harp.jpg


Uimhir 26 de 1990


AN tACHT ÁRACHAIS, 1990


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Scaireanna a fháil i gCuideachta Shealbhaíochta.

3.

Cearta an Aire mar shealbhóir scaireanna.

4.

Scaireanna arna sealbhú ag ainmnithigh.

5.

Maoin a aistriú.

6.

Fostaithe a aistriú, etc.

7.

Feidhm ionstraimí áirithe.

8.

Faoiseamh i leith dleachtanna stampa, etc.

9.

Cumhacht chun scaireanna a shealbhú.

10.

Aisghairm.

11.

Orduithe a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

12.

Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Assurance Companies Act, 1909

1909, c. 49

Acht na gCuideachtaí, 1963

1963, Uimh. 33

Finance Act, 1895

1895, c. 16

An tAcht um an Industrial and Life Assurance Amalgamation Company, Limited (Scaireanna a Thógaint), 1947

1947, Uimh. 6

An tAcht Árachais (Leasú), 1938

1938, Uimh. 31

An tAcht Árachais, 1964

1964, Uimh. 18

An tAcht Árachais, 1981

1981, Uimh. 34

Na hAchtanna Árachais, 1909 go 1989

An tAcht Síor-Chistí (Clárú), 1933

1933, Uimh. 22

Registration of Deeds Act, 1707

1707, c. 10

An tAcht um Chlárú Teidil, 1964

1964, Uimh. 16

An tAcht Iontaobhaithe (Infheistíochtaí Údaraithe), 1958

1958, Uimh. 8

harp.jpg


Uimhir 26 de 1990


AN tACHT ÁRACHAIS, 1990

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO LEASÚ NA nACHTANNA ÁRACHAIS, 1909 GO 1989, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE COMHGHAOLMHARA. [25 Iúil, 1990]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

[EN]

Léiriú.

1.—San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “an Chúirt” an Ard-Chúirt;

[EN]

tá le “fochuideachta” an bhrí a shanntar dó le hAcht na gCuideachtaí, 1963;

[EN]

ciallaíonn “an Chuideachta Shealbhaíochta” cuideachta ar fochuideachta di an Chuideachta Bhunaidh nó an Chuideachta Nua;

[EN]

ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais;

[EN]

ciallaíonn “an Chuideachta Nua” fochuideachta don Chuideachta Shealbhaíochta a bhféadfar gnó na Cuideachta Bunaidh a aistriú chuici le hordú aistrithe;

[EN]

ciallaíonn “an Chuideachta Bhunaidh” Cuideachta Árachais Bheatha na hÉireann cpt;

[EN]

ciallaíonn “dáta an aistrithe” an dáta a shonrófar in ordú aistrithe chun gnó árachais na Cuideachta Bunaidh a aistriú chuig an gCuideachta Nua;

[EN]

ciallaíonn “ordú aistrithe” ordú (lena n-áirítear ordú forlíontach) arna dhéanamh ag an gCúirt faoi alt 13 den Assurance Companies Act, 1909.

[EN]

Scaireanna a fháil i gCuideachta Shealbhaíochta.

2.—(1) Is dleathach don Aire—

[EN]

(a) aon scaireanna de chuid na Cuideachta Bunaidh atá dílsithe dó nó dá ainmnithigh de thuras na huaire a mhalartú ar scaireanna sa Chuideachta Shealbhaíochta, agus

[EN]

(b) aon scair nó scaireanna sa Chuideachta Shealbhaíochta a fháil trí shuibscríobh, ceannach, caipitliú, eisiúint nó ar shlí eile.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire, fad is cuí leis, na scaireanna sa Chuideachta Shealbhaíochta atá dílsithe dó nó dá ainmnithigh de thuras na huaire a shealbhú agus féadfaidh sé na scaireanna sin go léir nó aon scair díobh a dhíol, a mhalartú nó a dhiúscairt, trí fhuascailt nó ar shlí eile, má mheasann sé gurb iomchuí déanamh amhlaidh.

