Uimhir 15 de 1988
AN tACHT AERLOINGSEOIREACHTA AGUS AERIOMPAIR, 1988
RIAR NA nALT
Réamhráiteach agus Ginearálta
Alt | |
1. | |
2. | |
3. | Orduithe agus Rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais. |
4. |
Forálacha chun slándáil agus sábháilteacht na heitlíochta sibhialta a chur chun cinn agus forálacha eile i ndáil le haeradróim agus aerárthaí
Forálacha i ndáil le Prótacail 1975 le Coinbhinsiún Vársá
34. | |
35. | |
36. | Feidhm dlí sa Stát a bheith ag Prótacail 1975 le Coinbhinsiún Vársá. |
37. | Leasuithe iarmhartacha ar an bPríomh-Acht agus ar Acht 1965. |
Forálacha i ndáil le Prótacal 1984 le Coinbhinsiún Chicago
38. | |
39. | |
40. |
Ilghnéitheach
41. | |
42. | |
43. | |
44. | Cumhachtaí an Rialtais faoi Achtanna áirithe a aistriú chuig an Aire. |
45. | |
46. | |
47. | |
48. | |
49. | |
50. | |
51. | Leasú ar ailt 3 agus 5 den Acht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1975. |
52. | |
53. |
Prótacail 1975 le Coinbhinsiún Vársá
Aisghairm
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
Na hAchtanna Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1936 go 1986 | |
An tAcht Aerloingseoireachta agus Aeriompair (Réamhiniúchadh), 1986 | |
Public Offices Fees Act, 1879 | 42 & 43 Vict., c.58 |
Uimhir 15 de 1988
AN tACHT AERLOINGSEOIREACHTA AGUS AERIOMPAIR, 1988
[An tiontú oifigiúil]
CUID I
Réamhráiteach agus Ginearálta
Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.
1.—(1) Féadfar an tAcht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1988, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1936 go 1988, a ghairm de na hAchtanna Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1936 go 1986, agus den Acht seo.
(3) Déanfar na hAchtanna Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1936 go 1988, a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin.
Léiriú.
2.—(1) San Acht seo—
ciallaíonn “Acht 1946” an tAcht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1946;
ciallaíonn “Acht 1950” an tAcht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1950;
ciallaíonn “Acht 1959” an tAcht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1959;
ciallaíonn “Acht 1963” an tAcht Aerloingseoireachta (Eurocontrol), 1963 (arna leasú leis an Acht Aerloingseoireachta (Eurocontrol), 1971, agus leis an Acht Aerloingseoireachta (Eurocontrol), 1983);
ciallaíonn “Acht 1965” an tAcht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1965;
ciallaíonn “na hAchtanna” na hAchtanna Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1936 go 1986;
tá le “duine údaraithe” an bhrí a shonraítear in alt 18;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Turasóireachta agus Iompair;
ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Aer-Loingseoireacht agus Aer-Iompar, 1936;
ciallaíonn “Prótacail 1975 le Coinbhinsiún Vársá” Prótacail Bhreise Uimhreacha 1, 2, 3 agus 4 (ar síníodh gach ceann acu i Montreal an 25ú lá de Mheán Fómhair, 1975) do leasú Choinbhinsiún Vársá.
(2) Aon tagairt san Acht seo d'alt nó do Sceideal is tagairt í, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, d'alt den Acht seo nó do Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, agus aon tagairt san Acht seo d'fho-alt nó do mhír is tagairt í don fho-alt nó don mhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura léirítear gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.
(3) Aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán, forléireofar í mar thagairt don achtachán sin arna leasú nó arna oiriúnú le haon achtachán iardain nó faoi aon achtachán iardain (lena n-áirítear an tAcht seo).
Orduithe agus Rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.
3.—Gach ordú agus Rialachán a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú nó an Rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe (seachas ordú faoi Chuid III) nó an Rialacháin, beidh an t-ordú nó an Rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú nó faoin Rialachán.
Caiteachais.
4.—Déanfar caiteachais an Aire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
CUID II
Forálacha chun slándáil agus sábháilteacht na heitlíochta sibhialta a chur chun cinn agus forálacha eile i ndáil le haeradróim agus aerárthaí
Feidhm Chuid II.
5.—Tá feidhm ag an gCuid seo maidir le haeradróim seachas aeradróim atá faoi rialú an Aire Cosanta.
Slándáil agus sábháilteacht ag aeradróim.
6.—Beidh sé de dhualgas—
(a) ar gach duine ar leis aeradróm nó a oibríonn aeradróm, agus
(b) ar gach duine a sheolann gnó ag aeradróm,
déanamh de réir na gceanglas (lena n-áirítear aon cheanglais i ndáil leis an aeradróm sin, nó le haeradróim i gcoitinne, a bheidh sonraithe ag an Aire i dtreoir faoi alt 7 nó i gceadúnas nó údarú a bheidh deonaithe aige faoi na hAchtanna) a bhaineann le dea-ord poiblí agus slándáil phoiblí agus le slándáil agus sábháilteacht an aeradróim agus le slándáil agus sábháilteacht daoine agus aerárthaí ag úsáid an aeradróim sin dóibh.
Treoracha ón Aire i ndáil le slándáil agus sábháilteacht aeradróm.
7.—Féadfaidh an tAire, aon uair is deimhin leis gur gá é ar mhaithe le leasanna an Stáit nó an phobail, treoracha a thabhairt d'aon duine ar leis aeradróm, nó a oibríonn aeradróm, maidir leis na caighdeáin slándála agus sábháilteachta nach mór a chomhlíonadh i ndáil leis an aeradróm sin agus beidh sé de dhualgas ar gach duine den sórt sin déanamh de réir na dtreoracha sin.
Dualgas oibritheora aeradróim tuairisciú don Aire.
8.—(1) Beidh sé de dhualgas ar gach oibritheoir aeradróim tuarascáil a thabhairt don Aire, i cibé foirm agus laistigh de cibé tréimhse ama agus ag cibé eatraimh a bheidh sonraithe ag an Aire i scríbhinn, maidir leis na bearta go léir a bheidh déanta aige d'fhonn déanamh de réir treorach ón Aire de bhun alt 7.
(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), beidh i dtuarascáil chun an Aire faoin bhfo-alt sin, mionsonraí maidir leis na nithe seo a leanas—
(a) na bearta beachta a rinne an t-oibritheoir chun an treoir a chur i bhfeidhm, agus
(b) aon athruithe a rinneadh, nó a bheartaítear a dhéanamh, ar na caighdeáin slándála nó sábháilteachta a bheidh sonraithe sa treoir nó aon chaighdeáin den sórt sin ar scoireadh díobh nó a mbeartaítear scor díobh.
(3) Aon duine—
(a) a dhiúltóidh, nó a mhainneoidh gan chúis réasúnach, tuarascáil a thabhairt don Aire, nó
(b) a dhéanfaidh, in aon tuarascáil den sórt sin, ráiteas is eol dó a bheith bréagach i bponc ábhartha, nó
(c) a dhéanfaidh go meargánta, in aon tuarascáil den sórt sin, ráiteas atá bréagach i bponc ábhartha,
beidh sé ciontach i gcion.
Leathnú ar chumhacht an Aire chun ceadúnas nó údarú a chúlghairm, a chealú nó a fhionraí.
9.—(1) Aon chumhacht a thugtar don Aire, faoi na hAchtanna, chun ceadúnas nó údarú a deonaíodh faoi na hAchtanna sin a chúlghairm, a chealú nó a fhionraí, measfar go n-áirítear inti an chumhacht chun na nithe seo a leanas a dhéanamh más dealraitheach dó nach bhfuil sealbhóir ceadúnais nó údaraithe, de réir mar a bheidh, in ann nó toilteanach déanamh de réir aon cheanglas slándála nó sábháilteachta a bheidh sonraithe ag an Aire, sa cheadúnas nó san údarú nó i dtreoir faoi alt 7, ar mhaithe le dea-ord poiblí, slándáil nó sábháilteacht, eadhon—
(a) an ceadúnas nó an t-údarú, de réir mar a bheidh, a chúlghairm nó a chealú, nó
(b) an ceadúnas nó an t-údarú, de réir mar a bheidh, a fhionraí go dtí go mbeidh sealbhóir an cheadúnais nó an údaraithe tar éis déanamh de réir aon cheanglas slándála nó sábháilteachta a bheidh sonraithe amhlaidh.
(2) Aon uair a fheidhmeoidh an tAire an chumhacht a thugtar dó le fo-alt (1), glacfaidh an chúlghairm nó, de réir mar a bheidh, an fhionraí nó an cealú, éifeacht ón dáta ar a dtugann an tAire fógra do shealbhóir an cheadúnais nó an údaraithe i dtaobh na cúlghairme nó, de réir mar a bheidh, na fionraí nó an chealaithe, a bheidh déanta nó ó cibé dáta is déanaí ná sin a shonróidh an tAire, ag féachaint do na himthosca go léir.
(3) Ar dháta thosach feidhme an Achta seo, déanfaidh an tAire, trí fhógra i scríbhinn, fógra a thabhairt do shealbhóirí na gceadúnas nó na n-údaruithe go léir a bheidh deonaithe aige, agus a bheidh i bhfeidhm an tráth sin, i dtaobh chumhachtaí an Aire faoin alt seo.
Cumhacht an Aire toirmeasc a chur ar thuirlingt ag aeradróm, nó ar é a fhágáil, i ndálaí áirithe.
10.—(1) Faoi réir fho-alt (2), más deimhin leis an Aire gur chóir déanamh amhlaidh ar mhaithe le dea-ord poiblí nó slándáil nó sábháilteacht, nó más deimhin leis go meastar cúlghairm a bheith déanta, de bhun alt 11 (3), ar an gceadúnas nó ar an údarú a deonaíodh faoi na hAchtanna i ndáil le haeradróm, féadfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn, toirmeasc a chur ar thuirlingt aerárthaí ag aeradróm, nó ar fhágáil aerárthaí ó aeradróm, ó dháta an fhógra nó ó cibé dáta is déanaí ná sin a shonróidh an tAire san fhógra, ag féachaint do na himthosca go léir.
(2) Ní fheidhmeoidh an tAire an chumhacht a thugtar dó le fo-alt (1) mura deimhin leis nach bhfuil sealbhóir an cheadúnais nó an údaraithe a deonaíodh faoi na hAchtanna i ndáil leis an aeradróm in ann, nó toilteanach, déanamh de réir cheanglais an Aire faoi alt 7, nó go meastar go bhfuil an ceadúnas nó an t-údarú sin cúlghairthe de bhun alt 11 (3), de réir mar a bheidh.
Oibleagáid árachas a bhaint amach i ndáil le haeradróim.
11.—(1) Ní oibreoidh duine aeradróm, ná ní chuirfidh sé faoi deara ná ní cheadóidh sé d'aon duine eile aeradróm a oibriú, mura mbeidh polasaí árachais i bhfeidhm i ndáil leis an aeradróm sin.
(2) Beidh polasaí árachais gan éifeacht chun críocha fho-alt (1)—
(a) mura mbeidh, agus go dtí go mbeidh, deimhniú i ndáil leis an bpolasaí árachais eisithe ag an árachóir don árachaí, agus é i cibé foirm, agus cibé mionsonraí ann, a fhorordóidh an tAire le Rialacháin faoin alt seo, agus
(b) mura mbeidh, agus go dtí go mbeidh, cóip den deimhniú sin curtha ag an árachaí chuig an Aire nó go mbeidh curtha faoi deara aige an chóip sin a chur chuig an Aire.
(3) Má scoireann an polasaí árachais tráth ar bith, nó ar chúis ar bith, d'éifeacht a bheith leis, measfar air sin cúlghairm a bheith déanta ar aon cheadúnas nó údarú a deonaíodh faoi na hAchtanna maidir leis an aeradróm lena mbaineann an polasaí árachais.
(4) Ní dhéanfar aon cheadúnas nó údarú a dheonú faoi na hAchtanna i ndáil le haeradróm a oibriú in aon tréimhse nach mbeidh polasaí árachais maidir leis an aeradróm sin i bhfeidhm.
(5) San alt seo ciallaíonn “polasaí árachais” polasaí a árachaíonn an duine is úinéir nó áititheoir, de réir mar a bheidh, ar aeradróm, in aghaidh dliteanais i leith caillteanais agus damáiste a thrúigfear d'aon duine nó maoin ag an aeradróm sin, ar polasaí é a chomhlíonann cibé coinníollacha (más ann) a fhorordóidh an tAire le Rialacháin faoin alt seo.
(6) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh nuair a bheidh mí amháin caite tar éis dháta thosach feidhme an Achta seo.
Sealbhú airceadal contúirteach áirithe in aeradróim.
12.—(1) Baineann an t-alt seo leis na hairceadail seo a leanas, is é sin le rá—
(a) arm tine, nó aon airceadal a bhfuil cuma airm tine air, bíodh nó ná bíodh sé inscaoilte;
(b) pléascán, nó aon airceadal a bheidh déanta nó oiriúnaithe chun go mbeidh cuma pléascáin air, bíodh nó ná bíodh sé in ann éifeacht phraiticiúil a bheith leis trí phléascadh;
(c) aon airceadal atá marcáilte nó lipéadaithe ar shlí a thugann le fios gur pléascán é nó go bhfuil pléascán ann;
(d) aon airceadal nach dtagann faoi réim bhrí mhír (a), (b) nó (c) agus atá déanta nó oiriúnaithe lena úsáid chun díobháil a dhéanamh do dhuine nó chun duine a éagumasú, nó chun damáiste a dhéanamh do mhaoin nó chun í a dhíothú, nó a mbeartaíonn an duine ar ina sheilbh atá sé go n-úsáidfí amhlaidh é, cibé acu aige féin nó, de réir mar a bheidh, ag duine éigin eile.
(2) Ní dhéanfaidh duine, gan údarás dleathach (agus is faoi féin a bheidh sé é sin a chruthú) airceadal lena mbaineann an t-alt seo a bheith ina sheilbh aige, nó a thabhairt isteach nó a chur faoi deara é a thabhairt isteach—
(a) in aon chuid d'aeradróm, nó
(b) in aon suiteáil aerloingseoireachta nach cuid d'aeradróm í.
Treoracha ón Aire i ndáil le slándáil agus sábháilteacht aerárthaí.
13.—(1) Féadfaidh an tAire, aon uair is deimhin leis gur gá déanamh amhlaidh ar mhaithe le leasanna an Stáit nó an phobail, treoracha a thabhairt d'oibritheoir aon aerárthaigh (seachas aerárthach Stáit) maidir leis na caighdeáin slándála agus sábháilteachta nach mór a chomhlíonadh—
(a) cibé áit a bheidh an t-aerárthach, má tá an t-aerárthach cláraithe sa Stát, nó
(b) aon uair a bheidh an t-aerárthach sa Stát, nó ar eitilt isteach sa Stát nó amach as nó os a chionn, mura bhfuil an t-aerárthach cláraithe amhlaidh,
agus beidh sé de dhualgas ar gach oibritheoir den sórt sin déanamh de réir na dtreoracha sin.
(2) Féadfaidh treoir de bhun fho-alt (1) baint a bheith aici le haerárthach áirithe nó le haerárthaí d'aicme nó de thuairisc áirithe.
Dualgas oibritheora aerárthaigh tuairisciú don Aire.
14.—(1) Beidh sé de dhualgas ar gach oibritheoir aerárthaigh (seachas aerárthach Stáit) tuarascáil a thabhairt don Aire, i cibé foirm agus laistigh de cibé tréimhse ama agus ag cibé eatraimh a bheidh sonraithe ag an Aire i scríbhinn, maidir leis na bearta go léir a bheidh déanta aige d'fhonn déanamh de réir treorach ón Aire de bhun alt 13.
(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), beidh, i dtuarascáil chun an Aire faoin bhfo-alt sin, mionsonraí maidir leis na nithe seo a leanas—
(a) na bearta beachta a rinne an t-oibritheoir chun an treoir a chur i bhfeidhm, agus
(b) aon athruithe a rinneadh, nó a bheartaítear a dhéanamh, ar na caighdeáin slándála nó sábháilteachta a bheidh sonraithe sa treoir nó aon chaighdeáin den sórt sin ar scoireadh díobh nó a mbeartaítear scor díobh.
(3) Aon duine—
(a) a dhiúltóidh, nó a mhainneoidh gan chúis réasúnach, tuarascáil a thabhairt don Aire, nó
(b) a dhéanfaidh, in aon tuarascáil den sórt sin, ráiteas is eol dó a bheith bréagach i bponc ábhartha, nó
(c) a dhéanfaidh go meargánta, in aon tuarascáil den sórt sin, ráiteas atá bréagach i bponc ábhartha,
beidh sé ciontach i gcion.
Leathnú ar chumhacht an Aire chun clárú aerárthaigh a dhiúltú nó a chealú.
15.—(1) Aon chumhacht a thugtar don Aire, faoi na hAchtanna, chun clárú aerárthaigh a dhiúltú nó a chealú, áireofar inti an chumhacht chun clárú aerárthaigh a dhiúltú nó a chealú más dealraitheach dó nach gcomhlíonann an t-aerárthach sin aon cheanglais slándála nó sábháilteachta a bheidh sonraithe ag an Aire i dtreoir faoi alt 13, nó go bhfuil scortha ag an aerárthach sin de na ceanglais sin a chomhlíonadh.
(2) Aon uair a fheidhmeoidh an tAire an chumhacht a thugtar dó le fo-alt (1), glacfaidh an cealú ar chlárú an aerárthaigh éifeacht ón dáta ar a dtugann an tAire fógra i dtaobh an chealaithe d'oibritheoir an aerárthaigh nó ó cibé dáta is déanaí ná sin a shonróidh an tAire, ag féachaint do na himthosca go léir.
(3) Ar thosach feidhme an Achta seo, tabharfaidh an tAire fógra do gach úinéir agus gach oibritheoir de chuid gach aerárthaigh a bheidh cláraithe an tráth sin sa Stát, i dtaobh chumhachtaí an Aire faoin alt seo.
Coinneáil aerárthaigh nó a úsáid a shrianadh.
16.—(1) Féadfaidh an tAire, más gá sin ar mhaithe le leasanna an Stáit nó an phobail, a ordú go ndéanfar—
(a) aon aerárthach (seachas aerárthach Stáit) a bheidh cláraithe sa Stát, cibé áit a bheidh an t-aerárthach sin, nó
(b) aon aerárthach eile sa Stát,
a choinneáil nó a úsáid a shrianadh i cibé caoi a shonróidh sé, más é tuairim an Aire nach gcomhlíonann an t-aerárthach sin na caighdeáin slándála nó sábháilteachta a bheidh sonraithe aige i dtreoir faoi alt 13 nó nach gcomhlíonann oibriú an aerárthaigh sin cibé d'fhorálacha alt 17 is infheidhme maidir leis an aerárthach sin.
(2) Má choinnítear aerárthach nó má shriantar a úsáid de bhun fho-alt (1), leanfaidh an choinneáil nó an srianadh sin de bheith i bhfeidhm go ceann cibé tréimhse, agus beidh sé faoi réir cibé coinníollacha, is cuí leis an Aire (ag féachaint do na himthosca go léir) agus a shonróidh sé d'oibritheoir an aerárthaigh.
(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2), féadfar a cheangal, go háirithe, le coinníollacha a bheidh sonraithe faoin bhfo-alt sin—
(a) go ndéanfar iniúchadh agus cuardach ar an aerárthach lena mbaineann nó ar dhaoine nó maoin a bheidh le glacadh ar bord an aerárthaigh, nó
(b) go ndéanfar modhnú nó athrú ar an aerárthach nó ar aon ghaireas nó trealamh atá suiteáilte san aerárthach, nó
(c) go ndéanfar gaireas nó trealamh breise a shuiteáil san aerárthach.
Oibleagáid úinéirí nó oibritheoirí aerárthaigh i ndáil le dliteanas i leith caillteanais nó damáiste a thabhófar de bharr oibriú an aerárthaigh.
