[EN]

harp.jpg


Uimhir 24 de 1984


[EN]

AN tACHT TALÚN, 1984


RIAR NA nALT

Alt

1.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

2.

Mínithe.

3.

Léasanna talaimh talmhaíochta a eisiamh ó fheidhm achtachán áirithe.

4.

Forálacha maidir le blianachtaí ceannaigh, blianachtaí míntírithe talún agus íocaíochtaí bliantúla áirithe eile le Coimisiún na Talún.

5.

Ciste na mBlianachtaí Ceannaigh a dhíscaoileadh.

6.

Dáta bunaithe blianachtaí ceannaigh.

7.

Ciste Teamparálachtaí Eaglaise na hÉireann a dhíscaoileadh.

8.

Leasú ar alt 63 den Irish Land Act, 1903.

9.

Leasú ar alt 46 den Acht Talmhan, 1923.

10.

Leasú ar ailt 35, 38 agus 39 den Acht Talmhan, 1931.

11.

Leasú ar alt 52 den Acht Talmhan, 1933.

12.

Leasú ar alt 33 den Acht Talmhan, 1936 agus ar alt 16 den Acht Talún, 1953.

13.

Leasú ar alt 30 den Acht Talún, 1950.

14.

Aisghairm.

Na hAchtanna a Aisghairtear


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Cumann Foirgníochta, 1976

1976, Uimh. 38

An tAcht Cumann Foirgníochta (Leasú), 1983

1983, Uimh. 25

Irish Church Act, 1869

1869, c. 42

Irish Land Act, 1903

1903, c. 37

An tAcht Talmhan, 1923

1923, Uimh. 42

An tAcht Talmhan, 1931

1931, Uimh. 11

An tAcht Talmhan, 1933

1933, Uimh. 38

An tAcht Talmhan, 1936

1936, Uimh. 41

An tAcht Talún, 1950

1950, Uimh. 16

An tAcht Talún, 1953

1953, Uimh. 18

An tAcht Talún, 1965

1965, Uimh. 2

Land Law (Ireland) Act, 1870

1870, c. 46

Land Law (Ireland) Act, 1881

1881, c. 49

Land Law (Ireland) Act, 1887

1887, c. 33

Land Law (Ireland) Act, 1896

1896, c. 47

Landlord and Tenant (Ireland) Act, 1870

1870, c. 46

Landlord and Tenant Law Amendment Act, Ireland, 1860

1860, c. 154

An tAcht Talmhan (Ciste na mBlianacht Ceannaigh), 1933

1933, Uimh. 2

Na hAchtanna Talamh-Cheannaigh

An tAcht um Míntíriú Talún, 1949

1949, Uimh. 25

An tAcht um Chlárú Teidil, 1964

1964, Uimh. 16

harp.jpg


Uimhir 24 de 1984


AN tACHT TALÚN, 1984

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA TALAMH-CHEANNAIGH. [16 Nollaig, 1984] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

1.—(1) Féadfar an tAcht Talún, 1984, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Forléireofar an tAcht seo agus na hAchtanna Talamh-Cheannaigh mar aon ní amháin agus féadfar é a lua leis na hAchtanna sin.

[EN]

Mínithe.

2.—San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

[EN]

ciallaíonn “blianacht mhíntírithe talún” blianacht mhíntírithe talún faoin Acht um Míntíriú Talún, 1949;

[EN]

ciallaíonn “blianacht cheannaigh” íocaíocht bhliantúil le Coimisiún na Talún faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh mar aisíoc ar airleacan a rinne Coimisiún na Talún faoi na hAchtanna sin.

[EN]

Léasanna talaimh talmhaíochta a eisiamh ó fheidhm achtachán áirithe.

3.—(1) Ní bheidh feidhm leis na hachtacháin seo a leanas maidir le léas talaimh talmhaíochta a dhéanfar tar éis an tAcht seo a rith:

[EN]

(a) ailt 70 agus 71 den Landlord and Tenant Law Amendment Act, Ireland, 1860,

[EN]

(b) ailt 3, 4 agus 7 den Landlord and Tenant (Ireland) Act, 1870,

[EN]

(c) ailt 1, 4, 13 agus 22 den Land Law (Ireland) Act, 1881,

[EN]

(d) ailt 7 (3) agus 30 (2) den Land Law (Ireland) Act, 1887, agus

[EN]

(e) alt 16 den Land Law (Ireland) Act, 1896.