[EN]

(3) Déanfar gach suim a éileoidh an tAire ó am go ham le go bhfaighidh sé scaireanna sa Chuideachta Shealbhaíochta a airleacan as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis.

[EN]

(4) Déanfar gach díbhinn agus airgead eile a gheobhaidh an tAire i leith scaireanna sa Chuideachta Shealbhaíochta agus gach suim a íocfar leis i gcomaoin na scaireanna sin a dhíol nó a dhiúscairt aige a íoc isteach sa Státchiste nó a dhiúscairt chun tairbhe don Státchiste.

[EN]

(5) Má dhiúscraíonn an tAire aon scaireanna sa Chuideachta Shealbhaíochta ar dhóigh seachas trí dhíol, ansin déanfar fáltais na diúscartha sin a theachtadh ar iontaobhas chun tairbhe don Státchiste go dtí go réadóidh sé fáltais a dhiúscartha agus déanfar na fáltais arna réadú amhlaidh a íoc isteach sa Státchiste nó a dhiúscairt chun tairbhe don Státchiste.

[EN]

Cearta an Aire mar shealbhóir scaireanna.

3.—(1) Féadfaidh an tAire, maidir le scaireanna na Cuideachta Sealbhaíochta atá dílsithe dó nó leithroinnte air, na cearta agus na cumhachtaí go léir atá ag sealbhóir nó leithroinní na scaireanna sin a fheidhmiú agus, i gcás ceart nó cumhacht a bheith infheidhmithe trí aturnae nó seachvótálaí, an ceart nó an chumhacht sin a fheidhmiú trí aturnae nó seachvótálaí a bheidh ceaptha aige.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire, nó a ainmnithigh, ar ordú ón Aire, an ceart chun aon scaireanna sa Chuideachta Shealbhaíochta a thréigean agus déileálfar, chun críocha an Achta seo, le haon suimeanna a bheidh íoctha leis an Aire nó lena ainmnithigh i gcomaoin an tréigin sin sa tslí chéanna a ndéileáiltear le suimeanna a íoctar leis an Aire nó lena ainmnithigh i gcomaoin scaireanna a dhíol.

[EN]

Scaireanna arna sealbhú ag ainmnithigh.

4.—(1) Faoi réir alt 3 (2) den Acht seo, gach scáin de chuid na Cuideachta Sealbhaíochta atá le leithroinnt nó le haistriú chuig an Aire nó a ainmnithigh leithroinnfear nó aistreofar í chuig an Aire nó, de réir mar a ordóidh an tAire, chuig duine (dá ngairtear ainmnitheach san alt seo) a bheidh ainmnithe chuige sin ag an Aire agus féadfar daoine éagsúla a ainmniú amhlaidh maidir le scaireanna éagsúla.

[EN]

(2) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas agus beidh éifeacht leo maidir le scaireanna uile na Cuideachta Sealbhaíochta atá de thuras na huaire in ainm ainmnithigh don Aire, is é sin le rá:

[EN]

(a) is dleathach don Aire—

[EN]

(i) na scaireanna go léir nó aon scair de na scaireanna sin a aistriú chuig duine eile a bheidh roghnaithe ag an Aire chun na scaireanna a aistrítear amhlaidh a shealbhú mar ainmnitheach dó;

[EN]

(ii) a ordú d'ainmnitheach na scaireanna go léir de chuid na Cuideachta Sealbhaíochta, nó aon scair díobh, a bheidh dílsithe dó de thuras na huaire mar ainmnitheach den sórt sin a dhíol, a mhalartú nó a dhiúscairt thairis sin;

[EN]

(iii) a ordú d'ainmnitheach na scaireanna go léir de chuid na Cuideachta Sealbhaíochta, nó aon scair díobh, a bheidh dílsithe dó de thuras na huaire mar ainmnitheach den sórt sin a aistriú chuig an Aire nó (de réir mar a bheidh sonraithe san ordú sin) chuig duine eile a bheidh roghnaithe ag an Aire chun na scaireanna sin a shealbhú mar ainmnitheach dó;