17.—(1) Féadfaidh an tAire a fhoráil le hordú nach mbeidh sé dleathach d'aon duine aerárthach (seachas aerárthach Stáit) a oibriú, nó a chur faoi deara nó a cheadú d'aon duine eile aerárthach den sórt sin a oibriú, sa Stát nó ar eitilt isteach sa Stát nó amach as nó os a chionn, mura rud é—
(a) go mbeidh i bhfeidhm, de réir fho-alt (2), polasaí árachais in aghaidh dliteanais a thabhófar i ndáil le haon oibriú den sórt sin den aerárthach, nó
(b) go bhféadfaidh úinéir nó, de réir mar a bheidh, oibritheoir an aerárthaigh a chruthú chun sástacht an Aire, de réir fho-alt (3), go dtig leis soláthar do dhliteanas a thabhófar i ndáil le haon oibriú den sórt sin,
i leith caillteanais nó damáiste
(i) d'aon duine nó d'aon mhaoin san aerárthach, nó
(ii) d'aon duine nó d'aon mhaoin ar thalamh nó ar uisce sa Stát, nó os cionn talún nó uisce sa Stát,
arb é an t-aerárthach ag eitilt, ag turgbháil nó ag tuirlingt dó is cúis nó is bun nó is cionchúis leis, nó
(iii) d'aon duine nó d'aon mhaoin ar thalamh nó ar uisce sa Stát arb é is cúis nó is bun nó is cionchúis leis aon duine, airceadal, ní nó rud do thitim nó do theacht anuas as an aerárthach ag eitilt, ag turgbháil nó ag tuirlingt dó.
(2) (a) Beidh polasaí árachais gan éifeacht chun críocha fho-alt (1)—
(i) mura mbeidh, agus go dtí go mbeidh, cibé coinníollacha a fhorordóidh an tAire le Rialacháin faoin alt seo comhlíonta aige, agus
(ii) mura mbeidh, agus go dtí go mbeidh, deimhniú i ndáil leis an bpolasaí árachais eisithe ag an árachóir don árachaí, agus é i cibé foirm, agus cibé mionsonraí ann, a fhorordóidh an tAire le Rialacháin faoin alt seo.
(b) Féadfaidh an tAire a cheangal go ndéanfar cóip den deimhniú árachais is gá faoi mhír (a) a thabhairt ar aird dó.
(3) Mura mbeidh polasaí árachais i bhfeidhm de réir fho-alt (2), is faoi threoir cibé critéir a fhorordóidh an tAire le Rialacháin faoin alt seo a chinnfear ábaltacht nó neamhábaltacht úinéir nó, de réir mar a bheidh, oibritheoir an aerárthaigh chun soláthar d'aon dliteanas a shonraítear i bhfo-alt (1).
(4) Gan dochar do ghinearáltacht fho-ailt (2) agus (3), féadfar, i Rialacháin faoin alt seo, foirmeacha éagsúla nó mionsonraí éagsúla nó coinníollacha éagsúla nó critéir éagsúla a fhorordú i ndáil le haicmí éagsúla aerárthaí nó i ndáil le haerárthaí den aicme chéanna in imthosca éagsúla.
(5) Féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agus iarmhartacha a bheith i Rialacháin faoin alt seo is dóigh leis an Aire is gá nó is inmhianaithe chun éifeacht a thabhairt don alt seo.
Aeradróim, aerárthaí, etc., a iniúchadh chun críocha na Coda seo.
18.—(1) D'fhonn a chumasú don Aire—
(a) a fháil amach an bhfuil aon chaighdeáin slándála nó sábháilteachta a bheidh sonraithe aige i ndáil le haeradróm nó aerárthach á gcomhlíonadh nó comhlíonta, agus
(b) a chinneadh ar chóir treoir faoin gCuid seo a thabhairt d'aon duine, agus
(c) a fháil amach an bhfuil aon treoir faoin gCuid seo á comhlíonadh, nó comhlíonta,
beidh an chumhacht ag duine údaraithe na nithe seo a leanas go léir, nó aon ní acu, a dhéanamh:—
(i) dul isteach in aon aeradróm agus an t-aeradróm, agus aon ghaireas, trealamh nó ní eile atá ann, a iniúchadh;
(ii) dul isteach in aon aerárthach ag aon aeradróm agus aon ghaireas, trealamh nó ní eile atá ann nó air a iniúchadh;
(iii) a cheangal ar oibritheoir an aeradróim nó, de réir mar a bheidh, an aerárthaigh lena mbaineann cibé faisnéis is dóigh leis an duine údaraithe a bheith riachtanach chun críocha an iniúchta dá dtagraítear i mír (i) nó (ii) a thabhairt don duine údaraithe laistigh de cibé tréimhse ama a shonróidh sé;
(iv) oibriú an aeradróim a shrianadh, nó aon aerárthach a choinneáil, le linn cibé tréimhse ama is gá chun go bhfeidhmeoidh sé a chumhachtaí faoin alt seo.
(2) Aon duine—
(a) a chuirfidh bac nó treampán ar dhuine údaraithe agus é ag feidhmiú a chumhachtaí faoin alt seo, nó
(b) a ionsóidh duine údaraithe agus é ag feidhmiú a chumhachtaí faoin alt seo, nó
(c) a dhiúltóidh, nó a mhainneoidh gan leithscéal réasúnach, faisnéis a bheidh ag teastáil ó dhuine údaraithe chun a chumhachtaí a fheidhmiú a thabhairt dó, nó
(d) a dhéanfaidh ráiteas le duine údaraithe ar ráiteas é is eol dó a bheith bréagach i bponc ábhartha, nó
(e) a dhéanfaidh, go meargánta, ráiteas le duine údaraithe ar ráiteas é atá bréagach i bponc ábhartha,
beidh an duine sin ciontach i gcion.
(3) San alt seo ciallaíonn “duine údaraithe”—
(a) aon duine, nó aon duine d'aicme daoine, a bheidh údaraithe i scríbhinn ag an Aire chun na cumhachtaí a thugtar do dhuine údaraithe faoin alt seo a fheidhmiú, nó
(b) comhalta den Gharda Síochána.
(4) Na cumhachtaí chun dul isteach in aerárthach a thugtar do dhuine údaraithe leis an alt seo, ní bheidh siad infheidhmithe ag an duine údaraithe sin i ndáil le haon aerárthach is aerárthach Stáit.
Sealbhú airceadal contúirteach áirithe in aerárthaí.
19.—(1) Baineann an t-alt seo leis na hairceadail seo a leanas, is é sin le rá—
(a) arm tine, nó aon airceadal a bhfuil cuma airm tine air, bíodh nó ná bíodh sé inscaoilte;
(b) pléascán, nó aon airceadal a bheidh déanta nó oiriúnaithe chun go mbeidh cuma pléascáin air, bíodh nó ná bíodh sé in ann éifeacht phraiticiúil a bheith leis trí phléascadh;
(c) aon airceadal atá marcáilte nó lipéadaithe ar shlí a thugann le fios gur pléascán é nó go bhfuil pléascán ann;
(d) aon airceadal nach dtagann faoi réim bhrí mhír (a), (b) nó (c) agus atá déanta nó oiriúnaithe lena úsáid chun díobháil a dhéanamh do dhuine nó chun duine a éagumasú, nó chun damáiste a dhéanamh do mhaoin nó chun í a dhíothú, nó a mbeartaíonn an duine ar ina sheilbh atá sé go n-úsáidfí amhlaidh é, cibé acu aige féin nó, de réir mar a bheidh, ag duine éigin eile.
(2) Ní dhéanfaidh duine, gan údarás dleathach (agus is faoi féin a bheidh sé é sin a chruthú) airceadal lena mbaineann an t-alt seo a bheith ina sheilbh aige, nó a thabhairt isteach nó a chur faoi deara é a thabhairt isteach—
(a) in aon aerárthach atá cláraithe sa Stát, cibé áit a bheidh an t-aerárthach sin, nó
(b) in aon aerárthach eile tráth a bheidh sé sa Stát nó ar eitilt os cionn an Stáit.
Slánaíocht in aghaidh imeachtaí.
20.—D'ainneoin aon ní a bheidh in aon chonradh, ní bheidh aon duine faoi dhliteanas in aon chaingean le haghaidh damáistí sa Stát i leith aon ní a dhéanann nó nach ndéanann an duine sin, nó a dhéanann nó nach ndéanann duine éigin eile thar a cheann, más i gcomhlíonadh treorach ón Aire faoin gCuid seo a dhéantar nó, de réir mar a bheidh, nach ndéantar, an ní sin.
Imeachtaí a éisteacht i ndáil leis an Aire d'fheidhmiú cumhachta faoin gCuid seo.
21.—In aon imeachtaí a bhaineann leis an Aire d'fheidhmiú aon chumhachta a thugtar dó leis an gCuid seo, féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ón Aire, más deimhin léi gur chóir déanamh amhlaidh ar mhaithe le dea-ord poiblí nó slándáil phoiblí, a ordú go ndéanfar na himeachtaí go léir, nó aon chuid díobh is dóigh leis an gCúirt is cuí, a éisteacht ar shlí seachas go poiblí.
An tAire do rialú aerárthaí, aeradróm, etc., fad a mhaireann éigeandáil.
22.—Féadfaidh an tAire, ar mhaithe leis an Stát nó leis an bpobal, treoracha a thabhairt, le linn aon éigeandála, maidir le húsáid, nó seilbh—
(a) aon aerárthaigh nó aeradróim, nó
(b) aon saoráidí ag aeradróm,
agus, maidir le gach treoir arna tabhairt ag an Aire faoin alt seo—
(i) leanfaidh sí de bheith i bhfeidhm go dtí go mbeidh deireadh leis an tréimhse a shonraítear inti nó go dtí go ndearbhóidh an tAire go bhfuil an éigeandáil lena mbaineann an treoir thart, cibé acu is luaithe, agus
(ii) déanfaidh an duine ar a mbeidh sí dírithe í a chomhlíonadh.
Srian le dumpáil i ngar d'aeradróim.
23.—(1) Más dóigh leis an Aire gur chóir déanamh amhlaidh chun sábháilteacht aerárthaí, nó loingseoireacht shábháilte éifeachtach aerárthaí, a áirithiú, féadfaidh sé le hordú, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Comhshaoil, toirmeasc a chur nó rialáil a dhéanamh ar aon talamh, is talamh atá i gcomharsanacht aeradróim nó atá faoi aer-rian, a úsáid mar charn fuílligh nó le haghaidh aon chríche eile ar dóigh di líon mór éan a tharraingt chuig an gceantar.
(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfar a cheangal go háirithe, le hordú faoin alt seo, go ndúnfar nó go modhnófar láithreach aon charn fuílligh atá i dtuairim an Aire—
(a) ina bhaol d'aerárthaí fad a fhanfaidh sé ar oscailt, nó
(b) á bhainistí ar shlí atá neamh-éifeachtúil nó contúirteach,
agus féadfaidh sé a fhoráil nach ndéanfar cibé aicmí fuílligh a bheidh sonraithe san ordú a dhumpáil sa charn fuílligh.
(3) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Comhshaoil, ordú faoin alt seo a chúlghairm nó a leasú.
Leasú ar alt 60 den Phríomh-Acht.
24.—Leasaítear leis seo alt 60 (a bhaineann le fiosrú i dtaobh tionóiscí) den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):
“(1A) San alt seo folaíonn ‘tionóisc’ aon teagmhas nó imthoisc ar dóigh dó a bheith ina bhagairt do shábháilteacht aerárthaigh nó do shábháilteacht aon duine.”.
Leasú ar alt 15 d'Acht 1950.
25.—Leasaítear leis seo alt 15 (a bhaineann le mínithe chun críocha Chuid V den Acht sin) d'Acht 1950, trí na leasuithe seo a leanas a dhéanamh i bhfo-alt (1)—
(a) an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “oifigeach údaraithe”:
“ciallaíonn an abairt ‘oifigeach údaraithe’ duine—
(a) is comhalta den Gharda Síochána, nó
(b) is duine ar bith, nó duine ar bith d'aicme daoine, a bheidh údaraithe i scríbhinn ag an Aire chun na cumhachtaí a fheidhmiú a thugtar d'oifigigh údaraithe le halt 20 den Acht seo;”,
agus
(b) an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “aeradróm Stáit”:
“ciallaíonn ‘aeradróm Stáit’ Aerfort Chorcaí, Aerfort Bhaile Átha Cliath nó Aerfort na Sionna, de réir mar is gá sa chás.”.
Leasú ar alt 16 d'Acht 1950.
26.—Leasaítear leis seo alt 16 (a bhaineann le fodhlíthe i ndáil le haeradróim Stáit) d'Acht 1950—
(a) trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (3) i ndiaidh mhír (d):
“(e) feiste doghluaisteachta a dhaingniú d'aon fheithicil a bheidh loctha go neamhdhleathach in aon áit fad a bheidh an fheithicil san áit sin nó in aon áit eile chuig a mbeidh sé aistrithe de réir na bhfodhlíthe,
(f) feithiclí a bheidh loctha go neamhdhleathach in aon áit a aistriú as, a stóráil agus a dhiúscairt.”,
agus
(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7):
“(8) Gach fodhlí a dhéanfar faoin alt seo ar thosach feidhme an Achta Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1988, nó dá éis, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an fodhlí a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an fhodhlí, beidh an fodhlí ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin bhfodhlí.”.
Feidhm a thabhairt d'ailt 16 go 20 d'Acht 1950 maidir le haeradróim nach aeradróim Stáit.
27.—Beidh feidhm ag ailt 16 go 20 d'Acht 1950 (arna leasú leis an Acht seo) maidir leis na haeradróim go léir sa Stát, bíodh nó ná bíodh na haeradróim sin ina n-aeradróim Stáit de réir bhrí alt 15 den Acht sin (arna leasú leis an Acht seo), agus is dá réir sin a fhorléireofar tagairtí sna hailt sin do “aeradróm Stáit”.
Méadú ar phionóis i leith cionta áirithe.
28.—(1) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi na hailt seo a leanas—
(a) alt 5 (4), 39 (2), 56 (1), 60 (4) nó 66 (3) den Phríomh-Acht, nó
(b) alt 13 (3) d'Acht 1946, nó
(c) alt 13 (arna leasú leis an Acht seo) den Acht Aerphoirt Neamhchustam, 1947, nó
(d) alt 13 (1), 13 (2), 14 (7), 16 (6), 17 (2) nó 21 d'Acht 1950, nó
(e) alt 15 den Acht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1973, nó
(f) alt 4 (7) den Acht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1975,
dlífear, in ionad an phionóis a forordaíodh leis an alt lena mbaineann,—
(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí, nó, de rogha na Cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó
(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £50,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná trí bliana, nó, de rogha na Cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.
(2) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi Airteagal 24 den Ordú Aerloingseoireachta (Aeradróim agus Amharc-Áisíní Talún), 1970 (I.R. Uimh. 291 de 1970) dlífear, in ionad an phionóis a forordaíodh leis an Airteagal sin,—
(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí, nó, de rogha na Cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó
(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £50,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná trí bliana, nó, de rogha na Cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.
(3) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi Rialachán 9 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Srian le hOibríochtaí Eitleán), 1984 (I.R. Uimh. 14 de 1984) dlífear, in ionad an phionóis a forordaíodh leis an Rialachán sin—
(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí, nó, de rogha na Cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó
(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £50,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná trí bliana, nó, de rogha na Cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.
(4) Beidh feidhm ag alt 13 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967, i ndáil le cion lena mbaineann fo-alt (1), (2) nó (3) ionann is dá ndéanfaí, in ionad na bpionós dá bhforáiltear i bhfo-alt (3) den alt sin, na pionóis dá bhforáiltear i bhfo-ailt (1), (2) agus (3) a shonrú ann, agus déanfar an tagairt i bhfo-alt (2) (a) den alt sin do na pionóis dá bhforáiltear san fho-alt sin (3) a fhorléiriú, agus beidh éifeacht léi, dá réir sin.
(5) I gcás cion lena mbaineann fo-alt (1), (2) nó (3) a bheith déanta ag comhlacht corpraithe agus go gcruthófar go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gur inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine (nó aon duine ag gníomhú thar a cheann) is stiúrthóir, bainisteoir nó rúnaí de chuid an chomhlachta sin, beidh an duine sin nó an duine a bhí ag gníomhú amhlaidh, de réir mar a bheidh, ciontach freisin sa chion.
(6) Féadfaidh an tAire ionchúiseamh achomair mar gheall ar chion faoi aon achtachán dá dtagraítear i bhfo-alt (1), (2) nó (3) a thionscnamh.
Cionta agus pionóis (Codanna II, IV agus V).
29.—(1) Aon duine a sháróidh alt 6, 7, 10, 11, 12, 13, 16, 17, 19, 22, 23 nó 32, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—
(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí, nó, de rogha na Cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó
(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £50,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná trí bliana, nó de rogha na Cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.
(2) Aon duine a chiontófar i gcion faoi alt 8, 14, 18, 33, 41, 42 nó 43, dlífear—
(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí, nó, de rogha na Cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó
(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £50,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná trí bliana, nó, de rogha na Cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.
(3) Beidh feidhm ag alt 13 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967, i ndáil le cion a shonraítear i bhfo-alt (1) nó (2) ionann is dá ndéanfaí, in ionad na bpionós dá bhforáiltear i bhfo-alt (3) den alt sin, na pionóis dá bhforáiltear i bhfo-ailt (1) agus (2) a shonrú ann, agus déanfar an tagairt i bhfo-alt (2) (a) den alt sin do na pionóis dá bhforáiltear san fho-alt sin (3) a fhorléiriú, agus beidh éifeacht léi, dá réir sin.
(4) I gcás cion a shonraítear i bhfo-alt (1) nó (2) a bheith déanta ag comhlacht corpraithe agus go gcruthófar go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gur inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine (nó aon duine ag gníomhú thar a cheann) is stiúrthóir, bainisteoir nó rúnaí de chuid an chomhlachta sin, beidh an duine sin nó an duine a bhí ag gníomhú amhlaidh, de réir mar a bheidh, ciontach freisin sa chion.
(5) Féadfaidh an tAire ionchúiseamh achomair mar gheall ar chion a shonraítear i bhfo-alt (1) nó (2) a thionscnamh.
Deontais nó íocaíochtaí eile Státchiste i ndáil le foirgniú, etc., aeradróm sa Stát.
30.—(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, cibé téarmaí agus coinníollacha maidir le haisíoc nó eile is dóigh leis a bheith réasúnta agus iomchuí, a chur ag gabháil le haon deontas nó íocaíocht eile as airgead a sholáthróidh an tOireachtas i ndáil le foirgniú aeradróim.
(2) Aon uair a shárófar téarma nó coinníoll a ghabhann le haon deontas nó íocaíocht eile dá dtagraíonn fo-alt (1), beidh an méid a bheidh le haisíoc ar scór an deontais nó na híocaíochta, de réir mar a bheidh, inaisíoctha air sin leis an Aire chun tairbhe don Státchiste d'ainneoin aon téarma nó coinníoll i ndáil le haisíoc a bhí ag gabháil leis nó léi, agus, mura ndéanfar aisíoc amhlaidh, féadfaidh an tAire an méid a bheidh gan aisíoc a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.
Leasú ar alt 8 d'Acht 1950.
31.—Leasaítear leis seo alt 8 (a bhaineann le dul isteach ar thalamh, etc. a thógfar go héigeantach faoin bPríomh-Acht sula ndéanfar tíolacas nó sula gcinnfear cúiteamh) d'Acht 1950 tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) d'fho-alt (3):
“(a) faoi réir mhír (b) den fho-alt seo, íocfaidh an tAire leis an duine is áititheoir ar an talamh sin nó is úinéir ar an gceart uisce sin, ús ar mhéid an chúitimh is iníoctha leis an duine sin, de réir cibé ráta a chinnfidh an tAire Airgeadais ó am go ham, ón dáta a feidhmíodh an chumhacht sin go dtí an dáta a n-íocfar an cúiteamh sin,”.
Aerárthaí a choinneáil agus a dhíol faoi chomhair muirear aeradróim nár íocadh.