[EN]

(2) San alt seo ciallaíonn “léas talaimh talmhaíochta” aon ionstraim i scríbhinn (cibé acu an faoi shéala í nó nach ea) ina bhfuil conradh tionóntachta maidir le talamh a úsáidtear go hiomlán nó go príomha chun críche talmhaíochta, gairneoireachta nó foraoiseachta.

[EN]

Forálacha maidir le blianachtaí ceannaigh, blianachtaí míntírithe talún agus íocaíochtaí bliantúla áirithe eile le Coimisiún na Talún.

4.—(1) (a) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta, le ceadú an Aire Airgeadais, íoc aon suime is lú ná £2 a bheidh iníoctha an 1ú lá de Shamhain, 1979, nó dá éis, ar suim í a bheidh dlite—

[EN]

(i) i leith blianachta ceannaigh,

[EN]

(ii) i leith blianachta míntírithe talún,

[EN]

(iii) i leith aon íocaíochta bliantúla eile le Coimisiún na Talún,

[EN]

a tharscaoileadh, agus measfar go raibh an chumhacht aige i gcónaí íoc suime den sórt sin a tharscaoileadh.

[EN]

(b) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta, le ceadú an Aire Airgeadais, le hordú, suim eile a chur in ionad na suime a luaitear i mír (a) den fho-alt seo agus beidh feidhm ag an bhfo-alt sin agus beidh éifeacht leis de réir fhorálacha aon ordaithe den sórt sin a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire.

[EN]

(c) Déanfar ordú faoin bhfo-alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus mura ndéanann gach Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid rún a rith ag ceadú an ordaithe sin, rachaidh an t-ordú as feidhm, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

[EN]

(2) In alt 80 den Acht Cumann Foirgníochta, 1976, d'ainneoin alt 2 den Acht sin, ní fholaíonn “morgáiste tosaíochta”, agus measfar nár fholaigh sé riamh, muirear ar thalamh á urrú go n-íocfar aon ní de na nithe seo a leanas—

[EN]

(a) blianacht cheannaigh,

[EN]

(b) blianacht mhíntírithe talún, nó

(c) aon íocaíocht bhliantúil eile le Coimisiún na Talún nach sonraítear san Acht Cumann Foirgníochta (Leasú), 1983.

[EN]

Ciste na mBlianachtaí Ceannaigh a dhíscaoileadh.

5.—(1) Déantar leis seo Ciste na mBlianachtaí Ceannaigh a bunaíodh faoi alt 12 den Acht Talmhan, 1923, a dhíscaoileadh agus, dá réir sin, aisghairtear leis seo alt 12 (2) den Acht sin agus an tAcht Talmhan (Ciste na mBlianacht Ceannaigh), 1933.

[EN]

(2) Déanfar aon suimeanna a bheidh i gcreidiúint do Chiste na mBlianachtaí Ceannaigh ar dháta rite an Achta seo agus aon suimeanna a d'íocfaí isteach sa Chiste sin, murach an t-alt seo, a íoc isteach sa Státchiste nó a dhiúscairt, de réir orduithe ón Aire Airgeadais, chun tairbhe don Státchiste.

[EN]

Dáta bunaithe blianachtaí ceannaigh.

6.—Féadfaidh Coimisiún na Talún a chinneadh i scríbhinn maidir le blianacht cheannaigh, nó aon chuid de bhlianacht cheannaigh, a bhunófar tráth ar bith tar éis dháta rite an Achta seo, gur bunaíodh í cibé tráth is luaithe roimh an dáta rite sin, air nó ina dhiaidh, a bheidh sonraithe sa chinneadh agus i gcás go ndéanfaidh Coimisiún na Talún cinneadh faoin alt seo, measfar chun críocha uile na nAchtanna Talamh-Cheannaigh gur bunaíodh an bhlianacht cheannaigh lena mbaineann nó an chuid lena mbaineann de bhlianacht cheannaigh, de réir mar a bheidh, an tráth a bheidh sonraithe sa chinneadh.