[EN]

(b) déanfaidh gach ainmnitheach na scaireanna go léir de chuid na Cuideachta Sealbhaíochta nó aon scaireanna díobh a bheidh dílsithe dó de thuras na huaire mar ainmnitheach den sórt sin a shealbhú ar iontaobhas don Aire agus déanfaidh sé na scaireanna sin a dhíol, a mhalartú nó a dhiúscairt thairis sin i cibé slí a ordóidh an tAire ó am go ham i scríbhinn;

[EN]

(c) gach ordú a thabharfaidh an tAire faoin bhfo-alt seo is údarás agus urscaoileadh maith agus dleathach é don ainmnitheach dá dtabharfar é le haghaidh gach ní a dhéanfaidh sé dá réir agus ní bheidh an t-ainmnitheach sin i dteideal, ná ní cúram dó, a fhiafraí cibé acu a tugadh an t-ordú sin go dleathach nó nár tugadh;

[EN]

(d) gníomhóidh gach ainmnitheach go huile agus go hiomlán de réir orduithe an Aire nuair a bheidh sé ag feidhmiú ceart agus cumhachtaí is infheidhmithe i leith scaireanna na Cuideachta Sealbhaíochta a bheidh dílsithe dó de thuras na huaire mar ainmnitheach den sórt sin;

[EN]

(e) íocfaidh gach ainmnitheach isteach sa Státchiste, i cibé slí a ordóidh an tAire, gach díbhinn agus airgead eile a gheobhaidh sé i leith scaireanna na Cuideachta Sealbhaíochta a bheidh dílsithe dó de thuras na huaire mar ainmnitheach den sórt sin, agus freisin na fáltais as aon scaireanna den sórt sin a dhíolfaidh sé.

[EN]

(3) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le hionadaí pearsanta ainmnithigh éagtha sa tslí chéanna a mbeidh feidhm aige maidir le hainmnitheach beo agus dá réir sin forléireofar an focal “ainmnitheach” san alt seo (cibé áit a gceadaítear sin sa chomhthéacs) mar fhocal a fholaíonn ionadaí pearsanta ainmnithigh éagtha.

[EN]

Maoin a aistriú.

5.—(1) Ní gá aon ordú aistrithe lena n-éilítear nó lena gceadaítear maoin a aistriú bíodh sí réadach nó pearsanta (lena n-áirítear ábhair i gcaingean) ag an gCuideachta Bhunaidh chuig an gCuideachta Nua nó aon chomhaontú nó gníomhas a dhéanfar faoin ordú sin a chlárú faoi réim nó de bhun an Registration of Deeds Act, 1707, an Achta um Chlárú Teidil, 1964, alt 99 d'Acht na gCuideachtaí, 1963, nó aon Achta eile, ach oibreoidh sé chun críocha na nAchtanna sin amhail is dá mbeadh an t-aistriú déanta trí ghníomhas arna chlárú go cuí ar dháta an aistrithe faoi réim nó de bhun cibé ceann de na hAchtanna sin a bheidh infheidhme maidir leis, agus faoi réir a aistrithe, i gcás ar gá sin, i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta, tiocfaidh an mhaoin a aistreofar amhlaidh chun bheith ina maoin de chuid na Cuideachta Nua nó beidh sí ar teachtadh ar iontaobhas agus dílsithe don chuideachta sin go feadh an eastáit, an téarma nó an leasa uile ar a raibh an céanna, díreach roimh an aistriú sin, dílsithe don Chuideachta Bhunaidh nó dá cuid féin aici nó ar teachtadh ar iontaobhas di, ach sin faoi réir na n-iontaobhas agus na gcothromas go léir a dhéanann difear don chéanna agus a bhí ann agus infheidhmithe an tráth sin.

