to Aer Lingus and issue of shares of Aer Lingus to value of £700,000 to Minister for Finance.
3.—As soon as may be after the commencement of this Act Aer Rianta shall transfer to Aer Lingus the sum of seven hundred thousand pounds advanced to Aer Rianta by the Minister for Finance upon the 12th day of May, 1965, and upon such transfer—
(a) subsection (3) of section 3 and sections 5 and 6 of the Air Navigation and Transport Act, 1961, shall stand repealed and shall be deemed never to have applied in relation to the said sum of seven hundred thousand pounds, and
(b) in addition to the shares of Aer Lingus transferred to the Minister for Finance by section 2 of this Act, Aer Lingus shall issue to the Minister for Finance and that Minister may take up without payment therefor any class or classes of shares of Aer Lingus to the nominal value of seven hundred thousand pounds.
Advances to Aer Lingus and Aerlinte by Minister for Finance.
4.—(1) For the purpose of enabling Aer Lingus to perform its functions the Minister for Finance may, on the recommendation of the Minister, advance from time to time to that company such sums not exceeding one million pounds as it may from time to time request.
(2) For the purpose of enabling Aerlinte to perform its functions the Minister for Finance may, on the recommendation of the Minister, advance from time to time to that company such sums not exceeding one million pounds as it may from time to time request.
(3) Advances under subsection (1) or (2) of this section shall be made on such terms as to repayment, interest and other matters as may be determined by the Minister for Finance.
(4) All sums paid by Aer Lingus or Aerlinte in repayment of an advance under subsection (1) or (2) of this section or in pursuance of any term or condition subject to which an advance was made under this section shall be paid into or disposed of for the benefit of the Exchequer.
Guarantee by Minister for Finance of borrowings by Aer Lingus and Aerlinte.
5.—(1) The Minister for Finance may, after consultation with the Minister, guarantee in such form and manner and in such moneys (including moneys in a currency other than the currency of the State) and on such terms and conditions as he thinks fit, the due repayment of moneys borrowed either before or after the commencement of this Act by Aer Lingus or Aerlinte or the payment of interest on such moneys or both the repayment of the principal and the payment of the interest.
(2) The Minister for Finance shall not so exercise the powers conferred by subsection (1) of this section and subsection (1) of section 4 of this Act that—
(a) advances to Aer Lingus under the latter subsection together with the amount, or the aggregate amount, of principal which he may at any one time be liable to pay on foot of any guarantees under subsection (1) of this section for the time being in force in relation to moneys borrowed by Aer Lingus after the commencement of this Act together with the amount of principal (if any) which the Minister for Finance has previously paid on foot of any such guarantees and has not been repaid by Aer Lingus exceeds five million pounds, or
(b) the amount, or the aggregate amount, of principal which he may at any one time be liable to pay on foot of any guarantees under the said subsection (1) (other than a guarantee to which subsection (12) of this section relates) for the time being in force in relation to moneys borrowed by Aer Lingus before the commencement of this Act together with the amount of principal (if any) which the Minister has previously paid on foot of any such guarantees and has not been repaid by Aer Lingus exceeds one million pounds.
(3) The Minister for Finance shall not so exercise the powers conferred by subsection (1) of this section and subsection (2) of section 4 of this Act that advances to Aerlinte under the latter subsection together with the amount, or the aggregate amount, of principal which he may at any one time be liable to pay on foot of any guarantees under subsection 1 of this section for the time being in force in relation to moneys borrowed by Aerlinte together with the amount of principal (if any) which the Minister for Finance has previously paid on foot of any such guarantees and has not been repaid by that company exceeds six million pounds.
(4) Where a guarantee under this section is or has been given, the company given it shall, if the Minister for Finance so requires, give to him such security (including, in particular, debentures) as may be specified in the requisition for the purpose of securing to the Minister for Finance the repayment of any moneys which he may be liable to pay or has paid under the guarantee.
(5) The Minister for Finance shall, as soon as may be after the expiration of every financial year, lay before each House of the Oireachtas a statement setting out with respect to each guarantee under this section given during that year or given at any time before, and in force at, the commencement of that year—
(a) particulars of the guarantee,
(b) in case any payment has been made by the Minister for Finance under the guarantee before the end of that year, the amount of the payment and the amount (if any) repaid to the Minister for Finance on foot of the payment,
(c) the amount of principal covered by the guarantee which was outstanding at the end of that year.