[EN]

Ciste Teamparálachtaí Eaglaise na hÉireann a dhíscaoileadh.

7.—(1) San alt seo ciallaíonn “an Ciste” Ciste Teamparálachtaí Eaglaise na hÉireann a bunaíodh faoin Irish Church Act, 1869.

[EN]

(2) Díscaoiltear an Ciste leis seo.

[EN]

(3) Measfar aon chíosmhuirir in ionad deachúna, cíosanna suthaineachta nó íocaíochtaí tréimhsiúla eile a bheidh ar marthain an 28ú lá de Mheán Fómhair, 1975, agus a bheidh iníoctha leis an gCiste, a bheith múchta an lá sin agus scoirfidh aon íocaíochtaí a bheidh dlite agus ag dul don Chiste an lá sin de bheith iníoctha.

[EN]

(4) Déanfar aon suimeanna a bheidh i gcreidiúint don Chiste ar thosach feidhme an ailt seo agus aon suimeanna a d'íocfaí isteach sa Chiste, murach fo-alt (2) den alt seo, a íoc isteach sa Státchiste nó a dhiúscairt, de réir orduithe ón Aire Airgeadais, chun tairbhe don Státchiste.

[EN]

(5) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá d'Eanáir, 1985.

[EN]

Leasú ar alt 63 den Irish Land Act, 1903.

8.—Leasaítear leis seo alt 63 den Irish Land Act, 1903—

[EN]

(a) trí “£1,000” a chur in ionad “thirty pounds” gach áit a bhfuil sé, agus

[EN]

(b) trí “£3,000” a chur in ionad “one hundred pounds” i bhfo-alt (2).

[EN]

Leasú ar alt 46 den Acht Talmhan, 1923.

9.—(1) Beidh feidhm ag alt 46 den Acht Talmhan, 1923, maidir le duine a bhfuil leas aige i dtalamh (seachas talamh arna chlárú faoin Acht um Chlárú Teidil, 1964) a thugann teideal dó an talamh a áitiú, amhail mar atá feidhm aige maidir le húinéir talún atá cláraithe faoin Acht um Chlárú Teidil, 1964 sin, agus beidh feidhm ag an alt sin 46 agus beidh éifeacht leis dá réir sin fara na modhnuithe seo a leanas agus fara aon mhodhnuithe eile is gá:

[EN]

(a) forléireofar tagairtí d'úinéir cláraithe gabháltais mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do dhuine a bhfuil leas aige mar a dúradh i dtalamh,

[EN]

(b) forléireofar tagairtí do ghabháltas mar thagairtí do leas den sórt sin,

[EN]

(c) forléireofar an tagairt i bhfo-alt (3) do dháta cláraithe an aistrithe mar thagairt do dháta an aistrithe agus forléireofar an tagairt san fho-alt sin d'eastát i bhfeo simpli mar thagairt do leas an duine sa talamh,

[EN]

(d) cuirfear “(is talamh cláraithe)” isteach i ndiaidh “don ghabháltas bhunaidh” i bhfo-alt (5),

[EN]

(e) bainfidh fo-alt (6), i gcás gur naíon, gealt nó duine mímheabhrach an duine, le haon duine a d'fhéadfadh ionadaíocht a dhéanamh dó chun críocha an Achta um Chlárú Teidil, 1964, dá mba úinéir cláraithe na talún é.

[EN]

(2) Déanfaidh an Cláraitheoir, ar iarratas ó Choimisiún na Talún, maidir le leas i dtalamh ar leis an gCoimisiún é de bhua malartaithe faoin alt seo, Coimisiún na Talún a chlárú sa chlár iomchuí mar úinéirí an leasa.

[EN]

(3) Forléireofar an t-alt seo agus an tAcht um Chlárú Teidil, 1964, mar aon ní amháin.

[EN]

Leasú ar ailt 35, 38 agus 39 den Acht Talmhan, 1931.