32.—(1) Má mhainnítear muirir aeradróim a íoc a tabhaíodh i leith aon aerárthaigh, féadfaidh an tAire nó an t-údarás aeradróim lena mbaineann, de réir mar a bheidh, faoi réir fhorálacha an ailt seo—
(a) (i) an t-aerárthach ar tabhaíodh na muirir ina leith (bíodh nó ná bíodh siad tabhaithe ag an duine arb é oibritheoir an aerárthaigh é an tráth a thosaíonn an choinneáil), nó
(ii) aon aerárthach eile a mbeidh an duine a rinne mainneachtain ina oibritheoir air an tráth a thosaíonn an choinneáil,
a choinneáil go dtí go n-íocfar na muirir sin, agus
(b) mura n-íocfar na muirir laistigh de 56 lá ón dáta a thosaíonn an choinneáil, an t-aerárthach a dhíol chun íoc as na muirir.
(2) Ní dhéanfaidh an tAire nó an t-údarás aeradróim lena mbaineann, de réir mar a bheidh, aerárthach a choinneáil, nó leanúint dá choinneáil, faoin alt seo de bhíthin aon mhainneachtana líomhnaithe muirir aeradróim a íoc má dhíospóideann oibritheoir an aerárthaigh nó aon duine eile a éilíonn go bhfuil leas aige ann—
(a) go bhfuil na muirir, nó aon mhuirear acu, dlite, nó
(b) i gcás an t-aerárthach a bheith coinnithe faoi fho-alt (1) (a) (i), gur tabhaíodh na muirir áirithe i leith an aerárthaigh sin,
agus má thugann oibritheoir an aerárthaigh nó aon duine eile den sórt sin don Aire nó don údarás aeradróim, de réir mar a bheidh, go dtí go gcinnfear an díospóid, leordhóthain urrúis i leith íoc na muirear a líomhnaítear a bheith dlite.
(3) Ní dhéanfaidh an tAire nó an t-údarás aeradróim lena mbaineann, de réir mar a bheidh, aerárthach a dhíol faoin alt seo gan cead ón gCúirt agus ní thabharfaidh an Chúirt an cead sin mura suífear—
(a) go bhfuil suim dlite don Aire nó don údarás aeradróim sin, de réir mar a bheidh, i leith muirear aeradróim,
(b) gur mainníodh an tsuim sin a íoc, agus
(c) go ndlitear faoin alt seo, mar gheall ar an mainneachtain sin, an t-aerárthach a dhíol a bhfuil an tAire nó an t-údarás aeradróim sin, de réir mar a bheidh, ag iarraidh cead é a dhíol.
(4) Déanfaidh an tAire nó an t-údarás aeradróim, de réir mar a bheidh, a bheartaíonn iarratas a dhéanamh ar chead chun aerárthach a dhíol faoin alt seo, cibé bearta is indéanta—
(a) chun an t-iarratas beartaithe a chur ar a n-iúl do dhaoine a bhféadfadh cinneadh na Cúirte ar an iarratas sin difear a dhéanamh dá leasanna, agus
(b) chun deis a thabhairt d'aon duine den sórt sin bheith ina pháirtí sna himeachtaí ar an iarratas,
agus, má thugann an Chúirt cead chun an t-aerárthach a dhíol, áiritheoidh an tAire nó an t-údarás aeradróim, de réir mar a bheidh, go ndíolfar an t-aerárthach ar an bpraghas is fearr is féidir a fháil le réasún.
(5) Aon mhainneachtain ag an Aire nó ag an údarás aeradróim áirithe déanamh de réir aon cheanglais de chuid fho-alt (4) i leith aon díola, ní bheidh sí, cé go mbeidh sí inchaingne amhail i gcoinne an Aire nó an údaráis aeradróim áirithe sin ar agra aon duine a d'fhulaing caillteanas dá barr, ina foras, tar éis an díol a bheith déanta, le hamhras a chaitheamh ar bhailíocht an díola sin.
(6) Déanfar fáltais aon díola faoin alt seo a chur chun feidhme mar a leanas, agus san ord seo a leanas, is é sin le rá—
(a) chun íoc as aon dleacht (cibé acu dleacht chustam nó dleacht máil) nó aon cháin bhreisluacha is inmhuirearaithe ar earraí allmhairithe nó ar an aerárthach féin, ar dleacht nó cáin í a bheidh dlite de thoradh an t-aerárthach a thabhairt isteach sa Stát;
(b) chun íoc as na caiteachais a thabhaigh an tAire nó an t-údarás aeradróim áirithe, de réir mar a bheidh, ag coinneáil, ag coimeád agus ag díol an aerárthaigh (lena n-áirítear na caiteachais a bhain le haon iarratas chun na Cúirte faoi fho-alt (3));
(c) chun íoc as na muirir aeradróim a chinn an Chúirt a bheith dlite; agus
déanfar barrachas na bhfáltas sin, más ann dó, a íoc leis an duine nó leis na daoine, nó idir na daoine, ar baineadh a leasanna san aerárthach de nó díobh de bharr an díola.
(7) An chumhacht choinneála agus díola a thugtar leis an alt seo i leith aerárthaigh, bainfidh sí freisin le trealamh an aerárthaigh agus le haon stóir lena n-úsáid i ndáil le hoibriú an aerárthaigh (is trealamh agus stóir a iompraítear san aerárthach) cibé acu is leis an duine is oibritheoir ar an aerárthach an trealamh nó na stóir sin nó nach ea, agus aon tagairtí don aerárthach i bhfo-ailt (2) go (6) folaíonn siad, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, tagairtí d'aon trealamh agus stóir den sórt sin.
(8) An chumhacht choinneála a thugtar leis an alt seo i leith aerárthaigh, bainfidh sí freisin le haon doiciméid aerárthaigh a iompraítear san aerárthach, agus má dhíoltar an t-aerárthach faoin alt seo, féadfaidh an tAire nó an t-údarás aeradróim áirithe, de réir mar a bheidh, aon doiciméid den sórt sin a aistriú chuig ceannaitheoir an aerárthaigh.
(9) An chumhacht a thugtar leis an alt seo chun aerárthach, ar tabhaíodh muirir ina leith, a choinneáil, féadfar í a fheidhmiú an tráth a thabhaítear na muirir, nó aon tráth dá éis sin a mbeidh an t-aerárthach ar an aeradróm ar ar tabhaíodh na muirir sin, nó ar aon aeradróm eile atá ar úinéireacht nó á bhainistí ag an Aire nó ag an údarás aeradróim áirithe, de réir mar a bheidh.
(10) Ní dochar aon ní san alt seo d'aon cheart atá ag an Aire nó ag údarás aeradróim aon mhuirir, nó aon chuid de mhuirir, a ghnóthú trí chaingean.
(11) San alt seo—
ciallaíonn “údarás aeradróim”, i ndáil le haon aeradróm, an duine ar leis é nó is bainisteoir air;
ciallaíonn “muirir aeradróim” muirir is iníoctha leis an Aire nó le húdarás aeradróim as aeradróm, nó na seirbhísí a sholáthraítear ag aeradróm, a úsáid agus folaíonn sé, i ndáil leis an Aire, muirir is iníoctha i leith seirbhísí aerloingseoireachta de bhua Rialachán faoi alt 12 d'Acht 1963;
ciallaíonn “doiciméid aerárthaigh”, i ndáil le haon aerárthach, aon deimhniú clárúcháin, cothabhála nó aeracmhainneachta de chuid an aerárthaigh sin, aon logleabhar a bhaineann le húsáid an aerárthaigh sin nó a threalaimh agus aon doiciméad dá samhail, agus folaíonn sé aon taifead a cheanglaítear a dhéanamh de bhua Rialachán faoi alt 12 d'Acht 1963.
Cumhachtaí oifigeach údaraithe ag aeradróim.
33.—(1) Féadfaidh oifigeach údaraithe, ar mhaithe le hoibriú cuí aeradróim, nó le slándáil nó sábháilteacht aeradróim, nó le slándáil nó sábháilteacht daoine, aerárthaí nó maoine eile ar aeradróm, na nithe seo a leanas go léir nó aon ní acu a dhéanamh—
(a) aon duine nó feithicil ar aeradróm a stopadh, an duine nó an fheithicil a choinneáil go ceann cibé tréimhse ama is gá le réasún chun aon chumhacht dá chuid faoin alt seo a fheidhmiú, agus cuardach a dhéanamh ar an gcéanna;
(b) a cheangal ar aon duine ar aeradróm—
(i) a ainm agus a sheoladh a thabhairt agus fianaise eile ar a chéannacht a thabhairt ar aird;
(ii) a rá cén chúis go bhfuil sé ar an aeradróm;
(iii) cuntas a thabhairt ar aon bhagáiste nó maoin eile a bheidh ina sheilbh aige;
(c) a ordú d'aon duine
(i) a dhiúltóidh a ainm nó a sheoladh a thabhairt, nó fianaise eile ar a chéannacht a thabhairt ar aird, nó
(ii) a dhiúltóidh a rá cén chúis go bhfuil sé ar an aeradróm, nó
(iii) a dhiúltóidh cuntas a thabhairt ar aon bhagáiste nó maoin eile a bheidh ina sheilbh aige, nó
(iv) a thabharfaidh ainm nó seoladh, nó a thabharfaidh cúis le bheith ar an aeradróm, arb eol don oifigeach údaraithe, nó a bhfuil drochamhras réasúnach air, a leithéid a bheith bréagach nó cumtha, nó
(v) arb eol dó, nó a bhfuil drochamhras réasúnach air, nach bhfuil cúis dleathach aige le bheith ar an aeradróm,
imeacht as an aeradróm nó as aon chuid de, nó féadfaidh sé an duine sin a chur as an aeradróm nó as aon chuid de, nó féadfaidh sé an duine sin a ghabháil gan bharántas,
(d) aon duine a ghabháil gan bharántas, ar duine é—
(i) a ionsaíonn, nó a bhfuil drochamhras réasúnach air gur ionsaigh sé, duine eile ar aeradróm, nó
(ii) arb eol dó, nó a bhfuil drochamhras réasúnach air, gur sháraigh sé alt 12 nó 19, nó
(iii) arb eol dó, nó a bhfuil drochamhras réasúnach air, go bhfuil airceadal goidte ina sheilbh aige.
(2) I gcás go ndéanfaidh oifigeach údaraithe, nach comhalta den Gharda Síochána, duine a ghabháil faoin alt seo, déanfaidh sé, láithreach, an duine sin a thabhairt isteach i gcoimeád chomhalta den Gharda Síochána le go ndéileálfaí leis de réir an dlí.
(3) I gcás go ngabhfaidh oifigeach údaraithe duine de bhun na gcumhachtaí a thugtar dó le fo-alt (1) (d) (iii), féadfaidh sé seilbh a choinneáil ar aon airceadal is eol dó a bheith goidte, nó a bhfuil drochamhras réasúnach air go bhfuil sé goidte, go dtí go gcruthófar cibé acu ar goideadh nó nár goideadh é.
(4) Aon duine ar ordaigh oifigeach údaraithe dó imeacht as aeradróm nó as cuid d'aeradróm, nó ar chuir oifigeach údaraithe as aeradróm nó as cuid d'aeradróm é, ní dhéanfaidh sé, an lá céanna, gan cead ó oifigeach údaraithe, filleadh ar an aeradróm nó ar an gcuid den aeradróm ar ordaíodh dó imeacht as, nó ar cuireadh as é, de réir mar a bheidh.
(5) Aon duine a chuirfidh bac nó treampán ar oifigeach údaraithe agus é ag feidhmiú aon chumhachta a thugtar dó leis an alt seo, nó a mhainneoidh déanamh de réir aon cheanglais dleathaigh ó oifigeach údaraithe faoin alt seo, beidh sé ciontach i gcion.
(6) San alt seo, tá le “oifigeach údaraithe” an bhrí chéanna atá leis in alt 15 d'Acht 1950 (arna leasú leis an Acht seo).
CUID III
Forálacha i ndáil le Prótacail 1975 le Coinbhinsiún Vársá
Tosach feidhme Chuid III.
34.—Tiocfaidh an Chuid seo agus an Chéad Sceideal i ngníomh ar cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an Rialtas le hordú agus féadfar, de réir mar is gá sna himthosca, laethanta éagsúla a cheapadh i ndáil le gach ceann de Phrótacail 1975 le Coinbhinsiún Vársá.
Feidhm Chuid III.
35.—(1) Ní bheidh feidhm ag an gCuid seo ach amháin maidir le stáit ar páirtithe iad i bPrótacail 1975 le Coinbhinsiún Vársá.
(2) I gcás gur páirtí stát i gceann amháin nó níos mó de Phrótacail 1975 le Coinbhinsiún Vársá ach nach páirtí é sna Prótacail sin go léir, ní bheidh feidhm ag an gCuid seo maidir leis an stát sin ach amháin i ndáil leis an bPrótacal nó leis na Prótacail ar páirtí ann nó iontu an stát sin.
Feidhm dlí sa Stát a bheith ag Prótacail 1975 le Coinbhinsiún Vársá.
36.—(1) Beidh feidhm dlí sa Stát ag Prótacail 1975 le Coinbhinsiún Vársá (mar atá leagtha amach, faoi seach, i gCodanna I, II, III agus IV den Chéad Sceideal) agus beidh éifeacht dá réir sin le halt 18 (arna leasú le hAcht 1965 agus leis an Acht seo) den Phríomh-Acht agus leis an gCéad Sceideal (arna leasú le hAcht 1959) a ghabhann leis an bPríomh-Acht.
(2) Féadfaidh an tAire le hordú ó am go ham, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Gnóthaí Eachtracha, a dheimhniú cé hiad na stáit is páirtithe i bPrótacail 1975 le Coinbhinsiún Vársá nó, de réir mar a bheidh, in aon Phrótacal acu sin, nó féadfaidh sé a dheimhniú cad iad na críocha ar páirtithe na stáit sin maidir leo, agus cá mhéad a bhain na stáit sin leas as an gceart forchoimeádta dá bhforáiltear in Airteagal X den Phrótacal atá leagtha amach i gCuid II den Chéad Sceideal nó in Airteagal XI den Phrótacal atá leagtha amach i gCuid III den Sceideal sin nó in Airteagal XXI den Phrótacal atá leagtha amach i gCuid IV den Sceideal sin.
(3) Aon suim i gCearta Tarraingthe Speisialta a luaitear in Airteagal 22 den Chéad Sceideal (arna leasú le hAcht 1959) a ghabhann leis an bPríomh-Acht, arna leasú le hAirteagal II den Phrótacal atá leagtha amach i gCuid I den Chéad Sceideal, nó le hAirteagal II den Phrótacal atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal sin, nó le hAirteagal II nó III den Phrótacal atá leagtha amach i gCuid III den Sceideal sin nó le hAirteagal VII den Phrótacal atá leagtha amach i gCuid IV den Sceideal sin, de réir mar a bheidh, déanfar, chun críocha caingne i gcoinne an iompróra, í a chomhshó in airgead reatha an Stáit ar an lá a gcinnfidh an Chúirt méid aon damáistí a bheidh le híoc ag an iompróir agus—
(a) d'fhonn an méid sin a chomhshó ó Chearta Tarraingthe Speisialta isteach in airgead reatha an Stáit measfar gurb ionann Ceart Tarraingthe Speisialta amháin agus cibé suim in airgead reatha an Stáit a bheidh socraithe ag an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta mar choibhéis do Cheart Tarraingthe Speisialta amháin—
(i) don lá sin, nó
(ii) mura mbeidh suim socraithe amhlaidh don lá sin, don lá is déanaí roimh an lá sin dar socraíodh suim amhlaidh;
(b) aon deimhniú arna thabhairt ag an mBanc Ceannais nó thar a cheann á rá—
(i) gur socraíodh suim áirithe in airgead reatha an Stáit amhlaidh don lá ar ar chinn an Chúirt na damáistí, nó
(ii) nár socraíodh aon suim amhlaidh don lá sin agus gur socraíodh suim áirithe in airgead reatha an Stáit do lá arb é an lá is déanaí é dar socraíodh suim amhlaidh roimh an lá ar ar chinn an Chúirt na damáistí,
beidh sé ina fhianaise ar na nithe sin chun críocha an ailt seo, go dtí go gcruthófar a mhalairt;
(c) aon doiciméad a airbheartaíonn gur deimhniú den sórt sin é glacfar i bhfianaise é in aon imeachtaí agus measfar, mura gcruthófar a mhalairt, gur deimhniú den sórt sin é.
Leasuithe iarmhartacha ar an bPríomh-Acht agus ar Acht 1965.
37.—(1) Déanfar tagairtí in alt 20 (arna leasú le hAcht 1959 agus le hAcht 1965) den Phríomh-Acht don Chéad Sceideal (arna leasú le hAcht 1959) a ghabhann leis an Acht sin a fhorléiriú mar thagairtí, de réir mar is gá sa chás, don Sceideal sin arna leasú tuilleadh leis na Prótacail atá leagtha amach i gCodanna I, II, III agus IV, faoi seach, den Chéad Sceideal.
(2) Déanfar tagairtí in alt 3 d'Acht 1965, agus sa Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, do Choinbhinsiún Vársá a fhorléiriú mar thagairtí, de réir mar is gá sa chás, don Choinbhinsiún sin arna leasú leis na Prótacail atá leagtha amach i gCodanna I, II, III agus IV, faoi seach, den Chéad Sceideal.
CUID IV
Forálacha i ndáil le Prótacal 1984 le Coinbhinsiún Chicago
Tuirlingt éigeantach nó tascradh aerárthaí áirithe.
38.—(1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3), an chumhacht chun orduithe a dhéanamh d'fhonn Coinbhinsiún Chicago a chur i ngníomh, ar cumhacht í a thugtar don Aire le hailt 9, 10 agus 11 d'Acht 1946, measfar go bhfolaíonn sí cumhacht—
(a) chun a cheangal le hordú ar aon aerárthach tuirlingt ag cibé aeradróm a bheidh sonraithe san ordú, nó
(b) chun a shocrú, le hordú, go ndéanfar, de réir téarmaí an ordaithe, aon aerárthach a thascradh,
ar aerárthach é—
(i) atá ag eitilt gan údarás, nó ag féachaint le heitilt gan údarás, os cionn an Stáit, nó
(ii) a bhfuil forais réasúnacha ann lena chreidiúint i ndáil leis go bhfuil sé á úsáid chun críche ar bith atá ar neamhréir le Coinbhinsiún Chicago,
agus féadfar a shonrú in aon ordú den sórt sin cibé ceanglais eile is dóigh leis an Aire is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh aon aerárthach áirithe Coinbhinsiún Chicago.
(2) Na cumhachtaí breise a thugtar don Aire le fo-alt (1), ní fholóidh siad an chumhacht chun údarás a thabhairt airm a úsáid i gcoinne aerárthaigh agus é ar eitilt:
Ar choinníoll i gcónaí nach n-oibreoidh aon ní san fho-alt seo chun dochair don cheart bunúsach féinchosanta mar atá leagtha amach i gCairt na Náisiún Aontaithe.
(3) An tráth a chuirfear ar aon aerárthach tuirlingt nó an tráth a thascrófar é, de bhun ordú arna dhéanamh i bhfeidhmiú na gcumhachtaí breise a thugtar don Aire le fo-alt (1), ní chuirfear i mbaol saol na ndaoine ar bord an aerárthaigh lena mbaineann, ná sábháilteacht aerárthaigh eile agus na ndaoine ar bord an aerárthaigh sin:
Ar choinníoll i gcónaí nach dochar aon ní san fho-alt seo don cheart bunúsach féinchosanta mar atá leagtha amach i gCairt na Náisiún Aontaithe.
Leasú ar alt 12 d'Acht 1946.
39.—(1) Leasaítear leis seo alt 12 d'Acht 1946—
(a) trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (a) agus (b):
“(a) is dleathach d'oifigeach coimisiúnta d'Fhórsaí Cosanta an Stáit a chur faoi deara go dtabharfar cibé comhartha a bheidh forordaithe leis an ordú sin, agus
(b) más rud é, tar éis an comhartha sin a thabhairt, nach bhfreagróidh an t-aerárthach don chomhartha trí dhéanamh de réir na bhforálacha san ordú a fhorordaíonn an beart a bheidh le déanamh ar an gcomhartha sin a thabhairt, is dleathach don oifigeach sin an t-aerárthach a thascradh agus, faoi réir alt 38 (2) agus (3) den Acht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1988, aon ní agus gach ní eile atá ar a chumas a dhéanamh chun tabhairt ar an aerárthach déanamh de réir an chomhartha;”,
agus
(b) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c):
“(d) gach duine a chuirfidh bac nó treampán ar oifigeach coimisiúnta d'Fhórsaí Cosanta an Stáit, nó ar aon duine eile a bheidh ag gníomhú mar chabhair don oifigeach sin nó faoina threoir, agus é ag feidhmiú nó ag comhlíonadh aon cheann de na cumhachtaí nó na dualgais a thugtar dó leis an alt seo, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000, nó príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná dhá mhí dhéag, nó, de rogha na Cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.”.