[EN]

(2) Déanfaidh an t-achainíoch, laistigh de cheithre lá dhéag tar éis dháta an ordaithe nó laistigh de cibé am fadaithe a cheadóidh an Chúirt, ordú aistrithe dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a fhógairt san Iris Oifigiúil agus uair amháin in dhá nuachtán laethúla a léitear ar fud an Stáit nó i cibé nuachtáin eile a ordóidh an Chúirt.

[EN]

(3) D'ainneoin fhorálacha fho-alt (1) den alt seo, féadfar, de réir mar is rogha leis an gCuideachta Nua, aon ordú aistrithe nó aon chomhaontú nó gníomhas a dhéanfar faoi ordú den sórt sin, a chlárú de bhun fhorálacha an Registration of Deeds Act, 1707, an Achta um Chlárú Teidil, 1964, alt 99 d'Acht na gCuideachtaí, 1963, nó aon Achta eile.

[EN]

Fostaithe a aistriú, etc.

6.—(1) Gach duine a bhí, díreach roimh dháta an aistrithe, ina fhostaí de chuid na Cuideachta Bunaidh tiocfaidh sé ar an dáta sin chun bheith ina fhostaí den Chuideachta Nua agus beidh na cearta céanna aige agus beidh sé faoi réir na n-oibleagáidí agus na dteagmhas céanna sa Chuideachta Nua a raibh sé faoina réir nó a bhí á dteachtadh aige sa Chuideachta Bhunaidh.

[EN]

(2) Gach duine is comhalta de scéim pinsean nó aoisliúntas de chuid na Cuideachta Bunaidh nó atá i dteideal sochar a fháil faoin gcéanna tiocfaidh sé, le héifeacht ó dháta an aistrithe, chun bheith ina chomhalta de scéim pinsean nó aoisliúntas comhréireach nó beidh sé i dteideal an tsochair chomhréirigh faoin scéim sin ar scéim í a bheidh bunaithe i leith na Cuideachta Nua ar théarmaí nach lú fabhar ná na téarmaí faoin scéim chéadluaite.

[EN]

(3) Aon sochar is iníoctha faoi scéim pinsean nó aoisliúntas de chuid na Cuideachta Bunaidh le hionadaí pearsanta (ina cháil mar ionadaí pearsanta) duine éagtha a bhí fostaithe roimhe sin i ngnó na Cuideachta Bunaidh agus a bheidh gan íoc dáta an aistrithe, tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé iníoctha an dáta sin faoi scéim pinsean nó aoisliúntas comhréireach de chuid na Cuideachta Nua.

[EN]

(4) Déanfar seirbhís nó fostaíocht leis an gCuideachta Bhunaidh, d'fhonn an ceart chun sochair faoi aon scéim chomhréireach den sórt sin a fhionnadh agus a ríomh, a chur san áireamh amhail is dá mba sheirbhís nó fostaíocht í leis an gCuideachta Nua ach ní bheidh aistriú seirbhíse nó fostaíochta ón gCuideachta Bhunaidh go dtí an Chuideachta Nua, ann féin, ina chúis le haon éileamh ar shochar faoi aon scéim den sórt sin.

[EN]

(5) Ar iarraidh ón gCuideachta Bhunaidh nó ón gCuideachta Nua, nó uathu araon, féadfaidh an Chúirt, de réir mar is cuí léi, cibé foráil a áireamh in ordú aistrithe chun an mhaoin agus na sócmhainní go léir d'aon scéim pinsean nó aoisliúntas de chuid na Cuideachta Bunaidh, nó chun aon chuid díobh, a aistriú go dtí scéim pinsean nó aoisliúntas comhréireach i leith na Cuideachta Nua á ndílsiú do na hiontaobhaithe nó do na daoine eile a bhfuil sé de chúram orthu an scéim chomhréireach sin a riaradh agus chun aon scéim den sórt sin de chuid na Cuideachta Bunaidh a fhoirceannadh, a dhíscaoileadh nó a thabhairt chun críche agus beidh éifeacht leis an scéim de réir aon fhorálacha den sórt sin, ar aon scéim den sórt sin de chuid na Cuideachta Bunaidh a fhoirceannadh, a dhíscaoileadh nó a thabhairt chun críche, de réir mar a bheidh.