(6) Moneys advanced out of the Central Fund to enable the Minister for Finance to make a payment under a guarantee under this section shall be repaid to the Minister for Finance (with interest thereon at such rate or rates as the Minister for Finance appoints) by Aer Lingus or Aerlinte, as the case may be, within two years from the date of the advance of the moneys out of the Central Fund.
(7) Where the whole or any part of moneys required by subsection (6) of this section to be repaid to the Minister for Finance has not been repaid in accordance with that subsection, the amount so remaining outstanding shall be repaid to the Central Fund out of moneys provided by the Oireachtas.
(8) Notwithstanding the provision of moneys under subsection (7) of this section to repay an amount to the Central Fund, Aer Lingus or Aerlinte, as the case may be, shall remain liable to the Minister for Finance in respect of that amount and that amount (with interest thereon at such rate or rates as the Minister for Finance appoints) shall be paid to the Minister for Finance by Aer Lingus or Aerlinte, as the case may be, at such times and in such instalments as the Minister for Finance appoints and, in default of payment as aforesaid and without prejudice to any other method of recovery, shall be recoverable as a simple contract debt in any court of competent jurisdiction.
(9) Moneys paid by Aer Lingus or Aerlinte to the Minister for Finance or recovered from Aer Lingus or Aerlinte by the Minister for Finance under this section shall be paid into or disposed of for the benefit of the Exchequer.
(10) In relation to a guarantee under this section in moneys in a currency other than the currency of the State—
(a) each of the references to principal in subsections (2) and (3) of this section shall be taken as referring to the equivalent in currency of the State of the actual principal, such equivalent being calculated according to the rate of exchange at the time of the giving of the guarantee,
(b) each of the references to moneys in subsection (6) of this section and subsection (1) of section 7 of this Act shall be taken as referring to the cost in currency of the State of the actual moneys.
(11) Where—
(a) the equivalent in currency of the State of other currency is being calculated pursuant to paragraph (a) of the foregoing subsection, and
(b) the currencies having, at the time specified in that paragraph, par values established under the Articles of Agreement of the International Monetary Fund include the currency of the State and the other currency,
the reference in that paragraph to the rate of exchange at that time shall be taken as referring to the rate of exchange based on those values.
(12) A guarantee given by the Minister for Finance under section 75 of the Air Navigation and Transport Act, 1936, of the due payment by Aer Rianta in accordance with the terms of debentures securing the repayment of moneys borrowed by Aer Rianta and issued by Aer Rianta before the commencement of this Act of the principal moneys and interest secured by the debentures shall, upon such commencement, be deemed to be a guarantee given under this section of the due payment by Aer Lingus in accordance with the terms of the debentures of the principal moneys and interest secured by the debentures and shall continue in full force and effect accordingly.
(13) Moneys payable by Aer Lingus or Aerlinte under a contract for the provision of goods entered into whether before or after the commencement of this Act with the approval of the Minister given with the consent of the Minister for Finance shall be deemed, for the purposes of this section, to be moneys borrowed by Aer Lingus or Aerlinte, as the case may be.
Vesting in Minister for Finance upon death of director of an air company of director's share.
6.—Notwithstanding anything in section 2 of this Act, upon the retirement or death of a director of an air company or upon the office of a director of an air company becoming vacated in accordance with the articles of association of the company, the share held by such director shall, without the necessity of a transfer, vest in the Minister for Finance upon payment by the said Minister of the nominal value of such share to such former director or his legal personal representative.
Provision of moneys for payments under the Act out of the Central Fund.
7.—(1) All moneys from time to time required by the Minister for Finance to meet sums which may become payable by him under this Act shall be advanced out of the Central Fund or the growing produce thereof.
(2) The Minister for Finance may, for the purpose of providing for the advance of moneys out of the Central Fund under this section, borrow on the security of the Central Fund or the growing produce thereof any moneys required for that purpose, and for the purposes of such borrowing, he may create and issue securities bearing such rate of interest and subject to such conditions as to repayment, redemption or otherwise as he thinks fit, and shall pay all moneys so borrowed into the Exchequer.
(3) The principal of and interest on all securities issued under this section and the expenses incurred in connection with the issue of such securities shall be charged on and payable out of the Central Fund or the growing produce thereof.
Exercise by Minister for Finance of right or power exercisable by holder of shares of the air companies.
8.—The Minister for Finance may exercise in respect of the shares of an air company held by him all the rights and powers of a holder of such shares and, where a right or power is exercisable by attorney, exercise it by his attorney.
Payment of dividends, etc., into Exchequer.