(2) D'ainneoin aon ní in alt 12 d'Acht 1946, is dleathach d'oifigeach coimisiúnta d'Fhórsaí Cosanta an Stáit a chur faoi deara go dtabharfar cibé comhartha a bheidh forordaithe in aon ordú faoin alt sin a bheidh i bhfeidhm ar dháta thosach feidhme an ailt seo agus beidh feidhm dá réir sin ag na horduithe sin.
Déanamh de réir ordaithe tuirlingthe éigeantaí.
40.—(1) Maidir le píolóta nó ceannasaí gach aerárthaigh atá cláraithe sa Stát agus gach aerárthaigh a bheidh á oibriú ag duine ar sa Stát atá a phríomh-áit ghnó nó a chónaíonn go buan sa Stát, déanfaidh sé, cibé áit a mbeidh an t-aerárthach, de réir aon cheanglais in ordú arna dhéanamh ag an Aire, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí breise a thugtar dó le halt 38, chun a chur ar an aerárthach tuirlingt.
(2) Gach duine a sháróidh fo-alt (1) beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú ann, na pionóis a shonraítear in alt 13 (arna leasú leis an Acht seo) d'Acht 1946 a chur air amhail is dá mba shárú ar an alt sin an cion.
CUID V
Ilghnéitheach
Aerárthach a choinneáil.
41.—(1) Féadfaidh an tAire treoir a thabhairt go ndéanfar aon aerárthach (seachas aerárthach Stáit) a choinneáil faoi réir cibé coinníollacha, agus go ceann cibé tréimhse ama, a shonróidh sé d'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar—
(a) aon fhoráil den Phríomh-Acht, nó aon ionstraim arna déanamh faoi;
(b) Coinbhinsiún Chicago, nó aon ordú arna dhéanamh faoi Chuid II d'Acht 1946 (arna leasú leis an Acht seo), nó aon rialachán arna dhéanamh nó treoir arna tabhairt faoi aon ordú den sórt sin;
(c) forálacha an Choinbhinsiúin maidir le Comhoibriú um Shábháilteacht na hAerloingseoireachta a síníodh sa Bhruiséil an 13ú lá de Nollaig, 1960, nó aon ionstraim arna déanamh faoi Acht 1963; nó
(d) aon fhoráil d'Acht 1965, nó aon ionstraim arna déanamh nó treoir arna tabhairt faoin Acht sin.
(2) (a) I gcás go mbeidh treoir tugtha ag an Aire, de bhun fho-alt (1), go gcoinneofaí aerárthach, féadfaidh oifigeach údaraithe an t-aerárthach sin a choinneáil agus in aon chás den sórt sin cuirfidh sé an méid sin in iúl, a luaithe is féidir, don údarás seirbhísí aerthráchta iomchuí agus, i gcás nach oifigeach custam agus máil an t-oifigeach údaraithe, déanfaidh sé, a luaithe is féidir, é a chur in iúl don oifigeach iomchuí custam agus máil.
(b) D'fhonn a fheidhmeanna faoin bhfo-alt seo a fheidhmiú, beidh cumhacht ag oifigeach údaraithe chun dul isteach ar aon aeradróm, agus chun dul isteach in aon aerárthach a gheobhaidh sé ar an aeradróm agus iniúchadh a dhéanamh air.
(3) Má thurgbhálann aerárthach nó má fhéachann sé le turgbháil, gan cead roimh ré ó oifigeach údaraithe, tar éis fógra nó ordú chun an t-aerárthach a choinneáil a bheith seirbheáilte ar an bpíolóta i gceannas, nó fad a bheidh an t-aerárthach á choinneáil de bhun treorach ón Aire faoi fho-alt (1), beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas, is é sin le rá:—
(a) beidh an píolóta i gceannas, mar aon le húinéir nó oibritheoir (i gcás nach é an t-úinéir é) an aerárthaigh, agus aon duine a chuireann faoi deara don aerárthach turgbháil nó féachaint le turgbháil, ciontach araon i gcion;
(b) má bhíonn oifigeach údaraithe, agus é ag feidhmiú a dhualgais, ar bord an aerárthaigh sin agus é ag turgbháil amhlaidh, beidh an píolóta i gceannas, mar aon le húinéir nó oibritheoir (i gcás nach é an t-úinéir é) an aerárthaigh sin ciontach araon i gcion, agus dlífear díobh freisin na caiteachais go léir a ghabh nó a bhain leis an oifigeach sin a bheith tógtha amhlaidh ar an aerárthach sin, a íoc leis an Aire.
(4) Más rud é, maidir le duine a chúiseofar i gcion faoin alt seo, nach é an píolóta é a bhí i gceannas an aerárthaigh a líomhnaítear an cion sin a bheith déanta ina leith, is cosaint mhaith í don duine sin a chruthú nach raibh sé, an tráth a líomhnaítear go ndearnadh an cion, páirteach nó ionpháirteach i dturgbháil an aerárthaigh sin nó san iarracht déanamh amhlaidh.
(5) Féadfaidh an tAire aon chaiteachais is iníoctha leis faoi fho-alt (3) (b) a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí i gcúirt dlínse inniúla.
(6) Is oifigeach údaraithe chun críocha an ailt seo gach duine díobh seo a leanas, is é sin le rá:—
(a) oifigeach coimisiúnta d'Fhórsaí Cosanta an Stáit;
(b) oifigeach don Aire;
(c) oifigeach custam agus máil;
(d) aon duine a bheidh údaraithe chuige sin ag an Aire.
(7) I gcás go mbeidh aerárthach le coinneáil de bhun fho-alt (1), diúltóidh oifigeach custam agus máil, agus i gcás go bhféadfar aerárthach a choinneáil de bhun an fho-ailt sin, féadfaidh sé a dhiúltú, imréiteach amach nó transire a dheonú i leith an aerárthaigh sin.
(8) Ní chuirfear seirbhísí aerthráchta ar fáil d'aon aerárthach d'fhonn sárú a dhéanamh ar threoir chun an t-aerárthach sin a choinneáil de bhun fho-alt (1).
(9) San alt seo, folaíonn “seirbhísí aerthráchta” na seirbhísí seo a leanas, is é sin le rá, seirbhís eolais eitiltí, seirbhís airdill, seirbhís chomhairleach aerthráchta, seirbhís rialaithe aerthráchta, seirbhís rialaithe limistéir, seirbhís rialaithe tárrachtana agus seirbhís rialaithe aeradróim.
(10) Beidh feidhm ag fo-ailt (2) (a) agus (3) go (9) freisin maidir le haon aerárthach a choinneofar faoi alt 16, 18 nó 32.
Oifigeach údaraithe nó duine údaraithe a phearsanú.
42.—Aon duine a thugann le fios go bréagach gur oifigeach údaraithe nó duine údaraithe é beidh sé ciontach i gcion.
Aláraim bhréagacha.
43.—Gach duine a thabharfaidh go feasach, nó a chuirfidh faoi deara go dtabharfar go feasach, aláram bréagach a chuireann isteach ar oibriú aon aerárthaigh, aeradróim nó suiteála aerloingseoireachta, beidh sé ciontach i gcion.
Cumhachtaí an Rialtais faoi Achtanna áirithe a aistriú chuig an Aire.
44.—(1) Na cumhachtaí a thugtar don Rialtas—
(a) le halt 17 (a bhaineann le feidhm dlí a bheith ag Coinbhinsiún Vársá i Saorstát Éireann) den Phríomh-Acht, nó
(b) le halt 7 (a bhaineann le feidhm dlí sa Stát a bheith ag Prótacal 1955 le Coinbhinsiún Vársá) d'Acht 1959, nó
(c) le halt 2 (a bhaineann le feidhm dlí sa Stát a bheith ag Coinbhinsiún Guadalajara) d'Acht 1965,
déantar leis seo iad a aistriú chuig an Aire.
(2) Sula bhfeidhmeoidh sé aon cheann de na cumhachtaí dá dtagraítear i bhfo-alt (1), rachaidh an tAire i gcomhairle leis an Aire Gnóthaí Eachtracha.
Feidhmeanna áirithe a aistriú chuig an Aire.
45.—(1) Na feidhmeanna faoin Acht Aerphoirt Neamhchustam, 1947, a dhílsítear don Aire Cumarsáide faoi réim nó de bhua an Achta Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1983, déantar leis seo iad a aistriú chuig an Aire agus déanfar an tAcht Aerphoirt Neamhchustam, 1947, sin a fhorléiriú, agus beidh éifeacht leis, dá réir sin.
(2) Na feidhmeanna faoin Acht Saorphort, 1986, i ndáil le bunú, bainisteoireacht agus rialú saorphoirt ag aeradróm nó tadhlach leis, agus le daoine a cheadúnú chun aon trádáil, gnó nó monarú a sheoladh laistigh d'aon saorphort den sórt sin, ar feidhmeanna iad a dhílsítear d'Aire na Mara faoi réim nó de bhua an Ordaithe Cumarsáide (Riarachán Roinne agus Feidhmeanna Aire a Aistriú) 1987 (I.R. Uimh. 91 de 1987), déantar leis seo iad a aistriú chuig an Aire agus déanfar an tAcht Saorphort, 1986, sin a fhorléiriú, agus beidh éifeacht leis, dá réir sin.
(3) Déantar leis seo an riarachán agus an gnó a bhaineann le comhlíonadh aon fheidhmeanna a aistrítear le fo-alt (1) nó (2) a aistriú chuig an Roinn Turasóireachta agus Iompair.
(4) (a) Aon tagairtí don Aire Cumarsáide nó don Roinn Cumarsáide in aon reacht nó ionstraim reachtúil déanfar, a mhéid a bhaineann sí le haon fheidhm a aistrítear le fo-alt (1), iad a fhorléiriú mar thagairtí don Aire nó don Roinn Turasóireachta agus Iompair, de réir mar is gá sa chás.
(b) Aon tagairtí d'Aire na Mara nó do Roinn na Mara in aon reacht nó ionstraim reachtúil déanfar, a mhéid a bhaineann sí le haon fheidhm a aistrítear le fo-alt (2), iad a fhorléiriú mar thagairtí don Aire nó don Roinn Turasóireachta agus Iompair, de réir mar is gá sa chás.
(5) San alt seo—
folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí, dualgais agus oibleagáidí agus aon tagairt do chomhlíonadh feidhme folaíonn sí, maidir le cumhachtaí, dualgais agus oibleagáidí, tagairt d'fheidhmiú na gcumhachtaí agus do chomhall na ndualgas agus na n-oibleagáidí;
tá le “ionstraim reachtúil” an bhrí a shanntar dó leis an Acht Léiriúcháin, 1937.
Leasú ar alt 18 den Phríomh-Acht.
46.—Leasaítear leis seo alt 18 (a cuireadh isteach le hAcht 1965) den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) i bhfo-alt (1):
“(b) Le linn aon ghaol a bheith á rianú chun críocha an ailt seo—
(i) déanfar an gaol atá idir gach duine agus a athair agus a mháthair a chinneadh de réir alt 3 den Acht um Stádas Leanaí, 1987, agus is dá réir sin a chinnfear gach gaol eile;
(ii) measfar gur tuismitheoir duine eile duine atá in loco parentis don duine eile sin.”
Leasú ar ailt 55 agus 56 (4) den Phríomh-Acht.
47.—(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 55 (a bhaineann le srianta le caingne le haghaidh damáistí mar gheall ar fhoghail nó núis ag aerárthaí):
“55. Ní bheidh aon ábhar caingne ann maidir le foghail nó maidir le núis mura mbeidh de chúis leis ach aerárthach d'eitilt os cionn aon mhaoine ar airde atá réasúnta ag féachaint don ghaoth, don aimsir agus d'imthosca uile an cháis, nó mura mbeidh de chúis leis ach gnáththeagmhais na heitilte, fad a chomhlíonfar go cuí na forálacha in aon ordú arna dhéanamh faoi Chuid II den Acht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1946, chun éifeacht a thabhairt do Choinbhinsiún Chicago nó chun forlíonadh a dhéanamh ar an gCoinbhinsiún sin.”
(2) Leasaítear leis seo alt 56 (a bhaineann leis an bpionós maidir le heitilt dhainséarach) den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):
“(4) Na forálacha den alt seo is forálacha iad de bhreis, agus ní de mhaolú, ar aon ordú arna dhéanamh faoi Chuid II den Acht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1946, chun éifeacht a thabhairt do Choinbhinsiún Chicago nó chun forlíonadh a dhéanamh ar an gCoinbhinsiún sin.”
Leasú ar alt 2 den Acht Fost-Cheannaigh, 1946.
48.—Leasaítear leis seo alt 2 den Acht Fost-Cheannaigh, 1946 (a bhaineann le feidhm an Achta)—
(a) trí “nó” a chur isteach i ndiaidh “chomhaltaí,” i mír (b), agus
(b) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):
“(c) comhaontú i ndáil le haerárthaí nó le páirteanna breise d'aerárthaí,”.
Leasú ar an Acht Aerphoirt Neamhchustam, 1947.
49.—Leasaítear leis seo an tAcht Aerphoirt Neamhchustam, 1947, tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 13 (arna leasú leis an Acht Aerfoirt Neamhchustam (Leasú), 1958):
“13. (1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, Rialacháin a dhéanamh i ndáil le bainisteoireacht agus rialú an aerfoirt:
Ar choinníoll, maidir le cumhacht an Aire chun Rialacháin a dhéanamh faoin alt seo, nach mbeidh feidhm aici maidir le Rialacháin a dhéanamh á cheadú aon trádáil, gnó nó monarú a sheoladh laistigh den aerfort.
(2) Féadfaidh aon Aire den Rialtas seachas an tAire nó an tAire Airgeadais Rialacháin a dhéanamh, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, ag tabhairt feidhme, fara nó d'éagmais modhnuithe, maidir leis an aerfort, d'aon dlí a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire agus a bheidh á riaradh ag an Aire a dhéanann an Rialachán, ar dlí é a mbeadh feidhm aige maidir leis an aerfort murach alt 4 den Acht seo.
(3) Aon duine a sháróidh aon Rialachán faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion.”.
Leasú ar alt d'Acht 1965.
50.—Leasaítear leis seo alt 7 (a bhaineann leis an gcumhacht chun oibriú aersheirbhísí a údarú le hordú) d'Acht 1965 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5):
“(6) (a) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a fhoráil in aon ordú faoin alt seo go n-íocfar táillí an tráth a dheonófar údarú chun aersheirbhís a oibriú faoin alt seo agus féadfaidh sé, leis an toiliú sin a dúradh, méid na dtáillí a fhorordú (lena n-áirítear méideanna éagsúla i leith údaruithe i ndáil le hearnálacha éagsúla aersheirbhísí agus i ndáil le haersheirbhísí a bhí ina n-ábhair d'údaruithe faoin alt seo roimhe sin).
(b) Déanfar na táillí go léir a gheofar faoin bhfo-alt seo a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé caoi a ordóidh an tAire Airgeadais.
(c) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le haon táillí is iníoctha faoin bhfo-alt seo.”.
Leasú ar ailt 3 agus 5 den Acht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1975.
51.—Leasaítear leis seo an tAcht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1975—
(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) d'alt 3:
“(1) Beidh duine ciontach i gcion má dhéanann sé go neamhdhleathach agus d'aonghnó in áit ar bith—
(a) aon ghníomh foréigin ar bord aerárthaigh agus é ar eitilt, ar gníomh é is cosúil a chuirfeadh sábháilteacht an aerárthaigh i mbaol,
(b) aerárthach ar seirbhís a scriosadh nó é a dhamáistiú ar dhóigh a chuirfeadh ó chumas eitilte é nó a chuirfeadh a shábháilteacht i mbaol agus é ar eitilt,
(c) aon fheiste nó substaint a chur, nó a chur faoi deara í a chur, ar aerárthach ar seirbhís, is cosúil a scriosfadh an t-aerárthach nó a dhamáisteodh é ar dhóigh a chuirfeadh ó chumas eitilte é nó a chuirfeadh a shábháilteacht i mbaol agus é ar eitilt,
(d) aon saoráid aerloingseoireachta a scriosadh nó a dhamáistiú, nó cur isteach ar a hoibriú, más cosúil don ghníomh sin sábháilteacht aerárthaí agus iad ar eitilt a chur i mbaol,
(e) aon fhaisnéis a pháirtiú is eol dó a bheith bréagach má chuireann páirtiú na faisnéise, nó más cosúil go gcuirfeadh sé, sábháilteacht aerárthaigh i mbaol agus é ar eitilt,
(f) (i) aon ghníomh foréigin i gcoinne duine
(I) ag aeradróm sa Stát (seachas aeradróm atá faoi rialú an Aire Cosanta), nó
(II) ag aeradróm lasmuigh den Stát a fhreastalaíonn ar eitlíocht shibhialta idirnáisiúnta,
atá, nó is cosúil a bheadh, ina thrúig bháis nó díobhála tromaí, nó
(ii) na saoráidí ag aon aeradróm dá dtagraítear i bhfomhír (i) den mhír seo (seachas aeradróm atá faoi rialú an Aire Cosanta) a scriosadh nó a mhór-dhamáistiú nó seirbhísí an aeradróim sin a chur trí chéile nó aon aerárthach nach bhfuil ar seirbhís agus atá suite ar an aeradróm sin a scriosadh nó a mhór-dhamáistiú,
má chuireann, nó más dóigh go gcuirfidh, gníomh den sórt sin sábháilteacht i mbaol ag an aeradróm sin.”,
agus
(b) tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 5:
“Feidhm an Achta um Eiseachadadh, 1965, maidir le daoine a ghabhfar faoin Acht seo | 5.—(1) Aon duine a ghabhfar faoi alt 4 (1) den Acht seo measfar— |
(a) más i stát lena mbaineann Cuid II d'Acht 1965 atá an t-aerárthach iomchuí cláraithe, nó más i stát lena mbaineann an Chuid sin den Acht sin atá an t-aeradróm iomchuí, agus (i gcás duine is saoránach d'Éirinn) nach bhfuil eiseachadadh an duine sin toirmiscthe le halt 14 den Acht sin, é a bheith gafa de bhun barántais a eisíodh faoi alt 27 den Acht sin, agus | |
(b) más in áit lena mbaineann Cuid III den Acht sin atá an t-aerárthach iomchuí cláraithe, nó más in áit lena mbaineann an Chuid sin den Acht sin atá an t-aeradróm iomchuí, é a bheith gafa de bhun barántais a eisíodh faoi alt 49 den Acht sin. | |
(2) Ní bheidh feidhm ag alt 15 d'Acht 1965 i ndáil le heiseachadadh duine lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo.”. |
Leasú ar alt 3 den Acht Aeriompair, 1986.
52.—Leasaítear leis seo an tAcht Aeriompair, 1986—
(a) trí “ceithre lá dhéag nó cibé tréimhse is giorra ná sin a fhorordóidh an tAire le hordú faoin bhfo-alt seo” a chur in ionad “lá is fiche” in alt 3 (2),
agus
(b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2) d'alt 3:
“(2A) Féadfaidh an tAire le hordú ordú faoi fho-alt (2) den alt seo a leasú nó a chúlghairm.
(2B) Gach ordú a dhéanfaidh an tAire faoi fho-alt (2) nó (2A) den alt seo foilseofar é san Iris Oifigiúil agus leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.”.
Aisghairm.
53.—Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Dara Sceideal a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún.