[EN]

(6) D'ainneoin fhorálacha an Achta Síor-Chistí (Clárú), 1933, beidh éifeacht leis an Scéim Pinsean d'Fhoireann Irish Life (mar atá leagtha amach i ngníomhas arna dhátú an 28ú lá de Dheireadh Fómhair, 1941, mar a airbheartaítear a bheith athraithe le dréachtghníomhas athrúcháin a cuireadh in iúl do Chláraitheoir na gCara-Chumann) amhail is dá mbeadh sí cláraithe de réir fhorálacha an Achta sin an lú lá de Mheitheamh, 1979.

[EN]

(7) San alt seo:

[EN]

ciallaíonn “sochar” aon phinsean, blianacht, cnapshuim, aisce nó íocaíocht eile dá samhail a thugtar ar scor nó is iníoctha tar éis scoir i leith seirbhíse san am atá caite nó ar bhás a fháil nó i dtaca le bás a fháil le linn seirbhíse nó tar éis scoir;

[EN]

ciallaíonn “scéim pinsean nó aoisliúntas de chuid na Cuideachta Bunaidh” scéim, comhshocraíocht nó ciste a bunaíodh i dtaca le gnó na Cuideachta Bunaidh chun sochar a chur ar fáil d'fhostaithe na Cuideachta Bunaidh nó dá gcleithiúnaithe ar scor nó ar bhás dóibh.

[EN]

Feidhm ionstraimí áirithe.

7.—(1) I gcás—

[EN]

(a) gurb éard é an gnó a bhfuil ordú aistrithe déanta ina leith nó go n-áirítear ann gnó ag gníomhú mar iontaobhaí nó in aon cháil mhuiníneach eile, agus

[EN]

(b) gur ceapadh an Chuideachta Bhunaidh mar iontaobhaí nó in aon cháil mhuiníneach eile le hionstraim arb éard í gníomhas iontaobhais, socraíocht, cúnant nó comhaontú,

[EN]

forléireofar an ionstraim sin, ar dháta an aistrithe agus ón dáta sin amach, agus beidh éifeacht léi amhail is dá gcuirfí tagairt don Chuideachta Nua in ionad aon tagartha inti don Chuideachta Bhunaidh.

[EN]

(2) Déanfar tagairtí don Chuideachta Bhunaidh atá le fáil, díreach roimh dháta an aistrithe, in aon ordú a rinneadh faoi alt 2 (1) den Acht Iontaobhaithe (Infheistíochtaí Údaraithe), 1958, a fhorléiriú ar dháta an aistrithe agus ón dáta sin amach mar thagairtí don Chuideachta Nua.

[EN]

Faoiseamh i leith dleachtanna stampa, etc.

8.—(1) Ní bheidh feidhm ag alt 12 den Finance Act, 1895, maidir le haon mhaoin de, chuid na Cuideachta Bunaidh a dhílsiú don Chuideachta Nua de bhua ordaithe aistrithe.

[EN]

(2) Ní mhuirearófar dleacht stampa ar aon chomhaontú, aistriú, tíolacas, sannadh nó léas trína n-aistrítear sócmhainní nó dliteanais ghnó na Cuideachta Bunaidh nó trína gcomhaontaítear iad a aistriú go hiomlán nó go páirteach go dtí an Chuideachta Nua.

[EN]

Cumhacht chun scaireanna a shealbhú.