9.—All dividends and other moneys received by the Minister for Finance in respect of shares of the air companies shall be paid into or disposed of for the benefit of the Exchequer.
Restriction on issue of shares of the air companies.
10.—Shares of an air company shall not be issued without the consent of the Minister for Finance given after consultation with the Minister.
Borrowing by the air companies.
11.—(1) (a) Each air company may, with (but only with) the consent of the Minister for Finance given after consultation with the Minister, borrow money (including money in a currency other than the currency of the State) upon such terms and conditions as may be approved of by the Minister for Finance by such means as it thinks fit.
(b) Without prejudice to the generality of paragraph (a) of this subsection, each air company may, with the consent of the Minister for Finance given after consultation with the Minister, borrow money by means of the creation of stock or other forms of security to be issued, transferred, dealt with and redeemed in such manner and on such terms and conditions as the company borrowing the money may, with the consent aforesaid given after the consultation aforesaid, determine.
(2) The borrowing powers conferred by this section on the air companies may be exercised for any purpose arising in the performance of their functions.
(3) The terms upon which moneys are borrowed under this section by an air company may, subject to the consent of the Minister for Finance given after consultation with the Minister, include provisions charging the moneys and interest thereon upon all property of whatsoever kind for the time being vested in the company or upon any particular property of the company and provisions establishing the priority of such charges amongst themselves and in relation to charges in respect of advances made, whether before or after the passing of this Act, to the company out of the Central Fund and such terms may, notwithstanding anything to the contrary in any enactment, provide that any charge in respect of moneys so borrowed may rank before or equally with charges in respect of such advances.
(4) The total amount borrowed under this section by an air company shall not exceed such amount as may be sanctioned by the Minister for Finance from time to time in respect of that company.
(5) The liabilities and obligations of Aer Rianta under any debentures issued by Aer Rianta before the commencement of this Act and in relation to which the Minister for Finance has given a guarantee under section 75 of the Air Navigation and Transport Act, 1936, shall, upon such commencement, stand transferred to Aer Lingus.
Directors of the air companies.
12.—(1) The number of directors of Aer Lingus shall be such number not exceeding seven as the Minister may, with the consent of the Minister for Finance, from time to time determine.
(2) The number of directors of Aerlinte shall be such number not exceeding seven as the Minister may, with the consent of the Minister for Finance, from time to time determine.
(3) The number of directors of Aer Rianta shall be such number not exceeding five as the Minister may, with the consent of the Minister for Finance, from time to time determine.
(4) The directors of the air companies shall be appointed by the Minister with the consent of the Minister for Finance.
(5) A director of an air company may be removed from office at any time by the Minister with the consent of the Minister for Finance.
(6) The directors of the air companies shall hold office upon such terms and conditions as the Minister may, with the consent of the Minister for Finance, determine when appointing them.
(7) (a) A managing director or joint managing director of an air company may, if the Minister so thinks fit, be appointed from time to time from amongst the directors of the company by (but only by) the Minister with the consent of the Minister for Finance and shall hold the office to which he is appointed for such term and upon such terms and conditions (including terms and conditions relating to superannuation benefits) as may be determined by the Minister with the consent of the Minister for Finance.
(b) A person appointed to an office under this subsection may be removed from office at any time by the Minister with the consent of the Minister for Finance.
(8) Notwithstanding anything contained in this section, a person who immediately before the commencement of this Act held office as a director of any of the air companies shall, subject to the terms and conditions upon which he was appointed, continue in office as such director until the expiration of the period for which he was appointed as if this Act had not been passed.
Chairmen of the boards of directors of the air companies.
13.—(1) The chairmen of the boards of directors of the air companies shall be appointed by the Minister with the consent of the Minister for Finance and every chairman shall be a director of the company of whose board of directors he is chairman.
(2) The chairmen of the boards of directors of the air companies may be removed from office at any time by the Minister with the consent of the Minister for Finance.
(3) The chairmen of the boards of directors of the air companies shall hold office upon such terms and conditions as the Minister may, with the consent of the Minister for Finance, determine when appointing them.
(4) A person who immediately before the commencement of this Act held office as chairman of the board of directors of any of the air companies shall, subject to the terms and conditions upon which he was appointed, continue in office as such chairman until the expiration of the period for which he was appointed as if this Act had not been passed.
Membership of either House of the Oireachtas by directors, officers and servants of the air companies.
14.—(1) Where a director of an air company is nominated either as a candidate for election to either House of the Oireachtas or as a member of Seanad Éireann, he shall thereupon cease to be a director of the company.