AN CHÉAD SCEIDEAL
Prótacail 1975 le Coinbhinsiún Vársá
CUID I
PRÓTACAL BREISE UIMH. 1 MHONTREAL, 1975
Prótacal Breise Uimh. 1 do Leasú an Choinbhinsiúin um Aontú Rialacha Áirithe maidir le hIompar Idirnáisiúnta d'Aer a Síníodh i Vársá an 12 Deireadh Fómhair 1929.
Tá na Rialtais Thíos-Sínithe
De Bhrí gurb inmhianaithe leo go leasófaí an Coinbhinsiún um Aontú Rialacha Áirithe maidir le hIompar Idirnáisiúnta d'Aer a síníodh i Vársá an 12 Deireadh Fómhair 1929,
Tar Éis Comhaontú mar a leanas:
Caibidil I Leasuithe ar an gCoinbhinsiún
Airteagal I
Is é an Coinbhinsiún a mhodhnaítear le forálacha na Caibidle seo Coinbhinsiún Vársá, 1929.
Airteagal II
Scriosfar Airteagal 22 den Choinbhinsiún agus cuirfear an méid seo a leanas ina ionad:
“Airteagal 22
1. In iompar paisinéirí tá 8,300 Cearta Tarraingthe Speisialta de theorainn le dliteanas an iompróra i leith gach paisinéara. Más rud é gur féidir, de réir dlí na cúirte ar os a comhair a bheidh an cás, damáistí a dhámhachtain i bhfoirm íocaíochtaí tréimhsiúla, ní mó ná an teorainn sin comhluach caipitiúil na n-íocaíochtaí sin. Ach mar sin féin, féadfaidh an t-iompróir agus an paisinéir, trí chonradh speisialta, comhaontú go mbeidh teorainn níos airde ná sin leis an dliteanas.
2. In iompar bagáiste chláraithe agus luchta, tá 17 Cearta Tarraingthe Speisialta an cileagram de theorainn le dliteanas an iompróra mura mbeidh an coinsíneoir tar éis dearbhú speisialta a dhéanamh, an tráth ar tugadh an pacáiste don iompróir, ag dearbhú leasa sa seachadadh ag ceann scríbe agus tar éis suim fhorlíontach a íoc más gá sin. Sa chás sin dlífidh an t-iompróir suim nach mó ná an tsuim dhearbhaithe a íoc, mura gcruthóidh sé gur mó an tsuim sin ná leas iarbhír an choinsíneora sa seachadadh ag ceann scríbe.
3. Maidir le nithe a ghlacfaidh an paisinéir faoina chúram féin, tá 332 Cearta Tarraingthe Speisialta de theorainn le dliteanas an iompróra i leith gach paisinéara.
4. Na suimeanna a luaitear i dtéarmaí an Chirt Tarraingthe Speisialta san Airteagal seo measfar go dtagraíonn siad don Cheart Tarraingthe Speisialta mar a shainmhíníonn an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta é. I gcás imeachtaí breithiúnais, déanfar na suimeanna a chomhshó in airgeadraí náisiúnta de réir luach na n-airgeadraí sin i dtéarmaí an Chirt Tarraingthe Speisialta ar dháta an bhreithiúnais. Déanfar an luach, i dtéarmaí an Chirt Tarraingthe Speisialta, atá le hairgeadra náisiúnta Ardpháirtí Chonarthaigh is Ball den Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta a ríomh de réir an mhodha luachála a chuireann an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta i bhfeidhm, agus a bheidh in éifeacht ar dháta an bhreithiúnais, maidir lena oibríochtaí agus lena idirbhearta. Déanfar an luach, i dtéarmaí an Chirt Tarraingthe Speisialta, atá le hairgeadra náisiúnta Ardpháirtí Chonarthaigh nach Ball den Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta a ríomh i slí a chinnfidh an tArdpháirtí Conarthach sin.
Ach mar sin féin, na Stáit sin nach Baill den Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus nach gceadaítear dóibh, faoina ndlí, forálacha mhíreanna 1, 2 agus 3 d'Airteagal 22 a chur i bhfeidhm, féadfaidh siad, tráth daingniúcháin nó aontachais nó aon tráth dá éis sin, a dhearbhú go bhfuil an teorainn le dliteanas an iompróra in imeachtaí breithiúnais ina gcuid críocha, socraithe ag suim 125,000 aonad airgeadaíochta in aghaidh gach paisinéara i leith mhír 1 d'Airteagal 22; 250 aonad airgeadaíochta an cileagram i leith mhír 2 d'Airteagal 22; agus 5,000 aonad airgeadaíochta in aghaidh gach paisinéara i leith mhír 3 d'Airteagal 22. Is ionann an t-aonad airgeadaíochta sin agus seasca a cúig go leith milleagram óir d'fhíneáltacht naoi gcéad as an míle. Féadfar na suimeanna sin a chomhshó san airgeadra náisiúnta iomchuí i bhfigiúirí is iolraithe ar dheich. Déanfar na suimeanna sin a chomhshó in airgeadra náisiúnta de réir dhlí an Stáit lena mbaineann.”
Caibidil II Raon Feidhme an Choinbhinsiúin arna Leasú
Airteagal III
Beidh feidhm ag Coinbhinsiún Vársá, arna leasú leis an bPrótacal seo, maidir le hiompar idirnáisiúnta mar a mhínítear sin in Airteagal 1 den Choinbhinsiún ar choinníoll gur i gcríocha dhá Pháirtí sa Phrótacal seo, nó laistigh de chríoch aon Pháirtí amháin sa Phrótacal seo agus áit stoptha chomhaontaithe i gcríoch Stáit eile, atá an áit fágála agus an ceann scríbe dá dtagraítear san Airteagal sin.
Caibidil III Clásail Chríochnaitheacha
Airteagal IV
Amhail idir na Páirtithe sa Phrótacal seo, léifear agus léireofar an Coinbhinsiún agus an Prótacal le chéile mar aon ionstraim amháin agus Coinbhinsiún Vársá arna leasú le Prótacal Breise Uimh. 1 Mhontreal 1975, a ghairfear den chéanna.
Airteagal V
Go dtí an dáta a dtiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm de réir fhorálacha Airteagal VII, fanfaidh sé ar oscailt chun a shínithe ag aon Stát.
Airteagal VI
1. Beidh an Prótacal seo faoi réir a dhaingnithe ag na Stáit sínitheacha.
2. Má dhaingníonn aon Stát, nach Páirtí i gCoinbhinsiún Vársá, an Prótacal seo beidh d'éifeacht leis sin aontú don Choinbhinsiún arna leasú leis an bPrótacal seo.
3. Taiscfear na hionstraimí daingniúcháin le Rialtas Phoblacht Phobal na Polainne.
Airteagal VII
1. A luaithe a bheidh tríocha Stát sínitheach tar éis a n-ionstraimí ag daingniú an Phrótacail seo a thaisceadh, tiocfaidh sé i bhfeidhm eatarthu ar an nóchadú lá tar éis an tríochadú ionstraim daingniúcháin a thaisceadh. Gach Stát a dhaingneoidh ina dhiaidh sin é, tiocfaidh sé i bhfeidhm ina leith ar an nóchadú lá tar éis don Stát sin a ionstraim daingniúcháin a thaisceadh.
2. A luaithe a thiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm, déanfaidh Rialtas Phoblacht Phobal na Polainne é a chlárú leis na Náisiúin Aontaithe.
Airteagal VIII
1. Tar éis don Phrótacal seo teacht i bhfeidhm beidh sé ar oscailt chun aon Stát neamhshínitheach d'aontú dó.
2. Má aontaíonn aon Stát, nach Páirtí sa Choinbhinsiún, don Phrótacal seo beidh d'éifeacht leis sin aontú don Choinbhinsiún arna leasú leis an bPrótacal seo.
3. Cuirfear aontachas i gcrích trí ionstraim aontachais a thaisceadh le Rialtas Phoblacht Phobal na Polainne agus tiocfaidh sé in éifeacht ar an nóchadú lá tar éis an taiscthe.
Airteagal IX
1. Féadfaidh aon Pháirtí sa Phrótacal seo an Prótacal a shéanadh trí fhógra a dhíreofar chuig Rialtas Phoblacht Phobal na Polainne.
2. Tiocfaidh séanadh in éifeacht sé mhí tar éis do Rialtas Phoblacht Phobal na Polainne an fógra séanta a fháil.
3. Amhail idir na Páirtithe sa Phrótacal seo, má shéanann aon cheann acu an Coinbhinsiún de réir Airteagal 39 de, ní fhorléireofar an séanadh sin ar chaoi ar bith mar shéanadh ar an gCoinbhinsiún arna leasú leis an bPrótacal seo.
Airteagal X
Ní fhéadfar aon fhorchoimeád a dhéanamh maidir leis an bPrótacal seo.
Airteagal XI
Tabharfaidh Rialtas Phoblacht Phobal na Polainne scéala go pras do na Stáit uile is Páirtithe i gCoinbhinsiún Vársá nó sa Choinbhinsiún sin arna leasú, do na Stáit uile a shínigh an Prótacal seo nó a d'aontaigh dó, agus don Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta, i dtaobh dáta gach sínithe, dáta taiscthe gach ionstraime daingniúcháin nó aontachais, an dáta a dtiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm agus faisnéis iomchuí eile.
Airteagal XII
Amhail idir na Páirtithe sa Phrótacal seo is Páirtithe freisin sa Choinbhinsiún, i bhForlíonadh ar Choinbhinsiún Vársá, um Aontú Rialacha Áirithe maidir le hIompar Idirnáisiúnta d'Aer a Dhéanfaidh Duine Seachas an tIompróir Conarthach, arna shíniú i Guadalajara an 18 Meán Fómhair, 1961 (dá ngairtear “Coinbhinsiún Guadalajara” anseo ina dhiaidh seo), aon tagairt do “Coinbhinsiún Warsaw” i gCoinbhinsiún Guadalajara folóidh sé tagairt do Choinbhinsiún Vársá arna leasú le Prótacal Breise Uimh. 1 Mhontreal, 1975, i gcásanna ina mbeidh an t-iompar faoin gcomhaontú dá dtagraítear in Airteagal I, mír (b) de Choinbhinsiún Guadalajara faoi rialú ag an bPrótacal seo.
Airteagal XIII
Fanfaidh an Prótacal seo ar oscailt chun a shínithe go dtí an 1 Eanáir 1976 i gCeanncheathrú na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta agus, dá éis sin, go dtí go dtiocfaidh sé i bhfeidhm de réir Airteagal VII, ag Oifig Aire Gnóthaí Eachtracha Phoblacht Phobal na Polainne. Tabharfaidh an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta scéala go pras do Rialtas Phoblacht Phobal na Polainne i dtaobh aon síniú a dhéanfar, agus an dáta a dhéanfar é, le linn an ama a mbeidh an Prótacal ar oscailt chun a shínithe i gCeanncheathrú na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta.
Dá Fhianú Sin chuir na Lánchumhachtaigh thíos-sínithe, agus iad údaraithe go cuí, a lámh leis an bPrótacal seo.
Arna Dhéanamh i Montreal an cúigiú lá is fiche de mhí Mheán Fómhair na bliana Míle Naoi gCéad Seachtó a Cúig i gceithre théacs fhíordheimhneacha i mBéarla, i bhFraincis, i Rúisis agus i Spáinnis. I gcás aon neamhréire, is ag an téacs i bhFraincis, an teanga inar tarraingíodh suas Coinbhinsiún Vársá dar dháta 12 Deireadh Fómhair, 1929, a bheidh an forlámhas.
(Sínithe thar ceann Stát áirithe anseo thíos.)
CUID II
PRÓTACAL BREISE UIMH. 2 MHONTREAL, 1975
Prótacal Breise Uimh. 2 do Leasú an Choinbhinsiúin um Aontú Rialacha Áirithe maidir le hIompar Idirnáisiúnta d'Aer a Síníodh i Vársá an 12 Deireadh Fómhair 1929 arna Leasú leis an bPrótacal a Rinneadh sa Háig an 28 Meán Fómhair 1955.
Tá na Rialtais Thíos-Sínithe
De Bhrí gurb inmhianaithe leo go leasófaí an Coinbhinsiún um Aontú Rialacha Áirithe maidir le hIompar Idirnáisiúnta d'Aer a síníodh i Vársá an 12 Deireadh Fómhair 1929 arna leasú leis an bPrótacal a rinneadh sa Háig an 28 Meán Fómhair 1955,
Tar Éis Comhaontú mar a leanas:
Caibidil I Leasuithe ar an gCoinbhinsiún
Airteagal I
Is é an Coinbhinsiún a mhodhnaítear le forálacha na Caibidle seo Coinbhinsiún Vársá arna leasú sa Háig i 1955.
Airteagal II
Scriosfar Airteagal 22 den Choinbhinsiún agus cuirfear an méid seo a leanas ina ionad:
“Airteagal 22
1. In iompar daoine tá 16,600 Cearta Tarraingthe Speisialta de theorainn le dliteanas an iompróra i leith gach paisinéara. Más rud é gur féidir, de réir dlí na cúirte ar os a comhair a bheidh an cás, damáistí a dhámhachtain i bhfoirm íocaíochtaí tréimhsiúla, ní mó ná an teorainn sin comhluach caipitiúil na n-íocaíochtaí sin. Ach mar sin féin, féadfaidh an t-iompróir agus an paisinéir, trí chonradh speisialta, comhaontú go mbeidh teorainn níos airde ná sin leis an dliteanas.
2. (a) In iompar bagáiste chláraithe agus luchta, tá 17 Cearta Tarraingthe Speisialta an cileagram de theorainn le dliteanas an iompróra mura mbeidh an paisinéir nó an coinsíneoir tar éis dearbhú speisialta a dhéanamh, an tráth ar tugadh an pacáiste don iompróir, ag dearbhú leasa sa seachadadh ag ceann scríbe agus tar éis suim fhorlíontach a íoc más gá sin. Sa chás sin dlífidh an t-iompróir suim nach mó ná an tsuim dhearbhaithe a íoc, mura gcruthóidh sé gur mó an tsuim sin ná leas iarbhír an phaisinéara nó an choinsíneora sa seachadadh ag ceann scríbe.
(b) Má chailltear, má dhamáistítear nó má mhoillítear cuid de bhagáiste cláraithe nó de lucht, nó aon ní a bheidh ann, is é an meáchan a chuirfear san áireamh, nuair a bheifear ag cinneadh an méid a bheidh de theorainn le dliteanas an iompróra, meáchan iomlán, agus meáchan iomlán amháin, an phacáiste nó na bpacáistí a bheidh i gceist. Mar sin féin, i gcás go ndéanfaidh cailliúint, damáistiú nó moilliú chuid den bhagáiste cláraithe nó den lucht, nó aon ní a bheidh ann, difear do luach pacáistí eile a bheidh ar áireamh sa duillín bagáiste céanna nó sa bhille aeriompair céanna, déanfar meáchan iomlán an phacáiste nó na bpacáistí sin a chur san áireamh freisin nuair a bheifear ag cinneadh na teorann le dliteanas.
3. Maidir le nithe a ghlacfaidh an paisinéir faoina chúram féin, tá 332 Cearta Tarraingthe Speisialta de theorainn le dliteanas an iompróra i leith gach paisinéara.
4. Ní choiscfidh na teorainneacha a fhorordaítear san Airteagal seo an chúirt ó mhéid iomlán, nó ó chuid de mhéid iomlán, na gcostas cúirte agus na gcaiteachas eile dlíthíochta a thabhóidh an gearánaí a dhámhachtain ina theannta sin, de réir a dlí féin. Ní bheidh feidhm ag an bhforáil sin roimhe seo mura mó méid na ndamáistí a dhámhfar, gan costais chúirte agus caiteachais eile dlíthíochta a áireamh, ná an tsuim a thairg an t-iompróir i scríbhinn don ghearánaí laistigh de thréimhse sé mhí ó dháta an teagmhais ba chúis leis an damáiste, nó roimh an gcaingean a thosú, más déanaí sin.
5. Na suimeanna a luaitear i dtéarmaí an Chirt Tarraingthe Speisialta san Airteagal seo measfar go dtagraíonn siad don Cheart Tarraingthe Speisialta mar a shainmhíníonn an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta é. I gcás imeachtaí breithiúnais, déanfar na suimeanna a chomhshó in airgeadraí náisiúnta de réir luach na n-airgeadraí sin i dtéarmaí an Chirt Tarraingthe Speisialta ar dháta an bhreithiúnais. Déanfar an luach, i dtéarmaí an Chirt Tarraingthe Speisialta, atá le hairgeadra náisiúnta Ardpháirtí Chonarthaigh is Ball den Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta a ríomh de réir an mhodha luachála a chuireann an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta i bhfeidhm, agus a bheidh in éifeacht ar dháta an breithiúnais, maidir lena oibríochtaí agus lena idirbhearta. Déanfar an luach, i dtéarmaí an Chirt Tarraingthe Speisialta, atá le hairgeadra náisiúnta Ardpháirtí Chonarthaigh nach Ball den Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta a ríomh i slí a chinnfidh an tArdpháirtí Conarthach sin.
Ach mar sin féin, na Stáit sin nach Baill den Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus nach gceadaítear dóibh, faoina ndlí, forálacha mhíreanna 1, 2 (a) agus 3 d'Airteagal 22 a chur i bhfeidhm, féadfaidh siad, tráth daingniúcháin nó aontachais nó aon tráth dá éis sin, a dhearbhú go bhfuil an teorainn le dliteanas an iompróra in imeachtaí breithiúnais ina gcuid críocha, socraithe ag suim 250,000 aonad airgeadaíochta in aghaidh gach paisinéara i leith mhír 1 d'Airteagal 22; 250 aonad airgeadaíochta an cileagram i leith mhír 2 (a) d'Airteagal 22; agus 5,000 aonad airgeadaíochta in aghaidh gach paisinéara i leith mhír 3 d'Airteagal 22. Is ionann an t-aonad airgeadaíochta sin agus seasca a cúig go leith milleagram óir d'fhíneáltacht naoi gcéad as an míle. Féadfar na suimeanna sin a chomhshó san airgeadra náisiúnta iomchuí i bhfigiúirí is iolraithe ar dheich. Déanfar na suimeanna sin a chomhshó in airgeadra náisiúnta de réir dhlí an Stáit lena mbaineann.”
Caibidil II Raon Feidhme an Choinbhinsiúin arna Leasú
Airteagal III
Beidh feidhm ag Coinbhinsiún Vársá, arna leasú sa Háig i 1955 agus leis an bPrótacal seo, maidir le hiompar idirnáisiúnta mar a mhínítear sin in Airteagal 1 den Choinbhinsiún ar choinníoll gur i gcríocha dhá Pháirtí sa Phrótacal seo, nó laistigh de chríoch aon Pháirtí amháin sa Phrótacal seo agus áit stoptha chomhaontaithe i gcríoch Stáit eile, atá an áit fágála agus an ceann scríbe dá dtagraítear san Airteagal sin.
Caibidil III Clásail Chríochnaitheacha
Airteagal IV
Amhail idir na Páirtithe sa Phrótacal seo, léifear agus léireofar Coinbhinsiún Vársá arna leasú sa Háig i 1955 agus an Prótacal seo le chéile mar aon ionstraim amháin agus Coinbhinsiún Vársá arna leasú sa Háig, 1955, agus le Prótacal Breise Uimh. 2 Mhontreal, 1975, a ghairfear den chéanna.
Airteagal V
Go dtí an dáta a dtiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm de réir fhorálacha Airteagal VII, fanfaidh sé ar oscailt chun a shínithe ag aon Stát.
Airteagal VI
1. Beidh an Prótacal seo faoi réir a dhaingnithe ag na Stáit sínitheacha.
2. Má dhéanann aon Stát, nach Páirtí i gCoinbhinsiún Vársá nó aon Stát nach Páirtí i gCoinbhinsiún Vársá arna leasú sa Háig, 1955, an Prótacal seo a dhaingniú, beidh d'éifeacht leis sin aontú do Choinbhinsiún Vársá arna leasú sa Háig, 1955, agus le Prótacal Breise Uimh. 2 Mhontreal, 1975.