10.—(1) Leasaítear leis seo alt 35 den Acht Talmhan, 1931

[EN]

(a) trí “£1,000” a chur in ionad “céad punt” (a cuireadh isteach leis an Acht Talún, 1965) gach áit a bhfuil sé,

[EN]

(b) trí “£3,000” a chur in ionad “trí chéad punt” (a cuireadh isteach leis an Acht Talún, 1965) gach áit a bhfuil sé, agus

[EN]

(c) trí “£15,000” a chur in ionad “dhá mhíle punt” (a cuireadh isteach leis an Acht Talún, 1965) i bhfo-alt (5).

[EN]

(2) Leasaítear leis seo alt 38 den Acht Talmhan, 1931, trí “£2,000” a chur in ionad “dhá chéad punt” (a cuireadh isteach leis an Acht Talún, 1965) i bhfo-alt (2).

[EN]

(3) Leasaítear leis seo alt 39 den Acht Talmhan, 1931, trí “£2,000” a chur in ionad “dhá chéad punt” (a cuireadh isteach leis an Acht Talún, 1965) i bhfo-alt (4).

[EN]

Leasú ar alt 52 den Acht Talmhan, 1933.

11.—Leasaítear leis seo alt 52 den Acht Talmhan, 1933

[EN]

(a) trí “£1,000” a chur in ionad “céad punt” (a cuireadh isteach leis an Acht Talún, 1965) gach áit a bhfuil sé, agus

[EN]

(b) trí “£3,000” a chur in ionad “trí chéad punt” (a cuireadh isteach leis an Acht Talún, 1965) gach áit a bhfuil sé.

[EN]

Leasú ar alt 33 den Acht Talmhan, 1936 agus ar alt 16 den Acht Talún, 1953.

12.—Forléireofar an tagairt in alt 33 den Acht Talmhan, 1936, d'iomlán airgid cheannaigh gach dáileacht talún neamhthionóntaithe mar thagairt a fholaíonn tagairt do chuid den airgead ceannaigh sin agus forléireofar an tagairt in alt 16 den Acht Talún, 1953, d'iomlán airgid cheannaigh gach gabháltais cheantar cúng de réir bhrí ailt 22 agus 23 den Acht Talmhan, 1931, mar thagairt do chuid den airgead ceannaigh sin.

[EN]

Leasú ar alt 30 den Acht Talún, 1950.

13.—Leasaítear leis seo alt 30 den Acht Talún, 1950, tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (7) i ndiaidh mhír (f):

[EN]

“(ff) an talamh lena mbaineann an scéim a dhílsiú i bhfeo simplí d'iontaobhaithe na scéime faoi réir aon bhlianachta nó muirir air sin de chineál dá dtagraítear i bhfo-alt (11) agus aon mhaoin eile lena mbaineann an scéim a dhílsiú dóibh,”.

[EN]

Aisghairm.

14.—(1) Déantar leis seo gach achtachán a luaitear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin.

[EN]

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá d'Eanáir, 1985.

[EN]

AN SCEIDEAL

Achtacháin a Aisghairtear

Alt 14.

Seisiún agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

32 agus 33 Vict. c. 42

Irish Church Act, 1869

Mír (2) d'alt 34; ailt 37 agus 68

35 agus 36 Vict. c. 90

Irish Church Act, 1869, Amendment Act, 1872

Alt 7

42 agus 43 Vict. c. 74

National School Teachers (Ireland) Act, 1879

Alt 3

44 agus 45 Vict. c. 52

Royal University of Ireland Act, 1881

An tAcht iomlán

44 agus 45 Vict. c. 71

Irish Church Act Amendment Act, 1881

Alt 4

54 agus 55 Vict. c. 48

Purchase of Land (Ireland) Act, 1891

Fo-ailt (1), (2) agus (3) d'alt 35

59 agus 60 Vict. c. 47

Land Law (Ireland) Act, 1896

Alt 37

63 agus 64 Vict. c. 58

Tithe Rentcharge (Ireland) Act, 1900

An tAcht iomlán

8 Edw. 7 c. 38

Irish Universities Act, 1908

Fo-alt (1) d'alt 7

Uimh. 27 de 1923

Land Law (Commission) Act, 1923

Fo-alt (3) d'alt 9

Uimh. 31 de 1931

An tAcht Airgid, 1931

Alt 34

Uimh. 14 de 1941

An tAcht Airgeadais, 1941

Alt 50

Uimh. 18 de 1944

An tAcht Airgeadais, 1944

Alt 19