(2) Where a person who is either an officer or a servant in the employment of an air company becomes a member of either House of the Oireachtas—
(a) he shall, during the period commencing upon his becoming entitled under the Standing Orders of that House to sit therein and ending either when he ceases to be a member of that House, or, if it should sooner happen, upon his resignation or retirement from such employment or upon the termination of such employment by the company, stand seconded from such employment,
(b) he shall not be paid by, or entitled to receive from, the company any salary or wages, as the case may be, in respect of that period.
(3) If a person who is or was an officer or servant of an air company becomes entitled to a pension under the Ministerial and Parliamentary Offices Acts, 1938 to 1960, he shall not be entitled to reckon the whole or any part of his period of pensionable service, within the meaning of those Acts, for any superannuation benefits payable under a scheme made by the company for the payment of superannuation benefits to or in respect of the officers or servants of the company.
(4) A person who is for the time being entitled under the Standing Orders of either House of the Oireachtas to sit therein shall, while so entitled, be disqualified from becoming a director of the company or an officer or servant of the company.
Alteration of memoranda and articles of association of the air companies.
15.—The air companies shall take such steps as may be necessary under the Companies Act, 1963, to alter their memoranda and articles of association to make them consistent with this Act.
Restriction on alteration of memoranda and articles of association of the air companies.
16.—Notwithstanding anything contained in the Companies Act, 1963, or in the memorandum or articles of association of an air company, an alteration in the said memorandum or articles shall not be valid or effectual unless made with the previous approval of the Minister given with the consent of the Minister for Finance.
Furnishing of accounts to Minister.
17.—(1) Each air company shall, as soon as may be after the end of every accounting year of the company, furnish to the Minister—
(a) a balance sheet as at the end of that accounting year duly audited by the auditor of the company,
(b) a profit and loss account for that accounting year duly audited by the auditor of the company, and
(c) a copy of the report of the directors of the company to the shareholders of the company for that accounting year.
(2) The balance sheets and profit and loss accounts furnished pursuant to subsection (1) of this section shall be drawn up in such manner as the Minister, after consultation with the Minister for Finance, shall direct.
(3) The Minister shall cause a copy of every balance sheet, profit and loss account and report furnished to the Minister pursuant to subsection (1) of this section to be laid before each House of the Oireachtas as soon as may be after the balance sheet, profit and loss account and report are so furnished to him.
(4) An air company shall, if so required by the Minister, furnish to him such information as he may require in respect of any balance sheet, profit and loss account or report of the company or in relation to the policy and operations of the company.
Appointment of auditors by the air companies.
18.—The appointment by the air companies of auditors shall be subject to the approval of the Minister given after consultation with the Minister for Finance.
Exemption from stamp duty.
19.—Stamp duty shall not be charged in respect of any transfer of property effected by this Act.
Approval by Minister of superannuation schemes for officers and servants of the air companies.
20.—(1) A scheme for the granting of pensions, gratuities or other allowances on retirement to or in respect of any officers or servants of an air company shall not be carried out by the company unless the scheme has been approved of by the Minister following consultation with the Minister for Finance.
(2) A scheme amending or revoking a scheme in operation at the commencement of this Act or coming into operation thereafter for the granting of pensions, gratuities or other allowances on retirement to or in respect of any officers or servants of an air company shall not be carried out by the company unless the former scheme has been approved of by the Minister following consultation with the Minister for Finance.
(3) This section does not apply to superannuation schemes of the kind referred to in subsection (1) or (2) of this section which are in operation at the commencement of this Act.
Repeals.
21.—The enactments mentioned in the Schedule to this Act are hereby repealed to the extent mentioned in the third column of that Schedule.
Expenses.
22.—The expenses incurred by the Minister in the administration of this Act shall, to such extent as may be sanctioned by the Minister for Finance, be paid out of moneys provided by the Oireachtas.
Short title and commencement.
23.—(1) This Act may be cited as the Air Companies Act, 1966.
(2) This Act shall come into operation on such day as the Minister may by order appoint.
SCHEDULE
Enactments Repealed
Number and Year | Short Title | Extent of Repeal |
No. 40 of 1936. | Part VIII and the Second Schedule. | |
No. 10 of 1942. | The whole Act. | |
No. 23 of 1946. | ||
No. 4 of 1950. | ||
No. 29 of 1959. | The whole Act. | |
No. 25 of 1961. | The whole Act (other than subsection (3) of section 3 and sections 5 and 6). |