3. Taiscfear na hionstraimí daingniúcháin le Rialtas Phoblacht Phobal na Polainne.
Airteagal VII
1. A luaithe a bheidh tríocha Stát sínitheach tar éis a n-ionstraimí ag daingniú an Phrótacail seo a thaisceadh, tiocfaidh sé i bhfeidhm eatarthu ar an nóchadú lá tar éis an tríochadú ionstraim daingniúcháin a thaisceadh. Gach Stát a dhaingneoidh ina dhiaidh sin é, tiocfaidh sé i bhfeidhm ina leith ar an nóchadú lá tar éis don Stát sin a ionstraim daingniúcháin a thaisceadh.
2. A luaithe a thiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm, déanfaidh Rialtas Phoblacht Phobal na Polainne é a chlárú leis na Náisiúin Aontaithe.
Airteagal VIII
1. Tar éis don Phrótacal seo teacht i bhfeidhm beidh sé ar oscailt chun aon Stát neamhshínitheach d'aontú dó.
2. Má dhéanann aon Stát nach Páirtí i gCoinbhinsiún Vársá nó aon Stát nach Páirtí i gCoinbhinsiún Vársá arna leasú sa Háig, 1955, aontú don Phrótacal seo, beidh d'éifeacht leis sin aontú do Choinbhinsiún Vársá arna leasú sa Háig, 1955, agus le Prótacal Breise Uimh. 2 Mhontreal, 1975.
3. Cuirfear aontachas i gcrích trí ionstraim aontachais a thaisceadh le Rialtas Phoblacht Phobal na Polainne agus tiocfaidh sé in éifeacht ar an nóchadú lá tar éis an taiscthe.
Airteagal IX
1. Féadfaidh aon Pháirtí sa Phrótacal seo an Prótacal a shéanadh trí fhógra a dhíreofar chuig Rialtas Phoblacht Phobal na Polainne.
2. Tiocfaidh séanadh in éifeacht sé mhí tar éis do Rialtas Phoblacht Phobal na Polainne an fógra séanta a fháil.
3. Amhail idir na Páirtithe sa Phrótacal seo, má shéanann aon cheann acu Coinbhinsiún Vársá de réir Airteagal 39 de, nó Prótacal na Háige de réir Airteagal XXIV de, ní fhorléireofar an séanadh sin ar chaoi ar bith mar shéanadh ar Choinbhinsiún Vársá arna leasú sa Háig, 1955, agus le Prótacal Breise Uimh. 2 Mhontreal, 1975.
Airteagal X
Ní fhéadfar aon fhorchoimeád a dhéanamh maidir leis an bPrótacal seo ach amháin go bhféadfaidh Stát a dhearbhú tráth ar bith, trí fhógra a dhíreofar chuig Rialtas Phoblacht Phobal na Polainne, nach mbeidh feidhm an an gCoinbhinsiún, arna leasú leis an bPrótacal seo, maidir le daoine, lucht agus bagáiste a iompar dá údaráis mhíleata ar aerárthaí a bheidh cláraithe sa Stát sin agus a mbeidh a dtoilleadh uile curtha in áirithe ag na húdaráis sin nó thar a gceann.
Airteagal XI
Tabharfaidh Rialtas Phoblacht Phobal na Polainne scéala go pras do na Stáit uile is Páirtithe i gCoinbhinsiún Vársá nó sa Choinbhinsiún sin arna leasú, do na Stáit uile a shínigh an Prótacal seo nó a d'aontaigh dó, agus don Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta, i dtaobh dáta gach sínithe, dáta taiscthe gach ionstraime daingniúcháin nó aontachais, an dáta a dtiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm agus faisnéis iomchuí eile.
Airteagal XII
Amhail idir na Páirtithe sa Phrótacal seo is Páirtithe freisin sa Choinbhinsiún, i bhForlíonadh ar Choinbhinsiún Vársá, um Aontú Rialacha Áirithe maidir le hIompar Idirnáisiúnta d'Aer a Dhéanfaidh Duine Seachas an tIompróir Conarthach, arna shíniú i Guadalajara an 18 Meán Fómhair 1961 (dá ngairtear “Coinbhinsiún Guadalajara” anseo ina dhiaidh seo), aon tagairt do “Coinbhinsiún Warsaw” i gCoinbhinsiún Guadalajara folóidh sé tagairt do Choinbhinsiún Vársá arna leasú sa Háig, 1955, agus le Prótacal Breise Uimh. 2 Mhontreal, 1975, i gcásanna ina mbeidh an t-iompar faoin gcomhaontú dá dtagraítear in Airteagal I, mír (b) de Choinbhinsiún Guadalajara faoi rialú ag an bPrótacal seo.
Airteagal XIII
Fanfaidh an Prótacal seo ar oscailt chun a shínithe go dtí an l Eanáir 1976 i gCeanncheathrú na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta agus, dá éis sin, go dtí go dtiocfaidh sé i bhfeidhm de réir Airteagal VII, ag Oifig Aire Gnóthaí Eachtracha Phoblacht Phobal na Polainne. Tabharfaidh an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta scéala go pras do Rialtas Phoblacht Phobal na Polainne i dtaobh aon síniú a dhéanfar, agus an dáta a dhéanfar é, le linn an ama a mbeidh an Prótacal ar oscailt chun a shínithe i gCeanncheathrú na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta.
Dá Fhianú sin chuir na Lánchumhachtaigh thíos-sínithe, agus iad údaraithe go cuí, a lámh leis an bPrótacal seo.
Arna Dhéanamh i Montreal an cúigiú lá is fiche de mhí Mheán Fómhair na bliana Míle Naoi gCéad Seachtó a Cúig i gceithre théacs fhíordheimhneacha i mBéarla, i bhFraincis, i Rúisis agus i Spáinnis. I gcás aon neamhréire, is ag an téacs i bhFraincis, an teanga inar tarraingíodh suas Coinbhinsiún Vársá dar dháta 12 Deireadh Fómhair 1929, a bheidh an forlámhas.
(Sínithe thar ceann Stát áirithe anseo thíos.)
CUID III
PRÓTACAL BREISE UIMH. 3 MHONTREAL, 1975
Prótacal Breise Uimh. 3 do Leasú an Choinbhinsiúin um Aontú Rialacha Áirithe maidir le hIompar Idirnáisiúnta d'Aer a Síníodh i Vársá an 12 Deireadh Fómhair 1929 arna leasú leis na Prótacail a Rinneadh sa Háig an 28 Meán Fómhair 1955 agus i gCathair Ghuatamala an 8 Márta 1971.
Tá na Rialtais Thíos-Sínithe
De Bhrí gurb inmhianaithe leo go leasófaí an Coinbhinsiún um Aontú Rialacha Áirithe maidir le hIompar Idirnáisiúnta d'Aer a síníodh i Vársá an 12 Deireadh Fómhair 1929 arna leasú leis na Prótacail a rinneadh sa Háig an 28 Meán Fómhair 1955, agus i gCathair Ghuatamala an 8 Márta 1971,
Tar Éis Comhaontú mar a Leanas:
Caibidil I Leasuithe ar an gCoinbhinsiún
Airteagal I
Is é an Coinbhinsiún a mhodhnaítear le forálacha na Caibidle seo Coinbhinsiún Vársá arna leasú sa Háig i 1955, agus i gCathair Ghuatamala i 1971.
Airteagal II
Scriosfar Airteagal 22 den Choinbhinsiún agus cuirfear an méid seo a leanas ina ionad:
“Airteagal 22
1. (a) In iompar daoine tá 100,000 Cearta Tarraingthe Speisialta de theorainn le dliteanas an iompróra maidir le comhiomlán na n-éileamh, is cuma cén bunús a bheidh leo, i leith damáiste a fulaingíodh de bharr bhás nó dhíobháil phearsanta gach paisinéara. Más rud é gur féidir, de réir dlí na cúirte ar os a comhair a bheidh an cás, damáistí a dhámhachtain i bhfoirm íocaíochtaí tréimhsiúla, ní mó ná 100,000 Cearta Tarraingthe Speisialta comhluach caipitiúil na n-íocaíochtaí sin.
(b) I gcás go moillítear iompar daoine, tá 4,150 Cearta Tarraingthe Speisialta de theorainn le dliteanas an iompróra i leith gach paisinéara.
(c) In iompar bagáiste tá 1,000 Cearta Tarraingthe Speisialta de theorainn le dliteanas an iompróra i leith gach paisinéara maidir le díothú, caillteanas, damáiste nó moill.
2. (a) In iompar luchta, tá 17 Cearta Tarraingthe Speisialta an cileagram de theorainn le dliteanas an iompróra mura mbeidh an coinsíneoir tar éis dearbhú speisialta a dhéanamh, an tráth ar tugadh an pacáiste don iompróir, ag dearbhú leasa sa seachadadh ag ceann scríbe agus tar éis suim fhorlíontach a íoc más gá sin. Sa chás sin dlífidh an t-iompróir suim nach mó ná an tsuim dhearbhaithe a íoc, mura gcruthóidh sé gur mó an tsuim sin ná leas iarbhír an choinsíneora sa seachadadh ag ceann scríbe.
(b) Má chailltear, má dhamáistítear nó má mhoillítear cuid den lucht, nó aon ní a bheidh ann, is é an meáchan a chuirfear san áireamh, nuair a bheifear ag cinneadh an méid a bheidh de theorainn le dliteanas an iompróra, meáchan iomlán, agus meáchan iomlán amháin, an phacáiste nó na bpacáistí a bheidh i gceist. Mar sin féin, i gcás go ndéanfaidh cailliúint, damáistiú nó moilliú chuid den lucht, nó aon ní a bheidh ann, difear do luach pacáistí eile a bheidh ar áireamh sa bhille aeriompair céanna, déanfar meáchan iomlán an phacáiste nó na bpacáistí sin a chur san áireamh freisin nuair a bheifear ag cinneadh na teorann le dliteanas.
3. (a) Na cúirteanna de na hArdpháirtithe Conarthacha nach n-údaraítear dóibh, faoina ndlí, costais na caingne, lena n-áirítear táillí dlíodóirí, a dhámhachtain beidh an chumhacht acu, i gcaingne lena mbaineann an Coinbhinsiún seo, costais uile, nó cuid de chostais, na caingne, lena n-áirítear táillí dlíodóirí, is réasúnach leis an gcúirt a dhámhachtain, dá rogha féin, don éilitheoir.
(b) Ní dhéanfar costais na caingne, lena n-áirítear táillí dlíodóirí, a dhámhachtain de réir fhomhír (a) ach amháin i gcás ina dtabharfaidh an t-éilitheoir fógra i scríbhinn don iompróir i dtaobh an méid a bheidh á éileamh lena n-áirítear sonraí faoin gcaoi inar ríomhadh an méid sin agus i gcás nach ndéanfaidh an t-iompróir, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis dó an fógra sin a fháil, tairiscint socraíochta i scríbhinn de mhéid a bheidh comhionann, ar a laghad, leis an gcúiteamh a dámhadh faoi réir na teorann is infheidhme. Déanfar an tréimhse sin a fhadú go dtí an tráth a thosófar an chaingean, más déanai sin.
(c) Ní dhéanfar costais na caingne, lena n-áirítear táillí dlíodóirí, a chur i gcuntas le linn na dteorainneacha faoin Airteagal seo a chur chun feidhme.
4. Na suimeanna a luaitear i dtéarmaí an Chirt Tarraingthe Speisialta san Airteagal seo agus in Airteagal 42 measfar go dtagraíonn siad don Cheart Tarraingthe Speisialta mar a shainmhíníonn an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta é. I gcás imeachtaí breithiúnais, déanfar na suimeanna a chomhshó in airgeadraí náisiúnta de réir luach na n-airgeadraí sin i dtéarmaí an Chirt Tarraingthe Speisialta ar dháta an bhreithiúnais. Déanfar an luach, i dtéarmaí an Chirt Tarraingthe Speisialta, atá le hairgeadra náisiúnta Ardpháirtí Chonarthaigh is Ball den Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta a ríomh de réir an mhodha luachála a chuireann an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta i bhfeidhm, agus a bheidh in éifeacht ar dháta an bhreithiúnais, maidir lena oibríochtaí agus lena idirbhearta. Déanfar an luach, i dtéarmaí an Chirt Tarraingthe Speisialta, atá le hairgeadra náisiúnta Ardpháirtí Chonarthaigh nach Ball den Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta a ríomh i slí a chinnfidh an tArdpháirtí Conarthach sin.
Ach mar sin féin, na Stáit sin nach Baill den Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus nach gceadaítear dóibh, faoina ndlí, forálacha mhíreanna 1 agus 2 (a) d'Airteagal 22 a chur i bhfeidhm, féadfaidh siad, tráth daingniúcháin nó aontachais nó aon tráth dá éis sin, a dhearbhú go bhfuil an teorainn le dliteanas an iompróra in imeachtaí breithiúnais ina gcuid críocha, socraithe ag suim 1,500,000 aonad airgeadaíochta in aghaidh gach paisinéara i leith mhír 1 (a) d'Airteagal 22; 62,500 aonad airgeadaíochta in aghaidh gach paisinéara i leith mhír 1 (b) d'Airteagal 22; 15,000 aonad airgeadaíochta in aghaidh gach paisinéara i leith mhír 1 (c) d'Airteagal 22; agus 250 aonad airgeadaíochta an cileagram i leith mhír 2 (a) d'Airteagal 22. Féadfaidh Stát a chuirfidh forálacha na míre seo i bhfeidhm a dhearbhú freisin gur suim 187,500 aonad airgeadaíochta an tsuim dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 d'Airteagal 42. Is ionann an t-aonad airgeadaíochta sin agus seasca a cúig go leith milleagram óir d'fhíneáltacht naoi gcéad as an míle. Féadfar na suimeanna sin a chomhshó san airgeadra náisiúnta iomchuí i bhfigiúirí is iolraithe ar dheich. Déanfar na suimeanna sin a chomhshó in airgeadra náisiúnta de réir dhlí an Stáit lena mbaineann.”
Airteagal III
In Airteagal 42 den Choinbhinsiún—
scriosfar míreanna 2 agus 3 agus cuirfear an méid seo a leanas ina n-ionad:
“2. Ag gach ceann de na Comhdhálacha a luaitear i mír 1 den Airteagal seo ní mhéadófar de mhéid is mó ná 12,500 Cearta Tarraingthe Speisialta an teorainn le dliteanas in Airteagal 22, mír 1 (a) a bheidh i bhfeidhm ag dátaí na gComhdhálacha sin faoi seach.
3. Faoi réir mhír 2 den Airteagal seo, mura rud é, roimh an aonú lá is tríocha de mhí na Nollag den chúigiú agus den deichiú bliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Phrótacail dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, go gcinnfidh na Comhdhálacha réamhráite ar a mhalairt le vóta tromlaigh dhá thrian de na Páirtithe a bheidh i láthair agus a vótálfaidh, déanfar, ar na dátaí sin, an teorainn le dliteanas in Airteagal 22, mír 1 (a) a bheidh i bhfeidhm ag dátaí na gComhdhálacha sin faoi seach a mhéadú de 12,500 Cearta Tarraingthe Speisialta.”
Caibidil II Raon Feidhme an Choinbhinsiúin arna Leasú
Airteagal IV
Beidh feidhm ag Coinbhinsiún Vársá, arna leasú sa Háig i 1955 agus i gCathair Ghuatamala i 1971 agus leis an bPrótacal seo, maidir le hiompar idirnáisiúnta mar a mhínítear sin in Airteagal 1 den Choinbhinsiún, ar choinníoll gur i gcríocha dhá Pháirtí sa Phrótacal seo, nó laistigh de chríoch Pháirtí amháin sa Phrótacal seo agus áit stoptha chomhaontaithe i gcríoch Stáit eile, atá an áit fágála agus an ceann scríbe dá dtagraítear san Airteagal sin.
Caibidil III Clásail Chríochnaitheacha
Airteagal V
Amhail idir na Páirtithe sa Phrótacal seo, léifear agus léireofar Coinbhinsiún Vársá arna leasú sa Háig i 1955 agus i gCathair Ghuatamala i 1971, agus an Prótacal seo, le chéile mar aon ionstraim amháin agus Coinbhinsiún Vársá arna leasú sa Háig, 1955, i gCathair Ghuatamala, 1971, agus le Prótacal Breise Uimh. 3 Mhontreal, 1975, a ghairfear den chéanna.
Airteagal VI
Go dtí an dáta a dtiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm de réir fhorálacha Airteagal VIII, fanfaidh sé ar oscailt chun a shínithe ag aon Stát.
Airteagal VII
1. Beidh an Prótacal seo faoi réir a dhaingnithe ag na Stáit sínitheacha.
2. Má dhaingníonn aon Stát nach Páirtí i gCoinbhinsiún Vársá nó aon Stát nach Páirtí i gCoinbhinsiún Vársá arna leasú sa Háig, 1955, nó aon Stát nach Páirtí i gCoinbhinsiún Vársá arna leasú sa Háig, 1955, agus i gCathair Ghuatamala, 1971, an Prótacal seo, beidh d'éifeacht leis sin aontú do Choinbhinsiún Vársá arna leasú sa Háig, 1955, i gCathair Ghuatamala, 1971, agus le Prótacal Breise Uimh. 3 Mhontreal, 1975.
3. Taiscfear na hionstraimí daingniúcháin le Rialtas Phoblacht Phobal na Polainne.
Airteagal VIII
1. A luaithe a bheidh tríocha Stát sínitheach tar éis a n-ionstraimí ag daingniú an Phrótacail seo a thaisceadh, tiocfaidh sé i bhfeidhm eatarthu ar an nóchadú lá tar éis an tríochadú ionstraim daingniúcháin a thaisceadh. Gach Stát a dhaingneoidh ina dhiaidh sin é, tiocfaidh sé i bhfeidhm ina leith ar an nóchadú lá tar éis don Stát sin a ionstraim daingniúcháin a thaisceadh.
2. A luaithe a thiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm, déanfaidh Rialtas Phoblacht Phobal na Polainne é a chlárú leis na Náisiúin Aontaithe.
Airteagal IX
1. Beidh an Prótacal seo, tar éis dó teacht i bhfeidhm, ar oscailt chun aon Stát neamhshínitheach d'aontú dó.
2. Má aontaíonn aon Stát nach Páirtí i gCoinbhinsiún Vársá nó aon Stát nach Páirtí i gCoinbhinsiún Vársá arna leasú sa Háig, 1955, nó aon Stát nach Páirtí i gCoinbhinsiún Vársá arna leasú sa Háig, 1955, agus i gCathair Ghuatamala, 1971, don Phrótacal seo, beidh d'éifeacht leis sin aontú do Choinbhinsiún Vársá arna leasú sa Háig, 1955, i gCathair Ghuatamala, 1971, agus le Prótacal Breise Uimh. 3 Mhontreal, 1975.
3. Cuirfear aontachas i gcrích trí ionstraim aontachais a thaisceadh le Rialtas Phoblacht Phobal na Polainne agus tiocfaidh sé in éifeacht ar an nóchadú lá tar éis an taiscthe.
Airteagal X
1. Féadfaidh aon Pháirtí sa Phrótacal seo an Prótacal a shéanadh trí fhógra a dhíreofar chuig Rialtas Phoblacht Phobal na Polainne.
2. Tiocfaidh séanadh in éifeacht sé mhí tar éis do Rialtas Phoblacht Phobal na Polainne an fógra séanta a fháil.
3. Amhail idir na páirtithe sa Phrótacal seo, má shéanann aon cheann acu Coinbhinsiún Vársá de réir Airteagal 39 de, nó Prótacal na Háige de réir Airteagal XXIV de, nó Prótacal Chathair Ghuatamala de réir Airteagal XXII de, ní fhorléireofar an séanadh sin ar chaoi ar bith mar shéanadh ar Choinbhinsiún Vársá arna leasú sa Háig, 1955, i gCathair Ghuatamala, 1971, agus le Prótacal Breise Uimh. 3 Mhontreal, 1975.