9.—(1) D'ainneoin aon ní in ailt 32 agus 60 d'Acht na gCuideachtaí, 1963, agus faoi réir fho-alt (2) den alt seo, is dleathach do chuideachta árachais atá corpraithe sa Stát suibscríobh le haghaidh aon aicme scaireanna ina cuideachta shealbhaíochta nó an aicme scaireanna sin a cheannach agus iad a shealbhú, as sócmhainní a ciste árachais saoil: ar choinníoll—

[EN]

(a) maidir leis na scaireanna den aicme sin sa chuideachta sin ar suibscríobhadh lena n-aghaidh, a ceannaíodh nó a sealbhaíodh, go mbeidh siad liostaithe ar stocmhalartán aitheanta, agus

[EN]

(b) nach mbeidh an líon iomlán scaireanna d'aon aicme amháin a shealbhaítear amhlaidh níos mó ag aon am ar bith ná 10 faoin gcéad de na scaireanna san aicme sin a bheidh eisithe nó leithroinnte ná de na cearta vótála a ghabhann leis an aicme scaireanna sin.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire Tionscail agus Tráchtála cibé ceanglais a chur ag gabháil le feidhmiú na cumhachta san alt seo, nó cibé srianta a chur leis an bhfeidhmiú sin, is cuí leis ar mhaithe le hárachas saoil sa Stát a rialáil go stuama.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire Tionscail agus Tráchtála, le hordú, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, an céatadán dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a leasú nó a athrú.

[EN]

(4) Féadfaidh ordú faoin alt seo cibé forálacha idirthréimhseacha nó sealadacha i ndáil le fáil nó diúscairt na scaireanna iomchuí a dhéanamh is cuí leis an Aire Tionscail agus Tráchtála chun lánéifeacht a bheith leis an ordú.

[EN]

(5) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn “cuideachta árachais” cuideachta is sealbhóir ar údarú faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Árachas Saoil), 1984 (I.R. Uimh. 57 de 1984); tá le “cuideachta shealbhaíochta” an bhrí a shanntar dó le halt 155 d'Acht na gCuideachtaí, 1963;

[EN]

ciallaíonn “ciste árachais saoil” an ciste iomlán sócmhainní a choimeádann cuideachta árachais saoil maidir lena gnó árachais saoil nach sócmhainní scairshealbhóirí iad.

[EN]

Aisghairm.

10.—(1) Maidir le gach achtachán—

[EN]

(a) a luaitear sa dara colún de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, féadfar é a aisghairm le hordú arna dhéanamh ag an Aire amhail ar agus ó cibé dáta agus a mhéid a bheidh sonraithe san ordú sin, agus

[EN]

(b) a luaitear sa dara colún de Chuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, féadfar é a aisghairm le hordú arna dhéanamh ag an Aire amhail ar agus ó cibé dáta a bheidh sonraithe san ordú agus a mhéid a bheidh sonraithe sa tríú colún den Sceideal sin.

[EN]

(2) Rachaidh an tAire i gcomhairle leis an Aire Tionscail agus Tráchtála sula ndéanfaidh sé ordú faoin alt seo.

[EN]

Orduithe a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

11.—Gach ordú a dhéanfar faoin Acht seo (seachas ordú faoi alt 12 den Acht seo) leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

[EN]

Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme.

12.—(1) Féadfar an tAcht Árachais, 1990, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna Árachais, 1909 go 1990, a ghairm de na hAchtanna Árachais, 1909 go 1989, agus den Acht seo.

[EN]

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfar le hordú nó le horduithe ón Aire, go ginearálta nó faoi threoir críche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críocha éagsúla agus le haghaidh forálacha éagsúla den Acht seo.

AN SCEIDEAL

Na hAchtacháin a Aisghairtear

Alt 10 (1).

Cuid I

Bliain agus Uimhir

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

1938, Uimh. 31

An tAcht Árachais (Leasú), 1938

1947, Uimh. 6

An tAcht um an Industrial and Life Assurance Amalgamation Company, Limited (Scaireanna a Thógaint), 1947

Cuid II

1964, Uimh. 18

An tAcht Árachais, 1964

alt 12

1981, Uimh. 34

An tAcht Árachais, 1981

alt 1