Airteagal XI
1. Ní fhéadfar ach na forchoimeádais seo a leanas a dhéanamh maidir leis an bPrótacal seo:
(a) aon Stát nach n-údaraítear dá chúirteanna, faoi dhlí an Stáit sin, costais na caingne lena n-áirítear táillí dlíodóirí a dhámhachtain, féadfaidh sé tráth ar bith a dhearbhú, trí fhógra a bheidh dírithe chuig Rialtas Phoblacht Phobal na Polainne, nach mbeidh feidhm ag Airteagal 22, mír 3 (a), maidir lena chúirteanna;
(b) féadfaidh aon Stát a dhearbhú tráth ar bith, trí fhógra a bheidh dírithe chuig Rialtas Phoblacht Phobal na Polainne, nach mbeidh feidhm ag Coinbhinsiún Vársá arna leasú sa Háig, 1955, i gCathair Ghuatamala, 1971, agus le Prótacal Breise Uimh. 3 Mhontreal, 1975, maidir le daoine, bagáiste agus lucht a iompar dá údaráis mhíleata ar aerárthaí a bheidh cláraithe sa Stát sin agus a mbeidh a dtoilleadh uile curtha in áirithe ag na húdaráis sin nó thar a gceann; agus
(c) féadfaidh aon Stát a dhearbhú, an tráth a dhaingneoidh sé Prótacal Uimh. 4 Mhontreal, 1975, nó a aontóidh sé dó, nó aon tráth dá éis sin, nach bhfuil sé faoi cheangal ag forálacha Choinbhinsiún Vársá arna leasú sa Háig, 1955, i gCathair Ghuatamala, 1971, agus le Prótacal Breise Uimh. 3 Mhontreal, 1975, sa mhéid go mbaineann siad le hiompar luchta, postais agus pacáistí poist. Beidh éifeacht leis an dearbhú sin nócha lá tar éis do Rialtas Phoblacht Phobal na Polainne an dearbhú a fháil.
2. Aon Stát a mbeidh forchoimeád déanta aige de réir na míre sin romhe seo féadfaidh sé tráth ar bith an forchoimeád sin a tharraingt siar trí fhógra a thabhairt do Rialtas Phoblacht Phobal na Polainne.
Airteagal XII
Tabharfaidh Rialtas Phoblacht Phobal na Polainne scéala go pras do na Stáit uile is Páirtithe i gCoinbhinsiún Vársá nó sa Choinbhinsiún sin arna leasú, do na Stáit uile a shínigh an Prótacal seo nó a d'aontaigh dó, agus don Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta, i dtaobh dáta gach sínithe, dáta taiscthe gach ionstraime daingniúcháin nó aontachais, an dáta a dtiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm agus faisnéis iomchuí eile.
Airteagal XIII
Amhail idir na Páirtithe sa Phrótacal seo is Páirtithe freisin sa Choinbhinsiún, i bhForlíonadh ar Choinbhinsiún Vársá, um Aontú Rialacha Áirithe maidir le hIompar Idirnáisiúnta d'Aer a Dhéanfaidh Duine Seachas an tIompróir Conarthach, arna shíniú i Guadalajara an 18 Meán Fómhair 1961 (dá ngairtear “Coinbhinsiún Guadalajara” anseo ina dhiaidh seo), aon tagairt do “Coinbhinsiún Warsaw” i gCoinbhinsiún Guadalajara folóidh sé tagairt do Choinbhinsiún Vársá arna leasú sa Háig, 1955, i gCathair Ghuatamala, 1971, agus le Prótacal Breise Uimh. 3 Mhontreal, 1975, i gcásanna ina mbeidh an t-iompar faoin gcomhaontú dá dtagraítear in Airteagal I, mír (b) de Choinbhinsiún Guadalajara faoi rialú ag an bPrótacal seo.
Airteagal XIV
Fanfaidh an Prótacal seo ar oscailt chun a shínithe go dtí an 1 Eanáir 1976 i gCeanncheathrú na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta agus, dá éis sin, go dtí go dtiocfaidh sé i bhfeidhm de réir Airteagal VIII, ag Oifig Aire Gnóthaí Eachtracha Phoblacht Phobal na Polainne. Tabharfaidh an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta scéala go pras do Rialtas Phoblacht Phobal na Polainne i dtaobh aon síniú a dhéanfar, agus an dáta a dhéanfar é, le linn an ama a mbeidh an Prótacal ar oscailt chun a shínithe i gCeanncheathrú na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta.
Dá Fhianú Sin chuir na Lánchumhachtaigh thíos-sínithe, agus iad údaraithe go cuí, a lámh leis an bPrótacal seo.
Arna Dhéanamh i Montreal an cúigiú lá is fiche de mhí Mheán Fómhair na bliana Míle Naoi gCéad Seachtó a Cúig i gceithre théacs fhíordheimhneacha i mBéarla, i bhFraincis, i Rúisis agus i Spáinnis. I gcás aon neamhréire, is ag an téacs i bhFraincis, an teanga inar tarraingíodh suas Coinbhinsiún Vársá dar dháta 12 Deireadh Fómhair 1929, a bheidh an forlámhas.
(Sínithe thar ceann Stát áirithe anseo thíos.)
CUID IV
PRÓTACAL BREISE UIMH. 4 MHONTREAL, 1975
Prótacal Breise Uimh. 4 do Leasú an Choinbhinsiúin um Aontú Rialacha Áirithe maidir le hIompar Idirnáisiúnta d'Aer a Síníodh i Vársá an 12 Deireadh Fómhair 1929 arna Leasú leis an bPrótacal a Rinneadh sa Háig an 28 Meán Fómhair 1955.
Tá na Rialtais Thíos-Sínithe
De Bhrí gurb inmhianaithe leo go leasófaí an Coinbhinsiún um Aontú Rialacha Áirithe maidir le hIompar Idirnáisiúnta d'Aer a síníodh i Vársá an 12 Deireadh Fómhair 1929 arna leasú leis an bPrótacal a rinneadh sa Háig an 28 Meán Fómhair 1955,
Tar Éis Comhaontú mar a leanas:
Caibidil I Leasuithe ar an gCoinbhinsiún
Airteagal I
Is é an Coinbhinsiún a mhodhnaítear le forálacha na Caibidle seo Coinbhinsiún Vársá arna leasú sa Háig i 1955.
Airteagal II
In Airteagal 2 den Choinbhinsiún—
scriosfar mír 2 agus cuirfear an méid seo a leanas ina ionad:—
“2. In iompar ítimí poist ní bheidh an t-iompróir faoi dhliteanas ach amháin don údarás riaracháin poist iomchuí de réir na rialacha is infheidhme maidir leis an mbaint atá ag na hiompróirí agus na húdaráis riaracháin poist lena chéile.
3. Ach amháin mar a fhoráiltear i mír 2 den Airteagal seo, ní bheidh feidhm ag forálacha an Choinbhinsiúin seo maidir le hiompar ítimí poist.”
Airteagal III
I gCaibidil II den Choinbhinsiún—
Scriosfar Alt III (Airteagail 5 go 16) agus cuirfear an méid seo a leanas ina ionad:
“Alt III.—Doiciméid i ndáil le lucht
Airteagal 5
1. Seachadfar bille aeriompair maidir le hiompar luchta.
2. Féadfar aon mhodh eile a choimeádfadh taifead ar an iompar a bheidh le déanamh a chur, le toiliú an choinsíneora, in ionad seachadadh bille aeriompair. Má úsáidtear modh eile den sórt sin, seachadfaidh an t-iompróir ar an gcoinsíneoir, má iarrann an coinsíneoir amhlaidh, admháil i leith an luchta a cheadaíonn céannú a dhéanamh ar an gcoinsíneacht agus teacht ar an bhfaisnéis atá sa taifead a bheidh á choimeád ar an modh eile sin.
3. Ní bheidh an t-iompróir i dteideal diúltú glacadh leis an lucht lena iompar de bhrí gur dodhéanta na modhanna eile dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a úsáid, ag pointí idirthurais agus ag ceann scríbe, chun taifead a choimeád ar an iompar.
Airteagal 6
1. Déanfaidh an coinsíneoir an bille aeriompair amach i dtrí chuid bhunaidh.
2. Beidh na focail “don iompróir” marcáilte ar an gcéad chuid; síneoidh an coinsíneoir é. Beidh na focail “don choinsíní” marcáilte ar an dara cuid; síneoidh an coinsíneoir agus an t-iompróir é. Síneoidh an t-iompróir an tríú cuid agus tabharfaidh sé de láimh don choinsíneoir é tar éis dó glacadh leis an lucht.
3. Féadfaidh síniú an iompróra agus síniú an choinsíneora a bheith clóbhuailte nó stampáilte.
4. Má dhéanann an t-iompróir amach an bille aeriompair ar iarratas an choinsíneora, measfar, mura gcruthófar a mhalairt, gur thar ceann an choinsíneora a rinne sé amhlaidh.
Airteagal 7
I gcás níos mó ná pacáiste amháin a bheith ann:
(a) beidh sé de cheart ag iompróir an luchta a cheangal ar an gcoinsíneoir billí aeriompair ar leithligh a dhéanamh amach;
(b) beidh sé dé cheart ag an gcoinsíneoir a cheangal ar an iompróir admhálacha ar leithligh a sheachadadh i gcás ina n-úsáidtear na modhanna eile dá dtagraítear i mír 2 d'Airteagal 5.
Airteagal 8
Luafar na nithe seo a leanas sa bhille aeriompair agus san admháil i leith luchta:
(a) an áit fágála agus an ceann scríbe;
(b) más i gcríoch aon Ardpháirtí Chonarthaigh amháin atá an áit fágála agus an ceann scríbe agus gur i gcríoch Stáit eile atá áit stoptha chomhaontaithe amháin nó níos mó, ceann amháin ar a laghad de na háiteanna stoptha sin; agus
(c) meáchan na coinsíneachta.
Airteagal 9
Ní dhéanfaidh neamhchomhlíonadh fhorálacha Airteagail 5 go 8 difear don chonradh iompair a bheith ann nó dá bhailíocht agus beidh an conradh sin, dá ainneoin sin, faoi réir rialacha an Choinbhinsiúin seo lena n-áirítear na rialacha sin a bhaineann le teorannú dliteanais.
Airteagal 10
1. Tá an coinsíneoir freagrach as cruinneas na sonraí agus na ráiteas i ndáil leis an lucht a chuirfidh sé féin isteach, nó a chuirfear isteach thar a cheann, sa bhille aeriompair, nó a thabharfaidh sé, nó a thabharfar thar a cheann, don iompróir lena gcur isteach san admháil i leith an luchta nó lena gcur isteach sa taifead a choimeádfar ar an modh eile dá dtagraítear i mír 2 d'Airteagal 5.
2. Tabharfaidh an coinsíneoir slánaíocht don iompróir sa damáiste go léir a tharlóidh dó féin, nó d'aon duine eile dá mbeidh an t-iompróir faoi dhliteanas, de dhroim na sonraí agus na ráitis a thug an coinsíneoir nó a tugadh thar a cheann a bheith neamhrialta, míchruinn nó neamhdhóthanach.
3. Faoi réir fhorálacha mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, tabharfaidh an t-iompróir slánaíocht don choinsíneoir sa damáiste go léir a tharlóidh dó féin, nó d'aon duine eile dá mbeidh an coinsíneoir faoi dhliteanas, de dhroim na sonraí agus na ráitis a chuir an t-iompróir isteach, nó a cuireadh isteach thar a cheann, san admháil i leith an luchta nó sa taifead a choimeádfar ar an modh eile dá dtagraítear i mír 2 d'Airteagal 5 a bheith neamhrialta, míchruinn nó neamhdhóthanach.
Airteagal 11
1. Beidh an bille aeriompair nó an admháil i leith luchta ina fhianaise prima facie ar an gconradh a bheith curtha i gcrích, ar an lucht a bheith glactha agus ar na coinníollacha iompair a bheidh luaite ann.
2. Aon ráitis sa bhille aeriompair nó san admháil i leith luchta i ndáil le meáchan, toisí agus pacáil an luchta, mar aon le ráitis i ndáil le líon na bpacáistí, beidh siad ina bhfianaise prima facie ar na fíorais a bheidh luaite ann; ní bheidh na ráitis i ndáil le cainníocht, toirt agus riocht an luchta ina bhfianaise i gcoinne an iompróra ach sa mhéid go ndearna sé, agus go ndeirtear sa bhille aeriompair go ndearna sé, iad araon a sheiceáil i láthair an choinsíneora, nó go mbaineann siad le riocht an luchta de réir a dhealraimh.
Airteagal 12
1. Faoi réir an dliteanais atá air a oibleagáidí uile faoin gconradh iompair a chomhlíonadh, tá sé de cheart ag an gcoinsíneoir an lucht a dhiúscairt trína tharraingt siar ag an aerfort fágála nó ceann scríbe, nó trína stopadh i gcúrsa an turais ag aon tuirlingt, nó trína éileamh go seachadfar é ag an gceann scríbe nó i gcúrsa an turais ar dhuine seachas an coinsíní a ainmníodh i dtosach, nó trína cheangal go gcuirfear ar ais chuig an aerfort fágála é. Ní cead dó an ceart diúscartha sin a fheidhmiú ar shlí a dhéanfadh dochar don iompróir nó do choinsíneoirí eile agus ní mór dó aon chaiteachais a thabhófar de dhroim fheidhmiú an chirt sin a aisíoc.
2. Mura féidir déanamh de réir orduithe an choinsíneora ní mór don iompróir é sin a chur in iúl dó láithreach.
3. Má dhéanann an t-iompróir de réir orduithe an choinsíneora maidir leis an lucht a dhiúscairt gan a cheangal go dtabharfaí ar aird an chuid den bhille aeriompair nó an admháil i leith luchta a bheidh seachadta ar an gcoinsíneoir, beidh an t-iompróir faoi dhliteanas, gan dochar dá cheart gnóthaithe ón gcoinsíneoir, i leith aon damáiste a dhéanfar dá dheasca sin d'aon duine a mbeidh an chuid sin den bhille aeriompair nó an admháil i leith luchta ina sheilbh go dleathach aige.
4. Scoireann an ceart a thugtar don choinsíneoir a luaithe a thosaíonn ceart an choinsíní de réir Airteagal 13. Mar sin féin, má dhiúltaíonn an coinsíní glacadh leis an lucht nó mura féidir scéala a chur chuige, beidh a cheart diúscartha ag an gcoinsíneoir athuair.
Airteagal 13
1. Ach amháin i gcás go mbeidh an coinsíneoir tar éis a cheart faoi Airteagal 12 a fheidhmiú, beidh an coinsíní i dteideal, nuair a shroichfidh an lucht an ceann scríbe, a cheangal ar an iompróir an lucht a sheachadadh air, ar é d'íoc na muirear a bheidh dlite agus do chomhlíonadh na gcoinníollacha iompair.
2. Mura gcomhaontófar ar a mhalairt, is é dualgas an iompróra fógra a thabhairt don choinsíní a luaithe a bheidh an lucht tagtha.
3. Má admhaíonn an t-iompróir go bhfuil an lucht caillte, nó mura mbeidh an lucht tagtha i gceann seacht lá tar éis an dáta ar ar cheart dó teacht, beidh an coinsíní i dteideal na cearta a eascraíonn as an gconradh iompair a chur i bhfeidhm i gcoinne an iompróra.
Airteagal 14
Féadfaidh an coinsíneoir agus an coinsíní, faoi seach, na cearta uile a thugtar dóibh le hAirteagail 12 agus 13 a chur i bhfeidhm, gach duine acu ina ainm féin, cibé acu ar mhaithe leis féin nó ar mhaithe le duine eile a bheidh sé ag gníomhú, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh sé na hoibleagáidí a fhorchuirtear leis an gconradh iompair.
Airteagal 15
1. Ní dhéanann Airteagail 12, 13 agus 14 difear don bhaint atá ag an gcoinsíneoir agus ag an gcoinsíní lena chéile ná don bhaint atá ag treas-pháirtithe lena chéile i gcás gur ón gcoinsíneoir nó ón gcoinsíní a dhíorthaíonn a gcearta sin.
2. Ní féidir forálacha Airteagail 12, 13 agus 14 a athrú ach amháin le foráil shonrach sa bhille aeriompair nó san admháil i leith luchta.
Airteagal 16
1. Ní mór don choinsíneoir cibé faisnéis agus cibé doiciméid a chur ar fáil is gá faoi chomhair foirmiúlachtaí custam, octroi nó póilíneachta sula bhféadfar an lucht a sheachadadh ar an gcoinsíní. Tá an coinsíneoir faoi dhliteanas don iompróir i leith aon damáiste a tharlóidh de dheasca aon fhaisnéis nó doiciméid den sórt sin a bheith in easnamh nó neamhdhóthanach nó mírialta, murab é an t-iompróir, a sheirbhísigh nó a ghníomhairí is ciontach leis an damáiste.
2. Níl oibleagáid ar bith ar an iompróir cruinneas nó leordhóthanacht na faisnéise nó na ndoiciméad sin a cheistiú.”
Airteagal IV
Scriosfar Airteagal 18 den Choinbhinsiún agus cuirfear an méid seo a leanas ina ionad:
“Airteagal 18
1. Tá an t-iompróir faoi dhliteanas i leith damáiste a fhulaingeofar i gcás go ndíothófar nó go gcaillfear aon bhagáiste cláraithe nó go ndéanfar damáiste dó, más le linn an iompair d'aer a tharla an eachtra ba chúis leis an damáiste a fhulaingeofar amhlaidh.
2. Tá an t-iompróir faoi dhliteanas i leith damáiste a fhulaingeofar i gcás go ndíothófar nó go gcaillfear lucht, nó go ndéanfar damáiste dó, ar choinníoll amháin gur le linn an iompair d'aer a tharla an eachtra ba chúis leis an damáiste a fhulaingeofar amhlaidh.
3. Níl an t-iompróir faoi dhliteanas, áfach, má chruthaíonn sé gur de thoradh ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas a díothaíodh nó a cailleadh an lucht nó a rinneadh damáiste dó:
(a) locht, cáilíocht nó fabht bunúsach sa lucht sin;
(b) pacáil lochtach an luchta sin a rinne duine seachas an t-iompróir nó a sheirbhísigh nó a ghníomhairí;
(c) gníomh cogaidh nó coinbhleacht faoi airm;
(d) gníomh a dhéanann údarás poiblí i ndáil le hiontráil, imeacht nó trasghluaiseacht an luchta.
4. Cuimsítear sa tréimhse iompair d'aer de réir bhrí na míreanna roimhe seo den Airteagal seo an tréimhse dá mbeidh an bagáiste nó an lucht faoi chúram an iompróra, cibé acu an in aerfort é nó ar bord aerárthaigh nó, i gcás tuirlingte lasmuigh d'aerfort, in áit ar bith.
5. Ní bhaineann an tréimhse iompair d'aer le haon iompar de thír, de mhuir nó d'abhainn a dhéantar lasmuigh d'aerfort. Más rud é, áfach, go ndéantar an t-iompar sin i bhfeidhmiú conartha iompair d'aer, chun luchtú, seachadadh nó trasloingsiú a dhéanamh, toimhdeofar, mura gcruthófar a mhalairt, gur de thoradh teagmhais a tharla le linn an iompair d'aer a rinneadh aon damáiste.”
Airteagal V
Scriosfar Airteagal 20 den Choinbhinsiún agus cuirfear an méid seo a leanas ina ionad:
“Airteagal 20
I gcás paisinéirí agus bagáiste, agus i gcás damáiste a tharla de thoradh moille in iompar luchta, ní bheidh an t-iompróir faoi dhliteanas má chruthaíonn sé go ndearna sé féin agus a sheirbhísigh agus a ghníomhairí gach beart ba ghá chun an damáiste a sheachaint nó nach raibh ar a gcumas na bearta sin a dhéanamh.”
Airteagal VI
Scriosfar Airteagal 21 den Choinbhinsiún agus cuirfear an méid seo a leanas ina ionad:
“Airteagal 21
1. In iompar paisinéirí agus bagáiste, má chruthaíonn an t-iompróir go mba fhaillí ar thaobh an duine a d'fhulaing an damáiste ba chúis nó ba chionchúis leis an damáiste féadfaidh an Chúirt, de réir fhorálacha a dlí féin, an t-iompróir a shaoradh go hiomlán nó go páirteach óna dhliteanas.
2. In iompar luchta, má chruthaíonn an t-iompróir go mba fhaillí, nó gníomh nó neamhghníomh éagórach eile, ar thaobh an duine a bheidh ag éileamh cúitimh, nó ar thaobh an duine óna ndíorthaíonn sé a chearta, ba chúis nó ba chionchúis leis an damáiste, saorfar an t-iompróir go hiomlán nó go páirteach óna dhliteanas i leith an éilitheora go feadh an méid arbh é an fhaillí sin nó an gníomh nó neamhghníomh éagórach sin ba chúis nó ba chionchúis leis an damáiste.”
Airteagal VII
In Airteagal 22 den Choinbhinsiún—
(a) i mír 2 (a) scriosfar na focail “agus luchta”.
(b) cuirfear an mhír seo a leanas isteach i ndiaidh mhír 2 (a):
“(b) In iompar luchta, tá 17 Cearta Tarraingthe Speisialta an cileagram de theorainn le dliteanas an iompróra mura mbeidh an coinsíneoir tar éis dearbhú speisialta a dhéanamh, an tráth ar tugadh an pacáiste don iompróir, ag dearbhú leasa sa seachadadh ag ceann scríbe agus tar éis suim fhorlíontach a íoc más gá sin. Sa chás sin dlífidh an t-iompróir suim nach mó ná an tsuim dhearbhaithe a íoc, mura gcruthóidh sé gur mó an tsuim sin ná leas iarbhír an choinsíneora sa seachadadh ag ceann scríbe.”
(c) tabharfar mír 2 (c) ar mhír 2 (b).
(d) cuirfear an mhír seo a leanas isteach i ndiaidh mhír 5:
“6. Na suimeanna a luaitear i dtéarmaí an Chirt Tarraingthe Speisialta san Airteagal seo measfar go dtagraíonn siad don Cheart Tarraingthe Speisialta mar a shainmhíníonn an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta é. I gcás imeachtaí breithiúnais, déanfar na suimeanna a chomhshó in airgeadraí náisiúnta de réir luach na n-airgeadraí sin i dtéarmaí an Chirt Tarraingthe Speisialta ar dháta an bhreithiúnais. Déanfar an luach, i dtéarmaí an Chirt Tarraingthe Speisialta, atá le hairgeadra náisiúnta Ardpháirtí Chonarthaigh is Ball den Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta a ríomh de réir an mhodha luachála a chuireann an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta i bhfeidhm, agus a bheidh in éifeacht ar dháta an bhreithiúnais, maidir lena oibríochtaí agus lena idirbhearta. Déanfar an luach, i dtéarmaí an Chirt Tarraingthe Speisialta, atá le hairgeadra náisiúnta Ardpháirtí Chonarthaigh nach Ball den Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta a ríomh i slí a chinnfidh an tArdpháirtí Conarthach sin.
Ach mar sin féin, na Stáit sin nach Baill den Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus nach gceadaítear dóibh, faoina ndlí, forálacha mhír 2 (b) d'Airteagal 22 a chur i bhfeidhm, féadfaidh siad, tráth daingniúcháin nó aontachais nó aon tráth dá éis sin, a dhearbhú go bhfuil an teorainn le dliteanas an iompróra in imeachtaí breithiúnais ina gcuid críocha, socraithe ag dhá chéad caoga aonad airgeadaíochta an cileagram. Is ionann an t-aonad airgeadaíochta sin agus seasca a cúig go leith milleagram óir d'fhíneáltacht naoi gcéad as an míle. Féadfar na suimeanna sin a chomhshó san airgeadra náisiúnta iomchuí i bhfigiúirí is iolraithe ar dheich. Déanfar na suimeanna sin a chomhshó in airgeadra náisiúnta de réir dhlí an Stáit lena mbaineann.”
Airteagal VIII
Scriosfar Airteagal 24 den Choinbhinsiún agus cuirfear an méid seo a leanas ina ionad:
“Airteagal 24
1. In iompar paisinéirí agus bagáiste, ní fhéadfar aon chaingean le haghaidh damáistí, is cuma cén bunús a bheidh léi, a thionscnamh ach amháin faoi réir na gcoinníollacha agus na dteorainneacha atá leagtha amach sa Choinbhinsiún seo, gan dochar don cheist i dtaobh cé hiad na daoine a bhfuil ceart agartha acu agus cad iad a gcearta faoi seach.
2. In iompar luchta, ní fhéadfar aon chaingean le haghaidh damáistí, is cuma cén bunús a bheidh léi agus cibé acu faoin gCoinbhinsiún seo nó i gconradh nó i dtort nó ar shlí eile é, a thionscnamh ach amháin faoi réir na gcoinníollacha agus na dteorainneacha le dliteanas atá leagtha amach sa Choinbhinsiún seo, gan dochar don cheist i dtaobh cé hiad na daoine a bhfuil ceart agartha acu agus cad iad a gcearta faoi seach. Is uasteorainneacha na teorainneacha sin le dliteanas agus ní fhéadfar dul tharstu is cuma cad iad na himthosca ba bhun leis an dliteanas.”
Airteagal IX
Scriosfar Airteagal 25 den Choinbhinsiún agus cuirfear an méid seo a leanas ina ionad:
“Airteagal 25
In iompar paisinéirí agus bagáiste, ní bheidh feidhm ag na teorainneacha le dliteanas a shonraítear in Airteagal 22 má chruthaítear gur tharla an damáiste de dhroim gnímh nó neamhghnímh de chuid an iompróra, a sheirbhíseach nó a ghníomhairí a rinneadh le hintinn damáiste a dhéanamh nó a rinneadh go meargánta agus le fios gur dócha go dtiocfadh damáiste de; ar choinníoll go gcruthófar freisin, i gcás gnímh nó neamhghnímh den sórt sin a rinne seirbhíseach nó gníomhaire, go raibh sé ag gníomhú faoi chuimsiú a fhostaíochta.”
Airteagal X
In Airteagal 25A den Choinbhinsiún—
scriosfar mír 3 agus cuirfear an méid seo a leanas ina ionad:
“3. In iompar paisinéirí agus bagáiste, ní bheidh feidhm ag forálacha mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo má chruthaítear gur tharla an damáiste de dhroim gnímh nó neamhghnímh de chuid an tseirbhísigh nó an ghníomhaire a rinneadh le hintinn damáiste a dhéanamh, nó a rinneadh go meargánta agus le fios gur dócha go dtiocfadh damáiste de.”
Airteagal XI
Cuirfear an tAirteagal seo a leanas isteach i ndiaidh Airteagal 30 den Choinbhinsiún:
“Airteagal 30A
Ní dochar aon ní sa Choinbhinsiún seo don cheist i dtaobh ceart cúláraigh i gcoinne aon duine eile a bheith ag duine a bheidh faoi dhliteanas i leith damáistí de réir fhorálacha an Choinbhinsiúin.”
Airteagal XII
Scriosfar Airteagal 33 den Choinbhinsiún agus cuirfear an méid seo a leanas ina ionad:
“Airteagal 33
Ach amháin mar a fhoráiltear i mír 3 d'Airteagal 5, ní choiscfidh aon ní sa Choinbhinsiún seo an t-iompróir ar dhiúltú aon chonradh iompair a dhéanamh nó ar rialacháin a dhéanamh nach dtagann salach ar fhorálacha an Choinbhinsiúin seo.”
Airteagal XIII
Scriosfar Airteagal 34 den Choinbhinsiún agus cuirfear an méid seo a leanas ina ionad:
“Airteagal 34
Ní bheidh feidhm ag forálacha Airteagail 3 go 8 go huile, a bhaineann le doiciméid iompair, i gcás iompar a dhéanfar in imthosca neamhghnácha lasmuigh de ghnáthraon gnó aeriompróra.”
Caibidil II Raon Feidhme an Choinbhinsiúin arna Leasú
Airteagal XIV
Beidh feidhm ag Coinbhinsiún Vársá, arna leasú sa Háig i 1955 agus leis an bPrótacal seo, maidir le hiompar idirnáisiúnta mar a mhínítear sin in Airteagal 1 den Choinbhinsiún, ar choinníoll gur i gcríoch dhá Pháirtí sa Phrótacal seo, nó laistigh de chríoch aon Pháirtí amháin sa Phrótacal seo agus áit stoptha chomhaontaithe i gcríoch Stáit eile, atá an áit fágála agus an ceann scríbe dá dtagraítear san Airteagal sin.
Caibidil III Clásail Chríochnaitheacha
Airteagal XV
Amhail idir na Páirtithe sa Phrótacal seo, léifear agus léireofar Coinbhinsiún Vársá arna leasú sa Háig i 1955 agus an Prótacal seo le chéile mar aon ionstraim amháin agus Coinbhinsiún Vársá arna leasú sa Háig, 1955, agus le Prótacal Breise Uimh. 4 Mhontreal, 1975, a ghairfear den chéanna.
Airteagal XVI
Go dtí an dáta a dtiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm de réir fhorálacha Airteagal XVIII, fanfaidh sé ar oscailt chun a shínithe ag aon Stát.
Airteagal XVII
1. Beidh an Prótacal seo faoi réir a dhaingnithe ag na Stáit sínitheacha.
2. Má dhaingníonn aon Stát nach Páirtí i gCoinbhinsiún Vársá, nó aon Stát nach Páirtí i gCoinbhinsiún Vársá arna leasú sa Háig, 1955, an Prótacal seo, beidh d'éifeacht leis sin aontú do Choinbhinsiún Vársá arna leasú sa Háig, 1955, agus le Prótacal Uimh. 4 Mhontreal, 1975.
3. Taiscfear na hionstraimí daingniúcháin le Rialtas Phoblacht Phobal na Polainne.
Airteagal XVIII
1. A luaithe a bheidh tríocha Stát sínitheach tar éis a n-ionstraimí ag daingniú an Phrótacail seo a thaisceadh, tiocfaidh sé i bhfeidhm eatarthu ar an nóchadú lá tar éis an tríochadú ionstraim daingniúcháin a thaisceadh. Gach Stát a dhaingneoidh ina dhiaidh sin é, tiocfaidh sé i bhfeidhm ina leith ar an nóchadú lá tar éis don Stát sin a ionstraim daingniúcháin a thaisceadh.
2. A luaithe a thiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm, déanfaidh Rialtas Phoblacht Phobal na Polainne é a chlárú leis na Náisiúin Aontaithe.
Airteagal XIX
1. Tar éis don Phrótacal seo teacht i bhfeidhm beidh sé ar oscailt chun aon Stát neamhshínitheach d'aontú dó.
2. Má aontaíonn aon Stát nach Páirtí i gCoinbhinsiún Vársá nó aon Stát nach Páirtí i gCoinbhinsiún Vársá arna leasú sa Háig, 1955, don Phrótacal seo, beidh d'éifeacht leis sin aontú do Choinbhinsiún Vársá arna leasú sa Háig, 1955, agus le Prótacal Uimh. 4 Mhontreal, 1975.
3. Cuirfear aontachas i gcrích trí ionstraim aontachais a thaisceadh le Rialtas Phoblacht Phobal na Polainne agus tiocfaidh sé in éifeacht ar an nóchadú lá tar éis an taiscthe.
Airteagal XX
1. Féadfaidh aon Pháirtí sa Phrótacal seo an Prótacal a shéanadh trí fhógra a dhíreofar chuig Rialtas Phoblacht Phobal na Polainne.
2. Tiocfaidh séanadh in éifeacht sé mhí tar éis do Rialtas Phoblacht Phobal na Polainne an fógra séanta a fháil.
3. Amhail idir na Páirtithe sa Phrótacal seo, má shéanann aon cheann acu Coinbhinsiún Vársá de réir Airteagal 39 de, nó Prótacal na Háige de réir Airteagal XXIV de, ní fhorléireofar an séanadh sin ar chaoi ar bith mar shéanadh ar Choinbhinsiún Vársá arna leasú sa Háig, 1955, agus le Prótacal Uimh. 4 Mhontreal, 1975.
Airteagal XXI
1. Ní fhéadfar ach na forchoimeádais seo a leanas a dhéanamh maidir leis an bPrótacal seo:
(a) féadfaidh Stát a dhearbhú tráth ar bith, trí fhógra a bheidh dírithe chuig Rialtas Phoblacht Phobal na Polainne, nach mbeidh feidhm ag Coinbhinsiún Vársá arna leasú sa Háig, 1955, agus le Prótacal Uimh. 4 Mhontreal, 1975, maidir le daoine, bagáiste agus lucht a iompar dá údaráis mhíleata ar aerárthaí a bheidh cláraithe sa Stát sin agus a mbeidh a dtoilleadh uile curtha in áirithe ag na húdaráis sin nó thar a gceann; agus
(b) féadfaidh aon Stát a dhearbhú, an tráth a dhaingneoidh sé Prótacal Breise Uimh. 3 Mhontreal, 1975, nó a aontóidh sé dó, nó aon tráth dá éis sin, nach bhfuil sé faoi cheangal ag forálacha Choinbhinsiún Vársá arna leasú sa Háig, 1955, agus le Prótacal Uimh. 4 Mhontreal, 1975, sa mhéid go mbaineann siad le hiompar paisinéirí agus bagáiste. Beidh éifeacht leis an dearbhú sin nócha lá tar éis do Rialtas Phoblacht Phobal na Polainne an dearbhú a fháil.
2. Aon Stát a mbeidh forchoimeád déanta aige de réir na míre sin roimhe seo féadfaidh sé tráth ar bith an forchoimeád sin a tharraingt siar trí fhógra a thabhairt do Rialtas Phoblacht Phobal na Polainne.
Airteagal XXII
Tabharfaidh Rialtas Phoblacht Phobal na Polainne scéala go pras do na Stáit uile is Páirtithe i gCoinbhinsiún Vársá nó sa Choinbhinsiún sin arna leasú, do na Stáit uile a shínigh an Prótacal seo nó a d'aontaigh dó, agus don Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta, i dtaobh dáta gach sínithe, dáta taiscthe gach ionstraime daingniúcháin nó aontachais, an dáta a dtiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm agus faisnéis iomchuí eile.
Airteagal XXIII
Amhail idir na Páirtithe sa Phrótacal seo is Páirtithe freisin sa Choinbhinsiún, i bhForlíonadh ar Choinbhinsiún Vársá, um Aontú Rialacha Áirithe maidir le hIompar Idirnáisiúnta d'Aer a Dhéanfaidh Duine Seachas an tIompróir Conarthach, arna shíniú i Guadalajara an 18 Meán Fómhair 1961 (dá ngairtear “Coinbhinsiún Guadalajara” anseo ina dhiaidh seo), aon tagairt do “Coinbhinsiún Warsaw” i gCoinbhinsiún Guadalajara folóidh sé tagairt do Choinbhinsiún Vársá arna leasú sa Háig, 1955, agus le Prótacal Uimh. 4 Mhontreal, 1975, i gcásanna ina mbeidh an t-iompar faoin gcomhaontú dá dtagraítear in Airteagal I, mír (b) de Choinbhinsiún Guadalajara faoi rialú ag an bPrótacal seo.
Airteagal XXIV
Más Páirtithe don Phrótacal seo agus do Phrótacal Chathair Ghuatamala, 1971, nó do Phrótacal Breise Uimh. 3 Mhontreal, 1975, dhá Stát nó níos mó, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas eatarthu:
(a) na forálacha a thagann de bharr na gcóras a bhunaítear leis an bPrótacal seo i ndáil le lucht agus ítimí postais, beidh forlámhas acu ar na forálacha a thagann de bharr an chórais a bunaíodh le Prótacal Chathair Ghuatamala, 1971, nó le Prótacal Breise Uimh. 3 Mhontreal, 1975,
(b) na forálacha a thagann de bharr an chórais a bunaíodh le Prótacal Chathair Ghuatamala, 1971, nó le Prótacal Breise Uimh. 3 Mhontreal, 1975, i ndáil le paisinéirí agus bagáiste, beidh forlámhas acu ar na forálacha a thagann de bharr an chórais a bhunaítear leis an bPrótacal seo.
Airteagal XXV
Fanfaidh an Prótacal seo ar oscailt chun a shínithe go dtí an 1 Eanáir 1976 i gCeanncheathrú na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta agus, dá éis sin, go dtí go dtiocfaidh sé i bhfeidhm de réir Airteagal XVIII, ag Oifig Aire Gnóthaí Eachtracha Phoblacht Phobal na Polainne. Tabharfaidh an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta scéala go pras do Rialtas Phoblacht Phobal na Polainne i dtaobh aon síniú a dhéanfar, agus an dáta a dhéanfar é, le linn an ama a mbeidh an Prótacal ar oscailt chun a shínithe i gCeanncheathrú na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta.
Dá Fhianú Sin chuir na Lánchumhachtaigh thíos-sínithe, agus iad údaraithe go cuí, a lámh leis an bPrótacal seo.
Arna Dhéanamh i Montreal an cúigiú lá is fiche de mhí Mheán Fómhair na bliana Míle Naoi gCéad Seachtó a Cúig i gceithre théacs fhíordheimhneacha i mBéarla, i bhFraincis, i Rúisis agus i Spáinnis. I gcás aon neamhréire, is ag an téacs i bhFraincis, an teanga inar tarraingíodh suas Coinbhinsiún Vársá dar dháta 12 Deireadh Fómhair 1929, a bheidh an forlámhas.
(Sínithe thar ceann Stát áirithe anseo thíos.)
AN DARA SCEIDEAL
Aisghairm
Uimhir agus Bliain | Gearrtheideal | Méid na hAisghairme |
An tAcht um Aer-Loingseoireacht agus Aer-Iompar, 1936. | In alt 2 (1) — an míniú ar an abairt “Convensiún Pharis”; an míniú ar an abairt “Convensiún na Róimhe”; an míniú ar an abairt “an Chuideachta”; an míniú ar an abairt “fo-chuideachta”; an míniú ar an bhfocal “orduithe” sa chéad áit a bhfuil an míniú sin; na focail “(ach amháin i gCuid II den Acht so)” sa mhíniú ar an bhfocal “orduithe” san áit dheiridh a bhfuil an míniú sin. | |
In alt 5 (4), na focail “is intrialta ar an slí achmair” agus na focail “agus a ordú cadiad na pionóisí fhéadfaidh cúirteanna dlighinse achmaire a chur ar dhaoine chiontóidh na cúirteanna san in aon chionta den tsórt san, ach san i slí nach mó aon phionós den tsórt san ná príosúntacht ar feadh téarma de shé mhí no fíneáil de dhá chéad punt no an phríosúntacht agus an fhíneáil sin le chéile”. | ||
In alt 6, na focail “(ach amháin i gCuid II dhe)”. | ||
Cuid II. | ||
Caibidlí II agus III de Chuid IV. | ||
In alt 39 (2), na focail “agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air”. | ||
In alt 56 (1), na focail “agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá chéad punt do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile”. | ||
In alt 60 (4), na focail “agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná trí mhí”. | ||
Alt 63. | ||
Alt 64. | ||
Alt 65. | ||
In alt 66 (3), na focail “agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air agus, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil bhreise ná raghaidh thar cúig púint in aghaidh gach lae leanfar den chionta”. | ||
In alt 13 (3), na focail “agus, ar a chiontú ann ar an slí achomair, dlífear príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí a chur air nó fíneáil nach mó ná dhá chéad punt nó, más rogha leis an gCúirt, an phríosúntacht sin agus an fhíneáil sin le chéile”. | ||
Alt 16. | ||
Alt 28. | ||
Alt 3. | ||
In alt 13 (1) (c) agus (2) (b), na focail “agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air”. | ||
In alt 14 (7) (a), na focail “agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air”. | ||
In alt 16 (6), na focail “agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná chúig puint a chur air”. | ||
In alt 17 (2), na focail “agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air nó, más rogha leis an gCúirt, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná mí”. | ||
Alt 19. | ||
In alt 21, na focail “agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná míle punt a chur air nó, más rogha leis an gCúirt, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná sé mhí”. | ||
Alt 11. | ||
Ailt 3 (3), 5 agus 6. | ||
Alt 9. | ||
Alt 13. | ||
In alt 15, na focail “agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air”. | ||
In alt 4 (7), na focail “agus dlífear ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £100 a chur air”. | ||
Alt 11. | ||
An tAcht Aerloingseoireachta agus Aeriompair (Réamhiniúchadh), 1986. | Alt 8. |